Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52023AE0880

    Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Bearta chun an murtall i measc leanaí a laghdú (Tústuairim arna hiarraidh ag Uachtaránacht na Spáinne)

    EESC 2023/00880

    IO C 349, 29.9.2023, p. 108–115 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    29.9.2023   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 349/108


    Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Bearta chun an murtall i measc leanaí a laghdú

    (Tústuairim arna hiarraidh ag Uachtaránacht na Spáinne)

    (2023/C 349/17)

    Rapóirtéir:

    Josep PUXEU ROCAMORA

    Comhrapóirtéir:

    Isabel CAÑO AGUILAR

    Comhairliúchán

    Litir ó Uachtaránacht na Spáinne ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh, 8.12.2022

    Bunús dlí

    Airteagal 304 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

    Rannóg atá freagrach

    Talmhaíocht, Forbairt Tuaithe agus an Comhshaol

    Dáta a glactha sa rannóg

    1.6.2023

    Dáta a glactha sa seisiún iomlánach

    13.7.2023

    Seisiún iomlánach Uimh.

    580

    Toradh na vótála

    (ar son/in aghaidh/staonadh)

    197/0/0

    1.   Conclúidí agus moltaí

    1.1.

    Ceart bunúsach is ea an ceart chun dea-shláinte. Ina theannta sin, is ceart a chumhdaítear i gCoinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh é ceart gach linbh fás aníos go sona agus go folláin agus a bheith in ann barr a gcumais a bhaint amach.

    1.2.

    Faoi láthair, tá an rómheáchan agus an murtall i measc leanaí ar cheann de na príomhdhúshláin sláinte poiblí i dtíortha an Aontais. Saincheist is ea é ina dtagann an iliomad tosca le chéile, e.g. tosca comhshaoil, sóisialta agus eacnamaíocha. Tá baint ag an murtall i measc leanaí le fadhbanna sláinte fisiciúla, meabhraí agus sóisialta san óige agus san aosacht.

    1.3.

    Tá CESE á chur in iúl gur gá neamhionannais shocheacnamaíocha le linn na hóige a laghdú, toisc go bhfuil baint dhíreach acu le meáchan breise i measc leanaí. I gcásanna áirithe, tá sciar na leanaí agus na ndéagóirí atá murtallach dhá oiread níos airde i dteaghlaigh ar ioncam íseal.

    1.4.

    Tá CESE á thabhairt dá aire go bhfuil critéir éagsúla ann maidir le conas aghaidh a thabhairt ar an murtall i measc leanaí i mBallstáit éagsúla (a mhéid a bhaineann le gnéithe éagsúla amhail cumarsáid, lipéadú cothúcháin, cur chun cinn na gníomhaíochta coirp agus aistí bia inbhuanaithe, nó gnéithe níos nuálaí a chur san áireamh amhail úsáid shláintiúil a bhaint as scáileáin agus an tsláinte mheabhrach agus mhothúchánach a chur chun cinn). Tá sé ag tathant ar an gCoimisiún Eorpach agus ar Pharlaimint na hEorpa ról níos réamhghníomhaí a imirt sa réimse sin agus caighdeánú agus creat níos éifeachtaí a chur chun cinn.

    1.5.

    Tá CESE á thabhairt dá aire, agus is cúis imní dó é, gur ró-lag iad an chuid is mó de na srianta náisiúnta maidir le cur chun cinn agus fógraíocht bia agus deochanna neamh-mheisciúla do leanaí agus nach leor na tionscnaimh dheonacha atá ann cheana chun leanaí agus déagóirí a chosaint. Measann CESE go bhféadfaí próifíl chothaitheach EDS a úsáid mar bhonn chun fógraíocht ar tháirgí ina bhfuil leibhéal ard siúcra, saille nó salainn a theorannú. Creideann CESE go bhfuil sé tábhachtach foghlaim ó na dea-bhearta agus na dea-chleachtais i dtíortha a léiríonn éifeachtacht na mbeartas éagsúil, lena n-áirítear rialacháin, chun srian a chur ar nochtadh leanaí do chumarsáid tráchtála closamhairc le haghaidh bia agus deochanna ina bhfuil leibhéal ard salainn, siúcra, saille, saille sáithithe nó aigéad tras-sailleach. Is riachtanach freisin urraim a thabhairt i gcónaí do rialacha maidir le huaireanta craolacháin leanaí agus a áirithiú go gcomhlíonfaidh na fógraí uile prionsabal an chruinnis san fhógraíocht. Ba cheart a mheabhrú go molann EDS srian a chur le gach cineál fógraíochta bia atá dírithe ar leanaí.

    1.6.

    Maidir leis an méid sin, iarrann CESE go n-athnuafaí Plean Gníomhaíochta an Aontais Eorpaigh maidir le Murtall i measc Leanaí 2014–2020, agus na moltaí a leagtar amach sa tuairim seo a chur san áireamh.

    1.7.

    Chun na cuspóirí sin a bhaint amach, is é ceann de na bearta a mheasann CESE a bheith ríthábhachtach go gcuirfidh na hinstitiúidí borradh faoi thomhaltas bia a mheastar a bheith ina chuid lárnach d’aistí bia sláintiúla agus inbhuanaithe (torthaí agus glasraí úra séasúracha a tháirgtear go háitiúil, piseánaigh, slánghráin agus próitéiní ainmhithe amhail éisc). Mar shampla, d’fhéadfaí na cuspóirí sin a bhaint amach trí bhéim a leagan ar na beartais chur chun cinn a bhaineann le táirgí talmhaíochta an Aontais, trí thairiscintí poiblí a fhorbairt lena gcuirtear chun cinn aistí bia sláintiúla agus inbhuanaithe, nó d’fhéadfaí úsáid a bhaint as dreasachtaí cánach (amhail lacáistí CBL) mar ionstraim chun tacú le ceannach agus tomhaltas bia den sórt sin. Ina theannta sin, i bhfianaise an bhoilscithe agus an mhéadaithe atá ag teacht ar phraghsanna, d’fhéadfadh an dá bheart sin cabhrú le roinnt mhaith teaghlach, go háirithe na teaghlaigh is mó atá faoi mhíbhuntáiste, rochtain níos éasca a bheith acu ar aistí bia cothaitheacha agus ardcháilíochta. Molann CESE freisin leanúint den phróiseas chun comhdhéanamh bia agus deochanna ar an margadh Eorpach a athfhoirmliú agus a fheabhsú.

    1.8.

    Iarrann CESE go gcuirfí uirlisí simplí ar fáil do theaghlaigh chun go mbeidh rochtain acu ar an eolas is gá chun tuiscint a fháil ar na tosca éagsúla atá ina gcúis leis an murtall i measc leanaí agus ar na hiarmhairtí a bhaineann leis don tsláinte san óige agus san aosacht. Creideann CESE freisin go bhfuil sé ríthábhachtach go mbeadh tionchar ag an tsochaí ina hiomláine ar úsáid fholláin teicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide agus ar na moltaí atá i bhfeidhm cheana i ndáil leis sin. Is é an toradh a bhíonn ar ró-úsáid scáileáin ná neamhghníomhaíocht choirp agus méadú ar fhógraíocht bia agus deochanna ina bhfuil méid ard siúcra, salainn agus saille agus rioscaí meabhairshláinte do leanaí agus déagóirí.

    1.9.

    Molann CESE go mbeadh an timpeallacht oideachais ina ceann feadhna ar an ngníomhaíocht choirp, aistí bia sláintiúla agus an tsláinte mheabhrach agus mhothúchánach a chur chun cinn. Is timpeallacht iontach iad scoileanna chun stíleanna maireachtála sláintiúla a chur chun cinn agus chun aghaidh a thabhairt ar an murtall i measc leanaí ar bhealaí dearfacha ina seachnaítear stiogma sóisialta a chruthú agus diúltú do steiréitíopaí áirithe coirp. Chuige sin, measann sé gurb é ceann de na bearta ba cheart a dhéanamh athrú ó bhonn ar na curaclaim atá ann faoi láthair, chun an t-am a chuirtear i leataobh don ghníomhaíocht choirp a mhéadú, chomh maith le hinfheistíocht a dhéanamh in oideachas bia agus gastranómach. Is príomhghné iad ceaintíní scoile chun nósanna sláintiúla cothúcháin a chur chun cinn i measc leanaí agus déagóirí. Dá bhrí sin, measann CESE go bhfuil sé ríthábhachtach a áirithiú go bhfuil siad ar fáil ag gach céim den oideachas agus go bhfuil an aiste bia a thairgtear iontu sláintiúil, cothrom agus ar ardchaighdeán. Tá sé á chur in iúl aige freisin gur féidir dlús a chur le cur chun feidhme Scéim Scoile an Aontais Eorpaigh um Thorthaí, Glasraí agus Bainne a sholáthar, agus gur féidir deontais lóin do leanaí faoi mhíbhuntáiste a chur chun cinn.

    1.10.

    Tá CESE ag tathant ar na Ballstáit spásanna poiblí agus bonneagar poiblí a leathnú agus a fheabhsú ar bhealach a spreagfar agus a éascófar an tsoghluaisteacht ghníomhach, go háirithe i gcomharsanacht ionad oideachais agus sna bealaí a úsáidtear chun na hionaid sin a bhaint amach. Measann sé freisin gur gá spásanna uirbeacha a chruthú, e.g. limistéir spóirt, clóis súgartha agus spásanna glasa atá inrochtana, sábháilte agus oiriúnach do leanaí agus do dhéagóirí.

    1.11.

    Molann CESE leas a bhaint as an timpeallacht dhigiteach chun stíleanna maireachtála, caidrimh agus iompraíochtaí sláintiúla a éascú. I ndáil leis an méid sin, iarrann CESE an athuair go mbeadh feachtais fógraíochta amhairc bunaithe ar fheachtais fógraíochta atá dearfach ar bhonn sóisialta, dírithe ar leanaí agus a chuireann chun cinn bia agus aistí bia níos sláintiúla, saol gníomhach agus úsáid shláintiúil scáileán.

    1.12.

    Meabhraíonn CESE na moltaí a rinne sé ina Meastóireacht ar scéim scoile an Aontais (1), sna tuairimí uaidh maidir le haistí bia folláine agus inbhuanaithe agus sa Straitéis ón bhfeirm go dtí an forc. Iarrann sé ar an gCoimisiún bearta chun aghaidh a thabhairt ar an murtall i measc leanaí a áireamh sa chéad chreat eile maidir le córais bhia inbhuanaithe, e.g. maidir le lipéadú agus soláthar poiblí.

    1.13.

    Tá CESE suite de freisin, mar a chuir sé in iúl i dtuairimí eile, gur cuidiú iad nuálaíochtaí daonlathacha, amhail comhairlí um beartas bia agus cur chun cinn cur chuige rannpháirtíochta, chun cáilíocht agus dlisteanacht a chur chun cinn i gceapadh beartas bia. Molann sé ionstraim a bhunú ar an leibhéal Eorpach, amhail an Chomhairle Eorpach um Beartas Bia.

    1.14.

    I mbeagán focal, tá CESE tiomanta aghaidh a thabhairt ar an murtall ar fud an domhain, trí chlaochlú sláintiúil na stíleanna maireachtála a chur san áireamh, mar aon leis na srianta sóisialta uile lena mbaineann. Molann sé straitéisí poiblí a chur chun cinn lena ráthaítear rochtain uilíoch neamh-idirdhealaitheach ar aistí bia folláine, ar ghníomhaíocht choirp agus ar spórt, ar scíth mhaith agus ar fholláine mheabhrach agus mhothúchánach.

    2.   An tsláinte i gcroílár na mbeartas uile

    2.1.

    Is ceart bunúsach í an tsláinte (2) agus is réamhchoinníoll í d’fheidhmiú ár sochaí agus ár ngeilleagair. Ina theannta sin, is ceart a chumhdaítear i gCoinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh é ceart gach linbh fás aníos go sona agus go folláin agus a bheith in ann barr a gcumais a bhaint amach (3). Tacaíonn CESE leis an gcoincheap ‘Aon Sláinte Amháin’ a chuir an Coimisiún Eorpach chun cinn mar chur chuige comhtháite lena bhféachtar le cothromaíocht a bhaint amach agus sláinte an duine a bharrfheabhsú ar bhealach inbhuanaithe.

    2.2.

    Tá sé ríthábhachtach aghaidh a thabhairt ar an murtall i measc leanaí chun na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (SDGanna) a bhaint amach, go háirithe SDG 3 chun saol sláintiúil a áirithiú agus folláine do chách ag gach aois a chur chun cinn, agus chun stádas sláinte mhuintir uile na hEorpa a fheabhsú amach anseo. Léirítear le staidéir eolaíochta gur dócha gurb í an idirghábháil ag céimeanna criticiúla den saol, amhail luathbhlianta an tsaoil agus an ógántacht, an cur chuige is fearr chun na tairbhí sláinte is mó a bhaint amach a mhéid a bhaineann leis an murtall a chosc agus na costais a bhaineann leis a laghdú, agus gurb é sin an gealltanas is mó a d’fhéadfaí a dhéanamh chun timthriall an mhurtaill idirghlúine agus na héagothromaíochtaí cothaithe a bhriseadh.

    2.3.

    I gcomhréir leis sin, is díol sásaimh do CESE gur iarr Uachtaránacht na Spáinne a bheidh ann amach anseo tústuairim ó CESE maidir le bearta a d’fhéadfaí a dhéanamh chun an murtall i measc leanaí a laghdú. Tagann sé sin sna sála ar an gclaonadh atá ag institiúidí an Aontais agus ag rialtais thíortha an Aontais straitéisí a cheapadh agus a fhorbairt chun murtall agus rómheáchan i measc leanaí a shrianadh agus a chosc:

    i)

    Aithnítear i Straitéis an Aontais maidir le Cearta an Linbh (4) go bhfuil aistí bia sláintiúla, mar aon le gníomhaíocht choirp, ríthábhachtach d’fhorbairt iomlán choirp agus mheabhrach leanaí.

    ii)

    Faoin tionscnamh an Ráthaíocht Eorpach do Leanaí, lena bhféachtar le rannchuidiú le cearta leanaí agus déagóirí a chur i gcroílár cheapadh beartas an Aontais, tá an murtall i measc leanaí ar cheann de na gnéithe ar cheart a áireamh sna pleananna náisiúnta.

    iii)

    Tagann an tuairim seo sna sála freisin ar Straitéis an Aontais i ndáil le saincheisteanna sláinte a bhaineann le cothú, rómheáchan agus murtall a chur i bhfeidhm (2007), Páipéar Bán 2017 maidir leis an murtall agus Plean Gníomhaíochta an Aontais maidir le Murtall i measc Leanaí 2014–2020 (5). Bhí an aidhm chéanna ag na tionscnaimh sin agus atá ag an tuairim seo, is é sin, deireadh a chur leis an méadú ar an rómheáchan agus ar an murtall i measc leanaí agus déagóirí (atá idir 0–18 mbliana d’aois). Maidir leis an méid sin, iarrann CESE go n-athnuafaí Plean Gníomhaíochta an Aontais Eorpaigh maidir le Murtall i measc Leanaí 2014–2020.

    3.   An murtall i measc leanaí san Eoraip: an staid mar atá

    3.1.

    De réir na hEagraíochta Domhanda Sláinte (EDS) (6), is galar ilfhachtóiriúil casta neamhtheagmhálach é an murtall a shainmhínítear mar rómheáchan iomarcach a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh don tsláinte. Is fachtóir riosca é an murtall freisin i bhforbairt galar neamhtheagmhálach eile, amhail galair chardashoithíocha, mheitibileacha, oisté-altacha nó ailse (7), neamhoird mheabhairshláinte agus cáilíocht saoil laghdaithe, rudaí a laghdaíonn an t-ionchas saoil agus a mhéadaíonn an baol maidir le bás anabaí. Bíonn tionchar ag na hiarmhairtí sin ar deireadh thiar ar chaiteachas sláinte tíortha agus ar chostais aonair, shóisialta agus eacnamaíocha eile freisin.

    3.2.

    Faoi láthair, tá an rómheáchan agus an murtall i measc leanaí ar cheann de na príomhdhúshláin sláinte poiblí i dtíortha an Aontais. Sa chúigiú babhta den staidéar a rinneadh idir 2018 agus 2020 (8) le tionscnamh COSI de chuid EDS, léiríodh go raibh 29 % de leanaí idir 7–9 mbliana d’aois sna 33 thír rannpháirteacha róthrom (9) agus 12 % díobh murtallach. De réir inscne, bhí na rátaí beagán níos airde i gcás buachaillí ná cailíní (31 % i gcomparáid le 28 % i gcás an rómheáchain; 14 % i gcomparáid le 10 % i gcás an mhurtaill).

    3.3.

    Tá CESE á thabhairt dá aire go bhféadfadh sé gur chuir paindéim COVID-19 le fadhb an mhurtaill i measc leanaí. Tá méadú ag teacht ar an bhfianaise gur imigh na staitisticí maidir le murtall i measc leanaí in olcas mar gheall ar phaindéim COVID-19, go háirithe i gcás na leanaí is leochailí (10).

    3.4.

    Tá CESE á thabhairt dá aire go bhfuil critéir éagsúla ann maidir le conas aghaidh a thabhairt ar an murtall i measc leanaí i mBallstáit éagsúla (a mhéid a bhaineann le gnéithe éagsúla amhail cumarsáid, lipéadú cothúcháin, cur chun cinn na gníomhaíochta coirp agus aistí bia inbhuanaithe, nó gnéithe níos nuálaí a chur san áireamh amhail úsáid shláintiúil a bhaint as scáileáin agus an tsláinte mheabhrach agus mhothúchánach a chur chun cinn). Tá sé ag tathant ar an gCoimisiún Eorpach agus ar Pharlaimint na hEorpa ról níos réamhghníomhaí a imirt sa réimse sin agus caighdeánú agus creat níos éifeachtaí a chur chun cinn.

    4.   Príomhthosca an mhurtaill i measc leanaí

    Ní féidir bunús an mhurtaill a chur i leith cúis amháin. Is toradh é ar idirghníomhú casta idir fachtóirí éagsúla (11). Tá baint aige le tosca aonair (tosca bitheolaíocha, géiniteacha agus fiseolaíocha agus tosca a bhaineann le stíleanna maireachtála), mar aon le tosca comhshaoil (tionchar na dtimpeallachtaí éagsúla ina bhforbraíonn duine ar leith: timpeallacht an teaghlaigh, na scoile nó an phobail), tosca síceasóisialta (leibhéal oideachais nó aicme shóisialta) agus tosca eacnamaíocha (leibhéal ioncaim an teaghlaigh) (12).

    4.1.

    Leanann tosca síceasóisialta agus acmhainní eacnamaíocha patrúin shóisialta. Is dhá ghné iad a d’fhéadfadh teaghlaigh ar ioncam íseal a dhéanamh níos leochailí i leith neamhchosaintí dochracha comhshaoil ag gach céim den saol agus éifeacht charnach a bheith acu ar feadh an tsaoil.

    4.2.

    Tá dóthain fianaise ann chun a léiriú go bhfuil ról nach beag ag nochtadh do thosca maidir le cothú míshláintiúil agus meáchan coirp míshláintiúil roimh an nginiúint agus le linn an toirchis ar an gcomhdhéanamh coirp sna luathbhlianta den saol, agus go méadaítear an tsoghabháltacht i leith an mhurtaill i ngeall ar na tosca sin freisin.

    4.3.

    Ina theannta sin, tá baint dhíreach ag neamhionannais shocheacnamaíocha san óige, atá níos measa de bharr na paindéime, an mhéadaithe ar an mboilsciú agus na géarchéime eacnamaíche, le meáchan breise i measc leanaí. I gcásanna áirithe, tá sciar na leanaí atá murtallach dhá oiread níos airde i dteaghlaigh ar ioncam íseal, toisc go bhfuil stíl mhaireachtála dhifriúil ag na teaghlaigh sin i gcomparáid le teaghlaigh ar ioncam níos airde.

    4.4.

    Is colún den tsláinte ar feadh an tsaoil í an ghníomhaíocht choirp. Is toisc thábhachtach í an ghníomhaíocht choirp freisin maidir leis an murtall i measc leanaí agus le tosca riosca luatha meitibileacha a chosc agus a chóireáil (13), chomh maith le gné fhíorthábhachtach chun scileanna bunúsacha cognaíocha, mótair agus sóisialta a fhorbairt. Ní dhéanann 81 % de leanaí idir 11–17 mbliana d’aois go leor gníomhaíocht choirp, áfach (14). Roimh an bpaindéim, i measc grúpa déagóirí 15 bliana d’aois, níor thuairiscigh ach duine amháin díobh as gach seachtar (14 %) i réigiún Eorpach EDS go raibh sé de nós acu uair an chloig amháin ar a laghad de ghníomhaíocht choirp mheasartha go gníomhaíocht choirp dhian a dhéanamh gach lá (15). Ar an gcaoi chéanna, níor shroich ach 25 % de bhuachaillí agus 15 % de chailíní den aois chéanna na leibhéil gníomhaíochta coirp a moladh in 2014 (16).

    4.5.

    Tá nasc idir aistí bia neamhchothromaithe ina bhfuil ardtomhaltas bia agus deochanna a bhfuil méid ard saille, siúcra agus salainn iontu, le leibhéil níos airde rómheáchain agus le stádas sláinte foriomlán níos ísle. Anuas air sin, tá baint ag nósanna itheacháin ar gnéithe iad d’aistí bia amhail aiste bia na Meánmhara, an Atlantaigh nó na dtíortha Nordacha, nó d’aistí bia ina dtomhaistear méid ard táirgí bia úra agus táirgí atá déanta as plandaí, le torthaí sláinte níos fearr (17) (18). De réir an bhabhta is déanaí de staidéar COSI (19), itheann níos lú ná leath (43 %) de leanaí idir 6–9 mbliana d’aois i Réigiún Eorpach EDS torthaí úra ar bhonn laethúil. Ina theannta sin, ní itheann 7 % díobh torthaí riamh, sin nó itheann siad torthaí níos lú ná uair amháin sa tseachtain. Maidir le tomhaltas glasraí, ní itheann ach aon trian (34 %) de leanaí idir 6–9 mbliana d’aois glasraí ar bhonn laethúil.

    4.6.

    Ó thaobh na ngnéithe eacnamaíocha agus sóisialta de, tá CESE á chur in iúl freisin go bhfuil tionchar ag an méadú domhanda ar phraghsanna tráchtearraí bia ar phraghsanna do thomhaltóirí san Aontas, rud a dhéanann difear do phatrúin cheannaigh agus nósanna itheacháin na dteaghlach, na leanaí agus na ndéagóirí san Eoraip, go háirithe iad siúd is leochailí.

    4.7.

    Tá dlúthnasc idir an fholláine mhothúchánach agus an murtall. Cúis amháin leis sin is ea go bhfuil an fholláine mhothúchánach ríthábhachtach chun an murtall i measc leanaí a chosc. Os a choinne sin, is fachtóir é an murtall i measc leanaí a mhéadaíonn an seans go mbeadh leanbh thíos le hidirdhealú, stiogmatú nó bulaíocht ar scoil. Ar an gcaoi sin, bíonn tionchar aige ar fholláine mhothúchánach leanaí.

    4.8.

    Léiríodh gurb é am iomarcach a chaitheamh ar scáileáin ceann de na tosca cinntitheacha maidir le teacht chun cinn an rómheáchain/an mhurtaill, agus go bhfuil nasc comhghaolach eatarthu (20) (21). Cé go molann comhlachtaí idirnáisiúnta agus gníomhaireachtaí poiblí an t-am a chaitear ar scáileáin a theorannú do 120 nóiméad in aghaidh an lae, is cosúil go sáraíonn leanaí agus déagóirí san Eoraip an teorainn sin (22).

    5.   An beart a mholtar

    5.1.

    Chun dul i ngleic leis an murtall i measc leanaí, ní mór cur chuige a ghlacadh ina gcuirfear an saol iomlán san áireamh, mar aon le haghaidh a thabhairt ar na cúiseanna iomadúla atá leis. Molann CESE cur chuige iomlánaíoch agus rannpháirteach a ghlacadh. Chun go laghdófar na staitisticí maidir le rómheáchan agus murtall i measc leanaí san Eoraip, tá gá le comhoibriú agus tiomantas ó na gníomhaithe uile (23): na riaracháin phoiblí, an earnáil phríobháideach/gnó, na meáin agus institiúidí oideachais, sláinte agus teaghlaigh. Thairis sin, ní mór an fhreagairt chuimsitheach sin a bheith bunaithe ar dhearcadh dearfach lena seachnaítear an stiogmatú.

    5.2.

    Iarrann CESE go n-athnuafaí Plean Gníomhaíochta an Aontais maidir le Murtall i measc Leanaí 2014–2020. Ba cheart díriú ar an méid seo a leanas leis an bplean gníomhaíochta sin: cothú leordhóthanach agus gníomhaíocht choirp a chur chun cinn, timpeallachtaí sláintiúla oideachais agus sóisialta a chothú, cúram sláinte a áirithiú, na grúpaí is leochailí a chosaint, freagracht shóisialta na ngnólachtaí agus earnáil na fógraíochta a mhéid a bhaineann leis an tsláinte a spreagadh agus a chur chun cinn agus comhoibriú idir na riaracháin phoiblí éagsúla a chur chun cinn. Molann CESE bearta a chur chun feidhme, ar bhealach cuimsitheach agus trasearnála, chun na timpeallachtaí ina maireann agus ina bhfásann leanaí agus déagóirí aníos a dheanamh níos sláintiúla.

    5.3.

    Meabhraíonn CESE na moltaí a rinne sé ina Meastóireacht ar scéim scoile an Aontais (24), sna tuairimí uaidh maidir le haistí bia folláine agus inbhuanaithe agus sa Straitéis ón bhfeirm go dtí an forc. Iarrann sé ar an gCoimisiún bearta chun aghaidh a thabhairt ar an murtall i measc leanaí a áireamh sa chéad chreat eile maidir le córais bhia inbhuanaithe, e.g. maidir le lipéadú agus soláthar poiblí.

    5.4.

    Tá CESE á athdhearbhú a thábhachtaí atá sé an daonlathas bia a neartú agus tá sé suite de freisin, mar a chuir sé in iúl i dtuairimí eile, gur cuidiú iad nuálaíochtaí daonlathacha, amhail comhairlí um beartas bia agus cur chun cinn cur chuige rannpháirtíochta, chun cáilíocht agus dlisteanacht a chur chun cinn i gceapadh beartas bia. Molann sé ionstraim a bhunú ar an leibhéal Eorpach, amhail an Chomhairle Eorpach um Beartas Bia.

    5.5.   An timpeallacht mhacra-shóisialta

    5.5.1.

    Molann CESE gníomhaíochtaí na ngníomhaithe uile laistigh den timpeallacht seo a ailíniú chun éiceachóras sóisialta a chruthú lena gcuirfear athrú cultúrtha chun cinn a chuideoidh le héagothromaíochtaí a mhaolú agus lena neartófar stíleanna maireachtála sláintiúla.

    5.5.2.

    Iarrann CESE an athuair go bhforbrófaí bearta chun cumas na gcóras poiblí a mhéadú chun cásanna atá an-leochaileach agus a chuireann bac ar ghlacadh stíleanna maireachtála sláintiúla a chosc agus aghaidh a thabhairt orthu.

    5.5.3.

    Tá CESE á chur i bhfios go láidir gur gá dul chun cinn a dhéanamh maidir le bearta sóisialta lena n-éascaítear athmhuintearas agus comhfhreagracht teaghlaigh, agus lena gcuirtear ar chumas teaghlach rochtain a fháil ar ghníomhaíochtaí sláintiúla, mar aon le níos mó ama a chaitheamh ar na gníomhaíochtaí sin.

    5.5.4.

    Molann CESE go gcuirfí chun cinn straitéisí poiblí lena ráthófar rochtain ar shaoráidí spóirt gan aon idirdhealú agus go n-éascófaí gníomhaíocht choirp chuí. Molann CESE an bhearna inscne agus shóisialta a dhúnadh a mhéid a bhaineann le gníomhaíocht choirp agus aclaíocht fhisiciúil a chleachtadh, mar aon le spásanna cuimsitheacha a áirithiú agus éagsúlacht an tsoláthair a chur chun cinn.

    5.5.5.

    Creideann CESE gur cheart do na riaracháin phoiblí aird níos mó a thabhairt ar an ngné maidir le murtall a chomhrac i bhforbairt, i gcur chun feidhme agus i bhfaireachán na rialachán agus na mbeartas i ngach réimse beartais, agus na tosca cinntitheacha maidir le rómheáchan agus murtall a chur san áireamh sa mhéid sin chomh maith.

    5.5.6.

    Tá CESE á thabhairt dá aire, agus is cúis imní dó é, gur ró-lag iad an chuid is mó de na srianta náisiúnta maidir le cur chun cinn agus fógraíocht bia agus deochanna neamh-mheisciúla do leanaí agus nach leor na tionscnaimh dheonacha atá ann cheana chun leanaí agus déagóirí a chosaint. Measann CESE go bhféadfaí próifíl chothaitheach EDS a úsáid mar bhonn chun fógraíocht ar tháirgí ina bhfuil leibhéal ard siúcra, saille nó salainn a theorannú. Creideann CESE go bhfuil sé tábhachtach foghlaim ó na dea-bhearta agus na dea-chleachtais i dtíortha a léiríonn éifeachtacht na mbeartas éagsúil, lena n-áirítear rialacháin, chun srian a chur ar nochtadh leanaí do chumarsáid tráchtála closamhairc le haghaidh bia agus deochanna ina bhfuil leibhéal ard salainn, siúcra, saille, saille sáithithe nó aigéad tras-sailleach. Is riachtanach freisin urraim a thabhairt i gcónaí do rialacha maidir le huaireanta craolacháin leanaí agus a áirithiú go gcomhlíonfaidh na fógraí uile prionsabal an chruinnis san fhógraíocht. Ba cheart a mheabhrú go molann EDS srian a chur le gach cineál fógraíochta bia atá dírithe ar leanaí.

    5.5.7.

    Measann CESE go bhfuil sé ríthábhachtach go gcuirfeadh na hinstitiúidí borradh faoi thomhaltas bia a mheastar a bheith ina chuid lárnach d’aistí bia sláintiúla agus inbhuanaithe (torthaí agus glasraí úra séasúracha a tháirgtear go háitiúil, piseánaigh, slánghráin agus próitéiní ainmhithe amhail éisc). Mar shampla, d’fhéadfaí na cuspóirí sin a bhaint amach trí bhéim a leagan ar na beartais chur chun cinn a bhaineann le táirgí talmhaíochta an Aontais, trí thairiscintí poiblí a fhorbairt lena gcuirtear chun cinn aistí bia sláintiúla agus inbhuanaithe, nó d’fhéadfaí úsáid a bhaint as dreasachtaí cánach (amhail lacáistí CBL) mar ionstraim chun tacú le ceannach agus tomhaltas bia den sórt sin.

    5.5.8.

    Tá CESE ag tathant freisin ar na Ballstáit agus ar na hoibreoirí gnó bia feabhsuithe ar chomhdhéanamh táirgí a spreagadh chun aistí bia níos sláintiúla a chur chun cinn. Mura laghdaítear roinnt cothaithigh chriticiúla ar bhonn deonach, ba cheart do na rialtais dreasachtaí agus bearta breise a mheas, lena n-áirítear bearta fioscacha céimnitheacha, ag brath ar chion an chothaithigh atá i gceist.

    5.5.9.

    Measann CESE gur gá do na riaracháin phoiblí, laistigh de raon feidhme a n-inniúlachtaí faoi seach, a áirithiú go mbeidh uisce óil ar fáil saor in aisce, trí fhoinsí uisce a bhfuil lipéad cuí orthu a bhunú i spásanna poiblí, ionaid oideachais, spásanna áineasa agus fóillíochta agus i limistéir spóirt.

    5.5.10.

    Creideann CESE gur cheart taighde ar phríomhthosca an rómheáchain agus an mhurtaill, chomh maith le táirgeadh agus scaipeadh eolais ina leith, a chur chun cinn mar ghné straitéiseach le haghaidh gníomhaíocht chomhordaithe i réimse na sláinte.

    5.5.11.

    Ó thaobh an éilimh de, tá CESE á chur i bhfios go láidir arís nach mór do bheartais phoiblí tomhaltóirí a chumhachtú chun aistí bia níos sláintiúla a roghnú, trí oiliúint agus faisnéis a chur ar fáil trí fheachtais múscailte feasachta shimplí agus dhíreacha, nó trí threoirlínte oideolaíocha maidir le cothú a scaipeadh.

    5.5.12.

    Molann CESE cur chuige uile-shochaí a ghlacadh, agus dá bhrí sin, ionstraim a bhunú amhail an Chomhairle Eorpach um Beartas Bia, mar a cuireadh in iúl i roinnt tuairimí ó CESE roimhe seo. Ina theannta sin, molann sé don chomhlacht sin aghaidh a thabhairt ar an murtall i measc leanaí.

    5.6.   Timpeallacht an teaghlaigh

    5.6.1.

    Is feasach do CESE gur i dtimpeallacht an teaghlaigh a chuirtear eolas agus nósanna ar aghaidh, agus gurb í an chéad timpeallacht ina bhfaightear taithí ar an saol laethúil agus ina bhforbraítear na chéad phatrúin iompraíochta (25). Mar sin, iarrann sé go gcuirfí faisnéis chruinn úsáideach ar fáil don phobal maidir lena thábhachtaí atá sé iompar digiteach neamhghníomhach a laghdú, mar aon le nósanna codlata folláine, riachtanais chothaitheacha gach aoise agus gníomhaíocht choirp a chur chun cinn.

    5.6.2.

    Go háirithe, creideann CESE gur cheart cláir agus gníomhaíochtaí a chur i bhfeidhm chun scileanna agus eolas a mhéadú chun meáchan breise i measc leanaí a bhainistiú, chun stiogmatú a sheachaint agus íomhá dhiúltach choirp a chosc. Ar an gcaoi chéanna, measann CESE go bhfuil sé ríthábhachtach oiliúint a chur ar theaghlaigh maidir le húsáid shláintiúil TFCanna (26), go háirithe a mhéid a bhaineann le ham agus ábhar scáileáin.

    5.6.3.

    Mar an gcéanna, tá sé tábhachtach bearta a spreagadh amhail beathú cíche a chur chun cinn, treoirlínte a fhorbairt maidir le beathú comhlántach leanaí diúil, scileanna tuismitheoirí a fheabhsú agus cúrsaí maidir le cócaireacht shláintiúil agus inrochtana a eagrú agus a chur ar fáil go forleathan, go háirithe do theaghlaigh ar ioncam íseal.

    5.7.   Timpeallacht an oideachais

    5.7.1.

    Is áit í timpeallacht an oideachais ina gcaitheann leanaí cuid mhór dá gcuid ama, ní hamháin i gcomhthéacs oideachasúil, ach i gcomhthéacs an ama fóillíochta agus gníomhaíochtaí seach-churaclaim chomh maith.

    5.7.2.

    I ndáil leis sin, tá sé ríthábhachtach go rachfaí i ngleic leis an murtall i measc leanaí ar bhealach dearfach i dtimpeallacht an oideachais, agus go seachnófaí stiogma sóisialta a chruthú agus diúltú don íomhá a d’fhéadfadh a bheith i gceist le steiréitíopaí coirp áirithe. Creideann CESE go bhfuil sé ríthábhachtach íomhá dhearfach choirp a chur chun cinn agus aird ar leith a thabhairt ar aon iompraíocht idirdhealaitheach agus ar aon iompraíocht lena léirítear an tús de neamhord iompraíochta bia.

    5.7.3.

    Anuas air sin, molann CESE go mbeadh an timpeallacht oideachais ina ceann feadhna ar an ngníomhaíocht choirp agus aistí bia sláintiúla a chur chun cinn. Chuige sin, measann sé gurb é ceann de na bearta ba cheart a dhéanamh athrú ó bhonn ar na curaclaim atá ann faoi láthair, chun an t-am a chuirtear i leataobh don ghníomhaíocht choirp a mhéadú, chomh maith le hinfheistíocht a dhéanamh in oideachas cothúcháin, bia agus gastranómach.

    5.7.4.

    Creideann CESE gur príomhghné iad ceaintíní scoile chun nósanna sláintiúla cothúcháin a chur chun cinn i measc leanaí agus déagóirí. Dá bhrí sin, measann sé go bhfuil sé ríthábhachtach a áirithiú go bhfuil siad ar fáil ag gach céim den oideachas agus go bhfuil an aiste bia a thairgtear iontu sláintiúil, cothrom agus ar ardchaighdeán.

    5.8.   Spásanna fóillíochta. Timpeallachtaí uirbeacha sláintiúla a dhearadh

    5.8.1.

    Tá CESE den bharúil gur cheart leas a bhaint as dearadh agus úsáid na timpeallachta fisiciúla (lena n-áirítear scoileanna, córais iompair, comharsanachtaí agus ionaid spóirt) chun deiseanna leordhóthanacha agus sábháilte a chur ar fáil ar mhaithe le gníomhaíochtaí áineasa agus cluichí gníomhacha, maille leis an aclaíocht fhisiciúil (27).

    5.8.2.

    I bhfianaise a bhfuil thuas, tá CESE ag tathant ar na Ballstáit spásanna poiblí agus bonneagar poiblí a leathnú agus a fheabhsú ar bhealach a spreagfar agus a éascófar an tsoghluaisteacht ghníomhach, trí níos mó limistéir coisithe a chruthú agus úsáid rothar a éascú, go háirithe i gcomharsanacht ionad oideachais agus na mbealaí a úsáidtear chun na hionaid sin a bhaint amach. Measann sé freisin gur gá spásanna uirbeacha a chruthú, e.g. limistéir spóirt, clóis súgartha agus spásanna glasa atá inrochtana, sábháilte agus oiriúnach do leanaí agus do dhéagóirí.

    5.8.3.

    Measann CESE go bhfuil sé ríthábhachtach go leathnófaí limistéir ghlasa, páirceanna agus limistéir áineasa don ghníomhaíocht choirp agus go gcuirfí chun cinn úsáid staighrí mar rogha mhalartach soghluaisteachta ar ardaitheoirí nó ar staighrí beo i spásanna fóillíochta, agus go n-éascófaí rochtain saor in aisce ar uisce óil.

    5.9.   An timpeallacht dhigiteach agus chlosamhairc

    5.9.1.

    Tá CESE á mheabhrú a thábhachtaí atá sé Treoir Sheirbhísí na Meán Closamhairc a thrasuí i gceart agus molann sé úsáid a bhaint as an timpeallacht dhigiteach (idir chraoltaí raidió agus teilifíse agus chineálacha nua meán amhail na meáin shóisialta e.g. Instagram agus TikTok) chun stíleanna maireachtála, caidrimh agus iompraíochtaí sláintiúla a chur chun cinn. I ndáil leis an méid sin, iarrann CESE an athuair go mbeadh feachtais fógraíochta amhairc bunaithe ar fheachtais fógraíochta atá dearfach ar bhonn sóisialta (28), dírithe ar leanaí agus a chuireann chun cinn bia agus aistí bia níos sláintiúla, saol gníomhach agus úsáid shláintiúil scáileán.

    5.10.   Timpeallacht na sláinte

    5.10.1.

    Creideann CESE go bhfuil sé ríthábhachtach go gcoimeádfaidh na riaracháin inniúla i réimse na sláinte a gcuid moltaí cothrom le dáta, agus nach mór na moltaí sin a bheith bunaithe ar fhianaise eolaíoch maidir le gníomhaíochtaí agus idirghabhálacha ar léiríodh go bhfuil siad éifeachtach maidir leis an rómheáchan agus an murtall a chosc, aghaidh a thabhairt orthu agus faireachán a dhéanamh orthu.

    5.10.2.

    Ina theannta sin, áiritheofar an méid seo a leanas le cumhdach sláinte uilíoch: rochtain chomhionann ar sheirbhísí cuimsitheacha sláinte, comhairle chórasaithe agus phearsantaithe, mar aon le comhairle maidir le gníomhaíocht choirp agus aistí bia a bhfuil cothromaíocht iontu a chur chun cinn, ar comhairle í a chuirfidh pearsanra sláinte ar fáil do dhaoine atá róthrom nó murtallach nó a d’fhéadfadh a bheith róthrom nó murtallach amach anseo. I ndáil leis sin, ba cheart faireachán a dhéanamh ar stádas sláinte leanaí ón mbreith go dtí an ógántacht, lena n-áirítear faireachán a dhéanamh ar rómheáchan agus murtall, oideachas sláinte a chur chun cinn agus feasacht a mhúscailt maidir le stíleanna maireachtála sláintiúla i measc leanaí agus déagóirí agus a dteaghlach.

    5.10.3.

    Tá sé ríthábhachtach tacaíocht shonrach a chur ar fáil do na teaghlaigh atá leochaileach ar bhonn socheacnamaíoch. Ní mór do ghairmithe sláinte an tacaíocht sin a chur ar fáil agus ní mór di a bheith oiriúnach ó thaobh an chultúir de, praiticiúil agus na teaghlaigh sin a cumhachtú, mar aon le tuismitheoireacht dhearfach a chur chun cinn a mhéid a bhaineann leis an murtall agus an rómheáchan agus na stíleanna maireachtála gaolmhara.

    5.10.4.

    Ina theannta sin, bunaithe ar an litríocht atá ann cheana, measann CESE gur gá dul i dteagmháil go réamhghníomhach le mná torracha agus le lánúineacha ar mhaith leo clann a thosú agus tacaíocht atá tráthúil agus íogair ó thaobh an chultúir de a chur ar fáil dóibh chun stíleanna maireachtála sláintiúla le linn an toirchis agus an bheathaithe cíche a chur chun cinn, mar aon le teachtaireachtaí poiblí chun cothú níos fearr agus gníomhaíocht choirp roimh an nginiúint a chur chun cinn, agus saoráidí a chruthú agus tacaíocht a chothú don bheathú cíche.

    An Bhruiséil, an 13 Iúil 2023.

    Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

    Oliver RÖPKE


    (1)  Tuarascáil mheastóireachta ó CESE: Meastóireacht ar scéim scoile an Aontais.

    (2)  Cuireadh an ceart chun sláinte in iúl den chéad uair i mBunreacht na hEagraíochta Domhanda Sláinte (1946), ina luaitear gur ceann de chearta bunúsacha gach duine é an caighdeán is airde sláinte is féidir a theachtadh. Sa bhrollach a ghabhann leis an mBunreacht, sainmhínítear an tsláinte mar staid iomlán fhisiceach, mheabhrach agus shóisialta agus sonraítear nach neamhláithreacht galair ná éiglíochta amháin atá i gceist léi. Luaitear an tsláinte i nDearbhú Uilechoiteann um Chearta an Duine 1948 mar chuid den cheart chun caighdeán maireachtála leordhóthanach (Airteagal 25). Aithníodh arís í mar cheart daonna in 1966 sa Chúnant Idirnáisiúnta maidir le Cearta Eacnamaíocha, Sóisialta agus Cultúrtha (Airteagal 12).

    (3)  Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Cearta an Linbh, 1989.

    (4)  An Coimisiún Eorpach (2021), Straitéis an Aontais maidir le Cearta an Linbh. COM/2021/142 final: https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/?uri=CELEX:52021DC0142.

    (5)  https://health.ec.europa.eu/system/files/2016-11/childhoodobesity_actionplan_2014_2020_en_0.pdf.

    (6)   Draft recommendations for the prevention and management of obesity over the life course, including potential targets, Páipéar plé ó EDS, 2021. Ar fáil ag: https://cdn.who.int/media/docs/default-source/obesity/who-discussion-paper-on-obesity---final190821.pdf?sfvrsn=4cd6710a_24&download=true.

    (7)  Weihrauch-Blüher, S., Wiegand, S., Risk Factors and Implications of Childhood Obesity, Curr Obes Rep, Nollaig 2018; 7(4):254-259.

    (8)   Report on the fifth round of data collection, 2018–2020, Tionscnamh EDS um Fhaireachas ar an Murtall i measc Leanaí (COSI), Cóbanhávan: Oifig Réigiúnach EDS don Eoraip; 2022.

    (9)  Leis an téarma ‘meáchan breise’ cuimsítear an rómheáchan agus an murtall.

    (10)  Tuarascáil Réigiúnach EDS 2022 maidir le Murtall san Eoraip agus https://www.who.int/europe/news/item/11-05-2021-high-rates-of-childhood-obesity-alarming-given-anticipated-impact-of-covid-19-pandemic.

    (11)  An Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (2012), Population-based Approaches to Childhood Obesity Prevention, An Ghinéiv: EDS.

    (12)  Kansra, A.R., Lakkunarajah, S., Jay, M.S., Childhood and Adolescent Obesity: A Review, 2021; 8:581461.

    (13)  Whiting, S., et. al., Physical Activity, Screen Time, and Sleep Duration of Children Aged 6-9 Years in 25 Countries: An Analysis within the WHO European Childhood Obesity Surveillance Initiative (COSI) 2015-2017, Obes Facts, 2021; 14(1):32-44.

    (14)  Guthold R., Stevens G.A., Riley L.M., Bull F.C., Global trends in insufficient physical activity among adolescents: a pooled analysis of 298 population-based surveys with 1· 6 million participants, Lancet Child Adolesc Heal, 2020; 4(1):23-35.

    (15)  ECFE/an tAontas Eorpach (2022), Health at a Glance: Europe 2022: State of Health in the EU Cycle, Foilsitheoireacht ECFE, Páras.

    (16)   Adolescent obesity and related behaviours: trends and inequalities in the WHO European Region, 2002–2014, Cóbanhávan: Oifig Réigiúnach EDS don Eoraip; 2017.

    (17)  Willett, W. et al., Food in the Anthropocene: the EAT-Lancet Commission on healthy diets from sustainable food systems, 2019, the Lancet, Imleabhar 393, lgh. 447-492.

    (18)  Afshin, Ashkan et al., Health effects of dietary risks in 195 countries, 1990–2017: a systematic analysis for the Global Burden of Disease Study 2017, the Lancet, Volume 393, Issue 10184, 1958-1972.

    (19)   Report on the fifth round of data collection, 2018–2020, Tionscnamh EDS um Fhaireachas ar an Murtall i measc Leanaí (COSI), Cóbanhávan: Oifig Réigiúnach EDS don Eoraip; 2022.

    (20)  Fang, K., Mu, M., Liu, K., He, Y., Screen time and childhood overweight/obesity: A systematic review and meta-analysis, Child Care Health Dev, Meán Fómhair 2019; 45(5):744-753.

    (21)  Haghjoo, P., Siri, G., Soleimani, E., Farhangi, M.A., Alesaeidi, S., Screen time increases overweight and obesity risk among adolescents: a systematic review and dose-response meta-analysis, BMC Primary Care, 2022; 23(1):161.

    (22)   Report on the fifth round of data collection, 2018–2020, Tionscnamh EDS um Fhaireachas ar an Murtall i measc Leanaí (COSI), Cóbanhávan: Oifig Réigiúnach EDS don Eoraip; 2022.

    (23)  Dobbs, R., Sawers, C., Thompson, F., Manyika, J., Woetzel, J.R., Child, P. et al., Overcoming obesity: An initial economic analysis, McKinsey Global Institute, 2014.

    (24)  Tuarascáil mheastóireachta ó CESE: Meastóireacht ar scéim scoile an Aontais.

    (25)  Hebestreit, A., Intemann, T., Siani, A., et al., Dietary Patterns of European Children and Their Parents in Association with Family Food Environment: Results from the I.Family Study, Nutrients, 2017; 9(2):126.

    (26)  Teicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide.

    (27)   Tackling obesity by creating healthy residential environments, EDS, 2007.

    (28)   IO C 190, 5.6.2019, lch. 9.


    Top