|
Bileog Achoimre Feidhmiúcháin (2 leathanach ar a mhéad)
|
|
Measúnú tionchair ar an Dlí maidir le hAthchóiriú Dúlra
|
|
A. An gá atá le beart
|
|
Cén fhadhb atá ann agus cén fáth ar fadhb í ar leibhéal an Aontais?
|
|
Is é an fhadhb atá ann go bhfuil cailliúint na bithéagsúlachta agus díghrádú na n‑éiceachóras fós ag tarlú ar luas lasrach. Mar a leagtar amach sa Chomhaontú Glas don Eoraip, tá sé seo ar cheann de na bagairtí is mó atá le sárú ag an Aontas sna blianta amach romhainn toisc go mbraitheann an tsochaí agus an geilleagar go mór ar na tairbhí a sholáthraíonn éiceachórais shláintiúla. Leis na hathruithe geopholaitiúla san Eoraip, cuireadh i dtábhacht an gá atá le slándáil agus athléimneacht na gcóras bia a chosaint, agus thairis sin, is bagairtí suntasacha fadtéarmacha ar tháirgiúlacht talmhaíochta iad an t‑athrú aeráide agus cailliúint na bithéagsúlachta. Feidhmíonn athchóiriú an dúlra mar bheartas árachais chun inbhuanaitheacht agus athléimneacht fhadtéarmach an Aontais a áirithiú ar fud réimse earnálacha eacnamaíocha. Go dtí seo, áfach, ní leor athchóiriú na n‑éiceachóras ar fud an Aontais chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin sin, agus tá na héiceachórais ag díghrádú i gcónaí. Cé go bhfuil roinnt beartais shonracha ann a rannchuidíonn le hathchóiriú na n‑éiceachóras, tá go leor easnamh ann: easpa spriocanna sonracha sa reachtaíocht atá ann cheana amhail an Treoir maidir le Gnáthóga, an chaoi nach gcumhdaítear roinnt éiceachóras (amhail foraoisí agus agrai-éiceachórais) go cuimsitheach leis an reachtaíocht, agus neamhéifeachtacht na spriocanna deonacha a leagadh síos roimhe seo. Ar an iomlán, ní dhearnadh athchóiriú leordhóthanach ar an scála ná ar leibhéal na hiarrachta is gá mar thoradh ar na hiarrachtaí go dtí seo.
|
|
Cad é ba cheart a bhaint amach?
|
|
Is é an cuspóir sonrach éiceachórais dhíghrádaithe a athchóiriú ar fud an Aontais (e.g. bogaigh, foraoisí, éiceachórais mhuirí, agrai-éiceachórais, aibhneacha agus lochanna agus gnáthóga gláracha) agus go háirithe na héiceachórais sin ag a bhfuil an acmhainneacht is mó carbón a ghabháil agus a stóráil agus tionchar tubaistí nádúrtha a chosc agus a laghdú. Ba cheart go gcuideodh sé sin lena áirithiú go mbeidh bithéagsúlacht an Aontais ar shlí an téarnamh faoi 2030, agus go gcuirfear bearta athchóirithe i bhfeidhm le haghaidh éiceachórais uile an Aontais a bhfuil athchóiriú de dhíth orthu faoi 2050. Is ar leibhéal an Aontais Eorpaigh agus na mBallstát a bheidh na freagrachtaí maidir leis an gcuspóir a bhaint amach. Seo a leanas na cuspóirí oibríochtúla: (a) spriocanna atá ceangailteach ó thaobh dlí a bhunú chun éiceachórais a athchóiriú agus chun iad a choimeád i ndea-bhail, ag obair i gcomhréir leis na hionstraimí dlí atá ann cheana; agus (b) chun creat éifeachtach cur chun feidhme a bhunú ina bhforbróidh na Ballstáit Pleananna Náisiúnta um Athchóiriú maidir leis an mbealach chun na spriocanna a bhaint amach, ina leagfar amach measúnuithe ar bhail, pleanáil athchóirithe, tuairisciú agus maoiniú. Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar na pleananna agus déanfaidh sé measúnú tréimhsiúil ar an dul chun cinn.
|
|
Cad é an breisluach atá le beart a dhéanamh ar leibhéal an Aontais (ceist na coimhdeachta)?
|
|
Tá breisluach ar leibhéal an Aontais mar gheall ar chineál trasteorann dhíghrádú na n‑éiceachóras. Chun cur le reachtaíocht an Aontais atá ann cheana, tá gá le gníomhaíocht chomhordaithe agus chomhleanúnach chun leibhéil shuntasacha athchóirithe a bhaint amach, agus chun an chreidiúnacht is gá a thabhairt don Aontas chun bheith ar thús cadhnaíochta ar an ardán domhanda.
|
|
B. Réitigh
|
|
Cad iad na roghanna lenar féidir na cuspóirí a bhaint amach? An bhfuil rogha thosaíochta ann nó nach bhfuil? Mura bhfuil, cén fáth?
|
|
Rogha 1: glactar leis sa chás bunlíne cur chun feidhme Straitéis Bhithéagsúlachta an Aontais Eorpaigh go dtí 2030 agus cur chun feidhme bheartais ábhartha an Aontais agus na mbeartas ábhartha náisiúnta, gan spriocanna athchóirithe atá ceangailteach ó thaobh dlí a thabhairt isteach. Rogha 2: sprioc uileghabhálach atá ceangailteach ó thaobh dlí chun éiceachórais san Aontas a athchóiriú faoi 2050. Rogha 3: roinnt spriocanna agus oibleagáidí atá sonrach ó thaobh an éiceachórais de agus atá ceangailteach ó thaobh dlí chun réimse leathan éiceachóras a athchóiriú faoi 2030, 2040 agus 2050 (e.g. bogaigh, foraoisí, éiceachórais mhuirí, agrai-éiceachórais, aibhneacha agus lochanna agus gnáthóga gláracha). Is féidir spriocanna breise maidir leis na héiceachórais sin, nach bhfuil faisnéis leordhóthanach ar fáil ina leith go fóill, a thabhairt isteach ag céimeanna níos faide ar aghaidh bunaithe ar mhodheolaíocht uile-Aontais. Rogha 4: is meascán de roghanna 2 agus 3 í: cuspóir uileghabhálach chun dlús a chur leis an dul chun cinn foriomlán lena dtacaíonn spriocanna atá ceangailteach ó thaobh dlí agus atá sonrach don éiceachóras. Is é seo an rogha thosaíochta.
|
|
Cad iad tuairimí na bpáirtithe leasmhara éagsúla? Cé hiad na páirtithe leasmhara éagsúla agus cé na bearta is rogha leo?
|
|
Tacaíonn na páirtithe leasmhara leis an tuairim gur gá i bhfad níos mó a dhéanamh maidir le hathchóiriú agus i dtéarmaí dlíthiúla. Tacaítear leis sin le roinnt tuairimí le haghaidh sprioc uileghabhálach chomh maith le spriocanna atá sonrach don éiceachóras. Tá amhras ar roinnt páirtithe leasmhara, lena n‑áirítear iad siúd atá ag obair le hacmhainní/gnáthóga nádúrtha ar bhonn laethúil (go háirithe foraoiseoirí agus roinnt úsáideoirí talún), faoin mbreisluach le reachtaíocht bhreise.
|
|
C. Tionchar na rogha tosaíochta
|
|
Cad iad tairbhí na rogha tosaíochta (más ann dóibh; murab ann, cad iad tairbhí na bpríomhroghanna)?
|
|
Soláthrófar réimse tairbhí le rogha thosaíochta 4. Ar an gcéad dul síos, tiocfaidh feabhas mór ar staid na bithéagsúlachta agus ar shláinte na n‑éiceachóras ar fud an Aontais. Baineann gnóthachain dhearfacha go tapa leis an gcur chuige céimnithe agus áirithítear cumhdach leathan san fhadtéarma. Mar thoradh ar fheabhsuithe ar shláinte na n‑éiceachóras, tiocfaidh méaduithe suntasacha ar a gcumas roinnt tairbhí a sholáthar amhail maolú ar an athrú aeráide, tionchair tubaistí a chosc agus a laghdú, cáilíocht uisce fheabhsaithe, aer níos glaine, ithreacha níos sláintiúla agus folláine ar an iomlán. Léiríonn an measúnú gur mó i bhfad na tairbhí ná na costais. Is féidir na tairbhí a bhaineann le hathchóiriú a dhéanamh ar réimse leathan tailte portaigh, riasc, foraoisí, fraochmhánna agus scrobarnaí, féarthailte, aibhneacha, lochanna agus gnáthóga gláracha, agus bogaigh cois cósta san Aontas a mheas ag thart ar EUR 1 860 billiún (agus meastar go mbeidh costais thart ar EUR 154 bhilliún i gceist). Meastar freisin go mbeidh tairbhí suntasacha ann do chineálacha eile éiceachóras, amhail éiceachórais mhuirí agus uirbeacha, agus athchóiriú phobail na bpailneoirí.
|
|
Cad iad costais na rogha tosaíochta (más ann dóibh; murab ann, cad iad costais na bpríomhroghanna)?
|
|
Is as athchóiriú na n‑éiceachóras agus as cothabháil na n‑éiceachóras a thiocfaidh na príomhchostais. D’fhéadfadh roinnt costas a bheith ann mar gheall ar ioncaim a ligtear thar ceal, amhail ioncam d’fheirmeoirí, d’úinéirí foraoise nó d’iascairí, agus iad ag aistriú chuig cleachtais níos inbhuanaithe; d’fhéadfaí na costais sin a chumhdach go páirteach nó go hiomlán faoi chistiú ón Aontas agus ó fhoinsí eile. Tá costais riaracháin i gceist leis an rogha thosaíochta freisin chun comhchórais faireacháin a fhorbairt, chun pleananna náisiúnta um athchóiriú a fhorbairt agus a chur chun feidhme, agus chun dul chun cinn a sheiceáil. Bheadh costais i gceist ar leibhéal na mBallstát agus ar leibhéal an Aontais Eorpaigh araon.
|
|
Cén tionchar a imreofar ar FBManna agus ar an iomaíochas?
|
|
San fhadtéarma go háirithe, beidh tionchair dhearfacha ag an rogha thosaíochta ar ghnólachtaí a bhíonn ag brath go díreach ar éiceachórais shláintiúla (níos lú tuilte, triomach, cáilíocht agus cainníocht uisce níos fearr, FBManna a bhfuil baint acu le gníomhaíochtaí athchóirithe), chomh maith le gnó na turasóireachta. Meastar go mbeidh roinnt costas ann d’fheirmeoirí, d’fhoraoiseoirí, agus d’iascairí ó thaobh bainistíocht na talún a athrú, ó iascaireacht laghdaithe, nó trína chur in oiriúint do chleachtais nua.
|
|
An imreofar tionchar suntasach ar bhuiséid náisiúnta agus ar údaráis riaracháin náisiúnta?
|
|
Beidh costais i gceist le hiarrachtaí gníomhacha athchóirithe a dhéanamh, agus le talamh a cheannach agus úinéirí talún, úsáideoirí talún, nó iascairí a chúiteamh as costais bhreise agus ioncam ligthe thar ceal, agus beidh costais riaracháin ar na Ballstáit chun pleananna náisiúnta um athchóiriú a fhorbairt agus a chur i gcrích. Féadfar cuid mhór den 10 % de CAI dá bhforáiltear le haghaidh na bithéagsúlachta faoi 2026 a úsáid chun tacú leis na Ballstáit.
|
|
An mbeidh aon tionchar suntasach eile i gceist?
|
|
Thabharfadh an tAontas dea-shampla san idirbheartaíocht idirnáisiúnta i dtaca leis an mbithéagsúlacht, amhail faoin gCoinbhinsiún maidir leis an mBithéagsúlacht. Tiocfaidh tairbhí i ndáil le simpliú as modhanna coiteanna faireacháin a fhorbairt agus as an athúsáid a d’fhéadfaí a bhaint as sonraí i gcomhthéacsanna eile de chuid an Aontais a bhaineann le faireachán a dhéanamh ar éiceachórais. Beidh an Dlí maidir le hAthchóiriú Dúlra ríthábhachtach freisin chun an Comhaontú Glas don Eoraip a bhaint amach, lena n‑áirítear cuspóirí an Dlí Aeráide, cuspóirí aeráide 2030 agus Straitéis Oiriúnaithe an Aontais.
|
|
Comhréireacht?
|
|
Tá dlí ag a bhfuil cuspóir uileghabhálach maidir leis an athchóiriú agus roinnt spriocanna sonracha lena gcumhdaítear raon leathan éiceachóras i gcomhréir le scála agus méid na gcuspóirí atá le baint amach.
|
|
D. Obair leantach
|
|
Cathain a dhéanfar athbhreithniú ar an mbeartas?
|
|
Meastar go dtiocfadh an gníomh dlíthiúil i bhfeidhm in 2023 agus go ndéanfaí athbhreithniú air faoi 2035. D’fhéadfaí spriocanna ‑breise a áireamh i leasuithe aon uair a bheadh sonraí leordhóthanacha agus eolas leordhóthanach ar fáil. Ar bhonn na sonraí agus na faisnéise a chuirfidh na Ballstáit ar fáil go tráthrialta, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an dul chun i dtreo na cuspóirí a bhaint amach.
|