Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52023AE3879

Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — An t-idirphlé sibhialta agus an daonlathas rannpháirtíochta san Aontas a neartú: conair chun tosaigh (tústuairim arna hiarraidh d’Uachtaránacht na Beilge)

EESC 2023/03879

IO C, C/2024/2481, 23.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/2481/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/2481/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2024/2481

23.4.2024

Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — An t-idirphlé sibhialta agus an daonlathas rannpháirtíochta san Aontas a neartú: conair chun tosaigh

(tústuairim arna hiarraidh d’Uachtaránacht na Beilge)

(C/2024/2481)

Rapóirtéir:

Pietro Vittorio BARBIERI

Comhrapóirtéir:

Miranda ULENS

Iarraidh ó Uachtaránacht na Beilge

ar an gComhairle

Litir, 10/07/2023

Bunús dlí

Airteagal 304 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

Tústuairim

An rannóg atá freagrach

Fostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Saoránacht

Dáta a glactha sa rannóg

23/1/2024

Dáta a glactha sa seisiún iomlánach

15/2/2024

Seisiún iomlánach Uimh.

585

Toradh na vótála

(ar son/in aghaidh/staonadh)

173/0/3

1.   Conclúidí agus moltaí

1.1.

Is díol sásaimh do Choiste Eacnamaíochta agus Sóisialta na hEorpa (CESE), sa ról atá aige mar theallach i gcomhair na sochaí sibhialta eagraithe agus ionadaíche ar leibhéal an Aontais, gur iarr Uachtaránacht na Beilge ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh go gcuirfí tuairim le chéile maidir leis an idirphlé sibhialta agus rannpháirtíocht na saoránach sa saol daonlathach. Cuireann CESE fóram ar fáil don idirphlé sibhialta (1), rud a chiallaíonn go bhfuil taithí agus saineolas ar leith aige. Ba thábhachtach go gcuirfí Airteagal 11 CAE chun feidhme, mar obair leantach ar an gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa, chun go mbeidh an tsochaí shibhialta rannpháirteach i gcónaí i gceapadh beartas an Aontais. Mar a luaigh Uachtaránacht na Beilge go sainráite, d’fhéadfadh forbairt den sórt sin léiriú a thabhairt ar na riachtanais atá ann ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil maidir le hidirphlé struchtúrtha a chur ar bun leis an tsochaí shibhialta, agus feidhm a bheith aici maidir leis na riachtanais sin freisin.

1.2.

Ag féachaint chun tosaigh ar an bpacáiste maidir le cosaint an daonlathais agus na toghcháin Eorpacha a reáchtálfar in 2024, is léir nach mór caitheamh leis an tsochaí shibhialta mar chomhpháirtí tábhachtach chun daonlathas na hEorpa a neartú agus a chosaint, agus chun go mbeidh sé indéanta cur chuige rannpháirteach a ghlacadh, cur chuige a bheidh ina chomhlánú ar an daonlathas ionadaíoch. Sa tuairim seo, tá CESE ag iarraidh féachaint cad iad na gnéithe a d’fhéadfaí a chur san áireamh i gcreat níos fabhraí lena gcothófaí rannpháirtíocht dhíreach na saoránach agus idirphlé le comhlachtaí idirmheánacha, ar an leibhéal Eorpach agus ar leibhéal na mBallstát araon.

1.3.

Mar a chuir CESE in iúl cheana, ba cheart an ról sonrach atá ag eagraíochtaí comhpháirtithe sóisialta a aithint agus a urramú go hiomlán i struchtúir agus i bpróisis an idirphlé shóisialta, agus é á chur san áireamh san am céanna gur próiseas ar leith é an t-idirphlé sibhialta lena mbaineann grúpa níos leithne geallsealbhóirí agus réimse níos leithne ábhar.

1.4.

Thángthas ar an gconclúid sa Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa nach mór ionstraimí breise don daonlathas rannpháirteach a fhorbairt tuilleadh amach anseo san Eoraip, agus gur cheart treoracha beachta a leagan amach maidir le conas é sin a dhéanamh (2). Maidir le cuid de na moltaí sin, is éard atá i gceist creat fabhrach a fhorbairt maidir leis an idirphlé sibhialta. Creideann CESE go bhfuil tábhacht ar leith ag baint le dhá cheann de na moltaí sin, moltaí a bhfuil tionchar díreach acu air. Leis an gcéad mholadh, aithnítear feidhm CESE, agus leis an dara ceann, leathnaítear an fheidhm sin chun an fhéidearthacht go mbeadh CESE ina mhol éifeachtach do na painéil saoránach a chur san áireamh.

1.5.

Tá CESE ag iarraidh go mbeadh straitéis ann maidir leis an idirphlé sibhialta, a mbeadh plean gníomhaíochta mar thoradh air. D’fhéadfaí an pacáiste Eorpach maidir le cosaint an daonlathais a chur san áireamh mar cholún den straitéis sin. Ina theannta sin, d’fhéadfaí machnamh a dhéanamh ar chomhaontú idirinstitiúideach a bhaint amach idir institiúidí an Aontais, mar atá á iarraidh ag líonraí ón tsochaí shibhialta amhail an tArdán Sóisialta agus Fóram Eorpach na Saoránach ó 2009 i leith (3). D’fhéadfadh comhaontú den chineál sin gníomhaíochtaí agus na hacmhainní gaolmhara a mbainfear leas astu a leagan amach. D’fhéadfadh CESE rannchuidiú leis an gcomhaontú sin agus bheadh líonraí na sochaí sibhialta ar leibhéal an Aontais rannpháirteach chomh maith. An straitéis sin, ní mór í a bheith ar an gcéad chéim chun ról na sochaí sibhialta a neartú agus an t-idirphlé sibhialta a fhorbairt tuilleadh.

1.6.

Creideann CESE gur ríthábhachtach caighdeáin áirithe a chur i bhfeidhm ar fud institiúidí an Aontais chun go mbeidh Airteagal 11 CAE éifeachtach. D’fhéadfaí saincheisteanna a chumhdach leis an méid sin, amhail brí an idirphlé shibhialta, an t-idirphlé sibhialta a dhíriú ar thorthaí, rialtacht agus uainiú na ngníomhaíochtaí, comhroinnt an chláir oibre beartais agus na dtosaíochtaí beartais, grúpaí leochaileacha a chur san áireamh, agus aiseolas agus torthaí. Tá sé á chur i bhfios go láidir ag CESE go dtugtar le tuiscint sa straitéis sin go bhféadfaí bearta beartais Eorpacha a chur chun feidhme ar bhealach níos fearr i saol laethúil na saoránach.

1.7.

Eagraíonn an Chomhairle comhairliúcháin chórasacha le heagraíochtaí na sochaí sibhialta maidir lena cuid oibre reachtaí agus beartais. D’fhéadfadh cuireadh d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta chuig cruinnithe a gcuid meithleacha a bheith i gceist leis na comhairliúcháin sin. Ina theannta sin, féadfaidh uachtaránachtaí rothlacha na Comhairle cruinnithe a eagrú le heagraíochtaí na sochaí sibhialta maidir leis na tosaíochtaí atá acu.

1.8.

Mar theallach i gcomhair na sochaí sibhialta eagraithe, tá saineolas ar leith ag CESE agus cuireann sé fóram uathúil buan ar fáil don idirphlé sibhialta, fóram ina moltar réitigh ar bhonn comhthola i measc na ngeallsealbhóirí éagsúla. Is iad a n-eagraíocht féin a thugann sainorduithe do na comhaltaí (4).

1.9.

Ba cheart do Leas-Uachtarán de chuid an Choimisiúin tabhairt faoin idirphlé leis an tsochaí shibhialta i gcónaí, agus ba cheart ról Leas-Uachtarán Pharlaimint na hEorpa atá i gceannas ar an teagmháil agus ar an idirphlé leis an tsochaí shibhialta a neartú. Is léir go bhféadfadh beartais níos spriocdhírithe agus níos éifeachtaí a bheith mar thoradh ar fheabhas ar chur chun feidhme Airteagal 11 CAE, agus go bhféadfaí feabhas a chur freisin ar rannpháirtíocht eagraíochtaí na sochaí sibhialta i bpróiseas ceaptha beartais an Aontais, mar aon le ról CESE a neartú ag an am céanna. D’iarr CESE roimhe seo go gcruthófaí aonad comhordúcháin laistigh d’Ardrúnaíocht an Choimisiúin, agus go ndéanfaí an Leas-Uachtarán ábhartha sa Choimisiún bainistíocht dhíreach ar an aonad sin. Chuirfeadh an t-aonad sin tacaíocht ar fáil freisin do na hardstiúrthóireachtaí uile maidir le cur chuige agus straitéis fhoriomlán na gcomhairliúchán, ceanglais agus nósanna imeachta cáilíochta a dhréachtú agus a chur chun feidhme, treoir cháilíochta, faisnéis agus obair leantach (5).

1.10.

Tá CESE ag iarraidh go mbeadh scórchlár bliantúil ann don idirphlé sibhialta (nó do spás na sochaí sibhialta) ina leagfaí amach cathain a rannchuidigh eagraíochtaí na sochaí sibhialta le próisis chomhairliúcháin, ar cuireadh an rannchuidiú san áireamh nó nár cuireadh, scórchlár ina míneofaí na cúiseanna leis sin. B’ionstraim luachmhar é sin chun measúnú a dhéanamh ar an méid a oibríonn go maith agus ar an méid nach n-oibríonn. D’fhéadfadh tuarascáil dhébhliantúil maidir leis an idirphlé sibhialta a bheith mar thoradh ar mheasúnú tionchair a dhéanamh trí scórchlár bliantúil. Rianófaí obair a raibh toradh maith uirthi agus teipeanna rannpháirtíocht an Aontais leis an tsochaí shibhialta i gcoitinne, agus dhéanfaí meastóireacht ar staid na himeartha maidir leis an idirphlé sibhialta agus ar éifeachtacht eagraíochtaí na sochaí sibhialta.

1.11.

Mar obair leantach ar an Treochlár a glacadh ag Fóram na nEagraíochtaí Neamhrialtasacha a reáchtáladh i Ríge in 2015, dhréachtaigh an Grúpa Idirchaidrimh leis an tsochaí shibhialta in CESE plean gníomhaíochta in 2018 chun Airteagal 11(1) agus Airteagal 11(2) den Chonradh ar an Aontas Eorpach a chur chun feidhme (6). Bhí Faireachlann Eorpach um Idirphlé Sibhialta a bhunú ar cheann de na tograí a rinneadh. Tugann CESE an iarraidh sin dá aire go cuí.

1.12.

Mar a cuireadh in iúl sa tuairim maidir le painéil saoránach, ós é guth seanbhunaithe na sochaí sibhialta eagraithe san Eoraip atá in CESE, ní mór é a bheith i gcroílár an phróisis chun an daonlathas rannpháirteach a neartú laistigh de na hinstitiúidí Eorpacha agus idir na hinstitiúidí. Dá bhrí sin, is éard atá beartaithe leas a bhaint as an tástáil chun raon na n-ionstraimí rannpháirtíochta is féidir le CESE a úsáid, e.g. na painéil saoránach, in obair chomhairliúcháin an Choiste a chinneadh. Sa chás seo, caithfear Rialacha Nós Imeachta CESE a leasú chun an cur chuige sin a chur san áireamh (7). Mar a chuirtear in iúl sa tuairim maidir leis na painéil saoránach, chuirfeadh an cúram sin béim ar ról sonrach CESE mar chaomhnóir institiúideach an chomhairliúcháin leis an tsochaí shibhialta agus an idirphlé shibhialta i gcoitinne.

1.13.

Ní mór eagraíochtaí na sochaí sibhialta a bhunú ar an daonlathas inmheánach, ar an neamhspleáchas agus ar an trédhearcacht. Ní mór do na heagraíochtaí sin samhail neamhbhrabúis a leanúint agus gníomhú ar mhaithe le leas coiteann agus/nó le sainleasanna a gcomhaltaí. Measann CESE gur tábhachtach gur eagraíochtaí dlisteanacha ionadaíocha a bheidh in eagraíochtaí na sochaí sibhialta. Dá bhrí sin, tá CESE ag iarraidh go mbeadh sásra creidiúnaithe ann a bheadh bunaithe ar na prionsabail thuasluaite agus lena mbainfí úsáid as creataí atá ann faoi láthair, amhail creat Chomhairle na hEorpa (8) agus creat na Náisiún Aontaithe. Sna creataí sin, cuirtear san áireamh dlisteanacht shainordú na gcomhaltaí, na réimsí spéise, agus gné fhíorasach na dlisteanachta agus an ionadaíochais, cé is moite de a mhéid a bhaineann leis na heagraíochtaí sin a aithníodh cheana mar chomhpháirtithe sóisialta i gcomhréir leis an teachtaireacht ón gCoimisiún a foilsíodh in 1993 (9) agus leis an gcinneadh ón gCoimisiún a foilsíodh in 1998 (10).

2.   Comhthéacs agus cúlra na tuairime

2.1.

D’fhonn an daonlathas a chosaint, a neartú agus a chothú san Aontas, sin agus próiseas cinnteoireachta an Aontais a thabhairt níos gaire do na saoránaigh, is díol sásaimh do CESE an iarraidh ó Uachtaránacht na Beilge go gcuirfí tuairim le chéile maidir leis an ábhar An t-idirphlé sibhialta agus an daonlathas rannpháirtíochta san Aontas a neartú: conair chun tosaigh. Ábhar leathan atá ann, agus cuimsítear leis saincheisteanna amhail an gníomhaíochas, an obair dheonach agus ról a thabhairt do na saoránaigh i ngluaiseachtaí agus i gcineálacha eile rannpháirtíochta gníomhaí dírí, rud a chomhlánaíonn an daonlathas ionadaíoch. Dá bhrí sin, is é is príomhfhócas don tuairim seo measúnú ar na gnéithe a d’fhéadfaí a áireamh i gcreat níos fabhraí lena gcothaítear rannpháirtíocht dhíreach na saoránach agus idirphlé trí chomhlachtaí idirmheánacha agus leis na comhlachtaí sin, ar leibhéal an Aontais agus laistigh de Bhallstáit aonair an Aontais.

2.2.

Mar a chuir CESE in iúl cheana, ba cheart an ról sonrach atá ag eagraíochtaí comhpháirtithe sóisialta a aithint agus a urramú go hiomlán i struchtúir agus i bpróisis an idirphlé shóisialta, agus é á chur san áireamh san am céanna gur próiseas ar leith é an t-idirphlé sibhialta lena mbaineann grúpa níos leithne geallsealbhóirí agus réimse níos leithne ábhar (11).

2.3.

Tá ról speisialta ag CESE mar chomhlacht comhairleach ina bhfuil ionadaithe ó eagraíochtaí fostóirí agus ó cheardchumainn agus ionadaithe eile ón tsochaí shibhialta, rud a áirithíonn go ndéantar nósanna imeachta comhairliúcháin i gcomhréir leis na Conarthaí (Airteagal 304 CFAE).

2.4.

Bhunaigh CESE an Grúpa Idirchaidrimh in 2004 – rud a leag sampla síos d’institiúidí an Aontais – chun creat a chur ar fáil don idirphlé agus don chomhar idir CESE agus na heagraíochtaí agus na líonraí Eorpacha a mbíonn an Grúpa i dteagmháil leo maidir le saincheisteanna trasearnálacha a bhaineann leis an leas coiteann. Leis an nGrúpa Idirchaidrimh, cuirtear struchtúr institiúideach uathúil ar fáil do bhrateagraíochtaí na sochaí sibhialta, rud a chumasaíonn an t-idirphlé sibhialta agus a chuireann an daonlathas rannpháirtíochta chun cinn. Is cainéal é trínar féidir leis an tsochaí shibhialta clár oibre agus próisis chinnteoireachta an Aontais a phlé agus tionchar a imirt orthu (mar atá beartaithe faoi Airteagal 11 CAE).

2.5.

Cuireann sochaí shibhialta atá neamhspleách agus saor cosaint ar fáil do shochaithe daonlathacha, go háirithe a mhéid a bhaineann le cearta agus saoirsí bunúsacha agus leis an bpobalachas atá ag dul i méid. I litir oscailte chuig Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh ó mhí an Mheithimh 2022, chuir Sochaí Shibhialta na hEorpa (12) agus líon mór eagraíochtaí de chuid na sochaí sibhialta i dtreis gur rud ríthábhachtach é Straitéis maidir leis an tSochaí Shibhialta (13) a fhorbairt.

2.6.

Chuir an Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa tús le plé nua maidir leis an daonlathas rannpháirteach agus tugadh isteach cineálacha nua de phlé díreach ar leibhéal na saoránach i gcomhthéacs an Aontais (14). Tá na foirmeacha nua sin fós á ngrinnscrúdú agus á bplé, ach is bealach nua iad do na saoránaigh chun tionchar a imirt ar an gcinnteoireacht agus chun páirt a ghlacadh inti. Go deimhin, tá na painéil saoránach ar cheann den iliomad uirlisí is féidir a úsáid chun guth na saoránach a thabhairt níos gaire don cheapadh beartais chun dlisteanacht na mbeartas rialtais in institiúidí daonlathacha a mhéadú. Iarrtar le togra 36 agus togra 39 de na moltaí ón gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa (15) go dtabharfaí ról agus sainordú sonrach do CESE, ós é guth seanbhunaithe institiúideach na sochaí sibhialta eagraithe san Eoraip é.

2.7.

Mar a cuireadh in iúl cheana (16), ní mór CESE a bheith i gcroílár an phróisis chun an daonlathas rannpháirteach a neartú sna hinstitiúidí Eorpacha (Airteagal 300 CFAE). Tá sé beartaithe, dá bhrí sin, leas a bhaint as an tástáil chun raon na n-ionstraimí rannpháirtíochta is féidir le CESE a úsáid, e.g. na painéil saoránach, in obair chomhairliúcháin an Choiste a chinneadh. Ba cheart na himpleachtaí a bhaineann leis an mbuiséad agus le hacmhainní daonna, i measc nithe eile, a chur san áireamh sa mhachnamh sin freisin.

2.8.

Sa Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa (17), thángthas ar chonclúidí soiléire maidir le tábhacht na sochaí sibhialta mar phríomhghníomhaí chun rannpháirtíocht na saoránach sa saol daonlathach a spreagadh. Tagraítear don idirphlé struchtúrtha sna moltaí ón gComhdháil sin, go príomha a mhéid a bhaineann le hearnáil na hóige. Tá tús curtha ag CESE le treoirthionscadal chun guth na hóige a chur in iúl ar bhealach níos fearr ar leibhéal an Aontais trí CESE (18), rud a d’fhéadfadh na hinstitiúidí eile a spreagadh.

2.9.

Sa Teachtaireacht (19) a d’fhoilsigh an Coimisiún mar obair leantach ar an gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa, chuir sé in iúl go ndéanfaidh sé a mhachnamh ar réimsí nua gníomhaíochta, amhail rannchuidiú le hidirphlé dioscúrsach agus díláraithe a chruthú leis na saoránaigh, Cairt Eorpach um Rannpháirtíocht na Saoránach a fhorbairt, agus ligean do bhreathnóirí saoránach súil ghéar a choinneáil ar phróiseas cinnteoireachta an Aontais chun an próiseas sin a dhéanamh níos trédhearcaí.

3.   Sainmhínithe ar an tsochaí shibhialta, ar an idirphlé sibhialta, agus ar an mbunús dlí

3.1.

Is cuid ríthábhachtach de dhaonlathas na hEorpa í an rannpháirtíocht, agus is réamhriachtanas í chun go gcreidfeadh na saoránaigh i ndlisteanacht bheartais an Aontais. Tá coincheap an daonlathais rannpháirtigh leabaithe go sainráite sa Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE). Leagtar amach é mar cheart atá ag gach saoránach den Aontas a bheith rannpháirteach i saol daonlathach an Aontais agus mar rannpháirtíocht institiúideach chun cinntí a dhéanamh ar dhóigh chomh hoscailte agus is féidir agus ar leibhéal chomh cóngarach agus is féidir do na saoránaigh (20).

3.2.

Treoraíonn eagraíochtaí na sochaí sibhialta an rannpháirtíocht chomhchoiteann, rud a chuireann le cineálacha éagsúla de rannpháirtíocht dhíreach na saoránach lena gcuirtear tuairimí daoine aonair in iúl. Go deimhin, is cainéal rannpháirtíochta tábhachtach do na saoránaigh í an tsochaí shibhialta eagraithe. Tá ábharthacht ar leith sa saineolas atá aici chun a áirithiú go ndéantar cinntí ar an mbealach is fearr is féidir agus go bhfreagraíonn siad do na riachtanais atá ann, go háirithe ar leibhéal an Aontais nuair a dhéantar cinntí maidir le saincheisteanna casta, agus ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil chomh maith.

3.3.

Freastalaíonn an tsochaí shibhialta eagraithe ar leas an phobail trí nósanna imeachta daonlathacha. Is féidir léi ról a imirt mar idirghabhálaí idir na húdaráis phoiblí agus an pobal i gcoitinne. Feidhmíonn sí freisin mar ardán don phobal chun an rud is ábhar imní dóibh a chur in iúl, chun a gcearta a chosaint agus chun páirt a ghlacadh i ngníomhaíochas síochánta. Is ar luachanna atá sí bunaithe. Déanann sí ionadaíocht ar leasanna grúpaí éagsúla sa tsochaí, lena n-áirítear iad siúd atá i staid leochaileach. De réir na Gníomhaireachta um Chearta Bunúsacha, áfach, is gá níos mó a dhéanamh ar son na ndaoine leochaileacha sin (21). Is é toradh atá ar a cuid gníomhachtaí cabhair shonrach a chur ar fáil agus, in amanna, athruithe sistéamacha a dhéanamh sa tsochaí.

3.4.

In Airteagal 11 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, sonraítear freisin go dtabharfaidh ‘na hinstitiúidí an deis do shaoránaigh agus do chomhlachais ionadaíocha, trí bhealaí iomchuí, a gcuid tuairimí a chur in iúl agus iad a mhalartú go poiblí i ngach réimse de ghníomhaíocht an Aontais’. Sonraítear ann freisin go gcoimeádfaidh ‘na hinstitiúidí agallamh oscailte, trédhearcach, tráthrialta ar bun le comhlachais ionadaíocha agus leis an tsochaí shibhialta’. Cuirtear san áireamh leis an gcreat sin traidisiún an chomhairliúcháin (Airteagal 11(3) CAE). San am céanna, iarrtar go gcoimeádfaidh ‘agallamh oscailte, trédhearcach, tráthrialta ar bun le comhlachais ionadaíocha agus leis an tsochaí shibhialta’.

3.5.

I gcomhréir le hAirteagal 11(2) CAE, tá freagracht chomhpháirteach ar na hinstitiúidí a áirithiú go mbeidh an tsochaí shibhialta eagraithe, earnáil a thugann daoine le chéile agus a nglacann daoine páirt inti ar bhonn deonach, agus a léiríonn mianta agus leasanna na saoránach, rannpháirteach go gníomhach i bhforbairt reachtaíocht an Aontais agus na bpróiseas gaolmhar. Tar éis d’eagraíochtaí sibhialta ar fud na hEorpa dianghníomhaíochtaí ardaithe feasachta agus rannpháirtíochta a dhéanamh, cuireadh cur chun feidhme an idirphlé shibhialta san áireamh go sainráite den chéad uair i sainordú Leas-Uachtarán de chuid an Choimisiúin Eorpaigh in 2019.

3.6.

Sainaithníodh trí chomhpháirt chomhlántacha d’idirphlé sibhialta an Aontais (22): a) idirphlé sibhialta i réimsí sonracha beartais idir eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus a n-idirghabhálaithe laistigh de na húdaráis reachtacha agus feidhmiúcháin ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta, dá ngairtear ‘idirphlé earnála (23)’; b) idirphlé struchtúrtha agus rialta idir institiúidí an Aontais nó a gcontrapháirtithe náisiúnta agus an tsochaí shibhialta maidir le forbairt an Aontais agus a bheartais thrasearnálacha, ar a dtugtar ‘idirphlé trasnaí’; agus c) idirphlé idir eagraíochtaí na sochaí sibhialta iad féin maidir le forbairt an Aontais agus a bheartais thrasearnálacha, ar a dtugtar ‘idirphlé cothrománach’.

3.7.

Le coimre CESE (24) maidir leis an daonlathas rannpháirteach, leagtar béim ar an tábhacht a bhaineann le coincheap rannpháirtíocht na saoránach, rud a tharraingíonn aird ar an ról tábhachtach atá ag eagraíochtaí na sochaí sibhialta. Tugtar aghaidh sa choimre ar na bagairtí nua atá ann don idirphlé sibhialta agus do shamhlacha daonlathacha agus sóisialta sa lá atá inniu ann.

3.8.

D’iarr Parlaimint na hEorpa ar institiúidí an Aontais agus ar na húdaráis náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla sna Ballstáit an leas is mó is féidir a bhaint as na forálacha dlíthiúla agus na dea-chleachtais atá ann cheana chun dlús a chur leis an idirphlé leis an bpobal agus le heagraíochtaí na sochaí sibhialta (25). Tugann CESE dá aire gur iarr Sochaí Shibhialta na hEorpa go ndéanfaí creat idirphlé shibhialta an Aontais a athrú ina shamhail níos foirmiúla agus níos struchtúrtha (26). Tá athbhreithniú cuimsitheach ar na hiarrachtaí sin agus anailís chriticiúil ar an bhfiúntas atá iontu leagtha amach sa staidéar ó CESE An t-idirphlé sibhialta agus an daonlathas rannpháirteach i gcleachtas institiúidí an Aontais Eorpaigh (2015 (27)).

3.9.

Níl aon sainmhíniú uilíoch ar an tsochaí shibhialta glactha ag aon institiúid Eorpach ná institiúid idirnáisiúnta. Le déanaí, rinne an Grúpa Idirchaidrimh in CESE machnamh ar shainmhíniú ab fhéidir a úsáid agus mhol sé an méid seo a leanas: Is léiriú agus toradh iad eagraíochtaí na sochaí sibhialta ar chumhacht na sochaí í féin a eagrú go leithleach agus go neamhspleách ar institiúidí poiblí agus ar an stát. Saintréith d’eagraíochtaí neamhrialtasacha agus eagraíochtaí pobail is ea an éagsúlacht mhór atá iontu, rud a léiríonn saibhreas struchtúr sóisialta na hEorpa. Is cuid lárnach den tsochaí shibhialta iad na ceardchumainn agus na heagraíochtaí fostóirí. Mar sin féin, ní hionann iad agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta, i ngeall ar an acmhainneacht atá acu gníomhú mar chomhpháirtithe sóisialta.

4.   Prionsabail an dea-rialachais

4.1.

Chun idirphlé sibhialta fóinteach a dhéanamh, ní mór na dálaí cearta a bheith ag na páirtithe chun dul i ngleic le róil shoiléire agus le freagrachtaí soiléire. Áirítear leis sin freagrúlacht agus cuntasacht na n-institiúidí laistigh agus lasmuigh de shásraí idirphlé, i gcomhréir leis na caighdeáin lena rialaítear an ceart chun dea-riaracháin. Ní féidir leis an idirphlé sibhialta ar an leibhéal Eorpach feidhmiú go maith gan idirphlé sibhialta dea-bhainistithe a bheith ann ar an leibhéal náisiúnta. Dá bhrí sin, chun timpeallacht chumasúcháin a chruthú le haghaidh idirphlé sibhialta éifeachtach agus cuiditheach, ní mór coinníollacha áirithe a bheith i bhfeidhm. Áirítear orthu sin cothú na muiníne, an chuntasacht, an trédhearcacht agus na coinníollacha cearta chun páirt a ghlacadh. Sa chód dea-chleachtais maidir le rannpháirtíocht shibhialta sa phróiseas cinnteoireachta arna ghlacadh ag An Chomhairle Eorpach, déantar achoimre ar na príomhphrionsabail agus na príomhchoinníollacha a d’fhéadfadh feidhmiú mar threoir.

4.2.

Tá eagraíochtaí na sochaí sibhialta ríthábhachtach chun ionadaíocht a dhéanamh ar leasanna coiteanna agus sainleasanna grúpaí saoránach, rannpháirtíocht sa saol sóisialta a spreagadh agus cearta na ngrúpaí saoránach a ndéanann siad ionadaíocht orthu a chosaint.

4.3.

Is tábhachtach a chur in iúl gur cheart an t-idirphlé sibhialta a fhorbairt mar phróiseas atá struchtúrtha, fadtéarmach, dírithe ar thorthaí, agus fóinteach lena gcumasófar fíormhalartú nithiúil faisnéise, comhairliúchán, idirphlé, réitigh ar dhúshláin choiteanna agus comhpháirtíochtaí fadtéarmacha idir na húdaráis phoiblí, eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus an tsochaí shibhialta i gcoitinne. Ba cheart an próiseas sin a bheith ar siúl ag gach céim de thimthriall na cinnteoireachta polaitiúla, ó cheapadh na dtreoshuíomhanna agus na dtosaíochtaí go dtí an mheastóireacht.

5.   An bealach chun cinn don idirphlé sibhialta agus ról CESE

5.1.

Tá CESE ag iarraidh ar institiúidí an Aontais a bheith ar thús cadhnaíochta agus straitéis a fhorbairt don tsochaí shibhialta, rud a d’fhéadfaí a áireamh sa phacáiste Eorpach maidir le cosaint an daonlathais, mar aon le Plean Gníomhaíochta soiléir. Ba cheart na gnéithe seol a leanas a chur san áireamh san obair seo.

5.2.

Agus tagairt á déanamh aige don idirphlé sibhialta, creideann CESE gur ríthábhachtach caighdeáin áirithe a chur i bhfeidhm ar fud an Aontais chun go mbeidh Airteagal 11 CAE éifeachtach. Ó 2009 i leith, tá roinnt eagraíochtaí de chuid na sochaí sibhialta (mar shampla, an tArdán Sóisialta agus Fóram Eorpach na Saoránach) ag iarraidh go ndéanfaí machnamh ar Chomhaontú Idirinstitiúideach a bhunú d’fhonn struchtúr an idirphlé shibhialta a chinneadh (28). Ina theannta sin, d’fhéadfadh comhaontú den chineál sin féachaint ar an gcaoi a bhféadfadh CESE ról an éascaitheora a imirt i ndáil leis na painéil saoránach.

5.3.

Is oibleagáid dhlíthiúil atá ar institiúidí an Aontais Airteagal 11 CAE a chur chun feidhme go leanúnach agus go héifeachtach ar leibhéal an Aontais. D’fhéadfaí a áireamh leis sin gach cineál idirphlé shibhialta, lena n-áirítear an t-idirphlé trasnaí, an t-idirphlé ingearach/earnálach, agus an t-idirphlé cothrománach a d’fhéadfadh a bheith ann laistigh den tsochaí shibhialta. Maidir leis an dara ceann – an t-idirphlé cothrománach idir na saoránaigh agus na comhlachais ionadaíocha mar dheiseanna chun tuairimí a chur in iúl agus a mhalartú go poiblí i ngach réimse de ghníomhaíocht an Aontais – tá gá le haird bhreise agus bearta tacaíochta speisialta, bearta a d’fhéadfadh a bheith ina gcuid thábhachtach de Straitéis an Aontais maidir leis an tSochaí Shibhialta. Bíonn idirphlé ann ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta. Mar sin féin, ba cheart béim a leagan ar an leibhéal náisiúnta agus a thabhairt faoi deara go bhféadfadh an leibhéal áitiúil agus réigiúnach a bheith san áireamh leis freisin.

5.4.

Maidir le cur chun feidhme Airteagal 11 CAE ag institiúidí an Aontais, ba cheart dóibh caighdeáin, forálacha nó treoirlínte soiléire a chur ar fáil maidir le prionsabail áirithe amhail ‘an t-idirphlé sibhialta – cad chuige’ agus ‘an t-idirphlé sibhialta – conas’, chun a áirithiú go bhfuil sé fóinteach, dírithe ar thorthaí, agus go gcuirfear tosaíochtaí agus cláir san áireamh go rialta, mar aon le grúpaí leochaileacha. Ní mór a áirithiú chomh maith go mbeidh eagraíochtaí na sochaí sibhialta rannpháirteach ag céim luath i gceapadh na mbeartas agus na reachtaíochta, ós rud é go bhfuil an méid sin ríthábhachtach chun go n-éireoidh leis an gcur chun feidhme, chun go nglacfar leis an idirphlé ar an láthair agus chun na spriocghrúpaí a ullmhú. Maidir leis na caighdeáin, ní mór gealltanais shoiléire a bheith ann chun a áirithiú go bhfaighidh eagraíochtaí na sochaí sibhialta aiseolas maidir leis an obair leantach a dhéantar ar na tograí chomh maith le hamlínte soiléire le haghaidh na gcomhairliúchán.

5.5.

Eagraíonn an Chomhairle comhairliúcháin chórasacha le heagraíochtaí na sochaí sibhialta maidir lena cuid oibre reachtaí agus beartais. D’fhéadfadh cuireadh d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta chuig cruinnithe a gcuid meithleacha a bheith i gceist leis na comhairliúcháin sin. Ina theannta sin, féadfaidh uachtaránachtaí rothlacha na Comhairle cruinnithe a eagrú le heagraíochtaí na sochaí sibhialta maidir leis na tosaíochtaí atá acu.

5.6.

Ba cheart do Leas-Uachtarán de chuid an Choimisiúin tabhairt faoin idirphlé leis an tsochaí shibhialta i gcónaí, agus ba cheart ról Leas-Uachtarán Pharlaimint na hEorpa atá i gceannas ar an teagmháil leis an tsochaí shibhialta a neartú. Is léir go bhféadfadh beartais níos spriocdhírithe agus níos éifeachtaí a bheith mar thoradh ar fheabhas ar chur chun feidhme Airteagal 11 CAE, agus go bhféadfaí feabhas a chur freisin ar rannpháirtíocht eagraíochtaí na sochaí sibhialta i bpróiseas ceaptha beartais an Aontais, mar aon le ról CESE a neartú ag an am céanna. D’iarr CESE roimhe seo go gcruthófaí aonad comhordúcháin laistigh d’Ardrúnaíocht an Choimisiúin, agus go ndéanfaí an Leas-Uachtarán ábhartha sa Choimisiún bainistíocht dhíreach ar an aonad sin. Chuirfeadh an t-aonad sin tacaíocht ar fáil freisin do na hardstiúrthóireachtaí uile maidir le cur chuige agus straitéis fhoriomlán an idirphlé shibhialta, ceanglais agus nósanna imeachta cáilíochta a dhréachtú agus a chur chun feidhme, treoir cháilíochta, faisnéis agus obair leantach (29).

5.7.

B’fhiú machnamh a dhéanamh ar chritéir a fhorbairt agus scórchlár bliantúil a bhunú don idirphlé sibhialta ina leagfaí amach cathain a rannchuidigh eagraíochtaí na sochaí sibhialta le próisis chomhairliúcháin, ar cuireadh a rannchuidiú san áireamh nó nár cuireadh, agus ina mhíneofaí na cúiseanna leis sin. D’fhéadfadh sé sin a bheith ina ionstraim luachmhar chun measúnú a dhéanamh ar an méid a oibríonn agus ar an méid nach n-oibríonn. D’fhéadfadh tuarascáil dhébhliantúil maidir leis an idirphlé sibhialta a bheith mar thoradh ar an scórchlár bliantúil. Rianófaí éachtaí agus teipeanna rannpháirtíocht an Aontais leis an tsochaí shibhialta i gcoitinne, agus dhéanfaí meastóireacht ar staid na himeartha maidir leis an idirphlé sibhialta agus ar éifeachtacht eagraíochtaí na sochaí sibhialta.

5.8.

Mar obair leantach ar an treochlár a glacadh ag Fóram na nEagraíochtaí Neamhrialtasacha a reáchtáladh i Ríge in 2015, dhréachtaigh an Grúpa Idirchaidrimh plean gníomhaíochta in 2018 chun Airteagal 11(1) agus Airteagal 11(2) den Chonradh ar an Aontas Eorpach a chur chun feidhme (30). Bhí Faireachlann Eorpach um Idirphlé Sibhialta a bhunú ar cheann de na tograí a rinneadh. Tugann CESE an iarraidh sin dá aire.

5.9.

Ní mór béim a leagan agus feabhas a chur ar ról speisialta CESE mar chaomhnóir institiúideach nósanna imeachta comhairliúcháin na sochaí sibhialta agus an idirphlé shibhialta i gcoitinne, mar a luaitear i dtuairim SOC/766 maidir leis na painéil saoránach.

5.10.

Maidir leis na painéil saoránach, mar a luadh i dtuairim SOC/766 maidir leis na painéil saoránach, tá CESE suite de go bhféadfadh ról sonrach a bheith aige i rannpháirtíocht dhíreach na saoránach trí phainéil ghinearálta agus trí phainéil shonracha. Moladh sa tuairim SOC/766 maidir leis na painéil saoránach go gcuirfí san áireamh, trí leas a bhaint as an tástáil chun raon na n-ionstraimí rannpháirtíochta is féidir le CESE a úsáid, e.g. na painéil saoránach, in obair chomhairliúcháin an Choiste a chinneadh. D’fhéadfaí machnamh a dhéanamh freisin ar phainéil na sochaí sibhialta, mar a moladh i bpáipéar machnaimh Ghrúpa Idirchaidrimh CESE maidir leis na painéil saoránach agus painéil na sochaí sibhialta.

5.11.

D’fhéadfaí tionscnaimh shuaitheanta amhail Seachtain na Sochaí Sibhialta a úsáid chun machnamh a dhéanamh ar phróiseas an idirphlé shibhialta, ach, thar aon ní eile, chun smaointe a fhorbairt ar mhaithe leis an bplean gníomhaíochta agus lena chur chun feidhme, mar shampla.

5.12.

Ní féidir le hidirphlé sibhialta den chineál sin feidhmiú mar is cuí mura gcuirtear tacaíocht láidir ar fáil d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta. Tá gá le creat láidir tacaíochta, lena n-áirítear ardú feasachta, acmhainní, oideachas agus oiliúint chun acmhainneachtaí na n-eagraíochtaí sin a fhorbairt agus chun feabhas a chur ar an rochtain atá acu ar an gcinnteoireacht agus ar cheapadh beartais. Go deimhin, is féidir ról lárnach a bheith ag an oideachas agus ag an oiliúint maidir leis an idirphlé sibhialta a chothú tríd an eolas, na scileanna smaointeoireachta criticiúla, agus an ionbhá is gá a thabhairt do dhaoine aonair chun dul i mbun comhairliúcháin fhiúntaigh mheasúil agus páirt a ghlacadh i bpróisis ceaptha beartas agus cinnteoireachta. Tugtar an deis do dhaoine saincheisteanna casta a thuiscint, aird a bheith acu ar dhearcthaí éagsúla agus tuairimí eolacha a fhorbairt. Tríd an bhfoghlaim ar feadh an tsaoil a chur chun cinn, rud a leagann béim ar an luach a bhaineann le plé caoithiúil béasach atá bunaithe ar fhianaise, is féidir leis an tsochaí bonn a fhorbairt d’idirphlé cuiditheach, agus comhar agus dul chun cinn a spreagadh, fiú a mhéid a bhaineann le hábhair atá an-chonspóideach. I ndeireadh na dála, is bunchloch de chuid an idirphlé sibhialta é an t-oideachas, rud a chinntíonn go bhfuil daoine aonair ullmhaithe níos fearr chun páirt a ghlacadh sa phróiseas daonlathach agus chun cur go dearfach lena bpobal féin agus le gach uile ghné den saol.

5.13.

Le cláir chistiúcháin an Aontais amhail an clár um Shaoránaigh, Comhionannas, Cearta agus Luachanna (CERV), Erasmus+ etc., d’fhéadfaí forbairt agus neartú uirlisí agus sásraí a éascú chun an t-idirphlé a chur chun feidhme, lena n-áirítear trí thacaíocht oibríochtúil níos fearr a chur ar fáil do phríomheagraíochtaí na sochaí sibhialta a dhéanann ionadaíocht ar ghrúpaí ar deacair teagmháil a dhéanamh leo, grúpaí leochaileacha agus grúpaí nach iad.

5.14.

Is gníomh misniúil nuálach sa chreat idirnáisiúnta é gníomhaithe neamhstáit (seachas eagraíochtaí ceardchumainn agus fostóirí amháin) a áireamh sa sainmhíniú ar eagraíochtaí na sochaí sibhialta. San am céanna, ní mór saintréithe na gcomhlachas, na ngluaiseachtaí agus na n-eagraíochtaí oibre deonaí a chosaint. I ngeall air sin, measann CESE gur tábhachtach gur eagraíochtaí dlisteanacha ionadaíocha a bheidh in eagraíochtaí na sochaí sibhialta. Dá bhrí sin, chun obair laethúil na n-eagraíochtaí sin a aithint ar gach leibhéal, tá gá le creat sonrach a leanfaidh prionsabail an daonlathais inmheánaigh, an neamhspleáchais agus na trédhearcachta, mar aon le samhail neamhbhrabúis, creat a fhreastalóidh ar an leas coiteann agus/nó ar ghrúpaí sainleasa. Tá CESE ag iarraidh go mbeadh sásra creidiúnaithe ann a bheadh bunaithe ar na prionsabail thuasluaite. Ní mór dlisteanacht shainordú na gcomhaltaí, na réimsí spéise, agus gné fhíorasach na hionadaíochta agus na cuntasachta a chur san áireamh, cé is moite de a mhéid a bhaineann leis na heagraíochtaí a aithníodh cheana mar chomhpháirtithe sóisialta i gcomhréir leis an teachtaireacht ón gCoimisiún a foilsíodh in 1993 (31) agus leis an gcinneadh ón gCoimisiún a foilsíodh in 1998 (32).

5.15.

In 2016, leag CESE critéir ionadaíochta síos a raibh feidhm acu maidir le ballraíocht sa Ghrúpa Idirchaidrimh (33). Tá athrú tagtha ar thírdhreach, ar chomhdhéanamh agus ar ról na sochaí sibhialta (ról ar a n-áirítear atreisiú forlíontach an daonlathais ionadaíoch agus cosaint an daonlathais sin). Tá athbhreithniú á dhéanamh ag an nGrúpa Idirchaidrimh faoi láthair ar na critéir, athbhreithniú a bhfuil eagraíochtaí na sochaí sibhialta go hiomlán rannpháirteach ann. Ba cheart mionscrúdú ar shaincheist na hionadaíochta cáilíochtúla a bheith mar thoradh air sin freisin.

An Bhruiséil, an 15 Feabhra 2024.

Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

Oliver RÖPKE


(1)  Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Conas is féidir cúrsaí a phlé leis an spriocphobal agus éifeacht a bhaint as torthaí na hoibre a dhéanann na Painéil Saoránach? (IO C 349, 29.9.2023, lch. 69), pointe 1.3).

(2)  An Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa, -Tuarascáil ar an toradh deiridh:, Bealtaine 2022.

(3)  https://www.socialplatform.org/members-area/working-groups/civil-dialogue/; https://civic-forum.eu/civil-dialogue.

(4)  Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Conas is féidir cúrsaí a phlé leis an spriocphobal agus éifeacht a bhaint as torthaí na hoibre a dhéanann na Painéil Saoránach? (IO C 349, 29.9.2023, lch.69), pointe 4.5.

(5)   IO C 383, 17.11.2015, lch. 57.

(6)  Plean Gníomhaíochta maidir le cur chun feidhme Airteagal 11(1) agus Airteagal 11(2) CAE.

(7)  Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Conas is féidir cúrsaí a phlé leis an spriocphobal agus éifeacht a bhaint as torthaí na hoibre a dhéanann na Painéil Saoránach? (IO C 349, 29.9.2023, lch. 69), pointe 1.4.

(8)   Code of Good Practice for Civil Participation in the Decision-Making Process.

(9)  COM(93) 600 final.

(10)  Cinneadh 98/500/CE ón gCoimisiún an 20 Bealtaine 1998 lena mbunaítear Coistí um Idirphlé Earnála agus lena gcuirtear an tIdirphlé idir na comhpháirtithe sóisialta chun cinn ar an leibhéal Eorpach (IO L 225, 12.8.1998, lch. 27).

(11)  Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Togra le haghaidh Moladh ón gComhairle maidir leis an idirphlé sóisialta a neartú san Aontas Eorpach (COM(2023) 38 final — 2023/0012 (NLE)) agus maidir le Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún An t-idirphlé sóisialta a neartú san Aontas Eorpach: leas a bhaint as a chumas iomlán chun aistrithe córa a bhainistiú (IO C 228, 29.6.2023, lch. 87), pointe 1.7.

(12)  https://civilsocietyeurope.eu/.

(13)  Litir oscailte ó Shochaí Shibhialta na hEorpa chuig Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, 2022. Ní chuirtear na comhpháirtithe sóisialta san áireamh.

(14)  Rún CESE maidir leis an gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa.(IO C 286, 16.7.2021, lch. 1).

(15)  An Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa – Tuarascáil ar an toradh deiridh.

(16)  Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Conas is féidir cúrsaí a phlé leis an spriocphobal agus éifeacht a bhaint as torthaí na hoibre a dhéanann na Painéil Saoránach (IO C 349, 29.9.2023, lch. 69), pointe 1.4.

(17)  Comhdháil ar Thodhchaí na hEorpa – Tuarascáil ar an toradh deiridh.

(18)  Rannpháirtíocht na hóige in CESE | CESE (europa.eu).

(19)  Teachtaireacht ón gCoimisiún: An Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa. (COM(2022) 404 final).

(20)  Airteagal 10(3) CAE.

(21)  Tuarascálacha bliantúla maidir le cur i bhfeidhm Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh agus Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha (FRA): Charter 2022 consultation report.

(22)  Leagadh na comhpháirteanna sin amach, le téarmaíocht atá beagán difriúil, i dtuairim CESE An Coimisiún agus eagraíochtaí neamhrialtasacha: comhpháirtíocht níos láidre a thógáil, (IO C 268, 19.9.2000, lch. 67). (níl leagan Gaeilge ann).

(23)  Ní hionann an téarma seo agus an “idirphlé earnála” i réimse an idirphlé shóisialta. Tagraítear níos mó do shaincheisteanna earnálacha ar leith leis an téarma seo.

(24)  Participatory Democracy – A success story.

(25)  Rún ó Pharlaimint na hEorpa maidir le hidirphlé sibhialta a fhorbairt faoi Chonradh Liospóin (OJ C 46 E, 24.2.2010, p. 23).

(26)  Litir oscailte ó Shochaí Shibhialta na hEorpa chuig Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, 2022. Ní chuirtear na comhpháirtithe sóisialta san áireamh.

(27)  An t-idirphlé sibhialta agus an daonlathas rannpháirteach i gcleachtas institiúidí an Aontais Eorpaigh (níl leagan Gaeilge ann).

(28)  https://www.socialplatform.org/members-area/working-groups/civil-dialogue/; https://civic-forum.eu/civil-dialogue.

(29)   IO C 383, 17.11.2015, lch. 57.

(30)  Plean Gníomhaíochta maidir le cur chun feidhme Airteagal 11(1) agus Airteagal 11(2) CAE.

(31)  COM(93) 600 final.

(32)  Commission Decision 98/500/EC.

(33)  Rialacha oibriúcháin an Ghrúpa Idirchaidrimh. https://www.eesc.europa.eu/sites/default/files/files/operating_rules_lg.pdf.


IARSCRÍBHINN

Samplaí den idirphlé sibhialta ar leibhéal an Aontais

1.   

Is é Idirphlé Óige an Aontais Eorpaigh (1) an t-idirphlé sibhialta struchtúrtha is forbartha ar leibhéal an Aontais. Is fóram atá ann le haghaidh machnamh ar bhonn comhpháirteach agus comhairliúchán maidir le tosaíochtaí, cur chun feidhme agus obair leantach an chomhair Eorpaigh i réimse na hóige. Is cuid chomhtháite den phróiseas iad eagraíochtaí amhail Fóram Eorpach na nÓg, a thacaíonn leis an gcur chun feidhme ar an leibhéal náisiúnta.

2.   

San am atá caite, rinne an grúpa teagmhála don tsochaí shibhialta, faoi stiúir CONCORD Europe agus roinnt líonraí eile ar leibhéal an Aontais (CONCORD, Green8, an Gréasán um Chearta an Duine agus um an Daonlathas agus an tArdán Sóisialta) iarracht idirphlé sibhialta cothrománach a bhaint amach. Ba é an aidhm a bhí ag an ngrúpa teagmhála sin ionadaíocht a dhéanamh ar fud an Aontais ar na tuairimí agus na leasanna a bhí ag eagraíochtaí na sochaí sibhialta, arbh eagraíochtaí iad a bunaíodh ar leasanna agus cearta, i leith saincheisteanna móra. Ba é an cuspóir a bhí ann idirphlé sibhialta trédhearcach agus struchtúrtha a spreagadh agus a chur chun cinn, a bheadh inrochtana, éascaithe go cuí, cuimsitheach agus cothrom, lena n-urramófaí neamhspleáchas eagraíochtaí na sochaí sibhialta freisin.

3.   

Ba é bunú eagraíocht Sochaí Shibhialta na hEorpa (2) an chéad chéim eile a tógadh chun aitheantas a thabhairt don ghá atá le hionadaíocht na sochaí sibhialta eagraithe ar leibhéal an Aontais. Is chun comhordú buan a bhunú idir eagraíochtaí na sochaí sibhialta ar leibhéal an Aontais a cruthaíodh an eagraíocht sin go hoifigiúil, sin agus chun idirphlé sibhialta struchtúrtha fóinteach a iarraidh le hinstitiúidí uile an Aontais. Cruthaíodh Coinbhinsiún na Sochaí Sibhialta chun cabhrú le próiseas na Comhdhála ar Thodhchaí na hEorpa réiteach a fháil ar easpa cuimsithe eagraíochtaí na sochaí sibhialta sa phróiseas oifigiúil.

4.   

Sampla eile d’idirphlé rialta an Choimisiúin leis na geallsealbhóirí in earnáil na talmhaíochta is ea an grúpa idirphlé shibhialta i réimse na talmhaíochta (3). Is sainghrúpaí de chuid an Choimisiúin iad na Grúpaí Idirphlé Sibhialta a bhaineann go sonrach le hArd-Stiúrthóireacht na Talmhaíochta agus na Forbartha Tuaithe. Cuireann siad creat dlí agus nós imeachta aonair ar fáil chun dul i gcomhairle le geallsealbhóirí neamhrialtasacha.

5.   

Sampla eile is ea an clár DEAR (4) (Oideachas agus Múscailt Feasachta maidir le Forbairt) faoi Ard-Stiúrthóireacht na gComhpháirtíochtaí Idirnáisiúnta. Is grúpa il-gheallsealbhóirí de chuid an Aontais atá in DEAR, grúpa a thugann mórthairbhithe an chláir le chéile (eagraíochtaí neamhrialtasacha) le haghaidh idirphlé rialta maidir lena chur chun feidhme.

6.   

Chomh maith leis sin, chruthaigh an Coimisiún grúpa idirphlé shibhialta faoin gclár CERV, clár darbh ainm ‘an Clár um an Eoraip ar son na Saoránach’ tráth den saol. Tá na hábhair uile a bhaineann leis an gClár um an Eoraip ar son na Saoránach agus cur chun feidhme an chláir sin pléite ag an ngrúpa sin. Molann sé go ndéanfaí taithí agus dea-chleachtais a mhalartú agus is cúnamh atá ann le torthaí an chláir a scaipeadh. Déanann sé faireachán agus plé freisin ar fhorbairtí beartais i réimsí gaolmhara eile.


(1)  https://youth.europa.eu/strategy/euyouthdialogue_ga

(2)  https://civilsocietyeurope.eu/

(3)  https://agriculture.ec.europa.eu/common-agricultural-policy/cap-overview/committees-and-expert-groups/civil-dialogue-groups_ga

(4)  https://capacity4dev.europa.eu/projects/dear


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/2481/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)


Top