AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,11.7.2022
COM(2022) 329 final
IARSCRÍBHINN
a ghabhann leis an
Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 691/2011 a mhéid a bhaineann le modúil nua cuntas eacnamaíoch comhshaoil a thabhairt isteach
IARSCRÍBHINN
‘IARSCRÍBHINN VII
CUNTAIS FHORAOISEACHA
Roinn 1
CUSPÓIRÍ
Déanann cuntais fhoraoiseacha sonraí faoi acmhainní foraoise agus faoi ghníomhaíocht eacnamaíoch i dtionscal na foraoiseachta agus na lománaíochta a thaifeadadh agus a chur i láthair ar bhealach atá ag luí go hiomlán leis na sonraí a thuairiscítear faoi Chóras Eorpach na gCuntas (CEC). Soláthraíonn cuntais fhoraoiseacha faisnéis chomhlántach agus úsáidtear coincheapa atá curtha in oiriúint do nádúr ar leith foraoisí agus do thionscal na foraoiseachta agus na lománaíochta.
Sainítear san Iarscríbhinn seo na sonraí atá le bailiú, le tiomsú, le tarchur agus a bhfuil meastóireacht le déanamh orthu ag na Ballstáit le haghaidh cuntais fhoraoiseacha.
Roinn 2
CUMHDACH
Déantar taifeadadh i gcuntais fhoraoiseacha ar stoic agus ar shreafaí acmhainní foraoise (coillearnach agus adhmad) agus ar ghníomhaíocht eacnamaíoch i dtionscal na foraoiseacha agus na lománaíochta, lena n‑áirítear lomáin chruinne a tháirgeadh agus táirgí foraoise neamhadhmaid a bhfuil fás fiáin orthu a bhaint agus a bhailiú.
Roinn 3
LIOSTA NA SAINTRÉITHE
Soláthróidh na Ballstáit cuntais fhoraoiseacha de réir na saintréithe a thuairiscítear sa Roinn seo.
(1)Cuntais sócmhainní coillearnaí agus adhmaid. Sainmhínítear coillearnach mar shuim na dtrí phointe thíos.
(a)Foraois atá ar fáil chun adhmad a sholáthar: Foraoisí nach bhfuil tionchar suntasach ag aon srianta comhshaoil, sóisialta nó eacnamaíocha ar sholáthar reatha ná ar sholáthar féideartha adhmaid. Is féidir na srianta sin a bhunú le rialacha dlí, le cinntí bainistíochta/úinéirí nó ar chúiseanna eile.
(b)Is é atá i bhforaois nach bhfuil ar fáil chun adhmad a sholáthar gach foraois nach meastar a bheith ar fáil chun adhmad a sholáthar de réir phointe a). Is foraoisí iad sin ina gcuireann srianta comhshaoil, sóisialta, eacnamaíocha nó dlíthiúla cosc ar aon soláthar suntasach adhmaid. Áirítear leis sin (a) foraoisí a bhfuil srianta dlíthiúla iontu nó srianta atá mar thoradh ar chinntí polaitiúla eile a dhéanann soláthar adhmaid a eisiamh nó a theorannú go mór ar chúiseanna amhail caomhnú comhshaoil nó bithéagsúlachta (foraois chosanta, páirceanna náisiúnta, anaclanna dúlra agus limistéir chosanta eile amhail iad ar díol spéise iad ó thaobh an chomhshaoil, na heolaíochta, na staire, an chultúir nó na spioradálta de); (b) foraoisí ina bhfuil táirgiúlacht fhisiceach nó cáilíocht adhmaid ró‑íseal nó i gcás ina bhfuil costais iompair ró‑ard chun údar maith a thabhairt le saothrú foraoiseachta, seachas ó gearrthacha ó am go chéile le haghaidh tomhaltas an duine é féin.
(c)Coillearnach eile.
Sainmhínítear ‘foraois’ mar thalamh is fairsinge ná 0.5 heicteár le crainn is airde ná 5 mhéadar air agus ceannbhrat duilliúir is mó ná 10 %, nó le crainn atá in ann na tairseacha sin a bhaint amach in situ. Ní áirítear leis talamh atá, den chuid is mó, faoi úsáid talún talmhaíochta ná crainn i suíomhanna uirbeacha, amhail páirceanna cathrach, lánaí agus gairdíní.
Sainítear ‘coillearnach eile’ mar thalamh nach bhfuil aicmithe mar fhoraois, talamh is fairsinge ná 0.5 heicteár; le crainn is airde ná 5 mhéadar air agus ceannbhrat duilliúir is mó ná 5-10 %, nó le crainn atá in ann na tairseacha sin a bhaint amach in situ; nó a bhfuil clúdach comhcheangailte toir, toim agus crann acu ar mó é ná 10 %. Ní áirítear leis talamh atá, den chuid is mó, faoi úsáid talún talmhaíochta ná crainn i suíomhanna uirbeacha, amhail páirceanna cathrach, lánaí agus gairdíní.
Sainmhínítear ‘glanincrimint bhliantúil adhmaid’ mar an meánfhás bliantúil ar mhéid na gcrann beo. Déantar é a ríomh ón stoc beo crann (stoc fáis) atá ar fáil ag tús na bliana lúide an mheánráta básmhaireachta bliantúil.
Sainmhínítear ‘aistrithe’ mar mhéid na gcrann go léir, atá beo nó marbh, a leagadh agus a bhaintear as an bhforaois, as coillearnach eile nó as láithreáin leagain eile. Áirítear leis lomáin chruinne neamhdhíolta atá stóráilte ar thaobh na foraoise le taobh an bhóthair. Áirítear leis freisin caillteanais nádúrtha a aisghabhtar, aistrithe le linn na bliana d;adhmad a leagadh i dtréimhse níos luaithe, aistriú lomán (amhail stumpaí agus brainsí), agus aistriú crainn a maraíodh nó a ndearnadh damáiste dóibh de bharr cúiseanna nádúrtha (ar a dtugtar caillteanais nádúrtha), e.g. tine, gaoth, feithidí agus galair. Ní áirítear leis bithmhais neamhadhmadach ná adhmad ar bith a fhágtar san fhoraois agus nach n‑aistrítear i rith na bliana, e.g. stumpaí, brainsí, barr na gcrann agus fuíoll ó chrainn a leagan (dramhaíl as saothrú foraoiseachta).
Sainmhínítear ‘caillteanais dho-aisghafa’ mar fuíoll ó chrainn a leagan agus gach crann a leagann an ghaoth nach féidir a bhaint as an bhforaois, agus adhmad a chailltear trí dhóiteáin foraoise.
(2)Cuntais eacnamaíocha ag tuairisciú gníomhaíocht eacnamaíoch i dtionscal na foraoiseachta agus na lománaíochta. Sainmhínítear tionscal na foraoiseachta agus na lománaíochta mar gach aonad príomhghníomhaíochta áitiúil (APG áitiúil) a dhéanann gníomhaíochtaí a aicmítear faoi rannán A02 de NACE Rev. 2.
Tuairisceofar na saintréithe seo a leanas, agus sainmhínithe CEC á n‑úsáid:
–aschur;
–agus de sin: aschur chun críche úsáide críochnaithí dílse
–ídiú idirmheánach;
–oll-bhreisluach;
–ídiú an chaipitil sheasta;
–Cánacha eile ar tháirgeadh;
–Fóirdheontais eile ar tháirgeadh;
–cúiteamh d’fhostaithe;
–ollfhoirmiú caipitil sheasta agus éadálacha lúide diúscairtí sócmhainní neamhtháirgthe neamhairgeadais;
–athruithe ar fhardail;
–aistriú caipitil.
Tuairisceoidh na Ballstáit fostaíocht i dtionscal na foraoiseachta agus na lománaíochta in aonad oibre bliantúil de réir mílte (AWUnna) mar a shainmhínítear faoi Rialachán (CE) Uimh. 138/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
Roinn 4
AN CHÉAD BHLIAIN TAGARTHA, AN MHINICÍOCHT AGUS NA SPRIOCDHÁTAÍ TARCHURTHA
(1)Déanfar an staidreamh a thiomsú agus a tharchur ar bhonn bliantúil.
(2)Déanfar staidreamh a tharchur laistigh de 21 mí ó dheireadh na bliana tagartha.
(3)Chun riachtanais úsáideoirí le haghaidh tacair shonraí atá críochnúil agus tráthúil a shásamh, déanfaidh an Coimisiún (Eurostat) meastacháin i leith iomláin an Aontais a tháirgeadh le haghaidh phríomh‑chomhiomláin an mhodúil seo, agus sin chomh luath agus a bheidh sonraí leordhóthanacha ar fáil i ndáil le tíortha. I ngach cás inar féidir, déanfaidh an Coimisiún (Eurostat) meastacháin le haghaidh sonraí nár tharchuir Ballstáit laistigh den spriocdháta a shonraítear i bpointe 2 a tháirgeadh agus a fhoilsiú.
(4)Is é 2023 an chéad bhliain tagartha.
(5)Sa chéad tarchur sonraí, déanfaidh Ballstáit sonraí bliantúla ó 2022 go dtí an chéad bhliain tagartha a áireamh.
(6)Le gach tarchur sonraí chuig an gCoimisiún ina dhiaidh sin, soláthróidh Ballstáit sonraí bliantúla le haghaidh na mblianta n‑2, n‑1 agus n, inarb ionann n agus an bhliain tagartha. Déanfaidh na Ballstáit sonraí a thíolacadh an athuair le haghaidh na mblianta ó 2022 ar aghaidh tráth ar bith a athbhreithneofar na sonraí. Féadfaidh na Ballstáit sonraí ar bith atá ar fáil le haghaidh na mblianta roimh 2022 a sholáthar.
Roinn 5
TÁBLAÍ TUAIRISCITHE
I gcás na saintréithe a leagtar síos i Roinn 3, tuairisceofar an fhaisnéis seo a leanas:
(1)Limistéar coillearnaí, arna mhiondealú de réir an mhéid seo a leanas:
–foraois atá ar fáil chun adhmad a sholáthar;
–foraois nach bhfuil ar fáil chun adhmad a sholáthar;
–coillearnach eile.
Déanfar gach ceann de na catagóirí sin a mhiondealú tuilleadh de réir an mhéid seo a leanas:
–limistéar oscailte ag tús na bliana tagartha;
–foraoisiú agus méaduithe eile;
–dífhoraoisiú agus laghduithe eile;
–athaicmiú staidrimh;
–limistéar iata ag deireadh na bliana tagartha.
Déanfar na sonraí a thuairisciú in aonaid de réir mílte heicteáir.
(2)Méid an adhmaid, arna mhiondealú de réir:
–foraois atá ar fáil chun adhmad a sholáthar;
–foraois nach bhfuil ar fáil chun adhmad a sholáthar;
–coillearnach eile.
Déanfar an fhoraois atá ar fáil chun adhmad a sholáthar a mhiondealú tuilleadh de réir an mhéid seo a leanas:
–stoc tosaigh ag tús na bliana tagartha;
–incrimint ghlan;
–aistrithe;
–caillteanais dho-aisghafa;
–athaicmiú staidrimh;
–ítim clár comhardaithe;
–stoic deiridh ag deireadh na bliana tagartha.
Foraois nach bhfuil ar fáil chun adhmad a sholáthar agus coillearnach eile, déanfar iad a mhiondealú tuilleadh de réir an mhéid seo a leanas:
–stoc tosaigh ag tús na bliana tagartha;
–aistrithe;
–athruithe eile (idir stoic thosaigh agus stoic dheiridh);
–stoc deiridh ag deireadh na bliana tagartha.
Déanfar na sonraí a thuairisciú i dtéarmaí adhmaid le coirt in aonaid de réir mílte m3.
(3)Luach an adhmaid, arna mhiondealú de réir:
–foraois atá ar fáil chun adhmad a sholáthar;
–foraois nach bhfuil ar fáil chun adhmad a sholáthar;
–coillearnach eile.
Déanfar foraois atá ar fáil chun adhmad a sholáthar a mhiondealú tuilleadh de réir an mhéid seo a leanas:
–stoc tosaigh ag tús na bliana tagartha;
–incrimint ghlan;
–aistrithe;
–caillteanais dho-aisghafa;
–athluacháil;
–athaicmiú staidrimh;
–ítim clár comhardaithe;
–stoc deiridh ag deireadh na bliana tagartha.
Foraois nach bhfuil ar fáil chun adhmad a sholáthar agus coillearnach eile, déanfar iad a mhiondealú tuilleadh de réir an mhéid seo a leanas:
–stoc tosaigh ag tús na bliana tagartha;
–aistrithe;
–athruithe eile (idir stoic thosaigh agus stoic dheiridh);
–stoc deiridh ag deireadh na bliana tagartha.
Tuairisceofar na sonraí ar fad san airgeadra náisiúnta de réir milliúin.
(4)I gcás na gcuntas eacnamaíoch, tuairisceofar an t‑aschur dá dtagraítear i Roinn 3 de réir an mhiondealaithe seo a leanas, le táirgí atá sainithe i dtéarmaí aicmiú táirgí de réir gníomhaíochta leagan 2.1:
–plandaí crann foraoise beo (táirge 02.10.11) agus síolta crann (táirge 02.10.12);
–crainn foraoise, a shainmhínítear mar shuim ghlanincrimint an adhmaid i bhforaoisí saothraithe (táirge 02.10.30) agus díolacháin adhmaid as foraoisí neamhshaothraithe;
–adhmad garbh (táirge 02.20.1), ina bhfuil na hítimí seo a leanas atá le tuairisciú in dhá shraith ar leith:
(a)connadh (táirgí 02.20.14 agus 02.20.15);
(b)lomáin, i.e. suim na lomán adhmaid bhuaircíneach (táirge 02.20.11), lomáin adhmaid neamhbhuaircínigh seachas adhmad trópaiceach (táirge 02.20.12), agus lomáin adhmaid thrópaicigh(táirge 02.20.13).
–táirgí nach táirgí adhmaid iad a fhásann go fiáin (táirge 02.30);
–Seirbhísí atá saintréitheach de ghníomhaíocht na foraoiseachta agus na lománaíochta a shainmhínítear mar sheirbhísí plandlainne crann foraoise (táirge 02.10.2), seirbhísí tacaíochta don fhoraoiseacht (táirge 02.4), agus aon seirbhísí eile a sholáthraíonn aonad príomhghníomhaíochta áitiúil (APG) de thionscal na foraoiseachta;
–táirgí eile ó ghníomhaíochtaí tánaisteacha gaolmhara san APG áitiúil, amhail beacáin agus trufail (01.13.8), caora eile, torthaí den ghéineas vaccinium n.e.c. (01.25.19), rubar nádúrtha (01.29.10), adhmad garbh lena n‑áirítear cuaillí scoilte agus picéid (16.10.39), fioghual (20.14.72), seirbhísí anaclanna dúlra lena n‑áirítear seirbhísí caomhnaithe fiadhúlra (91.04.12), agus aon táirge eile a tháirgeann APG áitiúil.
Tomhaltas idirmheánach thionscal na foraoiseachta agus na lománaíochta dá dtagraítear i Roinn 3, tuairisceofar é de réir an mhiondealaithe seo a leanas, le táirgí atá sainithe i dtéarmaí aicmiú táirgí de réir gníomhaíochta leagan 2.1:
(a)suim na bplandaí crann foraoise beo (táirge 02.10.11), síolta crann foraoise (táirge 02.10.12), agus na gcrann foraoise (táirge 02.10.3) a úsáidtear chun adhmad a tháirgeadh;
(b)suim an fhuinnimh agus na mbealaithe, lena n‑áirítear leictreachas (táirge 35.11.10), biotáille mhótair (gásailín) (táirge 19.20.21), gás nádúrtha – leachtaithe nó i staid ghásach (táirge 06.20.10), olaí peitriliam bhealaithe agus ullmhóidí troma nach n‑aicmítear in áit ar bith eile (táirge 19.20.29), agus táirgí eile dá samhail;
(c)suim na seirbhísí saintréitheacha den fhoraoiseacht agus an lománaíocht lena n‑áirítear seirbhísí plandlainne crann foraoise (táirge 02.10.2), seirbhísí tacaíochta don fhoraoiseacht (táirge 02.4), agus aon seirbhísí eile a sholáthraíonn APG áitiúil de thionscal na foraoiseachta agus na lománaíochta;
(d)earraí agus seirbhísí eile nach dtugtar cuntas orthu in aon cheann de na hathróga tomhaltais idirmheánaigh thuas.
Déanfar athruithe i bhfardail thionscal na foraoiseachta agus na lománaíochta dá dtagraítear i Roinn 3 a thuairisciú de réir an mhiondealaithe seo a leanas:
–athruithe ar obair idir lámha ar shócmhainní bitheolaíocha saothraithe;
–athruithe eile ar fhardail.
Tuairisceofar na saintréithe ar fad san airgeadra náisiúnta de réir milliúin.
Roinn 6
UASRÉ NA nIDIRTHRÉIMHSÍ
Maidir le cur chun feidhme fhorálacha na hIarscríbhinne seo, is é 2 bhliain ón gcéad spriocdháta tarchurtha, uasré na hidirthréimhse.
IARSCRÍBHINN VIII
CUNTAIS FHÓIRDHEONTAIS CHOMHSHAOIL AGUS AISTRITHE DÁ SAMHAIL
Roinn 1
CUSPÓIRÍ
Maidir le cuntais fhóirdheontais chomhshaoil agus aistrithe dá samhail, bailíonn siad agus cuireann siad i láthair sonraí faoi aistrithe reatha agus faoi aistrithe caipitil a bheartaítear chun tacú le gníomhaíochtaí lena gcosnaítear an comhshaol agus acmhainní nádúrtha, lena n‑áirítear táirgí comhshaoil a tháirgeadh agus a úsáid, ar bhealach atá ag luí le coincheapa agus sainmhínithe Chóras Eorpach na gCuntas (CEC 2010).
Sainítear leis an Iarscríbhinn seo na sonraí atá le bailiú, le tiomsú, le tarchur, agus a bhfuil meastóireacht le déanamh orthu, ag na Ballstáit le haghaidh cuntais fhóirdheontais chomhshaoil agus aistrithe dá samhail. Úsáidtear na sonraí sin freisin chun caiteachas náisiúnta i leith chosaint an chomhshaoil a thiomsú mar atá leagtha amach in Iarscríbhinn IV.
Roinn 2
CUMHDACH
Déantar íocaíochtaí neamhchúitithe ón rialtas ginearálta le hearnálacha institiúideacha eile (laistigh den gheilleagar intíre agus leis an gcuid eile den domhan) agus ó neamhchónaithigh (an chuid eile den domhan), chun críche an comhshaol a chosaint nó úsáid agus asbhaint acmhainní nádúrtha a laghdú, a thaifeadadh sna cuntais fhóirdheontais chomhshaoil agus aistrithe dá samhail.
Roinn 3
LIOSTA NA SAINTRÉITHE
Déanfaidh na Ballstáit cuntais fhóirdheontais chomhshaoil agus aistrithe dá samhail a tháirgeadh de réir na saintréithe seo a leanas:
–fóirdheontais (CEC cód D.3);
–aistrithe reatha eile (CEC cóid D.6 agus D.7);
–aistrithe caipitil (CEC cód D.9).
Tuairisceofar na sonraí ar fad san airgeadra náisiúnta de réir milliúin.
Roinn 4
AN CHÉAD BHLIAIN TAGARTHA, AN MHINICÍOCHT AGUS NA SPRIOCDHÁTAÍ TARCHURTHA
(1)Déanfar an staidreamh a thiomsú agus a tharchur ar bhonn bliantúil.
(2)Déanfar an staidreamh a tharchur laistigh de 24 mhí ó dheireadh na bliana tagartha.
(3)Chun riachtanais úsáideoirí le haghaidh tacair shonraí atá críochnúil agus tráthúil a shásamh, déanfaidh an Coimisiún (Eurostat) meastacháin i leith iomláin an Aontais a tháirgeadh le haghaidh phríomh‑chomhiomláin an mhodúil seo, agus sin chomh luath agus a bheidh sonraí leordhóthanacha ar fáil i ndáil le tíortha. I ngach cás inar féidir, déanfaidh an Coimisiún (Eurostat) meastacháin le haghaidh sonraí nár tharchuir Ballstáit laistigh den spriocdháta a shonraítear i bpointe 2 a tháirgeadh agus a fhoilsiú.
(4)Is é 2023 an chéad bhliain tagartha.
(5)Sa chéad tarchur sonraí, déanfaidh Ballstáit sonraí bliantúla ó 2022 go dtí an chéad bhliain tagartha a áireamh.
(6)Le gach tarchur sonraí chuig an gCoimisiún, soláthróidh Ballstáit sonraí bliantúla le haghaidh na mblianta n‑2, n‑1 agus n, i gcás inarb ionann n agus an bhliain tagartha. Déanfaidh na Ballstáit sonraí a thíolacadh an athuair le haghaidh na mblianta ó 2022 ar aghaidh tráth ar bith a athbhreithneofar na sonraí. Féadfaidh na Ballstáit aon sonraí atá ar fáil le haghaidh na mblianta roimh 2022 a sholáthar.
Roinn 5
TÁBLAÍ TUAIRISCITHE
(1)I gcás na saintréithe dá dtagraítear i Roinn 3, tuairisceofar sonraí de réir an mhéid seo a leanas:
–an earnáil institiúideach íocaíochta, mar a leanas:
–an rialtas ginearálta;
–an chuid eile den domhan.
–an earnáil institiúideach fála, mar a leanas:
–an rialtas ginearálta;
–corparáidí;
–teaghlaigh;
–institiúidí neamhbhrabúis a fhónann do theaghlaigh;
–an chuid eile den domhan.
(2)Maidir le gach ceann de na catagóirí tuairiscithe thuas, tuairisceofar sonraí de réir aicmí den aicmiú ar ghníomhaíochtaí caomhnaithe comhshaoil (CEPA) agus de réir aicmiú na ngníomhaíochtaí bainistíochta acmhainní (CReMA), agus iad grúpáilte mar a leanas:
–CEPA 1;
–CEPA 2;
–CEPA 3;
–CEPA 4;
–CEPA 5;
–CEPA 6;
–suim CEPA 7, CEPA 8 agus CEPA 9;
–CReMA 10;
–CReMA 11;
–CReMA 13;
–CReMA 13A;
–CReMA 13B;
–CReMA 13C;
–CReMA 14;
–Suim CReMA 12, CReMA 15 agus CReMA 16.
(3)Ba cheart aistrithe is infhaighte ag corparáidí ón rialtas ginearálta agus iad grúpáilte de réir shuim aicmí uile CEPA (CEPA 1-9) agus aicmí uile CReMA (CReMA 10-16) a ghrúpáil tuilleadh de réir aicmiú na ngníomhaíochtaí eacnamaíocha NACE Rev. 2 mar a leanas:
–NACE A – talmhaíocht, foraoiseacht agus iascaireacht;
–NACE B – mianadóireacht agus cairéalacht;
–NACE C – monaraíocht;
–NACE D – soláthar leictreachais, gáis, gaile agus aerchóiriúcháin;
–NACE E – soláthar uisce, séarachas, bainistíocht dramhaíola agus feabhsúchán;
–NACE F – tógáil;
–NACE G – trádáil mórdhíola agus miondíola, deisiú mótarfheithiclí agus gluaisrothar;
–NACE H – Iompar agus stóráil;
–NACE I-U – ranna eile NACE.
(4)Aicmí CEPA dá dtagraítear i bpointí 2 agus 3, is mar a leagtar amach in Iarscríbhinn IV atá siad; aicmí CReMA, is mar a leagtar amach in Iarscríbhinn V atá siad.
Roinn 6
UASRÉ NA nIDIRTHRÉIMHSÍ
Maidir le cur chun feidhme fhorálacha na hIarscríbhinne seo, is é 2 bhliain ón gcéad spriocdháta tarchurtha, uasré na hidirthréimhse.
IARSCRÍBHINN IX
CUNTAIS ÉICEACHÓRAIS
Roinn 1
CUSPÓIRÍ
Is éard a bhíonn i gcuntais éiceachórais, sonraí faoi fhairsinge agus staid na sócmhainní éiceachórais agus na seirbhísí a sholáthraíonn siad don tsochaí agus don gheilleagar. Tá na sonraí ag teacht le Cuntasaíocht Éiceachórais Córas na gCuntas Eacnamaíoch Comhshaoil agus tá siad comhoiriúnach leis na sonraí a thuairiscítear faoi Chóras Eorpach na gCuntas.
Úsáideann cuntais éiceachórais faisnéis atá ann cheana nuair is féidir, lena n‑áirítear faisnéis ó bhreathnóireacht na cruinne, tuairisciú comhshaoil agus foinsí eile sonraí.
Roinn 2
CUMHDACH
Déantar taifead i gcuntais éiceachórais ar fhairsinge na n‑éiceachóras, ar riocht na n‑éiceachóras, agus ar shreabha na seirbhísí éiceachórais.
Is éard atá i bhfairsinge an éiceachórais, méid na n‑éiceachóras in achar. I gcuntais i dtaca le fairsinge an éiceachórais, cumhdaítear éiceachórais talún (lena n‑áirítear éiceachórais fionnuisce) agus éiceachórais mhuirí sa chríoch náisiúnta.
Is ionann riocht an éiceachórais agus cáilíocht éiceachórais a thomhaistear i dtéarmaí aibitheacha, bitheacha agus tírdhreacha, de réir chineálacha éiceachórais.
Is éard is seirbhísí éiceachórais ann na tairbhí a chuireann éiceachórais ar fáil do ghníomhaíochtaí eacnamaíocha agus do ghníomhaíochtaí daonna eile. Áirítear leo sin (i) seirbhísí soláthair, (ii) seirbhísí rialála agus cothabhála, agus (iii) seirbhísí cultúrtha. Déanann cuntais i dtaca le seirbhísí éiceachórais taifead ar sholáthar agus úsáid iarbhír na seirbhísí éiceachórais a sholáthraíonn na héiceachórais sa chríoch náisiúnta.
Is éard is cuntais théamacha ann cuntais a eagraíonn sonraí de réir téamaí sonracha beartais amhail an bhithéagsúlacht, an t‑athrú aeráide, na haigéin agus ceantair uirbeacha.
Roinn 3
LIOSTA NA SAINTRÉITHE
Déanfaidh na Ballstáit cuntais éiceachórais a tháirgeadh de réir na saintréithe seo a leanas:
(1)Cuntais i dtaca le fairsinge an éiceachórais ina dtaifeadtar an t‑achar agus an t‑athrú ar an achar le haghaidh gach cineáil éiceachórais laistigh den chríoch náisiúnta. Is i míle heicteár a thuairisceoidh na Ballstáit na cuntais i dtaca le fairsinge an éiceachórais.
(2)Mar chomhpháirt de na cuntais i dtaca le fairsinge an éiceachórais, maitrís chomhshóiteachta ina dtaifeadtar comhshónna idir cineálacha éiceachórais idir dhá phointe ama, i heicteáir.
(3)Cuntais i dtaca le riocht an éiceachórais ina dtaifeadtar saintréithe an éiceachórais mar a leanas:
(a)i gcás lonnaíochtaí agus limistéir shaorga eile:
–déanfar limistéir ghlasa i gcathracha agus i mbailte agus bruachbhailte cóngaracha a thuairisciú i gcéatadán den achar iomlán, arna ríomh le haghaidh achar iomlán na gcathracha agus na mbailte agus na mbruachbhailte máguaird, lena n‑áirítear gach cineál éiceachórais sa limistéar sin;
–tuairisceofar tiúchan ábhair cháithnínigh, a bhfuil trastomhas suas le 2.5 μm aige i gcathracha, in μg/m3 mar mheán náisiúnta le haghaidh na tréimhse tuairiscithe.
(b)i gcás talamh curaíochta:
–déanfar stoc carbóin orgánaigh ithreach sa bharrithir a thuairisciú i dtona/ha, mar mheán náisiúnta le haghaidh na tréimhse tuairiscithe.
(c)i gcás féarthalaimh:
–déanfar stoc carbóin orgánaigh ithreach sa bharrithir a thuairisciú i dtona/ha, mar mheán náisiúnta le haghaidh na tréimhse tuairiscithe.
(d)i gcás talamh curaíochta agus féarthalamh le chéile:
–déanfar innéacs éanlaithe talaimh feirme coiteann a thuairisciú mar innéacs comhiomlán náisiúnta le haghaidh na tréimhse tuairiscithe.
(e)i gcás foraoise agus coillearnaí:
–déanfar adhmad marbh a thuairisciú i m3/ha, mar mheán náisiúnta le haghaidh na tréimhse tuairiscithe.
–déanfar dlús cumhdaigh na gcrann a thuairisciú i gcéatadán, mar mheán náisiúnta le haghaidh na tréimhse tuairiscithe.
(f)i gcás tránna, dumhcha agus bogach cois cósta:
–maidir leis an sciar den chumhdach achair neamh‑thréscaoilteach shaorga, atá sa limistéar cósta lena n‑áirítear tránna, dumhcha agus bogaigh cósta de chineál éiceachórais, déanfar é a thuairisciú i gcéatadán mar mheán náisiúnta le haghaidh na tréimhse tuairiscithe.
Is aonaid riaracháin áitiúla iad cathracha, bailte agus bruachbhailte, agus iad aicmithe de réir leibhéal na típeolaíochta uirbiúcháin a leagtar amach faoi Rialachán (AE) 2017/2391.
(4)Cuntais i dtaca le seirbhísí éiceachórais ina dtaifeadtar soláthar agus úsáid seirbhísí éiceachórais i dtáblaí soláthair agus úsáide. Sa tábla soláthair, déanfar taifead ar sholáthar seirbhísí éiceachórais ó na héiceachórais go dtí an tsochaí. Déanfar úsáid seirbhísí éiceachórais de réir an chineáil úsáide a shainmhínítear i Roinn 5 a thaifeadadh sa tábla úsáide.
Tuairisceofar na táblaí soláthair agus úsáide sna haonaid fhisiceacha seo a leanas.
(a)Seirbhísí soláthair
–Soláthar barr, a shainmhínítear mar an méid a chuireann an t‑éiceachóras le fás plandaí arna neasú le méid na mbarr arna mbuain i gcás úsáidí éagsúla. Áirítear leis sin táirgeadh bia agus snáithíní, farae agus fuinneamh, agus bithmhais innilte, mar a leagtar amach faoi Iarscríbhinn III, Tábla A, Roinn 1.1 agus Roinn 1.2.
–Pailniú, a shainmhínítear mar an méid a chuireann pailneoirí fiáine leis na barra thuasluaite a tháirgeadh. Déanfar na ranníocaíochtaí a thuairisciú i dtonaí de bharra atá spleách ar phailneoirí agus is féidir a chur i leith pailneoirí fiáine, de réir an chineáil bairr i gcás na bpríomhchineál barr atá spleách ar phailneoirí, lena n‑áirítear crainn torthaí, caora, trátaí, olashíolta agus ‘eile’.
–Soláthar adhmaid, a shainmhínítear mar an méid a chuireann an t‑éiceachóras le fás crann agus bithmhais adhmaid eile, déanfar é a thuairisciú mar ghlan‑incrimint in adhmad thar choirt, i míle m³, de réir mar a shainmhínítear in Iarscríbhinn VII.
(b)Seirbhísí rialála agus cothabhála
–Sainmhínítear scagachán aeir mar an méid a chuireann an t‑éiceachóras le truailleáin aeriompartha a scagadh trí dheascadh, glacadh, socrú agus stóráil truailleán ag comhpháirteanna éiceachórais (go háirithe crainn). Maolaíonn sé sin éifeachtaí díobhálacha na dtruailleán. Déanfar na rannchuidithe a thuairisciú i dtonaí ábhair cháithnínigh atá leabaithe.
–Sainmhínítear an rialú domhanda na haeráide mar an méid a chuireann an t‑éiceachóras le tiúchain na ngás ceaptha teasa san atmaisféar a laghdú trí charbón a bhaint (glan‑cheapadh) ón atmaisféar agus trí charbón in éiceachórais a choinneáil (stóráil). Déanfar na rannchuidithe a thuairisciú i dtéarmaí tonnaí glan‑cheaptha carbóin agus tonaí de charbón orgánach atá stóráilte in éiceachórais talún, lena n‑áirítear os cionn talún agus faoi thalamh sa chéad 0.3 méadar den ithir (lena n‑áirítear i bportaigh).
–Is é an sainmhíniú atá ar rialú áitiúil na haeráide, an méid a chuireann an t‑éiceachóras le rialú dálaí timpeallachta atmaisféaracha i limistéir uirbeacha trí fhásra a fheabhsaíonn dálaí maireachtála daoine agus a thacaíonn le táirgeadh eacnamaíoch. Beidh sé sainráite agus tuairiscithe mar an laghdú ar an teocht i gcathracha, a bhuí le héifeacht an fhásra uirbigh, i gcéimeanna Celsius ar laethanta os cionn 25 chéim Celsius.
(c)Seirbhísí cultúrtha
–Sainmhínítear seirbhísí turasóireachta a bhaineann leis an dúlra mar rannchuidiú an éiceachórais, go háirithe trí shaintréithe agus trí cháilíochtaí bithfhisice na n‑éiceachóras, a chuireann ar chumas daoine leas a bhaint as an gcomhshaol agus taitneamh a bhaint as trí idirghníomhaíochtaí díreacha, in situ, fisiceacha agus taithíocha leis an gcomhshaol. Déanfar na rannchuidithe sin a thuairisciú i líon na bhfanachtaí thar oíche in óstáin, i mbrúnna, i láithreacha campála, etc. is féidir a chur i leith cuairteanna ar éiceachórais.
(5)Úsáidfear an tábla seo a leanas de chineálacha éiceachórais sna cuntais éiceachórais:
|
Catagóir
|
Cineál éiceachórais
|
|
1
|
Lonnaíochtaí agus limistéir shaorga eile
|
|
2
|
Talamh curaíochta
|
|
3
|
Féarthalamh (féaraigh, féarthalamh leathnádúrtha agus nádúrtha)
|
|
4
|
Foraois agus coillearnach
|
|
5
|
Fraochmhánna agus tor
|
|
6
|
Éiceachórais fásra scáinte
|
|
7
|
Bogaigh intíre
|
|
8
|
Aibhneacha agus canálacha
|
|
9
|
Lochanna agus taiscumair
|
|
10
|
Ionraoin mhuirí agus uiscí trasdultacha
|
|
11
|
Tránna, dumhcha agus bogaigh cois cósta
|
|
12
|
Éiceachórais mhuirí (uiscí cósta, uiscí scairbhe agus aigéan oscailte)
|
Roinn 4
AN CHÉAD BHLIAIN TAGARTHA, AN MHINICÍOCHT AGUS NA SPRIOCDHÁTAÍ TARCHURTHA
(1)Déanfar an staidreamh a thiomsú agus a tharchur:
–gach 3 bliana le haghaidh cuntais i dtaca le fairsinge an éiceachórais agus cuntais i dtaca le riocht an éiceachórais. Déanfaidh na sonraí tagairt do mheán ionadaíoch le haghaidh na bliana tagartha, agus don mhaitrís chomhshóiteachta a léiríonn an t‑athrú sna 3 bliana idir 2 bhliain tagartha;
–ar bhonn bliantúil le haghaidh cuntais i dtaca le seirbhísí éiceachórais.
(2)Déanfar an staidreamh a tharchur laistigh de 24 mhí ó dheireadh na bliana tagartha.
(3)Chun riachtanais úsáideoirí le haghaidh tacair shonraí atá críochnúil agus tráthúil a shásamh, déanfaidh an Coimisiún (Eurostat) meastacháin i leith iomláin an Aontais a tháirgeadh, agus sin chomh luath agus a bheidh sonraí leordhóthanacha ar fáil i ndáil le tíortha. I ngach cás inar féidir, déanfaidh an Coimisiún (Eurostat) meastacháin le haghaidh sonraí nár tharchuir Ballstáit laistigh den spriocdháta a shonraítear i bpointe 2 a tháirgeadh agus a fhoilsiú.
(4)Is é 2024 an chéad bhliain tagartha. I gcás na maitríse comhshóiteachta, is é 2027 an chéad bhliain tagartha.
(5)Sa chéad tarchur sonraí, is in aonaid fhisiceacha a áireoidh na Ballstáit sonraí ó 2024 maidir le cuntais i dtaca le fairsinge agus riocht agus maidir le táblaí soláthair agus úsáide i dtaca le seirbhísí éiceachórais. A mhéid a bhaineann leis an maitrís comhshóiteachta, léireoidh na sonraí na hathruithe idir 2024 agus 2027.
(6)Le gach tarchur sonraí chuig an gCoimisiún ina dhiaidh sin, soláthróidh Ballstáit sonraí bliantúla maidir le seirbhísí éiceachórais le haghaidh bhlianta n‑1 agus n; mar aon le sonraí maidir le cuntais i dtaca le méid agus riocht le haghaidh bhlianta n‑3 agus n, nuair is ionann n agus an bhliain tagartha. Déanfaidh na Ballstáit sonraí a thíolacadh an athuair ó 2024 ar aghaidh nuair a athbhreithneofar na sonraí. Féadfaidh na Ballstáit sonraí ar bith atá ar fáil do na blianta roimh 2024 a sholáthar.
Roinn 5
TÁBLAÍ TUAIRISCITHE
(1)Cuntais i dtaca le fairsinge an éiceachórais: Maidir le gach cineál éiceachórais dá dtagraítear i Roinn 3, tuairisceofar sonraí sa chéad tarchur le haghaidh na chéad bhliana tagartha. I gcás gach tarchuir sonraí ina dhiaidh sin, déanfar na sonraí a thuairisciú mar a leanas:
–fairsinge sa bhliain tagartha roimhe sin;
–méideanna breise;
–laghduithe;
–fairsinge sa bhliain tagartha reatha.
Tuairisceoidh an mhaitrís chomhshóiteachta idir gach cineál éiceachórais dá dtagraítear i Roinn 3 idir an bhliain tagartha roimhe sin agus an bhliain tagartha reatha.
(2)Cuntais i dtaca le seirbhísí éiceachórais: I gcás na seirbhísí éiceachórais dá dtagraítear i Roinn 3, tuairisceofar sonraí i dtáblaí soláthair agus úsáide mar a leanas:
Tábla soláthair ina dtaifeadtar soláthar bliantúil na seirbhísí dá dtagraítear i Roinn 3 de réir gach cineáil éiceachórais dá dtagraítear i Roinn 3, ach amháin catagóirí 10 agus 12;
Tábla úsáide ina dtaifeadtar úsáid seirbhísí éiceachórais de réir an mhiondealaithe seo a leanas:
–tomhaltas idirmheánach de réir tionscail;
–tomhaltas críochnaitheach an rialtais;
–tomhaltas deiridh teaghlach;
–ollfhoirmiú caipitil;
–onnmhairí.
(3)Níl oibleagáid ar Bhallstát sonraí a thuairisciú más rud é nach bhfuil a achar talún iomlán níos mó ná 0.1 % d’achar talún iomlán an Aontais.
Roinn 6
UASRÉ NA nIDIRTHRÉIMHSÍ
Maidir le cur chun feidhme fhorálacha na hIarscríbhinne seo, is é 2 bhliain ón gcéad spriocdháta tarchurtha, uasré na hidirthréimhse.’