This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 52023AP0363
P9_TA(2023)0363 – Establishing the Ukraine Facility – Amendments adopted by the European Parliament on 17 October 2023 on the proposal for a regulation of the European Parliament and of the Council on establishing the Ukraine Facility (COM(2023)0338 – C9-0210/2023 – 2023/0200(COD)) (Ordinary legislative procedure: first reading)
P9_TA(2023)0363 — Saoráid na hÚcráine a bhunú — Leasuithe a ghlac Parlaimint na hEorpa an 17 Deireadh Fómhair 2023 ar an togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Saoráid na hÚcráine a bhunú (COM(2023)0338 – C9-0210/2023 – 2023/0200(COD)) (An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)
P9_TA(2023)0363 — Saoráid na hÚcráine a bhunú — Leasuithe a ghlac Parlaimint na hEorpa an 17 Deireadh Fómhair 2023 ar an togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Saoráid na hÚcráine a bhunú (COM(2023)0338 – C9-0210/2023 – 2023/0200(COD)) (An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)
IO C, C/2024/2662, 29.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/2662/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2024/2662 |
29.4.2024 |
P9_TA(2023)0363
Saoráid na hÚcráine a bhunú
Leasuithe a ghlac Parlaimint na hEorpa an 17 Deireadh Fómhair 2023 ar an togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Saoráid na hÚcráine a bhunú (COM(2023)0338 – C9-0210/2023 – 2023/0200(COD)) (1)
(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)
(C/2024/2662)
Leasú 1
LEASUITHE Ó PHARLAIMINT NA hEORPA (2)
ar an togra ón gCoimisiún
(1) Tarchuireadh an ní ar ais chuig an gcoiste freagrach le haghaidh idirbheartaíocht idirinstitiúideach de bhun Riail 59(4), an ceathrú fomhír (A9-0286/2023).
(2) Leasuithe: léirítear téacs nua nó leasaithe le cló trom iodálach; léirítear téacs atá scriosta trí leas a bhaint as an tsiombail ▌.
2023/0200 (COD)
Togra le haghaidh
RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
maidir le Saoráid na hÚcráine a bhunú
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 212 agus Airteagal 322(1) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Ag féachaint don tuairim ón gCúirt Iniúchóirí,
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Ó 2014 i leith, tá an Úcráin ag tabhairt faoi chonair athchóirithe uaillmhianach as a dtiocfaidh lánpháirtiú forásach leis an Aontas Eorpach, mar a tharla nuair a síníodh comhaontú comhlachais idir an tAontas agus an Úcráin an 27 Meitheamh 2014, lena n-áirítear Limistéar Domhain Cuimsitheach Saorthrádála, a tháinig i bhfeidhm an 1 Meán Fómhair 2017. |
|
(2) |
Ó cuireadh tús le cogadh foghach na Rúise gan chúis agus gan údar i gcoinne na hÚcráine an 24 Feabhra 2022, tá an tAontas, a Bhallstáit agus institiúidí airgeadais Eorpacha tar éis tacaíocht gan fasach a shlógadh d’athléimneacht eacnamaíoch, shóisialta agus airgeadais na hÚcráine, lena gcomhcheanglaítear tacaíocht ó bhuiséad an Aontais, lena n-áirítear an cúnamh eisceachtúil macra-airgeadais agus tacaíocht ón mBanc Eorpach Infheistíochta agus ón mBanc Eorpach Athfhoirgníochta agus Forbartha, arna ráthú go hiomlán nó i bpáirt ag buiséad an Aontais, chomh maith le tacaíocht airgeadais bhreise ó na Ballstáit. |
|
(3) |
Chinn Comhairle Eorpach an 23 Meitheamh 2022 stádas tír is iarrthóir a dheonú don Úcráin, rud a léirigh toil láidir an atógáil a nascadh le hathchóirithe ar a conair Eorpach. Tá tacaíocht láidir leanúnach don Úcráin ina príomhthosaíocht ag an Aontas agus is freagairt iomchuí í ar thiomantas láidir polaitiúil an Aontais tacú leis an Úcráin a fhad is gá. |
|
(4) |
Maidir le cúnamh macra-airgeadais suas le EUR 18 mbilliún a bheith á sholáthar ag an Aontas le haghaidh 2023 faoi Rialachán (AE) 2022/2463 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, measadh gur freagairt iomchuí é ar bhearna maoiniúcháin na hÚcráine le haghaidh 2023 agus chuidigh sé le maoiniú suntasach a shlógadh ó dheontóirí eile agus ó institiúidí airgeadais idirnáisiúnta. Ba ghné thábhachtach é sin d’athléimneacht mhaicreacnamaíoch agus airgeadais na hÚcráine ag tráth cinniúnach. |
|
(5) |
Tá tacaíocht shuntasach airgeadais á cur ar fáil ag an Aontas freisin trí phacáiste breise lena gcomhcheanglaítear cistí faoin Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta — An Eoraip Dhomhanda (ICFCI) a bunaíodh faoi Rialachán (AE) 2021/947 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, asachtaí ón mBanc Eorpach Infheistíochta. Ina theannta sin, tá tacaíocht leanúnach á cur ar fáil ag na húdaráis, pobail, eagraíochtaí neamhrialtasacha agus grúpaí saorálaithe laistigh de na Ballstáit. |
|
(6) |
Ina theannta sin, i gCinneadh (CBES) 2021/509 na Comhairle, bheartaigh sí bearta cúnaimh seachbhuiséid chun tacú le fórsaí armtha na hÚcráine faoin tSaoráid Eorpach Síochána, ar bearta cúnaimh iad dar luach EUR 5,6 billiún, agus misean cúnaimh mhíleata chun tacú leis an Úcráin le EUR 0,1 billiún le haghaidh na gcostas coiteann. Chomh maith leis sin, thug an tAontas agus a Bhallstáit freagairt éigeandála chomhchineáil nach bhfacthas a leithéid riamh cheana tríd an Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta faoi Chinneadh Uimh. 1313/2013/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, arna leasú le Rialachán (AE) 2021/836 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, arb í an oibríocht éigeandála is mó a bhí ann ó bunaíodh an sásra sin. |
|
(7) |
Ina theannta sin, chuidigh na Lánaí Dlúthpháirtíochta idir an tAontas Eorpach agus an Úcráin a bunaíodh i mí na Bealtaine 2022 le luach measta onnmhairiúcháin EUR 31 bhilliún a ghiniúint do gheilleagar na hÚcráine go dtí deireadh mhí na Bealtaine 2023. |
|
(8) |
Mar thoradh ar chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, tá damáiste os cionn EUR 270 billiún déanta don Úcráin amhail ón 24 Feabhra 2023, agus meastar gurb é EUR 384 bhlliún na costais atógála, chomh maith le caillteanas rochtana ar mhargaí airgeadais agus laghdú suntasach ar ioncam poiblí, agus tá méadú suntasach tagtha ar chaiteachas poiblí chun aghaidh a thabhairt ar an staid dhaonnúil agus chun leanúnachas seirbhísí Stáit a choinneáil ar bun. Leis na meastacháin sin, chomh maith leis an bhfaisnéis anailíseach ó gach foinse eile is iomchuí agus ó fhoinsí ina dhiaidh sin, cuirtear bonn ábhartha ar fáil chun na riachtanais chistiúcháin le haghaidh na mblianta atá le teacht a shuíomh, lena n-áirítear breithnithe réigiúnacha agus earnálacha. |
|
(9) |
An 30 Márta 2023, mheas an Ciste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta (CAI) gur EUR 75.1 billiún an bhearna sa mhaoiniú Stáit suas go dtí 2027 agus chomhaontaigh sé clár ceithre bliana EUR 14.4 billiún leis an Úcráin chun beartais a dhaingniú lena gcothófar cobhsaíocht fhioscach, sheachtrach, praghsanna agus airgeadais agus lena dtacófar leis an téarnamh eacnamaíoch, agus, ag an am céanna, lena gcuirfear feabhas ar rialachas agus lena neartófar institiúidí chun fás fadtéarmach a chur chun cinn i gcomhthéacs na hatógála iarchogaidh agus chonair aontachais na hÚcráine leis an Aontas Eorpach. |
|
(10) |
Ós rud é, fad a mhairfidh cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, go leanfar den chuid is mó den ioncam cánach a bhailigh rialtas na hÚcráine a leithdháileadh ar iarrachtaí cogaidh, agus go mbeidh bearna iarmharach fós ann i riachtanais mhaoinithe na hÚcráine go dtí 2027 ar a laghad, ní mór tacaíocht shuntasach sholúbtha a chur ar fáil go tapa do rialtas na hÚcráine chun a fheidhmeanna a choinneáil , seirbhísí poiblí a chur ar fáil, agus tacú le téarnamh, atógáil agus nuachóiriú na tíre ▌. |
|
(11) |
I bhfianaise an damáiste a rinne cogadh foghach na Rúise do gheilleagar, do shochaí agus do bhonneagar na hÚcráine, beidh gá ag an Úcráin le tacaíocht shuntasach agus cumas bainistíochta institiúideach chun a feidhmeanna a choinneáil, chomh maith le faoiseamh agus cúnamh gearrthéarmach do théarnamh tapa, atógáil agus nuachóiriú na tíre . Beidh tacaíocht chuimsitheach de dhíth ar an Úcráin chun ‘atógáil chun feabhais’ trí théarnamh duinelárnach lena ndíreofar ar an bhforbairt inbhuanaithe, lena gcuirfear feabhas ar chuimsitheacht agus ar chomhtháthú, lena laghdófar neamhionannas, agus lena gcruthófar an dúshraith do thír shaor agus rathúil ina mbeidh geilleagar margaidh láidir , atá fréamhaithe i luachanna Eorpacha, a bheidh comhtháite go maith sa gheilleagar Eorpach agus domhanda, agus a dhéanfaidh dul chun cinn tapa i dtreo aontachas leis an Aontas Eorpach. |
|
(12) |
Sa chomhthéacs sin, is gá ionstraim aonair mheántéarmach a bhunú lena dtabharfar le chéile an tacaíocht dhéthaobhach a chuireann an tAontas ar fáil don Úcráin, lena n-áiritheofar comhordú agus éifeachtúlacht. Chuige sin, is gá Saoráid na hÚcráine (‘an tSaoráid’) a bhunú, lena soláthrófar cothromaíocht idir solúbthacht agus in-ríomhchláraitheacht fhreagairt an Aontais chun aghaidh a thabhairt ar bhearna maoiniúcháin na hÚcráine, ar riachtanais téarnaimh, atógála agus nuachóirithe na hÚcráine, agus ag an am céanna tacú le hiarracht athchóirithe na hÚcráine mar chuid dá conair aontachais chuig an Aontas. |
|
(13) |
Ba cheart go mbeadh plean comhleanúnach agus tosaíochta don atógáil (‘Plean na hÚcráine’), arna ullmhú ag Rialtas na hÚcráine tar éis dul i gcomhairle le hionadaithe eagraíochtaí na sochaí sibhialta, arna fhormheas ag Verkhovna Rada agus arna fhormhuiniú ag an Aontas, ina bhonn taca le Saoráid na hÚcráine, lena gcuirfí ar fáil creat struchtúrtha intuartha le haghaidh théarnamh, atógáil agus nuachóiriú na hÚcráine le tacaíocht bhuiséadach, athchóirithe agus infheistíochta an Aontais agus a chuirtear in iúl go soiléir le ceanglais aontachais an Aontais. |
|
(14) |
Ba cheart tacaíocht an Aontais don Úcráin ó 2024 go 2027 a sholáthar faoi Shaoráid na hÚcráine go bunúsach agus go príomha, lena n-áiritheofar cur chuige comhsheasmhach trí ionstraim aontaithe, trí ghníomhaíochtaí faoi na hionstraimí atá ann cheana a ionadú nó, i gcás inarb iomchuí, iad a chomhlánú. |
|
(15) |
I ndáil leis sin, ba cheart tacaíocht ón Aontas faoin tSaoráid a chur in ionad na tacaíochta déthaobhaí a sholáthraítear faoin Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta — An Eoraip Dhomhanda (NDICI) arna bunú faoi Rialachán (AE) 2021/947 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, a mhéid a chuirfear an tSaoráid in ionad na tacaíochta sin de réir a chéile agus go mbeidh sí comhlántach leis an gcistiú arna sholáthar faoi rialacháin IPA, i gcás ina mbeidh an Úcráin incháilithe . Mar sin féin, tá sé tábhachtach a áirithiú gur féidir leis an Úcráin leanúint de thairbhe a bhaint as freagairt réigiúnach, théamach, mearfhreagartha, agus as cineálacha eile tacaíochta faoi ICFCI, lena n-áirítear cláir um chomhar trasteorann, agus ar bhonn níos ginearálta, go leanfaidh sí de chomhar réigiúnach, macrairéigiúnach agus trasteorann agus forbairt chríochach a chur chun cinn, lena n-áirítear trí straitéisí macrairéigiúnacha an Aontais a chur chun feidhme. |
|
(16) |
Ba cheart cabhair dhaonnúil, cosaint nó tacaíocht do na Ballstáit a thugann cosaint do dhídeanaithe ón Úcráin atá ag teitheadh ón gcogadh a bheith daonnúil, leordhóthanach, comhsheasmhach agus tráthúil lasmuigh den tSaoráid agus ba cheart iad a chomhordú go cuiditheach le deontóirí eile . Ina theannta sin, féadfaidh an Úcráin leanúint de thairbhe a bhaint as cláir ábhartha de chuid an Aontais atá ann cheana. |
|
(17) |
Ba cheart don tSaoráid rannchuidiú le bearna chistiúcháin na hÚcráine a dhúnadh go dtí 2027, trí dheontais agus faoiseamh airgeadais ar ardleibhéal lamháltais a sholáthar ar bhealach intuartha, leanúnach, ordúil agus tráthúil. Ba cheart tacaíocht den sórt sin a chur ar fáil bunaithe ar athchóirithe agus infheistíochtaí nithiúla, lena n-áirítear tionscadail atógála arna moladh ag an Úcráin, le garspriocanna agus amchláir. Ba cheart an cúnamh a chur ar fáil chun tacú le cobhsaíocht mhacrairgeadais san Úcráin, agus chun srianta na hÚcráine maidir le maoiniú seachtrach a éascú. Ar mhaithe le hinbhuanaitheacht fiachais na hÚcráine a áirithiú, ba cheart tús áite a thabhairt, a mhéid is féidir, do dheontais. Níor cheart d’iasachtaí an bonn a bhaint d’inbhuanaitheacht fhadtéarmach an fhiachais. Ba cheart athbhreithniú a dhéanamh in 2026 ar dhinimic fhiachas poiblí na hÚcráine agus ar an ngá atá ann é a laghdú mar chéatadán de OTI na hÚcráine, sula nglacfar an chéad Chreat Airgeadais Ilbhliantúil eile agus na socruithe airgeadais is gá. |
|
(18) |
Faoin tSaoráid nua, ba cheart tús a chur le hinfheistíocht i dtéarnamh inbhuanaithe , atógáil agus nuachóiriú na hÚcráine mar ábhar práinne chun dálaí maireachtála cuibhiúla a chur ar fáil do dhaonra na hÚcráine agus chun bonneagar criticiúil a athchruthú , chun a áirithiú go nginfear fostaíocht agus ioncaim agus chun méid an chúnaimh idirnáisiúnta is gá a laghdú de réir a chéile, agus a áirithiú ag an am céanna go ndéanfar damáiste práinneach don chomhshaol a mhaolú, a mhéid is féidir i dtír atá léirscriosta ag an gcogaíocht, agus go dtacófar leis an Úcráin san aistriú déach glas agus digiteach . |
|
(19) |
Ba cheart don tSaoráid an téarnamh, an atógáil agus an nuachóiriú a nascadh go dlúth le ceanglais agus próiseas aontachais an Aontais, trí thacaíocht airgeadais a nascadh le comhlíonadh na n-athchóirithe agus na n-infheistíochtaí i bhfianaise an aontachais. |
|
(20) |
Leis an bpeirspictíocht mheántéarmach a chuirtear ar fáil le Plean na hÚcráine trí ionstraim aonair, ba cheart an Úcráin a spreagadh chun atógáil chun feabhais, agus ag an am céanna í a spreagadh agus a threorú chun infheistíochtaí agus athchóirithe a dhíriú i dtreo an aistrithe chuig geilleagar glas , inbhuanaithe, digiteach agus cuimsitheach, agus cuidiú le deontóirí atá ar aon intinn a shlógadh , lena n-áirítear an earnáil phríobháideach, le haghaidh ranníocaíochtaí ilbhliantúla chun tacú leis an Úcráin. Ba cheart infheistíochtaí a ailíniú, a mhéid is féidir, le acquis aeráide agus comhshaoil an Aontais, agus ba cheart dóibh rannchuidiú le cur chun feidhme Phlean Náisiúnta Aeráide agus Fuinnimh na hÚcráine. |
|
(21) |
Ba cheart don iarracht téarnaimh, atógála agus nuachóirithe tógáil ar úinéireacht na hÚcráine, ar dhlúthchomhar agus ar chomhordú na hÚcráine le tíortha agus eagraíochtaí tacaíochta, agus ar chonair na hÚcráine i dtreo aontachas leis an Aontas. Táthar ag súil freisin go mbeidh ról tábhachtach ag riaracháin réigiúnacha agus áitiúla chomh maith le heagraíochtaí agus saineolaithe sochaí sibhialta na hÚcráine sa phróiseas sin trí pháirt iomlán a ghlacadh i ndearadh agus i ngrinnscrúdú an phróisis. Tá an comhar idir piaraí agus na cláir atá leabaithe i gcomhpháirtíochtaí idir cathracha agus réigiúin san Aontas agus iad siúd san Úcráin tar éis seachadadh na cabhrach daonnúla don Úcráin a éascú cheana féin agus, ar an gcaoi sin, tá bonn á chur ar fáil chun an próiseas téarnaimh, atógála agus nuachóirithe a shaibhriú agus a luathú. |
|
(22) |
Ba cheart don Aontas a áirithiú freisin go mbeidh údaráis áitiúla agus réigiúnacha rannpháirteach i múnlú beartas, i ndlúthchomhairle agus i gcomhar le húdaráis áitiúla agus réigiúnacha , a chuimsíonn raon mór leibhéal fo-náisiúnta agus brainsí den rialtas, lena n-áirítear réigiúin, bardais, dúichí agus ‘hromada’ agus a gcomhlachais, chomh maith le dlúthchomhairliúchán agus rannpháirtíocht eagraíochtaí agus saineolaithe na sochaí sibhialta san Úcráin. Ba cheart don Aontas a áirithiú go mbeidh siad rannpháirteach go fóinteach i dtéarnamh, in atógáil agus i nuachóiriú na hÚcráine, bunaithe ar fhorbairt inbhuanaithe agus trí chur chun feidhme na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe ar an leibhéal áitiúil agus réigiúnach . Ba cheart don Aontas aitheantas agus tacaíocht a thabhairt do na róil iomadúla atá ag na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha agus ag gníomhaithe na sochaí sibhialta mar thionscnóirí ar chur chuige críochach agus cuimsitheach i leith na forbartha áitiúla agus réigiúnaí, lena n-áirítear próisis díláraithe, rannpháirtíocht agus cuntasacht, ar cheart iad a fhorbairt trí eintiteas dlíthiúil poiblí a thabhairt isteach do bhardais, agus a thacaíocht d’fhothú acmhainneachta na n-údarás áitiúil agus réigiúnach a fheabhsú tuilleadh, chomh maith le soláthar an tsaineolais is gá chun tionscadail faoin tSaoráid a chur chun feidhme . |
|
(23) |
Ba cheart don Aontas tacú leis an trasdul i dtreo an aontachais ar mhaithe le leas na hÚcráine, trí leas a bhaint as taithí na mBallstát. Le comhar den sórt sin, ba cheart díriú go háirithe ar an taithí a fuair na Ballstáit le linn a bpróiseas athchóirithe féin a roinnt. |
|
(24) |
Ba cheart don tacaíocht faoin tSaoráid tógáil ar shineirgí le príomheagraíochtaí a thacaíonn le hathchóirithe agus atógáil na hÚcráine, amhail an Banc Eorpach Infheistíochta, an Banc Eorpach Athfhoirgníochta agus Forbartha, an Banc Domhanda, an Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta, agus an Ciste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta, agus ba cheart na sineirgí sin a uasmhéadú. |
|
(25) |
I bhfianaise na héiginnteachta a bhaineann leis an gcogadh, is iomchuí go mbeadh an tSaoráid in ann tacaíocht a thabhairt don Úcráin i gcúinsí eisceachtúla a bhfuil údar cuí leo, go háirithe i gcás ina dtéann an cogadh in olcas go mór, agus chun a cobhsaíocht mhacra-airgeadais a choinneáil ar bun agus chun a áirithiú go mbainfear amach cuspóirí na Saoráide. Níor cheart maoiniú eisceachtúil den sórt sin a chur ar fáil ach amháin trí ghníomh tarmligthe , má chinntear nach féidir leis an Úcráin na coinníollacha a ghabhann leis na cineálacha tacaíochta faoin Rialachán seo a chomhlíonadh, nuair is í tairbhí na tacaíochta í, agus ba cheart deireadh a chur leis a luaithe is féidir na coinníollacha a chomhlíonadh arís. Níor cheart go ndéanfadh maoiniú den sórt sin difear do chistiú ó ionstraimí sonracha eile de chuid an Aontais ar cheart é a shlógadh i gcás tubaistí nádúrtha nó éigeandálaí daonnúla nó cosanta sibhialta eile. |
|
(26) |
An creat beartais um méadú arna shainiú ag an gComhairle Eorpach agus ag an gComhairle, an comhaontú comhlachais, an comhaontú comhpháirtíochta agus comhair, na comhaontuithe déthaobhacha, a bhfuil an tAontas ina pháirtí iontu agus comhaontuithe eile lena mbunaítear caidreamh atá ceangailteach ó thaobh dlí leis an Úcráin, chomh maith le rúin ó Pharlaimint na hEorpa, teachtaireachtaí comhpháirteacha ón gCoimisiún agus ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, ba cheart iad uile a bheith sa chreat beartais foriomlán le haghaidh chur chun feidhme an Rialacháin seo. Ba don Choimisiún a áirithiú go mbeidh comhleanúnachas idir an cúnamh faoin Rialachán seo agus an creat beartais um méadú. |
|
(27) |
Déantar foráil in Airteagal 49 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE) go bhféadfaidh aon Stát Eorpach a urramaíonn luachanna an mheasa ar dhínit an duine, ar an tsaoirse, ar an daonlathas, ar an gcomhionannas, ar an smacht reachta agus ar chearta an duine, lena n-áirítear na cearta atá ag daoine ar de mhionlaigh iad, agus a thugann gealltanas na luachanna sin a chur chun cinn, iarratas a dhéanamh ar bheith ina chomhalta den Aontas. Is comhluachanna ag na Ballstáit na luachanna sin i sochaí arb iad is sainairíonna inti an ionchuimsitheacht, an t-iolrachas, an neamh-idirdhealú, an chaoinfhulaingt, an ceartas, an dlúthpháirtíocht agus an comhionannas idir mná agus fir. |
|
(28) |
Ní féidir le Stát Eorpach a bhfuil iarratas déanta aige ar dhul isteach san Aontas a bheith ina chomhalta go dtí go mbeidh sé deimhnithe go gcomhlíonann sé na critéir bhallraíochta a bunaíodh ag an gComhairle Eorpach i gCóbanhávan i Meitheamh 1993 (“critéir Chóbanhávan”) agus ar choinníoll go bhfuil sé d’acmhainneacht ag an Aontas an comhalta nua a lánpháirtiú. Baineann critéir Chóbanhávan le cobhsaíocht na n-institiúidí ina ráthaítear an daonlathas, an smacht reachta, cearta an duine, urraim do mhionlaigh agus a gcosaint, geilleagar margaidh atá feidhmiúil a bheith ann, chomh maith leis an acmhainneacht chun déileáil le brú iomaíoch agus fórsaí margaidh laistigh den Aontas, agus an cumas go nglacfaí ní hamháin na cearta faoi na Conarthaí, ach, freisin, na hoibleagáidí fúthu, lena n-áirítear aidhmeanna an aontais pholaitiúil, eacnamaíoch agus airgeadaíochta a shaothrú. |
|
(28a) |
D’éirigh leis an Úcráin aghaidh a thabhairt ar an athchóiriú ar dhá phríomhchomhlacht rialachais bhreithiúnaigh, Ard-Chomhairle an Cheartais agus Coimisiún Ardcháilíochta na mBreithiúna. Maidir le hAthchóiriú na Cúirte Bunreachtúla, tá ‘dul chun cinn maith’ deimhnithe ag an Aontas. Tá sé ríthábhachtach go mbeidh ról cinntitheach ag na comhaltaí a ainmnítear go hidirnáisiúnta mar a mhol an rialtas agus i gcomhréir le moltaí Choimisiún na Veinéise. Maidir le ‘frith-éilliú’ agus ‘dí-olagarcú’, rinne an Úcráin ‘roinnt dul chun cinn’, tar éis ceannairí nua ar Oifig an Ionchúisitheora Speisialaithe Frith-Éillithe agus ar Bhiúró Náisiúnta Frith-Éillithe na hÚcráine a cheapadh chomh maith le plean gníomhaíochta a chur i láthair chun tionchar olagarcaí a laghdú. |
|
(29) |
Is chun leasa choitinn an Aontais agus na hÚcráine treisiú le hiarrachtaí na hÚcráine ar a gcórais pholaitiúla, dlí agus eacnamaíocha a athchóiriú d’fhonn ballraíocht a ghlacadh san Aontas. Stádas mar thír is iarrthóir ar an Aontas Eorpach a bhronnadh ar an Úcráin , sin infheistíocht straitéiseach sa tsíocháin, sa tslándáil, sa chobhsaíocht, agus sa rathúnas san Eoraip, agus, leis sin, cuirtear ar chumas an Aontais a bheith níos ullmhaithe chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin dhomhanda. Fágann sé sin deiseanna eacnamaíocha agus trádála breise a bheith ann chun comhleas an Aontais agus na hÚcráine, agus go dtacaítear le claochlú de réir a chéile na tíre ag an am céanna. Bíonn tionchar cumhachtach agus claochlaitheach ar stát nuair a thuigtear dó go mbainfear ballraíocht den Aontas amach, rud a chuireann athruithe daonlathacha, polaitiúla, eacnamaíocha agus sochaíocha dearfacha i bhfeidhm. |
|
(30) |
Is rogha é glacadh agus cloí le bunluachanna na hEorpa, agus tá sé riachtanach do sprioc na hÚcráine ballraíocht a ghlacadh san Aontas. Ag teacht leis an méid sin, ba cheart don Úcráin úinéireacht iomlán a ghlacadh ar luachanna na hEorpa agus í féin a thiomnú dóibh ina n-iomláine, mar aon le seasamh le hord domhanda atá bunaithe ar rialacha agus ar luachanna agus na hathchóirithe riachtanacha a shaothrú le fonn agus le fuinneamh ar mhaithe le leas a muintire. |
|
(31) |
An atógáil ón damáiste a rinne cogadh foghach na Rúise, ní féidir í a bheith teoranta d’átógáil an mhéid a bhí ann roimh an gcogadh agus a scriosadh. Leis an atógáil, tá deis ann tacú leis an Úcráin sna hiarrachtaí atá á ndéanamh aici ar chomhtháthú eacnamaíoch leis an Aontas a chothú agus ar an bhforbairt shocheacnamaíoch, cúnamh don chomhar trasteorann agus comhtháthú sa Mhargadh Aonair a chur chun cinn agus tacú léi freisin á dlús á chur aici lena haistriú glas agus lena haistriú digiteach, i gcomhréir le beartais an Aontais. Dá bhrí sin , ba cheart go ndéanfaí, leis an tSaoráid, an atógáil mar aon le hathdhéanamh agus athshlánú an dúlra agus an chomhshaoil a chur chun cinn ar bhealach lena ndéanfar geilleagar na hÚcráine a nuachóiriú, agus feabhas a chur air, agus lena rachfar chun tairbhe na sochaí ina hiomláine. Ba cheart go mbeadh an tSaoráid comhsheasmhach le plean téarnaimh náisiúnta na hÚcráine arna ghlacadh ag an gComhairle Téarnaimh Náisiúnta i Meitheamh 2022 agus téarnamh, atógáil agus nuachóiriú na hÚcráine a chur chun cinn , agus tosaíocht á tabhairt don bhonneagar criticiúil, don acmhainneacht tháirgiúil agus don chaipiteal daonna ar bhealach athléimneach , agus na rioscaí cibearshlándála atá ann mó sa mhó agus timpeallacht chasta fhoriomlán na bagartha á cur san áireamh. Thairis sin, ba cheart rialacha agus caighdeáin an Aontais a bheith ina mbonn don tSaoráid, agus go ndíreofaí tríthi ar aistriú na hÚcráine i dtreo geilleagar glas, inbhuanaithe, digiteach agus cuimsitheach d’fhonn stát leasa agus geilleagar margaidh Eorpach nua-aimseartha a dhéanamh den Úcráin. Ba cheart é a bheith d’aidhm ag atógáil den sórt sin aghaidh a thabhairt, a mhéid is féidir, ar riachtanais grúpaí leochaileacha . |
|
(32) |
Ba cheart go rannchuideodh an tSaoráid le comhlíonadh Chomhaontú Pháras agus Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide, le comhlíonadh Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir leis an Éagsúlacht Bhitheolaíoch agus le comhlíonadh Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe chun an Gaineamhlú a Chomhrac agus níor cheart í a bheith ina siocair le díghrádú comhshaoil ná díobháil a dhéanamh don chomhshaol ná don aeráid. Go háirithe, ba cheart an cistiú a leithdháilfear i gcomhthéacs na Saoráide a bheith comhleanúnach leis an sprioc fhadtéarmach an méadú ar an meánteocht dhomhanda a choinneáil go mór faoi bhun 2°C os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch agus iarrachtaí a dhéanamh ar an méadú teochta a theorannú go 1.5°C. Ba cheart é a bheith comhleanúnach freisin leis an gcuspóir cur leis an gcumas oiriúnú d’éifeachtaí díobhálacha an athraithe aeráide agus athléimneacht aeráide a chothú, agus le tacaíocht ó chaomhnú na bithéagsúlachta, ón ngeilleagar ciorclach agus ó thruailliú nialasach. Ba cheart aird ar leith a thabhairt ar ghníomhaíochtaí a chruthaíonn comhthairbhí agus a chomhlíonann cuspóirí iolracha, lena n-áirítear i ndáil leis an aeráid, leis an mbithéagsúlacht agus leis an gcomhshaol. Ba cheart go rannchuideodh an tSaoráid freisin leis an damáiste ollmhór a rinne ionsaitheoirí na Rúise don chomhshaol a mhaolú agus a leigheas, lena n-áirítear na tuilte a tharla de dheasca damba hidrileictreach Kakhovka a phléascadh agus de dheasca buamáil a dhéanamh ar chríoch mhór den Úcráin mar aon le mianadóireacht a dhéanamh uirthi. Chuige sin, ba cheart na bearta a fhaigheann tacaíocht ó Phlean na hÚcráine faoin tSaoráid, a mhéid is féidir, rannchuidiú leis an maolú ar an athrú aeráide agus leis an oiriúnú don athrú aeráide, leis an gcomhshaol a chosaint, leis an aistriú glas, lena n-áirítear an bhithéagsúlacht, nó le haghaidh a thabhairt ar na dúshláin a eascraíonn aisti sin, agus ba cheart go mbeadh sé d’aidhm acu gurbh ionann an méid atá i gceist leo agus 20 % ar a laghad de leithdháileadh iomlán Phlean na hÚcráine agus athléimneachta bunaithe ar an modheolaíocht le haghaidh rianú na haeráide a leagtar amach in iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo. |
|
(33) |
Sa chomhthéacs sin, ba cheart na bearta arna gcistiú faoin tSaoráid , a mhéid is féidir i dtír atá léirscriosta ag an gcogaíocht, a bheith comhoiriúnach le caighdeáin aeráide agus chomhshaoil an Aontais, leis an bprionsabal ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’ agus leis an bprionsabal ‘gan aon duine a fhágáil ar lár’ , de réir bhrí Airteagal 17 de Rialachán (AE) 2020/852 . Ba cheart an tSaoráid a bheith bunaithe ar leithdháileadh agus úsáid acmhainní riachtanas-bhunaithe, éifeachtúil agus éifeachtach, agus ba cheart comhchruinniú earnála nó geografach míchuí nó iomarcach a sheachaint léi, ionas go ndéanfar measúnú cothrom ar riachtanais chistiúcháin na réigiún, na n-earnálacha agus na gcuideachtaí uile ar bhonn a bhfiúntais riachtanas-bhunaithe. |
|
(34) |
Ba cheart cur chun feidhme an Rialacháin seo a bheith bunaithe ar phrionsabail an chomhionannais , na cuimsitheachta agus an neamh-idirdhealaithe, de réir mar a fhorléirítear iad i straitéisí Aontas an Chomhionannais. Ba cheart go n-áiritheodh sé rannpháirtíocht fhiúntach na mban i bpróisis chinnteoireachta, an comhionannas inscne agus an príomhshruthú inscne, mar aon le cumhachtú na mban agus na gcailíní, a chur chun cinn agus a chur ar aghaidh , agus ▌ a gcearta a chosaint agus a chur chun cinn i gcomhréir le Pleananna Gníomhaíochta AE maidir le hInscne agus le conclúidí ábhartha ón gComhairle agus le coinbhinsiúin idirnáisiúnta. Ba cheart go bhfreagródh an tSaoráid do riachtanais cúraim sláinte na hÚcráine agus go dtacódh sí le téarnamh shochaí mhórshuaite na hÚcráine trí bhíthin cúram meabhairshláinte agus tráma réamhghníomhach agus spriocdhírithe mar riachtanas le haghaidh sochaí fholláin iarchogaidh a bhaint amach, agus béim ar leith á leagan ar leanaí. Ba cheart cur chun feidhme na Saoráide a bheith i gcomhréir le Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas agus go n-áiritheodh sé rannpháirtíocht ábhartha na ngeallsealbhóirí i bpróisis chinnteoireachta mar aon le hinrochtaineacht ina cuid infheistíochtaí agus a cúnamh teicniúil. Ba cheart go dtacódh an tSaoráid freisin le hathchóirithe ar an gcóras cúraim leanaí agus athchóirithe air a chur chun cinn. |
|
(35) |
Tá mórdhúshláin fós ann ar gá don Úcráin dul i ngleic leo i dtreo is go mbeidh sí níos gaire don Aontas agus chun go bhféadfaidh sí oirchill a dhéanamh faoi chomhair na hoibleagáidí a ghabhann le ballraíocht san Aontas a ghlacadh chuici féin ina n-iomláine. Áirítear orthu sin an méid seo a leanas: an smacht reachta a neartú, lena n-áirítear neamhspleáchas na mbreithiúna; an comhrac i gcoinne an éillithe agus go háirithe an comhrac i gcoinne an éillithe ardleibhéil, i gcoinne struchtúir olagarcacha, agus freisin i gcoinne aon chineál fabhraíochta , i gcoinne an sciúrtha airgid , i gcoinne na seachanta cánach, i gcoinne na himghabhála cánach, i gcoinne na calaoise cánach agus i gcoinne na coireachta eagraithe; an trédhearcacht a neartú, lena n-áirítear rochtain phoiblí ar fhaisnéis; dea-rialachas ar gach leibhéal trí phearsantacht dhlítheanach na mbardas agus rannpháirtíocht eagraíochtaí agus shaineolaithe na sochaí sibhialta a ráthú, agus freisin trína áirithiú go mbeidh spás oibríochta sábháilte agus cumasúcháin ann do chosantóirí chearta an duine; na meáin shaora agus iolraíocha a choimirciú agus an bhréagaisnéis agus ionramháil agus cur isteach eachtrach ar fhaisnéis a chomhrac; athchóiriú an riaracháin phoiblí a neartú, lena n-áirítear i réimsí an tsoláthair phoiblí, na hiomaíochta agus na Státchabhrach ▌. I bhfianaise chineál fadtéarmach na n-athchóirithe arna ndéanamh sna réimsí sin agus i bhfianaise an ghá atá le cuntais teiste a fhorbairt, ba cheart, le tacaíocht faoi Shaoráid na hÚcráine, aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna sin a luaithe is féidir. |
|
(36) |
I gcomhréir le prionsabal an daonlathais rannpháirtigh agus chun críche srianta agus ceartúchán , ba cheart go molfadh an tAontas go neartófaí na hacmhainneachtaí parlaiminteacha, an fhormhaoirseacht pharlaiminteach, nósanna imeachta daonlathacha agus an ionadaíocht chothrom san Úcráin mar aon le rannpháirtíocht fhóinteach na réigiún agus na mbardas, agus freisin rannpháirtíocht fhóinteach na sochaí sibhialta, ag gach céim den phróiseas daonlathach ionas gur féidir grinnscrúdú daonlathach feabhsaithe a bheith ann . Ba cheart go léireofaí sa Phlean don Úcráin conas a rinneadh rannpháirtíocht fhóinteach na ngeallsealbhóirí a bheartú agus a stiúradh trí chomhairliúcháin, de réir creataí ama leordhóthanacha agus trédhearcacht leordhóthanach, agus nósanna imeachta leantacha soiléire ann i dtaca leis an ionchur a tugadh. Ba cheart Verkhovna Rada na hÚcráine a chur ar an eolas, agus ba cheart dul i gcomhairle leis, ag gach céim de shaolré na Saoráide. |
|
(37) |
Is ríthábhachtach go mbeadh comhar straitéiseach agus oibríochtúil treisithe ann idir an tAontas agus an Úcráin maidir leis an tslándáil chun aghaidh a thabhairt, ar bhealach éifeachtach agus éifeachtúil, ar bhagairtí na slándála, na coireachta eagraithe agus na sceimhlitheoireachta. |
|
(38) |
Le gníomhaíochtaí faoi Shaoráid na hÚcráine, ba cheart go dtacófaí freisin, i gcás inarb iomchuí, le bearta agus próisis forbartha muiníne lena gcuirtear chun cinn an ceartas, lorg na fírinne, an t-ionsaitheoir a íoc as an damáiste arna dhéanamh agus ráthaíochtaí nach ndéanfar damáiste amach anseo chomh maith le bailiú fianaise ar choireanna arna ndéanamh le linn an chogaidh chun críche na coireanna arna ndéanamh ag an Rúis, agus ag comhghuaillithe agus fórsaí gaolmhara na Rúise, le linn an chogaidh dheirg san Úcráin a ionchúiseamh. |
|
(39) |
Ba cheart an tacaíocht faoin tSaoráid a chur ar fáil faoin réamhchoinníoll go leanfaidh an Úcráin den daonlathas parlaiminteach, mar aon le sásraí daonlathacha éifeachtacha agus institiúidí a urramú, lena n-áirítear srianta agus ceartúcháin iomchuí, córas parlaiminteach ilpháirtí, dea-rialachas ar gach leibhéal, saorthoghcháin chóra i gcomhréir le bunreacht na hÚcráine, an smacht reachta lena n-áirítear breithiúnacht neamhspleách agus ionchúisitheoir poiblí, mar aon le dul chun cinn leanúnach sa chomhrac i gcoinne an éillithe. Ba cheart go leanfadh an Úcráin freisin d’urraim do chearta an duine a ráthú, lena n-áirítear cearta daoine ar de ghrúpaí mionlaigh iad , agus iarracht a dhéanamh ar ról níos mó a thabhairt do mhná sa chinnteoireacht . |
|
(40) |
An tacaíocht faoi Shaoráid na hÚcráine, lena n-áirítear tacaíocht do chonair na hÚcráine i dtreo an aontachais, ba cheart í a sholáthar chun cuspóirí ginearálta agus sonracha a chomhlíonadh, bunaithe ar chritéir sheanbhunaithe agus le coinníollachtaí soiléire. |
|
(41) |
Ba cheart gurb iad cuspóirí ginearálta Shaoráid na hÚcráine inter alia cabhrú leis an Úcráin aghaidh a thabhairt ar iarmhairtí sóisialta, eacnamaíocha , síceolaíocha agus comhshaoil an chogaidh, rannchuidiú leis an atógáil, lena n-áirítear téarnamh, athbhunú agus nuachóiriú na tíre , comhtháthú agus athléimneacht dhaonlathach , shóisialta, eacnamaíoch , chomhshaoil agus chríochach a chothú , agus comhtháthú forchéimnitheach san Aontas agus sa gheilleagar domhanda agus sna margaí domhanda mar aon le cóineasú eacnamaíoch, sóisialta agus comhshaoil aníos i dtreo chaighdeáin an Aontais, agus an Úcráin a ullmhú le haghaidh ballraíocht san Aontas amach anseo trí thacú lena próiseas aontachais. Ba cheart na cuspóirí sin a shaothrú ar bhealach a threisíonn a chéile agus trí fhaireachán rialta a dhéanamh ar na himthosca sóisialta agus eacnamaíocha athraitheacha san Úcráin. Ba cheart go ráthódh an Úcráin go mbeidh rochtain ag an bpobal ar an bhfaisnéis maidir le deiseanna cistiúcháin faoin tSaoráid seo, agus freisin go mbeidh iomaíocht shaor agus chóir ann le linn an phróisis tairisceana agus le linn deontais a bheith á leithdháileadh faoin tSaoráid. |
|
(41a) |
Leis an tSaoráid, ba cheart go n-áiritheofaí go mbunófar agus go gcomhordófar creataí cur chun feidhme díláraithe agus fios gnó le haghaidh leithdháileadh agus úsáid acmhainní, agus béim ar leith á leagan ar thacaíocht a thabhairt do FBManna agus do ghníomhaithe na sochaí sibhialta. |
|
(42) |
I gcomhréir le Colún Eorpach na gCeart Sóisialta, ba cheart, leis an tSaoráid, go dtacófaí leis an dlúthpháirtíocht, leis an lánpháirtiú agus leis an gceartas sóisialta d’fhonn poist ardcháilíochta agus fás inbhuanaithe agus cuimsitheach a chruthú agus a chothú, d’fhonn comhionannas deiseanna agus cosaint shóisialta, agus rochtain orthu, a áirithiú, d’fhonn grúpaí leochaileacha a chosaint , go háirithe mná, daoine óga, dílleachtaí, daoine faoi mhíchumas agus iarshaighdiúirí cogaidh, agus d’fhonn feabhas a chur ar chaighdeáin mhaireachtála. Ba cheart go dtacódh an tSaoráid le hathchóirithe ar an gcóras cúraim leanaí. Ba cheart go rannchuideodh an tSaoráid freisin leis an mbochtaineacht agus an easpa dídine a chomhrac agus le dul i ngleic leis an dífhostaíocht agus ba cheart cruthú post ardcháilíochta, cuimsiú agus lánpháirtiú grúpaí faoi mhíbhuntáiste a bheith mar thoradh uirthi. Ba cheart foráil a dhéanamh leis an tSaoráid do dheiseanna infheistíochta i scileanna lena n-áirítear trí ghairmoideachas agus gairmoiliúint arb é is aidhm dóibh an lucht saothair a ullmhú le haghaidh an aistrithe dhigitigh agus an aistrithe ghlais. Ba cheart go dtacódh sí freisin le neartú an idirphlé shóisialta, an bhonneagair agus na seirbhísí. |
|
(43) |
Ba cheart go n-áiritheodh an tSaoráid comhsheasmhacht agus comhlántacht le cuspóirí ginearálta ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais mar a leagtar síos in Airteagal 21 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, lena n-áirítear urraim do chearta bunúsacha agus do phrionsabail bhunúsacha chomh maith le cearta an duine, an daonlathas agus prionsabail bhunúsacha an smachta reachta a chosaint agus a chur chun cinn, lena n-áirítear maidir leis an bhfrithéilliú, maidir leis an mbreithiúnacht, maidir leis an riarachán poiblí agus maidir leis an dea-rialachas. |
|
(44) |
I bhfianaise na héiginnteachta a bhaineann le cogadh foghach na Rúise, ba cheart an tSaoráid a bheith ina hionstraim sholúbtha lena gcuirfí ar a chumas don Aontas aghaidh a thabhairt ar riachtanais na hÚcráine trí bhosca uirlisí éagsúlaithe lena soláthrófaí maoiniú do Stát na hÚcráine, tacaíocht do thosaíochtaí gearrthéarmacha téarnaimh agus atógála, tacaíocht d’infheistíochtaí agus rochtain ar mhaoiniú, chomh maith le cúnamh teicniúil agus fothú acmhainneachta agus gníomhaíochtaí ábhartha eile. |
|
(45) |
Ba cheart tacaíocht an Aontais a eagrú bunaithe ar thrí cholún, eadhon (i) tacaíocht airgeadais do Stát na hÚcráine chun athchóirithe agus infheistíochtaí a chur chun feidhme, agus freisin chun cobhsaíocht mhacra-airgeadais na tíre a choinneáil ar bun, mar a leagtar amach i bPlean na hÚcráine; (ii) creat infheistíochta maidir leis an Úcráin chun infheistíochtaí a shlógadh agus rochtain ar mhaoiniú a fheabhsú; (iii) cúnamh aontachais chun saineolas teicniúil agus fothú acmhainneachta a shlógadh. |
|
(46) |
Ós rud é gur suntasach iad na riachtanais maidir le téarnamh, atógáil agus nuachóiriú, agus nach féidir iad a chumhdach le buiséad an Aontais amháin, ba cheart ról a bheith ag infheistíochtaí poiblí agus príobháideacha araon. Ba cheart go bhfágfadh an tSaoráid go bhféadfar infheistíochtaí poiblí agus príobháideacha araon a shlógadh go tráthúil agus go mbeifear in ann tacaíocht d’infheistíochtaí san atógáil fhadtéarmach a mhéadú nuair is féidir sin, agus acmhainneacht cur chun feidhme agus cumas ionsúcháin na hÚcráine á gcur san áireamh freisin. Ba cheart go rannchuideodh slógadh na hinfheistíochta príobháidí tríd an tSaoráid le hiomaíochas fadtéarmach agus acmhainneacht nuálaíochta na hÚcráine. |
|
(46a) |
Ní mór an Rúis agus a comhghuaillithe íoc as an damáiste arna dhéanamh don Úcráin. Ba cheart don Aontas agus dá Bhallstáit, i ndlúthchomhar le hinstitiúidí agus tíortha eile, bonn dlithiúil a leagan síos i dtreo is go bhféadfar sócmhainní poiblí na Rúise a choigistiú chun athchóiriú na hÚcráine a mhaoiniú agus chun íospartaigh ionsaí na Rúise a chúiteamh, rud a cheadaítear faoi dhlí idirnáisiúnta an ghnáis mar frithbheart comhchoiteann mar fhreagra ar shárú na Rúise ar an riail bhunúsach lena dtoirmisctear cogaí foghacha nó mar ghníomh comh-fhéinchosanta faoi Airteagal 51 de Chairt na Náisiún Aontaithe. |
|
(46b) |
I bhfianaise na gconclúidí a ghlac an Chomhairle Eorpach ag a cruinniú an 29 agus an 30 Meitheamh 2023 ina n-iarrtar go ndéanfaí tuilleadh oibre ar an ábhar sin, is iomchuí foráil a dhéanamh cheana sa Rialachán seo do shásra dlíthiúil le haghaidh méideanna breise a bheith ann mar ioncam sannta seachtrach, de réir bhrí Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046, a d’fhéadfaí a fháil tráth ba shia anonn ó aon sócmhainní coigistithe de chuid Chónaidhm na Rúise nó de chuid stáit eile, eintitis eile nó daoine aonair eile go díreach i dtaca le cogadh foghach na Rúise de bhun bhearta sriantacha an Aontais, nó ó aon fháltais arna bhfáil de bharr na sócmhainní nó na rátaí úis fabhraithe sin a bhainistiú, faoi aon ghníomh dlí ábhartha de chuid an Aontais a bheidh le glacadh amach anseo, i gcomhréir le rialacha is infheidhme dhlí idirnáisiúnta an ghnáis. Ba cheart aon ioncam den sórt sin a bheith sa bhreis ar na hacmhainní atá ar fáil cheana faoin tSaoráid agus ba cheart iad a úsáid mar dheontais. |
|
(47) |
Ba cheart gurb é EUR 50 billiún i bpraghsanna reatha le haghaidh na tréimhse ó 2024 go 2027 an t-uasmhéid foriomlán le haghaidh thacaíocht an Aontais don tSaoráid, le haghaidh gach cineáil tacaíochta. I bhfianaise na gcúinsí atá ag teacht chun cinn agus i bhfianaise chuspóirí na Saoráide féin, ní mór tacaíocht an Aontais a bheith ina cothromaíocht idir solúbthacht agus in-ríomhchláraitheacht. Ós rud é go ndéanfar an cúnamh déthaobhach uile don Úcráin a sholáthar faoi Shaoráid na hÚcráine, tá gá le cistí breise i bhfoirm ioncam sannta seachtrach sa bhreis ar an imchlúdach airgeadais mar a shainítear in Airteagal 6 chun deontais bhreise a sholáthar d’fhonn níos mó tacaíochta a thabhairt don Úcráin. |
|
(48) |
Maidir le tacaíocht an Aontais, seachas i bhfoirm iasachtaí, ba cheart an Rialachán seo a mhaoiniú le Cúlchiste na hÚcráine, agus i gcomhréir leis, mar a mholtar sa leasú ar Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle, suas le EUR 50 billiún le haghaidh na tréimhse 2024 go 2027. Ní hé an t-uasmhéid sin an príomh-mhéid tagartha, de réir bhrí phointe 18 den Chomhaontú Idirinstitiúideach, a tugadh i gcrích an 16 Nollaig 2020, idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir leis an smacht buiséadach, maidir le comhar in ábhair bhuiséadacha agus maidir le bainistíocht fhónta airgeadais, agus freisin maidir le hacmhainní dílse nua, lena n-áirítear treochlár i dtreo acmhainní dílse nua a thabhairt isteach, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle le linn an nós imeachta bhuiséadaigh bhliantúil. |
|
(49) |
Ba cheart é a bheith d’aidhm ag slógadh Chúlchiste na hÚcráine méid táscach bliantúil ar a laghad a sholáthar le haghaidh tacaíochta, seachas i bhfoirm iasachtaí, i gcomhréir le hAirteagal 10b den leasú atá beartaithe ar Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle. |
|
(50) |
Faoi chuimsiú bhearta sriantacha an Aontais, arna nglacadh ar bhonn Airteagal 29 den Chonradh an Aontais Eorpaigh (CAE) agus Airteagal 215(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), ní fhéadfar aon chistí ná acmhainní eacnamaíocha a chur ar fáil, go díreach ná go hindíreach, do dhaoine, d’eintitis nó do chomhlachtaí dlíthiúla ainmnithe ná chun a dtairbhe siúd. Dá bhrí sin, ní féidir tacaíocht ón tSaoráid a thabhairt do na heintitis ainmnithe sin ná d’eintitis atá faoi úinéireacht nó faoi rialú acu. |
|
(51) |
Ba cheart na leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus na leithreasuithe comhfhreagracha faoi chomhair íocaíochtaí ó Chúlchiste na hÚcráine a shlógadh go bliantúil sa bhuiséad de bhreis ar uasteorainneacha an Chreata Airgeadais Ilbhliantúil. Chun a áirithiú go bhféadfaidh an t-údaráis buiséadach formhaoirseacht a dhéanamh agus go mbeidh saoirse ghníomhaíochta aige, is é ba cheart a bheith i gCúlchiste na hÚcráine ná trí líne bhuiséadacha bhreise ar a laghad, a chomhfhreagraíonn do gach ceann de na colúin is bonn don togra. |
|
(52) |
Maidir leis an gcuid de Shaoráid na hÚcráine a sholáthraítear i bhfoirm iasachtaí, is iomchuí síneadh a chur le ráthaíocht buiséid an Aontais chun an cúnamh airgeadais a chuirtear ar fáil don Úcráin a chumhdach, cúnamh atá údaraithe i gcomhréir le hAirteagal 220(1) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. Dá thoradh sin, moltar sa leasú ar Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle na leithreasuithe is gá a shlógadh i mbuiséad an Aontais de bhreis ar uasteorainneacha an Chreata Airgeadais Ilbhliantúil le haghaidh an chúnaimh airgeadais don Úcráin atá ar fáil go dtí deireadh 2027. |
|
(53) |
Agus urraim á tabhairt don phrionsabal go socraítear buiséad an Aontais ar bhonn bliantúil, ba cheart a áirithiú go bhféadfaí na solúbthachtaí a chur i bhfeidhm i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 maidir le beartais eile, eadhon i gcás cistí a thabhairt anonn agus a athghealladh, chun úsáid éifeachtúil chistí an Aontais a áirithiú, agus, ar an gcaoi sin, cistí sin an Aontais atá ar fáil faoin tSaoráid a uasmhéadú. |
|
(54) |
Ba cheart srianta incháilitheachta i nósanna imeachta um dhámhachtain faoin tSaoráid a cheadú mar gheall ar chineál sonrach na gníomhaíochta nó i gcás ina ndéanann an ghníomhaíocht difear don tslándáil nó don ord poiblí. |
|
(55) |
Chun cur chun feidhme éifeachtúil na Saoráide a áirithiú, lena n-áirítear comhtháthú na hÚcráine i slabhraí luacha Eorpacha a éascú, ba cheart na soláthairtí agus na hábhair uile a mhaoinítear agus a sholáthraítear faoin tSaoráid seo a bheith de thionscnamh na mBallstát, na hÚcráine, páirtithe conarthacha sa Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch, tíortha a chumhdaítear le hIarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/947 agus Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/1529 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus tíortha dár bhunaigh an Coimisiún rochtain chómhalartach ar chúnamh seachtrach san Úcráin, mura rud é nach féidir na soláthairtí ná na hábhair a fháil ar choinníollacha réasúnacha in aon cheann de na tíortha sin. |
|
(56) |
Ba cheart go bhféachfadh an tAontas leis an úsáid is éifeachtúla a bhaint as na hacmhainní atá ar fáil chun go mbeidh an tionchar is mó is féidir ag a ghníomhaíocht sheachtrach. Is trí chomhleanúnachas, comhsheasmhacht agus comhlántacht le hionstraimí an Aontais um maoiniú seachtrach ba cheart é sin a bhaint amach, agus trí bhíthin sineirgí le beartais agus cláir eile de chuid an Aontais. Chun an leas is mó is féidir a bhaint as tionchar na n-idirghabhálacha comhcheangailte chun cuspóir coiteann a ghnóthú, ba cheart foráil a dhéanamh go mbeadh an tSaoráid in ann rannchuidiú le gníomhaíochtaí faoi chláir eile. |
|
(57) |
Ba cheart don Aontas cur chuige iltaobhach atá bunaithe ar rialacha agus ar luachanna i leith earraí agus dúshláin dhomhanda a chur chun cinn, agus ba cheart dó oibriú i gcomhar leis na Ballstáit, le tíortha comhpháirtíochta, le heagraíochtaí idirnáisiúnta agus le deontóirí eile i ndáil leis sin. |
|
(58) |
I bhfianaise an ghá atá ann tacaíocht idirnáisiúnta a chomhordú do théarnamh, d’atógáil agus do nuachóiriú na hÚcráine, ba cheart na Ballstáit, tríú tíortha, eagraíochtaí idirnáisiúnta, institiúidí idirnáisiúnta airgeadais nó foinsí eile a bheith ábalta rannchuidiú le cur chun feidhme na Saoráide. Ba cheart ranníocaíochtaí den sórt sin a chur chun feidhme i gcomhréir leis na rialacha agus na coinníollacha céanna agus ba cheart iad a bheith ina n-ioncam sannta seachtrach de réir bhrí Airteagal 21(2)(a)(ii), (d) agus (e) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046. |
|
(59) |
Ba cheart don Choimisiún agus do na Ballstáit , i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa, comhlíonadh, comhleanúnachas, trédhearcacht, comhsheasmhacht agus comhlántacht a gcúnaimh a áirithiú, go háirithe trí chomhairliúcháin rialta agus trí mhalartuithe minice faisnéise le linn chéimeanna éagsúla an timthrialla cúnaimh leis na geallsealbhóirí uile , lena n-áirítear ar an leibhéal áitiúil agus ar an leibhéal réigiúnach . I bhfianaise go bhfuil deontóirí idirnáisiúnta éagsúla ann, ba cheart na bearta is gá a dhéanamh chun comhordú agus comhlántacht níos fearr a áirithiú le deontóirí eile, lena n-áirítear trí chomhaontú ar chomhchaighdeáin agus trí chomhairliúcháin rialta. I ndáil leis an méid sin, ba cheart an tArdán Ilghníomhaireachtaí Comhordaithe Deontóirí a úsáid mar fhóram atá bunaithe cheana féin le haghaidh an mhalartaithe sin. Ba cheart stádas breathnóra i gCoiste Stiúrtha an Ardáin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa, agus freisin do Verkhovna Rada na hÚcráine agus do Comhdháil na Stát Aontaithe, ós rud é gurb iad parlaimintí thrí eintiteas chomhchathaoirleacha an Ardáin iad, chun grinnscrúdú parlaiminteach iomlán, maoirseacht dhaonlathach, trédhearcacht agus cuntasacht a áirithiú. Ba cheart go ndéanfaí foráil san Ardán freisin do ghné chríochach, ina mbeadh ról comhordaithe ag Comhghuaillíocht Eorpach na gCathracha agus na Réigiún ar mhaithe le hAtógáil na hÚcráine. |
|
(60) |
Ba cheart feidhm a bheith ag rialacha cothrománacha airgeadais arna nglacadh ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle ar bhonn Airteagal 322 CFAE maidir leis an Rialachán seo. Leagtar síos na rialacha sin sa Rialachán Airgeadais (AE, Euratom) 2018/1046 agus cinntear leo go háirithe an nós imeachta maidir leis an mbuiséad a bhunú agus a chur chun feidhme trí dheontais, duaiseanna, soláthar, bainistíocht indíreach, ionstraimí airgeadais, ráthaíochtaí buiséadacha, cúnamh airgeadais agus aisíocaíocht a dhéanamh le saineolaithe seachtracha, agus foráiltear leo do sheiceálacha ar fhreagracht na ngníomhaithe airgeadais. |
|
(61) |
Na cineálacha maoinithe agus na modhanna cur chun feidhme faoin Rialachán seo, is ar bhonn a fhónta atá siad ó thaobh cuspóirí na Saoráide a bhaint amach agus torthaí a bhaint amach ba cheart iad a roghnú, agus aird á tabhairt, go háirithe, ar chostais rialuithe, ar ualaí riaracháin, agus ar an riosca neamh-chomhlíontachta a mheastar a bheith ann. Leis sin, ba cheart breithniú ar úsáid cnapshuimeanna, rátaí comhréidhe agus costas aonaid, chomh maith le maoiniú nach bhfuil baint aige le costais amhail dá dtagraítear in Airteagal 125(1) den Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 a bheith san áireamh. |
|
(62) |
Ba cheart Creat-chomhaontú a thabhairt i gcrích leis an Úcráin chun prionsabail an chomhair airgeadais idir an tAontas agus an Úcráin a chur ar bun, lena n-áirítear sásraí riachtanacha chun caiteachas a rialú agus a iniúchadh. Ba cheart comhaontuithe maoinithe agus iasachta a thabhairt i gcrích leis an Úcráin freisin, i gcás inarb iomchuí ag brath ar gach colún, chun go saineofaí na coinníollacha maidir le cistí a scaoileadh. |
|
(62a) |
Ba cheart d’fhaighteoirí cistithe ón Aontas aitheantas a thabhairt d’fhoinse an chistithe agus infheictheacht an chistithe ón Aontas a áirithiú, lena n-áirítear, i gcás inarb infheidhme, trí fheathal an Aontais a thaispeáint mar aon le ráiteas cistiúcháin iomchuí a deir ‘cistithe ag an Aontas Eorpach’. |
|
(63) |
De mhaolú ar an gcéad fhomhír, ar an dara fomhír agus ar an gceathrú fomhír d’Airteagal 209(3) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046, is iomchuí gur ioncam sannta inmheánach don tSaoráid nó don chlár a thiocfaidh ina dhiaidh a bheadh in aisíocaíochtaí agus ioncaim arna nginiúint ag ionstraim airgeadais. |
|
(64) |
De mhaolú ar Airteagal 213(4)(a) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046, is iomchuí gur cheart gur ioncam sannta inmheánach don tSaoráid nó don chlár a thiocfaidh ina dhiaidh a bheadh sa bharrachas ó na forálacha le haghaidh Ráthaíocht na hÚcráine. |
|
(65) |
Faoi cholún I den tSaoráid, ba cheart maoiniú a sholáthar chun tacú le cur chun feidhme Phlean na hÚcráine lena leagtar amach clár oibre athchóirithe agus infheistíochta na hÚcráine chun cuspóirí ginearálta agus sonracha na Saoráide a bhaint amach, ar cheart iad a chomhtháthú i gcreat beartais eacnamaíoch agus fioscach freisin. Ba cheart maoiniú faoin gcolún sin a sholáthar ar na coinníollacha a leagtar amach sa Phlean a bheith comhlíonta go sásúil. |
|
(66) |
Ba cheart don Úcráin an Plean a ullmhú mar fhreagairt chomhleanúnach, chuimsitheach agus chothromaithe go leormhaith ar an Úcráin a atógáil agus a nuachóiriú, agus tacú lena téarnamh eacnamaíoch, sóisialta agus comhshaoil , a forbairt inbuanaithe agus an dul chun cinn atá déanta inti i dtreo aontachas leis an Aontas , i gcomhréir le cuspóirí agus ceanglais na Saoráide . Dá réir sin, bheadh Plean na hÚcráine ina bhonn a d’fhágfadh go bhféadfadh deontóirí eile na réimsí tosaíochta cistiúcháin le haghaidh atógáil na hÚcráine a shainaithint agus úinéireacht, comhleanúnachas agus ranníocaíochtaí breise a chothú chuige sin. Chun na críche sin, ba cheart go n-áiritheodh an Úcráin go ndéanfar, leis an bPlean mar atá sé ullmhaithe, a riachtanais téarnaimh, atógála agus nuachóirithe a chumhdach ar bhealach comhtháite, lena sainaithneofar a mhéid a mheastar a mhaoineoidh an tAontas bearta an Phlean tríd an tSaoráid. Agus an Plean á ullmhú, ba cheart don Úcráin tacaíocht a sholáthraítear faoi chláir eile de chuid an Aontais a chur san áireamh. Ba cheart go n-áiritheodh an Úcráin, agus a Plean á fhorbairt aici, go mbeidh deontóirí eile in ann rannchuidiú le tacú le bearta an Phlean, lena n-áirítear tríd an gcistiú atá ar fáil faoin tSaoráid a mhéadú. |
|
(67) |
Cé gur cheart go mbeadh Plean na hÚcráine ina bhonn don tacaíocht a sholáthraítear faoin gcéad cholún den tSaoráid, ba cheart go mbeadh sé ina bhunús freisin leis an tacaíocht a bheidh le soláthar faoin dara colún agus faoin tríú colún den tSaoráid. Ba cheart go dtacódh na bearta a mhaoinítear faoin dara colún agus faoin tríú colún le cuspóirí agus cur chun feidhme an Phlean. |
|
(68) |
Is éard ba cheart a bheith i bPlean na hÚcráine bearta athchóirithe agus infheistíochta, mar aon leis na céimeanna cáilíochtúla agus cainníochtúla a fhágann gur gá na bearta sin a chomhlíonadh go sásúil, agus amchlár táscach do chur chun feidhme na mbeart sin. Ba cheart na bearta ar cuireadh tús leo ón 1 Eanáir 2023 ar aghaidh a bheith incháilithe. |
|
(69) |
Ba cheart coinníollacha a leagan amach sa Phlean ina léirítear an dul chun cinn a bhfuil coinne lena dhéanamh i gcur chun feidhme na mbeart atá ann. Ba cheart na coinníollacha sin a bheith ina gcéimeanna cáilíochtúla nó cainníochtúla. Ba cheart go ndéanfaí iarracht ar na céimeanna sin a dhéanamh tráth nach déanaí ná an 31 Nollaig 2027, cé go bhféadfadh cur i gcrích foriomlán na mbeart dá dtagraíonn na céimeanna sin dul thar 2027. I bhfianaise an ghá atá ann cobhsaíocht mhacra-airgeadais na hÚcráine a áirithiú agus, ag an am céanna, tacú lena hiarrachtaí téarnaimh, atógála agus nuachóirithe i bhfianaise an aontachais leis an Aontas, ba cheart a áireamh sa Phlean, go háirithe, coinníollacha a bhaineann le (i) ceanglais fhíor-riachtanacha, amhail cobhsaíocht mhacra-airgeadais, formhaoirseacht ar an mbuiséad, agus bainistíocht airgeadais phoiblí, a d’fhéadfaí a shainiú chun dul chun cinn sásúil i dtreo an chomhlíonta a léiriú; agus (ii) athchóirithe agus infheistíochtaí earnála agus struchtúracha a leagtar amach sa Phlean. Ba cheart na híocaíochtaí a struchtúrú dá réir sin ar bhonn na gcatagóirí coinníollacha sin, atá ina léiriú ar chuspóirí na Saoráide. |
|
(70) |
Agus an Plean á ullmhú agus á chur chun feidhme ag an Úcráin, ba cheart aird ar leith a thabhairt ar an staid i réigiúin agus i mbardais na hÚcráine, ag féachaint don ghá sonrach atá ann téarnamh agus atógáil, athchóiriú, nuachóiriú agus dílárú a dhéanamh inti, agus ba cheart é a dhéanamh i gcomhairle fóinteach agus neamh-idirdhealaitheach le húdaráis réigiúnacha, áitiúla, uirbeacha agus údaráis phoiblí eile agus le heagraíochtaí agus saineolaithe na sochaí sibhialta , i gcomhréir le prionsabal an rialachais il-leibhéil agus cur chuige ón mbun aníos á chur san áireamh. Sa chomhthéacs sin, ba cheart go ndéanfaí leis an bPlean, go háirithe, forbairt eacnamaíoch, shóisialta, chomhshaoil agus chríochach réigiúin agus bhardais na hÚcráine a fheabhsú, rud ba cheart a chomhlánú le haitheantas sainráite do phearsantacht dhlítheanach phoiblí d’eintitis chríochacha . Ba cheart go dtacódh an Plean leis an athchóiriú ar an dílárú ar fud na hÚcráine agus leis an gcóineasú i dtreo chaighdeáin an Aontais; ba cheart go n-áiritheofaí leis freisin rannpháirtíocht na n-údarás fonáisiúnta, go háirithe bardais, agus eagraíochtaí fonáisiúnta na sochaí sibhialta, sa chinnteoireacht maidir le húsáid na tacaíochta sa phróiseas atógála ar an leibhéal áitiúil, agus gur cion suntasach leormhaith den tacaíocht iad na tionscadail atógála arna roghnú agus arna gcur chun feidhme ag na húdaráis fhonáisiúnta sin. I gcaibidil den Phlean, ba cheart go míneofaí conas a chuathas i gcomhairle leis na geallsealbhóirí ábhartha gan chlaontacht agus in am trátha, i gcás inar léiríodh a n-ionchur sa Phlean agus i gcás inar tugadh neamhaird air, agus ba cheart a n-ionchur a mhionsonrú in iarscríbhinn. |
|
(71) |
Ba cheart a áireamh sa Phlean freisin míniú mionsonraithe ar chóras na hÚcráine agus na bearta atá beartaithe chun neamhrialtachtaí, éilliú agus go háirithe an t-éilliú ardleibhéil , calaois agus coinbhleachtaí leasa a chosc, a bhrath agus a cheartú go héifeachtach, agus chun cionta coiriúla a dhéanann difear do na cistí arna soláthar faoin tSaoráid a imscrúdú agus a ionchúiseamh go héifeachtach , agus na socruithe a bhfuil sé mar aidhm leo cistiú dúbailte ón tSaoráid agus ó chláir eile de chuid an Aontais agus freisin ó dheontóirí eile a sheachaint. Ba cheart go n-áiritheodh bearta faoin bPlean go mbeidh córas bainistíochta agus rialaithe éifeachtúil ann. Ba cheart go ndéanfadh an Úcráin na bearta sin a chur chun feidhme faoi dháta táscach ba cheart a shocrú, de réir mar is iomchuí ag brath ar gach beart, i gcaitheamh shaolré na Saoráide. Beidh sé ríthábhachtach an plean a chomhlíonadh chun go bhféadfar leasanna airgeadais an Aontais a chaomhnú agus an acquis communautaire a chomhtháthú i ndlíchóras inmheánach na hÚcráine, rud a fhágfaidh an Úcráin a bheith níos gaire do bhallraíocht san Aontas. |
|
(72) |
Ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar Phlean na hÚcráine bunaithe ar liosta na gcritéar a leagtar amach sa Rialachán seo. I bhfianaise a thábhachtaí atá éifeachtaí airgeadais na tacaíochta do Phlean na hÚcráine, ba cheart go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún gníomh tarmligthe a ghlacadh . ▌ |
|
(73) |
I bhfianaise na héiginnteachta agus an ghá atá le solúbthacht i gcur chun feidhme na Saoráide, ba cheart go mbeadh an Úcráin in ann iarraidh réasúnaithe a dhéanamh ar an gCoimisiún ▌ an gníomh tarmligthe a leasú, i gcás nach féidir leis an Úcráin Plean na hÚcráine, lena n-áirítear na céimeanna cáilíochtúla agus cainníochtúla ábhartha, a bhaint amach a thuilleadh, go páirteach ná go hiomlán, de bharr imthosca oibiachtúla a bhaineann leis an gcogadh . Féadfaidh an Coimisiún, i gcomhaontú leis an Úcráin, an gníomh tarmligthe a leasú freisin ▌, go háirithe chun athrú ar na méideanna atá ar fáil a chur san áireamh. Ina theannta sin, ba cheart an Úcráin a bheith in ann iarraidh réasúnaithe a dhéanamh go ndéanfaí an Plean a leasú, lena n-áirítear trí aguisín a mholadh i gcás inarb ábhartha, chun cistiú breise atá ar fáil ó dheontóirí eile nó ó fhoinsí eile a chur san áireamh, amhail ▌sócmhainní reoite agus díluailithe de chuid na Rúise. |
|
(74) |
Ba cheart go bhféadfaí tacaíocht airgeadais a thabhairt do Phlean na hÚcráine i bhfoirm iasachta. I gcomhthéacs riachtanais phráinneacha mhaoiniúcháin na hÚcráine, is iomchuí an cúnamh airgeadais a eagrú faoin straitéis cistiúcháin éagsúlaithe dá bhforáiltear in Airteagal 220a de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 agus a bhunaítear mar mhodh cistiúcháin aonair ann, a mheastar go bhfeabhsóidh sé leachtacht bhannaí an Aontais agus tarraingteacht agus costéifeachtúlacht eisiúint an Aontais. |
|
(75) |
I bhfianaise staid na hÚcráine mar thoradh ar chogadh foghach na Rúise agus chun tacú leis an Úcráin ar a conair fhadtéarmach cobhsaíochta, is iomchuí iasachtaí a sholáthar don Úcráin ar ardleibhéal lamháltais a mhairfidh 35 bliana ar a mhéad agus gan tús a chur le haisíoc an bhunairgid tráth nach luaithe ná 2034. Is iomchuí freisin maolú ar Airteagal 220(5), pointe (e), de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 agus deis a thabhairt don Aontas, le haghaidh na tréimhse ón 1 Eanáir 2024 go dtí an 31 Nollaig 2027, na costais ráta úis (an costas cistiúcháin agus costas an bhainistithe leachtachta) a chumhdach agus na costais riaracháin (an costas seirbhíse d’fhorchostais riaracháin) a bheadh le híoc ag an Úcráin murach sin a tharscaoileadh. Ba cheart an fóirdheontas i leith costais iasachtaíochta a dheonú mar ionstraim a mheastar a bheith iomchuí chun éifeachtacht na tacaíochta faoin tSaoráid a áirithiú de réir bhrí Airteagal 220(1) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046. |
|
(76) |
Ba cheart é a bheith indéanta don Úcráin fóirdheontas an ráta úis agus tarscaoileadh na gcostas riaracháin a iarraidh gach bliain. |
|
(77) |
Níor cheart tacú leis an dliteanas airgeadais ó iasachtaí faoin Rialachán seo leis an Ráthaíocht do Ghníomhaíochtaí Seachtracha, de mhaolú ar Airteagal 31(3), an dara habairt, de Rialachán (AE) 2021/947. Ba cheart gurb éard a bheadh sna cineálacha iasachtaí tacaíochta faoin Ionstraim ná cúnamh airgeadais de réir bhrí Airteagal 220 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046. Agus na rioscaí airgeadais agus an cumhdach buiséadach á gcur san áireamh, níor cheart aon soláthar a dhéanamh don chúnamh airgeadais i bhfoirm iasachtaí faoin tSaoráid, mar a bheartaítear a ráthú de bhreis ar na huasteorainneacha agus, de mhaolú ar Airteagal 211(1) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046, níor cheart aon ráta soláthair a shocrú. |
|
(78) |
Tá sé tábhachtach solúbthacht agus in-ríomhchláraitheacht a ráthú chomh maith le cobhsaíocht maidir le tacaíocht ón Aontas a sholáthar don Úcráin. Chun na críche sin, ba cheart íocaíochtaí faoin tSaoráid a dhéanamh de réir sceideal ráithiúil seasta, faoi réir cistiú a bheith ar fáil, bunaithe ar iarraidh ar íocaíocht arna cur isteach ag an Úcráin agus tar éis don Choimisiún comhlíonadh sásúil na gcoinníollacha ábhartha a fhíorú , lena n-áirítear na garspriocanna agus na spriocanna ábhartha uile . I gcás nach gcomhlíontar coinníoll i gcomhréir leis an amlíne tháscach a leagtar síos sa chinneadh lena bhformheastar an Plean, ba cheart don Choimisiún méid a chomhfhreagraíonn do na coinníollacha sin a bhaint den íocaíocht de réir modheolaíocht réamhshocraithe maidir le comhlíonadh páirteach . D’fhéadfaí na cistí comhfhreagracha a coinníodh siar a eisíoc le linn fuinneog íocaíochta iardain agus suas le dhá mhí dhéag tar éis an sprioc-ama bhunaidh a leagtar amach san amlíne tháscach, ar choinníoll gur comhlíonadh na coinníollacha. |
|
(79) |
Chun a áirithiú go mbeidh rochtain ag an Úcráin ar mhaoiniú leordhóthanach chun freastal ar a riachtanais cobhsaíochta macra-airgeadais agus chun tús a chur le téarnamh, atógáil agus nuachóiriú na tíre, ba cheart rochtain a bheith ag an Úcráin ar suas le 7 % den tacaíocht airgeadais neamh-inaisíoctha agus den iasacht i bhfoirm réamh-mhaoinithe, faoi réir cistiú a bheith ar fáil agus faoi réir an réamhchoinníoll don tacaíocht don Úcráin faoin tSaoráid a urramú. |
|
(80) |
De mhaolú ar Airteagal 116(2) agus (5) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046, is iomchuí an spriocdháta íocaíochta a shocrú ag tosú ón dáta a chuirtear an cinneadh lena n-údaraítear an eisíocaíocht leis an Úcráin in iúl agus íocaíocht an úis mainneachtana ag an gCoimisiún leis an Úcráin a eisiamh. |
|
(81) |
Tá an trédhearcacht i ngach céim de chur chun feidhme na Saoráide ina réamhriachtanas leanúnach do thacaíocht an Aontais. Ba cheart go bhfoilseodh an Úcráin sonraí cothrom le dáta maidir le daoine , eintitis agus tairbhithe deiridh a fhaigheann méideanna cistithe ar mó iad ná an coibhéis EUR 100 000 sin le haghaidh na hathchóirithe agus na hinfheistíochtaí a shonraítear i bPlean na hÚcráine a chur chun feidhme. Ba cheart nochtadh úinéir tairbhiúil eintiteas dlíthiúil a bheith ina réamhchoinníoll éigeantach chun cistiú a fháil. Sa bhreis air sin, ba cheart don Úcráin liosta de na 2 000 tairbhí deiridh is mó a choinneáil cothrom le dáta agus a fhoilsiú. Níor cheart an fhaisnéis a fhoilsiú , má tá údar cuí leis sin, i gcás inar baol nochtadh na faisnéise sin do chearta agus do shaoirsí na ndaoine nó na n-eintiteas lena mbaineann nó i gcás ina bhfuil baol ann go ndéanfar dochar tromchúiseach do leasanna tráchtála na bhfaighteoirí. Ba cheart go n-áireofaí sa chreat-chomhaontú rialacha beachta agus amchlár maidir le bailiú sonraí ag an Úcráin agus rochtain don Choimisiún , do OLAF agus, i gcás inarb infheidhme, d’Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE), lena n-áirítear maidir le formáid na faisnéise agus rochtain ar chearta faisnéise do phobal na hEorpa agus do phobal na hÚcráine, agus freisin Verkhovna Rada agus Parlaimint na hEorpa . |
|
(82) |
Faoi cholún II den tSaoráid, ba cheart creat infheistíochta a chur ar bun, arb é is aidhm dó tacú le hinfheistíochtaí téarnaimh agus atógála arna ndéanamh ag cuideachtaí san earnáil phríobháideach, bardais, cuideachtaí faoi úinéireacht stáit nó gníomhaithe eile. Leis an gCreat Infheistíochta maidir leis an Úcráin ba cheart aghaidh a thabhairt ar thosaíochtaí a shainaithnítear i bPlean na hÚcráine, agus tacú lena chuspóirí agus lena chur chun feidhme. Ba cheart údaráis na hÚcráine a bheith rannpháirteach sa Chreat Infheistíochta maidir leis an Úcráin ina rialachas. |
|
(82a) |
Ós rud é gur gá an tacaíocht idirnáisiúnta do théarnamh, atógáil agus nuachóiriú na hÚcráine a chomhordú, is féidir ról mór a bheith ag eagraíochtaí idirnáisiúnta, institiúidí airgeadais idirnáisiúnta, go háirithe ag BEI agus ag BEAF toisc gur príomhinstitiúidí airgeadais iad, agus freisin ag na Ballstáit, ag bainc forbartha náisiúnta, ag tríú tíortha, nó ag deontóirí eile trí bhearta nó tionscadail a fhaigheann tacaíocht ón tSaoráid a mhaoiniú, nó trína bheith ina gcomhpháirtithe cur chun feidhme i leith na mbeart agus na dtionscadal sin. Is féidir ról a bheith ag institiúidí airgeadais príobháideacha agus stát-rialaithe náisiúnta agus áitiúla san Úcráin i gcur chun feidhme na n-ionstraimí. |
|
(83) |
Ba cheart an creat infheistíochta a bheith ina phacáiste airgeadais comhtháite lena soláthraítear acmhainneacht mhaoinithe i bhfoirm ionstraimí airgeadais, ráthaíochtaí buiséadacha agus oibríochtaí measctha san Úcráin. Ba cheart tacaíocht faoin gCreat Infheistíochta maidir leis an Úcráin a chur chun feidhme trí bhainistíocht indíreach, ag tarraingt go háirithe ar inniúlachtaí airgeadais agus teicniúla institiúidí airgeadais idirnáisiúnta agus institiúidí airgeadais forbartha Eorpacha, lena n-áirítear a rannpháirtíocht i leith an riosca a bhaineann le hinfheistíochtaí lena n-acmhainní dílse. I bhfianaise scála na n-infheistíochtaí téarnaimh agus atógála san Úcráin a mbeidh comhroinnt riosca ag teastáil ina leith, is gá don Aontas acmhainneacht ráthaíochta thiomnaithe a bhunú, eadhon Ráthaíocht na hÚcráine. Cuirfear oibríochtaí a chumhdaítear le Ráthaíocht na hÚcráine chun feidhme i gcomhréir le hAirteagal 208(4) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046. Gníomhaireachtaí creidmheasa onnmhairiúcháin agus institiúidí airgeadais eile a sholáthraíonn tacaíocht éascaithe trádála, féadfaidh siad gníomhú mar idirghabhálaithe airgeadais. Agus Ráthaíocht na hÚcráine á cur chun feidhme agus á bainistiú ag an gCoimisiún, ba cheart dó dlúthchomhar a áirithiú leis an tacaíocht a chuirtear chun feidhme faoi chuimsiú an Chiste Eorpaigh um Fhorbairt Inbhuanaithe Plus a bunaíodh faoi Rialachán (AE) 2021/947. |
|
(84) |
Ba cheart solúbthacht na tacaíochta faoin tSaoráid a fheabhsú trí fhoráil a dhéanamh do chur chun feidhme solúbtha Ráthaíocht na hÚcráine, a d’fhéadfaí a dheonú de réir a chéile. Is iomchuí maolú ar Airteagal 211(2), an dara habairt, den dara fomhír de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 chun go bhféadfaidh comhdhéanamh an tsoláthair go dtí an 31 Nollaig 2027 a bheith comhionann le méid an tsoláthair a chomhfhreagraíonn don ráthaíocht a dheonaítear in ionad mhéid an tsoláthair iomláin. Mar chuid den mhaolú, ba cheart go bhféadfaí an soláthar a dhéanamh de réir a chéile chun an dul chun cinn maidir le roghnú agus cur chun feidhme na n-oibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta a thacaíonn le cuspóirí na Saoráide a léiriú, in ionad an ráiteas airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 211(2), an dara habairt, den dara fomhír de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 a léiriú. |
|
(85) |
Chun na cistí faoin gcolún seo a úsáid go héifeachtach, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca leis an ráta soláthair le haghaidh ráthaíocht na hÚcráine a leasú. Tá sé ríthábhachtach go ndéanfadh an Coimisiún comhairliúchán iomchuí le linn a oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear comhairliúchán le saineolaithe. Ba cheart don Choimisiún, le linn dó gníomhartha tarmligthe a ullmhú agus a tharraingt suas, a áirithiú go ndéanfar doiciméid ábhartha a chur chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle ar bhealach comhuaineach, tráthúil agus iomchuí. |
|
(85a) |
Chun infheistíocht phríobháideach agus forbairt gnólachtaí beaga agus meánmhéide a éascú, is gá sciar de na cistí a bhfuil Ráthaíocht na hÚcráine ina cúltaca leo a chur i leataobh do ghnólachtaí nuathionscanta agus d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna), mar a shainmhínítear in Airteagal 2 den Iarscríbhinn a ghabhann le Moladh 2003/361/CE, agus leithdháileadh sciar sin na gcistí a thuairisciú agus a rianú. |
|
(86) |
Faoi cholún III den tSaoráid, ba cheart é a bheith d’aidhm ag an tacaíocht den chuid is mó ailíniú a dhéanamh de réir a chéile le rialacha, caighdeáin, beartais agus cleachtais an Aontais (‘acquis’) d’fhonn ballraíocht a bhaint amach san Aontas amach anseo, agus ar an gcaoi sin rannchuidiú le cur chun feidhme Phlean na hÚcráine. Ba cheart moltaí ábhartha ó chomhlachtaí idirnáisiúnta agus ó chomhghuaillíochtaí réigiúnacha , amhail Comhairle na hEorpa agus Coimisiún na Veinéise, a chur san áireamh sa phróiseas sin freisin. Ba cheart é a bheith mar aidhm leis an tacaíocht freisin geallsealbhóirí a neartú, lena n-áirítear institiúidí daonlathacha, cúirteanna, comhpháirtithe sóisialta, eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus acmhainneachtaí na n-údarás áitiúil chomh maith le fothú acmhainneachta ghníomhaithe na sochaí sibhialta lena n-áirítear ina ról grinnscrúdaithe phoiblí . |
|
(87) |
I gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046, Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialacháin (CE, Euratom) Uimh. 2988/95, (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 agus (AE) 2017/1939 ón gComhairle agus Treoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle , déanfar leasanna airgeadais an Aontais a chosaint trí bhíthin bearta éifeachtacha , lena n-áirítear bearta a bhaineann le neamhrialtachtaí a chosc, a bhrath, a cheartú agus a imscrúdú, calaois, éilliú, coinbhleacht leasa, cistiú dúbailte, gnóthú cistí a cailleadh, a íocadh go mícheart nó a úsáideadh go mícheart, agus bearta chun déantóirí na gcionta coiriúla a dhéanann difear do na cistí arna soláthar faoin tSaoráid, agus a gcomhchoirithe, a imscrúdú, a ionchúiseamh agus breithiúnas a thabhairt orthu go héifeachtach . Ba cheart acmhainní riaracháin leordhóthanacha agus pearsanra leordhóthanach a chur ar fáil do sheirbhísí an Choimisiúin chun na cuspóirí sin a áirithiú. |
|
(87a) |
De bhrí, i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/1939, go bhfuil OIPE inniúil i leith na gcionta coiriúla a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais, fiú má tharlaíonn an príomhiompar coiriúil lasmuigh den Aontas, faoi réir dhlínse sheach-chríochach an Bhallstáit atá rannpháirteach in OIPE maidir le cion a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais, tá sé riachtanach, i gcomhréir le hAirteagal 24(1) den Rialachán sin, go ndéanfadh an Coimisiún, an Bord Iniúchóireachta agus OLAF, gan moill mhíchuí, aon iompar coiriúil a dhéanann difear do na cistí a dhámhtar faoin Rialachán seo a thuairisciú do OIPE, d’fhonn measúnú a dhéanamh ar a inniúlacht agus, más iomchuí, imscrúdú a thionscnamh. Ina theannta sin, tá sé ríthábhachtach go ndéileálfadh údaráis inniúla na hÚcráine, gan mhoill, le hiarrataí ar chúnamh dlíthiúil frithpháirteach agus le hiarrataí ar eiseachadadh arna n-eisiúint ag OIPE agus ag údaráis inniúla na mBallstát i ndáil leis na cistí sin, i gcomhréir leis na hionstraimí ábhartha a bhaineann le comhar idirnáisiúnta in ábhair choiriúla. |
|
(88) |
Go háirithe, i gcomhréir le Rialacháin (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 agus (AE, Euratom) Uimh. 883/2013, ba cheart an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) a bheith in ann imscrúduithe riaracháin a dhéanamh, lena n-áirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair, d’fhonn a bhrath agus a chinneadh ar tharla calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais agus trí aon iompar coiriúil a thuairisciú do OIPE i gcomhréir le hAirteagal 24 de Rialachán (AE) 2017/1939 . |
|
(89) |
I gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046, ba cheart na cearta agus an rochtain is gá a thabhairt don Choimisiún, do Pharlaimint na hEorpa, do OLAF, do Chúirt Iniúchóirí na hEorpa agus, i gcás inarb infheidhme, d’Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE) i gcás inarb ábhartha, lena n-áirítear ó thríú páirtithe a bhfuil baint acu le cur chun feidhme chistí an Aontais. Ba cheart don Úcráin úsáid a bhaint as an gCóras Luathbhraite agus Eisiaimh agus neamhrialtachtaí maidir le húsáid na gcistí a thuairisciú don Choimisiún freisin. |
|
(90) |
Tá atreisiú na gcóras rialaithe inmheánaigh, lena n-áirítear rialuithe ex-ante, an comhrac i gcoinne aon chineál éillithe, finíochais, fabhraíochta nó calaoise, trédhearcacht, dea-riarachán agus bainistíocht airgeadais phoiblí éifeachtúil a chur chun cinn, agus fíorú arna dhéanamh ag iniúchóir seachtrach neamhspleách, ina dtosaíochtaí tábhachtacha athchóirithe don Úcráin agus cuireann siad le dlisteanacht na tacaíochta don Úcráin agus ba cheart go dtacódh an tSaoráid leo. |
|
(91) |
Ba cheart don Choimisiún a áirithiú go ndéanfar leasanna airgeadais an Aontais a chosaint go héifeachtach faoin tSaoráid. Chuige sin, ba cheart Bord Iniúchóireachta neamhspleách a chur ar bun chun faisnéis a chur ar fáil don Choimisiún maidir le míbhainistiú cistí a d’fhéadfadh a bheith ann agus chun a ráthú go mbainfí amach dearbhú urrúis trí iniúchadh seachtrach neamhspleách . Ba cheart an Bord Iniúchóireachta a bheith faoi réir na n-oibleagáidí tuairiscithe do OIPE, i gcomhréir le hAirteagal 24(1) de Rialachán (AE) 2017/1939. Ba cheart an fhaisnéis sin a chur ar fáil do OLAF , do OIPE agus i gcás inarb iomchuí d’údaráis ábhartha na hÚcráine , go háirithe do Sheomra Cuntasaíochta Verkhovna Rada. Ba cheart an Coimisiún, le cúnamh ó thoscaireacht an Aontais, ba cheart é a bheith i dteideal seiceálacha rialta a dhéanamh ar an gcaoi a gcuireann an Úcráin cistí chun feidhme feadh shaolré iomlán an tionscadail. Ba cheart cistí leordhóthanacha agus acmhainní daonna leordhóthanacha a chur ar fáil don Choimisiún chun an t-iniúchadh agus na seiceálacha a dhéanamh. Ba cheart don Bhord Iniúchóireachta idirphlé agus comhar rialta le Cúirt Iniúchóirí na hEorpa a áirithiú. |
|
(92) |
Cé gurb í an Úcráin go príomha atá freagrach as a áirithiú go gcuirfear an tSaoráid chun feidhme i gcomhréir leis na caighdeáin is infheidhme, agus prionsabal na comhréireachta agus na coinníollacha sonracha faoina bhfeidhmeoidh an tSaoráid á gcur san áireamh, ba cheart don Choimisiún a bheith in ann dearbhú leordhóthanach a fháil ón Úcráin i ndáil leis sin. Chuige sin, ba cheart don Úcráin gealltanas a thabhairt sa Phlean feabhas a chur ar an gcóras bainistithe agus rialaithe atá aici faoi láthair agus méideanna ar baineadh mí-úsáid astu a aisghabháil. Ba cheart don Úcráin gealltanas a thabhairt freisin sa Phlean chun feabhas a chur ar bhrath, imscrúdú agus ionchúiseamh cionta coiriúla a dhéanann difear do na cistí a sholáthraítear faoin tSaoráid. I ndáil leis sin, ba cheart don Úcráin gealltanas a thabhairt go ndéileálfadh údaráis inniúla na hÚcráine, gan mhoill, le hiarrataí ar chúnamh dlíthiúil frithpháirteach agus le hiarrataí ar eiseachadadh arna n-eisiúint ag OIPE agus ag údaráis inniúla na mBallstát. Ba cheart don Úcráin córas faireacháin a bhunú a chuirfidh le tuarascáil bhliantúil ar dhul chun cinn. Ba cheart don Úcráin sonraí agus faisnéis a bhailiú lenar féidir neamhrialtachtaí, calaois, éilliú agus coinbhleachtaí leasa a chosc, a bhrath agus a cheartú, agus lenar féidir déantóirí na gcionta coiriúla a dhéanann difear do na cistí arna soláthar faoin tSaoráid, agus a gcomhchoirithe, a imscrúdú go héifeachtach, a ionchúiseamh agus breithiúnas a thabhairt orthu. Leis an gcreat-chomhaontú agus leis na comhaontuithe maoiniúcháin agus iasachta, ba cheart foráil a dhéanamh maidir le hoibleagáidí na hÚcráine chun a áirithiú go mbaileofar sonraí leordhóthanacha agus faisnéis leordhóthanach maidir le daoine agus eintitis a fhaigheann cistiú chun bearta Phlean na hÚcráine a chur chun feidhme agus go mbeidh rochtain ar na sonraí sin. Ba cheart an creat-chomhaontú, an comhaontú maoiniúcháin agus an comhaontú iasachta a chur ar fáil do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle agus do Verkhovna Rada. |
|
(93) |
Ba cheart leasanna airgeadais an Aontais a chosaint freisin nuair a chuirtear na cistí chun feidhme faoi bhainistíocht dhíreach trí dheontais agus soláthar agus bainistíocht indíreach le heintitis a ndéantar measúnú colúin orthu, go háirithe faoin dara colún agus faoin tríú colún den tSaoráid. |
|
(94) |
Ba cheart cláir oibre a ghlacadh chun an cúnamh faoin tSaoráid a chur chun feidhme. |
|
(95) |
Ba cheart acmhainneachtaí cumarsáide na hÚcráine a fheabhsú ionas go n-áiritheofar iolrachas láidir agus saor sna meáin agus tuiscint a chur chun cinn i ndáil le luachanna an Aontais agus na tairbhí agus na hoibleagáidí a bhaineann le ballaíocht ionchasach san Aontas, agus aghaidh á tabhairt ar an mbréagaisnéis, ar ionramháil agus cur isteach eachtrach ar fhaisnéis ag an am céanna. Ní mór infheictheacht chistiú an Aontais ▌a áirithiú freisin. |
|
(96) |
Ba cheart don Choimisiún a áirithiú go mbeidh sásraí faireacháin agus meastóireachta i bhfeidhm chun cuntasacht agus trédhearcacht éifeachtach a sholáthar agus buiséad an Aontais á chur chun feidhme, agus chun measúnú éifeachtach a áirithiú ar an dul chun cinn maidir le cuspóirí an Rialacháin seo a bhaint amach. |
|
(97) |
Ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh gach bliain ar chur chun feidhme na tacaíochta faoi Shaoráid na hÚcráine. Ba cheart a chur a chumas don Choiste arna bhunú leis an Rialachán seo faisnéis leordhóthanach a bheith aige chun cabhrú leis an gCoimisiún. Ba cheart an fhaisnéis sin a chur ar fáil freisin do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle. Chun faireachán éifeachtach a dhéanamh ar chur chun feidhme, ba cheart don Úcráin tuarascáil a dhéanamh uair sa bhliain i dtuarascáil bhliantúil ar dhul chun cinn maidir leis an gcur chun feidhme. Ba cheart na tuarascálacha sin arna n-ullmhú ag an rialtas a léiriú go hiomchuí i bPlean na hÚcráine. Ba cheart ceanglais chomhréireacha tuairiscithe a fhorchur ar fhaighteoirí cistithe ón Aontas a chuirtear chun feidhme faoin dara colún agus faoin tríú colún den tSaoráid. |
|
(98) |
Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. |
|
(99) |
Tabharfaidh an Coimisiún aird chuí ar Chinneadh 2010/427/AE ón gComhairle agus ar ról SEGS i gcás inarb iomchuí, agus go háirithe agus faireachán á dhéanamh aige ar chomhlíonadh an réamhchoinníll maidir le tacaíocht ón Aontas, ina mheasúnú ar phlean na hÚcráine agus ag an am céanna ag bailiú comhairle maidir le creat Infheistíochta maidir leis an Úcráin. |
|
(100) |
Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo a ghnóthú go leordhóthanach agus gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 CAE. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a bhaint amach, |
|
(101) |
Chun leanúnachas a áirithiú dtaca le tacaíocht a sholáthar sa réimse beartais ábhartha, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm mar ábhar práinne an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
CAIBIDIL I
Forálacha ginearálta
Airteagal 1
Ábhar
1. Leis an Rialachán seo bunaítear Saoráid na hÚcráine (‘an tSaoráid’).
Leagtar síos leis cuspóirí na Saoráide, maoiniú na Saoráide, an buiséad don tréimhse 2024-2027, foirmeacha cistithe ón Aontas fúithi agus na rialacha a bhaineann leis an gcistiú sin a sholáthar.
2. Cuirfidh an tSaoráid cúnamh ar fáil don Úcráin faoi na trí cholún seo a leanas:
|
(a) |
Colún I: tacaíocht airgeadais atá le cur ar fáil don Úcráin chun athchóirithe agus infheistíochtaí a chur i gcrích chun Plean na hÚcráine a chur chun feidhme agus chun cobhsaíocht mhacra-airgeadais na tíre a choinneáil ar bun, mar a leagtar amach i gCaibidil III; |
|
(b) |
Colún II: Creat Infheistíochta sonrach maidir leis an Úcráin chun tacú le hinfheistíochtaí agus chun rochtain ar mhaoiniú a chur ar fáil mar a leagtar amach i gCaibidil IV; |
|
(c) |
Colún III: cúnamh teicniúil agus tacaíocht ghaolmhar don Úcráin chun athchóirithe a bhaineann le haontachas don Aontas a cheapadh agus a chur chun feidhme agus chun cumas riaracháin na hÚcráine a chothú, chomh maith le gníomhaíochtaí ábhartha eile, mar a leagtar amach i gCaibidil V. |
Airteagal 2
Sainmhínithe
Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
|
1. |
ciallaíonn ‘creat-chomhaontú’ socrú arna thabhairt i gcrích idir an Coimisiún agus an Úcráin lena leagtar síos prionsabail an chomhair airgeadais idir an Úcráin agus an Coimisiún faoin Rialachán seo. |
|
2. |
ciallaíonn ‘bearta’ athchóirithe agus infheistíochtaí faoi Phlean na hÚcráine a leagtar amach i gCaibidil III. |
|
3. |
ciallaíonn ‘coinníollacha’ céimeanna cáilíochtúla nó cainníochtúla a bhaineann lena áirithiú go gcoinneofar an chobhsaíocht eacnamaíoch agus airgeadais ar bun nó a bhaineann le cur chun feidhme na n-athchóirithe agus na n-infheistíochtaí a leagtar amach i bPlean na hÚcráine a leagtar amach i gCaibidil III. |
|
4. |
ciallaíonn ‘oibríocht measctha’ oibríocht a fhaigheann tacaíocht ó bhuiséad an Aontais, lena gcomhcheanglaítear foirmeacha tacaíochta neamh-inaisíoctha, foirmeacha tacaíochta inaisíoctha, nó an dá rud, ó bhuiséad an Aontais le foirmeacha inaisíoctha tacaíochta ó institiúidí forbartha nó ó institiúidí airgeadais poiblí eile, nó ó institiúidí airgeadais tráchtála agus ó infheisteoirí. |
Airteagal 3
Cuspóirí Shaoráid na hÚcráine
1. Is iad cuspóirí ginearálta na Saoráide tacú leis an Úcráin chun an méid seo a leanas a dhéanamh:
|
(a) |
aghaidh a thabhairt ar iarmhairtí sóisialta, eacnamaíocha, comhshaoil agus síceolaíocha chogadh foghach na Rúise , agus ar an gcaoi sin rannchuidiú le téarnamh, le hatógáil, le hathbhunú agus le nuachóiriú na tíre agus le téarnamh shochaí na hÚcráine i ndiaidh an chogaidh ; |
|
(b) |
comhtháthú agus athléimneacht dhaonlathach , shóisialta, eacnamaíoch, chomhshaoil agus chríochach a chothú, lánpháirtiú céimnitheach san Aontas agus sa gheilleagar agus sna margaí domhanda agus cóineasú eacnamaíoch, sóisialta agus comhshaoil aníos i dtreo chaighdeáin AE a chothú ; |
|
(ba) |
rochtain ar chaipiteal a fheabhsú, lena n-áirítear tríd an gcreat institiúideach baincéireachta agus árachais a chur chun cinn, chun gníomhaíocht fiontraíochta agus ardtaighde agus forbairt a neartú; |
|
(c) |
tacaíocht bhreise a chur ar fáil don Úcráin chun na hathchóirithe polaitiúla, institiúideacha, dlíthiúla, riaracháin, sóisialta agus eacnamaíocha is gá a ghlacadh agus a chur chun feidhme, chun iad a ailíniú de réir a chéile le rialacha, luachanna , caighdeáin, beartais agus cleachtais an Aontais (‘acquis’) d’fhonn ballraíocht a ghlacadh san Aontas amach anseo, agus ar an gcaoi sin rannchuidiú leis an gcobhsaíocht fhrithpháirteach, leis an tslándáil, leis an tsíocháin, leis an rathúnas agus leis an inbhuanaitheacht. |
2. Áireofar an méid seo a leanas ar chuspóirí sonracha na Saoráide:
|
(a) |
cuidiú le cobhsaíocht mhacra-airgeadais na tíre a choinneáil ar bun agus srianta seachtracha agus inmheánacha airgeadais na hÚcráine a mhaolú, go háirithe trí thacaíocht shealadach íocaíochta a chur ar fáil, lena n-áirítear tacaíocht le haghaidh costais athfhillteacha, mar chuid de chúnamh maicreacnamaíoch chun cobhsaíocht fhioscach agus feidhmiú leanúnach Stát na hÚcráine a áirithiú ; |
|
(b) |
bonneagar a ndearnadh damáiste dó de dheasca an chogaidh a atógáil agus a nuachóiriú, amhail bonneagar fuinnimh, córais uisce, gréasáin iompair inmheánacha agus trasteorann lena n-áirítear iarnróid, bóithre agus droichid agus pointí trasnaithe teorann, bonneagar oideachais agus cultúrtha, agus bonneagair nua-aimseartha, fheabhsaithe agus athléimneacha a chothú; acmhainní táirgthe bia a athbhunú; cuidiú chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin shóisialta agus ar dhúshláin sláinte agus, na córais cúraim shóisialta agus a n-inrochtaineacht a fheabhsú agus a neartú , lena n-áirítear maidir le hathshlánú síceolaíoch agus síceasóisialta, go háirithe i gcás grúpaí sonracha a bhfuil tionchar ag an gcogadh orthu, amhail iarshaighdiúirí, daoine easáitithe ina dtír féin, tuismitheoirí aonair, baintreacha cogaidh agus baintreacha fir, dílleachtaí, leanaí, go háirithe iad siúd nach bhfuil cúram tuismitheora acu, lena n -áirítear leanaí in institiúidí nó leanaí ó institiúidí, daoine faoi mhíchumas, daoine a bhfuil riochtaí fadtéarmacha sláinte orthu de dheasca an chogaidh, mionlaigh, daoine óga agus daoine scothaosta, agus daoine eile atá i mbaol; |
|
(ba) |
an chibearshlándáil agus an chibearchosaint a neartú chomh maith leis an athléimneacht i gcoinne na bréagaisnéise, na hionramhála eachtraí agus cur isteach eachtrach ar fhaisnéis; rannchuidiú leis an iarracht chun mianaigh a ghlanadh agus dí-éillithe mar rudaí atá in ann an obair téarnaimh agus atógála a chumasú; |
|
(c) |
an t-aistriú chuig geilleagar inbhuanaithe aeráidneodrach cuimsitheach agus timpeallacht infheistíochta chobhsaí a chothú; tacú le comhtháthú na hÚcráine sa Mhargadh Aonair an Aontais ; bonneagar sóisialta a dheisiú, a atógáil agus a fheabhsú, amhail tithíocht, saoráidí sóisialta, spóirt, óige agus cúraim sláinte, agus béim ar leith á leagan ar chúram tráma, ar scoileanna agus ar institiúidí ardoideachais agus riachtanais slándála áitiúla agus bonneagar taighde á gcur san áireamh ; forbairt agus cuimsiú eacnamaíoch agus sóisialta a neartú, agus aird ar leith á tabhairt ar mhná agus ar chailíní, chomh maith leis an óige, lena n-áirítear trí oideachas ardcháilíochta, oiliúint, athsciliú agus uas-sciliú, cláir mhalartaithe do mhic léinn, do thaighdeoirí agus do sheirbhísigh phoiblí , agus beartais fostaíochta, lena n-áirítear do thaighdeoirí; |
|
(ca) |
tacú leis an gcultúr agus leis an oidhreacht chultúrtha; earnálacha straitéiseacha eacnamaíocha a neartú; creat institiúideach a chothú le haghaidh infheistíochta agus iomaíochta chun cur ar chumas saoránach príobháideach, micreaghnólachtaí, gnólachtaí nuathionscanta, agus gnólachtaí beaga agus meánmhéide táirgí agus seirbhísí nua-aimseartha iomaíocha a fhorbairt, lena méadófar cumas na hÚcráine a hacmhainní nádúrtha agus a táirgí breisluacha margaidh a phróiseáil go hinbhuanaithe; tacaíocht do thalmhaíocht inbhuanaithe agus d’fhorbairt tuaithe, do dhobharshaothrú agus d’iascaigh; margaí airgeadais na hÚcráine a athstruchtúrú, lena n-áirítear an earnáil baincéireachta agus margaí caipitil, feabhas a chur ar an rochtain ar iasachtaí agus ar chumhdach árachais; slógadh ioncaim intíre a mhéadú; cumas trádála na hÚcráine a neartú; céimeanna a ghlacadh chun geilleagar na hÚcráine a atreorú ó shamhail atá dírithe ar acmhainní go creat iomaíoch atá comhchosúil le samhail na mBallstát, trí éagsúlú a dhéanamh agus aistriú ó spleáchas trom ar acmhainní nádúrtha; |
|
(d) |
an smacht reachta, an daonlathas, urramú chearta an duine agus saoirsí bunúsacha a neartú tuilleadh, lena n-áirítear trí institiúidí daonlathacha a neartú, go háirithe Verkhovna Rada, chomh maith le comhlachtaí ionadaíocha réigiúnacha agus bardasacha, agus a gcumhachtaí maoirseachta agus fiosrúcháin maidir le dáileadh cistí poiblí agus rochtain orthu; breithiúna neamhspleácha a chur chun cinn, slándáil atreisithe agus an comhrac i gcoinne na calaoise, an éillithe agus an éillithe ardleibhéil , na coireachta eagraithe, fabhraíochta, struchtúir olagarcacha agus sciúradh airgid, pleanáil ionsaitheach cánach , seachaint cánach , imghabháil cánach agus calaois chánach, agus gáinneáil aindleathach arm tine a neartú ; cloí go hiomlán le prionsabail an gheilleagair mhargaidh arb é is príomhthréith ann saoriomaíocht neamhshaofa a chuireann bac ar gach cleachtas frithiomaíoch; comhlíonadh an dlí idirnáisiúnta a neartú ; saoirse agus neamhspleáchas na meán agus saoirse acadúil chomh maith le timpeallacht chumasúcháin don tsochaí shibhialta a neartú; idirphlé sóisialta agus rannpháirtíocht na sochaí sibhialta a chothú; neamh-idirdhealú agus caoinfhulaingt a chur chun cinn, chun urraim do chearta daoine ar de ghrúpaí mionlaigh uile iad amhail eitneach, reiligiúnach, LADTI , agus cur chun cinn an chomhionannais inscne, príomhshruthú inscne agus cumhachtú foriomlán na mban agus na gcailíní a áirithiú agus a neartú, chomh maith le cearta leanaí agus daoine faoi mhíchumas ; éifeachtacht an riaracháin phoiblí a threisiú, rochtain ar fhaisnéis agus rannpháirtíocht na sochaí sibhialta agus na hóige i bpróisis chinnteoireachta agus i ngrinnscrúdú poiblí a áirithiú, agus tacú le trédhearcacht, le hathchóirithe struchtúracha agus le dea-rialachas ar gach leibhéal, lena n-áirítear i réimsí na bainistíochta airgeadais poiblí agus an tsoláthair phoiblí agus na Státchabhrach; tacú le tionscnaimh agus comhlachtaí agus eagraíochtaí a bhfuil baint acu le tacú leis an daonlathas, leis an gceartas idirnáisiúnta agus le hiarrachtaí frith-éillithe san Úcráin agus iad a fhorfheidhmiú; |
|
(da) |
na dálaí a chruthú do Dhaoine Easáitithe ina dTír féin agus do dhaoine atá faoi chosaint shealadach chun filleadh abhaile san Úcráin agus chun athimeascadh i saol sóisialta agus eacnamaíoch na tíre a fháil; dálaí a chruthú chun leanaí agus daoine óga a athimeascadh, lena n-áirítear trí na cláir oideachais a dtacaíonn an tAontas leo chun an bhearna oideachais a eascraíonn as imthosca an chogaidh a líonadh nuair is gá; aghaidh a thabhairt ar riachtanais iarshaighdiúirí óga an chogaidh trí dheiseanna a chur ar fáil le haghaidh imeascadh sóisialta agus dul i ngleic le tráma a tharlaíonn mar gheall ar an gcogadh; |
|
(e) |
aistriú glas inbhuanaithe a fhorbairt agus a neartú i ngach earnáil eacnamaíoch, lena n- áirítear aistriú na hÚcráine i dtreo na haeráidneodrachta, i gcomhréir le Comhaontú Pháras ; feabhas a chur ar an bhfeasacht ar an gcoireacht chomhshaoil agus ar an gcomhrac ina coinne trí Phrótacal Kyiv maidir le Cláir Scaoileadh Amach agus Aistriú Truailleán a chur chun feidhme go hiomlán agus comhlíonadh na ndlíthe maidir le cosaint an dúlra a áirithiú; an claochlú digiteach a chur chun cinn mar chumasóir don fhorbairt inbhuanaithe agus don fhás cuimsitheach; athshlánú éiceolaíoch a áirithiú tar éis na ndamáistí don chomhshaol a dhéantar de bharr oibríochtaí míleata agus rannchuidiú le dí-éilliú, le hiarracht chun mianaigh a ghlanadh agus le hiarsmaí pléascacha cogaidh eile a ghlanadh chomh maith le truailliú ola nó ceimiceach arb í gníomhaíocht mhíleata is cúis leis; rannchuidiú leis na hiarrachtaí chun an damáiste agus na hiarmhairtí gaolmhara a dhoiciméadú, a mhapáil agus a thomhas; |
|
(f) |
tacú le dílárú polaitiúil agus riaracháin agus le forbairt áitiúil, go háirithe trí chomhairliúchán fóinteach agus cothrom iomaíochta a áirithiú do gach leibhéal rialtais agus rochtain á fáil ar chistí trí nósanna imeachta oscailte, cothroma, neodracha agus trédhearcacha; |
|
(fa) |
tacú le comhar trasteorann leis na Ballstáit a bhfuil teorainn acu leis an Úcráin i réimsí amhail trádáil, cosaint an chomhshaoil agus an comhrac i gcoinne na coireachta idirnáisiúnta. |
Airteagal 4
Prionsabail Ghinearálta
1. Beidh an comhar faoin tSaoráid bunaithe ar phrionsabail éifeachtacht na forbartha agus cuirfidh sé na prionsabail sin chun cinn, i gcás inarb infheidhme, ar fud na módúlachtaí uile, is iad sin úinéireacht na dtosaíochtaí forbartha ag an Úcráin, díriú ar thorthaí, comhpháirtíochtaí cuimsitheacha don fhorbairt, trédhearcacht agus cuntasacht fhrithpháirteach. Is riachtanas-bhunaithe a bheidh an comhar agus beidh sé bunaithe ar leithdháileadh éifeachtach éifeachtúil acmhainní agus ar úsáid na n-acmhainní sin . Leis an tSaoráid, seachnófar comhchruinniú iomarcach earnála nó geografach de leithdháileadh agus úsáid acmhainní agus áiritheofar cothromaíocht gheografach iomchuí idir na tionscadail.
2. Beidh tacaíocht ón tSaoráid sa bhreis ar thacaíocht arna cur ar fáil faoi chláir agus ionstraimí eile de chuid an Aontais. Féadfaidh gníomhaíochtaí atá incháilithe do chistiú faoin Rialachán seo tacaíocht a fháil ó chláir agus ionstraimí eile de chuid an Aontais ar choinníoll nach gcumhdaíonn an tacaíocht sin an costas céanna.
3. Chun comhlántacht agus éifeachtúlacht a ngníomhaíochta agus a dtionscnaimh a chur chun cinn, oibreoidh an Coimisiún agus na Ballstáit i gcomhair lena chéile agus féachfaidh siad le dúbailt a sheachaint maidir le cúnamh faoin Rialachán seo agus cúnamh eile a sholáthraíonn an tAontas, na Ballstáit, tríú tíortha, eagraíochtaí agus eintitis iltaobhacha agus réigiúnacha, amhail eagraíochtaí idirnáisiúnta agus na hInstitiúidí Idirnáisiúnta Airgeadais, gníomhaireachtaí agus deontóirí nach den Aontas iad, i gcomhréir leis na prionsabail sheanbhunaithe chun comhordú oibríochtúil a neartú i réimse an chúnaimh sheachtraigh, lena n-áirítear trí chomhordú feabhsaithe leis na Ballstáit ar an leibhéal áitiúil agus trí bheartais agus nósanna imeachta a chomhchuibhiú, go háirithe na prionsabail idirnáisiúnta maidir le héifeachtacht na forbartha.
4. Comhlíonfaidh gníomhaíochtaí faoin tSaoráid , a mhéid is féidir i dtír ina bhfuil cogadh, caighdeáin aeráide agus chomhshaoil an Aontais . Leis na gníomhaíochtaí sin , déanfar príomhshruthú maidir le maolú ar an athrú aeráide agus oiriúnú don athrú aeráide, cosaint agus caomhnú an chomhshaoil, cearta an duine, an daonlathas, comhionannas inscne agus, i gcás inarb ábhartha, laghdú rioscaí tubaiste agus sábháilteacht bonneagair fuinnimh , agus tacófar le dul chun cinn i dtreo na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe, lena gcuirfear chun cinn gníomhaíochtaí comhtháite lenar féidir comhthairbhí a chruthú agus ilchuspóirí a chomhlíonadh ar bhealach comhleanúnach. Seachnófar sócmhainní tréigthe leo, beidh siad i gcomhréir leis an bprionsabal ‘gan dochar a dhéanamh’, a mhéid is féidir, chomh maith leis an gcur chuige príomhshruthaithe inbhuanaitheachta atá mar bhonn taca leis an gComhaontú Glas don Eoraip agus beidh siad faoi threoir an phrionsabail ‘gan aon duine a fhágáil ar lár’ . Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomh tarmligthe a ghlacadh chun treoraíocht a fhorbairt do gach ceann de na prionsabail sin mar aon le modheolaíocht chun tacú leis an Úcráin agus Plean na hÚcráine á ullmhú .
5. Ní thacóidh an tSaoráid le gníomhaíochtaí ná bearta atá ar neamhréir le Plean Náisiúnta Fuinnimh agus Aeráide na hÚcráine, má tá fáil air, le Rannchuidiú na hÚcráine arna chinneadh go Náisiúnta faoi Chomhaontú Pháras, ná le gníomhaíochtaí ná bearta lena gcuirtear infheistíochtaí i mbreoslaí iontaise chun cinn, nó lena gcruthaítear éifeachtaí díobhálacha suntasacha ar an gcomhshaol nó ar an aeráid nó ar an mbithéagsúlacht , agus an gá le bonneagar a ndearnadh damáiste dó le linn an chogaidh a atógáil agus a nuachóiriú agus leis an dúlra a ndearnadh damáiste dó a athshlánú ar bhealach athléimneach á chur san áireamh, agus beidh bearta iomchuí ag gabháil leo, i gcás inarb ábhartha, chun na héifeachtaí sin a sheachaint, a chosc nó a laghdú agus, más féidir, chun iad a fhritháireamh.
6. I gcomhréir le Prionsabal Comhpháirtíochta AE agus le Cód Iompair an Aontais, ráthóidh an Coimisiún go rachfar i gcomhairle go cuí agus go cothrom le páirtithe leasmhara ábhartha, lena n-áirítear Verkhovna Rada, údaráis áitiúla agus réigiúnacha, comhpháirtithe sóisialta agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus go mbeidh rochtain thráthúil acu ar fhaisnéis ábhartha chun go mbeidh siad in ann páirt fhónta a ghlacadh i múnlú dhearadh agus chur chun feidhme na ngníomhaíochtaí atá incháilithe do chistiú faoin tSaoráid seo, agus sna próisis faireacháin, ghrinnscrúdaithe agus mheastóireachta lena mbaineann. Leis an rannpháirtíocht sin, féachfar le hiolrachas shochaí agus lucht gnó na hÚcráine a léiriú agus le cuimsitheacht pobal éagsúil san Úcráin a áirithiú.
Tabharfaidh an Coimisiún aird ar leith ar rannpháirtíocht na mban i gcomhairliúcháin, chomh maith le cuimsiú grúpaí leochaileacha, amhail iarshaighdiúirí cogaidh agus daoine faoi mhíchumas, sna comhairliúcháin sin . Déanfaidh an Coimisiún, go háirithe, rannpháirtíocht Verkhovna Rada, mar aon le comhlachtaí ionadaíocha réigiúnacha nó áitiúla agus údaráis phoiblí a chur chun cinn, i gcomhréir le prionsabal an rialachais il-leibhéil agus cur chuige ón mbun aníos á chur san áireamh. Áiritheoidh an Coimisiún go rachfar i gcomhairle go fóinteach le Verkhovna Rada maidir le Plean na hÚcráine ina iomláine sula gcuirfear faoi bhráid an Choimisiúin é agus go mbeidh sé in ann dualgais leordhóthanacha fiosrúcháin agus faireacháin a chomhlíonadh go hiomlán le linn ré na Saoráide agus ina dhiaidh .
Déanfaidh an Coimisiún measúnú leanúnach ar a mhéid atá rannpháirtíocht na ngeallsealbhóirí cothrom agus ionadaíoch ar iolrachas leasanna i sochaí agus i bpobail ghnó na hÚcráine, go háirithe trí mheasúnú a dhéanamh i dtaobh an ndeachthas i gcomhairle go hiomchuí le geallsealbhóirí de mhéideanna éagsúla agus le leasanna éagsúla nó leasanna freasúracha. Déanfaidh an Coimisiún comhordú i measc na bpáirtithe leasmhara ábhartha a spreagadh. Áiritheoidh an Coimisiún go mbeidh an tsochaí shibhialta san Úcráin in ann aon neamhrialtachtaí a d’fhéadfaidís a bhrath a thuairisciú go díreach don Choimisiún trí bhuanbhealaí agus ardáin iomchuí.
7. Áiritheoidh an Coimisiún, i gcomhar leis na Ballstáit agus leis an Úcráin, go gcuirfear gealltanais de chuid an Aontais maidir le trédhearcacht agus cuntasacht mhéadaithe chun feidhme agus cúnamh á sholáthar, lena n-áirítear trí chur chun feidhme iomlán Choinbhinsiún Aarhus a chur chun cinn agus trí chur chun feidhme agus atreisiú na gcóras rialaithe inmheánaigh agus na mbeartas frithchalaoise. Cuirfidh an Coimisiún faisnéis maidir le méid agus leithdháileadh an chúnaimh ar fáil go poiblí trí thairseach ghréasáin aonair , agus áiritheoidh sé go mbeidh sonraí cothrom le dáta, inrochtana go héasca, ar fáil i bhformáid mheaisín-inléite agus inchomparáide. Foilseofar ainmneacha nó céannachtaí dlíthiúla an 2 000 tairbhí deiridh is mó agus na dtairbhithe deiridh uile a fuair méideanna carnacha is airde ná EUR 100 000.
Airteagal 4a
Caidreamh le hionstraimí eile cistiúcháin de chuid an Aontais
1. A luaithe is féidir, gabhfaidh an tSaoráid ionad an leithdháilte dhéthaobhaigh don Úcráin faoin Ionstraim maidir leis an gComharsanacht, an Fhorbairt agus an Comhar Idirnáisiúnta (ICFCI-An Eoraip Dhomhanda ) agus an tacaíocht a sholáthraítear i bhfoirm cúnamh macra-airgeadais.
2. Leanfaidh an Úcráin de bheith incháilithe do thacaíocht faoi chláir ICFCI réigiúnacha, trasteorann, théamacha agus freagartha ar ghéarchéimeanna mar aon le hionstraimí eile de chuid an Aontais. Ní chuirfidh tacaíocht arna soláthar faoin tSaoráid cosc ar an Úcráin a bheith incháilithe do chistiú faoi Rialacháin IPA amach anseo. Áiritheoidh an Coimisiún comhleanúnachas idir an cúnamh a sholáthraítear faoin tSaoráid agus an creat beartais um méadú.
3. Gníomhaíochtaí a thagann faoi raon feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1257/96 agus a thagann faoi raon feidhme na Saoráide Eorpaí Síochána, ní dhéanfar iad a chistiú faoin tSaoráid.
4. Áiritheoidh an Coimisiún comhlántachtaí agus sineirgí idir an tSaoráid agus cláir eile de chuid an Aontais, d’fhonn cistiú dúbailte a sheachaint.
Airteagal 5
Réamhchoinníoll maidir le tacaíocht ón Aontas
1. Mar réamhchoinníoll i dtaca leis an tacaíocht don Úcráin faoin tSaoráid, ní mór don Úcráin leanúint de sheasamh le sásraí éifeachtacha daonlathacha, dá bhforbairt agus dá n-urramú, lena n-áirítear córas parlaiminteach ilpháirtí, ar gach leibhéal rialtais , lena gcosnaítear cearta agus sainchumais anfhreasúra dhaonlathaigh, srianta agus cothromaíochtaí iomchuí, amhail saoirse na meán, leithdháileadh trédhearcach institiúideach buiséid, sásraí agus institiúidí lena n-áirithítear calaois, éilliú agus coinbhleachtaí leasa a chosc, a bhrath agus a phionósú, an smacht reachta, chomh maith le toghcháin shaora agus chothroma i gcomhréir le bunreacht na hÚcráine. Thairis sin, leanfaidh an Úcráin d’urraim do chearta an duine a ráthú, lena n-áirítear cearta daoine ar de ghrúpaí mionlaigh iad, agus iarracht a dhéanamh ar ról níos mó a thabhairt do mhná sa chinnteoireacht.
2. Déanfaidh an Coimisiún faireachán ar chomhlíonadh an réamhchoinníll a leagtar amach i mír 1 sula ndéanfar eisíocaíochtaí leis an Úcráin faoin tSaoráid agus le linn thréimhse na tacaíochta arna soláthar faoin tSaoráid agus aird chuí á tabhairt ar thuarascáil rialta an Choimisiúin ar mhéadú. Tabharfaidh an Coimisiún aird ar na moltaí ábhartha ó chomhlachtaí idirnáisiúnta, amhail Comhairle na hEorpa agus Coimisiún na Veinéise sa phróiseas sin . Féadfaidh an Coimisiún cinneadh a ghlacadh lena gcinntear nach bhfuil an réamhchoinníoll sin á chomhlíonadh, agus go háirithe, na híocaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 25 a chur ar fionraí, gan beann ar chomhlíonadh na gcoinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 15(2). Ina mheasúnú, cuirfidh an Coimisiún san áireamh freisin an comhthéacs san Úcráin, agus iarmhairtí chur i bhfeidhm an dlí airm ansin. Déanfar measúnú an Choimisiúin a tharchur go comhuaineach chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.
CAIBIDIL II
Maoiniú agus cur chun feidhme
Airteagal 6
Buiséad
1. Beidh na hacmhainní le haghaidh chur chun feidhme Shaoráid na hÚcráine ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 10b de Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle, leis an dáileadh táscach seo a leanas:
|
(a) |
75 % i bhfoirm tacaíocht airgeadais neamh-inaisíoctha de bhun Chaibidil III den Rialachán seo, lena n-áirítear 15 % ar a laghad do riachtanais téarnaimh, atógála agus nuachóirithe údaráis fhonáisiúnta na hÚcráine amhail réigiúin, cathracha agus pobail áitiúla; |
|
(b) |
16 % don chaiteachas de bhun Chaibidil IV; |
|
(c) |
8 % don chaiteachas de bhun Chaibidil V; |
|
(d) |
suas le 1 % don chaiteachas de bhun mhír 5 den Airteagal seo. |
2. An tacaíocht airgeadais de bhun Chaibidil III i bhfoirm iasachta, beidh sí ar fáil le haghaidh méid suas le EUR 50 000 000 000 don tréimhse ón 1 Eanáir 2024 go dtí an 31 Nollaig 2027.
Cuirfear san áireamh i méid foriomlán eisíocaíochtaí na n-iasachtaí na méideanna arna gcur ar fáil de bhun mhír 1 agus an méid dá dtagraítear i mír 3.
3. Ní rachaidh suim na n-acmhainní a chuirfear ar fáil de bhun mhíreanna 1 agus 2 thar EUR 50 000 000 000 don tréimhse 2024 go 2027. Déanfaidh an t-údarás buiséadach na méideanna a shlógadh go bliantúil ó Chúlchiste na hÚcráine i mbuiséad an Aontais os cionn uasteorainneacha an Chreata Airgeadais Ilbhliantúil. Beidh ainmníocht Chúlchiste na hÚcráine comhdhéanta de línte buiséadacha breise, a chomhfhreagraíonn do gach ceann de na colúin is bonn don Rialachán seo.
4. Féadfar ranníocaíochtaí breise chun an tacaíocht dá dtagraítear i mír 1 a mhaoiniú a sholáthar i gcomhréir le hAirteagal 7.
5. Féadfar na hacmhainní dá dtagraítear i míreanna 1(d) agus 4 a úsáid le haghaidh cúnamh teicniúil agus cúnamh riaracháin chun an tSaoráid a chur chun feidhme, amhail gníomhaíochtaí ullmhúcháin, faireacháin, rialaithe, iniúchóireachta agus meastóireachta, a bhfuil gá leo chun an tSaoráid a bhainistiú agus a cuspóirí a bhaint amach, go háirithe staidéir, cruinnithe saineolaithe, comhairliúcháin le húdaráis na hÚcráine, comhdhálacha, comhairliúchán le páirtithe leasmhara, lena n-áirítear údaráis áitiúla agus réigiúnacha agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta, gníomhaíochtaí faisnéise agus cumarsáide, lena n-áirítear gníomhaíochtaí for-rochtana cuimsitheacha, agus cumarsáid chorparáideach maidir le tosaíochtaí polaitiúla an Aontais, a mhéid a bhaineann siad go docht le cuspóirí an Rialacháin seo, speansais a bhaineann le líonraí TF a dhíríonn ar phróiseáil agus ar mhalartú faisnéise, uirlisí teicneolaíochta faisnéise corparáideacha, agus gach speansas eile maidir le cúnamh teicniúil agus riaracháin arna dtabhú ag an gCoimisiún le haghaidh bhainistiú agus chostais na Saoráide ag an gceanncheathrú agus i dtoscaireachtaí an Aontais. Féadfaidh na speansais gach costas a bhaineann le gníomhaíochtaí tacaíochta eile a chumhdach freisin, amhail costais a bhaineann le rialú cáilíochta agus faireachán neamhspleách ar thionscadail ar an láthair agus costais a bhaineann le piarchomhairleoireacht agus le saineolaithe chun athchóirithe agus infheistíochtaí a mheasúnú agus a chur chun feidhme.
Airteagal 7
Acmhainní airgeadais breise le haghaidh na Saoráide
1. Féadfaidh na Ballstáit, tríú tíortha, eagraíochtaí idirnáisiúnta, institiúidí airgeadais idirnáisiúnta nó foinsí eile ranníocaíochtaí airgeadais breise a sholáthar do cheann amháin nó níos mó de na colúin dá dtagraítear in Airteagal 1(2) gan a bheith faoi cheangal ag an dáileadh táscach dá dtagraítear in Airteagal 6(1). Ioncam sannta seachtrach a bheidh sna ranníocaíochtaí sin de réir bhrí pointí (a)(ii), (d) agus (e) d’Airteagal 21(2) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046.
Méideanna breise a fhaightear mar ioncam sannta seachtrach de réir bhrí Airteagal 21(5) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 faoi ghníomhartha dlí ábhartha an Aontais i ndáil le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine nó faoi aon ghníomhartha dlí eile de chuid an Aontais a bhaineann le freagracht na Rúise as an damáiste a rinneadh don Úcráin, cuirfear leis na hacmhainní dá dtagraítear in Airteagal 6 iad. Go háirithe, agus faoi réir urraim a thabhairt do rialacha infheidhme an ghnáthdhlí idirnáisiúnta, aon sócmhainní, mar aon leis na fáltais uathu, a choigistítear ó Chónaidhm na Rúise nó ó stáit, eintitis nó daoine aonair eile i ndáil le cogadh foghach na Rúise nó aon fháltais a fhaightear ó bhainistiú shócmhainní Chónaidhm na Rúise arna reo de bhun bhearta sriantacha AE, féadfar iad a fháil mar mhéideanna breise mar ioncam sannta seachtrach de réir bhrí Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046, faoi aon ghníomh dlí ábhartha de chuid an Aontais atá le glacadh amach anseo, agus úsáidfear i bhfoirm deontas iad.
2. Déanfar na ranníocaíochtaí dá dtagraítear i mír 1 a chur chun feidhme i gcomhréir leis na rialacha agus na coinníollacha céanna leis an méid dá dtagraítear in Airteagal 6(1).
3. Déanfar na ranníocaíochtaí le Ráthaíocht na hÚcráine agus leis na hionstraimí airgeadais faoi Chaibidil IV i gcomhréir le hAirteagal 28.
Airteagal 8
Cur chun feidhme agus foirmeacha cistiúcháin ón Aontas
1. Cuirfear an tSaoráid chun feidhme i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046, faoi bhainistíocht dhíreach nó faoi bhainistíocht indíreach le haon cheann de na heintitis dá dtagraítear in Airteagal 62, an chéad fhomhír, pointe (c) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046.
2. Féadfar cistiú ón Aontas a sholáthar in aon cheann de na foirmeacha a leagtar síos i Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046, go háirithe deontais, duaiseanna, soláthar, tacaíocht bhuiséadach, ionstraimí airgeadais, ráthaíochtaí buiséadacha, oibríochtaí measctha agus cúnamh airgeadais.
3. Cuirfear ionstraimí airgeadais, ráthaíochtaí buiséadacha agus oibríochtaí measctha lena gcomhcheanglaítear tacaíocht ó ionstraimí airgeadais nó ráthaíochtaí buiséadacha faoin tSaoráid chun feidhme i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i dTeideal X, agus go háirithe Airteagal 208 agus Airteagal 209(1), (2) agus (4), de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046. Ag brath ar an acmhainneacht oibríochtúil agus airgeadais is gá, féadfaidh an Banc Eorpach Infheistíochta nó an Ciste Eorpach Infheistíochta, institiúid Eorpach iltaobhach airgeadais, amhail an Banc Eorpach Athfhoirgníochta agus Forbartha, nó institiúid Eorpach dhéthaobhach airgeadais, amhail bainc forbartha, a bheith ina gcontrapháirtí den ráthaíocht bhuiséadach, nó den eintiteas ar cuireadh cúram air chun na hionstraimí airgeadais a chur chun feidhme. Nuair is féidir, déanfar cur chun feidhme ionstraimí airgeadais, ráthaíochtaí buiséadacha agus oibríochtaí measctha faoin tSaoráid a chomhlánú le foirmeacha breise tacaíochta airgeadais, ó na Ballstáit nó ó thríú páirtithe.
Airteagal 9
Creat-chomhaontú
1. Tabharfaidh an Coimisiún creat-chomhaontú i gcrích leis an Úcráin maidir le cur chun feidhme na Saoráide ina leagfar amach socruithe sonracha maidir le bainistiú, rialú, maoirseacht, faireachán, meastóireacht, tuairisciú agus iniúchadh a dhéanamh ar chistí faoin tSaoráid, chomh maith le neamhrialtachtaí, calaois, éilliú agus coinbhleachtaí leasa a chosc, a bhrath , a imscrúdú agus a cheartú. Déanfar an creat-chomhaontú a chomhlánú le comhaontuithe maoiniúcháin i gcomhréir le hAirteagal 10 agus le comhaontuithe iasachta i gcomhréir le hAirteagal 21, lena leagtar amach forálacha sonracha maidir le cistiú faoin tSaoráid a bhainistiú agus a chur chun feidhme. Déanfar an creat-chomhaontú sin, lena n-áirítear aon doiciméid ábhartha, a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle go comhuaineach agus gan mhoill agus cuirfear ar fáil don phobal é.
2. Cé is moite den mhaoiniú idirlinne dá dtagraítear in Airteagal 24, ní thabharfar cistiú don Úcráin ach amháin tar éis don chreat-chomhaontú agus do na comhaontuithe maoiniúcháin agus iasachta is infheidhme teacht i bhfeidhm.
3. Leis an gcreat-chomhaontú, leis na comhaontuithe maoiniúcháin agus leis an gcomhaontú iasachta arna dtabhairt i gcrích leis an Úcráin, má dhearctar orthu ina n-iomláine, agus leis na conarthaí agus na comhaontuithe arna síniú le duine nó eintitis a fhaigheann cistí ón Aontas, áiritheofar gur féidir na hoibleagáidí a leagtar amach in Airteagal 129 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 a chomhlíonadh.
4. Leagfar síos sa chreat-chomhaontú forálacha mionsonraithe maidir leis an méid seo a leanas, go háirithe:
|
(a) |
tiomantas na hÚcráine dul chun cinn cinntitheach a dhéanamh i dtreo creat dlíthiúil láidir chun calaois a chomhrac, agus córais rialaithe níos éifeachtúla agus níos éifeachtaí a bhunú , lena n-áirítear sásraí agus bearta iomchuí chun neamhrialtachtaí, calaois, éilliú agus coinbhleachtaí leasa a chosc, a bhrath agus a cheartú go héifeachtach chomh maith le neartú a dhéanamh ar an gcomhrac i gcoinne sciúradh airgid , coireacht eagraithe, struchtúir olagarcacha, comhchruinniú míchuí réigiúnach nó earnálach de leithdháileadh nó úsáid acmhainní, mí-úsáid cistí poiblí, maoiniú sceimhlitheoireachta, seachaint cánach, calaois chánach, pleanáil ionsaitheach cánach nó imghabháil cánach, agus gníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile a dhéanann difear do na cistí dá bhforáiltear faoin tSaoráid ; |
|
(b) |
na gníomhaíochtaí a bhaineann le rialú, maoirseacht, faireachán, meastóireacht, tuairisciú agus iniúchadh a dhéanamh ar chistiú an Aontais faoin tSaoráid, chomh maith le himscrúduithe, bearta frithchalaoise agus comhar; |
|
(ba) |
bunú coistí faireacháin arna spreagadh ag an gCód Iompair Eorpach maidir le Comhpháirtíocht de réir na gcleachtas is fearr chun glaonna ar thograí, tuarascálacha dul chun cinn, agus faireachán agus meastóireacht ar thionscadail, bearta agus gníomhaíochtaí a ullmhú; |
|
(c) |
ceanglais rialaithe maidir leis an gcistiú a scaoileadh chuig an Úcráin; |
|
(d) |
rialacha maidir le cánacha, dleachtanna agus muirir i gcomhréir le hAirteagal 27(9) agus (10) de Rialachán (AE) 2021/947; |
|
(e) |
aitheantas a thabhairt do fhreagrachtaí an Bhoird Iniúchóireachta dá dtagraítear in Airteagal 34, agus módúlachtaí chomhar na hÚcráine leis; |
|
(f) |
an oibleagáid atá ar dhaoine nó eintitis a chuireann cistí de chuid an Aontais chun feidhme faoin tSaoráid fógra a thabhairt gan mhoill don Bhord Iniúchóireachta, don Choimisiún , doOLAF agus, i gcás inarb infheidhme, do OIPE, faoi chásanna neamhrialtachtaí, calaoise, éillithe agus coinbhleachta leasa amhrasta nó iarbhír agus gníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile a dhéanann difear do na cistí arna soláthar faoin tSaoráid agus faoi na bearta leantacha ina leith; |
|
(g) |
an ceart atá ag an gCoimisiún faireachán a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí faoin tSaoráid a rinne údaráis na hÚcráine, feadh thimthriall iomlán an tionscadail, lena n-áirítear inter alia nósanna imeachta roghnúcháin agus dámhachtana tionscadal lena n-áirítear le haghaidh soláthar poiblí, páirt a ghlacadh iontu sin mar bhreathnóirí, de réir mar is iomchuí, agus moltaí a dhéanamh maidir le feabhas a chur ar na gníomhaíochtaí sin agus ar an ngealltanas ó údaráis na hÚcráine moltaí den sórt sin ón gCoimisiún a chur chun feidhme agus tuarascáil a thabhairt ar an gcur chun feidhme sin; |
|
(h) |
na hoibleagáidí dá dtagraítear in Airteagal 33(2), lena n-áirítear rialacha beachta agus tréimhse ama bheacht maidir le bailiú sonraí ag an Úcráin agus rochtain ar na sonraí sin ag an gCoimisiún agus OLAF; |
|
(i) |
an oibleagáid atá ar an Úcráin na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 26 a tharchur go leictreonach , i bhformáid mheaisín-inléite agus ar thairseach ghréasáin aonair, chuig an gCoimisiún; |
|
(j) |
nós imeachta chun a áirithiú go dtiocfaidh iarrataí ar eisíocaíocht le haghaidh na tacaíochta iasachta faoi mhéid na hiasachta atá ar fáil, agus Airteagal 6(2) á chur san áireamh. |
Airteagal 10
Comhaontuithe maoiniúcháin
1. Tabharfar comhaontuithe maoiniúcháin i gcrích le haghaidh Chaibidil III agus Chaibidil V, agus leagfar amach leo céimeanna cáilíochtúla agus cainníochtúla intomhaiste a bhaineann le heisíoc cistí faoin Rialachán seo . Leagfar amach iontu freagrachtaí agus oibleagáidí na hÚcráine maidir le cistí de chuid an Aontais a chur chun feidhme, lena n-áirítear na hoibleagáidí a leagtar amach in Airteagal 129 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046. Leagfar amach iontu freisin na coinníollacha maidir leis an tacaíocht airgeadais neamh-inaisíoctha a íoc, lena n-áirítear i ndáil le cur chun feidhme an chreat-chomhaontaithe dá dtagraítear in Airteagal 9, lena n-áirítear na córais rialaithe inmheánaigh dá dtagraítear in Airteagal 9(4), pointí (a) agus (c). Leagfar amach cearta agus oibleagáidí an Aontais sna comhaontuithe maoiniúcháin freisin. Déanfar iad a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle go comhuaineach.
2. Áireofar sna comhaontuithe maoiniúcháin rialacha maidir le tuairisc a thabhairt don Choimisiún i dtaobh conas a dhéantar gníomhaíochtaí, agus i dtaobh an gcomhlíontar na coinníollacha a luaitear in Airteagal 15(2).
Airteagal 11
Rialacha maidir le hincháilitheacht daoine agus eintiteas, tionscnamh an tsoláthair agus ábhair agus srian faoin tSaoráid
1. Beidh an deis a bheith rannpháirteach i nósanna imeachta maidir le soláthar, deonú agus dámhachtain deontas le haghaidh gníomhaíochtaí a mhaoinítear faoin tSaoráid ag eagraíochtaí idirnáisiúnta agus réigiúnacha agus ag na daoine nádúrtha ar fad ar náisiúnaigh iad sna háiteanna seo a leanas agus ag daoine dlítheanacha atá bunaithe go héifeachtach sna háiteanna seo a leanas:
|
(a) |
Na Ballstáit, an Úcráin, páirtithe conarthacha sa Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch agus tíortha a chumhdaítear le hIarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/947 agus Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/1529 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle; |
|
(b) |
tíortha a mbunóidh an Coimisiún rochtain chómhalartach ar chúnamh seachtrach san Úcráin ina leith. |
2. Féadfar an rochtain chómhalartach dá dtagraítear i mír 1, pointe (b), a dheonú le haghaidh tréimhse theoranta 1 bhliana ar a laghad, nuair a dhéanfaidh tír incháilitheacht a dheonú ar choinníollacha comhionanna le heintitis ón Aontas agus ó thíortha atá incháilithe faoin tSaoráid.
Déanfaidh an Coimisiún cinneadh maidir leis an rochtain chómhalartach tar éis dó dul i gcomhairle leis an Úcráin.
3. Beidh na soláthairtí agus na hábhair go léir arna maoiniú agus arna soláthar faoin tSaoráid seo de thionscnamh aon tíre dá dtagraítear i mír 1(a) agus (b), mura rud é nach féidir na soláthairtí agus na hábhair a fháil ar choinníollacha réasúnacha in aon cheann de na tíortha sin. Ina theannta sin, tá feidhm ag na rialacha maidir le srianta i mír 7.
4. Ní bheidh feidhm ag na rialacha incháilitheachta faoin Airteagal seo maidir le daoine nádúrtha atá fostaithe nó atá ar conradh go dleathach ar bhealach eile ag conraitheoir incháilithe nó, i gcás inarb infheidhme, ag fochonraitheoir incháilithe, ná ní chruthófar leo srianta náisiúntachta do dhaoine nádúrtha, ach amháin i gcás ina bhfuil na srianta náisiúntachta bunaithe ar na rialacha dá bhforáiltear i mír 7.
5. I gcás gníomhaíochtaí arna gcómhaoiniú go comhpháirteach ag eintiteas nó arna gcur chun feidhme faoi bhainistíocht dhíreach nó indíreach eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 62(1), pointe (c) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 nó i gcás gníomhaíochtaí arna gcur chun feidhme ag eintitis na hÚcráine faoi Chaibidil III den Rialachán seo, beidh feidhm ag rialacha incháilitheachta na n-eintiteas sin nó na hÚcráine i dteannta na rialacha a bhunaítear faoin Airteagal seo, lena n-áirítear, i gcás inarb infheidhme, na srianta dá bhforáiltear faoi mhír 7 den Airteagal seo agus a léirítear go cuí sna comhaontuithe maoiniúcháin agus sna doiciméid chonarthacha arna síniú leis na heintitis sin.
6. I gcás ina ndéantar ranníocaíochtaí breise a sholáthar i gcomhréir le hAirteagal 7 trí ioncam sannta seachtrach, beidh feidhm ag na rialacha incháilitheachta sa chomhaontú leis an duine a sholáthraíonn an ranníocaíocht bhreise agus foráil á déanamh do na rialacha maidir le srianta faoi mhír 7 den Airteagal seo.
7. Na rialacha incháilitheachta agus tionscnamh na soláthairtí agus na n-ábhar i mír 1 agus i mír 3 agus náisiúntacht na ndaoine nádúrtha dá dtagraítear i mír 4, féadfar iad a shrianadh i dtaca le náisiúntacht, suíomh geografach nó cineál na n-eintiteas dlítheanach atá rannpháirteach i nósanna imeachta soláthair agus i dtaca le tionscnamh geografach na soláthairtí agus na n-ábhar, sna cásanna seo a leanas:
|
(a) |
i gcás ina gceanglaítear na srianta sin mar gheall ar chineál sonrach agus/nó cuspóirí sonracha na gníomhaíochta nó an nós imeachta sonrach dámhachtana agus/nó i gcás ina bhfuil gá leis na srianta sin chun an ghníomhaíocht a chur chun feidhme go héifeachtach; |
|
(b) |
i gcás ina ndéanfaidh an ghníomhaíocht nó na nósanna imeachta dámhachtana sonracha difear don tslándáil nó don ord poiblí, go háirithe maidir le sócmhainní straitéiseacha agus leasanna an Aontais, a Bhallstát, nó na hÚcráine, lena n-áirítear cosaint shláine an bhonneagair dhigitigh, na gcóras cumarsáide agus faisnéise, agus na slabhraí soláthair gaolmhara , go háirithe i gcás ina bhfuil riosca ann de thionchar ó rialtais na stát atá aicmithe mar iomaitheoirí sistéamacha an Aontais . |
8. Féadfar glacadh le hiarratasóirí ar thairiscintí agus le hiarrthóirí ó thíortha neamh-incháilithe i gcás práinne nó i gcás nach mbeidh seirbhísí ar fáil i margaí na dtíortha nó na gcríoch lena mbaineann, nó i gcásanna eile cuí-réasúnaithe ina mbeadh fíorú gníomhaíochta dodhéanta nó thar a bheith deacair mar gheall ar chur i bhfeidhm na rialacha incháilitheachta.
Airteagal 12
Tabhairt anonn, tráthchodanna bliantúla, leithreasuithe faoi chomhair gealltanas, barrachais ón ráthaíocht bhuiséadach, aisíocaíochtaí agus ioncam arna ghiniúint ag ionstraimí airgeadais
1. De mhaolú ar Airteagal 12(4) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046, déanfar leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus íocaíochtaí nár úsáideadh faoin tSaoráid a thabhairt anonn go huathoibríoch agus féadfar iad a ghealladh agus a úsáid, faoi seach, go dtí 31 Nollaig na bliana airgeadais ina dhiaidh sin. Is é an tsuim a tugadh anonn is túisce a úsáidfear sa bhliain airgeadais ina dhiaidh sin.
2. Cuirfidh an Coimisiún faoi faisnéis faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le leithreasuithe faoi chomhair gealltanas a tugadh anonn, lena n-áirítear na méideanna lena mbaineann , i gcomhréir le hAirteagal 12(6) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046.
3. De mhaolú ar Airteagal 15 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 i dtaca le leithreasuithe a chur ar fáil arís, cuirfear leithreasuithe faoi chomhair gealltanas, a chomhfhreagraíonn do mhéid na ngealltanas saortha a rinneadh de bharr neamh-chur chun feidhme iomlán nó páirteach gníomhaíochta faoin tSaoráid, ar fáil iad chun leas na líne buiséid tionscnaimh.
4. De mhaolú ar an gcéad fhomhír, ar an dara fomhír agus ar an gceathrú fomhír d’Airteagal 209(3) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046, is éard a bheidh in aon ioncam agus aisíocaíocht ó ionstraimí airgeadais a bhunaítear faoin Rialachán seo ioncam sannta inmheánach de réir bhrí Airteagal 21(5) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046, don tSaoráid nó don chlár a thiocfaidh ina diaidh.
5. De mhaolú ar Airteagal 213(4), pointe (a), de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046, is éard a bheidh in aon bharrachas sna forálacha le haghaidh Ráthaíocht na hÚcráine ioncam sannta inmheánach de réir bhrí Airteagal 21(5) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 don tSaoráid nó don chlár a thiocfaidh ina diaidh.
6. Féadfar gealltanais bhuiséadacha maidir le gníomhaíochtaí ar faide iad ná 1 bhliain airgeadais a roinnt ina dtráthchodanna bliantúla thar roinnt blianta i gcomhréir le hAirteagal 112(2) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046.
Ní bheidh feidhm ag an tríú fomhír d’Airteagal 114(2) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 maidir leis na gníomhaíochtaí dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo.
Airteagal 13
Maoiniú eisceachtúil
1. I gcúinsí eisceachtúla a bhfuil údar cuí leo, go háirithe i gcás ina dtéann an cogadh in olcas go mór agus nach féidir leis an Úcráin na coinníollacha a ghabhann leis na cineálacha tacaíochta faoin Rialachán seo a chomhlíonadh, féadfaidh an tSaoráid maoiniú eisceachtúil a chur ar fáil don Úcráin chun a cobhsaíocht mhacra-airgeadais a choinneáil agus chun gnóthú na gcuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 3 a chothú. Cuirfear deireadh leis an maoiniú eisceachtúil sin a luaithe a bheidh sé indéanta na coinníollacha a chomhlíonadh arís.
2. Chun críche mhír 1, i gcás ina gcinnfidh an Coimisiún nach féidir leis an Úcráin na coinníollacha a ghabhann leis na cineálacha tacaíochta faoin Rialachán seo a chomhlíonadh de bharr imthosca eisceachtúla den sórt sin a bhfuil údar cuí leo, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomh tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 38 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh le forálacha lena leagtar amach maoiniú eisceachtúil don Úcráin faoin tSaoráid.
3. In aon chás, beidh an maoiniú eisceachtúil faoi réir an réamhchoinníll dá dtagraítear in Airteagal 5 agus maoineofar é laistigh de na hacmhainní dá dtagraítear in Airteagal 6(1), pointe (a), agus in Airteagal 6(2).
CAIBIDIL III
Colún I: Plean na hÚcráine
Airteagal 14
An gaol idir Plean na hÚcráine agus Colúin na Saoráide
1. Déanfar foráil i bPlean na hÚcráine (an ‘Plean’) maidir le creat uileghabhálach chun na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 3 a bhaint amach.
2. Beidh Plean na hÚcráine ina bhonn don tacaíocht a sholáthraítear faoi Cholún I den tSaoráid mar a leagtar amach in Airteagal 1(2)(a) agus dá dtagraítear sa Chaibidil seo. Feidhmeoidh sé freisin mar thagairt chun an tacaíocht atá le soláthar faoi Cholún II agus Colún III den tSaoráid dá dtagraítear i gCaibidil IV agus Caibidil V a threorú.
Airteagal 15
Prionsabail maidir le maoiniú faoi Phlean na hÚcráine
1. Leagfar amach i bPlean na hÚcráine clár oibre athchóirithe agus infheistíochta na hÚcráine, a bheidh comhtháite i gcreat beartais eacnamaíoch agus fhioscaigh, chun na cuspóirí ginearálta agus sonracha a luaitear in Airteagal 3 a bhaint amach. Is éard a bheidh sa Phlean ná bearta chun athchóirithe agus infheistíocht phoiblí a chur chun feidhme trí phacáiste cuimsitheach comhleanúnach, a bhféadfadh scéimeanna poiblí a bhfuil sé mar aidhm leo dreasú a chur ar fáil maidir le hinfheistíochtaí príobháideacha a bheith san áireamh ann freisin. Sainaithneofar i bPlean na hÚcráine an méid tacaíochta airgeadas a rannchuidíonn le tacaíocht don chobhsaíocht mhacra-airgeadais mar a shainmhínítear in Airteagal 3(2), pointe (a), chomh maith leis an méid tacaíochta airgeadais a rannchuidíonn le tacaíocht d’athchóirithe agus d’infheistíochtaí mar a shainmhínítear i míreanna eile d’Airteagal 3.
2. Cuirfidh an tSaoráid maoiniú ar fáil faoin gCaibidil seo nuair a bheidh coinníollacha a eascraíonn as an bPlean comhlíonta go sásúil, i bhfoirm céimeanna intomhaiste cáilíochtúla nó cainníochtúla , arna gcomhaontú sna comhaontuithe maoiniúcháin . Léireofar sna coinníollacha sin cuspóirí éagsúla na Saoráide, mar a shainmhínítear in Airteagal 3, agus prionsabail ghinearálta, mar a leagtar amach in Airteagal 4, agus áireofar iontu coinníollacha a bhaineann le ceanglais fhíor-riachtanacha, amhail cobhsaíocht eacnamaíoch agus airgeadais a choinneáil ar bun, chomh maithe le formhaoirseacht bhuiséadach agus bainistíocht airgeadais phoiblí, agus coinníollacha a bhaineann le cur chun feidhme na n-athchóirithe agus na n-infheistíochtaí a leagtar amach sa Phlean.
3. Beidh feidhm ag na coinníollacha a luaitear san Airteagal seo maidir leis na méideanna dá dtagraítear in Airteagal 6(1)(a) agus Airteagal (2) agus na ranníocaíochtaí ábhartha faoi mhír 4 den Airteagal sin.
4. Beidh bearta ar cuireadh tús leo ón 1 Eanáir 2023 ar aghaidh incháilithe ar choinníoll go gcomhlíonann siad na ceanglais a leagtar amach sa Rialachán seo.
5. Rannchuideoidh Plean na hÚcráine leis na tosaíochtaí uile nó fothacar suntasach de na tosaíochtaí a sainaithníodh i gcomhthéacs chonair aontachais na hÚcráine, mar a leagtar amach sa Tuairim ón gCoimisiún agus sa Tuarascáil Anailíseach, agus sa Chomhaontú Comhlachais lena n-áirítear Comhaontú Domhain Cuimsitheach Saorthrádála agus beidh sé comhsheasmhach leis na tosaíochtaí sin . Rannchuideoidh sé agus beidh sé comhsheasmhach freisin le Rannchuidiú na hÚcráine arna Chinneadh go Náisiúnta faoi Chomhaontú Pháras agus, má tá sé ar fáil, leis an bPlean Náisiúnta Fuinnimh agus Aeráide.
▌-
Airteagal 16
Ábhar Phlean na hÚcráine
1. Chun tacaíocht a fháil faoin tSaoráid, cuirfidh an Úcráin Plean na hÚcráine faoi bhráid an Choimisiúin.
2. Leagfar amach i bPlean na hÚcráine go háirithe na gnéithe seo a leanas, a mbeidh réasúnú agus bunús cuí ag dul leo:
|
(a) |
bearta ar freagairt riachtanas-bhunaithe, chomhleanúnach, chuimsitheach agus chothromaithe go leormhaith iad ar na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 3, lena n-áirítear athchóirithe struchtúracha agus bearta chun an cóineasú leis an Aontas a chur chun cinn chomh maith le cur i bhfeidhm na gcoinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 15(2), ionas go méadóidh Plean na hÚcráine ina iomláine ráta fáis gheilleagar na hÚcráine , go laghdóidh sé na héagothromaíochtaí eacnamaíocha agus sóisialta agus go n-áiritheofar leis dul chun cinn na hÚcráine i dtreo chaighdeáin shóisialta, eacnamaíocha agus chomhshaoil an Aontais ; |
|
(aa) |
míniú ar an gcaoi a rannchuidíonn Plean na hÚcráine le haghaidh a thabhairt go héifeachtach ar na dúshláin uile nó ar fhothacar suntasach díobh arna sainaithint sa Tuairim ón gCoimisiún maidir le hiarratas na hÚcráine ar bhallraíocht san Aontas Eorpach, nó dúshláin arna sainaithint i ndoiciméid ábhartha eile arna nglacadh go hoifigiúil ag an gCoimisiún i gcomhthéacs iarratas na hÚcráine ar bhallraíocht san Aontas Eorpach; |
|
(b) |
míniú ar an gcaoi a bhfuil an Plean agus a bhearta comhsheasmhach leis na prionsabail ghinearálta dá dtagraítear in Airteagal 4, chomh maith leis na ceanglais , na pleananna agus na cláir dá dtagraítear in Airteagal 15; |
|
(c) |
▌ tráthchlár táscach, agus na céimeanna cáilíochtúla agus cainníochtúla intomhaiste atá beartaithe agus a bheidh le cur chun feidhme faoin 31 Nollaig 2027; |
|
(ca) |
garspriocanna agus spriocanna intomhaiste agus insroichte, costáil ex ante táscach, chomh maith le míniú ar an gcaoi a bhfuil na bearta sin comhsheasmhach le ceanglais Airteagal 15, go háirithe mír 3 de; |
|
(d) |
na socruithe chun faireachán, tuairisciú agus meastóireacht éifeachtach a dhéanamh ar Phlean na hÚcráine ag an Úcráin, lena n-áirítear na céimeanna cáilíochtúla agus cainníochtúla intomhaiste atá beartaithe, agus na táscairí gaolmhara, chomh maith le rannpháirtíocht chuimsitheach thráthúil bheartaithe Verkhovna Rada agus na gcoistí faireacháin, dá dtagraítear in Airteagal 17a ; |
|
(e) |
míniú ar an gcaoi a gcomhfhreagraíonn an Plean do riachtanais téarnaimh , athchóirithe , atógála agus nuachóirithe a eascraíonn as an cogadh foghach na Rúise i réigiúin agus i mbardais na hÚcráine, agus ar an gcaoi a bhfeabhsaíonn sé dá bhrí sin a bhforbairt chuimsitheach eacnamaíoch, shóisialta agus chríochach, agus a dtacaíonn sé le hathchóiriú an díláraithe ar fud na hÚcráine agus le cóineasú i dtreo chaighdeáin an Aontais; cuirfear san áireamh sa mhíniú sin na cumhachtaí, na cúraimí agus na freagrachtaí a shanntar do leibhéil éagsúla rialtais; míniú ar an modheolaíocht agus ar na próisis a úsáidtear chun tionscadail a roghnú agus a chur chun feidhme, agus ar na sásraí chun páirt a thabhairt d’údaráis fhonáisiúnta, go háirithe bardais, chomh maith le heagraíochtaí na sochaí sibhialta, sa chinnteoireacht maidir le húsáid na tacaíochta sa phróiseas atógála ar an leibhéal áitiúil agus sa phróiseas grinnscrúdaithe dhaonlathaigh, go háirithe rochtain thráthúil agus chomhionann ar fhaisnéis agus ar chistí do na húdaráis fhonáisiúnta ábhartha ; an mhodheolaíocht arna húsáid chun caiteachas gaolmhar a rianú; agus míniú ar an gcaoi a n-áirithítear leis an bPlean gur sciar suntasach leordhóthanach den tacaíocht iad na tionscadail atógála arna roghnú agus arna gcur chun feidhme ag na húdaráis fhonáisiúnta sin; cumhdófar leis an míniú sin freisin nascadh agus comhpháirtíochtaí idir cathracha, mar aon le comhar idir piaraí agus cláir atá leabaithe i gcomhpháirtíochtaí idir cathracha agus réigiúin san Aontas agus san Úcráin; |
|
(f) |
chun Plean na hÚcráine a ullmhú agus, i gcás ina mbeidh fáil air, chun an Plean a chur chun feidhme, achoimre ar an bpróiseas comhairliúcháin, a rinneadh i gcomhréir leis an gcreat dlíthiúil náisiúnta, le geallsealbhóirí ábhartha, lena n-áirítear Verkhovna Rada, comhlachtaí ionadaíocha agus údaráis áitiúla agus réigiúnacha, comhpháirtíochtaí sóisialta agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta, agus an chaoi a léirítear ionchur na ngeallsealbhóirí sin i bPlean na hÚcráine; |
|
(g) |
míniú ar a mhéid a mheastar go rannchuideoidh na bearta faoi Phlean na hÚcráine le:
|
|
(h) |
míniú mionsonraithe ar chóras na hÚcráine agus na bearta atá beartaithe chun neamhrialtachtaí, calaois, éilliú , éilliú ardleibhéil agus coinbhleachtaí leasa a chosc, a bhrath agus a cheartú go héifeachtach, agus chun cionta coiriúla, a dhéanann difear do na cistí arna soláthar faoin tSaoráid, a imscrúdú agus a ionchúiseamh go héifeachtach , agus ar na socruithe a bhfuil sé mar aidhm leo cistiú dúbailte ón tSaoráid agus ó chláir eile de chuid an Aontais nó ó dheontóirí eile a sheachaint, agus chun comhar breithiúnach tapa le húdaráis inniúla an Aontais agus a Bhallstát a áirithiú ; |
|
(ha) |
míniú ar an gcaoi a n-áiritheoidh an Úcráin leibhéal leordhóthanach cosanta do leasanna airgeadais an Aontais trí chaighdeáin inchomparáide a chur i bhfeidhm dá bhforáiltear i Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 agus i ndlí gaolmhar eile de chuid an Aontais; |
|
(i) |
aon fhaisnéis ábhartha eile. |
3. Beidh Plean na hÚcráine bunaithe ar thorthaí agus áireofar ann táscairí intomhaiste amhail príomhtháscairí feidhmíochta, i gcás inarb infheidhme chun measúnú a dhéanamh ar an dul chun cinn arna dhéanamh maidir leis na cuspóirí ginearálta agus sonracha dá dtagraítear in Airteagal 3 a bhaint amach.
Airteagal 17
Plean na hÚcráine a ullmhú agus a chur isteach
1. Is é rialtas na hÚcráine a ullmhóidh Plean na hÚcráine agus is é Verkhovna Rada a fhormheasfaidh é, a dtabharfar am cuí dó chun an dréachtbhille a mheasúnú . Féachfaidh an Úcráin leis an bPlean a chur faoi bhráid an Choimisiúin laistigh de 3 mhí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo. Féadfaidh an Úcráin Dréachtphlean a chur faoi bhráid an Choimisiúin. Roinnfidh an Coimisiún an Dréachtphlean sin le Parlaimint na hEorpa agus leis an gComhairle .
2. Agus an Plean á ullmhú i gcomhréir le hAirteagal 16, tabharfaidh an Úcráin aird ar leith ar na rúin ábhartha ó Verkhovna Rada agus ar an staid i limistéir réigiúnacha, áitiúla agus uirbeacha na hÚcráine, agus a riachtanais shonracha maidir le téarnamh agus atógáil, athchóiriú, nuachóiriú agus dílárú á gcur san áireamh.
3. Déanfar Plean na hÚcráine a ullmhú agus a chur chun feidhme i gcomhairle le húdaráis réigiúnacha, áitiúla, uirbeacha agus údaráis phoiblí eile, lena n-áirítear aireachtaí líne ábhartha, an tsochaí shibhialta agus an comhphobal saineolaithe i gcomhréir le prionsabal an rialachais il-leibhéil agus cur chuige ón mbun aníos á chur san áireamh. I gcomhréir le prionsabal Comhpháirtíochta an Aontais agus leis an gCód Iompair Eorpach, áiritheoidh an Úcráin agus an Coimisiún go rachfar i gcomhairle go cuí le heagraíochtaí na sochaí sibhialta agus go mbeidh baint chuí acu leis an bpróiseas agus go mbeidh rochtain thráthúil acu ar fhaisnéis ábhartha chun go mbeidh siad in ann ról fóinteach a ghlacadh i gceapadh agus i gcur chun feidhme Phlean na hÚcráine.
Airteagal 17a
Rannpháirtíocht Verkhovna Rada agus oibleagáid na gCoistí Faireacháin i gcur chun feidhme Phlean na hÚcráine agus i meastóireacht air
1. Tar éis Plean na hÚcráine a chur isteach, soláthróidh rialtas na hÚcráine achoimrí go rialta do Verkhovna Rada agus don phobal ar an bhfaisnéis ábhartha uile maidir le cur chun feidhme Phlean na hÚcráine, go háirithe i gcomhthéacs leasuithe ar Phlean na hÚcráine, dá dtagraítear in Airteagal 20, ar bhealach cuimsitheach agus tráthúil. Tuairisceoidh rialtas na hÚcráine go pearsanta, ar bhonn ráithiúil, ag cruinnithe iomlánacha Verkhovna Rada.
2. Bunóidh rialtas na hÚcráine Coistí Faireacháin a mbeidh baint ag raon éagsúil geallsealbhóirí leo, lena n-áirítear eagraíochtaí neamhrialtasacha, agus tacaíocht acu ó chreat-chomhaontú sonrach le haghaidh comhar leis na heagraíochtaí neamhrialtasacha sin, i gcomhréir le Prionsabal Comhpháirtíochta an Aontais agus leis an gCód Iompair Eorpach. Tabharfar an t-eolas is déanaí do na Coistí Faireacháin go rialta maidir le staid chur chun feidhme Phlean na hÚcráine agus maidir leis an meastóireacht ar a bhearta. Soláthrófar faisnéis chuimsitheach, thráthúil agus ábhartha dóibh chun na críche sin agus tabharfar am iomchuí dóibh chun an fhaisnéis sin a phróiseáil. Cuirfear tuairimí na gCoistí Faireacháin ar aghaidh chuig an gCoimisiún, agus cuirfidh an Coimisiún iad ar fáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle Eorpach gan mhoill.
3. I gcás ina bhfaightear iarraidh chuí-réasúnaithe ó na Coistí Faireacháin, iarrfaidh rialtas na hÚcráine nó, i gcás inarb ábhartha, an Coimisiún iniúchtaí nó meastóireachtaí seachtracha ar bheart amháin nó níos mó atá i bPlean na hÚcráine, arna maoiniú le cistí atá ar fáil faoi Airteagal 6(1) pointe (d).
Airteagal 18
Measúnú ón gCoimisiún ar Phlean na hÚcráine
1. Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar ábharthacht, cuimsitheacht agus oiriúnacht Phlean na hÚcráine nó, i gcás inarb infheidhme, an leasaithe ar an bPlean sin dá dtagraítear in Airteagal 20, gan moill mhíchuí, agus , i gcás inarb iomchuí, féadfaidh sé gníomh tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 19. Agus an measúnú sin á dhéanamh aige, gníomhóidh an Coimisiún i ndlúthchomhar leis an Úcráin, agus féadfaidh sé barúlacha a thabhairt nó faisnéis bhreise a lorg.
2. Agus measúnú á dhéanamh ag an gCoimisiún ar Phlean na hÚcráine, agus an méid atá le leithdháileadh ar an Úcráin á chinneadh, cuirfidh sé san áireamh an fhaisnéis anailíseach ábhartha atá ar fáil maidir leis an Úcráin, an bonn cirt agus na gnéithe a chuir an Úcráin ar fáil dá dtagraítear in Airteagal 16(2), chomh maith le haon fhaisnéis ábhartha eile amhail, go háirithe, an fhaisnéis a liostaítear in Airteagal 15(5).
3. Ina mheasúnú, cuirfidh an Coimisiún na critéir seo a leanas san áireamh:
|
(a) |
an ionann an Plean agus freagairt riachtanas-bhunaithe, chomhleanúnach, chuimsitheach agus chothromaithe go leormhaith ar na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 3, lena n-áirítear athchóirithe struchtúracha agus bearta chun an smacht reachta agus an cóineasú leis an Aontas a chur chun cinn, chomh maith le cur i bhfeidhm na gcoinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 15(2) , ionas go mbíonn Plean na hÚcráine ina iomláine ina chúis le fás gheilleagar na hÚcráine, go laghdóidh sé na héagothromaíochtaí eacnamaíocha agus sóisialta agus go n-áiritheofar leis dul chun cinn na hÚcráine i dtreo chaighdeáin shóisialta, eacnamaíocha agus chomhshaoil an Aontais ; |
|
(aa) |
an rannchuidíonn Plean na hÚcráine le haghaidh a thabhairt go héifeachtach ar na dúshláin uile nó ar fhothacar suntasach díobh arna sainaithint sa Tuairim ón gCoimisiún maidir le hiarratas na hÚcráine ar bhallraíocht san Aontas Eorpach, nó dúshláin arna sainaithint i ndoiciméid ábhartha eile arna nglacadh go hoifigiúil ag an gCoimisiún i gcomhthéacs iarratas na hÚcráine ar bhallraíocht san Aontas Eorpach; |
|
(ab) |
an bhfuil Plean na hÚcráine agus a bhearta comhsheasmhach leis na prionsabail ghinearálta dá dtagraítear in Airteagal 4, chomh maith leis na ceanglais dá dtagraítear in Airteagal 15; |
|
(b) |
an gcomhfhreagraíonn Plean na hÚcráine do riachtanais téarnaimh, athchóirithe , atógála agus nuachóirithe i réigiúin agus i mbardais na hÚcráine, a eascraíonn as cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus an bhfeabhsaíonn sé dá bhrí sin a bhforbairt eacnamaíoch, shóisialta agus chríochach, agus an dtacaíonn sé le hathchóiriú an díláraithe ar fud na hÚcráine agus le cóineasú i dtreo chaighdeáin an Aontais; an iomchuí an mhodheolaíocht agus na próisis a úsáidtear chun tionscadail a roghnú agus a chur chun feidhme, agus na sásraí chun údaráis fhonáisiúnta, go háirithe bardais agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta , a bheith rannpháirteach i gcinnteoireacht maidir le húsáid na tacaíochta sa phróiseas atógála ar an leibhéal áitiúil agus sa phróiseas grinnscrúdaithe dhaonlathaigh, go háirithe rochtain thráthúil agus chomhionann ar fhaisnéis agus ar chistí do na húdaráis fhonáisiúnta ábhartha ; an iomchuí an mhodheolaíocht a úsáidtear chun caiteachas gaolmhar a rianú le haghaidh na dtionscadal atógála arna roghnú agus arna gcur chun feidhme ag na húdaráis fhonáisiúnta sin agus an sciar leormhaith den tacaíocht iad tionscadail den sórt sin; |
|
(ba) |
an meastar go rannchuideoidh na bearta i bPlean na hÚcráine leis an maolú ar an athrú aeráide agus leis an oiriúnú don athrú sin, le cosaint an chomhshaoil, leis an aistriú glas, lena n-áirítear an bhithéagsúlacht, nó le haghaidh a thabhairt ar na dúshláin a eascraíonn as, agus an é is aidhm do na bearta sin méid arb ionann é agus 20 % ar a laghad de leithdháileadh iomlán an Phlean a chur san áireamh, bunaithe ar an modheolaíocht le haghaidh rianú aeráide a leagtar amach in iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo; |
|
(bb) |
an bhfuil na bearta a áirítear i bPlean na hÚcráine comhoiriúnach leis na prionsabail ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’, a mhéid is féidir, agus ‘gan aon duine a fhágáil ar lár’ agus nach bhfuil aon bheart a áirítear sa Phlean ar neamhréir le Plean Náisiúnta Fuinnimh agus Aeráide na hÚcráine, má tá sé ar fáil, le Rannchuidiú na hÚcráine arna chinneadh go Náisiúnta faoi Chomhaontú Pháras, nó lena gcuirtear infheistíochtaí i mbreoslaí iontaise chun cinn; |
|
(bc) |
an meastar go gcuirfidh Plean na hÚcráine comhionannas inscne agus cumhachtú na mban agus na gcailíní chun cinn, agus an bhféachann sé le cearta na mban agus na gcailíní a chosaint agus a chur chun cinn i gcomhréir le Pleananna Gníomhaíochta AE maidir le hInscne agus le conclúidí ábhartha ón gComhairle agus le coinbhinsiúin idirnáisiúnta.; |
|
(c) |
an meastar go n-áiritheofar leis na socruithe atá beartaithe ag an Úcráin go ndéanfar faireachán, tuairisciú agus cur chun feidhme éifeachtach ar Phlean na hÚcráine agus ar aon nuashonruithe air sin, go háirithe rannpháirtíocht chuimsitheach agus thráthúil Verkhovna Rada agus na gCoistí Faireacháin, dá dtagraítear in Airteagal 17a , lena n-áirítear an tráthchlár atá beartaithe, céimeanna intomhaiste cáilíochtúla agus cainníochtúla, agus na táscairí gaolmhara agus a áirithiú go gcosnófar leasanna airgeadais an Aontais ; |
|
(d) |
an bhfuil coinne leis go ndéanfaidh na socruithe atá beartaithe ag an Úcráin neamhrialtachtaí, calaois, éilliú, struchtúir olagarc agus coinbhleachtaí leasa a chosc, a bhrath agus a cheartú go héifeachtach, mar aon le cionta coiriúla a dhéanann difear do na cistí arna soláthar faoin tSaoráid a imscrúdú agus a ionchúiseamh go héifeachtach , agus a áirithiú go bhféadfar cistiú dúbailte ón tSaoráid agus ó chláir eile de chuid an Aontais chomh maith le deontóirí eile a sheachaint; |
|
(da) |
an léirítear go héifeachtach sa Phlean don Úcráin ionchur an phróisis comhairliúcháin leis na geallsealbhóirí ábhartha, arna dhéanamh i gcomhréir leis an gcreat dlíthiúil náisiúnta, lena n-áirítear Verkhovna Rada, comhlachtaí agus údaráis ionadaíocha áitiúla agus réigiúnacha, comhpháirtithe sóisialta agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta. |
4. Chun críche an mheasúnaithe ar Phlean na hÚcráine arna chur isteach ag an Úcráin, féadfaidh saineolaithe cúnamh a thabhairt don Choimisiún.
Airteagal 19
Gníomh tarmligthe maidir le forálacha forlíontacha
1. I gcás ina ndéanfar measúnú dearfach ▌ ar ▌an bPlean don Úcráin ▌ a chuir isteach an Úcráin nó, i gcás inarb infheidhme, ar an leasú air a cuireadh isteach i gcomhréir le hAirteagal 20(1) nó (2), tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomh tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 38 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh le forálacha lena leagtar amach na hábhair dá dtagraítear i míreanna 2 agus 3 den Airteagal seo .
2. Leagfar amach sa ghníomh tarmligthe ón gComhairle, maidir leis an gcuid a bheidh le cistiú ag an tSaoráid, na hathchóirithe agus na hinfheistíochtaí atá le cur chun feidhme ag an Úcráin, na coinníollacha a eascraíonn as an bPlean mar a dhéantar tuairisc orthu in Airteagal 15(2), lena n-áirítear an tráthchlár táscach, na garspriocanna agus na spriocanna is gá chun eisíoc na méideanna dá dtagraítear in Airteagal 6(1) pointe (a) agus (2) agus ranníocaíochtaí ábhartha faoi mhír 4 den Airteagal sin.
3. Leagfar síos leis an ngníomh tarmligthe dá dtagraítear i mír 2 na nithe seo a leanas freisin:
|
(a) |
an tacaíocht airgeadais neamh-inaisíoctha tháscach agus méid táscach na tacaíochta iasachta atá le híoc i dtráthchodanna, arna struchtúrú i gcomhréir le hAirteagal 15, a luaithe a bheidh na céimeanna ábhartha cáilíochtúla agus cainníochtúla arna sainaithint i ndáil le cur chun feidhme Phlean na hÚcráine bainte amach go sásúil ag an Úcráin; |
|
(b) |
an tacaíocht airgeadais neamh-inaisíoctha agus méid na tacaíochta iasachta atá le híoc i bhfoirm réamh-mhaoinithe i gcomhréir le hAirteagal 23 agus a chuspóir ; |
|
(c) |
an teorann ama, nach cóir dó a bheith níos déanaí ná an 31 Nollaig 2027, faoinar gá céimeanna deiridh cáilíochtúla agus cainníochtúla le haghaidh tionscadail infheistíochta agus athchóirithe a bheith curtha i gcrích; |
|
(d) |
na socruithe agus an tráthchlár chun faireachán a dhéanamh ar Phlean na hÚcráine agus chun é a chur chun feidhme, go háirithe rannpháirtíocht Verkhovna Rada agus na gCoistí Faireacháin, dá dtagraítear in Airteagal 17a, agus, i gcás inarb ábhartha, na bearta is gá chun Airteagal 33 a chomhlíonadh; |
|
(e) |
na táscairí chun measúnú a dhéanamh ar an dul chun cinn i dtreo bhaint amach na gcuspóirí ginearálta agus sonracha a luaitear in Airteagal 3; |
|
(f) |
na socruithe chun rochtain iomlán ar na bunsonraí ábhartha a sholáthar don Choimisiún. |
3a. I gcás ina ndéanfaidh an Coimisiún measúnú diúltach ar Phlean na hÚcráine, cuirfidh sé measúnú a bhfuil údar cuí leis in iúl laistigh de dhá mhí tar éis don Úcráin an togra a chur isteach. Tar éis dó iarraidh a fháil ó Pharlaimint na hEorpa, tiocfaidh an Coimisiún os comhair na gcoistí inniúla chun mínithe a thabhairt maidir leis an measúnú diúltach ar Phlean na hÚcráine. Déanfaidh an Coimisiún faisnéis ábhartha shubstaintiúil a tharchur go comhuaineach chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle agus ar théarmaí comhionanna cúig lá oibre ar a laghad roimh an gcruinniú.
Airteagal 20
Leasuithe ar Phlean na hÚcráine
1. Féadfaidh rialtas na hÚcráine, tar éis dul i gcomhairle le Verkhovna Rada agus leis na Coistí Faireacháin dá dtagraítear in Airteagal17a , leasuithe ar Phlean na hÚcráine a mholadh. Sa chás sin, féadfaidh an Úcráin iarraidh réasúnaithe a dhéanamh ar an gCoimisiún togra a dhéanamh chun an gníomh tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 19(1) a leasú ina iomláine nó i bpáirt.
2. Féadfaidh an Coimisiún, tar éis dó Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle a chur ar an eolas , i gcomhaontú leis an Úcráin, an gníomh tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 19(1) a leasú, go háirithe chun athrú ar na méideanna atá ar fáil a chur i gcuntas, go háirithe mar gheall ar ranníocaíochtaí breise ó na Ballstáit nó ó fhoinsí eile dá dtagraítear in Airteagal 6(4).
3. I gcás ina measann an Coimisiún go bhfuil údar maith le leasú a dhéanamh ar Phlean na hÚcráine de bharr na gcúiseanna arna gcur in iúl ag an Úcráin, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar Phlean leasaithe na hÚcráine i gcomhréir le hAirteagal 18 agus déanfaidh sé togra chun an gníomh tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 19(1) a leasú.
Airteagal 20a
An Úcráin scórchlár sóisialta, eacnamaíoch agus comhshaoil
1. Bunóidh an Coimisiún scórchlár Phlean don Úcráin (‘an Scórchlár’), ina dtaispeánfar an dul chun cinn maidir le cur chun feidhme Phlean na hÚcráine i ngach ceann de na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 3, an staid shóisialta, eacnamaíoch agus chomhshaoil san Úcráin agus an dul chun cinn maidir leis an gcóineasú i dtreo chaighdeáin an Aontais.
2. Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomh tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 38 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí ghnéithe mionsonraithe an Scórchláir a bhunú d’fhonn an dul chun cinn maidir le cur chun feidhme Phlean na hÚcráine dá dtagraítear i mír 1, an staid shóisialta, eacnamaíoch agus chomhshaoil san Úcráin agus an dul chun cinn maidir leis an gcóineasú i dtreo chaighdeáin an Aontais a léiriú.
3. Beidh an Scórchlár ag feidhmiú faoi mhí Iúil 2024 agus ba cheart don Choimisiún é a nuashonrú dhá uair sa bhliain. Cuirfear an Scórchlár ar fáil go poiblí.
Airteagal 21
Comhaontú iasachta, oibríochtaí trína bhfaightear agus trína dtugtar iasachtaí
1. Chun an tacaíocht faoin tSaoráid i bhfoirm iasachtaí a mhaoiniú, tabharfar de chumhacht don Choimisiún, thar ceann an Aontais, na cistí is gá a fháil ar iasacht ar na margaí caipitil nó ó institiúidí airgeadais i gcomhréir le hAirteagal 220a de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046.
2. Ar ghlacadh an ghnímh tharmligthe chun feidhme ón gComhairle dá dtagraítear in Airteagal 19(1), déanfaidh an Coimisiún comhaontú iasachta leis an Úcráin i ndáil leis an méid dá dtagraítear in Airteagal 6(2). Leagfar síos sa chomhaontú iasachta tréimhse infhaighteachta agus téarmaí mionsonraithe na tacaíochta faoin tSaoráid i bhfoirm iasachtaí, lena n-áirítear i ndáil leis na córais rialaithe inmheánaigh dá dtagraítear in Airteagal 9(4), pointí (a) agus (c). Is é 35 bliana an uastréimhse a bheidh ag na hiasachtaí. Sa bhreis ar na heilimintí a leagtar síos in Airteagal 220(5) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046, beidh méid an réamh-mhaoinithe agus na rialacha maidir le himréiteach an réamh-mhaoinithe sa chomhaontú iasachta. Déanfaidh an Coimisiún na heilimintí seo a leanas a tharchur go comhuaineach chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle:
|
(a) |
méid na hiasachta in euro; |
|
(b) |
an mheánaibíocht; |
|
(c) |
an fhoirmle phraghsála, agus tréimhse infhaighteachta na hiasachta; |
|
(d) |
an t-uaslíon tráthchodanna agus an sceideal aisíocaíochta soiléir agus beacht; |
3. De mhaolú ar Airteagal 31(3), an dara habairt, de Rialachán (AE) 2021/947, ní thacóidh an Ráthaíocht do Ghníomhaíochtaí Seachtracha leis an gcúnamh airgeadais a thugtar don Úcráin i bhfoirm iasachtaí faoin tSaoráid.
4. Ní bhunófar aon fhoráil maidir leis na hiasachtaí faoin Rialachán seo agus, de mhaolú ar Airteagal 211(1) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046, ní shocrófar aon ráta soláthair mar chéatadán den mhéid dá dtagraítear in Airteagal 6(2) den Rialachán seo.
4a. Déanfar an comhaontú iasachta a tharchur go comhuaineach chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle, agus chuig Verkhovna Rada.
Airteagal 22
Fóirdheontas i leith costais iasachtaíochta
1. De mhaolú ar Airteagal 220(5) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 agus faoi réir na n-acmhainní atá ar fáil , féadfaidh an tSaoráid costas an chistithe, costas bainistithe leachtachta, agus costas seirbhíse a sheasamh le haghaidh forchostais riaracháin a bhaineann leis an iasachtaíocht agus leis an iasachtú (‘fóirdheontas i leith costais iasachtaíochta’), cé is moite de chostais a bhaineann le haisíoc luath na hiasachta. Le haghaidh na tréimhse ón 1 Eanáir 2024 go dtí an 31 Nollaig 2027, cumhdófar an fóirdheontas i leith costais iasachtaíochta faoi Chaibidil V. Féadfaidh an tSaoráid costas na bhfóirdheontas ráta úis a deonaíodh roimhe sin i Rialachán (AE) 2022/2463, i gCinneadh (AE) 2022/1628, i gCinneadh (AE) 2022/1201, agus i gCinneadh (AE) 2022/313 a sheasamh freisin, le haghaidh na tréimhse 2024-2027.
2. Féadfaidh an Úcráin an fóirdheontas i leith costais iasachtaíochta dá dtagraítear i mír 1 a iarraidh gach bliain. Féadfaidh an Coimisiún an fóirdheontas i leith costais iasachtaíochta a dhámhachtain le haghaidh méid nach mó ná teorainneacha na leithreasuithe arna gcur ar fáil sa bhuiséad bliantúil.
Airteagal 23
Réamh-mhaoiniú
1. Féadfaidh an Úcráin, in éineacht le cur isteach Phlean na hÚcráine, íocaíocht réamh-mhaoinithe a iarraidh ar méid suas le 7 % den tacaíocht airgeadais neamh-inaisíoctha agus den iasacht atá le soláthar faoi Chaibidil III.
2. Maidir le tacaíocht airgeadais neamh-inaisíoctha, féadfaidh an Coimisiún an réamh-mhaoiniú a íoc tar éis ghlacadh an phlean dá dtagraítear in Airteagal 19 agus tar éis theacht i bhfeidhm an chomhaontaithe maoiniúcháin dá dtagraítear in Airteagal 10, faoi réir na gcistí a bheidh ar fáil agus faoi réir chomhlíonadh an réamhchoinníll dá dtagraítear in Airteagal 5.
3. Maidir leis an tacaíocht iasachta, féadfaidh an Coimisiún íocaíocht an réamh-mhaoinithe a dhéanamh tar éis fhormheas an Phlean dá dtagraítear in Airteagal 19 agus tar éis theacht i bhfeidhm an chomhaontaithe iasachta dá dtagraítear in Airteagal 21. Cuirfear na híocaíochtaí faoi réir an chistithe atá ar fáil ar na margaí caipitil dá dtagraítear in Airteagal 21(1) agus faoi réir urramú an réamhchoinníll a leagtar amach in Airteagal 5.
4. Déanfaidh an Coimisiún cinneadh maidir leis an tréimhse ama le haghaidh eisíocaíocht an réamh-mhaoinithe, a fhéadfar a eisíoc i dtráinse amháin nó níos mó.
Airteagal 24
Maoiniú eisceachtúil idirlinne
1. Gan dochar d’Airteagal 23, mura sínítear an Creat-Chomhaontú dá dtagraítear in Airteagal 9 nó mura nglacfar Plean na hÚcráine dá dtagraítear i gCaibidil III faoin 31 Nollaig 2023, féadfaidh an Coimisiún cinneadh a dhéanamh tacaíocht eisceachtúil theoranta a chur ar fáil don Úcráin ar feadh uastréimhse 3 mhí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo nó ar an 1 Eanáir 2024, cibé acu is déanaí, ar choinníoll go bhfuil dul chun cinn sásúil déanta maidir le plean na hÚcráine a ullmhú, chun tacú le cobhsaíocht mhacra-airgeadais na hÚcráine, faoi réir coinníollacha a chomhaontófar i Meabhrán Tuisceana idir an Coimisiún agus an Úcráin, faoi réir chomhlíonadh an réamhchoinníll a leagtar amach in Airteagal 5, comhlíonadh Airteagal 6 agus faoi réir na gcistí atá ar fáil.
2. Ní rachaidh méid na tacaíochta sin thar EUR 1 500 000 000 ar bhonn míosúil. Déanfaidh an Coimisiún comhaontú maoiniúcháin nó iasachta leis an Úcráin, lena gcomhlíonfar, de réir mar is iomchuí, Airteagal 10 agus Airteagal 21, faoi seach.
Airteagal 25
Rialacha maidir le tacaíocht airgeadais neamh-inaisíoctha agus iasachtaí a íoc, a choinneáil siar agus a laghdú
1. Déanfar íocaíochtaí na tacaíochta airgeadais neamh-inaisíoctha agus na hiasachta leis an Úcráin faoin Airteagal seo i gcomhréir leis an nós imeachta buiséadach bliantúil agus faoi réir an chistithe atá ar fáil. Déanfar na híocaíochtaí i dtráthchodanna. Féadfar tráthchuid a eisíoc i dtráinse amháin nó níos mó.
2. Gach ráithe, féadfaidh an Úcráin isteach iarraidh chuí-réasúnaithe ar íocaíocht na tacaíochta airgeadais neamh-inaisíoctha agus na hiasachta, agus íocfaidh an Coimisiún an tacaíocht airgeadais neamh-inaisíoctha agus an iasacht ábhartha, ar bhonn an mheasúnaithe a ndéantar tuairisc air i mír 3. Aistreofar an iarraidh sin chuig coiste ábhartha Pharlaimint na hEorpa agus chuig foirmíocht ábhartha na Comhairle.
3. Déanfaidh an Coimisiún measúnú gan moill mhíchuí ar cibé ar chuir nó nár chuir an Úcráin i gcrích go sásúil na céimeanna cáilíochtúla agus cainníochtúla a leagtar amach sa ghníomh tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 19(1). Le cur i gcrích sásúil na gcéimeanna cáilíochtúla agus cainníochtúla, glacfar leis nár aisiompaigh an Úcráin na bearta a bhaineann leis na céimeanna a raibh comhlíonadh sásúil bainte amach ag an Úcráin ina leith. Féadfaidh saineolaithe cúnamh a thabhairt don Choimisiún.
4. I gcás ina ndéanfaidh an Coimisiún measúnú dearfach ar chur i gcrích sásúil na gcéimeanna cáilíochtúla agus cainníochtúla, glacfaidh sé cinneadh gan moill mhíchuí lena n-údarófar eisíocaíocht na coda sin den tacaíocht airgeadais neamh-inaisíoctha agus den iasacht a chomhfhreagraíonn do na céimeanna sin. Déanfar measúnú an Choimisiúin a tharchur go comhuaineach chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.
5. I gcás ina ndéanfaidh an Coimisiún measúnú diúltach ar chur i gcrích na gcéimeanna cáilíochtúla agus cainníochtúla de réir an tráthchláir tháscaigh, coinneofar siar íocaíocht na tacaíochta airgeadais neamh-inaisíoctha agus íocaíocht na hiasachta a chomhfhreagraíonn do na céimeanna sin. Ní eisíocfar an íocaíocht a coinníodh siar ach amháin nuair a bheidh bunús cuí tugtha ag an Úcráin, mar chuid d’iarraidh ar íocaíocht ina dhiaidh sin, go bhfuil na bearta is gá déanta aici chun a áirithiú go bhfuil na céimeanna cáilíochtúla agus cainníochtúla curtha i gcrích go sásúil. Foilseoidh an Coimisiún modheolaíocht chun páirt-chomhlíonadh na gcéimeanna a láimhseáil mar threoir. Déanfar measúnú an Choimisiúin a tharchur go comhuaineach chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.
6. I gcás ina gcinnfidh an Coimisiún nach ndearna an Úcráin na bearta is gá laistigh de thréimhse 12 mhí ón measúnú diúltach tosaigh dá dtagraítear i mír 5, laghdóidh an Coimisiún méid na tacaíochta airgeadais neamh-inaisíoctha agus méid na hiasachta i gcomhréir leis an gcuid a chomhfhreagraíonn do na céimeanna cáilíochtúla agus cainníochtúla ábhartha. Féadfaidh an Úcráin a barúlacha a chur isteach laistigh de 2 mhí tar éis don Choimisiún a chonclúidí a chur in iúl.
7. Féadfaidh an Coimisiún laghdú a dhéanamh ar mhéid na tacaíochta airgeadais neamh-inaisíoctha, lena n-áirítear trí fhritháireamh i gcomhréir le hAirteagal 102 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046, nó ar an iasacht don Úcráin dá dtagraítear i mír 4, i gcás cásanna sainaitheanta nó imní thromchúiseach maidir le neamhrialtachtaí, calaois, éilliú agus coinbhleachtaí leasa a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais nach bhfuil ceartaithe ag an Úcráin, nó i gcás sárú tromchúiseach ar oibleagáid a eascraíonn as comhaontuithe den sórt sin, lena n-áirítear ar bhonn tuarascálacha ón mBord Iniúchóireachta dá dtagraítear in Airteagal 34 nó ar bhonn faisnéise arna soláthar ag OLAF. Déanfar faisnéis faoi chinntí den sórt sin a aistriú chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.
8. De mhaolú ar Airteagal 116(2) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046, cuirfear tús leis an sprioc-am íocaíochta dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 1 d’Airteagal 116, de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ón dáta a chuirfear an cinneadh lena n-údaraítear an eisíocaíocht leis an Úcráin in iúl de bhun mhír 4 den Airteagal seo.
9. Ní bheidh feidhm ag Airteagal 116(5) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 maidir le híocaíochtaí a dhéanfar de bhun an Airteagail seo agus de bhun Airteagal 23 den Rialachán seo.
Airteagal 26
Trédhearcacht maidir le daoine agus tairbhithe deiridh a fhaigheann cistiú chun an Plean a chur chun feidhme
1. Foilseoidh an Úcráin sonraí cothrom le dáta maidir le daoine, eintitis agus tairbhithe deiridh a fhaigheann méideanna cistithe ar mó iad ná coibhéis EUR 100 000 carnach thar an tréimhse 4 bliana, chun na hathchóirithe agus na hinfheistíochtaí a shonraítear sa Phlean don Úcráin dá dtagraítear sa Chaibidil seo a chur chun feidhme. Beidh feidhm ag na rialacha ábhartha a leagtar síos i Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 .
2. Maidir le daoine, eintitis agus tairbhithe deiridh dá dtagraítear i mír 1, foilseofar an fhaisnéis seo a leanas i bhformáid mheaisín-inléite ar leathanach gréasáin, in ord iomlán na gcistí a fuarthas , agus aird chuí á tabhairt ar na ceanglais maidir le rúndacht agus slándáil, go háirithe cosaint sonraí pearsanta:
|
(a) |
i gcás duine dlítheanach, ainm dlíthiúil iomlán agus uimhir aitheantais CBL nó uimhir aitheantais cánach an fhaighteora, i gcás ina mbeidh fáil uirthi, nó aitheantóir eile uathúil arna shuíomh ar an leibhéal náisiúnta agus úinéir tairbhiúil an fhaighteora mar a nochtann an faighteoir go héigeantach é ; |
|
(b) |
i gcás duine nádúrtha, céadainm nó céadainmneacha agus sloinne nó sloinnte an fhaighteora, agus an áit chónaithe; |
|
(c) |
an méid a fuair an faighteoir, chomh maith le hathchóirithe agus infheistíochtaí faoi Phlean na hÚcráine a chuireann an méid seo lena gcur chun feidhme. |
3. Ar bhonn eisceachtúil agus i gcás ina dtugann rialtas na hÚcráine údar cuí leis, ní fhéadfar an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 2 a fhoilsiú, i gcás ina bhfuil baol ann go gcuirfeadh nochtadh na faisnéise sin cearta agus saoirsí na ndaoine nó na n-eintiteas lena mbaineann i mbaol go míchuí . Aistreofar an fhaisnéis sin chuig an gCoimisiún Eorpach agus chuig an mBord Iniúchóireachta, a fhéadfaidh an cinneadh gan an fhaisnéis sin a fhoilsiú a chur ar ceal.
4. Déanfaidh an Úcráin na sonraí maidir leis na daoine agus na heintitis dá dtagraítear i mír 1 a tharchur go leictreonach chuig an gCoimisiún uair sa bhliain ar a laghad i bhformáid mheaisín-inléite atá le sainiú sa Chreat-Chomhaontú dá dtagraítear in Airteagal 9(4), pointe (i).
Ullmhóidh an Coimisiún, i ndlúthchomhar le húdaráis na hÚcráine, clár cuideachtaí faoi thionchar olagarcach a shainaithnítear mar chuideachtaí a d’fhéadfadh cur isteach ar shaoriomaíocht chóir ar an margadh. Ní bheidh eintitis a shainaithnítear ar an gclár sin incháilithe chun cistí a fháil faoin tSaoráid, faoi réir na bhforálacha is gá maidir le coimircí dlíthiúla. Bunófar an clár sin faoin...[sé mhí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo] agus déanfar é a nuashonrú gach ráithe.
CAIBIDIL IV
Colún II: Creat Infheistíochta maidir leis an Úcráin
Airteagal 27
Raon feidhme agus struchtúr
1. Faoin gCreat Infheistíochta maidir leis an Úcráin, cuirfidh an Coimisiún tacaíocht ón Aontas ar fáil don Úcráin i bhfoirm ráthaíocht bhuiséadach, ionstraimí airgeadais nó oibríochtaí measctha.
2. Tacóidh bord oibríochtúil leis an gCoimisiún i gcur chun feidhme an Chreata Infheistíochta maidir leis an Úcráin. Molfaidh an Coimisiún na rialacha nós imeachta don bhord oibríochtúil.
3. Ar bhord oibríochtúil an Chreata Infheistíochta maidir leis an Úcráin, beidh ionadaithe ón gCoimisiún, ó gach Ballstát, ó Pharlaimint na hEorpa agus ionadaithe ó rialtas na hÚcráine agus an Verkhovna Rada . Féadfar stádas breathnóra a thabhairt do chontrapháirtithe a dhéanann Ráthaíocht na hÚcráine agus ionstraimí airgeadais a fhaigheann tacaíocht ón gCreat Infheistíochta maidir leis an Úcráin a chur chun feidhme. Déanfaidh an Coimisiún cathaoirleacht ar an mbord oibríochtúil.
4. Cuirfidh an bord oibríochtúil comhairle ar fáil don Choimisiún maidir le rogha na módúlachtaí tacaíochta, ceapadh na dtáirgí airgeadais a bheidh le húsáid, agus maidir le hearnálacha neamh-incháilithe. Forbróidh sé tuairimí maidir le húsáid thacaíocht an Aontais trí Ráthaíocht na hÚcráine, trí ionstraimí airgeadais agus trí oibríochtaí measctha.
5. Áiritheoidh an Coimisiún go mbeidh an tacaíocht a chuirtear ar fáil ón Aontas faoi gCreat Infheistíochta maidir leis an Úcráin comhsheasmhach le Plean na hÚcráine agus go rannchuideoidh sí lena chur chun feidhme, agus go gcomhlánóidh sí tacaíocht ón Aontas don Úcráin arna comhaontú faoi chláir agus ionstraimí eile de chuid an Aontais, lena gcuirfear san áireamh cur chun cinn na freagrachta sóisialta corparáidí agus an iompair fhreagraigh gnó, lena n-áirítear go háirithe trí threoirlínte, prionsabail agus coinbhinsiúin a comhaontaíodh go hidirnáisiúnta a urramú .
5a. Úsáidfear 35 % ar a laghad de na ráthaíochtaí dá bhforáiltear faoi Cholún II chun tacaíocht a thabhairt do Mhicrifhiontair, d’Fhiontair Bheaga agus Mheánmhéide, mar a shainmhínítear in Airteagal 2 den Iarscríbhinn a ghabhann le Moladh 2003/361/CE, lena n-áirítear gnólachtaí nuathionscanta, lena n-áirítear trí uirlisí airgeadais a bhfuil sé mar chuspóir acu an riosca a bhaineann le hoibríochtaí iasachtaithe bhainc áitiúla na hÚcráine a laghdú.
5b. Chun críocha Cholún II, forbróidh an Coimisiún, le tacaíocht ón mbord oibríochtúil, modheolaíocht agus próisis chun tuairisciú bliantúil a dhéanamh ar thacaíocht infheistíochta ina leagfar amach na gnéithe seo a leanas ar a laghad:
|
(a) |
leithdháileadh deontas, agus iasachtaí, agus gach ceann acu miondealaithe de réir an mhéid seo a leanas:
|
|
(b) |
an úsáid a bhaintear as ionstraim mhaoinithe chun tacú le FBManna; |
|
(c) |
céatadán na tacaíochta infheistíochta a bhfuil lagú thar a bheith dóchúil ina leith; |
|
(d) |
anailís cháilíochtúil ar phríomhéachtaí agus ar phríomhdhúshláin Cholún II. |
▌
7. Rannchuideoidh tacaíocht faoin gCreat Infheistíochta maidir leis an Úcráin go háirithe le cur chun feidhme Phlean na hÚcráine dá dtagraítear i gCaibidil III, agus na foinsí maoinithe a leagtar síos sa Rialachán seo á gcomhlánú ag an am céanna.
8. Tuairisceoidh an Coimisiún go bliantúil ar chur chun feidhme na tacaíochta faoin gCreat Infheistíochta maidir leis an Úcráin i gcomhréir le hAirteagal 41(4) agus (5) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046. Chun na críche sin, soláthróidh gach contrapháirtí de Ráthaíocht na hÚcráine agus gach eintiteas ar cuireadh cúram air, a bhfuil ionstraimí maoinithe á gcur chun feidhme acu, ar bhonn bliantúil, an fhaisnéis is gá chun go mbeidh an Coimisiún in ann a oibleagáidí tuairiscithe a chomhlíonadh.
Airteagal 28
Ranníocaíochtaí breise le Ráthaíocht na hÚcráine agus leis na hionstraimí airgeadais
1. Féadfaidh na Ballstáit, tríú tíortha agus tríú páirtithe rannchuidiú le Ráthaíocht na hÚcráine, agus leis na hionstraimí airgeadais arna mbunú faoin gCreat Infheistíochta maidir leis an Úcráin. Déanfar ranníocaíochtaí le ráthaíocht na hÚcráine i gcomhréir le hAirteagal 218(2) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046.
2. Leis na ranníocaíochtaí le Ráthaíocht na hÚcráine, méadófar méid Ráthaíocht na hÚcráine gan dliteanais theagmhasacha bhreise don Aontas a bheith mar thoradh orthu.
3. Maidir leis na ranníocaíochtaí uile dá dtagraítear i mír 1, tabharfar comhaontú ranníocaíochta i gcrích idir an Coimisiún, thar ceann an Aontais, agus an ranníocóir. Leagtar síos ann, go háirithe, forálacha maidir le coinníollacha íocaíochta. Cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas go comhuaineach agus gan mhoill faoi na ranníocaíochtaí arna bhformheas.
Airteagal 29
Cur chun feidhme Ráthaíocht na hÚcráine agus na n-ionstraimí airgeadais
1. Déanfar Ráthaíocht na hÚcráine agus ionstraimí airgeadais a fhaigheann tacaíocht faoin gCreat Infheistíochta maidir leis an Úcráin a chur chun feidhme faoi bhainistíocht indíreach de bhun Airteagal 62(1), an chéad fhomhír, pointe (c), de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046.
2. Is iad na contrapháirtithe incháilithe chun críocha Ráthaíocht na hÚcráine agus na heintitis incháilithe ar cuireadh cúram orthu chun críche ionstraimí airgeadais, na contrapháirtithe incháilithe agus na heintitis incháilithe a bheidh sainaitheanta in Airteagal 208(4) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046, lena n-áirítear contrapháirtithe ó thríú tíortha a dhéanann ranníocaíocht le Ráthaíocht na hÚcráine i gcomhréir le hAirteagal 28 den Rialachán seo. Ina theannta sin, de mhaolú ar Airteagal 62(1), pointe (c), de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046, comhlachtaí arna rialú ag dlí príobháideach Ballstáit, nó tríú tír a bhfuil ranníocaíocht déanta aici le Ráthaíocht na hÚcráine i gcomhréir le hAirteagal 28 den Rialachán seo, agus a thugann dearbhú leordhóthanach maidir lena n-acmhainneacht airgeadais agus oibríochtúil, beidh siad incháilithe chun críche Ráthaíocht na hÚcráine. Tabharfar tús áite do na comhlachtaí sin a nochtann faisnéis a bhaineann le critéir chomhshaoil, shóisialta, chánach agus rialachais chorparáidigh. Chun na críche sin, cruthóidh an Coimisiún tairseach gréasáin ina mbeidh treoir leormhaith agus sholáimhsithe maidir le nochtadh, ina mbeidh samplaí den nochtadh sin.
3. Áiritheoidh an Coimisiún úsáid éifeachtach, éifeachtúil , riachtanas-bhunaithe agus chóir na n-acmhainní atá ar fáil i measc contrapháirtithe incháilithe agus, i gcás inarb ábhartha, na n-eintiteas incháilithe ar cuireadh cúram orthu, mar chuid de chur chuige cuimsitheach, agus comhar eatarthu á chur chun cinn ag an am céanna agus aird chuí á tabhairt ar a n-acmhainneachtaí, a mbreisluach, a dtaithí agus a n-acmhainneacht i leith rioscaí a ghlacadh.
3a. Cuirfidh an Coimisiún de cheangal ar na contrapháirtithe incháilithe agus ar na heintitis incháilithe ar fad ar cuireadh cúram orthu a bheith an-chúramach chun aon chleachtais éillitheacha, fabharachas nó comhchruinniú míchuí réigiúnach nó earnálach maidir le leithdháileadh nó úsáid acmhainní a sheachaint, a thuairisciú agus a chomhrac agus ceanglóidh sé tuairisciú agus iniúchadh tiomnaithe ar na gnéithe sin, i gcás inarb ábhartha.
4. Áiritheoidh an Coimisiún cóir chothrom do na contrapháirtithe incháilithe uile agus na heintitis incháilithe uile ar cuireadh cúram orthu agus áiritheoidh sé go seachnófar coinbhleachtaí leasa le linn thréimhse cur chun feidhme an Chreata Infheistíochta maidir leis an Úcráin. Chun comhlántacht a áirithiú, féadfaidh an Coimisiún aon fhaisnéis ábhartha faoina n-oibríochtaí nach dtacaíonn an tAontas leo a iarraidh ó chontrapháirtithe incháilithe chun críche ráthaíocht na hÚcráine nó ó eintitis incháilithe ar cuireadh cúram orthu chun críche ionstraimí airgeadais.
Airteagal 30
Ráthaíocht na hÚcráine
1. Bunófar Ráthaíocht na hÚcráine ar fiú EUR 8 914 000 000 í i bpraghsanna reatha chun oibríochtaí a thacaíonn le cuspóirí na Saoráide a ráthú. Beidh Ráthaíocht na hÚcráine féinrialaitheach agus neamhspleách ar an Ráthaíocht do Ghníomhaíochtaí Seachtracha arna bunú le Rialachán (AE) 2021/947 agus deonófar í mar ráthaíocht neamh-inchúlghairthe, neamhchoinníollach agus ar fáil ar éileamh i gcomhréir le hAirteagal 219(1) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046.
1a. Tacóidh Ráthaíocht na hÚcráine le hoibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 209(2), pointí (a) go (e) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046.
2. Úsáidfear Ráthaíocht na hÚcráine chun na rioscaí a chumhdach do na cineálacha oibríochtaí seo a leanas , i gcomhréir le forálacha Airteagal 27 :
|
(a) |
iasachtaí, lena n-áirítear iasachtaí san airgeadra áitiúil; |
|
(b) |
ráthaíochtaí; |
|
(c) |
frithráthaíochtaí; |
|
(d) |
ionstraimí margaidh caipitil; |
|
(e) |
aon chineál eile cistithe nó feabhsaithe creidmheasa, árachais, agus ranníocaíochtaí cothromais nó cuasachothromais. |
3. Thar ceann an Aontais, tabharfaidh an Coimisiún comhaontuithe Ráthaíocht na hÚcráine i gcrích le contrapháirtithe incháilithe go dtí an 31 Nollaig 2027. Féadfar ráthaíocht na hÚcráine a dheonú de réir a chéile.
Soláthróidh an Coimisiún faisnéis maidir le síniú gach comhaontaithe maidir le Ráthaíocht na hÚcráine sna tuarascálacha dá dtagraítear in Airteagal 27(8). Tabharfar fógra go comhuaineach do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi shíniú na gcomhaontuithe ráthaíochta uile a thugtar i gcrích faoi Ráthaíocht na hÚcráine. Déanfar na comhaontuithe uile maidir le Ráthaíocht na hÚcráine a tharchur go comhuaineach chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle, agus cosaint faisnéise rúnda agus íogaire ó thaobh na tráchtála de á cur san áireamh.
4. Ina gcuid de chomhaontuithe maidir le Ráthaíocht na hÚcráine beidh, go háirithe:
|
(a) |
rialacha mionsonraithe maidir le cumhdach, infheistíochtaí bliantúla measta, ceanglais, incháilitheacht agus nósanna imeachta; |
|
(b) |
rialacha mionsonraithe maidir le Ráthaíocht na hÚcráine a sholáthar, lena n-áirítear socruithe na Ráthaíochta maidir le cumhdach agus cumhdach sainithe na Ráthaíochta i dtaca le punanna agus le tionscadail de chineálacha sonracha ionstraimí, chomh maith le hanailís rioscaí a dhéanamh ar thionscadail agus ar phunanna tionscadail, lena n-áirítear ar leibhéil earnálacha, réigiúnacha agus náisiúnta; |
|
(c) |
tagairt do chuspóirí agus d’aidhm na Saoráide, measúnú ar na riachtanais agus léiriú ar na torthaí a mheastar a bheidh ann; |
|
(d) |
íocaíocht Ráthaíocht na hÚcráine, a shocrófar ar théarmaí lamháltais lena léireofar staid shonrach na hÚcráine, a ndearnadh damáiste di mar gheall ar an gcogadh, agus próifílí riosca faoi seach na gclár infheistíochta á gcur san áireamh chun cothrom iomaíochta a áirithiú; |
|
(e) |
ceanglais maidir le Ráthaíocht na hÚcráine a úsáid, lena n-áirítear coinníollacha íocaíochta, amhail tréimhsí ama sonracha, an t-ús a íocfar ar mhéideanna atá dlite, speansais agus costais aisghabhála agus socruithe leachtacha a bhféadfadh gá a bheith leo; |
|
(f) |
nósanna imeachta maidir le héilimh, lena n-áirítear eachtraí gníomachtúcháin agus tréimhsí feithimh ach ina mbeidh nithe eile chomh maith, agus nósanna imeachta maidir le héilimh a aisghabháil; |
|
(g) |
oibleagáidí faireacháin, tuairiscithe, trédhearcachta agus meastóireachta; |
|
(h) |
nósanna imeachta gearáin soiléire agus inrochtana do thríú páirtithe a bhféadfadh tionchar a bheith ag cur chun feidhme tionscadal a fhaigheann tacaíocht ó Ráthaíocht na hÚcráine orthu. |
5. Féadfaidh an Coimisiún suas le 30 % den mhéid dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a úsáid chun méideanna na ráthaíochta a sholáthraítear trí chomhaontuithe maidir leis an Ráthaíocht do Ghníomhaíochtaí Seachtracha arna dtabhairt i gcrích de bhun Airteagal 38 de Rialachán (AE) 2021/947 a mhéadú faoi réir an mhéid seo a leanas:
|
(a) |
chun críche na míre seo, cuirfear Ráthaíocht na hÚcráine chun feidhme trí leasú ar chomhaontuithe arna dtabhairt i gcrích de bhun Airteagal 38 de Rialachán (AE) 2021/947, nó trí aguisín a chur leo, leis na contrapháirtithe incháilithe arna roghnú de bhun Airteagal 35 de Rialachán (AE) 2021/947 lena méadaítear méid na ráthaíochta faoi na comhaontuithe sin, atá le síniú laistigh de 4 mhí ó theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo; |
|
(b) |
ní úsáidfidh na contrapháirtithe incháilithe Ráthaíocht na hÚcráine faoin mír seo ach amháin chun tacú le cur chun feidhme na n-oibríochtaí san Úcráin agus ní bheidh ach glaonna ráthaíochta ó oibríochtaí san Úcráin incháilithe do chumhdach ó Ráthaíocht na hÚcráine faoin mír seo; |
|
(c) |
de mhaolú ar an dara fomhír d’Airteagal 36(1) de Rialachán (AE) 2021/947 beidh na hoibríochtaí a chumhdaítear le Ráthaíocht na hÚcráine faoin mír seo ina bpunann ar leithligh de Ráthaíocht na hÚcráine agus ní chuirfear san áireamh iad chun an cumhdach de 65 % dá dtagraítear in Airteagal 36(1) de Rialachán (AE) 2021/947 a ríomh; |
|
(d) |
leis an gcomhroinnt riosca i bpunann ar leithligh de Ráthaíocht na hÚcráine, áiritheofar ailíniú leasa idir an Coimisiún agus an contrapháirtí incháilithe i gcomhréir le hAirteagal 209(2)(e) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 agus rannchuideoidh an contrapháirtí leis an bpunann sin lena n-acmhainní dílse i gcomhréir le hAirteagal 219(4) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046; |
|
(e) |
bunóidh na contrapháirtithe cuntasaíocht agus tuairisciú ar leithligh le haghaidh cur chun feidhme Ráthaíocht na hÚcráine faoin mír seo; |
|
(f) |
Beidh feidhm ag Airteagal 31 maidir le soláthar Ráthaíocht na hÚcráine faoin mír seo. Úsáidfear an soláthar go heisiach chun caillteanais faoi Ráthaíocht na hÚcráine a chumhdach. Ní úsáidfear an soláthar a bhunaítear faoi Airteagal 31(5) de Rialachán (AE) 2021/947 le haghaidh chumhdach na n-oibríochtaí faoi Ráthaíocht na hÚcráine. |
6. Formheasfaidh an contrapháirtí incháilithe oibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta i gcomhréir lena rialacha agus a nósanna imeachta féin agus i gcomhréir leis an gcomhaontú maidir le Ráthaíocht na hÚcráine.
7. Is é 3 bliana tar éis thabhairt i gcrích an chomhaontaithe ábhartha maidir le Ráthaíocht na hÚcráine an uastréimhse a cheadófar do chontrapháirtithe incháilithe chun conarthaí a shíniú le hidirghabhálaithe airgeadais nó le faighteoirí deiridh, agus féadfar síneadh a chur leis an tréimhse sin i gcás go ndeonófar méid breise ráthaíochta agus i gcás go leasófar an comhaontú ráthaíochta.
8. Féadfar na nithe seo a leanas a chumhdach le Ráthaíocht na hÚcráine:
|
(a) |
i gcás ionstraimí fiachais, an phríomhshuim agus an t-ús agus na méideanna uile atá dlite don chontrapháirtí incháilithe roghnaithe, ach nach bhfuarthas i gcomhréir le téarmaí na n-oibríochtaí maoiniúcháin tar éis mainneachtain a bheith ann; |
|
(b) |
i gcás infheistíochtaí cothromais, na méideanna arna n-infheistiú agus na costais chistiúcháin a bhaineann leo; |
|
(c) |
i gcás oibríochtaí eile maoiniúcháin agus infheistíochta dá dtagraítear i mír 2, na méideanna arna n-úsáid agus na costais chistiúcháin a bhaineann leo; |
|
(d) |
gach speansas agus gach costas aisghabhála ábhartha a bhaineann le mainneachtain, mura n-asbhaintear na speansais agus na costais sin as fáltais aisghabhála. |
9. Chun críocha cuntasaíochta an Choimisiúin agus a thuairiscithe ar na rioscaí a chumhdaítear le Ráthaíocht na hÚcráine agus i gcomhréir le hAirteagal 209(4) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 cuirfidh na contrapháirtithe incháilithe lena bhfuil comhaontú maidir le Ráthaíocht na hÚcráine tugtha chun críche tuarascálacha airgeadais faoi bhráid an Choimisiúin agus na Cúirte Iniúchóirí gach bliain maidir leis na hoibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta a chumhdaítear leis an Rialachán seo arna n-iniúchadh ag iniúchóir seachtrach neamhspleách agus ina mbeidh faisnéis maidir leis na nithe seo a leanas, inter alia:
|
(a) |
an measúnú riosca ar oibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta na gcontrapháirtithe incháilithe, lena n-áirítear faisnéis faoi dhliteanais an Aontais arna dtomhas i gcomhréir le rialacha cuntasaíochta an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 80 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 agus i gCaighdeáin Idirnáisiúnta Chuntasaíochta na hEarnála Poiblí; |
|
(b) |
an oibleagáid airgeadais atá gan íoc ag an Aontas a eascraíonn as Ráthaíocht na hÚcráine arna soláthar le haghaidh na gcontrapháirtithe incháilithe agus a n-oibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta, arna miondealú de réir oibríochtaí aonair. |
9a. Soláthróidh na contrapháirtithe incháilithe don Choimisiún freisin, arna iarraidh sin, aon fhaisnéis bhreise is gá chun oibleagáidí an Choimisiúin de bhun an Rialacháin seo a chomhlíonadh, mar aon le faisnéis maidir le comhlíontacht le cearta an duine, agus le caighdeán sóisialta, saothair agus comhshaoil.
10. Beidh feidhm ag an gcoinníoll a leagtar amach in Airteagal 219(4) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 maidir le ranníocaíochtaí le hacmhainní dílse maidir le gach contrapháirtí incháilithe a leithdháiltear ráthaíocht bhuiséadach air faoin gCreat Infheistíochta maidir leis an Úcráin ar bhonn punainne.
11. Beidh feidhm ag an gcreat bainistithe riosca faoin gCiste Eorpach um Fhorbairt Inbhuanaithe Plus+ dá dtagraítear in Airteagail 33(7) agus (8) de Rialachán (AE) 2021/947 maidir le Ráthaíocht na hÚcráine. Féadfaidh próifíl riosca fhoriomlán na n-oibríochtaí a chumhdaítear le Ráthaíocht na hÚcráine a bheith éagsúil le próifíl riosca fhoriomlán na Ráthaíochta do Ghníomhaíochtaí Seachtracha. Áiritheoidh an Coimisiún nach sáróidh an riosca a bhaineann leis na hoibríochtaí ráthaithe acmhainn bhuiséad an Aontais chun na rioscaí sin a sheasamh mar a chinntear leis na hacmhainní buiséadacha atá ar fáil agus leis an ráta soláthair dá dtagraítear in Airteagal 31(1) den Rialachán seo.
Airteagal 31
Soláthar
1. 70 % a bheidh sa ráta soláthair do Ráthaíocht na hÚcráine ar dtús , a sholáthrófar ó bhuiséad an Aontais trí líne shonrach bhuiséid.
De mhaolú ar Airteagal 211(2), an dara habairt den dara fomhír de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046, socrófar an soláthar go dtí an 31 Nollaig 2027 agus beidh sé cothrom le méid an tsoláthair a chomhfhreagraíonn do ráthaíocht na hÚcráine arna deonú agus féadfar é a shocrú de réir a chéile chun an dul chun cinn maidir le roghnú agus cur chun feidhme na n-oibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta a thacaíonn le cuspóirí na Saoráide a léiriú.
2. Déanfar an ráta soláthair a athbhreithniú uair sa bhliain ar a laghad tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.
3. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomh tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 38 chun an ráta soláthair a leasú agus na critéir a leagtar amach in Airteagal 211(2) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 á gcur i bhfeidhm ag an am céanna, agus, i gcás inarb ábhartha, chun uasmhéid na ráthaíochta dá dtagraítear in Airteagal 30(1) den Rialachán seo a mhéadú nó a laghdú suas le 30 % ▌. Ní fhéadfaidh an Coimisiún uasmhéid na ráthaíochta a mhéadú ach amháin má laghdaítear an ráta soláthair. Gan dochar d’Airteagal 30(3), féadfaidh an Coimisiún foráil a dhéanamh go mbeidh méid méadaithe na ráthaíochta ar fáil chun comhaontuithe ráthaíochta a shíniú de réir a chéile thar 3 bliana.
4. De mhaolú ar Airteagal 213 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046, ní bheidh feidhm ag an ráta soláthair iarbhír maidir leis an soláthar a chuirtear ar leataobh sa chiste don soláthar coiteann i ndáil le Ráthaíocht na hÚcráine.
Airteagal 31a
Sásra casaoide agus sásaimh
I bhfianaise na gcasaoidí a d’fhéadfadh a bheith ag tríú páirtithe, lena n-áirítear pobail agus daoine aonair a ndéanfadh tionscadail a fhaigheann tacaíocht ó Ráthaíocht na hÚcráine difear dóibh, foilseoidh an Coimisiún agus toscaireacht an Aontais Eorpaigh san Úcráin ar a suíomhanna gréasáin tagairtí díreacha do shásraí gearáin na gcontrapháirtithe ábhartha a bhfuil comhaontuithe tugtha i gcrích acu leis an gCoimisiún. Soláthróidh an Coimisiún an deis freisin gearáin a fháil go díreach maidir leis an mbealach a ndéileálfaidh na contrapháirtithe incháilithe le casaoidí. Cuirfidh an Coimisiún faisnéis a gheofar trí aon ghearáin san áireamh i bhfianaise an chomhair a bheidh ann amach anseo leis na contrapháirtithe sin.
Airteagal 31b
Foilseoidh an Coimisiún ar a thairseach gréasáin faisnéis faoi oibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta agus gnéithe bunriachtanacha chomhaontuithe Ráthaíocht na hÚcráine, lena n-áirítear faisnéis faoi chéannacht dhlíthiúil contrapháirtithe incháilithe, tairbhí forbartha ionchasacha agus nósanna imeachta gearáin, agus cosaint faisnéise rúnda agus íogaire ó thaobh na tráchtála de á cur san áireamh.
Airteagal 31c
I gcomhréir lena mbeartais trédhearcachta agus le rialacha an Aontais maidir le cosaint sonraí agus maidir le rochtain ar dhoiciméid agus ar fhaisnéis, cuirfidh na contrapháirtithe incháilithe ar fáil go poiblí ar a suíomhanna gréasáin, ar bhonn réamhghníomhach agus córasach, faisnéis a bhaineann leis na hoibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta uile a chumhdaítear le Ráthaíocht na hÚcráine, go háirithe faisnéis a bhaineann leis an gcaoi a rannchuidíonn na hoibríochtaí sin le cuspóirí agus cheanglais an Rialacháin seo a bhaint amach. I gcás inar féidir é, déanfar an fhaisnéis sin a mhiondealú ar leibhéal na dtionscadal. Cuirfidh an fhaisnéis sin cosaint faisnéise rúnda agus íogaire ó thaobh na tráchtála de san áireamh. Déanfaidh na contrapháirtithe incháilithe tacaíocht ón Aontas a phoibliú freisin i ngach faisnéis a fhoilseoidh siad maidir le hoibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta dá gcumhdaítear le Ráthaíocht na hÚcráine i gcomhréir leis an Rialachán seo.
CAIBIDIL V
Colún III: Bearta cúnaimh agus tacaíochta maidir le haontachas don Aontas
Airteagal 32
Bearta cúnaimh agus tacaíochta maidir le haontachas don Aontas
1. Leis an gcúnamh faoin gCaibidil seo, tacófar leis an Úcráin na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 3 a bhaint amach. Go háirithe, beidh sé d’aidhm ag an gcúnamh dá bhforáiltear faoin gCaibidil seo tacú le hailíniú forásach na hÚcráine le ‘acquis’ an Aontais d’fhonn ballraíocht a ghlacadh san Aontas amach anseo, agus ar an gcaoi sin rannchuidiú leis an gcobhsaíocht fhrithpháirteach, leis an tslándáil, leis an tsíocháin agus leis an rathúnas. Áireofar ar an tacaíocht sin an smacht reachta, an daonlathas, urraim do chearta an duine agus saoirsí bunúsacha a neartú, éifeachtacht an riaracháin phoiblí agus acmhainneachtaí institiúideacha a threisiú , dílárú agus tacú le trédhearcacht, le hathchóirithe struchtúracha le beartais earnálacha agus le dea-rialachas ar gach leibhéal. Ba cheart go rannchuideodh an tacaíocht sin freisin le cur chun feidhme an Phlean.
2. Cuirfear cúnamh ar fáil faoin gCaibidil seo freisin chun a áirithiú go neartófar acmhainneachtaí na ngeallsealbhóirí, lena n-áirítear comhpháirtithe sóisialta, eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus údaráis áitiúla agus réigiúnacha, lena n-áirítear trí nascadh agus nascadh bailte, agus trí chomhar idir piaraí agus cláir atá leabaithe i gcomhpháirtíochtaí idir cathracha agus réigiúin na hEorpa agus na hÚcráine a chur chun cinn .
3. Leis an gcúnamh faoin gCaibidil seo, tacófar freisin le bearta agus próisis cothaithe muiníne lena gcuirtear chun cinn an ceartas, lorg na fírinne, íocaíochtaí ó Chónaidhm na Rúise as an damáiste atá déanta chomh maith le fianaise a bhailiú ar choireanna atá déanta ag an Rúis, a comhghuaillithe agus a hionadaithe le linn an chogaidh chun críche ionchúiseamh a dhéanamh ar choireanna atá déanta ag an Rúis le linn a chogaidh fhoghaigh i gcoinne na hÚcráine . Cistiú do thionscnaimh agus do chomhlachtaí a bhfuil baint acu le tacú leis an gceartas idirnáisiúnta san Úcráin agus leis an gceartas sin a fhorfheidhmiú, féadfar é a sholáthar faoin gCaibidil seo. Cuirfear in iúl do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle agus don Choimisiún na torthaí a gheofar de thoradh na mbeart sin.
4. Leis an gcúnamh faoin gCaibidil seo, tacófar le cruthú agus neartú údaráis na hÚcráine atá freagrach as a áirithiú go mbainfear úsáid iomchuí as cistí, as iniúchtaí agus comhrac éifeachtach i gcoinne mhíbhainistiú an chistithe phoiblí, go háirithe calaois, éilliú agus móréillitheacht, struchtúir olagarcacha, coinbhleacht leasa agus neamhrialtachtaí arna dtabhú i ndáil le haon mhéid a chaitear chun cuspóirí na Saoráide a bhaint amach.
5. Déanfar feidhmiú an Bhoird Iniúchóireachta dá dtagraítear in Airteagal 34 a chistiú faoin gCaibidil seo.
6. Déanfar an fóirdheontas i leith costais iasachtaíochta dá dtagraítear in Airteagal 22 a chistiú faoin gCaibidil seo.
CAIBIDIL VI
Leasanna airgeadais an Aontais a chosaint
Airteagal 33
Leasanna airgeadais an Aontais a chosaint
1. Agus an tSaoráid á cur chun feidhme, déanfaidh an Coimisiún agus an Úcráin na bearta iomchuí uile is gá chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint, agus prionsabal na comhréireachta agus na coinníollacha sonracha faoina bhfeidhmeoidh an tSaoráid, an réamhchoinníoll a leagtar amach in Airteagal 5(1) agus na coinníollacha a leagtar amach sa chreat-chomhaontú agus i gcomhaontuithe sonracha maoiniúcháin nó iasachta á gcur san áireamh, go háirithe maidir le calaois, éilliú, coinbhleachtaí leasa agus neamhrialtachtaí a chosc, a bhrath agus a cheartú, chomh maith le cionta coiriúla a dhéanann difear do na cistí a sholáthraítear faoin tSaoráid a imscrúdú agus a ionchúiseamh . Geallfaidh an Úcráin go ndéanfaidh sí dul chun cinn i dtreo creat dlíthiúil stóinsithe chun calaois a chomhrac trí bhíthin an dlí choiriúil, córas bainistithe agus rialaithe atá éifeachtach agus éifeachtúil agus áiritheoidh sí gur féidir méideanna a íocadh go mícheart nó a úsáideadh go mícheart a aisghabháil. Geallfaidh an Úcráin freisin go n-áiritheoidh sí go ndéileálfaidh údaráis inniúla na hÚcráine, gan mhoill, le hiarrataí ar chúnamh dlíthiúil frithpháirteach agus le hiarrataí ar eiseachadadh ó OIPE agus ó údaráis inniúla na mBallstát maidir le cionta coiriúla a dhéanann difear do na cistí faoin tSaoráid.
2. Leis na comhaontuithe dá dtagraítear in Airteagail 9, 10 agus 21, forálfar d’oibleagáidí na hÚcráine chun an méid seo a leanas a dhéanamh:
|
(a) |
a sheiceáil go rialta gur úsáideadh an maoiniú arna chur ar fáil i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme, go háirithe maidir le calaois, struchtúir olagarcacha, éilliú, coinbhleachtaí leasa agus neamhrialtachtaí nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais a chosc, a bhrath agus a cheartú; |
|
(aa) |
sceithirí a chosaint; |
|
(b) |
bearta iomchuí a dhéanamh chun calaois, éilliú, coinbhleachtaí leasa agus neamhrialtachtaí a chosc, a bhrath agus a cheartú, chomh maith le cionta coiriúla a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais a imscrúdú agus a ionchúiseamh , cistiú dúbailte a bhrath agus a sheachaint agus gníomhaíochtaí dlí a dhéanamh chun cistí a míleithreasaíodh a aisghabháil, lena n-áirítear i ndáil le haon bheart chun athchóirithe agus tionscadail infheistíochta a chur chun feidhme faoi Phlean na hÚcráine agus bearta iomchuí a dhéanamh chun déileáil le hiarrataí ar chúnamh dlíthiúil frithpháirteach ó OIPE agus ó údaráis inniúla na mBallstát maidir le cionta coiriúla a dhéanann difear do na cistí faoin tSaoráid, gan mhoill; i gcás inarb infheidhme, déanfaidh údaráis inniúla na hÚcráine aon iompar coiriúil a dhéanann difear do na cistí faoin tSaoráid a thuairisciú do OIPE; |
|
(c) |
dearbhú a chur le hiarraidh ar íocaíocht mar a leagtar amach i gCaibidil III gur úsáideadh na cistí i gcomhréir le prionsabal na bainistíochta fónta airgeadais agus chun na críche a beartaíodh dóibh agus gur bainistíodh iad go hiomchuí go háirithe i gcomhréir le rialacha na hÚcráine arna gcomhlánú le caighdeáin idirnáisiúnta, maidir le neamhrialtachtaí, calaois, éilliú agus coinbhleachtaí leasa a chosc, a bhrath agus a cheartú, in éineacht le dearbhú urrúis ó údaráis na hÚcráine; |
|
(ca) |
an Córas Luathbhraite agus Eisiaimh a úsáid; |
|
(d) |
chun críche mhír 1 den Airteagal seo, go háirithe maidir le seiceálacha ar úsáid cistí i ndáil le cur chun feidhme athchóirithe agus infheistíochtaí Phlean na hÚcráine, a áirithiú go mbaileofar sonraí leormhaithe maidir le daoine agus eintitis a fhaigheann cistiú chun bearta Phlean na hÚcráine faoi Chaibidil III den tSaoráid a chur chun feidhme agus go mbeidh rochtain ar na sonraí sin; |
|
(e) |
údarú sainráite a thabhairt don Choimisiún, do OLAF agus don Chúirt Iniúchóirí chun a gcearta a fheidhmiú mar a fhoráiltear in Airteagal 129(1) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046, agus prionsabal na comhréireachta á chur i bhfeidhm; |
|
(ea) |
leibhéal rochtana ar fhaisnéis agus údarás chun rialuithe ar an láthair a dhéanamh a thabhairt don iniúchóir seachtrach neamhspleách arna gceapadh ag an mBord Iniúchóireachta atá cosúil leis an leibhéal atá ag an gCoimisiún agus ag an gCúirt Iniúchóirí. |
3. Déanfaidh an Coimisiún ▌córas comhtháite idir-inoibritheach faisnéise agus faireacháin a chur ar fáil don Úcráin, lena n-áirítear uirlis mianadóireachta sonraí agus scórála riosca amháin chun rochtain a fháil agus anailís a dhéanamh ar na sonraí ábhartha, lena n-áirítear na sonraí a liostaítear i mír 2(d). I gcás ina mbeidh córas den sórt sin ar fáil, úsáidfidh agus iontrálfaidh an Úcráin na sonraí ábhartha sa chóras, lena n-áirítear leis an tacaíocht dá dtagraítear faoi Chaibidil V. Le sonraí, ligfear don Choimisiún agus d’údaráis iniúchóireachta eile a ndualgais a dhéanamh gan mhoill mhíchuí. Ceadóidh an córas íoslódálacha i bhformáid mheaisín-inléite.
4. Déanfar foráil freisin sna comhaontuithe dá dtagraítear in Airteagail 9, 10 agus 21 do cheart an Choimisiúin an tacaíocht a sholáthraítear faoin tSaoráid a laghdú go comhréireach agus aon suim a caitheadh chun cuspóirí na Saoráide a ghnóthú nó aisíocaíocht luath na hiasachta a iarraidh, i gcásanna ina dtagann meath tromchúiseach ar an smacht reachta nó i gcásanna neamhrialtachtaí, calaoise, éillithe agus coinbhleachtaí leasa a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais nach bhfuil ceartaithe ag an Úcráin, nó i gcás sárú tromchúiseach ar oibleagáid a eascróidh as na comhaontuithe sin. Agus cinneadh á dhéanamh maidir le méid na haisghabhála agus an laghdaithe nó leis an méid a bheidh le haisíoc go luath, déanfaidh an Coimisiún prionsabal na comhréireachta a urramú agus cuirfidh sé san áireamh a thromchúisí atá an neamhrialtacht, an chalaois, an t-éilliú nó na coinbhleachtaí leasa a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais nó do shárú ar oibleagáid. Tabharfar an deis don Úcráin a barúlacha a thíolacadh sula ndéanfar an laghdú nó sula n-iarrfar aisíocaíocht luath.
5. Na daoine agus na heintitis a chuireann cistí chun feidhme faoin tSaoráid, déanfaidh siad gan mhoill aon chás amhrasta nó iarbhír calaoise, éillithe, coinbhleachta leasa agus neamhrialtachtaí nó aon ghníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais a thuairisciú don Choimisiún, do OLAF , agus, i gcás inarb infheidhme, do EPPO .
5a. Beidh daoine agus eintitis a chuireann cistí faoin tSaoráid chun feidhme, chomh maith le daoine atá eolach ar an bpróiseas cur chun feidhme, in ann cásanna líomhnaithe éillithe, calaoise, neamhrialtachtaí agus drochriaracháin a thuairisciú trí uirlis dhigiteach thiomnaithe, leis na forálacha ábhartha maidir le cosaint do sceithirí.
Airteagal 33a
Cosaint fhisiciúil agus chibearchosaint infheistíochtaí a rinneadh le tacaíocht airgeadais ón Aontas
1. Leis na comhaontuithe dá dtagraítear in Airteagail 9, 10 agus 21, déanfar foráil maidir le hoibleagáid na hÚcráine bearta fisiceacha agus bearta cibearchosanta a shainaithint le haghaidh gach ceann de na hinfheistíochtaí a dhéantar le tacaíocht airgeadais ón Aontas. Féadfar méid iomchuí de thacaíocht airgeadais an Aontais a chur i leataobh chun críoch cosanta fisiciúla agus cibearchosanta, agus beidh feidhm ag na srianta is gá i gcomhréir le hAirteagal 11(7) pointe (b).
2. Go dtí go scoirfear den chogaíocht, féadfar a áireamh sa chosaint fhisiceach bearta chun cosaint a thabhairt i gcoinne muinisean agus diúracán agus a n-éifeachtaí, lena n-áirítear trí bhíthin éifeachtaí cinéiteacha a bhaint amach. Déanfar na modhanna sin a oibriú faoi choimirce údaráis stáit na hÚcráine agus ní fhéadfar iad a úsáid chun dochar a dhéanamh do dhaoine.
Airteagal 34
An Bord Iniúchóireachta
1. Bunóidh an Coimisiún Bord Iniúchóireachta sula gcuirfidh an Úcráin an chéad iarraidh ar íocaíocht isteach.
2. Is iad comhaltaí neamhspleácha arna gceapadh ag an gCoimisiún a bheidh ar an mBord Iniúchóireachta. Féadfaidh an Coimisiún cuireadh a thabhairt d’ionadaithe ó na Ballstáit agus ó dheontóirí eile páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí an Bhoird Iniúchóireachta.
2a. Ba cheart an cúigiú cuid ar a laghad den Bhord Iniúchóireachta a bheith comhdhéanta de náisiúnaigh na hÚcráine, ós rud é go bhfuil sé cruthaithe go bhfuil ardinniúlacht ghairmiúil agus sláine acu agus nach bhfuil cleamhnacht phearsanta ná ghairmiúil acu le húdaráis ná le hoifigigh na hÚcráine chomh maith le saineolaithe idirnáisiúnta ar léir go bhfuil siad neamhspleách agus a bhfuil cuntas teiste cruthaithe acu maidir le tuiscint ar gheilleagar agus ar chóras polaitiúil na hÚcráine.
3. Feidhmeoidh an Bord Iniúchóireachta a fheidhmeanna ar bhealach iomlán oibiachtúil agus gníomhóidh sé i gcomhréir le dea-chleachtais agus caighdeáin idirnáisiúnta ábhartha. Gníomhóidh sí gan dochar do chumhachtaí an Choimisiúin, OLAF, na Cúirte Iniúchóirí ▌agus OIPE.
3a. Déanfaidh an Bord Iniúchóireachta iniúchóir seachtrach neamhspleách a cheapadh a chuireann ráiteas urrúis bliantúil ar fáil maidir leis na dearbhuithe atá déanta ag údaráis na hÚcráine a ghabhann le hiarratas ar íocaíocht. Déanfaidh sé plean oibre bliantúil an iniúchóra sheachtraigh neamhspleách a fhormheas freisin.
3b. Déanfaidh an Bord Iniúchóireachta cinneadh i leith moltaí don Choimisiún agus d’údaráis na hÚcráine faoi mhéideanna a bheidh le haisghabháil tar éis don iniúchóir seachtrach neamhspleách na torthaí a thuairisciú, agus tabharfaidh sé eolas don Choimisiún agus d’údaráis na hÚcráine maidir leis na moltaí sin.
4. Áiritheoidh an Bord Iniúchóireachta go mbeidh idirphlé agus comhar rialta ann le Cúirt Iniúchóirí na hEorpa , chomh maith le Seomra Iniúchóireachta Verkhovna Rada .
5. Agus a ndualgais á gcomhlíonadh acu, ní iarrfaidh an Bord Iniúchóireachta, a chomhaltaí ná a fhoireann treoir ná ní ghlacfaidh siad treoir ó rialtas na hÚcráine ná ó aon institiúid, comhlacht, oifig ná gníomhaireacht. Beidh ráthaíochtaí láidre neamhspleáchais i bhfeidhm maidir le roghnú a fhoirne, maidir lena bhainistíocht agus lena bhuiséad.
6. Tabharfaidh an Bord Iniúchóireachta cúnamh don Choimisiún míbhainistiú chistiú an Aontais faoin tSaoráid a chomhrac, go háirithe, calaois, éilliú, coinbhleacht leasa agus neamhrialtachtaí arna dtabhú i ndáil le haon mhéid a chaitear chun cuspóirí na Saoráide a bhaint amach.
7. Chun na críche sin, tuairisceoidh an Bord Iniúchóireachta go tráthrialta don Choimisiún, agus do na coistí ábhartha de Pharlaimint na hEorpa agus den Chomhairle , agus tarchuirfidh sé chuig an gCoimisiún gan mhoill aon fhaisnéis a fhaigheann sé nó a chuirtear in iúl dó maidir le haon chás sainaitheanta nó imní thromchúiseach maidir le míbhainistiú cistithe phoiblí arna thabhú i ndáil le haon mhéid a chaitear chun cuspóirí na Saoráide a bhaint amach, lena n-áirítear a feidhmíocht.
I gcomhréir le hAirteagal 24(1) de Rialachán (AE) 2017/1939, tuairisceoidh an Bord Iniúchóireachta do OIPE aon iompar coiriúil a bhféadfadh an Bord Iniúchóireachta a inniúlacht a fheidhmiú ina leith.
Ina theannta sin, glacfaidh an Bord Iniúchóireachta moltaí don Úcráin maidir le gach cás nach ndearna údaráis inniúla na hÚcráine, dar leis, na bearta is gá chun na nithe seo a leanas a chosc, a bhrath agus a cheartú: calaois, éilliú, coinbhleacht leasa agus neamhrialtachtaí a rinne difear do bhainistiú fónta airgeadais an chaiteachais arna mhaoiniú faoin tSaoráid, nó a bhfuil baol mór ann go ndéanfaí difear dó, agus maidir le gach cás ina sainaithníonn sé laigí i gceapadh agus i bhfeidhmiú an chórais rialaithe a chuir údaráis na hÚcráine i bhfeidhm. Déanfaidh an Bord Iniúchóireachta achoimre ar an moladh a fhoilsiú. Cuirfidh an Úcráin na moltaí sin chun feidhme go tráthúil . I gcásanna eisceachtúla, féadfar iarraidh a dhéanamh ar shíneadh ama chun na moltaí a chur chun feidhme, ach i ngach cás ní rachaidh sé sin thar sé mhí tar éis don mholadh tosaigh a bheith déanta. Déanfaidh an Bord Iniúchóireachta an fhaisnéis a chuireann údaráis na hÚcráine ar fáil faoi na moltaí a fhoilsiú freisin.
Seolfar tuarascálacha an Bhoird Iniúchóireachta agus faisnéis ón mBord Iniúchóireachta chuig OLAF freisin agus, i gcás inarb infheidhme, chuig OIPE, agus féadfar iad a roinnt le húdaráis ábhartha na hÚcráine, go háirithe i gcás inar gá dóibh bearta a dhéanamh chun calaois, éilliú, coinbhleacht leasa agus neamhrialtachtaí a chosc, a bhrath agus a cheartú, chomh maith le cionta coiriúla a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais a imscrúdú agus a ionchúiseamh .
8. Beidh rochtain ag an mBord Iniúchóireachta ar an bhfaisnéis, ar na bunachair sonraí agus ar na clárlanna is gá chun a chúraimí a chur i gcrích. Sa chreat-chomhaontú dá dtagraítear in Airteagal 9, saineofar rialacha agus mionsonraí maidir leis an rochtain a bheidh ag an mBord Iniúchóireachta ar fhaisnéis ábhartha agus maidir le soláthar faisnéise ábhartha ag an Úcráin don Bhord Iniúchóireachta.
9. Féadfaidh an Bord Iniúchóireachta cúnamh a thabhairt don Choimisiún chun tacú leis an Úcráin trí ghníomhaíochtaí fothaithe acmhainneachta i réimse an chomhraic i gcoinne míbhainistiú cistithe phoiblí.
10. Déanfar feidhmiú an Bhoird Iniúchóireachta a chistiú faoi Chaibidil V , lena n-áirítear cistiú an iniúchóra sheachtraigh neamhspleách cheaptha.
Airteagal 34a
Trédhearcacht
1. Déanfaidh an Coimisiún an creat-chomhaontú, arna thabhairt i gcrích idir an Coimisiún agus an Úcráin, an Plean don Úcráin, arna chur isteach ag an Úcráin, a tharchur go comhuaineach agus ar théarmaí comhionanna chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle gan moill mhíchuí.
2. Déanfar faisnéis a tharchuireann an Coimisiún chuig an gComhairle i gcomhthéacs an Rialacháin seo nó i gcomhthéacs chur chun feidhme an Rialacháin seo a tharchur go comhuaineach chuig Parlaimint na hEorpa, faoi réir socruithe rúndachta más gá. Déanfar torthaí ábhartha an phlé a dhéanfar sa Chomhairle a roinnt le coistí inniúla Pharlaimint na hEorpa.
3. Tabharfaidh an Coimisiún forléargas do choistí inniúla Pharlaimint na hEorpa ar a réamhchinntí maidir le comhlíonadh sásúil na gcoinníollacha ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 15.
4. Féadfaidh coiste inniúil Pharlaimint na hEorpa a iarraidh ar an gCoimisiún agus ar cheann an Bhoird Iniúchóireachta bunaithe, dá dtagraítear in Airteagal 34, faisnéis a sholáthar maidir le staid na himeartha i ndáil leis an measúnú ar an tSaoráid i gcomhthéacs an Idirphlé Atógála agus Réamhaontachais dá dtagraítear in Airteagal 34b.
Airteagal 34b
Atógáil agus Idirphlé Réamhaontachais
1. Chun an t-idirphlé idir institiúidí an Aontais a fheabhsú, go háirithe idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún, agus chun tuilleadh trédhearcachta agus cuntasachta a áirithiú, féadfaidh coiste inniúil nó coistí inniúla Pharlaimint na hEorpa a iarraidh ar an gCoimisiún agus ar gheallsealbhóirí ábhartha eile, amhail an Bord Iniúchóireachta, dá dtagraítear in Airteagal 34a, gach ceithre mhí ar a laghad, na nithe seo a leanas a phlé:
|
(a) |
staid na hatógála agus na n-athchóirithe a bhaineann le haontachas san Úcráin, chomh maith leis na bearta arna nglacadh faoin Rialachán seo; |
|
(b) |
plean na hÚcráine agus an measúnú ar Phlean na hÚcráine; |
|
(c) |
príomhthorthaí na tuarascála athbhreithniúcháin dá dtagraítear in Airteagal 36(4); |
|
(d) |
stádas chomhlíonadh choinníollacha Phlean na hÚcráine; |
|
(e) |
dul chun cinn maidir leis na critéir aontachais a chomhlíonadh; |
|
(f) |
nósanna imeachta maidir le híocaíocht, fionraí agus foirceannadh, lena n-áirítear aon bhreathnóireacht arna thíolacadh chun comhlíonadh sásúil na gcoinníollacha a áirithiú; agus |
|
(g) |
aon fhaisnéis agus doiciméadacht ábhartha eile arna soláthar ag an gCoimisiún chuig coiste inniúil Pharlaimint na hEorpa i ndáil le cur chun feidhme na Saoráide. |
2. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa a bharúlacha a chur in iúl i rúin, i ndáil leis na hábhair dá dtagraítear i mír 1.
3. Cuirfidh an Coimisiún san áireamh aon ghnéithe a eascraíonn as na dearcaí a cuireadh in iúl tríd an Idirphlé Athfhoirgníochta agus Réamhaontachais, lena n-áirítear na rúin ó Pharlaimint na hEorpa, i gcás inarb ábhartha.
CAIBIDIL VII
Cláir oibre, faireachán, tuairisciú agus meastóireacht
Airteagal 35
Cláir Oibre
1. Is leis na cláir oibre dá dtagraítear in Airteagal 110 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 a chuirfear an cúnamh faoin tSaoráid chun feidhme. Na gníomhartha cur chun feidhme lena nglacfar cláir oibre, déanfar iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 39.
2. Is féidir cúnamh faoi Chaibidil V den tSaoráid a chur chun feidhme freisin le cláir oibre shonracha nuair nach gá comhaontuithe dá dtagraítear in Airteagail 9 agus 10 a thabhairt i gcrích chun an cúnamh sin a chur chun feidhme.
Airteagal 36
Faireachán agus tuairisciú
1. Déanfaidh an Coimisiún faireachán ar chur chun feidhme na Saoráide agus déanfaidh sé gnóthú na gcuspóirí a leagtar amach in Airteagal 3 a mheas. Beidh an faireachán ar chur chun feidhme spriocdhírithe agus comhréireach leis na gníomhaíochtaí a dhéanfar faoin tSaoráid.
2. Leagfar amach sna comhaontuithe maoiniúcháin agus sa chomhaontú iasachta dá dtagraítear in Airteagail 10 agus 21 rialacha agus módúlachtaí don Úcráin maidir le tuairisciú don Choimisiún chun críoch mhír 1 den Airteagal seo.
3. Déanfar tacaíocht an Aontais arna soláthar faoin gCreat Infheistíochta maidir leis an Úcráin a thuairisciú i gcomhréir le hAirteagal 27(8).
4. Cuirfidh an Coimisiún tuarascáil bhliantúil ar fáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir leis an dul chun cinn atá déanta i ndáil le baint amach chuspóirí an Rialacháin seo.
5. Déanfaidh an Coimisiún an tuarascáil dá dtagraítear i mír 4 a chur ar fáil don Choiste dá dtagraítear in Airteagal 39.
Airteagal 37
Meastóireacht ar an tSaoráid
1. Tar éis an 31 Nollaig 2027, ach faoin 31 Nollaig 2031 ar a dhéanaí, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ex post ar an Rialachán trí bhíthin meastóireacht sheachtrach neamhspleách . Déanfar measúnú sa mheastóireacht ex post sin ar rannchuidiú an Aontais le baint amach chuspóirí an Rialacháin seo. Tabharfaidh an Coimisiún aird chuí ar thograí ó Pharlaimint na hEorpa nó ón gComhairle maidir leis an meastóireacht sheachtrach neamhspleách sin .
2. Sa mheastóireacht ex post sin úsáidfear sna meastóireachtaí prionsabail dea-chleachtais Choiste Cúnaimh Forbartha ECFE, lena bhféachfar ar baineadh amach na cuspóirí agus le moltaí a cheapadh d’fhonn gníomhaíochtaí a fheabhsú sa todhchaí.
Cuirfidh an Coimisiún torthaí agus conclúidí na meastóireachta ex post sin chomh maith lena thuairimí agus lena bhearta leantacha chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig na Ballstáit. Féadfar an mheastóireacht ex post sin a phlé arna iarraidh sin do na Ballstáit nó do Pharlaimint na hEorpa . Cuirfear torthaí na meastóireachtaí sin san áireamh nuair a bheidh cláir agus gníomhaíochtaí á n-ullmhú agus acmhainní á leithdháileadh. Cuirfear na meastóireachtaí agus na bearta leantacha sin ar fáil go poiblí.
Déanfaidh an Coimisiún na páirtithe leasmhara ábhartha uile a chomhlachú a oiread is iomchuí, lena n-áirítear tairbhithe, comhpháirtithe sóisialta, eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus údaráis áitiúla, i bpróiseas meastóireachta an chistiúcháin ón Aontas a chuirtear ar fáil faoin Rialachán seo, agus féadfaidh sé, i gcás inarb iomchuí, féachaint le meastóireachtaí comhpháirteacha a dhéanamh i gcomhar leis na Ballstáit agus le comhpháirtithe eile i ndlúthpháirt leis an Úcráin.
CAIBIDIL VIII
Forálacha críochnaitheacha
Airteagal 38
An tarmligean a fheidhmiú
1. Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagail 4, 13, 19, 20, 20a agus 31 a thabhairt don Choimisiún faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo.
2. Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear Airteagail 4, 13, 19, 20, 20a agus 31 a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse ceithre bliana ó sheacht lá tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse ceithre bliana, tuarascáil a ullmhú maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.
3. Maidir leis an tarmligean cumhachta dá dtagraítear in Airteagail 4, 13, 19, 20, 20a agus 31, féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle an tarmligean sin a chúlghairm tráth ar bith. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.
4. Sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.
5. A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.
6. Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagail 4, 13, 19, 20, 20a agus 31 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.
Airteagal 39
Nós imeachta coiste
1. Tabharfaidh coiste cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
2. I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
Airteagal 40
Faisnéis, cumarsáid agus poiblíocht
1. Féadfaidh an Coimisiún dul i mbun gníomhaíochtaí cumarsáide chun infheictheacht an chistithe ón Aontas don tacaíocht airgeadais atá beartaithe i bPlean na hÚcráine a áirithiú, lena n-áirítear trí ghníomhaíochtaí cumarsáide comhpháirteacha leis an Úcráin. Féadfaidh an Coimisiún a áirithiú, de réir mar is iomchuí, go ndéanfar tacaíocht faoin tSaoráid a chur in iúl agus a aithint trí ráiteas cistiúcháin.
2. Tabharfaidh faighteoirí cistithe ón Aontas aitheantas d’fhoinse an chistithe ón Aontas agus áiritheoidh siad infheictheacht an chistithe, lena n-áirítear, i gcás inarb infheidhme, trí shuaitheantas an Aontais a léiriú agus ráiteas cistiúcháin iomchuí ar a mbeidh na focail ‘arna chistiú ag an Aontas Eorpach – Saoráid na hÚcráine’, go háirithe nuair a bhíonn na gníomhaíochtaí agus a dtorthaí á bpoibliú, trí fhaisnéis spriocdhírithe atá comhleanúnach, éifeachtach agus comhréireach a sholáthar do shainghrúpaí éagsúla, lena n-áirítear na meáin agus an pobal.
3. Cuirfidh an Coimisiún gníomhaíochtaí faisnéise agus cumarsáide chun feidhme, ar gníomhaíochtaí iad a bhaineann leis an tSaoráid, agus le gníomhaíochtaí a rinneadh de bhun na Saoráide agus leis na torthaí a baineadh amach. Beidh na hacmhainní airgeadais a leithdháilfear ar an tSaoráid ina rannchuidiú freisin chun cumarsáid chorparáideach a dhéanamh i ndáil le tosaíochtaí polaitiúla an Aontais freisin, a fhad a bhaineann na tosaíochtaí sin leis na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 3.
3a. Cuirfear faisnéis, cumarsáid agus poiblíocht ar fáil i bhformáid inrochtana, i gcomhréir le hAirteagal 9 de Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas agus le reachtaíocht chomhchuibhithe AE, go háirithe Treoir (AE) 2019/882 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 i ndáil leis na ceanglais inrochtaineachta le haghaidh táirgí agus seirbhísí.
Airteagal 41
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/2662/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)