AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,17.7.2023
COM(2023) 448 final
TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE
maidir le feidhmiú an tarmligin a thugtar don Choimisiún de bhun Rialachán (AE) Uimh 649/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2012 maidir le ceimiceáin ghuaiseacha a onnmhairiú agus a allmhairiú
Tuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle
maidir le feidhmiú an tarmligin a thugtar don Choimisiún de bhun Rialachán (AE) Uimh 649/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2012 maidir le ceimiceáin ghuaiseacha a onnmhairiú agus a allmhairiú
1. Réamhrá agus bunús dlí
Le Rialachán (AE) Uimh 649/2012
(‘dá ngairtear Rialachán PIC’ anseo feasta), cuirtear chun feidhme Coinbhinsiún Rotterdam maidir leis an Nós Imeachta um Thoiliú Feasach a chur in iúl roimh ré le haghaidh ceimiceáin ghuaiseacha agus lotnaidicídí áirithe sa trádáil idirnáisiúnta (‘Coinbhinsiún Rotterdam’), a síníodh an 11 Meán Fómhair 1998 agus a formheasadh, thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh, le Cinneadh 2003/106/CE ón gComhairle
. Leagtar síos i Rialachán PIC na ceanglais agus na nósanna imeachta maidir le ceimiceáin ghuaiseacha áirithe a onnmhairiú agus a allmhairiú, go háirithe na ceimiceáin sin atá faoi réir an nós imeachta um thoiliú feasach a chur in iúl roimh ré faoi Choinbhinsiún Rotterdam.
Le hAirteagal 23(4) de Rialachán PIC tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos in Airteagal 26 den Rialachán sin chun an méid a leanas a dhéanamh:
- ceimiceán a áireamh i gCuid 1 nó i gCuid 2 d’Iarscríbhinn I de bhun mhír 2 de Airteagal 23 tar éis gníomh rialála críochnaitheach ar leibhéal an Aontais, agus leasuithe eile ar Iarscríbhinn I, lena n‑áirítear modhnuithe ar iontrálacha atá ann cheana [Airteagal 23(4)(a)],
ceimiceán a chuimsiú faoi réir Rialachán (CE) Uimh. 850/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le truailleáin orgánacha mharthanacha
i gCuid 1 d’Iarscríbhinn V [Airteagal 23(4)(b)],
- ceimiceán atá faoi réir toirmeasc onnmhairíochta ar leibhéal an Aontais cheana a áireamh i gCuid 2 d’Iarscríbhinn V [Airteagal 23(4)(c)],
- na hiontrálacha atá ann cheana in Iarscríbhinn V [Airteagal 23(4)(d)] a mhodhnú,
- Iarscríbhinní II, III, IV agus VI a leasú [Airteagal 23(4)(e)].
Tá an tuarascáil seo chun an oibleagáid a leagtar síos don Choimisiún le hAirteagal 26(2) de Rialachán PIC a chomhlíonadh. Ceanglaítear le hAirteagal 26(2) ar an gCoimisiún tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le feidhmiú an tarmligin a thugtar don Choimisiún le Rialachán PIC. Déanfar an tuarascáil a tharraingt suas tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh thréimhse 5 bliana an tarmligin, agus é ar siúl ar dtús ón 1 Márta 2014 agus ón 1 Márta 2019 maidir leis dara tuarascáil seo. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.
2. An tarmligean a fheidhmiú
Le linn na tréimhse a bhaineann leis an tuarascáil seo, ghlac an Coimisiún ceithre ghníomh tarmligthe chun eilimintí neamhriachtanacha áirithe de Rialachán PIC a leasú. Glacadh na gníomhartha tarmligthe sin ar bhonn Airteagal 23(4)(a) de Rialachán PIC ina sonraítear an méid seo a leanas: ‘D’fhonn an Rialachán seo a oiriúnú don dul chun cinn teicniúil, cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 26 maidir le ceimiceán chuimsiú i gCuid 1 nó i gCuid 2 d’Iarscríbhinn I de bhun mhír 2 d’Airteagal 23 tar éis gníomh rialála críochnaitheach ar leibhéal an Aontais, agus leasuithe eile ar Iarscríbhinn I, lena n‑áirítear modhnuithe ar iontrálacha atá ann cheana’; ar bhonn Airteagal 23(4)(b) ina sonraítear an méid seo a leanas: ‘D’fhonn an Rialachán seo a oiriúnú don dul chun cinn teicniúil, cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 26 maidir le ceimiceán a bheidh faoi réir Rialachán (CE) Uimh. 850/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le truailleáin orgánacha mharthanacha a chuimsiú i gCuid 1 d’Iarscríbhinn V’; ar bhonn Airteagal 23(4)(c) ina sonraítear an méid seo a leanas: ‘D’fhonn an Rialachán seo a oiriúnú don dul chun cinn teicniúil, cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 26 maidir le ceimiceán atá faoi réir toirmeasc onnmhairíochta cheana féin ar leibhéal an Aontais a chuimsiú i gCuid 2 d’Iarscríbhinn V’; agus ar bhonn Airteagal 23(4)(d) ina sonraítear an méid seo a leanas: ‘D’fhonn an Rialachán seo a oiriúnú don dul chun cinn teicniúil, cumachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 26 maidir le hiontrálacha atá ann cheana in Iarscríbhinn V a mhodhnú’.
Glacadh na gníomhartha seo a leanas:
2.1. Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/330 ón gCoimisiún
Glacadh an gníomh dlí sin ar bhonn phointí (a), (b), (c) agus (d) d’Airteagal 23(4) de Rialachán PIC. An cur chuige a leanadh sa ghníomh tarmligthe chun a chinneadh cé na ceimiceáin ba cheart a liostú in Iarscríbhinn I agus an chuid díobh ba cheart iad a liostú inti, bhí sé faoi réir plé agus comhairliúchán laistigh de ghrúpa saineolaithe, arbh é a bhí ann ionadaithe ó údaráis náisiúnta ainmnithe na mBallstát le haghaidh Rialachán PIC, an Ghníomhaireacht Eorpach Ceimiceán, an tionscal agus an tsochaí shibhialta (‘dá ngairtear Grúpa Saineolaithe DNA PIC’ anseo feasta) i gcruinnithe an 24 Aibreán 2018 agus an 2 Deireadh Fómhair 2018. Sna cruinnithe sin de Ghrúpa Saineolaithe DNA PIC pléadh freisin liostú ceimiceán áirithe i gCodanna 1 agus 2 d’Iarscríbhinn V. Chuathas i gcomhairle le Grúpa Saineolaithe DNA PIC maidir leis an dréacht‑Rialachán Tarmligthe ón gCoimisiún, a cuireadh ar fáil roimh an dara cruinniú. Ghlac an Coimisiún an gníomh tarmligthe an 11 Nollaig 2018 agus thug sé fógra do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi. Ní dhearna ceachtar den dá institiúid agóid in aghaidh an ghnímh tharmligthe laistigh den tréimhse 2 mhí dá bhforáiltear in Airteagal 26(5) de Rialachán PIC. Foilsíodh Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/330 ón gCoimisiún an 27 Feabhra 2019 agus tá feidhm aige ó bhí an 1 Bealtaine 2019 ann.
2.2. Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/1701 ón gCoimisiún
Glacadh an gníomh dlí sin ar bhonn phointí (a) agus (b) d’Airteagal 23(4) de Rialachán PIC. Bhí gá leis an ngníomh chun soiléireacht dhlíthiúil agus comhsheasmhacht dhlíthiúil a áirithiú, ós rud é nár léiríodh go cuí na leasuithe a rinneadh le Rialachán (AE) Uimh. 73/2013 ón gCoimisiún ar Rialachán (CE) Uimh. 689/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle i Rialachán PIC. Is Athmhúnlú ar Rialachán (CE) Uimh. 689/2008 é Rialachán PIC a cuireadh in ionad an Rialacháin sin le héifeacht ón 1 Márta 2014. Ba cheart a thabhairt faoi deara gur glacadh Rialachán (AE) Uimh. 73/2013 an 25 Eanáir 2013 ach nach raibh sé infheidhme ach ón 1 Aibreán 2013, agus dá bhrí sin tar éis ghlacadh Rialachán PIC a an 4 Iúil 2012. Dá bhrí sin, ba ghá na leasuithe a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 73/2013 a léiriú go foirmiúil sna hIarscríbhinní a ghabhann le Rialachán PIC. Ghlac an Coimisiún an gníomh tarmligthe an 23 Iúil 2019 agus thug sé fógra do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi. Ní dhearna ceachtar den dá institiúid agóid in aghaidh an ghnímh tharmligthe laistigh den tréimhse 2 mhí dá bhforáiltear in Airteagal 26(5) de Rialachán PIC. Foilsíodh Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/1701 ón gCoimisiún an 11 Deireadh Fómhair 2019 agus tá feidhm aige ó bhí an 1 Márta 2014 ann.
2.3 Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/1068 ón gCoimisiún
Glacadh an gníomh dlí sin ar bhonn phointí (a) agus (c) d’Airteagal 23(4) de Rialachán PIC. An cur chuige a leanadh sa ghníomh tarmligthe chun a chinneadh cé na ceimiceáin ba cheart a liostú in Iarscríbhinn I agus an chuid díobh ba cheart iad a liostú inti, bhí sé faoi réir plé agus comhairliúchán laistigh de Ghrúpa Saineolaithe DNA PIC i gcruinnithe an 9 Aibreán 2019 agus an 15 Deireadh Fómhair 2019. Sna cruinnithe sin de Ghrúpa Saineolaithe DNA PIC pléadh freisin liostú ceimiceán áirithe i gCuid 2 d’Iarscríbhinn V. Chuathas i gcomhairle le Sainghrúpa DNA PIC maidir leis an dréacht‑Rialachán Tarmligthe ón gCoimisiún, a cuireadh ar fáil roimh an dara cruinniú. Ghlac an Coimisiún an gníomh tarmligthe an 15 Bealtaine 2020 agus thug sé fógra do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi. Ní dhearna ceachtar den dá institiúid agóid in aghaidh an ghnímh tharmligthe laistigh den tréimhse 2 mhí dá bhforáiltear in Airteagal 26(5) de Rialachán PIC. Foilsíodh Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/1068 ón gCoimisiún an 21 Iúil 2020 agus tá feidhm aige ó bhí an 1 Meán Fómhair 2020 ann.
2.4.Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/643 ón gCoimisiún
Glacadh an gníomh dlí sin ar bhonn phointí (a), (b), (c) agus (d) d’Airteagal 23(4) de Rialachán PIC. An cur chuige a leanadh sa ghníomh tarmligthe chun a chinneadh cé na ceimiceáin ba cheart a liostú in Iarscríbhinn I agus an chuid díobh ba cheart iad a liostú inti, bhí sé faoi réir plé agus comhairliúchán laistigh de Ghrúpa Saineolaithe DNA PIC i gcruinnithe an 10 Iúil 2020, an 5 Samhain 2020, an 23 Aibreán 2021 agus an 14 Deireadh Fómhair 2021. Sna cruinnithe sin de Ghrúpa Saineolaithe DNA PIC pléadh freisin liostú ceimiceán áirithe i gCodanna 1 agus 2 d’Iarscríbhinn V. Chuathas i gcomhairle le Sainghrúpa DNA PIC maidir leis an dréacht‑Rialachán Tarmligthe ón gCoimisiún, a cuireadh ar fáil roimh na triúir cruinnithe. Ghlac an Coimisiún an gníomh tarmligthe an 10 Feabhra 2022 agus thug sé fógra do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi. Ní dhearna ceachtar den dá institiúid agóid in aghaidh an ghnímh tharmligthe laistigh den tréimhse 2 mhí dá bhforáiltear in Airteagal 26(5) de Rialachán PIC. Foilsíodh Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/643 ón gCoimisiún an 20 Aibreán 2022 agus tá feidhm aige ó bhí an 1 Iúil 2022 ann.
2.5 Cumhachtaí tarmligthe nár úsáideadh le linn na tréimhse tuairiscithe
Níor feidhmíodh cumhachtaí tarmligthe Rialachán PIC chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 23(4)(e) le linn na tréimhse tuairiscithe ós rud é nach raibh aon athrú maidir le dlí an Aontais nó faoin gCoinbhinsiún lena gceanglaítear sin. Ós rud é go bhféadfadh hathruithe sin tarlú tráth ar bith, tá sé tábhachtach go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh lena ndéanfaí Rialachán PIC a oiriúnú don dul chun cinn teicniúil i gcomhréir leis na hathruithe sin.
3. Conclúid
I rith an dara tréimhse tuairiscithe sin, d’fheidhmigh an Coimisiún na cumhachtaí tarmligthe dá bhforáiltear i Rialachán PIC ceithre huaire agus faoi na ceithre bhunús dlí a dtagraítear thuas. Tá an Coimisiún den tuairim gur cheart na cumhachtaí tarmligthe a thugtar le hAirteagal 23(4) a fhadú go hintuigthe, lena n‑áirítear na cumhachtaí sin nár feidhmíodh go fóill ós rud é gur féidir leis an ngá Rialachán PIC a oiriúnú don dul chun cinn teicniúil i gcomhréir le hAirteagal 23(4)(e) tarlú ag am ar bith. Tá dul chun cinn á dhéanamh maidir le cur chun feidhme Rialachán PIC agus tá dul chun cinn teicniúil agus eolaíoch á dhéanamh. Ní mór forbairtí i ndlí an Aontais agus faoin gCoinbhinsiún a léiriú agus is gá na hIarscríbhinní a ghabhann le Rialachán PIC a oiriúnú dá réir. Dá bhrí sin, beidh sé de cheangal ar an gCoimisiún gníomhartha tarmligthe breise a ghlacadh amach anseo chun an creat dlíthiúil a choimeád cothrom le dáta.
Comhlíonann an Coimisiún an ceanglas tuairiscithe faoi Airteagal 26(2) de Rialachán PIC agus iarrann sé ar Pharlaimint na hEorpa agus ar an gComhairle an tuarascáil sin a thabhairt dá n‑aire.