EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52022XG0621(02)

Fógra le haghaidh na ndaoine agus an ghrúpa atá faoi réir na mbeart sriantach dá bhforáiltear i gCinneadh (CBES) 2016/1693 ón gComhairle, arna leasú le Cinneadh (CBES) 2022/950 ón gComhairle, agus Rialachán (AE) 2016/1986 ón gComhairle, arna chur chun feidhme le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/949 ón gComhairle lena bhforchuirtear bearta sriantacha breise i gcoinne ISIL (Da’esh) agus Al-Qaeda, agus daoine nádúrtha agus dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí a bhaineann leo 2022/C 238/03

ST/10003/2022/INIT

IO C 238, 21.6.2022, p. 5–5 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

21.6.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 238/5


Fógra le haghaidh na ndaoine agus an ghrúpa atá faoi réir na mbeart sriantach dá bhforáiltear i gCinneadh (CBES) 2016/1693 ón gComhairle, arna leasú le Cinneadh (CBES) 2022/950 ón gComhairle, agus Rialachán (AE) 2016/1986 ón gComhairle, arna chur chun feidhme le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/949 ón gComhairle lena bhforchuirtear bearta sriantacha breise i gcoinne ISIL (Da’esh) agus Al-Qaeda, agus daoine nádúrtha agus dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí a bhaineann leo

(2022/C 238/03)

Tá an fhaisnéis seo a leanas le haghaidh na ndaoine agus an ghrúpa a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2016/1693 ón gComhairle (1), arna leasú le Cinneadh (CBES) 2022/950 ón gComhairle (2), agus in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/1686 ón gComhairle (3), arna chur chun feidhme le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/949 ón gComhairle (4) lena bhforchuirtear bearta sriantacha breise i gcoinne ISIL (Da’esh) agus Al-Qaeda, agus daoine nádúrtha agus dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí a bhaineann leo.

Chinn Comhairle an Aontais Eorpaigh gur cheart na daoine agus an grúpa a luaitear sna hIarscríbhinní thuasluaite a áireamh ar liosta na ndaoine, na ngrúpaí, na ngnóthas agus na n-eintiteas atá faoi réir na mbeart sriantach dá bhforáiltear i gCinneadh (CBES) 2016/1693 agus i Rialachán (AE) 2016/1686.

Cuirtear in iúl do na daoine agus don ghrúpa lena mbaineann gur féidir iarratas a dhéanamh chuig údaráis inniúla an Bhallstáit ábhartha nó na mBallstát ábhartha mar a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/1686, chun údarú a fháil le cistí reoite a úsáid chun freastal ar riachtanais riachtanacha nó chun íocaíochtaí sonracha a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 5 den Rialachán sin.

Féadfaidh na daoine agus an grúpa lena mbaineann iarraidh a chur isteach go bhfaighidís ón gComhairle an ráiteas ar chúiseanna atá le hiad a áireamh ar an liosta thuasluaite. Ba cheart aon iarraidh den chineál sin a sheoladh chuig an seoladh seo a leanas:

Comhairle an Aontais Eorpaigh

An Ardrúnaíocht

RELEX.1

Rue de la Loi/Wetstraat 175

1048 Bruxelles/Brussel

BELGIQUE/BELGIË

Rphost: sanctions@consilium.europa.eu

Féadfaidh na daoine agus an grúpa lena mbaineann, tráth ar bith, iarraidh ar athbhreithniú an chinnidh iad a áireamh ar an liosta, mar aon le doiciméadacht tacaíochta, a chur faoi bhráid na Comhairle, ag an seoladh thuasluaite. I ndáil leis sin, dírítear aird na ndaoine agus an ghrúpa lena mbaineann ar an athbhreithniú rialta a dhéanfaidh an Chomhairle ar an liosta de réir Airteagal 6(2) de Chinneadh (CBES) 2016/1693 agus Airteagal 4(4) de Rialachán (AE) 2016/1686. Chun gur féidir iarrataí a mheas faoin gcéad athbhreithniú eile, ní mór iad a thíolacadh faoin 15 Iúil 2022.

Cuirtear in iúl do na daoine agus don ghrúpa lena mbaineann freisin gur féidir an cinneadh ón gComhairle a chonspóid os comhair Chúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos sa dara mír d’Airteagal 275, agus sa cheathrú agus sa séú mír d’Airteagal 263, den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.


(1)  IO L 255, 21.9.2016, lch. 25.

(2)  IO L 164 I, 20.6.2022, lch. 4.

(3)  IO L 255, 21.9.2016, lch. 1.

(4)  IO L 164 I, 20.6.2022, lch. 1.


Top