Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52022PC0598

Togra le haghaidh CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE maidir le síneadh a chur le stádas comhghnóthais Hochtemperatur-Kernkraftwerk GmbH

COM/2022/598 final

An Bhruiséil,17.11.2022

COM(2022) 598 final

2022/0373(NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir le síneadh a chur le stádas comhghnóthais Hochtemperatur-Kernkraftwerk GmbH


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Forais agus cuspóirí an togra

CÚLRA STAIRIÚIL AR STÁDAS COMHGHNÓTHAIS HKG AGUS AN TIONSCADAIL THTR 300

Ba iad cuspóirí Hochtemperatur-Kernkraftwerk GmbH (HKG) stáisiún cumhachta núicléiche a thógáil, a threalmhú agus a oibriú ag Uentrop (ceantar Unna) i bPoblacht Chónaidhme na Gearmáine. Bhí sé seo le bheith ina imoibreoir ardteochta tóiriam fréamhshamhlacha agus toilleadh de thart ar 300 MWe (THTR 300) ann. Chun an cuspóir sin a bhaint amach, rinne HKG iarratas ar é a bhunú ina Chomhghnóthas.

Chinn an Chomhairle, ar thogra ón gCoimisiún, go raibh reachtanna HKG ag luí le forálacha Chonradh Euratom a bhaineann le Comhghnóthais agus, ag an am sin, go raibh tábhacht bhunúsach ag baint le tionscadal HKG d’fhorbairt an tionscail núicléach sa Chomhphobal agus, dá bhrí sin, dheonaigh sí stádas Comhghnóthais do HKG ar feadh tréimhse 25 bliana ón 1 Eanáir 1974.

Rinne HKG iarratas freisin ar bhuntáistí áirithe atá liostaithe in Iarscríbhinn III a ghabhann le Conradh Euratom.

Ag féachaint don mhéid seo a leanas:

go raibh an stáisiún cumhachta núicléiche le tógáil ag cuibhreannas de ghnóthais an Chomhphobail agus le comhpháirteanna de thionscnamh an Chomhphobail den chuid is mó ar fad;

le tógáil an stáisiúin chumhachta, go bhféadfaí feabhas suntasach a chur ar na próisis theicniúla um leictreachas a ghiniúint ar scála tionsclaíoch;

dá dtabharfaí na buntáistí a liostaítear in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an gConradh do HKG, go bhféadfadh sé an tualach airgeadais a laghdú agus na rioscaí eacnamaíocha a bhaineann go sonrach le gnóthas den sórt sin a theorannú;

Bhí HKG chun an fhaisnéis neamh-inphaitinnithe a bhaileodh sé le linn chur i bhfeidhm thionscadal an stáisiúin cumhachta núicléiche a chur ar fáil don Chomhphobal,

chinn an Chomhairle roinnt de na buntáistí a liostaítear in Iarscríbhinn III a ghabhann le Conradh Euratom a thabhairt, go háirithe i bhfoirm díolúine ó chánacha áirithe. Tugadh na buntáistí sin ar feadh tréimhse dar críoch trí bliana tar éis don ghnóthas glacadh go críochnaitheach leis an stáisiún cumhachta.

Cinntí bunaidh

I mí an Mheithimh 1974 ghlac an Chomhairle, ag gníomhú di ar thograí ón gCoimisiún, dhá chinneadh:

Cinneadh 74/295/Euratom ón gComhairle an 4 Meitheamh 1974 maidir le bunú an Chomhghnóthais Hochtemperatur-Kernkraftwerk GmbH (HKG) 1 ;

Cinneadh 74/296/Euratom ón gComhairle an 4 Meitheamh 1974 maidir le buntáistí a thabhairt don Chomhghnóthas Hochtemperatur-Kernkraftwerk GmbH (HKG) 2 .

Leasuithe ar na cinntí bunaidh

An 11 Iúil 1983 chinn cruinniú ginearálta an Chomhghnóthais caipiteal suibscríofa na cuideachta a mhéadú. Éilíodh sa mhéadú sin go ndéanfaí leasú ar reachtanna an Chomhghnóthais.

D’iarr an Comhghnóthas freisin síneadh a chur leis an díolúine ón ‘Kapitalverkehrsteuer’ a tugadh in 1974 do na sócmhainní a ranníocadh, i gcomhréir leis an méadú caipitil thuasluaite.

Ag féachaint don mhéid seo a leanas:

nach raibh aon éifeacht ag an leasú ar na reachtanna ar na forálacha lena rialaítear an Comhghnóthas agus go raibh sé comhsheasmhach le forbairt an tionscadail;

agus dá gcuirfí síneadh leis an díolúine, go bhféadfaí costais mhaoiniúcháin a laghdú agus, ar an gcaoi sin, teorainn a chur leis na rioscaí eacnamaíocha a bhaineann go sonrach le gnóthas den sórt sin,

i mí Feabhra 1984 ghlac an Chomhairle dhá chinneadh lenar cuireadh cinntí 1974 in oiriúint don mhéadú ar chaipiteal HKG:

Cinneadh 84/104/Euratom ón gComhairle an 21 Feabhra 1984 lena bhformheastar leasú ar Reachtanna an Chomhghnóthais HKG 3

Cinneadh 84/105/Euratom ón gComhairle an 21 Feabhra 1984 lena leasaítear Cinneadh 74/296/Euratom maidir le buntáistí a thabhairt don Chomhghnóthas HKG 4 .

Taifead seirbhíse an stáisiúin cumhachta agus cúiseanna le hathrú cuspóirí

Ar deireadh, thug HKG THTR chuig oibríocht tráchtála an 1 Meitheamh 1987. D’fheidhmigh an stáisiún cumhachta go dtí an 29 Meán Fómhair 1988, nuair a dúnadh é. Le linn na tréimhse sin cuireadh isteach ar oibríochtaí roinnt uaireanta mar gheall ar fhabhtanna.

Mar thoradh ar dheacrachtaí eacnamaíocha, deacrachtaí teicniúla agus deacrachtaí maidir le soláthar eiliminte breosla, mar aon le fadhbanna maidir le húdarú a fháil chun an stáisiún a atosú mar gheall ar éiginnteachtaí airgeadais, glacadh cinneadh an 1 Meán Fómhair 1989 an stáisiún a dhúnadh go cinntitheach láithreach.

Ó shin i leith, is iad seo a leanas cuspóirí an Chomhghnóthais: múchadh an imoibreora, díluchtú croíleacáin, tógáil an iniaimh shábháilte agus an faireachas. An 13 Nollaig 1989 tugadh conradh maidir le díchoimisiúnú rialaithe an tionscadail THTR 300 i gcrích idir na húdaráis Chónaidhme, Stát Nordrhein‑Westfalen, HKG agus a chomhaltaí. Áiríodh leis sin forálacha maidir leis na gnéithe airgeadais.

Iarratais bhreise ina dhiaidh sin ag HKG

Chuaigh na buntáistí cánach a tugadh do HKG le Cinneadh 74/296/Euratom in éag an 31 Bealtaine 1990, trí bliana tar éis don ghnóthas an stáisiún cumhachta a ghlacadh go críochnaitheach an 1 Meitheamh 1987.

Le litreacha dar dáta an 9 Feabhra agus an 6 Márta 1990 chuir comhaltaí HKG iarraidh isteach go ndéanfaí na buntáistí a tugadh a shíneadh go dtí go rachadh stádas Comhghnóthais HKG in éag, agus go ndéanfaí na buntáistí a choigeartú do staid an ghnóthais ag an am, rud a d’fhág gur ghá ranníocaíochtaí airgeadais breise a mheas, chun críocha cánach, mar ranníocaíochtaí sócmhainní.

Bhí clár á chur chun feidhme ag HKG chun an stáisiún cumhachta núicléiche a dhíchoimisiúnú go dtí céim an iniaimh shábháilte agus bheartaigh sí clár faireachais a chur i gcrích, ina dhiaidh sin, ar na suiteálacha núicléacha lena mbaineann.

Mheas an Chomhairle nach raibh coibhéis na gclár sin sa Chomhphobal agus go raibh a gcur chun feidhme tábhachtach, dá bhrí sin, chun taithí úsáideach a chur ar fáil don tionscal núicléach agus d’fhorbairt fuinnimh núicléach sa Chomhphobal amach anseo.

Mheas an Chomhairle freisin go raibh sé inmholta cabhrú le HKG na cláir a chur chun feidhme trína ualach airgeadais a laghdú agus, dá bhrí sin, na buntáistí a thugtar a leathnú.

Le Cinneadh an 16 Samhain 1992, chuir an Chomhairle síneadh leis na buntáistí a tugadh do HKG go dtí dáta éagtha Chinneadh 74/295/Euratom.

An 30 Márta 1998, rinne HKG iarratas don Choimisiún a stádas Comhghnóthais a shíneadh go ceann 25 bliana eile.

Ba é ba chúis leis an iarraidh sin a thábhachtaí a bheadh an taithí a d’fhéadfaí a fháil ó oibríochtaí cinntitheacha dúnta agus díchoimisiúnaithe do thionscal na cumhachta núicléiche sa Ghearmáin, san Eoraip agus ar fud an domhain. Bhí an dearcadh sin ann toisc gurbh é a bhí i THTR 300 an t‑imoibreoir is mó dá chineál ar domhain agus toisc gur cuireadh ar fáil le cumraíocht uathúil an stáisiúin, go háirithe maidir leis an iniamh, deis gan fasach chun taithí a fháil ar thorthaí agus ar chostais an iniaimh.

Chuir HKG in iúl freisin go raibh creat-chomhaontú tugtha i gcrích ag an bPoblacht Chónaidhme, Stát Nordrhein-Westfalen, HKG agus a chomhaltaí an 13 Samhain 1989 d’fhonn an chéim dheireanach den tionscadal THTR 300 a thabhairt chun críche. Leis an gcreat-chomhaontú sin agus leis an leasú atá i gceangal leis an gcomhaontú an 18 Nollaig 1996, rialaítear na céimeanna suas go dtí 2009, lena n‑áirítear na socruithe chun gníomhaíochtaí HKG a mhaoiniú.

Thacaigh an Ghearmáin le hiarraidh HKG agus dúirt sí go raibh Rialtas na Cónaidhme i bhfabhar na buntáistí cánach a deonaíodh a choinneáil.

Ar bhonn na faisnéise a fuair an Coimisiún, mheas sé go raibh na hargóintí ar ghlac an Chomhairle leo in 1992 fós bailí; go háirithe, bhí gníomhaíochtaí an ghnóthais fós mar an gcéanna agus b’ionann an comhthéacs ina ndearna sé iad.

Ós rud é, áfach, nach raibh feidhm ag na socruithe a tugadh i gcrích idir an Phoblacht Chónaidhme, Stát Nordrhein-Westfalen, HKG agus a chomhaltaí chun gníomhaíochtaí HKG a mhaoiniú ach ar feadh tréimhse suas go dtí an 31 Nollaig 2009, mhol an Coimisiún go bhformheasfadh an Chomhairle, i gcomhréir leis an tréimhse a socraíodh idir údaráis na Gearmáine agus HKG, síneadh an stádais Comhghnóthais agus na mbuntáistí a tugadh do HKG don tréimhse chéanna, a mhair go dtí an 31 Nollaig 2009.

Ar bhonn an togra ón gCoimisiún, chuir an Chomhairle síneadh an 7 Bealtaine 2002 leis an stádas Comhghnóthais agus leis na buntáistí a tugadh do HKG go dtí an 31 Nollaig 2009 5 .

Le litir dar dáta an 26 Aibreán 2010, d’iarr Hochtemperatur-Kernkraftwerk GmbH (HKG), Hamm, go ndéanfaí an stádas comhghnóthais a shíneadh tuilleadh, ar stádas comhghnóthais é a bunaíodh ar dtús le Cinneadh 74/295/Euratom, ar cuireadh síneadh leis cheana uair amháin le Cinneadh ón gComhairle an 7 Bealtaine 2002, go ceann 11 bhliain le héifeacht ón 1 Eanáir 1999. Ba cheart na díolúintí ó cháin aistrithe talún, ó cháin talún agus ó cháin tuillimh trádála ar ús fiachais fhadtéarmaigh, a deonaíodh ag an am céanna, a áireamh leis an síneadh sin freisin.

Rinne HKG iarratas ar an stádas a bhí ann cheana a shíneadh thar an 31 Nollaig 2009 go ceann 25 bliana eile. Ina bhonn cirt, chuir HKG i láthair na hargóintí seo a leanas go háirithe:

Le tionscadal stáisiúin cumhachta núicléiche an Imoibreora Ardteochta Tóiriam (THTR) fréamhshamhlacha in Hamm-Uentrop, ghlac HKG air féin tástáil ar scála tionsclaíoch agus tástáil eacnamaíoch a dhéanamh ar theicneolaíocht imoibreora ardteochta ar mhaithe le foráil a dhéanamh maidir le slándáil an tsoláthair fuinnimh sa todhchaí agus san fhadtéarma sa Ghearmáin.

Ní fhéadfaí an t‑eolas a fuarthas ó thaithí ar ghiniúint leictreachais ó fhuinneamh núicléach a theorannú d’fhoirgníocht agus d’oibriú amháin. Ar mhaithe le hiomláine, ba cheart eolas atá carntha ó phleanáil múchta, ón múchadh féin, ó oibriú iniaimh sábháilte agus ó dhíchoimisiúnú (sa chás seo, i dteicneolaíocht imoibreora ardteochta) a chur san áireamh.

I dtuairim HKG, eolas a fuarthas le linn na tréimhse ina ndearnadh an t‑iniamh sábháilte a chothabháil (am iniaimh) agus le linn an díchoimisiúnaithe ina dhiaidh sin, bheadh sé an-tábhachtach don tionscal núicléach san Eoraip agus ar fud an domhain, go háirithe tráth a mbeadh teicneolaíocht imoibreora ardteochta á glacadh arís san obair ar Ghlúin IV agus a mbeadh céimeanna éagsúla an mhúchta le cur san áireamh freisin chun pictiúr foriomlán a fháil (Costas Saolré).

Ba é stáisiún THTR 300 an t‑imoibreoir is mó leapa méaróg ar domhan ina bhfuil soitheach brú imoibreora coincréite réamhstrusaithe (RCRPV) agus frithchaiteoir agus línéar ceirmeach ionsuite agus insliú duchta gáis the.

Le cineál sonrach an stáisiúin a bhí faoi iamh sábháilte, tugadh deis nach raibh ann cheana na sonraí agus na costais a ríomh le haghaidh iniamh sábháilte ‘cuasa-éighníomhach’ stáisiúin ina raibh RCRPV, go háirithe i gcás costais fuinnimh (aeráil, aerthriomú, etc.), costais oibriúcháin, tástáil thréimhsiúil agus deisiúcháin.

Mheas HKG go dtiocfadh torthaí tábhachtacha as díchoimisiúnú an stáisiúin a dhéanfaí i ndeireadh báire, idir obair díchoimisiúnúcháin chianda agus láimhe laistigh den chroí. Ina theannta sin, trí dhromchla inmheánach an RCRPV a scriosadh (ní fhéadfaí an teannas a bhaint as gach teannán scun scan) agus trí dhíchóimeáil 550 Mg de chomhpháirteanna ceirmeacha suiteáilte laistigh den RCRPV atá éillithe go raideolaíoch, bheadh eolas nua ar fáil faoi dhíchoimisiúnú imoibreoirí ardteochta.

Bhí sé d’aidhm ag HKG leanúint de na torthaí sin a chur ar fáil do Bhallstáit an Aontais freisin.

Níor léir fós cén uair a d’fhéadfaí an díchoimisiúnú a dhéanamh – ba thoisc thábhachtach é ag an bpointe sin go mbeadh stór oiriúnach ullmhaithe agus réidh le glacadh a dhéanamh – agus sin an fáth ar iarradh go gcuirfí síneadh 25 bliana leis an stádas comhghnóthais.

Glacadh leis an bpríomhthábhacht d’fhorbairt an tionscail núicléach sa Chomhphobal, a bhí riachtanach chun stádas ‘Comhghnóthas Eorpach’ a dheonú, cheana féin le Cinneadh ón gComhairle an 16 Samhain 1992 maidir le síneadh a chur leis na buntáistí a thugtar don Chomhghnóthas HKG – i.e., tráth a dúnadh stáisiún THTR 300. Aithníodh freisin nach raibh aon chás inchomparáide sa Chomhphobal maidir leis na cláir um an stáisiún cumhachta a dhúnadh suas go dtí céim an iniaimh shábháilte agus chun staid den chineál ‘stáisiún atá faoi iamh sábháilte’ a chaomhnú agus chun monatóireacht a dhéanamh uirthi. Bunaíodh freisin, maidir leis an taithí a thiocfadh as na cláir sin a chur i gcrích, go mbeadh sí úsáideach don tionscal núicléach agus d'fhorbairt fuinnimh núicléach amach anseo sa Chomhphobal.

Leanfadh an tionscadal THTR 300 de chúnamh suntasach a fháil ó Rialtas na Gearmáine agus ó Stát Nordrhein-Westfalen. Leagadh síos an méid sin sa chonradh maidir le díchoimisiúnú rialaithe an tionscadail THTR 300 a tugadh i gcrích in 1989, ar ar a bhonn, inter alia, a íocadh as oibriú fuireachais stáisiún THTR 300 tar éis an 31 Nollaig 2009.

Ina theachtaireacht chuig an gCoimisiún Eorpach, thacaigh rialtas na Gearmáine leis an iarraidh ó HKG an stádas comhghnóthais a leathnú. Mar sin féin, ní raibh an síneadh sin le géilleadh ach go dtí an 31 Nollaig 2017 agus ní ar feadh 25 bliana eile mar a d’iarr HKG, ós rud é go raibh socruithe maoinithe na Gearmáine teoranta go dtí an dáta sin.

Leis an gCinneadh uaithi an 17 Meitheamh 2011 maidir le síneadh a chur le stádas comhghnóthais Hochtemperatur-Kernkraftwerk GmbH (HKG) (2011/362/Euratom) 6 , chinn an Chomhairle an méid seo a leanas:

Cuireadh síneadh ocht mbliana leis an stádas comhghnóthais, de réir bhrí an Chonartha ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, a deonaíodh do Hochtemperatur-Kernkraftwerk GmbH (HKG), le héifeacht ón 1 Eanáir 2010.

Ba é cuspóir HKG clár a chur chun feidhme chun díchoimisiúnú a dhéanamh ar an stáisiún cumhachta núicléiche atá suite in Uentrop (ceantar Unna) i bPoblacht Chónaidhme na Gearmáine, go dtí céim an iniaimh shábháilte agus, ina dhiaidh sin, clár faireachais a chur i gcrích ar na suiteálacha núicléacha atá faoi iamh.

NA FORBAIRTÍ IS DÉANAÍ

Le litir dar dáta an 7 Deireadh Fómhair 2021, d’iarr Hochtemperatur-Kernkraftwerk GmbH (HKG), Hamm, go ndéanfaí an stádas comhghnóthais a shíneadh tuilleadh, ar stádas comhghnóthais é a bunaíodh ar dtús le Cinneadh 74/295/Euratom, ar cuireadh síneadh leis cheana faoi dhó le Cinneadh ón gComhairle an 7 Bealtaine 2002, go ceann 11 bhliain le héifeacht ón 1 Eanáir 1999 agus le Cinneadh ón gComhairle an 17 Meitheamh 2011 go ceann 8 mbliana le héifeacht ón 1 Eanáir 2010. Ba cheart na díolúintí ó cháin aistrithe talún, ó cháin talún agus ó cháin tuillimh trádála ar ús fiachais fhadtéarmaigh, a deonaíodh ag an am céanna, a áireamh leis an síneadh sin freisin. Ina theannta sin, rinne HKG iarratas ar dhíolúine ó gach cáin dhíreach a mbeadh Comhghnóthais, a maoin, a sócmhainní agus a n‑ioncam faoi dhliteanas ina leith murach sin. Rinne sé iarratas chun go gcuirfí an díolúine sin i gcrích ar an mbealach is fairsinge is féidir agus chun go mbeadh sí infheidhme ón 1 Eanáir 2018 ar aghaidh. D'iarr HKG díolúine ó na cánacha díreacha seo a leanas is infheidhme sa Ghearmáin ach, ar mhaithe le soiléireacht, ní mór a lua nach liosta uileghabhálach é an liosta seo:

Körperschaftsteuer (cáin chorparáide),

Solidaritätszuschlag (‘formhuirear dlúthpháirtíochta' i leith cáin chorparáide)

Gewerbesteuer (cáin ghnó áitiúil)

Grunderwerbsteuer (cáin aistrithe talún)

Grundsteuer (cáin talún)

Ráiteas ó Rialtas na Gearmáine maidir leis an iarraidh ó HKG an stádas comhghnóthais a leathnú

Ina theachtaireacht chuig an gCoimisiún Eorpach an 23 Aibreán 2021 agus an 6 Bealtaine 2022, thacaigh rialtas na Gearmáine leis an iarraidh ó HKG an stádas comhghnóthais a leathnú, ar na cúiseanna seo a leanas go háirithe:

Déanfar céim iniaimh shábháilte THTR a shíneadh níos faide ná an tréimhse atá beartaithe faoi láthair. Tá an chéim sin urraithe ó thaobh airgeadais de le socruithe conarthacha idir an Rialtas Cónaidhme, Stát Nordrhein-Westfalen, HKG agus a chomhaltaí go dtí an 31 Nollaig 2022.

Ós rud é go meastar go mbeidh fad neamhghnách le céim iniaimh THTR agus toisc gur déanaí ina dhiaidh sin a dhéanfar an soitheach brú imoibreora coincréite (RCRPV) a dhíchóimeáil, tá sé réasúnta a mheas go mbeidh eolas nua le fáil maidir le díchoimisiúnú saoráidí núicléacha. Ina theannta sin, beidh impleachtaí suntasacha costais ag baint le díchóimeáil an tsoithigh imoibreora ina dhiaidh sin, rud nach bhfuil taithí phraiticiúil leordhóthanach ann ina leith fós. Sna himthosca sin, tá rannpháirtíocht bhreise na cuideachta bainistíochta HKG agus a cuid comhaltaí riachtanach agus, i bprionsabal, tá bonn cirt ábhartha le síneadh a chur leis an stádas ‘Comhghnóthas Eorpach’.

Tá iarrtha ag HKG ar Ard-Stiúrthóireacht Fuinnimh an Choimisiúin síneadh a chur leis an stádas ‘Comhghnóthas Eorpach’ go dtí an 31 Nollaig 2027. Mar sin féin, níl na socruithe maoiniúcháin sceidealaithe faoi láthair ach go dtí deireadh 2022 agus d’athdhearbhaigh Comhairle an Aontais Eorpaigh, ina cinneadh an 17 Meitheamh 2011, gur chúis chinntitheach a bhí i ré den sórt sin chun teorainn a chur le fad na mbuntáistí atá le tabhairt, agus mar sin d’fhormhuinigh Aireacht Airgeadais Stát Nordrhein-Westfalen (FM NRW), a ndéanfadh na buntáistí cánach difear di, an síneadh ar stádas ‘Comhghnóthas Eorpach’ go dtí an 31 Nollaig 2022. Níl aon agús ag an Rialtas Cónaidhme maidir le teorainn ama den sórt sin a shocrú agus, chomh maith leis sin, ní fheiceann an Aireacht Cónaidhme Oideachais agus Taighde (BMBF) aon chúis gur cheart an stádas ‘Comhghnóthas Eorpach’ a dhíchúpláil ó ré an tsocraithe maoinithe a luadh roimhe seo.

Dá réir sin, tá Rialtas na Gearmáine i bhfabhar síneadh a chur le stádas ‘Comhghnóthas Eorpach’ HKG go dtí an 31 Nollaig 2022.

CONCLÚIDÍ

Measann an Coimisiún go bhfuil na hargóintí ar ghlac an Chomhairle leo in 2011 maidir le stádas Comhghnóthais HKG a leathnú fós bailí inniu; go háirithe, tá gníomhaíochtaí an ghnóthais fós mar an gcéanna agus is ionann an comhthéacs ina ndéanann sé iad.

Ní bheidh feidhm ag na socruithe a tugadh i gcrích idir Poblacht Chónaidhme na Gearmáine, Stát Nordrhein-Westfalen, HKG agus a chomhaltaí chun gníomhaíochtaí HKG a mhaoiniú ach ar feadh tréimhse suas go dtí an 31 Nollaig 2022.

Dá bhrí sin, molann an Coimisiún go bhformheasfaidh an Chomhairle, i gcomhréir leis an tréimhse a socraíodh idir údaráis na Gearmáine agus HKG, síneadh an stádais Comhghnóthais go dtí an 31 Nollaig 2022.

2.BUNÚS DLÍ

Le hAirteagal 45 de Chonradh Euratom déantar foráil maidir le Comhghnóthais a bhunú, a shainítear sa Chonradh mar ghnóthais a mbaineann tábhacht bhunúsach leo maidir le forbairt an tionscail núicléach sa Chomhphobal.

Faoi Airteagal 46 de Chonradh Euratom, tá gach tionscadal chun Comhghnóthas a bhunú faoi réir fiosrúcháin ag an gCoimisiún.

Ní mór don Choimisiún aon tionscadal chun Comhghnóthas a bhunú a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, mar aon lena thuairim réasúnaithe ina thaobh.

Faoi Airteagail 47 go 49 de Chonradh Euratom, bunaítear Comhghnóthais le cinneadh ón gComhairle maidir le togra ón gCoimisiún.

3.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Níl aon impleacht bhuiséadach ann do bhuiséad an Aontais.

2022/0373 (NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir le síneadh a chur le stádas comhghnóthais Hochtemperatur-Kernkraftwerk GmbH

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, agus go háirithe Airteagal 49 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Le Cinneadh 74/295/Euratom, bhunaigh an Chomhairle Hochtemperatur-Kernkraftwerk GmbH (“HKG”) mar chomhghnóthas ar feadh tréimhse 25 bliana amhail ón 1 Eanáir 1974.

(2)Ba iad cuspóirí HKG stáisiún cumhachta núicléiche a bhfuil toilleadh de thart ar 300 MWe aige a thógáil, a threalmhú agus a oibriú ag Uentrop (ceantar Unna) sa Ghearmáin.

(3)Tar éis dó a bheith ag feidhmiú ó 1987 go 1988, dúnadh an stáisiún cumhachta núicléiche ar deireadh an 1 Meán Fómhair 1989 mar thoradh ar dheacrachtaí teicniúla agus eacnamaíocha.

(4)Ón 1 Meán Fómhair 1989 is é cuspóir HKG clár a chur chun feidhme chun an stáisiún cumhachta núicléiche a dhíchoimisiúnú go dtí céim an iniaimh shábháilte agus, ina dhiaidh sin, clár faireachais a chur i gcrích ar na suiteálacha núicléacha lena mbaineann.

(5)Le Cinneadh 2011/362/Euratom 7 , chuir an Chomhairle síneadh le stádas HKG mar chomhghnóthas go dtí an 31 Nollaig 2017 chun a chur ar chumas HKG a chláir díchoimisiúnúcháin agus faireachais a thabhairt chun críche, go háirithe tríd an ualach airgeadais a laghdú.

(6)Chomhfhreagair na tréimhsí sínithe d’fhad na socruithe a tugadh i gcrích idir Poblacht Chónaidhme na Gearmáine, Stát Nordrhein-Westfalen, HKG agus a chomhaltaí chun gníomhaíochtaí HKG a mhaoiniú.

(7)Le litir dár dáta an 7 Deireadh Fómhair 2021, d’iarr HKG go gcuirfí síneadh breise leis an stádas comhghnóthais le héifeacht chúlghabhálach ón 1 Eanáir 2018, go dtí an 31 Nollaig 2022, a chomhfhreagraíonn d’fhad na socruithe a tugadh i gcrích idir Poblacht Chónaidhme na Gearmáine, Stát Nordrhein-Westfalen, HKG agus a chomhaltaí chun gníomhaíochtaí HKG a mhaoiniú.

(8)Ba cheart, dá bhrí sin, síneadh a chur le stádas comhghnóthais HKG ar feadh na tréimhse céanna.

(9)Tar éis an 31 Nollaig 2022, tá aon síneadh breise ar stádas Comhghnóthais HKG coinníollach ar iarratas ar cheadúnas díchoimisiúnúcháin a bheith curtha isteach ag HKG.

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1.Leis seo, cuirtear síneadh cúig bliana leis an stádas comhghnóthais, de réir bhrí an Chonartha, a deonaíodh do Hochtemperatur-Kernkraftwerk GmbH (‘HKG’), le héifeacht ón 1 Eanáir 2018.

2.Is é an cuspóir a bheidh ag HKG clár a chur chun feidhme chun díchoimisiúnú a dhéanamh ar an stáisiún cumhachta núicléiche atá suite in Uentrop (ceantar Unna) i bPoblacht Chónaidhme na Gearmáine, go dtí céim an iniaimh shábháilte agus, ina dhiaidh sin, clár faireachais a chur i gcrích ar na suiteálacha núicléacha atá faoi iamh.

Airteagal 2

Dírítear an Cinneadh seo chuig na Ballstáit agus chuig Hochtemperatur-Kernkraftwerk GmbH.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

   Thar ceann na Comhairle

   An tUachtarán

(1)    IO L 165, 20.6.1974, lgh. 7-13
(2)    IO L 165, 20.6.1974, lgh. 14-15
(3)    IO L 58, 29.2.1984, lch. 35
(4)    IO L 58, 29.2.1984, lch. 37
(5)    IO L 123, 2002/355/Euratom, 9.5.2002, lch. 53; IO L 123, 2002/356/Euratom, 9.5.2002, lch. 54
(6)    IO L 163, 23.6.2011, lgh. 24-25
(7)    IO L 163, 23.6.2011, lgh. 24-25
Top