EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52023AE1246

Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Teachtaireacht Chomhpháirteach chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle Straitéis Spáis an Aontais um Shlándáil agus Cosaint (JOIN(2023) 9 final)

EESC 2023/01246

IO C 349, 29.9.2023, p. 155–160 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

29.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 349/155


Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Teachtaireacht Chomhpháirteach chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle Straitéis Spáis an Aontais um Shlándáil agus Cosaint

(JOIN(2023) 9 final)

(2023/C 349/23)

Rapóirtéir:

Maurizio MENSI

Comhrapóirtéir:

Jan PIE

Comhairliúchán

An Coimisiún Eorpach, 2/5/2023

Bunús dlí

Airteagal 304 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

Rannóg atá freagrach

An Coimisiún Comhairleach um Athruithe Tionsclaíocha

Dáta a glactha sa rannóg

22/6/2023

Dáta a glactha sa seisiún iomlánach

12/7/2023

Seisiún iomlánach Uimh.

580

Toradh na vótála

(ar son/in aghaidh/staonadh)

170/1/1

1.   Conclúidí agus moltaí

1.1.

Tacaíonn CESE leis an aitheantas a thug an tAontas don ghné shlándála agus chosanta a bhaineann leis an spás, ar léir an méid sin ó fhoilsiú na Teachtaireachta Comhpháirtí an 10 Márta 2023 chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle — Straitéis Spáis an Aontais um Shlándáil agus Cosaint (‘an Straitéis’).

1.2.

Tá CESE ar aon intinn leis an tuiscint chomhchoiteann ar an gcomhthéacs geopholaitiúil nua i bhfianaise na bhfadhbanna tromchúiseacha a eascraíonn as ionradh na Rúise ar an Úcráin, i bhfianaise a chriticiúla atá sócmhainní agus seirbhísí spáis, agus i bhfianaise an ghá atá le bearta a fhorbairt ina ndírítear ar na sócmhainní agus seirbhísí spáis sin a chosaint, ar céim fíor-riachtanach é sin chun beartas spáis dáiríre uile-Eorpach a cheapadh.

1.3.

Aontaíonn CESE gur tosaíocht é bagairtí a shainaithint sula gcuirfear feabhas ar athléimneacht agus ar chosaint na gcóras agus na seirbhísí spáis fiú. Ní mór d’institiúidí an Aontais a áirithiú go bhfuil na gníomhaithe ábhartha uile, lena n-áirítear na tionscail, gníomhaithe sóisialta agus an tsochaí shibhialta, rannpháirteach sa phróiseas mapála agus sa phróiseas a bhaineann le moltaí a chur le chéile. Beidh sé tábhachtach an tsochaí shibhialta eagraithe a spreagadh le tuiscint iomlán a fháil ar an leas poiblí ábhartha agus ar bhuntáistí na Straitéise do na saoránaigh má tá sí chun í féin a fheabhsú ó thaobh a dlisteanachta de agus d’fhonn an tacaíocht phoiblí a neartú, i bhfianaise fheidhmiúcháin shibhialta ábhartha na dteicneolaíochtaí spáis.

1.4.

Molann CESE feabhas a chur ar athléimneacht agus ar chosaint na gcóras agus na seirbhísí spáis san Aontas i bhfianaise an chomhthéacs gheopholaitiúil atá ann faoi láthair ar údar imní é. Tugann CESE dá aire gur dúshlán bunúsach i ndáil leis an gcuspóir sin is ea an cumas chun an leibhéal íseal infheistíochta poiblí a dhéantar faoi láthair a mhéadú, an ilroinnt a bhaineann leis an infheistíocht sin a laghdú agus cur chuige lena dtugtar breisluach don Eoraip a chur chun cinn i gcomhthéacs ina bhfuil an Eoraip i bhfad chun deiridh ar Stáit Aontaithe Mheiriceá, ar an tSín agus ar an Rúis i dtéarmaí infheistíochtaí poiblí sa spás.

1.5.

Creideann CESE gurb é atá i gceist freisin le feabhas a chur ar athléimneacht agus ar chosaint na gcóras agus na seirbhísí spáis san Aontas bearta a chur chun feidhme d’fhonn tacú le ceannasacht theicneolaíoch agus le hathléimneacht slabhraí luacha tionsclaíocha criticiúla chun neamhspleáchas a áirithiú. Chuige sin, molann CESE go láidir go n-aithneofar go hiomlán agus go leagfar béim ar an ról lárnach a imríonn an tionsclaíocht maidir le saincheisteanna spleáchais agus bearta maolaithe a aithint.

1.6.

Is mian le CESE a mheabhrú gur mó sa mhó atá sé á aithint agus á dhearbhú ag ceannairí domhanda gur de dhlúth agus d’inneach an chine dhaonna é an spás agus go ngabhann breisluach leis dúinn uile. Sa lá atá inniu ann, tá aghaidh á tabhairt ag earnáil spáis na hEorpa ar roinnt de na dúshláin is práinní dár linne, amhail faireachán a dhéanamh ar an athrú aeráide, an nuálaíocht theicneolaíoch a spreagadh, agus tairbhí nithiúla socheacnamaíocha a chur ar fáil do na saoránaigh ina saol laethúil. Tá institiúidí, gnólachtaí agus na saoránaigh ag brath níos mó ar theicneolaíocht, sonraí agus seirbhísí spáis le haghaidh córais chumarsáide, córais loingseoireachta agus córais suite, agus le haghaidh fhaire na cruinne (e.g. faisnéis láithreach agus cumarsáid ar an láthair i gcás tubaistí). Tá an ról a imríonn an spás ríthábhachtach le haghaidh neamhspleáchas na saoránach agus le haghaidh neamhspleáchas straitéiseach na hEorpa, agus freisin le haghaidh na taidhleoireachta domhanda, chun glacadh leis an bhféiniúlacht Eorpach agus chun na chéad ghlúnta eile a ghríosú agus a spreagadh.

1.7.

Is díol mór sásaimh do CESE go bhféadfadh ‘Dlí Spáis an Aontais’ a bheith ann sa todhchaí, d’fhonn an tsábháilteacht, an tslándáil, an inbhuanaitheacht agus an caighdeánú a chumhdach, ar dlí é lena réiteofaí an bealach le haghaidh Chur Chuige AE i leith Bainistiú Spástráchta, ar cur chuige é sin atá de dhíth (1).

1.8.

Tá CESE lánchinnte go bhfuil gá leis na gníomhaíochtaí uile a bhaineann leis an tionsclaíocht (e.g. iomaíochas, teicneolaíochtaí criticiúla, slándáil an tslabhra soláthair) a chomhtháthú i mbeartas tionsclaíoch comhleanúnach uile-Eorpach, i gcomhthéacs ina bhfuil tionscal spáis na hEorpa go mór i dtuilleamaí margaí oscailte an-teoranta.

1.9.

Cé go bhfuil gá le bearta sonracha agus in ainneoin go bhféadfaidís a bheith úsáideach chun déileáil le cásanna áirithe, tá CESE á áitiú nach mbeadh ciall le bearta mar sin agus nach mbeidís go hiomlán éifeachtúil ach amháin dá mbeadh beart soláthair saincheaptha agus beartas uaillmhianach agus éifeachtúil taighde agus forbartha mar chuid díobh. Níor mhór do na bearta sin tacú freisin le glacadh margaidh teicneolaíochtaí agus seirbhísí spáis arna bhforbairt san Eoraip, lena n-áirítear margaí onnmhairíochta, go háirithe tríd an taidhleoireacht eacnamaíoch.

1.10.

Tá CESE suite de gurb é atá i gceist leis an tacaíocht uaillmhianach agus chomhleanúnach a thugtar don taighde agus don nuálaíocht bunchloch inbhuanaitheacht na hearnála spáis agus bunchloch chumas na hearnála sin chun freastal ar riachtanais beartais phoiblí. Teastaíonn tacaíocht níos láidre agus níos comhsheasmhaí ón Eoraip le haghaidh taighde agus nuálaíochta chun a stádas i gcúrsaí spáis a choinneáil agus ionas go mbeidh tionscal intíre ar fáil a d’fhéadfadh córais spáis úrscothacha a dhearadh, a chur ar fáil agus a shaothrú.

1.11.

Maidir leis na réimsí sin ina bhfuil an comhar le tríú tíortha ríthábhachtach, cuireann CESE i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé ceannasacht na hEorpa a chaomhnú agus spleáchais neamh-Eorpacha i réimsí straitéiseacha a sheachaint, agus an comhar agus an idir-inoibritheacht á gcur chun cinn san am céanna agus iad ina rialacha comhchoiteanna an chómhalartacht agus comhshocair le Stáit Aontaithe Mheiriceá agus le tríú páirtithe eile atá ar aon intinn leis an Eoraip.

1.12.

Creideann CESE nach mór an Straitéis a leanúint le gníomhaíochtaí nithiúla prasa maidir le buiséad spriocdhírithe, sceidil le haghaidh chur chun feidhme na ngníomhaíochtaí, agus cruthú post (2). Ní mór don Aontas treochlár cruinn den sórt sin a cheapadh tar éis comhordú a dhéanamh ar na gníomhaithe ar fud na hEorpa atá rannpháirteach i ngníomhaíochtaí spáis.

2.   Cúlra

2.1.

Fuarthas léargas le linn ghéarchéim COVID-19 ar an easpa neamhspleáchais agus rialaithe atá ag an Eoraip ar bhonneagar líonra criticiúil. Is riachtanaí fós dlús a chur le neartú agus treisiú na gné slándála agus cosanta a bhaineann leis an spás i bhfianaise ionradh na Rúise ar an Úcráin.

2.2.

Ar an leibhéal institiúideach, bhí an méid sin le feiceáil in dhá gharsprioc:

2.2.1.

I nDearbhú Versailles, arna eisiúint an 11 Márta 2022 ag ceannairí an Aontais Eorpaigh mar fhreagairt d’ionradh na Rúise ar an Úcráin, cuirtear béim ar leith ar an spás i ndáil le gníomhaíochtaí cosanta, agus comhaontú déanta ag ceannairí an Aontais Eorpaigh ‘feabhas a chur ar ghné slándála agus chosanta ár dtionscal agus gníomhaíochtaí spáis’.

2.2.2.

An 21 Márta 2022, d’eisigh an Coimisiún Eorpach Compás Straitéiseach don tSlándáil agus don Chosaint, faoi cheannaireacht Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála. Agus an spás á aithint ann mar réimse ina bhfuil an choimhlint ag géarú de réir a chéile agus mar réimse a ngabhann impleachtaí móra leis ó thaobh cosanta de, is Compás Straitéiseach é sin lena ngabhfaidh mórán iarmhairtí d’earnáil spáis na hEorpa.

2.3.

Forlíonadh na tionscnaimh sin de chuid an Aontais le cláir chomhair eile; mar shampla, mhol Comhairle na Gníomhaireachta Eorpaí Spáis (GES) ar leibhéal aireachta neart tionscnamh le haghaidh rannchuidiú ó na Ballstáit maidir leis an tslándáil sa spáis agus an tslándáil ón spás.

2.4.

Níl aon amhras ach gur léirigh ionradh na Rúise ar an Úcráin cé chomh criticiúil agus atá an spás mar phríomhshócmhainn. Tuigtear ón gcogadh sin freisin an tionchar ollmhór atá ag sócmhainní tráchtála a bheith á n-úsáid in éineacht le sócmhainní agus straitéisí rialtais agus, ar an gcaoi sin, tuigtear a thábhachtaí atá idirghabhálacha agus comhar rialta idir eintitis phoiblí agus eintitis phríobháideacha, go háirithe a mhéid a bhaineann le cumais theicniúla agus oibríochtúla.

3.   Barúlacha ginearálta

3.1.

Aithníonn CESE cé chomh criticiúil agus atá an spás mar phríomhshócmhainn ionas go mbeidh lucht ceaptha beartas na hEorpa in ann cinntí agus gníomhaíochtaí neamhspleácha agus feasacha a dhéanamh maidir le bainistiú géarchéime agus maidir leis an tslándáil, ar céim fíor-riachtanach é sin chun beartas spáis dáiríre uile-Eorpach a cheapadh. Beidh sé tábhachtach an tsochaí shibhialta eagraithe a spreagadh le tuiscint iomlán a fháil ar an leas poiblí ábhartha agus ar bhuntáistí na Straitéise do na saoránaigh má tá sí chun í féin a fheabhsú ó thaobh a dlisteanachta de agus d’fhonn an tacaíocht phoiblí a neartú, i bhfianaise fheidhmiúcháin shibhialta ábhartha na dteicneolaíochtaí spáis.

3.2.

Tá an Eoraip tosaithe ar iarrachtaí a dhéanamh chun neamhspleáchas inchreidte agus cinnte a bhaint amach sa spás, agus tá an dúshlán comhroinnte seo ag bailiú nirt faoi láthair ar fud na mór-roinne. Creideann CESE nach mór díriú ar an éifeachtúlacht agus ar an iontaofacht a bhaint amach d’úsáideoirí slándála leis na hiarrachtaí uile sin, bídís sibhialta nó míleata, náisiúnta nó Eorpach, poiblí nó príobháideach, faoi mar a chuirtear i bhfáth sa Phlean Gníomhaíochta maidir le sineirgí idir an tionscal sibhialta (3). Dá bhrí sin, is gá neartú a dhéanamh ar na comhpháirtíochtaí idir eintitis phoiblí agus eintitis phríobháideacha agus ar na comhpháirtíochtaí a d’fhéadfaidís a bhunú le tíortha eile atá ar aon intinn leo.

3.3.

Tá riosca ann atá ag méadú i rith an ama go ndíreoidh gníomhaithe bagracha nua ar chórais spáis chun cur isteach ar sheirbhísí criticiúla arna gcumasú ag satailítí. Measann CESE go bhfuil sé ag éirí níos tábhachtaí spéis mhéadaitheach na hEorpa i seirbhísí spásbhunaithe agus a spleáchas méadaitheach ar na seirbhísí sin a fhorlíonadh le bearta lena ndíreofar ar chumais agus ar sheirbhísí spáis a chosaint, ionas nach nochtfar sochaí agus geilleagar na hEorpa do leochaileachtaí níos criticiúla fós.

3.4.

Tá CESE suite de nach mór do na Ballstáit a bhfreagracht agus a dtiomantas i leith na síochána agus na slándála domhanda a dhearbhú go hiomlán trína saoirse gníomhaíochta i leith an spáis agus sa spás a neartú agus iad ag brath ar a gcumas ceannasach agus ar a sócmhainní ceannasacha. Measann CESE go bhfuil an tsaoirse gníomhaíochtaí sin ar cheann de na huirlisí is dírí agus is criticiúla atá ar fáil do na Ballstáit chun gníomhaíocht a dhéanamh agus tionchar a imirt. D’fhonn é sin a dhéanamh, ní mór dóibh athléimneacht a dtionscail spáis agus slándáil a mbonneagair soláthair agus seirbhísí a ráthú ar mhaithe lena saoránaigh. Sa chomhthéacs sin, is tosaíocht dhoshéanta é rochtain cheannasach inbhuanaithe na hEorpa ar an spás a áirithiú.

4.   Barúlacha sonracha

4.1.   Tírdhreach na mbagairtí spáis

4.1.1.

Is díol sásaimh do CESE gur sainaithníodh na bagairtí a d’fhéadfadh cur isteach ar chórais spáis nó a d’fhéadfadh iad a dhíghradú nó a scriosadh trí anailís bhliantúil ar thírdhreach na mbagairtí spáis a ullmhú. Meastar go mbeidh an anailís sin riachtanach chun tuiscint a fháil ar an timpeallacht naimhdeach ina bhfuil bonneagar agus seirbhísí spáis agus talún á bhforbairt faoi láthair agus ina mbeidh siad á bhforbairt sa todhchaí.

4.1.2.

Aithníonn CESE go gcabhródh measúnú den sórt sin le cumais íogaire (lena n-áirítear scileanna, teicneolaíochtaí, sócmhainní agus bloic thógála) a chosaint ar thíortha nó eagraíochtaí a d’fhéadfadh a bheith naimhdeach agus ar mhaith leo seilbh a ghabháil orthu, agus é d’aidhm aige sin gurb í an Eorpach a bheadh i gcumhacht agus go mbeadh ‘cumais íogaire’ faoina rialú.

4.1.3.

Creideann CESE nach mór don Choimisiún Eorpach agus don tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí (SEGS) tuairimí agus barúlacha thionscal spáis na hEorpa (idir eintitis mhóra agus bheaga), eagraíochtaí taighde agus teicneolaíochta, agus an lucht acadúil a chur san áireamh nuair a bheidh an anailís bhliantúil ar thírdhreach na mbagairtí spáis á cur le chéile agus nuair a dhéanfar na moltaí agus na bearta a bheidh mar thoradh ar an anailís sin a shainaithint.

4.1.4.

Tá CESE suite de go gceadófar don earnáil phríobháideach an méid seo a leanas a dhéanamh le próiseas den sórt sin:

a)

oibriú ar thosaíochtaí nua taighde agus forbartha a bhaineann go sonrach le bagairtí a aithníodh cheana féin nó le cineál nua bagartha a thiocfadh chun cinn;

b)

feasacht a mhúscailt i measc custaiméirí agus gníomhaithe institiúideacha maidir leis an ngá atá le cuir chuige choisctheacha;

c)

caighdeáin nua a shainiú ar an leibhéal Eorpach agus, ar an gcaoi sin, rannchuidiú le próiseas an chaighdeánaithe ar an leibhéal domhanda;

d)

dea-chleachtas a mhalartú idir eintitis phoiblí agus phríobháideacha;

e)

cuir chuige ‘talún’ a ghlacadh i leith an spáis.

4.2.   Athléimneacht agus cosaint córas spáis agus seirbhísí spáis san Aontas a fheabhsú

4.2.1.   Creat slándála uile-Aontais le haghaidh córais spáis a chosaint, comhroinnt faisnéise agus comhar maidir le teagmhais slándála spáis

4.2.1.1.

Creideann CESE gur dócha go gcruthófar timpeallacht dhúshlánach le haghaidh gníomhaithe Eorpacha mar gheall ar thionscnaimh rialála dhomhanda agus cinntí aontaobhacha maidir le bainistiú spástráchta. Athchóirithe a dhéantar lasmuigh den Eoraip, d’fhéadfaidís cur isteach ar chumas earnáil spáis na hEorpa dul san iomaíocht le dálaí córa. D’fhéadfadh sé freisin go mbeadh tionchar ag na hathchóirithe sin ar inbhuanaitheacht na hearnála agus go gcuirfidís ceannasacht na hEorpa, ar cuspóir uileghabhálach ag an Aontas í sin i ndáil leis an spás, a chur i mbaol tuilleadh.

4.2.1.2.

Tá CESE suite de go bhfuil deis ag an Aontas a bheith ar thús cadhnaíochta sa phlé a dhéanfar agus foráil a dhéanamh chun bonneagar spáis riachtanach na hEorpa agus seirbhísí gaolmhara a chosaint. Trí bheith réamhghníomhach agus tríd an gcomhar, seachas ilroinnt, idir Ballstáit an Aontais a chur chun cinn, ceadóidh an tAontas Eorpach d’earnáil spáis na hEorpa rialacha agus nósanna imeachta comhaontaithe a úsáid chun a leasa féin agus iad a chur chun cinn tuilleadh ar an leibhéal domhanda. Dá nglacfaí cur chuige níos comhchuibhithe agus níos comhoibrithí idir na Ballstáit, spreagfaí infheistíochtaí coiteanna i réimse na cosanta agus na tionsclaíochta san Aontas ar bhonn níos leithne. Ina leith sin, dá mba rogha é an soláthar comhpháirteach, d’fhéadfadh sé go bhfeabhsófaí éifeachtúlacht ó thaobh an éilimh de agus d’fhéadfadh sé go gcuirfí le hiomaíochas agus éifeachtúlacht thionscal spáis agus cosanta na hEorpa (4).

4.2.1.3.

Creideann CESE go mbeadh mórthionchair ar fhorbairt thionsclaíoch agus mhíleata an Aontais araon dá n-atreiseofaí na hiarmhairtí teicneolaíocha agus tionsclaíocha a d’fhéadfadh a bheith ann, cuir i gcás an t-aeraspás agus teicneolaíochtaí a bhfuil feidhmiúcháin mhíleata agus shibhialta araon acu (‘teicneolaíochtaí de-úsáide’).

4.2.1.4.

Maidir leis an tslándáil agus an chibearshlándáil, aontaíonn CESE go hiomlán go bhfuil an ceanglas maidir le ‘slándáil trí dhearadh’ riachtanach don athléimneacht. Tá caighdeáin slándála chomhchoiteanna Eorpacha ríthábhachtach freisin fad agus a úsáidtear iad ar bhealach nithiúil, mar is minic a bhíonn na timthriallta maidir le sainiú agus glacadh rófhada ar an margadh iomaíoch atá os comhair earnáil spáis na hEorpa. Ciallaíonn sé sin:

a)

nach mór na caighdeáin a fhorbairt i gcomhthráth le forbairt na teicneolaíochta;

b)

nach mór próiseas deimhniúcháin lúfar a leagan síos;

c)

go dteastaíonn tacaíocht institiúideach agus comhar níos fearr laistigh den slabhra soláthair chun gnólachtaí nuathionscanta agus FBManna a chuimsiú tríd an gcumas atá acu riachtanais slándála a chomhlíonadh;

d)

nach mór caighdeáin nua a fhorbairt.

4.2.1.5.

Tugann CESE dá aire gur ar leibhéal na mBallstát amháin, agus ní ar leibhéal institiúidí an Aontais, atá feidhm ag an Treoir maidir le hAthléimneacht Eintiteas Criticiúil (5) agus ag an Treoir maidir le bearta le haghaidh ardleibhéal comhchoiteann cibearshlándála ar fud an Aontais (6). Creideann CESE gur cheart na Treoracha sin a chur i bhfeidhm maidir le sócmhainní atá faoi úinéireacht an Aontais chomh maith.

4.2.2.   Ceannasacht theicneolaíoch earnáil spáis an Aontais a neartú

4.2.2.1.

Is díol mór sásaimh do CESE an toil atá ann chun iarracht a dhéanamh le buiséad an Chiste Eorpaigh Cosanta agus buiséad an chláir Fís Eorpach a mhéadú mar, a mhéid a bhaineann leis na céimeanna deiridh forbartha, is cosúil nár éirigh leis an Aontas go fóill a bhuiséad, agus na hionstraimí airgeadais gaolmhara, a ailíniú leis na huaillmhianta a leag sé síos chun ardteicneolaíochtaí a thabhairt chuig an leibhéal ullmhachta atá de dhíth.

4.2.2.2.

I gcomhthéacs ‘athfhuinnimhiú’ an Táscfhórsa Chomhpháirtigh, creideann CESE gur cheart próiseas aonair a leagan síos as a dtiocfadh stóras aonair cásanna criticiúla, stóras a bheadh comhaontuithe agus comhroinnte. Tá sé tábhachtach go mbeadh tionscal spáis na hEorpa ar cheann de na príomhgheallsealbhóirí sa phróiseas sin mar, ar an gcaoi chéanna agus a chuirtear leis an iomaíochas tionsclaíoch nuair a laghdaítear spleáchais, d’fhéadfadh sé go bhfeabhsófaí ceannasacht na hEorpa chomh maith céanna.

4.2.2.3.

Tá ceisteanna ag CESE faoin gcineál róil a bheidh ag an Táscfhórsa Comhpháirteach agus ag an bhFaireachlann um Theicneolaíochtaí Criticiúla agus faoina gcuid idirghabhálacha sa todhchaí. Tá sé á chur i bhfáth aige go dteastaíonn sineirgí níos fearr eatarthu chomh maith.

4.2.2.4.

Tá CESE i bhfabhar bunú comhghuaillíochtaí nua agus tionscadal tábhachtach ar mhaithe le leas na hEorpa i gcoitinne (IPCEI) a bhaineann le teicneolaíochtaí atá ábhartha don spás agus don chosaint ós rud é go bhféadfadh na comhghuaillíochtaí agus na tionscadail sin cuidiú leis an leibhéal cistithe agus forbairt agus inbhuanaitheacht foinsí dúbailte san Eoraip a mhéadú.

4.2.3.   Aghaidh a thabhairt ar rioscaí slándála san earnáil spáis san Aontas

4.2.3.1.

Is díol mór sásaimh do CESE go dtabharfar aghaidh ar rioscaí slándála san earnáil spáis san Aontas trína shlabhraí soláthair a chosaint agus trí rialacha soláthair lena ráthófar slándáil an tsoláthair.

4.2.3.2.

Creideann CESE, áfach, go bhfuil sé ríthábhachtach go ndéanfaí na gníomhaíochtaí sin a chomhtháthú go forleathan mar chuid de bheartas tionsclaíoch uile-Eorpach don spás.

4.2.4.   Cumais a fhorbairt, lena n-áirítear rochtain uathrialach an Aontais ar an spás, chun an athléimneacht a mhéadú

4.2.4.1.

Aontaíonn CESE gur teicneolaíochtaí/cumais ríthábhachtacha don athléimneacht iad pálastaí féinchosanta, lainseálaithe freagrúla, acmhainneachtaí fheasacht staide an spáis, seirbhísiú i bhfithis, agus néal ceannasach daingean atá tiomnaithe d’fheidhmiúcháin spáis.

4.2.4.2.

Creideann CESE gur cheart rochtain neamhspleách fhadtéarmach an Aontais ar an spás a áirithiú mar ní féidir leis an Eoraip a bheith ag brath ar thríú tíortha chun a cumais spáis a sheoladh ná chun a bonneagar spáis féin a chothabháil. Ina thaobh sin, ní mór an prionsabal a bheith ann go dtabharfar tosaíocht do lainseálaithe Eorpacha le haghaidh lainseáil arna déanamh ag na hinstitiúidí.

4.2.5.   Bagairtí spáis a fhreagairt

4.2.5.1.

D’fhonn bagairtí a bhrath, creideann CESE gur gá ailtireacht bainistithe spástráchta lánfheidhme neamhspleách a fhorbairt, trí, inter alia, línte clár cistithe a bhunú agus trí thacaíocht a thabhairt dóibh chun cumais bainistithe spástráchta na hEorpa a fhorbairt tuilleadh (i.e. cumais Faireachais agus Rianaithe Spáis — SST, Feasacht Réimse an Spáis — SDA) agus trí dhlús a chur le himscaradh chumais SST agus chumais bainistithe spástráchta na hEorpa atá inmharthana ó thaobh na tráchtála de, atá iomaíoch agus atá inscálaithe (7).

4.2.5.2.

Ar an gcaoi sin, aontaíonn CESE go hiomlán leis an mbéim mhór a leagtar sa Teachtaireacht Chomhpháirteach ar chumais SDA ar choinníoll go bhféachfaí, ag gach céim, chuig tacaíocht, saineolas agus cumais an tionscail, anuas ar chumais na hEorpa agus na mBallstát.

4.2.5.3.

Molann CESE go ndéanfaí iarrachtaí Bhallstáit an Aontais a chomhordú go láidir ar leibhéal an Aontais chun tacú leis an gcuspóir maidir le neamhspleáchas straitéiseach oscailte Eorpach a mhéadú, i gcomhréir le comhghuaillíocht na comhpháirtíochta trasatlantaí, an comhar le príomh-chomhpháirtithe straitéiseacha amhail na Stáit Aontaithe agus an Ríocht Aontaithe, rannpháirtíocht ar an leibhéal iltaobhach agus b’fhéidir go ndéanfaí an bealach a ullmhú le haghaidh cumas ar leibhéal an Aontais.

4.2.5.4.

Aithníonn CESE a thábhachtaí atá cleachtaí spáis, ós rud é gur cheart an comhordú idir tíortha Eorpacha a bheith níos láidre agus níos éifeachtúla agus gur cheart níos mó tábhachta a bheith aige maidir lenár gcomhghuaillithe, go háirithe Stáit Aontaithe Mheiriceá. I bhfianaise an méid sin, luífeadh sé le ciall cultúr comhchoiteann a fhorbairt i leith oibríochtaí spáis.

4.2.6.   Feabhas a chur ar úsáid an spáis le haghaidh na slándála agus na cosanta

4.2.6.1.

Aontaíonn CESE nach mór féachaint chuig na cláir shuaitheanta Eorpacha atá ann cheana rannchuidiú an spáis le cumais chosanta Eorpacha a mhéadú, agus nach mór na cláir sin a fheabhsú trí ghné shlándála agus chosanta.

4.2.6.2.

Cuireann CESE i bhfios go méadófaí cuspóirí an chláir Copernicus ar bhealach suntasach dá ndéanfaí é a leathnú chun cumais slándála a chur san áireamh ann. Ba cheart measúnú cúramach a dhéanamh ar na cuspóirí nua sin go háirithe ó thaobh na rioscaí gaolmhara le haghaidh cumais chistiúcháin an chláir agus an bheartais sonraí oscailte atá i bhfeidhm leis faoi láthair.

4.2.6.3.

Cuireann CESE i bhfios go láidir a thábhachtaí atá rannchuidiú na Straitéise leis an gComhaontú Glas don Eoraip agus leis na héiceachórais thionsclaíocha lena mbaineann. Chuige sin, is suntasaí fós rannchuidiú an chláir Copernicus, ar clár é a mheastar a bheith ina thagarmharc den chéad scoth ó thaobh faireachán ar an athrú aeráide agus ar an gcomhshaol de. Cuidíonn an clár go díreach le haghaidh a thabhairt ar an athrú aeráide agus réitigh a aimsiú ina leith agus tacaíonn sé le ról na hEorpa ar an leibhéal domhanda. Ós rud é gur glacadh le Copernicus ar fud an domhain mar an gcaighdeán le haghaidh íomhánna agus cáilíocht sonraí de ghrád eolaíochta, ní mór tacaíocht bhreise a thabhairt dó chomh maith le huaillmhianta daingne.

4.2.6.4.

Maidir le Clár Nascachta Slándála an Aontais (IRIS2), tacaíonn CESE go láidir le clár a chuideoidh leis an Aontas a bheith ina ghníomhaí idirnáisiúnta i gcónaí a bhfuil saoirse gníomhaíochta aige i réimse an spáis.

4.2.6.5.

Tá CESE lánchinnte go bhfuil gá leis na gníomhaíochtaí uile a bhaineann leis an tionsclaíocht (iomaíochas, teicneolaíochtaí criticiúla, slándáil an tslabhra soláthair, etc.) a chomhtháthú i mbeartas tionsclaíoch comhleanúnach uile-Eorpach, i gcomhthéacs ina bhfuil tionscal spáis na hEorpa go mór i dtuilleamaí margaí oscailte an-teoranta.

4.2.6.6.

Is mian le CESE a chur i bhfios go láidir gur earnáil nuálach a bhíonn ag athrú de shíor atá i gceist le hearnáil an spáis. Chun iomaíochas ghníomhaíochtaí spáis na hEorpa a áirithiú, is gá scileanna gairmiúla a fhorbairt a ndéanfaí iad a oiriúnú agus a fhorbairt ar bhonn seasmhach. Ós rud é go raibh treochtaí láidre earcaíochta sa tionscal le blianta beaga anuas, rud nach meastar a dtiocfaidh athrú air ar a laghad sna blianta beaga atá le teacht, ní mór na treochtaí sin a threisiú tuilleadh le gníomhaíochtaí nithiúla, amhail institiúid mar Acadamh Spáis an Aontais a chur ar bun.

4.2.7.   Comhpháirtíochtaí le haghaidh iompraíochtaí freagracha sa chianspás

4.2.7.1.

Aontaíonn CESE go bhfuil comhpháirtíochtaí agus comhfhiontair le réigiúin, eintitis agus tríú páirtithe eile atá ar aon intinn leo ríthábhachtach chun a áirithiú go mbainfear úsáid shlán, inbhuanaithe agus iontaofa as cumais spásbhunaithe.

4.2.7.2.

Má tá an comhar ríthábhachtach, cuireann CESE i bhfios gur cheart ceannasacht agus neamhspleáchas na hEorpa a chur san áireamh mar ghnéithe nach bhféadfaí déanamh dá n-uireasa, agus an comhar agus an idir-inoibritheacht á gcur chun cinn agus iad ina rialacha comhchoiteanna an chómhalartacht agus comhshocair le Stáit Aontaithe Mheiriceá agus le tríú páirtithe eile atá ar aon intinn leis an Eoraip.

An Bhruiséil, an 12 Iúil 2023.

Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

Oliver RÖPKE


(1)  I gcomhréir le Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear Clár an Aontais um Nascacht Shlán le haghaidh na tréimhse 2023–2027 [COM(2022) 57 final — 2022/0039 (COD)] agus Teachtaireacht Chomhpháirteach chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle: Cur Chuige AE i leith Bainistiú Spástráchta — Rannchuidiú de chuid an Aontais chun aghaidh a thabhairt ar dhúshlán domhanda [JOIN(2022) 4 final], (IO C 486, 21.12.2022), lch. 172; agus Spás nua.

(2)  Fostaíocht na mban go háirithe.

(3)  COM(2021) 70 final

(4)  Faoi mar a cuireadh i bhfios sa Tuairim Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bunú an Ghnímh um Thionscal Cosanta na hEorpa a Atreisiú trí Sholáthar Comhoibríoch [COM(2022) 349 final] (IO C 486, 21.12.2022, lch. 168).

(5)  Treoir (AE) 2022/2557 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 maidir le hathléimneacht eintiteas criticiúil agus lena n-aisghairtear treoir 2008/114/CE ón gComhairle. (IO L 333, 27.12.2022, lch. 164).

(6)  Treoir (AE) 2022/2555 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 maidir le bearta le haghaidh ardleibhéal comhchoiteann cibearshlándála ar fud an Aontais, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 agus Treoir (AE) 2018/1972, agus lena n-aisghairtear Treoir (AE) 2016/1148 (Treoir NIS 2). (IO L 333, 27.12.2022, lch. 80).

(7)  I gcomhréir le Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear Clár an Aontais um Nascacht Shlán le haghaidh na tréimhse 2023-2027 [COM(2022) 57 final – 2022/0039 (COD)] agus Teachtaireacht Chomhpháirteach chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle: Cur Chuige AE i leith Bainistiú Spástráchta – Rannchuidiú de chuid an Aontais chun aghaidh a thabhairt ar dhúshlán domhanda [JOIN(2022) 4 final] (IO C 486, 21.12.2022), lch. 172; agus Spás nua.


Top