EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52023DC0298

TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA, CHUIG AN gCOMHAIRLE, CHUIG COISTE EACNAMAÍOCH AGUS SÓISIALTA NA hEORPA AGUS CHUIG COISTE NA RÉIGIÚN cur chuige cuimsitheach i leith na meabhairshláinte

COM/2023/298 final

An Bhruiséil,7.6.2023

COM(2023) 298 final

TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA, CHUIG AN gCOMHAIRLE, CHUIG COISTE EACNAMAÍOCH AGUS SÓISIALTA NA hEORPA AGUS CHUIG COISTE NA RÉIGIÚN

cur chuige cuimsitheach i leith na meabhairshláinte


Is cuid lárnach den tsláinte í meabhairshláinte. Is staid folláine í ina n-aithníonn daoine a gcumais féin agus inar féidir leo dul i ngleic le strusanna an tsaoil agus cur le saol an phobail. Is réamhchoinníoll í an mheabhairshláinte maidir le geilleagar táirgiúil agus sochaí chuimsitheach agus téann sí níos faide ná cúrsaí aonair nó teaghlaigh.

Ní bhíonn meabhairshláinte nó drochshláinte ann i bhfolús, bíonn sí faoi choinníoll ag cúinsí pearsanta agus seachtracha uirthi. Léiríonn sí staid ár sochaí, ár ngeilleagair, ár dtimpeallachta agus staid chúrsaí an domhain timpeall orainn freisin agus bíonn tionchar acu sin ar fad uirthi. Tá an tAontas Eorpach (AE) agus an domhan tar éis dul i ngleic le géarchéimeanna nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo, amhail paindéim COVID-19 agus cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, géarchéim fuinnimh agus boilsciú, rudaí a bhain suaitheadh as an ngnáthshaol laethúil, as ionchais agus muinín na ndaoine. Tá an ghéarchéim thriarach phláinéadach (an t-athrú aeráide, cailliúint na bithéagsúlachta agus an truailliú) ag dul in olcas. Cruthaíonn digitiú méadaithe, athrú déimeagrafach agus athruithe radacacha i margadh an tsaothair dúshláin in éineacht le deiseanna. Chomh maith le dul i ngleic leis na géarchéimeanna sin, tá sé ríthábhachtach aghaidh a thabhairt ar dhúshláin mheabhairshláinte chun borradh a chur faoi athléimneacht daoine aonair agus an daonra.

Is riachtanas sóisialta agus eacnamaíoch é meabhairshláinte níos fearr. Roimh phaindéim COVID-19, bhí tionchar ag fadhbanna meabhairshláinte ar thart ar 84 milliún duine san Aontas (duine as seisear), ar chostas EUR 600 billiún nó níos mó ná 4 % den OTI 1 le neamhionannais shuntasacha réigiúnacha, shóisialta, inscne agus aoise. Maidir leis an ionad oibre, thuairiscigh 27 % d’oibrithe go raibh strus, dúlagar nó imní orthu a bhaineann leis an obair le linn an dá mhí dhéag roimhe sin, rud a mhéadaíonn an dóchúlacht neamhláithreachta, rud a bhfuil tionchar tromchúiseach aige ar shaol na n-oibrithe agus ar eagraíocht na ngnóthaí. Is mór an costas a bhaineann le neamhghníomhaíocht ar mheabhairshláinte cheana féin agus, faraor, meastar go n-ardóidh sé níos mó fós, i gcomhréir le strusairí domhanda. Cheana féin in 2019, d’fhulaing níos mó ná 7 % de dhaoine san Aontas ón dúlagar 2 agus bhraith 13 % uaigneach an chuid is mó den am.

Bhí an phaindéim ina bagairt thromchúiseach ar an meabhairshláinte, go háirithe i measc daoine óga agus iad siúd a bhfuil riochtaí meabhairshláinte orthu cheana féin. Le linn na paindéime, tháinig méadú faoi dhó ar líon na ndaoine san Aontas atá thíos leis an uaigneas i gcomparáid leis na blianta roimh an bpaindéim, rud a bhain 26 % amach i roinnt réigiún 3 . Uaigneas méadaithe agus idirghníomhaíochtaí sóisialta laghdaithe, imní faoi shláinte an duine féin agus faoi shláinte na ndaoine muinteartha, éiginnteacht faoin todhchaí, imní mar gheall ar eagla agus caillteanas, is rudaí iad sin go léir 4 a ghin neamhoird struis iar-thrámacha.

Is é féinmharú an dara príomhchúis báis i measc daoine óga (15-19 mbliana d’aois) 5 , é taobh thiar de thionóiscí bóthair. San Aontas Eorpach, meastar gurb é EUR 50 billiún an méid bliantúil atá caillte de bharr mheath na meabhairshláinte i measc leanaí agus daoine óga 6 .

Tá na milliúin scéalta pearsanta taobh thiar de na staitisticí seo. Tá scéalta leanaí agus déagóirí a bhfuil táibléid agus fóin chliste, mar aon le hardáin na meán sóisialta agus aipeanna teachtaireachtaí, ina gcuid dhílis dá saol anois, agus na nithe sin ag déanamh dochair don tsláinte fhisiciúil agus don mheabhairshláinte uaireanta. Scéalta faoi dhaoine atá eisiata go sóisialta agus a ndéantar idirdhealú orthu. Scéalta faoi dhaoine scothaosta a mhothaíonn uaigneas, faoi oibrithe atá cloíte ag an obair; tuismitheoirí nach bhfuil in ann ag an saol a thuilleadh agus daoine atá ag mothú scoite amach, mar gheall ar cé hiad nó cá bhfuil cónaí orthu.

De réir Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, tá ag gach duine an ceart chun rochtain a fháil ar chúram sláinte coisctheach agus an ceart chun tairbhiú de chóireáil leighis faoi na coinníollacha a bhunaítear le dlíthe agus cleachtais náisiúnta. De réir Cholún na gCeart Sóisialta san Aontas Eorpach go bhfuil ceart ag gach aon duine ar chúram sláinte in am trátha, cúram inacmhainne den dea-cháilíocht a bhfuil cosc agus leigheas na dtinneas ag dul leis.

Mar chuid de shochaí shláintiúil, ní mór a fhios a bheith ag daoine gur féidir cabhair a fháil, agus gur féidir teacht ar thacaíocht agus ar chóireáil inacmhainne ar ardchaighdeán. Ba cheart é a bheith ina mhórsprioc beartais phoiblí a áirithiú nach bhfágfar aon duine ar lár, go mbeidh rochtain chothrom ag saoránaigh ar an gcosc agus ar sheirbhísí meabhairshláinte ar fud an Aontais, agus go dtreoróidh ath-lánpháirtiú agus cuimsiú sóisialta gníomhaíocht chomhchoiteann lena dtugtar aghaidh ar thinnis mheabhairshláinte. Tá gá le treoir éifeachtach, comhordú, tacaíocht threisithe agus gníomhaíocht spriocdhírithe chun an Eoraip a thabhairt níos gaire don sprioc sin. Is féidir leis an anailís ar an athrú déimeagrafach a bheith ina bonn eolais d’idirghabhálacha spriocdhírithe, toisc gur féidir le tosca déimeagrafacha cabhrú le grúpaí ardriosca a shainaithint a bhféadfadh tacaíocht nó acmhainní sonracha a bheith ag teastáil uathu, agus beartas a chur in oiriúint dá réir sin.

Ag freagairt dó sin agus don ghlao ó na saoránaigh ar ghníomhaíocht maidir leis an meabhairshláinte i gcomhthéacs na Comhdhála ar Thodhchaí na hEorpa, d’fhógair an tUachtarán von der Leyen tionscnamh nua maidir leis an meabhairshláinte san Aontas. Mar chuid de thosaíocht an Choimisiúin ‘Ár ndóigh bheatha Eorpach a chur chun cinn’, is cor cinniúnach é an tionscnamh seo sa chaoi a dtugtar aghaidh ar an meabhairshláinte san Aontas. Tá an Coimisiún ag freagairt freisin don ghlao ar ghníomhaíocht ó Pharlaimint na hEorpa tar éis a rúin ó 2022 maidir leis an meabhairshláinte sa saol digiteach oibre 7 lena n-iarrtar ar institiúidí an Aontais agus ar na Ballstáit aitheantas a thabhairt do scála na bhfadhbanna meabhairshláinte a bhaineann leis an obair san Aontas agus gníomhú dá réir sin. Cuireann an Teachtaireacht seo tús le cur chuige straitéiseach nua i leith na meabhairshláinte, cur chuige trasearnálach, a théann níos faide ná an beartas sláinte. Díríonn sé ar bheartais choisc agus ar conas faoiseamh a thabhairt do dhaoine atá ag fulaingt de bharr na meabhairshláinte. Baineann sé leas as trí threoirphrionsabal ar cheart feidhm a bheith acu maidir le gach saoránach den Aontas: (i) rochtain a bheith aige ar chosc leordhóthanach agus éifeachtach, (ii) rochtain a bheith aige ar chúram sláinte agus cóireáil mheabhrach ar ardchaighdeán agus ar phraghas réasúnta, agus (iii) a bheith in ann athimeascadh sa tsochaí arís tar éis téarnaimh.

Tá na treoirphrionsabail sin mar bhonn eolais do gach gné den tionscnamh seo agus léirítear iad go díreach sna caibidlí atá ann.

Le cur chuige cuimsitheach an lae inniu i leith na meabhairshláinte, iarrtar ar ghníomhaithe náisiúnta agus réigiúnacha, ar na hearnálacha beartais sláinte agus neamhshláinte agus ar gheallsealbhóirí ábhartha, idir eagraíochtaí othar agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta, lucht acadúil agus lucht tionscail, oibriú le chéile. Tá sé d’aidhm aige uirlisí a chur i bhfeidhm chun an t-athrú a spreagadh, lena n-áirítear ar an leibhéal domhanda, borradh a chur faoi na struchtúir atá ann cheana agus faireachán a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí.

Tacóidh sé leis na Ballstáit ina n-iarrachtaí chun spriocanna na hEagraíochta Domhanda Sláinte (WHO) maidir le galair neamhtheagmhálacha a bhaint amach faoi 2025 8 agus na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (SFI) 9 le 2030, lena n-áirítear ar mheabhairshláinte.

a.Meabhairshláinte a chomhtháthú ar fud na mbeartas

Ní mór do chur chuige cuimsitheach tionchar cúinsí bitheolaíocha agus síceolaíocha a aithint, chomh maith le tábhacht an teaghlaigh, an phobail, na sochaí, an chomhshaoil agus na slándála. Áirítear leis seo ról an chomhcheangail idir obair agus cúram, an scoil agus suíomhanna oibre chomh maith leis an domhan digiteach, an saol sóisialta (m.sh. leibhéil an fhoréigin a fhulaingítear, inscne, iompar, oideachas 10 ), eacnamaíoch (m.sh. éagobhsaíocht, boilsciú, bochtaineacht agus dífhostaíocht) agus deitéarmanaint sláinte tráchtála (m.sh. brú ó mhargaíocht ionsaitheach).

Dá bhrí sin, tá gá le beartais i réimsí amhail sláinte, oideachas, an óige, na healaíona agus cultúr, an comhshaol, fostaíocht, cuimsiú, taighde agus nuálaíocht, cosaint shóisialta, forbairt inbhuanaithe uirbeach agus an domhan digiteach, chun an mheabhairshláinte a fheabhsú agus tacú le hathléimneacht na meabhairshláinte. Ní féidir constaicí ar an dea-mheabhairshláinte a shárú laistigh den chóras sláinte amháin 11 .

Idirghníomhaíonn deitéarmanaint na meabhairshláinte le héagothroime reatha sa tsochaí, rud a chuireann daoine áirithe i mbaol níos airde ó thaobh drochshláinte mheabhrach de ná daoine eile. Nuair a bhíonn idirdhealú bunaithe ar inscne, bunús ciníoch nó eitneach, reiligiún nó creideamh, míchumas, aois nó claonadh gnéasach, foréigean agus fuath mar chúis le drochshláinte mheabhrach, is uirlis thábhachtach coiscthe é comhionannas a chur chun cinn inár sochaithe. Ghlac an Coimisiún cúig straitéis comhionannais 12 in 2020 agus in 2021 chun dul chun cinn a dhéanamh i dtreo Aontas an Chomhionannais. Leagann gach straitéis béim ar an mbaol idirdhealaithe as a dtiocfaidh meabhairshláinte níos measa. Is céim ríthábhachtach sa saol í an óige chun meabhairshláinte an lá is faide anonn a chinneadh, mar a cuireadh i bhfios go láidir i Straitéis an Aontais um chearta an linbh 13 , ina n-éilítear cur chuige cuimsitheach chun leanaí a chosc agus a chosaint ar aon chineál foréigin.  

Dhírigh Bliain Eorpach na hÓige 2022 ar ionchas dearfach a athbhunú do dhaoine óga agus bhí gníomhaíochtaí a thacaíonn le meabhairshláinte agus folláine daoine óga san áireamh inti. Cuirfidh Bliain Eorpach na Scileanna infheistíocht in oiliúint agus uas-sciliú chun cinn le linn 2023 chun deiseanna saoil a mhéadú agus chun feabhas a chur ar inoiriúnaitheacht daoine agus oibrithe le hathrú, rud atá ábhartha maidir le cur chuige cuimsitheach i leith na meabhairshláinte a chur chun cinn.

Ní mór do bheartas meabhairshláinte a sheachadann do chách oibriú trasna réimsí beartais ábhartha. Mar shampla, tá corpas taighde ag dul i méid a thugann le tuiscint go bhfuil tionchar dearfach ag an idirnascacht agus an athcheangal leis an dúlra ar mheabhairshláinte. Ag an am céanna, aithnítear go forleathan tionchar an truaillithe ar mheabhairshláinte, lena n-áirítear trí thruailliú aeir nó teagmháil na saoránach le ceimiceáin thocsaineacha. Na spriocanna agus na gníomhaíochtaí faoin gComhaontú Glas don Eoraip lena gcuirtear chun cinn comhshaol glan, láithreáin athnádúraithe agus athchóirithe agus glasú uirbeach, mar limistéir phoiblí ghlasa agus ghorma, bíonn tionchar dearfach acu ar ár sláinte fhisiceach agus mheabhrach.

Chun na rioscaí a bhaineann le húsáid seirbhísí digiteacha a leigheas, lena n-áirítear rioscaí a bhaineann leis an meabhairshláinte, cruthaítear, leis an nGníomh um Sheirbhísí Digiteacha (DSA) 14 , sraith leathan oibleagáidí díchill chuí is infheidhme maidir le hidirghabhálaithe ar líne. Chun leigheasanna spriocdhírithe a cheadú agus chun aghaidh a thabhairt go héifeachtach ar ábhair imní maidir leis an mbeartas poiblí, aithnítear in DSA na rioscaí sonracha a bhaineann le héifeachtaí diúltacha tromchúiseacha ar fholláine choirp agus mheabhrach duine, chomh maith leis na hiarmhairtí a d’fhéadfadh a bheith ag úsáid na n-ardán sin ar fhorbairt fhisiciúil agus mheabhrach leanaí. Tá sé d’oibleagáid ar na hardáin agus na hinnill chuardaigh is mó, i.e. iad siúd a bhfuil níos mó ná 45 mhilliún úsáideoir acu san Aontas, measúnú a dhéanamh ar na rioscaí sistéamacha a bhaineann lena seirbhísí don mheabhairshláinte agus bearta a ghlacadh chun na rioscaí sainaitheanta a mhaolú 15 .

Tá an Coimisiún ag tacú cheana féin le haistriú dea-chleachtas ábhartha ó na Ballstáit agus ó gheallsealbhóirí chun meabhairshláinte a chur chun cinn i ngach beartas 16 i bpobail tríd an Sainghrúpa um Shláinte Phoiblí 17 .

Tá staidéar á dhéanamh chun anailís a dhéanamh ar éifeachtacht na mbeartas maidir le meabhairshláinte agus folláine a mhéadú sna Ballstáit 18   chun tacaíocht níos fearr a thabhairt do cheapadh beartas.

TIONSCNAIMH SHUAITHEANTA

1. An Tionscnamh Eorpach Neartaithe Acmhainneachta Meabhairshláinte 

§In 2023, leithdháilfidh an Coimisiún EUR 11 mhilliún faoin gclár EU4Health chun tacú leis na Ballstáit cur chuige a fhorbairt lena gcuirfear an mheabhairshláinte chun cinn i ngach beartas i gcomhar leis an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte 19 .

§Leithdháilfidh an Coimisiún EUR 10 milliún chun tacú le ról na bpáirtithe leasmhara maidir le meabhairshláinte a chur chun cinn i bpobail ag díriú ar ghrúpaí leochaileacha, lena n-áirítear leanaí agus daoine óga agus daonraí imirceach/dídeanaithe 20 .

§In 2024, seolfaidh an Coimisiún treoirphlean le haghaidh cur chuige ildisciplíneach maidir le fothú acmhainneachta meabhairshláinte 21 .

áitítear ar na Ballstáit cur chuige ghlacadh a chuireann an mheabhairshláinte chun cinn ar fud na mbeartas go léir. Ba cheart díriú go háirithe ar chur chun cinn, cosc 22 , luath-idirghabháil, aghaidh a thabhairt ar stiogma, lena n-áirithítear cuimsiú sóisialta daoine a bhfuil fadhbanna meabhairshláinte acu. Ina theannta sin, ba cheart do na Ballstáit tacú le cláir chun cabhrú le daoine fostaíocht a aimsiú nó páirt a ghlacadh i gcláir um fhilleadh ar an obair. Cruthaíonn an fearann digiteach, lena n-áirítear san ionad oibre rioscaí síceasóisialta a théann i bhfeidhm go mór ar dhaoine, ar eagraíochtaí agus ar gheilleagair 23 . Tá gá le haird ar leith a thabhairt ar an gcothromaíocht oibre is saoil a chur chun cinn.

b.Meabhairshláinte a chur chun cinn, agus fadhbanna meabhairshláinte a chosc agus idirghabháil luath a dhéanamh ina leith

Ní mór do dhaoine a bhfuil fadhbanna meabhairshláinte acu fios a bheith acu cá háit le cabhair a iarraidh. Sa lá atá inniu ann, tá na seirbhísí agus na huirlisí atá ar fáil scaipthe agus éagsúil ar fud an Aontais den chuid is mó. Chomh maith leis sin, níl siad feiceálach go leor agus níl eolas leordhóthanach ag daoine orthu. Ní mór é sin a athrú.

Tá cur chun cinn na dea-mheabhairshláinte, cosc ​​ar fhadhbanna meabhairshláinte agus idirghabhálacha luatha níos éifeachtaí agus níos costéifeachtaí ná cóireáil. Tá fianaise eacnamaíoch ar éifeachtacht infheistíochtaí sa chur chuige seo níos láidre do luath-idirghabhálacha a dhíríonn ar shláinte na máthar agus naíonán, leanaí agus déagóirí, meabhairshláinte san ionad oibre (féach caibidil e), agus féinmharú agus féindíobháil a chosc 24 . Ní mór taighde a neartú sa réimse seo chun na luathchomharthaí imní a aithint ar bhealach níos fearr agus tá buiséad curtha i leataobh ag Fís Eorpach chuige sin 25 .

Bíonn tionchar ag a n-eispéiris saoil agus timpeallachtaí ina gcaitheann siad a saol ar shláinte daoine. I dtaca le deitéarmanaint sláinte, ó chothú agus gníomhaíocht choirp, tomhaltas díobhálach alcóil, tobac agus drugaí, chomh maith le deitéarmanaint comhshaoil, shóisialta agus tráchtála, lena n-áirítear dálaí maireachtála, tithíocht níos fearr, aer glan, rochtain ar spórt, cultúr, agus limistéir ghlasa, agus cothromaíocht oibre is saoil níos fearr, chomh maith le rioscaí foréigin tá tionchar tábhachtach acu sin go léir ar mheabhairshláinte.

Tá ról tábhachtach ag an ngníomhaíocht choirp agus ag an spórt maidir le dea-shláinte mheabhrach a chur chun cinn. Leanfaidh an tAontas ag cur spórt agus gníomhaíocht choirp a fheabhsaíonn an tsláinte chun cinn, trí phlean oibre an Aontais don spórt agus trí Sheachtain Eorpach an Spóirt.

Is féidir le luath-idirghabháil tacaíocht thráthúil a áirithiú agus d’fhéadfadh sí tuilleadh meatha ar fholláine agus ar mheabhairshláinte a chosc, go háirithe i measc daoine óga 26 . Mar shampla, d’fhéadfadh luath-idirghabháil a bheith ríthábhachtach ó thaobh fachtóirí riosca agus comharthaí anacra de chineálacha éagsúla a d’fhéadfadh a bheith ar dhaoine a aithint agus aghaidh a thabhairt orthu. Ina theannta sin, is ionaid thábhachtacha iad suíomhanna éagsúla, amhail scoileanna, ionaid oibre, tithe scothaosta agus príosúin, chun meabhairshláinte a chur chun cinn, a chosc, a shainaithint go luath agus idirghabháil a dhéanamh ina leith. Is féidir le cláir scoilbhunaithe chun meabhairshláinte agus folláine a chur chun cinn agus a chuimsíonn gníomhaithe agus seirbhísí éagsúla 27 sa phobal, mar shampla, fadhbanna a shainaithint agus aghaidh a thabhairt orthu go luath.

Déanfaidh an Coimisiún glao a sheoladh in 2023 chun tabhairt ar Bhallstáit agus ar pháirtithe leasmhara dea-chleachtais a chur isteach maidir le meabhairshláinte, cosc, luathbhrath agus idirghabháil luath a chur chun cinn, trí Thairseach Dhea-Chleachtais an Aontais 28 . Déanfaidh sé tionscnaimh a fhorbairt i gcomhar leis na Ballstáit chun aghaidh a thabhairt ar na príomhdheitéarmanaint iompraíochta, eacnamaíocha, shóisialta, chomhshaoil (lena n-áirítear truailliú) trasghlúine agus tráchtála na meabhairshláinte trí obair chomhoibríoch, faoin tionscnamh ‘Healthier Together’ 29 . Tacóidh sé le treoir maidir le luathbhrath agus idirghabháil a fhorbairt agus le scagadh grúpaí leochaileacha i bpríomhshuíomhanna a bheidh le triail ag na Ballstáit 30 . Cuirfidh an Coimisiún dlús lena chuid oibre maidir le taighde inchinne trí thionscadail nua a sheoladh, lena n-áirítear trí úsáid a bhaint as sonraí sláinte digiteacha 31 , bonneagair ríomhaireachta agus ionsamhlúcháin 32 .

TIONSCNAIMH SHUAITHEANTA    

2. Tionscnamh Eorpach um Dhúlagar agus um Fhéinmharú a Chosc

§Tiomnóidh an Coimisiún EUR 6 mhilliún chun an baol do dhaoine dul i ngleic le saincheisteanna tromchúiseacha meabhairshláinte a laghdú trí thacú le forbairt agus cur chun feidhme beartas coiscthe dúlagar agus féinmharaithe sna Ballstáit bunaithe ar mhalartú dea-chleachtais (2023).

3. An tionscnamh ‘Níos Sláintiúla le Chéile’ - meabhairshláinte

§Leithdháilfidh an Coimisiún EUR 8.3 milliún chun snáithe na meabhairshláinte de thionscnamh an Aontais maidir le galair neamhtheagmhálacha a neartú, agus é d’aidhm aige tacú le gníomhaíochtaí na mBallstát maidir leis an meabhairshláinte a chur chun cinn, timpeallachtaí agus beartais tacaíochta a chruthú, cuimsiú sóisialta a fheabhsú agus dul i ngleic le stiogma agus idirdhealú a bhaineann le saincheisteanna meabhairshláinte 33 .

4. Geata rochtana do dhaoine a bhfuil fadhbanna meabhairshláinte acu

§Cruthóidh an Coimisiún stór de chuid an Aontais faoi Thairseach Dea-Chleachtais an Aontais Eorpaigh 34 ina dtiomsófar dea-chleachtais na mBallstát chun foghlaim óna chéile agus chun daoine a threorú i dtreo cúram éifeachtach (beolínte, pointí cabhrach, etc.).

§Chun cabhrú le daoine a mbealach a dhéanamh trí na seirbhísí tacaíochta atá ar fáil, iarrfar ar na Ballstáit suíomhanna gréasáin náisiúnta 35 a chruthú do dhaoine chun pointe tagartha amháin a bheith acu chun rochtain ar chóir leighis, ar thacaíocht agus ar chúram a fheabhsú. 

5. Cód Eorpach um Meabhairshláinte

§Tiomnóidh an Coimisiún EUR 2 mhilliún 36 chun cumhacht a thabhairt do dhaoine a bhfuil fadhbanna meabhairshláinte acu aire níos fearr a thabhairt dá dteaghlaigh féin agus dá gcúramóirí trí shraith moltaí fianaise-bhunaithe a chur ar fáil a chuirfear chun cinn go gníomhach agus a bheidh ar fáil ar líne.

6. Éiceachóras comhpháirteach a fhorbairt le haghaidh taighde inchinne

§Neartóidh an Coimisiún taighde ar shláinte daoine oilte, lena n-áirítear taighde ar an meabhairshláinte, trí oibriú go dlúth leis na Ballstáit chun éiceachóras a chruthú. Thabharfadh an t-éiceachóras sin taighdeoirí agus páirtithe leasmhara le chéile chun gníomhaíochtaí a éascú agus a chomhordú chun infheistíochtaí taighde an Aontais agus na mBallstát a uasmhéadú.

Iarrtar ar na Ballstáit leas a bhaint as deiseanna cistiúcháin ón Aontas agus comhoibriú chun tionscnaimh agus dea-chleachtais maidir le cur chun cinn agus cosc na meabhairshláinte a chur chun feidhme, aghaidh a thabhairt ar na naisc idir neamhionannais agus meabhairshláinte trí iarrachtaí a mhéadú chun stiogma, idirdhealú, fuathchaint agus foréigean a chomhrac, agus oiliúint leordhóthanach, uas-sciliú agus athsciliú an lucht saothair sláinte agus cúraim shóisialta a chur ar fáil chun an mheabhairshláinte agus an fholláine a chur chun cinn. Ba cheart do thíortha freisin déileáil leis na dúshláin a bhaineann le cosc a chur ar fhadhbanna meabhairshláinte i bpobail leochaileacha, aitheantas luath ar shaincheisteanna meabhairshláinte a threisiú, idirghabhálacha agus tacaíocht luath a chur ar fáil, agus aghaidh a thabhairt ar na naisc idir eisiamh, éagothromaíochtaí agus meabhairshláinte trí iarrachtaí a mhéadú chun idirdhealú, fuathchaint agus foréigean a chomhrac.

c.Meabhairshláinte leanaí agus daoine óga a threisiú

meabhairshláinte ár nglún óg ag dul in olcas san Eoraip. Le linn na paindéime COVID-19, coinníodh formhór na leanaí amach as na seomraí ranga agus ceileadh idirghníomhú sóisialta agus gníomhaíocht choirp orthu, agus tháinig breis is méadú faoi dhó ar dhúlagar i measc daoine óga 37 . Tá leibhéil scanrúla bainte amach ag uaigneas, gné thábhachtach den fholláine agus den mheabhairshláinte. In 2022, thuairiscigh duine as gach cúigear idir 16 agus 25 bliain d’aois go raibh siad uaigneach an chuid is mó den am 38 .

Féadfaidh drochthionchar a bheith ag bochtaineacht leanaí ar mheabhairshláinte. Tugann an Moladh ón gComhairle lena mbunaítear Ráthaíocht Eorpach do Leanaí 39 aghaidh ar chuid de na dúshláin sin. Is bealach éifeachtach iad cláir coiscthe bulaíochta i scoileanna 40 chun tacú le folláine shíceolaíoch leanaí agus daoine óga.

Níos mó ná riamh tá daoine óga ag déileáil le himní, brón nó eagla, féindíobháil, féinmheas íseal, bulaíocht agus neamhoird itheacháin. Tá leanaí arna n-easáitiú go héigeantach agus leanaí imirceacha, lena n-áirítear iad siúd ar cuireadh iallach orthu teitheadh​ó chogadh ionsaitheach na Rúise san Úcráin, agus leanaí arb íospartaigh dúshaothraithe ghnéasaigh, coireachta agus mí-úsáide iad, i mbaol go háirithe. 

Bíonn tionchar ag deitéarmanaint éagsúla sláinte, comhshaoil, sóisialta agus tráchtála ar leanaí, agus bíonn tionchar ag iarmhairtí coireanna ar líne orthu freisin, amhail mí-úsáid ghnéasach leanaí ar líne. Tá cásanna ann nuair a thugann leanaí agus daoine óga aghaidh ar dheacrachtaí le linn cuid de na blianta is leochailí agus is foirmithí ina saol, ar féidir leo a sláinte agus a meabhairshláinte a mhúnlú ar feadh a saoil ar fad. 

Tugann daoine óga an-aird freisin ar an athrú aeráide agus ar an gcaillteanas bithéagsúlachta.  41 Ba é conclúid suirbhé a rinneadh le déanaí, go raibh 75 % de leanaí agus de fhreagróirí óga den tuairim go bhfuil a dtodhchaí ‘scanrúil’. Ag an am céanna, léirigh an staidéar go raibh imní agus anacair aeráide comhghaolaithe le freagairt rialtais neamhleor a bhraitear agus le mothúcháin ghaolmhara fill. Dá bhrí sin, tá gealltanais an Aontais maidir le haeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050 agus maidir le Creat Bithéagsúlachta Domhanda Kunming-Montreal tábhachtach freisin do mheabhairshláinte ár leanaí.

Is féidir le huirlisí digiteacha tionchar dearfach a bheith acu ar mheabhairshláinte (m.sh. trí rochtain a sholáthar ar fhaisnéis, grúpaí tacaíochta, agus seirbhísí teiripe) ach is féidir leo tionchar diúltach a imirt freisin ar mheabhairshláinte. Ní mór bogadh i dtreo spás digiteach níos sábháilte agus níos sláintiúla do leanaí 42 . Tá an méid seo a leanas san áireamh leis sin: iad a chosaint ar ábhar míchuí, ar bhaint faisnéise go hionsrach agus ar mhargaíocht ionsaitheach ar líne ar bhia míshláintiúil, deochanna, caighdeáin áilleachta agus alcól agus tobac, úsáid stuama na meán sóisialta, aghaidh a thabhairt ar mhí-úsáid ghnéasach leanaí ar líne, rochtain ar dhrugaí aindleathacha agus substaintí sícighníomhacha nua, agus coimircí a áirithiú in aghaidh na cibearbhulaíochta, na fuathchainte, am scáileáin iomarcach agus eagarthóireacht dhigiteach íomhánna; úsáid dhea-chothromaithe a bhaint as cearrbhachas, rud a chabhraíonn le húsáid éigníoch agus éifeachtaí diúltacha ar an saol laethúil a chosc.

Maidir le forbairt fhisiceach agus mheabhrach leanaí, 43 aithnítear leis an Acht um Sheirbhísí Digiteacha 44 (DSA) rioscaí sistéamacha áirithe a eascraíonn as dearadh nó feidhmiú na seirbhíse agus na gcóras, lena n-áirítear córais algartamacha, a bhaineann leis na seirbhísí sin a ainmnítear mar ‘ardáin an-mhór ar líne’ nó ‘innill chuardaigh an-mhór ar líne’. D’fhéadfadh rioscaí den sórt sin teacht chun cinn, mar shampla, i ndáil le dearadh comhéadan ar líne a bhaineann leas d’aon ghnó nó go neamhbheartaithe as laigí agus neamhthaithí mionaoiseach nó a d’fhéadfadh a bheith ina gcúis le hiompraíocht andúileach.

Maidir leis na hardáin sin nach bhfuil ainmnithe mar ardáin ‘an-mhór’, forchuireann an Ionstraim um Sheirbhísí Digiteacha bearta spriocdhírithe chun cosaint níos fearr a thabhairt do mhionaoisigh ar líne, mar shampla, trína gcomhéadan nó codanna de a dhearadh leis an leibhéal is airde príobháideachais, sábháilteachta agus slándála do mhionaoisigh mar réamhshocrú, trí chaighdeáin chosanta a ghlacadh nó trí pháirt a ghlacadh i gcóid iompair ábhartha. Thairis sin, cuireann DSA toirmeasc ar sholáthraithe ardán ar líne a chuireann fógraíocht ar líne i láthair ar a gcomhéadan, nuair atá siad réasúnta cinnte gur mionaoiseach é faighteoir na seirbhíse. 

Leis an straitéis maidir le hIdirlíon Níos Fearr do Leanaí (BIK+) 45 , a chomhlánaíonn an DSA, cuirtear tacaíocht ar fáil do mheabhairshláinte leanaí agus iad ar líne trí na hIonaid d’Idirlíon Níos Sábháilte agus trí thairseach BIK a chuireann raidhse acmhainní atá oiriúnach dá n-aois ar fáil do leanaí, do theaghlaigh agus do mhúinteoirí. Cuireann línte cabhracha na nIonad d’Idirlíon Níos Sábháilte tacaíocht phraiticiúil agus comhairle phraiticiúil ar fáil do leanaí a bhfuil fadhbanna acu ar líne, amhail cibearbhulaíocht, grúmaeireacht agus ábhar a chuireann isteach orthu, agus dá dtuismitheoirí nó dá gcaomhnóirí.

Tá leanaí i staid níos leochailí ná daoine fásta ó thaobh a n-imní a chur in iúl. I gcomhréir le Straitéis an Aontais maidir le cearta an linbh, in 2024 cuirfidh an Coimisiún tionscnamh i láthair maidir le córais chomhtháite cosanta leanaí, lena spreagfar na húdaráis agus na seirbhísí ábhartha uile oibriú le chéile ar bhealach níos fearr i gcóras lena gcuirfear an leanbh i gcroílár an tionscnaimh. Rachfar i gcomhairle le leanaí agus é á ullmhú, lena n-áirítear maidir leis an ngné meabhairshláinte, faoin Ardán Rannpháirtíochta Leanaí an Aontais a cruthaíodh le déanaí. Ba cheart guth leanaí a chloisteáil, agus chuige sin, tá gá le huirlisí agus tionscnaimh spriocdhírithe. Tacóidh an Coimisiún le cur chun feidhme straitéis an Aontais maidir le comhrac níos éifeachtaí i gcoinne dhúshaothrú agus mhí-úsáid ghnéasach leanaí 46 trí fheabhas a chur ar chosc, ar chúnamh d’íospartaigh, agus ar iarrachtaí imscrúdúcháin agus ionchúisimh. Chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin shonracha leanaí agus daoine óga atá ina gcónaí i gceantair thuaithe nó iargúlta agus atá thíos go háirithe le seirbhísí tacaíochta meabhairshláinte neamhleora, áireoidh an Coimisiún gníomhaíochtaí tiomnaithe faoi phlean gníomhaíochta tuaithe an Aontais. Áiritheofar leis go leanfaidh an Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach de thacaíocht a thabhairt do ghníomhaíochtaí a bhaineann le cosc, le cur chun cinn agus le tacaíocht i réimse na sláinte, i gcomhréir le HealthyLifeStyle4All 47 , agus fócas speisialta ar thacú le grúpaí daonra leochaileacha nó faoi mhíbhuntáiste.

Is féidir le cosc, agus le hidirghabhálacha luatha ó ghairmithe a bhíonn i dteagmháil le leanaí, amhail múinteoirí, athléimneacht meabhairshláinte leanaí agus daoine óga a chur chun cinn agus díobhálacha féideartha a mhaolú, go háirithe trí ghuth a thabhairt dóibh. Is suíomh iontach iad naíscoileanna agus scoileanna chun na scileanna a thabhairt do leanaí óga chun a gcuid mothúchán a rialú agus a dtuiscint ar mheabhairshláinte a fhorbairt, ag forbairt scileanna cosúil le comhbhá agus ag tógáil féinfheasachta agus féinmhuiníne. Bíonn foireann atá oilte go cuí ag teastáil chuige sin, ar infheistíocht fhiúntach é a d’fhéadfadh cuidiú leis an stiogma maidir le saincheisteanna meabhairshláinte a laghdú agus sochaí níos athléimní agus níos comhtháite a thógáil. Léiríodh go gcuireann tionscnaimh scoilbhunaithe, lena n-áirítear cuir chuige iomlánaíocha i leith na meabhairshláinte feabhas ar scileanna cognaíocha, réise aire, torthaí acadúla agus athléimneacht daltaí i leith strusairí 48 . Cuireann an Líne Chabhrach Idirnáisiúnta 49 do Leanaí tacaíocht meabhairshláinte ar fáil do leanaí, lena n-áirítear tacaíocht mhothúchánach, shíceolaíoch agus, uaireanta, tacaíocht dhlíthiúil do leanaí a dhéanann teagmháil leis an líne chabhrach.

Tacóidh an Coimisiún leis na Ballstáit an Ráthaíocht Eorpach do Leanaí a chur chun feidhme, i gcomhréir lena bpleananna gníomhaíochta náisiúnta agus trí chistí an Aontais, go háirithe Ciste Sóisialta na hEorpa Plus, agus trí mhalartú dea-chleachtas idir na Comhordaitheoirí Ráthaíochta Leanaí a éascú. Ina theannta sin, tacófar le tíortha ina n-iarrachtaí fothú acmhainneachta náisiúnta a neartú do chúram sláinte agus do ghairmithe eile, agus iarrfar orthu leas a bhaint as deiseanna airgeadais bhuiséad an Aontais chun cur leis an ngníomhaíocht maidir le cosc agus le hidirghabhálacha luatha lasmuigh den earnáil sláinte, mar atá sa suíomh oideachais. Déanfaidh an Coimisiún faireachán freisin ar dhul chun cinn tríd an Seimeastar Eorpach.

Leanfaidh an Coimisiún ag cur chun feidhme Straitéis an Aontais i leith na hÓige (2019-2027) 50 chun meabhairshláinte agus folláine níos fearr a bhaint amach agus chun deireadh a chur le stiogmatú.

Neartóidh an Coimisiún cur chun cinn na meabhairshláinte i suíomhanna oideachais trí thacú le cur chun feidhme an tionscnaimh Conairí i dtreo na Rathúlachta Scoile 51 . Forbróidh sainghrúpa an Choimisiúin treoirlínte maidir le timpeallachtaí foghlama tacúla do ghrúpaí atá i mbaol tearcghnóthachtála agus chun tacú leis an bhfolláine ar scoil treoirlínte a fhorbairt in 2024 maidir le cur chuige córasach, do lucht déanta beartas ar an leibhéal áitiúil, réigiúnach agus náisiúnta agus do scoileanna 52 . sraith uirlisí féinmheasúnaithe agus féinfheabhsaithe maidir le folláine ar scoil a mholadh agus moltaí a chur chun cinn maidir le gníomhaíochtaí ardaithe feasachta ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal Aontais Eorpaigh. Beidh deiseanna maoinithe do thionscadail ar fáil trí Erasmus+ agus tríd an gCór Dlúthpháirtíochta Eorpach, chun meabhairshláinte agus folláine daoine óga a chothú agus leanfaidh Gníomhaíocht fhadtéarmach Erasmus+ maidir le ‘Meabhairshláinte in Obair don Aos Óg’ de bheith ag ardú feasachta agus ag forbairt litearthacht mheabhairshláinte.

 TIONSCNAIMH SHUAITHEANTA

7. Líonra Meabhairshláinte Leanaí agus na an Aosa Óig

§In 2024, tacóidh an Coimisiún le líonra meabhairshláinte leanaí agus daoine óga a chruthú chun faisnéis, tacaíocht fhrithpháirteach agus for-rochtain a mhalartú trí ambasadóirí don óige 53 .

8. Sláinte na Leanaí 360

§In 2023, forbróidh an Coimisiún sraith choiscthe a dhíreoidh ar chosc, idirghabháil luath a dhéanamh i leith leanaí atá i mbaol, agus lena dtabharfar aghaidh ar na hidirnaisc idir sláinte mheabhrach agus fhisiceach agus príomhdheirtéarmanaint sláinte 54 . Tabharfar aird ar leith ar na rioscaí a bhaineann le bulaíocht i suíomhanna oideachais.

9.Youth First Flagship (Ionstraim Shuaitheanta um Thacaíocht Theicniúil 2023 [A Technical Support Instrument 2023] 55 )

§In 2023, forbróidh an Coimisiún uirlisí do leanaí agus do dhaoine óga chun aghaidh a thabhairt go gníomhach, mar shampla, ar stíleanna maireachtála sláintiúla agus ar chosc fadhbanna meabhairshláinte i ndlúthchomhar le leanaí agus daoine óga (EUR 2 mhilliún) 56 .

10. Scáileáin Shláintiúla, Aos Óg Sláintiúil

Tacóidh an Coimisiún leis na gníomhaíochtaí seo a leanas:

§leanúint de chur chun feidhme na straitéise maidir le hIdirlíon Níos Fearr do Leanaí (BIK+) 57 ;

§treoir phraiticiúil d’údaráis maidir le feabhas a chur ar chosaint mionaoiseach sa domhan digiteach, arna chomhlánú ag faireachán ar thionchar an chlaochlaithe dhigitigh ar leas leanaí tríd an tairseach um Idirlíon Níos Fearr do Leanaí;

§cód iompair maidir le dearadh atá oiriúnach don aois 58 atá le héascú ag an gCoimisiún agus é ag tógáil ar na rialacha nua in DSA;

§leanúint agus atreisiú na hoibre faoin gcód iompair a éascú chun fuathchaint neamhdhleathach ar líne a chomhrac, faoin DSA 59 . 

Molann an Coimisiún do na Ballstáit comhoibriú maidir le beartais agus tionscnaimh lena ndírítear ar na dúshláin shonracha a bhaineann le meabhairshláinte leanaí agus daoine óga, agus chun aghaidh a thabhairt ar na naisc idir fadhbanna meabhairshláinte agus deitéarmanaint sláinte agus úsáid uirlisí digiteacha. Iarrann an Coimisiún ar na Ballstáit leanaí a shainaithint mar spriocghrúpa tosaíochta ina straitéisí náisiúnta meabhairshláinte agus líonraí a fhorbairt le teaghlaigh, scoileanna, an t-aos óg, agus páirtithe leasmhara agus institiúidí eile a bhfuil baint acu le meabhairshláinte leanaí. Tathantaítear ar na Ballstáit a áirithiú go mbeidh rochtain níos fearr ag leanaí ar sheirbhísí meabhairshláinte, chomh maith le rochtain chomhionann agus éasca ar chothú sláintiúil agus ar ghníomhaíocht fhisiceach rialta, go bhfuil siad ina gcónaí i dtimpeallachtaí sábháilte agus tacúla, agus go bhfuil siad cosanta ar thomhaltas alcóil, tobac agus fadhbanna úsáide drugaí agus tionchair dhiúltacha na húsáide digití. Iarrtar ar na Ballstáit cuir chuige nuálaíocha agus dea-cleachtais a chur chun feidhme a sainaithníodh sa tionscnamh ‘Níos Sláintiúla le Chéile’ maidir le meabhairshláinte leanaí agus daoine óga, agus páirt a ghlacadh in obair chomhoibríoch an tionscnaimh chun aghaidh a thabhairt ar thionchar na ndeitéarmanaint sláinte, lena n-áirítear deitéarmanaint eacnamaíocha, tráchtála, shóisialta agus chomhshaoil, agus tionchar an athraithe dhigitigh ar mheabhairshláinte agus folláine leanaí agus daoine óga.

d.Cabhrú leo siúd is mó atá i ngátar

Tá baint ag meabhairghalar le go leor cineálacha neamhionannas agus ní mór aird speisialta a thabhairt ar dhaoine atá i mbaol. D’fhéadfadh daoine aonair a bheith páirteach i ngrúpa leochaileach amháin nó níos mó ag an am céanna, mar shampla máithreacha aonair atá buailte ag an mbochtaineacht nó daoine faoi mhíchumas atá ag téarnamh ó thrombhreoiteacht.

I gcomhthéacs athruithe déimeagrafacha dúshlánacha ní mór do sheirbhísí meabhairshláinte, sóisialta agus cúraim fhadtéarmaigh a bheith inrochtana, inacmhainne, comhtháite 60 , pobalbhunaithe agus éasca le húsáid. Ba cheart go dtabharfaí 61 de chumhacht do dhaoine scothaosta saol sláintiúil agus gníomhach a bheith acu, a meabhairshláinte féin a bhainistiú agus a n-idirghníomhaíochtaí sóisialta 62 a mhéadú agus uaigneas a laghdú. Ba cheart réitigh chruthaitheacha amhail tithíocht idirghlúine a spreagadh.

Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún feasacht a mhúscailt maidir leis an ngá atá ann aghaidh a thabhairt ar uaigneas agus ar leithlisiú sóisialta chun an dea-shláinte mheabhrach 63 a chur chun cinn, agus tacóidh sé leis na Ballstáit trí dhea-chleachtais a bhailiú agus a aistriú trí Thairseach Dea-Chleachtais an Aontais.

mná i dtíortha forbartha agus i dtíortha i mbéal forbartha araon beagnach dhá oiread níos dóchúla ná fir go mbeidh dúlagar orthu. Tá sé seo mar gheall ar an iliomad tosca cosúil le bitheolaíocht, cúinsí saoil agus strusairí cultúrtha 64 .

Tá íospartaigh an fhoréigin inscnebhunaithe (GBV) an-leochaileach. Feabhsóidh an Coimisiún an chosaint agus an tacaíocht a thugtar d’íospartaigh foréigin inscnebhunaithe, lena n-áirítear cibearfhoréigean, trí chur chun feidhme oibleagáidí an Aontais atá le teacht faoi Choinbhinsiún Iostanbúl 65 agus faoin treoir a bheidh ag an Aontas amach anseo maidir le foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh 66 . Tabharfaidh an Coimisiún aghaidh ar chleachtais dhíobhálacha in aghaidh na mban agus na gcailíní 67 a chosc agus a chomhrac agus bunóidh sé líonra de chuid an Aontais maidir le foréigean inscnebhunaithe agus foréigean teaghlaigh a chosc. Ní mór aghaidh a thabhairt ar dhúlagar iarbhreithe agus ar shaincheisteanna meabhairshláinte eile a d’fhéadfadh teacht chun cinn le linn toirchis agus ina dhiaidh sin, chun meabhairshláinte na leanaí agus na mban araon a chosaint 68 . Leis an tionscadal HappyMums 69 , atá á chistiú ag an Aontas, féachfar ar na sásraí fiseolaíocha chun idirghabhálacha éifeachtacha cliniciúla atá bunaithe ar an eolaíocht a chumasú. Ní mór dul i ngleic le dúshláin amhail rochtain mhíchothrom ar fhostaíocht, lena n-áirítear conarthaí neamhbhuana agus/nó pá comhionann, comhroinnt mhíchothrom ar fhreagrachtaí cúram baile agus teaghlaigh, agus brúnna agus spleáchais eacnamaíocha, nithe a mbíonn na mná thíos leo. Rannchuideoidh an Coimisiún le feabhas a chur ar an staid trína áirithiú go ndéanfaidh na Ballstáit reachtaíocht an Aontais maidir le comhionannas deiseanna agus cóir chomhionann do mhná agus d’fhir i gcúrsaí fostaíochta agus gairme, maidir le cothromaíocht oibre is saoil do thuismitheoirí agus do chúramóirí agus maidir le trédhearcacht pá, a thrasuí go hiomlán agus i gceart agus a chur i bhfeidhm go hiomlán agus i gceart.

Is féidir le hidirdhealú mar gheall ar chlaonadh gnéis, féiniúlacht inscne, léiriú inscne, nó tréithe gnéis tionchar a bheith aige ar mheabhairshláinte freisin, go háirithe do dhaoine óga . Méadaíonn anacair shíceolaíoch a thagann as eispéiris imeallaithe, idirdhealaithe agus stiogma (‘strus mionlaigh’) an riosca maidir le hiompar féinmharaithe, féindíobháil nó dúlagar, agus tabharfar aghaidh air i gcomhréir le straitéis um chomhionannas LADTIA 2020-2025 70 .

Bíonn iarmhairtí fadtéarmacha meabhairshláinte ann mar thoradh ar an bhforéigean fisiceach agus gnéasach a dhéantar i gcoinne íospartaigh na gáinneála ar dhaoine agus ar na bagairtí a dhéantar orthu 71 . Aithnítear sa Treoir maidir le gáinneáil ar dhaoine a chosc agus a chomhrac riachtanais speisialta na n-íospartach a bhfuil fadhbanna meabhairshláinte acu agus soláthraítear sainseirbhísí sláinte, agus tacaíocht fhadtéarmach téarnaimh agus athshlánaithe. Éascaíonn agus cuireann an Coimisiún chun cinn cláir a thacaíonn le híospartaigh ina dtéarnamh agus ina n-athimeascadh 72 , amhail seirbhísí sláinte agus síceolaíochta, tríd an gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht 73 .

Is féidir fadhbanna meabhairshláinte a bheith mar thoradh ar go leor saincheisteanna sláinte nó iad a dhianú, mar shampla i measc othair ailse, ós rud é gurb é an dara príomhchúis báis is mó. Ní hamháin go mbíonn tionchar ag ailse ar do chorp, bíonn tionchar aige freisin ar d’intinn agus ar mhothúcháin agus is minic a bhíonn dúlagar, imní agus eagla mar thoradh air.

Is minic gur féidir le míchumais daoine aonair a nochtadh do riosca níos airde maidir le fadhbanna meabhairshláinte a fhorbairt agus d’fhéadfadh sé go mbeadh gá le cuir chuige a oiriúnú i gcomhréir leis an straitéis maidir le cearta daoine faoi mhíchumas, ina dtagraítear do ghníomhaíochtaí atá ábhartha go háirithe do dhaoine faoi mhíchumas 74 meabhrach agus intleachta, amhail é a chur chun cinn go gcuirfidh na Ballstáit dea-chleachtais dí-institiúidithe i réimse na meabhairshláinte chun feidhme.

Baineann uathriail, neamhspleáchas agus rannpháirtíocht sa tsochaí le meabhairshláinte, rud atá ábhartha go háirithe do dhaoine scothaosta agus do dhaoine faoi mhíchumas. Dá bhrí sin, tá sé ríthábhachtach inrochtaineacht fhisiceach, shóisialta agus airgeadais a áirithiú, lena n-áirítear trí rochtain ar mhargadh an tsaothair a fheabhsú agus trína bhfilleadh ar an obair a éascú. Tá dhá cheann de threoirlínte an Phacáiste Fostaíochta le haghaidh Daoine faoi Mhíchumais d’fhostóirí tiomnaithe d’obair le galair ainsealacha agus filleadh ar an obair 75 . Eiseoidh an Coimisiún treoir freisin do na Ballstáit maidir le maireachtáil neamhspleách agus cuimsiú sa phobal roimh dheireadh 2023, agus in 2024, cuirfidh sé creat i láthair maidir le Seirbhísí Sóisialta Barr Feabhais do dhaoine faoi mhíchumas, lena n-áirítear meabhairshláinte.

Tuairiscítear go mbíonn tionchar diúltach ag comharthaí COVID-19 fadmharthanach ar mheabhairshláinte 76 agus is féidir le drochshláinte mheabhrach cur leis an riosca a bhaineann le COVID fadmharthanach a fhorbairt. Déanfaidh an Coimisiún líonra a chur ar bun maidir le COVID fadmharthanach le saineolaithe na mBallstát in 2023;

Dídeanaithe agus daoine easáitithe, go háirithe iad siúd atá ag teitheadh ón gcogadh; tá an ghéarleanúint nó an choimhlint (amhail daoine easáitithe ón Úcráin) i mbaol níos mó fadhbanna meabhairshláinte a fhorbairt 77 agus tá gá le luathfhreagairtí chun anacair a laghdú. Sa chomhthéacs sin, leanfaidh an Coimisiún ag cur leis an tacaíocht shíceasóisialta a thugtar do dhaoine easáitithe agus go háirithe le garchabhair shíceolaíoch a chur ar fáil do dhaoine atá thíos le cogadh na Rúise i gcoinne na hÚcráine 78 .

Seolfaidh an Coimisiún glao ar thograí faoin gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht 79 a bhfuil sé d’aidhm aige laghdú a dhéanamh ar na bacainní atá ar imircigh rochtain a fháil ar sheirbhísí sláinte, lena n-áirítear seirbhísí meabhairshláinte agus tacaíocht shíceolaíoch.

Tá drochshláinte mheabhrach coitianta i measc daoine atá gan dídean 80 agus treisíonn easpa dídine fhadtéarmach agus leanúnach drochshláinte mheabhrach agus míchumas. Faoi chuimsiú an ardáin Eorpaigh chun dul i ngleic le heaspa dídine, tá aghaidh á tabhairt ar dhúshláin mheabhairshláinte.

D’fhéadfadh go mbeadh na Romaigh i mbaol níos airde maidir le fadhbanna meabhairshláinte, i bhfianaise a gcúinsí deacra go minic ag eascairt as ioncam socheacnamaíoch bocht, imthosca agus eisiamh, easpa rochtana ar oideachas agus, fostaíocht, tithíocht neamhleor, leithscaradh, eisiamh agus leithcheal, lena n-áirítear i ngnéithe a bhaineann le cúrsaí sláinte. Áirítear i gcreat straitéiseach an Aontais maidir le comhionannas, cuimsiú agus rannpháirtíocht na Romach an cuspóir earnálach sláinte na Romach a fheabhsú agus rochtain chothrom éifeachtach ar chúram sláinte agus ar sheirbhísí sóisialta ar ardchaighdeán a mhéadú 81 .

Ba cheart rochtain a bheith ag íospartaigh coireanna, go háirithe iad siúd a ndearnadh díobháil shuntasach dóibh mar gheall ar dhéine na coire nó mar gheall ar a saintréithe pearsanta, amhail íospartaigh na sceimhlitheoireachta, íospartaigh na gáinneála, íospartaigh na coireachta fuatha, íospartaigh ar leanaí iad nó aon íospartach eile a bhfuil cabhair shíceolaíoch de dhíth orthu, ar chabhair den sórt sin saor in aisce agus chomh fada agus is gá. Leis an athbhreithniú atá le teacht ar an Treoir maidir le Cearta Íospartach 82 , tá an Coimisiún ag obair chun rochtain na n-íospartach ar chúnamh síceolaíochta a neartú, go háirithe trí chabhair shíceolaíoch a dhéanamh saor in aisce chomh fada agus is gá do gach íospartach a bhfuil cabhair den sórt sin de dhíth orthu.

.

dúshláin mheabhairshláinte ar leith ag daoine atá ina gcónaí i gceantair thuaithe nó iargúlta, amhail feirmeoirí, a bhaineann le baol an dícheangail agus leis an easpa rochtana ar sheirbhísí meabhairshláinte. Tá rátaí féinmharaithe i measc feirmeoirí 20 % níos airde ná an meán náisiúnta i mBallstáit áirithe 83 , agus sin an fáth a dtabharfar tacaíocht chun a n-athléimneacht a neartú. Is féidir le cistí caidhpeála tacú le gníomhaíochtaí múscailte feasachta, lena n-áirítear i réimse na meabhairshláinte, trí sheirbhísí comhairleacha feirme, mar shampla. Ina theannta sin, d’fhéadfaí cistí eile a shlógadh freisin, amhail Ciste Sóisialta na hEorpa+ nó an Ciste Eorpach um Fhorbairt Réigiúnach, chun feabhas a chur ar na hinfheistíochtaí sna seirbhísí tacaíochta sóisialta i gceantair thuaithe agus iargúlta agus, ar an gcaoi sin, a ráthú go mbeidh siad inrochtana d’fheirmeoirí agus d’oibrithe talmhaíochta atá i ngátar, beag beann ar a n-áit chónaithe.

TIONSCNAIMH SHUAITHEANTA

11. Íospartaigh na coireachta a chosaint

§Faoi R2 de 2023, féachfaidh an Coimisiún le feabhas a chur ar an rochtain atá ag íospartaigh na coireachta ar thacaíocht shíceolaíoch agus ar thacaíocht mheabhairshláinte trí athbhreithniú a dhéanamh ar an Treoir lena mbunaítear íoschaighdeáin maidir le cearta, tacaíocht agus cosaint íospartaigh na coireachta.

12. Misean ailse: Ardán do dhaoine óga a tháinig slán ón ailse

§Cuirfidh an Coimisiún ardán ar fáil do mharthanóirí óga ailse chun cabhrú leo a meabhairshláinte a threisiú, trí Mhisean Ailse Fís Eorpach 84 .

§Tacóidh an Coimisiún le hobair chomhoibríoch idir na Ballstáit chun tacaíocht shíceolaíoch a chur ar fáil d’othair ailse, dá gcúramóirí agus dá dteaghlaigh (EUR 8 milliún) 85 .

Molann an Coimisiún do na Ballstáit feabhas a chur ar an rochtain atá ag daoine scothaosta ar uirlisí digiteacha a bhfuil inúsáidteacht chruthaithe acu chun a meabhairshláinte a fheabhsú agus chun cabhrú leo páirt a ghlacadh sa saol sóisialta. Moltar do na Ballstáit sonraí a bhailiú maidir le stádas meabhairshláinte daoine i staideanna leochaileacha, lena n-áirítear daoine gan dídean, agus maidir le hinrochtaineacht seirbhísí i limistéir imeallaithe agus iargúlta agus faoi mhíbhuntáiste. Áitíonn an Coimisiún ar na Ballstáit rochtain chomhionann gan bhacainn ar chúram sláinte agus ar sheirbhísí sóisialta atá ar ardcháilíocht agus inacmhainne a áirithiú, go háirithe do na grúpaí sin is mó atá i mbaol nó dóibh siúd atá ina gcónaí i gceantair imeallaithe nó iargúlta 86 agus aghaidh a thabhairt ar chás sonrach na Romach, trí fheabhas a chur ar an rochtain ar sheirbhísí meabhairshláinte agus ar bhearta coisctheacha príomhúla, mar shampla trí fheachtais ardaithe feasachta. Ina theannta sin, tathantaíonn an Coimisiún ar na Ballstáit dea-chleachtais a chur chun feidhme maidir le dí-institiúidiú, lena n-áirítear do leanaí, agus an t-aistriú chuig seirbhísí pobalbhunaithe a neartú.

e.Dul i ngleic le rioscaí síceasóisialta ag an obair

Caitheann daoine cuid shuntasach dá gcuid ama ag an obair agus tá timpeallacht mhaith oibre ríthábhachtach don tsláinte. Is féidir le strus agus rioscaí síceasóisialta san obair dul i bhfeidhm ar mheabhairshláinte agus laghdaítear sásamh poist, coinbhleacht, táirgiúlacht, cloíteacht ag an obair, neamhláithreacht agus láimhdeachas níos ísle dá bharr. Is réamhchoinníoll í meabhairshláinte maidir le cumas oibre, inniúlacht agus táirgiúlacht. Measann thart ar leath d’oibreoirí Eorpacha, áfach, go bhfuil sé coitianta strus a bheith ar dhaoine ina n-ionad oibre, agus baineann an sé sin le thart ar leath de na laethanta oibre ar fad a chailltear. Ag an am céanna, tá rioscaí síceasóisialta agus strus a bhaineann leis an obair i measc na saincheisteanna is dúshlánaí maidir le sábháilteacht agus sláinte cheirde.

Tá tionchar ag cineálacha nua oibre arna dtionscnamh ag digitiú agus arna luathú ag paindéim Covid-19 (amhail obair ardáin agus cianobair) ar mheabhairshláinte oibrithe, fiú dá bhféadfaí tairbhe a bhaint as solúbthacht na gcineálacha oibre sin freisin. Ba chosúil gurb iad oibrithe riachtanacha, agus go háirithe oibrithe sláinte agus cúraim shóisialta, na hoibrithe is mó a bhí i mbaol a bheith neamhchosanta ar rioscaí síceasóisialta a bhaineann leis an obair sa chomhthéacs iarphaindéimeach 87 .

Tá príomhról ag fostóirí maidir le sábháilteacht agus sláinte oibrithe a áirithiú mar atá sainmhínithe i reachtaíocht an Aontais um Shábháilteacht agus Sláinte Ceirde (OSH) 88 . Tá an Coimisiún tar éis dul i ngleic le rioscaí síceasóisialta agus meabhairshláinte san ionad oibre thar na blianta ina chreataí straitéiseacha OSH 89 . Dírítear go háirithe ar rioscaí meabhairshláinte agus síceasóisialta sa Teachtaireacht maidir le “Creat straitéiseach an Aontais Eorpaigh maidir le sláinte agus sábháilteacht ag an obair 2021-2027” 90 .

Thairis sin, an gá atá le machnamh a dhéanamh a mhéid a bhaineann leis an mbealach chun cinn maidir leis an gceart chun dínascadh, mar chuid lárnach de laghdú ar an strus a bhaineann leis an obair agus chun cothromaíocht oibre is saoil níos fearr a chur chun cinn, an ceart chun filleadh ar an obair tar éis meabhairghalair chomh maith le timpeallacht oibre atá sábháilte ó thaobh síceolaíochta ríthábhachtach chun meabhairshláinte a chur chun cinn agus chun sochaí níos cuimsithí a chruthú.

Is díol sásaimh don Choimisiún clár oibre 2022-2024 na gcomhpháirtithe sóisialta trastionscail Eorpacha agus an chaibidlíocht leanúnach ar chomhaontú nua maidir le teilea-oibriú agus an ceart chun dínascadh, a bheartaítear a chur ar aghaidh lena ghlacadh i bhfoirm comhaontaithe atá ceangailteach ó thaobh dlí arna chur chun feidhme trí Threoir. Leanfaidh an Coimisiún tacú le comhpháirtithe sóisialta ina n-iarracht chun comhaontú nua a chaibidil maidir le teilea-obair agus an ceart chun dínascadh, trí phlé agus sainaithint dea-chleachtas a éascú, agus trí mheasúnú a dhéanamh ar chleachtais agus ar rialacha atá ann cheana a bhaineann leis an gceart chun dínascadh. Tá nasc idir caibidlíochtaí leanúnacha na gcomhpháirtithe sóisialta agus rún ó Pharlaimint na hEorpa i mí Eanáir 2021 maidir leis an gceart chun dícheangail a bhfuil an Coimisiún tiomanta d’obair leantach a dhéanamh ina leith.

Áiritheoidh an Coimisiún go dtabharfaidh EU-OSHA 91 an forbhreathnú ar OSH agus ar dhigitiú a chumhdaíonn meabhairshláinte ag an obair chun críche agus go gcuirfear chun feidhme forbhreathnú OSH ar shláinte shíceasóisialta agus mheabhrach ag an obair, lena n-áirítear faisnéis faoi dhea-chleachtais maidir le filleadh ar an obair agus ag obair le riochtaí meabhairshláinte, agus forbhreathnú ar OSH sna hearnálacha Sláinte agus Cúraim. Áiritheoidh an Coimisiún go gcuirfidh EU-OSHA treoraíocht nuashonraithe ar fáil mar threoraíocht leantach ar fhoilseachán 2018 ‘Oibrithe sláintiúla, cuideachtaí rathúla - treoir phraiticiúil don fholláine ag an obair’ 92 , agus go ndéanfaidh sé tionscadal ar dhea-chleachtais maidir le tacú le hoibrithe a bhfuil riocht meabhairshláinte a bhaineann leis an obair nó nach mbaineann leis an obair chun fanacht ag obair nó filleadh go rathúil ar an obair tar éis neamhláithreacht tinnis, le tuarascáil faoi 2024.

Ag an gCruinniú Mullaigh um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair (OSH), a thionóil Uachtaránacht na Sualainne agus an Coimisiún Eorpach an 15-16 Bealtaine 2023, sainaithníodh rioscaí síceasóisialta agus meabhairshláinte ag an obair mar shaincheisteanna méadaitheacha OSH ar gá tuilleadh machnaimh a dhéanamh orthu 93 . Déanfaidh an Coimisiún obair leantach ar na conclúidí sin ón gCruinniú Mullaigh chun feabhas a chur ar an meabhairshláinte ag an obair agus prionsabal an trípháirteachais á urramú go hiomlán. Leanfaidh sé le hobair an athbhreithnithe ar an Treoir maidir leis an ionad oibre (89/654/CEE) 94 agus ar an treoir maidir le hobair le trealamh scáileán taispeána (90/270/CEE) 95 . Ar deireadh, tacóidh an Coimisiún leis an Straitéis Chúraim Eorpach 96 a chur chun feidhme le gníomhaíochtaí a chuireann le folláine mheabhrach na gcúramóirí agus na ndaoine a dtugtar aire dóibh.

TIONSCNAIMH SHUAITHEANTA 97

13. Tionscnamh ar leibhéal an Aontais maidir leis na rioscaí síceasóisialta

§Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú piaraí ar chineálacha cur chuige reachtacha agus forfheidhmithe chun aghaidh a thabhairt ar rioscaí síceasóisialta ag an obair sna Ballstáit d’fhonn, agus faoi réir thorthaí agus ionchur na gcomhpháirtithe sóisialta, tionscnamh a chur i láthair ar leibhéal an Aontais maidir leis na rioscaí síceasóisialta sa mheántéarma.

14. Feachtais oibre de chuid an Aontais Eorpaigh

§Feachtas de chuid EU-OSHA ar fud an Aontais Eorpaigh um Ionaid Oibre Shláintiúla - Obair shlán agus shláintiúil san aois dhigiteach, lena n-áirítear fócas ar mheabhairshláinte ag an obair (2023-2025);

§Feachtas na nIonad Oibre Sláintiúil EU-OSHA ar fud an Aontais maidir le rioscaí síceasóisialta agus meabhairshláinte ag an obair agus béim á leagan ar earnálacha ceirde nua, lena n-áirítear talmhaíocht agus tógáil, agus ar ghrúpaí lena n-áirítear oibrithe ar bheagán oiliúna, oibrithe imirceacha nó oibrithe óga (2026-2027/28).

Moltar do na Ballstáit feasacht a mhúscailt maidir le saincheisteanna meabhairshláinte feirmeoirí agus daonraí i gceantair thuaithe le tacaíocht ón gcomhbheartas talmhaíochta agus beartais agus dea-chleachtais a fhorbairt agus a chur chun feidhme chun cuidiú le díriú ar chosc agus ar athléimneacht oibrithe bunriachtanacha a neartú, lena n-áirítear gairmithe sláinte, múinteoirí agus feirmeoirí. Chun cuidiú leis na Ballstáit, áiritheoidh an Coimisiún go gcuirfidh EU OSHA tuarascáil ar fáil lena dtabharfar aghaidh ar rioscaí síceasóisialta in earnáil na talmhaíochta.

Moltar do na Ballstáit freisin úsáid Threoirleabhar SLIC 98 a chur chun cinn a thuilleadh maidir le rioscaí síceasóisialta a chosc chun faireachán agus cigireachtaí éifeachtacha ar oibleagáidí OSH a mhéadú i ndáil leis sin, chomh maith le páirt a ghlacadh in imeachtaí oiliúna SLIC do chigirí saothair.

f.Córais meabhairshláinte a athchóiriú agus rochtain ar chóireáil agus cúram a fheabhsú

Ní mór do chórais sláinte a gcumas a threisiú chun gníomhaíocht a stiúradh maidir leis an meabhairshláinte: chosc, luath-idirghabháil, diagnóisiú, cóireáil agus bainistiú cúraim agus thacaíocht d’athimeascadh othar san áireamh. Dá bhrí sin, is príomhchuspóir é córais meabhairshláinte a athchóiriú agus rochtain ar chóireáil agus cúram a fheabhsú.

Tá an ceart atá ag gach duine ar rochtain thráthúil ar chúram inacmhainne, coisctheach agus íceach ar ardchaighdeán ar cheann de phríomhphrionsabail Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta. Is minic nach mbíonn rochtain éasca chothrom ar thacaíocht ag daoine a bhfuil fadhbanna meabhairshláinte acu san Aontas agus is minic a bhíonn costais i gceist leo nach féidir le leor daoine iad a sheasamh. Tá éagsúlachtaí idir Ballstáit agus laistigh de na Ballstáit a mhéid a bhaineann le cumas na gcóras sláinte freastal ar riachtanais daoine a bhfuil drochshláinte mheabhrach orthu 99 . Bíonn tionchar tábhachtach ag neamhionannais a bhaineann le hinscne, eitneachas, suíomh geografach, lena n-áirítear an deighilt idir ceantair uirbeacha agus thuaithe, oideachas, aois agus claonadh gnéasach, féiniúlacht inscne nó léiriú inscne agus tréithe gnéis ar mheabhairshláinte an daonra agus ar a rochtain ar chúram imleor.

Tá sé riachtanach dea-chleachtais agus réitigh nuálacha a aithint chun feabhas a chur ar infhaighteacht, ar cháilíocht, ar inrochtaineacht agus ar inacmhainneacht an chúraim mheabhairshláinte. Chun aghaidh a thabhairt ar neamhionannais, ba cheart cúram sainoiriúnaithe a sholáthar do dhaoine atá i gcásanna leochaileacha, lena n-áirítear daoine easáitithe, dídeanaithe, imircigh agus daoine faoi mhíchumais agus daoine LGBTIQ. Ba cheart aghaidh a thabhairt freisin ar riachtanais chúraim speisialta daoine a bhfuil comhghalrachtaí orthu chun rochtain ar chóireálacha éifeachtacha a éascú, go háirithe do dhaoine a bhfuil neamhoird úsáide drugaí orthu, i gcomhréir le Straitéis Drugaí an Aontais Eorpaigh 2021-2025 agus leis an bPlean Gníomhaíochta gaolmhar.

Beidh sé ríthábhachtach oiliúint an lucht saothair sláinte a threisiú chun leanúint de scileanna agus de cháilíocht an chúraim a fheabhsú ach freisin chun stiogma agus idirdhealú a laghdú agus chun athléimneacht ceann de na hearnálacha is mó brú sa phobal oibre a mhéadú. Tugann Bliain Scileanna an Aontais deis ar leith do pháirtithe leasmhara oiliúint a chur ar ghairmithe i réimse na meabhairshláinte.

Ba cheart úsáid uirlisí digiteacha (m.sh. teileamhíochaine, beolínte comhairle) a iniúchadh do na daoine sin óna dteastaíonn faisnéis agus cúram níos fearr, lena n-áirítear i gceantair thuaithe.

Is cur chuige nuálaíoch é an t-oideasú sóisialta chun folláine agus sláinte a fheabhsú, lena n-áirítear meabhairshláinte. Ar leibhéal an duine aonair, tugann oideasú sóisialta an t-eolas, an spreagadh agus an mhuinín do dhuine chun a shláinte agus a leas féin a bhainistiú agus a fheabhsú  100 . Is féidir an cur chuige seo a chur i bhfeidhm i suíomh cúraim phríomhúil, áit ar féidir le dochtúirí nó le gairmithe sláinte eile gníomhaíochtaí a fhorordú a thagann le riachtanais agus leasanna an duine, amhail am a chaitheamh sa dúlra, spóirt, ióga nó gníomhaíochtaí sóisialta agus cultúrtha 101 .

Leanfaidh an Coimisiún de ghníomhaíochtaí a fhorbairt chun tacú leis na Ballstáit aghaidh a thabhairt ar riachtanais cógas nach bhfuiltear ag freastal orthu agus déanfaidh sé athbhreithniú ar acmhainneacht an teilileighis chun rochtain ar sheirbhísí meabhairshláinte a fheabhsú 102 .  Áireofar rannán meabhairshláinte i bpróifílí sláinte tíre 2023, faoin tionscadal Staid Sláinte san Aontas Eorpach. Ina theannta sin, déanfaidh an Coimisiún próiseas deonach comhoibrithe a sheoladh leis na Ballstáit (tríd an Modh Oscailte Comhordúcháin), chun naisc idir cultúr agus meabhairshláinte a neartú. Ar deireadh, breathnófar ar acmhainneacht na dteicneolaíochtaí nua chun drochshláinte mheabhrach a chosc agus a chóireáil tríd an Sainghrúpa um Measúnú Feidhmíochta ar Chórais Sláinte 103 .

Ní mór bailiú sonraí agus faireachán sonraí a neartú chun cinnteoireacht fheasach a éascú. Ba cheart staidreamh agus táscairí nua a fhorbairt agus a leabú de réir a chéile i gceapadh beartas chun saincheisteanna amhail neamhionannais, sláinte fhisiciúil agus mheabhrach agus luach an dúlra do dhaoine a léiriú agus chun tionchar na ngníomhaíochtaí agus an chistithe a mheas. Cuideoidh sé sin le faireachán a dhéanamh ar an dul chun cinn i dtreo na dea-bhaile, éascófar cur in iúl na ndúshlán polaitiúil agus na roghanna chun aghaidh a thabhairt orthu ar bhealach atá dírithe ar an duine agus ar an bpláinéad 104 .

Chuir na Ballstáit in iúl cheana féin go bhfuil géarghá le tacaíocht i réimsí na pleanála don fhórsa saothair meabhairshláinte agus/nó na forbartha acmhainní, an fhaireacháin agus na meastóireachta ar an mbeartas meabhairshláinte, agus i réimse chur chun cinn agus chosc na meabhairshláinte (Figiúr 1) 105 .

Fíor 1 – Riachtanais tosaíochta na mBallstát maidir le forbairt acmhainne (27 mBallstát an Aontais Eorpaigh, an Iorua agus an Íoslainn)

Chun aghaidh a thabhairt ar na riachtanais sin, bainfear leas as tacaíocht airgeadais ar leibhéal an Aontais chun go mbeidh na Ballstáit in ann a n-acmhainneacht chun gníomhú a neartú. Áireofar leis sin gairmithe atá oilte níos mó agus níos fearr chun déileáil le fadhbanna meabhairshláinte. Is éard a bheidh i gceist leis freisin aistriú ó chúram institiúidithe go cúram pobalbhunaithe.

Chuir roinnt Ballstát bearta san áireamh faoina bPleananna Téarnaimh agus Athléimneachta chun cúram sláinte meabhrach a neartú dá ndaonra. Tá sé sin i gcomhréir leis na Moltaí Tírshonracha a glacadh faoi Sheimeastar Eorpach 2020 lena n-iarrtar ar na Ballstáit uile athléimneacht a gcóras sláinte a threisiú. In earrach na bliana 2023, mhol an Coimisiún Moltaí Tírshonracha lena moltar athchóiriú cúraim sláinte do shé Bhallstát. Sna tuarascálacha de réir tíre le haghaidh sé Bhallstát bhreise, aithníodh gur gá tuilleadh feabhais a chur ar an gcóras cúraim sláinte chun na Pleananna Téarnaimh agus Athléimneachta a chomhlánú. Thairis sin, tá roinn théamach i ngach tuarascáil tíre a glacadh faoin Seimeastar Eorpach lena gcumhdaítear sláinte an daonra agus córais sláinte sna Ballstáit, agus béim á leagan i gcásanna ar leith ar dhúshláin mheabhairshláinte agus ar athchóirithe atá beartaithe. Leanfaidh an Seimeastar Eorpach d’fhaireachán a dhéanamh ar fhorbairtí i gcúram sláinte ar an leibhéal náisiúnta.

TIONSCNAIMH SHUAITHEANTA

15. Tionscnamh do níos mó gairmithe agus níos mó gairmithe a bhfuil oiliúint níos fearr orthu san Aontas Eorpach

§Ó 2023 amach, neartóidh an Coimisiún oiliúint do ghairmithe cúraim sláinte agus do ghairmithe eile, amhail múinteoirí agus oibrithe sóisialta. Seolfar clár malartaithe trasteorann nua do ghairmithe meabhairshláinte freisin trí thacaíocht chistiúcháin thiomnaithe faoin gclár EU4Health (EUR 9 milliún). Leis sin, ba cheart go bhféadfaí oiliúint a chur ar thart ar 2000 gairmí ar fud an Aontais faoi 2026 agus 100 malartú a bheith ann in aghaidh na bliana ar an meán.

16.Tacaíocht theicniúil d’Athchóirithe Meabhairshláinte ar fud roinnt earnálacha

Maidir leis an gCoimisiún:

§In 2024, infhaighteacht agus inacmhainneacht seirbhísí meabhairshláinte a mhéadú do dhaoine trí thacaíocht theicniúil a thairiscint do na Ballstáit, arna iarraidh sin orthu, chun athchóirithe a cheapadh agus a chur chun feidhme chun feabhas a chur ar infhaighteacht seirbhísí meabhairshláinte trasearnálacha comhtháite tríd an ionstraim um thacaíocht theicniúil 106 .

17. Sonraí a Bhailiú ar mheabhairshláinte

§Ó 2025 ar aghaidh, áiritheoidh an Coimisiún go n-áireofar sa Suirbhé Eorpach um Agallaimh Sláinte (EHIS) sonraí breise maidir leis an meabhairshláinte chun a áirithiú go ndéanfar faireachán agus measúnú láidir ar an dul chun cinn maidir le meabhairshláinte ar fud an Aontais.

Molann an Coimisiún do na Ballstáit rochtain ar chúram sláinte meabhrach inacmhainne a áirithiú, lena n-áirítear trí mhodhanna teilileighis agus i suíomhanna trasteorann. Ba cheart do na húdaráis náisiúnta comhoibriú chun tionscadail a fhorbairt agus a chur chun feidhme chun feabhas a chur ar sheirbhísí meabhairshláinte agus ar chúram pobalbhunaithe agus ar dhí-institiúidiú 107 agus iarrtar orthu conairí atreoraithe chuig gairmithe meabhairshláinte a fhorbairt, agus obair soláthraithe seirbhíse eile á cur san áireamh freisin.

g.Éalú ón stiogma

Méadaíonn stiogma agus leithcheal tionchair phearsanta agus eacnamaíocha na meabhairshláinte. Tá an t-idirdhealú i leith daoine a bhfuil fadhbanna meabhairshláinte acu coitianta, go háirithe sna meáin shóisialta ach in áiteanna oibre freisin agus 50 % d’oibrithe ag cur san áireamh go mbeadh tionchar diúltach ar a ngairm bheatha ag baint le riocht meabhairshláinte a nochtadh 108 .

Ní mór do phrionsabail athimeasctha agus cuimsiú sóisialta na ndaoine sin atá thíos le fadhbanna meabhairshláinte ár ngníomhaíocht a threorú. Tá infheistíocht i bhfeabhsú feasachta agus tuisceana ar mheabhairshláinte, lena n-áirítear oiliúint maidir le meabhairshláinte agus ionbhá i gcuraclaim scoile ríthábhachtach chun cúrsaí a fheabhsú, le rannpháirtíocht na bpáirtithe leasmhara uile.

Is ócáid í Seachtain Eorpach na Meabhairshláinte (a bheidh ar siúl i mí na Bealtaine) agus an Lá Domhanda na Meabhairshláinte 109 (10 Deireadh Fómhair) chun aghaidh a thabhairt go sonrach ar stiogma ar leibhéal an Aontais.

na healaíona agus an cultúr tábhachtach chun meabhairshláinte dhearfach agus folláine daoine aonair agus na sochaí i gcoitinne a chur chun cinn trí thacú le cuimsiú sóisialta agus trí stiogma meabhairshláinte a laghdú 110 . D’fhéadfaidís tacaíocht níos traidisiúnta d’fhadhbanna meabhairshláinte a chomhlánú agus d’fhéadfaidís rannchuidiú le fadhbanna meabhairshláinte a chosc agus le dul i ngleic le stiogma meabhairshláinte. Tacóidh an Coimisiún leis na Ballstáit feasacht a ardú ar ról dearfach gníomhaíochtaí cultúrtha agus ealaíonta chun meabhairshláinte agus folláine iomlán a fheabhsú, mar shampla trí imeacht tiomnaithe a thaispeánann na healaíona agus an cultúr mar ionstraimí nua le haghaidh folláine agus meabhairshláinte.

TIONSCNAIMH SHUAITHEANTA

 

18. Stiogma agus idirdhealú a chomhrac

Leithdháilfidh an Coimisiún EUR 18 milliún ar na nithe seo a leanas 111 :

§ feabhas a chur ar cháilíocht bheatha na n-othar, a dteaghlach agus chúramóirí foirmiúla/neamhfhoirmiúla, lena n-áirítear othair ailse, agus díriú go háirithe ar aghaidh a thabhairt ar stiogma agus idirdhealú trí thacú leis na Ballstáit dea-chleachtais a shainaithint agus a chur chun feidhme;

§leis an gcuspóir céanna, tacóidh sé le páirtithe leasmhara chun tionscadail a chur chun feidhme, amhail gníomhaíochtaí múscailte feasachta chun éalú ón stiogma agus aghaidh a thabhairt ar idirdhealú, cuimsiú sóisialta a áirithiú, cearta othar a chosaint, ag díriú ar ghrúpaí leochaileacha;

§treoir de chuid an Aontais a fhorbairt maidir le héalú ón stiogma agus dul i ngleic leis an idirdhealú leis na Ballstáit faoin nGrúpa Saineolaithe um Shláinte Phoiblí;

§gníomhaíochtaí cumarsáide a thabhairt isteach chun feasacht a chur chun cinn sa chomhrac i gcoinne an stiogma.

Molann an Coimisiún do na Ballstáit feachtais chumarsáide a fhorbairt chun cuid den mhistéir a bhaint ón stiogma agus é a bhriseadh, agus bearta a fhorbairt chun dul i ngleic le stiogma agus idirdhealú trí chabhrú le daoine aonair athimeascadh san fhostaíocht, trí othair a chumhachtú chun rochtain a fháil ar na seirbhísí is fearr a fhreastalaíonn ar a gcuid riachtanas, agus trí fhaisnéis a scaipeadh ar úsáid ionstraimí dlí chun dul i ngleic leis an idirdhealú. Ba cheart feasacht a ardú (i measc cinnteoirí, fostóirí, gairmithe cúraim sláinte, gairmithe eile agus an phobail i gcoitinne agus gairmithe cúraim sláinte maidir le meabhairshláinte agus stiogma, go háirithe i gcás daoine atá i staideanna leochaileacha) agus ba cheart tacú le gníomhaíochtaí pobail (spóirt, na healaíona, an dúlra) a chabhraíonn le stiogma a bhriseadh agus a thacaíonn le hathshlánú meabhairshláinte. Ba cheart do na Ballstáit tacú le beartais lena spreagtar daoine a bhfuil meabhairshláinte acu a lánpháirtiú sa phobal agus i margadh an tsaothair, lena n-áirítear trí ghníomhaíochtaí an gheilleagair shóisialta.

h.Meabhairshláinte a chothú ar fud an domhain

Ní hamháin gur tosaíocht de chuid an Aontais Eorpaigh é meabhairshláinte a chosaint agus a chur chun cinn, is saincheist dhomhanda í freisin agus is féidir leis an Aontas ceannaireacht a thabhairt le dea-shampla, agus cúnamh spriocdhírithe á thabhairt ar an leibhéal idirnáisiúnta agus cóineasú á chothú más iomchuí.

Ag an gComhairle Trádála agus Teicneolaíochta idir an tAontas agus na Stáit Aontaithe an 30 agus an 31 Bealtaine 2023, chuir an tAontas agus na Stáit Aontaithe in iúl gur cheart go bhfeidhmeodh ardáin ar líne níos mó freagrachta as a áirithiú go gcuireann a gcuid seirbhísí le timpeallacht ar líne lena gcosnaítear, lena gcumhachtaítear agus lena n-urramaítear leanaí agus an t-aos óg agus lena ndéantar gníomhaíochtaí freagracha chun aghaidh a thabhairt ar thionchar a gcuid seirbhísí ar mheabhairshláinte agus ar fhorbairt leanaí agus daoine óga 112 .

Le Straitéis Sláinte Domhanda an Aontais 113 , cuirtear gníomhaíochtaí domhanda, náisiúnta agus réigiúnacha ar fáil a bhfuil sé d’aidhm acu éascú a dhéanamh ar SDGanna na Náisiún Aontaithe a bhaineann leis an tsláinte a bhaint amach, ag díriú ar thrí thosaíocht idirghaolmhara: (1) sláinte agus folláine níos fearr a chur ar fáil do dhaoine ar feadh an tsaoil; (2) córais sláinte a neartú agus clúdach sláinte uilíoch a chur chun cinn; agus (3) slándáil sláinte poiblí a áirithiú, lena n-áirítear meabhairshláinte agus tacaíocht shíceasóisialta. Ba cheart díriú ar an gcúram sláinte príomhúil a neartú i gcás ina bhfuil infhaighteacht seirbhísí meabhairshláinte riachtanach.

Sa Phlean Gníomhaíochta don Aos Óg i ngníomhaíocht sheachtrach an Aontais (2022-2027) 114 , aithnítear sláinte agus folláine mar réamhriachtanas do dhaoine óga a lánacmhainneacht a bhaint amach agus a bheith rannpháirteach sa tsochaí. Cuireann sé sláinte, folláine mheabhrach agus coirp chun cinn i gcroílár a “cholúin cumhachtaithe”. Ag an am céanna, ba cheart go mbeadh tacaíocht mheabhairshláinte agus shíceasóisialta (MHPSS) ina cuid dhílis de bhearta chun córais sláinte náisiúnta a neartú i dtíortha comhpháirtíochta, más iomchuí, ag tacú le hidirghabhálacha domhanda sláinte poiblí e.g. an Ciste Domhanda chun SEIF, an Eitinn agus Maláire a chomhrac 115 , an Tionscnamh Spotsolas ar Fhoréigean Inscnebhunaithe 116 nó i gcomhthéacs chabhair dhaonnúil an Aontais. De réir an EDS, tá níos mó ná duine as gach cúigear i suíomhanna iarchoimhlinte ag fulaingt ó dhúlagar, imní nó neamhord struis iarthrámach 117 . Tagann riachtanais mheabhairshláinte chun cinn freisin i gcásanna díláithrithe agus tubaistí nádúrtha. Dá bhrí sin, is gné riachtanach é MHPSS de fhreagairt chuimsitheach ar ghéarchéimeanna, atá comhtháite in oibríochtaí cabhrach daonnúla atá cistithe ag an Aontas agus EUR 111 mhilliún tiomnaithe don tosaíocht sin ó 2019 i leith.

Spreagann an tAontas tíortha eile i mbun gnímh trí dheontóirí agus comhpháirtithe a shlógadh agus a bhfeasacht a ardú ar a thábhachtaí atá sé MHPSS ardchaighdeáin a sholáthar i gcásanna éigeandála daonnúla. Tar éis na rannpháirtíochta rathúla i réigiún an Mheánoirthir agus na hAfraice Thuaidh, eagrófar seisiúin for-rochtana agus fothaithe acmhainneachta i réigiúin eile, ag tosú le Meiriceá Laidineach agus Muir Chairib, roimh dheireadh 2023.

Thairis sin, tá an Coimisiún ag cur le cumas na bpáirtithe leasmhara trí oiliúint agus scaipeadh Phacáiste Seirbhíse Íosta an Bhuanchoiste Idirghníomhaireachta (IASC) ar MHPSS 118 . D’fhorbair an pobal daonnúil an phríomhuirlis tagartha sin chun an cháilíocht íosta a leagan síos agus chun éascú a dhéanamh ar chur i bhfeidhm idirghabhálacha meabhairshláinte a bhfuil tionchar acu agus atá tráthúil i gcásanna géarchéime.

San Úcráin 119 , tacaíonn an Coimisiún cheana féin le lárionaid phobail do leanaí easáitithe agus dá gcuid cúramóirí, agus do leanaí in institiúidí freisin, chun cabhrú leo leibhéal éigin normáltachta agus gnáthaimh a athbhunú. Mar sin féin, fad an ionsaithe agus an éifeacht mhillteach atá aige ag cur dlús le tionchair ar an meabhairshláinte i gcás daoine atá ag teitheadh ón gcogadh san Aontas agus i gcás iad siúd a easáitíodh laistigh den Úcráin, rud a éilíonn tacaíocht dhiongbháilte uaillmhianach.

Tá leanaí Úcránacha faoi réir tráma cogaidh faoi láthair, agus is minic a fhágann siad iad le coilm shíceolaíocha thromchúiseacha. Bunóidh an Coimisiún, in éineacht leis an Úcráin, sainchlár ríomhfhoghlama le haghaidh péidiatraiceoirí agus baill foirne leighis phríomhúil. Tríd an tionscnamh seo, beidh na scileanna riachtanacha ag gairmithe cúraim sláinte chun cúram tráma a chur ar fáil agus chun riochtaí meabhairshláinte leanaí a fheabhsú. Cuirfear sainseirbhísí athshlánaithe ar fáil freisin do leanaí anacra san Úcráin agus san Aontas araon.

Tacaíonn an Coimisiún freisin le comhpháirtithe daonnúla chun a gcumas aghaidh a thabhairt ar riachtanais mheabhairshláinte na ndaonraí atá buailte le coinbhleacht a mhéadú, lena n-áirítear i limistéir Zaporizhzhia, Kharkiv, Dnipro agus Mykolaiv. Faoin gclár EU4Health, leithdháileadh comhaontú ranníocaíochta EUR 28,4 milliún in 2022 le Cónaidhm Idirnáisiúnta Chumainn na Croise Deirge chun garchabhair shíceolaíoch a chur ar fáil, agus tá ceithre thionscadal 120 (EUR 3 mhilliún san iomlán) á ndéanamh ag páirtithe leasmhara lena gcuirtear dea-chleachtais chun feidhme chun meabhairshláinte agus folláine shíceasóisialta a fheabhsú i gcás pobail imirceach agus dídeanaithe. Le haghaidh 2023, clársceidealaítear breis agus EUR 10.6 milliún chun rochtain ar chúram sláinte a fheabhsú agus chun galair neamhtheagmhálacha a chosc, go háirithe saincheisteanna meabhairshláinte. Ina theannta sin, tacóidh an Coimisiún leis na Ballstáit agus le páirtithe leasmhara maidir le cur chun feidhme an dea-chleachtais iFightDepression 121 lena n-áirítear clár féinbhainistíochta ar líne lenar féidir cabhrú le daoine easáitithe, lena n-áirítear iad siúd ón Úcráin, a gcuid siomptóm féin a bhainistiú.

Toisc nach féidir le cabhair dhaonnúil amháin freastal ar na riachtanais fhadtéarmacha ionchasacha atá ag daoine a easáitíodh go héigeantach, lena n-áirítear cúram sláinte, tacaíonn an Coimisiún lena thíortha comhpháirtíochta chun pobail a díláithrithíodh go héigeantach a chomhtháthú sna struchtúir náisiúnta seachadta seirbhísí. Déantar an comhtháthú seo ar bhealach a áirithíonn rochtain chomhionann agus chothrom do dhídeanaithe ar na seirbhísí a thugann aghaidh ar a gcuid riachtanas, lena n-áirítear meabhairshláinte, strus iarthrámach, agus foréigean inscne. Áiríonn cabhair shuntasach an Aontais chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais na n-imirceach tacaíocht shíceasóisialta freisin, go háirithe do na daoine is leochailí, lena n-áirítear leanaí, íospartaigh cogaidh, íospartaigh na gáinneála, imircigh atá sáinnithe agus fillithe.

Tacaíonn an Coimisiún le cur chuige cuimsitheach maidir le meabhairshláinte agus folláine shíceasóisialta na bhfoghlaimeoirí, agus a gcuid múinteoirí agus cúramóirí a chur chun cinn agus a chosaint trí ghníomhaíochtaí oideachais. Is príomhdheontóir Education Cannot Wait é an Coimisiún a mheasann MHPSS mar phríomhthosaíocht dá chuid oibre agus den Chomhpháirtíocht Dhomhanda don Oideachas a infheistíonn i naisc a neartú idir na hearnálacha sláinte agus oideachais.

Leanfaidh an Coimisiún de mheabhairshláinte a phríomhshruthú i mbearta chun córais sláinte a neartú ar an leibhéal réigiúnach, ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal domhanda, i gcomhréir leis na hiarrachtaí i dtreo logánaithe agus an chumarphointe thríthaobhaigh idir an daonnúlacht, an fhorbairt agus an tsíocháin, agus áiritheoidh sé go mbeidh rochtain ag dídeanaithe, daoine atá ag gluaiseacht agus daoine easáitithe i gcásanna iar-éigeandála i dtíortha comhpháirtíochta ar MHPSS ar an leibhéal céanna leis na pobail óstacha. 

TIONSCNAIMH SHUAITHEANTA

19. Tacaíocht mheabhairshláinte do dhaoine easáitithe na hÚcráine agus dóibh siúd atá buailte

·Rannchuideoidh an Coimisiún le garchabhair shíceolaíoch a chur ar fáil do dhaoine atá thíos le cogadh na Rúise ina ndearnadh ionsaí ar an Úcráin, rud a neartóidh an obair chomhoibríoch le Cónaidhm Idirnáisiúnta Chumainn na Croise Deirge agus an Chorráin Dheirg (EUR 28 milliún) 122 . Féachfaidh an Coimisiún lena thacaíocht airgeadais a threisiú chun tacaíocht shíceasóisialta a neartú do dhaoine atá easáitithe de bharr an chogaidh. Féachfar freisin ar roghanna maidir le hoiliúint (ar líne) na gcéad fhreagróirí, na múinteoirí agus na n-oibrithe sóisialta i ngarchabhair shíceolaíoch agus i dtacaíocht shíceasóisialta chun cabhrú níos fearr leo siúd atá i ngátar. Leithdháilfear EUR 0.5 milliún breise chun tacaíocht shíceasóisialta a neartú do dhaoine atá buailte i suíomhanna éigeandála.

·Bunóidh an Coimisiún, in éineacht leis an Úcráin, sainchlár ríomhfhoghlama do phéidiatraicigh agus d’fhoireann leighis phríomhúil chun tacú le leanaí ón Úcráin a bhfuil strus agus imní orthu mar gheall ar an gcogadh. Tríd an tionscnamh seo, beidh na scileanna riachtanacha ag gairmithe cúraim sláinte chun cúram tráma a chur ar fáil agus chun riochtaí meabhairshláinte leanaí a fheabhsú.

·Oibreoidh an Coimisiún i gcomhar leis na Ballstáit chun tacaíocht shíceasóisialta inacmhainne a chur ar fáil do na daoine a theith ón gcogadh, chun cur leis an gcúram sláinte a cuireadh ar fáil cheana féin faoin treoir maidir le cosaint shealadach.

20. Tacú le scaipeadh Phacáiste Seirbhíse Íosta Buanchoiste Idir-Ghníomhaireacht maidir le 123 124 MHPSS:

·Leanfaidh an Coimisiún de thacaíocht a thabhairt do scaipeadh an Phacáiste Íosta Seirbhíse atá beartaithe chun tacú le gníomhaithe daonnúla chun cúram ardcháilíochta a sholáthar i gcásanna éigeandála daonnúla. Cuireann sé treoirlínte ar fáil maidir le conas seirbhísí meabhairshláinte atá tráthúil, comhordaithe agus bunaithe ar fhianaise a chomhtháthú sa fhreagairt dhaonnúil fhoriomlán.

Cistiú ón Aontas Eorpach don mheabhairshláinte

Ba cheart go mbeadh an buiséad chun tacú leis an meabhairshláinte ag teacht le méid an dúshláin. Ní mór don Aontas agus do na Ballstáit acmhainní leordhóthanacha a chur ar fáil chun a áirithiú go gcuideofar le daoine atá i ngátar, mar riachtanas sóisialta agus eacnamaíoch.

Tá ionstraimí uile airgeadais bhuiséad an Aontais Eorpaigh á slógadh ag an gCoimisiún faoi Chreat Airgeadais Ilbhliantúil 2021-2027 (CAI)) chun aghaidh a thabhairt ar phríomhdhúshláin mheabhairshláinte agus chun tacú leis na tionscnaimh shuaitheanta agus na gníomhaíochtaí a shainaithnítear sa Teachtaireacht seo. Ina theannta sin, féadfaidh na Ballstáit tairbhiú de na cistí atá ar fáil tríd an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta 125 chun athchóirithe agus infheistíochtaí sa tsláinte, lena n-áirítear meabhairshláinte, a mhaoiniú.

San iomlán, sainaithníodh EUR 1.23 billiún de thacaíocht an Aontais do ghníomhaíochtaí meabhairshláinte agus tá siad ar fáil chun gníomhaíochtaí lena gcuirtear meabhairshláinte chun cinn go díreach nó go hindíreach a mhaoiniú, idir thaighde agus feachtais feasachta, fhorbairt acmhainní agus aistriú dea-chleachtas sláinte, tacaíocht shíceolaíoch agus othair ailse agus dídeanaithe ón Úcráin. Déanfar faireachán rialta ar thionchar na dtionscadal agus na gclár sin. Ní hamháin go n-éilíonn sé sin sonraí iontaofa, inchomparáide agus a fuarthas le déanaí a bheith ann ach teastaíonn táscairí, córais faireacháin agus meastóireachta freisin, chun obair leantach agus cuntasacht a áirithiú.

Le haghaidh 2022 agus 2023, leithdháileadh EUR 69.7 milliún trí Chlár EU4Health 126 ) le haghaidh gníomhaíochtaí lena gcuirtear meabhairshláinte mhaith chun cinn. Áirítear leis sin EUR 51.4 milliún faoi chlár oibre 2022 127 , chun tacú le tionscnaimh fothaithe acmhainneachta sna Ballstáit agus chun aghaidh a thabhairt ar mheabhairshláinte grúpaí leochaileacha agus an EUR 18.3 milliún faoi chlár oibre EU4Health 2023 chun tacú le hobair chomhoibríoch idir na Ballstáit agus chun tacaíocht shíceolaíoch a chur ar fáil d’othair ailse, dá gcúramóirí agus dá dteaghlaigh 128 .

Cuirtear cistiú dar luach EUR 765 milliún ar fáil tríd an gclár Fís 2020 agus Fís Eorpach 129 chun tacú le tionscadail taighde agus nuálaíochta maidir leis an meabhairshláinte.

Is féidir le húdaráis náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla úsáid a bhaint as maoiniú beartais chomhtháthaithe freisin, go háirithe Ciste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+) agus Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE), chun rochtain chomhionann ar chúram sláinte a neartú trí infheistíocht a dhéanamh, mar shampla, i mbonneagar agus trealamh, ábhartha, cúntóirí pearsanta, foirne soghluaiste, línte cabhrach, oibrithe sóisialta. 130 Tá an Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil (TSI) ar fáil chun tacaíocht theicniúil a chur ar fáil do na Ballstáit i gcás tionscadail maidir le meabhairshláinte (EUR 2 mhilliún in 2023). In 2024, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún tuilleadh acmhainní a shlógadh ó STI chun tacú le fothú acmhainneachta don mheabhairshláinte ar bhonn éileamh-bhunaithe sna Ballstáit.

Tá maoiniú (EUR 3.3 milliún) curtha ar fáil faoi ‘chlár Eoraip na Cruthaitheachta’ de chuid an Aontais le haghaidh tionscadal ar chultúr, folláine agus meabhairshláinte, agus slógadh EUR 28 milliún chun tacú le gníomhaíochtaí tacaíochta meabhairshláinte agus síceasóisialta. i suíomhanna éigeandála agus daonnúla (Oibríochtaí um Chosaint Shibhialta Eorpach agus um Chabhair Dhaonnúil). Soláthraíonn an Clár um Shaoránacht, Comhionannas, Cearta agus Luach 131 (2023-2024) deiseanna maoinithe 132 freisin le haghaidh gníomhaíochtaí maidir le meabhairshláinte leanaí agus íospartaigh an fhoréigin inscne 133 . Chun cabhrú le dul i ngleic leis an meabhairshláinte san ionad oibre, cuirfear cistiú ar fáil faoi EU-OSHA.

Conclúid agus na chéad chéimeanna eile

Is féidir le dúshláin an lae inniu maidir le meabhairshláinte cur isteach ar gach duine agus éilíonn siad gníomhartha comhbheartaithe agus tiomantas iomlán gach gníomhaí atá páirteach. Is cuid lárnach de shláinte na ndaoine an í mheabhairshláinte. Cuireann sé ar chumas an duine aonair a chumas féin a bhaint amach, chun déileáil le strusanna na beatha, chun bheith ag sóisialú, chun obair a dhéanamh agus chun cur le saol an phobail

Is féidir le gach institiúid agus gach leibhéal rialtais, a chion a dhéanamh chun bacainní ar mheabhairshláinte mhaith a shárú agus ba cheart dóibh sin a dhéanamh. Tá gá le hiarrachtaí comhordaithe lasmuigh den chóras sláinte chun an tsochaí ina hiomláine a shlógadh agus chun cur chuige saolré a ghlacadh agus béim á leagan ar chomhionannas agus ar neamh-idirdhealú.

Iarrann an Coimisiún ar Pharlaimint na hEorpa agus ar na Ballstáit oibriú le chéile chun na tionscnaimh a cuireadh ar aghaidh sa Teachtaireacht straitéiseach seo a thabhairt chun cinn, lena leagtar síos an dúshraith do ghníomhaíocht mharthanach ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais le haghaidh cur chuige atá cuimsitheach, dírithe ar chosc agus ilpháirtithe leasmhara i leith na meabhairshláinte. Cuireann siad uilíocht an chúraim sláinte chun cinn i gcás daoine a bhfuil fadhbanna meabhairshláinte ag cur as dóibh san Aontas agus níos faide i gcéin.

Is cuid dhílis den cheart chun cúraim sláinte é fadhbanna meabhairshláinte a chosc, rochtain ar chabhair agus ath-lánpháirtiú sa tsochaí agus tríd an tionscnamh seo leagann an tAontas uaillmhian mhór amach chun cabhrú leis na daoine is soghonta agus is leochailí inár sochaithe, i gcomhréir leis an modh maireachtála Eorpach ina bhfuil luach ag gach duine agus ina mbeadh ionchas saoil rathúil acu.

Tá an Teachtaireacht seo ina tús le cur chuige straitéiseach nua chun an mheabhairshláinte a chur ar aon dul leis an tsláinte choirp. Cuireann sé colún eile le struchtúr Aontas Sláinte na hEorpa tríd an obair leanúnach a threisiú agus trí shruthanna oibre nua a oscailt, a forbraíodh i gcomhar leis na comhpháirtithe uile agus lena n-áirítear gníomhaíochtaí cur chun feidhme. Déanfar dlúthfhaireachán orthu sin leis na Ballstáit faoin Sainghrúpa um Shláinte Phoiblí agus go háirithe lena fhoghrúpa maidir le meabhairshláinte. Beidh deis ag páirtithe leasmhara comhoibriú agus comhordú a dhéanamh ar a n-ionchur comhpháirteach chun na gníomhaíochtaí a leagtar amach trí Ardán an Aontais um Beartas Sláinte a fhorbairt agus a chur chun feidhme. Leis na hiarrachtaí comhbheartaithe sin, beifear in ann cur chuige uaillmhianach nua maidir leis an meabhairshláinte a fhorbairt agus a chur chun feidhme ar mhaithe le sochaí níos athléimní ina dtabharfar tús áite do dhaoine.

(1)

  Health at a Glance : Eoraip 2018.

(2)

  Eurostat News - Eurostat (europa.eu) .

(3)

  Tuarascáil nua: Méadaíonn uaigneas faoi dhó le linn na paindéime (europa.eu) .

(4)

  The consequences of the COVID-19 pandemic on mental health and implications for clinical practice | [Iarmhairtí phaindéim COVID-19 ar an meabhairshláinte agus na himpleachtaí don chleachtas cliniciúil] | European Psychiatry | Cambridge Core .

(5)

  Staid Leanaí an Domhain 2021 : On My Mind – Ag cur chun cinn, ag cosaint agus ag tabhairt aire do mheabhairshláinte leanaí, Treoir réigiúnach: An Eoraip, UNICEF, 2021.

(6)

  SOWC-2021-Europe-regional-brief.pdf (unicef.org) .

(7)

https://www.europarl.europa.eu/doceo/document/TA-9-2022-0279_EN.html.

(8)

  Ar an mbóthar go dtí 2025, (who.int) .

(9)

Sprioc SFI 3.4 | Galair neamhthógálacha agus meabhairshláinte: Faoin mbliain 2030, an mhortlaíocht anabaí de dheasca galair neamhtheagmhálacha a laghdú trian amháin trí chosc agus trí chóireáil, sin agus meabhairshláinte agus folláine a chur chun cinn.

(10)

  An t-oideachas: : deitéarmanant sóisialta sláinte a ndearnadh faillí air - The Lancet Public Health . 

(11)

  [Intinní Níos Folláine, Poist Níos Folláine: : Ó Fheasacht go hAthrú ar Mheabhairshláinte Chomhtháite, Scileanna agus Beartais Oibre | An Mheabhairshláinte agus an Obair | OECD iLibrary (oecd-ilibrary.org) .

(12)

  Straitéis um chomhionannas inscne ; Straitéis um chomhionannas LGBTIQ ; Creat straitéiseach maidir leis na Romaigh ; Straitéis le haghaidh Chearta na nDaoine atá faoi Mhíchumas .

(13)

  Straitéis an Aontais um Chearta an Linbh agus an Ráthaíocht Eorpach do Leanaí (europa.eu) .

(14)

Rialachán (AE) 2022/2065 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Margadh Aonair do Sheirbhísí Digiteacha agus lena leasaítear Treoir 2000/31/CE (an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha), https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/?uri=celex%3A32022R2065 .

(15)

D’fhéadfaí a áireamh leis sin, mar shampla, éifeachtaí diúltacha moltaí pearsantaithe a mhaolú agus critéir a úsáidtear ina moltaí a cheartú, ioncam fógraíochta le haghaidh faisnéis shonrach a scor nó infheictheacht foinsí faisnéise údarásacha a oiriúnú.

(16)

Ar nós Samhail Dhea-Chleachtais EAAD chun Cúram Dúlagair a Fheabhsú agus Iompar Féinmharaithe a Chosc san Eoraip arna mhaoiniú faoin 3ú Clár Sláinte de chuid an Aontais Eorpaigh: EUR 2 mhilliún.

(17)

  https://health.ec.europa.eu/non-communicable-diseases/expert-group-public-health_en

(18)

Tacaíocht airgeadais faoi chlár oibre EU4Health 2021 : DP-g-07.2.1 Dea-chleachtais nuálacha agus torthaí taighde ar ghalair neamhtheagmhálacha a bhailiú agus tacú lena gcur chun feidhme: an buiséad atreisithe trí chistí a athdháileadh: EUR 1 milliún.

(19)

Trí chomhaontú ranníocaíochta leis an EDS (buiséad treisithe trí athdháileadh cistí: EUR 11 milliún) faoi chlár oibre EU4Health 2022 : DP-g-22-07.02 Aghaidh a thabhairt ar dhúshláin mheabhairshláinte.

(20)

Tacaíocht airgeadais faoi chlár oibre EU4Health 2022 : DP-g-22-07.01/03/04 Glao ar thograí maidir le meabhairshláinte a chur chun cinn: EUR 10 milliún.

(21)

Forbairt acmhainní maidir leis an meabhairshláinte : clár oiliúna ildisciplíneach agus clár malartaithe do ghairmithe sláinte: EUR 9 mhilliún

(22)

  Tairseach Faisnéise um Chothú Sláinte agus Cosc ar Ghalair ón Lárionad Comhpháirteach Taighde (dúlagar, strus a bhaineann leis an obair agus néaltrú a chosc ).

(23)

Aithnítear sa Teachtaireacht maidir le ‘Creat Straitéiseach an Aontais Eorpaigh maidir le Sláinte agus Sábháilteacht ag an Obair 2021-2027’ a thábhachtaí atá sé aghaidh a thabhairt ar rioscaí síceasóisialta ag an obair, lena n-áirítear i bhfianaise an aistrithe dhigitithe.

(24)

  https://www.annualreviews.org/doi/full/10.1146/annurev-publhealth-040617-013629 .

(25)

  Glaonna Sláinte faoin gclár Fís Eorpach 2023 - The Silver Deal - Sláinte agus cúram duine-lárnach i réigiúin Eorpacha (Ceann Scríbe 1) (europa.eu) .

(26)

  Síciatracht choisctheach: treoirphlean chun meabhairshláinte daoine óga a fheabhsú (nih.gov) .

(27)

Ag teacht le Moladh ón gComhairle maidir le Conairí i dtreo na Rathúlachta Scoile .

(28)

  Tairseach Dhea-Chleachtais (europa.eu) .

(29)

Trí ghníomhaíochtaí arna maoiniú faoin gClár EU4Health (2021-2027) .

(30)

Trí mhaoiniú faoi chlár oibre EU4Health 2022 (tacaíocht theicniúil do shainghrúpaí).

(31)

Tá sé d’aidhm ag an Togra le haghaidh Rialachán maidir leis an Spás Eorpach Sonraí Sláinte rochtain níos fearr ar shonraí sláinte a éascú le haghaidh taighde agus nuálaíochta, lena n-áirítear i réimse an taighde inchinne.

(32)

  Bonneagair Eorpacha Thaighde (europa.eu) .

(33)

  Sainghrúpa um Shláinte Phoiblí .

(34)

Tairseach Dhea-Chleachtais an Aontais: Tairseach Dhea-Chleachtais (europa.eu) .

(35)

Faoi fhoghrúpa an tSainghrúpa um an tSláinte Phoiblí maidir leis an meabhairshláinte.

(36)

  Clár Oibre EU4Health 2023 (europa.eu). .

(37)

Ó leibhéil réamhphaindéimeacha (2019 nó an bhliain is gaire) go leibhéil phaindéimeacha (Aibreán 2020 - Lúnasa 2021): Sracfhéachaint ar an tsláinte: Tuarascáil Eorpach, 2022 .

(38)

  Foilseacháin ar an uaigneas (europa.eu) .

(39)

  Moladh ón gComhairle lena mbunaítear Ráthaíocht Eorpach do Leanaí .

(40)

  An fholláine ar scoil | An Limistéar Eorpach Oideachais (europa.eu) .

(41)

https://www.sciencedirect.com/science/article/pii/S2542519621002783.

(42)

  Idirlíon níos fearr a chruthú do leanaí| Todhchaí Dhigiteach na hEorpa a Mhúnlú (europa.eu) .

(43)

Airteagal 34(2)(b) agus (d).

(44)

  An Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha .

(45)

Deacáid dhigiteach do leanaí agus don óige: an straitéis Eorpach nua maidir le hidirlíon níos fearr do leanaí (BIK+) COM/2022/212 final.

(46)

Straitéis an Aontais maidir le mí-úsáid ghnéasach leanaí a chomhrac ar bhealach níos éifeachtaí (europa.eu) .

(47)

An Tionscnamh HealthyLifestyle4All | An Spórt (europa.eu) .

(48)

  Conas is féidir le córais scoile sláinte agus folláine a fheabhsú: achoimre ar ábhar: meabhairshláinte (who.int) .

(49)

  Baile - Líne Chabhrach Idirnáisiúnta do Leanaí : arna cistiú faoin gclár um Shaoránaigh, Comhionannas, Cearta agus Luachanna.

(50)

  EUR-Lex - 42018Y1218 - GA EUR-Lex (europa.eu) .

(51)

  EUR-Lex - 32022H1209 - GA EUR-Lex (europa.eu) .

(52)

Ba chóir go gcuimseodh na treoirlínte seo folláine mheabhrach agus cosc ar bhulaíocht, agus ba cheart go dtabharfaidís aghaidh freisin ar strus múinteoirí agus foréigean a bhaineann leis an obair, chomh maith le bulaíocht múinteoirí mar chuid de chur chuige scoile uile. Nasc: https://osha.europa.eu/en/publications/occupational-safety-and-health-and-education-whole-school-approach#:~:text=A%20Whole%2DSchool%20Approach%20to,pupils%20in%20school%20safety%20management

(53)

Faoin tionscnamh Níos Sláintiúla le Chéile arna maoiniú faoin chlár EU4Health .

(54)

Faoin tionscnamh Níos Sláintiúla le Chéile arna maoiniú faoin chlár EU4Health .

(55)

EUR 2 milliún) faoi Chlár oibre TSI EU4Health 2023 : seolfar an tionscadal i bhfómhar 2023.

(56)

 Soláthróidh an Coimisiún tacaíocht theicniúil , in éineacht le UNICEF, don Chipir, don Iodáil, don tSlóivéin agus don Andalúis, chun comhar a fheabhsú idir earnálacha éagsúla: sláinte, oideachas, seirbhísí sóisialta agus córais cosanta leanaí: .

(57)

  Straitéis Idirlíon Níos Fearr do Pháistí. .

(58)

Tacóidh an Cód Iompair maidir le dearadh aoise cuí le cur chun feidhme Airteagal 28 den DSA, agus aithneofar é mar chód faoi Airteagal 45 den DSA

(59)

Tá rannpháirtíocht an Bhoird Eorpaigh um Sheirbhísí Digiteacha beartaithe le haghaidh aon Chód Iompair DSA.

(60)

Ciallaíonn córas cúraim chomhtháite do dhaoine scothaosta go bhfaigheann daoine fásta breacaosta an cúram sláinte a theastaíonn uathu, nuair a bhíonn sé ag teastáil uathu: Aonad Aosaithe agus Sláinte (who.int) .

(61)

In 2021 bhí os cionn 20.8 % de dhaonra an Aontais os cionn 65 bliain, figiúr a mheastar a ardóidh go 30.3 % faoi 2058: Conclúidí ón gComhairle maidir le hAosú a Phríomhshruthú i mBeartais Phoiblí

(62)

  Conclúidí ón gComhairle maidir le Cearta an Duine, Rannpháirtíocht agus Folláine Daoine Scothaosta i Ré an Digitithe .

(63)

  Uaigneas (europa.eu) .

(64)

  WMH REVIEW FINAL (who.int) .

(65)

Coinbhinsiún Iostanbúl Gníomhaíocht in aghaidh an fhoréigin in aghaidh na mban agus an fhoréigin teaghlaigh .

(66)

  EUR-Lex - 52022PC0105 - GA EUR-Lex (europa.eu)

(67)

  Clár oibre an Choimisiúin 2023 .

(68)

  https://cordis.europa.eu/project/id/101057390

(69)

  Tionscadal HappyMums .

(70)

  Aontas an Chomhionannais: Straitéis um Chomhionannas LADTIA 2020-2025 .

(71)

  Staidéar ar na costais eacnamaíocha, shóisialta agus dhaonna a bhaineann le gáinneáil ar dhaoine laistigh den Aontas Eorpach - Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh (europa.eu) .

(72)

I gcomhréir le Straitéis an Aontais maidir le Gáinneáil ar Dhaoine a Chomhrac (2021-2025) . 

(73)

  An Ciste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht (2021-2027) (europa.eu) .

(74)

In 2021, ghlac an Coimisiún Eorpach an straitéis um chearta daoine faoi mhíchumas 2021-2030 i gcomhréir le Coinbhinsiún na NA um Chearta Daoine faoi Mhíchumas ar páirtithe iad an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit ann.

(75)

  Pacáiste Fostaíochta le haghaidh Daoine faoi Mhíchumas .

(76)

  Tá baint ag COVID fada agus an meabhairshláinte le chéile: tá riocht ainsealach nua oiriúnach do phatrúin atá ann cheana féin — PubMed (nih.gov). .

(77)

De réir EDS, meastar go mbeidh 1 as gach 5 duine atá ag fulaingt le creachadh cogaidh anois ag déileáil le riocht meabhairshláinte laistigh de na 10 mbliana atá romhainn, agus beidh diandáil thromchúiseach ar 1 as 10 amhail neamhord struis iarthrámach nó síocóis.

(78)

Féach gníomhaíocht shuaitheanta maidir le tacaíocht Mheabhairshláinte do dhaoine easáitithe na hÚcráine agus dóibh siúd atá buailte.

(79)

  An Ciste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht (2021-2027) (europa.eu) .

(80)

Nicholas Pleace (2023) Seirbhísí sóisialta agus cúraim sláinte do dhaoine gan dídean: plépháipéar a bheidh ar siúl san Ardán Eorpach maidir leis an Easpa Dídine a Chomhrac.

(81)

  https://commission.europa.eu/system/files/2021-01/eu_roma_strategic_framework_for_equality_inclusion_and_participation_for_2020_-_2030_0.pdf .

(82)

   Treoir 2012/29/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 lena mbunaítear íoschaighdeáin maidir le cearta, tacaíocht agus cosaint íospartaigh na coireachta, agus a chuirtear in ionad Chinneadh Réime 2001/220/CGB ón gComhairle, IO L 315, 14.11.2012, lgh. 57-73.

(83)

Tuarascáil 2018 ó Shláinte Phoiblí na Fraince

(84)

  Misean an Aontais: Ailse (europa.eu) .

(85)

Tacaíocht airgeadais faoi chlár oibre EU4Health 2023: CR-g-23-19.01 deontais ghníomhaíochta maidir le dúshláin mheabhairshláinte d’othair ailse agus do mharthanóirí ailse.

(86)

Mar shampla, faoi mar a leagtar síos sa Mholadh ón gComhairle maidir le comhionannas, cuimsiú agus rannpháirtíocht na Romach .

(87)

Féach https://osha.europa.eu/en/publications/osh-pulse-occupational-safety-and-health-post-pandemic-workplaces .

(88)

  Reachtaíocht shóisialta agus sláinte |   Sábháilteacht agus sláinte ag an obair EU-OSHA (europa.eu) . Leagtar síos sa chreat réime OSH (89/391/CEE) an oibleagáid ar fhostóir rioscaí sábháilteachta agus sláinte oibrithe a mheas, lena n-áirítear rioscaí síceasóisialta, agus bearta cosanta a chur i bhfeidhm. Tugann an Treoir maidir le trealamh scáileán taispeána (90/270/CEE), an treoir maidir le hionad oibre (89/654/CEE), agus an treoir maidir le gortuithe géara san earnáil ospidéil agus cúram sláinte (2010/32/AE) aghaidh freisin ar ghnéithe oibre atá ábhartha maidir le rioscaí síceasóisialta.

(89)

Mar shampla COM(2002) 118; COM(2007) 62; COM/2014/0332.

(90)

COM(2021) 323 final.

(91)

  An Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht & Sláinte ag an Obair (europa.eu) .

(92)

  Oibrithe sláintiúla, cuideachtaí rathúla – treoir phraiticiúil don fholláine ag an obair .

(93)

  https://ec.europa.eu/social/main.jsp?langId=en&catId=89&furtherNews=yes&newsId=10582#navItem-1  

(94)

  Treoir ón gComhairle maidir leis na ceanglais íosta sábháilteachta agus sláinte don ionad oibre .

(95)

  Treoir ón gComhairle maidir le hobair le trealamh scáileáin taispeána .

(96)

  Straitéis Chúraim Eorpach .

(97)

Tacaíocht airgeadais arna soláthar ag buiséad EU-OSHA.

(98)

  https://osha.europa.eu/en/legislation/guidelines/labour-inspectors-guide-assessing-quality-risk-assessments- and-risk-management-measures-regard-prevention-msds

(99)

Sracfhéachaint ar an tsláinte: Tuarascáil Eoraip 2022 (féach fonóta 37 ar leathanach 8).

(100)

  Forbairtí domhanda san oideasú sóisialta - PubMed (nih.gov) .

(101)

  Athbhreithniú córasach ar oideas sóisialta agus daoine fásta: cá háit as seo? - PubMed (nih.gov) .

(102)

  EUR-Lex - 52012SC0414 - GA EUR-Lex (europa.eu) .

(103)

Áirítear i dtuarascáil an ghrúpa saineolaithe ‘Méadracht ar chur chun cinn na sláinte agus cosc galair a mhapáil le haghaidh measúnú feidhmíochta an chórais sláinte’ cás-staidéar ar mheabhairshláinte agus ar dhea-chleachtais ar oideasú sóisialta

(104)

  Fadbhreathnaitheacht straitéiseach (europa.eu) .

(105)

Chun tacú le hinfheistíochtaí agus le hathchóirithe sna Ballstáit trí fhothú acmhainní spriocdhírithe, rinneadh suirbhé in Aibreán 2023, trí obair chomhoibríoch idir an Coimisiún, EDS agus an Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (ECFE), chun léargas a thabhairt ar bheartais mheabhairshláinte sna Ballstáit.

(106)

  TSI 2024 Suaitheantacht — Meabhairshláinte: Folláine agus meabhairshláinte a chothú (europa.eu)

(107)

Ag teacht le Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta Daoine faoi Mhíchumas (UNCRPD).

(108)

OSH Pulse (suirbhé fhlais-Eorabharaiméadair, 2022): ‘Sábháilteacht agus sláinte ceirde in ionaid oibre iar-phaindéimeacha’. Áirítear sa tuarascáil torthaí na gceisteanna ar rioscaí síceasóisialta agus bileoga fíricí ar thíortha aonair agus airteagal saineolaí leantach ar mheabhairshláinte agus ar thionchar na paindéime COVID-19.

(109)

Lá Domhanda na Meabhairshláinte (who.int) .

(110)

  C4H_SummaryReport_V11LP_shortsmall.pdf (cultureforhealth.eu) .

(111)

Cistíodh é faoin gclár EU4Health (EUR 18.36 milliún: buiséad faoin gclár oibre 2023 atá tiomnaithe do ghníomhaíochtaí meabhairshláinte).

(112)

Ráiteas Comhpháirteach don Chomhairle Trádála agus Teicneolaíochta idir an tAontas Eorpach agus na Stáit Aontaithe an 30 agus an 31 Bealtaine 2023.

(113)

  Straitéis Sláinte Domhanda an Aontais chun feabhas a chur ar an tslándáil sláinte dhomhanda agus sláinte níos fearr a chur ar fáil do chách(europa.eu) .

(114)

  Plean Gníomhaíochta don Óige (europa.eu) .

(115)

  Baile - An Ciste Domhanda chun SEIF, Eitinn agus Maláire a chomhrac .

(116)

  An Tionscnamh Spotsolais | An méid a dhéanaimid: Deireadh a chur le foréigean in aghaidh na mban agus cailíní | Mná na NA – Ceanncheathrú .

(117)

  Meastacháin leitheadúlachta nua EDS ar neamhoird mheabhracha i suíomhanna coinbhleachta: athbhreithniú córasach agus meitea-anailís — The Lancet .

(118)

  Phacáiste Seirbhíse Íosta IASC : tacaíocht mheabhairshláinte agus Shíceasóisialta.

(119)

Tacaíocht airgeadais curtha ar fáil faoi Chlár Réigiúnach Chomhpháirtíocht an Oirthir NDICI chun tacaíocht shíceolaíoch a sholáthar san Úcráin.

(120)

Tionscadail EU4Health chun tacaíocht meabhairshláinte a chur ar fáil do dhídeanaithe ón Úcráin.

(121)

  https://ifightdepression.com/en/ : Ar fáil san Úcráinis agus curtha in oiriúint ó thaobh an chultúir de.

(122)

Buiséad: EUR 28.4 milliún arna shlógadh faoi chlár oibre EU4Health 2022 .

(123)

Buiséad: Cistiú 750 000 EUR tugtha faoin  gClár um Acmhainneacht Freagartha Fheabhsaithe .

(124)

EDS, UNICEF, UNHCR agus UNFPA https://mhpssmsp.org/en .

(125)

  An tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (europa.eu) .

(126)

  Rialachán (AE) 2021/522 maidir le Clár EU4Health .

(127)

  com_2022-5436_annex2_en.pdf (europa.eu)

(128)

  wp2023_annex_en.pdf (europa.eu) .

(129)

  Fís Eorpach (europa.eu) .

(130)

Tá buiséad foriomlán EUR 7.2 billiún ar fáil faoi CFRE do bhonneagar sláinte agus do threalamh sláinte, a bhféadfadh bearta don mheabhairshláinte agus don chuimsiú sóisialta a bheith san áireamh ann.

(131)

  Saoránaigh, Comhionannas, Cearta agus Luachanna (CERV) (europa.eu) .

(132)

Daphne and cearta an linbh: c_2022_8588_1_en_annexe_acte_autonome_cp_part1_v2.pdf (europa.eu) .

(133)

Faoi iarraidh Daphne 2024, EUR 22.9 milliún, chun go ndéanfaí foréigean inscnebhunaithe agus foréigean in aghaidh leanaí a chosc agus a chomhrac chun gníomhaíochtaí a mhaoiniú chun tacú go sonrach le híospartaigh agus le marthanóirí agus chun córais chomhtháite cosanta leanaí a fhorbairt a thuilleadh.

Top