Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52022PC0492

Togra le haghaidh CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais, an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Macadóine Thuaidh maidir le gníomhaíochtaí oibríochtúla a dhéanfaidh an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta i bPoblacht na Macadóine Thuaidh

COM/2022/492 final

An Bhruiséil,23.9.2022

COM(2022) 492 final

2022/0301(NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais, an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Macadóine Thuaidh maidir le gníomhaíochtaí oibríochtúla a dhéanfaidh an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta i bPoblacht na Macadóine Thuaidh


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Forais agus cuspóirí an togra

Ar cheann de chúraimí na Gníomhaireachta Eorpaí um an nGarda Teorann agus Cósta (‘an Ghníomhaireacht’) tá oibriú i gcomhar le tríú tíortha i ndáil leis na réimsí a chumhdaítear leis an Rialachán maidir leis an nGarda Teorann agus Cósta Eorpach (Rialachán (AE) 2019/1896) ‘lena náirítear imscaradh oibríochtúil féideartha foirne bainistithe teorainneacha i dtríú tíortha’ 1 . Go sonrach, ní mór don Ghníomhaireacht, mar chuid den Gharda Teorann agus Cósta Eorpach, bainistiú comhtháite teorainneacha san Eoraip a áirithiú 2 . Comhchuid amháin den bhainistiú sin is ea an comhar le tríú tíortha sna réimsí a chumhdaítear leis an Rialachán maidir leis an nGarda Teorann agus Cósta Eorpach, lena ndírítear go háirithe ar thríú tíortha comharsanachta agus ar thíortha tionscnaimh nó idirthurais i dtaca leis an imirce neamhrialta 3 . Féadfaidh an Ghníomhaireacht oibriú i gcomhar le húdaráis tríú tíortha atá inniúil maidir le hábhair a chumhdaítear leis an Rialachán a mhéid is gá chun a cúraimí a chomhlíonadh 4 agus féadfaidh sí gníomhaíochtaí a bhaineann le bainistiú comhtháite teorainneacha san Eoraip a dhéanamh ar chríoch tríú tír faoi réir comhaontú ón tríú tír sin.

De bhun Airteagal 73(3) de Rialachán (AE) 2019/1896, in imthosca ina bhfuil gá le foirne bainistithe teorainneacha ó bhuanchór an Gharda Teorann agus Cósta Eorpaigh a imscaradh i dtríú tír ina bhfeidhmeoidh na baill de na foirne cumhachtaí feidhmiúcháin, tabharfaidh an tAontas comhaontú stádais i gcrích leis an tríú tír lena mbaineann. Ba cheart an comhaontú stádais sin a bheith bunaithe ar an tsamhail arna tarraingt suas ag an gCoimisiún dá bhforáiltear in Airteagal 76(1) den rialachán céanna. Ghlac an Coimisiún an tsamhail sin an 21 Nollaig 2021 5 .

Ag buaic ghéarchéim na himirce agus na ndídeanaithe san Eoraip, tháinig na céadta míle iarrthóirí tearmainn agus imirceach isteach san Aontas Eorpach trí na Balcáin Thiar, agus Poblacht na Macadóine Thuaidh (‘an Mhacadóin Thuaidh’) suite ar cheann de na príomhbhealaí le haghaidh gluaiseacht mheasctha neamhrialta, ón nGréig go dtí an tSeirbia den chuid is mó. Cé go bhfuil laghdú tagtha ar líon na n‑imirceach atá ag teacht isteach san Aontas Eorpach ó shin i leith, baintear an‑úsáid i gcónaí as an mbealach imirce tríd an Macadóin Thuaidh. Is é 20 874 líon oifigiúil na n‑imirceach neamhrialta a tháinig isteach sa Mhacadóin Thuaidh in 2021. Tá grúpaí coiriúla eagraithe a bhíonn ag smuigleáil daoine fós ag díriú ar dhaoine atá i mbun gluaiseacht neamhrialta. Bíonn na daoine sin i mbaol sáruithe ar chearta an duine ar feadh an bhealaigh. Fuair cúigear imirceach bás in 2021 agus iad ag gluaiseacht sa tír.

In 2017, chuir an Coimisiún Eorpach tús le caibidlíocht leis an Macadóin Thuaidh i ndáil le comhaontú stádais ar bhonn an Rialacháin a bhí ann roimhe seo maidir leis an nGarda Teorann agus Cósta Eorpach (Rialachán (AE) 2016/1624). Tugadh an chaibidlíocht chun críche go rathúil agus chuir an Coimisiún agus an Mhacadóin Thuaidh a n‑inisealacha leis an dréacht‑chomhaontú stádais an 18 Iúil 2018. Níor síníodh an comhaontú stádais láithreach, áfach, agus in 2019, rinneadh an Rialachán thuasluaite a aisghairm agus cuireadh Rialachán (AE) 2019/1896 ina ionad.

An 29 Iúil 2022, fuair an Coimisiún údarú ón gComhairle tús a chur le caibidlíocht leis an Macadóin Thuaidh chun teacht ar chomhaontú maidir le gníomhaíochtaí oibríochtúla a bheidh le déanamh ag an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta sa Mhacadóin Thuaidh. An 25 Lúnasa 2022 rinneadh caibidlíocht idir an Coimisiún Eorpach, thar ceann an Aontais Eorpaigh, agus an Mhacadóin Thuaidh maidir leis an gcomhaontú. Measann an Coimisiún gur gnóthaíodh na cuspóirí a shocraigh an Chomhairle ina treoracha caibidlíochta, agus measann sé go bhfuil an comhaontú inghlactha don Aontas.

Is é atá sa togra le haghaidh Cinneadh ón gComhairle atá i gceangal leis seo, an bunús dlí le haghaidh thabhairt i gcrích an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Macadóine Thuaidh maidir le gníomhaíochtaí oibríochtúla a dhéanfaidh an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta i bPoblacht na Macadóine Thuaidh.

Staid na dtíortha atá comhlachaithe le Schengen

Cuireann an togra seo le acquis Schengen i réimse bhainistiú na dteorainneacha seachtracha. Mar sin féin, níl aon chumhacht ag an Aontas comhaontú stádais a thabhairt i gcrích leis an Macadóin Thuaidh ar bhealach a chuireann ceangal ar an Iorua, an Íoslainn, an Eilvéis agus Lichtinstéin. Maidir leis na gardaí teorann agus baill foirne ábhartha eile a sheolann na tíortha sin chuig an Macadóin Thuaidh, chun a áirithiú go mbainfidh siad leas as an stádas céanna dá bhforáiltear sa chomhaontú stádais a bheidh ann amach anseo, ba cheart a shonrú sna dearbhuithe comhpháirteacha a ghabhann leis an gcomhaontú stádais a inmhianaithe atá sé comhaontuithe comhchosúla a thabhairt i gcrích idir an Mhacadóin Thuaidh agus gach ceann de na tíortha comhlachaithe sin.

Is é atá sa Chinneadh seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen nach bhfuil Éire rannpháirteach iontu, i gcomhréir le Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle; Dá bhrí sin, níl Éire rannpháirteach i nglacadh an Chinnidh seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm. I gcomhréir le hAirteagail 1 agus 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, Prótacal atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Chinnidh seo, agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.

Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Beidh tionchar dearfach ag neartú rialuithe feadh theorainneacha na Macadóine Thuaidh ar bhainistiú theorainneacha seachtracha an Aontais agus ar theorainneacha na Macadóine Thuaidh féin. Bheadh tabhairt i gcrích comhaontaithe stádais ag teacht leis na cuspóirí agus na tosaíochtaí níos leithne maidir le comhar mar a leagtar amach iad i gComhaontú Cobhsaíochta agus Comhlachais an Aontais Eorpaigh leis an Macadóin Thuaidh 6 .

D’fhéadfadh tabhairt i gcrích comhaontaithe stádais tacú le hiarrachtaí agus gealltanais níos leithne an Aontais Eorpaigh freisin chun tuilleadh forbartha a dhéanamh ar chumais ar mhaithe le rannchuidiú le bainistiú na freagartha ar ghéarchéimeanna agus ar mhaithe leis an gcóineasú a chur chun cinn maidir le hábhair eachtracha agus ábhair shlándála idir an tAontas agus an Mhacadóin Thuaidh.

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Bunús dlí

Is é Airteagal 77(2)(b) agus (d) agus Airteagal 79(2)(c) CFAE i gcomhar le hAirteagal 218(6)(a) CFAE bunús dlí an togra seo.

Déantar foráil shainráite maidir le hinniúlacht an Aontais Eorpaigh comhaontú stádais a thabhairt i gcrích in Airteagal 73(3) de Rialachán (AE) 2019/1896, ina luaitear ‘[i]n imthosca ina bhfuil gá le foirne bainistithe teorainneacha ón mbuanchór a imscaradh i dtríú tír ina bhfeidhmeoidh na baill de na foirne cumhachtaí feidhmiúcháin, tabharfaidh an tAontas comhaontú stádais [...] i gcrích leis an tríú tír lena mbaineann’.

De bhun Airteagal 3(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, beidh inniúlacht eisiach ag an Aontas comhaontú idirnáisiúnta a thabhairt i gcrích nuair a fhorálfar dá thabhairt i gcrích i ngníomh reachtach de chuid an Aontais. Déantar foráil in Airteagal 73(3) de Rialachán (AE) 2019/1896 maidir le comhaontú stádais ‘an tAontas do thabhairt i gcrích leis an tríú tír lena mbaineann’. Dá bhrí sin, tagann an comhaontú atá le tabhairt i gcrích leis an Macadóin Thuaidh faoi chumhacht eisiach an Aontais Eorpaigh. I gcomhréir le hAirteagal 73(3) de Rialachán (AE) 2019/1896, is ar bhonn an tsamhail-chomhaontaithe a ghlac an Coimisiún a bheidh an comhaontú stádais atá beartaithe a mhéid a bhaineann leis na gnéithe nua, agus an tráth céanna cuirfear le téacs an chomhaontaithe a baineadh amach cheana leis an Macadóin Thuaidh in 2018.

Coimhdeacht agus comhréireacht

An gá atá le cur chuige coiteann

Le comhaontú stádais, beidh an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta in ann foirne den Gharda Teorann agus Cósta Eorpach a imscaradh chuig an Macadóin Thuaidh, agus leas á bhaint as na féidearthachtaí uile a chuirtear ar fáil le Rialachán (AE) 2019/1896. D’uireasa uirlise den sórt sin, ní féidir ach imscaradh déthaobhach ó na Ballstáit a úsáid chun bainistiú comhtháite teorainneacha san Eoraip a fhorbairt agus a chur chun feidhme agus chun tacú leis an Macadóin Thuaidh bainistiú a dhéanamh ar an líon suntasach imirceach atá ag iarraidh idirthuras a dhéanamh trína críoch. Dá bhrí sin, tá gá le cur chuige coiteann chun teorainneacha na Macadóine Thuaidh a bhainistiú ar bhealach níos fearr.

3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

Ós rud é gur comhaontú nua a bheidh ann, ní fhéadfaí aon mheastóireacht ná seiceálacha oiriúnachta a dhéanamh ar na hionstraimí atá ann cheana. Níl aon ghá le measúnú tionchair chun comhaontú stádais a chaibidliú.

Cearta bunúsacha

I gcomhréir le haithris 88 de Rialachán (AE) 2019/1896, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar staid na gceart bunúsach is ábhartha do na réimsí a chumhdaítear leis an gcomhaontú stádais sa Mhacadóin Thuaidh agus cuirfidh sé Parlaimint na hEorpa ar an eolas faoi sin.

Sa chomhaontú atá beartaithe beidh bearta praiticiúla a bhaineann le hurramú na gceart bunúsach, agus áiritheofar leis go ndéanfar cearta bunúsacha a urramú go hiomlán le linn gníomhaíochtaí a eagraítear ar bhonn an chomhaontaithe. Leis an gcomhaontú déanfar foráil maidir le sásra gearán atá neamhspleách agus éifeachtach i gcomhréir le forálacha ábhartha Rialachán (AE) 2019/1896 chun faireachán a dhéanamh ar urraim do chearta bunúsacha sna gníomhaíochtaí uile a eagraítear ar bhonn an chomhaontaithe agus chun an urraim sin a áirithiú.

Cosaint sonraí

Rachfar i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí maidir le forálacha an chomhaontaithe stádais a bhaineann le tarchur sonraí má tá difear nach beag idir na forálacha sin agus forálacha an tsamhail-chomhaontaithe stádais.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Níl aon impleacht airgeadais ag baint leis an gcomhaontú stádais ann féin. Beidh costais ar bhuiséad na Gníomhaireachta i gceist le himscaradh foirne gardaí teorann ar bhonn plean oibríochtúil. Oibríochtaí a dhéanfar amach anseo faoi chomhaontú stádais, déanfar iad a mhaoiniú trí acmhainní dílse na Gníomhaireachta dá bhforáiltear i dtimthriall buiséadach bliantúil an Aontais.

Is cuid de bhuiséad an Aontais cheana féin é ranníocaíocht an Aontais Eorpaigh le haghaidh na Gníomhaireachta Eorpaí um an nGarda Teorann agus Cósta faoi mar atá leagtha amach sna Conclúidí ón gComhairle a ghabhann leis an gComhaontú maidir leis an gCreat Airgeadais Ilbhliantúil.

5.EILIMINTÍ EILE

Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

Áiritheoidh an Coimisiún go ndéanfar faireachán cuí ar chur chun feidhme an chomhaontaithe stádais.

2022/0301 (NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais, an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Macadóine Thuaidh maidir le gníomhaíochtaí oibríochtúla a dhéanfaidh an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta i bPoblacht na Macadóine Thuaidh

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 77(2)(b) agus (d) agus Airteagal 79(2)(c), i gcomhar le hAirteagal 218(6)(a) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Ag féachaint don toiliú ó Pharlaimint na hEorpa 7 ,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)I gcomhréir le Cinneadh 2022/XXX ón gComhairle an […], an Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Macadóine Thuaidh maidir le gníomhaíochtaí oibríochtúla a dhéanfaidh an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta i bPoblacht na Macadóine Thuaidh (an ‘Comhaontú’), shínigh […] an Comhaontú sin an […..], faoi réir a thabhairt i gcrích tráth is faide anonn.

(2)De bhun Airteagal 73(3) de Rialachán (AE) 2019/1896 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 8 , in imthosca ina bhfuil gá le foirne bainistithe teorainneacha ó bhuanchór an Gharda Teorann agus Cósta Eorpaigh a imscaradh i dtríú tír ina bhfeidhmeoidh na baill de na foirne cumhachtaí feidhmiúcháin, tabharfaidh an tAontas comhaontú stádais i gcrích leis an tríú tír lena mbaineann ar bhonn Airteagal 218 den Chonradh.

(3)Is é atá sa Chinneadh seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen nach bhfuil Éire rannpháirteach iontu, i gcomhréir le Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle 9 ; Dá bhrí sin, níl Éire rannpháirteach i nglacadh an Chinnidh seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.

(4)I gcomhréir le hAirteagail 1 agus 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge 10 , Prótacal atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Chinnidh seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm. Ós rud é go gcuireann an Cinneadh seo le acquis Schengen, cinnfidh an Danmhairg, i gcomhréir le hAirteagal 4 den Phrótacal sin, laistigh de thréimhse 6 mhí tar éis don Chomhairle cinneadh a dhéanamh ar an gCinneadh seo, an gcuirfidh sí chun feidhme ina dlí náisiúnta é.

(5)Ba cheart an Comhaontú a fhormheas thar ceann an Aontais,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leis seo, formheastar, thar ceann an Aontais, an Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Macadóine Thuaidh maidir leis na gníomhaíochtaí oibríochtúla a dhéanfaidh an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta i bPoblacht na Macadóine Thuaidh (an ‘Comhaontú’) 11 .

Airteagal 2

Tabharfaidh an Coimisiún, thar ceann an Aontais Eorpaigh, an fógra dá bhforáiltear in Airteagal 22(1) den Chomhaontú, chun toiliú an Aontais a bheith faoi cheangal ag an gComhaontú a chur in iúl.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a ghlactha 12 .

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

   Thar ceann na Comhairle

   An tUachtarán

(1)    Airteagal 10(1)(u) de Rialachán (AE) 2019/1896 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Samhain 2019 maidir leis an nGarda Teorann agus Cósta Eorpach.
(2)    Airteagal 71(1) de Rialachán (AE) 2019/1896.
(3)    Airteagal 3(g) de Rialachán (AE) 2019/1896.
(4)    Airteagal 73(1) de Rialachán (AE) 2019/1896.
(5)    Teachtaireacht COM(2021) 829 - Samhail-chomhaontú stádais dá dtagraítear i Rialachán (AE) 2019/1896 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Samhain 2019 maidir leis an nGarda Teorann agus Cósta Eorpach agus lena naisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1052/2013 agus (AE) 2016/1624.
(6)     http://data.europa.eu/eli/agree_internation/2004/239(2)/2021-09-09 .
(7)    IO C, , lch. .
(8)    Rialachán (AE) 2019/1896 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Samhain 2019 maidir leis an nGarda Teorann agus Cósta Eorpach agus lena naisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1052/2013 agus (AE) 2016/1624 (IO L 295, 14.11.2019, lch. 1).
(9)    Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle an 28 Feabhra 2002 maidir leis an iarraidh ó Éirinn a bheith rannpháirteach i roinnt forálacha de acquis Schengen (IO L 64, 7.3.2002, lch. 20).
(10)    Prótacal (Uimh. 22) maidir le seasamh na Danmhairge, IO C 326, 26.10.2012, lgh. 299-303.
(11)    Foilsítear téacs an Chomhaontaithe in IO L, lch. .
(12)    Foilseoidh Ardrúnaíocht Chomhairle an Aontais Eorpaigh dáta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.    
Top

An Bhruiséil,23.9.2022

COM(2022) 492 final

IARSCRÍBHINN

a ghabhann leis an

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais, an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Macadóine Thuaidh maidir le gníomhaíochtaí oibríochtúla a dhéanfaidh an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta i bPoblacht na Macadóine Thuaidh

















COMHAONTÚ IDIR  

AN tAONTAS EORPACH

AGUS

POBLACHT NA MACADÓINE THUAIDH

MAIDIR LE

GNÍOMHAÍOCHTAÍ OIBRÍOCHTÚLA A DHÉANFAIDH

AN GHNÍOMHAIREACHT EORPACH UM AN nGARDA TEORANN AGUS CÓSTA 
I

bPOBLACHT NA MACADÓINE THUAIDH

Tá an tAontas Eorpach,

agus Poblacht na Macadóine Thuaidh,

dá ngairtear ‘Páirtí’ orthu ar leithligh agus ‘Páirtithe’ orthu le chéile anseo feasta,

DE BHRÍ go bhféadfaidh cásanna teacht chun cinn ina gcomhordóidh an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta (‘an Ghníomhaireacht’) comhar oibríochtúil idir Ballstáit an Aontais agus Poblacht na Macadóine Thuaidh, lena n‑áirítear ar chríoch Phoblacht na Macadóine Thuaidh,

DE BHRÍ gur cheart creat dlíthiúil i bhfoirm comhaontú stádais a bhunú i gcomhair cásanna ina mbeidh cumhachtaí feidhmiúcháin ag na baill de na foirne a imscarfaidh an Ghníomhaireacht ar chríoch Phoblacht na Macadóine Thuaidh,

DE BHRÍ go bhféadfaí, leis an gcomhaontú stádais, foráil a dhéanamh maidir le bunú oifigí allamuigh ag an nGníomhaireacht ar chríoch Phoblacht na Macadóine Thuaidh chun comhordú gníomhaíochtaí oibríochtúla a éascú agus a fheabhsú agus chun a áirithiú go ndéanfar bainistiú éifeachtach ar acmhainní daonna agus teicniúla na Gníomhaireachta,

DE BHRÍ go gcomhlíonfaidh na Páirtithe na forálacha a leagtar amach sna dearbhuithe a ghabhann leis an gComhaontú Stádais seo,

I bhFIANAISE go gcomhoibríonn Poblacht na Macadóine Thuaidh, tír is iarrthóir ar bhallraíocht san Aontas Eorpach ó 2005 i leith, go dlúth leis an Aontas chun sreabha imirce a bhainistiú agus chun an inimirce neamhdhleathach agus an choireacht trasteorann a chomhrac,

I bhFIANAISE leibhéal ard na cosanta sonraí pearsanta i bPoblacht na Macadóine Thuaidh agus san Aontas Eorpach; agus,

I bhFIANAISE gur dhaingnigh Poblacht na Macadóine Thuaidh Coinbhinsiún Chomhairle na hEorpa Uimh. 108 an 28 Eanáir 1981 maidir le Daoine Aonair a Chosaint i ndáil le Sonraí Pearsanta a Phróiseáil go hUathoibríoch agus an Prótacal breise a ghabhann leis;

AG CUIMHNEAMH gur prionsabail bhunúsacha a rialaíonn an comhar idir na Páirtithe iad urraim do chearta an duine agus do phrionsabail dhaonlathacha;

I bhFIANAISE gur dhaingnigh Poblacht na Macadóine Thuaidh Coinbhinsiún Eorpach chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint an 4 Samhain 1950, agus comhfhreagraíonn na cearta atá ann do na cearta atá i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh;

I bhFIANAISE gur i gcás gach gníomhaíochta oibríochtúla de chuid na Gníomhaireachta ar chríoch Phoblacht na Macadóine Thuaidh, ba cheart lánurraim a thabhairt do chearta bunúsacha agus do na comhaontuithe idirnáisiúnta ar páirtí iontu an tAontas Eorpach, a Bhallstáit agus/nó Poblacht na Macadóine Thuaidh,

I bhFIANAISE go bhfuil gach duine a ghlacann páirt i ngníomhaíocht oibríochtúil faoi oibleagáid cloí leis na caighdeáin is airde ionracais, iompair eiticiúil, gairmiúlachta, agus le hurraim do chearta bunúsacha chomh maith, agus go bhfuil na daoine sin faoi cheangal na hoibleagáidí arna bhforchur orthu le forálacha an phlean oibríochtúil agus cód iompair na Gníomhaireachta a chomhlíonadh,

tar éis cinneadh a dhéanamh an Comhaontú seo a thabhairt i gcrích:

Airteagal 1 
Raon feidhme 

1.Leis an gComhaontú seo, rialaítear gach ábhar is gá le haghaidh imscaradh foirne bainistithe teorainneacha de bhuanchór an Gharda Teorann agus Cósta Eorpaigh chuig Poblacht na Macadóine Thuaidh, i gcás inar féidir le baill de na foirne cumhachtaí feidhmiúcháin a fheidhmiú.

2.Féadfar an timscaradh dá dtagraítear i mír 1 a dhéanamh ar chríoch Phoblacht na Macadóine Thuaidh.

Airteagal 2 
Sainmhínithe

Chun críocha an Chomhaontaithe seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)ciallaíonn ‘gníomhaíocht oibríochtúil’ gníomhaíocht chomhpháirteach nó mear‑idirghabháil teorann;

(2)ciallaíonn ‘Gníomhaireacht’ an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta arna bunú ag Rialachán (AE) 2019/1896 1 maidir leis an nGarda Teorann agus Cósta Eorpach nó ag aon leasú a dhéanfar ar an Rialachán sin;

(3)ciallaíonn ‘rialú teorann’ an ghníomhaíocht arna dhéanamh ag teorainn, i gcomhréir leis an gComhaontú seo agus chun críocha an Chomhaontaithe seo, mar fhreagairt eisiach do rún an teorainn sin a thrasnú, nó do thrasnú na teorann sin, gan beann ar aon chúinse eile, arb iad seiceálacha teorann agus faireachas ar theorainneacha atá i gceist leis an ngníomhaíocht sin;

(4)ciallaíonn ‘foirne bainistithe teorainneacha’ foirne arna gcur le chéile as buanchór an Gharda Teorann agus Cósta Eorpaigh a bheidh le himscaradh le linn oibríochtaí comhpháirteacha agus mear‑idirghabhálacha teorann ag na teorainneacha seachtracha sna Ballstáit agus i dtríú tíortha;

(5)ciallaíonn ‘fóram comhairliúcháin’ an comhlacht comhairleach arna bhunú ag an nGníomhaireacht de bhun Airteagal 108 de Rialachán (AE) 2019/1896;

(6)ciallaíonn ‘buanchór an Gharda Teorann agus Cósta Eorpaigh’ buanchór an Gharda Teorann agus Cósta Eorpaigh dá bhforáiltear in Airteagal 54 de Rialachán (AE) 2019/1896;

(7)ciallaíonn ‘EUROSUR’ an creat le haghaidh malartú faisnéise agus comhar idir na Ballstáit agus an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta;

(8)ciallaíonn ‘duine den lucht faireacháin ar chearta bunúsacha’ duine de lucht faireacháin ar chearta bunúsacha dá bhforáiltear in Airteagal 110 de Rialachán (AE) 2019/1896;

(9)ciallaíonn ‘Ballstát baile’ an Ballstát óna nimscartar an ball foirne nó óna a gcuirtear an ball foirne ar iasacht chuig buanchór an Gharda Teorann agus Cósta Eorpaigh;

(10)ciallaíonn ‘teagmhas’ cás a bhaineann leis an inimirce neamhdhleathach, leis an gcoireacht trasteorann nó cás ina bhfuil baol do bheatha na ninimirceach, ag teorainneacha seachtracha an Aontais Eorpaigh nó Phoblacht na Macadóine Thuaidh, feadh na dteorainneacha sin nó gar dóibh;

(11)ciallaíonn ‘oibríocht chomhpháirteach’ gníomhaíocht arna comhordú nó arna heagrú ag an nGníomhaireacht chun tacú le húdaráis náisiúnta Phoblacht na Macadóine Thuaidh atá freagrach as rialú teorann atá dírithe ar aghaidh a thabhairt ar dhúshláin amhail an inimirce neamhdhleathach, bagairtí reatha nó bagairtí amach anseo ag teorainneacha Phoblacht na Macadóine Thuaidh nó an choireacht trasteorann, sin nó dírithe ar chúnamh méadaithe teicniúil agus oibríochtúil a sholáthar le aghaidh rialú na dteorainneacha sin;

(12)ciallaíonn ‘ball den fhoireann’ ball de bhuanchór an Gharda Teorann agus Cósta Eorpaigh arna imscaradh trí bhíthin foireann bainistithe teorainneacha chun páirt a ghlacadh i ngníomhaíocht oibríochtúil;

(13)ciallaíonn ‘Ballstát’ Ballstát den Aontas Eorpach;

(14)ciallaíonn ‘limistéar oibríochtúil’ an limistéar geografach ina bhfuil gníomhaíocht oibríochtúil le tarlú;

(15)ciallaíonn ‘Ballstát rannpháirteach’ Ballstát a ghlacann páirt i ngníomhaíocht oibríochtúil trí threalamh teicniúil nó baill foirne de bhuanchór an Gharda Teorann agus Cósta Eorpaigh a chur ar fáil;

(16)ciallaíonn ‘sonraí pearsanta’ aon fhaisnéis a bhaineann le duine nádúrtha sainaitheanta nó insainaitheanta (‘an tábhar sonraí’); is é is duine nádúrtha insainaitheanta ann duine is féidir a shainaithint, go díreach nó go hindíreach, go háirithe trí thagairt a dhéanamh d’aitheantóir amhail ainm, uimhir aitheantais, sonraí suímh, aitheantóir ar líne nó ceann amháin nó níos mó de na tosca a bhaineann go sonrach le céannacht fhisiceach, fhiseolaíoch, ghéiniteach, mheabhrach, eacnamaíoch, chultúrtha nó shóisialta an duine nádúrtha sin;

(17)ciallaíonn ‘mear-idirghabháil teorann’ gníomhaíocht atá dírithe ar dhul i ngleic le dúshlán sonrach díréireach ag teorainneacha Phoblacht na Macadóine Thuaidh trí fhoireann bainistithe teorainneacha a imscaradh i gcríoch Phoblacht na Macadóine Thuaidh ar feadh tréimhse teoranta ama chun rialú teorann a dhéanamh i gcomhar le húdaráis náisiúnta Phoblacht na Macadóine Thuaidh atá freagrach as rialú teorann;

(18)ciallaíonn ‘Baill foirne reachtúla’ baill foirne arna bhfostú ag an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta i gcomhréir le Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile an Aontais a leagtar síos i Rialachán (CEE, Euratom, CEGC) Uimh. 259/68 ón gComhairle 2 ;

(19)ciallaíonn ‘cumhachtaí feidhmiúcháin’ na cumhachtaí is gá chun na cúraimí a dhéanamh a bhíonn ag teastáil le haghaidh rialú teorann, ar cúraimí iad a dhéantar ar chríoch Phoblacht na Macadóine Thuaidh le linn gníomhaíocht oibríochtúil dá bhforáiltear sa phlean oibríochtúil.

Airteagal 3 
Gníomhaíochtaí Oibríochtúla a Sheoladh

1.Is le cinneadh i scríbhinn ó stiúrthóir feidhmiúcháin na Gníomhaireachta a sheolfar gníomhaíocht oibríochtúil faoin gComhaontú seo arna iarraidh sin i scríbhinn ag údaráis inniúla Phoblacht na Macadóine Thuaidh. Áireofar le hiarraidh den sórt sin tuairisc ar an gcás, ar na haidhmeanna féideartha agus ar na riachtanais a mbeifear ag dréim leo, agus próifílí na mball foirne a bheidh de dhíth, lena náirítear próifílí na mball foirne sin a bhfuil cumhachtaí feidhmiúcháin acu, de réir mar is infheidhme.

2.Má chinneann stiúrthóir feidhmiúcháin na Gníomhaireachta go mbainfeadh sáruithe tromchúiseacha agus/nó leanúnacha ar chearta bunúsacha nó ar oibleagáidí cosanta idirnáisiúnta leis an ngníomhaíocht oibríochtúil arna hiarraidh, nó go mbeadh na hiarmhairtí sin mar thoradh ar an iarraidh sin, ní sheolfaidh an stiúrthóir feidhmiúcháin an ghníomhaíocht oibríochtúil.

3.Má mheasann stiúrthóir feidhmiúcháin na Gníomhaireachta go bhfuil gá le tuilleadh faisnéise chun cinneadh a dhéanamh ar cheart gníomhaíocht oibríochtúil a sheoladh, tar éis iarraidh a fháil faoi mhír 1, féadfaidh sé faisnéis bhreise a iarraidh nó saineolaithe na Gníomhaireachta a údarú chun taisteal chuig Poblacht na Macadóine Thuaidh chun measúnú a dhéanamh ar an gcás ann. Déanfaidh Poblacht na Macadóine Thuaidh an taisteal sin a éascú.

4.Cinnfidh stiúrthóir feidhmiúcháin na Gníomhaireachta gan gníomhaíocht oibríochtúil a sheoladh má mheasann sé go bhfuil cúis ann, a bhfuil údar léi, í a chur ar fionraí nó a fhoirceannadh faoi fhorálacha ábhartha Airteagal 18.

Airteagal 4 
Plean Oibríochtúil

1.Le haghaidh gach gníomhaíochta oibríochtúla, déanfaidh an Ghníomhaireacht plean oibríochtúil a tharraingt suas i gcomhréir le hAirteagail 38 agus 74 de Rialachán (AE) 2019/1896. Tiocfaidh an Ghníomhaireacht agus Poblacht na Macadóine Thuaidh ar chomhaontú maidir leis an bplean oibríochtúil sin agus beidh sé ina cheangal ar an nGníomhaireacht, ar Phoblacht na Macadóine Thuaidh agus ar na Ballstáit rannpháirteacha.

2. Leis an bplean oibríochtúil, leagfar amach go mionsonrach gnéithe eagraíochtúla agus gnéithe nós imeachta na gníomhaíochta oibríochtúla, lena náirítear an méid seo a leanas:

(a)tuairisc ar an gcás, maille le modus operandi agus cuspóirí an imscartha, lena náirítear aidhm na hoibríochta;

(b)an tachar measta a mhairfidh an ghníomhaíocht oibríochtúil chun go mbeidh sí in ann a cuspóirí a bhaint amach;

(c)an limistéar oibríochtúil;

(d)tuairisc ar chúraimí, lena náirítear na cúraimí a dteastaíonn cumhachtaí feidhmiúcháin ina leith, tuairisc ar fhreagrachtaí, lena náirítear freagrachtaí i dtaca le hurraim do chearta bunúsacha agus do cheanglais chosanta sonraí, agus tuairisc ar threoracha speisialta i gcomhair na bhfoirne, lena náirítear treoracha maidir leis an gcuardach bunachair sonraí atá ceadaithe agus maidir leis na hairm sheirbhíse, an armlón agus an trealamh atá ceadaithe i bPoblacht na Macadóine Thuaidh;

(e)comhdhéanamh na foirne bainistithe teorainneacha, mar aon le himscaradh ball foirne ábhartha eile/láithreacht ball eile d’fhoireann reachtúil na Gníomhaireachta, lena n‑áirítear lucht faireacháin ar chearta bunúsacha;

(f)forálacha maidir le ceannas agus rialú, lena náirítear ainmneacha agus céimeanna ghardaí teorann nó ball foirne ábhartha eile de chuid Phoblacht na Macadóine Thuaidh a bheidh freagrach as comhoibriú leis na baill den fhoireann agus leis an nGníomhaireacht, go háirithe ainmneacha agus céimeanna na ngardaí teorann sin nó ball foirne ábhartha eile atá i gceannas le linn na tréimhse imscartha, agus áit na mball den fhoireann sa slabhra ceannais;

(g)an trealamh teicniúil a bheidh le húsáid le linn na gníomhaíochta oibríochtúla, lena náirítear ceanglais shonracha amhail coinníollacha úsáide, an criú arna iarraidh, iompar agus lóistíocht eile, agus forálacha airgeadais;

(h)forálacha mionsonraithe maidir le tuairisciú teagmhas ag an nGníomhaireacht ar bhonn láithreach don bhord bainistíochta agus d’údaráis ábhartha na mBallstát rannpháirteach agus Phoblacht na Macadóine Thuaidh d’aon teagmhas a tharlóidh le linn gníomhaíocht oibríochtúil a dhéanfar faoin gComhaontú seo;

(i)scéim tuairiscithe agus meastóireachta ina bhfuil tagarmharcanna don tuarascáil mheastóireachta, lena náirítear maidir le cosaint na gceart bunúsach, agus dáta deiridh chun an tuarascáil mheastóireachta chríochnaitheach a thíolacadh;

(j)[Fágadh é seo folamh d’aon ghnó];

(k)téarmaí an chomhair le comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais, seachas an Ghníomhaireacht, tríú tíortha eile nó eagraíochtaí idirnáisiúnta eile;

(l)treoracha ginearálta i dtaobh conas cosaint na gceart bunúsach le linn gníomhaíocht oibríochtúil a áirithiú, lena náirítear cosaint sonraí pearsanta agus oibleagáidí a eascraíonn as ionstraimí idirnáisiúnta is infheidhme maidir le cearta an duine;

(m)nósanna imeachta lena ndéantar daoine a bhfuil cosaint idirnáisiúnta de dhíth orthu, íospartaigh na gáinneála ar dhaoine, mionaoisigh neamhthionlactha agus daoine eile ar leochaileach a gcásanna, a threorú chuig na húdaráis náisiúnta inniúla chun an cúnamh iomchuí a fháil;

(n)nósanna imeachta lena leagtar amach sásra chun gearáin (lena náirítear iad siúd a chuirtear isteach faoi Airteagal 8(5) anseo thíos) in aghaidh aon duine atá páirteach i ngníomhaíocht oibríochtúil, lena náirítear gardaí teorann nó baill foirne ábhartha eile de chuid Phoblacht na Macadóine Thuaidh agus baill den fhoireann, a fháil agus a tharchur chuig an nGníomhaireacht agus chuig Poblacht na Macadóine Thuaidh, ar gearáin iad ina líomhnaítear sáruithe ar chearta bunúsacha i gcomhthéacs a rannpháirtíochta i ngníomhaíocht oibríochtúil de chuid na Gníomhaireachta;

(o)socruithe lóistíochta, lena n‑áirítear faisnéis maidir le dálaí oibre agus timpeallacht na limistéar ina mbeidh an ghníomhaíocht oibríochtúil le tarlú; agus,

(p)forálacha maidir le hoifig allamuigh, arna bunú i gcomhréir le hAirteagal 6.

3.Beidh an plean oibríochtúil agus aon leasú air nó aon oiriúniú air faoi réir chomhaontú na Gníomhaireachta, Phoblacht na Macadóine Thuaidh agus na mBallstát atá i gcomharsanacht Phoblacht na Macadóine Thuaidh agus/nó a bhfuil teorainn acu leis an limistéar oibríochtúil, tar éis dul i gcomhairle leis na Ballstáit rannpháirteacha.

4.Tarlóidh malartú faisnéise agus comhar oibríochtúil chun críocha EUROSUR i gcomhréir leis na rialacha chun léargas ar dhálaí sonracha a bheidh le leagan amach sa phlean oibríochtúil don ghníomhaíocht oibríochtúil lena mbaineann a shuí agus a roinnt.

5.Déanfar an mheastóireacht ar an ngníomhaíocht oibríochtúil i gcomhréir le mír (3)(i) den Airteagal seo i gcomhar le Poblacht na Macadóine Thuaidh agus an Ghníomhaireacht.

6.Déanfar na téarmaí comhair le comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí de chuid an Aontais i gcomhréir le mír (3)(k) den Airteagal seo i gcomhréir lena sainorduithe faoi seach agus de réir na nacmhainní atá ar fáil.

Airteagal 5 
Tuairisciú Teagmhas

Beidh sásra um thuairisciú teagmhas ag an nGníomhaireacht agus ag Aireacht Gnóthaí Baile Phoblacht na Macadóine Thuaidh araon chun gur féidir tuairisciú tráthúil a dhéanamh ar aon teagmhas a thagann chun cinn le linn gníomhaíocht oibríochtúil a dhéantar faoin gComhaontú seo.

Cuideoidh an Ghníomhaireacht agus Poblacht na Macadóine Thuaidh a chéile chun gach fiosrúchán agus imscrúdú riachtanach a dhéanamh maidir le haon teagmhas a thuairiscítear tríd an sásra sin, amhail finnéithe a shainaithint agus fianaise a bhailiú agus a sholáthar, lena n‑áirítear iarrataí chun nithe a bhaineann le teagmhas tuairiscithe a fháil, agus más iomchuí, a thabhairt ar láimh. Féadfaidh tabhairt ar láimh aon ní den sórt sin bheith faoi réir a dtabhartha ar ais laistigh de na téarmaí a shonraíonn an t‑údarás inniúil a sholáthraíonn iad.

Airteagal 6 
Oifigí Allamuigh

1.Féadfaidh an Ghníomhaireacht oifigí allamuigh a bhunú ar chríoch Phoblacht na Macadóine Thuaidh chun comhordú gníomhaíochtaí oibríochtúla a éascú agus a fheabhsú, agus chun a áirithiú go ndéanfar bainistiú éifeachtach ar acmhainní daonna agus teicniúla na Gníomhaireachta. Bunóidh an Ghníomhaireacht suíomh na hoifige allamuigh i gcomhairle le húdaráis ábhartha Phoblacht na Macadóine Thuaidh.

2.Bunófar na hoifigí allamuigh i gcomhréir le riachtanais oibríochtúla agus beidh siad oibríochtúil le haghaidh na tréimhse ama is gá le go mbeidh an Ghníomhaireacht in ann gníomhaíochtaí oibríochtúla a dhéanamh i bPoblacht na Macadóine Thuaidh. Faoi réir chomhaontú Phoblacht na Macadóine Thuaidh, féadfaidh an Ghníomhaireacht fad a chur leis an tréimhse ama sin.

3.Beidh gach oifig allamuigh faoi bhainistiú ionadaí de chuid na Gníomhaireachta arna cheapadh ag an stiúrthóir feidhmiúcháin mar cheann na hoifige allamuigh, duine a dhéanfaidh formhaoirseacht ar obair fhoriomlán na hoifige.

4.I gcás inarb infheidhme, déanfaidh na hoifigí allamuigh an méid seo a leanas:

(a)tacaíocht oibríochtúil agus lóistíochta a chur ar fáil agus comhordú ghníomhaíochtaí na Gníomhaireachta a áirithiú sna limistéir oibríochtúla lena mbaineann;

(b)tacaíocht oibríochtúil a sholáthar do Phoblacht na Macadóine Thuaidh sna limistéir oibríochtúla lena mbaineann;

(c)faireachán a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí na bhfoirne agus tuairisciú go tráthrialta do cheanncheathrú na Gníomhaireachta;

(d)comhar a dhéanamh le Poblacht na Macadóine Thuaidh maidir le gach saincheist a bhaineann le cur chun feidhme praiticiúil na ngníomhaíochtaí oibríochtúla arna neagrú ag an nGníomhaireacht i bPoblacht na Macadóine Thuaidh, lena náirítear aon saincheist bhreise a d’fhéadfadh a theacht chun cinn le linn na ngníomhaíochtaí sin;

(e)tacú leis an oifigeach comhordúcháin sa chomhar a dhéanann sé le Poblacht na Macadóine Thuaidh maidir le gach saincheist a bhaineann lena rannchuidiú leis na gníomhaíochtaí oibríochtúla arna neagrú ag an nGníomhaireacht agus, i gcás inar gá, idirchaidreamh a dhéanamh le ceanncheathrú na Gníomhaireachta;

(f)tacú leis an oifigeach comhordúcháin agus leis an lucht faireacháin ar chearta bunúsacha a cheaptar chun faireachán a dhéanamh ar ghníomhaíocht oibríochtúil ó thaobh comhordú agus cumarsáid a éascú, i gcás inar gá, idir foirne na Gníomhaireachta agus údaráis ábhartha Phoblacht na Macadóine Thuaidh, mar aon le haon chúraimí ábhartha;

(g)tacaíocht lóistíochta a eagrú a bhaineann leis na baill den fhoireann a imscaradh agus le trealamh teicniúil a imscaradh agus a úsáid;

(h)an tacaíocht lóistíochta eile ar fad a chur ar fáil maidir leis an limistéar oibríochtúil a bhfuil oifig allamuigh ar leith freagrach as, d’fhonn feidhmiú rianúil na ngníomhaíochtaí oibríochtúla arna neagrú ag an nGníomhaireacht a éascú;

(i)bainistiú éifeachtach threalamh na Gníomhaireachta féin a áirithiú sna réimsí a chumhdaítear lena cuid gníomhaíochtaí, lena náirítear clárú féideartha agus cothabháil fhadtéarmach an trealaimh sin agus aon tacaíocht lóistíochta is gá; agus,

(j)tacaíocht a thabhairt do bhaill foirne eile agus/nó do ghníomhaíochtaí na Gníomhaireachta i bPoblacht na Macadóine Thuaidh mar a chomhaontaítear idir an Ghníomhaireacht agus Poblacht na Macadóine Thuaidh.

5.Áiritheoidh an Ghníomhaireacht agus Poblacht na Macadóine Thuaidh na dálaí is fearr is féidir i dtaca le comhlíonadh na gcúraimí a shanntar do na hoifigí allamuigh.

6.Cuirfidh Poblacht na Macadóine Thuaidh cúnamh ar fáil don Ghníomhaireacht chun acmhainneacht oibríochtúil na noifigí allamuigh a áirithiú.

Airteagal 7 
Oifigeach Comhordúcháin

1.Gan dochar do ról na noifigí allamuigh mar a thuairiscítear in Airteagal 6, ceapfaidh an stiúrthóir feidhmiúcháin saineolaí amháin nó níos mó as measc na mball foirne reachtúil de chuid na Gníomhaireachta lena nimscaradh mar oifigeach comhordúcháin nó mar oifigigh chomhordúcháin le haghaidh gach gníomhaíochta oibríochtúla. Cuirfidh an stiúrthóir feidhmiúcháin Poblacht na Macadóine Thuaidh ar an eolas maidir le ceapachán den sórt sin.

2.Is iad na nithe seo a leanas a bheidh i gceist le ról an oifigigh chomhordúcháin:

(a)gníomhú mar idirghabhálaí idir an Ghníomhaireacht, Poblacht na Macadóine Thuaidh agus na baill den fhoireann, agus cúnamh a chur ar fáil do na foirne, thar ceann na Gníomhaireachta, maidir le gach ábhar a bhaineann le coinníollacha an imscartha;

(b)faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme ceart an phlean oibríochtúil, lena náirítear, i gcomhair leis an lucht faireacháin ar chearta bunúsacha, a mhéid a bhaineann le cearta bunúsacha a chosaint agus tuairisciú don stiúrthóir feidhmiúcháin ina leith sin;

(c)gníomhú thar ceann na Gníomhaireachta maidir le gach gné d’imscaradh na bhfoirne agus tuairisciú don Ghníomhaireacht faoi na gnéithe sin uile; agus,

(d)comhar agus comhordú idir Poblacht na Macadóine Thuaidh agus na Ballstáit rannpháirteacha a chothú.

3.I gcomhthéacs gníomhaíochtaí oibríochtúla, féadfaidh an stiúrthóir feidhmiúcháin údarú don oifigeach comhordúcháin cúnamh a thabhairt i dtaca le haon easaontas faoi fhorghníomhú an phlean oibríochtúil agus imscaradh na bhfoirne a réiteach.

4.Is treoracha a chomhlíonann an plean oibríochtúil amháin a eiseoidh Poblacht na Macadóine Thuaidh do na baill den fhoireann. I gcás ina measann an toifigeach comhordúcháin nach bhfuil na treoracha a eisítear do na baill den fhoireann i gcomhréir leis an bplean oibríochtúil ná leis na hoibleagáidí dlíthiúil is infheidhme, cuirfidh sé é sin in iúl d’oifigigh Phoblacht na Macadóine Thuaidh a dhéanann ról comhordúcháin agus don stiúrthóir feidhmiúcháin. Féadfaidh an stiúrthóir feidhmiúcháin bearta iomchuí a dhéanamh, lena náirítear an ghníomhaíocht oibríochtúil a chur ar fionraí nó a fhoirceannadh, i gcomhréir le hAirteagal 18 den Chomhaontú seo.

Airteagal 8 
Cearta Bunúsacha

1.Agus a gcuid oibleagáidí faoin gComhaontú á gcomhlíonadh acu, glacann na Páirtithe mar chúram orthu féin gníomhú i gcomhréir le gach ionstraim dlí is infheidhme um chearta an duine, lena náirítear an Coinbhinsiún Eorpach chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint, 1950, Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe i dtaobh Stádas Dídeanaithe, 1951, agus an Prótacal ó 1967 a ghabhann leis, Coinbhinsiún Idirnáisiúnta na Náisiún Aontaithe maidir le Gach Cineál Idirdhealaithe Chiníoch a Dhíothú, 1965, an Cúnant Idirnáisiúnta ar Chearta Sibhialta agus Polaitiúla, 1966, an Coinbhinsiún maidir le Gach Cineál Idirdhealaithe in aghaidh na mBan a Dhíothú, 1979, Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe in aghaidh na Céastóireachta agus in aghaidh Íde nó Pionós eile atá Cruálach, Mídhaonna nó Táireach, 1984, Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh, 1989, agus Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas, 2006.

2.Déanfaidh baill den fhoireann, le linn dóibh a gcúraimí a chomhlíonadh agus a gcumhachtaí a fheidhmiú, cearta bunúsacha a urramú go hiomlán, lena náirítear maidir le rochtain ar nósanna imeachta tearmainn agus dínit an duine, agus tabharfaidh siad aird ar leith ar dhaoine leochaileacha. Cibé bearta a ghlacfar i gcomhlíonadh a gcúraimí agus i bhfeidhmiú a gcumhachtaí, is comhréireach a bheidh siad le cuspóirí na mbeart sin. Le linn dóibh a gcúraimí a chomhlíonadh agus a gcumhachtaí a fheidhmiú, ní dhéanfaidh siad idirdhealú i gcoinne daoine ar bhonn aon fhoras amhail gnéas, cine, dath, bunadh eitneach nó sóisialta, airíonna géiniteacha, teanga, reiligiún nó creideamh, tuairim pholaitiúil nó eile, ballraíocht i mionlach náisiúnta, maoin, breith, míchumas, aois nó gnéaschlaonadh i gcomhréir le hAirteagal 21 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais.

Níl cead bearta atá i mbealach cearta agus saoirsí bunúsacha a dhéanamh ach amháin nuair a dhéanann baill den fhoireann iad agus a gcuid cúraimí á gcomhlíonadh agus/nó a gcumhachtaí á bhfeidhmiú acu nuair is gá agus nuair atá sé comhréireach maidir le cuspóirí na mbeart sin agus ní mór meas a bheith acu ar bhunbhrí na gceart bunúsach agus na saoirsí bunúsacha sin i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta, le dlí an Aontais agus leis an dlí náisiúnta is infheidhme.

Beidh feidhm mutatis mutandis ag an bhforáil seo maidir le gach ball foirne d’údaráis náisiúnta Phoblacht na Macadóine Thuaidh atá rannpháirteach i ngníomhaíocht oibríochtúil.

3.Déanfaidh oifigeach na Gníomhaireachta um chearta bunúsacha faireachán ar chomhlíontacht gach gníomhaíochta oibríochtúla maidir le caighdeáin um chearta bunúsacha is infheidhme. Féadfaidh an t‑oifigeach um chearta bunúsacha, nó a ionadaí, cuairteanna ar an láthair a thabhairt ar an tríú tír; tabharfaidh sé tuairimí maidir leis na pleananna oibríochtúla agus cuirfidh sé stiúrthóir feidhmiúcháin na Gníomhaireachta ar an eolas maidir le sáruithe féideartha ar chearta bunúsacha i dtaobh gníomhaíocht oibríochtúil. Tacóidh Poblacht na Macadóine Thuaidh le hiarrachtaí faireacháin an oifigigh um chearta bunúsacha, ach a niarrfar sin uirthi.

4.Comhaontaíonn an Ghníomhaíocht agus Poblacht na Macadóine Thuaidh rochtain thráthúil éifeachtach ar gach faisnéis a bhaineann le hurraim do chearta bunúsacha maidir le haon ghníomhaíocht oibríochtúil arna déanamh faoin gComhaontú seo a chur ar fáil don fhóram comhairliúcháin, lena náirítear cuairteanna ar an láthair sa limistéar oibríochtúil.

5.Beidh sásra gearán ag an nGníomhaireacht agus Poblacht na Macadóine Thuaidh araon chun próiseáil a dhéanamh ar líomhaintí ar sháruithe ar chearta bunúsacha, arna ndéanamh ag a mbaill foirne agus a bhfeidhmeanna oifigiúla á bhfeidhmiú acu le linn gníomhaíocht oibríochtúil arna déanamh faoin gComhaontú seo.

Airteagal 9 
Lucht faireacháin ar Chearta Bunúsacha

1.Déanfaidh oifigeach um chearta bunúsacha na Gníomhaireachta duine amháin ar a laghad den lucht faireacháin ar chearta bunúsacha a cheapadh i ngach gníomhaíocht oibríochtúil chun, inter alia, cúnamh a thabhairt don oifigeach comhordúcháin agus comhairle a chur air.

2.Déanfaidh duine den lucht faireacháin ar chearta bunúsacha faireachán ar chomhlíonadh na gceart bunúsach agus comhairle agus cúnamh a chur ar fáil maidir le cearta bunúsacha in ullmhú, cur i gcrích agus measúnú na gníomhaíochta oibríochtúla ábhartha. Áireofar air sin, go háirithe:

(a)ullmhú pleananna oibríochtúla a leanúint agus tuairisciú a dhéanamh don oifigeach um chearta bunúsacha chun go mbeidh sé in ann a chuid cúraimí a chomhlíonadh dá bhforáiltear i Rialachán (AE) 2019/1896;

(b)cuairteanna a thabhairt, lena náirítear cuairteanna fadtéarmacha, ar na háiteanna ina dtarlaíonn gníomhaíochtaí oibríochtúla;

(c)comhoibriú agus idirchaidreamh a dhéanamh leis an oifigeach comhordúcháin agus cúnamh agus comhairle a chur ar fáil dó;

(d)an t‑oifigeach comhordúcháin a chur ar an eolas agus tuairisciú a dhéanamh don oifigeach um chearta bunúsacha maidir le haon ábhar imní i dtaca le sáruithe féideartha ar chearta bunúsacha a bhaineann leis an ngníomhaíocht oibríochtúil; agus,

(e)Rannchuidiú le meastóireacht a dhéanamh ar an ngníomhaíocht oibríochtúil dá dtagraítear in Airteagal 4(3)(i).

3.Beidh rochtain ag lucht faireacháin ar chearta bunúsacha ar gach réimse ina dtarlóidh an ghníomhaíocht oibríochtúil agus ar na doiciméid uile a bhaineann le cur chun feidhme na gníomhaíochta sin.

4.Nuair a bheidh lucht faireacháin ar chearta bunúsacha i láthair sa limistéar oibríochtúil, beidh ionchomharthaí á gcaitheamh acu chun gur féidir iad a shainaithint go soiléir mar bhaill den lucht faireacháin ar chearta bunúsacha.

Airteagal 10 
Baill den Fhoireann

1.Beidh an túdarás ag baill den fhoireann na cúraimí a dtugtar tuairisc orthu sa phlean oibríochtúil a dhéanamh.

2.Agus na cúraimí sin á gcomhlíonadh agus na cumhachtaí sin á bhfeidhmiú ag na baill den fhoireann, comhlíonfaidh siad dlíthe agus rialacháin Phoblacht na Macadóine Thuaidh. Comhlíonfaidh baill den fhoireann dlí an Aontais freisin agus an dlí idirnáisiúnta is infheidhme agus a gcúraimí á gcomhlíonadh acu agus a gcumhachtaí á bhfeidhmiú acu.

3.Ní fhéadfaidh baill den fhoireann cúraimí a chur i gcrích agus cumhachtaí a fheidhmiú ar chríoch Phoblacht na Macadóine Thuaidh ach amháin de réir treoracha ó údaráis bhainistithe teorainneacha Phoblacht na Macadóine Thuaidh agus i láthair na núdarás sin. Féadfaidh Poblacht na Macadóine Thuaidh baill den fhoireann a údarú chun cúraimí sonracha a chomhlíonadh agus/nó cumhachtaí sonracha a fheidhmiú ar a críoch in éagmais a núdarás bainistithe teorainneacha faoi réir thoiliú na Gníomhaireachta nó an Bhallstáit baile, de réir mar is iomchuí.

4.Is í éide bhuanchór an Gharda Teorann agus Cósta Eorpaigh a bheidh á caitheamh ag baill den fhoireann ar baill foirne reachtúla de chuid na Gníomhaireachta iad, le linn dóibh a gcúraimí a chur i gcrích agus a gcumhachtaí a fheidhmiú, mura sonraítear a mhalairt sa phlean oibríochtúil.

Beidh a n‑éide náisiúnta féin á gcaitheamh ag baill den fhoireann nach baill foirne reachtúla de chuid na Gníomhaireachta iad agus a gcúraimí á gcomhlíonadh acu agus a gcumhachtaí á bhfeidhmiú acu, mura sonraítear a mhalairt sa phlean oibríochtúil.

Agus iad ar dualgas, ní mór do gach ball den fhoireann comhartha aitheantais pearsanta infheicthe a chaitheamh ar a éide chomh maith le harmbhanda gorm ar a mbeidh ionchomharthaí an Aontais Eorpaigh agus na Gníomhaireachta.

5.Údaróidh Poblacht na Macadóine Thuaidh do bhaill ábhartha den fhoireann cúraimí a chomhlíonadh le linn gníomhaíocht oibríochtúil a éilíonn úsáid fornirt, lena náirítear airm sheirbhíse, armlón agus trealamh eile a iompar agus a úsáid, i gcomhréir le forálacha ábhartha an phlean oibríochtúil.

-Féadfaidh baill den fhoireann ar baill foirne reachtúla de chuid na Gníomhaireachta iad airm sheirbhíse, armlón agus trealamh eile a iompar agus a úsáid faoi réir thoiliú na Gníomhaireachta.

-Féadfaidh baill den fhoireann nach baill foirne reachtúla de chuid na Gníomhaireachta iad airm sheirbhíse, armlón agus trealamh eile a iompar agus a úsáid faoi réir thoiliú an Bhallstáit baile ábhartha.

6.Déanfar úsáid fornirt, lena náirítear iompar agus úsáid arm seirbhíse, armlón agus trealaimh eile, a fheidhmiú i gcomhréir le dlí náisiúnta Phoblacht na Macadóine Thuaidh agus i láthair údaráis bainistithe teorainneacha Phoblacht na Macadóine Thuaidh. Féadfaidh Poblacht na Macadóine Thuaidh baill den fhoireann a údarú chun fórsa a úsáid in éagmais údaráis bainistithe teorainneacha Phoblacht na Macadóine Thuaidh.

-Maidir le baill den fhoireann ar baill foirne reachtúla de chuid na Gníomhaireachta iad, údarú den sórt sin, forneart a úsáid in éagmais údaráis bainistithe teorainneacha de chuid Phoblacht na Macadóine Thuaidh, beidh sé faoi réir thoiliú na Gníomhaireachta.

-Maidir leis an údarú do bhaill den fhoireann nach baill foirne reachtúla de chuid na Gníomhaireachta iad forneart a úsáid in éagmais údaráis bainistithe teorainneacha de chuid Phoblacht na Macadóine Thuaidh, beidh an túdarú sin faoi réir thoiliú an Bhallstáit baile ábhartha.

Gan dochar do cheanglais an dlí náisiúnta, aon úsáid a bhainfidh baill den fhoireann as forneart, comhlíonfaidh sí prionsabail an riachtanais agus na comhréireachta, agus dualgas an réamhchúraim. Ní mór dlí an Aontais agus an dlí idirnáisiúnta is infheidhme a chomhlíonadh go hiomlán in aon úsáid fornirt den sórt sin, lena n‑áirítear na rialacha a leagtar síos in Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1896.

7.Sula nimscarfar na baill den fhoireann, cuirfidh an Ghníomhaireacht Poblacht na Macadóine Thuaidh ar an eolas maidir leis na hairm sheirbhíse, armlón agus trealamh eile a bhfuil cead ag baill den fhoireann iad a iompar faoi mhír 5 den Airteagal seo. Féadfaidh Poblacht na Macadóine Thuaidh, áfach, iompar arm seirbhíse, armlóin agus trealaimh áirithe eile a thoirmeasc, ar choinníoll go bhfuil feidhm ag an toirmeasc céanna maidir lena núdaráis bainistithe teorainneacha féin faoina dlí féin. Sula nimscarfar na baill den fhoireann, cuirfidh Phoblachta na Macadóine Thuaidh an Ghníomhaireacht ar an eolas maidir le hairm sheirbhíse, armlón agus trealamh is incheadaithe agus maidir leis na coinníollacha lena núsáid. Cuirfidh an Ghníomhaireacht an fhaisnéis sin ar fáil do na Ballstáit.

Déanfaidh Poblacht na Macadóine Thuaidh na socruithe is gá le haghaidh eisiúint aon cheadúnas arm agus éascóidh sé allmhairiú, onnmhairiú, iompar agus stóráil na n‑arm, armlóin agus trealaimh eile a bheidh ar fáil do na baill den fhoireann, arna sonrú sa phlean oibríochtúil, arna iarraidh sin ag an nGníomhaireacht.

8.Féadfar airm sheirbhíse, armlón agus trealamh a úsáid i bhféinchosaint dhlisteanach, i gcosaint dhlisteanach na mball den fhoireann nó i gcosaint daoine eile i gcomhréir le dlí náisiúnta Phoblacht na Macadóine Thuaidh. Urramóidh aon úsáid den sórt sin prionsabail ábhartha an dlí idirnáisiúnta agus dhlí an Aontais.

9.Ní bheidh rochtain ar bhunachair sonraí náisiúnta ach ag daoine atá údaraithe ag Poblacht na Macadóine Thuaidh. Féadfaidh Poblacht na Macadóine Thuaidh cead a thabhairt sonraí óna bunachair sonraí náisiúnta a roinnt le baill den fhoireann i gcomhréir leis an bplean oibríochtúil. Ní cheadóidh baill den fhoireann ach na sonraí sin a bhfuil gá leo chun a gcúraimí a chur i gcrích agus a gcumhachtaí a fheidhmiú.

10.Chun gníomhaíochtaí oibríochtúla a chur chun feidhme, déanfaidh Poblacht na Macadóine Thuaidh oifigigh de chuid údaráis náisiúnta Phoblacht na Macadóine Thuaidh atá freagrach as bainistiú teorainneacha agus atá in ann agus toilteanach cumarsáid a dhéanamh i mBéarla a imscaradh chun ról comhordúcháin a chomhlíonadh thar ceann Phoblacht na Macadóine Thuaidh.

Airteagal 11 
Pribhléidí agus Díolúintí Mhaoine, Chistí,  
Shócmhainní agus Oibríochtaí na Gníomhaireachta

1.Aon áitreabh agus aon fhoirgneamh de chuid na Gníomhaireachta i bPoblacht na Macadóine Thuaidh, is dosháraithe a bheidh sé. Beidh na háitribh agus na foirgnimh sin díolmhaithe ó chuardach, foréileamh, coigistiú nó díshealbhú.

2.Maoin agus sócmhainní na Gníomhaireachta, lena n‑áirítear modhanna iompair, cumarsáid, cartlanna, comhfhreagras, doiciméid, páipéir aitheantais agus sócmhainní airgeadais, is dosháraithe a bheidh siad.

3.Áirítear le sócmhainní na Gníomhaireachta sócmhainní atá faoi úinéireacht nó faoi chomhúinéireacht Ballstáit, nó arna gcairtfhostú nó arna léasú ag Ballstát agus arna gcur ar fáil don Ghníomhaireacht. Ar bhordáil ionadaí/ionadaithe údaráis inniúla náisiúnta, pléifear leo seo mar acmhainní i mbun seirbhíse rialtais agus déanfar iad a údarú i ndáil leis sin.

4.Ní fhéadfaidh aon bheart forghníomhaithe a dhéanamh i ndáil leis an nGníomhaireacht. Ní bheidh maoin ná sócmhainní na Gníomhaireachta faoi réir aon bheart comhéigin riaracháin ná dlíthiúil. Ní fhéadfaidh maoin na Gníomhaireachta a urghabháil chun breithiúnas, cinneadh ná ord a chomhlíonadh.

5.Ceadóidh Poblacht na Macadóine Thuaidh iontráil agus baint earraí agus trealaimh arna nimscaradh ag an nGníomhaireacht chuig Poblacht na Macadóine Thuaidh chun críoch oibríochtúil.

6.Beidh an Ghníomhaireacht díolmhaithe ó gach dleacht (lena náirítear dleachtanna custaim) agus ó gach cáin chomh maith le haon toirmeasc agus srian ar allmhairí agus ar onnmhairí i ndáil le hearraí atá beartaithe dá húsáid oifigiúil, gan beann an ag an nGníomhaireacht nó ag tríú páirtí atá siad á niompar.

Airteagal 12 
Pribhléidí agus Díolúintí na mBall den Fhoireann

1.Ní bheidh na baill den fhoireann faoi réir aon chineál fiosrúcháin ná imeacht dlíthiúil i bPoblacht na Macadóine Thuaidh nó ag údaráis Phoblacht na Macadóine Thuaidh, seachas sna cúinsí dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo.

2.Beidh díolúine ag baill den fhoireann ó dhlínse choiriúil, shibhialta agus riaracháin Phoblacht na Macadóine Thuaidh i leith gach gnímh a dhéanfaidh siad i bhfeidhmiú a bhfeidhmeanna oifigiúla.

I gcás ina bhfuil sé beartaithe ag údaráis Phoblacht na Macadóine Thuaidh imeachtaí coiriúla, sibhialta nó riaracháin a thionscnamh i gcoinne baill den fhoireann os comhair aon chúirte de chuid Phoblacht na Macadóine Thuaidh, tabharfaidh na húdaráis inniúla fógra láithreach do stiúrthóir feidhmiúcháin na Gníomhaireachta.

Tar éis dó fógra den sórt sin a fháil, cuirfidh stiúrthóir feidhmiúcháin na Gníomhaireachta in iúl d’údaráis ábhartha Phoblacht na Macadóine Thuaidh, gan aon mhoill mhíchuí, cé acu a rinne nó nach ndearna an ball den fhoireann an gníomh i dtrácht agus a fheidhmeanna oifigiúla á bhfeidhmiú aige. Má rinneadh an gníomh le linn fheidhmiú na bhfeidhmeanna oifigiúla, ní thionscnófar na himeachtaí. Mura ndearnadh an gníomh le linn fheidhmiú na bhfeidhmeanna oifigiúla, féadfaidh an t‑imeacht a thionscnamh. Beidh cáiliú stiúrthóir feidhmiúcháin na Gníomhaireachta ceangailteach ar Phoblacht na Macadóine Thuaidh, agus ní féidir léi cur ina aghaidh.

Go dtí go bhfaighfear an cáiliú sin, staonfaidh an Ghníomhaireacht ó aon bheart a dhéanamh atá beartaithe chun aon ionchúiseamh coiriúil a d’fhéadfadh údaráis inniúla Phoblacht na Macadóine Thuaidh a dhéanamh ina dhiaidh sin ar an mball den fhoireann a chur i mbaol, lena n‑áirítear éascú a dhéanamh ar fhilleadh an bhaill den fhoireann lena mbaineann ó Phoblacht na Macadóine Thuaidh ar a Bhallstát baile.

3.Má thionscnaíonn baill den fhoireann imeachtaí, coiscfidh sé sin orthu díolúine a agairt ón dlínse i leith aon fhrithmhaímh a bhainfidh go díreach leis an bpríomhmhaíomh.

4.Áitribh, áiteanna cónaithe, modhanna iompair agus cumarsáide agus maoin na mball den fhoireann, lena náirítear comhfhreagras, doiciméid, páipéir aitheantais agus sócmhainní, beidh siad dosháraithe, ach amháin i gcás bearta forghníomhaithe a cheadaítear de bhun mhír 8 den Airteagal seo.

5.Beidh Poblacht na Macadóine Thuaidh faoi dhliteanas i leith aon díobháil arna déanamh ag baill den fhoireann ar thríú páirtithe agus a bhfeidhmeanna oifigiúla á bhfeidhmiú acu.

6.I gcás díobháil arna déanamh de bharr mórfhaillí nó míiompar toiliúil, nó arna déanamh ag ball den fhoireann ar ball d’fhoireann reachtúil na Gníomhaireachta é, gan feidhmeanna oifigiúla á bhfeidhmiú aige, féadfaidh Poblacht na Macadóine Thuaidh a iarraidh, trí stiúrthóir feidhmiúcháin na Gníomhaireachta, go níocfadh an Ghníomhaireacht cúiteamh.

I gcás díobháil arna déanamh de bharr mórfhaillí nó mí‑iompar toiliúil, nó arna déanamh ag ball den fhoireann nach ball d’fhoireann reachtúil na Gníomhaireachta é, gan feidhmeanna oifigiúla á bhfeidhmiú, féadfaidh Poblacht na Macadóine Thuaidh a iarraidh, trí stiúrthóir feidhmiúcháin na Gníomhaireachta, go n‑íocfadh an Ballstát baile lena mbaineann cúiteamh.

7.Ní bheidh sé d’oibleagáid ar bhaill den fhoireann fianaise a thabhairt mar fhinnéithe in imeachtaí dlíthiúla i bPoblacht na Macadóine Thuaidh.

8.Ní fhéadfaidh aon bheart forghníomhaithe a dhéanamh i leith ball den fhoireann, ach amháin i gcás ina ndéantar imeacht coiriúil, sibhialta nó riaracháin nach mbaineann lena bhfeidhmeanna oifigiúla a thionscnamh ina naghaidh. Maoin de chuid ball den fhoireann, atá deimhnithe ag stiúrthóir feidhmiúcháin na Gníomhaireachta mar ní atá riachtanach chun a bhfeidhmeanna oifigiúla a chomhlíonadh, ní fhéadfaidh í a urghabháil chun breithiúnas, cinneadh ná ord a chomhlíonadh. In imeachtaí coiriúla, sibhialta nó riaracháin ní bheidh baill den fhoireann faoi réir aon srian ar a saoirse phearsanta ná aon bheart eile comhéigin.

9.Maidir le seirbhísí a sholáthar don Ghníomhaireacht, beidh baill den fhoireann díolmhaithe ó fhorálacha um shlándáil shóisialta a d’fhéadfadh bheith i bhfeidhm i bPoblacht na Macadóine Thuaidh.

10.Ní ghearrfar aon cháin de chineál ar bith i bPoblacht na Macadóine Thuaidh ar thuarastal ná díolaíocht a íocann an Ghníomhaireacht agus/nó na Ballstáit bhaile le baill den fhoireann, nó ar aon ioncam a fhaigheann baill den fhoireann lasmuigh de Phoblacht na Macadóine Thuaidh.

11.Ceadóidh Poblacht na Macadóine Thuaidh iontráil earraí le haghaidh úsáid phearsanta na mball den fhoireann agus deonóidh siad díolúine ó gach dleacht (lena náirítear dleachtanna custaim), ó gach cáin agus costas gaolmhar seachas costais ar stóráil, iompar agus seirbhísí comhchosúla, i leith earraí den sórt sin. Ceadóidh Poblacht na Macadóine Thuaidh onnmhairiú earraí den sórt sin freisin.

12.Beidh bagáiste pearsanta de chuid ball den fhoireann díolmhaithe ó imscrúdú, mura bhfuil cúiseanna tromchúiseacha le ceapadh go bhfuil earraí ann nach le haghaidh úsáid phearsanta na mball den fhoireann iad, nó earraí a thoirmeasctar leis an dlí a nallmhairiú nó a nonnmhairiú nó atá faoi réir rialacháin choraintín Phoblacht na Macadóine Thuaidh. Ní iniúchfar bagáiste pearsanta den sórt sin ach amháin i láthair na mball den fhoireann lena mbaineann nó ionadaí údaraithe de chuid na Gníomhaireachta.

13.Ceapfaidh an Ghníomhaireacht agus Poblacht na Macadóine Thuaidh pointí teagmhála a bhíonn ar fáil i gcónaí a bheidh freagrach as malartú faisnéise agus as bearta láithreacha a bheidh le déanamh maidir le haon ghníomh arna dhéanamh ag ball den fhoireann a d’fhéadfadh a bheith ina shárú ar dhlí coiriúil agus beidh siad freagrach chomh maith as an malartú faisnéise agus as na gníomhaíochtaí oibríochtúla i ndáil le haon imeacht sibhialta agus riaracháin in aghaidh ball den fhoireann.

Go dtí go bhfuil beart déanta ag údaráis inniúla an Bhallstáit bhaile, cuideoidh an Ghníomhaireacht agus Poblacht na Macadóine Thuaidh le chéile chun na fiosrúcháin agus na himscrúduithe ar fad is gá a dhéanamh maidir le haon chion coiriúil líomhnaithe a bhfuil leas ag an nGníomhaireacht agus/nó Poblacht na Macadóine Thuaidh ina leith, i sainaithint finnéithe agus bailiú agus soláthar fianaise, lena n‑áirítear an iarraidh nithe a bhaineann leis an gcion coiriúil a mhaítear a fháil, agus a thabhairt ar láimh, más iomchuí. Féadfaidh tabhairt ar láimh aon ní den sórt sin bheith faoi réir a dtabhartha ar ais laistigh de na téarmaí a shonraíonn an t‑údarás inniúil a sholáthraíonn iad.

Airteagal 13 
Baill den Fhoireann atá Gortaithe nó Éagtha

1.Gan dochar d’Airteagal 12, beidh sé de cheart ag an stiúrthóir feidhmiúcháin cúram a ghlacadh, agus socruithe oiriúnacha a dhéanamh, i leith aisdúichiú aon bhaill den fhoireann atá ghortaithe nó éagtha, chomh maith lena mhaoin phearsanta.

2.Ní dhéanfar scrúdú iarbháis ar bhall den foireann atá éagtha ach amháin le toiliú sainráite an Bhallstáit baile lena mbaineann agus i láthair ionadaí ón nGníomhaireacht agus/nó ón mBallstát baile lena mbaineann. Más lasmuigh de Phoblacht na Macadóine Thuaidh a dhéantar an scrúdú iarbháis sin, cuirfear Poblacht na Macadóine Thuaidh ar an eolas faoi thorthaí an scrúdaithe iarbháis arna iarraidh sin aici.

3.Rachaidh Poblacht na Macadóine Thuaidh agus an Ghníomhaireacht i gcomhar a chéile a mhéid is féidir d’fhonn baill den fhoireann atá gortaithe nó éagtha a aisdúichiú go luath.

Airteagal 14 
Doiciméad Creidiúnaithe

1.Eiseoidh an Ghníomhaireacht doiciméad i Macadóinis agus i mBéarla chuig gach ball den fhoireann chun críocha sainaitheantais maidir le húdaráis náisiúnta Phoblacht na Macadóine Thuaidh agus mar chruthúnas ar chearta an tsealbhóra na cúraimí a chomhlíonadh agus na cumhachtaí a fheidhmiú dá dtagraítear in Airteagal 10 den Chomhaontú seo agus sa phlean oibríochtúil (an ‘doiciméad creidiúnaithe’).

2.Áireofar an fhaisnéis seo a leanas maidir leis an mball foirne ar an doiciméad creidiúnaithe: ainm agus náisiúntacht; céim nó teideal an phoist; grianghraf digitithe a tógadh le deireanas agus na cúraimí a bheidh le déanamh le linn an imscartha.

3.Chun críocha sainaitheantais maidir le húdaráis náisiúnta Phoblacht na Macadóine Thuaidh, beidh ar bhaill den fhoireann an doiciméad creidiúnaithe a thabhairt leo i gcónaí.

4.Aithneoidh Poblacht na Macadóine Thuaidh go gceadaíonn an doiciméad creidiúnaithe, in éineacht le doiciméad bailí taistil, iontráil don bhall ábhartha den fhoireann agus go gceadaíonn sé don bhall sin fanacht i bPoblacht na Macadóine Thuaidh gan gá le víosa, réamhúdarú ná aon doiciméad eile, suas go dtí an lá a rachaidh an doiciméad in éag.

5.Tabharfar an doiciméad creidiúnaithe ar ais don Ghníomhaireacht ag deireadh na tréimhse imscartha. Cuirfear údaráis inniúla Phoblacht na Macadóine Thuaidh ar an eolas maidir leis sin.

Airteagal 15 
Cur i bhfeidhm maidir le Baill Foirne na Gníomhaireachta nach nImscartar mar Bhaill den Fhoireann

Beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagail 12, 13 agus 14 maidir le gach ball foirne de chuid na Gníomhaireachta a imscartar chuig Poblacht na Macadóine Thuaidh nach baill den fhoireann iad, lena n‑áirítear lucht faireacháin ar chearta bunúsacha agus baill foirne reachtúla de chuid na Gníomhaireachta arna n‑imscaradh chuig oifigí allamuigh.

Airteagal 16 
Sonraí Pearsanta a Chosaint

1. chuirfear sonraí pearsanta in iúl ach amháin má bhíonn cumarsáid den sórt sin riachtanach le haghaidh chur chun feidhme an chomhaontaithe seo ag údaráis inniúla Phoblacht na Macadóine Thuaidh nó ag an nGníomhaireacht. Maidir le próiseáil sonraí pearsanta ag údarás i gcás faoi leith, lena náirítear aistriú sonraí pearsanta den sórt sin chuig an bPáirtí eile, beidh an phróiseáil sonraí sin faoi réir na rialacha um chosaint sonraí is infheidhme maidir leis an údarás sin. Áiritheoidh na Páirtithe na coimircí íosta seo a leanas mar réamhchoinníoll le haghaidh aistriú sonraí d’aon chineál:

(a)ní mór sonraí pearsanta a phróiseáil ar bhealach dlíthiúil, cóir agus trédhearcach i ndáil leis an ábhar sonraí;

(b)ní mór sonraí pearsanta a bhailiú don chuspóir sonrach, follasach agus dlisteanach a bhaineann le cur chun feidhme an Chomhaontaithe seo agus níor cheart don údarás atá á chur in iúl ná don údarás is faighteoir tuilleadh próiseála a dhéanamh orthu ar bhealach atá ar neamhréir leis an gcuspóir sin;

(c)ní mór go mbeadh sonraí pearsanta leormhaith, ábhartha agus teoranta don mhéid is gá maidir leis an gcuspóir dá ndéantar iad a bhailiú agus/nó a phróiseáil tuilleadh; go háirithe, na sonraí pearsanta a chuirtear in iúl i gcomhréir le dlí is infheidhme an údaráis atá á chur in iúl, féadfaidh siad baint a bheith acu leis na nithe seo a leanas agus leis na nithe sin amháin:

Céadainm;

Sloinne;

Dáta breithe;

Náisiúntacht;

Rangú;

Bithleathanach an doiciméid taistil;

Doiciméad creidiúnaithe;

Pictiúr aitheantais/pas/doiciméid creidiúnaithe;

Seoladh ríomhphoist;

Uimhir fóin póca;

Mionsonraí an airm;

Fad an imscartha;

Suíomh an imscartha;

Uimhreacha aitheantais aerárthaí nó soithigh;

Dáta teachta;

An taerfort teachta/an pointe trasnaithe teorann teachta;

Uimhir eitilte teachta;

Dáta imeachta;

An taerfort imeachta/an pointe trasnaithe teorann imeachta;

Uimhir eitilte imeachta;

Ballstát baile/tríú tír;

Údarás imscartha;

Cúraimí/próifíl oibríochtúil;

Modhanna iompair, agus/nó;

Bealach

de chuid baill den fhoireann, fhoireann na Gníomhaireachta, breathnóirí ábhartha, nó ball de chláir mhalartaithe foirne;

(d)ní mór do shonraí pearsanta a bheith cruinn agus, i gcás inar gá, ní mór iad a choimeád cothrom le dáta;

(e)ní mór sonraí pearsanta a choimeád i bhfoirm nach gceadaítear léi na hábhair sonraí a shainaithint ach ar feadh tréimhse nach faide ná mar is gá chun na críche dár bailíodh na sonraí nó dá bhfuil tuilleadh próiseála á déanamh orthu;

(f)ní mór sonraí pearsanta a phróiseáil ar bhealach lena n‑áirithítear slándáil iomchuí na sonraí pearsanta, ag cur rioscaí sonracha na próiseála san áireamh, lena n‑áirítear cosaint ar phróiseáil neamhúdaraithe nó neamhdhleathach agus ar chailleadh, scriosadh nó damáiste de thaisme, agus bearta teicniúla nó eagraíochtúla iomchuí á núsáid (‘sárú ar shonraí’); déanfaidh an Páirtí is faighteoir bearta iomchuí chun aghaidh a thabhairt ar shárú ar shonraí, agus cuirfidh sé an Páirtí atá á chur in iúl ar an eolas maidir le haon sárú den sórt sin gan moill mhíchuí agus laistigh de 72 uair an chloig;

(g)glacfaidh an túdarás atá á chur in iúl agus an túdarás is faighteoir araon gach céim réasúnach chun ceartú nó léirscriosadh, mar is iomchuí, sonraí pearsanta a áirithiú gan mhoill i gcás nach gcomhlíonann an phróiseáil forálacha an airteagail seo, go háirithe toisc nach raibh na sonraí sin leormhaith, ábhartha, cruinn nó toisc go bhfuil siad iomarcach i ndáil le críoch na próiseála. Áirítear leis sin an fógra a thugtar don Pháirtí eile maidir le haon cheartú nó léirscriosadh;

(h)arna iarraidh sin, cuirfidh an túdarás is faighteoir an túdarás atá á chur in iúl ar an eolas maidir le húsáid na sonraí a cuireadh in iúl;

(i)níl cead sonraí pearsanta a chur in iúl ach amháin do na húdaráis inniúla a leanas:

an Ghníomhaireacht; agus

Aireacht Gnóthaí Baile Phoblacht na Macadóine Thuaidh.

Chun sonraí a chur in iúl le comhlachtaí eile, éilítear réamh‑údarú an údaráis atá á chur in iúl;

(j)tá an túdarás atá á chur in iúl agus an túdarás is faighteoir faoi oibleagáid taifead i scríbhinn a dhéanamh ar an gcur in iúl agus ar fháil na sonraí pearsanta;

(k)beidh formhaoirseacht neamhspleách i bhfeidhm chun formhaoirseacht a dhéanamh ar chomhlíonadh maidir le cosaint sonraí, lena n‑áirítear chun taifid den sórt sin a iniúchadh; beidh sé de cheart ag ábhair sonraí gearáin a chur faoi bhráid an chomhlachta formhaoirseachta, agus freagra a fháil gan moill mhíchuí;

(l)beidh sé de cheart ag ábhair sonraí faisnéis a fháil maidir le próiseáil a gcuid sonraí pearsanta, rochtain a fháil ar shonraí den sórt sin agus ceartú nó léirscriosadh sonraí míchruinne nó sonraí a próiseáladh go neamhdhleathach, faoi réir srianta riachtanacha comhréireacha ar fhorais thábhachtacha a bhaineann le leas an phobail; agus

(m) beidh sé de cheart ag ábhair sonraí sásamh éifeachtach riaracháin agus breithiúnach a fháil le haghaidh shárú na gcoimircí thuasluaite.

2.Déanfaidh gach Páirtí athbhreithniú tráthrialta ar a bheartais agus nósanna imeachta féin lena gcuirtear an fhoráil seo chun feidhme. Arna iarraidh sin ag an bPáirtí eile, déanfaidh an Páirtí a fuair an iarraidh athbhreithniú ar a gcuid beartas agus nósanna imeachta a bhaineann le próiseáil sonraí pearsanta chun a chinntiú agus a dheimhniú go bhfuil na coimircí san fhoráil seo á gcur chun feidhme go héifeachtach. Cuirfear torthaí an athbhreithnithe seo chuig an bPáirtí a d’iarr an tathbhreithniú laistigh de thréimhse réasúnta.

3.Beidh na coimircí um chosaint sonraí faoin gComhaontú seo faoi réir formhaoirseachta ag an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí agus ag an nGníomhaireacht um Chosaint Sonraí Pearsanta Phoblacht na Macadóine Thuaidh.

4.Oibreoidh na Páirtithe i gcomhar leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí, mar údarás maoirseachta na Gníomhaireachta.

5.Déanfaidh an Ghníomhaireacht agus Poblacht na Macadóine Thuaidh tuarascáil a tharraingt suas i gcomhar maidir le cur i bhfeidhm an Airteagail seo ag deireadh gach gníomhaíochta oibríochtúla. Seolfar an tuarascáil seo chuig oifigeach um chearta bunúsacha agus oifigeach cosanta sonraí na Gníomhaireachta chomh maith leis an nGníomhaireacht um Chosaint Sonraí Pearsanta de chuid Phoblacht na Macadóine Thuaidh.

6.Déanfaidh an Ghníomhaireacht agus Poblacht na Macadóine Thuaidh rialacha mionsonraithe a leagan amach maidir le sonraí pearsanta a chur in iúl agus a phróiseáil chun críoch gníomhaíochtaí oibríochtúla faoin gComhaontú seo i bhforálacha sonracha de na pleananna oibríochtúla ábhartha. Comhlíonfaidh na forálacha sin ceanglais ábhartha dhlíthe an Aontais Eorpaigh agus dhlíthe Phoblacht na Macadóine Thuaidh. Tabharfar tuairisc iontu, inter alia, ar chuspóir beartaithe an cur in iúl, ar an rialaitheoir nó ar na rialaitheoirí agus ar gach ról agus freagracht, ar na catagóirí sonraí a cuireadh in iúl, ar na tréimhsí sonracha coinneála sonraí, agus ar na coimircí íosta go léir. Ar mhaithe leis an trédhearcacht agus an intuarthacht, cuirfear na forálacha sin ar fáil go poiblí i gcomhréir leis an treoir ábhartha ón mBord Eorpach um Chosaint Sonraí.

Airteagal 17 
Faisnéis Rúnaicmithe agus Faisnéis Íogair NeamhRúnaicmithe a Mhalartú

1.Aon mhalartú, roinnt nó scaipeadh faisnéis rúnaicmithe faoi chuimsiú an Chomhaontaithe seo, cumhdófar é le socrú riaracháin ar leithligh arna thabhairt i gcrích idir an Ghníomhaireacht agus údaráis ábhartha Phoblacht na Macadóine Thuaidh a bheidh faoi réir fhormheas an Choimisiúin Eorpaigh roimh ré.

2.Maidir le malartú aon fhaisnéis íogair neamhrúnaicmithe faoi chuimsiú an chomhaontaithe seo:

(a)pléifidh an Ghníomhaireacht leis i gcomhréir le hAirteagal 9(5) de Chinneadh (AE, Euratom) 2015/443 ón gCoimisiún 3 ;

(b)gheobhaidh sé leibhéal cosanta ón bPáirtí is faighteoir atá comhionann le leibhéal na cosanta a thugtar leis na bearta atá i bhfeidhm ar an bhfaisnéis sin leis an bPáirtí atá á chur in iúl i dtéarmaí rúndachta, sláine agus infhaighteachta; agus

(c)déanfar é trí chóras malartaithe faisnéise a chomhlíonann critéir na hinfhaighteachta, na rúndachta agus na sláine le haghaidh faisnéis íogair neamhrúnaicmithe, amhail an líonra cumarsáide dá dtagraítear in Airteagal 14 de Rialachán (AE) 2019/1896.

3.Comhlíonfaidh na Páirtithe cearta maoine intleachtúla a bhaineann le haon sonraí a phróiseáiltear faoi chuimsiú an Chomhaontaithe seo.

Airteagal 18 
Cinneadh chun Maoiniú le haghaidh Gníomhaíocht Oibríochtúil  
a Chur ar Fionraí, a Fhoirceannadh agus/nó a Aistarraingt

1.Mura gcomhlíontar na coinníollacha chun gníomhaíocht oibríochtúil a dhéanamh a thuilleadh, déanfaidh stiúrthóir feidhmiúcháin na Gníomhaireachta an ghníomhaíocht oibríochtúil sin a fhoirceannadh tar éis dó nó di Poblacht na Macadóine Thuaidh a chur ar an eolas i scríbhinn.

2.Murar léirigh Poblacht na Macadóine Thuaidh urraim d’fhorálacha an Chomhaontaithe seo ná don phlean oibríochtúil, féadfaidh stiúrthóir feidhmiúcháin na Gníomhaireachta maoiniú an phlean oibríochtúil ábhartha a aistarraingt, agus/nó é a chur ar fionraí nó a fhoirceannadh, tar éis dó Poblacht na Macadóine Thuaidh a chur ar an eolas i scríbhinn.

3.Mura féidir slándáil aon rannpháirtí i ngníomhaíocht oibríochtúil arna imscaradh i bPoblacht na Macadóine Thuaidh a ráthú, féadfaidh stiúrthóir feidhmiúcháin na Gníomhaireachta an ghníomhaíocht oibríochtúil ábhartha nó codanna di a chur ar fionraí nó a fhoirceannadh.

4.Má mheasann stiúrthóir feidhmiúcháin na Gníomhaireachta gur tharla sáruithe ar chearta bunúsacha nó oibleagáidí cosanta idirnáisiúnta tromchúiseacha, ar dócha go leanfaidh siad ar aghaidh nó ar dócha go dtarlóidh siad i ndáil le gníomhaíocht oibríochtúil arna déanamh faoin gComhaontú seo, aistarraingeoidh sé maoiniú na gníomhaíochta oibríochtúla ábhartha, agus/nó í a chur ar fionraí nó a fhoirceannadh, tar éis dó Poblacht na Macadóine Thuaidh a chur ar an eolas.

5.Féadfaidh Poblacht na Macadóine Thuaidh a iarraidh ar stiúrthóir feidhmiúcháin na Gníomhaireachta an ghníomhaíocht oibríochtúil a chur ar fionraí nó a fhoirceannadh mura léiríonn ball den fhoireann urraim d’fhorálacha an Chomhaontaithe seo nó d’fhorálacha an phlean oibríochtúil. Déanfar iarraidh den sórt sin i scríbhinn agus áireofar leis na cúiseanna ina leith.

6.Beidh éifeacht ag fionraí, foirceannadh nó aistarraingt maoinithe faoin Airteagal seo ón dáta a thabharfar fógra do Phoblacht na Macadóine Thuaidh. Ní dhéanfaidh sé difear do chearta ná oibleagáidí a eascróidh as cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo nó an phlean oibríochtúil roimh fhionraí, foirceannadh nó aistarraingt maoinithe den sórt sin.

Airteagal 19 
Calaois a Chomhrac

1.Má fhaigheann Poblacht na Macadóine Thuaidh amach go bhfuil líomhaintí inchreidte ann maidir le calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a bhaineann le cur chun feidhme an Chomhaontaithe seo, tabharfaidh sí fógra láithreach don Ghníomhaireacht, don Oifig Eorpach FrithChalaoise agus/nó d’aon institiúid, comhlacht nó údarás eile de chuid an Aontais Eorpaigh atá inniúil sna hábhair sin.

2.I gcás ina mbaineann líomhaintí den sórt sin le cistí an Aontais Eorpaigh a eisíocadh i ndáil leis an gComhaontú seo, déanfaidh Poblacht na Macadóine Thuaidh, i gcomhréir le haon sásra comhair bunaithe is infheidhme, gach cúnamh is gá a chur ar fáil do na hinstitiúidí, na comhlachtaí agus na húdaráis thuasluaite i ndáil le gníomhaíochtaí imscrúdaitheacha ar a críoch.

Airteagal 20 
Cur chun feidhme an Chomhaontaithe seo

1.I gcás Phoblacht na Macadóine Thuaidh, is í Aireacht Gnóthaí Baile Phoblacht na Macadóine Thuaidh a chuirfidh an Comhaontú seo chun feidhme.

2.I gcás an Aontais Eorpaigh, is í an Ghníomhaireacht a chuirfidh an Comhaontú seo chun feidhme.

Airteagal 21 
Réiteach Díospóide

1.Déanfaidh ionadaithe ó údaráis inniúla na Gníomhaireachta agus Phoblacht na Macadóine Thuaidh imscrúdú le chéile ar aon díospóid a eascraíonn as cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo.

2.Mura dtiocfar ar aon réiteach, réiteofar díospóidí a bhaineann le léirmhíniú nó cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo le hidirbheartaíocht idir na Páirtithe agus ar an mbealach sin amháin.

Airteagal 22 
Teacht i bhFeidhm, Leasú, Fad,  
Fionraí agus Foirceannadh an Chomhaontaithe

1.Beidh an Comhaontú seo faoi réir dhaingniú, ghlacadh nó fhormheas na bPáirtithe i gcomhréir lena nósanna imeachta dlíthiúla inmheánacha féin. Tabharfaidh na Páirtithe fógra dá chéile gur cuireadh na nósanna imeachta is gá chun na críche sin i gcrích.

2.Tiocfaidh an Comhaontú seo i bhfeidhm an chéad lá den dara mí tar éis an dáta ar a dtabharfaidh na Páirtithe fógra dá chéile gur chuir siad i gcrích na nósanna imeachta dlíthiúla inmheánacha i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo.

3.Ní fhéadfar an Comhaontú seo a leasú ach amháin i scríbhinn de chomhthoil na bPáirtithe.

4.Tugtar an Comhaontú seo i gcrích go ceann tréimhse éiginnte. Féadfar an Comhaontú a fhoirceannadh nó a chur ar fionraí le comhaontú i scríbhinn idir na Páirtithe nó go haontaobhach ag ceachtar den dá Pháirtí.

I gcás foirceannadh nó fionraí aontaobhach, an Páirtí ar mian leis an comhaontú a fhoirceannadh nó a chur ar fionraí, déanfaidh sé fógra a thabhairt maidir leis sin don Pháirtí eile i scríbhinn. Tiocfaidh foirceannadh nó fionraí aontaobhach an Chomhaontaithe seo i bhfeidhm an chéad lá den dara mí tar éis na míosa inar tugadh an fógra.

5.Seolfar fógraí a dhéantar i gcomhréir leis an airteagal seo, i gcás an Aontais Eorpaigh, chuig Ardrúnaí Chomhairle an Aontais Eorpaigh agus, i gcás Phoblacht na Macadóine Thuaidh, chuig an Aireacht Gnóthaí Eachtracha Phoblacht na Macadóine Thuaidh.


Arna dhéanamh sna teangacha seo a leanas: Béarla, Bulgáiris, Cróitis, Danmhairgis, Eastóinis, Fionlainnis, Fraincis, Gaeilge, Gearmáinis, Gréigis, Iodáilis, Laitvis, Liotuáinis, Máltais, Ollainnis, Polainnis, Portaingéilis, Rómáinis, Seicis, Slóivéinis, Slóvaicis, Spáinnis, Sualainnis, Ungáiris agus Macadóinis, agus comhúdarás ag gach ceann de na téacsanna sin. 

Thar ceann an Aontais Eorpaigh        Thar ceann Phoblacht na Macadóine Thuaidh

Arna dhéanamh sa XX, dáta, LL/MM/BBBB.



DEARBHÚ MAIDIR LEIS AN ÍOSLAINN, RÍOCHT NA hIORUA, CÓNAIDHM NA hEILVÉISE AGUS PRIONSACHT LICHTINSTÉIN

Tugann na Páirtithe sa Chomhaontú idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Macadóine Thuaidh maidir le gníomhaíochtaí oibríochtúla a dhéanfaidh an Gníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta i bPoblacht na Macadóine Thuaidh dá n‑aire an dlúthchaidreamh idir an tAontas Eorpach agus an Íoslainn, Ríocht na hIorua, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin, go háirithe de bhua Chomhaontuithe an 18 Bealtaine 1999 agus an 26 Deireadh Fómhair 2004 maidir le comhlachas na dtíortha sin le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt. I gcúinsí den sórt sin, is inmhianaithe go ndéanfadh údaráis na hÍoslainne, Ríocht na hIorua, Chónaidhm na hEilvéise agus Phrionsacht Lichtinstéin, ar thaobh amháin, agus Poblacht na Macadóine Thuaidh, ar an taobh eile, comhaontuithe déthaobhacha a thabhairt i gcrích gan mhoill maidir le gníomhaíochtaí oibríochtúla a dhéanfaidh an Gníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta i bPoblacht na Macadóine Thuaidh i dtéarmaí atá comhchosúil leis na téarmaí sa Chomhaontú idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Macadóine Thuaidh maidir le gníomhaíochtaí oibríochtúla a dhéanfaidh an Gníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta i bPoblacht na Macadóine Thuaidh.

(1)

   Rialachán (AE) 2019/1896 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Samhain 2019 maidir leis an nGarda Teorann agus Cósta Eorpach agus lena naisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1052/2013 agus Rialachán (AE) 2016/1624 (IO L 295, 14.11.2019, lch. 1).

(2)

   IO AE L 56, 4.3.1968, lch. 1.

(3)

   Cinneadh (AE, Euratom) 2015/443 ón gCoimisiún an 13 Márta 2015 maidir le Slándáil sa Choimisiún (IO AE L 72, 17.3.2015, lch. 41).

Top