Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52023DC0235

TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN maidir le feidhmiú foriomlán na rialuithe oifigiúla a rinneadh i dtíortha an Aontais (2021) lena áirithiú go gcuirtear dlí an bhia agus na beatha agus na rialacha maidir le sláinte agus leas na n-ainmhithe, le sláinte na bplandaí agus le táirgí cosanta plandaí i bhfeidhm

COM/2023/235 final

An Bhruiséil,5.5.2023

COM(2023) 235 final

TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN

maidir le feidhmiú foriomlán na rialuithe oifigiúla a rinneadh i dtíortha an Aontais (2021) lena áirithiú go gcuirtear dlí an bhia agus na beatha agus na rialacha maidir le sláinte agus leas na n-ainmhithe, le sláinte na bplandaí agus le táirgí cosanta plandaí i bhfeidhm

{SWD(2023) 131 final}


Clár na nÁbhar

Achoimre Feidhmiúcháin    

Réamhrá    

Cuid 1

Rialuithe oifigiúla a rinne na Ballstáit in 2021    

1.1

Forléargas ginearálta    

1.2

Tuarascálacha bliantúla ó thíortha an Aontais    

1.3

Eagrú agus feidhmíocht na gcóras rialaithe oifigiúil    

1.4

Bearta a glacadh chun oibriú éifeachtach na bpleananna rialaithe ilbhliantúla náisiúnta a chinntiú    

1.4.1

Gníomhaíochtaí a rinneadh chun comhlíonadh na ngnólachtaí a chinntiú    

1.4.2

Forfheidhmiú ag na húdaráis náisiúnta    

1.4.3

Gníomhaíochtaí a rinneadh chun oibriú éifeachtach na gcóras rialaithe oifigiúil a chinntiú    

Cuid 2

Gníomhaíochtaí rialaithe an Choimisiúin i dtíortha an Aontais in 2021    

2.1

Iniúchtaí agus rialuithe    

2.2

Moltaí    

2.3

Príomhphointí ó na rialuithe a rinne an Coimisiún in 2021    

2.4

Obair leantach chórasach ar mholtaí iniúchóireachta    

2. 4.1

Iniúchtaí leantacha ginearálta    

2.4.2

Forfheidhmiú    

Conclúidí    



Séanadh

Tá an tuarascáil seo á cur i láthair ag an gCoimisiún Eorpach i gcomhréir le hAirteagal 114 de Rialachán (AE) 2017/625 ( 1 ). Is é is aidhm don tuarascáil seo feabhas a chur ar infhaighteacht an phobail ar fhaisnéis maidir le rialuithe oifigiúla a dhéanann tíortha an Aontais Eorpaigh, agus maidir le rialuithe an Choimisiúin orthu siúd, sna réimsí seo a leanas: sábháilteacht bia agus beatha ainmhithe, sláinte ainmhithe agus plandaí, leas ainmhithe, an fheirmeoireacht orgánach agus na scéimeanna cáilíochta le haghaidh táirgí talmhaíochta agus earraí bia.

Is í Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh amháin atá inniúil dlí an Aontais a léirmhíniú.

Is é an cuspóir atá againn an fhaisnéis seo a choinneáil cothrom le dáta agus cruinn. Má tharraingítear ár n-aird ar earráidí, déanfaimid iarracht iad a cheartú.

An t-ábhar a úsáidtear don tuarascáil seo:

●is faisnéis de chineál ginearálta é agus níl sé beartaithe go dtabharfar aghaidh ar chúinsí sonracha duine ar leith ná eintitis ar leith;

●ní gá go mbeadh sé cuimsitheach, iomlán, cruinn ná cothrom le dáta; agus

●i bpáirt, is iad na húdaráis náisiúnta i dtíortha an Aontais a chuireann ar fáil é, agus níl aon smacht ag an gCoimisiún orthu ná níl aon fhreagracht ar an gCoimisiún ina leith.

D’fhéadfadh sé gur cruthaíodh nó gur leagadh amach roinnt sonraí nó faisnéise sa tuarascáil seo i gcomhaid nó i bhformáidí nach bhfuil saor ó earráidí.



Achoimre Feidhmiúcháin

Cumhdaítear sa tuarascáil seo feidhmiú foriomlán rialuithe oifigiúla thíortha an Aontais agus gníomhaíochtaí rialaithe an Choimisiúin in 2021. Tá sé d'aidhm ag na rialuithe sin ardleibhéal cosanta sláinte agus ardleibhéal muiníne sa bhiashlabhra, ón bhfeirm go dtí an forc, a chinntiú. Is bealach tábhachtach iad chun a fhíorú go gcomhlíonann gnólachtaí a gceanglais dhlíthiúla ionas gur féidir le tomhaltóirí an Aontais a bheith muiníneach go bhfuil an bia a itheann siad sábháilte. Tá siad ríthábhachtach freisin le haghaidh fheidhmiú rianúil thrádáil shábháilte an bhia, na n-ainmhithe agus na bplandaí, laistigh den Aontas agus le tíortha nach bhfuil san Aontas araon.

Tá na húdaráis náisiúnta freagrach as rialuithe oifigiúla a dhéanamh. Mura gcomhlíonann gnólachtaí feadh an bhiashlabhra an reachtaíocht ábhartha, ceanglaítear ar na húdaráis náisiúnta na ceanglais a fhorfheidhmiú, rud a chinnteoidh go gcomhlíonfaidh na gnólachtaí na ceanglais atá orthu.

In 2021 bhí 16.9 milliún eintiteas laistigh de raon feidhme na rialuithe oifigiúla agus rinne na húdaráis náisiúnta beagnach 5 mhilliún rialú oifigiúil orthu. Ar bhonn na rialuithe sin, sainaithníodh thart ar 1 mhilliún saincheist neamhchomhlíontachta, agus cuireadh 500 000 smachtbhanna riaracháin agus beagnach 8 000 gníomhaíocht bhreithiúnach i bhfeidhm mar gheall air sin.

Is é an Coimisiún a fhíoraíonn cur chun feidhme na rialuithe oifigiúla agus na ngníomhaíochtaí forfheidhmiúcháin a dhéanann tíortha an Aontais. Sna tuarascálacha maidir leis na rialuithe sin ón gCoimisiún, tuarascálacha a fhoilsítear ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin, tugtar léargas soiléir ar fheidhmíocht na n-údarás inniúil agus is cuid shuntasach iad den phróiseas athbhreithnithe a chinntíonn go bhfuil reachtaíocht an Aontais oiriúnach dá feidhm.

Léiríonn rialuithe an Choimisiúin, go ginearálta, go bhfuil na córais is gá i bhfeidhm ag na húdaráis inniúla chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme cheanglais an Aontais ag gnólachtaí agus chun an cur chun feidhme sin a chinntiú, agus chun gníomhú i gcás ina bhfuil saincheisteanna neamhchomhlíontachta ann. I roinnt tíortha den Aontas, sainaithníodh le linn na rialuithe sin easnaimh sna córais rialaithe oifigiúla, rud a léirigh go bhféadfaí feabhas a chur ar chúrsaí. Sna cásanna sin, cuireann an Coimisiún moltaí faoi bhráid na n-údarás náisiúnta.

Déanann an Coimisiún bearta leantacha go córasach ar a mholtaí agus, nuair is gá, baineann sé úsáid as uirlisí forfheidhmithe eile. Ina theannta sin, tacaíonn sé le tíortha an Aontais trí chúnamh teicniúil agus oiliúint a chur ar fáil tríd an tionscnamh 'Oiliúint Níos Fearr le haghaidh Bia Níos Sábháilte' agus trí chruinnithe teicniúla le líonraí saineolaithe.

Ó bhí 2020 ann tá sé de cheangal ar na húdaráis náisiúnta torthaí a gcuid rialuithe a thuairisciú i bhformáid leictreonach chomhchuibhithe. Mar sin féin, ní raibh gach tír san Aontas in ann na sonraí uile uathu a chur isteach san fhormáid is gá. Leanfaidh an Coimisiún ag obair leis na húdaráis náisiúnta chun iomláine na sonraí a fheabhsú le haghaidh na dtuarascálacha bliantúla amach anseo.

Le linn 2021 bhí tionchar á imirt i gcónaí ag paindéim COVID-19 ar chumas na n-údarás náisiúnta agus an Choimisiúin a rialuithe agus a n-iniúchtaí a dhéanamh mar a bhí beartaithe.

Réamhrá

Tá sé d’aidhm ag an Aontas ardleibhéal cosanta sláinte agus muiníne sláinte a chinntiú sa réimsí seo a leanas: sábháilteacht bia agus beatha; sláinte ainmhithe agus plandaí; leas ainmhithe; an fheirmeoireacht orgánach; scéimeanna tionscnaimh gheografaigh (sonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint (STFC), tásc geografach faoi chosaint (TGFC) agus sainearraí traidisiúnta faoi Ráthaíocht (STR)). Tá coinne ag na daoine atá ina gcónaí san Aontas Eorpach le hardchaighdeáin sna réimsí sin uile, mar is ceart.

Tá creat dlíthiúil cuimsitheach ag an Aontas chun a chinntiú go ndéantar rialuithe comhsheasmhacha ar fud an tslabhra bia agus beatha, ón bhfeirm go dtí an forc, chomh maith le faireachán iomchuí, agus chun margadh aonair éifeachtach agus an trádáil le tíortha nach bhfuil san Aontas a chinntiú an tráth céanna. Chun críocha na tuarascála seo, cuimsítear an Ríocht Aontaithe i ndáil le Tuaisceart Éireann sna tagairtí a dhéantar do thíortha an Aontais agus do na sonraí staidrimh ( 2 ).

Ceann de cholúin bheartas comhtháthaithe an Aontais maidir leis an tsábháilteacht bia ón bhfeirm go dtí an forc is ea nach mór do gach tír san Aontas córas rialaithe oifigiúil éifeachtach a bheith aici, ar bhonn an Rialacháin maidir le Rialuithe Oifigiúla ( 3 ), chun comhlíonadh chaighdeáin an Aontais ag gnólachtaí a fhíorú agus, nuair is gá, a fhorfheidhmiú ar fud an tslabhra bia agus beatha. Ní mór do thíortha an Aontais pleananna rialaithe ilbhliantúla náisiúnta a chur i dtoll a chéile a chumhdóidh gach réimse a rialaítear le reachtaíocht agraibhia an Aontais.

Tá ról tábhachtach ag an gCoimisiún sa chreat foriomlán rialaithe ar leibhéal an Aontais ( 4 ) agus déanann sé rialuithe, lena n-áirítear iniúchtaí, i dtíortha an Aontais chun a fhíorú go bhfuil na húdaráis náisiúnta ag comhlíonadh a n-oibleagáidí rialaithe.

Ní mór do thíortha an Aontais tuarascáil bhliantúil a chur faoi bhráid an Choimisiúin ( 5 ) maidir le cur chun feidhme a rialuithe oifigiúla i gcomhréir lena bplean rialaithe ilbhliantúla náisiúnta. 

Cuireann an Coimisiún tuarascáil 6 ar fheidhmiú na rialuithe oifigiúla i dtíortha an Aontais i dtoll a chéile, ina gcuirtear an méid seo a leanas san áireamh:

●na tuarascálacha bliantúla a chuireann na húdaráis náisiúnta isteach maidir lena ngníomhaíochtaí rialaithe; agus

●torthaí rialuithe an Choimisiúin a rinneadh sna Ballstáit.

Clúdaíonn an tuarascáil seo an bhliain 2021. Is éard atá ann ná athbhreithniú ar na nithe seo a leanas:

●tuarascálacha bliantúla ó thíortha an Aontais a chumhdaíonn 2021;

●gníomhaíochtaí rialaithe an Choimisiúin i dtíortha an Aontais in 2021; agus

●bearta leantacha agus forfheidhmithe de chuid an Choimisiúin agus tacaíocht a soláthraíodh do na húdaráis náisiúnta.

Cuimsíonn sé tiomsú de na sonraí a chuir na húdaráis náisiúnta ar fáil don bhliain 2021. Leis na sonraí sin, beifear in ann, le himeacht ama, treochtaí a shainaithint sna rialuithe agus i saincheisteanna neamhchomhlíontachta.

Tá na grafaicí a bhaineann le rialuithe oifigiúla náisiúnta bunaithe ar na sonraí comhiomlánaithe ó 2021 ó thíortha an Aontais.

Ós rud é go bhfuil athrú tagtha ar na ceanglais tuairiscithe ó bhí 2020 ann, ní raibh tíortha uile an Aontais in ann a gcuid sonraí go léir le haghaidh 2021 a chur ar fáil ar an leibhéal mionsonraí is gá. Cuireann sé sin teorainn leis an méid is féidir na grafaicí a chur i gcomparáid le chéile toisc go bhféadfadh sé gur sholáthair roinnt tíortha san Aontas sonraí comhcheangailte nach ndearnadh anailís orthu de réir na bhfo-chatagóirí riachtanacha.

Tá doiciméad inmheánach oibre ( 7 ) ag gabháil leis an tuarascáil seo ina dtugtar:

●tuilleadh faisnéis chúlra faoin gcreat dlíthiúil; agus

●níos mó sonraí ar na rialuithe agus na hiniúchtaí a rinne na húdaráis náisiúnta agus an Coimisiún i réimsí an bhiashlabhra a thagann faoin Rialachán maidir le Rialuithe Oifigiúla.

Cuid 1

Rialuithe oifigiúla a rinne na Ballstáit in 2021

1.1

Forléargas ginearálta

Déantar an táirgeadh agus dáileadh bia ón bhfeirm go dtí an forc i slabhraí éagsúla feadh raon leathan réimsí agus gníomhaíochtaí ( 8 ).

I dTábla 1 tugtar forléargas ar an líon iomlán eintiteas sa bhiashlabhra; na rialuithe oifigiúla a rinneadh; na saincheisteanna neamhchomhlíontachta a sainaithníodh; agus na smachtbhannaí riaracháin agus gníomhaíochtaí breithiúnacha a rinneadh feadh an bhiashlabhra ar leibhéal an Aontais in 2021.

Tábla 1: Rialuithe oifigiúla in 2021 – figiúirí ginearálta

Iomlán na n-eintiteas sa bhiashlabhra

Rialuithe oifigiúla a rinneadh

Saincheisteanna neamhchomhlíontachta a sainaithníodh

Smachtbhannaí riaracháin a cuireadh i bhfeidhm

Gníomhaíochtaí breithiúnacha a rinneadh

16 961 311

4 820 161

1 112 663

499 365

7 903

Tugtar forléargas i bhFigiúr 1 ar na rialuithe oifigiúla a rinne tíortha an Aontais in 2021, ón bhfeirm go dtí an forc ( 9 ). Léirítear ann líon na n-oibreoirí, na rialuithe oifigiúla a rinneadh, na saincheisteanna neamhchomhlíontachta a sainaithníodh agus na smachtbhannaí riaracháin a cuireadh i bhfeidhm, agus anailís déanta orthu de réir na ngníomhaíochtaí éagsúla sa bhiashlabhra ( 10 ).

Léirítear i dTábla 2 na cúig earnáil den bhiashlabhra a bhfuil dearbhfhigiúirí acu le haghaidh líon na n-eintiteas, na rialuithe oifigiúla a rinneadh, na saincheisteanna neamhchomhlíontachta a sainaithníodh agus na smachtbhannaí riaracháin a cuireadh i bhfeidhm. Sa doiciméad inmheánach oibre a ghabhann leis an tuarascáil seo tugtar miondealú breise ar na figiúirí sin thar réimsí éagsúla an bhiashlabhra.

Figiúr 1: Rialuithe oifigiúla a rinne na Ballstáit in 2021



Feirmeoireacht – plandaí

#

An líon oibreoirí

Feirmeoireacht – ainmhithe

An líon rialuithe oifigiúla

Feirmeoireacht – measctha

An líon saincheisteanna neamhchomhlíontachta

Dobharshaothrú

An líon smachtbhannaí riaracháin

Iascaireacht

Seilg

Beatha ainmhithe

Iompar ainmhithe

Seamlais agus láimhseáil géim

Táirgeadh bia

Próiseáil seachtháirgí ainmhithe

Dáileadh bia

Mórdhíol agus miondíol

Seirbhís bia

Táirgeoirí ábhar a bhíonn i dteagmháil le bia

Tábla 2: Rialuithe oifigiúla in 2021 – na cúig earnáil is mó

Eintitis

An fheirmeoireacht

8 957 343

Mórdhíol bia

3 719 383

Seirbhís bia

2 830 838

Táirgeadh bia

644 126

Dáileadh bia

398 574

Rialuithe oifigiúla

Seirbhís bia

1 097 087

Mórdhíol bia

1 015 758

Iompar ainmhithe

887 003

Táirgeadh bia

806 466

An fheirmeoireacht

533 626

Saincheisteanna neamhchomhlíontachta

Seirbhís bia

304 365

Iompar ainmhithe

248 382

Mórdhíol bia

189 843

An fheirmeoireacht

180 901

Táirgeadh bia

139 304

Smachtbhannaí riaracháin

Seirbhís bia

166 515

Mórdhíol bia

136 101

Táirgeadh bia

102 770

An fheirmeoireacht

58 302

Dáileadh bia

15 441

1.2

Tuarascálacha bliantúla ó thíortha an Aontais

Ba é an 31 Lúnasa 2022 an sprioc-am chun na tuarascálacha bliantúla le haghaidh 2021 a chur isteach. Chuir 9 dtír de chuid an Aontais a dtuarascáil isteach in am, chuir 15 thír a dtuarascáil isteach laistigh de 2 sheachtain tar éis an sprioc-ama agus cuireadh na ceithre thuarascáil dheireanacha isteach 29, 42, 42 agus 92 lá déanach.

Ní raibh na húdaráis náisiúnta ag baint úsáid as an bhformáid tuairiscithe nua ach don dara huair. Dá bhrí sin, bhí fadhbanna fós ag cuid acu na sonraí a thiomsú san fhormáid a bhí ag teastáil. Ciallaíonn sé sin go bhféadfadh sé nach mbeadh comparáid idir na sonraí a cuireadh isteach le haghaidh 2020 agus 2021 iontaofa. Fágann an t-athrú ar an bhformáid nua go bhfuil sé deacair sonraí roimh 2020 a chur i gcomparáid le sonraí i ndiaidh 2020. Dá bhrí sin, tá sé fós ró-luath tús a chur le comparáid a dhéanamh idir na sonraí ar leibhéal an Aontais bliain i ndiaidh bliana.

Sna tuarascálacha uathu, féadfaidh tíortha an Aontais a ndul chun cinn féin a chur i láthair maidir le baint amach a gcuspóirí straitéiseacha agus na dúshláin a bhíonn rompu agus a gcuid pleananna rialaithe ilbhliantúla náisiúnta á gcur chun feidhme acu. Féadfar ráiteas a bheith iontu freisin maidir le leibhéal foriomlán na comhlíontachta agus féinmheasúnú foriomlán ar oiriúnacht agus éifeachtacht a rialuithe oifigiúla féin. I bhformáid na tuarascála tá boscaí téacs bána inar féidir leo an fhaisnéis sin a chur in iúl. Mar sin féin, chuir na húdaráis náisiúnta níos lú faisnéise ar fáil le haghaidh 2021 ná mar a bhí beartaithe sa treoirdhoiciméad ( 11 ).

A mhéid a bhaineann le leas ainmhithe ar fheirmeacha agus le linn a n-iompair, luaitear sa Rialachán maidir le Rialuithe Oifigiúla go mbeidh anailís ar na teagmhais neamhchomhlíontachta is tromchúisí sna tuarascálacha bliantúla. Ba cheart an anailís sin a bheith ina bunús le haghaidh plean gníomhaíochta náisiúnta chun cásanna neamhchomhlíontachta sna blianta amach romhainn a chosc nó a laghdú ( 12 ). Go ginearálta, níor chuir na húdaráis náisiúnta an anailís sin ná na pleananna gníomhaíochta sin ar fáil, agus sin mar a bhí in 2020 freisin. Fágann sin nach féidir leis an gCoimisiún an achoimre is gá a chur ar fáil ina leith sin.

Ina theannta sin, níor chuir na húdaráis náisiúnta ach faisnéis an-teoranta ar fáil maidir leis na rialuithe sin a dhírigh ar chleachtais chalaoiseacha agus mheabhlacha.

1.3

Eagrú agus feidhmíocht na gcóras rialaithe oifigiúil

Tá córais rialaithe oifigiúla curtha ar bun ag na Ballstáit chun a fhíorú go bhfuil an creat dlíthiúil á chur i bhfeidhm ag na gnólachtaí uile feadh an bhiashlabhra.

Sna pleananna rialaithe ilbhliantúla náisiúnta ó na húdaráis náisiúnta tá cur síos ar leagan amach a gcóras rialaithe agus leagann siad amach a gcuspóirí straitéiseacha iontu freisin.

Sa treoraíocht ón gCoimisiún maidir leis na tuarascálacha bliantúla a chomhlánú, iarrtar ar na húdaráis náisiúnta an méid seo a leanas a dhéanamh:

●cur síos a dhéanamh ar aon uasdátú ar eagrú na gcóras rialaithe oifigiúil;

●tábla a chur isteach ina mbeidh na torthaí ó na táscairí feidhmíochta a úsáideadh chun na cuspóirí straitéiseacha a thomhas; agus

●ráiteas a chur isteach maidir le leibhéal ginearálta na comhlíontachta agus éifeachtacht na gcóras rialaithe oifigiúil, bunaithe ar anailís agus sintéis na dtorthaí ó na córais rialaithe, a gcuspóirí agus a dtáscairí feidhmíochta.

Déanann roinnt tíortha den Aontas cur síos ar a gcórais rialaithe sa tuarascáil bhliantúil (chomh maith lena bpleananna rialaithe ilbhliantúla náisiúnta). Mar sin féin, ní thugtar forléargas ar na táscairí agus na torthaí i ngach tuarascáil, agus i bhformhór na dtuarascálacha ní thugtar ráitis maidir le leibhéal ginearálta na comhlíontachta agus éifeachtacht an chórais rialaithe oifigiúil.

Chuir 11 tír den Aontas faisnéis faoina gcuspóirí straitéiseacha san áireamh agus i gcás 9 gcinn de na tíortha sin, rinne siad sin i bhfoirm forléargas ar thorthaí a dtáscairí. Uaireanta bíonn na táscairí sin teoranta don líon rialuithe oifigiúla a dhéantar agus don líon samplaí a thógtar. I roinnt tuarascálacha ó thíortha san Aontas, níl faisnéis iontu ó na húdaráis uile a bhfuil baint acu leis na rialuithe oifigiúla feadh an bhiashlabhra.

Seo a leanas roinnt dea-chleachtas atá le tabhairt faoi deara:

-úsáideann Gníomhaireacht na Beilge um Shábháilteacht an Bhiashlabhra baraiméadair le haghaidh sábháilteacht bia, sláinte ainmhithe agus sláinte plandaí, bunaithe ar tháscairí; agus is féidir comparáid bliain ar bhliain a dhéanamh mar gheall ar thorthaí na mbaraiméadar sin; agus

-sainíonn an Ísiltír dhá tháscaire faisnéise agus táscaire feidhmíochta amháin:

oan táscaire forfheidhmithe maidir leis na bearta forfheidhmithe a rinneadh;

oan táscaire déine rialaithe maidir leis an líon gnólachtaí a rialaítear i limistéar ar leith (gnólachtaí nó táirgí); agus

oan táscaire comhlíontachta maidir le leibhéal na comhlíontachta.

Bhí fadhbanna i gcónaí ag gach tír san Aontas maidir leis na cláir chigireachta iomlána a chur chun feidhme mar gheall ar na srianta a cuireadh i bhfeidhm chun paindéim COVID-19 a shrianadh.

I measc na dtosca eile a raibh tionchar diúltach acu ar na cláir chigireachta agus a thuairiscigh na húdaráis náisiúnta, bhí easpa acmhainní (acmhainní foirne, airgeadais agus trealaimh), saincheisteanna sláinte ainmhithe (fiabhras Afracach na muc agus an fliú éanúil) agus planda, agus Brexit. Dúirt an Danmhairg gur ghá di acmhainní daonna suntasacha a atreorú chun gach minc ar fheirmeacha a chiondíothú ionas nach leathfadh COVID-19 go daoine.

Ós rud é go bhfuil méadú ag teacht de réir a chéile ar an gciandíol i ngach earnáil, leithdháil an Fhionlainn níos mó acmhainní ar rialuithe sa réimse seo.

1.4

Bearta a glacadh chun oibriú éifeachtach na bpleananna rialaithe ilbhliantúla náisiúnta a chinntiú

Is é is cuspóir don phlean rialaithe ilbhliantúil náisiúnta a chinntiú go ndéanfar rialuithe oifigiúla ar bhealach rioscabhunaithe agus éifeachtúil feadh an tslabhra agraibhia ar fad, i gcomhréir leis an Rialachán maidir le Rialuithe Oifigiúla.

Nuair a shainaithnítear cás neamhchomhlíontachta le linn na rialuithe oifigiúla, ní mór do na húdaráis náisiúnta beart a dhéanamh chun a chinntiú go leigheasfaidh an gnólacht neamhchomhlíontach an tsaincheist agus chun a chinntiú nach dtarlóidh a leithéid arís ( 13 ).

Ceanglaítear ar na húdaráis náisiúnta freisin oibriú éifeachtach an chórais rialaithe oifigiúil a fhíorú, agus na bearta is gá a dhéanamh chun aon easnamh a shainaithnítear ina gcórais rialaithe a cheartú ( 14 ).

1.4.1

Gníomhaíochtaí a rinneadh chun comhlíonadh na ngnólachtaí a chinntiú

Reáchtálann na Ballstáit feachtais faisnéise poiblí agus cuireann siad treoir agus oiliúint ar fáil do ghnólachtaí chun cabhrú leo cloí leis na rialacha maidir le sábháilteacht bia.

Sholáthair naoi dtír den Aontas samplaí de ghníomhaíochtaí ó na húdaráis náisiúnta chun cabhrú le gnólachtaí na rialacha is infheidhme a chomhlíonadh.

●Tá Údarás Tréidliachta agus Bia na Danmhairge ag obair ar roinnt beart chun é a dhéanamh níos éasca íoscheanglais sábháilteachta bia a thuiscint agus gnólacht á chur ar bun.

●Sa Liotuáin, i ngníomhaíochtaí na Gníomhaireachta Náisiúnta um Sheirbhís Plandaí tugtar tús áite do chomhairle a chur ar ghnólachtaí, do thacaíocht mhodheolaíoch a chur ar fáil agus do bhearta eile a chur chun feidhme chun sáruithe ar reachtaíocht a chosc – seachas féachaint le comhlíontacht a bhaint amach trí smachtbhannaí nó pionóis amháin.

●Sa Bheilg, baineann gnólachtaí atá deimhnithe faoi na treoracha náisiúnta bailíochtaithe féinseiceála tairbhe as táillí níos ísle agus as minicíocht níos lú rialuithe oifigiúla. Tá uirlisí ar fáil freisin d’earnálacha nach bhfuil treoir féinseiceála bhailíochtaithe ar fáil dóibh. Tá na seicliostaí rialaithe ar fáil go poiblí agus tá treoraíocht iontu. Tá cúrsaí oiliúna agus ábhar saor in aisce ar fáil freisin.

1.4.2

Forfheidhmiú ag na húdaráis náisiúnta

Cuireann údaráis inniúla réimse gníomhaíochtaí forfheidhmithe i bhfeidhm, ó rabhaidh bhriathartha agus scríofa, go hurghabháil agus scriosadh earraí agus deireadh (sealadach) a chur le formheas na ngnólachtaí nó iad a shrianadh. Baintear úsáid as fíneálacha riaracháin mar bheart díspreagtha. Is rogha dheiridh iad imeachtaí dlíthiúla foirmiúla i gcónaí.

Ní mór smachtbhannaí/pionóis éifeachtacha chomhréireacha agus athchomhairleacha a bheith i bhfeidhm ag na húdaráis náisiúnta ( 15 ).

Léirítear i dTábla 3 an líon smachtbhannaí riaracháin a cuireadh i bhfeidhm sna codanna éagsúla den bhiashlabhra. Léirítear i dTábla 4 na smachtbhannaí sin thar na réimsí éagsúla agus léirítear i dTábla 5 an líon gníomhaíochtaí breithiúnacha a rinneadh sna réimsí éagsúla.

Tábla 3: Smachtbhannaí riaracháin in 2021 de réir na gníomhaíochta

Tábla 4: Smachtbhannaí riaracháin in 2021 de réir an réimse

Tábla 5: Gníomhaíochtaí breithiúnacha a rinneadh in 2021

 

1.4.3

Gníomhaíochtaí a rinneadh chun oibriú éifeachtach na gcóras rialaithe oifigiúil a chinntiú

Ní mór d’údaráis inniúla nósanna imeachta agus/nó socruithe a bheith i bhfeidhm acu chun a chinntiú go bhfuil na rialuithe oifigiúla éifeachtach agus iomchuí. Chun sin a bhaint amach ní mór dóibh rochtain a bheith acu ar an méid seo a leanas:

●a ndóthain foirne a bhfuil na cáilíochtaí cuí agus an taithí chuí acu;

●saoráidí agus trealamh iomchuí a dhéantar a chothabháil i gceart; agus

●cumas leordhóthanach saotharlainne, chun anailís, tástáil agus diagnóis a dhéanamh.

Ní mór do na húdaráis inniúla iniúchtaí a dhéanamh ar a gcórais rialaithe féin (nó iniúchtaí a chur á ndéanamh orthu féin) agus nósanna imeachta maidir le fíorú na rialuithe ( 16 ) a bheith i bhfeidhm acu lena chinntiú go bhfuil na córais rialaithe éifeachtach. Áirítear leis sin iniúchtaí ar aon eintiteas nó duine a bhféadfadh cúraimí a bheith tarmligthe ag an údarás náisiúnta chuige.

In 23 thuarascáil bhliantúla bhí faisnéis maidir le ceann amháin nó níos mó de na gnéithe sin. In 14 thuarascáil bhí faisnéis maidir le cúrsaí oiliúna a cuireadh ar fáil don fhoireann nó a lean an fhoireann.

Tá faisnéis theoranta sna tuarascálacha bliantúla maidir leis na hiniúchtaí sin agus le gníomhaíochtaí fíoraithe eile lena ndéantar measúnú ar éifeachtacht na gcóras rialaithe oifigiúil. Sna tuarascálacha bliantúla ón Liotuáin, ón Ostair agus ón tSualainn, tagraítear do na hiniúchtaí a rinne an Coimisiún.

Maidir le hacmhainní:

●thuairiscigh an Bhulgáir treochtaí a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh d’oibriú na gcóras rialaithe oifigiúil:

■laghdú ar an líon ball foirne a bhfuil baint acu le rialuithe oifigiúla;

■méadú ar an ualach oibre don fhoireann, lena n-áirítear an gá atá le ragobair a dhéanamh;

■méadú ar an líon láithreán/gnólachtaí atá faoi réir rialuithe oifigiúla; agus

■trealamh teicniúil atá as dáta le haghaidh rialuithe oifigiúla.

●Dúirt an Ísiltír go bhfuil na hearnálacha atá faoi réir rialuithe ag fás níos tapúla ná acmhainní daonna/acmhainneacht rialaithe an údaráis náisiúnta, ach go raibh acmhainní breise leithdháilte ag a rialtas air.

●Déanfaidh an Ísiltír measúnú i dtaobh an féidir teicnící a tugadh isteach chun gurbh fhéidir rialuithe a dhéanamh le linn phaindéim COVID-19, amhail ceamaraí a úsáid i seamlais, a choinneáil agus a fheabhsú tuilleadh; agus

●dúirt an Ungáir go bhfuil feabhas á chur aici ar a córais TF féin.

Thuairiscigh 17 dtír den Aontas athruithe ar a bplean rialaithe ilbhliantúil náisiúnta reatha. Seo a leanas na cúiseanna a tugadh leis na hathruithe sin:

●athruithe ar an reachtaíocht (5 thír den Aontas);

●athruithe suntasacha ar struchtúr, ar bhainistiú nó ar oibriú na n-údarás náisiúnta (5);

●toradh na rialuithe oifigiúla a rinneadh (4);

●toradh an chórais iniúchóireachta inmheánaí (1);

●na torthaí ó rialuithe an Choimisiúin (1); agus

●cúiseanna eile, amhail formáid nuashonraithe; maitrísí agus paraiméadair anailíse nua; tréimhse bhailíochta nua; lena n-áirítear na húdaráis uile lena mbaineann; agus éifeachtaí phaindéim COVID-19.

Cuid 2

Gníomhaíochtaí rialaithe an Choimisiúin i dtíortha an Aontais in 2021

2.1

Iniúchtaí agus rialuithe

 Ba é clár iniúchta agus anailíse 2021 ( 17 ) an chéad chlár faoi phlean ilbhliantúil 2021-2025 agus dhírigh sé ar:

·sábháilteacht bia agus beatha;

·galair ainmhithe nó lotnaidí plandaí; agus

·inbhuanaitheacht an tslabhra agraibhia, agus aird ar leith á tabhairt ar

–úsáid inbhuanaithe lotnaidicídí; agus

–leas ainmhithe, i gcás inar cuireadh tús le tionscadal maidir le rialuithe ar leas béaróg.

In 2021 rinneamar 98 n-iniúchadh agus seiceáil den chineál céanna ar chórais rialaithe oifigiúla thíortha an Aontais. Taispeánann Cairt 1 raon geografach na rialuithe sin. Léirítear i gCairt 2 an líon iniúchtaí in aghaidh an réimse rialaithe.

Cairt 1: Rialuithe a rinne an Coimisiún in 2021

Cairt 2: Iniúchtaí a rinneadh de réir an réimse rialaithe – 2021

De bharr na srianta a cuireadh i bhfeidhm chun paindéim COVID-19 a shrianadh, rinneadh 83 cinn de na hiniúchtaí agus rialuithe comhchosúla go hiomlán go cianda, cuir i gcás trí fhíschomhdháil. Níorbh fhéidir cianchuairteanna a thabhairt ar shaoráidí na ngnólachtaí chun cur chun feidhme na rialuithe oifigiúla a fhionnadh. Rinneadh 8 gcinn go cianda i bpáirt, is é sin go ndearnadh cuid de ar an láthair. Rinneadh 7 gcinn go hiomlán ar an láthair.

2.2

Moltaí

Ba é an toradh a bhí ar na rialuithe a rinneadh in 2021 ná 407 moladh do thíortha an Aontais. Tugann Cairt 3 forléargas ar na moltaí sin de réir na hearnála. Tá miondealú breise ar na figiúirí de réir na réimsí éagsúla a ndearnadh iniúchadh orthu sa doiciméad inmheánach oibre a ghabhann leis seo.

Cairt 3: Moltaí a rinneadh in 2021 de réir na hearnála

2.3

Príomhphointí ó na rialuithe a rinne an Coimisiún in 2021

Bia

Sna hiniúchtaí san earnáil iascaigh sainaithníodh laigí i gclárú agus rialú soithí beaga iascaireachta agus easpa rialuithe ar áiteanna cur i dtír agus ar oibríochtaí gaolmhara. Sna hiniúchtaí ar tháirgí iascaigh atá réidh le hithe, deimhníodh toradh ó thréimhse níos luaithe maidir leis an gceanglas é a léiriú go gcomhlíonann táirgí na critéir ábhartha sábháilteachta bia le linn a seilfré iomláine. Toradh a fuaireamar roimhe seo sa tsraith ghinearálta iniúchtaí a rinneadh ar tháirgí réidh le hithe.

Inár n-iniúchtaí san earnáil feola rinneadh tuilleadh fiosrúcháin ar líomhaintí go bhfuil ba á marú nach bhfuil oiriúnach lena marú agus rinneadh measúnú ar cheanglais dhlíthiúla nua a tugadh isteach le haghaidh cigireachtaí réamhbháis agus iarbháis i seamlais éanlaithe clóis. Sainaithníodh sna hiniúchtaí sin bearnaí sna córais rialaithe oifigiúla a mhéid a bhaineann le hoiliúint, cigireachtaí réamhbháis agus marú éigeandála ar an bhfeirm. Rinneadh measúnú in iniúchadh sonrach ar an dul chun cinn atá déanta ag an bPolainn maidir le haghaidh a thabhairt ar na moltaí faoi na hábhair sin a d’eascair as iniúchtaí a rinneadh in 2019.

San earnáil déiríochta, shainaithníomar laigí sna córais rialaithe cáilíochta le haghaidh bainne nach bainne ó bha é; oiliúint; maoirseacht ar rialuithe a rinneadh; agus teagmhais neamhchomhlíontachta a rátáil agus a fhorfheidhmiú.

Maidir le bia nach de bhunadh ainmhíoch é, leanadh de na hiniúchtaí ar na rioscaí micribhitheolaíocha sa táirgeadh príomhúil. Tugadh feabhsuithe faoi deara trí chomparáid a dhéanamh leis an tsraith iniúchtaí a rinneadh roimhe seo, ach fuarthas amach nach bhfuil rialú leordhóthanach á dhéanamh fós ar shíolta le haghaidh péacadh agus gur gá feabhas a chur ar chlárú na bpríomhtháirgeoirí ionas gur féidir measúnú riosca a dhéanamh orthu go léir agus iad a áireamh sa chóras rialaithe ar mhinicíocht iomchuí.

Beatha

Le linn iniúchtaí ar an earnáil beatha sainaithníodh fadhbanna maidir le measúnú ar chórais anailíse guaise agus pointí rialúcháin criticiúla (AGPRC) na n-oibreoirí; prótacail samplála a chur chun feidhme; agus na rialuithe oifigiúla ar lipéadú beatha.

Sláinte ainmhithe

Dhírigh na hiniúchtaí ar fhiabhras Afracach na muc. Baineadh úsáid as na torthaí ó na hiniúchtaí freisin chun measúnú a dhéanamh ar thacaíocht an Choimisiúin do thíortha an Aontais agus chun an tacaíocht sin a fheabhsú tuilleadh.

Seachtháirgí ainmhithe

Bunaithe ar an taithí a fuarthas ó iniúchtaí roimhe seo, dhíríomar ar na rialuithe oifigiúla ag pointí criticiúla sa slabhra seachtháirgí ainmhithe. Rinneadh measúnú freisin sna hiniúchtaí ar thionchar phaindéim COVID-19 ar eagrú na rialuithe oifigiúla. Mar thoradh ar thorthaí na n-iniúchtaí sin déanfar mionchoigeartú ar an raon feidhme le haghaidh iniúchtaí breise sa réimse sin go dtí 2024.

Leas ainmhithe

Mar thoradh ar an tionscnamh rathúil ó na saoránaigh ‘End the Cage Age’ ( 18 ), rinneadh measúnú san iniúchadh ar na córais rialaithe oifigiúla ar mhaithe le leas na mbéaróg. Is é róstocáil na n-ainmhithe an réimse is mó laigí. Mar gheall ar an easpa ceanglais maidir le leas dlíthiúil a bhaineann go sonrach le healtaí pórúcháin agus cearca óga, níl aon chomhsheasmhacht ann maidir leis an gcaoi a ndéantar rialuithe oifigiúla.

Chun cuidiú le leas ainmhithe a fheabhsú le linn a muiriompair, leanamar ag obair leis an nGníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí chun feabhas a chur ar chóras na rialuithe oifigiúla ar shoithí beostoic.

Sláinte plandaí

Chuidigh ár ngníomhaíochtaí iniúchóireachta agus anailíse le tuilleadh feabhais a chur ar thuairisciú tráthúil ráigeanna nua agus ar thuairisciú tráthúil nuashonruithe ar ráigeanna lotnaidí plandaí atá ann cheana agus le measúnú faisnéise chun gur féidir cinntí a dhéanamh go tapa. Thacaigh sraith iniúchtaí maidir le rialuithe allmhairiúcháin leis na húdaráis náisiúnta chun feabhas a chur ar a gcórais rialaithe.

Táirgí cosanta plandaí

Leanadh den ullmhúchán chun reachtaíocht an Aontais maidir le húsáid inbhuanaithe lotnaidicídí a thabhairt cothrom le dáta. D’fhoilsíomar na táscairí comhchuibhithe nuashonraithe ( 19 ) le haghaidh 2011-2019. Léiríonn na táscairí an dul chun cinn leanúnach atá déanta. Dhírigh ár n-iniúchtaí agus ár sraith oiliúna ar úsáid inbhuanaithe lotnaidicídí agus ar bhainistiú comhtháthaithe lotnaidí.

Táirgeadh orgánach agus lipéadú táirgí orgánacha

I bhformhór thíortha an Aontais, deimhníonn comhlachtaí rialaithe príobháideacha an táirgeadh orgánach agus úsáid agus lipéadú na dtáirgí sin. Ní mór tuilleadh feabhais a chur ar an maoirseacht a dhéanann na húdaráis inniúla ar na comhlachtaí rialaithe sin.

Sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint, tásca geografacha faoi chosaint agus sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht

Ar an iomlán, tá eagrú agus cur chun feidhme na rialuithe oifigiúla éifeachtach. Tá a n-éifeachtacht níos airde le linn na gcéimeanna táirgthe agus próiseála ná san earnáil iartheachtach (mórdhíoltóirí agus miondíoltóirí).

Mar sin féin, ní fhíoraítear i gcónaí le rialuithe oifigiúla an gcomhlíonann na táirgí sin na rialacha uile atá sna sonraíochtaí táirgí.

Ina theannta sin, ní rialuithe córasacha ná rioscabhunaithe iad na rialuithe margaidh a dhéantar maidir le húsáid ainmneacha cláraithe na dtáirgí sin. Tá siad bunaithe go príomha ar ghearáin nó ar fhaisnéis sheachtrach.

Cleachtais chalaoiseacha agus mheabhlacha

Bunaithe ar na torthaí ó staidéir aimsithe faisnéise agus ó chruinnithe le húdaráis náisiúnta, tá treoirdhoiciméad á ullmhú ag an gCoimisiún chun cuidiú leis na húdaráis náisiúnta lena rialuithe oifigiúla chun cleachtais chalaoiseacha agus mheabhlacha sa slabhra agraibhia a shainaithint.

Na cláir chomhordaithe a dhíríonn ar bhia-ábhair atá góchumtha agus faoi bhunchaighdeán, chomh maith le calaois agus truaillmheascadh bia, tá siad fós i bhfeidhm.

Teacht isteach ainmhithe agus earraí san Aontas

Deimhníonn torthaí na n-iniúchtaí go leanann tíortha an Aontais ag cur feabhas ar a gcórais agus ar chur chun feidhme na rialuithe, cé is moite de thír amháin den Aontas.

Iarmhair táirgí íocshláinte tréidliachta agus éilleáin chomhshaoil i measc ainmhithe agus i dtáirgí de bhunadh ainmhíoch

Le torthaí an mheasúnaithe ar na pleananna faireacháin iarmhar agus torthaí na gcúig iniúchadh a rinneadh, léirítear go bhfuil na Ballstáit comhlíontach.

2.4

Obair leantach chórasach ar mholtaí iniúchóireachta

2. 4.1

Iniúchtaí leantacha ginearálta

Bunaithe ar ár dtimthriall 3 bliana, rinneamar ocht n-iniúchadh ghinearálta leantacha in 2021.

Tábla 6: Iniúchtaí leantacha ginearálta in 2021

Iniúchtaí leantacha ginearálta:

Maidir leis an athbhreithniú córasach ar ghníomhaíochtaí a rinne na Ballstáit chun aghaidh a thabhairt ar mholtaí iniúchóireachta, lean sin de bheith éifeachtach agus iad ag déileáil leis an gcuid is mó de na saincheisteanna a sainaithníodh. Foilsíodh na torthaí ó na hiniúchtaí leantacha ginearálta sna próifílí tíre ábhartha.

Ag deireadh mhí na Nollag 2021, bhí gníomhaíocht cheartaitheach déanta ag na húdaráis inniúla, sin nó thug siad gealltanais shásúla go dtabharfaidís aghaidh ar fhormhór na n-easnamh a sainaithníodh laistigh d’amlínte inghlactha. Ar bhonn táscaire rollach trí bliana, tugadh gealltanais i dtaca le bearta ceartaitheacha a dhéanamh maidir le 90 % de na moltaí a d’eascair as na hiniúchtaí a rinneadh sa tréimhse trí bliana 2017-2019. Leanfar d’fhaireachán a dhéanamh ar gach moladh oscailte trí iniúchtaí leantacha ginearálta.

2.4.2

Forfheidhmiú

In 2021, chuir an Coimisiún tuairim réasúnaithe bhreise chuig an tSeicia maidir lena hoibleagáid tuairisciú córasach a dhéanamh i ndáil le hearraí bia áirithe a thagann ó thír eile de chuid an Aontais nuair a thagann na hearraí bia sin isteach sa tSeicia den chéad uair ( 20 ).

In 2021 níor chuir an Coimisiún aon chaingean faoi bhráid Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh sna réimsí atá faoi réir rialuithe oifigiúla a chumhdaítear leis an tuarascáil seo.



Conclúidí

Léiríonn na tuarascálacha bliantúla ó thíortha an Aontais ar na rialuithe oifigiúla gur lean na húdaráis náisiúnta in 2021 ag comhlíonadh a róil maidir le fíorú agus faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh na ngnólachtaí feadh an bhiashlabhra maidir le ceanglais ábhartha de chuid an Aontais agus gur ghlac siad bearta forfheidhmithe i gcásanna neamhchomhlíontachta.

Ní mór d’údaráis náisiúnta fós oiriúnú a gcóras inmheánach sonraí a chur i gcrích chun gur féidir sonraí iomlána agus comhsheasmhacha a chur isteach san fhormáid is gá. Dá gcloífí leis an treoraíocht ón gCoimisiún maidir leis an tuarascáil bhliantúil a chomhlánú, chuirfí tuilleadh feabhais ar inchomparáideacht na faisnéise a chuirtear ar fáil le haghaidh 2022 agus na mblianta ina dhiaidh.

D’fhéadfaí na tuarascálacha bliantúla a fheabhsú freisin nuair a bheidh sonraí leordhóthanacha ag na húdaráis náisiúnta chun ráitis maidir le leibhéal foriomlán na comhlíontachta a chur leo; éifeachtacht fhoriomlán na gcóras rialaithe oifigiúil; agus a oiriúnaí atá siad chun cuspóirí an Rialacháin maidir le Rialuithe Oifigiúla a bhaint amach ( 21 ).

Maidir leis na rialuithe oifigiúla ar leas ainmhithe, ní mór anailís níos fearr a sholáthar i dtuarascálacha bliantúla amach anseo ar na príomhtheagmhais neamhchomhlíontachta agus ar na pleananna gníomhaíochta náisiúnta chun nach dtarlóidh teagmhais neamhchomhlíontachta den sórt sin arís.

Sna torthaí ó na rialuithe oifigiúla a rinne na Ballstáit agus sna torthaí ó na rialuithe a rinne an Coimisiún ar na húdaráis náisiúnta, léirítear go bhfuil na córais rialaithe is gá i bhfeidhm agus, ar an iomlán, gur ann do leibhéil chomhlíontachta atá comhoiriúnach le ceanglais sábháilteachta bia agus beatha agus margadh inmheánach sláintiúil san Aontas. Mar sin féin, shainaithin rialuithe an Choimisiúin laigí i roinnt córas rialaithe agus léirigh siad gur féidir feabhas a chur orthu tuilleadh.

Léiríonn an obair leantach chórasach a dhéanann an Coimisiún ar na moltaí iniúchóireachta go ndéanann na húdaráis náisiúnta, go ginearálta, bearta ceartaitheacha iomchuí chun aghaidh a thabhairt ar na heasnaimh a sainaithníodh.

Ag obair i gcomhar leis na húdaráis náisiúnta, leanann an Coimisiún ag tacú leo maidir lena gcórais rialaithe oifigiúla a fheabhsú go leanúnach trí na líonraí saineolaithe náisiúnta agus tríd an tionscnamh “Oiliúint Níos Fearr le haghaidh Bia Níos Sábháilte”.

Le linn 2021, bhí deacrachtaí ann i gcónaí do na húdaráis náisiúnta agus don Choimisiún a bpleananna rialaithe a dhéanamh mar gheall ar na srianta a cuireadh i bhfeidhm de bharr phaindéim COVID-19. Luadh leibhéil foirne agus srianta acmhainní freisin mar chúiseanna nár chuir údaráis náisiúnta a gcláir bheartaithe chun feidhme ina n-iomláine.

(1) ()Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 maidir le rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile arna ndéanamh lena áirithiú go gcuirtear i bhfeidhm dlí an bhia agus na beatha, rialacha maidir le sláinte agus leas ainmhithe, sláinte plandaí agus táirgí cosanta plandaí
(2) () I gcomhréir leis an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, agus go háirithe Airteagal 5(4) den Phrótacal maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann i gcomhar le hIarscríbhinn 2 a ghabhann leis an bPrótacal sin.
(3) ()  Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 maidir le rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile arna ndéanamh lena áirithiú go gcuirtear i bhfeidhm dlí an bhia agus na beatha, rialacha maidir le sláinte agus leas ainmhithe, sláinte plandaí agus táirgí cosanta plandaí.
(4) () Airteagal 116 de Rialachán (AE) 2017/625 .
(5) () Airteagal 113(1) de Rialachán (AE) 2017/625 .
(6) () Airteagal 114 de Rialachán (AE) 2017/625 .
(7) () Doiciméad inmheánach oibre de chuid an Choimisiúin (SWD(2023) 131 final) a ghabhann leis an tuarascáil ón gCoimisiún maidir le feidhmiú foriomlán na rialuithe oifigiúla a rinneadh i dtíortha an Aontais (2021) lena áirithiú go gcuirtear dlí an bhia agus na beatha agus na rialacha maidir le sláinte agus leas na n-ainmhithe, le sláinte na bplandaí agus le táirgí cosanta plandaí i bhfeidhm.
(8) () Féach Eurostat – key figures of the European food chain – 2021 le haghaidh rogha sonraí maidir le hearnálacha talmhaíochta agus iascaigh an Aontais, agus maidir leis an slabhra níos ginearálta ‘On bhFeirm go dtí an Forc’.
(9) () Ní áirítear san fhigiúr seo rialuithe a bhaineann le sláinte na bplandaí (i.e. pasanna plandaí a eisiúint agus marc CIBF15 a chur ar phacáistíocht adhmaid chun a léiriú gur cóireáladh é chun cosc a chur ar leathadh feithidí, síolta agus fungas), le margú na dtáirgí cosanta plandaí ná le húsáid inbhuanaithe na lotnaidicídí lasmuigh den talmhaíocht.
(10) () Ní cheanglaítear ar na húdaráis náisiúnta an líon eintiteas atá gníomhach in iompar ainmhithe a thuairisciú. Is féidir an líon conablach nó an meáchan a thabhairt mar na sonraí a iarradh le haghaidh rialuithe oifigiúla agus saincheisteanna neamhchomhlíontachta i gcás na seamlas agus na ngnólachtaí láimhseála géim, agus dá bhrí sin ní féidir figiúr iomlán a úsáid.
(11) () Fógra ón gCoimisiún maidir le doiciméad treorach le haghaidh líonadh isteach na foirme samplaí caighdeánaí  
(12) () Airteagail 151, 152, 154, 156, 157 agus 158 de Rialachán (AE) 2017/625.
(13) () Airteagal 138 de Rialachán (AE) 2017/625 .
(14) () Airteagal 12(2) agus (3) de Rialachán (AE) 2017/625 .
(15) ()     Airteagail 137, 138 agus 139 de Rialachán (AE) 2017/625 .
(16) () Airteagail 6 agus 12 de Rialachán (AE) 2017/625 .
(17) ()  Foilsítear na cláir oibre ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin.
(18) () Is bealach uathúil é an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh chun cuidiú leis an Aontas a mhúnlú. Ar 1 mhilliún síniú a bheith bailithe le haghaidh tionscnaimh, cinnfidh an Coimisiún cé na bearta is gá a dhéanamh. Tuilleadh eolais faoin tionscnamh ó na saoránaigh ‘End the Cage Age’ .
(19) () Úsáidtear táscairí comhchuibhithe riosca chun meastachán a dhéanamh ar threochtaí sa riosca a bhaineann le húsáid lotnaidicídí.
(20) () Seoladh litir fógra fhoirmiúil i mí Eanáir 2019 agus tuairim réasúnaithe i mí Iúil 2019. Ós rud é gur aisghaireadh le Rialachán (AE) 2017/625 an reachtaíocht b’infheidhme roimhe seo maidir le rialuithe oifigiúla agus gur cuireadh an reachtaíocht sin in ionad na reachtaíochta sin, agus chun deimhneacht dhlíthiúil a chinntiú maidir leis na forálacha a sháraigh an tSeicia dar leis an gCoimisiún, seoladh litir fógra fhoirmiúil bhreise i mí Iúil 2020 agus tuairim réasúnaithe bhreise i mí Mheán Fómhair 2021.
(21) () Rialachán (AE) 2017/625 .
Top