Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52023AE2272

    Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le glantaigh agus dromchlaghníomhaithe, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 2019/1020 agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimhir 648/2004 (COM(2023) 217 final – 2023/0124 (COD))

    EESC 2023/02272

    IO C 349, 29.9.2023, p. 121–126 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    29.9.2023   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 349/121


    Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le glantaigh agus dromchlaghníomhaithe, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 2019/1020 agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimhir 648/2004

    (COM(2023) 217 final – 2023/0124 (COD))

    (2023/C 349/19)

    Rapóirtéir:

    Violeta JELIĆ

    Comhairliúchán

    Parlaimint na hEorpa, 1.6.2023

    An Chomhairle, 7.6.2023

    Bunús Dlí

    Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

    Rannóg atá freagrach

    Margadh Aonair, Táirgeacht agus Tomhaltas

    Dáta a glactha sa rannóg

    29.6.2023

    Dáta a glactha sa seisiún iomlánach

    12.7.2023

    Seisiún iomlánach Uimh.

    580

    Toradh na vótála

    (ar son/in aghaidh/staonadh)

    193/1/2

    1.   Conclúidí agus moltaí

    1.1.

    Is díol sásaimh do Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) an nuashonrú agus an simpliú a rinneadh ar Rialachán (CE) Uimh. 648/2004 (1) maidir le glantaigh, is é sin gnéithe iomarcacha nó eilimintí atá imithe i léig a bhaint agus iad siúd a oibríonn go maith a choinneáil ar bun. Measann CESE, áfach, go ndéantar na deiseanna le haghaidh cuíchóirithe a fhritháireamh nó go sáraítear iad leis an ualach riaracháin méadaithe a eascraíonn as gnéithe eile den togra le haghaidh athbhreithniú.

    1.2.

    Tá béim á leagan ag CESE ar a thábhachtaí atá sé comhleanúnachas agus comhsheasmhacht a áirithiú idir an t-athbhreithniú ar Rialachán na nGlantach agus forbairtí reachtacha agus teicniúla eile, amhail na forbairtí sin a bhaineann leis an Rialachán maidir le hAicmiú, Lipéadú agus Pacáistiú Rialachán CLP ((CE) Uimh. 1272/2008) (2) agus an Rialachán maidir leis an Éicidhearthóireacht le haghaidh Táirgí Inbhuanaithe.

    1.3.

    Tá CESE lántiomanta do shábháilteacht tomhaltóirí agus úsáideoirí gairmiúla a áirithiú, ach measann sé go bhfuil na ceanglais nua maidir le glantaigh ina bhfuil miocrorgánaigh róchoimeádach, dolúbtha agus go bhfuil contrárthachtaí iontu. Molann CESE go ndéanfaí na rialacha sin a oiriúnú chun go mbeidh siad níos comhsheasmhaí, go hinmheánach agus le beartais eile araon, agus chun tacú leis an nuálaíocht sa chatagóir táirgí sin atá ag teacht chun cinn seachas í a chosc.

    1.4.

    Is díol sásaimh do CESE an chothroime iomaíochta a bunaíodh le haghaidh faireachas margaidh ar ghlantaigh agus ar dhromchlaghníomhaithe arna monarú san Aontas agus arna n-allmhairiú. Mar sin féin, measann CESE gur ródhian an oibleagáid atá ann pas táirge a chruthú agus fógra a thabhairt ina leith le haghaidh gach baisc de ghlantaigh/dromchlaghníomhaithe, agus molann sé truicir níos iomchuí a bhunú chun an pas táirge a nuashonrú.

    1.5.

    Tá sé á iarraidh ag CESE go ndéanfar soiléiriú breise ar bhreisluach an phas táirgí agus na marcála comhréireachta le haghaidh faireachas margaidh, ós rud é nach raibh an fhaisnéis sin san áireamh i measúnú tionchair an Choimisiúin. Tá sé á thabhairt dá aire ag CESE gur féidir sábháilteacht tomhaltóirí agus úsáideoirí a chur i mbaol de dheasca mharcáil chalaoiseach CE agus gur míbhuntáiste iomaíochta a bhíonn ann do na hoibreoirí eacnamaíocha sin a chomhlíonann na rialacha.

    1.6.

    Tá sé á chur i bhfios go láidir ag CESE a thábhachtaí atá sé ceanglais shonracha agus theicniúla a bheith i bhfeidhm in am trátha chun a gcur chun feidhme a éascú, agus molann sé, dá bhrí sin, nach gcuirfear tús leis na hidirthréimhsí go dtí go nglacfar an reachtaíocht bhreise ábhartha.

    1.7.

    Tá CESE i bhfabhar soiléireacht agus inléiteacht na lipéad táirgí a fheabhsú trí fhorluí idir píosaí reachtaíochta a bhaint, trí ábhar lipéad a shimpliú agus trí úsáid éifeachtach a bhaint as lipéadú digiteach. Molann CESE go gcuirfí na féidearthachtaí céanna maidir le digitiú na gceanglas lipéadaithe i bhfeidhm maidir le táirgí réamhphacáistithe agus a chuirtear i bhfeidhm i gcás díolacháin athlíonta, agus go bhféadfaí glantaigh a lipéadú ar bhealach níos soiléire trí phicteagraim/deilbhíní a úsáid in ionad téacs.

    2.   Cúlra na tuairime

    2.1.

    Leis an togra, déantar nuashonrú ar na rialacha atá ann cheana maidir le glantaigh faoi threoir chuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip, na Straitéise Ceimiceán um an Inbhuanaitheacht agus na Teachtaireachta ón gCoimisiún maidir le hiomaíochas fadtéarmach an Aontais a glacadh le déanaí. Is é is aidhm don togra rialacha an mhargaidh a shimpliú trí dheireadh a chur le ceanglais a mheastar a bheith neamhriachtanach nó iomarcach, lipéadú digiteach deonach a thabhairt isteach trí idirdhealú a dhéanamh idir táirgí réamhphacáistithe agus táirgí athlíonacháin, díolachán táirgí sábháilte nuálacha a éascú trí cheanglais sábháilteachta a thabhairt isteach le haghaidh miocrorgánach, agus forfheidhmiú a neartú trí phas táirge a thabhairt isteach.

    2.2.

    Áirítear i bhforálacha ginearálta an togra sainmhínithe ar ‘glantaigh’, ‘dromchlaghníomhaithe’ agus coincheapa eile dá dtagraítear i dtéacs an rialacháin atá beartaithe, agus rinneadh cuid acu a nuashonrú agus a shoiléiriú.

    2.3.

    Leagtar amach sa togra na ceanglais táirge do ghlantaigh agus dromchlaghníomhaithe, maidir le saorghluaiseacht, in-bhithdhíghrádaitheacht, úsáid miocrorgánach i nglantaigh agus teorainneacha ar chion na bhfosfáití agus na gcomhdhúl eile fosfair. Déantar na trí cinn dheireanacha díobh sin a mhionsaothrú tuilleadh sna hiarscríbhinní den rialachán atá beartaithe.

    2.4.

    In Iarscríbhinn I tá critéir in-bhithdhíghrádaitheachta deiridh agus modhanna tástála le haghaidh dromchlaghníomhaithe, iontu féin agus mar chomhpháirteanna de ghlantaigh. Go bunúsach, is ionann iad agus forálacha Rialachán (CE) Uimh. 648/2004, ós rud é go bhfuil na critéir agus na modhanna tástála sin fós úrscothach agus oiriúnach dá bhfeidhm. Baineadh na critéir phríomha in-bhithdhíghrádaitheachta atá imithe i léig, mar aon leis an nós imeachta maolaithe le haghaidh dromchlaghníomhaithe nach gcomhlíonann na critéir in-bhithdhíghrádaitheachta deiridh: níor úsáideadh é sin ach aon uair amháin le hiontráil in iar-Iarscríbhinn V a chuaigh in éag in 2019, mar sin meastar nach bhfuil gá leis a thuilleadh.

    2.5.

    Le hIarscríbhinn II den togra tugtar isteach ceanglais maidir le glantaigh ina bhfuil miocrorgánaigh, d’fhonn rialacha comhchuibhithe a bhunú lena rialófar sábháilteacht na dtáirgí sin agus modhanna tástála ábhartha chun comhlíonadh na rialacha sin a léiriú. Leis na ceanglais leagtar amach na (tréithchineálacha) miocrorgánach a fhéadfar a úsáid bunaithe ar a sainaithint fhoirmiúil, chomh maith le ceanglas go mbaineann siad le Grúpa Riosca I mar a shainmhínítear i dTreoir 2000/54/CE (3) (oibreáin bhitheolaíocha ag an obair) mar aon leis an liosta um Toimhde Cháilithe Sábháilteachta de chuid EFSA. Leis an Iarscríbhinn, freisin, cuirtear toirmeasc ar orgánaigh phataigineacha sonracha nó miocrorgánaigh ghéinmhodhnaithe a úsáid, ní cheadaítear a mhaíomh go bhfuil éifeacht fhrithmhiocróbach nó díghalraithe ann mura gcomhlíonann na glantaigh Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 (4) maidir le Táirgí Bithicídeacha, agus tá cosc ar ghlantaigh a bhfuil miocrorgánaigh iontu a chur ar an margadh mar tháirge athlíonacháin. Thairis sin, bunaítear leis an Iarscríbhinn ceanglais éigeantacha tástála do ghlantaigh a bhfuil miocrorgánaigh iontu, lena náirítear an ceanglas go ndéanfaidh tríú páirtithe tástálacha chun tacú le haon mhaíomh a bhaineann le gníomhaíocht miocrorgánach, agus tástáil ghéarthocsaineachta ionanálaithe in vivo (Tástáil B.2 faoi Rialachán (CE) Uimh. 440/2008 (5), i.e. OECD TG 403).

    2.6.

    Leis an togra, coinnítear gan athrú na teorainneacha mionsonraithe ar chion na bhfosfáití agus ar chion na gcomhdhúl eile fosfair dá dtagraítear i Rialachán (CE) Uimh. 648/2004.

    2.7.

    Déantar cur síos sa togra ar oibleagáidí na n-oibreoirí eacnamaíocha, eadhon na monaróirí, na hallmhaireoirí, na dáileoirí agus an ionadaí údaraithe, ról nua a tugadh isteach le déanaí. Cuirtear deireadh leis an oibleagáid a bhíodh ann go mbeadh an monaróir bunaithe san Aontas, ach ceanglaítear ar mhonaróirí lasmuigh den Aontas ionadaí údaraithe a ainmniú, trí shainordú i scríbhinn, chun cúraimí áirithe a chur i gcrích (rud atá roghnach do mhonaróirí atá bunaithe laistigh den Aontas).

    2.8.

    Leis an togra tugtar isteach nós imeachta nua um measúnú comhréireachta atá le cur i gcrích ag monaróirí glantach nó dromchlaghníomhaithe, rud atá bunaithe ar Mhodúl A de Chinneadh Uimh. 768/2008/CE (Rialú inmheánach táirgthe). Tá féindearbhú comhréireachta i gceist leis an nós imeachta agus ceanglaítear leis go mbaileofar doiciméadacht theicniúil ina mbeidh cur síos ar an nglantach agus a chuid feidhmeanna, tuarascálacha ar thástálacha comhlíontachta a rinneadh agus bileog sonraí comhábhar.

    2.9.

    Leagtar amach na ceanglais maidir le marcáil comhréireachta agus lipéadú glantach agus dromchlaghníomhaithe, lena n-áirítear rialacha maidir le lipéadú digiteach a chur chun feidhme i gcás ina roghnaíonn an t-oibreoir eacnamaíoch é sin a úsáid. Tugtar tuairisc níos mionsonraithe ar na ceanglais lipéadaithe in Iarscríbhinn V, ina dtugtar sonraíochtaí maidir le hinneachar a lipéadú, faisnéis dáileoige is féidir a fhágáil ar lár ón lipéad fisiceach nuair a sholáthraítear i lipéad digiteach í, agus greille shimplithe dáileoige do ghlantaigh níocháin tomhaltóra. Tugtar isteach leis an togra, freisin, coincheap an iompróra sonraí, a úsáidtear chun rochtain a fháil ar an lipéad digiteach, agus nach mór a bheith ar an nglantach nó ar an dromchlaghníomhaí féin, ar an bpacáistíocht nó ar an doiciméadacht a ghabhann leis.

    2.10.

    Leagtar amach sa togra na ceanglais maidir leis an bpas táirge, agus inneachar an phas sin, a tugadh isteach mar mhodh chun dearbhú comhréireachta (trí chlárlann lárnach) agus faireachas margaidh a éascú maidir le glantaigh nó dromchlaghníomhaithe a chuirtear ar an margadh. Ní mór go mbeifear in ann rochtain a fháil ar an bpas táirge tríd an iompróir sonraí céanna ar an táirge mar atá luaite thuas, agus tá sé beartaithe é a bheith idir-inoibritheach le haon phas táirge a thugtar isteach, mar shampla, faoi reachtaíocht maidir le hÉicidhearthóireacht do Tháirgí Inbhuanaithe. Ceanglaítear ar an gCoimisiún gníomh cur chun feidhme a ghlacadh lena leagfar síos na ceanglais theicniúla don phas táirge agus don iompróir sonraí.

    2.11.

    Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh amach anseo chun na ceanglais a bhfuil tuairisc orthu sna caibidlí roimhe sin a chur in oiriúint do na forbairtí teicniúla, eolaíocha agus margaidh.

    2.12.

    Áirítear sna forálacha idirthréimhseacha agus forálacha críochnaitheacha clásal sonrach athbhreithniúcháin in Airteagal 32 maidir leis na ceanglais a bhaineann le glantaigh a bhfuil miocrorgánaigh iontu, lena gceanglaítear ar an gCoimisiún ábharthacht agus éifeachtacht na rialacha sin a mheas tráth nach déanaí ná trí bliana tar éis theacht i bhfeidhm an rialacháin.

    3.   Barúlacha ginearálta agus barúlacha sonracha

    3.1.

    Measann Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa go bhfuil Rialachán (CE) Uimh. 648/2004 maidir le glantaigh (dá ngairtear Rialachán na nGlantach anseo feasta) ábhartha ó thaobh aidhmeanna de, go bhfuil sé dea-fheidhmiúil agus go bhfuil a chuid aidhmeanna bainte amach aige den chuid is mó.

    3.2.

    Aontaíonn CESE leis an aidhm atá ag an gCoimisiún Rialachán na nGlantach a thabhairt cothrom le dáta chun go léireofar na forbairtí teicneolaíochta, tráchtála agus beartais a tharla ó glacadh an rialachán in 2004, agus tacaíonn sé le cuspóir an Rialacháin simpliú a dhéanamh ar na ceanglais atá ar oibreoirí eacnamaíocha — go háirithe FBManna — agus aon fhorluí nó dúbláil le píosaí eile reachtaíochta de chuid an Aontais a bhaint. Is díol sásaimh do CESE na simplithe a tugadh isteach trí bhíthin an togra, ach measann sé go dtugann an Coimisiún le tuiscint go bhfuil laghdú níos mó tagtha ar an ualach riaracháin ná mar atá i ndáiríre, agus go bhfuil méadú suntasach tagtha ar an ualach i réimsí eile (6).

    3.3.

    Tá an t-athbhreithniú ar Rialachán na nGlantach á dhéanamh i gcomhthráth le roinnt tograí eile le haghaidh reachtaíocht athbhreithnithe nó reachtaíocht nua a dhéanann difear do ghlantaigh, lena n-áirítear an Rialachán maidir le hAicmiú, Lipéadú agus Pacáistiú (Rialachán CLP) ((CE) Uimh. 1272/2008) agus an rialachán nua maidir leis an Éicidhearthóireacht le haghaidh Táirgí Inbhuanaithe. Tá béim á leagan ag CESE ar a thábhachtaí atá sé comhleanúnachas agus comhsheasmhacht iomlán a áirithiú idir na píosaí reachtaíochta éagsúla sin agus éagsúlachtaí agus forluí a sheachaint ina gcuid forálacha.

    3.4.

    Tacaíonn CESE leis an sainmhíniú simplithe ar ‘glantach’ sa togra ón gCoimisiún, a mbeidh sé níos éasca d’oibreoirí eacnamaíocha agus do na húdaráis phoiblí araon é a thuiscint agus a chur i bhfeidhm. Ní dhéantar tagairt a thuilleadh do chatagóirí sonracha comhábhar (gallúnacha agus/nó dromchlaghníomhaithe) sa sainmhíniú ar ghlantach, agus mar gheall air sin, tá an sainmhíniú níos cuimsithí agus tá an raon feidhme maidir le nuálaíocht amach anseo sa chatagóir táirgí níos soiléire.

    3.5.

    Is díol sásaimh do CESE go gcoimeádtar na ceanglais in-bhithdhíghrádaitheachta le haghaidh dromchlaghníomhaithe agus go gcuirtear deireadh leis an nós imeachta maolaithe nach n-úsáidtear a thuilleadh. Déanann an méid sin na forálacha a chuíchóiriú agus a shoiléiriú d’oibreoirí eacnamaíocha agus do na húdaráis.

    3.6.

    Measann CESE gur ró-shaintreorach na ceanglais atá beartaithe maidir le glantaigh a bhfuil miocrorgánaigh iontu agus nach bhfuil siad oiriúnach do ghlantaigh. Meastar go bhfuil na ceanglais tástála a shonraítear in Iarscríbhinn II ródhian, go háirithe i gcás FBManna. Maidir le miocrorgánaigh a úsáidtear i dtáirgí glantaigh ar sprae iad, tá ceanglas ann pas a fháil i dtástáil ar ainmhithe veirteabracha chun géarthocsaineacht ionanálaithe a bhrath, rud a mbeadh íobairt 30 ainmhí in aghaidh na tástála i gceist leis de ghnáth. Baineann sé sin an bonn den ghealltanas a tugadh i dTreoir 2010/63/AE (7) maidir le cosaint ainmhithe a úsáidtear chun críoch eolaíoch, agus níl gá leis toisc gurb ann do mhodhanna malartacha chun sábháilteacht a chinneadh (e.g. comparáid a dhéanamh le sonraí stairiúla, tástálacha in vitro le línte ceall daonna nó tromachar na fianaise, agus stádas éigeantach Ghrúpa Riosca 1/QPS á chur san áireamh go háirithe).

    3.7.

    Measann CESE go bhfuil sé míchuí a cheangal nach mór do mhiocrorgánaigh a úsáidtear i nglantaigh a bheith ar liosta QPS EFSA. Ní ceanglas éigeantach é sin fiú chun miocrorgánach a úsáid i dtionscal an bhia agus na beatha; níl ann ach túsphointe le haghaidh tuilleadh meastóireachta ag EFSA. Is féidir miocrorgánaigh nach bhfuil ar an liosta QPS a mheasúnú maidir le sábháilteacht fós agus is féidir iad a úsáid i mbia nó i mbeatha, ach i gcás glantach ní bheadh an fhéidearthacht sin ann go dtí go ndéanfadh an Coimisiún athbhreithniú/athbhreithniú foirmiúil ar na ceanglais ina dhiaidh sin. Ní mheastar go bhfuil sé comhréireach srianta níos déine a bheith ann do ghlantaigh ná mar atá ann don bhia, a ionghabhtar go díreach. Ar an taobh eile de, dá mbeadh ceanglas EFSA maidir leis an Toimhde Cháilithe Sábháilteachta riachtanach, bheadh CESE den tuairim nach mbeadh údar leis an gceanglas go ndéanfaí na glantaigh a bhfuil miocrorgánaigh iontu a mharcáil le rabhadh nár cheart an táirge a úsáid ar dhromchlaí a mbíonn bia orthu.

    3.8.

    Má chuirtear teorainn leis na miocrorgánaigh a d’fhéadfaí a úsáid ar an gcaoi a dtuairiscítear in Iarscríbhinn II nua, beidh an baol ann go gcuirfear bac nó cosc leis an nuálaíocht. Chomh maith leis sin, déanfar neamhaird de go bhfuil glantaigh ina bhfuil miocrorgánaigh cumhdaithe cheana féin ag Rialachán na nGlantach agus ag reachtaíocht eile, amhail an Treoir maidir le Sábháilteacht Ghinearálta Táirgí. Déanfar neamhaird, freisin, den chreat a d’fhorbair an tionscal chun go bhféadfaí bainistiú riosca iomchuí a dhéanamh ar chomhábhair mhiocróbacha. Faoin togra, tá glantaigh a chuirtear ar an margadh chun críocha taighde agus forbartha díolmhaithe ó na coinníollacha a leagtar síos in Iarscríbhinn II pointe 1. Is é an t-aon sásra amháin atá ar fáil, áfach, chun (tréithchineálacha) miocrorgánach nua a úsáid sa mhargadh tráchtála is ea tríd an gclásal athbhreithnithe in Airteagal 32 agus/nó gníomhartha tarmligthe. Molann CESE próiseas nach bhfuil chomh sriantach céanna a ghlacadh chun an nuálaíocht a chumasú agus a chothú sa deighleog táirgí sin a bhfuil méadú ag teacht uirthi.

    3.9.

    Tacaíonn CESE leis an gCoimisiún na srianta atá ann cheana ar chion na bhfosfáití agus ar chion na gcomhdhúl eile fosfair a choinneáil, ar éirigh leo úsáid fosfair a laghdú ó 2014 i leith, agus úsáid an fhosfair sin a theorannú do chásanna ina bhfuil sé ríthábhachtach, nó ina mbeadh tionchar diúltach níos mó fós aige ar an gcomhshaol, ar shábháilteacht agus/nó ar fheidhmíocht ghlantacháin dá gcuirfí srian leis (8).

    3.10.

    Measann CESE go bhfuil gá le tuilleadh soiléireachta maidir le róil agus oibleagáidí na n-oibreoirí eacnamaíocha a shainaithnítear sa togra, go háirithe an t-ionadaí údaraithe dá dtagraítear in Airteagal 8. I gcás ina bhfuil sé d’oibleagáid ar mhonaróir atá bunaithe lasmuigh den Aontas ionadaí údaraithe den sórt sin a cheapadh, ní léir, mar shampla, ar cheart an dualgas bileog sonraí comhábhair a sholáthar do chomhlachtaí ceaptha na mBallstát, mar a thuairiscítear in Airteagal 7(6), a áireamh sa sainordú a thugann an monaróir neamh-AE don ionadaí údaraithe sin. Chun cothroime iomaíochta a áirithiú, tá sé tábhachtach go mbeadh na hoibleagáidí céanna i bhfeidhm maidir le monaróirí laistigh agus lasmuigh den Aontas araon agus gur léir conas a chomhlíonfar na hoibleagáidí sin.

    3.11.

    Tá sé á iarraidh ag CESE go ndéanfar soiléiriú breise ar bhreisluach an phas táirge agus na marcála comhréireachta mar mhodh chun comhréireacht táirgí atá faoi réir Rialachán na nGlantach a léiriú agus/nó a dheimhniú. Ní shainaithnítear sa tuarascáil ar an measúnú tionchair ón gCoimisiún aon fhadhb ar leith maidir le comhlíonadh ná rioscaí sábháilteachta do thomhaltóirí mar bhonn cirt leis na ceanglais sin a thabhairt isteach, agus ní ann dóibh i measc na roghanna beartais ar tugadh aghaidh orthu. Dá bhrí sin, tá faisnéis maidir le measúnú ar a dtionchar in easnamh. Mar sin féin, tacaíonn CESE leis an oibleagáid i dtaca le pas táirgí a chur i bhfeidhm go cothrom maidir le gach monaróir glantach nó dromchlaghníomhaithe, bídís bunaithe laistigh den Aontas nó lasmuigh de, chun nach gcuirfear iomaíochas na dtáirgí Eorpacha i mbaol mar gheall ar allmhairí.

    3.12.

    Ní hionann an mharcáil comhréireachta ann féin agus cruthúnas go ndearnadh nósanna imeachta um measúnú comhréireachta i gcomhréir leis an rialachán, agus ní mór do na húdaráis faireacháin é sin a dheimhniú fós, de réir mar a dhéantar faoin rialachán atá ann faoi láthair. Is eol go dtarlaíonn marcáil chalaoiseach comhréireachta i gcatagóirí táirgí eile atá faoi réir reachtaíocht chomhchosúil, rud a d’fhéadfadh tomhaltóirí a chur i mbaol rioscaí sláinte agus sábháilteachta.

    3.13.

    Tá CESE ag iarraidh go ndéanfar aon phas táirgí a thabharfar isteach faoi Rialachán na nGlantach a chomhtháthú go hiomlán leis na pasanna arna nglacadh faoi reachtaíocht eile, amhail an rialachán maidir leis an Éicidhearthóireacht le haghaidh Táirgí Inbhuanaithe. Chun an t-ualach riaracháin a íoslaghdú d’oibreoirí eacnamaíocha, go háirithe do FBManna, agus do na húdaráis phoiblí, tá sé tábhachtach comhleanúnachas a choinneáil agus ceanglais dhúbailte nó éagsúla a sheachaint.

    3.14.

    Measann CESE nach dtagann na ceanglais faisnéise atá beartaithe don phas táirge le laghdú an ualaigh riaracháin. Níl sé inoibrithe ná comhréireach pas táirge a chruthú, fógra a thabhairt do chlárlann agus iompróir sonraí nua a phriontáil/a dhéanamh le haghaidh gach baisce táirge ar leith, agus is dócha go gcuirfidh an ceanglas na céimeanna sin a chur i gcrích sula gcuirfear an táirge ar an margadh isteach ar shlabhraí soláthair agus go gcuirfear moill orthu. Molann CESE don Choimisiún na ceanglais sin a chur in oiriúint do mhinicíocht nó d’éagsúlacht níos inoibrithe.

    3.15.

    Tá sé á thabhairt dá aire ag CESE go bhfuil na ceanglais shonracha agus theicniúla a bhaineann leis an bpas táirge le sonrú tráth níos faide anonn i ngníomh cur chun feidhme. Is gnéithe ríthábhachtacha iad sin chun an rialachán atá beartaithe a chur chun feidhme, agus tá béim á leagan ag CESE ar a thábhachtaí atá sé na ceanglais sin a ghlacadh in am trátha sula dtiocfaidh an rialachán i bhfeidhm chun éiginnteacht dhlíthiúil a sheachaint. Chun go mbeidh a ndóthain ama ag oibreoirí eacnamaíocha na forálacha a chur chun feidhme, molann CESE nár cheart tús a chur leis na hidirthréimhsí chun Rialachán athbhreithnithe na nGlantach a chur chun feidhme go dtí go mbeidh oibleagáidí reachtacha an Choimisiúin curtha i gcrích.

    3.16.

    Tacaíonn CESE le deireadh a chur leis an mbileog sonraí comhábhar le haghaidh glantaigh a chomhlíonann na critéir maidir lena n-aicmiú mar ghuaiseach faoi Rialachán CLP, ós rud é go gcuireann sé sin deireadh le dúbailt neamhriachtanach le forálacha an rialacháin deiridh. I gcás glantach neamhghuaiseach, molann CESE gur cheart an bhileog sonraí comhábhar a chur ar fáil ar iarraidh réasúnaithe ó chomhlachtaí ceaptha na mBallstát, ar iarraidh í a thagann chun cinn mar gheall ar riachtanais nó ábhair imní aitheanta maidir le cosaint tomhaltóirí; bheadh an fhoclaíocht sin níos comhsheasmhaí le hAirteagal 8(3)(c) den togra agus le hIarscríbhinn VIII de Rialachán CLP freisin.

    3.17.

    Cé go bhfuil siad sách teoranta, is díol sásaimh do CESE na hathruithe atá beartaithe maidir leis na ceanglais lipéadaithe chun deireadh a chur leis an dúbailt idir Rialachán CLP agus Rialachán na nGlantach maidir le comhábhair a shainaithint. Cuideoidh sé sin le soiléireacht agus ábharthacht na lipéad a fheabhsú do thomhaltóirí/úsáideoirí deiridh, ós rud é gur léir ó thaighde neamhspleách gur fearr leo lipéid nach bhfuil an oiread céanna faisnéise orthu ach atá níos soiléire (9). Sa chomhthéacs sin, molann CESE go ndéanfaí lipéadú táirgí glantaigh a shimpliú tuilleadh trí úsáid a bhaint as córas picteagraim nó deilbhíní in ionad téacs.

    3.18.

    Tacaíonn CESE leis na forálacha sa togra maidir le lipéadú digiteach a chumasú, rud a chuideoidh freisin le hinléiteacht na lipéad fisiciúil a fheabhsú, agus eispéireas an tomhaltóra/an úsáideora deiridh a fheabhsú ó thaobh faisnéise, rogha teanga agus inléiteachta de san am céanna. Tacaíonn CESE freisin le rochtain a fháil ar lipéid dhigiteacha agus ar fhaisnéis faoi phasanna táirgí araon trí iompróir sonraí amháin, chun go mbeidh lipéid níos soiléire agus nach cúis mearbhaill a bheidh iontu.

    3.19.

    Is díol sásaimh do CESE an moladh go bhféadfar an chuid is mó den lipéadú is gá do tháirgí athlíonacháin a chur ar fáil go digiteach, ach ní thuigeann sé cén fáth nach gcuirtear na rialacha céanna i bhfeidhm maidir le táirgí réamhphacáistithe. D’áiritheofaí leis sin cothroime iomaíochta níos fearr do ghlantaigh a chuirtear ar an margadh.

    An Bhruiséil, an 12 Iúil 2023.

    Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

    Oliver RÖPKE


    (1)  Rialachán (CE) Uimh. 648/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Márta 2004 maidir le glantaigh (IO L 104, 8.4.2004, lch. 1).

    (2)  Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le haicmiú, lipéadú agus pacáistiú substaintí agus meascán, lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Treoir 67/548/CEE agus Treoir 1999/45/CE, agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 (IO L 353, 31.12.2008, lch. 1).

    (3)  Treoir 2000/54/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meán Fómhair 2000 maidir le hoibrithe a chosaint ó rioscaí a bhaineann le nochtadh d’oibreáin bhitheolaíocha ar an láthair oibre (seachtú Treoir leithleach de réir bhrí Airteagal 16(1) de Threoir 89/391/CEE) (IO L 262, 17.10.2000, lch. 21).

    (4)  Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2012 maidir le táirgí bithicíde a chur ar fáil sa mhargadh agus a úsáid (IO L 167, 27.6.2012, lch. 1).

    (5)  Rialachán (CE) Uimh. 440/2008 ón gComhairle an 30 Bealtaine 2008 lena leagtar síos modhanna tástála de bhun Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán (REACH) (IO L 142, 31.5.2008, lch. 1).

    (6)  Chun tuilleadh faisnéise a fháil faoin ualach riaracháin atá ar thionscal na nglantach, féach an bhileog eolais AISE maidir leis an Measúnú ar Chostas Carnach.

    (7)  Treoir 2010/63/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2010 maidir le cosaint ainmhithe a úsáidtear chun críoch eolaíoch (IO L 276, 20.10.2010, lch. 33).

    (8)   Relevanz der gewerblichen Textil- und Geschirrreinigung am Eintrag von Phosphat und anderen Phosphorverbindungen (P) in das Abwasser[Ábharthacht níocháin ghairmiúil agus níocháin miasniteora ar theacht isteach fosfáite agus comhdhúile eile fosfair (P) isteach i bhfuíolluisce], Umweltbundesamt 98/2021.

    (9)  Geuens M, Byrne D, Boeije G, Peeters V, Vandecasteele B. Investigating the effectiveness of simplified labels for safe use communication: the case of household detergents. Int J Consum Stud. 2021; 45(6):1410–24. https://doi.org/10.1111/ijcs.12662.


    Top