EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52022PC0662

Togra le haghaidh CINNEADH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le neamhaitheantas do dhoiciméid taistil Rúiseacha a eisítear i réigiúin eachtracha faoi fhorghabháil

COM/2022/662 final

An Bhruiséil,6.9.2022

COM(2022) 662 final

2022/0274(COD)

Togra le haghaidh

CINNEADH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le neamhaitheantas do dhoiciméid taistil Rúiseacha a eisítear i réigiúin eachtracha faoi fhorghabháil


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Forais agus cuspóirí an togra

Mar fhreagairt ar an ionghabháil neamhdhleathach a rinne Cónaidhm na Rúise ar Phoblacht Fhéinrialaitheach na Crimé agus ar chathair Sevastopol in 2014 agus ar na gníomhaíochtaí díchobhsaitheacha leanúnacha in oirthear na hÚcráine, tá an méid seo a leanas déanta cheana féin ag an Aontas Eorpach: (i) smachtbhannaí eacnamaíocha a thabhairt isteach i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise atá ag díchobhsú staid na hÚcráine, rud atá ceangailte le cur chun feidhme neamhiomlán Chomhaontuithe Mhionsc; (ii) smachtbhannaí i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó lena ndéantar bagairt orthu; (iii) smachtbhannaí mar fhreagairt ar ionghabháil neamhdhleathach a rinne Cónaidhm na Rúise ar Phoblacht Fhéinrialaitheach na Crimé agus ar chathair Sevastopol.

Le cinneadh Chónaidhm na Rúise aitheantas mar eintitis neamhspleácha a thabhairt do limistéir d’oblast Donetsk agus oblast Luhansk na hÚcráine nach bhfuil faoi rialú an rialtais agus leis an gcinneadh a rinneadh trúpaí Rúiseacha a chur isteach san Úcráin, ar fogha míleata dífhasaigh é faoi iomláine chríochach na hÚcráine, a ceannasacht agus a neamhspleáchas, tá sárú tromchúiseach déanta ar an dlí idirnáisiúnta agus ar chomhaontuithe idirnáisiúnta, lena n‑áirítear Cairt na Náisiún Aontaithe, Ionstraim Chríochnaitheach Heilsincí, Cairt Pháras agus Meabhrán Bhúdaipeist.

Mar shínitheoir chomhaontuithe Mhionsc, tá freagracht shoiléir dhíreach ar an Rúis obair a dhéanamh chun teacht ar réiteach síochánta. Leis an gcinneadh aitheantas mar eintitis neamhspleácha a thabhairt do na réigiúin in oirthear na hÚcráine nach bhfuil faoi rialú an rialtais, sháraigh an Rúis comhaontuithe Mhionsc, ina sonraítear filleadh iomlán na limistéar sin ar rialú rialtas na hÚcráine.

An 23 Feabhra 2022, tháinig an tAontas ar chomhaontú d’aon toil maidir leis an gcéad phacáiste smachtbhannaí, rud a chuir costas breise ar an Rúis mar fhreagairt ar a gníomhaíochtaí. Áiríodh leo smachtbhannaí aonair, srianta airgeadais, agus srianta ar an gcaidreamh eacnamaíoch idir an tAontas Eorpach agus limistéir d’oblast Donetsk agus oblast Luhansk nach bhfuil faoi rialú an rialtais.

An 24 Feabhra 2022, cháin an Chomhairle Eorpach go neamhbhalbh an fogha míleata a thug an Rúis faoin Úcráin a bhí gan chúis, gan údar agus chuir sí a dlúthpháirtíocht iomlán in iúl leis an Úcráin agus lena muintir mar aon lena comhpháirtithe idirnáisiúnta. Lena gníomhaíochtaí neamhdhleathacha míleata, tá an Rúis ag leanúint den dlí idirnáisiúnta a shárú go trom ó shin, ag déanamh ainghníomhartha i leith dhaonra na hÚcráine agus an bonn á bhaint aici de shlándáil agus de chobhsaíocht na hEorpa agus an domhain. Thairis sin, d’éiligh an Chomhairle Eorpach go gcuirfeadh an Rúis deireadh lena gníomhaíochtaí míleata láithreach, go ndéanfadh sí na fórsaí agus an trealamh míleata uile a tharraingt siar gan choinníoll ó chríoch iomlán na hÚcráine agus iomláine chríochach, ceannasacht agus neamhspleáchas na hÚcráine laistigh dá teorainneacha a aithnítear go hidirnáisiúnta a urramú go hiomlán.  1

Ina dhiaidh sin, ba é freagairt an Choimisiúin pacáistí breise smachtbhannaí, lena náirítear sócmhainní a chalcadh agus toirmisc taistil do dhaoine aonair. Ghlac an tAontas bearta sriantacha freisin maidir leis na hearnálacha airgeadais, fuinnimh, iompair agus teicneolaíochta. Rinne sé bearta breise chomh maith, go háirithe cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe um Eisiúint Víosaí a Éascú 2 a chur ar fionraí go páirteach. Leis an bhfionraí pháirteach sin díríodh ar chatagóirí áirithe de shaoránaigh Rúiseacha, lena náirítear comhaltaí thoscaireachtaí oifigiúla na Rúise, comhaltaí Rialtais agus Parlaimintí náisiúnta agus réigiúnacha agus lucht gnó.

Ó tosaíodh fogha na Rúise faoin Úcráin tá an staid dulta in olcas, agus iarmhairtí tubaisteacha daonnúla do shibhialtaigh agus scriosadh forleathan an phríomhbhonneagair mar thoradh air agus tá an Rúis tar éis a forghabháil iomlán nó páirteach a leathnú go neamhdhleathach i réigiúin thoir agus theas na hÚcráine.

Le héabhlóid dhiúltach bheartas inmheánach na Rúise, arb é is príomhthréith dó cur faoi chois polaitiúil atá ag dul i méid ag an rialtas chun an tord polaitiúil agus eacnamaíoch atá ann faoi láthair a choimeád, tá méadú tagtha ar an difear atá déanta don chaidreamh idir an tAontas Eorpach agus an Rúis. Mar fhreagairt air sin, mhol an Coimisiún, i gcomhthráth leis an togra reatha, an Comhaontú um Eisiúint Víosaí a Éascú idir an tAontas Eorpach agus an Rúis a chur ar fionraí go hiomlán 3 .

Ós rud é nár aithin na Ballstáit ionghabháil neamhdhleathach Phoblacht Fhéinrialaitheach na Crimé agus chathair Sevastopol ag Cónaidhm na Rúise ná réigiúin eile faoi fhorghabháil ag an Rúis san Úcráin, níor aithin na Ballstáit go ginearálta doiciméid taistil arna neisiúint ag údaráis na Rúise sna críocha sin chun víosa a eisiúint agus na teorainneacha seachtracha a thrasnú. Is amhlaidh an cás maidir leis na doiciméid taistil arna neisiúint i gcríocha na hAbcáise agus na hOiséite Theas de chuid na Seoirsia faoi fhorghabháil ag an Rúis. Léirítear na seasaimh sin sa tábla de dhoiciméid taistil aitheanta arna neisiúint ag tríú tíortha 4 , a thugann an Coimisiún cothrom le dáta go minic, bunaithe ar fhógraí na mBallstát.

D’eisigh an Coimisiún treoirlínte do chonsalachtaí na mBallstát san Úcráin agus i gCónaidhm na Rúise maidir le hiarratais ar víosaí Schengen ó chónaitheoirí na Crimé a thaisceadh tar éis don Rúis ionghabháil neamhdhleathach a dhéanamh ar an gCrimé in 2014. Forbraíodh treoirlínte breise in 2016 mar chur chuige comhchoiteann i leith neamhaitheantas catagóirí áirithe gnáthphasanna idirnáisiúnta Rúiseacha arna n‑eisiúint ag údaráis riaracháin na Rúise, údaráis riaracháin a bhunaigh an Rúis sa Chrimé agus in Sevastopol. In 2019, d’ullmhaigh seirbhísí an Choimisiúin agus an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí treoir maidir le conas déileáil le hiarratais ar víosaí arna dtaisceadh ag cónaitheoirí réigiúin Donetsk agus Luhansk na hÚcráine a bhfuil gnáthphasanna idirnáisiúnta Rúiseacha ina seilbh acu. Tá Cónaidhm na Rúise ag leathnú an chleachtais atá ann faoi láthair gnáthphasanna idirnáisiúnta Rúiseacha a dháileadh ar limistéir eile nach bhfuil faoi rialú an rialtais san Úcráin, go háirithe réigiúin Kherson agus Zaporizhzhia. I mí na Bealtaine 2022, thug an Rúis nós imeachta eadóirseachta na Rúise simplithe isteach le haghaidh dílleachtaí linbh ó Dhaon‑Phoblacht Donetsk féindearbhaithe agus ó Dhaon‑Phoblacht Luhansk féindearbhaithe, chomh maith leis an Úcráin. Tá feidhm ag an bhforaithne freisin maidir le leanaí gan cúram tuismitheora agus le daoine atá éagumasach go dlíthiúil agus atá ina n‑áitritheoirí sa dá réigiún sin faoi fhorghabháil.

Is é is aidhm don togra seo a áirithiú nach n‑aithneoidh na Ballstáit doiciméid taistil Rúiseacha a eisítear sna réigiúin eachtracha faoi fhorghabháil nó a eisítear chuig daoine a bhfuil cónaí orthu sna réigiúin eachtracha faoi fhorghabháil, gan beann ar an suíomh geografach, chun víosa a eisiúint agus na teorainneacha seachtracha a thrasnú. Leis an mbeart bunaítear cur chuige comhchoiteann maidir le neamhaitheantas na ndoiciméad taistil sin.

Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

Tá an tionscnamh seo i gcomhréir leis na gníomhaíochtaí a leagtar amach sna conclúidí ón gComhairle Eorpach an 24 Feabhra 2022 agus déanann sé tuilleadh forbartha ar an Treoir do na Ballstáit agus do chonsalachtaí Thíortha Comhlachaithe Schengen i gCónaidhm na Rúise agus san Úcráin maidir leis an mbealach le hiarratais ar víosaí a láimhseáil arna dtaisceadh ag cónaitheoirí i réigiúin Donetsk agus Luhansk na hÚcráine a bhfuil gnáthphasanna idirnáisiúnta Rúiseacha acu, ar pasanna iad a eisíodh tar éis an 24 Aibreán 2019. Comhlánaíonn an togra seo fionraí pháirteach an Chomhaontaithe um Eisiúint Víosaí a Éascú idir an tAontas Eorpach agus an Rúis agus freisin an togra ón gCoimisiún an Comhaontú a chuirtear i láthair i gcomhthráth a chur ar fionraí go hiomlán.

Ní dhéanann an Cinneadh seo difear do chur i bhfeidhm Chinneadh 1105/2011/AE ná d’oibleagáidí na mBallstát faoin gCinneadh sin a mhéid a bhaineann le doiciméid taistil nach bhfuil seasamh glactha ag an Aontas ina leith.

Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Is freagairt bhreise ón Aontas é an togra ar fhogha míleata na Rúise faoin Úcráin agus ar an iallach neamhdhleathach atá á chur ag an Rúis ar dhaoine iarratas a dhéanamh ar phasanna Rúiseacha i réigiúin eachtracha faoi fhorghabháil. Tá an togra ag teacht go hiomlán leis an ráiteas ón Ardionadaí thar ceann an Aontais maidir le hiarrachtaí Chónaidhm na Rúise codanna de chríoch na hÚcráine a chomhtháthú le lámh láidir 5 . Thairis sin, is i gcomhréir le hiarrataí na Comhairle Eorpaí 6 na doiciméid taistil a eisíodh i gcríocha na hOiséite Theas agus na hAbcáise Theas de chuid na Seoirsia faoi fhorghabháil ag an Rúis a chur san áireamh, ar iarrataí iad inar cáintear go láidir cinneadh aontaobhach na Rúise neamhspleáchas na hAbcáise agus na hOiséite Theas a aithint agus inar áitítear ar thíortha eile gan a neamhspleáchas a aithint.

Tá an togra seo gan dochar don cheart chun saorghluaiseachta atá ag saoránaigh den Aontas de réir bhrí Airteagal 20(1) CFAE agus ag náisiúnaigh tríú tír a bhfuil cearta chun saorghluaiseachta acu atá coibhéiseach le cearta shaoránaigh den Aontas, chomh maith le cearta a mbaill teaghlaigh. Le Treoir 2004/38/CE 7 leagtar síos rialacha maidir le teacht isteach náisiúnach tríú tír a bhfuil an ceart chun saorghluaiseachta acu.

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Bunús dlí

Tá an togra bunaithe ar Airteagal 77(2)(a) agus (b) CFAE.

Leis an togra bunaítear oibleagáid ar na Ballstáit gan aitheantas a thabhairt do dhoiciméid taistil arna n‑eisiúint ag údaráis na Rúise i réigiúin eachtracha faoi fhorghabháil nó chuig daoine a bhfuil cónaí orthu sna réigiúin eachtracha faoi fhorghabháil chun víosaí a eisiúint agus teorainneacha seachtracha a thrasnú.

Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach)

Tá gníomhaíocht i réimse na saoirse, na slándála agus an cheartais ar cheann de na réimsí ina roinntear inniúlacht idir an tAontas agus na mBallstát, i gcomhréir le hAirteagal 4(2) CFAE. Dá bhrí sin, tá prionsabal na comhréireachta infheidhme de bhua Airteagal 5(3) CAE, agus de réir an phrionsabail sin ní ghníomhóidh an tAontas ach amháin mura féidir agus a mhéid nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí na gníomhaíochta arna beartú a ghnóthú go leordhóthanach, bíodh sé ar leibhéal lárnach nó ar leibhéal réigiúnach agus áitiúil, ach gur féidir, de bharr fhairsinge nó éifeachtaí na gníomhaíochta arna beartú, na cuspóirí sin a ghnóthú níos fearr ar leibhéal an Aontais.

Go dtí seo, is inniúlacht de chuid an Bhallstáit é aitheantas a thabhairt do dhoiciméid taistil toisc nár fheidhmigh an tAontas a inniúlacht roinnte roimhe sin de bhun Airteagal 77(2)(a) agus (b) CFAE i ndáil le haitheantas a thabhairt do dhoiciméid taistil i réimse an chomhbheartais maidir le víosaí agus na seiceálacha a bhfuil daoine faoina réir agus iad ag trasnú na dteorainneacha seachtracha.

Ní féidir leis na Ballstáit cuspóirí an togra seo a ghnóthú go leordhóthanach astu féin, agus is fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais. Is amhlaidh atá toisc go mbaineann na cuspóirí le neamhbhailíochtú doiciméad taistil a bhfuil gá leo i gcomhthéacs iarratas a chur isteach ar víosa nó theorainneacha seachtracha na mBallstát a thrasnú. Chun sláine limistéar Schengen a áirithiú agus an gá atá le freagairt aonfhoirmeach a áirithiú ar an iallach neamhdhleathach atá á chur ag an Rúis ar dhaoine iarratas a dhéanamh ar phasanna Rúiseacha i réigiúin eachtracha faoi fhorghabháil, éilítear cur chuige comhleanúnach ar fud limistéar Schengen ina iomláine. Gan an togra seo, bheadh aitheantas nó neamhaitheantas na ndoiciméad taistil sin faoi réir cinntí ó Bhallstáit aonair agus d’fhéadfadh neamhréireachtaí móra a bheith ann maidir le víosaí a eisiúint chuig daoine a bhfuil gnáthchónaí orthu i réigiúin faoi fhorghabháil ag an Rúis agus maidir lena gcumas na teorainneacha seachtracha a thrasnú. Leis an mbeart seo, tabharfar deimhneacht dhlíthiúil maidir leis an tsaincheist agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit.

Féadfaidh an tAontas, dá bhrí sin, an beart atá beartaithe a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta.

Comhréireacht

De réir phrionsabal na comhréireachta a leagtar síos in Airteagal 5(4) CAE, ní mór cineál agus déine birt ar leith a bheith ag freagairt do chineál agus do dhéine na faidhbe a sainaithníodh.

Is é is aidhm don bheart comhbheartas víosaí dea-fheidhmiúil agus beartas maidir le seiceálacha ag teorainneacha seachtracha a áirithiú chomh maith le slándáil an Aontais agus a Bhallstát a choimirciú. Is freagairt é an beart atá beartaithe ar an bhfogha míleata a thug an Rúis faoin Úcráin a bhí gan chúis, gan údar. Leis an togra seo, urramaítear go hiomlán ceart ceannasach na mBallstát faoin dlí idirnáisiúnta poiblí maidir le haitheantas stáit. Leis an neamhaitheantas atá beartaithe do dhoiciméid taistil, ní dhéanfar difear do cheart na Stát aon chinneadh a ghlacadh a bhaineann le haitheantas a thabhairt d’aon eintiteas críochach mar phearsantacht idirnáisiúnta an chomhphobail idirnáisiúnta. Thairis sin, ní dhéanfaidh an beart atá beartaithe difear do bhailíocht fhéideartha na ndoiciméad taistil sin i gcomhthéacs céannacht a chruthú in imeachtaí náisiúnta nó in idirghníomhaíochtaí náisiúnta. Dá bhrí sin, bheadh sé faoi na Ballstáit aonair fós a chinneadh cé na cineálacha doiciméad a fhéadfar a sholáthar chun céannacht duine a chruthú.

Ós rud é nach bhfuil aitheantas tugtha ag an Aontas d’ionghabháil neamhdhleathach na Crimé ag Cónaidhm na Rúise nó do réigiúin eile san Úcráin faoi fhorghabháil ag an Rúis, ba cheart go ndéanfaí doiciméid taistil arna n‑eisiúint ag údaráis na Rúise sna críocha sin a neamhbhailíochtú go ríshoiléir le dlí an Aontais chun críocha taistil. Is amhlaidh a bheadh sé i gcás doiciméid taistil a eisítear i críocha na hAbcáise agus na hOiséite Theas de chuid na Seoirsia faoi fhorghabháil ag an Rúis. Ar an gcaoi chéanna, bheadh feidhm ag an mbeart neamhaitheantais seo maidir le gach doiciméad taistil arna n‑eisiúint ag údaráis na Rúise in aon réigiún eachtrach a d’fhéadfadh an Rúis ionradh a dhéanamh air nó a fhorghabháil go neamhdhleathach amach anseo.

An rogha ionstraime

Baineann an togra le neamhaitheantas ar fud Schengen do dhoiciméid taistil arna n‑eisiúint ag údaráis na Rúise i réigiúin eachtracha faoi fhorghabháil i gcomhthéacs an chomhbheartais víosaí agus na seiceálacha a bhfuil daoine faoina réir agus iad ag trasnú na dteorainneacha seachtracha. Agus é á chur san áireamh go bhfuil feidhm ag an ngnáthnós imeachta reachtach agus raon feidhme spriocdhírithe an bhirt atá beartaithe, is iomchuí Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

3.TORTHAÍ Ó MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, Ó CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS Ó MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

Ag an Meitheal um Víosaí de chuid na Comhairle an 13 Iúil 2022, pléadh an tsaincheist maidir le neamhaitheantas dhoiciméid taistil Rúiseacha a eisíodh sna réigiúin eachtracha faoi fhorghabháil. Tar éis chruinniú neamhfhoirmiúil na n‑airí gnóthaí eachtracha (Gymnich) an 31 Lúnasa 2022, thuairiscigh an tArdionadaí gur chomhaontaigh na Ballstáit go polaitiúil ar neamhaitheantas dhoiciméid taistil Rúiseacha a eisíodh sna réigiúin eachtracha faoi fhorghabháil.

Cearta bunúsacha

Leis an mbeart atá beartaithe urramaítear na cearta bunúsacha agus na prionsabail atá leagtha amach i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, go háirithe an tsaoirse chun gluaiseachta agus cónaithe, an gceart chun tearmainn, cearta an linbh agus prionsabail an non‑refoulement agus an neamh‑idirdhealaithe.

Cé go mbeidh sé d’éifeacht ag an mbeart atá beartaithe, go bunúsach, bac a chur ar chatagóirí áirithe náisiúnach tríú tíortha a bheith ag taisteal chuig an Aontas Eorpach toisc nach n‑aithneofar bailíocht a ndoiciméid taistil chun víosa a eisiúint agus na teorainneacha seachtracha a thrasnú, ní hionann an beart agus toirmeasc taistil ar na daoine sin. Forchoimeádann na Ballstáit an ceart víosa a bhfuil bailíocht chríochach theoranta aici a eisiúint agus an greamán víosa a ghreamú de leathán ar leith i gcomhréir le hAirteagail 25 agus 29 de Rialachán (CE) Uimh. 810/2009 agus/nó maolú ar na coinníollacha iontrála dá bhforáiltear in Airteagal 6 de Rialachán (AE) Uimh. 2016/399. Thar aon ní eile, ba cheart do na Ballstáit úsáid a bhaint as an gceart sin chun a áirithiú go n‑urramófar cearta an linbh agus prionsabal an non‑refoulement.

Ní dhéanann an beart atá beartaithe difear don cheart chun tearmainn ná d’acquis tearmainn an Aontais.

Ar deireadh, cé nach n‑aithneofaí na doiciméid taistil arna n‑eisiúint ag an Rúis sna réigiúin eachtracha faoi fhorghabháil chun críocha teacht isteach i limistéar Schengen, ní dhéanfar difear do bhailíocht na ndoiciméad sin mar dhoiciméid aitheantais i gcomhthéacs intíre.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Níl aon impleacht ag an togra maidir le buiséad an Aontais Eorpaigh.

5.EILIMINTÍ EILE

Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

Déanfaidh an Coimisiún faireachán agus meastóireacht ar chur chun feidhme an bhirt atá beartaithe i gcomhthéacs chomhar áitiúil Schengen agus faoi chuimsiú an Choiste um Dhoiciméid Taistil, arna bhunú faoi Airteagal 8 de Chinneadh 1105/2011/AE.

Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

Déantar foráil sa togra maidir le neamhaitheantas dhoiciméid taistil Rúiseacha a eisíodh i réigiúin eachtracha faoi fhorghabháil nó a eisíodh chuig daoine a bhfuil cónaí orthu sna réigiúin eachtracha faoi fhorghabháil chun víosa a eisiúint agus na teorainneacha seachtracha a thrasnú. Ar mhaithe le deimhneacht dhlíthiúil, le soiléireacht agus le trédhearcacht, ba cheart don Choimisiún liosta a bhunú de dhoiciméid taistil Rúiseacha nár cheart a aithint chun críocha taistil isteach i limistéar Schengen. Beidh an liosta sin ar fáil go poiblí ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin mar chuid den tábla maidir le haitheantas na ndoiciméad taistil agus liosta na ndoiciméad taistil arna n‑eisiúint ag tríú tíortha, arna bhunú le Cinneadh 1105/2011/AE.

2022/0274 (COD)

Togra le haghaidh

CINNEADH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le neamhaitheantas do dhoiciméid taistil Rúiseacha a eisítear i réigiúin eachtracha faoi fhorghabháil

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 77(2)(a) agus (b) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Mar fhreagairt ar an ionghabháil neamhdhleathach a rinne Cónaidhm na Rúise ar Phoblacht Fhéinrialaitheach na Crimé agus ar chathair Sevastopol in 2014 agus ar a gníomhaíochtaí díchobhsaitheacha leanúnacha in oirthear na hÚcráine, tá smachtbhannaí eacnamaíocha tugtha isteach ag an Aontas Eorpach cheana féin mar fhreagairt ar ghníomhaíochtaí na Rúise atá ag díchobhsú staid na hÚcráine, rud atá ceangailte le cur chun feidhme neamhiomlán Chomhaontuithe Mhionsc; smachtbhannaí i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó lena ndéantar bagairt orthu; agus smachtbhannaí i ndáil leis an ionghabháil neamhdhleathach a rinne Cónaidhm na Rúise ar Phoblacht Fhéinrialaitheach na Crimé agus ar chathair Sevastopol.

(2)Mar shínitheoir chomhaontuithe Mhionsc, tá freagracht shoiléir dhíreach ar Chónaidhm na Rúise oibriú chun teacht ar réiteach síochánta ar an gcoinbhleacht i gcomhréir leis na prionsabail sin. Leis an gcinneadh aitheantas mar eintitis neamhspleácha a thabhairt do na réigiúin nach bhfuil faoi rialú rialtais in oirthear na hÚcráine, is léir gur sháraigh Cónaidhm na Rúise comhaontuithe Mhionsc, ina sonraítear filleadh iomlán na limistéar sin ar rialú rialtas na hÚcráine.

(3)Le cinneadh Chónaidhm na Rúise aitheantas mar eintitis neamhspleácha a thabhairt do limistéir d’oblast Donetsk agus d’oblast Luhansk na hÚcráine nach bhfuil faoi rialú rialtais agus an cinneadh a rinneadh dá bharr trúpaí Rúiseacha a chur chuig na limistéir sin, baintear an bonn de cheannasacht agus neamhspleáchas na hÚcráine, agus tá sárú tromchúiseach déanta ar an dlí idirnáisiúnta agus ar chomhaontuithe idirnáisiúnta, lena náirítear Cairt na Náisiún Aontaithe, Ionstraim Chríochnaitheach Heilsincí, Cairt Pháras agus Meabhrán Bhúdaipeist.

(4)Ionsaí míleata den sórt atá ag tarlú i dtír a bhfuil teorainn aici leis an Aontas Eorpach, amhail atá tarlaithe san Úcráin agus as ar eascair na bearta sriantacha, tugann an méid sin údar le bearta atá ceaptha chun leasanna slándála bunúsacha an Aontais agus a Bhallstát a chosaint.

(5)Ó rinneadh an ionghabháil neamhdhleathach ar leithinis na Crimé, tá pasanna idirnáisiúnta Rúiseacha eisithe ag an Rúis chuig cónaitheoirí na Crimé. I mí na Bealtaine 2022, thug Cónaidhm na Rúise nós imeachta simplithe um eadóirseacht Rúiseach isteach le haghaidh dílleachtaí linbh ó DhaonPhoblacht Donetsk féindearbhaithe agus ó DhaonPhoblacht Luhansk féindearbhaithe, agus ón Úcráin chomh maith. Tá feidhm ag an bhforaithne freisin maidir le leanaí nach bhfuil cúram tuismitheora acu agus le daoine atá éagumasach de réir an dlí ar cónaitheoirí iad sa dá réigiún sin faoi fhorghabháil. Eisiúint chórasach pasanna Rúiseacha sna réigiúin sin atá faoi fhorghabháil, sin sárú breise ar an dlí idirnáisiúnta agus ar iomláine chríochach, ceannasacht agus neamhspleáchas na hÚcráine.

(6)Dá bhrí sin, i bhfianaise na sáruithe ar an dlí idirnáisiúnta agus an fhogha mhíleata atá déanta ar an Úcráin, agus chun comhbheartas víosaí agus cur chuige comhchoiteann a áirithiú maidir leis na seiceálacha a bhfuil daoine faoina réir agus iad ag trasnú na dteorainneacha seachtracha, aon doiciméad taistil Rúiseach a eisítear i réigiúnacha eachtracha faoi fhorghabháil, nó a eisítear chuig daoine a bhfuil cónaí orthu sna réigiúin sin, níor cheart an doiciméad sin a aithint mar dhoiciméad taistil bailí chun víosa a eisiúint agus chun na teorainneacha seachtracha a thrasnú.

(7)Tá na Ballstáit inniúil agus ba cheart iad a bheith inniúil i gcónaí maidir le doiciméid taistil a aithint chun víosa a eisiúint agus chun cead a thabhairt don sealbhóir na teorainneacha seachtracha a thrasnú i gcás nach bhfuil seasamh glactha ag an Aontas ina leith sin.

(8)Neamhaitheantas do dhoiciméid taistil Rúiseacha chun víosa a eisiúint agus chun na teorainneacha seachtracha a thrasnú, ar doiciméid iad a eisítear i réigiúin eachtracha faoi fhorghabháil nó a eisítear chuig daoine a bhfuil cónaí orthu sna réigiúin sin, ba cheart don neamhaitheantas sin gach réigiún geografach a chumhdach, lena náirítear críocha na hAbcáise agus na hOiséite Theas de chuid na Seoirsia atá faoi fhorghabháil ag an Rúis. Ní dhéanann an neamhaitheantas difear do bhailíocht na ndoiciméad sin chun críoch eile, lena náirítear mar chruthúnas céannachta i gcomhthéacs náisiúnta.

(9)Ar chúiseanna deimhneachta dlíthiúla agus trédhearcachta, ba cheart don Choimisiún liosta a chur ar fáil go poiblí de na doiciméid taistil Rúiseacha a eisítear i réigiúin eachtracha faoi fhorghabháil nó a eisítear chuig daoine a bhfuil cónaí orthu sna réigiúin sin, ar doiciméid iad nár cheart a aitheantas a thabhairt dóibh. Ba cheart an liosta sin a ionchorprú i liosta na ndoiciméad taistil a bunaíodh faoi Chinneadh Uimh. 1105/2011/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 8 , agus sa tábla aitheantais a ghabhann leis ina bhfuil faisnéis maidir le doiciméid taistil aitheanta agus neamhaitheanta, tábla atá ar fáil go poiblí ar líne.

(10)Ní dhéanann an Cinneadh seo difear don cheart chun saorghluaiseachta atá ag saoránaigh den Aontas agus a mbaill teaghlaigh, lena náirítear an fhéidearthacht atá ag na baill teaghlaigh sin dul isteach ar chríoch na mBallstát gan doiciméad taistil bailí de réir bhrí Threoir 2004/38/CE go háirithe agus na gcomhaontuithe maidir le saorghluaiseacht daoine arna dtabhairt i gcrích idir an tAontas agus na Ballstáit, de pháirt amháin, agus tríú tíortha áirithe, de pháirt eile. Le Treoir 2004/38/CE, ceadaítear, faoi na coinníollacha a shonraítear inti, srianta ar an tsaorghluaiseacht ar fhorais an bheartais phoiblí, na slándála poiblí agus na sláinte poiblí.

(11)Urramaíonn an Cinneadh seo cearta bunúsacha agus cloíonn sé leis na prionsabail arna naithint go háirithe i gCairt an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha. Níor cheart don Chinneadh seo difear a dhéanamh don cheart chun tearmainn.

(12)Sealbhóirí na ndoiciméad taistil a ndíríonn an Cinneadh seo orthu nár fheidhmigh a gceart chun iarratas a dhéanamh ar chosaint idirnáisiúnta, coinníonn na Ballstáit an fhéidearthacht cead a thabhairt do na daoine sin dul isteach ar chríoch na mBallstát i gcásanna aonair, rud dá bhforáiltear in Airteagail 25 agus 29 de Rialachán (CE) Uimh. 810/2009 agus Airteagal 6(5) de Rialachán (AE) Uimh. 2016/399.

(13)Is é is cuspóir don Chinneadh seo feidhmiú an chomhbheartais víosaí agus limistéar Schengen a neartú. Ní féidir na cuspóirí sin a bhaint amach más ar a chonlán féin atá gach Ballstát ag gníomhú. Dá bhrí sin, is gá oibleagáid a thabhairt isteach ar leibhéal an Aontais neamhaitheantas a thabhairt do dhoiciméid taistil áirithe chun víosa a eisiúint agus chun na teorainneacha seachtracha a thrasnú. Dá bhrí sin, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Cinneadh seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí a ghnóthú.

(14)I gcomhréir le hAirteagail 1 agus 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Chinnidh seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm. Ós rud é go gcuireann an Cinneadh seo le acquis Schengen, cinnfidh an Danmhairg, i gcomhréir le hAirteagal 4 den Phrótacal sin, laistigh de thréimhse 6 mhí tar éis don Chomhairle cinneadh a dhéanamh ar an gCinneadh seo, an gcuirfidh sí chun feidhme ina dlí náisiúnta é.

(15)Is é atá sa Chinneadh seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen nach bhfuil Éire rannpháirteach iontu 9 ; dá bhrí sin, níl Éire rannpháirteach i nglacadh an Chinnidh seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.

(16)Maidir leis an Íoslainn agus leis an Iorua, is é atá sa Chinneadh seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá Stát sin le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt 10 , ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointí A agus B, de Chinneadh 1999/437/CE ón gComhairle 11 .

(17)Maidir leis an Eilvéis, is é atá sa Chinneadh seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt 12 , ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointí A agus B, de Chinneadh 1999/437/CE, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2008/146/CE ón gComhairle 13 .

(18)Maidir le Lichtinstéin, is é atá sa Chinneadh seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Phrótacail idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin i ndáil le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt 14 , ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointí A agus B, de Chinneadh 1999/437/CE arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2011/350/AE ón gComhairle 15 .

(19)Is é atá in Airteagal 1, pointe (a) den Chinneadh seo, gníomh lena gcuirtear le acquis Schengen nó a bhfuil baint ar bhealach eile aige le acquis Schengen, de réir bhrí Airteagal 3(2) d’Ionstraim Aontachas 2003, Airteagal 4(2) d’Ionstraim Aontachas 2005 agus Airteagal 4(2) d’Ionstraim Aontachas 2011, faoi seach, agus is é atá in Airteagal 1, pointe (b), gníomh lena gcuirtear le acquis Schengen nó a bhfuil baint ar bhealach eile aige le acquis Schengen, de réir bhrí Airteagal 3(1) d’Ionstraim Aontachas 2003, Airteagal 4(1) d’Ionstraim Aontachas 2005 agus Airteagal 4(1) d’Ionstraim Aontachas 2011, faoi seach. 

(20)I bhfianaise a phráinní atá an staid agus láithreacht neamhdhleathach leanúnach na Rúise i réigiúin eachtracha, ba cheart an Cinneadh seo a theacht i bhfeidhm an chéad lá tar éis lá a fhoilsithe,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Doiciméid taistil Rúiseacha a eisítear i réigiúin eachtracha faoi fhorghabháil nó a eisítear chuig daoine a bhfuil cónaí orthu sna réigiúin sin, níor cheart na doiciméid sin a aithint mar dhoiciméid taistil bailí chun na gcríoch seo a leanas:

(a)víosa a eisiúint i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 810/2009;

(b)na teorainneacha seachtracha a thrasnú i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/399.

Airteagal 2

Bunóidh an Coimisiún liosta de na doiciméid taistil Rúiseacha dá dtagraítear in Airteagail 1.

Cuirfear an liosta sin ar fáil don phobal mar chuid de liosta na ndoiciméad taistil arna bhunú le Cinneadh Uimh. 1105/2011/AE.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an chéad lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán    An tUachtarán

(1)    Conclúidí ón gComhairle Eorpach an 24 Feabhra 2022.
(2)    Cinneadh (AE) 2022/333 ón gComhairle.
(3)    Togra le haghaidh Cinneadh ón gComhairle maidir le cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na Rúise i ndáil le heisiúint víosaí do shaoránaigh den Aontas Eorpach agus do shaoránaigh Chónaidhm na Rúise a éascú a chur ar fionraí go hiomlán (COM(2022) 661).
(4)    Doiciméid taistil arna neisiúint ag tríú tíortha agus ag eintitis chríochacha (Cuid I), atá ar fáil ag <https://home-affairs.ec.europa.eu/travel-documentsissuedthirdcountriesandterritorial-entitiesparti_en>.
(5)    Preaseisiúint, ‘An Úcráin: Dearbhú ón Ardionadaí thar ceann an Aontais maidir le hiarrachtaí Chónaidhm na Rúise codanna de chríoch na hÚcráine a chomhtháthú le lámh láidir’, an 3 Meitheamh 2022, ar fáil ag < An Úcráin: Dearbhú ón Ardionadaí thar ceann an Aontais maidir le hiarrachtaí Chónaidhm na Rúise codanna de chríoch na hÚcráine a lánpháirtiú go láidir — Consilium (europa.eu) >.
(6)    Conclúidí ón gCruinniú Urghnách den Chomhairle Eorpach, an 1 Meán Fómhair 2008 (12594/2/08 REV2).
(7)    Treoir 2004/38/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le cearta shaoránaigh den Aontas agus a mbaill teaghlaigh
gluaiseacht agus cónaí faoi shaoirse ar chríoch na mBallstát

lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 1612/68 agus lena
naisghairtear Treoracha 64/221/CEE,
68/360/CEE, 72/194/CEE, 73/148/CEE, 75/34/CEE, 75/35/CEE,

90/364/CEE, 90/365/CEE agus 93/96/CEE (IO L 158, 30.4.2004, lch. 77).
(8)    Cinneadh Uimh. 1105/2011/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir leis an liosta de dhoiciméid taistil a thugann teideal don sealbhóir na teorainneacha seachtracha a thrasnú agus ar doiciméid iad a fhéadfar a fhormhuiniú le víosa, agus maidir le sásra a chur ar bun chun an liosta sin a bhunú, (IO L 287, 4.11.2011, lch. 9).
(9)    Tagann an Cinneadh seo lasmuigh de raon feidhme na mbeart dá bhforáiltear i gCinneadh 2002/192/CE ón gComhairle an 28 Feabhra 2002 maidir leis an iarraidh ó Éirinn a bheith rannpháirteach i roinnt forálacha de acquis Schengen (IO L 64, 7.3.2002, lch. 20).
(10)    IO L 176, 10.7.1999, lch. 36.
(11)    Cinneadh 1999/437/CE ón gComhairle an 17 Bealtaine 1999 maidir le socruithe áirithe i dtaca le cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá Stát sin le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (IO L 176, 10.7.1999, lch. 31).
(12)    IO L 53, 27.2.2008, lch. 52.
(13)    Cinneadh 2008/146/CE ón gComhairle an 28 Eanáir 2008 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe, thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (IO L 53, 27.2.2008, lch. 1).
(14)    IO L 160, 18.6.2011, lch. 21.
(15)    Cinneadh 2011/350/AE ón gComhairle 7 Márta 2011 maidir le tabhairt i gcrích an Phrótacail, thar ceann an Aontais Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin i ndáil le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, a bhaineann le seiceálacha ag na teorainneacha inmheánacha a dhíothú agus le gluaiseacht daoine (IO L 160, 18.6.2011, lch. 19).
Top