Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52023AE1157

    Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — a) Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle Eorpach, chuig an gComhairle, chuig an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta agus chuig Coiste na Réigiún – Plean Tionsclaíoch an Chomhaontaithe Ghlais don Ré Ghlan-Nialasach (COM(2023) 62 final) – b) Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le creat beart a bhunú chun éiceachóras monaraíochta teicneolaíochta glan-nialasachta na hEorpa a neartú (An Gníomh um an Tionscal Glan-nialasachta) (COM(2023) 161 final – 2023/0081 (COD))

    EESC 2023/01157

    IO C 349, 29.9.2023, p. 179–184 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    29.9.2023   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 349/179


    Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa —

    a) Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle Eorpach, chuig an gComhairle, chuig an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta agus chuig Coiste na Réigiún – Plean Tionsclaíoch an Chomhaontaithe Ghlais don Ré Ghlan-Nialasach

    (COM(2023) 62 final)

    b) Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le creat beart a bhunú chun éiceachóras monaraíochta teicneolaíochta glan-nialasachta na hEorpa a neartú (An Gníomh um an Tionscal Glan-nialasachta)

    (COM(2023) 161 final – 2023/0081 (COD))

    (2023/C 349/27)

    Rapóirtéir:

    Sandra PARTHIE

    Comhairliúchán

    a)

    An Coimisiún Eorpach, 27.3.2023

    b)

    Parlaimint na hEorpa, 8.5.2023

    b)

    An Chomhairle, 11.5.2023

    Bunús dlí

    a)

    Airteagal 304 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

    b)

    Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

    Rannóg atá freagrach

    Margadh Aonair, Táirgeacht agus Tomhaltas

    Dáta a glactha sa rannóg

    29.6.2023

    Dáta a glactha sa seisiún iomlánach

    13.7.2023

    Seisiún iomlánach Uimh.

    580

    Toradh na vótála

    (ar son/in aghaidh/staonadh)

    193/3/3

    1.   Conclúidí agus moltaí

    1.1.

    Caithfidh an tAontas Eorpach a bheith ina láthair thionsclaíoch i gcónaí. Ní mór dó a bheith teanntásach faoin stádas atá aige mar ghníomhaí domhanda agus na huirlisí, na bearta agus na hionstraimí polaitiúla a shainaithint a theastaíonn uaidh le go mbeidh sé níos tapúla agus níos nuálaí agus go mbeidh sé in ann infheisteoirí a mhealladh an athuair, agus a luachanna sóisialta agus comhshaoil á gcaomhnú i gcónaí, amhail an t-idirphlé sóisialta dea-fheidhmiúil, córais leasa shóisialta dhea-fheidhmiúla, urraim don smacht reachta, agus institiúidí cobhsaí.

    1.2.

    Tá athrú tagtha ar an gcomhthéacs eacnamaíoch domhanda ina bhfeidhmíonn an tAontas, is é sin le rá go bhfuil an córas iltaobhach riailbhunaithe ag dul i léig agus an chaomhnaitheacht ag dul i méid. Is géire anois an iomaíocht le haghaidh infheistíochtaí idirnáisiúnta, go háirithe mar gheall ar an Acht um Laghdú Boilscithe (Inflation Reduction Act) in SAM, ach freisin mar gheall ar an iomaíocht fhíochmhar atá ann le haghaidh amhábhar, mar gheall ar ar tharla ó thaobh praghsanna fuinnimh de, agus mar gheall ar na hathruithe atá tagtha ar chórais shlabhraí soláthair an domhain. Dá bhrí sin, ní mór don Aontas athmheasúnú a dhéanamh ar na tosaíochtaí beartais atá aige chun feabhas a chur le hiomaíochas struchtúrach agus inbhuanaithe na hEorpa. I bhfianaise an ghá atá le hiomaíochas ghnólachtaí an Aontais a neartú, caithfidh seiceáil ar iomaíochas a bheith fite fuaite i bpróisis chinnteoireachta an Aontais, d’fhonn cothromaíocht a áirithiú idir na gnéithe eacnamaíocha, sóisialta, agus comhshaoil de phróisis chinnteoireachta na dtograí reachtacha.

    1.3.

    Tá Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) suite de nach mbeidh sé indéanta go n-éireoidh leis an gComhaontú Glas, leis an Deacáid Dhigiteach, nó leis na hearnálacha tionsclaíocha, spáis, nó mótarfheithiclí amach anseo gan bonn láidir tionsclaíoch a bheith ann. Ní éireoidh leo ach oiread mura mbeidh foinsí slána inbhuanaithe de na hamhábhair chriticiúla ann. Mar thosaíocht, iarrann CESE go ndéanfaí iniúchadh chun a shainaithint conas is féidir leis an Aontas a shlabhraí luacha a rialú agus a fheabhsú agus spleáchais iomarcacha a sheachaint.

    1.4.

    Cuireann CESE i bhfáth nach mbainfear spriocanna aeráide 2050 amach mura gcuirfear geilleagar ciorclach iomaíoch ar bun. Dá bhrí sin, ba cheart don Eoraip bealaí a aimsiú le bheith níos tíosaí ar acmhainní agus ar ábhair trí bhearta bainistíochta ar thaobh an éilimh a chur i bhfeidhm go forleathan chun an t-éileamh a laghdú: an éicidhearthóireacht agus an chiorclaíocht, an éifeachtúlacht fuinnimh, inbhuanaitheacht na dtáirgí a neartú, agus tacaíocht a thabhairt do chleachtais agus teicnící nuálacha spriocdhírithe.

    1.5.

    Chun bonn a chur faoi bheartas tionsclaíoch na hEorpa, ba cheart a áirithiú gur earnáil thionsclaíoch ilchineálach atá ann agus go bhforbrófar í, ceann ina bhfuil raon leathan earnálacha agus táirgeoirí agus ‘éiceachórais thionsclaíocha’, lena n-áirítear FBManna agus gníomhaithe an gheilleagair shóisialta. Tá sé tábhachtach gan díriú go róchúng ar theicneolaíochtaí áirithe a chur chun cinn agus ná buaiteoirí, mar dhea, a roghnú trí ghníomhaíochtaí rialála. Ina ionad sin, tá gá le beartas cuimsitheach nuálaíochta agus tacaíochta taighde.

    1.6.

    Iarrann CESE ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit a áirithiú go gcuideoidh plean tionsclaíoch an Aontais le poist ardcháilíochta a bhfuil dálaí oibre cothroma agus pá maith ag gabháil leo a chruthú, agus go gcuirfidh sé chun cinn an daonlathas san áit oibre, an chómhargáil, agus an urraim do chomhaontuithe comhchoiteanna.

    1.7.

    Is uirlisí tábhachtacha i dtaca le stiúradh an bheartais thionsclaíoch iad an soláthar poiblí agus na cinntí maidir le conas an cistiúchán poiblí a dháileadh. Ní mór a áirithiú nach ndéanfaidh cinntí faoi seach na mBallstát, lena n-áirítear i dtaca leis an státchabhair agus fóirdheontais, an margadh aonair a shaobhadh ná nach bagairt iad ar chóineasú eacnamaíoch agus ar chomhtháthú sóisialta ar fud an Aontais, ach go ndíreofar leo ar an bhforbairt réigiúnach. Is oth le CESE nach gcuirtear an méid sin san áireamh go leordhóthanach sna tograí ón gCoimisiún atá faoi chaibidil anseo maidir le Plean Tionsclaíoch an Chomhaontaithe Ghlais agus an Gníomh um an Tionscal Glan-nialasachta.

    2.   Barúlacha ginearálta

    2.1.

    Caithfidh an tAontas Eorpach a bheith ina láthair thionsclaíoch i gcónaí. Tá CESE ag iarraidh go mbeadh creat rialála ann a mheallfadh, a chumasódh, agus a mhéadódh an táirgeadh tionsclaíoch san Aontas ar bhealach a bheadh inbhuanaithe agus freagrach ó thaobh na sochaí de. Ní teicneolaíochtaí nua amháin a bheadh i gceist leis sin ach na tionscail mhonaraíochta, ar cuid riachtanach iad d’athléimneacht gheilleagair agus shlabhraí soláthair na hEorpa, i measc rudaí eile nach iad.

    2.2.

    Léiriú atá san olltáirgeacht intíre ar an meath atá tagtha ar iomaíochas na hEorpa. B’ionann an olltáirgeacht intíre in aghaidh an áitritheora san Aontas agus thart ar 70 % dá mhacasamhail sna Stát Aontaithe sna 2000idí. Níl ann anois ach rud beag níos lú ná 66 %. Ní dhearnadh ach 5 % d’ollinfheistíocht an domhain sa tSín in 1999; 29 % a bhí san fhigiúr céanna in 2020 – is mó sin ná an céatadán a bhfaighfeá áit ar bith eile ar domhan. Sna Stáit Aontaithe agus san Aontas Eorpach, tá laghdú suntasach tagtha ar an sciar den ollinfheistiocht sa tréimhse chéanna. Thit an figiúr sna Stáit Aontaithe ó 29 % go 20 %, agus ó 23 % go 15 % san Aontas. Tá an tAontas in ann an méid seo a leanas a athrú: dá gcuirfí an margadh aonair i gcrích, d’fhéadfaí níos mó ná EUR 700 billiún d’aschur eacnamaíoch a chur leis thar thréimhse deich mbliana, agus d’fhéadfadh geilleagar digiteach comhchoiteann EUR 178 billiún eile a chur leis. Ansin, d’fhéadfadh an tAontas leanúint de chaighdeáin Eorpacha a bhunú agus a chur chun cinn go rathúil ar fud an domhain.

    2.3.

    Is mó atá an tAontas thíos leis na praghsanna fuinnimh an-ard agus an boilsciú ná a chuid iomaitheoirí agus, ag an am céanna, tugtar fóirdheontais i ngeilleagair dhomhanda eile do na tionscail a bhaineann leo agus tugtar tacaíocht fhabhrach dóibh freisin. Is iad na tosca riosca sin is cúis le baol an díthionsclaithe san Aontas. Má táthar chun na dúshláin sin a shárú, mar aon le dúshláin eile an lae inniu agus an lae amárach, ní mór iomaíochas agus athléimneacht struchtúrach agus inbhuanaithe gheilleagar an Aontais a neartú. Réamhriachtanas bunúsach d’iomaíochas tionsclaíoch na hEorpa is ea praghsanna inacmhainne fuinnimh agus soláthar slán fuinnimh.

    2.4.

    Tá athrú as cuimse tagtha ar an gcomhthéacs eacnamaíoch domhanda le blianta beaga anuas; ní féidir leis an Aontas a bheith ag brath a thuilleadh ar chóras iltaobhach feidhmiúil eacnamaíoch agus trádála atá bunaithe ar rialacha agus tá an saobhadh ar an margadh domhanda ag dul i méid, mar gheall ar bhearta amhail an tAcht um Laghdú Boilscithe sna Stáit Aontaithe arb é is aidhm dó tacú le gníomhaithe tionsclaíocha na Stát Aontaithe trí chreidmheasanna cánach, tacaíocht airgeadais fhlaithiúil, agus ceanglais maidir le hinneachar áitiúil a théann chun dochair do ghníomhaithe eacnamaíocha nach gníomhaithe eacnamaíocha SAM iad, nó córais chosantacha fóirdheontais na Síne atá ann níos faide anonn, ar córais iad atá i bhfabhar gníomhaithe náisiúnta agus a leanann clár oibre eacnamaíoch náisiúnach freisin. Ní mór don Aontas freagra láidir a thabhairt agus na huirlisí, na bearta, agus na hionstraimí polaitiúla a shainaithint is gá a dhéanamh níos gasta, níos nuálaí, agus níos tarraingtí arís d’infheisteoirí, agus a luachanna sóisialta agus comhshaoil á gcoinneáil aige ag an am céanna.

    2.5.

    Ina fhianaise sin, is díol sásaimh do CESE na tograí ón gCoimisiún Eorpach le haghaidh Phlean Tionsclaíoch an Chomhaontaithe Ghlais agus le haghaidh an Gnímh um an Tionscal Glan-nialasachta, tograí lena gcuirtear treoir agus intuarthacht ar fáil do ghníomhaithe tionsclaíocha san Aontas agus arb ionann iad agus gealltanas chun monaróirí agus éiceachórais ghaolmhara na hEorpa a neartú. Is ionann na hiarrachtaí atá bainteach leis an aistriú chuig geilleagar dícharbónaithe faoi 2050 agus an dara réabhlóid thionsclaíoch agus ní mór iad a thuiscint ar an gcaoi sin, lena n-áirítear na gealltanais pholaitiúla, eacnamaíocha agus shochaíocha is gá.

    2.6.

    Go háirithe, tacaíonn CESE leis na teachtaireachtaí soiléire sa dá dhoiciméad maidir leis an ngá atá le hinfheistíocht chuimsitheach san aistriú chuig geilleagar agus sochaí inbhuanaithe. Ba cheart go mbeadh sé d’aidhm leis an mbeartas tionsclaíoch glas gnóthachain leasa shóisialaigh a bhaint amach freisin. Is díol sásaimh dúinn an fócas a chuireann an Gníomh um an Tionscal Glan-nialasachta ar na bearnaí scileanna agus acmhainní daonna atá ag moilliú an aistrithe faoi láthair. Mar sin féin, níor tugadh aghaidh fós ar an gcaoi a bhfuil na spriocanna agus na cuspóirí luaite le cur chun feidhme, agus ar na gníomhartha éifeachtacha a dhéanfar.

    2.7.

    Dá bhrí sin, iarrann CESE ar an gCoimisiún Eorpach a bheith níos sonraí maidir leis na gníomhaíochtaí éifeachtacha atá sé i gceist aige a dhéanamh chun feabhas a chur ar thosca suímh agus ar iomaíochas gheilleagair na hEorpa agus chun an tAontas a chur chun tosaigh ar na hiomaitheoirí sistéamacha atá aige. Ba cheart na gníomhaíochtaí sin a dhíriú ar nascacht laistigh den mhargadh aonair a fheabhsú do gach Ballstát, lena n-áirítear trí bhonneagar agus idirnaisc le haghaidh iompair agus fuinnimh, lena n-áirítear eangacha, a fhorbairt agus a uasghrádú.

    2.8.

    Cuireann CESE in iúl go bhfuil tréimhsí deacra ann d’fhostóirí, d’oibrithe agus do shaoránaigh araon, le suaitheadh sa soláthar fuinnimh, suaitheadh sa soláthar saothair, suaitheadh sa slabhra soláthair agus boilsciú; cuireann sé sin ualach carnach suntasach ar gach duine. Dá bhrí sin, ba cheart gurbh é cuspóir Phlean Tionsclaíoch an Chomhaontaithe Ghlais agus an Ghnímh um an Tionscal Glan-nialasachta go laghdófaí na hualaí sin, in áit iad a mhéadú.

    2.9.

    Feictear do CESE freisin go bhfuil ról ag na tomhaltóirí san aistriú chuig an aeráidneodracht faoi 2050. Is gné thábhachtach iad na roghanna a dhéanann siad i leith nó i gcoinne táirgí, agus a dtacaíocht, caoinfhulaingt nó easpa táirgí le haghaidh coinníollacha monaraíochta agus táirgthe san Aontas, ach i dtríú tíortha freisin, chun athrú a dhéanamh. Tacaíonn CESE lena gcumhachtú (1) agus cuireann sé i bhfios go láidir an gá atá le cinntí comhfhiosacha ó thomhaltóirí.

    3.   Barúlacha sonracha

    3.1.   An timpeallacht rialála

    3.1.1.

    Ba cheart ceapadh beartas an Aontais a bheith ag brath ar an nuálaíocht, ar an mbarr feabhais agus ar dhaoine an-inniúil agus an-oilte, agus ba cheart díriú ar an maorlathas a bhaint agus costais a laghdú cibé áit ar féidir é sin a dhéanamh. Ar cheann de bhunchlocha an Aontais, soláthraítear deimhneacht agus cobhsaíocht don timpeallacht ghnó leis an smacht reachta agus ní mór an smacht reachta a urramú i ngach uile chás. Má táthar chun cobhsaíocht, inghlacthacht shóisialta, agus athléimneacht eacnamaíoch a áirithiú, tá sé riachtanach idirphlé sóisialta struchtúrtha a dhéanamh ar bhonn trípháirteach idir rialtais, ceardchumainn, agus eagraíochtaí fostóirí.

    3.1.2.

    Sa Ghníomh um an Tionscal Glan-nialasachta, moltar sraith beart chun feabhas a chur ar na dálaí is gá do mhonaraíocht na teicneolaíochta glan-nialasaí, lena n-áirítear timpeallacht rialála níos simplí, ceann ina mbeadh, mar shampla, nósanna imeachta ceadaithe níos tapúla agus ionaid ilfhreastail mar chuid den chóras riaracháin. Tá sé ríthábhachtach go mbeadh feidhm ag na nósanna imeachta ceadaithe níos tapúla sin ó thús deireadh shlabhra luacha na dtionscadal teicneolaíochta glan-nialasaí, gan dochar do na cuspóirí sóisialta agus comhshaoil arna leagan síos sa Rialachán. Cé go n-aontaíonn CESE leis an gcur chuige sin, áitíonn sé ar na reachtóirí gan na feabhsuithe sin a theorannú do theicneolaíochtaí glan-nialasacha ach mainneachtain a dhéanamh dóibh i gcás na n-earnálacha eacnamaíocha uile.

    3.1.3.

    Tugann CESE le fios go dtéann, i ndeireadh na dála, athrú ó bhonn ar earnáil tionsclaíochta na hEorpa i bhfad níos faide ná monaraíocht na teicneolaíochta glaine, ós rud é go bhfuil a lán tionscail throma agus tionscail phríomhúla san Eoraip atá dian ar fhuinneamh agus ar gá dícharbónú a dhéanamh orthu, ar tionscail iad nach gcuirtear san áireamh i bPlean Tionsclaíoch an Chomhaontaithe Ghlais. Is éard atá i straitéis chomhtháite thionsclaíoch don Eoraip fás eacnamaíoch cuimsitheach lena n-áirithítear go mbeidh gach Ballstát agus gach réigiún rannpháirteach san aistriú tionsclaíoch glas agus go mbainfidh siad tairbhe as. Dá bhrí sin, le Plean Tionsclaíoch an Chomhaontaithe Ghlais, tá sé riachtanach go seachnófaí aon ilroinnt ar an margadh aonair agus go ndíreofaí ar an gcomhtháthú idir na Ballstáit agus na réigiúin.

    3.1.4.

    Tá CESE suite de gur féidir clár oibre maidir le simpliú glas a fhorbairt lena gcuirfear feabhas ar phróisis cheadaithe le haghaidh tionscadail ghlasa agus dlíthe comhshaoil á gcomhlíonadh ag an am céanna. Céim riachtanach is ea saineolas, acmhainneacht agus scileanna a mhéadú sna húdaráis áitiúla agus náisiúnta, chomh maith le próisis formheasa a dhigiteáil agus a shimpliú. Ní mór feabhas a chur ar éifeachtúlacht na nósanna imeachta ceadaithe trí phleanáil chuí agus trí acmhainn na leibhéal riaracháin ábhartha a mhéadú, go háirithe trí níos mó baill foirne agus pearsanra oilte. I bhfianaise an ghá atá le hiomaíochas ghnólachtaí an Aontais a neartú, caithfidh seiceáil ar iomaíochas a bheith fite fuaite i bpróisis chinnteoireachta an Aontais, d’fhonn cothromaíocht a áirithiú idir na gnéithe eacnamaíocha, sóisialta, agus comhshaoil de phróisis chinnteoireachta na dtograí reachtacha.

    3.1.5.

    Cuireann CESE i bhfios go láidir nach mór an rialáil a chomhlánú le huirlisí eile, amhail fóirdheontais, ionas nach mbeidh caillteanas ann ó thaobh na holltáirgeachta intíre agus an rathúnais de. Ba cheart ceanglais tuairiscithe, go háirithe i gcás reachtaíocht ghlas, dhigiteach, agus eacnamaíoch an Aontais, a chuíchóiriú agus a chomhchuibhiú, nuair is féidir, le go seachnófaí iomadú rialacha, anord rialála, agus ilroinnt an mhargaidh aonair.

    3.2.   Rochtain ar infheistíocht agus éascú infheistíochta

    3.2.1.

    Tá ar ghníomhaithe eacnamaíocha an Aontais dul i ngleic le hiomaíocht dhomhanda an-ghéar. Chun feabhas a chur ar an iomaíochas, is den ríthábhacht é deifir a dhéanamh. Dá bhrí sin, cuireann CESE i bhfios go láidir nach mór cinntí maidir le tacaíocht airgeadais agus rochtain ar mhaoiniú a dhéanamh níos tapa, lena n-áirítear i gcomhthéacs na gclár tacaíochta Eorpach éagsúil amhail RePowerEU, InvestEU, agus scéimeanna eile nach iad. Le nósanna imeachta fada – dufair mhaoinithe dhosháraithe – déanfar infheisteoirí a atreorú ón Eoraip agus beidh siad díobhálach d’iarrachtaí infheistíochtaí a mhealladh.

    3.2.2.

    Dá bhrí sin, cuireann CESE i bhfios go láidir nach mór tacaíocht chistiúcháin a bheith inoibrithe, tráthúil, agus inrochtana ar bhealach níos éasca le haghaidh costais oibriúcháin agus caiteachais chaipitil araon, i gcás gach fiontar, lena n-áirítear FBManna. Iarrann sé go ndéanfaí meastóireacht ar na hionstraimí atá ann cheana agus é mar aidhm na hionstraimí is rathúla a shainaithint agus a mhéadú. Creideann CESE gur gá go saineofar i bPlean Tionsclaíoch an Chomhaontaithe Ghlais an t-am agus an áit a mbíonn an t-airgeadas poiblí riachtanach chun tacú le haistriú na dtionscal tábhachtach arna bhunú ar choinníollacha soiléire agus, os a choinne sin, mar ar féidir leis an maoiniú príobháideach an bhearna a líonadh, ar choinníoll go gcuirfear na dreasachtaí rialála iomchuí i bhfeidhm.

    3.2.3.

    Is é comhairle CESE, i gcás ina ndéanfaí na rialacha a mhaolú maidir le státchabhair gan sásraí airgeadais breise a sholáthar ar an leibhéal Eorpach, gur dócha go mbeidh tuilleadh dibhéirseachta ann ar fud gheilleagair an Aontais, ós rud é go bhféadfadh sé nach mbeadh an spás fioscach ag cuid de na Ballstáit infheistíocht a dhéanamh san aistriú glas. Ní bheidh tionchar ag athrú cuspóra iasachtaí faoin tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus REPowerEU chuig earnálacha tionsclaíocha glana ach amháin má dhéantar iad a chomhlánú le cistiú deontais suntasach le haghaidh oibríochtaí nach mbeidh torthaí ar infheistíocht mar thoradh orthu, mar shampla forbairt bonneagair phoiblí, deontais do theaghlaigh nach bhfuil na hacmhainní acu le haghaidh athchóiriú agus infheistíochtaí in-athnuaite ar mionscála, agus oideachas# agus athsciliú.

    3.2.4.

    Molann CESE gur cheart díriú freisin i bPlean Tionsclaíoch an Chomhaontaithe Ghlais ar sholáthar poiblí glas a fhorbairt, ós rud é go ndéanfadh sé sin ceannathóirí táirgí glasa de na húdaráis phoiblí. D’fhéadfadh acmhainní faoi Phlean Tionsclaíoch an Chomhaontaithe Ghlais, lena n-áirítear pleananna náisiúnta nuashonraithe téarnaimh agus athléimneachta, costais a bhaineann le soláthar poiblí glas a chumhdach, go dtí go mbeidh sé ina cheanglas coiteann faoi dhlí an Aontais. Ba cheart tacaíocht phoiblí a bheith faoi réir coinníollacha arb é is aidhm leo feabhas a chur ar chosaint an chomhshaoil, tacaíocht a thabhairt do chuideachtaí poist ardcháilíochta a thairiscint, an rochtain ar oiliúint a chur chun cinn, agus printíseachtaí ardcháilíochta a chruthú. Ina theannta sin, tá sé tábhachtach go mbeadh rochtain níos fearr ag FBManna ar ghlaonna ar sholáthar poiblí. Chuige sin, iarrann CESE ar an gCoimisiún bunachar sonraí atá éasca le húsáid a chur ar bun.

    3.2.5.

    Trí dhul i ngleic le teipeanna margaidh agus le hearnálacha nach leor an cistiú príobháideach atá acu, ba cheart go mbeifí in ann tacaíocht éifeachtach a chur ar fáil le comhchiste nua ón Aontas do chodanna éagsúla de thionscal na dteicneolaíochtaí glana, go háirithe i gcás FBManna. Ba cheart go seachnódh sé aon saobhadh ar an margadh inmheánach agus ba cheart go gcuideodh sé le feabhas a chur ar an gcomhtháthú eacnamaíoch ar fud an Aontais. Sa chomhthéacs sin, cuireann CESE i bhfios go láidir gur cheart díolúintí sealadacha ó na rialacha maidir le státchabhair a bheith sealadach i gcónaí agus gur cheart díriú orthu freisin. Ba cheart dó díriú freisin ar athsciliú agus oiliúint na n-oibrithe agus ar an aistriú cóir chun bonn scileanna a sheasfaidh an aimsir a áirithiú.

    3.2.6.

    Tuigeann CESE gur deacair maoiniú breise ar leibhéal an Aontais a ghiniúint. Sa mheántéarma, ba cheart tús a chur le díospóireacht dháiríre maidir le hacmhainní dílse Eorpacha nua agus Ciste an Aontais um Cheannasacht, díospóireacht nach mbeadh ina cuid den chaibidlíocht maidir leis an gcéad chreat airgeadais ilbhliantúil eile. Sa ghearrthéarma, ba cheart tús áite a thabhairt don mhaoiniú atá ar fáil trí chiste nuálaíochta Chóras Trádála Astaíochtaí an Aontais agus é a dhíriú ar theicneolaíochtaí ceannródaíocha in earnálacha ar deacair na hastaíochtaí a mhaolú iontu.

    3.3.   Margaí agus slabhraí soláthair

    3.3.1.

    In 2021, d’fhoilsigh an Coimisiún Eorpach liosta de ‘éiceachórais thionsclaíocha’ mar chuid dá straitéis thionsclaíoch. Is é is aidhm leis tuiscint níos fearr a fháil ar na hidirnaisc agus ar na bearnaí i struchtúir eacnamaíocha agus i slabhraí soláthair na hEorpa. Sa chomhthéacs sin, iarrann CESE ar an gCoimisiún Eorpach aitheantas a thabhairt do na hidirthuilleamaíochtaí idir slabhraí luacha agus ról na gceimiceán, na n-amhábhar, agus go háirithe na bpríomhthionscal agus na bpróiseas san aistriú chuig geilleagar ciorclach glan-nialasach. Níor cheart a bheith mar thoradh ar an bhfócas ar theicneolaíochtaí glan-nialasacha go gcruthófaí bearnaí nua i slabhraí soláthair na hEorpa i ngeall ar easpa béime ar riachtanais earnálacha eile, amhail earnálacha dianfhuinnimh. Mura dtugtar aghaidh ar na hábhair imní atá acu, amhail praghsanna arda fuinnimh, tá an baol ann go gcaillfidh an tAontas codanna tábhachtacha d’éiceachórais thionsclaíocha, fiú codanna straitéiseacha de na héiceachórais sin.

    3.3.2.

    Is mian le CESE béim a leagan freisin ar an ngá atá le rochtain ar fhuinneamh agus ar amhábhair ar phraghas iomaíoch. Ba cheart go dtacódh comhaontuithe trádála agus for-rochtain amhábhar domhanda leis na beartais sin. Ag an am céanna, aithníonn CESE nach bhfuil rás domhanda d’acmhainní amhábhar inbhuanaithe. Dá bhrí sin, ba cheart don Eoraip bealaí a aimsiú le bheith níos éifeachtúla ó thaobh acmhainní agus ábhair de trí bhearta bainistíochta ar thaobh an éilimh a chur i bhfeidhm go forleathan chun an t-éileamh a laghdú: éicidhearthóireacht agus ciorclaíocht, éifeachtúlacht fuinnimh, inbhuanaitheacht táirgí a neartú, agus tacú le cleachtais agus teicnící nuálacha spriocdhírithe. Mar thosaíocht, iarrann CESE go ndéanfaí iniúchadh chun a shainaithint conas is féidir leis an Aontas a shlabhraí luacha a rialú agus a fheabhsú agus spleáchais iomarcacha a sheachaint.

    3.3.3.

    Cuireann CESE i bhfios go láidir gur gá caidreamh trádála níos láidre a chothú le tríú tíortha, agus an obair ar chomhaontuithe saorthrádála a chur chun cinn, lena gcuirtear ár luachanna chun cinn freisin, agus leanúint d’ionstraimí cosanta trádála a fhorbairt agus a úsáid, amhail frithdhumpáil, frithchomhéigean agus scagadh infheistíochta coigríche.

    3.3.4.

    Tá rochtain ar fhuinneamh agus amhábhair ar phraghsanna iomaíocha ríthábhachtach chun táirgeadh tionsclaíoch agus gníomhaíochtaí gaolmhara a choinneáil san Aontas. Agus a iomaíochas, athléimneacht agus tionchar domhanda á bhforbairt ag an Aontas, ba cheart a bheith ag brath ar an ngeilleagar margaidh oscailte agus ar shochaithe oscailte mar phríomhshócmhainní, agus a chuid gníomhaíochtaí a athdhíriú ar na dálaí ríthábhachtacha chun rathúlacht agus dea-bhail a chruthú.

    3.4.   Feabhas a chur ar scileanna chun poist ardcháilíochta a chruthú i dteicneolaíochtaí glan-nialasacha

    3.4.1.

    Tacaíonn CESE le prionsabail na gcóras éifeachtach foghlama ar feadh an tsaoil agus le réamhaíocht fheabhsaithe ar na riachtanais scileanna a bheidh ann amach anseo. Ina fhianaise sin, iarraimid go mbeadh na comhpháirtithe sóisialta rannpháirteach go struchtúrach sna hacadaimh um an tionscal glan-nialasachta atá beartaithe. Thairis sin, creideann CESE nár cheart teorainn a chur le creat rialála feabhsaithe maidir le haitheantas comhpháirteach cáilíochtaí nach mbeadh i gceist ach poist a bhaineann le teicneolaíochtaí glan-nialasacha ach gur cheart gach earnáil agus gach scil a bheith san áireamh ann. Cuireann CESE in iúl gurb é an bealach chun tacú le tionscal na hEorpa infheistíocht a dhéanamh ina chuid oibrithe agus tacaíocht a thabhairt dóibh, lena n-áirítear trí fhostaíocht a chosaint agus trí chabhrú leo siúd atá i scéimeanna oibre gearr-ama.

    3.4.2.

    Tá CESE suite de go mbeidh gá le huas-sciliú agus le hoiliúint chun tacú leis an gclaochlú. Go ginearálta, is bagairt bheag iad na hearnálacha riosca a bhaineann le hastaíochtaí arda, ach i roinnt réigiún Eorpach d’fhéadfadh tionchar tubaisteach a bheith acu sa ghearrthéarma. Ní bheifear in ann an t-aistriú a bhainistiú ach amháin má dhéantar infheistíocht i scileanna a fheabhsú, trí rochtain ar (ath)oiliúint a chur ar fáil agus chun éagsúlú eacnamaíoch a chur chun cinn i dtreo gníomhaíochtaí níos glaise, rud a fhágfaidh go mbeifear in ann déileáil leis na margaí dochta atá ann faoi láthair agus ath-leithdháileadh an mhargaidh saothair a fheabhsú. Is fearr is féidir na riachtanais i dtaca le hathstruchtúrú a thuar agus a bhainistiú ach na geallsealbhóirí lena mbaineann a dhéanamh páirteach ann ag céim luath, lena n-áirithítear ionadaithe eagraithe de chuid an lucht oibre (2). Iarrann CESE ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit a áirithiú go mbeidh plean tionsclaíoch an Aontais ina chabhair i dtaca le poist ardcháilíochta a chruthú a mbeidh dálaí oibre cothroma agus pá maith ag gabháil leo, agus an chómhargáil agus an urraim do chomhaontuithe comhchoiteanna a chur chun cinn.

    3.4.3.

    I dtaca leis an togra le haghaidh acadaimh um an tionscal glan-nialasachta, is mian le CESE aird a tharraingt ar struchtúir cháiliúcháin agus ghairmoideachais atá ann cheana féin agus seanbhunaithe san Aontas, agus cuireann sé i bhfios nach bhfuil bunús dlí le forálacha beartais oiliúna (gairmiúla) den chineál sin a thabhairt isteach le rialachán. Ní léiriú atá sa dréachtrialachán ar chúrsaí mar atá sna cuideachtaí ná i mBallstáit an Aontais, rud is léir freisin sa chaoi nach bhfuil sé beartaithe na comhpháirtithe sóisialta ná eagraíocht ábhartha ar bith eile a dhéanamh páirteach ann ar bhonn leanúnach. Cé go bhfuil CESE ar son ghnéithe oideachais agus oiliúna an togra le haghaidh rialacháin a láimhseáil mar chuid de rialachán, rud arb é an gnáthchleachtas é sa réimse beartais seo, iarrann an Coiste ar institiúidí an Aontais, ar a laghad, páirt ghníomhach a thabhairt do na comhpháirtithe sóisialta agus do líonra Eorpach na gcomhlachas i ngníomhaíochtaí na nAcadamh um an Tionscal Glan-nialasachta.

    3.4.4.

    Is léir ó mheastacháin an Choimisiúin Eorpaigh go bhféadfaí líon ollmhór post a chruthú trí bhíthin na teicneolaíochta glan-nialasaí. Meastar go mbeadh 180 000 oibrí ag teastáil le haghaidh mhonarú an bhreosla-chill hidrigine, 66 000 duine le haghaidh mhonarú na dtáirgí fótavoltacha, agus 800 000 duine le haghaidh mhonarú na gceallraí. Dá bhrí sin, iarrann CESE ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit, ní hamháin tacaíocht a thabhairt do chreatdálaí le haghaidh fhorbairt na scileanna is gá laistigh den Aontas ach, de bhreis air sin, dlús a chur le soláthar na gceadúnas oibre d’oibrithe cáilithe a thagann ón taobh amuigh den Aontas agus na ceadúnais sin a chaighdeánú.

    3.5.   Nuálaíocht

    3.5.1.

    Bealach eile fós is ea cumas nuálaíochta chun táirgiúlacht a mhéadú, agus tá sé ríthábhachtach d’fhorbairt, d’inoiriúnaitheacht agus d’athnuachan gnólachtaí. Tá gá le hinfheistíocht phríobháideach agus phoiblí sa taighde agus sa nuálaíocht le haghaidh rath an Aontais sa todhchaí. Ní mór comhar idir gnólachtaí, ollscoileanna, agus eagraíochtaí nuálaíochta a éascú mar bhealach tábhachtach nithiúil chun nuálaíocht tháirgiúil a fheabhsú. Féadann rannpháirtíocht na n-oibrithe cur leis an méid is féidir a bhaint amach i dtaca leis an nuálaíocht agus i dtaca leis an athrú atá beartaithe.

    3.5.2.

    Faoi láthair, tá an chuid is mó de mhaoiniú an Aontais dírithe ar luathchéimeanna na forbartha teicneolaíochta agus ar ghlacadh na dteicneolaíochtaí sin ag úsáideoirí iartheachtacha. Tá an tacaíocht don acmhainneacht mhonaraíochta agus don uas-scálú fós gann. Creideann CESE gur gá é sin a chur i gceart

    3.5.3.

    Tuigeann CESE a ríthábhachtaí atá na hamhábhair chriticiúla ó thaobh ghníomhaíochtaí tionsclaíocha an Aontais de. Ina thaobh sin, ba cheart an nuálaíocht a dhíriú, mar ábhar tosaíochta, ar ábhair ionaid, ar tháirgí, agus ar ábhair lena bhféadfaí spleáchas an Aontais ar amhábhair chriticiúla a laghdú arb amhábhair iad nach bhfuil teacht éasca ag an Aontas orthu.

    3.6.   Rialachas

    3.6.1.

    Le Caibidil VII de thograí an Ghnímh um an Tionscal Glan-nialasachta, bunaítear struchtúr, an tArdán um Ghlan-Nialasacht na hEorpa, atá ceaptha mar chomhlacht tagartha inar féidir leis an gCoimisiún agus na Ballstáit faisnéis a phlé, faisnéis a mhalartú, agus dea-chleachtais a chomhroinnt maidir le saincheisteanna a bhaineann leis an Rialachán atá faoi chaibidil anseo. Mar sin féin, is mian le CESE a chur i bhfios go láidir gur cheart don Choimisiún ionchur a lorg ní hamháin ó shaineolaithe ach ó ionadaithe ón tionscal glan-nialasach agus ó cheardchumainn ghaolmhara den chuid is mó. Is díol sásaimh do CESE an t-éileamh ar chomhordú níos fearr agus ba cheart dó a bheith rannpháirteach san ardán, chun tuairimí na n-oibrithe, na bhfostóirí, agus na sochaí sibhialta a chur go struchtúrach le lena chuid oibre.

    3.7.   Teicneolaíochtaí straitéiseacha glan-nialasacha

    3.7.1.

    Is díol sásaimh do CESE an cur chuige maidir le hinfheistíocht tosaíochta i dteicneolaíochtaí glana agus tacaíocht dóibh. Mar sin féin, tugann liosta na dteicneolaíochtaí a fhaigheann tacaíocht ón togra le haghaidh Gníomh um an Tionscal Glan-nialasachta neamhaird den chuid is mó ar dhícharbónú tionscal dianfhuinnimh agus ar ghné na ciorclaíochta. Ní féidir linn spriocanna aeráide 2050 a bhaint amach gan geilleagar ciorclach iomaíoch a thógáil: is bealaí inmharthana iad dramhaíl a úsáid, carbón gafa nó acmhainní in-athnuaite mar bhunábhar chun astaíochtaí a laghdú ar fud na dtionscal uile, agus spleáchas an Aontais ar allmhairí amhábhar a laghdú. Dá bhrí sin, iarrann CESE ar na reachtóirí an liosta de theicneolaíochtaí glan-nialasacha straitéiseacha a leathnú dá réir.

    3.7.2.

    Tacaíonn CESE le spriocanna agus cuspóirí soiléire a leagan síos i dtaca le hacmhainneacht mhonaraíochta na hEorapa, go háirithe na spriocanna seo a leanas: 10 % de na mianraí straitéiseacha a úsáidtear san Eoraip a eastóscadh san Eoraip féin, agus tiomantas láidir ann do chosaint leanúnach an chomhshaoil, 40 % de na hábhair a bheith mínghlanta san Eoraip, lena n-áirítear dul chun cinn a dhéanamh maidir leis an acmhainneacht mhianadóireachta agus fíor-bhreisluach a chruthú ar an gcaoi sin, agus ráta athchúrsála 15 % a bhaint amach faoi 2030.

    3.7.3.

    Tugann CESE le fios go bhfuil baol mór ann go dtiocfaidh méadú ar chostas an táirgthe toisc go dtagann beagnach 25 % de na hastaíochtaí atá ann ó earnálacha ar deacair a gcuid astaíochtaí a mhaolú, earnálacha nach ndéanfar dícharbónú orthu ar an luas inmhianaithe gan costais táirgeachta níos airde a thabhú. D’fhéadfadh suaitheadh soláthair agus neamhábaltacht riachtanais an mhargaidh a chumhdach a bheith mar thoradh air sin. Go dtí go nglacfar le teicneolaíochtaí nua, is rídhócha go dtiocfaidh méadú ar an gcostas táirgthe, rud is cúis le ganntanais agus a mbíonn praghsanna níos airde mar thoradh air a aistrítear chuig táirgí eile sa slabhra luacha.

    An Bhruiséil, 13 Iúil 2023.

    Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

    Oliver RÖPKE


    (1)  Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir leis an togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2005/29/CE agus Treoir 2011/83/AE a mhéid a bhaineann le tomhaltóirí a chumhachtú le haghaidh an aistrithe chuig an ngeilleagar glas trí chosaint níos fearr ar chleachtais éagóracha agus trí fhaisnéis níos fear (IO C 443, 22.11.2022, lch 75).

    (2)  Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — An daonlathas ar láthair na hoibre (tústuairim arna hiarraidh ag Uachtaránacht na Spáinne) (IO C 228, 29.06.2023, lch. 13).


    Top