AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,16.2.2023
COM(2023) 77 final
TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA, CHUIG AN gCOMHAIRLE AGUS CHUIG COISTE EACNAMAÍOCH AGUS SÓISIALTA NA hEORPA
ar chur chun feidhme Threoir 2006/117/EURATOM ón gComhairle ag na Ballstáit maidir le maoirseacht agus rialú loingsithe dramhaíola radaighníomhaí agus breosla spíonta
an Ceathrú Tuarascáil
{SWD(2023) 43 final}
Ábhar
1.Réamhrá
1.1.Comhthéacs
2.Creat dlíthiúil agus cur chun feidhme an chreata
2.1.Cur chun feidhme na Treorach seo
2.2.Tuairim ón gCoiste Comhairleach
2.3.Údaráis inniúla
3.Barúlacha
3.1.Staitisticí (2018‑2020)
4.Bearta leantacha agus feabhas leanúnach
5.Conclúidí
1.Réamhrá
Leagtar síos i dTreoir 2006/117/Euratom ón gComhairle (dá ngairtear ‘an Treoir’ anseo feasta) córas Comhphobail maoirseachta agus rialaithe maidir le loingsithe trasteorann dramhaíola radaighníomhaí agus breosla spíonta, chun cosaint shásúil a dheimhniú don phobal. Áirithítear léi go gcuirtear na Ballstáit lena mbaineann ar an eolas maidir le loingsithe dramhaíola radaighníomhaí agus breosla spíonta chuig a gcríoch nó tríthi, agus cuirtear d’oibleagáid orthu a dtoiliú a thabhairt nó diúltú go réasúnach do na loingsithe.
Rinne na Ballstáit uile an Treoir a thrasuí agus tá tuarascáil á tabhairt acu don Choimisiún maidir lena cur chun feidhme gach tríú bliain ón 25 Nollaig 2011, i gcomhréir le hAirteagal 20. Sa timthriall tuairiscithe is déanaí, chuir na Ballstáit a dtuarascálacha náisiúnta is deireanaí isteach ina gcumhdaítear an tréimhse 2018‑2020. I gcomhréir le hAirteagal 20 agus ar bhonn na dtuarascálacha sin, tá an tuarascáil achomair seo bunaithe ag an gCoimisiún do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle agus do Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, agus tuairim an Choiste Chomhairligh á cur san áireamh agus aird ar leith á tabhairt ar athloingsithe a bhaineann le loingsithe neamhúdaraithe agus le dramhaíl radaighníomhach neamhdhearbhaithe.
Is beart leantach í an tuarascáil seo ar an tríú tuarascáil ón gCoimisiún, lenar cumhdaíodh an tréimhse 2015‑2017, agus tugtar forbhreathnú inti ar údaruithe agus ar loingsithe breosla spíonta agus dramhaíola radaighníomhaí sa Chomhphobal. Soláthraítear sonraí agus faisnéis mhionsonraithe, a bhfuil conclúidí na tuarascála seo bunaithe orthu, sa Doiciméad Inmheánach Oibre a ghabhann leis an tuarascáil seo.
1.1.Comhthéacs
Táirgeann gach Ballstát san Aontas Eorpach dramhaíl radaighníomhach, a ghintear trí shaoráidí, amhail gléasraí cumhachta núicléiche agus imoibreoirí taighde, nó trí ghníomhaíochtaí, amhail feidhmeanna raidiseatóip sa leigheas, sa tionscal, sa talmhaíocht, sa taighde agus san oideachas.
Gintear breosla spíonta le hoibríochtaí imoibreoirí núicléacha freisin, i.e. breosla núicléach a ionradaíodh i gcroí imoibreora agus a baineadh go buan uaidh. Féadfar é a choinneáil mar acmhainn faoi réir athphróiseála nó é a aischur mar dhramhaíl radaighníomhach lena dhiúscairt deiridh gan aon úsáid eile foráilte.
In 2020 (deireadh na tréimhse tuairiscithe), b’ionann fuinneamh núicléach agus 24,6 % den táirgeadh leictreachais sna 27 mBallstát den Aontas, agus d’oibrigh 13 Bhallstát
díreach os cionn 100 imoibreoir cumhachta núicléiche.
Nuair a ghintear breosla spíonta agus dramhaíl radaighníomhach, déantar iad a stóráil go sábháilte roimh a bpróiseáil nó a n‑athphróiseáil agus a ndiúscairt fhéideartha. D’fhéadfadh go n‑éileofaí le bainistíocht shábháilte na n‑ábhar sin go ndéanfaí iad a aistriú, rud a dtugtar loingsiú air freisin, ó na suíomhanna inar gineadh nó inar bainistíodh iad. Is cleachtais iad sin a tharlaíonn i bhformhór na mBallstát, gan beann ar scála a gclár núicléach. Is de bhóthar, d’iarnród nó ar muir is mó a dhéantar loingsithe, agus i gcásanna teoranta trí aeriompar.
Is cleachtas tráthrialta san Aontas Eorpach é dramhaíl radaighníomhach agus breosla spíonta a allmhairiú, a onnmhairiú agus a aistriú trí Bhallstá(i)t.
2.Creat dlíthiúil agus cur chun feidhme an chreata
Is ceanglas dlíthiúil é dramhaíl radaighníomhach agus breosla spíonta a bhainistiú go sábháilte agus go freagrach, lena n‑áirítear loingsiú sábháilte na n‑ábhar sin laistigh agus lasmuigh de chríocha na mBallstát, a eascraíonn as dlí idirnáisiúnta agus dlí an Aontais araon.
Ar an leibhéal idirnáisiúnta, is é an Coinbhinsiún Comhpháirteach maidir le Sábháilteacht i mBainistiú Breosla Spíonta agus maidir le Sábháilteacht i mBainistiú Dramhaíola Radaighníomhaí (dá ngairfear ‘an Coinbhinsiún Comhpháirteach’ anseo feasta) an phríomhthagairt sa réimse seo. I measc forálacha eile, leis an gCoinbhinsiún Comhpháirteach cuirtear oibleagáidí ar pháirtithe conarthacha i ndáil le sábháilteacht gluaiseachtaí trasteorann (allmhairiú, onnmhairiú agus aistriú) breosla spíonta agus dramhaíola radaighníomhaí. Leis an gCoinbhinsiún Comhpháirteach, éilítear ar gach páirtí conarthach a bhfuil baint aige le gluaiseachtaí trasteorann na bearta iomchuí a dhéanamh chun a áirithiú go dtabharfar faoi na gluaiseachtaí sin ar bhealach atá i gcomhréir le forálacha an Choinbhinsiúin Chomhpháirtigh agus le hionstraimí idirnáisiúnta ceangailteacha ábhartha. Is páirtithe conarthacha iad na 27 mBallstát den Aontas chomh maith le Comhphobal Euratom sa Choinbhinsiún Comhpháirteach, rud a léiríonn a dtiomantas chun ardleibhéal sábháilteachta maidir le breosla spíonta agus dramhaíl radaighníomhach a áirithiú – óna nginiúint go dtí a ndiúscairt.
Ar leibhéal an Aontais Eorpaigh, le creat dlíthiúil cuimsitheach áirithítear go gcosnaítear sláinte oibrithe agus sláinte an phobail i gcoitinne ar na rioscaí a eascraíonn as radaíocht ianúcháin, lena n‑áirítear le linn loingsithe breosla spíonta agus dramhaíola radaighníomhaí. Is éard atá sa chreat faoi láthair an Treoir, agus Treoir 2013/59/Euratom ón gComhairle (dá ngairfear ‘na Caighdeáin Bhunúsacha Sábháilteachta’ anseo feasta) agus Treoir 2011/70/Euratom ón gComhairle (dá ngairfear ‘an Treoir maidir le Dramhaíl Radaighníomhach’ anseo feasta) a bhfuil éifeacht acu ar raon feidhme na Treorach.
Laistigh de chreat sábháilteachta núicléiche agus radaíochta an Aontais Eorpaigh, tugtar aghaidh go sonrach sa Treoir ar údaruithe rialála agus ar ghnéithe nós imeachta de loingsithe trasteorann dramhaíola radaighníomhaí agus breosla spíonta a ghintear ó shaoráidí agus ó ghníomhaíochtaí sibhialtacha. Is é an cuspóir foriomlán an chosaint ar chontúirtí a eascraíonn as neamhchosaint ar radaíocht ianúcháin a fheabhsú, ach maoirseacht agus rialú a dhéanamh ar loingsithe breosla spíonta agus dramhaíola radaighníomhaí. Tá feidhm ag an Treoir maidir leis na cásanna seo a leanas:
·Is Ballstát den Aontas Eorpach tír thionscnaimh, tír cinn scríbe nó aon tír idirthurais de chuid an bhreosla spíonta nó na dramhaíola radaighníomhaí;
·Sáraíonn cainníochtaí agus tiúchan an bhreosla spíonta nó na dramhaíola radaighníomhaí atá le loingsiú (dá dtagraítear mar choinsíneacht) na leibhéil a leagtar síos sna Caighdeáin Bhunúsacha Sábháilteachta.
I gcás nach féidir an loingsiú a chríochnú nó mura gcomhlíontar coinníollacha an loingsithe i gcomhréir leis an Treoir, ní mór d’údaráis inniúla an Bhallstáit tionscnaimh a áirithiú go dtabharfaidh an sealbhóir an t‑ábhar lena mbaineann ar ais, mura féidir socrú sábháilte eile a dhéanamh. Ní mór do na húdaráis inniúla a áirithiú go ndéanfaidh an duine atá freagrach as an loingsiú bearta ceartaitheacha sábháilteachta i gcás inar gá. Sa chás sin tá an sealbhóir faoi dhliteanas maidir leis na costais a eascraíonn i gcásanna nach féidir nó nach bhféadfaí an loingsiú a chríochnú.
Ní mór údar cuí a bheith le haon údarú a dhiúltú maidir le breosla spíonta agus dramhaíl radaighníomhach a loingsiú (i) ar bhonn na gcritéar a leagtar amach sa Treoir; (ii) níor cheart é a bheith treallach; ba cheart dó (iii) a bheith bunaithe ar an dlí náisiúnta ábhartha, ar dhlí ábhartha an Chomhphobail nó ar an dlí idirnáisiúnta ábhartha. Ní mór do chinntí na mBallstát maidir le toiliú nó diúltú a bheith i gcomhréir leis na forálacha a leagtar amach sa Choinbhinsiún Comhpháirteach agus sa Treoir lena dtoirmisctear dramhaíl radaighníomhach nó breosla spíonta a onnmhairiú chuig ceann scríbe ó dheas ó dhomhanleithead 60° ó dheas, chuig tíortha na hAfraice, Mhuir Chairib agus an Aigéin Chiúin nó chuig tríú tír nach bhfuil na hacmhainní aici chun an dramhaíl radaighníomhach nó an breosla spíonta a bhainistiú go sábháilte.
I dteannta le tuarascálacha a thabhairt chuig an gCoimisiún gach trí bliana, cuirtear d’oibleagáid ar na Ballstáit fógra a thabhairt don Choimisiún agus don Choiste Comhairleach ar bhonn bliantúil maidir le haon loingsiú neamhúdaraithe chuig tríú tír, agus sonraí teagmhála an údaráis (na n-údarás) inniúil agus an fhaisnéis uile is gá chun cumarsáid thapa a dhéanamh a chur ar aghaidh chuig an gCoimisiún.
2.1.Cur chun feidhme na Treorach seo
I gcás gach loingsithe (lena n‑áirítear allmhairí, onnmhairí agus aistrithe idir Ballstáit agus ó thíortha lasmuigh den Chomhphobal nó chucu) faoi chuimsiú na Treorach, éilítear leis an Treoir go n‑úsáidfí doiciméad caighdeánach, a bunaíodh le Cinneadh ón gCoimisiún in 2008 arna leasú in 2011. Tá foirmeacha sa doiciméad caighdeánach chun na gcríoch seo a leanas:
·Iarratas ar údarú chun breosla spíonta nó dramhaíl radaighníomhach a loingsiú;
·Admháil go bhfuarthas an t‑iarratas – iarraidh ar fhaisnéis atá in easnamh maidir le breosla spíonta agus dramhaíl radaighníomhach;
·Toiliú nó diúltú maidir le loingsiú dramhaíola radaighníomhaí nó breosla spíonta ó na húdaráis inniúla lena mbaineann;
·Údarú chun breosla spíonta agus dramhaíl radaighníomhach a loingsiú;
·Tuairisc maidir leis an gcoinsíneacht dramhaíola radaighníomhaí agus liosta na bpacáistí;
·Admháil go bhfuarthas an dramhaíl radaighníomhach agus an breosla spíonta.
Nuair a bheartaítear na hábhair sin a loingsiú chuig tríú tíortha lena ndiúscairt, éilítear ar na Ballstáit freisin, de bhun Airteagal 4(4) den Treoir maidir le Dramhaíl Radaighníomhach, na critéir i ndáil le loingsiú arna mbunú ag an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 16(2) den Treoir agus leis an Moladh is infheidhme ón gCoimisiún a chur i bhfeidhm.
2.2.Tuairim ón gCoiste Comhairleach
Tionóladh cruinniú XII. den Choiste Comhairleach an 7 Samhain 2022 i Lucsamburg chun dréacht na tuarascála seo agus an doiciméad inmheánach oibre a ghabhann léi a phlé. Thug an Coiste Comhairleach tuairim dhearfach.
2.3.Údaráis inniúla
Ó mhí Iúil 2022, tá faisnéis soláthartha ag na Ballstáit uile maidir lena n‑údaráis inniúla faoi Airteagal 5(13) den Treoir.
Tá liosta na n‑údarás inniúil sna Ballstáit i gceangal leis an doiciméad inmheánach oibre a ghabhann leis seo.
3.Barúlacha
Tá sé tugtha faoi deara ag an gCoimisiún nár thuairiscigh na Ballstáit aon teip a bhain le gluaiseachtaí trasteorann dramhaíola radaighníomhaí nó breosla spíonta sa timthriall tuairiscithe seo.
Níor thuairiscigh na Ballstáit aon fhadhb a d’fhéadfadh teacht faoi Airteagal 4 “Athloingsiú a bhaineann le loingsithe neamhúdaraithe dramhaíola radaighníomhaí neamhdhearbhaithe”; Airteagal 12 “Teip loingsithe" ná Airteagal 16(1)(c) “Onnmhairí toirmiscthe“. Dá réir sin, bunaithe ar an bhfaisnéis a tuairiscíodh, ní dhearnadh aon loingsiú neamhúdaraithe ar chríocha an Aontais Eorpaigh le linn na tréimhse tuairiscithe.
Sa tréimhse tuairiscithe bhí ceithre chás inar diúltaíodh toiliú a thabhairt:
·Dhiúltaigh Ballstát amháin toiliú le dhá iarratas toisc nach raibh rochtain ar na saoráidí cóireála deiridh ar feadh tréimhse.
·Dhiúltaigh Ballstát amháin toiliú le dhá iarratas ar dhramh‑mhiotal éillithe a aistriú toisc gur measadh go raibh an t‑iarratas lasmuigh de raon feidhme na Treorach. Rinneadh na hidirthurais sin go tráthrialta faoin reachtaíocht áitiúil is infheidhme, áfach.
Níor thuairiscigh trí Bhallstát (an Chróit, an Chipir agus Málta) aon loingsiú údaraithe ar a gcríocha ó cuireadh na hoibleagáidí tuairiscithe orthu leis an Treoir.
Soláthraítear cur i láthair mionsonraithe maidir leis na loingsithe trasteorann dramhaíola radaighníomhaí agus breosla spíonta san Aontas le linn na tréimhse tuairiscithe atá ann faoi láthair sa doiciméad inmheánach oibre a ghabhann leis seo.
3.1.Staitisticí (2018‑2020)
Soláthraítear forbhreathnú staidrimh sa roinn seo maidir le húdaruithe agus loingsithe.
Fíor 1.
An líon údaruithe
Freagraíonn na 195 údarú a thuairiscigh 21 Bhallstát sa tréimhse 2018‑2020 do 1 770 loingsiú údaraithe. Go ginearálta, baineann údarú le roinnt loingsithe, agus d’fhéadfadh sé an tréimhse ama a chumhdaítear leis an tuarascáil seo a shárú.
Fíor 2.
Líon na loingsithe
I dtéarmaí loingsithe údaraithe, bhain 98 % (1 732 loingsiú) le dramhaíl radaighníomhach agus bhain 2 % (38 loingsiú) le breosla spíonta.
Bhain formhór na n‑údaruithe agus na loingsithe le gluaiseachtaí laistigh den Chomhphobal. Ar an iomlán, tharla 92,6 % de na loingsithe laistigh den Chomhphobal (catagóir MM), agus bhain 2,7 % le honnmhairí (catagóir ME) agus 4,7 % le hallmhairí (catagóir IM).
Léirítear le staitisticí gur tháinig an dramhaíl radaighníomhach ón tionscal núicléach i gcás 79 % de na loingsithe laistigh den Chomhphobal, agus gur tháinig 21 % ó ghníomhaíochtaí neamhnúicléacha (e.g. leigheas, taighde).
Ba í próiseáil dramhaíola radaighníomhaí (amhail cóireáil le haghaidh laghdú toirte, nó riochtú) i saoráidí tiomnaithe an príomhchuspóir a bhí leis na loingsithe, chomh maith le dramhaíl radaighníomhach nó breosla spíonta próiseáilte a chur ar ais chuig an tír thionscnaimh. Ba iad an tSualainn agus an Ghearmáin na tíortha a d’eisigh an líon údaruithe is airde, mar thír thionscnaimh agus mar thír cinn scríbe araon.
Bhí gluaiseachtaí breosla spíonta ann mar gheall ar athphróiseáil nó ar fhilleadh ar an tír thionscnaimh.
Fíor 3.
Loingsithe dramhaíola radaighníomhaí, laistigh den Chomhphobal (MM), onnmhairí (ME), allmhairí (IM)
Fíor 4.
Loingsithe breosla spíonta, laistigh den Chomhphobal (MM), onnmhairí (ME), allmhairí (IM)
4.Bearta leantacha agus feabhas leanúnach
Sa Tríú Tuarascáil ón gCoimisiún maidir le cur chun feidhme na Treorach sainaithníodh dhá riachtanas: feabhas a chur ar chomhchuibhiú an doiciméid chaighdeánaigh leis na ceanglais maidir leis an teimpléad tuairiscithe; agus éifeachtaí na gCaighdeán Bunúsach Sábháilteachta ar chur chun feidhme na maoirseachta agus an rialaithe maidir le loingsithe trasteorann a leanúint.
Ina bhearta leantacha ar an bpointe roimhe seo, mhol an Coimisiún, bunaithe ar thogra ó Bhallstát, go ndéanfaí athbhreithniú ar an doiciméad caighdeánach i gcomhréir le hAirteagail 17(2) agus 21 den Treoir, agus é mar aidhm leis faisnéis maidir leis na loingsithe tosaigh a chuimsiú sa doiciméad caighdeánach leasaithe. Dá réir sin, i gcás loingsithe a chuirtear ar ais, beidh na Ballstáit lena mbaineann in ann na loingsithe a rianú. Ina theannta sin, mar a mhol dhá Bhallstát, tá doiciméad caighdeánach digiteach curtha i láthair ag an gCoimisiún.
Maidir leis na héifeachtaí a d’fhéadfadh a bheith ag na Caighdeáin Bhunúsacha Sábháilteachta ar chur chun feidhme na Treorach, níor thug an Coimisiún aird ar aon saincheist mhór. Leis an gcás a tuairiscíodh gur diúltaíodh faoi dhó do thoiliú le hidirthuras dramhaíola radaighníomhaí trí Bhallstát, áfach, ardaíodh ceist thábhachtach maidir le cur i bhfeidhm na Treorach. Go deimhin, bhí tuairimí éagsúla ag na Ballstáit an bhfuil loingsithe trasteorann dramh‑mhiotal éillithe, a ndéantar cóireáil orthu agus a athchúrsáiltear, faoi chuimsiú na Treorach nó nach bhfuil, toisc go bhféadfadh comhlacht rialála Ballstáit an t‑ábhar sin a aicmiú mar dhramhaíl radaighníomhach. De réir an tsainmhínithe ar dhramhaíl radaighníomhach, na comhlachtaí rialála faoi chreat reachtach agus rialála na dtíortha tionscnaimh agus cinn scríbe, má rialaíonn siad an t‑ábhar radaighníomhach mar dhramhaíl radaighníomhach nach bhfuil sé beartaithe ag na tíortha sin úsáid a bhaint aisti a thuilleadh, cáilíonn an t‑ábhar sin mar dhramhaíl radaighníomhach faoin Treoir. Dá réir sin, mheasfadh an Coimisiún go bhfuil toiliú dlite sna cásanna sin, d’ainneoin nach bhfuil an t‑ábhar sin cáilithe mar dhramhaíl radaighníomhach ag an tír idirthurais.
Ina theannta sin, chuir Ballstát amháin in iúl gurbh fhearr leis loingsithe dramhaíola NORM a bheith ann i gcónaí faoi chuimsiú Threoir 2006/117/Euratom ón gComhairle. Ina leith sin, meabhraíonn an Coimisiún go dtagann gach dramhaíl ina bhfuil NORM lena n‑éilítear rialú rialála agus a aicmítear mar dhramhaíl radaighníomhach faoi raon feidhme na Treorach, ó thaobh an dlí de.
Le linn Chruinniú XII. dá chuid d’iarr an Coiste Comhairleach ar an gCoimisiún cuimhneamh ar nuashonrú a dhéanamh ar an doiciméad caighdeánach, go sonrach chun go n‑áireofar faisnéis maidir le tionscnamh na dramhaíola ann, i.e. tagairt do na loingsithe tosaigh.
5.Conclúidí
Le cur chun feidhme na Treorach áirithíodh go ndearnadh gach gluaiseacht trasteorann dramhaíola radaighníomhaí agus breosla spíonta laistigh den Chomhphobal le toiliú feasach roimh ré ó údaráis inniúla na mBallstát uile lenar bhain (lena n‑áirítear tíortha idirthurais), ach úsáid a bhaint as an doiciméad caighdeánach. Rinne na Ballstáit uile an fhaisnéis a bhain le gach loingsiú údaraithe laistigh de thréimhse tuairiscithe shainithe (3 bliana) a tharchur chuig an gCoimisiún go tráthrialta. Dá réir sin, deimhníodh maoirseacht agus rialú loingsithe dramhaíola radaighníomhaí agus breosla núicléach spíonta ar fud an Chomhphobail. Chun na críche sin, moltar go mór an “teimpléad tuairiscithe” a soláthraíodh a úsáid fós, cé nach bhfuil sé éigeantach, toisc gur cumasaíodh leis sonraí a aisghabháil go simplí agus gur mhaolaigh sé rioscaí maidir le míthuiscint faisnéise.
Ar an iomlán, tagann an Coimisiún ar an gconclúid gur áirithíodh na leibhéil sábháilteachta is airde i leith na rioscaí a bhaineann le radaíocht ianúcháin ar chríocha an Aontais Eorpaigh i gcomhthéacs loingsithe trasteorann le creat dlíthiúil Euratom atá ann faoi láthair, ina bhfuil an Treoir, na Caighdeáin Bhunúsacha Sábháilteachta agus an Treoir maidir le Dramhaíl Radaighníomhach. Mar sin féin, tugann an Coimisiún faoi deara go bhféadfadh roinnt fadhbanna maidir le faisnéis agus leis an bpróiseas toilithe a bheith ann mar thoradh ar idirdhealuithe féideartha idir na Ballstáit agus dramhaíl radaighníomhach á sainiú. Is ábhar é sin atá le feabhsú, agus roghanna le haghaidh tuilleadh comhchuibhithe sa réimse seo á bhfiosrú i gcomhaontú leis na Ballstáit.