Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52023AP0109

P9_TA(2023)0109 An Rialachán maidir le Dífhoraoisiú Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 19 Aibreán 2023 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le tráchtearraí agus táirgí áirithe atá bainteach leis an dífhoraoisiú agus leis an díghrádú foraoise a chur ar fáil ar mhargadh an Aontais agus a onnmhairiú ón Aontas mar aon leis sin agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 995/2010 (COM(2021)0706 – C9-0430/2021 – 2021/0366(COD)) P9_TC1-COD(2021)0366 Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 19 Aibreán 2023 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2023/… ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le tráchtearraí agus táirgí áirithe atá bainteach leis an dífhoraoisiú agus leis an díghrádú foraoisí a chur ar fáil ar mhargadh an Aontais agus a onnmhairiú ón Aontas agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 995/2010

IO C, C/2023/463, 1.12.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2023/463/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2023/463/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2023/463

1.12.2023

P9_TA(2023)0109

An Rialachán maidir le Dífhoraoisiú

Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 19 Aibreán 2023 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le tráchtearraí agus táirgí áirithe atá bainteach leis an dífhoraoisiú agus leis an díghrádú foraoise a chur ar fáil ar mhargadh an Aontais agus a onnmhairiú ón Aontas mar aon leis sin agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 995/2010 (COM(2021)0706 – C9-0430/2021 – 2021/0366(COD))

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

(C/2023/463)

Tá Parlaimint na hEorpa,

ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2021)0706),

ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 192 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C9-0430/2021),

ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint don tuairim réasúnaithe a thíolaic Parlaimint na Sualainne, faoi chuimsiú Phrótacal Uimh. 2 maidir le prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta a chur i bhfeidhm, á mhaíomh nach gcomhlíonann an dréachtghníomh reachtach prionsabal na coimhdeachta,

ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 23 Feabhra 2022  (1),

tar éis di dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 74(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 21 Nollaig 2022 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint do na tuairimí ón gCoiste um Thrádáil Idirnáisiúnta, ón gCoiste um an Margadh Inmheánach agus um Chosaint an Tomhaltóra, agus ón gCoiste um Fhorbairt agus an Coiste um Thalmhaíocht agus um Fhorbairt Réigiúnach,

ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia (A9-0219/2022),

1.

ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach ina dhiaidh seo é (2);

2.

á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;

3.

á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

(1)   IO C 275, 18.7.2022, lch. 88.

(2)  Tá an seasamh seo ag gabháil in ionad na leasuithe a glacadh an 13 Meán Fómhair 2022 (IO C 125, 5.4.2023, lch. 180).


P9_TC1-COD(2021)0366

Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 19 Aibreán 2023 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2023/… ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le tráchtearraí agus táirgí áirithe atá bainteach leis an dífhoraoisiú agus leis an díghrádú foraoisí a chur ar fáil ar mhargadh an Aontais agus a onnmhairiú ón Aontas agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 995/2010

(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE) 2023/1115


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2023/463/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)


Top