Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52023AE1455

    Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Bearta chun an mheabhairshláinte a fheabhsú (tústuairim arna hiarraidh ag Uachtaránacht na Spáinne)

    EESC 2023/01455

    IO C 349, 29.9.2023, p. 100–107 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    29.9.2023   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 349/100


    Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Bearta chun an mheabhairshláinte a fheabhsú

    (tústuairim arna hiarraidh ag Uachtaránacht na Spáinne)

    (2023/C 349/16)

    Rapóirtéir:

    Milena ANGELOVA

    Comhrapóirtéir:

    Ivan KOKALOV

    Comhairliúchán arna iarraidh ag Uachtaránacht na Spáinne

    Litir, 8.12.2022

    Bunús dlí

    Airteagal 304 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

     

    Tústuairim

    An rannóg atá freagrach

    Fostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Saoránacht

    Dáta a glactha sa rannóg

    21/06/2023

    Dáta a glactha sa seisiún iomlánach

    13.7.2023

    Seisiún iomlánach Uimh.

    580

    Toradh na vótála

    (ar son/in aghaidh/staonadh)

    205/0/2

    1.   Conclúidí agus moltaí

    1.1.

    Is rud casta í an mheabhairshláinte. Is iomaí toisc – idir thosca bitheolaíocha, síceolaíocha, oideachasúla, sóisialta, eacnamaíocha, gairme, cultúrtha agus comhshaoil – a fhágann a rian uirthi. Chun an mheabhairshláinte a fheabhsú agus a chur chun cinn go rathúil (1) agus chun deacrachtaí sa réimse sin a chosc, beidh gá le cur chuige casta, ildisciplíneach, ar feadh an tsaoil, cur chuige a dhéanfar a chur i bhfeidhm agus a chomhtháthú go daingean mar phríomhthosaíocht thrasearnálach sa cheapadh beartas ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta (bíodh sin ar an leibhéal réigiúnach nó ar leibhéal na hearnála) d’fhonn an méid seo a leanas a dhéanamh:

    1.1.1.

    Athchóiriú ar na córais sláinte ar fud an Aontais a spreagadh chun a áirithiú go gcuirfidh siad idirghabhálacha agus cúram fadtéarmach comhtháite agus pleanáilte ar fáil, ní hamháin chun daoine a leigheas, ach chun cosc a chur ar riochtaí sláinte trí leas a bhaint as foirne ildisciplíneacha, seachas an chóir leighis a bheith bunaithe ar shamhlacha eipeasóideacha cúraim. Ba cheart é a bheith mar sprioc dheiridh leis treo ceannasach an chórais sláinte i réimse na meabhairshláinte a ailíniú athuair i dtreo cleachtais atá casta, bith-shíceasóisialta agus bunaithe ar chearta an duine, rud a áiritheoidh cosc, luathbhrath agus scagthástáil na drochshláinte meabhrach, bainistiú éifeachtach a dhéanamh ar chásanna di agus cur chuige duinelárnach a chur ar fáil sa phobal.

    1.1.2.

    Díriú i gcónaí ar chothú na meabhairshláinte a chur chun cinn, ar mheabhairghalair a chosc agus ar athléimneacht a fhorbairt a bheidh á príomhshruthú i ngach beartas AE, náisiúnta, réigiúnach agus earnála. Agus súil in airde ag CESE leis an teachtaireacht atá le teacht ón gCoimisiún Eorpach maidir le cur chuige iomlánaíoch i leith na meabhairshláinte, is díol sásaimh dó an teachtaireacht seo ón gCoimisiún maidir le cur chuige cuimsitheach i leith na meabhairshláinte (2). Tacaíonn sé go mór lena ‘mhórsprioc beartais phoiblí a áirithiú nach bhfágfar aon duine ar lár, go mbeidh rochtain chothrom ag saoránaigh ar an gcosc agus ar sheirbhísí meabhairshláinte ar fud an Aontais, agus go dtreoróidh ath-lánpháirtiú agus cuimsiú sóisialta gníomhaíocht chomhchoiteann lena dtugtar aghaidh ar thinnis mheabhairshláinte’ agus tá sé ag iarraidh go ndéanfaí í a thrasuí go pras i bhfoirm Straitéis Meabhairshláinte AE a mbeidh fráma ama ag baint léi, a ndéanfar maoiniú leordhóthanach uirthi, a mbeidh freagrachtaí á sainiú aici agus a n-áireofar táscairí inti chun faireachán a dhéanamh ar an dul chun cinn ar fud an Aontais agus na mBallstát, lena n-áirítear faoi chuimsiú phróiseas an tSeimeastair Eorpaigh. Ba cheart tuilleadh machnaimh a dhéanamh sa Seimeastar ar thionchar tosca socheacnamaíocha agus comhshaoil ar an meabhairshláinte, lena n-áirítear na tairbhí tábhachtacha a bhaineann leis an rochtain ar sheirbhísí leasa ghinearálta inacmhainne agus ardcháilíochta a fheabhsú (tithíocht, fuinneamh, dramhaíl/uisce, etc.). Más féidir sin, bheadh an obair ar an leibhéal náisiúnta á stiúradh aige agus cheanglófaí ar na Ballstáit, mar shampla, pleananna gníomhaíochta a fhorbairt agus a chur chun feidhme, ar phleananna iad a bhféadfadh an Coimisiún athbhreithniú tréimhsiúil a dhéanamh orthu, agus tíortha a thabhairt le chéile chun malartú a dhéanamh agus spreagadh a thabhairt dá chéile chun gníomhaíochtaí uaillmhianacha a bhaint amach. Ba cheart faireachán leanúnach a bheith á dhéanamh ar na príomhthosca riosca comhshaoil agus sóisialta agus ba cheart straitéisí agus bearta ábhartha a ghlacadh go tapa chun na rioscaí sin a íoslaghdú agus deireadh a chur leo.

    1.1.3.

    Deiseanna a chur ar fáil le haghaidh diagnóisiú luath, cóireáil leordhóthanach, síciteiripe agus athshlánú do dhaoine a bhfuil galair mheabhairshláinte orthu agus atá faoi mhíchumas síceolaíoch, agus le haghaidh cuimsiú sóisialta bunaithe ar urraim do dhínit an duine, do chearta an duine, don tsaoirse agus don chomhionannas.

    1.1.4.

    Ba cheart an mheabhairshláinte a aithint i ngach Ballstát mar ábhar tromchúiseach ar gá aird leordhóthanach a thabhairt uirthi maille le freagairt iomlánaíoch, chomhordaithe, struchtúrtha agus dhuinelárnach ina leith. Ní mór deireadh a chur leis an gcomhéigean, leis an stiogma, leis an deighilt agus leis an idirdhealú i gcás galair mheabhrach. Tá ríthábhacht le maoiniú iomchuí do na seirbhísí sláinte a bheidh ag tabhairt aghaidh ar fhadhbanna meabhairshláinte chun go mbeidh na seirbhísí sin inrochtana go huilíoch agus inacmhainne. Áirítear leis sin infheistíochtaí i líon leordhóthanach pearsanra cúraim sláinte a mbeidh oiliúint chuí orthu. Ach leibhéil leordhóthanacha pá, uas-sciliú leanúnach agus leibhéil foirne leordhóthanacha a sholáthar, d’áiritheofaí go mbeadh go leor airde agus ama dírithe ar na hothair, agus chomh maith leis sin, ar dhaoine a bhfuil comhairle leighis, tuairim leighis nó cóireáil leighis á lorg acu. Ba cheart gné an chistiúcháin, cibé acu i mbonneagair fhisiceacha nó shóisialta in earnáil na sláinte é sin, a fhorbairt níos fearr sna pleananna náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta, a bhfuil easpa shuntasach iontu faoi láthair maidir le hionadaíocht agus cumhdach tionscadal a bhaineann leis an tsláinte. Tá go leor pleananna náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta nach dtugann aghaidh go leordhóthanach ar na géarchéimeanna iomadúla a bhí ann le déanaí agus atá ag cur leis an mbaol go mbeidh saincheisteanna meabhairshláinte ina slaoda chugainn, agus, ar an ábhar sin, ba cheart iad a uasdátú gan mhoill.

    1.1.5.

    Ba cheart rochtain níos fearr a chur ar fáil i dtaca le seirbhísí tacaíochta, cóireáil, síciteiripe, athshlánú leighis agus sóisialta, cúram speisialta agus ginearálta, agus gníomhaíochtaí a bhaineann le tacaíocht shíceasóisialta. Ba cheart é sin a dhéanamh trí idirghabhálacha nuálacha, pearsantaithe agus fianaise-bhunaithe a thabhairt chun cinn agus a chur chun feidhme, trí rochtain ar chógais atá comhionann agus inghlactha go sóisialta a fheabhsú agus a áirithiú, trí thacaíocht a thabhairt do theaghlaigh daoine a bhfuil galair mheabhairshláinte orthu, trí fheabhas a chur ar chumas agus ar cháilíochtaí na ndaoine sin a chuireann cúram ginearálta agus speisialaithe ar fáil agus trí chóras a fhorbairt le haghaidh cúram comhtháite, ar a n-áirítear cúram pobalbhunaithe, arna sholáthar ag foirne ildisciplíneacha.

    1.1.6.

    Cinéalacha comhlántacha cur chuige a fhorbairt agus a chur chun feidhme chun tacaíocht iomchuí a chur ar fáil i gcásanna géarchéime agus éigeandála. Ní mór ‘pirimid idirghabhálacha’ a leagan síos agus í bunaithe ar bhreithnithe sóisialta agus cultúrtha a bheith á leabú i gcroíbhearta chun dul i ngleic le riochtaí sláinte, naisc phobail agus tacaíocht teaghlaigh a neartú trí thacaíocht neamhshonrach spriocdhírithe, agus gairmithe sláinte éagsúla a bheith ag cur sainseirbhísí agus sainchúnaimh ar fáil do shaoránaigh a bhfuil galair mheabhrach thromchúiseacha orthu. Ar gach leibhéal oideachais, ba cheart i gcás curaclaim atá dírithe ar chur chun cinn na sláinte béim a leagan ar iompraíocht leordhóthanach a chothú agus ar chúram sláinte bunúsach a áirithiú, agus ar ghuaiseacha meabhairshláinte agus conas iad a sheachaint nó conas a dtionchar a laghdú, agus béim á leagan ar chásanna speisialta, cuir i gcás paindéimí nó tubaistí nádúrtha.

    1.1.7.

    Córais mheabhairshláinte phobalbhunaithe a bhunaítear ar chearta agus atá duinelárnach agus téarnamhbhunaithe a chumasú, ar córais mheabhairshláinte iad a thabharfaidh tús áite do chumhachtú an duine aonair agus dá rannpháirtíocht ghníomhach ina théarnamh féin agus é mar sprioc dheiridh acu feabhas a chur ar cháilíocht saoil daoine a bhfuil galair mheabhrach orthu. Cur chun cinn a dhéanamh ar na hiarrachtaí atá ar bun chun cúram cuimsitheach agus tacaíocht chuimsitheach a chur chun feidhme laistigh den chóras meabhairshláinte chun díriú ar riachtanais grúpaí sonracha agus leochaileacha, cuir i gcás leanaí, daoine scothaosta, dídeanaithe agus imircigh, daoine LGBTIQ+, agus daoine i staideanna socheacnamaíocha atá faoi mhíbhuntáiste.

    1.1.8.

    Comhar domhanda, idirstáit agus idir-earnála a chur ar fáil i réimse na meabhairshláinte, acmhainneacht na n-il-gheallsealbhóirí a fhorbairt agus rannpháirtíocht chuimsitheach i gcur chun feidhme na dtionscnamh a ráthú. Ba cheart comhordú maille le malartú faisnéise, taithí agus dea-chleachtais a bheith i gceist leis sin, borradh a chur faoi thaighde agus nuálaíocht eolaíoch, díriú ar thorthaí dearfacha sláinte agus sóisialta agus ar próisis a dhigitiú, agus obair a chur chun cinn i dtaca le líonraí/ardáin a bhaineann leis na comhpháirtithe sóisialta, le taighdeoirí agus eolaithe, le gairmithe sláinte, le hoibrithe sóisialta, le ENRanna othar agus le seirbhísí sóisialta.

    1.1.9.

    Féachtar ar ionaid oibre mar láthair mhórthábhachta inar féidir an mheabhairshláinte a chur chun cinn agus tacaíocht ina leith a chothú. Dá bhrí sin, ba cheart tionscnaimh choiteanna agus gníomhaíochtaí comhpháirteacha na gcomhpháirtithe sóisialta atá dírithe ar dhálaí oibre a fheabhsú ar bhonn leanúnach a chur chun cinn, ar a n-áirítear trí chistiú leordhóthanach. Ní mór measúnú a dhéanamh ar na rioscaí síceasóisialta san ionad oibre agus deireadh a chur leo, agus ní mór gach iarracht a dhéanamh chun an foréigean agus an ciapadh meabhrach a chosc (3).

    1.2.

    Toisc méadú a bheith ag teacht ar thábhacht na meabhairshláinte, agus chun teachtaireacht láidir a chur in iúl, mar atá gur gá comhghuaillíocht láidir a bhunú chun an mheabhairshláinte a fheabhsú agus a chur chun cinn, iarrann CESE ar an gCoimisiún Bliain Eorpach na Meabhairshláinte a ghairm de 2024.

    1.3.

    Tá nasc díreach idir sáruithe ar chearta an duine agus drochshláinte mheabhrach sa mhéid gur minic a bhíonn daoine atá faoi mhíchumas meabhrach nó míchumas intleachta nó a bhfuil fadhbanna acu le mí-úsáid substaintí thíos le drochíde, sáruithe ar chearta an duine agus idirdhealú i suíomhanna cúraim sláinte. I roinnt mhaith tíortha, bíonn cáilíocht an chúraim i saoráidí d’othair chónaitheacha agus d’othair sheachtracha araon lag nó díobhálach fiú, agus d’fhéadfadh sí a bheith ina bac gníomhach ar an téarnamh (4). Ní mór faireachán a dhéanamh ar na seirbhísí cúraim sláinte sóisialta agus meabhairshláinte atá ann cheana de réir a bhfuil i gcaighdeáin Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas, cleachtais atá bunaithe ar chearta a fhorbairt agus infheistíocht a dhéanamh i seirbhísí agus i gcóras tacaíochta lena n-urramaítear toiliú saor agus feasach an duine, agus atá saor ó chomhéigean agus ó chóireáil éigeantach. Ní mór treoirlínte agus prótacail a ghlacadh, chomh maith le hoiliúint maidir le cineálacha cur chuige atá bunaithe ar chearta a chur ar fáil d’oibrithe cúraim sláinte agus cúraim shóisialta.

    2.   Cúlra

    2.1.

    Is ábhar imní í an mheabhairshláinte atá ag dul i méid ar fud an Aontais mar ní hamháin gurb í bunchloch na folláine agus bunchloch mhodh maireachtála na hEorpa í, ach caitear 4 % d’olltáirgeacht intíre an Aontais uirthi gach bliain freisin. Dá bhrí sin, chinn CESE ar thuairim féintionscnaimh a eisiúint ina leith. Ina haitheasc ar Staid an Aontais i mí Mheán Fómhair 2022, d’fhógair Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, Ursula von der Leyen, go raibh sé ar intinn ag an gCoimisiún cur chuige cuimsitheach nua i leith na meabhairshláinte a chur i láthair in 2023 (cur chuige atá san áireamh i gClár Oibre an Choimisiúin, 2023). Cuireadh i bhfáth i gconclúidí na Comhdhála ar Thodhchaí na hEorpa freisin go raibh tábhacht na meabhairshláinte ag dul i méid, agus iarradh tionscnaimh a chur ar bun – arna iarraidh sin go speisialta ag daoine óga – chun tuiscint níos fearr a fháil ar shaincheisteanna meabhairshláinte agus conas déileáil leo. Sa tuarascáil athbhreithnithe CultureForHealth, a eisíodh i mí na Nollag 2022 (5), iarradh freisin ar an gCoimisiún Eorpach díriú ar an meabhairshláinte mar thosaíocht straitéiseach.

    2.2.

    Arna iarraidh sin do shaoránaigh na hEorpa, d’iarr Parlaimint na hEorpa (6) agus an Chomhairle go gcuirfí chun gnímh sa réimse sin freisin. Le déanaí, d’iarr Uachtaránacht inteachta na Spáinne tústuairim ó CESE, tústuairim a bhí nasctha leis an togra féintionscnaimh tosaigh.

    3.   Deitéarmanaint na meabhairshláinte

    3.1.

    Is iad seo a leanas na deitéarmanaint is tábhachtaí i dtaca leis an meabhairshláinte: an mhicreathimpeallacht agus an mhacraithimpeallacht, tosca sochshíceolaíocha aonair agus tosca a bhaineann leis an timpeallacht chultúir, e.g., stádas teaghlaigh, inscne, easpa caidreamh tacúil, leibhéal íseal oideachais, stádas íseal ioncaim agus/nó socheacnamaíoch, fadhbanna gairme, drochdhálaí oibre nó dálaí neamhbhuana oibre, dífhostaíocht, deacrachtaí airgeadais, stiogma agus leithcheal a bhraitear a bheith ann, drochshláinte shómatach, uaigneas, féinmheas íseal, drochdhálaí maireachtála, aosú, drochimeachtaí saoil, etc. Ina theannta sin, cuirtear leis an riosca go mbeidh fadhbanna meabhrach ag duine más ann do leochaileachtaí agus éiginnteacht faoin am atá le teacht, agus má thagann athruithe ar chórais luacha a bhfuil na glúnta nua ag cloí leo. Tá fíorthábhacht leis an measúnú ar rioscaí síceasóisialta aonair i saol na hoibre – go háirithe i gcás ina bhfuil ardleibhéal freagrachta, éiginnteacht, neamhbhuaine, timpeallacht ghuaiseach nó obair neamhthipiciúil i gceist. Bíonn saintréithe an duine aonair, e.g. frithsheasmhacht in aghaidh struis, galair ainsealacha, etc., le cur san áireamh freisin.

    3.2.

    Ar leibhéal an daonra, baineann tosca riosca le drocheispéireas le linn na hóige, bochtaineacht, rialachas lag, idirdhealú, sáruithe ar chearta an duine, drochoideachas, dífhostaíocht, droch-chúram sláinte, easpa tithíochta agus easpa seirbhísí leordhóthanacha sóisialta agus sláinte, cáilíocht na mbeartas cosanta sóisialta, easpa deiseanna, etc. Bíonn idirspleáchas ann idir bochtaineacht agus galair mheabhrach agus bíonn fáinne fí i gceist – tagann bochtaineacht de na galair mheabhrach agus is toisc riosca í an bhochtaineacht don drochshláinte mheabhrach.

    3.3.

    Bíonn tionchar ag tosca comhshaoil freisin ar an meabhairshláinte. Bíonn tionchar casta ag na tosca sin i gcónaí, tionchar a bhraitheann ar an gcomhthéacs reatha ina dtarlaíonn galair mheabhrach nó ar chúlra na ngalar meabhrach. Baineann go leor de na tosca comhshaoil leis an aeráid, le feiniméin nádúrtha agus le tubaistí éagsúla, cuir i gcás hairicíní nó creathanna talún. Baineann cinn eile acu le fáil a bheith ar uisce inólta agus cáilíocht an uisce sin, le fáil a bheith ar dhiúscairt séarachais, leis an méid uirbithe atá i gceist, etc.

    3.4.

    Bíonn tionchar éagsúil ag deitéarmanaint na meabhairshláinte ar ghrúpaí éagsúla daoine. De ghnáth, dá leochailí an grúpa is ea is mó an éifeacht a bhíonn ag na deitéarmanaint sin air. Ar na grúpaí an-leochaileach sin tá daoine óga agus daoine scothaosta singile, daoine atá uaigneach agus daoine a bhfuil riochtaí orthu cheana féin nó atá faoi mhíchumas intleachta nó soghluaisteachta, agus imircigh.

    3.5.

    Is féidir le gach cineál andúile (bíodh baint aici le substaintí nó iompraíocht nó nach mbíodh) an dea-shláinte mheabhrach a chur i mbaol. Chomh maith le halcól, tobac agus drugaí, is féidir le cógais áirithe a bheith ina gcúis andúile freisin, lena n-áirítear cógais a thugtar amach chun galair mheabhairshláinte a mhaolú. Dá bhrí sin, tá sé tábhachtach i gcás gach duine atá ina ghá mear-rochtain a bheith acu ar shíciatraithe agus síciteiripeoirí gairmiúla a fhéadfaidh dul i ngleic go mion leis na fadhbanna sin. D’fhéadfadh sé gur réiteach sealadach é cógais a thabhairt fad atáthar ag fáil cabhair ghairmiúil. Ní mór aird ar leith a thabhairt ar an andúil iompraíochta, go háirithe cásanna a eascraíonn as an iomarca úsáide a bhaint as gléasanna digiteacha (‘nomafóibe’ < ‘no-mob-phobia’ an Bhéarla), ós rud é go mbíonn tionchar ar leith acusan ar leanaí agus ar dhéagóirí. D’fhéadfadh algartaim a úsáidtear chun ábhar a phearsantú ar na meáin shóisialta rioscaí a chruthú freisin maidir le riochtaí meabhracha a chur in olcas má leanann siad de bheith ag moladh an ábhair chéanna is cúis le fadhbanna meabhairshláinte, mar atá taomanna imní agus an dúlagar chomh minic lena athrach. Maidir le teiripí sícideileacha, ar teiripí iad sin atá ag teacht chun cinn mar aicme nua de chóireálacha ceannródaíocha lenar féidir riochtaí cosúil le dúlagar tromchúiseach, PTSD (neamhord struis iarthrámaigh) agus neamhord úsáide alcóil a leigheas, is gá tuilleadh taighde a dhéanamh orthu i suíomh teiripeach rialaithe. Aithníonn CESE an gealladh atá faoi na cóireálacha sin agus tá sé á iarraidh aige go gcuirfí cistiú tiomnaithe ar fáil chun taighde ar na teiripí sin a chur chun cinn, maille lena bhforbairt agus a dtráchtálú, má chinntear air sin. (7)

    3.6.

    Déantar cur síos in Innéacs Headway maidir le Meabhairshláinte (8) ar na hiarmhairtí a thagann di, lena n-áirítear básmhaireacht mhéadaithe, iompar taghdach agus iompar ionsaitheach agus rátaí féinmharaithe níos airde. Léirigh an t-innéacs sin freisin go raibh baint ag tosca nár pléadh mórán roimhe seo, cuir i gcás ardú aon chéim amháin ar an meánteocht mhíosúil, le méadú 0,48 % ar na cuairteanna ar sheomra éigeandála meabhairshláinte agus le méadú 0,35 % ar an bhféinmharú.

    3.6.1.

    Léiríonn an t-innéacs, maidir le tionchar coinbhleachtaí agus imirce, go mbíonn galar meabhrach ag cur ar thart ar 22,1 % de na daoine i dtimpeallacht choinbhleachta (cineálacha éadroma dúlagair, imní agus neamhoird struis iarthrámaigh ar 13 % díobh, cineálacha measartha ar 4 % díobh, agus dúlagar mór agus imní, scitsifréine nó neamhord dépholach ar 5,1 % díobh). I ndiaidh coinbhleachtaí, leanann galar meabhrach fós féin de bheith ag cur ar thart ar dhuine as cúigear.

    3.6.2.

    Ag cur san áireamh go bhfuil 27 gcoinbhleacht (9) ar siúl ar fud an domhain agus 68,6 milliún duine easáitithe ar bhonn domhanda (10), is príomhthosaíocht é aghaidh a thabhairt ar riachtanais mheabhairshláinte na ndaoine atá thíos le coinbhleachtaí agus imirce, agus beidh breis faireachán sláinte ag teastáil go ceann trí bliana ar a laghad tar éis na coinbhleachta.

    3.6.3.

    Tugtar breac-chuntas thairis sin san innéacs ar na mórdheiseanna a bheidh ann do na córais sláinte chun torthaí meabhairshláinte a fheabhsú nó a choinneáil seasmhach amach anseo. Léiríonn na sonraí bearna shuntasach sna straitéisí, beartais agus reachtaíocht atá i bhfeidhm i leith na meabhairshláinte, agus tá difríochtaí móra ó Bhallstát go chéile maidir le méid an chaiteachais a théann ar chúram sláinte (e.g. 14,5 % sa Fhrainc vs. 1 % i Lucsamburg) (11). Ar an taobh dearfach den scéal, tá dul chun cinn éachtach á dhéanamh i dtaca le saoráidí meabhairshláinte le haghaidh othair sheachtracha, áit a bhfuil méadú ó 3,9 go 9,1 in aghaidh an mhilliúin duine le sonrú.

    4.   Éifeacht na ngéarchéimeanna iomadúla a bhí ann le déanaí ar an meabhairshláinte

    4.1.

    Roimh COVID-19, thug na sonraí le fios go raibh breis is 84 mhilliún duine (nó duine as gach seisear) san Aontas a raibh tinneas meabhrach ag cur orthu – figiúr a bhfuil méadú tagtha air ó shin, is cinnte (12). Léiríodh go raibh riachtanais arda de bharr galar meabhrach ag thart ar 5 % den daonra in aois oibre, agus i gcás 15 % eile go raibh riachtanais mheasartha acu i réimse na meabhairshláinte, rud a bhain dá n-ionchas fostaíochta, dá dtáirgiúlacht agus dá bpá. Is galair mheabhrach agus neamhoird iompraíochta is cúis le thart ar 4 % de na básanna in aghaidh na bliana san Eoraip agus is iad an dara cúis bháis is mó iad i measc daoine óga.

    4.2.

    Chuaigh cúrsaí meabhairshláinte i gcoitinne in olcas arís ó thús phaindéim COVID-19, ach is i measc daoine óga, daoine scothaosta, daoine ar cailleadh duine muinteartha leo de bharr COVID-19 agus grúpaí leochaileacha eile, is mó a bhí sin le sonrú. Bíonn tionchar diúltach ag an leithlisiú sóisialta agus an strus sochaíoch ar an meabhairshláinte agus ar fholláine daoine. Bíonn baol ann i gcás daoine a bhfuil riochtaí orthu cheana féin go rachaidh a sláinte fhisiciúil agus a meabhairshláinte in olcas. In ainneoin an éilimh breise ar sheirbhísí cúraim meabhairshláinte, is amhlaidh a cuireadh isteach go mór ar an rochtain ar chúram sláinte i gcomhthéacs na paindéime, le linn na céime tosaigh den phaindéim go háirithe. Léiríonn an t-éileamh méadaithe ar chúram meabhairshláinte an tábhacht mhéadaitheach a bhaineann le seirbhísí teilileighis agus le réitigh dhigiteacha maidir le fadhbanna meabhairshláinte a chosc, a dhiagnóisiú, a chóireáil agus faireachán a dhéanamh orthu.

    4.3.

    Bhí siad seo a leanas ar na hócáidí strusmhara a bhain le paindéim COVID-19: an baol go n-ionfhabhtófaí daoine eile agus go dtarchuirfí an víreas chucu, eagla roimh iarmhairtí fadtéarmacha na paindéime (lena n-áirítear na hiarmhairtí eacnamaíocha), siomptóim galar eile (galair riospráide go háirithe) a bheith á léirmhíniú go mícheart mar shiomptóim COVID-19, dúnadh scoileanna agus naíscoileanna, rud a mhéadaigh strus na dtuismitheoirí agus na gcúramóirí, fearg agus míshástacht leis an rialtas agus le lucht leighis, nó mímhuinín as faisnéis arna cur ar fáil ag an rialtas agus ag comhlachtaí oifigiúla eile.

    4.4.

    Ina theannta sin, bíonn strusairí breise ag cur ar oibrithe cúraim sláinte túslíne (lena n-áirítear altraí, dochtúirí, tiománaithe otharchairr, teicneoirí saotharlainne agus paraimhíochaineoirí) le linn na paindéime, cuir i gcás stiogmatú as bheith ag obair le hothair i mbaol, trealamh cosanta pearsanta neamhleordhóthanach agus easpa trealaimh do chúram othar a mbeadh galair thromchúiseacha orthu, faireachas leanúnach de dhíth, uaireanta oibre ag dul i méid, méadú ar líon na n-othar, gá le huas-sciliú agus oiliúint leanúnach, athruithe ar na prótacail maidir le diagnóisiú agus cóireáil i gcás othair a mbeadh COVID-19 orthu, tacaíocht shóisialta laghdaithe, gan deis acu díriú ar an bhféinchúram, faisnéis leighis neamhleordhóthanach faoi éifeachtaí fadtéarmacha an ionfhabhtaithe agus an eagla go ndéanfaí teaghlaigh agus daoine muinteartha leo a ionfhabhtú.

    4.5.

    Le déanaí, chuir ionsaithe na Rúise ar an Úcráin agus a n-iarmhairtí do shlite beatha, chomh maith leis an éiginnteacht faoin todhchaí a lean, tús le suaití nua a mbeidh tionchar acu ar an meabhairshláinte ar feadh i bhfad. D’fhéadfadh dúshláin ar leith i dtaca le meabhairshláinte a bheith roimh náisiúnaigh tríú tír, cuir i gcás daoine ar a dteitheadh ón Úcráin, de dheasca eispéiris thrámacha ina dtír dhúchais nó a chuimlíonn leo le linn dóibh a bheith ag teitheadh chuig an Aontas Eorpach. Ina theannta sin, cruthaíonn an cogadh éifeachtaí iarmharta agus leagtar ualaí socheacnamaíocha ar phobal an Aontais, rud a ghineann rioscaí breise fadtéarmacha don mheabhairshláinte ar fud an Aontais.

    5.   Grúpaí leochaileacha

    5.1.

    Leanaí agus déagóirí. Ba cheart cur chun cinn idirghabhálacha meabhairshláinte sa luath-óige a bheith ina chuid lárnach den chúram sláinte ginearálta do leanaí agus dá dtuismitheoirí agus dá gcúramóirí. Cuirtear tús leo le linn toirchis agus leantar díobh i bhfoirm tacaíocht le haghaidh tuismitheoireacht fhreagrach agus comhairle faoin bhforbairt luath-óige. Ba cheart do na córais oideachais díriú ar fhaisnéis a chur ar fáil agus ar ardú feasachta, ar chosc agus ar scagthástáil le haghaidh foréigin (cibé acu foréigean fisiciúil nó ar líne é sin), alcóil, tobac nó drugaí, etc. Cé go gcuireann ró-úsáid na meán sóisialta an mheabhairshláinte i mbaol, cuireann na meáin sin deiseanna ar fáil freisin chun cóir leighis a chur ar dhaoine a bhfuil tinneas meabhrach orthu. An strus a chuirtear ar leanaí ar scoil agus an tsúil atá ann go gcruthóidh siad go maith, is féidir leo dochar a dhéanamh dá sláinte mheabhrach freisin.

    5.1.1.

    Ba cheart cláir atá dírithe ar an bhfolláine mheabhrach a chur chun cinn a thabhairt isteach i scoileanna agus ba cheart eolas ar an meabhairshláinte ina measc a chur chun cinn. Ba cheart bealaí éifeachtacha i dtreo earnáil an chúraim sláinte a fhorbairt d’fhonn cuidiú le leanaí ó aois óg a mothúcháin féin agus mothúcháin daoine eile a thabhairt faoi deara, agus déileáil le mothúcháin chasta agus cásanna deacra trí straitéisí éifeachtacha a roghnú chun déileáil leo. Tá ríthábhacht le hardáin ar líne chun an mheabhairshláinte in institiúidí oideachais a chur chun cinn agus le suíomhanna gréasáin idirghníomhacha do dhaoine óga a bheidh oiriúnach dá n-aois.

    5.1.2.

    I dtaca le cosaint meabhairshláinte leanaí, ní leor bearta leighis chun a áirithiú nach ann do shiomptóim chliniciúla i leanbh, óir teastaíonn iarrachtaí spriocdhírithe freisin ar mhaithe le dea-chaighdeán saoil agus lánoiriúnú sóisialta. Tá cur chuige comhoibríoch (earnáil an oideachais, earnáil an chúraim sláinte agus an earnáil shóisialta a chur ag obair le chéile) ag teastáil sna scoileanna chun an mheabhairshláinte a chur chun cinn, chun aghaidh a thabhairt ar thráma, agus chun fadhbanna meabhairshláinte, úsáid agus mí-úsáid substaintí, féinmharú, foréigean i measc na hóige agus cineálacha éagsúla bulaíochta a chosc agus a leigheas.

    5.2.

    Daoine scothaosta. Tá an meánionchas saoil sna Ballstáit ag dul i méid i gcónaí, rud a thugann chun cinn saincheist na seanaoise. Is minic a tharlaíonn athruithe saoil (ina measc athruithe sa réimse sícichéadfach) mar thoradh ar phróisis aosaithe agus tagann riachtanais nua chun solais dá réir de thoradh galair mheabhrach a bheith ar sheanóirí. Mar thoradh ar sháruithe sna réimsí sícealuaile agus céadfacha, ar an ngéire bhraistinte a bheith ag teip de réir a chéile agus ar dheacrachtaí le dul in oiriúint do thimpeallacht atá ag athrú, tagann imní agus dúlagar ar dhaoine. Cruthaítear éifeachtaí freisin mar thoradh ar neamhoird néareolaíocha a bhaineann leis an gcoirtéis, meascán d’athruithe san inchinn arb í an tseanaois is cúis leo, agus cúinsí géiniteacha, timpeallachta agus stíl mhaireachtála. Cé gur mó ná riamh an gá atá leis an uas-sciliú i gcás daoine scothaosta ionas gur féidir leo fearais tí atá ag éirí níos casta i rith an ama a láimhseáil i gceart, is amhlaidh a theipeann ar a gcumas foghlaim a dhéanamh agus scileanna nua a shealbhú de réir mar a théann siad anonn in aois, rud a d’fhéadfadh strus a chur orthu sa saol laethúil. Ar a mhuin sin, cuireann athruithe áirithe sa saol maille le deacrachtaí, caillteanais agus leithlisiú brú ar mheabhairshláinte daoine nuair a bhíonn siad anonn sna blianta. Chun dul i ngleic leis na dúshláin sin go léir, ní mór caighdeáin a thabhairt chun cinn le haghaidh cúram struchtúrtha a chuirfear ar fáil ar leibhéil eile seachas ar an leibhéal institiúideach amháin agus a thugann aghaidh ar riachtanais phearsanta daoine scothaosta. Tá sé ríthábhachtach cláir chúraim dhuinelárnacha a fhorbairt sa phobal ionas nach gcuirfear na seirbhísí ar fáil d’institiúidí ar nós tithe altranais le haghaidh seanóirí nó ospísí amháin. Ní mór iarracht bhreise a dhéanamh go gníomhach chun daoine a bhfuil tacaíocht de dhíth orthu a aimsiú, go háirithe i gcás géarchéime nó tar éis imeacht trámach.

    5.3.

    Peirspictíochtaí inscneacha. Is fadhb freisin iad na míchothromaíochtaí inscne atá nasctha leis an meabhairshláinte. Fuair an Institiúid Eorpach um Chomhionannas Inscne (EIGE) trína hInnéacs Comhionannais Inscne 2022 (13) amach gur thuairiscigh mná leibhéil mheabhairshláinte ní b’ísle ná fir i ngach ceann de thrí ráig na paindéime. Tháinig méadú suntasach ar an bhforéigean teaghlaigh freisin le linn na paindéime, rud ar a dtugtar an ‘scáthphaindéim’. Ina theannta sin, tá a dhá oiread seans ann go dtolgfaidh fir COVID-19 fada, as a leanfaidh siomptóim néareolaíocha agus leibhéil arda dúlagair agus imní (14). Leis an Straitéis Eorpach um Chúram (15), tugtar aghaidh freisin ar na riachtanais a bhaineann le cothromaíocht oibre is saoil, go háirithe i ndáil le mná (16).

    5.3.1.

    Ba cheart measúnú tionchair inscne a bheith sna beartais mheabhairshláinte uile ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta chun príomhshruthú inscne a áirithiú. Bíonn difríochtaí bitheolaíocha i gceist, ach bíonn ról tábhachtach ag cúinsí síceolaíocha agus sóisialta freisin. Cé go bhfuil go leor ar eolas cheana féin faoi dhifríochtaí leitheadúlachta, is minic nach mbítear róshoiléir faoin tionchar a d’fhéadfadh a bheith acu ar chosc, rioscaí, diagnóisiú agus cóireálacha. Dá bhrí sin, tá breis taighde ag teastáil ina leith. Sampla tábhachtach is ea an treocht go bhfuil meathlú i bhfad níos géire tagtha ar mheabhairshláinte cailíní ar déagóirí iad i gcomparáid le buachaillí den aois chéanna, agus an brú a chuirtear ar chailíní faoi láthair, tá sé trí huaire níos mó ná mar a bhí 20 bliain ó shin.

    5.3.2.

    Tá géarghá le tacaíocht agus cóireáil mheabhairshláinte a bheidh saincheaptha do chúrsaí inscne. Le linn saolré mná, is iomaí eipeasóid ann a d’fhéadfadh fadhbanna meabhairshláinte a thionscnamh. Cuir i gcás, neamhord diosfóireach réamh-mhíosta (PMDD); éifeacht mheabhrach, fhisiceach, shíciatrach agus chógaschinéiteach an mheanapáis nó na frithghiniúna ó bhéal; an easpa teiripe drugaí do mhná torracha agus do mhná atá ag cothú linbh ar an gcíoch; easpa cúraim meabhrach, cúraim sláinte agus cóireála saincheaptha tar éis foréigean teaghlaigh agus/nó foréigean gnéasach, luathphósadh agus neamhchosaint (luath) ar phornagrafaíocht (fhoréigneach) nó gáinneáil. D’fhéadfadh meabhairshláinte agus folláine ban dul in olcas mar thoradh orthu sin go léir.

    5.4.

    Daoine a bhfuil andúil acu. Ba cheart béim ar leith a leagan ar ghalair mheabhrach a bhaineann le handúil in alcól agus/nó i ndrugaí aindleathacha Tá tábhacht ar leith leis na rioscaí a bhaineann le húsáid alcóil, toisc a fhorleithne a bhaintear úsáid as. Sula dtiteann duine chun alcólachais is gnách dó a bheith ag ól alcóil ar bhonn iomarcach agus díobhálach, agus leas á bhaint aige as alcól i dtosach mar dhea chun strus a mhaolú, rud a fhágann, chomh minic lena athrach, nach fada go mbíonn andúil aige ann. Ar an drochuair, léirítear i staidéar de chuid ESPAD a rinneadh san Aontas Eorpach go mbaineann an ghlúin óg an úsáid chontúirteach chéanna sin as an alcól freisin. Tá úsáid drugaí aindleathacha eile ina fadhb thromchúiseach i réimse na sláinte poiblí le blianta beaga anuas freisin, agus tá gné shuntasach ghlúine ag baint léi.

    5.5.

    Daoine faoi mhíchumas intleachta agus síceasóisialta. Bíonn slabhra seirbhísí duinelárnacha ar ardcháilíocht, inrochtana agus bunaithe ar chearta an duine ag teastáil i dtaca le seirbhísí meabhairshláinte sa phobal de ó dhaoine a mbíonn ardriachtanais cúraim meabhairshláinte acu. Le linn phaindéim COVID-19, rinneadh daoine faoi mhíchumas a bhí ina gcónaí in institiúidí ‘a scoitheadh ón gcuid eile den tsochaí’, agus tuairiscíodh leigheas iomarcach a bheith á thabhairt do chónaitheoirí, go rabhthas á dtámhú nó á gcoinneáil faoi ghlas agus tuairiscíodh gur tharla samplaí den fhéindochar freisin (17). Le linn phaindéim COVID-19, bhí rátaí básmhaireachta ní b’airde i measc daoine faoi mhíchumas intleachta, agus ba lú seans go bhfaighidís seirbhísí dianchúraim ach oiread (18). Bíonn sé i bhfad níos dúshlánaí cúram agus tacaíocht dhuinelárnach indibhidiúlaithe a chur ar fáil faoi dhálaí géarchéime in institiúidí ar mhórscála, rud a fhágann daoine faoi mhíchumas intleachta agus síceasóisialta i mbaol cúram agus cóireáil éagothrom a fháil (19). Dá bhrí sin, ní foláir deireadh a chur le cleachtais leithscartha agus ní foláir an dí-institiúidiú a bheith i gcroílár na mbeartas sóisialta d’fhonn a chur ar chumas daoine atá faoi mhíchumas leas a bhaint as a gceart ar chónaí i measc an phobail.

    5.6.   Nochtadh don ró-strus, e.g. paindéim, tubaistí nádúrtha, coinbhleachtaí

    5.6.1.

    De dheasca phaindéim COVID-19, agus COVID-19 fadmharthanach a lean an phaindéim, is amhlaidh a géaraíodh ar go leor de na tosca riosca a théann i bhfeidhm ar dhaoine aonair, rud atá ina chúis le droch-mheabhairshláinte agus a lagaíonn go leor de na sásraí cosantacha, rud ba chúis le leibhéil imní agus dúlagair nach bhfacthas riamh roimhe sin. I mBallstáit áirithe, tá méadú faoi dhó tagtha ar leitheadúlacht an fheiniméin sin (20). Is thart ar bhuaicphointí na paindéime ba mheasa a bhí staid na meabhairshláinte, agus siomptóim an dúlagair ar an leibhéal ab airde tráth a bhí beartais dianghlásala i bhfeidhm.

    5.6.2.

    Léirigh paindéim COVID-19 na slite ina bhféadfaí idirghníomhaíocht dhearfach a chothú idir dálaí oibre sábháilte agus sláintiúla, ar thaobh amháin, agus an tsláinte phoiblí, ar an taobh eile (21). Léiríodh freisin go raibh roinnt gairmeacha neamhchosanta ar thosca síceasóisialta a d’fhéadfadh an ráta nochta don strus a mhéadú (22) agus tionchar diúltach a imirt. Mar shampla, is bagairt iad an traochadh i measc foirne agus athruithe déimeagrafacha ós buanlaghdú ar fhórsa saothair sláinte na hEorpa an toradh a d’fhéadfadh a bheith orthu (23). Tá roinnt gairmeacha ann ar mó is baol do lucht a gcleachta an éiginnteacht (24) ná gairmithe eile agus is baol dóibh freisin an ciapadh fisiciúil – e.g. oibrithe sna réimsí seo a leanas: cúram sláinte agus oideachas (14,6 %), iompar agus cumarsáid (9,8 %), fáilteachas (9,3 %), miondíol (9,2 %). Tuairiscítear go mbíonn suim ghnéasach nár iarradh á cur in oibrithe sna hearnálacha sin freisin mar leanas: fáilteachas (3,9 %), cúram sláinte agus oideachas (2,7 %) agus iompar agus cumarsáid (2,6 %) (25). D’fhéadfadh teagmhais strusmhara den sórt sin a bheith ina gcúis le riochtaí agus fadhbanna meabhracha agus ní mór iad a chosc.

    5.6.3.

    Daoine a bhfuil taithí acu ar an timpeallacht chontúirteach a bhaineann le tubaistí nádúrtha dosmachtaithe, e.g. creathanna talún, hairicíní, dóiteáin agus tuilte, íospartaigh na gáinneála ar dhaoine chomh maith le daoine atá ag iarraidh cosaint idirnáisiúnta. Bíonn cineálacha éagsúla freagairtí (26) ann freisin tar éis imeacht trámach féideartha:

    Strus: faightear an ceann is fearr air láithreach bonn, geall leis,

    Strus géar: laghdú ar aird an duine, comhfhiosacht dhoiléir, aimnéise ar feadh meandair, meadhrán, creatháin, ionsaitheacht agus imní, ar siomptóim iad a d’fhéadfadh maireachtáil ar feadh roinnt uaireanta an chloig nó go ceann ceithre seachtaine,

    Neamhord struis iarthrámaigh: bíonn na siomptóim chéanna le tabhairt faoi deara ar feadh suas le mí i ndiaidh an teagmhais (e.g. an crith talún).

    6.   Samplaí den dea-chleachtas

    6.1.

    Le linn na paindéime, rinne go leor Ballstát bearta chun cur leis an tacaíocht a bhí ar fáil don mheabhairshláinte. Rinne an chuid is mó díobh faisnéis nua faoin meabhairshláinte a fhorbairt agus/nó línte cabhracha a eagrú trína dtugtaí comhairle maidir le bearta cuiditheacha le linn ghéarchéim COVID-19, agus bhí go leor tíortha ann a rinne iarrachtaí breise maidir le cosc agus cur chun cinn agus maidir le rochtain bhreise ar sheirbhísí meabhairshláinte a chur ar fáil mar aon le maoiniú do na seirbhísí sin (27). Ar na samplaí sin tá na tíortha seo a leanas:

    An Chipir – rinneadh sainchúram na gcoistí eipidéimeolaíocha a leathnú: i dteannta bheith ag tabhairt aghaidh ar na rioscaí sláinte fisiciúla, cuireadh de chúram orthu saincheisteanna meabhairshláinte a chomhtháthú i bhfochoistí (28) speisialaithe,

    An Fhionlainn – toisc a ollfhairsinge atá sí mar thír agus ardráta glactha na dteicneolaíochtaí digiteacha inti, is féidir so-rochtain chost-éifeachtúil ar sheirbhísí meabhairshláinte (cosc, diagnóisic, cóireáil, faireachán) a chur ar fáil agus tairseach níos ísle ag roinnt leo. Mar shampla, is seirbhís ar líne é Mielenterveystalo.fi a chuireann eolas agus seirbhísí ar fáil maidir le meabhairshláinte do shaoránaigh agus do ghairmithe sóisialta agus cúraim sláinte san Fhionlainn. I gcás limistéir nach bhfuil seirbhísí cúraim meabhairshláinte fhisiciúil iontu go háirithe agus i measc grúpaí leochaileacha go mór mór, cuir i gcás daoine óga atá ag úsáid uirlisí digiteacha agus gléasanna digiteacha go gníomhach nó daoine faoi mhíchumas fisiciúil, is féidir le réitigh dhigiteacha ráta glactha na seirbhísí meabhairshláinte a mhéadú agus fadhbanna meabhairshláinte a chosc,

    An Phortaingéil – líne theileafóin saor in aisce 24 uair an chloig le haghaidh tacaíocht shíceolaíoch,

    An Fhrainc – tugadh isteach comhairliúcháin saor in aisce le síceolaí nó síciatraí le haghaidh mac léinn,

    Éire – cuireadh maoiniú breise EUR 50 milliún ar fáil in 2021 chun seirbhísí nua meabhairshláinte a chruthú mar fhreagairt ar an ngéarchéim, mar aon le tacaíocht bhreise le haghaidh riachtanais mheabhairshláinte a bhí ann cheana,

    An Laitvia – méadaíodh ar an maoiniú le haghaidh gairmithe meabhairshláinte agus dochtúirí teaghlaigh a bhí ag cur tacaíocht mheabhairshláinte ar fáil,

    An Liotuáin – ardán náisiúnta meabhairshláinte ar a bhfuil faisnéis maidir le conas an mheabhairshláinte a chaomhnú agus acmhainní tacaíochta,

    Poblacht na Seice – tá an chuid is mó de na cistí árachais sláinte éigeantacha tar éis páirt-aisíocaíocht ar shíciteiripe a thabhairt isteach agus í oscailte dá dtairbhithe go léir.

    6.2.

    Thug Ballstáit eile straitéisí náisiúnta isteach freisin chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin na meabhairshláinte. Mar shampla, rinne an Spáinn caibidil iomlán dá straitéis náisiúnta 2022-2026 a thiomnú do dhúshláin mheabhairshláinte mar thoradh ar phaindéim COVID-19, agus tugadh isteach sraith treoirlínte maidir le conas aghaidh a thabhairt ar dhúshláin den sórt sin le linn géarchéime agus ina diaidh. Sa Liotuáin, in 2020, forbraíodh plean gníomhaíochta mar fhreagairt ar COVID-19 chun an soláthar cúraim meabhairshláinte a neartú agus chun iarmhairtí diúltacha féideartha na paindéime a mhaolú (29). Sa phlean gníomhaíochta sin sa Liotuáin, leagtar amach freisin sraith beart chun seirbhísí a bhí ann cheana a leathnú agus a oiriúnú, tugtar isteach seirbhísí nua, cuir i gcás foirne síceolaíocha géarchéime pobail, comhairleoireacht shíceolaíoch ísealtairsí a chur ar fáil ar an leibhéal bardasach agus seirbhísí atá dírithe ar chur chun cinn na meabhairshláinte a dhéanamh níos inrochtana.

    6.3.

    Maidir leis an tsíciteiripe, an chomhairleoireacht shíceolaíoch agus teiripí éagsúla cainte agus grúpaí, is cóireálacha bunaithe ar fhianaise iad nach foláir a mhéadú chun go mbeidh siad inacmhainne, inrochtana agus ar fáil do dhaoine a bhfuil gá acu leo chun cothromaíocht a bhaint amach idir na modhanna traidisiúnta cóireála atá i réim.

    6.4.

    Feicfear amach anseo cad é tionchar meántéarmach agus fadtéarmach na paindéime ar an ngá atá le seirbhísí meabhairshláinte. Siúd is go bhfuil táscairí ann a thugann le fios gur tháinig feabhas ar an meabhairshláinte agus ar an bhfolláine sa chéad chúpla mí de 2022, is ann do chomharthaí arda drochshláinte mheabhrach go fóill féin. Léiríonn na sonraí náisiúnta teoranta atá ar fáil go bhfuil níos mó siomptóm dúlagair agus imní i measc daoine fásta ná mar a bhí roimh an bpaindéim (30).

    An Bhruiséil, 13 Iúil 2023.

    Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

    Oliver RÖPKE


    (1)  Is mar seo a shainmhínigh C. Winslow (1923) cur chun cinn na sláinte: iarracht eagraithe ar leibhéal na sochaí chun oideachas a chur ar an duine aonair faoi cheisteanna sláinte pearsanta agus chun córas sóisialta a fhorbairt a chuireann caighdeán maireachtála ar fáil do dhaoine aonair ar leor é chun a sláinte féin a chothabháil agus a fheabhsú.

    (2)  COM(2023) 298 final.

    (3)  Chuathas isteach go mion i ngnéithe sonracha a bhaineann le hobair fhorbhásach agus an mheabhairshláinte, Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Obair fhorbhásach agus meabhairshláinte (tústuairim arna hiarraidh ag Uachtaránacht na Spáinne) (IO C 228, 29.6.2023, lch. 28) .

    (4)   ‘WHO QualityRights tool kit to assess and improve quality and human rights in mental health and social care facilities’, An Ghinéiv, an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte, 2012.

    (5)  https://www.cultureforhealth.eu/knowledge/.

    (6)  Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Iúil 2020 ar straitéis sláinte poiblí an Aontais don ré i ndiaidh COVID-19 (2020/2691(RSP)) (IO C 371, 15.9.2021, lch. 102), https://www.europarl.europa.eu/doceo/document/TA-9-2020-0205_GA.html

    (7)  Buairt faoi bheith gan rochtain ar fhón póca nó gléas eile. Baineann sí le handúil sna meáin shóisialta agus san idirlíon freisin.

    (8)  https://eventi.ambrosetti.eu/headway/wp-content/uploads/sites/225/2022/09/220927_Headway_Mental-Health-Index-2.0_Report-1.pdf

    (9)  https://eventi.ambrosetti.eu/headway/wp-content/uploads/sites/225/2022/09/220927_Headway_Mental-Health-Index-2.0_Report-1.pdf, lch. 60.

    (10)  Sonraí de chuid na Náisiún Aontaithe.

    (11)  https://www.angelinipharma.com/media/press-releases/new-headway-report-highlights-environmental-determinants-of-mental-health/.

    (12)  https://health.ec.europa.eu/system/files/2022-12/2022_healthatglance_rep_en_0.pdf

    (13)  Léigh an tuarascáil via https://eige.europa.eu/sites/default/files/documents/gender_equality_index_2022_corr.pdf. Féach freisin ar https://eige.europa.eu/publications/gender-equality-index-2021-report/women-report-poorer-mental-well-being-men

    (14)  https://timesofindia.indiatimes.com/life-style/health-fitness/health-news/females-twice-more-likely-to-suffer-from-long-covid-who-releases-alarming-data-on-sufferers-and-symptoms/photostory/94194227.cms?picid=94194317

    (15)  https://ec.europa.eu/commission/presscorner/detail/ga/ip_22_5169

    (16)  https://ec.europa.eu/social/main.jsp?langId=en&catId=89&furtherNews=yes&newsId=10382#navItem-relatedDocuments

    (17)  Brennan, C.S., Disability Rights During the Pandemic: A Global Report on Findings of the COVID-19 Disability Rights Monitor. 2020, COVID-19 Disability Rights Monitor.

    (18)  https://www.who.int/news-room/fact-sheets/detail/disability-and-health

    (19)  https://apps.who.int/iris/bitstream/handle/10665/333964/WHO-EURO-2020-40745-54930-eng.pdf.

    (20)   ‘Health at a Glance: Europe 2022’ © ECFE/An tAontas Eorpach, 2022.

    (21)  https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/PDF/?uri=CELEX:52021DC0323

    (22)  https://osha.europa.eu/en/themes/health-and-social-care-sector-osh

    (23)  Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le Lucht Saothair na Sláinte agus Straitéis Chúraim do Thodhchaí na hEorpa (Tuairim féintionscnaimh) IO C 486, 21.12.2022, lch 37.

    (24)  Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Obair fhorbhásach agus meabhairshláinte (tústuairim arna hiarraidh ag Uachtaránacht na Spáinne) IO C 228, 29.6.2023, lch. 28 .

    (25)  https://osha.europa.eu/bg/themes/health-and-social-care-sector-osh

    (26)  Flore Gil Bernal, An Ollscoil Ibéir-Mheiriceánach (Meicsiceo), www.fearof.net

    (27)  Oifig Staidrimh Náisiúnta (2021), Coronavirus and depression in adults, An Bhreatain Mhór: Iúil go Lúnasa 2021.

    (28)  Siondróm Covid Fadmharthanaigh – https://www.oeb.org.cy/egcheiridia-long-covid-cyprus

    (29)  Wijker, Sillitti agus Hewlett (2022), The provision of community-based mental health care in Lithuania, https://doi.org/10.1787/18de24d5-en

    (30)  Sciensano, 2022; Santé publique France, 2022.


    Top