Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52023AE0921

Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bearta chun an costas a laghdú a bhaineann le líonraí cumarsáide leictreonaí gigighiotáin a imscaradh agus lena n-aisghairtear Treoir 2014/61/AE (An tAcht um Bonneagar Gigighiotáin) (COM(2023) 94 final – 2023/0046 (COD))

EESC 2023/00921

IO C 349, 29.9.2023, p. 116–120 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

29.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 349/116


Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bearta chun an costas a laghdú a bhaineann le líonraí cumarsáide leictreonaí gigighiotáin a imscaradh agus lena n-aisghairtear Treoir 2014/61/AE (An tAcht um Bonneagar Gigighiotáin)

(COM(2023) 94 final – 2023/0046 (COD))

(2023/C 349/18)

Rapóirtéir:

Maurizio MENSI

Comhairliúchán

Comhairle an Aontais Eorpaigh, 3.4.2023

Parlaimint na hEorpa, 29.3.2023

Bunús dlí

Airteagal 114 agus Airteagal 304 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

Rannóg atá freagrach

Iompar, Fuinneamh, Bonneagar agus an tSochaí Faisnéise

Dáta a glactha sa rannóg

26.6.2023

Dáta a glactha sa seisiún iomlánach

12.7.2023

Seisiún iomlánach Uimh.

580

Toradh na vótála

(ar son/in aghaidh/staonadh)

173/1/1

1.   Conclúidí agus moltaí

1.1.

Is díol sásaimh do CESE an togra ón gCoimisiún le haghaidh Rialacháin (‘an tAcht um Bonneagar Gigighiotáin’ nó ‘an tAcht’) agus tacaíonn sé le cuspóirí agus ábhar an togra.

1.2.

Chun na cuspóirí a leagtar amach san Acht um Bonneagar Gigighiotáin a bhaint amach, cuireann CESE i bhfios go láidir a thábhachtaí atá nósanna imeachta tapa, éifeachtacha agus simplithe lena ngabhann téarmaí, coinníollacha agus praghsanna iomchuí a d’fhéadfaí a chur i bhfeidhm ar bhealach comhsheasmhach ar fud an Aontais. Chuige sin, bheadh treoirlínte sonracha ón gCoimisiún an-úsáideach ar fad.

1.3.

Aithníonn CESE go bhfuil comhroinnt an bhonneagair atá ann cheana ríthábhachtach chun spriocanna Dheacáid Dhigiteach an Aontais 2030 a bhaint amach agus leagann sé béim freisin ar an tábhacht a bhaineann le slándáil, stóinseacht agus cosaint na líonraí a áirithiú. Má táthar chun spriocanna nascachta an Aontais a bhaint amach, teastóidh straitéis chuimsitheach ina dtabharfar le chéile na teicneolaíochtaí is déanaí le slabhraí soláthair athléimneacha, uathrialacha agus slána. Leis an Acht, mar sin, ba cheart soláthraithe líonra a spreagadh chun comhpháirteanna teicneolaíochta a roghnú lena ráthófaí ardleibhéal slándála digití, lena laghdófaí an baol go mbrisfí ar na líonraí agus lena bhfreagrófaí do chás ina dtarlódh sé sin.

1.4.

Creideann CESE go bhfuil sé tábhachtach an rogha a bheith ag na Ballstáit bearta a chomhlíonann dlí an Aontais a choinneáil nó a thabhairt isteach ar mó an méid a dhéanann siad ná a n-éilítear leis na híoscheanglais arna leagan síos san Acht um Bonneagar Gigighiotáin.

1.5.

Creideann CESE go bhfuil imscaradh líonraí fíor-ardacmhainneachta agus nascachta gigighiotáin thar a bheith tábhachtach le haghaidh na forbartha agus an chomhtháthaithe shocheacnamaíoch, mar is gné ríthábhachtach é sin i ndáil le forbairt chothrom eacnamaíoch FBManna, seirbhísí gairmiúla, áiteanna oibre digiteacha, agus an tsoláthair seirbhísí leictreonacha i gceantair iargúlta.

1.6.

Creideann CESE gur cheart na pointí faisnéise aonair a chomhtháthú i mbunachar sonraí eile atá ar fáil cheana féin ar an leibhéal náisiúnta agus iad a nascadh leo ionas nach mbeadh dúbláil ann agus d’fhonn costais a laghdú. Is pointí iad sin a bhfuil sé de cheangal ar úinéirí bonneagair phoiblí faisnéis íosta maidir le bonneagar fisiceach a chur ar fáil tríothu.

1.7.

Creideann CESE gur cuid thábhachtach de thabhairt isteach na líonraí cumarsáide leictreonaí é an próiseas ceadúnaithe a chuíchóiriú agus a dhigitiú. Mar sin féin, síleann sé go bhféadfadh sé nach mbeadh sé ag teacht le prionsabal na comhréireachta é a bheith éigeantach foráil a dhéanamh maidir le comhthoil an chiúnais le haghaidh cearta slí, agus go bhféadfadh sé go ndéanfadh sé sin dochar don cheart chun maoine, mar a leagtar amach é in Airteagail 17 agus 47 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.

1.8.

An bonneagar a thógáil go tapa, na hoibreacha sibhialta a chomhordú, sineirgí a chruthú idir na hoibreoirí líonra éagsúla, agus úsáid chomhpháirteach a bhaint as an mbonneagar fisiceach atá ann cheana féin, creideann CESE go gcuidíonn an méid sin leis an infheistíocht a spáráil tríd an ualach a chuirfear ar an gcomhshaol a laghdú óir seachnófar a thuilleadh oibreacha innealtóireachta agus, dá bhrí sin, cabhrófar leis na cuspóirí comhshaoil a bhaint amach.

1.9.

Measann CESE gur cheart bearta agus gníomhaíochtaí infhíoraithe a shonrú sa togra lena n-áiritheofar forbairt chothrom líonraí fíor-ardacmhainneachta agus rochtain chomhionann orthu le nach leathnóidh an bhearna idir tíortha agus réigiúin a mbaineann luasanna agus cumais dhifriúla leo, i gcomhréir leis an Dearbhú Eorpach maidir le Cearta agus Prionsabail Dhigiteacha le haghaidh na Deacáide Digití. Ar an gcaoi sin, d’áiritheofaí go mbeadh rochtain ag gach aon duine san Aontas ar nascacht ardcháilíochta, le rochtain ar an idirlíon acu, lena n-áirítear iad siúd atá ar ísealioncaim.

2.   Cúlra

2.1.

Is tosaíocht straitéiseach ar leibhéal an Aontais é líonraí fíor-ardacmhainneachta a imscaradh, lena n-áirítear snáithín agus 5G, mar chuid d’iarrachtaí an Aontais chun a chuspóirí straitéiseacha agus spriocanna digiteacha a bhaint amach faoi 2030. Tá rochtain ar líonraí fíor-ardacmhainneachta ríthábhachtach le haghaidh raon leathan feidhmeanna nuálacha, feidhmeanna lena bhféadfaí neart earnálacha de gheilleagar an Aontais a athrú ó bhonn agus cabhrú leo a bheith slán i bhfad na haimsire, cuir i gcás tionscail na tráchtála, na ngluaisteán, na monaraíochta, an chúraim sláinte, an iompair, na talmhaíochta agus na bhfóntas.

2.2.

I measc na dtionscamh a seoladh chun bacainní a bhaint agus chun borradh a chur faoi imscaradh líonraí fíor-ardacmhainneachta, rinne an Coimisiún Eorpach an Treoir maidir le Costas Leathanbhanda a Laghdú (1) a thabhairt isteach in 2014 chun leathadh amach na líonraí a éascú agus a dhreasú trí chostais a bhaineann le himscaradh a laghdú trí bhíthin bearta comhchuibhithe ar leibhéal an Aontais. Mar sin féin, ocht mbliana tar éis a teacht i bhfeidhm, táimid fós i bhfad ó chuspóirí na Treorach sin a bhaint amach. I bhfianaise na tuarascála a d’fhoilsigh an Coimisiún in 2018 maidir le cur chun feidhme na Treorach agus an méid a chuir na príomh-gheallsealbhóirí in iúl sa chomhairliúchán poiblí maidir leis an Treoir, arna sheoladh ag an gCoimisiún i mí na Nollag 2020, is léir gur gá athbhreithniú a dhéanamh ar an Treoir sin. Tugadh chun solais sa chomhairliúchán sin nár mheas ach 20 % de na freagróirí go raibh an Treoir éifeachtach maidir le leathadh amach na líonraí cumarsáide leictreonaí ardluais a éascú ar chostas níos ísle, agus níor mheas ach 11 % díobh gur laghdaigh an Treoir an t-am agus an costas a bhaineann le ceadanna a dheonú.

2.3.

Leagadh síos cuspóirí leis an Treoir maidir le Costas Leathanbhanda a Laghdú chun an clúdach leathanbhanda a mhéadú ach níor cuireadh na cuspóirí sin i gcrích ina n-iomláine. Go deimhin, cé gur tháinig méadú ar an gcéatadán de theaghlaigh atá cumhdaithe le luas idirlín 30 Mbps ó 58,1 % in 2013 go 90 % in 2022 de réir an Innéacs um an nGeilleagar Digiteach agus an tSochaí Dhigiteach, níor cuireadh an Treoir chun feidhme go cothrom ar fud na mBallstát agus bhí léirmhíniú éagsúil ag na Ballstáit uirthi in amanna.

2.4.

Agus é ar an eolas go raibh gá le héifeachtúlacht na Treorach a fheabhsú, chuir an Coimisiún tús le próiseas athbhreithnithe agus chuir sé togra chun tosaigh le haghaidh Rialacháin (an tAcht um Bonneagar Gigighiotáin). Is é is aidhm don Acht um Bonneagar Gigighiotáin aghaidh a thabhairt ar na heasnaimh a bhaineann leis an Treoir maidir le Costas Leathanbhanda a Laghdú agus cuidiú le himscaradh costéifeachtach agus tráthúil na líonraí fíor-ardacmhainneachta is gá chun a áirithiú go mbainfidh an tAontas a chuspóirí agus a spriocanna digiteacha amach faoi 2030.

2.5.

Tá an togra bunaithe ar an moladh maidir le Bosca Uirlisí um Nascacht arna ghlacadh i mí Mheán Fómhair 2020 chun freagairt do na riachtanais nascachta ar tháinig méadú orthu mar gheall ar phaindéim COVID-19. Is é is aidhm don Bhosca Uirlisí sin na costais a bhaineann le leathadh amach líonraí gigighiotáin a laghdú agus imscaradh tapa speictrim raidió le haghaidh 5G a áirithiú. Chuige sin, i mí an Mhárta 2021, shainaithin na Ballstáit 39 ndea-chleachtas (ar bhain 22 díobh le costais an leata amach a laghdú) atá le cur san áireamh sa Bhosca Uirlisí um Nascacht.

2.6.

De réir an Choimisiúin Eorpaigh, ceapadh an tAcht um Bonneagar Gigighiotáin chun an nascacht a fheabhsú san Aontas, chun an nuálaíocht a spreagadh agus chun infheistíochtaí a dhreasú. Trí bhíthin an Achta um Bonneagar Gigighiotáin, cuideofar le dlús a chur le himscaradh an bhonneagair fhisicigh a úsáidtear le haghaidh líonraí gigighiotáin trí neartú a dhéanamh ar chomhordú na n-oibreacha sibhialta idir oibreoirí líonraí. Is iad na hoibreacha sin a bhíonn i gceist le suas le 70 % de na costais a bhaineann le leathadh amach na líonraí. Tá sé d’aidhm ag an Acht freisin cuíchóiriú a dhéanamh ar na nósanna imeachta riaracháin maidir le leathadh amach na líonraí nua tríd an méid seo a leanas: an rochtain ar bhonneagar fisiceach agus an trédhearcacht maidir le hoibreacha sibhialta atá beartaithe a fheabhsú; coinníollacha níos soiléire a áirithiú maidir le rochtain ar bhonneagar fisiceach (lena n-áirítear bonneagar laistigh d’fhoirgnimh); agus dlús a chur leis na nósanna imeachta deonaithe ceadaithe agus na nósanna imeachta sin a dhigiteáil. Caithfear na hiarrataí sin ar chead a fhreagairt laistigh de 15 lá tar éis an iarraidh a fháil agus measfar go bhfuil cead intuigthe tugtha faoi cheann ceithre mhí ón lá a fuarthas iad.

3.   Barúlacha ginearálta

3.1.

Is díol sásaimh do CESE an cuspóir atá ag an gCoimisiún an Treoir maidir le Costas Leathanbhanda a Laghdú a oiriúnú d’fhorbairtí teicneolaíochta, margaidh agus rialála a rinneadh le déanaí agus d’fhorbairtí atáthar i mbun a ndéanta faoi láthair agus chun imscaradh níos éifeachtúla agus níos gasta líonraí níos inbhuanaithe a chothú. Áiritheofar leis sin ailíniú leis an gCód um Chumarsáid Leictreonach Eorpach (2), agus rannchuideofar le glasú earnáil na teicneolaíochta faisnéise agus cumarsáide mar chuid den Chomhaontú Glas don Eoraip.

3.2.

Is mór ag CESE an cinneadh a rinneadh chun rialachán, seachas treoir, a úsáid mar an ionstraim dlí mar gheall ar na rioscaí go mbeadh moilleanna agus neamhréireachtaí sna próisis náisiúnta trasuite náisiúnta dá roghnófaí treoir. Le rialachán, áirithítear aonfhoirmeacht agus cuirtear teorainn le hilroinnt dlíthe náisiúnta, rud atá ríthábhachtach chun spriocanna uaillmhianacha nascachta an Choimisiúin a bhaint amach faoi 2030. Is dócha nach mbeadh treoir infheidhme go dtí i ndiaidh an spriocdháta, agus dá bhrí sin, ní bhainfí cuspóir an Choimisiúin amach maidir le creat dlíthiúil fabhrach a chruthú go tapa. Dá mbeadh moill ar shimpliú an phróisis údaraithe maidir le leathadh amach, d’fhéadfadh sé go gcuirfí forbairt an mhargaidh aonair dhigitigh i mbaol freisin. Leis na forbairtí is déanaí san earnáil dhigiteach, d’fhéadadh sé go gcuirfí feabhas ollmhór ar chomhtháthú an mhargaidh inmheánaigh mar gheall ar ghníomhairí atá ag teacht chun cinn a bhíonn ag oibriú thar theorainneacha, rud a spreagfaidh infheistíochtaí.

3.3.

Tá dlíthe náisiúnta ilroinnte agus éiginnteacht rialála ann mar gheall ar an tearcúsáid neamhréireach a baineadh as an Treoir maidir le Costas Leathanbhanda a Laghdú, anuas ar an easpa treoraíochta ina leith. Chruthaigh sé sin bacainní ar infheistíochtaí agus ar oibríochtaí a dhéanamh thar theorainneacha, agus d’eascair constaicí as freisin le haghaidh gnólachtaí atá ag iarraidh barainneachtaí scála a bhaint amach ar leibhéal an Aontais agus leas a bhaint as na tairbhí a bhaineann le margadh aonair an Aontais dá réir sin. Mar thoradh air sin, tá gá le comhchuibhiú níos fearr d’fhonn forbairt gníomhaíochtaí trasteorann san earnáil sin a chur chun cinn agus chun cás a sheachaint ina mbeadh an Eoraip ag feidhmiú ar dhá luas éagsúla.

3.4.

Go bunúsach, tá sé d’aidhm ag an togra: an comhordú idir earnálacha a fheabhsú; na nósanna imeachta deonaithe ceadaithe a shimpliú agus dlús a chur leo; digiteáil iomlán a dhéanamh ar an nós imeachta chun rochtain a fháil ar fhaisnéis maidir leis an mbonneagar atá ann cheana agus maidir le hoibreacha sibhialta atá beartaithe, agus ar an nós imeachta chun iarraidh ar chead a chur isteach chomh maith; athúsáid bonneagair phoiblí agus imscaradh bonneagair líonraí le haghaidh oibreoirí a dhéanamh níos simplí; ullmhú don nuálaíocht ionas go mbeidh gach foirgneamh nua agus na foirgnimh a ndéanfar athchóiriú mór orthu feistithe le snáithín agus le bonneagar atá réidh don snáithín; agus rannchuidiú leis an inbhuanaitheacht trí thionchar comhshaoil na líonraí cumarsáide leictreonaí a laghdú trí chomhroinnt bonneagair a chur chun cinn, trí imscaradh teicneolaíochtaí níos éifeachtúla, trí athúsáid an bhonneagair atá ann cheana agus trí chomhordú níos fearr a dhéanamh ar oibreacha sibhialta.

3.5.

Beidh oibreoirí in ann iarrataí ar chead a chur isteach agus rochtain dhigiteach a fháil ar an bhfaisnéis uile is gá maidir leis an mbonneagar atá ann cheana agus oibreacha sibhialta atá beartaithe. Creideann an tAontas go gcuirfí ar chumas oibreoirí líonraí a imscaradh ar chostais níos ísle leis an athrú sin. Baineann coigilt EUR 4,5 billiún agus laghdú EUR 2,4 billiún i bhfordheontais phoiblí leis sin de réir an mheasúnaithe tionchair.

3.6.

Rinneadh na sainmhínithe atá laistigh den togra a leathnú freisin i gcomparáid leis an Treoir maidir le Costas Leathanbhanda a Laghdú. Tá feidhm ag an togra maidir le hoibreoirí líonraí a dheonaíonn rochtain d’fhonn soláthraithe saoráidí gaolmhara, amhail duchtanna, crainn, cuaillí agus bonneagar fisiceach, a chur san áireamh ann chomh maith ionas go gcumhdófar bonneagar atá faoi úinéireacht insititiúidí poiblí amhail na húdaráis áitiúla, mar aon le foirgnimh agus bealaí isteach chuig foirgneamh agus aon sócmhainn eile, lena n-áirítear troscán sráide amhail cuaillí solais, comharthaí sráide, soilse tráchta, cláir fógraí, stadanna bus agus tram agus stáisiúin mheitreo.

3.7.

Tugtar isteach bearta nua leis an togra chun trédhearcacht an bhonneagair fhisicigh atá ann cheana a mhéadú. Cuir i gcás, ceanglaítear leis ar úinéirí bonneagair phoiblí faisnéis íosta maidir le bonneagar fisiceach a chur ar fáil trí phointí faisnéise aonair, mar a thugtar orthu. Thairis sin, leagtar amach ann rialacha níos déine maidir le comhordú oibreacha sibhialta atá beartaithe. Foráiltear don mhéid sin cheana sa Treoir maidir le Costas Leathanbhanda a Laghdú, ach leathnaítear a raon feidhme agus a chur i bhfeidhm go mór sa togra. Mar shampla, ní mór don soláthraí líonra an fhaisnéis maidir le hoibreacha sibhialta a éilítear faoin togra a chur ar fáil i bhformáid dhigiteach trí phointe faisnéise aonair 3 mhí ar a laghad roimh an gcéad iarraidh ar chead. Ar an ábhar sin, ós rud é gur ann cheana féin do bhunachair sonraí a bhfuil faisnéis iontu ina lán tíortha de chuid an Aontais, creideann CESE gur cheart na pointí aonair faisnéise a chomhtháthú sna bunachair sonraí sin agus iad a nascadh leo ionas nach mbeidh dúbláil ann agus d’fhonn costais a laghdú.

3.8.

Áirítear sa togra freisin bearta a bhaineann le nósanna imeachta chun cead a fháil, ar nósanna imeachta iad sin nach mór a chaighdeánú ar an leibhéal náisiúnta agus a dhéanamh go hiomlán inrochtana trí fhormheas intuigthe a thabhairt isteach, formheas a mheastar a bheidh intuigthe 4 mhí tar éis iarraidh a chur isteach. Ina theannta sin, déantar foráil maidir le lipéad ‘réidh don snáithín’ chun a fhíorú an gcomhlíonann foirgneamh na ceanglais maidir le suiteáil éasca líonra fíor-ardacmhainneachta amhail snáithín, rud a bheidh ina choinníoll chun ceadanna tógála a eisiúint d’fhoirgnimh nua. Ina ainneoin sin, is mian le CESE béim a leagan ar an tábhacht a bhaineann le líonraí fíor-ardacmhainneachta a shuiteáil sna foirgnimh sin d’fhonn teacht i dtír ar acmhainneacht iomlán na líonraí sin agus d’fhonn an úsáid is fearr is féidir a bhaint as na hinfheistíochtaí.

3.9.

Creideann CESE go bhfuil sé tábhachtach an rogha a bheith ag na Ballstáit bearta a chomhlíonann dlí an Aontais a choinneáil nó a thabhairt isteach ar mó an méid a dhéanann siad ná a n-éilítear leis na híoscheanglais arna leagan síos san Acht um Bonneagar Gigighiotáin, mar a luaitear go sonrach in Aithris 11, mar a bhfógraítear, mar is ceart, nach gcuireann an rialachán sin cosc ar bhearta náisiúnta a ghlacadh i gcomhréir le dlí an Aontais arb é is aidhm dóibh úsáid chomhpháirteach an bhonneagair fhisicigh atá ann cheana a chur chun cinn nó imscaradh níos éifeachtúla bonneagair fhisicigh nua a chumasú, agus na cearta agus na hoibleagáidí arb ann dóibh de réir an Achta um Bonneagar Gigighiotáin á gcomhlánú.

4.   Barúlacha sonracha

4.1.

Tá an togra i gcomhréir leis an gCód um Chumarsáid Leictreonach Eorpach a tháinig i bhfeidhm i mí na Nollag 2020, lena ndearnadh creat rialála an Aontais maidir le cumarsáid leictreonach a thabhairt cothrom le dáta, agus lena rannchuidítear lena spriocanna a bhaint amach a mhéid a bhaineann le hinfheistíochtaí i líonraí ardnascachta a dhreasú. Cé go ndírítear go príomha sa Chód ar an iomaíocht a fheabhsú, tá ceanglais ann le haghaidh gnólachtaí a bhfuil cumhacht shuntasach acu ar an margadh agus ní bhaineann sé le bonneagar fisiceach amháin ach le líonraí cumarsáide leictreonaí amhail cáblaí snáithín freisin. Is é is príomhchuspóir don Acht um Bonneagar Gigighiotáin na bacainní ar leathadh amach líonra a bhaint, agus na forbairtí teicneolaíochta, margaidh agus rialála atá ann faoi láthair á gcur san áireamh.

4.2.

Ar mhaithe leis na cuspóirí a leagtar amach san Acht um Bonneagar Gigighiotáin a bhaint amach, is díol sásaimh do CESE go ndearnadh an téacs a ailíniú leis na sainmhínithe ón gCód agus cuireann sé i bhfios go láidir go mbeadh sé bunriachtanach nósanna imeachta tapa, éifeachtacha agus simplithe a bheith ar fáil lena ngabhfadh téarmaí, coinníollacha agus praghsanna iomchuí a d’fhéadfaí a chur i bhfeidhm ar bhealach comhsheasmhach ar fud an Aontais. Chuige sin, measann CESE go mbeadh treoirlínte ón gCoimisiún an-úsáideach.

4.3.

I gcomhréir leis an sprioc a leagadh síos le Deacáid Dhigiteach an Aontais 2030, ina luaitear gur cheart gach teaghlach Eorpach a bheith cumhdaithe le líonraí gigighiotáin agus líonraí móibíleacha tapa faoi 2030, agus murab ionann agus an Treoir maidir le Costas Leathanbhanda a Laghdú, cuirtear chun cinn leis an togra le haghaidh Rialacháin leathadh amach na líonraí fíor-ardacmhainneachta agus cuirtear oibleagáidí rochtana leis ar úinéirí bonneagair fhisicigh, gan beann ar a suíomh ar an margadh. Tacaíonn CESE le leathnú an raoin feidhme, rud a chuirfidh ar chumas gach eintitis a chuireann bonneagar ar fáil leas a bhaint as na nósanna imeachta tapa deonaithe ceadaithe a bhunófar faoin Acht. San am céanna, áfach, tá sé á chur i bhfáth ag CESE gur den ríthábhacht é a áirithiú go bhfuil an creat rialála cuimsitheach a dhóthain chun freastal ar riachtanais éagsúla na ngeallsealbhóirí go léir atá mar chuid d’imscaradh na líonraí fíor-ardacmhainneachta trasna an Aontais.

4.4.

Aithníonn CESE go bhfuil comhroinnt an bhonneagair atá ann cheana ríthábhachtach chun spriocanna Dheacáid Dhigiteach an Aontais 2030 a bhaint amach agus leagann sé béim freisin ar an tábhacht a bhaineann le slándáil, stóinseacht agus cosaint na líonraí a áirithiú. Má táthar chun spriocanna nascachta an Aontais a bhaint amach, teastóidh straitéis chuimsitheach ina dtabharfar le chéile na teicneolaíochtaí is déanaí le slabhraí soláthair athléimneacha, uathrialacha agus slána. Ní mór é sin a dhéanamh chun cosc a chur ar bhriseadh seirbhíse de dheasca teipeanna nó cibirionsaithe. Mar sin, ba cheart soláthraithe líonra a spreagadh san Acht chun comhpháirteanna teicneolaíochta a roghnú lena ráthófaí ardleibhéal slándála digití, lena laghdófaí an baol go mbrisfí ar na líonraí agus lena bhfreagrófaí do chás ina dtarlódh sé sin. Baineann ríthábhacht le stóinseacht, athléimneacht agus cibearshlándáil an líonra i dtaca le héifeachtacht na gcuspóirí atá á saothrú san Acht, i gcomhréir le creat rialála reatha an Aontais agus le gnéithe ábhartha eile, á gcur san áireamh aon ghníomhaíochtaí a dhéanfaidh an tAontas amach anseo. Tá na gníomhaíochtaí sin le bheith mar chuid de shainordú nua an Choimisiúin ó 2024.

4.5.

Tá sé á chur i bhfáth ag CESE gur gnéithe tábhachtacha den rochtain ar bhonneagar iad téarmaí, coinníollacha agus praghsanna iomchuí, in éineacht le nósanna imeachta tapa, éifeachtacha agus simplithe. Ina leith sin, creideann CESE gur cheart don Choimisiún treoirlínte sonracha a ghlacadh ós gá éifeachtúlacht sa chóras a áirithiú, mar shampla d’fhéadfaí cosc a chur ar phraghsanna atá ró-ard mar go bhféadfadh sé go gcuirfidís as d’imscaradh na líonraí fíor-ardacmhainneachta.

4.6.

Creideann CESE gur cuid thábhachtach de thabhairt isteach na líonraí cumarsáide leictreonaí é an próiseas ceadúnaithe a chuíchóiriú agus a dhigitiú. Síleann CESE, mar sin féin, go bhféadfadh sé nach mbeadh sé ag teacht le prionsabal na comhréireachta é a bheith éigeantach foráil a dhéanamh maidir le comhthoil an chiúnais le haghaidh cearta slí, agus go bhféadfadh sé go ndéanfadh sé sin dochar don cheart chun maoine, mar a leagtar amach é in Airteagail 17 agus 47 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.

4.7.

An bonneagar a thógáil go tapa, na hoibreacha sibhialta a chomhordú, sineirgí a chruthú idir na hoibreoirí líonra éagsúla, agus úsáid chomhpháirteach a bhaint as an mbonneagar fisiceach atá ann cheana féin, creideann CESE go gcuidíonn an méid sin leis an infheistíocht a spáráil tríd an ualach a chuirfear ar an gcomhshaol a laghdú óir seachnófar a thuilleadh oibreacha innealtóireachta agus, dá bhrí sin, cabhrófar leis na cuspóirí comhshaoil a bhaint amach.

4.8.

Creideann CESE go bhfuil imscaradh na líonraí ardluais ríthábhachtach don fhorbairt agus don chomhtháthú socheacnamaíoch. Chuige sin, measann CESE gur cheart bearta agus gníomhaíochtaí infhíoraithe a shonrú sa togra lena n-áiritheofar forbairt chothrom na líonraí fíor-ardacmhainneachta agus rochtain chomhionann orthu le nach leathnóidh an bhearna idir tíortha agus réigiúin a mbaineann luasanna agus cumais dhifriúla leo, i gcomhréir leis an Dearbhú Eorpach maidir le Cearta agus Prionsabail Dhigiteacha le haghaidh na Deacáide Digití (3). De réir an Dearbhaithe sin, ba cheart do na gníomhaithe uile sa mhargadh dá rachadh an claochlú digiteach chun tairbhe a gcuid freagrachtaí sóisialta a ghlacadh orthu féin agus rannchuidiú go cothrom agus go comhréireach leis na costais a bhaineann le hearraí, seirbhísí agus bonneagar poiblí. Ar an gcaoi sin, d’áiritheofaí go mbeadh rochtain ag gach aon duine san Aontas ar nascacht ardcháilíochta, le rochtain ar an idirlíon acu, lena n-áirítear iad siúd atá ar ísealioncaim (4).

An Bhruiséil, an 12 Iúil 2023.

Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

Oliver RÖPKE


(1)  Treoir 2014/61/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le bearta chun an costas a bhaineann le cur in úsáid líonraí cumarsáide leictreonaí ardluais a laghdú, (IO L 155/1, 23.5.2014, lch. 1).

(2)  Treoir (AE) 2018/1972 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 lena mbunaítear Cód Eorpach um Chumarsáid Leictreonach, (IO L 321/36, 17.12.2018, lch. 36).

(3)  An Dearbhú Eorpach maidir le Cearta Digiteacha agus Prionsabail Dhigiteacha le haghaidh na Deacáide Digití, (IO C 23, 23.1.2023, lch. 1).

(4)  


Top