AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,4.4.2023
COM(2023) 180 final
TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE
ar fheidhmiú na socruithe maidir le cigireachtaí ar acmhainní dílse traidisiúnta (2019-2021) de bhun Airteagal 6(3) de Rialachán (AE, Euratom) 2021/768 ón gComhairle an 30 Aibreán 2021 lena leagtar síos bearta cur chun feidhme le haghaidh chóras acmhainní dílse an Aontais Eorpaigh
|
Achoimre feidhmiúcháin
Déanann an Coimisiún tuarascáil ar fheidhmiú na socruithe maidir le cigireachtaí ar acmhainní dílse traidisiúnta (ADT) a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle gach 3 bliana. Sa tuarascáil seo, tugtar mionsonraí ar na gníomhaíochtaí cigireachta a rinneadh in 2019 - 2021.
D’ainneoin na ndúshlán a bhí roimh na Ballstáit agus an Coimisiún mar gheall ar phaindéim COVID-19 le linn na tréimhse sin, dúshláin nach raibh a leithéidí riamh ann, rinne an Coimisiún gníomhaíochtaí suntasacha i réimse ADT lenar cuireadh EUR 2,54 billiún sa bhreis le buiséad an Aontais.
Dhírigh an Coimisiún a chuid gníomhaíochtaí i gcoinne teicstílí agus coisbheart ó Dhaon-Phoblacht na Síne arna meas faoi bhun luacha go calaoiseach a allmhairíodh chuig an Ríocht Aontaithe agus sna Ballstáit uile. Thionscain an Coimisiún imeacht um shárú i gcoinne na Ríochta Aontaithe, inar rialaigh Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (CBAE) i bhfabhar an Choimisiúin sa deireadh (C-213/19). Leis an gcás cinniúnach sin, tabharfar ní hamháin méideanna móra ADT breise do bhuiséad an Aontais, ach go ginearálta tugtar soiléireacht leis maidir le bailiú ADT don todhchaí. Thairis sin, tá feabhas suntasach curtha ag na Ballstáit ar a straitéisí rialaithe sa réimse sin. Chun caillteanais ADT a d’fhéadfadh a bheith ann ina leith sin a chur san áireamh, chuir 21 Bhallstát méideanna breise EUR 1,473 billiún ar fáil faoi fhorchoimeádas roimh bhreithiúnas CBAE faoin 31 Nollaig 2021.
I ndáil le tarraingt siar na Ríochta Aontaithe ón Aontas Eorpach an 1 Eanáir 2021, rinneadh íocaíocht méideanna ADT a bhí fós dlite ag an Ríocht Aontaithe a áirithiú i gcomhréir leis an gComhaontú um Tharraingt Siar.
Mhéadaigh an Coimisiún a ghníomhaíocht ad hoc spriocdhírithe chun buiséad an Aontais a chosaint, mar shampla trí iniúchadh deisce ar allmhairí grianphainéal agus griancheall a dhearbhaítear gur de thionscnamh na Malaeisia agus na Téaváine iad. Faoin 31 Nollaig 2021, chuir na Ballstáit méid EUR 647 milliún de ADT breise ar fáil chuige sin.
Ina theannta sin, bhí topaicí amhail Bainistíocht chuntas A agus chuntas B, Faisnéis taraife cheangailteach, Gnólachtaí móra agus Dleachtanna frithdhumpála agus frithchúitimh san áireamh sna gníomhaíochtaí cigireachta bliantúla a bhí beartaithe.
Thairis sin, mar gheall ar phaindéim COVID-19, ba ghá roinnt cigireachtaí ar an láthair a dhéanamh ó chian de réir an cháis áirithe sna Ballstáit. Mar gheall air sin, bhí ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit araon iarrachtaí móra a dhéanamh chun leanúint de bheith éifeachtúil agus éifeachtach. Chuige sin, d’oiriúnaigh an Coimisiún a straitéis fhoriomlán maidir le pleanáil agus cur i gcrích cigireachtaí, mar shampla trí iniúchtaí deisce breise agus cigireachtaí ad hoc a thabhairt isteach, agus trí dhíriú ar bhealach níos solúbtha ar na treochtaí agus na rioscaí lena ndéantar difear do ADT.
Ar deireadh, tá gníomhaíochtaí tráthrialta eile sa tuarascáil a dhéantar chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint: an obair leantach ar litreacha réamhthorthaí Chúirt Iniúchóirí na hEorpa, an scrúdú ar theidlíochtaí do-aisghabhála a dhíscríobh na Ballstáit, an chaoi a ndéileáiltear le hearráidí na mBallstát, bainistíocht an bhunachair sonraí a bhaineann le calaois agus neamhrialtachtaí agus an cúnamh do na tíortha is iarrthóirí.
|
1.
RÉAMHRÁ
Ó 2019 go 2021, cuireadh ar fáil acmhainní dílse traidisiúnta (ADT) ar fiú níos mó ná EUR 60 billiún (glan) iad, is é sin thart ar EUR 20 billiún ar an meán in aghaidh na bliana.
Tá cigireachtaí ADT bunaithe ar Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 608/2014 ón gComhairle an 26 Bealtaine 2014
, arna n-aisghairm le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 2021/768 ón gComhairle an 3 Aibreán 2021.
Déanann an Coimisiún tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ar fheidhmiú na socruithe maidir le cigireachtaí ADT gach 3 bliana
.
Sa tuarascáil seo, tugtar tuairisc agus anailís ar fheidhmiú an chórais cigireachta le haghaidh ADT don tréimhse ó 2019 go 2021
. Tugtar tuairisc anseo freisin ar chigireachtaí a rinne an Coimisiún Eorpach ar ADT le linn na tréimhse sin agus áirítear ann gníomhaíochtaí eile a rinneadh chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint:
-cigireachtaí ar an láthair agus iniúchtaí deisce spriocdhírithe a rinne an Coimisiún agus na Ballstáit agus an obair leantach ina leith;
-obair leantach ar litreacha réamhthorthaí ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa;
-scrúdú ar theidlíochtaí do-aisghabhála a díscríobhadh;
-an chaoi a ndéileáiltear le hearráidí na mBallstát as a dtagann caillteanas ADT;
-bainistíocht an bhunachair sonraí a bhaineann le calaois agus neamhrialtachtaí (OWNRES);
-cúnamh do na tíortha is iarrthóirí;
-rannchuidiú leis an Rialachán maidir le Cur ar Fáil.
Déanann foireann bheag de 15 dhuine na gníomhaíochtaí thuasluaite a áirithiú. Comhroinneann seachtar príomhchigirí na cigireachtaí ar an láthair agus an fhreagracht gheografach le haghaidh na mBallstát, áfach. Áirithíonn an fhoireann go mbailítear ADT go tráthúil agus go gcuirtear i bhfeidhm i gceart agus go comhsheasmhach na forálacha dlíthiúla idir na Ballstáit. Tugann an fhoireann comhairle freisin le linn na gcuairteanna cigireachta agus is féidir aon saincheist thábhachtach a phlé dhá uair sa bhliain ar a laghad le linn chruinnithe Choiste Comhairleach na nAcmhainní Dílse.
2.
CREAT AGUS MODHEOLAÍOCHT CHIGIREACHTAÍ ADT
2.1.
Creat rialála agus oibríochtúil ADT
Tarmligtear bailiú ADT chuig na Ballstáit faoi dhlí an Aontais. Ní mór dóibh na dleachtanna custaim a bailíodh go huathrialach a chur ar fáil do bhuiséad an Aontais agus ráta comhréidh 25 % de méideanna ADT uile a chuirtear ar fáil don Choimisiún
a choinneáil mar chúiteamh i leith costais bhailithe, go neamhspleách ó na costais a tabhaíodh iarbhír. Ceanglaítear ar na Ballstáit seiceálacha custaim a dhéanamh agus tuairisciú don Choimisiún.
Mar sin féin, coinníonn an Coimisiún cumhachtaí tábhachtacha cigireachta sa réimse sin. Sa chomhthéacs sin, is uirlisí tábhachtacha iad na cigireachtaí ar an láthair agus na cianchigireachtaí chun maoirseacht a dhéanamh ar an gcóras chun ADT a bhailiú trí roinnt cineálacha seiceálacha a dhéanamh ar rialacháin agus doiciméid na mBallstát.
Ceanglaítear ar an gCoimisiún freisin freagairt do na barúlacha a dhéanann an Chúirt Iniúchóirí ina Tuarascáil Bhliantúil, ina tuarascálacha speisialta nó ina litreacha réamhthorthaí, agus do na barúlacha agus na moltaí a dhéanann Parlaimint na hEorpa le linn an nós imeachta um urscaoileadh i ndáil leis an mbuiséad a chur chun feidhme. Áirithíonn an Coimisiún go gcuireann na Ballstáit rialacha an Aontais i bhfeidhm i gceart, agus tuairiscíonn sé don údarás buiséadach.
Tá trí chuspóir ag gníomhaíochtaí cigireachta an Choimisiúin:
-Chun cothrom iomaíochta a choinneáil ar bun idir na Ballstáit agus oibreoirí eacnamaíocha, gan beann ar an áit a n-imréitítear na hearraí trí chustaim san Aontas chun saobhadh iomaíochta a chosc;
-Chun a áirithiú go mbunaítear ADT go tráthúil agus chun feabhas a chur ar aisghabháil ADT. Ní mór don Choimisiún a áirithiú chun a shástachta féin go gcomhlíonann na Ballstáit a gcuid freagrachtaí maidir le ADT a bhailiú agus a chur ar fáil. Déanann an Coimisiún cigireacht ar na gníomhaíochtaí a dhéanann na Ballstáit maidir le ADT a aisghabháil, lena n-áirítear fógra tráthúil a thabhairt faoin bhfiach custaim agus na nósanna imeachta forfheidhmiúcháin a mheastar a bheith riachtanach;
-Chun an t-údarás buiséadach a chur ar an eolas agus, dá bharr sin, chun urscaoileadh dearfach a fháil. Ar bhonn thorthaí na gcigireachtaí, déanann an Coimisiún measúnú ar éifeachtacht agus dícheall na mBallstát maidir le ADT a bhunú, a bhailiú agus a chur ar fáil, iarrann sé bearta atá le déanamh chun aon easnamh a leigheas agus, sa deireadh, is féidir leis tuairisciú don údarás buiséadach.
Thairis sin, leis na cigireachtaí, rannchuidítear le feidhmiú éifeachtach an Aontais Custaim a áirithiú, le táirgeoirí an Aontais a chosaint agus le rialacha an Aontais a chur i bhfeidhm go haonfhoirmeach chun bealaí éalaithe a sheachaint ar féidir le calaoiseoirí teacht i dtír orthu nó trínar féidir le calaoiseoirí teacht timpeall ar na dleachtanna atá le híoc.
Le torthaí na gcigireachtaí, tugtar ionchur tábhachtach le haghaidh bheartas ioncaim Ard-Stiúrthóireacht an Bhuiséid maidir le creat rialála na n-acmhainní dílse atá ann faoi láthair agus a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo. Comhroinntear na torthaí sin le seirbhísí eile an Choimisiún (AS TAXUD agus an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF)) chun cuidiú leo, ar leibhéal beartais, aghaidh a thabhairt ar na heasnaimh a sainaithníodh.
Ón 1 Eanáir 2021 ar aghaidh, tá feidhm ag Cinneadh nua maidir le hAcmhainní Dílse agus Rialachán (AE, Euratom) 2021/768 ón gComhairle lena leagtar síos bearta cur chun feidhme. Ina theannta sin, is gá rialuithe ADT a dhéanann an Coimisiún agus na Ballstáit a oiriúnú go tráthrialta chun forbairt leanúnach a dhéanamh ar éascú trádála agus ar shimplithe trádála.
2.2.
Cuspóirí agus modheolaíocht chigireachtaí ADT ar an láthair agus chianchigireachtaí ADT
Is é is príomhchuspóir do chigireachtaí ADT dearbhú a fháil go gcomhlíontar reachtaíocht ábhartha an Aontais leis na nósanna imeachta atá i bhfeidhm sna Ballstáit agus go gcosnaítear leasanna airgeadais an Aontais go hiomchuí cibé áit a n-imréitítear na hearraí. Gach bliain, dírítear ar thopaicí sonracha custaim agus cuntasaíochta leis na cigireachtaí. Leis sin, tacaítear le comhchuibhiú agus feabhsú na nósanna imeachta atá i bhfeidhm sna Ballstáit chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint ar bhealach comhsheasmhach.
Beartaítear cigireachtaí an Choimisiúin ar an láthair mar chuid de chlár cigireachta bliantúil atá bunaithe ar anailís riosca agus ina bhfuil na topaicí a ndéanfar cigireacht orthu i mBallstát amháin nó níos mó. Déantar na cigireachtaí sin trí nósanna imeachta caighdeánaithe a úsáid agus baineann siad le húsáid uirlisí iniúchóireachta saincheaptha chun a áirithiú go ndéantar na cigireachtaí ar bhealach comhsheasmhach. Le linn 2020 agus 2021, bhí gá le roinnt de na cigireachtaí ar an láthair a dhéanamh ó chian, mar gheall ar phaindéim COVID-19.
Ní hamháin go bhféadfar topaicí na gcigireachtaí a mholadh go hinmheánach, ach féadfaidh na Ballstáit nó seirbhísí eile an Choimisiúin iad a mholadh freisin (e.g. AS TAXUD, OLAF). Leantar le tuilleadh comhair le seirbhísí eile agus na huirlisí iniúchóireachta á ndréachtú agus trí rannpháirtíocht ghníomhach AS TAXUD sna cuairteanna cigireachta. Thairis sin, téitear i gcomhairle le AS TAXUD, le OLAF agus leis an tSeirbhís Dlí freisin agus tugann siad barúlacha sula gcuirtear na tuarascálacha cigireachta faoi bhráid an Choiste Chomhairligh maidir le ADT. Leis an gcur chuige sin, áirithítear comhsheasmhacht thar sheirbhísí an Choimisiúin agus cóir chomhionann le haghaidh na mBallstát uile.
Ó bhí 2020 ann, déanann an Coimisiún cigireachtaí agus iniúchtaí deisce ad hoc breise ar bhealach atá dírithe ar riachtanais ina sainaithnítear rioscaí ar leith. Déantar na hiniúchtaí deisce spriocdhírithe sin ó chian den chuid is mó (e.g. iniúchadh deisce ar ghrianphainéil ar cuireadh tús leis in 2021).
3.
CIGIREACHTAÍ ADT A RINNE AN COIMISIÚN LE LINN AN TRÉIMSE 2019 – 2021
Le linn na tréimhse 2019 – 2021, rinne an Coimisiún 56 chigireacht as ar tháinig 168 dtoradh faoi Airteagal 2 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 2021/768 ón gComhairle. Le Tábla 1, tugtar forléargas ar ghníomhaíochtaí cigireachta in aghaidh an Bhallstáit le linn na tréimhse tuairiscithe.
As an 168 dtoradh a tugadh ar aird, bhí tionchar airgeadais díreach ag 118 gcinn díobh ar a laghad (70,2 %) agus bhí tionchar rialála ag 43 cinn díobh (25,6 %).
Déantar measúnú ar chúrsaí cuntasaíochta agus custaim le linn na gcigireachtaí.
Tábla 1. Forléargas ar ghníomhaíochtaí cigireachta 2019-2021
|
Ballstát
|
Bainistíocht chuntais A&B
|
Aisíocaíochtaí agus cásanna chuntas B ar leithligh
|
Faisnéis taraife cheangailteach
|
Gnólachtaí móra
|
Luach custaim
|
Grianphainéil
|
Dleachtanna frithdhumpála/dleachtanna frithchúitimh
|
|
|
2020
|
2021
|
2019-2021
|
2019
|
2019
|
2019-2021
|
2021
|
2021
|
|
AT
|
|
x
|
x
|
|
|
x
|
x
|
|
|
BE
|
x
|
|
x
|
|
X
|
x
|
x
|
|
|
BG
|
x
|
|
x
|
|
|
x
|
x
|
|
|
HR
|
|
x
|
x
|
|
|
x
|
|
|
|
CY
|
|
x
|
x
|
|
|
x
|
|
|
|
CZ
|
x
|
|
x
|
|
|
x
|
x
|
|
|
DK
|
|
x
|
x
|
|
|
x
|
x
|
|
|
EE
|
|
x
|
x
|
|
|
x
|
x
|
|
|
FI
|
|
x
|
x
|
|
|
x
|
x
|
|
|
FR
|
x
|
|
x
|
x
|
|
x
|
x
|
x
|
|
DE
|
x
|
|
x
|
x
|
|
x
|
Cigireacht 2018
|
x
|
|
EL
|
x
|
|
x
|
|
|
x
|
x
|
x
|
|
HU
|
x
|
|
x
|
x
|
|
x
|
x
|
|
|
IE
|
|
x
|
x
|
|
|
x
|
x
|
|
|
IT
|
x
|
|
x
|
x
|
|
x
|
x
|
x
|
|
LV
|
|
x
|
x
|
|
|
x
|
x
|
|
|
LT
|
|
x
|
x
|
|
|
x
|
x
|
|
|
LU
|
|
x
|
x
|
|
|
x
|
x
|
|
|
MT
|
x
|
|
x
|
|
|
x
|
x
|
|
|
NL
|
x
|
|
x
|
|
x
|
x
|
Cigireacht 2018
|
x
|
|
PL
|
x
|
|
x
|
|
|
x
|
x
|
x
|
|
PT
|
x
|
|
x
|
x
|
|
x
|
x
|
|
|
RO
|
x
|
|
x
|
|
|
x
|
|
|
|
SK
|
x
|
|
x
|
|
|
x
|
|
|
|
SI
|
|
x
|
x
|
|
|
x
|
x
|
|
|
ES
|
x
|
|
x
|
|
|
x
|
x
|
x
|
|
SE
|
x
|
|
x
|
|
|
x
|
x
|
|
|
UK
|
x
|
|
x
|
x
|
|
x
|
Cigireacht 2018
|
|
|
Iomlán
|
28
|
28
|
6
|
2
|
28
|
21
|
7
|
3.1.
Cúrsaí cuntasaíochta
Le linn 2020 – 2021, rinneadh cigireachtaí ar iontaofacht chuntais A agus B
agus a ráiteas gaolmhar sna Ballstáit uile agus sa Ríocht Aontaithe. Thángthas ar an gconclúid gur comhlíonadh reachtaíocht an Aontais leis na nósanna imeachta chun na ráitis sin a bhunú agus go n-áirithíodh cosaint leasanna airgeadais an Aontais. Na torthaí a cuireadh in iúl tar éis na gcigireachtaí sin, i measc nithe eile, baineann siad le neamhréireachtaí idir an dá chuntas, le bunú déanach an fhéich custaim agus fógra déanach faoi, le hiontrálacha míchearta sa dá chuntas, le líonadh mícheart na ráiteas agus na n-iarscríbhinní a ghabhann leo, agus aistrithe déanacha ó chuntas B.
Rinneadh cigireacht ar bhainistiú chuntas A agus chuntas B sna Ballstáit uile mar thopaic chigireachta eile sa bhreis ar phríomhthopaic an chustaim. Leis na cigireachtaí a rinneadh thar an tréimhse 2019-2021, dearbhaíodh go raibh formhór na n-earráidí ina n-earráidí aonuaire agus gurbh eisceachtúil na hearráidí córasacha. Ghlac na Ballstáit leis na hiarmhairtí airgeadais a d’eascair as na torthaí a tugadh ar aird.
Tháinig feabhas ar an gcás foriomlán mar gheall ar an mbreithniú a rinneadh le linn chigireachtaí an Choimisiúin agus mar gheall ar thuilleadh feabhsuithe ar chórais chuntasaíochta leictreonacha sna Ballstáit lena laghdaítear baol na n-earráidí a bhaineann le hidirghabháil de láimh. Ní mór do na Ballstáit tuilleadh feabhais a chur ar a n-iarrachtaí chun bainistiú dícheallach chuntais A agus B a áirithiú, áfach, agus an fhaisnéis uile is gá de réir an dlí a sholáthar chun a áirithiú go bhfuil na ráitis iomlán, soiléir agus trédhearcach.
3.2.
Cúrsaí custaim 2019 - 2021
Na topaicí custaim lena mbaineann an baol is mó do leasanna airgeadais an Aontais, roghnaítear iad le haghaidh na gcigireachtaí.
Le linn na tréimhse 3 bliana sin, díríodh ar na nithe seo a leanas sna cigireachtaí:
-an straitéis rialaithe luachála custaim (2019, 2020, 2021);
-an fhaisnéis taraife cheangailteach (2019);
-straitéis rialaithe na ngnólachtaí móra (2019, 2021);
-an straitéis rialaithe maidir le dleachtanna frithdhumpála agus frithchúitimh (2021).
In 2019, 2020 agus 2021, bhí an straitéis rialaithe i réimse na luachála custaim fós ina baol mór d’airgeadas na mBallstát agus do bhuiséad an Aontais, mar a léiríodh i gcigireachtaí ADT a rinneadh roimhe sin agus in imscrúdaithe OLAF
. Rinneadh measúnú iomlán uirthi nó rinneadh obair leantach maidir léi le linn 44 iniúchadh sna Ballstáit uile agus sa Ríocht Aontaithe. Go ginearálta, tá feabhas suntasach tagtha ar na straitéisí rialaithe sna Ballstáit: bunaíodh próifílí riosca iomchuí le haghaidh luach custaim, agus i gcás amhrais tógtar urrúis sula scaoiltear na hearraí, agus treisíodh na rialuithe roimh an scaoileadh agus ina dhiaidh. Mar thoradh air sin, tháinig laghdú mór ar thionchar diúltach allmhairí tearcluacháilte de theicstílí agus de choisbheart ó Dhaon-Phoblacht na Síne ar fud an Aontais.
Deimhnítear an treocht an-dearfach sin le hanailís ar shonraí allmhairiúcháin a rinneadh le déanaí:
I mí an Mhárta 2014, nuair a chuir OLAF comhoibríocht chustaim Snake chun feidhme lena ndírítear ar allmhairí de theicstílí agus coisbheart tearcluacháilte, tháinig laghdú ar mhéid na n-allmhairí sna Ballstáit, ach tháinig méadú fós air sa Ríocht Aontaithe. Bhí an chuid is mó de na hallmhairí tearcluacháilte sin sa Ríocht Aontaithe go dtí mí Dheireadh Fómhair 2017 nuair a thosaigh an Ríocht Aontaithe ag cur na mbeart a iarradh chun feidhme faoi dheireadh (Oibríocht Swift Arrow). Cé gur fhan méid rialta na n-allmhairí cobhsaí ina dhiaidh sin, d’imigh na hallmhairí tearcluacháilte, a bheag nó a mhór, sa Ríocht Aontaithe (Cairt 1).
Tharla éifeacht iarmharta mar gheall air sin, áfach, toisc gur aistrigh allmhairí a d’fhéadfadh a bheith tearcluacháilte go Ballstáit eile in 2018 (Cairt 2). Dá bhrí sin, sna cigireachtaí a rinneadh in 2018-2021, níor díríodh ar chosaint leas airgeadais an Aontais amháin, ach athdhearbhaíodh an chomhairle agus an treoraíocht do na Ballstáit chun dul i ngleic go héifeachtach leis an tearcluacháil agus chun éifeachtaí iarmharta eile a sheachaint.
Mar a léirítear i gCairt 2, bhí tionchar an-dearfach ag cigireachtaí ADT ar mhéideanna allmhairí tearcluacháilte a laghdú ar fud an Aontais agus, dá bhrí sin, cuirtear laghdú go héifeachtach ar chaillteanais ADT a thabhaítear i mbuiséad an Aontais.
Cairt 1: Allmhairí de theicstílí agus coisbheart tearcluacháilte sa Ríocht Aontaithe
Cairt 2. Méideanna allmhairí a d’fhéadfadh a bheith tearcluacháilte (milliún kg)
In 2019, rinneadh cigireacht ar an bhfaisnéis taraife cheangailteach i sé Bhallstáit. Bhí sé mar aidhm ag na cigireachtaí a áirithiú go gcomhlíontar rialacha an Aontais maidir le cinntí faisnéise taraife ceangailtí a eisiúint agus a úsáid. Ní raibh iarmhairtí móra airgeadais ar bhuiséad an Aontais i gceist leis na heasnaimh a sainaithníodh. Bhain na heasnaimh den chuid is mó le neamhchomhlíonadh teorainneacha ama forordaithe, úsáid an chóid stádais mhíchirt, easpa rialuithe custaim a bhaineann le faisnéisí taraife ceangailteacha neamhbhailithe, leibhéal íseal rialuithe roimh scaoileadh na n-earraí agus ina dhiaidh maidir le faisnéisí taraife ceangailteacha, cumarsáid neamhleor idir seirbhísí, agus difríochtaí réigiúnacha i gcáilíocht rialaithe.
In 2019 agus 2021, rialaíodh an straitéis rialaithe le haghaidh gnólachtaí móra in dhá Bhallstát agus bhí na torthaí sásúil i bpáirt nó ní raibh siad sásúil. Cé go bhfuil gnólachtaí den sórt sin tábhachtach do gheilleagair na mBallstát agus go meastar go bhfuil siad níos iontaofa, ba cheart iad a bheith faoi réir leibhéal áirithe rialaithe nó faireacháin ag údaráis chustaim sna Ballstáit uile. Bhain na heasnaimh leis an anailís riosca, rialuithe réamhscaoilte agus iarscaoilte an-íseal agus easpa maoirseachta inmheánaí laistigh den eagraíocht chustaim náisiúnta.
In 2021 rinneadh cigireacht ar an straitéis rialaithe maidir le dleachtanna frithdhumpála agus frithchúitimh in ocht mBallstát. Meastar go bhfuil na córais rialaithe sásúil go páirteach nó sásúil go ginearálta. Bhain na príomheasnaimh le gan cur chun feidhme, nó le cur chun feidhme déanach, a dhéanamh ar phróifílí riosca, rialuithe neamh-chomhsheasmhacha, bunú nó cur ar fáil déanach dleachtanna frithdhumpála cinntitheacha (lena n-áirítear iad a bheith cinntitheach go sealadach), bunú déanach dleachtanna frithdhumpála/dleachtanna frithchúitimh nó gan iad a bhunú tar éis faisnéis a fuarthas ó OLAF agus an ráta mícheart dleachtanna frithdhumpála/dleachtanna frithchúitimh a cuireadh i bhfeidhm. Na feabhsuithe a iarradh sna tuarascálacha cigireachta, tá na Ballstáit á gcur i bhfeidhm faoi láthair ar a gcórais rialaithe, rud a rannchuideoidh le gnólachtaí atá lonnaithe san Aontas a chosaint a thuilleadh.
3.3.
Straitéis forfheidhmiúcháin maidir le hallmhairí tearcluacháilte
I litir dar dáta an 21 Nollaig 2018, thug an Coimisiún fógra do na Ballstáit uile maidir lena thuairim go bhféadfadh sé nach raibh méideanna na ndleachtanna custaim a bunaíodh agus a cuireadh ar fáil do bhuiséad an Aontais maidir le teicstílí agus coisbheart ó Dhaon-Phoblacht na Síne i gceart mar gheall ar thearcluacháil. Dá réir sin, thug an Coimisiún forchoimeádas neamh-inchainníochtaithe isteach a bhain le caillteanais mheasta ADT in 2018.
Tar éis na gcigireachtaí ar an straitéis rialaithe luachála custaim chuig na Ballstáit uile, sheol an Coimisiún litreacha, an 7 Bealtaine 2021, lenar cuireadh in iúl do gach Ballstát réamh-meastacháin ar chaillteanas ADT i ndáil leis sin.
Faoin 31 Nollaig 2021, tar éis na litreach faisnéise ón gCoimisiún ach roimh bhreithiúnas na Cúirte i gcás C-213/19, chuir 21 Bhallstát méideanna breise ADT ar fáil faoi fhorchoimeádas ar luach níos mó ná EUR 1,473 billiún.
An modh staidrimh ba mhian leis an gCoimisiún a chur i bhfeidhm chun caillteanais ADT a mheas, bhí sé ag brath ar thoradh an imeachta um shárú arna oscailt i gcoinne na Ríochta Aontaithe, rud as ar eascair breithiúnas 8 Márta 2022 (C-213/19, An Coimisiún v An Ríocht Aontaithe). D’fhormhuinigh Cúirt Bhreithiúnais na hEorpa modh staidrimh an Choimisiúin.
Chuaigh an Coimisiún ar aghaidh agus leanfaidh sé ar aghaidh in 2022 agus 2023 chun caillteanais ADT a mheas, i gcomhréir le breithiúnas na Cúirte i gcás C‑213/19.
3.4.
Grianphainéil
In 2018 agus 2019, rinne seirbhísí an Choimisiúin cigireachtaí ADT i 10 mBallstát chun measúnú a dhéanamh ar a straitéis rialaithe ar allmhairí de ghrianmhodúil agus de príomh-chomhpháirteanna a dhearbhaítear gur de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne, na Malaeisia agus na Téaváine iad agus atá faoi réir bearta cosanta trádála (dleachtanna frithdhumpála agus frithchúitimh).
Mar gheall ar easnamh athfhillteach a sainaithníodh i dtrí cinn de na cigireachtaí spriocdhírithe sin agus maidir le míthuiscint ar an téarma coinsínítear ó faoi Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) 2016/184 agus 2016/185 ón gCoimisiún an 11 Feabhra 2016, leathnaigh Ard-Stiúrthóireacht an Bhuiséid raon feidhme a rialuithe chuig na Ballstáit uile a d’allmhairigh na hearraí céanna sa tréimhse 30 Bealtaine 2015 - 3 Meán Fómhair 2018. Chuige sin, i litir dar dáta an 1 Meitheamh 2021, chuir Ard-Stiúrthóireacht an Bhuiséid 21 Bhallstát ar an eolas faoi caillteanais ADT a d’fhéadfadh a bheith ann mar thoradh ar an míthuiscint sin maidir le hallmhairí grianphainéal agus ceall a dearbhaíodh gur de thionscnamh na Malaeisia agus na Téaváine iad. Faoin 31 Nollaig 2021, chuir naoi mBallstát breis agus EUR 647 milliún ar fáil.
Tá an obair leantach maidir leis an easnamh sin ar siúl faoi láthair.
Sa deireadh, trí na gníomhaíochtaí cigireachta sin, trí theagmháil leis na Ballstáit agus tríd an iliomad cur i láthair, rinne an Coimisiún soiléiriú breise ar bhrí an téarma coinsínítear ó atá cumhdaithe i reachtaíocht ábhartha an Aontais, mar a léirmhíníonn an Chúirt Bhreithiúnais é. Leis sin, cuireadh le cothrom iomaíochta do na Ballstáit agus le cosaint bhreise a thabhairt do chomhlachtaí atá lonnaithe san Aontas ar allmhairí den sórt sin.
4.
OBAIR LEANTACH AR CHIGIREACHTAÍ AN CHOIMISIÚIN
4.1.
Gnéithe rialála
Iarrtar ar na Ballstáit bearta a dhéanamh aon uair a bhraitear fabhtanna nó bealaí éalaithe i rialacháin náisiúnta nó i bhforálacha riaracháin le linn na n-iniúchtaí, d’fhonn iad a chur i gcomhréir le ceanglais an Aontais agus chun bunú agus bailiú ADT a chomhchuibhiú i measc na 27 mBallstát uile. Is éacht mór de chuid chigireachtaí an Choimisiúin é an t-ailíniú rialála sin. Is príomhtháscaire iad na torthaí freisin i leith fadhbanna a bhíonn ag na Ballstáit agus rialacháin chustaim agus rialacháin acmhainní dílse á gcur i bhfeidhm acu, agus cuireann na torthaí bonn eolais faoi iarracht leanúnach an Choimisiúin feabhas a chur ar an gcreat rialála.
4.2.
Toradh na ndíospóidí
Ní bhíonn léirmhíniú na bhforálacha dlí agus na nósanna i roinnt mBallstát i gcomhréir le ceanglais an Choimisiúin i gcónaí. I gcás nach féidir an díospóid a réiteach, cuireann an Coimisiún tús le nósanna imeachta um shárú.
Le linn na tréimhse 2019-2021, bhí 10 nós imeachta um shárú ann ar cuireadh tús leo nó ar leanadh díobh nó a dúnadh (féach an iarscríbhinn le haghaidh na sonraí). Is é an cás is suntasaí díobh an cás a osclaíodh i gcoinne na Ríochta Aontaithe (C-213/19) maidir le tearcluacháil teicstíle agus coisbhirt a raibh caillteanas ollmhór acmhainní dílse mar thoradh air a dhiúltaigh an Ríocht Aontaithe a chur ar fáil.
4.3.
Gnéithe airgeadais
Le haghaidh na tréimhse 2019 – 2021, íocadh teidlíochtaí breise dar luach níos mó ná EUR 2,54 billiún leis an gCoimisiún go príomha mar gheall ar an straitéis forfheidhmithe maidir le tearcluacháil teicstíle agus coisbhirt, agus maidir le grianphainéil. Baineann siad freisin le barúlacha eile a tugadh sna tuarascálacha cigireachta, gníomhaíochtaí cigireachta eile agus mar thoradh ar obair leantach ar thorthaí na Cúirte Iniúchóirí agus ar chinntí na Cúirte Breithiúnais maidir le nósanna imeachta um shárú ADT.
EUR 137 milliún san iomlán a bhí san ús a d’íoc na Ballstáit maidir le híocaíocht dhéanach le linn na tréimhse sin.
5.
BEARTA CHUN FEABHAS A CHUR AR AISGHABHÁIL ACMHAINNÍ DÍLSE TRAIDISIÚNTA
Seachas iniúchtaí an Choimisiúin ar an láthair sna Ballstáit, tá roinnt bealaí eile aige chun monatóireacht a dhéanamh ar aisghabháil ADT.
5.1.
Scrúdú ar theidlíochtaí do-aisghabhála a díscríobhadh
Ní mór do na Ballstáit gach beart is gá a dhéanamh chun ADT a chur ar fáil, seachas i gcás ina bhfuil sé dodhéanta aisghabháil a dhéanamh de bhun Airteagal 13(2) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 609/2014 ón gComhairle:
-ar chúiseanna force majeure;
-ar chúiseanna eile nach bhfuil inchurtha ina leith; nó
-mar gheall ar an iontráil sna cuntais a chur siar nó ar fhógra a thabhairt faoin bhfiach custaim ionas nach ndéantar dochar d’imscrúdú coiriúil lena ndéantar difear do leasanna airgeadais an Aontais.
I gcomhréir le forálacha reachtacha an Aontais, méideanna do-aisghabhála ADT os cionn EUR 100 000 (tuarascálacha díscríofa) a mheasann na Ballstáit nach bhfuil siad freagrach astu, ní mór dóibh na méideanna sin a thuairisciú don Choimisiún. Ina dhiaidh sin, tugann an Coimisiún barúlacha maidir le gach tuarascáil. Is é is aidhm do scrúdú an Choimisiúin ar na tuarascálacha díscríofa measúnú a dhéanamh ar an méid díchill a thaispeáin na Ballstáit maidir lena gcuid iarrachtaí na dleachtanna custaim a bhaineann le ADT a aisghabháil ó na hoibreoirí eacnamaíocha.
I gcás méideanna atá faoi bhun na tairsí tuairiscithe, déanann an Coimisiún measúnú rialta ar shamplaí de chásanna le linn na gcigireachtaí ar an láthair ós rud é nach bhfuil aon cheanglas tuairiscithe ar leithligh ann.
Chun tacú leis na Ballstáit meastóireacht a dhéanamh ar an bhfreagracht airgeadais a d’fhéadfadh a bheith acu maidir le méideanna do-aisghabhála ADT, d’eisigh an Coimisiún doiciméad oibre – an Choimre – ina bhfuil na critéir a úsáideadh chun measúnú a dhéanamh ar thuarascálacha díscríofa. Cuireadh an dara ceann in iúl do na Ballstáit den chéad uair faoi chuimsiú chruinniú an Choiste Chomhairligh maidir le hAcmhainní Dílse (CCAD) an 6 Nollaig 2012. An leagan athbhreithnithe is déanaí an 8 Márta 2018 lena mbreithnítear athraithe i reachtaíocht an Aontais agus an cásdlí ábhartha ar ADT, cuireadh é in iúl do na Ballstáit uile ina dteanga oifigiúil féin an 1 Meitheamh 2018.
Maidir le gach cás ábhartha, ní mór do na Ballstáit tuarascáil struchtúrtha a dhréachtú agus í a chur ar aghaidh chuig an gCoimisiún trí úsáid a bhaint as bunachar sonraí ilteangach ar a dtugtar WOMIS (Córas Bainistíochta agus Faisnéise maidir le Díscríobh). Le WOMIS, a nuashonraítear go tráthrialta, féadtar bainistiú éifeachtúil slán a dhéanamh ar thuarascálacha na mBallstát.
Déanann seirbhísí inniúla an Choimisiúin (Buiséad, TAXUD, OLAF agus na Seirbhís Dlí) measúnú ar an tuarascáil agus tugann siad barúlacha don Bhallstát. Baineann na barúlacha sin leis an mbonn cirt is féidir leis an mBallstát a agairt gan ADT a chomhfhreagraíonn do na dleachtanna custaim do-aisghabhála a chur ar fáil don Choimisiún.
Thar an tréimhse 2019-2021, cuireadh 106 thuarascáil díscríofa chuig an gCoimisiún, lena mbain méid iomlán de EUR 87,4 milliún. Sa tréimhse chéanna
, mheas an Coimisiún nach féidir caillteanas ADT a chur i leith na mBallstát i cás 76 thuarascáil a bhain le EUR 40,7 milliún. In 181 chás - ina raibh EUR 101,1 milliún i gceist - chreid an Coimisiún go raibh méideanna do-aisghabhála ar chúiseanna atá inchurtha go páirteach ar a laghad i leith an Bhallstáit lena mbaineann. I naoi gcás, bhí tuairisciú don Choimisiún mícheart nó róluath (EUR 1,3 milliún).
Chun a mheas an féidir caillteanas ADT a chur i leith an Bhallstáit, tá gá le anailís chuimsitheach ar ghnéithe na tuarascála. An 15 Meán Fómhair 2022, bhí suas le 154 thuarascáil díscríofa (EUR 163,7 milliún) a bhaineann leis na blianta 2009 go 2021 fós faoi scrúdú, go dtí, go páirteach, go bhfuarthas faisnéis bhreise a iarradh ar an mBallstát lena mbaineann.
5.2.
Láimhseáil earráidí bunaíochta as a dtagann caillteanas acmhainní dílse traidisiúnta
Rinne an Coimisiún obair leantach ar na hearráidí riaracháin a sainaithníodh a rinne na Ballstáit chun dochair do leasanna airgeadais an Aontais le linn na tréimhse 2019-2021 (cásanna a aimsíodh le linn cigireachtaí ar an láthair agus cianchigireachtaí, cinntí náisiúnta maidir le haisíocaíocht nó loghadh mar gheall ar earráidí riaracháin, cur ar fáil íocaíochtaí ar bhonn deonach ag na Ballstáit de bharr earráidí riaracháin a nglacann siad freagracht airgeadais as caillteanais ADT ina leith, méideanna do-aisghabhála díscríofa faoi bhun EUR 100 000 ar diúltaíodh dóibh etc.). Mar thoradh air sin, chuir na Ballstáit EUR 423 mhilliún ar fáil thar an tréimhse 2019-2021, sa bhreis ar mhéideanna a bailíodh le haghaidh straitéis forfheidhmiúcháin maidir le hallmhairí tearcluacháilte (pointe 3.3) agus grianphainéil (pointe 3.4).
5.3.
Bunachar sonraí OWNRES
De bhun Airteagal 5(1) de Rialacháin (AE, Euratom) Uimh. 608/2014 agus Uimh. 2021/768 ón gComhairle, ní mór do na Ballstáit faisnéis a sheoladh chuig an gCoimisiún maidir le cásanna calaoise agus neamhrialtachtaí a bhaineann le teidlíochtaí de mhéideanna níos mó ná EUR 10 000. Tuairiscítear an fhaisnéis sin trí bhunachar sonraí OWNRES, atá á bhainistiú agus á chothabháil ag an gCoimisiún.
Faigheann an Coimisiún an fhaisnéis is gá ó OWNRES chun monatóireacht a dhéanamh ar an aisghabháil agus a chigireachtaí ar an láthair agus a athbhreithnithe iniúchtaí deisce a ullmhú. Úsáideann OLAF é freisin chun anailís éagsúil a dhéanamh agus chun monatóireacht a dhéanamh ar an obair leantach ar a chuid moltaí airgeadais a eascraíonn as imscrúduithe OLAF. Déantar measúnú mionsonraithe ar na sonraí a thuairiscítear sna tuarascálacha bliantúla ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle maidir le leasanna airgeadais an Aontais an chosaint — An Comhrac i gcoinne na calaoise agus sa tuarascáil bhliantúil ar Fheidhmíocht an Aontais Chustaim.
In 2018, leasaíodh an fhoirm chun calaois agus neamhrialtachtaí a thuairisciú le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE, Euratom) 2018/195 ón gCoimisiún. Rinneadh uasghrádú ar bhunachar sonraí OWNRES chun na hathruithe sin a léiriú.
Faoi dheireadh 2021, bhí 121 199 gcás de chalaois nó de neamhrialtacht (idir ‘oscailte’ nó ‘dúnta’) i mbunachar sonraí OWNRES i gcomparáid le 106 361 chás ag tús 2019. Is méadú de thart ar 13,95 % é sin, nó 14 838 gcás nua, a tuairiscíodh le linn na tréimhse 3 bliana 2019 – 2021.
Faoi chuimsiú chruinnithe leathbhliantúla CCAD a reáchtáladh sa tréimhse 2019-2021, chuir an Coimisiún roinnt rialacha tuairiscithe nuashonraithe maidir le smuigléireacht i láthair lena n-áirithítear tuairisciú níos cuíchóirithe i mí Iúil 2019. I mí na Samhna 2020, iarradh ar na Ballstáit athbhreithniú a dhéanamh ar chásanna a roghnaíodh faoi chuimsiú cleachtadh foláirimh agus iad a thabhairt cothrom le dáta (cásanna OWNRES nár tugadh cothrom le dáta nó a ndearnadh a thuairisciú go mícheart den chuid is mó). Cuireadh toradh an chleachtaidh i láthair le linn chruinniú CCAD a reáchtáladh i mí Iúil 2021. Thairis sin, cuireadh leagan nuashonraithe de lámhleabhar úsáideora OWNRES a eisíodh i mí Aibreáin 2020 i láthair le linn an chruinnithe i mí an Mheithimh 2020.
5.4.
Bearta monatóireachta le haghaidh tíortha is iarrthóirí agus tíortha a d’fhéadfadh a bheith ina dtíortha is iarrthóirí
Tugann an Coimisiún cúnamh teicniúil do na tíortha is iarrthóirí agus do thíortha a d’fhéadfadh a bheith ina dtíortha is iarrthóirí chun an acmhainneacht riaracháin a fhorbairt agus chun na córais is gá a chur i bhfeidhm chun an acquis a chur chun feidhme i ndáil le ADT tar éis an aontachais. Déanann sé measúnú freisin ar ullmhacht na dtíortha is iarrthóirí agus na dtíortha a d’fhéadfadh a bheith ina dtíortha is iarrthóirí chuige sin.
Sa réimse sin, cuireadh obair theicniúil agus cúnamh teicniúil ar an láthair ar fionraí mar gheall ar phaindéim COVID-19 agus toradh éiginnte na caibidlíochta maidir leis an bpacáiste acmhainní dílse a mhol an Coimisiún i mí na Bealtaine 2018, rud as ar eascair Cinneadh (AE, Euratom) 2020/2053 ón gComhairle ag a raibh feidhm chúlghabhálach ón 1 Eanáir 2021 ar aghaidh.
Mhol an Coimisiún pacáiste acmhainní dílse breise i mí na Nollag 2021 chun trí acmhainn dílse nua a bhunú, lenar cheart ioncam atá coibhéiseach le riachtanais mhaoiniúcháin na hIonstraime Téarnaimh ‘NextGenerationEU’ a ghiniúint do bhuiséad an Aontais. I bhfianaise athrú leanúnach an chórais acmhainní dílse, bheartaigh an Coimisiún gan oiliúint a chur ar fáil do thíortha is iarrthóirí ar an gcóras acmhainní dílse a d’athrófaí go suntasach tar éis ghlacadh an phacáiste sin. Bhain roinnt tíortha tairbhe as saineolas na mBallstát i réimse acmhainní dílse, áfach, trí chleachtaí nasctha nó trí thionscadail eile arna gcistiú ag an Aontas lena dtacaítear le córas bainistíochta acmhainní dílse an Aontais a bhunú.
Maidir leis an Macadóin Thuaidh agus an Albáin, rinneadh malartú teicniúil tosaigh maidir le acquis ábhartha an Aontais maidir le hacmhainní dílse i mí Mheán Fómhair 2019.
An Bhoisnia agus an Heirseagaivéin (BiH), atá ina tír is iarrthóir ó mhí na Nollag 2022, d’fhreagair siad ceistneoir acquis an Aontais. Thug Ard-Stiúrthóireacht an Bhuiséid a ionchur don Tuairim ón gCoimisiún maidir le ballraíocht an Aontais i mí Aibreáin 2019.
5.5.
An Rialachán maidir le Cur ar Fáil a leasú
Is é Rialachán 609/2014 ón gComhairle (an Rialachán maidir le Cur ar Fáil) cnámh droma an chreata acmhainní dílse, lena n-áirithítear go n-íocann na Ballstáit na méideanna atá dlite do bhuiséad an Aontais in am trátha.
Chun tuilleadh feabhais a chur ar an gcreat sin, mhol an Coimisiún leasú cuimsitheach ar an Rialachán sin in 2021. Leis an togra sin, tugadh aghaidh ar imní na mBallstát maidir le nósanna imeachta agus, an tráth céanna, cosnaíodh cosaint leasanna airgeadais an Aontais Eorpaigh agus áirithíodh creat ioncaim cóir cothrom.
Tar éis malartuithe forleathana leis na Ballstáit, tháinig Rialachán 2022/615 ón gComhairle lena leasaítear an Rialachán maidir the Cur ar Fáil i bhfeidhm i mí an Mhárta 2022.
6.
CONCLÚID
D’ainneoin na ndúshlán a bhaineann le paindéim COVID-19, léirítear sna torthaí a taifeadadh ó 2019 go 2021 gur modh fíor-riachtanach éifeachtúil le haghaidh aisghabháil ADT iad cigireachtaí an Choimisiúin ar ADT agus an obair leantach chórasach ar na heasnaimh a tugadh faoi deara agus athdhearbhaítear leo go bhfuil leasanna airgeadais an Aontais á gcosaint go leordhóthanach (rud a deimhníodh freisin le forbairt dhearfach leis an nós imeachta um urscaoileadh toisc nach bhfuil aon mholtaí nua ann don Choimisiún le haghaidh saincheisteanna a bhaineann le ADT).
Leanann na cigireachtaí de bheith ina bpríomhuirlis chun comhlíonadh rialacha an Aontais a chomhchuibhiú agus a fheabhsú. Tá tionchar mór airgeadais acu, mar a léirítear leis an nglanmhéid breise de thart ar EUR 2,54 billiún a cuireadh ar fáil do bhuiséad an Aontais le linn 2019-2021. Mar thoradh air sin, tugtar dreasachtaí móra do na Ballstáit chun ADT a chur ar fáil do bhuiséad an Aontais go hiomlán agus go tráthúil. Anuas air sin, leis na cigireachtaí, rannchuidítear lena áirithiú go gcuirtear na rialacha custaim agus cuntasaíochta i bhfeidhm i gceart agus, dá bhrí sin, go gcosnaítear leasanna airgeadais an Aontais trí shásra cumhachtach a chur ar fáil chun saobhadh díobhálach laistigh den mhargadh aonair a chomhrac agus a chosc.
Ag breathnú chun cinn, is dúshláin nua iad éabhlóid na trádála idirnáisiúnta agus go háirithe éabhlóid na ríomhthráchtála. Chuige sin, beidh gá le huirlisí leordhóthanacha nua agus le comhar níos dlúithe fós idir an Coimisiún agus na Ballstáit, mar shampla chun rialuithe custaim rioscabhunaithe a chomhordú agus chun bailiú éifeachtach dleachtanna custaim a áirithiú.
Chun na críche sin, rinne an Coimisiún a ghníomhaíochtaí a chuíchóiriú a thuilleadh le blianta beaga anuas chun aghaidh a thabhairt ar bhealach níos éifeachtaí ar na dúshláin atá romhainn, agus leanfaidh sé de sin a dhéanamh d’fhonn feidhmiú an Aontais Custaim a fheabhsú.