Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52022PC0397

Togra le haghaidh CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh laistigh de Chomhchoiste LEE i dtaca leis an leasú ar Iarscríbhinn XI (Cumarsáid leictreonach, seirbhísí closamhairc agus an tsochaí faisnéise) agus ar Phrótacal 37 (Ina bhfuil an liosta dá bhforáiltear in Airteagal 101) a ghabhann le Comhaontú LEE

COM/2022/397 final

An Bhruiséil,18.8.2022

COM(2022) 397 final

2022/0237(NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh laistigh de Chomhchoiste LEE i dtaca leis an leasú ar Iarscríbhinn XI (Cumarsáid leictreonach, seirbhísí closamhairc agus an tsochaí faisnéise) agus ar Phrótacal 37 (Ina bhfuil an liosta dá bhforáiltear in Airteagal 101) a ghabhann le Comhaontú LEE

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.Ábhar an togra

Baineann an togra seo leis an gcinneadh lena mbunaítear an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais i gComhchoiste LEE i dtaca leis an gCinneadh ón gComhchoiste a bhfuil sé beartaithe a ghlacadh maidir le leasú ar Iarscríbhinn XI (Cumarsáid leictreonach, seirbhísí closamhairc agus an tsochaí faisnéise) agus ar Phrótacal 37 (Ina bhfuil an liosta dá bhforáiltear in Airteagal 101) a ghabhann le Comhaontú LEE

2.Comhthéacs an togra

2.1.Comhaontú LEE

Leis an gComhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’) ráthaítear cearta agus oibleagáidí comhionanna laistigh den Mhargadh Inmheánach do shaoránaigh agus d’oibreoirí eacnamaíocha in LEE. Déantar foráil ann maidir le cuimsiú reachtaíochta de chuid an Aontais lena gcumhdaítear na ceithre shaoirse ar fud na 30 Stát in LEE, mar atá na Ballstáit den Aontas, an Iorua, an Íoslainn agus Lichtinstéin. Lena chois sin, le Comhaontú LEE, cumhdaítear comhar i réimsí tábhachtacha eile amhail taighde agus forbairt, oideachas, beartas sóisialta, an comhshaol, cosaint tomhaltóirí, turasóireacht agus cultúr, a dtugtar beartais ‘tionlacain agus chothrománacha’ orthu i dteannta a chéile. Tháinig an Comhaontú i bhfeidhm an 1 Eanáir 1994. Is páirtí sa Chomhaontú é an tAontas Eorpach in éineacht lena Bhallstáit.

2.2.Comhchoiste LEE

Tá Comhchoiste LEE freagrach as Comhaontú LEE a bhainistiú. Is fóram é chun tuairimí a bhaineann le feidhmiú Chomhaontú LEE a mhalartú. Is de chomhthoil a dhéantar cinntí ón gComhchoiste agus tá siad ina gceangail ar na Páirtithe. Is í Ardrúnaíocht an Choimisiúin Eorpaigh atá freagrach as ábhair LEE a chomhordú ar thaobh an Aontais. 

2.3.An gníomh atá beartaithe ag Comhchoiste LEE

Meastar go nglacfaidh Comhchoiste LEE an Cinneadh ó Chomhchoiste LEE (‘an gníomh atá beartaithe’) maidir leis an leasú ar Iarscríbhinn XI (Cumarsáid leictreonach, seirbhísí closamhairc agus an tsochaí faisnéise) agus ar Phrótacal 37 (Ina bhfuil an liosta dá bhforáiltear in Airteagal 101) a ghabhann le Comhaontú LEE.

Is é is cuspóir don ghníomh atá beartaithe Cinneadh ón gCoimisiún an 11 Meitheamh 2019 lena mbunaítear an Grúpa um Beartas Speictrim Raidió 1 a ionchorprú i gComhaontú LEE.

Beidh an gníomh atá beartaithe ina cheangal ar na páirtithe i gcomhréir le hAirteagail 103 agus 104 de Chomhaontú LEE.

3.An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais

Cuireann an Coimisiún an dréacht-Chinneadh ó Chomhchoiste LEE faoi bhráid na Comhairle lena ghlacadh mar sheasamh an Aontais. Nuair a ghlacfar é, ba cheart an seasamh a chur i láthair a luaithe is féidir i gComhchoiste LEE.

Leis an gCinneadh ó Chomhchoiste LEE atá i gceangal leis seo, tugtar isteach cearta rannpháirtíochta le haghaidh Stáit LEE CSTE sa Ghrúpa um Beartas Speictrim Raidió, ar grúpa comhairleach ardleibhéil é atá ceaptha chun cabhrú leis an gCoimisiún Eorpach beartas speictrim raidió a fhorbairt, rud a théann thar na nithe a bhféadfaí a mheas nach bhfuil iontu ach oiriúnuithe teicniúla de réir bhrí Rialachán Uimh. 2894/94 ón gComhairle. Dá bhrí sin, is í an Chomhairle a bhunóidh seasamh an Aontais.

4.Bunús dlí

4.1.Bunús dlí nós imeachta

4.1.1.Na prionsabail

Le hAirteagal 218(9) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) déantar foráil maidir le cinntí lena mbunaítear ‘na seasaimh atá le glacadh thar ceann an Aontais i gcomhlacht arna chur ar bun le comhaontú nuair a iarrtar ar an gcomhlacht sin gníomhartha a ghlacadh a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla acu, seachas gníomhartha lena bhforlíonfar nó lena leasófar creat institiúideach an chomhaontaithe.’

Áirítear ar na ‘gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo’ gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo de bhua rialacha an dlí idirnáisiúnta lena rialaítear an comhlacht i gceist. Áirítear air freisin ionstraimí nach bhfuil éifeacht cheangailteach leo faoin dlí idirnáisiúnta, ach a d’fhéadfadh ‘tionchar cinntitheach a bheith acu ar ábhar na reachtaíochta a ghlacfaidh reachtas an Aontais Eorpaigh 2 .

4.1.2.Feidhm maidir leis an gcás seo

Is comhlacht é Comhchoiste LEE a cuireadh ar bun le comhaontú, eadhon Comhaontú LEE. An gníomh a iarrtar ar Chomhchoiste LEE a ghlacadh, is gníomh é a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leis. Beidh an gníomh atá beartaithe ceangailteach faoin dlí idirnáisiúnta i gcomhréir le hAirteagail 103 agus 104 de Chomhaontú LEE.

Leis an ngníomh atá beartaithe ní fhorlíontar ná ní leasaítear creat institiúideach an Chomhaontaithe. Dá bhrí sin, is é Airteagal 218(9) CFAE an bunús dlí nós imeachta maidir leis an gcinneadh atá beartaithe i gcomhar le hAirteagal 1(3) de Rialachán Uimh. 2894/94 ón gComhairle maidir le socruithe le haghaidh chur chun feidhme an Chomhaontaithe ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch.

4.2.Bunús dlí substainteach

4.2.1.Na prionsabail

An bunús dlí substainteach atá ag cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE i gcomhar le hAirteagal 1(3) de Rialachán Uimh. 2894/94 ón gComhairle, is ar bhunús dlí substainteach ghníomh dlí an Aontais atá le hionchorprú i gComhaontú LEE a bhraitheann sé go príomha.

Má tá dhá aidhm ag an ngníomh atá beartaithe nó má tá dhá chomhpháirt ann agus más féidir ceann de na haidhmeanna nó de na comhpháirteanna sin a shainaithint mar phríomhaidhm nó mar phríomh-chomhpháirt agus an ceann eile mar aidhm nó comhpháirt theagmhasach, ní mór an cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE a bhunú ar bhunús dlí substainteach aonair, is é sin an bunús dlí a éilítear de réir na príomhaidhme nó na príomh-chomhpháirte.

4.2.2.Feidhm maidir leis an gcás seo

Baineann príomhchuspóir agus príomhábhar an ghnímh atá beartaithe le cumarsáid leictreonach, seirbhísí closamhairc agus an tsochaí faisnéise (comhfhogasú dlíthe). Dá bhrí sin, is é Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh bunús dlí substainteach an chinnidh atá beartaithe.

4.3.Conclúid

Ba cheart Airteagal 114, i gcomhar le hAirteagal 218(9) CFAE, agus Airteagal 1(3) de Rialachán Uimh. 2894/94 ón gComhairle maidir le socruithe le haghaidh chur chun feidhme an Chomhaontaithe maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch, a bheith ina bhunús dlí don chinneadh atá beartaithe.

5.Foilsiú an ghnímh atá beartaithe

Ós rud é go leasófar le gníomhartha Chomhchoiste LEE Iarscríbhinn XI (Cumarsáid leictreonach, seirbhísí closamhairc agus an tsochaí faisnéise) agus Prótacal 37 (Ina bhfuil an liosta dá bhforáiltear in Airteagal 101) a ghabhann le Comhaontú LEE, is iomchuí é a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh tar éis a ghlactha.

2022/0237 (NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh laistigh de Chomhchoiste LEE i dtaca leis an leasú ar Iarscríbhinn XI (Cumarsáid leictreonach, seirbhísí closamhairc agus an tsochaí faisnéise) agus ar Phrótacal 37 (Ina bhfuil an liosta dá bhforáiltear in Airteagal 101) a ghabhann le Comhaontú LEE

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 2894/94 ón gComhairle an 28 Samhain 1994 maidir le socruithe le haghaidh chur chun feidhme an Chomhaontaithe ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch 3 , agus go háirithe Airteagal 1(3) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Tháinig an Comhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch 4 (‘Comhaontú LEE’) i bhfeidhm an 1 Eanáir 1994.

(2)De bhun Airteagal 98 de Chomhaontú LEE, féadfaidh Comhchoiste LEE a chinneadh, inter alia, Iarscríbhinn XI (Cumarsáid leictreonach, seirbhísí closamhairc agus an tsochaí faisnéise) agus Prótacal 37 (Ina bhfuil an liosta dá bhforáiltear in Airteagal 101) a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú.

(3)Tá Cinneadh ón gCoimisiún an 11 Meitheamh 2019 lena mbunaítear an Grúpa um Beartas Speictrim Raidió 5   le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(4)Ba cheart, dá bhrí sin, Iarscríbhinn XI (Cumarsáid leictreonach, seirbhísí closamhairc agus an tsochaí faisnéise) agus Prótacal 37 (Ina bhfuil an liosta dá bhforáiltear in Airteagal 101) a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir.

(5)Ba cheart, dá bhrí sin, seasamh an Aontais i gComhchoiste LEE a bheith bunaithe ar an dréacht-Chinneadh ó Chomhchoiste LEE a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Maidir leis an seasamh atá le glacadh, thar ceann an Aontais, laistigh de Chomhchoiste LEE i ndáil leis an leasú atá beartaithe ar Iarscríbhinn XI (Cumarsáid leictreonach, seirbhísí closamhairc agus an tsochaí faisnéise) agus ar Phrótacal 37 (Ina bhfuil an liosta dá bhforáiltear in Airteagal 101) a ghabhann le Comhaontú LEE, bunófar é ar na dréacht-chinntí ó Chomhchoiste LEE atá i gceangal leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá a ghlacfar é.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

   Thar ceann na Comhairle

   An tUachtarán

(1)    Cinneadh ón gCoimisiún an 11 Meitheamh 2019 lena mbunaítear an Grúpa um Beartas Speictrim Raidió,IO C 196, 12.6.2019, lch. 16.
(2)    Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 7 Deireadh Fómhair 2014, an Ghearmáin v an Chomhairle, C-399/12, ECLI:EU:C:2014:2258, míreanna 61 go 64.
(3)    IO L 305, 30.11.1994, lch. 6.
(4)    IO L 1, 3.1.1994, lch. 3.
(5)    Cinneadh ón gCoimisiún an 11 Meitheamh 2019 lena mbunaítear an Grúpa um Beartas Speictrim Raidió, (IO C 196, 12.6.2019, lch. 16).
Top

An Bhruiséil,18.8.2022

COM(2022) 397 final

IARSCRÍBHINN

a ghabhann leis an

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh laistigh de Chomhchoiste LEE i dtaca leis an leasú ar Iarscríbhinn XI (Cumarsáid leictreonach, seirbhísí closamhairc agus an tsochaí faisnéise) agus ar Phrótacal 37 (Ina bhfuil an liosta dá bhforáiltear in Airteagal 101) a ghabhann le Comhaontú LEE


IARSCRÍBHINN

CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE

Uimhir […]

an […]

lena leasaítear Iarscríbhinn XI (Cumarsáid leictreonach, seirbhísí closamhairc agus an tsochaí faisnéise) agus Prótacal 37 (Ina bhfuil an liosta dá bhforáiltear in Airteagal 101) a ghabhann le Comhaontú LEE

TÁ COMHCHOISTE LEE,

Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

Tá Cinneadh ón gCoimisiún an 11 Meitheamh 2019 lena mbunaítear an Grúpa um Beartas Speictrim Raidió agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2002/622/CE 1 le hionchorprú i gComhaontú LEE.

Le Cinneadh ón gCoimisiún an 11 Meitheamh 2019, aisghairtear Cinneadh 2002/622/CE ón gCoimisiún 2 , Cinneadh atá ionchorpraithe i gcomhaontú LEE agus atá, dá bharr sin, le haisghairm faoi Chomhaontú LEE.

Ba cheart, dá bhrí sin, Iarscríbhinn XI agus Prótacal 37 a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad théacs phointe 5ch (Cinneadh 2002/622/CE ón gCoimisiún) d’Iarscríbhinn XI a ghabhann le Comhaontú LEE:

32019 D 0612(01): Cinneadh ón gCoimisiún an 11 Meitheamh 2019 lena mbunaítear an Grúpa um Beartas Speictrim Raidió agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2002/622/CE, (IO C 196, 12.6.2019, lch. 16).

Módúlachtaí maidir le comhlachas Stáit CSTE i gcomhréir le hAirteagal 101 den Chomhaontú seo:

Glacfaidh Stáit CSTE páirt iomlán sa Ghrúpa um Beartas Speictrim Raidió agus beidh na cearta agus na hoibleagáidí céanna acu ann agus a bhíonn ag na Ballstáit den Aontas, cé is moite den cheart vótála.’

Airteagal 2

I bpointe 16 de Phrótacal 37, cuirtear na focail ‘Cinneadh ón gCoimisiún an 11 Meitheamh 2019’ in ionad na bhfocal ‘Cinneadh 2002/622/CE ón gCoimisiún’.

Airteagal 3

Is téacs barántúil a bheidh i dtéacs Chinneadh ón gCoimisiún an 11 Meitheamh 2019 san Íoslainnis agus san Ioruais, atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 4

Tiocfaidh an Cinneadh i bhfeidhm an […], ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile faoi Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha 3*.

Airteagal 5

Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an […].

   Thar ceann Chomhchoiste LEE

   An tUachtarán

   […]

   Rúnaithe

   Chomhchoiste LEE

   […]

(1)    IO C 196, 12.6.2019, lch. 16. 
(2)    IO L 198, 27.7.2002, lch. 49.
(3) *    [Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.] [Sonraítear ceanglais bhunreachtúla.]
Top