Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52023AP0090

P9_TA(2023)0090 Rialachán maidir le Sábháilteacht Ghinearálta Táirgí Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 30 Márta 2023 maidir leis an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le sábháilteacht ghinearálta táirgí, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Treoir 87/357/CEE ón gComhairle agus Treoir 2001/95/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (COM(2021)0346 – C9-0245/2021 – 2021/0170(COD)) P9_TC1-COD(2021)0170 Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 30 Márta 2023 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2023/… ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le sábháilteacht ghinearálta táirgí, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir (AE) 2020/1828 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 2001/95/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 87/357/CEE ón gComhairle

IO C 341, 27.9.2023, p. 14–14 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
IO C 341, 27.9.2023, p. 7–7 (GA)

27.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 341/7


P9_TA(2023)0090

Rialachán maidir le Sábháilteacht Ghinearálta Táirgí

Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 30 Márta 2023 maidir leis an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le sábháilteacht ghinearálta táirgí, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Treoir 87/357/CEE ón gComhairle agus Treoir 2001/95/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (COM(2021)0346 – C9-0245/2021 – 2021/0170(COD))

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

(2023/C 341/05)

Tá Parlaimint na hEorpa,

ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2021)0346),

ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C9-0245/2021),

ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 20 Deireadh Fómhair 2021  (1),

ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 74(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 21 Nollaig 2022 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint do Rialacha 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla,

ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um an Margadh Inmheánach agus um Chosaint an Tomhaltóra (A9-0191/2022),

1.

ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh mar a leagtar amach ina dhiaidh seo é;

2.

á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;

3.

á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

(1)   IO C 105, 4.3.2022, lch. 99.


P9_TC1-COD(2021)0170

Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 30 Márta 2023 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2023/… ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le sábháilteacht ghinearálta táirgí, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir (AE) 2020/1828 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 2001/95/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 87/357/CEE ón gComhairle

(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE) 2023/988)


Top