Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52023AP0433

P9_TA(2023)0433 — Comhar breithiúnach trasteorann a dhigitiú (leasú ar threoracha agus ar chinntí réime áirithe) — Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 23 Samhain 2023 ar an togra le haghaidh treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2003/8/CE ón gComhairle, Cinntí Réime 2002/465/CGB, 2002/584/CGB, 2003/577/CGB, 2005/214/CGB, 2006/783/CGB, 2008/909/CGB, 2008/947/CGB, 2009/829/CGB agus 2009/948/CGB ón gComhairle, agus Treoir 2014/41/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le digiteáil an chomhair bhreithiúnaigh (COM(2021)0760 – C9-0450/2021 – 2021/0395(COD)) (An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

IO C, C/2024/4252, 24.7.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/4252/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/4252/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2024/4252

24.7.2024

P9_TA(2023)0433

Comhar breithiúnach trasteorann a dhigitiú (leasú ar threoracha agus ar chinntí réime áirithe)

Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 23 Samhain 2023 ar an togra le haghaidh treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2003/8/CE ón gComhairle, Cinntí Réime 2002/465/CGB, 2002/584/CGB, 2003/577/CGB, 2005/214/CGB, 2006/783/CGB, 2008/909/CGB, 2008/947/CGB, 2009/829/CGB agus 2009/948/CGB ón gComhairle, agus Treoir 2014/41/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le digiteáil an chomhair bhreithiúnaigh (COM(2021)0760 – C9-0450/2021 – 2021/0395(COD))

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

(C/2024/4252)

Tá Parlaimint na hEorpa,

ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2021)0760),

ag féachaint d’Airteagal 294(2), d’Airteagal 81(2), do phointí (e) agus (f) agus d’Airteagal 82(1), pointe (d) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C9-0450/2021),

ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 19 Bealtaine 2022  (1),

ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas na coistí freagracha faoi Riail 74(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 19 Iúil 2023 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint do chomhphléití an Choiste um Ghnóthaí Dlíthiúla agus an Choiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile faoi Riail 58 de na Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla agus ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile (A9-0063/2023),

1.

ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh mar a leagtar amach ina dhiaidh seo é;

2.

á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;

3.

á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

(1)   IO C 323, 26.8.2022, lch. 77.


P9_TC1-COD(2021)0395

Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 23 Samhain 2023 chun go nglacfaí Treoir (AE) 2023/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoracha 2011/99/AE agus 2014/41/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 2003/8/CE ón gComhairle agus Cinntí Réime 2002/584/CGB, 2003/577/CGB, 2005/214/CGB, 2006/783/CGB, 2008/909/CGB, 2008/947/CGB, 2009/829/CGB agus 2009/948/CGB ón gComhairle , a mhéid a bhaineann le digitiú an chomhair bhreithiúnaigh

(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Treoir (AE) 2023/2843.)


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/4252/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)


Top