EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52022XG0826(01)

Conclúidí ón gComhairle maidir le hobair cosanta sibhialta i gcoinne an athraithe aeráide 2022/C 322/02

ST/7146/2022/INIT

IO C 322, 26.8.2022, p. 2–5 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

26.8.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 322/2


Conclúidí ón gComhairle maidir le hobair cosanta sibhialta i gcoinne an athraithe aeráide

(2022/C 322/02)

MAIDIR LE COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

I bhfianaise an mhéid seo a leanas:

I.   RÉAMHRÁ

1.

Á MHEABHRÚ DI gurb é is aidhm do na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe a leagtar amach i gClár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe, do Chomhaontú Pháras maidir leis an athrú aeráide agus do Chreat Sendai um Laghdú Rioscaí Tubaiste 2015-2030, rioscaí tubaiste aeráide a laghdú;

2.

AG FÉACHAINT d’Airteagal 196 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), lena gcothaítear comhar idir Bhallstáit chun aghaidh a thabhairt ar thubaistí, agus Airteagal 222 CFAE, faoina ngníomhaíonn an tAontas agus na Ballstáit de mheon dlúthpháirtíochta má fhulaingíonn Ballstát tubaiste;

3.

AN TOSAÍOCHT atá tugtha go sainráite ag an Aontas don aistriú glas agus do chosaint na bithéagsúlachta faoin Margadh Glas, an cuspóir maidir le haeráidneodracht dá dtagraítear i Rialachán (AE) 2021/1119, chomh maith leis an tionscadal um Eoraip níos glaise agus níos athléimní, a dtacaíonn an Pacáiste Téarnaimh leis, Eoraip ar fearr an cumas a bheidh inti aghaidh a thabhairt ar dhúshláin atá anois ann agus a bheidh ann amach anseo, lena n-áirítear ina gníomhaíocht sheachtrach, á gcur san áireamh di;

4.

Á CHUR I BHFIOS GO LÁIDIR DI go bhfuil ról méadaitheach ag an Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta (UCPM), a bunaíodh in 2001 agus a treisíodh go háirithe in 2013, in 2019 agus in 2021, i bhfreagairt na hEorpa ar thubaistí nádúrtha agus ar thubaistí de dhéantús an duine, go leagtar síos, leis an leasú a rinneadh le déanaí ar UCPM, spriocanna athléimneachta tubaistí bunaithe ar chásanna reatha agus ar chásanna réamhbhreathnaitheacha, agus go gcuidíonn UCPM le spriocanna foriomlána maoiniúcháin an Aontais a bhaint amach i dtaca leis an aeráid agus leis an mbithéagsúlacht;

5.

Á MHEABHRÚ DI na Conclúidí ón gComhairle an 4 Meitheamh 2009 maidir le feasacht ar an gcosaint shibhialta a mhúscailt, mar aon leis na Conclúidí ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le creat Comhphobail i ndáil le tubaistí a chosc san Aontas Eorpach, agus na Conclúidí ón gComhairle an 3 Deireadh Fómhair 2011 maidir le ról na ngníomhaíochtaí deonacha sa bheartas sóisialta, ina gcuirtear i dtábhacht go dtéann gníomhaíochtaí deonacha chun tairbhe do shaorálaithe, do phobail agus don tsochaí i gcoitinne; cruthú an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh in 2018; a thábhachtaí atá an tsochaí shibhialta agus na saoránaigh maidir leis an tsábháilteacht agus an athléimneacht a fheabhsú; agus gealltanais an Aontais do Bhliain Eorpach na hÓige 2022;

6.

Á MHEABHRÚ DI na Conclúidí ón gComhairle an 3 Meitheamh 2021 maidir le hEoraip aeráid-díonach a chruthú – straitéis nua an Aontais Eorpaigh maidir le hoiriúnú don athrú aeráide, mar aon leis na Conclúidí ón gComhairle an 23 Samhain 2021 maidir le feabhas a chur ar an ullmhacht, an cumas freagartha agus an athléimneacht i leith géarchéimeanna a bheidh ann amach anseo;

7.

Á THABHAIRT DÁ HAIRE gur ríléir iad éifeachtaí an athraithe aeráide agus go bhfuil teagmhais fhoircneacha a bhaineann leis an athrú aeráide ag tarlú níos minice agus ag éirí níos déine agus níos leanúnaí, rud a chuireann leis an mbaol go mbeidh caillteanais shuntasacha ann i dtaca le daoine, ábhair agus an dúlra, agus á chur i dtreis go gcaithfidh na Ballstáit dul i mbun gnímh i dtaca leis sin;

8.

Á AITHINT DI measúnuithe eolaíocha maidir leis an athrú aeráide, mar aon leis na himpleachtaí a bhaineann leis an athrú aeráide agus na rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo, chomh maith le roghanna maidir le hoiriúnú agus maolú arna gcur ar fáil ag Painéal Idir-Rialtasach na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide;

9.

Á AITHINT DI a leochailí atá daonraí agus críocha na hEorpa a mhéid a bhaineann lena n-éagsúlacht, go háirithe maidir le himchuach na Meánmhara, limistéir shléibhtiúla agus foraoiseacha, tuilemhánna, farraigí, cóstaí agus críocha oileánacha, na críocha Artacha agus na réigiúin agus na limistéir uirbeacha is forimeallaí;

10.

Á THABHAIRT DÁ haire an ról nach beag atá ag straitéisí macrairéigiúnacha an Aontais mar cheann de na hionstraimí beartais sheachtraigh lena rachfar i ngleic le tionchair an athraithe aeráide agus lena ndéanfar an athléimneacht a neartú;

II.   DÉANANN COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH AN MÉID SEO A LEANAS:

1.

ATHDHEARBHAÍONN sí prionsabal na dlúthpháirtíochta maidir le haghaidh a thabhairt ar na dúshláin a ghabhann leis an athrú aeráide san Aontas agus ar fud an domhain;

2.

MEABHRAÍTEAR DI an phríomhfhreagracht atá ar na Ballstáit a muintir, an comhshaol agus an mhaoin, lena n-áirítear an oidhreacht chultúrtha, a chosaint;

3.

CUIREANN SÍ I DTÁBHACHT ról na rannpháirtíochta poiblí agus deonaí a chuireann, mar a cuireadh i bhfios i gconclúidí thuasluaite an 3 Deireadh Fómhair 2011, le forbairt na saoránachta gníomhaí, an daonlathais agus an chomhtháthaithe shóisialta, agus, tríd an méid sin a dhéanamh, luachanna bunúsacha agus prionsabail bhunúsacha an Aontais a chur chun feidhme, chomh maith le hathléimneacht i réimse na cosanta sibhialta;

4.

MEASANN SÍ, de thoradh ar an athrú aeráide, nach mór do na Ballstáit agus d’institiúidí an Aontais a bheith ullamh chun dul i ngleic le tubaistí mórscála, ilearnála, trasteorann a bhféadfadh éifeachtaí cascáideacha a bheith acu, a d’fhéadfadh tarlú ag an am céanna agus níos minice, laistigh agus lasmuigh den Aontas, agus a bhféadfadh tionchar mór a bheith ag a n-iarmhairtí ar shaol agus ar ghníomhaíochtaí an duine agus ar an mbithéagsúlacht;

5.

TUGANN SÍ DÁ HAIRE gur gá don Aontas cur chuige córasach níos comhleanúnaí agus níos réamhghníomhaí a fhorbairt chun athléimneacht i leith iarmhairtí an athraithe aeráide a fheabhsú ag gach céim den timthriall bainistithe tubaistí, lena n-áirítear cosc, ullmhacht, freagairt agus téarnamh;

6.

CUIREANN SÍ I BHFIOS GO LÁIDIR a thábhachtaí atá sé eolas, fios gnó agus nuálaíocht a chomhroinnt agus a chomhthiomsú, chomh maith leis na ceachtanna a foghlaimíodh ó na Ballstáit agus ón gCoimisiún;

7.

AITHNÍONN SÍ gur cheart go mbeadh sé d’aidhm ag na bearta atá á ndéanamh ag na Ballstáit agus ag na hinstitiúidí Eorpacha i gcomhthéacs an oiriúnaithe d’éifeachtaí an athraithe aeráide, maidir le straitéis an Aontais i ndáil le hoiriúnú don athrú aeráide, iarrachtaí an Aontais a chomhlánú i réimse an bhainistithe riosca tubaistí;

8.

CUIREANN SÍ I BHFIOS GO LÁIDIR a thábhachtaí atá sé go mbeadh dóthain acmhainneachtaí in-imscartha go hidirnáisiúnta laistigh de na Ballstáit, agus a thábhachtaí atá an Díorma Eorpach um Chosaint Shibhialta (ECPP), agus cúltaca straitéiseach Eorpach d’acmhainneachtaí (rescEU) a bheidh réidh chun freagairt go tapa agus go héifeachtúil ar thubaistí a bhaineann leis an athrú aeráide nuair a sháraíonn scála na héigeandála na féidearachtaí ag tír freagairt uirthi ina haonar;

9.

TUGANN SÍ DÁ HAIRE go bhfuil ról suntasach ag UCPM maidir le bainistiú tubaistí, go neartaíonn sé comhpháirtíochtaí an Aontais agus go rannchuidíonn sé le cultúr Eorpach cosanta sibhialta;

10.

IARRANN SÍ ar na Ballstáit an méid seo a leanas a dhéanamh:

a)

Na rioscaí a bhaineann leis an athrú aeráide sa timthriall bainistithe tubaistí a chur san áireamh, mar shampla leas a bhaint as na huirlisí a bhunaigh an Coimisiún agus an Ghníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil le chéile, amhail an t-ardán Climate-ADAPT;

b)

Obair agus taighde a chothú maidir leis na bealaí ar féidir éifeachtaí an athraithe aeráide a athbhreithniú agus a ionchorprú ina gcórais bainistithe rioscaí tubaistí; obair agus taighde den sórt sin a chomhtháthú i measúnú riosca náisiúnta na mBallstát, measúnú ar an gcumas bainistithe riosca a fhorbairt agus pleanáil an bhainistithe riosca tubaiste a fheabhsú mar a fhoráiltear in Airteagal 6 de Chinneadh Uimh. 1313/2013/AE maidir le Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta;

c)

Tacú le taighde agus nuálaíocht agus iad a chomhthiomsú chun feabhas a chur ar na hacmhainneachtaí náisiúnta um chosaint shibhialta i gcomhthéacs an athraithe aeráide, go háirithe tríd an Líonra Eolais Eorpach um Chosaint Shibhialta (“an Líonra Eolais” anseo feasta), agus sa chomhthéacs sin, trí ionaid barr feabhais, ollscoileanna, taighdeoirí agus pobail théamacha nó ionaid saineolais;

d)

Infheistíocht a spreagadh i dtaighde agus i nuálaíocht i réimse na cosanta sibhialta i gcomhthéacs an athraithe aeráide agus cistiú Eorpach ábhartha a shlógadh;

e)

Gníomhaíochtaí leordhóthanacha maidir le cosc agus le hullmhacht a fhorbairt, lena n-áirítear a áirithiú go mbeidh acmhainneachtaí leordhóthanacha ar fáil, a bheidh dírithe ar na rioscaí a eascraíonn as an athrú aeráide amhail dóiteáin foraoise agus tuilte, ar baol iad araon atá ag dul i méid do shaoránaigh an Aontais;

f)

Féachaint, i ndáil leis sin, le hacmhainneachtaí ECPP agus rescEU a fhorbairt bunaithe, i measc nithe eile, ar chásanna reatha agus réamhbhreathnaitheacha dá bhforáiltear in Airteagal 10 de Chinneadh Uimh. 1313/2013/AE, agus rioscaí arna sainaithint agus rioscaí atá ag teacht chun cinn, agus acmhainneachtaí agus bearnaí foriomlána ar leibhéal an Aontais, go háirithe i réimsí aerchomhrac na ndóiteán foraoise, na dteagmhas ceimiceach, bitheolaíoch, raideolaíoch agus núicléach, na práinnfhreagartha leighis, mar aon le réimsí an iompair agus na lóistíochta. agus dídine;

g)

Oibríochtaí cosanta sibhialta a dhéanamh níos glaise agus níos inbhuanaithe ag gach céim den timthriall bainistithe tubaistí agus taighde, nuálaíocht agus comhroinnt eolais a chur chun cinn;

h)

Tionchair ar an gcomhshaol agus ar an athrú aeráide a chur san áireamh sa chúnamh a chuirtear ar fáil trí UCPM, go háirithe trí acmhainní a chomhthiomsú i gcás inarb iomchuí;

i)

Tacú le hullmhacht agus le hathléimneacht an daonra atá neamhchosanta ar rioscaí a bhaineann leis an athrú aeráide trí fhaisnéis shonrach, oideachas, oiliúint agus cleachtaí a bhféadfadh na leibhéil náisiúnta agus fo-náisiúnta agus fiú gné thrasteorann a bheith i gceist leo, agus aird ar leith á tabhairt ar dhaoine a bhfuil leochaileachtaí sonracha acu;

j)

Eagraíochtaí saorálaithe a neartú mar dhlúthchuid den chosaint shibhialta;

k)

Féachaint, ina leith sin, ar thionscnaimh spontáineacha a chomhthiomsú in oibríochtaí freagartha i gcás inarb iomchuí agus i gcomhordú leis na húdaráis áitiúla;

l)

Béim a chur ar an tábhacht atá le rannchuidiú na saoránach lena sábháilteacht agus lena n-athléimneacht féin, agus spreagadh a thabhairt d’aon tionscnamh atá dírithe ar a rannpháirtíocht ghníomhach i ngníomhaíochtaí deonacha agus i socruithe deonacha don fhreagairt ar thubaistí a luacháil, a aithint agus a chur chun cinn, i gcás inarb iomchuí trí chreat dlíthiúil;

m)

Aird a thabhairt ar ról speisialta na hóige ina leith sin;

n)

An saoránach a chur chun cinn a ghlacann páirt ghníomhach, as a stuaim féin maidir le sábháilteacht nó athléimneacht phearsanta, nó mar chomhalta de struchtúir shibhialta náisiúnta nó áitiúla a chuireann leis an gcosaint shibhialta, trí na trí ghné seo a leanas:

i)

foláirimh a thabhairt: ról agus freagrachtaí na n-institiúidí éagsúla a shoiléiriú maidir le foláirimh spriocdhírithe a eisiúint chuig daoine lena mbaineann, agus úsáid a bhaint freisin as teicneolaíochtaí nua-aimseartha faisnéise agus cumarsáide;

ii)

faisnéis a sholáthar: feasacht phoiblí a mhúscailt maidir leis na rioscaí lena mbaineann, go hairithe sna limistéir is mó atá neamhchosanta ar éifeachtaí an athraithe aeráide, trí fhaisnéis phoiblí a scaipeadh agus gníomhaíochtaí oiliúna a eagrú, lena n-áirítear ar bhonn deonach;

iii)

slógadh: líonraí agus comhlachais saoránach agus saorálaithe a spreagadh a bhfuil baint acu le tionscnaimh chun rioscaí a chosc, freagairt ar thubaistí agus oiliúint gharchabhrach;

o)

A thábhachtaí atá éigeandálaí fadtéarmacha agus na rioscaí méadaitheacha a d’fhéadfadh a bheith ag gabháil leo do chórais cosanta sibhialta ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal Eorpach araon a chur san áireamh;

p)

Tionchar an athraithe aeráide ar ghníomhaíochtaí idirnáisiúnta cosanta sibhialta a mheas, tríd an gcomhar a neartú agus trí thacú le bainistiú tubaistí agus géarchéime;

11.

IARRANN SÍ ar an gCoimisiún an méid seo a leanas a dhéanamh:

a)

Dícheall a dhéanamh“forléargas trasearnálach ar thubaistí nádúrtha agus tubaistí de dhéantús an duine a d’fhéadfadh a bheith i ndán don Aontas” a thabhairt cothrom le dáta go tráthrialta trí thionchair an athraithe aeráide a chur san áireamh, bunaithe ar thuarascálacha measúnaithe riosca náisiúnta na mBallstát;

b)

A áirithiú go gcuirfear tionchair an athraithe aeráide san áireamh go córasach le linn an timthrialla bainistithe tubaistí;

c)

A áirithiú go gcuirfear san áireamh sa UCPM nádúr éagsúil na dtubaistí ar bhealach atá frithghníomhach agus inoiriúnaithe araon agus, nuair is féidir, ar bhealach atá réamhghníomhach;

d)

Cur leis an teacht atá ar shaineolaithe i réimse an chomhshaoil agus an athraithe aeráide lena n-imlonnú faoi UCPM;

e)

Comhlántacht an UCPM le sásraí bainistithe géarchéime eile de chuid an Aontais a chur chun cinn;

f)

Tacú le taighde agus nuálaíocht i réimse na cosanta sibhialta, eadhon trí fhardal den eolas atá ar fáil a bhunú agus an Líonra Eolais, an tIonad Eolais um Bainistíocht Rioscaí Tubaistí agus na hionaid barr feabhais a d’fhéadfaí a chruthú laistigh den chreat sin a shaibhriú, chomh maith leis na hionaid arna gcothabháil ag eagraíochtaí idirnáisiúnta;

g)

Ionstraimí, uirlisí agus ardáin an Aontais maidir le bainistiú tubaistí agus géarchéime agus maidir le cinntí a neartú agus a oiriúnú faoin gComhchóras Cumarsáide agus Faisnéise Éigeandála, faoin bhFaireachlann Eorpach um Thriomach, faoin gCóras Eorpach maidir le Feasacht Tuile, faoin gCóras Eorpach Faisnéise maidir le Dóiteáin Foraoise agus faoi Galileo, Copernicus agus na cláir cumarsáide satailíte rialtais AE;

h)

Feabhas a chur ar chumais réamh-mheasta agus freagartha an Lárionaid Comhordúcháin Práinnfhreagartha, go háirithe trí fhéachaint ar an mbealach a bhféadfaí leas níos fearr a bhaint as nuálaíochtaí teicneolaíochta, lena n-áirítear an intleacht shaorga agus na foinsí sonraí atá ar fáil chun rioscaí tromchúiseacha aeráide a bhrath agus a réamh-mheas;

i)

Oibríochtaí cosanta sibhialta Eorpacha níos glaise agus níos inbhuanaithe a chothú trí thacú le taighde agus nuálaíocht, forléargas a bhunú ar staid na himeartha faoi láthair agus treoracha maidir le dea-chleachtas sa réimse seo a dhréachtú;

j)

Rannpháirtíocht na sochaí sibhialta a chur chun cinn a thuilleadh maidir le cosc a chur ar an athrú aeráide agus freagairt oibríochtúil a thabhairt air trí thacú le rannchuidiú na saoránach lena sábháilteacht agus n-athléimneacht féin agus trí aon tionscnaimh freagartha ar thubaistí atá bunaithe ar shaorálaithe a chur chun cinn, i gcomhordú leis na húdaráis náisiúnta nó fonáisiúnta, lena n-áirítear trí dhámhachtainí Eorpacha;

k)

Cláir oiliúna agus cleachtaí a fhorbairt chun tubaistí a bhaineann leis an gcomhshaol agus leis an aeráid a bhainistiú, lena n-áirítear laistigh de chlár oiliúna an Aontais, agus infhaighteacht saineolais a spreagadh d’fhonn é a imscaradh faoi chuimsiú UCPM;

l)

Féachaint ar shaincheist an athraithe aeráide i ngníomhaíochtaí idirnáisiúnta cosanta sibhialta, lena n-áirítear trí thaithí agus dea-chleachtais a mhalartú le comhpháirtithe, mar shampla sna Balcáin Thiar agus i gcomhthéacs Bheartas Comharsanachta na hEorpa;

12.

IARRANN SÍ ar an gCoimisiún tuarascáil a chur faoi bhráid na Comhairle maidir leis an dul chun cinn a dhéanfar faoi chuimsiú a thuarascálacha tríbhliantúla UCPM, agus iarrann sí ar na Ballstáit cuidiú leis an gCoimisiún sa chúram sin.

Top