AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,16.5.2023
COM(2023) 274 final
TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle Eorpach, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste Eorpach na Réigiún
Tuarascáil ar Staid Schengen 2023
Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle Eorpach, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste Eorpach na Réigiún
Tuarascáil ar staid Schengen 2023
Léirítear sa tuarascáil ar Staid Schengen 2023 cur i bhfeidhm leanúnach thionscnamh an Choimisiúin chun rialachas limistéar Schengen a threisiú gan rialuithe ag teorainneacha inmheánacha (‘limistéar Schengen’) agus chun freagairtí struchtúrtha comhordaithe coiteanna Eorpacha ar dhúshláin a dhéanann difear don limistéar comhchoiteann a áirithiú. Leis an tuarascáil, cuirtear tús leis an dara timthriall bliantúil de chuid Schengen, rud a chuireann bonn eolais faoin gcinnteoireacht pholaitiúil agus faoin obair leantach theicniúil ar an leibhéal Eorpach agus ar an leibhéal náisiúnta araon. Agus leas á bhaint, i measc nithe eile, as meastóireachtaí Schengen a rinneadh in 2022, cuirtear staid Schengen i láthair sa tuarascáil, déantar faireachán inti ar an dul chun cinn a rinneadh ag deireadh an timthrialla bhliantúil rialachais, agus leagtar béim inti ar na réimsí tosaíochta ar gá tuilleadh airde a thabhairt orthu.
Le bliain anuas, cuireadh tosaíochtaí tábhachtacha a sainaithníodh i dtuarascáil 2022 ar Staid Schengen chun feidhme go rathúil agus baineadh amach príomh-gharspriocanna. I measc na n-éachtaí suntasacha a baineadh amach tá aontachas na Cróite le limistéar Schengen, glacadh creata dhlíthiúil nua le haghaidh meastóireachtaí Schengen, an chéad bheartas straitéiseach ilbhliantúil le haghaidh bainistiú comhtháite teorainneacha san Eoraip, glacadh an Mholta ón gComhairle maidir le comhar oibríochtúil i dtaca le forfheidhmiú an dlí agus seoladh Chóras Faisnéise Schengen nua. Ag féachaint chun cinn, féachann Staid Schengen 2023 le tógáil ar na tosaíochtaí agus ar na spriocanna uileghabhálacha sin, d’fhonn a ráthú go gcuirfear struchtúr Schengen chun feidhme go rianúil agus go héifeachtach, agus dúshláin agus réimsí tosaíochta nua á gcur san áireamh.
Is ionchur í an Teachtaireacht seo do Chomhairle Schengen atá le bheith ar siúl an 8 Meitheamh 2023, lena dtugtar le chéile Airí limistéar Schengen chun comhordú straitéiseach na mbeartas gnóthaí baile a áirithiú, chun na dálaí a chur chun cinn le haghaidh limistéar saoirse, slándála agus ceartais a fheidhmíonn go maith agus chun stiúradh oibríochtúil a thabhairt.
1.Rialachas Schengen a threisiú le haghaidh ardleibhéal marthanach cur chun feidhme
Chun limistéar saoirse, slándála agus ceartais gan teorainneacha inmheánacha a áirithiú, ní mór do chách bearta arna gcomhaontú go comhchoiteann a chur chun feidhme de réir na gcaighdeán is airde is féidir, mar aon le freagairtí struchtúrtha, comhordaithe agus comhchoiteanna ar bhagairtí. Chun freastal ar an ngá atá leis an gcreat rialachais coiteann sin, bhunaigh an Coimisiún an chéad timthriall bliantúil de chuid Schengen in 2022. Céim thábhachtach chun cinn a bhí ann maidir le muinín fhrithpháirteach a chothú i measc Bhallstáit Schengen, le feasacht ar dhúshláin choiteanna a mhéadú, le meon níos láidre a chothú ó thaobh freagracht chomhchoiteann de agus leis an mbealach a réiteach do ghníomhaíocht chomhordaithe chinntitheach.
Creat coiteann cobhsaí le haghaidh comhordú beartas
Ó mhí an Mhárta 2022, tugann Comhairle Schengen Airí Gnóthaí Baile le chéile ar bhonn rialta, chun plé a dhéanamh ar ábhair a bhaineann le freagrachtaí coiteanna a dtíortha i dtaca le Schengen. Sa chéad tuarascáil ar Staid Schengen, cuireadh an creat comhroinnte ar fáil trí na príomhthosaíochtaí beartais a shainaithint chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin roimh limistéar Schengen. Chun an plé polaitiúil i ngach Comhairle Schengen a stiúradh, thíolaic an Coimisiún Baraiméadar Schengen. Thug an Baraiméadar léargas cuimsitheach ar dhálaí na bpríomhspreagthaí a mbíonn tionchar acu ar chobhsaíocht limistéar Schengen, agus cumhdaíodh ann an staid ag na teorainneacha seachtracha agus inmheánacha, na bealaí imirce isteach san Aontas agus laistigh de, na bagairtí agus na freagairtí comhpháirteacha ar an tslándáil inmheánach chomh maith leis na dúshláin a bhaineann le beartas víosaí. Leis an mBaraiméadar Schengen+ neartaithe a cuireadh i láthair i mí an Mhárta 2023, tugadh aghaidh ar an ngá atá le feasacht staide, ullmhacht agus ceapadh beartais bunaithe ar fhíorais san Aontas a fheabhsú, mar a mhol an tUachtarán von der Leyen do Cheannairí an Aontais ag an gcruinniú urghnách den Chomhairle Eorpach a bhí ar siúl i mí Feabhra.
Trédhearcacht agus rannpháirtíocht a mhéadú
I bhfianaise na n-éileamh ar thiomantas polaitiúil agus trédhearcacht níos láidre, tá Scórchlár Schengen á fhorbairt ag an gCoimisiún i ndlúthchomhar leis na Ballstáit. Leis an uirlis sin, cuirfear chun cinn a thuilleadh trédhearcacht a bhaineann le feidhmiú limistéar Schengen agus muinín fhrithpháirteach idir na Ballstáit agus beifear in ann tús áite éifeachtach a thabhairt do ghníomhaíochtaí feabhais atá fós gan réiteach. Léirítear in anailís ar chur chun feidhme mholtaí Schengen le blianta beaga anuas i réimsí tábhachtacha amhail bainistiú teorainneacha seachtracha, filleadh, Córas Faisnéise Schengen agus beartas víosaí go bhfuil an ráta éifeachtach náisiúnta cur chun feidhme i bhfad os cionn 75 % ar bhonn carnach.
Lean an Coimisiún dá fhor-rochtain ar an leibhéal náisiúnta sna Ballstáit. Tionóladh cruinnithe ar an leibhéal polaitiúil agus teicniúil araon chun príomh-athchóirithe a phlé mar obair leantach ar thuarascáil 2022, lena n-áirítear plé idir Comhordaitheoir Schengen – a ceapadh i mí an Mheithimh 2022 – agus a chontrapháirtithe náisiúnta. Leag na malartuithe béim ar a thábhachtaí atá sé naisc níos dlúithe a chruthú idir institiúidí an Aontais agus na Ballstáit agus comhúinéireacht ar rialachas limistéar Schengen a chothú. Léirigh siad freisin, cé go bhfuil leibhéal an-ard cur chun feidhme éifeachtach acquis Schengen ann, go bhfuil dúshláin thábhachtacha fós ann i limistéar Schengen nach mór dul i ngleic leo.
Forbhreathnú ar ráta cur chun feidhme mholtaí meastóireachta Schengen de réir réimse beartais
An dara timthriall de chuid Schengen: comhdhlúthú an chreata atá ann cheana chun dúshláin shainaitheanta a bhrath agus aghaidh a thabhairt orthu ar bhealach níos fearr
Sa dara timthriall sin de chuid Schengen, ba cheart do Chomhairle Schengen dlús breise a chur leis na hiarrachtaí maidir le comhordú a dhéanamh ar chur chun feidhme comhbheartais agus maidir le stiúradh oibríochtúil a thabhairt bunaithe ar chomhthuiscint ar rioscaí agus leochaileachtaí. Chun cur leis an dul chun cinn a rinneadh i gcur chun feidhme na chéad ghníomhaíochtaí tosaíochta a ghabhann leis an gcéad timthriall de chuid Schengen, tá sé tábhachtach i gcónaí an creat rialachais a chomhdhlúthú a thuilleadh, dlús a chur le bearta oibríochtúla maidir le himirce agus bainistiú teorainneacha, an Moladh maidir le Comhar Póilíneachta a chur i ngníomh go hiomlán, deireadh a chur lena bhfuil ann de rialuithe fadmharthanacha teorann inmheánaí agus leanúint de limistéar Schengen a mhéadú.
Tá freagracht chomhchoiteann ar Stáit uile Schengen, ar institiúidí agus ar ghníomhaireachtaí uile an Aontais Eorpaigh ar fheidhmiú éifeachtach an chreata seo, rud a éilíonn ardleibhéal comhordaithe agus iontaoibhe. Cé go n-áirithítear le meastóireachtaí Schengen go gcuirfidh na Ballstáit moltaí chun feidhme go héifeachtúil, ní mór cur chuige comhchoiteann Schengen a bhreithniú go príomha chun éifeachtaí diúltacha a d’fhéadfadh a bheith ann do limistéar Schengen a chosc. Dá bhrí sin, ba cheart gníomhaíocht aonair ag Stáit Schengen a chomhlánú le comhghníomhaíocht trí Chomhairle Schengen lena dtugtar aghaidh ar thosaíochtaí na Stát aonair agus limistéar Schengen ina iomláine. Mar thoradh ar chreat meastóireachta nua Schengen a glacadh in 2022, beidh moltaí tíre níos cuíchóirithe agus níos cuimsithí ann, lena mbeifear in ann treoshuímh straitéiseacha a fhorbairt agus moltaí a ghlacadh do limistéar Schengen ina iomláine, rud a neartóidh a thuilleadh an creat rialachais agus ról Chomhairle Schengen. Cuirtear tús leis an tríú glúin de mheastóireachtaí Schengen, rud a imíonn ó mheastóireachtaí comhlíontachta ilroinnte atá bunaithe ar réimse beartais agus a réitíonn an bealach i dtreo measúnuithe cuimsitheacha ar fheidhmíocht fhoriomlán na mBallstát. Thairis sin, treisíonn sé na féidearthachtaí atá ann don Choimisiún agus do na Ballstáit meastóireachtaí téamacha a dhéanamh chun measúnú a dhéanamh ar shaincheisteanna agus ar chleachtais ar fud réimsí beartais na mBallstát a bhfuil dúshláin chomhchosúla rompu. Leis na gníomhaíochtaí faireacháin feabhsaithe, cuirfear feabhas ar chur chun feidhme na gcomhthosaíochtaí sin agus cuirfear le Scórchlár Schengen iad, agus tógfar ar na hiarrachtaí leanúnacha atá á ndéanamh chun a áirithiú gur ionstraim iontaofa í an uirlis sin atá bunaithe ar chur chuige coiteann dian trédhearcach lena léirítear an staid mar atá ar an láthair go cruinn. Cuirtear i láthair in Iarscríbhinn 1 na príomhfhorbairtí, an staid mar atá agus na chéad chéimeanna eile a bhaineann le sásra meastóireachta agus faireacháin Schengen.
Chun ról Chomhairle Schengen a threisiú le cur chuige níos láidre atá dírithe ar ghníomhaíocht, ní mór úsáid níos éifeachtaí a bhaint as Baraiméadar Schengen, as meastóireachtaí Schengen agus as uirlisí eile chun réimsí ina bhfuil gá le gníomhaíocht a shainaithint ar bhealach níos fearr, rud a chuirfidh le baint amach torthaí coincréiteacha nithiúla. Dá bhrí sin, is tosaíochtaí don dara timthriall iad feabhas a chur ar úinéireacht choiteann agus ar fhreagracht a bhfuil fócas lena ndíreofar níos mó ar an meántéarma leo, mar aon le cur chun feidhme níos láidre, níos comhordaithe agus níos éifeachtaí. Tá an Coimisiún ag iarraidh ar Uachtaránachtaí reatha agus ar Uachtaránachtaí inteachta na Comhairle creat rialachais Schengen a chomhdhlúthú a thuilleadh, rud lena dtógfaí ar bhunchlocha an chéad timthrialla de chuid Schengen, chun rialachas rianúil leanúnach buan ar limistéar Schengen a áirithiú.
|
Bosca 1. Dea-chleachtais a leathadh agus eolas a chomhroinnt
I meastóireachtaí Schengen, sainaithnítear cleachtais nuálacha a d’fhéadfadh Ballstáit eile a chur i bhfeidhm, rud a thugann léargais do na Ballstáit ar straitéisí, uirlisí agus bearta nuálacha chun rialacha Schengen a chur chun feidhme go héifeachtach.
Tá sé i gceist leis an gcoimre dea-chleachtas a chuirtear i láthair in Iarscríbhinn 2 uirlisí breise a thabhairt d’údaráis na mBallstát agus rialacha Schengen á gcur chun feidhme acu agus cur le cineálacha cur chuige agus teicnící cruthaithe agus tograí agus tionscnaimh nua á gcur chun cinn. Tá sé d’aidhm aige freisin an creat a neartú, creat a chruthaigh Meitheal na Comhairle um Ábhair Schengen, rud a chuirfidh ar chumas na mBallstát a dtaithí a roinnt, eolas a mhalartú agus foghlaim óna chéile, rud a fhágfaidh go gcuirfear struchtúr Schengen chun feidhme ar bhealach níos fearr.
Ba cheart go dtacódh na dea-chleachtais sin freisin le cur chun feidhme éifeachtach an timthrialla don bheartas straitéiseach ilbhliantúil le haghaidh bhainistiú comhtháite teorainneacha san Eoraip. Iarrtar ar na Ballstáit na dea-chleachtais ábhartha a léiriú ina gcuid straitéisí náisiúnta maidir le bainistiú comhtháite teorainneacha.
|
2.Schengen níos leithne agus níos rathúla: sócmhainn ríthábhachtach i dtaca le fás na hEorpa
Sa lá atá inniu ann, baineann tuairim is 425 milliún duine taitneamh as an tsaoirse, an tslándáil agus an ceartas a chuirtear ar fáil le Schengen. Is é Schengen an limistéar saorghluaiseachta is mó ar domhan gan rialuithe teorann inmheánaí. Tar éis a hochtú méadú le haontachas na Cróite an 1 Eanáir 2023, tá 27 dtír Eorpacha i limistéar Schengen a bhfuil deireadh foirmiúil curtha acu lena dteorainneacha inmheánacha.
Limistéar Schengen: an ceann scríbe is mó cuairteanna ar fud an domhain in 2022
Ba é 2022 an bhliain a tosaíodh arís ar thaisteal idirnáisiúnta ar mórscála tar éis phaindéim COVID-19. In 2022, ba chun na hEorpa a tháinig 585 mhilliún as an 900 milliún turasóir a thaistil go hidirnáisiúnta, agus b'ionann é sin 65 % d’iomlán an domhain, rud a fhágann gurb é Schengen an limistéar is tarraingtí agus is mó cuairteanna ar domhan.
Chomh maith le taisteal laistigh den Aontas a éascú, tá Schengen ina phríomhspreagadh don iomaíochas le haghaidh gnólachtaí Eorpacha. Le Schengen, cuirtear go mór leis an Margadh Aonair dea-fheidhmiúil, arb ionann é agus 23 mhilliún gnólacht agus 15 % de OTI an domhain. Tá dlús curtha le trádáil earraí agus seirbhísí laistigh de limistéar Schengen le tríocha bliain anuas, agus is í an phríomhfhoinse trádála in earraí don Aontas fós í (thart ar 60 % níos airde ná trádáil earraí 27 mBallstát an Aontais leis an gcuid eile den domhan). In 2022, in ainneoin an chomhthéacs chasta luainigh idirnáisiúnta, tá borradh suntasach tagtha ar thrádáil laistigh den Aontas i gcomparáid leis na blianta roimhe sin, rud a léiríonn na hiarrachtaí chun spleáchas ar mhargaí seachtracha a laghdú agus na tairbhí a bhaineann le feidhmiú i limistéar Schengen ina bhfuil líon beag bacainní a laghdú. Mar shampla, b’ionann trádáil iomlán na seirbhísí iompair laistigh den chomhlimistéar agus beagnach EUR 270 billiún in 2022 (suas le thart ar EUR 125 billiún in 2013). Is iondúil go mbíonn gluaiseacht trasteorann daoine agus seirbhísí i gceist le seirbhísí den sórt sin, lena bhfianaítear dea-fheidhmiú an Mhargaidh Aonair agus limistéar Schengen. Comhlánaíonn an togra le haghaidh leasú ar Chód Teorainneacha Schengen an Ionstraim Éigeandála don Mhargadh Aonair atá beartaithe, arb é is aidhm di saorghluaiseacht earraí, seirbhísí agus daoine a chaomhnú agus infhaighteacht táirgí criticiúla a áirithiú le linn éigeandálaí.
Mar thoradh ar an méadú ar an tsoghluaisteacht dhomhanda, tháinig méadú mór ar iarratais ar víosaí Schengen, rud a d’fhág go raibh moill shuntasach ar cheapacháin a dheonú agus ar iarratais ar víosaí a phróiseáil, mar a léiríodh i meastóireachtaí Schengen in 2022. I gcásanna áirithe, tá iarratasóirí ag íoc suas le EUR 500 le gníomhaireachtaí nó le daoine aonair chun coinne a fháil. Ina theannta sin, is minic a chuireann na Ballstáit faisnéis neamhleor agus mhíchruinn ar fáil d’iarratasóirí ar víosaí maidir leis an bpróiseas iarratais ar víosa, faisnéis a mbíonn tionchar aige ar cháilíocht an mheasúnaithe ar rioscaí imirce agus slándála. Tá an iliomad iarmhairtí ag na heasnaimh sin, ó dhamáiste do chlú na mBallstát agus an Aontais ina iomláine agus caillteanas eacnamaíoch, go háirithe in earnáil na turasóireachta, go dtí cur isteach ar theagmhálacha teaghlaigh agus ar chaidreamh gnó. Ba cheart do na Ballstáit a ndóthain ball foirne iomchuí a chur ar fáil sna consalachtaí chun na cúraimí a bhaineann le scrúdú na n-iarratas a dhéanamh, chun cáilíocht na seirbhíse don phobal a áirithiú. Is féidir leis na Ballstáit cistiú ón Aontas a úsáid faoina gcláir náisiúnta faoin Ionstraim um Bainistiú Teorainneacha agus um Víosaí (IBTV) 2021-2027 den Chiste um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha (IBMF): Leithdháiltear EUR 88 milliún chun tacaíocht oibriúcháin don chomhbheartas víosaí a chumhdach. Tugann an Coimisiún chun cuimhne freisin na moltaí a rinneadh le déanaí lena n-iarrtar ar na Ballstáit sruthanna oibre neamhéifeachtúla a shruthlíniú ag consalachtaí, úsáid níos fearr a bhaint as eolas agus acmhainní na foirne atá fostaithe go háitiúil agus athmhachnamh a dhéanamh ar chomhairliúcháin áirithe leis na húdaráis lárnacha. Bheadh gnóthachain éifeachtúlachta ann freisin dá n-eiseofaí níos mó víosaí dul isteach iolrach a bhfuil bailíocht fhada acu.
I mí Aibreáin 2022, mhol an Coimisiún an nós imeachta maidir le víosaí a dhigitiú trí ardán coiteann um iarratais ar víosaí a chruthú agus víosa dhigiteach a chur in ionad an ghreamáin víosa atá ann faoi láthair. Is é an aidhm atá ann an t-ualach riaracháin ar na Ballstáit chun iarratais ar víosaí a bhainistiú a laghdú, rud a chuideoidh le moilleanna atá ann cheana a shárú. Cuideoidh sé freisin le slándáil limistéar Schengen a threisiú, rud a fhágfaidh go mbeidh an fhormáid víosaí níos lú i mbaol calaoise nó gadaíochta. Thosaigh an Pharlaimint agus an Chomhairle ag plé an togra i mí an Mheithimh 2022 agus rinneadh dul chun cinn suntasach faoi Uachtaránacht na Seicia agus Uachtaránacht na Sualainne lenar féidir tús a chur leis na cruinnithe tríthaobhacha i mí na Bealtaine 2023.
Méadú Schengen
Cloch thábhachtach i dtreo limistéar Schengen a thabhairt chun críche is ea aontachas iomlán na Cróite le limistéar Schengen in 2023. Ba phríomhréimse tosaíochta é a sainaithníodh sa chéad tuarascáil ar Staid Schengen. Bhí na forbairtí dearfacha a tharla in 2022 mar thoradh ar phróiseas cuimsitheach meastóireachta ar cuireadh tús leis in 2016. Le linn an ama sin, rinne an Chróit iarrachtaí suntasacha chun a gealltanais a chomhlíonadh maidir le acquis Schengen a chomhlíonadh. Tar éis na tuairime dearfaí ó Pharlaimint na hEorpa, chinn an Chomhairle an 8 Nollaig 2022 deireadh a chur leis na rialuithe ag na comhtheorainneacha idir an Chróit agus tíortha eile Schengen. Thosaigh an Chróit ag eisiúint víosaí Schengen in 2023 freisin, rud a fhágann go bhfuil sé níos éasca do thurasóirí cuairt a thabhairt ar an tír. Téann taisteal rianúil den sórt sin chun tairbhe ní hamháin don Chróit ach dá tíortha comharsanachta chomh maith le limistéar Schengen ina iomláine.
I mí na Nollag 2022, bhí Uachtaránacht na Seicia i gceannas ar dhíospóireacht thábhachtach maidir le cinneadh ón gComhairle deireadh a chur le rialuithe teorann inmheánaí a mhéid a bhaineann leis an mBulgáir agus leis an Rómáin. Tá 12 bhliain ann ó dheimhnigh an Coimisiún go bhfuil an Bhulgáir agus an Rómáin araon réidh le bheith go hiomlán mar chuid de limistéar Schengen gan rialuithe teorann inmheánaí. Sa Teachtaireacht uaidh dar teideal Making Schengen stronger with the full participation of Bulgaria, Romania and Croatia in the area without internal border controls [Schengen a dhéanamh níos láidre le rannpháirtíocht iomlán na Bulgáire, na Rómáine agus na Cróite sa limistéar gan rialuithe teorann inmheánaí], i mí na Samhna 2022, d’athdhearbhaigh an Coimisiún ullmhacht na mBallstát sin chun dul isteach i limistéar Schengen. Go háirithe, thug sé dá aire na misin dheonacha aimsithe fíoras a rinneadh chuig an mBulgáir agus chuig an Rómáin i mí Dheireadh Fómhair-Samhain 2022, rud a dhearbhaigh ní hamháin conclúidí na bpróiseas meastóireachta a tugadh chun críche ó 2011, go háirithe go gcomhlíonann an Bhulgáir agus an Rómáin na coinníollacha is gá chun na codanna ábhartha uile de acquis Schengen a chur i bhfeidhm ina n-iomláine, ach cuireadh i bhfios leo go láidir freisin go bhfuil na forbairtí is déanaí ar acquis Schengen á gcur i bhfeidhm go cuí ag an dá Bhallstát, agus dá bhrí sin gur rannchuiditheoirí lárnacha iad le dea-fheidhmiú limistéar Schengen.
Ionchas dlíthiúil agus gealltanas Eorpach is ea é go nglacfaidh na Ballstáit a aontaíonn don Aontas páirt iomlán i limistéar Schengen a luaithe a fhíorófar agus a chomhlíonfar na coinníollacha uile a comhaontaíodh. Thairis sin, níor cuireadh deireadh le rialuithe ag na teorainneacha inmheánacha, agus is rud é sin a bhfuil iarmhairtí diúltacha tábhachtacha ag baint leis ó thaobh an gheilleagair agus an chomhshaoil , ní hamháin i gcás shaoránaigh na Bulgáire agus na Rómáine ach i gcás an Aontais ar fad. Bíonn scuainí fada feithiclí agus trucailí mar thoradh ar amanna feithimh méadaithe ag na teorainneacha, rud a fhágann costais mhéadaithe, iomaíochas laghdaithe do ghnólachtaí, cur isteach ar shlabhraí soláthair, agus ioncam laghdaithe d’earnáil na turasóireachta. Is féidir leis na neamhchinnteachtaí a bhaineann le moilleanna teorann agus le hualaí riaracháin infheistíocht eachtrach a dhíspreagadh agus an bonn a bhaint den chomhtháthú eacnamaíoch agus sóisialta idir na Ballstáit. Tá costas comhshaoil ann fiú, agus tugtar le fios le meastacháin go n-astaítear 46,000 tona CO2 in aghaidh na bliana mar gheall ar rialuithe teorann inmheánaí nár cuireadh deireadh leo.
Tá an Coimisiún ag obair go dlúth le hUachtaránacht na Sualainne agus le hUachtaránacht inteachta na Spáinne chun ullmhúchán a dhéanamh roimh chinneadh atá le déanamh ag an gComhairle maidir le deireadh a chur le rialuithe teorann inmheánaí a luaithe is féidir i mbliana. Ghníomhaigh an Rómáin agus an Bhulgáir i gcónaí mar ghníomhaithe bunriachtanacha d’fhorbairt leanúnach acquis Schengen. Tá sé thar am ag an Aontas a thiomantas a chomhlíonadh ballraíocht iomlán a thabhairt don dá Bhallstát i limistéar Schengen, agus aontacht na hEorpa a neartú a tuilleadh agus sin á dhéanamh aige.
Rinneadh dul chun cinn suntasach freisin maidir leis na hiarrachtaí leanúnacha chun limistéar Schengen a chomhdhlúthú a thuilleadh. Tar éis d’údaráis na Cipire dianullmhúchán a dhéanamh chun a áirithiú go bhfuil siad ullamh chun sonraí Chóras Faisnéise Schengen a phróiseáil, cuirfidh an Chipir i bhfeidhm forálacha acquis Schengen a bhaineann le Córas Faisnéise Schengen ó mhí Iúil 2023 ar aghaidh. Tríd an gCipir a nascadh le Córas Faisnéise Schengen, neartófar an comhar i dtaca le forfheidhmiú an dlí agus cuirfear feabhas ar an tslándáil san Eoraip. I mí Dheireadh Fómhair 2023, a luaithe a bheidh Córas Faisnéise Schengen i bhfeidhm sa Chipir, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht Schengen chun a fhíorú go bhfuil na coinníollacha is gá chun acquis Schengen a chur i bhfeidhm i réimse Chóras Faisnéise Schengen comhlíonta sa Chipir. Maidir le hÉirinn, tar éis mheastóireacht rathúil Schengen i réimse na cosanta sonraí, Chóras Faisnéise Schengen agus an chomhair póilíneachta, déanfar meastóireachtaí ar Éirinn maidir leis an gcuid eile den acquis a d’iarr sí páirt a ghlacadh inti (i.e. comhar breithiúnach in ábhair choiriúla, comhar maidir le drugaí agus Airteagal 26 de Choinbhinsiún Schengen) in 2023, i bhfianaise cinnidh ón gComhairle a ghlacfar chun na codanna sin de acquis Schengen a chur i bhfeidhm.
3.Limistéar Schengen atá láidir agus aontaithe
Leis an gcóras Eorpach um bainistiú teorainneacha a chuir na Ballstáit chun feidhme, cuireadh ar chumas na gcéadta milliún duine taisteal chuig limistéar Schengen in 2022. Leagann an méid sin béim ar an tiomantas coiteann go mbeadh an tAontas ar an gceann scríbe is tarraingtí ar domhan, rud a éascaíonn trasnuithe teorann tapa agus sábháilte. Tá sé ríthábhachtach, dá bhrí sin, go mbeadh bearta chun teorainneacha seachtracha a bhainistiú ag teacht leis na trí chuspóir: taisteal a éascú, slándáil a fheabhsú agus imirce a bhainistiú.
Cé go dtagann beagnach gach náisiúnach ó thíortha lasmuigh den Aontas chuig an Aontas ar bhealaí dleathacha, shroich an imirce neamhrialta in 2022 an leibhéal is airde ó bhí 2016 ann, agus thuairiscigh Frontex 330 000 trasnú neamhrialta teorann. Tháinig méadú ar líon na dtrasnuithe neamhrialta teorann ar bheagnach gach bealach imirce seanbhunaithe le hais na mblianta roimhe sin. Cé gurb ionann sin agus méadú 66 % i gcomparáid le 2021, tá an líon sin i bhfad ó leibhéil 2015. Ba iad forbairtí díobhálacha i gcomharsanacht na hEorpa agus níos faide i gcéin ba chúis leis an méadú ar líon na n-imirceach neamhrialta den chuid is mó, rud ba chúis le méadú suntasach ar an imirce neamhrialta thánaisteach freisin, go háirithe ar bhealach na mBalcán Thiar, arbh ionann iad agus 43 % de na hiontrálacha neamhrialta uile in 2022. Ba é bealach na Meánmhara Láir an dara bealach imirce ba ghnóthaí i ndearbhthéarmaí agus tháinig méadú 56 % air i gcomparáid le 2021. Tá rioscaí breise ag baint leis an méadú ar an imirce neamhrialta freisin, ós rud é go bhfuil imircigh neamhrialta i mbaol an dúshaothraithe agus go bhfuil contúirt ag baint le trasnuithe, ar muir agus ar tír araon.
I mí Feabhra 2023, bhreithnigh an Chomhairle Eorpach staid na himirce agus chomhaontaigh sí an obair a neartú agus dlús a chur léi le sraith uaillmhianach de bhearta oibríochtúla maidir le himirce agus bainistiú teorainneacha. Leis na forbairtí agus an dul chun cinn a rinneadh le roinnt míonna anuas, deimhníodh go bhfuilimid, i gcomparáid le 2015-2016, níos ullmhaithe anois chun gluaiseachtaí neamhrialta a chosc go comhpháirteach a bhuí le rialuithe feabhsaithe ag teorainneacha seachtracha an Aontais, agus chun oibríochtaí um fhilleadh agus um athligean isteach níos éifeachtúla a chur i gcrích. Le roinnt míonna anuas, rinneadh iarrachtaí chun feabhas a chur ar acmhainneacht ag an teorainn agus chun tacú le córais faireachais leictreonacha a cheannach don teorainn sheachtrach. Chuige sin, tá glao oscailte ar léiriú spéise á thabhairt chun críche ag an gCoimisiún faoin tSaoráid Théamach IBTV chun tacú leis na Ballstáit a bhfuil brú orthu ag codanna sonracha den teorainn sheachtrach talún agus chun córais faireachais a thabhairt isteach, a leathnú nó chun córais faireachais atá ann cheana a uasghrádú. Ina theannta sin, maidir leis na bearta a cuireadh chun feidhme in 2022 go dtí 2023 i gcomhthéacs Phlean Gníomhaíochta na mBalcán Thiar, amhail méadú ar ailíniú víosaí chomhpháirtithe na mBalcán Thiar leis an Aontas, tá toradh maith orthu cheana féin agus tháinig laghdú ar líon na ndaoine a thagann isteach san Aontas go neamhrialta ón réigiún sin. Ina theannta sin, i mí na Nollag 2022, leathnaigh Frontex a oibríocht chomhpháirteach sa tSeirbia go dtí an teorainn leis an Ungáir, rud a chuir leis an tacaíocht atá á cur ar fáil cheana féin ag an teorainn leis an mBulgáir. Ina theannta sin, sheol sé oibríochtaí comhpháirteacha sa Mholdóiv (mí Aibreáin 2022) agus sa Mhacadóin Thuaidh (mí Aibreáin 2023). Tá an Coimisiún ag tnúth le glacadh na gcomhaontuithe stádais a chaibidligh sé le Montainéagró agus leis an Albáin in 2023 chomh maith le tús a chur leis an gcaibidlíocht leis an tSeirbia agus leis an mBoisnia agus an Heirseagaivéin maidir le comhaontuithe stádais athnuaite agus nua faoi seach. Leis na gcomhaontuithe sin, cuideofar le haghaidh a thabhairt ar dhúshlán na himirce neamhrialta ar bhealach níos éifeachtaí, agus leas á bhaint as acmhainneacht iomlán na Gníomhaireachta oibriú le tríú tíortha agus i dtríú tíortha.
Ina theannta sin, na gníomhaíochtaí leanúnacha chun teagmháil a dhéanamh le tríú tíortha tosaíochta, beidh sé d’aidhm ag na gníomhaíochtaí sin imeachtaí neamhrialta i dtreo an Aontais a laghdú agus fillteacha a chur chun cinn, chomh maith le bealaí dlíthiúla, i gcomhréir le Plean Gníomhaíochta na Meánmhara Láir agus le Tionscnaimh éagsúla Fhoireann na hEorpa. Mar shampla, tá an chéad chéim de phacáiste nua cosanta teorann don Éigipt á cur chun feidhme, seoladh Comhpháirtíocht Oibriúcháin Frithsmuigleála leis an Túinéis agus tá ceann eile beartaithe leis an Éigipt. Ag tógáil ar na forbairtí dearfacha sin agus é mar aidhm aige bearta a bhunú ar fud an Aontais chun sláine agus feidhmiúlacht limistéar Schengen a chothabháil, tá an Coimisiún ag obair freisin ar Phleananna Gníomhaíochta a ullmhú maidir leis an Meánmhuir Thoir agus maidir le bealaí an Atlantaigh agus na Meánmhara Thiar.
Tá sé ríthábhachtach anois coinneáil leis an ngníomhaíocht agus iarrann an Coimisiún ar Chomhairle Schengen na bearta oibríochtúla atá á gcur chun feidhme ag an Aontas i dteannta a chéile a bhreithniú, tar éis chruinniú urghnách Chomhairle Eorpach mhí Feabhra. Go háirithe, ba cheart do Frontex tuairisc a thabhairt ar na socruithe a rinneadh chun a imlonnú nó athlonnú pearsanra agus trealaimh a threisiú chun príomhchodanna na dteorainneacha seachtracha a neartú in 2023 agus ar na céimeanna a chuirfear chun feidhme i gcomhar leis na Ballstáit chun a áirithiú go mbeidh na cumais is gá ar fáil.
Cuirtear i dtábhacht arís eile leis na forbairtí a rinneadh le linn na bliana seo caite go bhfuil géarghá leis na tograí reachtacha a ghabhann leis an gComhshocrú maidir le Tearmann agus Imirce a ghlacadh go pras, chun imirce neamhrialta agus tearmann a bhainistiú, chun rialuithe teorann a fheabhsú agus chun smuigleáil imirceach a chomhrac go straitéiseach, go comhleanúnach agus go héifeachtach. Chun tacú le limistéar Schengen níos cobhsaí agus níos láidre, tá an Coimisiún ag iarraidh ar Pharlaimint na hEorpa agus ar an gComhairle Cód Teorainneacha nua Schengen, na Rialacháin nua maidir le Scagadh agus Eurodac go háirithe, a ghlacadh go pras.
Rialachas éifeachtach maidir le bainistiú teorainneacha agus fillteacha
I mí an Mhárta 2023, bhunaigh an Coimisiún an chéad bheartas straitéiseach ilbhliantúil riamh maidir le bainistiú comhtháite teorainneacha san Eoraip atá le cur chun feidhme ag an nGarda Teorann agus Cósta Eorpach go ceann 5 bliana. Is garsprioc shuntasach é an cinneadh sin i ndáil leis na hiarrachtaí chun limistéar Schengen a neartú agus bainistiú éifeachtach a theorainneacha a áirithiú, lena dtugtar éifeacht do cheann de na gníomhaíochtaí tosaíochta a shainaithnítear i dtuarascáil 2022 ar Staid Schengen. Is toradh é an timthriall beartais ar phróiseas forleathan comhairliúcháin idir na hinstitiúidí as a n-eascraíonn fís chomhroinnte maidir le bainistiú teorainneacha seachtracha. Cuireann sé creat comhordaithe ar fáil chun a chinntiú go mbeidh gníomhaíochtaí uile na mBallstát agus Frontex — idir fhaireachas teorann, an fhrith-smuigleáil, agus fhillteacha — á dtreorú ag an tacar céanna de chomhphrionsabail agus go mbeidh torthaí nithiúla ar an láthair. Déanfar an creat rialachais sin a threisiú a thuilleadh trí bhíthin straitéis theicniúil agus oibríochtúil a bheidh le forbairt ag Frontex faoi mhí Mheán Fómhair 2023.
Tá gá freisin le córas éifeachtach rialachais náisiúnta i ngach Ballstát le go bhfeidhmeoidh bainistiú teorainneacha agus fillteacha go maith san Aontas. Le meastóireachtaí Schengen a rinneadh in 2022, deimhníodh go bhfuil tionchar diúltach ag rialachas lag agus ag cur chuige straitéiseach teoranta i roinnt Ballstát ar ghníomhaíochtaí rialaithe teorann agus gníomhaíochtaí um fhilleadh. Tugadh faoi deara freisin comhar teoranta idir údaráis do ghníomhaíochtaí um theorainn agus um fhilleadh i roinnt Ballstát, rud a chuireann bac breise ar fhreagairt oibríochtúil éifeachtach. I réimse an bhainistithe teorainneacha, cé go bhfuil roinnt Ballstát tar éis a rialachas náisiúnta a threisiú, mar shampla trí aonaid chomhordaithe straitéiseacha a bhunú, tá cur chuige níos díláraithe ag Ballstáit eile, rud a d’fhéadfadh a bheith ina chúis le dúshláin a mhéid a bhaineann le comhordú straitéiseach rialaithe teorann.
I réimse an fhillidh, de dheasca cineál ilroinnte leanúnach na réiteach, na bhfreagairtí ad hoc agus easpa pleanála straitéisí, cuirtear cosc ar na Ballstáit nósanna imeachta náisiúnta a chuíchóiriú go cuimsitheach, oibriú ar thosaíochtaí agus an úsáid is fearr a bhaint as na hacmhainní (teoranta) atá ar fáil.
Cé nach ann d’aon réiteach ná samhail institiúideach aonair, ba cheart córas náisiúnta gach Ballstáit a bheith éifeachtach maidir le lúba ar lár atá ann cheana a dhúnadh, iarrachtaí a chuíchóiriú, agus na húdaráis ábhartha uile lena mbaineann a chomhordú chun na teorainneacha seachtracha a bhainistiú go héifeachtach agus fillteacha a chur i gcrích. Leis an athbhreithniú ar na straitéisí náisiúnta maidir le bainistiú comhtháite teorainneacha, athbhreithniú a dhéanfar faoi mhí an Mhárta 2024, tugtar deis uathúil an rialachas náisiúnta a neartú agus pleanáil straitéiseach na gcumas náisiúnta maidir le rialú teorann agus filleadh a threisiú a thuilleadh, chomh maith le pleananna teagmhasacha náisiúnta a bhunú.
Dá bhrí sin, chun a áirithiú go soláthrófar pearsanra, trealamh agus bonneagar leordhóthanach dea-oilte chun tacú go héifeachtach leis na straitéisí náisiúnta le haghaidh bainistiú comhtháite teorainneacha san Eoraip, i gcomhair gníomhaíochtaí um theorainn agus gníomhaíochtaí um fhilleadh araon, ba cheart do na Ballstáit na socruithe leordhóthanacha airgeadais agus oibríochtúla a chur ar bun faoi mhí an Mhárta 2024, lena n-áirítear maidir le cistí de chuid an Aontais a úsáid, chun a bpleananna forbartha cumais náisiúnta atá ann cheana a chur chun feidhme.
Ina theannta sin, chun a ráthú go mbeidh cumais choiteanna ar fáil amach anseo agus tar éis dó an forléargas ar na pleananna náisiúnta forbartha cumais a ullmhú, ní mór do Frontex treochlár cumais a ghlacadh chun tuilleadh treorach a thabhairt maidir le forbairt pearsanra agus trealaimh don Gharda Teorann agus Cósta Eorpach sna blianta amach romhainn lena áirithiú go mbeidh Frontex agus údaráis na mBallstát araon in ann a gcúraimí maidir le bainistiú teorainneacha agus filleadh a chomhlíonadh.
I dtreo an bhainistithe teorann is forbartha ar domhan
Is é teacht i bhfeidhm Chóras Faisnéise Schengen athnuaite i mí an Mhárta 2023 an bunús leis an gcóras bainistithe teorainneacha is forbartha ar domhan a bhunú. Leis an gcóras nuashonraithe, neartaítear bainistiú na dteorainneacha seachtracha agus cuirtear deiseanna breise ar fáil le haghaidh comhar oibríochtúil trasteorann laistigh de limistéar Schengen. Comhlíontar leis an mbaint amach sin ceann de na príomhchuspóirí a sainaithníodh i dtuarascáil 2022 ar Staid Schengen. Mar gheall ar fheidhmiúlachtaí méadaithe, is féidir daoine atá ag taisteal faoi chéannacht bhréagach a bhrath agus a ghabháil ar bhealach níos fearr anois.
Ní féidir leis na huirlisí nua barr a gcumais a bhaint amach ach amháin má chuireann gach Stát Schengen chun feidhme go hiomlán iad. Ina theannta sin, ní mór do na Ballstáit na feidhmiúlachtaí atá ann cheana a chur chun feidhme chun cothrom iomaíochta agus cómhalartacht iomlán a áirithiú laistigh den Aontas agus de limistéar Schengen. Go háirithe, léiríodh i meastóireachtaí Schengen 2022 nár chuir na Ballstáit uile na huirlisí agus na nósanna imeachta is gá i bhfeidhm chun a áirithiú go ndéanfar an fhaisnéis ábhartha uile, lena n-áirítear méarloirg agus grianghraif, a chur isteach i gCóras Faisnéise Schengen agus foláirimh á gcruthú nó inrochtana ag na húsáideoirí deiridh. Cuireann sé sin cosc ar phóilíní agus ar ghardaí teorann an duine atá faoi réir foláireamh a shainaithint go cruinn agus gníomhaíocht iomchuí a dhéanamh. Ina theannta sin, chuir meastóireachtaí 2022 chun suntais go bhfuil méadú ag teacht ar an úsáid a bhaineann na Ballstáit as an gCóras Aitheantais Uathoibrithe Méarlorg ach go bhféadfaí feabhas a chur air fós i roinnt Ballstát
. I gcás nach n-úsáidtear an córas go córasach, cruthaítear baol nach n-aimseofar daoine aonair atá faoi réir foláirimh agus atá ag baint úsáid as doiciméid chalaoiseacha.
In éineacht le córais TF eile ar mhórscála, le Córas Faisnéise Schengen beifear in ann taisteal go héasca ar fud limistéar Schengen agus, ag an am céanna, an leibhéal is airde slándála inmheánaí a ráthú agus imirce rialta agus neamhrialta a bhainistiú. Is príomhthosaíocht i gcónaí é an Córas Dul Isteach/Imeachta agus an Córas Eorpach um Fhaisnéis agus Údarú Taistil a chur chun feidhme. Dearbhaíodh i gConclúidí na Comhairle Eorpaí i mí Feabhra gur gá na córais sin a chur i bhfeidhm a luaithe is féidir chun rialú iomlán éifeachtach ar na teorainneacha seachtracha a áirithiú. Le bliain anuas, lean na Ballstáit, eu-LISA agus an Coimisiún de dhlús a chur lena n-iarrachtaí an struchtúr nua TF sin agus a idir-inoibritheacht a chur chun feidhme, as a n-eascraíonn an córas bainistithe teorainneacha is forbartha ó thaobh na teicneolaíochta de. Tá sé ríthábhachtach go ndéanfaidh eu-LISA agus na geallsealbhóirí ábhartha eile na bearta is gá laistigh de raon feidhme a bhfreagrachtaí chun tuilleadh moille a sheachaint, ar moille iad a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar chórais eile. Chuige sin, ní mór do eu-LISA an chomhpháirt lárnach chriticiúil den Chóras Dul Isteach/Imeachta atá in easnamh a chur ar fáil a luaithe is féidir chun go mbeidh na Ballstáit in ann a bhforbairtí teicniúla náisiúnta a thástáil agus an dul chun cinn atá déanta maidir leis an gcóras a úsáid a thástáil.
Iarrachtaí comhpháirteacha le haghaidh córas níos éifeachtaí de chuid an Aontais maidir le fillteacha
Tá forbairt tagtha ar an obair sa réimse sin le bliain anuas agus tá córas coiteann an Aontais maidir le fillteacha ag teacht chun cinn, i gcomhréir leis na gníomhaíochtaí tosaíochta a sainaithníodh i dtuarascáil 2022 ar Staid Schengen. Tá dul chun cinn maith á dhéanamh maidir le cur chun feidhme straitéis 2021 an Aontais maidir le filleadh deonach agus athimeascadh. In 2022, leanadh den treocht dhearfach maidir le fillteacha deonacha mar an rogha thosaíochta chun náisiúnaigh tríú tír nach bhfuil stádas dlíthiúil acu a chur ar ais, agus b’fhillteacha deonacha 56 % de na fillteacha uile a cuireadh chun feidhme. Bhí an treocht sin fós ann in ainneoin srianta a bhaineann le COVID-19 ar fhillteacha éigeantacha a bheith nach mór imithe ar ceal. Ó bhí mí Aibreáin 2022 ann, tá pacáistí caighdeánaithe á gcur ar fáil ag Frontex do na Ballstáit chun tacú le hathimeascadh na ndaoine atá ag filleadh ar a dtíortha tionscnaimh chun cur chuige comhleanúnach Eorpach a neartú tuilleadh. Tá páirt níos gníomhaí ag na Ballstáit sna Seirbhísí Comhpháirteacha Athimeasctha leis an nGníomhaireacht, agus tá Frontex ag leathnú an chumhdaigh gheografaigh chomh maith le raon feidhme na seirbhísí sin.
Mar sin féin, bhí líon iomlán na bhfillteacha éifeachtacha a rinneadh in 2022 fós íseal (thart ar 78 000) agus é á chur san áireamh gur iarradh ar thuairim is 420 000 náisiúnach tríú tír an tAontas agus limistéar Schengen a fhágáil in 2022. Cé go gcuireann an comhar le roinnt tríú tíortha maidir le hathligean isteach teorainn leis na féidearthachtaí chun fillteacha a dhéanamh, sna meastóireachtaí Schengen a rinneadh in 2022 athdhearbhaíodh an treocht a tugadh faoi deara le blianta beaga anuas, agus cuireadh béim ar na dúshláin leanúnacha a bhaineann le bacainní náisiúnta a chuireann bac ar éifeachtúlacht na nósanna imeachta um fhilleadh. Tá bacainní praiticiúla fós ann – acmhainn oibríochtúil teoranta, nósanna imeachta náisiúnta troma – rud a fhágann nach n-eisíonn na Ballstáit cinntí um fhilleadh go tapa d’imircigh neamhrialta. Cuireann sé sin isteach go mór ar na féidearthachtaí chun tús a chur leis na nósanna imeachta is gá agus chun daoine a chur ar ais go rathúil. Bíonn tionchar diúltach aige freisin ar bhreisluach Chóras Faisnéise Schengen nuashonraithe ós rud é go gcuireann sé teorainn leis an bhféidearthacht foláirimh maidir le filleadh a thabhairt isteach. Thairis sin, ní leor fós an comhar éifeachtach i measc gníomhaithe náisiúnta éagsúla i réimse an fhillte, rud a chruthaíonn bearnaí, droch-obair leantach agus neamhéifeachtúlachtaí nuair a chuirtear le chéile é leis an easpa córas comhtháite TF um bainistiú cásanna. Níl comhairleoireacht maidir le filleadh ar fáil go forleathan sna Ballstáit uile fós.
Mar gheall ar chastacht na bhfillteacha, is léir go bhfuil gá le comhar struchtúrtha, malartuithe rialta faisnéise, tosaíochtaí comhchoiteanna agus úsáid níos straitéisí acmhainní. Tá sé i gceist leis an Straitéis Oibríochtúil a bunaíodh le déanaí maidir le fillteacha níos éifeachtaí aghaidh a thabhairt ar an mbearna thábhachtach sin agus comhleanúnachas iarrachtaí na mBallstát a threisiú. Tá an Coimisiún ag iarraidh ar na Ballstáit uile leas iomlán a bhaint as an bplé, as an tacaíocht phraiticiúil agus as an gcomhar atá á fhorbairt tríd an Líonra Ardleibhéil um Fhilleadh agus tríd an gComhordaitheoir um Fhilleadh. Tá soláthar éifeachtach de chomhairleoireacht maidir le filleadh le coinneáil mar thosaíocht ar chlár oibre an Líonra Ardleibhéil chun a áirithiú go mbeidh comhairleoireacht maidir le filleadh ag gach Ballstát mar phróifíl ghairmiúil agus go mbeidh siad ar an eolas faoi na huirlisí agus na hoiliúintí uile atá ar fáil. Thairis sin, le linn an dara timthriall sin de chuid Schengen, ní mór don Líonra Ardleibhéil féachaint ar réitigh phraiticiúla ar na heasnaimh leanúnacha a sainaithníodh, lena gcuirfear le taithí agus le dea-chleachtais na mBallstát. Rannchuideoidh na meastóireachtaí Schengen atá le déanamh ó 2023 leis an obair sin trí thacú le creat coiteann a fhorbairt chun feidhmíocht i réimse an fhillte a mheasúnú.
Ina cháil mar eite oibríochtúil bheartas an Aontais um fhilleadh, tá ról ríthábhachtach ag Frontex ina leith sin. Is forbairt an-dearfach é an méadú leanúnach ar an líon fillteacha arna gcomhordú ag Frontex (31 % in 2022 i gcomparáid le 22 % in 2021 agus 17 % in 2020), go háirithe toisc go bhfuil sé nasctha le sciar méadaitheach de na fillteacha deonacha (+ 109 % in 2022 i gcomparáid le 2021). Saintréithe de chóras Eorpach éifeachtach iad na hoibríochtaí um fhilleadh, arna stiúradh ag Frontex, chuig an Albáin, chuig an Nigéir agus chuig an mBanglaidéis agus is gá dul i dteagmháil le tríú tíortha nua go fóill. Ba cheart don Ghníomhaireacht tacaíocht a thabhairt go fóill do na Ballstáit freisin i bhforbairt, i gcur chun feidhme agus i gcomhchuibhiú córas TF um bainistiú cásanna maidir le filleadh ar leibhéal an Aontais.
Beidh an baol ann go fóill nach n-éireoidh lenár bhfreagairt go dtí go mbeidh creat dlíthiúil treisithe agus níos éifeachtaí againn a fhágfaidh go mbeidh córas coiteann an Aontais níos láidre agus níos athléimní. Chuige sin, tá sé ríthábhachtach an obair ar an gComhshocrú maidir le hImirce agus Tearmann a thabhairt chun cinn, lena n-áirítear tús a chur leis an gcaibidlíocht maidir leis an Treoir athmhúnlaithe um Fhilleadh, chomh maith le comhar níos éifeachtaí le tríú tíortha.
|
Bosca 2. Fillteacha a dhéanamh níos éifeachtaí le Córas Faisnéise Schengen nuashonraithe
Cuideoidh teacht i bhfeidhm Chóras athnuaite Faisnéise Schengen i mí an Mhárta 2023 le dlús a chur le filleadh éifeachtach náisiúnach tríú tír atá faoi réir cinneadh um fhilleadh agus le faireachán a dhéanamh ar an bhforfheidhmiú. Tá sé de cheangal ar na Ballstáit anois foláirimh maidir le filleadh a uaslódáil i gCóras Faisnéise Schengen. Mar thoradh air sin, beidh sé níos éasca fillithe atá ag éalú le linn seiceálacha imirce agus teorann a bhrath, rud a chuideoidh freisin le gluaiseachtaí tánaisteacha fillithe a dhíspreagadh. Ina theannta sin, beidh sé níos éasca do na Ballstáit cinntí a chéile um fhilleadh a aithint go frithpháirteach toisc go mbeidh siad in ann a fheiceáil anois, trí Chóras Faisnéise Schengen, má eisíodh cinneadh um fhilleadh i mBallstát eile.
Mar chéim eile i dtreo córas coiteann an Aontais maidir le fillteacha, i mí an Mhárta 2023 d’eisigh an Coimisiún Moladh maidir le haitheantas frithpháirteach do chinntí um fhilleadh agus maidir le dlús a chur le fillteacha lena dtugtar treoir do na Ballstáit i ndáil le conas feabhas a chur ar éifeachtúlacht na nósanna imeachta um fhilleadh, lena n-áirítear trí aitheantas frithpháirteach a thabhairt do chinntí a chéile um fhilleadh. Tá an Coimisiún ar thús cadhnaíochta sa phlé domhain leis na Ballstáit maidir leis an Moladh a chur i ngníomh agus maidir leis na deiseanna nua a eascraíonn as teacht i bhfeidhm Chóras athnuaite Faisnéise Schengen. Trí phlé a dhéanamh ar ghnéithe éagsúla den Mholadh sa Ghrúpa Teagmhála maidir le Filleadh i mí an Mhárta, i Meitheal na Comhairle um Lánpháirtiú, Imirce agus Díbirt i mí Aibreáin, agus sa Choiste Straitéiseach um Inimirce, Teorainneacha agus Tearmann i mí na Bealtaine, rinne an Coimisiún agus na Ballstáit tuilleadh machnaimh ar dhea-chleachtais a chomhroinnt agus ar chéimeanna praiticiúla nithiúla breise a shainaithint. Mar chuid de chur chun feidhme na Straitéise Oibríochtúla, déanfaidh an Líonra Ardleibhéil um Fhilleadh, faoi chathaoirleacht an Chomhordaitheora um Fhilleadh, tuilleadh plé ar an tsaincheist i mí an Mheithimh.
|
Cosaint níos fearr do chearta bunúsacha le linn gníomhaíochtaí um theorainn agus um fhilleadh
Thar aon ní eile, ní mór don limistéar saoirse, slándála agus ceartais a bheith ina limistéar aonair ina gcosnaítear cearta agus saoirsí bunúsacha. D’athdhearbhaigh an tAontas agus na Ballstáit a dtiomantas buanseasmhach do bhainistiú éifeachtach agus sábháilte na dteorainneacha seachtracha agus do ghníomhaíochtaí um fhilleadh agus cearta bunúsacha á gcosaint acu an tráth céanna. Sa bheartas straitéiseach ilbhliantúil maidir le bainistiú comhtháite teorainneacha, leagadh béim ar an ngá atá ann go seasfaidh gach gníomhaí de chuid an Aontais agus gach gníomhaí náisiúnta leis na cearta bunúsacha go héifeachtach le linn gníomhaíochtaí um theorainn agus um fhilleadh, trí bhíthin struchtúir láidre chun rochtain ar chosaint idirnáisiúnta a ráthú, prionsabal an non-refoulement a urramú, agus dálaí leordhóthanacha a chur ar fáil sna cásanna eisceachtúla ina bhfuil gá le náisiúnaigh tríú tír a choinneáil i gcomhréir le dlí an Aontais. D’earcaigh Frontex 46 bhall de Lucht Faireacháin ar Chearta Bunúsacha in 2022. Le sásraí faireacháin náisiúnta um chearta bunúsacha, mar a mholtar faoin Rialachán um Scagadh, cuirtear feabhas ar thrédhearcacht agus ar chuntasacht ag teorainneacha an Aontais. Bhí an Chróit ar thús cadhnaíochta agus bhunaigh sí an chéad sásra faireacháin neamhspleách i mí an Mheithimh 2022, sásra a ndearnadh athnuachan air i mí na Samhna le gnéithe nua amhail cuairteanna gan réamhfhógra ar na teorainneacha glasa. Ar deireadh, léirigh meastóireachtaí in 2022 go bhfuil samplaí dearfacha ann d’ionaid coinneála a léiríonn cineál riaracháin na coinneála, cé go bhfuil gá fós le feabhas a chur ar dhálaí coinneála i roinnt Ballstát.
|
Bosca 3. Tosaíochtaí do bhainistiú teorainneacha agus don fhilleadh
1.Rialachas straitéiseach an bhainistithe chomhtháite teorainneacha san Eoraip a chur chun feidhme agus a chomhdhlúthú trí Straitéis Theicniúil agus Oibríochtúil Frontex a bhunú faoi mhí Mheán Fómhair 2023 agus straitéisí náisiúnta na mBallstát a ailíniú faoi mhí an Mhárta 2024.
2.An rialachas náisiúnta le haghaidh bainistiú teorainneacha agus filleadh a neartú agus próisis straitéiseacha a chomhordú amhail cumais Eorpacha agus náisiúnta a phleanáil maidir le rialú teorann agus filleadh, agus leas iomlán á bhaint as an tacaíocht ón Aontas a chuirtear ar fáil, lena n-áirítear tríd an Líonra Ardleibhéil um Fhilleadh agus tríd an gComhordaitheoir um Fhilleadh.
3.Cáilíocht na seiceálacha teorann agus an fhaireachais teorann a mhéadú trí líon leordhóthanach ball foirne oilte, nósanna imeachta éifeachtúla, úsáid leordhóthanach córas faisnéise agus comhar feabhsaithe le tríú tíortha a sholáthar.
4.Feasacht staide Eorpach agus náisiúnta a fheabhsú trí anailís riosca agus malartú faisnéise a chur chun feidhme laistigh den chreat Eorpach um fhaireachas ar theorainneacha.
5.Cinntí um fhilleadh a eisiúint go córasach do náisiúnaigh tríú tír nach bhfuil aon cheart fanachta acu, agus obair leantach iomchuí a sholáthar maidir lena gcur chun feidhme, bealaí éalaithe atá ann cheana idir tearmann agus filleadh a dhúnadh agus córais TF um bainistiú cásanna um fhilleadh a chur i bhfeidhm.
6.Leas iomlán a bhaint as feidhmiúlachtaí nua Chóras Faisnéise Schengen maidir le filleadh chun feabhas a chur ar an úsáid a bhaintear as aitheantas frithpháirteach a thabhairt do chinntí um fhilleadh agus chun an leas is fearr is féidir a bhaint as na féidearthachtaí faoin Moladh ón gCoimisiún maidir le haitheantas frithpháirteach do chinntí um fhilleadh agus maidir le dlús a chur le fillteacha.
|
Deireadh a chur de réir a chéile le rialuithe teorann inmheánaí fadtréimhseacha
Tá gá le cur chuige coiteann comhordaithe i limistéar Schengen chun aghaidh a thabhairt ar chásanna a bhfuil baol ann go mbeadh tionchar suntasach acu ar shlándáil agus ar fholláine chónaitheoirí an Aontais. Cé go bhféadfar rialuithe teorann inmheánaí arna dtabhairt isteach an athuair go sealadach a chur chun feidhme i gcúinsí eisceachtúla, ní féidir leis sin an prionsabal féin nach mbeidh ann d’aon rialú teorann inmheánaí a chur i mbaol. Ní mór eisceachtaí ón gceart sin agus maoluithe ón gceart sin a léirmhíniú go docht nuair is gá freagairt do bhagairt thromchúiseach ar an mbeartas poiblí nó ar an tslándáil inmheánach. An phríomhthosaíocht sin a leagtar amach sa chéad tuarascáil ar Staid Schengen, rinneadh céimeanna suntasacha chun í a chur chun feidhme. Mar sin féin, tá obair shuntasach fós le déanamh chun a áirithiú nach n-úsáidfear rialuithe teorann inmheánaí ach mar rogha dheiridh.
Le bliain anuas, chuaigh na Ballstáit i muinín rialuithe teorann inmheánaí a thabhairt isteach an athuair nó a fhadú 28 n-uaire, agus baineann 19 de na hócáidí sin le síneadh a chur leis na rialuithe teorann inmheánaí atá ann cheana agus atá i bhfeidhm ó bhí 2015 ann. Ó bhí mí Dheireadh Fómhair 2022 ann, tá an Comhordaitheoir Schengen i ndlúth-idirphlé leis an Ostair, leis an Danmhairg, leis an bhFrainc, leis an nGearmáin, leis an Iorua agus leis an tSualainn, chomh maith leis na Ballstáit a ndéanann na rialuithe sin difear dóibh. D’fhonn treochlár a fhorbairt chun imeacht ó rialuithe teorann inmheánaí a luaithe is féidir, eagraíodh sraith cruinnithe déthaobhacha, tríthaobhacha agus iltaobhacha chun tuiscint níos fearr a fháil ar chineál na mbagairtí ar thug na sé thír sin fógra fúthu, agus chun bearta malartacha níos spriocdhírithe agus níos éifeachtaí a shainaithint chun dul i ngleic leo. Agus deireadh á chur le rialuithe ina dhiaidh sin ag an Ostair agus ag an tSeicia ag an teorainn leis an tSlóvaic, agus ag an Danmhairg ag an teorainn leis an tSualainn, léirítear go bhfuil bearta malartacha den sórt sin ar fáil agus léirítear luach an idirphlé agus an mhalartaithe dea-chleachtas.
Tugadh le fios sna cruinnithe sin freisin go bhfuil na Ballstáit fós ag tabhairt aghaidh ar bhagairtí tromchúiseacha ar a slándáil inmheánach agus ar a mbeartas poiblí ar gá gníomhaíocht a dhéanamh ina leith. Thairis sin, tá éagsúlacht shuntasach idir na rialuithe teorann inmheánaí faoina dtugtar fógra a mhéid a bhaineann lena ndéine, agus is minic a chomhlánaíonn siad na bearta eile a dhéantar chun aghaidh a thabhairt ar na bagairtí a sainaithníodh. Mar shampla, déanann roinnt Ballstát patróil thríthaobhacha traenach, amhail ar naisc traenach idir an Ostair, an Ghearmáin agus an Ungáir, agus idir an Ostair, an Iodáil agus an Ghearmáin, agus tá patróil chomhpháirteacha bunaithe ag Ballstáit eile. Tá líonra um chomhar póilíneachta bunaithe ag an Ostair, ag an gCróit agus ag an tSlóivéin le comhpháirtithe sna Balcáin Thiar, rud a chuidíonn le cosc a chur ar imircigh neamhrialta a theacht isteach sa réigiún sin agus a chuidíonn, dá réir sin, le haghaidh a thabhairt ar cheann de na forais athfhillteacha le haghaidh na rialuithe teorann a thabhairt isteach an athuair. I gcás na Danmhairge, déantar rialuithe ar bhonn córas aitheantais uimhirphlátaí arna chur chun feidhme ag údaráis na Danmhairge ag an teorainn talún leis an nGearmáin, rud a thugann deis rialuithe spriocdhírithe a dhéanamh ar fheithiclí sonracha amhrasta, in áit rialuithe córasacha teorann. Mar thoradh ar an gcomhar trasteorann feabhsaithe a cuireadh ar bun idir an Ostair agus an tSeicia, cuireadh deireadh lena rialuithe teorann leis an tSlóvaic i mí Feabhra 2023. Má leathnaítear chuig gach cuid ábhartha den teorainn na dea-chleachtais sin a bhaineann le comhar póilíneachta trasteorann, ba cheart a bheith mar thoradh air sin go gcuirfear bearta malartacha in ionad na rialuithe teorann inmheánaí atá ann cheana, rud a d’fhágfadh go bhféadfaí ardleibhéal slándála a áirithiú ar fud chríoch Schengen ina iomláine.
|
Bosca 4. Forbairtí maidir le rialuithe teorann inmheánaí
Idir mí Aibreáin agus mí na Bealtaine 2023, thug an Ostair, an Danmhairg, an Fhrainc, an Ghearmáin, an Iorua agus an tSualainn fógra don Choimisiún maidir le rialuithe teorann inmheánaí a thabhairt isteach an athuair ar feadh sé mhí (ó dheireadh mhí Aibreáin/lár mhí na Bealtaine go deireadh mhí Dheireadh Fómhair/lár mhí na Samhna 2023).
Ar thaobh amháin, léiríonn na fógraí sin na hiarrachtaí a rinne na Ballstáit sin le cúpla mí anuas chun tionchar na rialuithe ar fheidhmiú na saorghluaiseachta a theorannú.
Go háirithe, chuir roinnt Ballstát deireadh lena rialuithe ar chodanna áirithe den teorainn nó tá siad i mbun bearta a dhéanamh a d’fhéadfadh deireadh a chur leis na rialuithe go luath amach anseo. Mar shampla, níl rialuithe teorann anois ag an Danmhairg ach lena teorainneacha leis an nGearmáin, áit a ndéantar rialuithe mar spotseiceálacha, agus chuir sí deireadh leis na rialuithe ag an teorainn leis an tSualainn. Thairis sin, tá coinne ag an gCoimisiún leis go bhfágfaidh teacht i bhfeidhm dlí náisiúnta nua de chuid na Sualainne atá beartaithe i mí Lúnasa 2023 agus lena gceadaítear seiceálacha póilíneachta sna limistéir teorann, i gcomhréir le Moladh 2017/820 ón gComhairle an 12 Bealtaine 2017, go mbeifear in ann aghaidh a thabhairt ar na bagairtí a sainaithníodh gan gá a bheith ann le rialuithe teorann inmheánaí a thabhairt isteach an athuair.
Ina theannta sin, mar a leagtar amach thuas, mhínigh roinnt Ballstát ina bhfógraí na bearta malartacha úsáideacha a thosaigh siad á gcur chun feidhme, agus tá sé curtha in iúl acu go ndéanfaidh siad a ndícheall iad a fheabhsú a thuilleadh. Tá an Coimisiún réidh chun cabhrú leis na Ballstáit uile lena mbaineann bearta malartacha a fhorbairt tuilleadh, chun cuidiú leis an tionchar ar na naisc shocheacnamaíocha trasteorann a theorannú agus chun deireadh a chur leis na rialuithe a éascú.
Ar an taobh eile, tá gá le tuilleadh faisnéise ó na Ballstáit uile chun tuiscint níos fearr a fháil ar na cúiseanna atá leis na cinntí a rinneadh, ar thionchar iarbhír na rialuithe teorann arna dtabhairt isteach an athuair, agus ar na bearta malartacha a d’fhéadfadh cabhrú chun aghaidh a thabhairt ar na bagairtí sonracha atá os comhair na mBallstát sin faoi láthair. Ba cheart go gcuirfeadh sé sin ar chumas an Choimisiúin measúnú a dhéanamh ar a mhéid is féidir a mheas gur forais nua iad na bagairtí a chuireann na Ballstáit chun cinn, i gcomparáid leis na forais a cuireadh chun cinn roimhe seo, agus an bhfuil na rialuithe teorann a tugadh isteach an athuair mar fhreagairt ar na bagairtí sin riachtanach agus comhréireach. Sa chomhthéacs sin, tugann an Coimisiún dá aire gur faisnéis íogair í faisnéis áirithe a bhaineann leis na bagairtí slándála, rud a chuireann cosc ar na Ballstáit lena mbaineann an fhaisnéis sin a roinnt leis an bpobal.
Sin an fáth a seolfaidh an Coimisiún próiseas foirmiúil comhairliúcháin faoi Airteagal 27 de Chód Teorainneacha Schengen leis na Ballstáit uile lena mbaineann, lena gcuirfear leis an idirphlé cuiditheach a tharla go dtí seo. Sa phróiseas comhairliúcháin sin, tabharfaidh an Coimisiún aird chuí ar aon tuairimí arna gcur in iúl ag na Ballstáit a ndéanann na rialuithe reatha difear dóibh. Go háirithe, fuair an Coimisiún tuairim ón tSlóivéin an 26 Aibreán 2023 maidir le rialuithe a thabhairt isteach an athuair ag teorainn na hOstaire/na Slóivéine a bheidh mar ábhar do na comhairliúcháin leis an Ostair. I gcás ina ndeimhnítear leis na comhairliúcháin sin go gcuireann na Ballstáit síneadh leis na rialuithe teorann inmheánaí ar bhealach nach bhfuil riachtanach agus comhréireach, agus nach bhfuil bunaithe ar bhagairt thromchúiseach nua a bheith ann a dhéanann difear don bheartas poiblí nó don tslándáil inmheánach, tá an Coimisiún réidh chun leas a bhaint as na modhanna dlíthiúla atá ar fáil dó.
Ar deireadh, cuireann an Coimisiún i bhfios go láidir go bhfuil limistéar Schengen lánfheidhmiúil ríthábhachtach do shaoránaigh an Aontais agus molann sé do na Ballstáit faireachán leanúnach a dhéanamh ar éabhlóid na mbagairtí sainaitheanta agus na torthaí sin a léiriú sna bearta a chuirtear i bhfeidhm.
|
4.Leas iomlán a bhaint as acmhainneacht Schengen le haghaidh limistéar sábháilte agus slán saorghluaiseachta
Is iad an gháinneáil ar dhaoine, ar dhrugaí agus ar airm thine, an chibearchoireacht agus an sceimhlitheoireacht na príomhbhagairtí i gcónaí ar shlándáil inmheánach limistéar Schengen. Baineann costas ollmhór eacnamaíoch agus pearsanta don tsochaí leis an gcoireacht eagraithe. Meastar gurb é an caillteanas eacnamaíoch i ngeall ar choireacht eagraithe agus an t-éilliú idir EUR 218 billiún agus EUR 282 billiún in aghaidh na bliana.
An choireacht eagraithe a chomhrac
Tá méadú nach bhfacthas riamh roimhe seo ar dhrugaí aindleathacha atá le fáil san Eoraip atá ar na leibhéil is airde riamh, go háirithe i gcás cócaon ó Mheiriceá Theas. Cé go bhfuil formhór mór na trádála a dhéantar trí chalafoirt an Aontais – bonneagar criticiúil lena n-áirithítear feidhmiú rianúil an mhargaidh inmheánaigh – dlisteanach, baintear leas as calafoirt freisin chun earraí neamhdhleathacha a aistriú isteach san Aontas agus tá siad leochaileach ó thaobh insíothlú líonraí coiriúla. Mar gheall ar líon na gcoimeádán (os cionn 90 milliún) a láimhseáiltear gach bliain, agus an céatadán íseal (idir 2 agus 10 %) is féidir a iniúchadh go fisiciúil, tá sé thar a bheith dúshlánach earraí aindleathacha a bhrath
. Leis an ngáinneáil ar dhrugaí, meastar go ngintear ioncam bliantúil de EUR 30 billiún san Aontas Eorpach. Tá iarmhairtí forleathana agus díchobhsaitheacha ag insíothlú coirpeach sa gheilleagar dlíthiúil agus sa chreatlach shóisialta don tsochaí, don smacht reachta agus don mhuinín as údaráis phoiblí. Tá an Coimisiún ag féachaint ar thionscnaimh bheartais nua a d’fhéadfadh a bheith ann maidir le líonraí coiriúla agus gáinneáil ar dhrugaí a dhíchur faoi chuimsiú Straitéis Drugaí an Aontais Eorpaigh agus Phlean Gníomhaíochta an Aontais Eorpaigh maidir le drugaí 2021 – 2025.
|
Bosca 5. Meastóireacht théamach Schengen ar gháinneáil ar dhrugaí
I gcomhréir le clár meastóireachta bliantúil Schengen don bhliain 2023
, tá meastóireacht théamach á déanamh in 2023 i réimse an chomhair póilíneachta, lena sainaithnítear dea-chleachtais na mBallstát a bhfuil dúshláin chomhchosúla os a gcomhair maidir le gáinneáil ar dhrugaí chuig an Aontas a chomhrac, go háirithe gáinneáil ar mhéideanna móra drugaí.
Déanfar measúnú ar chumais náisiúnta na mBallstát i réimse an chomhair póilíneachta, chosaint na dteorainneacha seachtracha agus bhainistiú na gcóras TF. Díreofar go príomha ar chomhar póilíneachta mar a sainaithníodh le acquis Schengen, rud a chiallaíonn an méid seo a leanas: comhroinnt faisnéise chun cionta coiriúla a chosc agus a bhrath idir gníomhaireachtaí ábhartha um fhorfheidhmiú an dlí (lena n-áirítear custaim) ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal Eorpach/idirnáisiúnta; comhar agus comhordú gníomhaíochtaí oibríochtúla trasteorann (amhail faireachas, seachadtaí rialaithe agus oibríochtaí comhpháirteacha); díriú ar chalafoirt agus anailís riosca; acmhainní daonna agus oiliúint; straitéisí frith-éillithe agus faisnéis mhuirí choiriúil. Táthar ag súil leis na torthaí thart ar dheireadh 2023 agus cuirfear na torthaí sin faoi bhráid Chomhairle Schengen i mí an Mhárta agus faoi bhráid Fhóram Schengen go luath in 2024.
|
Baineann grúpaí coireachta eagraithe úsáid as foréigean míchuibheasach, éilliú agus imeaglú. Cuireann an rochtain éasca agus shaor ar airm thine i roinnt tíortha go mór leis an ngáinneáil aindleathach ar airm thine ar fud an Aontais. Le linn 2022, tá measúnú á dhéanamh ag an gCoimisiún ar reachtaíocht náisiúnta chun cur chuige aonfhoirmeach a áirithiú maidir le fáil agus seilbh arm a rialú, chomh maith le malartú leordhóthanach faisnéise agus inrianaitheacht arm tine, chun an baol go n-atreorófar chuig margaí neamhdhleathacha é a laghdú.
Cur isteach ar shamhlacha gnó na gcoirpeach eagraithe
Chun grúpaí coiriúla a oibríonn lasmuigh de theorainneacha Schengen a chomhrac, is gá oibriú le chéile, gníomhaíocht a thabhairt le chéile ar fud na dtíortha tionscnaimh, idirthurais agus cinn scríbe, acmhainní a chomhthiomsú agus iarrachtaí a chomhordú.
Tá an tArdán Eorpach Ildisciplíneach i gCoinne Bagairtí Coiriúla (EMPACT) anois ar an bpríomhionstraim i gcomhrac an Aontais i gcoinne na coireachta eagraithe. Cuirtear beagnach 300 gníomh oibríochtúil chun feidhme gach bliain mar chuid d’iarracht chomhoibríoch chun an pictiúr d’fhaisnéis choiriúil a chruthú, imscrúduithe a dhéanamh agus freagairt bhreithiúnach éifeachtach a áirithiú. In 2022 amháin, tuairiscíodh go ndearnadh os cionn 10 000 gabháil agus go ndearnadh urghabhálacha arbh fhiú EUR 269 milliún iad de bharr na ngníomhaíochtaí comhpháirteacha sin, rud a léirigh tionchar suntasach an chreata sin, a bhuí le rannpháirtíocht mhéadaithe na mBallstát agus na gcomhpháirtithe. Chun tacú leis na hiarrachtaí sin, leithdháileadh EUR 15,7 milliún ar na Ballstáit in 2022 tríd an gCiste Slándála Inmheánaí chun tuilleadh tacaíochta a thabhairt do thionscadail agus do ghníomhaíochtaí laistigh de EMPACT.
Le sainordú feabhsaithe Europol, tá leibhéal nua bainte amach ag an gcomhrac i gcoinne na coireachta tromchúisí agus eagraithe san Eoraip. Leis an sainordú treisithe sin, tugtar cumhacht don Ghníomhaireacht a mholadh do na Ballstáit faisnéis ó thíortha nach Ballstáit den Aontas iad nó ó eagraíochtaí idirnáisiúnta maidir le daoine atá faoi dhrochamhras agus coirpigh a iontráil i gCóras Faisnéise Schengen. De bharr faisnéis a sholáthair comhpháirtithe seachtracha, chuir Europol dlús le próiseáil liostaí tríú tíortha de throdaithe eachtracha sceimhlitheoireachta d’fhonn iad a iontráil i gCóras Faisnéise Schengen. Tá gá le tuilleadh iarrachtaí chun Europol a athrú ó mhol faisnéise coiriúla an Aontais go dtí an t-ardán réamhshocraithe le haghaidh réitigh phóilíneachta Eorpacha. Leis an athbhreithniú ar Straitéis Europol 2020+, tugtar deis chun leas iomlán a bhaint as sainordú treisithe agus as acmhainní Europol chun freagairt do na riachtanais atá ag méadú maidir lena n-úsáid gníomhach sna Ballstáit, agus chun rannchuidiú Europol leis an tslándáil i limistéar Schengen a threisiú.
Malartú Faisnéise
Is réamhchoinníoll é malartú sonraí agus faisnéise ábhartha idir údaráis náisiúnta um fhorfheidhmiú an dlí chun comhar éifeachtach a dhéanamh maidir le coireacht trasteorann a chosc, a bhrath agus a imscrúdú. Le Córas Faisnéise Schengen, arb é an córas comhroinnte faisnéise is mó úsáid agus is mó le haghaidh na slándála agus bainistiú teorainneacha san Eoraip é, tugtar rochtain fíor-ama d’údaráis na mBallstát ar fhaisnéis chriticiúil, amhail foláirimh maidir le daoine a bhfuiltear sa tóir orthu, daoine ar iarraidh, feithiclí goidte, agus doiciméid chaillte nó ghoidte. Tá ról ríthábhachtach ag Pointí Teagmhála Aonair comhtháite náisiúnta, arb iad an t-údarás lárnach atá freagrach as comhar idirnáisiúnta póilíneachta, i ndáil leis sin. Le bliain anuas, tugadh faoi deara forbairtí dearfacha le líon méadaithe Ballstát a bhfuil cur chuige ilghníomhaireachta á chur chun feidhme acu ina sanntar ionadaithe ó eintitis éagsúla um fhorfheidhmiú an dlí (póilíní, custaim, gardaí teorann) do Phointe Teagmhála Aonair. D’fhéadfaí feabhas a chur ar réimsí áirithe fós, go háirithe maidir le sreabhadh éifeachtach agus éifeachtúil faisnéise, rochtain dhíreach agus sholáimhsithe ar na bunachair sonraí ábhartha uile, chomh maith leis an gcóras bainistithe cásanna comhtháite agus uathoibrithe.
Tá coinne leis go nglacfar an Treoir nua maidir le Malartú Faisnéise idir údaráis um fhorfheidhmiú an dlí sna seachtainí amach romhainn. Cuireann sé uirlisí níos fearr ar fáil d’údaráis um fhorfheidhmiú an dlí chun coireacht a chosc, a bhrath agus a imscrúdú, trí shreabhadh éifeachtach tráthúil faisnéise a áirithiú ar fud an Aontais. Bunaítear leis an Treoir freisin rialacha maidir le comhdhéanamh an Phointe Teagmhála Aonair náisiúnta, oiliúint foirne, agus déantar foráil maidir le Feidhmchlár Líonra um Malartú Slán Faisnéise (SIENA) Europol a úsáid mar réamhshocrú, rud a threisíonn ról Europol mar mhol faisnéise an Aontais Eorpaigh um fhorfheidhmiú an dlí. Tugtar aghaidh sa Treoir freisin ar na heasnaimh ar an leibhéal náisiúnta a sainaithníodh le linn mheastóireachtaí Schengen i réimse an chomhair póilíneachta.
Ghlac an Chomhairle a sainordú caibidlíochta maidir le togra Prüm II
i mí an Mheithimh 2022, agus tá sé práinneach anois go leanfaidh Parlaimint na hEorpa de mhalartú faisnéise idir na Ballstáit a threisiú. I gcomhréir leis an ngealltanas a tugadh i dtuarascáil 2022 ar Staid Schengen, ghlac an Coimisiún na tograí maidir le Réamhaisnéis faoi Phaisinéirí
i mí na Nollag 2022, ar tograí iad lena bhforáiltear do bhailiú sonraí maidir le heitiltí áirithe laistigh den Aontas chun críocha fhorfheidhmiú an dlí, chomh maith le comhphróiseáil sonraí a chumasú chun an choireacht thromchúiseach agus an sceimhlitheoireacht a chomhrac go héifeachtach. Mar fhreagairt ar riachtanais oibríochtúla arna gcur in iúl ag na Ballstáit chun sonraí paisinéirí ó mhodhanna eile iompair a phróiseáil, seolfaidh an Coimisiún dhá staidéar ar shonraí muirí agus ar riachtanais um fhorfheidhmiú an dlí i dtaca le hiompar d’iarnród agus de bhóthar chun measúnú a dhéanamh ar riachtanas, comhréireacht agus indéantacht theicniúil na próiseála sonraí sin. Chun cur le cumas na dTíortha Comhlachaithe Schengen sonraí Taifid Ainmneacha Paisinéirí a phróiseáil agus, dá réir sin, frithbhagairtí slándála comhroinnte a dhéanamh, molfaidh an Coimisiún go gcuirfear tús leis an gcaibidlíocht maidir le comhaontuithe idirnáisiúnta lena bhféadfar na sonraí sin a aistriú ón Aontas.
Sa ré dhigiteach, baineann beagnach gach imscrúdú coiriúil le teicneolaíocht agus uirlisí a mbaintear mí-úsáid astu freisin chun críocha coiriúla, rud a fhágann go bhfuil sé dúshlánach forfheidhmiú éifeachtach an dlí a choinneáil ar bun. Tá baol ann go mbeidh coirpigh ‘ag gníomhú faoi cheilt’ agus go gcruthóidh siad tearmainn shábháilte ar líne de shaoirse ó phionós. Chun aghaidh a thabhairt air sin, bunóidh an Coimisiún Sainghrúpa Ardleibhéil maidir le rochtain ar shonraí ar mhaithe le forfheidhmiú éifeachtach an dlí, i gcomhar le hUachtaránacht na Comhairle. Déanfaidh an grúpa iniúchadh ar na fadhbanna a bhíonn ag cleachtóirí um fhorfheidhmiú an dlí agus molfaidh sé réitigh chun rochtain ar shonraí a áirithiú agus chun slándáil a fheabhsú sa ré dhigiteach.
An comhar oibríochtúil trasteorann a uasmhéadú
Tá comhar trasteorann i bhforfheidhmiú an dlí ríthábhachtach chun aghaidh a thabhairt go comhpháirteach ar bhagairtí slándála agus chun dea-fheidhmiú limistéar Schengen a áirithiú. Tá an leibhéal méadaithe comhair sin ina bhunchloch do ghníomhaíochtaí na mBallstát agus d’éirigh leis an gcuid is mó díobh gan dul i muinín rialuithe teorann inmheánaí.
Ó cuireadh an chéad tuarascáil ar Staid Schengen i láthair, tá gníomhaíocht chomhpháirteach á déanamh ag na Ballstáit chun réaltacht oibríochtúil a dhéanamh de Mholadh mhí an Mheithimh 2022 ón gComhairle maidir le comhar oibríochtúil i bhforfheidhmiú an dlí atá ar cheann de na príomhghníomhaíochtaí tosaíochta a shainaithnítear i dtuarascáil 2022 ar Staid Schengen. Ag cur leis an malartú dea-chleachtas maidir le patróil chomhpháirteacha ag an gceardlann a d’eagraigh Uachtaránacht na Seice ar an gComhairle agus an Coimisiún i mí na Nollag 2022, tá roinnt Ballstát ag obair chun patróil chomhpháirteacha a mhéadú lena gcomharsana. Le ceardlanna breise den sórt sin cothófar comhar i measc cleachtóirí um fhorfheidhmiú an dlí. Tá dul chun cinn déanta freisin chun aghaidh a thabhairt ar bhacainní dlíthiúla agus praiticiúla a chuireann bac ar na Ballstáit leas iomlán a bhaint as acmhainneacht an Mholta ón gComhairle. Chuidigh tionscadail atá maoinithe ag an Aontas leis na Ballstáit stáisiúin phóilíneachta chomhpháirteacha a chur ar bun, oiliúint chomhpháirteach a chur ar fáil maidir le nósanna imeachta oibríochtúla éagsúla na mBallstát comharsanachta i bpatróil chomhpháirteacha nó i gcineálacha eile oibríochtaí comhpháirteacha agus anailís chomhpháirteach réigiúnach maidir le rioscaí coireachta a ullmhú lena bhféadfar díriú níos fearr ar phatróil chomhpháirteacha agus oibríochtaí comhpháirteacha. Cuirfidh an Coimisiún cistiú breise ar fáil in 2023 chun dlús a chur leis an gcomhar sin. Mar léiriú ar an ngealltanas sin, léiríodh i meastóireachtaí Schengen a rinneadh in 2022 méadú suntasach ar fheasacht i dtaobh ionstraimí an Aontais agus a n-úsáid le haghaidh comhar oibríochtúil póilíneachta. I roinnt limistéar teorann laistigh den Aontas, bíonn cruinnithe comhphleanála rialta, oiliúint chomhchoiteann, agus patróil chomhpháirteacha á ndéanamh ar bhonn anailísí riosca comhchoiteanna réigiúnacha.
Mar sin féin, tá scóip nach beag ann chun feabhas breise a chur ar an gcomhar trasteorann i measc na n-údarás um fhorfheidhmiú an dlí i limistéar Schengen, mar a léirítear i meastóireachtaí Schengen. Go háirithe, is gá próiseas a thionscnamh chun athbhreithniú a dhéanamh ar na comhaontuithe déthaobhacha agus iltaobhacha idir na Ballstáit maidir le comhar póilíneachta ionas go gcomhlíonfaidh siad na riachtanais oibríochtúla atá ann faoi láthair.
Tá an-chuid dea-chleachtas i roinnt Ballstát maidir le comhar oibríochtúil póilíneachta ar féidir le Ballstáit eile úsáid a bhaint astu. Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún sainghrúpa a chur ar bun chun saineolas a mhalartú agus comhordú a dhéanamh i measc na mBallstát chun comhar póilíneachta a fheabhsú lena bhfuil cistiú tiomnaithe suntasach ar fáil in 2024 agus in 2025 chun dlús a chur le cur chun feidhme dea-chleachtas i mBallstáit eile. Chuirfeadh obair an tsainghrúpa freisin leis an measúnú ón gCoimisiún ar chur chun feidhme an Mholta thuasluaite ón gComhairle atá le cur i gcrích faoi 2024.
Aghaidh a thabhairt ar an ngá atá le malartú méadaithe sonraí pearsanta agus urraim do chosaint sonraí pearsanta á háirithiú an tráth céanna
Tá sé ríthábhachtach cosaint sonraí a urramú chun a áirithiú go mbeidh an chosaint is gá a thabhairt do shonraí pearsanta ag gabháil le taisteal laistigh de limistéar Schengen. Na daoine sin a bhainistíonn agus a úsáideann córais faisnéise amhail Córas Faisnéise Schengen, an Córas Faisnéise Víosaí agus, go luath amach anseo, an Córas Dul Isteach/Imeachta agus ETIAS, ní mór dóibh a áirithiú go n-urramaítear ceanglais cosanta sonraí sa chleachtas agus go ndéantar faireachán rialta ar chomhlíonadh. Deimhníodh i meastóireachtaí Schengen a rinneadh in 2022 nach amhlaidh an cás i gcónaí. Thairis sin, is minic nach gcuirtear dóthain acmhainní daonna agus airgeadais ar fáil do na húdaráis um chosaint sonraí chun cur ar a gcumas comhairle a chur ar na heintitis sin agus maoirseacht chuimsitheach a dhéanamh ar dhlíthiúlacht na próiseála sonraí pearsanta sna córais faisnéise. Ar deireadh, léirigh meastóireachtaí freisin nach mór do roinnt Ballstát fós cumhachtaí ceartaitheacha éifeachtacha i leith na n-údarás um fhorfheidhmiú an dlí a thabhairt d’údaráis um chosaint sonraí.
|
Bosca 6. Tosaíochtaí le haghaidh limistéar Schengen atá sábháilte agus níos sláine
1.An Moladh ón gComhairle maidir le comhar oibríochtúil póilíneachta a chur i ngníomh go hiomlán, trí thacaíocht agus comhordú a thabhairt do shainghrúpa a mbeidh glacadh dea-chleachtas i mBallstáit eile mar thoradh air.
2.An Treoir maidir le malartú faisnéise a thrasuí go hiomlán agus a chur chun feidhme go héifeachtach chun sreabhadh rianúil, éifeachtach agus tráthúil faisnéise a áirithiú idir údaráis um fhorfheidhmiú an dlí ar fud an Aontais.
3.Na Pointí Teagmhála Aonair náisiúnta uile a chur ar bun agus/nó a uasghrádú a mbeidh córais éifeachtacha um bainistiú cásanna iontu chun faisnéis a mhalartú.
4.Rialachas náisiúnta a neartú chun leas iomlán a bhaint as an tacaíocht a chuirtear ar fáil ar leibhéal an Aontais, lena n-áirítear trí Europol, trí thosaíochtaí soiléire náisiúnta a leagan síos i gcomhréir le measúnuithe ar bhagairtí náisiúnta agus Eorpacha agus trí na struchtúir chomhordúcháin is gá a chur ar bun.
5.Faireachán ar gháinneáil ar dhrugaí thar theorainneacha seachtracha a mhéadú, trí fheabhas a chur ar chomhroinnt faisnéise, ar anailís choiteann riosca, ar phróifíliú agus ar chomhar éifeachtach idir gníomhaireachtaí um fhorfheidhmiú an dlí, custaim agus rialaithe teorann sna Ballstáit agus sna tíortha comhpháirtíochta ábhartha, agus le gníomhaireachtaí an Aontais. Faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme na ndea-chleachtas molta a shainaithneofar trí mheastóireacht théamach leanúnach Schengen ar chumais na mBallstát gáinneáil drugaí isteach san Aontas a chomhrac.
6.Uirlisí agus feidhmiúlachtaí Chóras Faisnéise Schengen a chur chun feidhme go héifeachtúil, cloí le nósanna imeachta comhchuibhithe, acmhainní leordhóthanacha a áirithiú, lena n-áirítear do na húdaráis cosanta sonraí.
7.Treoir an Aontais maidir le hAirm Thine a thrasuí go hiomlán agus a chur chun feidhme go héifeachtach chun inrianaitheacht arm tine a mhéadú agus chun faisnéis a mhalartú ar bhealach níos fearr idir údaráis um fhorfheidhmiú an dlí.
|
5.Príomhghníomhaíochtaí maidir leis an ngné sheachtrach chun aghaidh a thabhairt ar an imirce neamhrialta agus ar rioscaí slándála: Cur chuige straitéiseach maidir le beartas víosaí an Aontais
Tá comhbheartas víosaí an Aontais ina dhlúthchuid de Schengen agus tá sé ar cheann de na huirlisí is tábhachtaí chun aghaidh a thabhairt ar rioscaí slándála agus ar dhúshláin imirce neamhrialta i limistéar Schengen.
Mar sin féin, tá sé léirithe leis an bhfaireachán rialta a dhéantar ar na córais taistil gan víosa atá ag an Aontas le tríú tíortha, go háirithe tíortha i gcomharsanacht an Aontais, go bhfuil dúshláin thábhachtacha fós ann i ndáil leis sin. Baineann siad sin go háirithe le sreabha imirce neamhrialta a tharlaíonn toisc nach bhfuil beartas víosaí na dtíortha sin ailínithe le beartas víosaí an Aontais, leis an méadú ar iarratais ar thearmann gan bhunús ó náisiúnaigh tíortha atá díolmhaithe ó cheanglas víosaí, chomh maith le feidhmiú scéimeanna saoránachta d’infheisteoirí a d’fhéadfadh a bheith rioscúil, lena gcumasaítear rochtain gan víosa ar an Aontas do náisiúnaigh tríú tír a mbeadh víosaí ag teastáil uathu murach sin.
Ní mór uirlisí iomchuí a bheith ag an Aontas chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin sin agus chun na rioscaí sin a chosc. I bhfianaise na ndúshlán thuasluaite, d’fhéadfaí feabhas a chur ar na rialacha atá ann cheana lena gceanglaítear ar an gCoimisiún faireachán a dhéanamh ar fheidhmiú córas taistil gan víosa le tríú tíortha agus díolúintí víosa a chur ar fionraí i gcásanna ina bhfuil méadú ar imirce neamhrialta nó ar rioscaí slándála.
Sna chéad mhíonna de 2023, ar thionscnamh Uachtaránacht na Sualainne, phléigh an Chomhairle athbhreithniú a d’fhéadfaí a dhéanamh ar na rialacha sin, agus go háirithe ar an sásra fionraíochta víosaí ar chuir na Ballstáit in iúl go dtacaíonn siad go forleathan leis. Sa litir uaithi chuig an gComhairle Eorpach an 20 Márta 2023, chuir an tUachtarán von der Leyen an plé sin san áireamh agus dúirt sí ‘go neartóidh an Coimisiún an faireachán a dhéanfaidh sé ar ailíniú an bheartais víosaí agus go gcuirfidh sé tuarascáil chuimsitheach i láthair lena réiteofar an bealach do thogra reachtach lena leasófar an sásra fionraíochta víosaí’.
Sa chomhthéacs sin, cuirfidh an Coimisiún Teachtaireacht maidir le faireachán a dhéanamh ar chórais taistil gan víosa an Aontais i láthair roimh Chomhairle Schengen an 9 Meitheamh. Leis an Teachtaireacht sin, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa agus leis an gComhairle maidir le measúnú ar na príomhdhúshláin i réimsí na himirce neamhrialta agus na slándála a bhaineann le feidhmiú na gcóras taistil gan víosa, maidir le príomheasnaimh an tsásra fionraíochta víosaí atá ann faoi láthair, agus maidir leis na bealaí féideartha chun aghaidh a thabhairt orthu, rud a réiteoidh an bealach do thogra atá le teacht chun athbhreithniú a dhéanamh ar an sásra a ghlacfar i mí Mheán Fómhair 2023. Ba cheart obair leantach a dhéanamh ar na dúshláin sin freisin trí bhíthin meastóireachtaí Schengen chun tacaíocht bhreise a chur ar fáil chun faireachán a dhéanamh ar fheidhmiú córas taistil gan víosa le tríú tíortha.
6.Na chéad chéimeanna eile
Sa tuarascáil ar Staid Schengen in 2023, seoltar an dara timthriall riamh de chuid Schengen trí na príomhdhúshláin do limistéar Schengen a shainaithint mar aon le gníomhaíochtaí tosaíochta nach mór aghaidh a thabhairt orthu ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal Eorpach araon. Ba cheart é a bheith mar bhonn d’idirphlé polaitiúil, d’fhaireachán agus d’fhorfheidhmiú acquis Schengen méadaithe. Léirítear sa tuarascáil sin, in ainneoin dúshláin shonracha, go bhfuil limistéar Schengen láidir agus dea-fheidhmiúil againn. Chun an limistéar gan rialuithe teorann inmheánaí a neartú tuilleadh, ba cheart aghaidh a thabhairt ar phríomhréimsí tosaíochta áirithe le linn an dara timthriall seo. Dá bhrí sin, tá an Coimisiún ag moladh sraith gníomhaíochtaí tosaíochta do thimthriall Schengen 2023/2024 ar bhonn dlúth-idirphlé le hUachtaránachtaí inteachta na Sualainne, na Spáinne agus na Beilge:
|
Bosca 7. An Dara Timthriall de chuid Schengen — Forléargas achomair ar thosaíochtaí 2023/2024
1.Timthriall rialachais Schengen a chomhdhlúthú agus a neartú tuilleadh
·Na huirlisí atá ann cheana a threisiú, lena n-áirítear Baraiméadar Schengen agus Scórchlár Schengen;
·An creat riachtanach a sholáthar do Chomhairle Schengen chun obair leantach a dhéanamh ar na tosaíochtaí agus ar na moltaí a eascraíonn as anailís chuimsitheach ar fheidhmíocht na mBallstát agus ar staid fhoriomlán limistéar Schengen, lena bhféadfar treoshuíomhanna straitéiseacha a fhorbairt agus moltaí a ghlacadh do limistéar Schengen ina iomláine.
2.Teorainneacha seachtracha an Aontais a neartú tuilleadh chun aghaidh a thabhairt ar an mbrú atá ann faoi láthair agus chun bainistiú comhtháite éifeachtach teorainneacha a bhunú. Go háirithe:
·Príomhchodanna den teorainn a threisiú, lena n-áirítear tríd an tacaíocht airgeadais atá ar fáil, agus foráil a dhéanamh maidir le socruithe leordhóthanacha airgeadais agus oibríochtúla chun a áirithiú go gcuirfear chun feidhme go rathúil a bpleananna náisiúnta forbartha cumais atá ann cheana i gcomhréir leis na príomhthosaíochtaí ag teorainneacha seachtracha talún/farraige;
·Straitéis Theicniúil agus Oibríochtúil Frontex a bhunú faoi mhí Mheán Fómhair 2023 agus straitéisí náisiúnta na mBallstát a ailíniú faoi mhí an Mhárta 2024;
·Cáilíocht na seiceálacha teorann agus an fhaireachais teorann a mhéadú trí líon leordhóthanach ball foirne oilte, nósanna imeachta éifeachtúla, úsáid leordhóthanach córas faisnéise agus comhar feabhsaithe le tríú tíortha a sholáthar;
·Feasacht staide Eorpach agus náisiúnta a fheabhsú trí anailís riosca agus malartú faisnéise a chur chun feidhme laistigh den chreat Eorpach um fhaireachas ar theorainneacha;
·eu-LISA chun an chomhpháirt lárnach chriticiúil den Chóras Dul Isteach/Imeachta atá in easnamh a chur ar fáil a luaithe is féidir.
3.Éifeachtacht an chórais um fhilleadh a fheabhsú
·Ní mór don Líonra Ardleibhéil féachaint ar réitigh phraiticiúla maidir leis na heasnaimh leanúnacha a sainaithníodh, ar bhonn thaithí agus dhea-chleachtais na mBallstát;
·Leas iomlán a bhaint as feidhmiúlachtaí nua Chóras Faisnéise Schengen maidir le filleadh chun feabhas a chur ar an úsáid a bhaintear as aitheantas frithpháirteach a thabhairt do chinntí um fhilleadh agus chun an leas is fearr is féidir a bhaint as na féidearthachtaí faoin Moladh ón gCoimisiún maidir le haitheantas frithpháirteach do chinntí um fhilleadh agus maidir le dlús a chur le fillteacha;
·Cinntí um fhilleadh a eisiúint go córasach do náisiúnaigh tríú tír nach bhfuil aon cheart fanachta acu agus obair leantach iomchuí a sholáthar maidir lena gcur chun feidhme, na lúba ar lár atá ann cheana idir tearmann agus filleadh a dhúnadh agus córais éifeachtacha TF um bainistiú cásanna um fhilleadh a chur i bhfeidhm;
·Meastóireachtaí Schengen chun tacú le creat coiteann a fhorbairt chun measúnú a dhéanamh ar fheidhmíocht i réimse an fhillte.
4.Slándáil inmheánach limistéar Schengen a fheabhsú chun an choireacht eagraithe agus an gháinneáil ar dhrugaí a chomhrac
·An Moladh ón gComhairle maidir le comhar oibríochtúil póilíneachta a chur i ngníomh go hiomlán;
·Uasghrádú a dhéanamh ar na Pointí Teagmhála Aonair náisiúnta uile;
·Leas iomlán a bhaint as an tacaíocht a chuirtear ar fáil ar leibhéal an Aontais chun bagairtí trasnáisiúnta a chomhrac;
·Uirlisí Chóras Faisnéise Schengen a chur chun feidhme go héifeachtúil;
·Treoir an Aontais maidir le hAirm Thine a thrasuí go hiomlán agus a chur chun feidhme go héifeachtach.
5.Limistéar Schengen a thabhairt chun críche le cinneadh ón gComhairle a glacfar roimh dheireadh 2023 maidir le acquis Schengen a chur i bhfeidhm ina iomláine maidir leis an mBulgáir agus leis an Rómáin.
6.Bearta malartacha a chur chun feidhme, deireadh a chur de réir a chéile leis na rialuithe teorann inmheánaí fadtréimhseacha.
7.Úsáid níos fearr a bhaint as na huirlisí atá ann cheana faoi bheartas víosaí an Aontais:
·Tarraingeoidh an Coimisiún suas tuarascáil chuimsitheach maidir le córais gan víosa an Aontais agus maidir leis na dúshláin atá ann do limistéar Schengen chun feabhas a chur ar shásra fionraíochta víosaí an Rialacháin maidir le Víosaí;
·Foireann iomchuí a chur ar fáil i gconsalachtaí agus na hacmhainní uile is gá a shlógadh, lena n-áirítear acmhainní ó chistí an Aontais, chun tacaíocht oibriúcháin le haghaidh an chomhbheartais víosaí a chumhdach;
·Comhar áitiúil Schengen a mhéadú.
|