EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52023DC0045

DOICIMÉAD BEARTAIS I dtreo straitéis oibríochtúil i gcomhair fillteacha níos éifeachtacha

COM/2023/45 final

An Bhruiséil,24.1.2023

COM(2023) 45 final

DOICIMÉAD BEARTAIS

I dtreo straitéis oibríochtúil i gcomhair fillteacha níos éifeachtacha



Léirítear sa doiciméad beartais seo ionchur an Choimisiúin sa phróiseas chun an straitéis oibríochtúil a fhorbairt maidir le fillteacha níos éifeachtaí, straitéis a leagtar amach sa Chomhshocrú Nua maidir le hImirce agus Tearmann. Tá sé bunaithe ar an ionchur agus ar na comhthuairimí a d’eascair as na pléite a rinneadh sa Líonra Ardleibhéil um Fhilleadh faoi stiúir Chomhordaitheoir an Aontais Eorpaigh um Fhilleadh. Féachtar leis freisin na pléití a chothú i bParlaimint na hEorpa agus sa Chomhairle maidir le hoibriochtú chomhchóras an Aontais um fhilleadh. Ar an mbonn sin, cuirfidh Comhordaitheoir an Aontais Eorpaigh um Fhilleadh agus an Líonra Ardleibhéil um Fhilleadh bailchríoch go luath ar an straitéis oibríochtúil, áiritheoidh siad a cur chun feidhme, agus déanfaidh siad tuairisciú uirthi go tráthrialta.

Gné lárnach de chórais dhea-fheidhmiúla imirce agus tearmainn, agus de chur chuige cuimsitheach an Chomhshocraithe Nua maidir le hImirce agus Tearmann( 1 ) is ea comhchóras éifeachtach de chuid an Aontais um fhilleadh a bhunú. Is gné freisin é den Straitéis i dtreo limistéar Schengen lánfheidhmiúil agus athléimneach( 2 ) maidir leis an easpa rialuithe ag teorainneacha inmheánacha a chúiteamh, agus, sa chaoi sin, is dlúthchuid freisin é de thimthriall beartais Schengen, agus cuid de Bhainistiú Comhtháite Teorainneacha sa Eoraip. Ba cheart éifeacht dhíspreagthach a bheith ag comhchóras éifeachtach de chuid an Aontais um fhilleadh freisin chun imirce neamhshábháilte agus neamhrialta a laghdú, cuireann sé cosc ar dhúshaothrú trí shamhail ghnó na líonraí smuigleála coiriúla a bhriseadh, agus is féidir bealaí dlíthiúla sábháilte a chur chun cinn leis.

Tá ceapadh Chomhordaitheoir an Aontais Eorpaigh um Fhilleadh, rud lena dtarraingítear le chéile gnéithe bheartas an Aontais um fhilleadh agus lena n-éascaítear cur chuige rianúil idirnasctha an phróisis um fhilleadh, le tacaíocht ó Líonra Ardleibhéil um Fhilleadh ( 3 ), ar cheann de phríomhnuálaíochtaí an Chomhshocraithe Nua chun a chuspóirí foriomláine a bhaint amach.

Leis an gComhshocrú foráiltear go soláthrófar fócas straitéiseach ar obair Chomhordaitheoir an Aontais Eorpaigh um Fhilleadh trí straitéis oibríochtúil maidir le filleadh. Ar bhonn na ngrinnphléití, an ionchuir úsáidigh agus na gcomhthuairimí a d’eascair as na comhairliúcháin leis an Líonra Ardleibhéil um Fhilleadh go dtí seo, leagann an Coimisiún amach sa doiciméad beartais seo na príomhchuspóirí agus na ceithre réimsí tosaíochta nithiúla agus praiticiúla den straitéis oibríochtúil chun aghaidh a thabhairt ar na heasnaimh agus chun comhleanúnachas frithpháirteach a mhéadú i dtaca le beartas an Aontais um fhilleadh a chur chun feidhme. San Iarscríbhinn a ghabhann leis an doiciméad beartais seo leagtar amach gníomhaíochtaí sonracha a bhféadfaí a chur chun feidhme sna ceithre réimse tosaíochta.

Tá go leor forbartha déanta ar an obair maidir le filleadh le blianta beaga anuas. Tá caibidlíocht ar siúl chun athbhreithniú a dhéanamh ar chreat reachtach an Aontais maidir le tearmann agus imirce, i réimse an fhillidh san áireamh (athmhúnlú ar an Treoir um Fhilleadh( 4 ), (Rialachán maidir leis an Nós Imeachta Tearmainn ( 5 ) , Rialachán maidir le Bainistiú Tearmainn agus Imirce( 6 )) agus ba cheart leanúint léi faoi lánluas. Faoi láthair tá 24 cinn de chomhaontuithe agus socruithe de chuid an Aontais um athligean isteach ar bun le tríú tíortha. Tá cuid acu sin ag feidhmiú go maith, agus is gá dlús a chur le cur chun feidhme cuid eile acu. Leis an sásra a cuireadh ar bun le hAirteagal 25a den Chód Víosaí( 7 ) bunaíodh nasc foirmiúil idir beartais víosaí agus comhar maidir le hathligean isteach. Tá an Rialachán maidir le Córas Faisnéise Schengen ( 8 ) i bhfeidhm agus tiocfaidh séin oibríocht i mí an Mhárta 2023. Áirítear leis an dul chun cinn tuilleadh struchtúr agus fócais maidir le filleadh ar an leibhéal náisiúnta, sainordú feabhsaithe do Frontex agus acmhainneacht agus iarrachtaí níos láidre chun dul i dtreo comhchóras éifeachtach de chuid an Aontais um fhilleadh. Léiríonn an méid sin treo dheimhneach, diongbháilteacht, tiomantas, agus gnéithe nithiúla den dul chun cinn ar cheart don Aontas cur leo.

Le linn an phróisis ina bhforbraítear an straitéis oibríochtúil maidir le filleadh, tá sé tábhachtach féachaint go criticiúil ar na nithe a n-éiríonn leo agus na nithe nach n-éiríonn leo, chun ceachtanna a fhoghlaim ón obair a rinneadh cheana féin agus straitéis oibríochtúil a dhearadh d’fhonn ár gcomhthosaíochtaí beartais i réimse an fhillidh a chur chun feidhme a thuilleadh.

1.Forbairtí deimhneacha i réimse an fhillidh

comhchóras an Aontais um fhilleadh, córas lena dteaglamaítear struchtúir níos láidre laistigh den Aontas le comhar níos éifeachtaí le tríú tíortha, ag teacht le chéile. Nuair a bhíothas i mbun creat reachtach an Aontais um fhilleadh a neartú, cuireadh uirlisí oibríochtúla agus praiticiúla ar bun a fheidhmeoidh níos fearr le chéile chun fillteacha ón Aontas a mhéadú.

A bhuí le sásra meastóireachta Schengen ( 9 ), tá reachtaíocht náisiúnta agus cleachtais náisiúnta na mBallstát ailínithe níos fearr le cuspóirí agus ceanglais na Treorach athbhreithnithe um Fhilleadh. Tharla raon feabhsuithe de bharr na moltaí spriocdhírithe agus na hoibre leantaí a rinneadh le gach Ballstát, ó nósanna imeachta náisiúnta níos éifeachtaí go dtí cosaint fheabhsaithe na gceart bunúsach. Thairis sin, fógraítear dea-chleachtais i mBallstáit do na Ballstáit eile.

Ar an taobh seachtrach, leis an gcur chuige cuimsitheach maidir le himirce, mar a leagtar amach sa Chomhshocrú Nua maidir le hImirce agus Tearmann, dírítear ar chomhpháirtíochtaí a chruthú le tríú tíortha, comhpháirtíochtaí a théann chun tairbhe do chách, agus lena n-áirítear comhar níos fearr i ndáil leis an athligean isteach. Leis an gComhshocrú Nua sainítear comhar le tríú tíortha maidir le himirce mar dhlúthchuid de chaidreamh foriomlán an Aontais. Tacaítear leis sin trí bhíthin Pleananna Gníomhaíochta le tíortha tosaíochta tionscnaimh agus idirthurais, pleananna ina léirítear cuspóirí, bearta tacaíochta agus na hamlínte a bhfuil coinne leo, gnéithe a bhaineann le réimse an fhillidh san áireamh.

An próiseas agus an sásra a bhunaítear le hAirteagal 25a den Chód Víosaí, lena nasctar comhar maidir le hathligean isteach agus beartais víosaí, agus an measúnú bliantúil arna ullmhú ag an gCoimisiún, bhí siad bunriachtanach chun dúshláin nithiúla a bhain le tíortha sonracha a shainaithint agus chun dul i ngleic leis na dúshláin sin, agus spreag siad dialóg níos láidre maidir le hathligean isteach i gcás tríú tíortha a bhfuil gá le comhar níos fearr leo. Is léir go mbaineann éifeachtacht le comhordú méadaithe idir an tAontas agus na Ballstáit maidir le teachtaireachtaí comhpháirteacha, sna grúpaí ábhartha de chuid na Comhairle san áireamh, agus tascanna nithiúla a shainaithint chun feabhas a chur ar an gcomhar i ndáil leis an athligean isteach. Leis na comhaontaithe agus na socruithe atá ann cheana um athligean isteach éascaítear comhar praiticiúil. Tá feabhas mór tagtha ar an bpróiseáil a dhéanann tríú tíortha ar chásanna um athligean isteach, a bhuí leis an digiteáil trí na Córais Bainistithe Cásanna um Athligean Isteach.

Tá ról tábhachtach ag Frontex maidir le tacaíocht do na Ballstáit ag gach céim d’fhillteacha deonacha agus éigeantacha, lena n-áirítear tacaíocht i ndáil le hath-lánpháirtiú. Tacaítear leis sin trí bhíthin Leas‑Stiúrthóir Feidhmiúcháin nua tiomnaithe um fhilleadh agus trí rannán um fhilleadh.

Tríd an gcéad straitéis de chuid an Aontais um fhilleadh deonach agus ath-lánpháirtiú( 10 , tá úsáid níos fairsinge agus níos fearr a bhaint as filleadh deonach agus as ath-lánpháirtiú á cur chun cinn ag an Aontas chun filleadh daonnúil, éifeachtach agus inbhuanaithe a áirithiú do dhaoine nach bhfuil ceart dlíthiúil acu fanacht san Aontas mar chuid den chuspóir an líon fillteacha a mhéadú ar an iomlán. Tá dul chun cinn maith á dhéanamh ar a cur chun feidhme: Ó bhí mí Aibreáin 2022 ann, tá pacáistí ath-lánpháirtithe AE-caighdeánaithe á soláthair ag Frontex do thríú tíortha trí na Seirbhísí Ath-Lánpháirtiithe Comhpháirteacha chun tuilleadh tacaíochta a thabhairt do chur chuige comhleanúnach; tá uirlisí ríthábhachtacha chun comhairleoireacht maidir le filleadh a fheabhsú agus a mhéadú curtha ar bun (uirlisí tiomnaithe TF, creat cáilíochta le haghaidh comhairleoireachta, modúil oiliúna Frontex á n-úsáid chun comhairleoirí ón mBuanchór a oiliúint agus le húsáid le haghaidh chomhairleoirí na mBallstát freisin). Tá an tAontas i gcónaí ag tacú le fillteacha ó thíortha idirthurais, go háirithe an Tuirc, an Afraic Thuaidh agus na Balcáin Thiar, agus le fillteacha chuig tíortha tionscnaimh, d’fhonn an brú imirce ar thíortha comhpháirtíochta a mhaolú agus d’fhonn dul i ngleic le himirce neamhrialta trí chur chuige an bhealaigh iomláin. Sa chomhthéacs sin, tá an obair dírithe ar acmhainneacht na dtíortha comhpháirtíochta a neartú chun imircigh nach bhfuil cáilithe le haghaidh cosaint idirnáisiúnta a chur ar ais agus ar thacú leis na tíortha sin chun comhaontuithe um athligean isteach a bhunú le tíortha tionscnaimh. Forlíontar an méid sin trí thionscnaimh a chistíonn an tAontas i dtríú tíortha chun bainistiú imirce a neartú, chun tacú le filleadh deonach imirceach neamhrialta ó thíortha idirthurais, agus trí thionscnaimh ath-lánpháirtithe aonair agus pobalbhunaithe. Cé go bhfuil sé luath go fóill éifeachtaí na straitéise a thomhas, tuairiscíonn Frontex gur fillteacha deonacha iad tuairim agus 58 % de na fillteacha ón Aontas de réir na treochta le dhá bhliain anuas.

Tagann torthaí nach beag ar chomhordú láidir ar leibhéil an Aontais agus ar úsáid na tacaíochta ó Frontex. Mar shampla, a bhuí le comhordú iomlán na ngníomhaithe náisiúnta uile, an Coimisiún, Frontex agus na Toscaireachtaí ábhartha de chuid an Aontais trí mheitheal a bunaíodh go sonrach, bhí an Chipir ar cheann de na trí Bhallstát a raibh an líon is mó fillteacha cuidithe trí Frontex acu in 2022, tar éis filleadh do bhreis agus 2000 náisiúnach tríú tír aisti. Ar an gcaoi chéanna, leis an obair a rinneadh chun tacú leis na Ballstáit is mó a ndearnadh difear dóibh de bharr ionstraimiú na himirce neamhrialta a rinne réimeas na Bealarúise, léirítear an breisluach a bhaineann leis na gníomhaithe uile a bheith ag obair as lámh a chéile.

Le Creat Airgeadais Ilbhliantúil 2021-2027 déantar daingniú nach beag ar an tacaíocht airgeadais i réimse na himirce chun an Comhshocrú Nua maidir le hImirce agus Tearmann a chur chun feidhme. Tá sé tábhachtach go n-úsáidfear cistiú ar leibhéil an Aontais agus na mBallstát araon, go háirithe cistiú faoin gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht, faoin Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais agus faoin Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta – an Eoraip Dhomhanda, in éineacht le cuspóirí eile, chun filleadh agus athligean isteach éifeachtach agus ath-lánpháirtiú inbhuanaithe a chur chun cinn.

Ar deireadh, cuid thábhachtach eile de chomhchóras an Aontais um fhilleadh is ea an ghné nua de Chóras Faisnéise Schengen i ndáil le foláirimh maidir le daoine atá faoi réir cinntí um fhilleadh, gné a thiocfaidh in oibríocht i mí an Mhárta 2023. Leis sin réiteofar an bealach le haghaidh comhar níos dlúithe, lena n-áirítear comhar maidir le haitheantas frithpháirteach do chinntí um fhilleadh arna n-eisiúint ag na Ballstáit ionas go mbeidh an próiseas um fhilleadh níos tapa agus níos éifeachtaí.

2.Dúshláin agus bacainní

Is réimse casta é an beartas um fhilleadh. Laige amháin é an easpa sonraí iontaofa maidir leis an gcaoi ina bhfuil córas an Aontais um fhilleadh ag feidhmiú. Dá dheasca sin, is deacair bealach a shainaithint chun feabhas a chur ar a éifeachtacht.

Ní mór na nósanna imeachta a chuíchóiriú agus a optamú i ngach Ballstát, i gcomhréir iomlán leis na cearta bunúsacha, lena n-áirítear cosaint sonraí pearsanta, chun go mbeidh fillteacha níos tapa agus níos éifeachtaí. Cé go ndearnadh go leor dul chun cinn, tá scrogaill thábhachtacha agus easpa comhordaithe idir gníomhaithe sa phróiseas ina ndúshláin roimh na Ballstáit go fóill. Ní eascraíonn cinneadh um fhilleadh i gcónaí as cinntí lena gcuirtear deireadh le fanacht dhlíthiúil agus ní eascraíonn filleadh éigeantach i gcónaí as neamhchomhlíonadh tréimhse le haghaidh filleadh deonach, agus is gné lárnach chun an éifeachtacht a fheabhsú é na bearnaí sin a líonadh. De réir Eurostat, as na 340 515 chinneadh um fhilleadh a eisíodh in 2021, cuireadh 21 % acu i gcrích. Ina theannta sin, níl ach cúig Bhallstát freagrach as 80 % de na fillteacha a éascaíonn Frontex. Dá bhrí sin, ós rud é go mbíonn na Ballstáit ag iarraidh tacaíocht níos fearr ó Frontex i réimse an fhillidh arís agus arís eile, tá sé tábhachtach go mbainfear úsáid iomlán as an tacaíocht is féidir le Frontex a sholáthar, agus mar chuid den tacaíocht sin go n-áiritheofar go mbeidh na fillithe ar fáil do na húdaráis chun iad a chur ar ais, agus go n-eagróidh an Ghníomhaireacht na heitiltí. Mar a leagtar amach sa Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le feabhas a chur ar an gcomhar i ndáil le filleadh agus athligean isteach ( 11 ) agus mar a shainaithnítear freisin sa phróiseas meastóireachta Schengen, tá difríochtaí nach beag idir creata dlíthiúla agus riaracháin na mBallstát maidir le filleadh, agus tá dea-chleachtais agus bearnaí i ngach córas náisiúnta acu. I measc na bpríomhbhacainní ar bheartas éifeachtach um fhilleadh tá na bearnaí nach beag idir nósanna imeachta tearmainn agus nósanna imeachta um fhilleadh, na nósanna imeachta fada riaracháin agus breithiúnacha, deacrachtaí maidir le héalú a chosc, acmhainní agus bonneagair neamhleora, agus acmhainneacht riaracháin theoranta chun obair leantach a dhéanamh maidir le cinntí um fhilleadh, lena n-áirítear obair leantach ina n-iarrtar athligean isteach chuig tríú tíortha, ós rud é go bhfuil an líon iarrataí ar athligean isteach an-íseal faoi láthair i gcomparáid leis an líon orduithe um fhilleadh (16 % in 2021). Dá mbainfí úsáid níos fearr as an gcreat dlíthiúil atá ann cheana maidir le haitheantas frithpháirteach do chinntí um fhilleadh, d’fhéadfaí dlús a chur leis an bpróiseas um fhilleadh agus céim bhreise a thógáil i dtreo comhchóras de chuid an Aontais um fhilleadh.

Is dúshlán breise é an comhar neamhleor ó thíortha tionscnaimh. Bíonn tionchar nach beag ar fhillteacha ag éifeachtacht agus tráthúlacht na sainaitheanta agus eisiúint na ndoiciméad taistil: nuair a bhíonn nósanna imeachta fada agus míshoiléir ann, méadaítear an riosca éalaithe agus cuirtear bac ar fhillteacha. Thairis sin, diúltaíonn tríú tíortha áirithe fillteacha neamhdheonacha, nó ní ghlacann siad leo seachas i gcás catagóirí sonracha (e.g. ciontóirí coiriúla), nó ní admhaíonn siad go bhfuair siad iarrataí ar athligean isteach, rud lena laghdaítear an líon iarbhír fillteacha.

Ó thaobh na hoibríochta de, is é an chéad chéim i dtreo nósanna imeachta um fhilleadh a dhéanamh níos éifeachtaí agus níos tapa na bearnaí agus na dúshláin sin a shainaithint agus dul i ngleic leo agus na dea-chleachtais atá ann cheana a chur chun cinn. Leis sin áiritheofar gnóthachain éifeachtúlachta sa phróiseas foriomlán agus cosaint chearta bunúsacha na n-imirceach, i gcomhréir le dlí an Aontais agus leis an gCairt um Chearta Bunúsacha.

Sa straitéis oibríochtúil ba cheart an gá le feabhas sna nósanna imeachta náisiúnta a chur san áireamh chun go mbeidh sí comhleanúnach, agus iarrachtaí a dhéanamh ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais chun an comhar a fheabhsú leis na comhpháirtithe idirnáisiúnta maidir le filleadh agus athligean isteach.

De réir meon cur chuige ‘Foireann na hEorpa’ ba cheart idirghníomhú dlúth idir na beartais inmheánacha agus sheachtracha, na huirlisí agus na páirtithe leasmhara a chur chun cinn. Ba cheart an straitéis oibríochtúil a fhorlíonadh trí chuir chuige náisiúnta níos comhsheasmhaí agus níos comhleanúnaí agus trí chomhar agus dlúthpháirtíocht níos dlúithe a chruthú idir na Ballstáit uile, tríd an tacaíocht a chuireann Frontex ar fáil a neartú agus trína húsáid sna Ballstáit a chur chun cinn.

3.Treoirphrionsabail agus cuspóirí na straitéise oibríochtúla

Tar éis grinnscrúdú a dhéanamh ar na nithe a n-éiríonn leo agus na nithe nach n-éiríonn leo faoi láthair, agus tar éis na gcomhairliúchán le baill an Líonra Ardleibhéil, measann an Coimisiún gur cheart an straitéis a bheith dírithe ar fhéachaint le cur chuige comhsheasmhach agus comhleanúnach a bhaint amach idir leibhéil na mBallstát agus an Aontais, chun fillteacha éifeachtacha a áirithiú mar chuid de chuspóirí foriomlána bheartas cuimsitheach imirce agus tearmainn an Aontais.

Le tacaíocht ó Frontex, agus i gcomhar le hinstitiúidí eile an Aontais, de réir mar is ábhartha, oibreoidh Comhordaitheoir an Aontais Eorpaigh um Fhilleadh agus an Líonra Ardleibhéil chun comhleanúnachas agus iarrachtaí na mBallstát a neartú, chun teacht le chéile agus tacaíocht frithpháirteach a sholáthar d’fhonn riachtanais láithreacha agus bacainní láithreacha fhreagairt, agus chun cuidiú leis na hiarrachtaí comhpháirteacha trí ghníomhaíochtaí oibríochtúil maidir le fillteacha a chur chun feidhme i ndáil le tríú tíortha.

Ní mór cuspóirí beartais an Aontais um fhilleadh a léiriú sa straitéis oibríochtúil ( 12 ). Ní mór freisin an straitéis a bheith ina huirlis sholúbtha ar féidir léi athruithe i dtosaíochtaí beartais agus sna cúinsí a fhreagairt go leanúnach.

Ba cheart é a bheith mar phríomhchuspóir na straitéise oibríochtúla feidhmiú an fhillidh a fheabhsú chun an méid seo a leanas a bhaint amach:

·méadófar an líon foriomlán fillteacha éifeachtacha, le méadú nach beag ar an líon fillteacha chuig tríú tíortha i gcás nach mbeidh bacainní móra polaitiúla i gceist, ar bhonn spriocanna arna leagan síos ag na Ballstáit,

·cuirfear na fillteacha chun feidhme ar bhealach níos tapa, ionas go dtacófar le sláine agus inchreidteacht chórais tearmainn na mBallstát agus go ndíspreagfar trasnuithe neamhrialta teorann, agus

·beidh na fillteacha inbhuanaithe agus i gcomhréir le luachanna Eorpacha agus cearta bunúsacha.

D’fhéadfaí an príomhchuspóir sin a mhiondealú a thuilleadh sna spriocanna oibríochtúla seo a leanas:

·an próiseas um fhilleadh a chuíchóiriú agus a optamú i ngach Ballstát, i gcomhréir iomlán leis na cearta bunúsacha, lena n-áirítear cosaint sonraí pearsanta, chun go mbeidh fillteacha níos tapa agus níos éifeachtaí,

·líon na bhfillteacha deonacha a mhéadú (i ndearbhthéarmaí agus mar sciar d’iomlán na bhfillteacha) agus an t-ath-lánpháirtiú a mhéadú, chun fillteacha níos inbhuanaithe a chothú laistigh den chuspóir ginearálta an líon foriomlán fillteacha a mhéadú,

·cur chuige níos comhoibríche agus níos comhleanúnaí a chothú san Aontas maidir le filleadh i measc na mBallstát, an Choimisiúin agus Frontex, i gcur chuige ‘Foireann na hEorpa’, agus an caidreamh foriomlán le comhpháirtithe tríú tíortha á chur san áireamh, agus

·feabhas a chur ar na sonraí agus ar na staitisticí fianaisebhunaithe maidir le filleadh, chun beartas um fhilleadh agus cumas freagartha oibríochtúil comhchoiteann a chruthú a bheidh níos spriocdhírithe, níos pleanáilte agus níos éifeachtúla.

Chun na cuspóirí oibríochtúla a bhaint amach, bheadh gá le hobair chomhpháirteach ó na Ballstáit, ón gCoimisiún agus ó Frontex i gcomhar leis an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí agus Toscaireachtaí de chuid an Aontais, maidir le réimsí fócais ina bhfuil gá le comhghníomhaíochtaí de réir mar is gá, de réir meon dlúthpháirtíochta agus comhair phraiticiúil. Ba cheart treoir shoiléir a bheith sa straitéis oibríochtúil do Frontex freisin maidir le cuidiú go nithiúil chun na cuspóirí sin a bhaint amach.

4.Ceithre réimse fócais i gcomhair fillteacha níos éifeachtaí agus níos éifeachtúla

Ar bhonn na bpléití a tionóladh le linn an chéad dhá chruinniú den Líonra Ardleibhéil, agus ar bhonn comhairliúcháin dhéthaobhacha leis na Ballstáit, shainaithin an Coimisiún ceithre réimse fócais ar féidir leo bheith ina mbunús don straitéis oibríochtúil: 

·Gníomhaíochtaí spriocdhírithe chun riachtanais láithreacha agus bacainní láithreacha a fhreagairt ar bhealach comhordaithe.

·Éifeachtúlacht sa chóras foriomlán um fhilleadh a ghnóthú trí dhlús a chur leis an bpróiseas agus trí lúba ar lár a dhúnadh.

·Comhairleoireacht maidir le filleadh agus ath-lánpháirtiú a chur chun cinn mar ghnéithe lárnacha i gcóras an Aontais um fhilleadh, le haghaidh fillteacha deonacha mar aon le fillteacha éigeantacha.

·Bainistiú maidir le filleadh a dhigitiú agus anailísiú sonraí a fheabhsú.

Tá meascán oibre sna réimsí sin chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais láithreacha agus ar bhacainní láithreacha a bhfuil gá le comhordú agus gníomhaíocht chomhpháirteach ina leith, chomh maith le hobair struchtúrach níos fadtéarmaí chun feabhas a chur ar éifeachtacht chóras an Aontais um fhilleadh. San Iarscríbhinn a ghabhann leis an doiciméad beartais seo leagtar amach na príomhghníomhaíochtaí chun na ceithre réimse fócais a chur chun feidhme, agus na spriocanna agus na táscairí a d'fhéadfaí a úsáid chun faireachán a dhéanamh ar an dul chun cinn.

Ba cheart an obair a aistriú go tapa chuig céim atá oibríochtúil i ndáiríre. Ba cheart roinnt sruthanna suaitheanta oibre a bhaint amach léi.

Sruthanna suaitheanta oibre

1.    Oibríochtaí spriocdhírithe comhpháirteacha um fhilleadh chuig tríú tíortha sainithe, a éascóidh an Coimisiún agus an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí agus a chuirfidh na Ballstáit agus Frontex chun feidhme sna seachtainí atá romhainn.

2.    Faoi dheireadh 2023, anailísí agus feasacht staide a fhorbairt maidir le feidhmiú an fhillidh, chun go mbeifear in ann pleanáil go réamhghníomhach agus chun comhthuiscint a fhorbairt maidir le dea-fheidhmíocht i réimse an fhillidh, le rannpháirtíocht na bpáirtithe leasmhara uile.

3.    An líon tríú tíortha a chumhdaítear le Seirbhísí Comhpháirteacha Ath-Lánpháirtithe Frontex a dhúbailt, agus na Seirbhísí sin a bheith á n-úsáid ag gach Ballstát faoi dheireadh na bliana 2023.

4    Forbairt a dhéanamh ar na hiarrachtaí atá á ndéanamh ar dhigitiú i leith an athligean isteach tríd an gCóras Bainistithe Cásanna um Athligean Isteach a rolladh amach le haghaidh gach tríú tír ábhartha agus le haghaidh gach Ballstáit.

5    Bailchríochnú a dhéanfaidh Frontex ar an anailís ar bhearnaí sa digitiú le haghaidh gach Ballstáit faoi dheireadh na bliana 2023.

6.    Comhairleoireacht maidir le filleadh le bunú mar inniúlacht ghairmiúil i ngach Ballstát.

I ngeall ar chastacht, íogaireacht agus an líon ard páirtithe leasmhara agus údarás a bhfuil baint acu le réimse an fhillidh, tá gá le comhordú níos fearr agus le pléití oscailte agus straitéiseacha i spás iontaofa chun na bearnaí a dhúnadh. Trí obair Chomhordaitheoir an Aontais Eorpaigh um Fhilleadh agus an Líonra Ardleibhéil cuirtear an deis ar fáil ar chur chuige praiticiúil a úsáid, lena gcuirfear le taithí deimhneach na mBallstát, chun comhar praiticiúil agus comhleanúnachas a chothú chun tuilleadh forbartha agus dul chun cinn a dhéanamh ar chuspóirí na straitéise oibríochtúla seo. Tá láidreachtaí agus laigí éagsúla ar leibhéal an Aontais agus ar leibhéal na mBallstát araon, tá tosaíochtaí agus riachtanais éagsúla ann, agus ní mór dul chun cinn a dhéanamh san am céanna ar na gnéithe éagsúla i dtreo comhchóras éifeachtach de chuid an Aontais um fhilleadh.

(1) ()    COM(2020) 609 final.
(2) ()    COM(2021) 277 final.
(3) ()    Déanann Comhordaitheoir an Aontais Eorpaigh um Fhilleadh cathaoirleacht ar an Líonra Ardleibhéil um Fhilleadh, líonra atá comhdhéanta d’ionadaithe ó na Ballstáit uile agus ó Frontex.
(4) ()    COM(2018) 634 final.
(5) ()    COM(2020) 611 final.
(6) ()    COM(2020) 610 final.
(7) ()    Rialachán (CE) Uimh. 810/2009 lena mbunaítear Cód Comhphobail maidir le Víosaí (Cód Víosaí) arna leasú le Rialachán (AE) 2019/1155 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019, IO L 188, 12.7.2019, lch. 25.
(8) ()    Rialachán (AE) 2018/1860 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Samhain 2018 maidir le húsáid Córas Faisnéise Schengen chun náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach a fhilleadh, IO L 312, 7.12.2018, lch. 1.
(9) ()    Rialachán (AE) 2022/922 ón gComhairle an 9 Meitheamh 2022 maidir le bunú agus oibriú sásra meastóireachta agus faireacháin chun cur i bhfeidhm acquis Schengen a fhíorú, agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1053/2013, IO L 160, 15.6.2022, lch. 1.
(10) ()    COM(2021) 120 final.
(11) ()    COM(2021) 56 final.
(12) ()    COM(2021) 56 final.
Top

An Bhruiséil,24.1.2023

COM(2023) 45 final

IARSCRÍBHINN

a ghabhann leis an

DOICIMÉAD BEARTAIS

I dtreo straitéis oibríochtúil i gcomhair fillteacha níos éifeachtacha


Réimsí fócais atá molta i leith na straitéise oibríochtúla i gcomhair fillteacha níos éifeachtaí

1)Gníomhaíochtaí spriocdhírithe chun riachtanais láithreacha agus bacainní láithreacha a fhreagairt

Gné thábhachtach d’obair Chomhordaitheoir an Aontais Eorpaigh um Fhilleadh agus an Líonra Ardleibhéil is ea riachtanais láithreacha agus bacainní láithreacha a fhreagairt. Is é an aidhm atá ann faoin réimse fócais seo a áirithiú go n-oibreoidh na Ballstáit as lámh a chéile agus go mbeidh comhordú rianúil agus comhleanúnachas idir na ngníomhaithe uile, chun a áirithiú go ndíreofar na hiarrachtaí comhchoiteanna ar fhilleadh ar thríú tíortha sainaitheanta i gcomhréir le tosaíochtaí polaitiúla. Ba cheart bacainní a fhógairt go tapa agus aghaidh a thabhairt orthu. D’fhéadfaí saincheisteanna eile a thabhairt chun solais le hobair sa réimse seo (amhail comhar idir údaráis náisiúnta, agus riachtanais maidir le hacmhainní agus oiliúint), saincheisteanna nach mór dul i ngleic leo san fhadtéarma agus a d’fheadfadh baint a bheith acu le réimsí fócais eile.

·Iarrachtaí spriocdhírithe comhchoiteanna a dhéanfar go ráithiúil chun fillteacha a chur chun feidhme chuig líon teoranta tríú tíortha tosaíochta le plé ag gach cruinniú den Líonra Ardleibhéil agus le cur chun feidhme an ráithe dár gcionn. Na náisiúntachtaí ar gá díriú orthu, ba cheart iad a bheith bunaithe ar Phleananna Gníomhaíochta ábhartha an Aontais, ar an obair leantach maidir le sásra Airteagal 25a den Chód Víosaí agus ar phléití i meitheal na Comhairle. Ba cheart náisiúnaigh tríú tír atá saor ó cheanglas víosaí a bheith in gcuid de na náisiúntachtaí ar gá díriú orthu freisin. Beidh na hiarrachtaí comhpháirteacha sin le comhordú le hiarrachtaí an Choimisiúin an líon fillteacha chuig tríú tíortha sonracha a mhéadú, go háirithe i gcomhthéacs comhaontuithe de chuid an Aontais um athligean isteach a chur chun feidhme agus i gcomhthéacs na hoibre leantaí maidir le hAirteagal 25a den Chód Víosaí.

·Comhar a éascú idir na mBallstát a bhfuil riachtanais chomhchosúla acu chun go n-oibreoidh siad as lámh a chéile agus chun go dtacóidh siad le chéile maidir le gníomhaíochtaí a bhaineann le filleadh, agus chun go n-osclóidh siad áiteanna dá chéile i gcláir náisiúnta i ndáil le filleadh deonach cuidithe agus ath-lánpháirtiú. Más gá, déanfaidh Frontex coigeartú ar a ghníomhaíochtaí chun gach cuidiú is gá a sholáthar.

·Obair le déanamh ag comhaltaí an Líonra Ardleibhéil leis na húdaráis náisiúnta ábhartha chun an ghníomhaíocht a dhíriú ar thríú tíortha sonracha a sainaithníodh agus go háirithe chun éifeachtúlacht a ghnóthú maidir leis an méid seo a leanas: a áirithiú go dtabharfar tús áite do na fillteacha sin, na sainchomhaid aitheantais (doiciméid, measúnú aonair, sonraí bithmhéadracha) a ullmhú, infhaighteacht fillithe le haghaidh agallamh agus misin aitheantais a áirithiú, orduithe um fhilleadh a leanúint le hiarrataí ar athligean isteach, acmhainneacht leordhóthanach le haghaidh coinneála a áirithiú más gá, gnáthamh aitheantas a chur ar bun le hambasáidí, líonadh cairteitiltí.

·Aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna ad hoc, amhail riachtanais maidir le COVID-19, saincheisteanna a fhógraítear do Chomhordaitheoir an Aontais Eorpaigh um Fhilleadh ionas go dtiocfar ar réiteach.

·Na Ballstáit, comhaltaí den Líonra Ardleibhéil, Frontex agus gníomhaithe ábhartha eile, amhail Oifigigh Eorpacha Idirchaidrimh Imirce (EMLOnna) agus Oifigigh Eorpacha Idirchaidrimh um Fhilleadh (EURLOnna), ba cheart dóibh a bheith tiomanta d'fhaisnéis ábhartha agus ionchur ábhartha a sholáthar maidir le teagmhálacha le tríú tíortha. Dá ndéanfaí sin bheadh sé níos éascaí misin chomhpháirteacha de chuid an Choimisiúin agus na mBallstát ábhartha a eagrú chuig tríú tíortha, i gcomhar leis an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí, chun cur chuige comhchoiteann agus comhleanúnach a léiriú.

2)Riachtanais fhadtéarmacha agus struchtúracha

Bacainn struchtúrach ríthábhachtach ar phróiseas níos éifeachtúla um fhilleadh is ea bearnaí sa chomhar agus sna teagmhálacha idir na húdaráis a mbaineann an próiseas um fhilleadh leo. An obair a dhéanfaí faoin réimse seo atá beartaithe, bheadh sí dírithe ar na bearnaí sin a shainaithint agus ar aghaidh a thabhairt orthu, chun a áirithiú go mbeidh cinneadh um fhilleadh ina thoradh ar chinneadh lena gcuirfear deireadh le fanacht dhlíthiúil san Aontas, chun go gcuirfear na cinntí sin um fhilleadh i bhfeidhm agus chun go dtabharfar fillteacha i gcrích a luaithe is féidir.

a)Éifeachtúlacht sa chóras foriomlán um fhilleadh a ghnóthú trí dhlús a chur leis an bpróiseas agus trí lúba ar lár a dhúnadh

·Díriú ar phríomhphointí agus ar bhacainní sonracha a d’fhógair na Ballstáit nó a sainaithníodh i meastóireachtaí Schengen chun dlús a chur lena bpróiseas um fhilleadh.

·A áirithiú go dtiocfaidh cinneadh um fhilleadh díreach i ndiaidh cinneadh lena gcuirtear deireadh le fanacht dhlíthiúil, lena n-áirítear torthaí an nós imeachta tearmainn a nascadh leis an nós imeachta um fhilleadh, obair a dhéanamh i gcomhar le Frontex freisin agus cur le taithí agus eolas Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann agus Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha.

·Aghaidh a thabhairt ar an mbearna san aistriú ó fhillteacha deonacha go dtí fillteacha éigeantacha – bearnaí idir údaráis inniúla – chun feabhas a chur ar an éifeachtacht agus chun an riosca éalaithe a laghdú.

·Aghaidh a thabhairt ar bhearnaí nós imeachta agus ar bhacainní a bhaineann le hinniúlachtaí éagsúla na n-údarás agus na heagraíochtaí atá freagrach as na céimeanna éagsúla sa phróiseas um fhilleadh, nithe a mbeidh ar an Líonra Ardleibhéil scrúdú a dhéanamh ar réitigh phraiticiúla orthu, réitigh lena gcuirfear le taithí agus le dea-chleachtais na mBallstát.

·Obair a dhéanamh ar bhacainní a sainaithníodh go sonrach a bhfuil baint acu le hiompar bacúil agus le heaspa comhair ó náisiúnaigh tríú tíortha.

·Obair a dhéanamh ar na bacainní a bhaineann go sonrach le filleadh coirpeach ciontaithe.

·Aghaidh a thabhairt ar bhacainní i gcórais na mBallstát a bhfuil baint acu le hiarrataí ar athligean isteach a chur isteach (lena n-áirítear, más ábhartha, saincheisteanna a bhaineann leis an gCóras Bainistithe Cásanna um Athligean Isteach le tríú tíortha).

·Riachtanais phraiticiúla agus gníomhaíochtaí praiticiúla a shainaithint chun an úsáid is fearr a bhaint as gné nua Chóras Faisnéise Schengen i ndáil le foláirimh a chruthú maidir le daoine atá faoi réir cinneadh um fhilleadh chun aitheantas frithpháirteach le haghaidh cinntí um fhilleadh a éascú.

·Cur chuige níos comhleanúnaí a fhorbairt chun an riosca éalaithe a chinneadh, chun easpa acmhainneacht leordhóthanach a bhrath agus chun teacht ar bhealaigh chun úsáid níos éifeachtúla a bhaint as roghanna éifeachtacha ar choinneáil. Obair a dhéanamh chun nasc níos fearr a bhunú idir na cineálacha riosca éalaithe agus na roghanna is iomchuí agus is ábhartha ar choinneáil.

b)Comhairleoireacht maidir le filleadh agus ath-lánpháirtiú a chur chun cinn mar ghnéithe lárnacha sna córais um fhilleadh, le haghaidh fillteacha deonacha mar aon le fillteacha éigeantacha

Tá ról lárnach ag na comhairleoirí um fhilleadh sa phróiseas um fhilleadh; tionlacann siad na fillithe ag gach céim den phróiseas, agus mar chuid den tionlacan sin áirithíonn siad go n-urramaítear a gcearta bunúsacha ag gach céim den phróiseas um fhilleadh. Ar bhonn na hoibre atá ar siúl faoi straitéis an Aontais um fhilleadh deonach agus ath-lánpháirtiú, lena n-áirítear pléití i ngrúpaí ábhartha de chuid na Comhairle agus i bhfóraim saineolaithe, bheadh an obair a dhéanfaí faoin réimse seo atá beartaithe dírithe ar a áirithiú go mbeidh comhairleoirí dea-oilte um fhilleadh ag gach Ballstát a mbeidh na huirlisí is gá acu chun tacú le próiseas níos éifeachtúla, lena n-áirítear deiseanna sa tír a mbeifear ag filleadh uirthi, atreorú chuig tionscnaimh arna seoladh ag eagraíochtaí idirnáisiúnta, ag gníomhaithe áitiúla, ag údaráis náisiúnta nó ag tionscadail um chomhar forbartha. Thairis sin, díreofar an obair ar chur chuige comhleanúnach a áirithiú maidir le hath-lánpháirtiú inbhuanaithe agus cistiú an ath-lánpháirtithe sin, cur chuige lena bhféadfaí fillithe agus údaráis tríú tíortha araon a spreagadh chun comhoibriú tríd an bpróiseas um fhilleadh.

·Tacú leis na Ballstáit chun scéimeanna deonacha cuidithe níos éifeachtacha um fhilleadh a bhunú, agus chun struchtúir comhairleoireachta maidir le filleadh a bhunú, lena gcuirfear le hobair atá ar siúl ar leibhéal na gcleachtóirí maille le tacaíocht ó Frontex. Ba cheart Seirbhísí Comhpháirteacha Ath-Lánpháirtithe Frontex a bheith in úsáid ag gach Ballstát faoi dheireadh na bliana. Ba cheart é a bheith ina aidhm an dearbhlíon fillteacha deonacha a mhéadú le haghaidh gach Ballstáit.

·A áirithiú go mbeidh comhairleoireacht maidir le filleadh ar bun mar inniúlacht ghairmiúil i ngach Ballstát, comhairleoireacht lena ndéanfar glacadh le filleadh deonach a chur chun cinn mar chuid den chuspóir ginearálta an líon fillteacha a mhéadú ar an iomlán.

·A áirithiú go mbeidh feasacht iomlán ann ar gach leibhéal maidir leis na huirlisí agus an oiliúint atá ar fáil (maidir le cearta bunúsacha san áireamh) chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin struchtúracha.

·Moltar do na Ballstáit a bhfuil níos mó taithí acu tacú leis na Ballstáit a bhfuil níos lú taithí acu trí mhalartú níos spriocdhírithe agus níos straitéisí idir comhaltaí an Líonra Ardleibhéil.

·Comhsheasmhacht na tacaíochta maidir le filleadh deonach cuidithe agus ath-lánpháirtiú i measc na mBallstát chuig tríú tíortha sonracha a chur chun cinn nuair is gá, agus comhordú na gclár ábhartha atá ann cheana i dtríú tíortha a áirithiú.

·A áirithiú go bhfuil comhairleoirí na mBallstát um fhilleadh agus Frontex ar an eolas faoi na féidearthachtaí a chuirtear ar fáil d’fhillithe maidir le hatreorú agus le hath-lánpháirtiú sna tíortha a mbeifear ag filleadh orthu trí thionscnaimh arna seoladh ag eagraíochtaí idirnáisiúnta, ag gníomhaithe áitiúla, ag údaráis náisiúnta nó ag tionscadail um chomhar forbartha, agus go mbeidh siad in ann iad a úsáid.

·An líon tríú tíortha a chumhdaítear le Seirbhísí Comhpháirteacha Ath-Lánpháirtithe Frontex a dhúbailt faoi dheireadh na bliana 2023.

c)Bainistiú maidir le filleadh a dhigitiú agus anailísiú sonraí a fheabhsú

Is easnamh tábhachtach í an easpa sonraí rialta agus iontaofa i réimse an fhillidh, agus ní mór aghaidh a thabhairt air. Gné thábhachtach den réiteach is ea a áirithiú go mbeidh córas digiteach bainistithe cásanna um fhilleadh ag gach Ballstát, córas is féidir a cheangal le córais TF eile a bhaineann leis an bpróiseas um fhilleadh, agus lenar féidir tacú le hanailísiú níos éifeachtúla agus níos iontaofa ar na sonraí ábhartha.

·Amlínte soiléir a chur ar bun chun tacú le digitiú chórais bainistithe cásanna um fhilleadh na mBallstát lena gcuirtear an tsamhail Frontex chun feidhme; cuirfidh Frontex bailchríochnú ar an anailísiú ar bhearnaí le haghaidh gach Ballstáit faoi dheireadh na bliana 2023, agus ansin forbróidh sé plean agus cuirfidh sé chun feidhme é in éineacht leis na Ballstáit eile d’fhonn digitiú iomlán a bhaint amach a luaithe is féidir agus faoin mbliain 2026 ar a dhéanaí; úsáid a bhaint as an gcistiú atá ar fáil faoin gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht le haghaidh na dtionscadal sin.

·Tuilleadh anailísithe a dhéanamh chun féachaint an bhféadfaí idir-inoibritheacht a bhunú idir na córais TF a bhaineann leis an bpróiseas um fhilleadh, lena n-áirítear anailísiú ar an ngá atá leis na hidirnaisc sin agus ar a gcomhréireacht.

·Tuilleadh úsáide a bhaint as an uirlis chúnaimh le haghaidh ath-lánpháirtiú (RIAT) agus as an gcóras bainistithe cásanna um athligean isteach (RCMS) atá ann cheana le tríú tíortha.

·Feasacht a áirithiú maidir leis an staid reatha i ndáil le foláirimh um fhilleadh a bheith á n-uaslódáil agus á dtabhairt cothrom le dáta in SIS II, rochtain údaráis na mBallstát éagsúla ar SIS II, faireachas ar fhillteacha agus cleachtais sheanbhunaithe maidir le hamais.

·Deiseanna nua arna soláthar ag an gcóras isteach-amach a shainaithint chun sonraí maidir le daoine a fhanann rófhada, ar sonraí iad a ghintear go huathoibríoch sa chóras, a úsáid go héifeachtach.

·Ar bhonn ghné nua Chóras Faisnéise Schengen i ndáil le foláirimh a chruthú maidir le daoine atá faoi réir cinneadh um fhilleadh, deiseanna nua a shainaithint agus a úsáid chun aitheantas frithpháirteach do chinntí um fhilleadh a éascú ionas go mbeidh an próiseas um fhilleadh níos tapa agus níos éifeachtaí.

·Obair a dhéanamh leis na páirtithe leasmhara uile (an Coimisiún, Frontex, na Ballstáit) chun feabhas a chur ar bhailiú staitisticí a bhaineann le filleadh agus chun táirgí anailísíochta, anailísithe agus feasachta staide a fhorbairt maidir le feidhmiú an fhillidh, ar táirgí iad atá oiriúnach don fheidhm, chun go mbeifear in ann pleanáil réamhghníomhach a dhéanamh d’fhonn na dúshláin sainaitheanta a leigheas.

·Comhthuiscint a fhorbairt ar dhea-fheidhmíocht maidir le réimse an fhillidh thar an ráta fillte, agus táscairí iomchuí a shainaithint i ndáil le tuairisciú agus éifeachtúlacht.

* * *

Ba cheart tacar táscairí atá sainithe go soiléir a úsáid chun faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn agus torthaí na straitéise oibríochtúla. Breithneofar na táscairí seo a leanas:

·An líon cinntí um fhilleadh a eisíodh i ndiaidh cinntí diúltacha tearmainn.

·An líon iarrataí ar athligean isteach a eisíodh ar bhonn cinntí um fhilleadh.

·An sciar fillteacha deonacha i ndáil leis an líon foriomlán fillteacha.

·An líon Ballstát a bhfuil córas TF bainistithe cásanna um fhilleadh ar bun acu.

·An líon Ballstát a bhfuil córas comhairleoireachta maidir le filleadh ar bun acu.

·An líon Ballstát a úsáideann seirbhísí Frontex a bhaineann le filleadh (seirbhísí um réamhfhilleadh, seirbhísí um iarfhilleadh, seirbhísí um ath-lánpháirtiú) agus a ghlacann páirt in oibríochtaí um fhilleadh.

·An líon tríú tíortha a chumhdaítear le Seirbhísí Comhpháirteacha Ath-Lánpháirtithe Frontex.

Cuirfidh Comhordaitheoir an Aontais Eorpaigh um Fhilleadh tuarascálacha tráthrialta maidir leis an dul chun cinn faoi bhráid an Líonra Ardleibhéil, tuarascálacha a chuirfear le Baraiméadar Schengen freisin. Le linn do na táscairí a bheith ag feidhmiú mar bhonn daingean chun faireachán a dhéanamh ar an dul chun cinn, d’fhéadfadh forbairt a theacht orthu le linn don straitéis oibríochtúil a bheith á forbairt agus á cur chun feidhme.

Top