Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52023DC0609

Moladh le haghaidh MOLADH ÓN gCOMHAIRLE maidir le Clár Náisiúnta Athchóirithe na Spáinne in 2023 agus ina dtugtar tuairim ón gComhairle maidir le Clár um Chóineasú na Spáinne in 2023

COM/2023/609 final

An Bhruiséil,24.5.2023

COM(2023) 609 final

Moladh le haghaidh

MOLADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir le Clár Náisiúnta Athchóirithe na Spáinne in 2023 agus ina dtugtar tuairim ón gComhairle maidir le Clár um Chóineasú na Spáinne in 2023

{SWD(2023) 609 final}


Moladh le haghaidh

MOLADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir le Clár Náisiúnta Athchóirithe na Spáinne in 2023 agus ina dtugtar tuairim ón gComhairle maidir le Clár um Chóineasú na Spáinne in 2023

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagail 121(2) agus 148(4) de,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1466/97 ón gComhairle an 7 Iúil 1997 maidir leis an bhfaireachas ar shuíomhanna buiséadacha, agus an faireachas ar bheartais eacnamaíocha agus a gcomhordú 1 , a neartú, agus go háirithe Airteagal 5(2) de,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1176/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Samhain 2011 maidir le míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha a chosc agus a cheartú 2 , agus go háirithe Airteagal 6(1) de,

Ag féachaint don mholadh ón gCoimisiún Eorpach,

Ag féachaint do na rúin ó Pharlaimint na hEorpa,

Ag féachaint do na conclúidí ón gComhairle Eorpach,

Ag féachaint don tuairim ón gCoiste Fostaíochta,

Ag féachaint don tuairim ón gCoiste Eacnamaíoch agus Airgeadais,

Ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Chosaint Shóisialta,

Ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Beartas Eacnamaíoch,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Tháinig Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, 3 lenar bunaíodh an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, i bhfeidhm an 19 Feabhra 2021. Is rud í an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta a sholáthraíonn tacaíocht airgeadais do na Ballstáit chun athchóirithe agus infheistíochtaí a chur chun feidhme, ionas gurb é atá i gceist léi spreagadh airgeadais atá maoinithe ag an Aontas. I gcomhréir le tosaíochtaí an tSeimeastair Eorpaigh, cuidíonn sí leis an téarnamh eacnamaíoch agus sóisialta, agus le hathchóirithe agus infheistíochtaí inbhuanaithe a chur chun feidhme, go háirithe chun an t‑aistriú glas agus digiteach a chur chun cinn agus chun cur le hathléimneacht gheilleagair na mBallstát. Cuidíonn sí freisin ó thaobh an t‑airgeadas poiblí a neartú agus borradh a chur faoin bhfás agus faoin gcruthú post sa mheántéarma agus san fhadtéarma, ó thaobh an comhtháthú críochach a fheabhsú laistigh den Aontas agus ó thaobh tacú le cur chun feidhme leanúnach Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta. Rinneadh an ranníocaíocht airgeadais uasta in aghaidh an Bhallstáit faoin tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta a thabhairt cothrom le dáta an 30 Meitheamh 2022, i gcomhréir le hAirteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2021/241.

(2)An 22 Samhain 2022, ghlac an Coimisiún Suirbhé Bliantúil 2023 don Fhás Inbhuanaithe, 4 rud a chuir tús le Seimeastar Eorpach 2023 le haghaidh chomhordú an bheartais eacnamaíoch. An 23 Márta 2023, d’fhormhuinigh an Chomhairle Eorpach tosaíochtaí an tsuirbhé, tosaíochtaí atá dírithe ar na ceithre ghné den inbhuanaitheacht iomaíoch. An 22 Samhain 2022, ar bhonn Rialachán (AE) Uimh. 1176/2011, ghlac an Coimisiún freisin Tuarascáil 2023 maidir leis an Sásra Foláirimh inar shainaithin sé an Spáinn inti ar cheann de na Ballstáit a bhféadfadh míchothromaíochtaí a bheith ag baint di, nó a d’fhéadfadh a bheith i mbaol míchothromaíochtaí, agus a mbeadh grinn‑athbhreithniú ag teastáil ina leith. An dáta céanna, ghlac an Coimisiún tuairim freisin maidir le dréachtphlean buiséadach na Spáinne don bhliain 2023. Ghlac an Coimisiún moladh freisin le haghaidh moladh ón gComhairle maidir le beartas eacnamaíoch an limistéir euro, moladh a ghlac an Chomhairle an 16 Bealtaine 2023, chomh maith leis an togra le haghaidh Thuarascáil Chomhpháirteach 2023 ar Fhostaíocht ina ndéantar anailís ar chur chun feidhme na dTreoirlínte do Bheartas Fostaíochta agus phrionsabail Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta, togra a ghlac an Chomhairle an 13 Márta 2023.

(3)Cé go bhfuil athléimneacht shuntasach á léiriú ag geilleagair an Aontais, tá drochthionchar ag an gcomhthéacs geopholaitiúil orthu fós. Agus an tAontas ag seasamh go daingean leis an Úcráin, tá clár oibre beartais eacnamaíoch agus shóisialta an Aontais dírithe sa ghearrthéarma ar dhrochthionchar na suaití fuinnimh a laghdú, i gcás teaghlaigh leochaileacha agus cuideachtaí leochaileacha araon, agus ar iarrachtaí a choinneáil ar bun chun an t‑aistriú glas agus digiteach a bhaint amach sa mheántéarma, sin agus tacaíocht a tabhairt don fhás inbhuanaithe cuimsitheach, an chobhsaíocht mhaicreacnamaíoch a chosaint agus an athléimneacht a mhéadú. Tá sé dírithe go láidir freisin ar iomaíochas agus táirgiúlacht an Aontais a mhéadú.

(4)An 1 Feabhra 2023, d’eisigh an Coimisiún Teachtaireacht maidir le ‘Plean Tionsclaíoch an Chomhaontaithe Ghlais don Ré Ghlan‑Nialasach’ 5 chun borradh a chur faoi iomaíochas thionscal glan‑nialasachta an Aontais agus chun tacú leis an aistriú tapa chuig an aeráidneodracht. Is comhlánú é an plean ar na hiarrachtaí atá ar siúl faoin gComhaontú Glas don Eoraip agus faoi REPowerEU. Is é is aidhm dó timpeallacht níos tacúla a sholáthar chun acmhainneacht mhonaraíochta an Aontais a mhéadú i dtaca leis na teicneolaíochtaí glan‑nialasachta agus leis na táirgí glan‑nialasachta a bhfuil gá leo chun spriocanna uaillmhianacha aeráide an Aontais a bhaint amach, agus chun an rochtain a áirithiú ar amhábhair chriticiúla ábhartha, lena n‑áirítear é sin a dhéanamh tríd an bhfoinsiú a éagsúlú, trí shaothrú cuí a dhéanamh ar acmhainní geolaíocha sna Ballstáit agus trí athchúrsáil an amhábhair a uasmhéadú. Is ar cheithre cholún atá an plean bunaithe: timpeallacht rialála intuartha agus shimplithe, rochtain ar mhaoiniú a bhrostú, scileanna a fheabhsú, agus trádáil oscailte do shlabhraí soláthair athléimneacha. An 16 Márta 2023, d’eisigh an Coimisiún freisin an Teachtaireacht dar teideal ‘Iomaíochas fadtéarmach an Aontais: níos faide ar aghaidh ná 2030’, 6 teachtaireacht a leagadh amach de réir naoi spreagadh a threisíonn a chéile ar mhaithe le hoibriú i dtreo creat rialála lena bhfeabhsófaí an fás. Sa Teachtaireacht, leagtar amach tosaíochtaí beartais arb é is aidhm dóibh feabhsuithe struchtúracha, infheistíochtaí dea-dhírithe agus bearta rialála a áirithiú le haghaidh iomaíochas fadtéarmach an Aontais agus a Bhallstát. Cuidíonn na moltaí thíos ó thaobh aghaidh a thabhairt ar na tosaíochtaí sin.

(5)In 2023, tá an Seimeastar Eorpach um chomhordú an bheartais eacnamaíoch fós ag forbairt i gcomhréir le cur chun feidhme na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta. Tá cur chun feidhme iomlán na bpleananna téarnaimh agus athléimneachta fós riachtanach chun go mbainfear amach na tosaíochtaí beartais faoin Seimeastar Eorpach, ós rud é go dtugann na pleananna aghaidh ar iomlán na moltaí tírshonracha ábhartha a eisíodh le blianta beaga anuas, nó ar fhothacar nach beag díobh. Tá moltaí tírshonracha 2019, 2020 agus 2022 fós chomh hábhartha céanna maidir le pleananna téarnaimh agus athléimneachta arna n‑athbhreithniú, arna dtabhairt cothrom le dáta nó arna leasú i gcomhréir le hAirteagail 14, 18 agus 21 de Rialachán (AE) 2021/241.

(6)Is é is aidhm do Rialachán REPowerEU 7 arna ghlacadh an 27 Feabhra 2023, deireadh a chur go tapa le spleáchas an Aontais ar allmhairí breosla iontaise ón Rúis. Cuirfidh sé sin leis an tslándáil fuinnimh agus le héagsúlacht sholáthar fuinnimh an Aontais, agus ag an am céanna, méadóidh sé acmhainneachtaí stórála, an éifeachtúlacht fuinnimh, agus glacadh na bhfoinsí in‑athnuaite fuinnimh. Leis an Rialachán sin, cuirtear ar chumas na mBallstát caibidil nua REPowerEU a chur lena bplean náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta chun go maoineofar athchóirithe agus infheistíochtaí tábhachtacha a chuideoidh le cuspóirí REPowerEU a bhaint amach. Ina theannta sin, cuideoidh na hathchóirithe agus na hinfheistíochtaí céanna ó thaobh borradh a chur faoi iomaíochas thionscal glan‑nialasachta an Aontais mar a leagtar amach i bPlean Tionsclaíoch an Chomhaontaithe Ghlais do Ré na Glan‑Nialasachta, agus rachaidh siad i ngleic leis na moltaí tírshonracha a bhaineann le fuinneamh arna n‑eisiúint chuig na Ballstáit in 2022 agus, i gcás inarb infheidhme, in 2023. Le Rialachán REPowerEU, tugtar isteach catagóir nua de thacaíocht airgeadais neamh‑in‑aisíoctha, atá á cur ar fáil do na Ballstáit chun athchóirithe agus infheistíochtaí nua a bhaineann le fuinneamh a mhaoiniú faoina bplean téarnaimh agus athléimneachta.

(7)An 8 Márta 2023 ghlac an Coimisiún Teachtaireacht lena gcuirtear treoraíocht ar fáil maidir leis an mbeartas fioscach don bhliain 2024. Is é is aidhm di tacú le hullmhú chláir na mBallstáit um chobhsaíocht agus um chóineasú, agus an comhordú beartais a neartú ar an gcaoi sin. 8 Thug an Coimisiún chun cuimhne go ndéanfar clásal éalaithe ginearálta an Chomhshocraithe Cobhsaíochta agus Fáis a dhíghníomhachtú i ndeireadh 2023. D’éiligh an Coimisiún go mbeadh beartais fhioscacha ann in 2023-2024 a d’áiritheodh an inbhuanaitheacht fiachais sa mheántéarma agus a mhéadódh an acmhainneacht fáis ar bhealach inbhuanaithe chomh maith. Iarradh ar na Ballstáit a leagan amach ina gclár um chobhsaíocht agus um chóineasú don bhliain 2023 conas a áiritheoidh a bplean fioscach go n‑urramófar luach tagartha an easnaimh, is é sin 3 % de OTI, chomh maith le laghdú inchreidte leanúnach an fhiachais, sin nó conas a choinneofar an fiachas ar leibhéal stuama sa mheántéarma. D’iarr an Coimisiún ar na Ballstáit deireadh a chur de réir a chéile le beartais fhioscacha náisiúnta a tugadh isteach chun teaghlaigh agus gnólachtaí a chosaint ar shuaitheadh na bpraghsanna fuinnimh, agus deireadh a chur ar dtús leis na beartais is lú a spriocdhíríodh. Thug sé le fios gur cheart do na Ballstáit, dá mba rud é gur ghá síneadh a chur le bearta tacaíochta mar gheall ar bhrú praghais a bheith ann an athuair ó thaobh an fhuinnimh de, gur cheart dóibh na bearta sin a spriocdhíriú ar theaghlaigh leochaileacha agus ar ghnólachtaí leochaileacha ar bhealach i bhfad níos fearr ná mar a rinneadh roimhe seo. Mhol an Coimisiún go ndéanfaí moltaí fioscacha a chainníochtú agus a dhifreáil, agus go ndéanfaí iad a fhoirmliú ar bhonn an ghlanchaiteachais phríomhúil, mar a mholtar ina Theachtaireacht maidir le treoirlínte le haghaidh athchóiriú ar chreat rialachais eacnamaíoch an Aontais Eorpaigh. 9 Mhol sé gur cheart do na Ballstáit uile leanúint ar aghaidh ag cosaint na hinfheistíochta a mhaoinítear go náisiúnta agus a áirithiú go n‑úsáidfear an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus cistí eile an Aontais go héifeachtach, go háirithe i bhfianaise an aistrithe ghlais agus dhigitigh agus na gcuspóirí athléimneachta. Thug an Coimisiún le fios go molfadh sé don Chomhairle tús a chur, in earrach na bliana 2024, leis na nósanna imeachta um easnamh iomarcach atá bunaithe ar easnaimh, ar bhonn na sonraí olltoraidh maidir le 2023, i gcomhréir leis na forálacha dlíthiúla atá ann faoi láthair.

(8)An 26 Aibreán 2023, thíolaic an Coimisiún tograí reachtacha chun athchóiriú cuimsitheach ar rialacha rialachais eacnamaíoch an Aontais a chur chun feidhme. Is é is príomhchuspóir do na tograí inbhuanaitheacht an fhiachais phoiblí a neartú agus fás inbhuanaithe agus cuimsitheach a chur chun cinn sna Ballstáit uile trí athchóirithe agus trí infheistíochtaí. Is é is aidhm do na tograí níos mó smachta a thabhairt do na Ballstáit ar dhearadh a bpleananna meántéarmacha, cuirtear córas forfheidhmiúcháin níos déine i bhfeidhm leo san am céanna chun a chinntiú go gcomhlíonfaidh na Ballstáit na gealltanais a thugann siad ina bpleananna meántéarmacha struchtúracha fioscacha. Is é an cuspóir atá ann an obair reachtach a thabhairt i gcrích in 2023.

(9)An 30 Aibreán 2021, chuir an Spáinn a plean náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta faoi bhráid an Choimisiúin, i gcomhréir le hAirteagal 18(1) de Rialachán (AE) 2021/241. De bhun Airteagal 19 de Rialachán (AE) 2021/241, rinne an Coimisiún measúnú ar ábharthacht, éifeachtacht, éifeachtúlacht agus comhleanúnachas an phlean téarnaimh agus athléimneachta, i gcomhréir leis na treoirlínte measúnaithe in Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán sin. Ar an 13 Iúil 2021, ghlac an Chomhairle a Cinneadh maidir leis an measúnú ar an bplean téarnaimh agus athléimneachta don Spáinn a fhormheas 10 . Tá scaoileadh na dtráthchodanna ag brath ar chinneadh ón gCoimisiún, arna dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 24(5) de Rialachán (AE) 2021/241, go bhfuil na garspriocanna agus na spriocanna ábhartha a leagtar amach sa Chinneadh Cur Chun Feidhme ón gComhairle comhlíonta go sásúil ag an Spáinn. Tuigtear gurb é atá i gceist le comhlíonadh sásúil, nach ndeachthas siar ar ghnóthú na gcloch míle agus na spriocanna a gnóthaíodh roimhe sin.

(10)An 28 Aibreán 2023, thíolaic an Spáinn a Chlár Náisiúnta 2023 um Athchóiriú Náisiúnta agus, an 28 Aibreán 2023, a Chlár Cobhsaíochta 2023, i gcomhréir le hAirteagal 4(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1466/97. Chun na naisc atá eatarthu a chur san áireamh, rinneadh measúnú ar an dá chlár le chéile. I gcomhréir le hAirteagal 27 de Rialachán (AE) 2021/241, is léiriú é an Clár Náisiúnta um Athchóiriú don bhliain 2023 ar thuairisciú débhliantúil na Spáinne maidir leis an dul chun cinn atá déanta ó thaobh a plean téarnaimh agus athléimneachta a bhaint amach.

(11)D’fhoilsigh an Coimisiún tuarascáil tíre 2023 le haghaidh na Spáinne 11 an 24 Bealtaine 2023. Rinneadh measúnú sa tuarascáil sin ar dhul chun cinn na Spáinne ó thaobh aghaidh a thabhairt ar na moltaí tírshonracha ábhartha a ghlac an Chomhairle idir 2019 agus 2022, agus measadh cur chun feidhme phlean téarnaimh agus athléimneachta na Spáinne. Ar bhonn na hanailíse sin, léiríodh sa tuarascáil tíre na bearnaí atá ann i ndáil leis na dúshláin nár tugadh aghaidh orthu sa phlean téarnaimh agus athléimneachta, sin nó nár tugadh aghaidh orthu ach go páirteach, mar aon le dúshláin nua agus dúshláin atá ag teacht chun cinn. Rinne sí measúnú freisin ar an dul chun cinn atá déanta ag an Spáinn maidir le cur chun feidhme Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta agus maidir le príomhspriocanna an Aontais maidir le fostaíocht, laghdú scileanna agus laghdú na bochtaineachta a bhaint amach, chomh maith le dul chun cinn maidir le Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe a bhaint amach.

(12)Rinne an Coimisiún grinn‑athbhreithniú faoi Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 1176/2011 maidir leis an Spáinn agus d’fhoilsigh sé a chuid conclúidí an 24 Bealtaine 2023 12 . Tháinig sé ar an gconclúid go bhfuil an Spáinn ag dul faoi mhíchothromaíochtaí maicreacnamaíocha. Go háirithe, tá leochaileachtaí a bhaineann le hardfhiachas príobháideach, rialtais agus seachtrach, a bhfuil ábharthacht trasteorann ag baint leo, ag dul ar gcúl ach atá fós ann. Tháinig laghdú ar an bhfiachas seachtrach agus go háirithe ar chóimheasa fiachais phríobháidigh thar na 2010idí agus, tar éis briseadh sealadach in 2020, thosaigh siad ag laghdú arís in 2021 agus táthar ag súil go leanfaidh siad de bheith ag meath i ngeall ar an bhfás eacnamaíoch. Mar sin féin, tá siad fós ag leibhéil ardaithe. Bhain an staid sheachtrach tairbhe as cuntas reatha a bhí ina bharrachas le deich mbliana fiú má chúngaigh sé le déanaí tionchar na paindéime ar onnmhairí turasóireachta agus na praghsanna fuinnimh níos airde in 2022. Tá fiachais rialtais fós ard. In 2022, d’atosaigh sé an chonair íslitheach a chuir staid feabhsaithe ar fáil roimh an bpaindéim, rud a spreag fás láidir ainmniúil OTI, ach atá fós os cionn na leibhéal a bhí ann roimh an bpaindéim. Ar luas níos measartha, táthar ag súil go leanfar leis an laghdú sin in 2023 agus in 2024, agus bearta beartais sa RRP mar bhonn taca leis. Léirigh an córas airgeadais athléimneacht i bhfianaise na suaití a tharla le déanaí mar thoradh ar an bpaindéim agus ar an ngéarchéim fuinnimh. Tá an dífhostaíocht ag laghdú arís, ach tá sé fós ard agus tá réimsí leochaileachta fós ann, lena n‑áirítear dífhostaíocht fhadtéarmach agus dífhostaíocht i measc na hóige. Na rioscaí a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do chúngú breise na leochaileachtaí, baineann siad go príomha leis an tionchar a bheadh ag géarú na gcoinníollacha airgeadais ar staideanna airgeadais teaghlach agus gnólachtaí agus ar inbhuanaitheacht mheántéarmach go fadtéarmach fhiachas an rialtais i bhfianaise dhálaí reatha an mhargaidh agus aosú an daonra. Bhí dul chun cinn beartais fabhrach agus ba cheart go gcuirfí tuilleadh feabhsuithe ar fáil trí RRP a chur chun feidhme.

(13)Bunaithe ar shonraí arna mbailíochtú ag Eurostat, 13 tháinig laghdú ar easnamh ginearálta rialtas na Spáinne ó 6.9 % de OTI in 2021 go 4.8 % in 2022, agus thit fiachas ginearálta an rialtais ó 118.3 % de OTI ag deireadh 2021 go 113.2 % ag deireadh 2022. An 24 Bealtaine 2023, d’fhoilsigh an Coimisiún tuarascáil faoi Airteagal 126(3) CFAE 14 ; Rinneadh plé sa tuarascáil ar staid bhuiséadach na Spáinne, ós rud é gur sháraigh fiachas ginearálta an rialtais in 2022 luach tagartha an Chonartha maidir le OTI, 3 % agus nár urramaíodh an tagarmharc maidir le fiachas a laghdú. Thángthas ar an gconclúid sa tuarascáil nár comhlíonadh critéar an easnaimh. I gcomhréir leis an Teachtaireacht an 8 Márta 2023, 15 níor mhol an Coimisiún nósanna imeachta nua um easnamh iomarcach a thionscnamh in earrach na bliana 2023; ina dhiaidh sin, luaigh an Coimisiún go molfaidh sé don Chomhairle tús a chur, in earrach na bliana 2024, leis na nósanna imeachta um easnamh iomarcach atá bunaithe ar easnaimh, ar bhonn na sonraí olltoraidh maidir le 2023. Ba cheart don Spáinn é sin a chur san áireamh agus a buiséad 2023 á fhorghníomhú agus a dréachtphlean buiséadach do 2024 á ullmhú aici.

(14)Bhí tionchar ag na bearta beartais fhioscaigh a glacadh chun tionchar eacnamaíoch agus sóisialta an mhéadaithe ar phraghsanna fuinnimh a mhaolú ar chothromaíocht ghinearálta an rialtais. In 2022, áiríodh sna bearta laghdaithe ioncaim sin laghdú CBL ar leictreachas agus gás, laghdú ar an gcáin speisialta ar leictreachas agus fionraí na cánach ar luach na táirgeachta leictreachais; cé gur áiríodh ar na bearta méadaithe caiteachais sin an lacáiste ginearálaithe 20 cent in aghaidh an lítir maidir le breosla feithiclí, tacaíocht ioncaim do theaghlaigh agus do thionscail dianfhuinnimh, tairbhí níos airde tríd an dearbhán sóisialta fuinnimh agus lascainí praghais maidir le hiompar poiblí a úsáid. Measann an Coimisiún gurb ionann glanchostas buiséadach na mbeart sin agus 1.6 % de OTI in 2022. San am céanna, thit costas measta bhearta éigeandála sealadacha COVID-19 go 0.5 % de OTI in 2022, ó 3.1 % in 2021.

(15)An 18 Meitheamh 2021, mhol an Chomhairle go mbaineann an Spáinn 16 úsáid as an tSaoráid um Théarnamh agus Athléimneacht in 2022 chun infheistíocht bhreise a mhaoiniú chun tacú leis an téarnamh agus beartas fioscach stuama á shaothrú aici ag an am céanna. Thairis sin, ba cheart go gcaomhnódh an Spáinn infheistíocht a mhaoinítear go náisiúnta. Mhol an Chomhairle freisin don Spáinn an fás ar chaiteachas reatha arna mhaoiniú go náisiúnta a theorannú.

(16)De réir mheastacháin an Choimisiúin, thacaigh an seasamh fioscach 17 in 2022 le — -2.5 % de OTI. Mar a mhol an Chomhairle, lean an Spáinn de thacaíocht a thabhairt don téarnamh trí infheistíochtaí atá le maoiniú leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta. B’ionann an caiteachas a mhaoinigh deontais ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus 1.1 % de OTI in 2022 (1.2 % de OTI in 2021). Sholáthair infheistíocht atá maoinithe go náisiúnta ranníocaíocht mhéadaitheach de 0,3 pointe céatadáin leis an staid fhioscach 18 . Dá bhrí sin, chaomhnaigh an Spáinn infheistíocht arna maoiniú go náisiúnta, mar a mhol an Chomhairle. Ag an am céanna, sholáthair an fás ar chaiteachas reatha príomhúil arna mhaoiniú go náisiúnta (glan ar bhearta nua ioncaim) ranníocaíocht mhéadaitheach dar méid 2.7 pointe céatadáin don seasamh fioscach foriomlán. Áiríodh leis an rannchuidiú suntasach méadaitheach sin tionchar breise na mbeart chun tionchar eacnamaíoch agus sóisialta an mhéadaithe ar phraghsanna fuinnimh a mhaolú (glanchostas buiséadach breise 1.5 % den OTI). San am céanna, rannchuidigh caiteachas níos airde ar thomhaltas idirmheánach agus ar aistrithe sóisialta comhchineáil leis an bhfás ar ghlanchaiteachas príomha reatha. Ní raibh ach cuid de na bearta chun aghaidh a thabhairt ar thionchar eacnamaíoch agus sóisialta an mhéadaithe ar phraghsanna fuinnimh mar thoradh ar rannchuidiú suntasach méadaitheach an chaiteachais reatha arna mhaoiniú go náisiúnta. Dá bhrí sin, níor theorannaigh an Spáinn an fás ar chaiteachas reatha arna mhaoiniú go náisiúnta.

(17)Tá an cás maicreacnamaíoch atá ina bhuntaca leis na réamh‑mheastacháin bhuiséadacha i gClár Cobhsaíochta réalaíoch in 2023 agus tá sé dóchasach ina dhiaidh sin. Tá sé tuartha ag an rialtas go méadóidh fíor-OTI faoi 2,1 % in 2023 agus 2,4 % in 2024. I gcomparáid leis sin, tuartar le réamhaisnéis earraigh 2023 an Coimisiún go mbeidh fíorfhás OTI beagán níos ísle de 1.9 % in 2023 agus 2.0 % in 2024, go príomha mar gheall ar rannchuidiú ionchasach níos ísle ó thomhaltas príobháideach in 2023 agus in 2024, chomh maith le fás infheistíochta níos measartha in 2024.

(18)Ina Chlár Cobhsaíochta 2023, tá coinne ag an rialtas go laghdóidh an t‑easnamh ginearálta rialtais go 3,9 % de OTI in 2023. Is léiriú é an laghdú in 2023 den chuid is mó ar chostas níos ísle na mbeart a rinneadh mar fhreagairt ar an méadú ar phraghsanna fuinnimh i gcomparáid le 2022. De réir an chláir, meastar go laghdóidh cóimheas ollfhiachas rialtais–OTI ó 113.2 % ag deireadh 2022 go 111.9 % ag deireadh 2023. Tuartar i réamhaisnéis earraigh 2023 an Choimisiúin go mbeidh easnamh rialtais de 4.1 % de OTI ann do 2023. Tá sé sin beagán níos airde ná an barrachas atá tuartha sa Chlár Cóineasaithe. I réamhaisnéis an earraigh 2023 ón gCoimisiún, tuartar go mbeidh cóimheas ollfhiachas rialtais–OTI níos ísle, 110.6 % ag deireadh 2023, i ngeall ar choigeartú sreabhaidh i leith stoic níos ísle.

(19)Meastar go leanfar an tionchar atá ag na bearta a glacadh chun tionchar eacnamaíoch agus sóisialta an mhéadaithe ar phraghsanna fuinnimh a mhaolú ar chothromaíocht ghinearálta an rialtais in 2023. Is éard atá iontu bearta ar cuireadh síneadh ama leo ó 2022 (go háirithe: laghdú CBL ar leictreachas agus ar ghás, an cháin speisialta ar leictreachas a laghdú, an cháin ar luach na táirgeachta leictreachais a chur ar fionraí, tacaíocht ioncaim do theaghlaigh agus do thionscail dianfhuinnimh, sochair níos airde tríd an dearbhán sóisialta fuinnimh agus lascainí praghais maidir le hiompar poiblí a úsáid) agus bearta nua mar shampla lacáiste 20 cent in aghaidh an lítir ar bhreosla feithicle atá dírithe anois ar iompar de bhóthar agus ar mhuiriompar agus ar earnáil na talmhaíochta agus ar earnáil na hiascaireachta agus fóirdheontas cnapshuime EUR 200 do theaghlaigh ar ioncam íseal. Déantar costas na mbeart sin a fhritháireamh go páirteach le cáin ar bhrabúis amhantair na soláthraithe móra fuinnimh. Agus an t‑ioncam sin á chur san áireamh, tuartar glanchostas buiséadach na mbeart tacaíochta i réamhaisnéis earraigh 2023 an Choimisiúin ag 0.6 % de OTI in 2023 19 . De réir dealraimh, níl formhór na mbeart in 2023 dírithe ar theaghlaigh ná ar ghnólachtaí is leochailí, ná ní chaomhnaíonn roinnt acu an comhartha praghais go hiomlán chun an t‑éileamh fuinnimh a laghdú agus an éifeachtúlacht fuinnimh a mhéadú. Dá thoradh sin, meastar gurb é 0.2 % de OTI in 2023 méid na mbeart tacaíochta spriocdhírithe, atá le cur san áireamh sa mheasúnú ar chomhlíonadh an mholta do 2023, i réamhaisnéis earraigh 2023 ón gCoimisiún (i gcomparáid le 0.5 % de OTI in 2022). Ar deireadh, táthar ag súil go mbainfidh cothromaíocht rialtais 2023 tairbhe as céimniú amach bhearta éigeandála sealadacha COVID-19 de 0.5 % de OTI.

(20)An 12 Iúil 2022, mhol an Chomhairle 20 go n‑áiritheoidh an Spáinn beartas fioscach stuama in 2023, go háirithe trí theorainn a chur leis an bhfás ar chaiteachas reatha príomha a mhaoinítear go náisiúnta faoi bhun an fháis aschuir fhéideartha mheántéarmaigh 21 , agus tacaíocht leanúnach shealadach spriocdhírithe á cur san áireamh le haghaidh na dteaghlach agus na ngnólachtaí is leochailí i dtaobh méaduithe ar phraghsanna fuinnimh agus le haghaidh daoine atá ag teitheadh ón Úcráin. An tráth céanna, ba cheart don Spáinn a bheith ar tinneall chun an caiteachas reatha a chur in oiriúint don staid atá ag síorathrú. Moladh don Spáinn freisin cur le hinfheistíocht phoiblí le haghaidh an aistrithe ghlais agus an aistrithe dhigitigh, agus le haghaidh na slándála fuinnimh, agus tionscnamh REPowerEU á chur san áireamh, lena n‑áirítear é sin a dhéanamh trí leas a bhaint as an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus as cistí eile de chuid an Aontais.

(21)In 2023, réamh‑mheastar i réamhaisnéis an earraigh 2023 ón gCoimisiún gur staid fhioscach mhéadaitheach a bheidh ann (- 0,3 % de OTI). Tagann sé sin i ndiaidh staid fhioscach mhéadaitheach a bheith ann in 2022 (- 2,5 % de OTI). Maidir leis an bhfás ar an gcaiteachas reatha príomhúil arna mhaoiniú go náisiúnta (glan ar bhearta discréideacha ioncaim) in 2023, meastar go soláthrófar rannchuidiú neodrach den chuid is mó de 0.2 % de OTI leis an staid fhioscach leis an bhfás sin. Dá bhrí sin, tá fás an chaiteachais phríomha reatha a tuaradh arna mhaoiniú go náisiúnta i gcomhréir leis an moladh ón gComhairle. Ó thaobh substainte de, is é is cúis leis an rannchuidiú a mheastar a bheidh neodrach a bheag nó a mhór de chaiteachas príomha reatha arna mhaoiniú go náisiúnta glanchostais laghdaithe na mbeart tacaíochta (spriocdhírithe agus neamhdhírithe) le teaghlaigh agus le gnólachtaí is leochailí ó thaobh ardú praghsanna fuinnimh de (faoi 1.0 % den OTI). Is iad na príomhspreagthaí fáis i gcaiteachas príomha reatha a mhaoinítear go náisiúnta (glan ar bhearta nua ioncaim) an méadú ar aistrithe sóisialta, arna spreagadh ag athnascadh pinsean le boilsciú roimhe seo, agus caiteachas níos airde ar thomhaltas idirmheánach. Meastar gurb ionann an caiteachas a mhaoinítear le deontais ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus le cistí eile de chuid an Aontais agus 1.6 % de OTI in 2023, agus tuartar go soláthróidh infheistíocht arna maoiniú go náisiúnta ranníocaíocht mhéadaitheach 0.1 pointe céatadáin don staid fhioscach 22 . Dá bhrí sin, tá sé beartaithe ag an Spáinn infheistíocht bhreise a mhaoiniú tríd an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus trí chistí eile de chuid an Aontais agus meastar go ndéanfaidh sí infheistíocht arna maoiniú go náisiúnta a chaomhnú 23 . Tá sé beartaithe aici infheistíocht phoiblí a mhaoiniú don aistriú glas agus don aistriú digiteach, agus don tslándáil fuinnimh, mar shampla an beartas tionsclaíoch treisithe “España 2030”, an Plean le haghaidh athshlánú tithíochta agus athghiniúint uirbeach nó an spreagadh a thugtar don nascacht chibearshlándála agus 5G, a mhaoinítear leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus le cistí eile de chuid an Aontais.

(22)De réir an Chlár Cobhsaíochta, meastar go laghdóidh easnamh ginearálta an rialtais go 3,0 % de OTI in 2024. Is léiriú é an laghdú in 2024 freisin ar dheireadh a chur le bearta fuinnimh de réir a chéile. Leis an gclár, táthar ag súil go dtiocfaidh laghdú go 109.1 % ag deireadh 2024 ar chóimheas ollfhiachas rialtais–OTI. Bunaithe ar bhearta beartais ar a dtugtar scoithdháta na réamhaisnéise, tuartar i réamhaisnéis an earraigh 2023 ón gCoimisiún barrachas rialtais de 3.3 % de OTI in 2024. Tá sé sin beagán níos airde ná an barrachas atá tuartha sa chlár. I réamhaisnéis an earraigh 2023 ón gCoimisiún, tuartar go mbeidh cóimheas ollfhiachas rialtais–OTI comhchosúil, 109.1 % ag deireadh 2024.

(23)Beartaítear leis an gClár Cobhsaíochta deireadh a chur de réir a chéile le bearta tacaíochta fuinnimh in 2024, cé is moite den cháin ar bhrabúis amhantair do chuideachtaí fuinnimh. Glacann an Coimisiún leis freisin go gcuirfear deireadh de réir a chéile le beagnach gach beart tacaíochta fuinnimh in 2024 (glanioncam de 0.1 % de OTI in 2024). Tá na meastacháin sin ag brath ar an toimhde nach dtiocfaidh aon mhéadú athnuaite ar phraghsanna fuinnimh.

(24)Éilítear le Rialachán (CE) Uimh. 1466/97 ón gComhairle go ndéanfaí feabhas bliantúil ar chomhardú struchtúrach an bhuiséid i dtreo an chuspóra mheántéarmaigh 0.5 % de OTI mar thagarmharc 24 . Agus aird á tabhairt ar bhreithnithe inbhuanaitheachta fioscaí 25 agus an gá atá leis an easnamh a laghdú go dtí faoi bhun 3 % de luach tagartha OTI, bheadh sé iomchuí feabhas a chur ar an gcomhardú struchtúrach de 0.7 % de OTI do 2024 ar a laghad. Chun an feabhas sin a áirithiú, níor cheart an fás ar an nglanchaiteachas príomhúil arna mhaoiniú go náisiúnta 26 in 2024 a bheith níos mó ná 2.6 %, mar a léirítear sa mholadh.

San am céanna, ba cheart deireadh a chur de réir a chéile leis na bearta tacaíochta fuinnimh atá fágtha (arna mheas ag an gCoimisiún faoi láthair ag 0.6 % de OTI in 2023), ag brath ar fhorbairtí sa mhargadh fuinnimh agus ag tosú ó na cinn is lú spriocdhíriú, agus ba cheart na coigiltis ghaolmhara a úsáid chun an t‑easnamh rialtais a laghdú.

(25)Ag glacadh leis nach bhfuil aon athrú ar bheartais, tá sé beartaithe ag réamhaisnéis earraigh an Choimisiúin 2023 glanchaiteachas príomhúil a mhaoiniú go náisiúnta chun go bhfásfaidh sé ag 1.4 % in 2024, fás atá faoi bhun an ráta fáis atá molta.

(26)De réir an chláir, meastar go dtiocfaidh laghdú ar infheistíocht rialtais (gan infheistíocht arna maoiniú ag an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta a áireamh) ó 2.7 % de OTI in 2023 go 2.6 % de OTI in 2024. Tagraíonn an clár d’athchóirithe agus d’infheistíochtaí a mheastar a rannchuideoidh le hinbhuanaitheacht fhioscach agus le fás inbhuanaithe agus cuimsitheach. Áirítear orthu sin creat buan lena n‑áirithítear feabhsuithe ar cháilíocht an chaiteachais phoiblí, bearta lena ndéantar calaois chánach agus imghabháil cánach a chosc agus a chomhrac agus an córas cánach a athchóiriú chun go mbeidh sé níos cuimsithí, níos inbhuanaithe agus níos cumasaí chun inbhuanaitheacht mheántéarmach agus fhadtéarmach an airgeadais phoiblí a chothú, ar cuid den Phlean Téarnaimh agus Athléimneachta iad freisin.

(27)Leagtar amach sa Chlár Cobhsaíochta conair fhioscach mheántéarmach go dtí 2026. De réir an chláir, meastar go laghdóidh easnamh ginearálta an rialtais de réir a chéile go 2,7 % de OTI in 2025, agus go 2,5 % faoi 2026. Dá bhrí sin, tá sé beartaithe go laghdóidh easnamh ginearálta an rialtais faoi bhun 3 % de OTI in 2025. De réir an chláir, meastar go laghdóidh cóimheas ollfhiachas rialtais–OTI ó 109.1 % ag deireadh 2024 go 106.8 % ag deireadh 2026.

(28)I gcomhréir le hAirteagal 19(3), pointe (b) de Rialachán (AE) 2021/241 agus le critéar 2.2 d’Iarscríbhinn V a ghabhann leis, áirítear sa phlean téarnaimh agus athléimneachta tacar fairsing athchóirithe agus infheistíochtaí a threisíonn a chéile agus atá le cur chun feidhme faoi 2026. Go dtí seo, tá cur chun feidhme phlean téarnaimh agus athléimneachta na Spáinne faoi lán seoil. Thíolaic an Spáinn 3 iarraidh ar íocaíocht, a chomhfhreagraíonn do 121 gharsprioc agus sprioc sa phlean agus a raibh eisíocaíocht fhoriomlán EUR 28 000 000 000 mar thoradh uirthi. Cé go bhfuil an Spáinn ar cheann de na Ballstáit is mó a bhfuil dul chun cinn déanta acu maidir le cur chun feidhme an phlean, tá sí ag súil anois go ndéanfar é a athbhreithniú chun a mhéid a mhéadú faoi dhó. Ba cheart acmhainneacht riaracháin leordhóthanach a bheith ag gabháil leis sin chun a áirithiú go n‑ionsúfar an téarnamh agus an athléimneacht go héifeachtach agus go héifeachtúil agus cistí eile de chuid an Aontais agus cistí náisiúnta eile atá ar fáil a áirithiú. Go háirithe, tá sé curtha in iúl ag an Spáinn go bhfuil sé ar intinn aici iasachtaí a iarraidh agus tairbhe a bhaint as leithdháileadh deontais níos airde ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta. Beidh caibidil REPowerEU san áireamh sa phlean athbhreithnithe freisin, a mhaoineofar, go páirteach ar a laghad, le deontais bhreise REPowerEU. Trí chaibidil nua REPowerEU a thabhairt isteach go tapa i bplean athléimneachta agus téarnaimh, féadfar athchóirithe agus infheistíochtaí breise a mhaoiniú chun tacú le cuspóirí straitéiseacha na Spáinne i réimse an fhuinnimh agus an aistrithe ghlais. I gcomhréir le hAirteagal 14(6) de Rialachán (AE) 2021/241, an 28 Márta 2023, chuir an Spáinn in iúl go raibh rún aici EUR 84 000 000 000 de thacaíocht iasachta bhreise a iarraidh faoin tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta. Ar mhaithe leis an bplean téarnaimh agus athléimneachta a chur chun feidhme go rathúil, sin agus bearta eacnamaíocha agus fostaíochta eile taobh amuigh den phlean, tá sé tábhachtach i gcónaí údaráis áitiúla agus réigiúnacha, comhpháirtithe sóisialta agus páirtithe leasmhara ábhartha eile a bheith rannpháirteach ar bhonn córasach éifeachtach, chun a áirithiú go bhfuil freagracht i leith an chláir oibre beartais fhoriomláin roinnte go forleathan.

(29)D’fhormheas an Coimisiún doiciméid chlársceidealaithe uile na Spáinne maidir le beartas comhtháthaithe in 2022. Tá sé ríthabhachtach go rachfar ar aghaidh le cláir an bheartais chomhtháthaithe a chur chun feidhme go tapa sa chaoi gur comhlánú a bheidh iontu ar an bplean téarnaimh agus athléimneachta agus go mbeidh sineirge ann idir iad féin agus an plean sin, an chaibidil REPowerEU san áireamh, ionas go ndéanfar an t‑aistriú glas agus digiteach a chur i gcrích, go méadófar an athléimneacht eacnamaíoch agus shóisialta, agus go mbeidh forbairt chríochach chothrom ann freisin sa Spáinn.

(30)Chomh maith leis na dúshláin eacnamaíocha agus shóisialta a dtugtar aghaidh orthu sa phlean téarnaimh agus athléimneachta, tá roinnt dúshláin bhreise le sárú ag an Spáinn i ndáil leis an aistriú glas, le hidirnaisc fuinnimh agus le tithíocht shóisialta agus inacmhainne atá tíosach ar fhuinneamh.

(31)In ainneoin nochtadh íseal díreach do bhreoslaí iontaise na Rúise, leis an mborradh atá tagtha ar phraghsanna fuinnimh in 2022, cuirtear i bhfios go láidir gur gá don Spáinn dlús a chur lena haistriú i dtreo fuinneamh glan. Tá dul chun cinn á dhéanamh ag an Spáinn maidir le húsáid foinsí in‑athnuaite fuinnimh, agus tá sí ar cheann de na Ballstáit ag a bhfuil an toilleadh suiteáilte is airde de chumhacht gaoithe agus gréine, le tuairim is 49.8 GW. Mar sin féin, de réir na réamh‑mheastachán sa phacáiste ‘Oiriúnach do 55’, ba cheart go mbeadh sé mar aidhm ag an Spáinn 67 GW de chumhacht ghaoithe agus 35 GW de chumhacht gréine a shuiteáil faoi 2030. Chuidigh roinnt feabhsuithe ar na nósanna imeachta ceadaithe, go háirithe le haghaidh féintomhaltais, le tuilleadh dul chun cinn a dhéanamh maidir leis na teicneolaíochtaí sin a chur in úsáid. Mar sin féin, tá riaráiste mór d’iarratais le haghaidh gléasraí nua fuinnimh in‑athnuaite os comhair na Spáinne. Cuireann srianta ar acmhainneacht an ghréasáin teorainn le comhtháthú breise foinsí in‑athnuaite isteach san eangach leictreachais. Tá an Spáinn ar cheann de na tíortha ina bhfuil an sciar is airde de mhéadair chliste, ach bheadh gá le hinfheistíochtaí breise i mbonneagar agus i stóráil líonra chun leictreachas in‑athnuaite breise a chomhtháthú. D’fhéadfaí a áireamh ar na bearta chun dlús a chur le cur in úsáid fuinnimh inathnuaite nósanna imeachta ceadaithe a chuíchóiriú agus a dhigitiú tuilleadh, acmhainneacht líonra a leithdháileadh ar thionscadail níos tapúla agus tacú le hobair na n‑údarás i dtaca le ceadanna próiseála trí scileanna agus soláthar foirne iomchuí a áirithiú maidir le húdaráis cheadaithe chomh maith le feabhas a chur ar chomhordú idir gach leibhéal rialtais. Ina theannta sin, tá leibhéal idirnaisc leictreachais trasteorann na Spáinne in 2022 (5.4 %) fós i bhfad faoi bhun na spriocanna idirnaisc do 2020 (10 %) agus 2030 (15 %).

(32)Tháinig laghdú 10.8 % ar thomhaltas gáis nádúrtha na Spáinne sa tréimhse Lúnasa 2022 - Márta 2023, i gcomparáid leis an meántomhaltas gáis le linn na tréimhse céanna sna 5 bliana roimhe sin, thar a sprioc laghdaithe de 7 % 27 . Moltar don Spáinn iarrachtaí a dhéanamh an t‑éileamh ar ghás a laghdú go sealadach go dtí an 31 Márta 2024 28 . Dá ndéanfaí tuilleadh infheistíochta i dtithíocht atá tíosach ar fhuinneamh, chuideofaí le dúshláin inacmhainneachta a mhaolú. Tá an caillteanas suntasach cumhachta ceannaigh, an fás leanúnach ar phraghsanna cíosa agus íocaíochtaí morgáiste níos airde tar éis fadhbanna inacmhainneachta a mhéadú, go háirithe do theaghlaigh leochaileacha. Tá srian i gcónaí ar sholáthar tithíochta inacmhainne agus sóisialta agus tá sé i bhfad níos ísle ná meán an Aontais. Tá sé beartaithe i bplean fuinnimh agus aeráide náisiúnta reatha na Spáinne 1.2 milliún athchóiriú ar fhoirgnimh chónaithe a bhaint amach faoi 2030, agus clúdóidh an plean téarnaimh agus athléimneachta thart ar an tríú cuid díobh. Trí thithíocht bhreise atá tíosach ar fhuinneamh a chur in úsáid i limistéir ina bhfuil ganntanas suntasach agus margaí faoi strus, lena n‑áirítear trí athchóiriú agus leictriú, féadfar tomhaltas fuinnimh a shrianadh agus aghaidh a thabhairt ar an aistriú glas, chomh maith le tacú le teaghlaigh leochaileacha atá neamhchosanta ar bhochtaineacht fuinnimh. Is féidir le tithíocht dhea-spriocdhírithe cíosa shóisialta agus inacmhainne a chuirtear ar fáil i gcomhar leis an earnáil phríobháideach cuidiú leis an tionchar fioscach a theorannú.

(33)Tá an t‑iompar fós ag brath go mór ar bhreoslaí ola. Is í an earnáil sin is cúis le sciar mór d’astaíochtaí gás ceaptha teasa agus cuireann sí freisin le truailliú aeir, rud atá os cionn mheán an Aontais. Tá bonneagar neamhleor agus rochtain ar iompar poiblí fós ina ábhar imní i gceantair thuaithe. Tá imscaradh leictrea-soghluaisteachta tearcfhorbartha ó thaobh an tsoláthair agus an éilimh araon. Má chuirtear an croíghréasán iarnróid ardluais i gcrích, lena n‑áirítear gréasán trasteorann, faoi 2030, cuirfear dlús leis an aistriú i dtreo na haeráidneodrachta agus beidh an t‑iompar ag brath níos lú ar bhreoslaí iontaise. D’fhéadfadh bearta a áirítear sa phlean téarnaimh agus athléimneachta iompar uirbeach/meitreapholaiteach a athrú ó bhonn agus an Gréasán Tras‑Eorpach Iompair a neartú, rud a chuideoidh le digitiú agus teicneolaíochtaí nua a thabhairt isteach san earnáil.

(34)Tá bacainní san aistriú chuig geilleagar glan‑nialasach á gcruthú ag ganntanais saothair agus scileanna in earnálacha agus i ngairmeacha atá ríthábhachtach don aistriú glas, lena n‑áirítear monarú, imlonnú agus cothabháil teicneolaíochtaí glan‑nialasacha. Chun go laghdófar na ganntanais scileanna agus chun go gcuirfear an cuimsiú sa lucht saothair agus athshannadh an lucht saothair chun cinn, tá sé ríthabhachtach córais oideachais agus oiliúna ar ardchaighdeán a bheith ann a fhreagraíonn d’athruithe ar riachtanais an mhargaidh saothair, chomh maith le bearta spriocdhírithe maidir leis an uas‑sciliú agus an t‑athsciliú. Chun leas a bhaint as soláthar saothair nach bhfuil leas á bhaint as go fóill, ní mór na bearta sin a bheith inrochtana, go háirithe i gcás daoine aonair agus i gcás na n‑earnálacha agus na réigiún is mó a ndéanann an t‑aistriú glas difear dóibh. In 2022, tuairiscíodh ganntanas lucht saothair sa Spáinn le haghaidh roinnt gairmeacha a raibh scileanna nó eolas sonrach ag teastáil dóibh le haghaidh an aistrithe ghlais, mar shampla, teicneoirí innealtóireachta leictreonaice.

(35)I bhfianaise mheasúnú an Choimisiúin, rinne an Chomhairle scrúdú ar an gClár um Chobhsaíocht don bhliain 2023 agus léirítear a tuairim 29 i moladh (1) thíos.

(36)I bhfianaise na n‑idirnasc dlúth idir geilleagair Bhallstáit an limistéir euro agus a rannchuidiú comhchoiteann le feidhmiú an Aontais Eacnamaíoch agus Airgeadais, mhol an Chomhairle go ngníomhódh Ballstáit an limistéir euro, trína bpleananna téarnaimh agus athléimneachta i measc rudaí eile, chun (i) inbhuanaitheacht fiachais a chaomhnú agus staonadh ó thacaíocht leathan a thabhairt don éileamh comhiomlán in 2023, spriocdhíriú níos fearr a dhéanamh maidir leis na bearta fioscacha arna nglacadh chun tionchar na bpraghsanna arda fuinnimh a mhaolú, agus machnamh a dhéanamh ar bhealaí iomchuí chun an tacaíocht a laghdú de réir mar a laghdaíonn an brú i dtaca leis na praghsanna fuinnimh; (ii) infheistíocht phoiblí ard a choinneáil ar bun agus infheistíocht phríobháideach a chur chun cinn chun tacú leis an aistriú glas agus digiteach; (iii) tacú le forbairtí pá a mhaolaíonn an caillteanas ó thaobh cumhacht ceannaigh de agus srian a chur ag an am céanna ar éifeachtaí indíreacha ar an mboilsciú, sin agus tuilleadh feabhais a chur ar bheartais ghníomhacha maidir leis an margadh saothair mar aon le dul i ngleic le ganntanais scileanna; (iv) feabhas a chur ar an timpeallacht ghnó agus a áirithiú go bhfuil an tacaíocht fuinnimh a thugtar do chuideachtaí cost‑éifeachtúil, sealadach, agus spriocdhírithe ar ghnólachtaí inmharthana, agus go bhfuil dreasachtaí le haghaidh an aistrithe ghlais ag baint léi i gcónaí; agus (v) cobhsaíocht mhacrairgeadais‑ a chaomhnú agus faireachán a dhéanamh ar rioscaí, agus leanúint ag an am céanna den obair chun an tAontas Baincéireachta a chur i gcrích. I gcás na Spáinne, cuidíonn moltaí (1), (2) agus (3) le cur chun feidhme na chéad, dara agus tríú moladh maidir leis an limistéar euro.

(37)I bhfianaise ghrinn‑athbhreithniú an Choimisiúin agus an mheasúnaithe sin, rinne an Chomhairle scrúdú ar an gClár Náisiúnta um Athchóiriú don bhliain 2023 agus ar an gClár um Chobhsaíocht don bhliain 2023. Léirítear a cuid moltaí faoi Airteagal 6 de Rialachán (AE) Uimh. 1176/2011 i moladh (1) thíos. Cuidíonn na beartais dá dtagraítear i moladh (1) ó thaobh aghaidh a thabhairt ar leochaileachtaí a bhaineann le fiachas ard an rialtais. Cuireann Moladh (2) le haghaidh a thabhairt ar mholadh (1). Cuidíonn na beartais dá dtagraítear i moladh (1) chun aghaidh a thabhairt ar mhíchothromaíochtaí agus chun na moltaí a chur chun feidhme le haghaidh an limistéir euro, i gcomhréir le haithris 36.

Ag MOLADH LEIS SEO go nglacfaidh an Spáinn gníomhaíocht in 2023 agus in 2024 chun:

1.Deireadh a chur leis na bearta tacaíochta fuinnimh atá i bhfeidhm faoi dheireadh 2023 trí úsáid a bhaint as an gcoigilteas gaolmhar chun easnamh an rialtais a laghdú. Dá mba ghá bearta tacaíochta a chur chun feidhme i ngeall ar mhéaduithe ar phraghsanna fuinnimh athnuaite, áirithigh go ndíreofar orthu sin ar theaghlaigh agus ar ghnólachtaí leochaileacha a chosaint, atá inacmhainne go fioscach, agus ar dhreasachtaí le haghaidh coigilteas fuinnimh a chaomhnú.

Beartas fioscach stuama a áirithiú, go háirithe trí theorainn nach mó ná 2.6 % a chur leis an méadú ainmniúil ar ghlanchaiteachas príomhúil arna mhaoiniú go náisiúnta in 2024.

Infheistíocht phoiblí arna maoiniú go náisiúnta a chaomhnú agus a áirithiú go n‑ionsúfar deontais RRF agus cistí eile de chuid an Aontais go héifeachtach, go háirithe chun an t‑aistriú glas agus an t‑aistriú digiteach a chothú.

Don tréimhse tar éis 2024, leanúint de straitéis fhioscach mheántéarmach a shaothrú maidir le comhdhlúthú de réir a chéile agus inbhuanaithe, mar aon le hinfheistíochtaí agus athchóirithe atá fabhrach d’fhás inbhuanaithe níos airde, chun staid fhioscach mheántéarmach stuama a bhaint amach.

2.Leanúint den mhóiminteam i gcur chun feidhme leanúnach a phlean téarnaimh agus athléimneachta agus bailchríoch a chur go pras ar chaibidil REPowerEU d’fhonn tús a chur lena chur chun feidhme go tapa. A áirithiú go leanfar d’acmhainneacht leordhóthanach riaracháin i bhfianaise an mhéadaithe atá beartaithe ar mhéid an phlean. Leanúint ar aghaidh le cur chun feidhme tapa chláir an bheartais chomhtháthaithe, i ndlúthchomhlántacht agus i sineirgíocht leis an bplean téarnaimh agus athléimneachta.

3.Spleáchas ar bhreoslaí iontaise a laghdú. Dlús a chur le húsáid fuinnimh in‑athnuaite, lena n‑áirítear trí nósanna imeachta ceadaithe a chuíchóiriú agus a dhigitiú tuilleadh, tacú le hobair na n‑údarás ceadaithe, feabhas a chur ar an rochtain ar an eangach agus infheistíocht a dhéanamh i stóráil fuinnimh, tarchur agus dáileadh leictreachais, agus idirnaisc leictreachais trasteorann. Infhaighteacht tithíochta sóisialta agus inacmhainne atá tíosach ar fhuinneamh a mhéadú, lena n‑áirítear trí athchóiriú, dlús a chur le leictriú foirgneamh agus le teacht chun cinn na leictrea-shoghluaisteachta. Cur leis na hiarrachtaí beartais atá dírithe ar sholáthar agus ar shealbhú na scileanna atá ag teastáil le haghaidh an aistrithe ghlais.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

   Thar ceann na Comhairle

   An tUachtarán

(1)    IO L 209, 2.8.1997, lch. 1.
(2)    IO L 306, 23.11.2011, lch. 25.
(3)    Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Feabhra 2021 lena mbunaítear an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (IO L 57, 18.2.2021, lch. 17).
(4)    COM(2022) 780 final.
(5)    COM(2023) 62 final.
(6)    COM(2023) 168 final.
(7)    Rialachán (AE) 2023/435 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Feabhra 2023 lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/241 a mhéid a bhaineann le caibidlí REPowerEU i bpleananna téarnaimh agus athléimneachta agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) 2021/1060 agus (AE) 2021/1755, agus Treoir 2003/87/CE (IO L 63, 28.2.2023, lch. 1).
(8)    COM(2023) 141 final.
(9)    COM(2022) 583 final.
(10)    Cinneadh Cur Chun Feidhme ón gComhairle an 13 Iúil 2021 maidir leis an measúnú ar an bplean téarnaimh agus athléimneachta don Spáinn a fhormheas (ST 10150/21; ST 10150/21 ADD 1; ST 10150/21 ADD 1 REV 1; ST 10150/21 ADD 1 REV 2; ST 10150/21 COR 1).
(11)    SWD(2023) 609 final.
(12)    SWD(2023) 632 final.
(13)    Táscairí Eurostat‑Euro, 47/2023, 21.4.2023.
(14)    COM(2023) 631 final, 24.5.2023.
(15)    COM(2023) 141 final, 8.3.2023.
(16)    Moladh ón gComhairle an 18 Meitheamh 2021 ina dtugtar tuairim ón gComhairle maidir le Clár Cóineasaithe 2021 na Spáinne, IO C 304, 29.07.2021, lch. 38
(17)    Déantar an staid fhioscach a thomhas mar an t‑athrú ar chaiteachas príomhúil (glan ar bhearta lánroghnacha ioncaim), cé is moite de bhearta sealadacha éigeandála a bhaineann le géarchéim Covid‑19 ach lena n‑áirítear caiteachas arna mhaoiniú trí thacaíocht neamh‑inaisíoctha (deontais) ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus cistí eile de chuid an Aontais, i gcoibhneas le hacmhainneacht fáis mheántéarmaigh. Chun tuilleadh sonraí a fháil, féach Bosca 1 sna Táblaí Staidrimh Fhioscaigh.
(18)    Sholáthair caiteachas caipitil eile atá maoinithe go náisiúnta ranníocaíocht chrapthach dar méid 0,3 pointe céatadáin de OTI, i ngeall ar choigeartú de réir a chéile ar na leibhéil réamhphaindéime
(19)    Is ionann an figiúir agus leibhéal chostas bhuiséadacha bhliantúla na mbeart sin, lena n‑áirítear ioncam agus caiteachas reatha chomh maith le – i gcás inarb ábhartha – bearta caiteachais chaipitil.
(20)    Moladh ón gComhairle an 12 Iúil 2022 maidir le Clár Náisiúnta um Athchóiriú na Spáinne agus lena dtugtar tuairim ón gComhairle maidir le Clár Cobhsaíochta na Spáinne 2022, IO C 334, 1.9.2022, lch. 70.
(21)    Bunaithe ar réamhaisnéis earrach 2023 ón gCoimisiún, meastar go mbeidh fás aschuir ionchasach meántéarmach na Spáinne (meán 10 bliana) ag 5.5 % i dtéarmaí ainmniúla
(22)    Réamh‑mheastar go soláthróidh caiteachas caipitil eile arna mhaoiniú go náisiúnta ranníocaíocht chrapthach dar méid 0,2 pointe céatadáin de OTI.
(23)    B’ionann an caiteachas a mhaoinítear le deontais ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus le cistí eile de chuid an Aontais agus 1.6 % de OTI in 2023, agus sholáthair infheistíocht arna maoiniú go náisiúnta ranníocaíocht mhéadaitheach 0.2 pointe céatadáin don staid fhioscach. Réamh‑mheastar go soláthróidh caiteachas caipitil eile arna mhaoiniú go náisiúnta ranníocaíocht chrapthach dar méid 0,2 pointe céatadáin de OTI.
(24)    Cf. Airteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 1466/97 ón gComhairle, lena gceanglaítear freisin coigeartú is mó ná 0.5 % d’OTI a dhéanamh i gcás Ballstát a bhfuil fiachas rialtais acu ar mó é ná 60 % den OTI, nó a bhfuil rioscaí níos suntasaí acu maidir le hinbhuanaitheacht fiachais.
(25)    Mheas an Coimisiún go mbeadh gá ag an Spáinn le meánmhéadú bliantúil ar an gcomhardú príomhúil struchtúrach mar sciar de OTI 0.6 pointe céatadáin chun laghdú inchreidte fiachais a bhaint amach nó chun a áirithiú go gcoinneofar fiachas rialtais ar leibhéil stuama sa mheántéarma. Bhí an meastachán sin bunaithe ar réamhaisnéis fhómhar 2022 ón gCoimisiún. Ba é túsphointe an mheastacháin sin an t‑easnamh agus an fiachas rialtais réamh‑mheasta do 2024 a ghlac leis go dtarraingeofaí siar bearta tacaíochta fuinnimh in 2024.
(26)    Sainmhínítear glanchaiteachas príomha mar chaiteachas a mhaoinítear go náisiúnta agus atá glan ó bhearta lánroghnacha ioncaim agus gan caiteachas úis mar aon le caiteachas timthriallach dífhostaíochta a áireamh.
(27)    Deonaíodh maolú don Spáinn, dá bhrí sin, is é 7 % seachas 15 % an sprioc atá acu
(28)     Rialachán (AE) 2022/1369 ón gComhairle agus Rialachán (AE) 2023/706 ón gComhairle
(29)    Faoi Airteagail 5(2) agus 9(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1466/97 ón gComhairle.
Top