AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,23.5.2022
COM(2022) 241 final
2022/0165(NLE)
Togra le haghaidh
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
maidir le treoirlínte le haghaidh bheartais fostaíochta na mBallstát
This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 52022PC0241
Proposal for a COUNCIL DECISION on guidelines for the employment policies of the Member States
Togra le haghaidh CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE maidir le treoirlínte le haghaidh bheartais fostaíochta na mBallstát
Togra le haghaidh CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE maidir le treoirlínte le haghaidh bheartais fostaíochta na mBallstát
COM/2022/241 final
AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,23.5.2022
COM(2022) 241 final
2022/0165(NLE)
Togra le haghaidh
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
maidir le treoirlínte le haghaidh bheartais fostaíochta na mBallstát
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.COMHTHÉACS AN TOGRA
De bhun an Chonartha ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, measann na Ballstáit gur ábhar leasa choitinn a mbeartais eacnamaíocha agus an fhostaíocht a chur chun cinn agus déanfaidh siad comhordú ar a ngníomhaíocht i dtionól na Comhairle. Glacfaidh an Chomhairle treoirlínte fostaíochta (Airteagal 148), ina sonrófar nach mór iad a bheith comhsheasmhach leis na mór-threoirlínte beartais eacnamaíoch (Airteagal 121).
Cé go mbeidh na mór-threoirlínte beartas eacnamaíoch bailí go ceann aon fhad ama, ní mór na treoirlínte le haghaidh beartais fostaíochta a tharraingt suas gach bliain. Glacadh na treoirlínte in éineacht le chéile (‘pacáiste comhtháite’) den chéad uair in 2010, a bhí mar bhonn taca le Straitéis Eoraip 2020. D'fhan na treoirlínte comhtháite cobhsaí go dtí 2014. Glacadh treoirlínte comhtháite athbhreithnithe in 2015. In 2018, rinneadh na treoirlínte fostaíochta a ailíniú le prionsabail Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta a d‘fhógair Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún i mí na Samhna 2017, d’fhonn athchóirithe a chur chun cinn ar an leibhéal náisiúnta agus chun fónamh mar threoir do phróiseas athnuaite cóineasaithe aníos ar fud na hEorpa i dtreo dálaí oibre agus maireachtála níos fearr, agus níor tháinig aon athrú orthu in 2019. In 2020, rinneadh iad a ailíniú chun gnéithe a bhaineann le hiarmhairtí na géarchéime COVID-19, na n‑aistrithe glasa agus digiteacha, agus Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe a chomhtháthú. Tugadh ar aghaidh iad in 2021, agus ag an am céanna rinneadh na haithrisí a choigeartú chun torthaí Chruinniú Mullaigh Sóisialta Phorto agus an Phlean Gníomhaíochta um Chearta Sóisialta a léiriú. In 2022, leasaíodh na treoirlínte do bheartais fostaíochta na mBallstát go háirithe chun an téacs a ailíniú tríd an scéal a athdhíriú ar thimpeallacht iar-COVID 19, trí níos mó gnéithe a bhaineann le cothroime san aistriú glas a thabhairt isteach, lena léirítear tionscnaimh bheartais a rinneadh le déanaí agus lena gcuirtear isteach gnéithe beartais a bhfuil ábharthacht ar leith ag baint leo i gcomhthéacs ionradh na Rúise ar an Úcráin.
Mar aon leis na treoirlínte ginearálta maidir leis an mbeartas eacnamaíoch, cuirtear na treoirlínte fostaíochta i láthair mar Chinneadh ón gComhairle maidir le treoirlínte do bheartais fostaíochta na mBallstát (Cuid II de na Treoirlínte Comhtháite) agus tugtar bunús leo do mholtaí a bhaineann go sonrach le tír faoi leith sna réimsí faoi seach.
Is iad seo a leanas na “Treoirlínte Fostaíochta”:
Treoirlíne 5: Borradh a chur faoin éileamh ar shaothar
Treoirlíne 6: Feabhas a chur ar sholáthar saothair agus rochtain ar fhostaíocht, ar scileanna agus ar inniúlachtaí a fheabhsú
Treoirlíne 7: Feabhas a chur ar fheidhmiú na margaí saothair agus ar éifeachtacht an idirphlé shóisialta
Treoirlíne 8: Comhionannas deiseanna do chách a chur chun cinn, cuimsiú sóisialta a chothú agus an bhochtaineacht a chomhrac
2022/0165 (NLE)
Togra le haghaidh
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
maidir le treoirlínte le haghaidh bheartais fostaíochta na mBallstát
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 148(2) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Ag féachaint don tuairim ó Pharlaimint na hEorpa 1 ,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa 2 ,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún 3 ,
Ag féachaint don tuairim ón gCoiste Fostaíochta 4
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)Oibreoidh na Ballstáit agus an tAontas chun straitéis chomhordaithe don fhostaíocht a fhorbairt agus go háirithe chun fórsa saothair sciliúil oilte inoiriúnaithe a chur chun cinn, chomh maith le margaí saothair a bheidh dírithe ar an athrú eacnamaíoch agus a bheidh freagrúil sa todhchaí, d’fhonn na cuspóirí maidir le lánfhostaíocht agus dul chun cinn sóisialta, fás cothrom, ardleibhéal cosanta don chomhshaol agus feabhsú cháilíocht an chomhshaoil mar a leagtar síos in Airteagal 3 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE) a bhaint amach. Measfaidh na Ballstáit gur ábhar leasa choitinn é an fhostaíocht a chur chun cinn agus déanfaidh siad comhordú ar a ngníomhaíocht ina leith sin i dtionól na Comhairle, agus cleachtais náisiúnta a bhaineann le freagrachtaí an lucht bainistíochta agus an lucht saothair á gcur san áireamh.
(2)Déanfaidh an tAontas an t‑eisiamh sóisialta agus an t‑idirdhealú a chomhrac, agus an ceartas sóisialta agus an chosaint shóisialta, an comhionannas idir mná agus fir, an dlúthpháirtíocht idir na glúine agus an chosaint ar chearta an linbh a chur chun cinn, mar a leagtar síos in Airteagal 3 CAE. Agus a bheartais agus a ghníomhaíochtaí á sainiú agus á gcur chun feidhme aige, cuirfidh an tAontas san áireamh na ceanglais atá nasctha le hardleibhéal fostaíochta a chur chun cinn, le cosaint shóisialta leormhaith a ráthú, leis an mbochtaineacht agus leis an eisiamh sóisialta a chomhrac, le hardleibhéal oideachais agus oiliúna agus le cosaint do shláinte an duine mar a leagtar síos in Airteagal 9 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE).
(3)I gcomhréir le CFAE, tá ionstraimí comhordaithe beartais forbartha agus curtha chun feidhme ag an Aontas do bheartais eacnamaíocha agus fostaíochta. Mar chuid de na hionstraimí sin, is iad na Treoirlínte maidir le Beartais Fostaíochta na mBallstát (na ‘Treoirlínte’) a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo, mar aon leis na Treoirlínte Ginearálta maidir le Beartais Eacnamaíocha na mBallstát agus an Aontais a leagtar amach i Moladh (AE) 2015/1184 ón gComhairle 5 , na Treoirlínte Comhtháite. Is leosan a dhéanfar cur chun feidhme beartais a threorú sna Ballstáit agus san Aontas, agus léireofar an t‑idirspleáchas atá ann idir na Ballstáit. Is é a bheidh sa taca beartas agus athchóirithe comhordaithe idir an leibhéal Eorpach agus an leibhéal náisiúnta a eascraíonn as an méid sin, meascán beartas iomchuí inbhuanaithe foriomlán maidir le cúrsaí geilleagair agus fostaíochta, ar cheart dó éifeachtaí iarmharta dearfacha a bheith aige.
(4)Tá na Treoirlínte comhsheasmhach leis an gComhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis, le reachtaíocht an Aontais atá ann cheana agus le tionscnaimh éagsúla de chuid an Aontais, lena n‑áirítear Treoir ón gComhairle an 20 Iúil 2001 6 , Moltaí ón gComhairle an 10 Márta 2014 7 , an 15 Feabhra 2016 8 , an 19 Nollaig 2016 9 , an 15 Márta 2018 10 , an 22 Bealtaine 2018 11 , an 22 Bealtaine 2019 12 , an 8 Samhain 2019 13 , an 30 Deireadh Fómhair 2020 14 , an 24 Samhain 2020 15 , an 29 Samhain 2021 16 , Moladh ón gCoimisiún an 4 Márta 202 17 , Moladh ón gComhairle an 14 Meitheamh 2021 18 , Rún ón gComhairle an 26 Feabhra 2021 19 , Teachtaireacht ón gCoimisiún an 9 Nollaig 2021 20 , Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Nollaig 2021 21 [, an Togra le haghaidh Treorach ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le pá íosta leordhóthanach san Aontas Eorpach 22 , an Togra le haghaidh Moladh ón gComhairle maidir le haistriú cothrom i dtreo neodracht aeráide a áirithiú 23 , an Togra le haghaidh Moladh ón gComhairle maidir le cur chuige Eorpach i leith micrea-chruthaithe d‘fhoghlaim ar feadh an tsaoil agus infhostaitheacht 24 , an Togra le haghaidh Moladh ón gComhairle maidir le cuntais foghlama aonair 25 , an Togra le haghaidh Treorach ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle cur i bhfeidhm phrionsabal an phá chomhionainn as obair chomhionann nó obair ar luach comhionann idir fir agus mná a neartú trí shásraí maidir le trédhearcacht pá agus forfheidhmiú 26 , an Togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le dálaí oibre a fheabhsú in obair na n‑ardán 27 agus an Togra le haghaidh Moladh ón gComhairle maidir le foghlaim don inbhuanaitheacht chomhshaoil 28 ].
(5)Comhcheanglaíonn an Seimeastar Eorpach ionstraimí éagsúla le chéile i gcreat uileghabhálach um chomhordú agus um fhaireachas comhtháite iltaobhach ar bheartais eacnamaíocha agus fostaíochta. Agus an inbhuanaitheacht chomhshaoil, an táirgiúlacht, an chothroime agus an chobhsaíocht á saothrú ag an Seimeastar Eorpach, comhtháthaítear prionsabail Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta agus an uirlis faireacháin a ghabhann leis, an Scórchlár Sóisialta, agus déantar foráil maidir le rannpháirtíocht láidir leis na comhpháirtithe sóisialta, leis an tsochaí shibhialta agus le geallsealbhóirí eile. Tacaíonn sé leis na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe a bhaint amach. Ba cheart beartais eacnamaíocha agus fostaíochta an Aontais agus na mBallstát a bheith fite fuaite le haistriú cothrom na hEorpa chuig geilleagar digiteach a bheidh neodrach ó thaobh díobháil aeráide de, inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de, feabhas a chur ar an iomaíochas, dálaí oibre leordhóthanacha a áirithiú, an nuálaíocht a chothú, an ceartas sóisialta agus comhdheiseanna a chur chun cinn, chomh maith le dul i ngleic le héagothromaíochtaí agus éagothromaíochtaí réigiúnacha.
(6)An t‑athrú aeráide agus dúshláin a bhaineann leis an gcomhshaol, an gá atá le dlús a chur le neamhspleáchas fuinnimh agus neamhspleáchas straitéiseach oscailte na hEorpa a áirithiú, an domhandú, an digitiú, an intleacht shaorga, méadú ar theilea-obair, geilleagar na n‑ardán agus an t‑athrú déimeagrafach, tá geilleagair agus sochaithe na hEorpa ag athrú ó bhonn. Beidh ar an Aontas agus ar na Ballstáit oibriú le chéile chun aghaidh a thabhairt ar na forbairtí struchtúracha sin go héifeachtach agus go réamhghníomhach agus chun na córais atá ann cheana a oiriúnú de réir mar is gá, agus aitheantas á thabhairt do dhlúth‑idirspleáchas gheilleagair agus mhargaí saothair na mBallstát, agus do bheartais ghaolmhara. Chuige sin, teastaíonn gníomhaíocht beartais atá comhordaithe, uaillmhianach agus éifeachtach ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta araon, i gcomhréir le CFAE agus le forálacha an Aontais maidir le rialachas eacnamaíoch, agus Colún Eorpach na gCeart Sóisialta á chur chun feidhme ag an am céanna. Ba cheart go gcuimseodh gníomhaíocht beartais den sórt sin borradh faoi infheistíocht inbhuanaithe, gealltanas athnuaite d’athchóirithe atá leagtha síos go hiomchuí agus a fheabhsaíonn an fás eacnamaíoch, cruthú post ardcháilíochta, táirgiúlacht, dálaí oibre leordhóthanacha, comhtháthú sóisialta agus críochach, cóineasú aníos, athléimneacht agus feidhmiú freagrachta fioscaí, le tacaíocht ó chláir chistiúcháin AE atá ann cheana, agus go háirithe an tSaoráid um Théarnamh agus Athléimneacht agus Cistí an Bheartais Chomhtháthaithe (lena n‑áirítear Ciste Sóisialta na hEorpa Plus agus Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa) chomh maith leis an gCiste Trasdula. Ba cheart di seachbhearta soláthair agus éilimh a chomhcheangail le chéile, agus na tionchair a bheidh acu ar chúrsaí comhshaoil, fostaíochta agus sóisialta a chur san áireamh san am céanna.
(7)D’fhógair Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún Colún Eorpach na gCeart Sóisialta 29 . Leagtar amach ann fiche prionsabal agus ceart lena dtacófar le dea-fheidhmiú agus cothromas sna margaí saothair, a roinntear i dtrí chatagóir: comhionannas deiseanna agus rochtain chothrom ar an margadh saothair, dálaí oibre cothroma agus cosaint agus cuimsiú sóisialta. Leis na prionsabail agus na cearta tugtar treoir straitéiseach don Aontas lena áirithiú go mbeidh an t‑aistriú chuig an neodracht aeráide agus chuig inbhuanaitheacht chomhshaoil, an digitiú agus an t‑athrú déimeagrafach cothrom agus cóir ar bhonn sóisialta. Is creat tagartha é Colún Eorpach na gCeart Sóisialta, mar aon leis an Scórchlár Sóisialta a ghabhann leis, chun faireachán a dhéanamh ar fheidhmíocht fostaíochta agus shóisialta na mBallstát, chun athchóirithe a chur chun cinn ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil agus chun réiteach a dhéanamh idir an ‘sóisialta’ agus an ‘margadh’ i ngeilleagar nua-aimseartha an lae inniu, lena n‑áirítear tríd an ngeilleagar sóisialta a chur chun cinn. An 4 Márta 2021, chuir an Coimisiún Plean Gníomhaíochta chun cinn maidir le cur chun feidhme Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta (an ‘Plean Gníomhaíochta’), lena n‑áirítear príomhspriocanna uaillmhianacha ach réadúla agus fospriocanna comhlántacha do 2030, i réimsí na fostaíochta, na scileanna, an oideachais agus laghdú na bochtaineachta, chomh maith leis an Scórchlár Sóisialta athbhreithnithe.
(8)An 8 Bealtaine 2021, ag Cruinniú Mullaigh Sóisialta Phorto, d’aithin na Cinn Stáit nó Rialtais Colún Eorpach na gCeart Sóisialta mar ghné bhunúsach den téarnamh, ag tabhairt dá n‑aire go neartófar, lena chur chun feidhme, iarracht an Aontais aistriú digiteach, glas agus cothrom a bhaint amach agus rannchuidiú le cóineasú sóisialta agus eacnamaíoch aníos a bhaint amach agus aghaidh a thabhairt ar dhúshláin dhéimeagrafacha. Chuir siad in iúl go láidir go bhfuil an ghné shóisialta, an t‑idirphlé sóisialta agus rannpháirtíocht ghníomhach na gcomhpháirtithe sóisialta i gcroílár geilleagair shóisialta mhargaidh ina bhfuil iomaíocht ghéar. Chinn siad go gcuirtear treoir úsáideach ar fáil leis an bPlean Gníomhaíochta chun Colún Eorpach na gCeart Sóisialta a chur chun feidhme, lena n‑áirítear i réimsí na fostaíochta, na scileanna, na sláinte agus na cosanta sóisialta. Ba dhíol sásaimh dóibh príomhspriocanna nua an Aontais do 2030 maidir le fostaíocht (78 % den daonra idir 20 agus 64 bliana d’aois a bheith i mbun fostaíochta), scileanna (60 % de na daoine fásta ar fad a bheith rannpháirteach in oiliúint gach bliain) agus laghdú bochtaineachta (ag 15 milliún duine ar a laghad, lena n‑áirítear cúig mhilliún leanbh), chomh maith leis an Scórchlár Sóisialta athbhreithnithe d’fhonn faireachán a dhéanamh ar an dul chun cinn i dtreo chur chun feidhme phrionsabail Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta mar chuid den chreat um chomhordú beartais i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh. Sa ghealltanas Porto iarradh freisin ar na Ballstáit spriocanna náisiúnta uaillmhianacha a leagan síos, agus aird chuí á tabhairt ar an seasamh tosaigh atá ag gach tír, agus rannchuidiú leordhóthanach chun spriocanna Eorpacha 2030 a bhaint amach.
In Porto, thug Ceannairí Stáit nó Rialtais dá n‑aire gurb é an tosaíocht a bheidh ag an Eoraip, de réir mar a aisghabhann an Eoraip de réir a chéile ó phaindéim COVID-19, gluaiseacht ó chosaint go poist a chruthú agus ó cháilíocht na bpost a fheabhsú, agus chuir siad i dtreis go mbeidh sé ríthábhachtach prionsabail Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta a chur chun feidhme chun a áirithiú go gcruthófar níos mó post agus poist níos fearr do chách faoi chuimsiú téarnaimh chuimsithigh. Leag siad béim ar a dtiomantas don aontacht agus don dlúthpháirtíocht, rud a chiallaíonn go n‑áiritheofar comhdheiseanna do chách agus nach bhfágfar aon duine ar lár.
Dhearbhaigh siad go bhfuil rún daingean acu, mar a bunaíodh le Clár Oibre Straitéiseach na Comhairle Eorpaí 2019-2024, leanúint de chur chun feidhme Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta a dhoimhniú, agus aird chuí á tabhairt ar inniúlachtaí faoi seach agus ar phrionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta. Ar deireadh, leag siad béim ar a thábhachtaí atá sé súil ghéar a choinneáil ar an dul chun cinn atá déanta chun Colún Eorpach na gCeart Sóisialta agus príomhspriocanna an Aontais do 2030 a chur chun feidhme, lena n‑áirítear ar an leibhéal is airde.
(9)Tar éis ionradh na Rúise ar an Úcráin, cháin an Chomhairle Eorpach, ina conclúidí an 24 Feabhra 2022, gníomhaíochtaí na Rúise, a fhéachann leis an mbonn a bhaint de shlándáil agus de chobhsaíocht na hEorpa agus an domhain, agus chuir sí dlúthpháirtíocht in iúl do mhuintir na hÚcráine, agus chuir sí i dtreis sárú an dlí idirnáisiúnta agus prionsabail Chairt na Náisiún Aontaithe. Sa chomhthéacs reatha, tá gá le cosaint shealadach, mar a thugtar í leis an gCinneadh ón gComhairle an 4 Márta 2022 30 lena ndéantar an Treoir um Chosaint Shealadach 31 a ghníomhachtú, i bhfianaise scála insreabhadh na ndídeanaithe agus na ndaoine easáitithe. Cuireann sé sin ar chumas dhídeanaithe na hÚcráine leas a bhaint as cearta comhchuibhithe ar fud an Aontais a chuireann leibhéal leordhóthanach cosanta ar fáil, lena n‑áirítear cearta cónaithe, rochtain agus lánpháirtiú ar an margadh saothair, rochtain ar oideachas agus oiliúint, rochtain ar thithíocht, chomh maith le rochtain ar chórais slándála sóisialta, cúram leighis, leas sóisialta, nó cúnamh eile, agus cóir mhaireachtála. Trí pháirt a ghlacadh i margaí saothair na hEorpa, is féidir le dídeanaithe ón Úcráin rannchuidiú le geilleagar an Aontais a neartú agus cabhrú lena dtír agus lena muintir sa bhaile. Amach anseo, féadfaidh an taithí agus na scileanna a fuarthas cuidiú leis an Úcráin a atógáil. I gcás leanaí gan tionlacan agus déagóirí, tugann cosaint shealadach an ceart chun caomhnóireacht dhlíthiúil agus chun rochtain a fháil ar oideachas agus ar chúram leanaí. Ba cheart do na Ballstáit ról a thabhairt do na comhpháirtithe sóisialta i gceapadh, i gcur chun feidhme agus i meastóireacht na mbeart beartais atá dírithe ar aghaidh a thabhairt ar na dúshláin fostaíochta agus scileanna a eascraíonn as ionradh na Rúise ar an Úcráin. Tá ról lárnach ag na comhpháirtithe sóisialta maidir le tionchar an chogaidh a mhaolú ó thaobh fostaíocht agus táirgeacht a chaomhnú.
(10)Ba cheart go leanfadh athchóirithe ar mhargadh an tsaothair, lena n‑áirítear sásraí náisiúnta chun pá a shocrú, cleachtais náisiúnta an idirphlé shóisialta, d’fhonn pá cothrom a sholáthar lena gcumasófar caighdeán maith maireachtála agus fás inbhuanaithe. Ba cheart dóibh an deis is gá a chur ar fáil chun gnéithe socheacnamaíocha a chur san áireamh go forleathan, lena n‑áirítear feabhas a chur ar an inbhuanaitheacht, ar an iomaíochas, ar an nuálaíocht, cruthú post ar ardchaighdeán, dálaí oibre, bochtaineacht san obair, oideachas agus scileanna, sláinte agus cuimsiú an phobail, agus fíorioncaim. Ar an gcaoi sin, tá an tSaoráid um Théarnamh agus um Athléimneacht agus cistí eile de chuid an Aontais ag tacú leis na Ballstáit athchóirithe agus infheistíochtaí a chur chun feidhme atá i gcomhréir le tosaíochtaí an Aontais, rud a fhágfaidh go mbeidh geilleagair agus sochaithe na hEorpa níos inbhuanaithe, níos athléimní agus níos ullmhaithe don aistriú glas agus digiteach. Chuir ionradh na Rúise ar an Úcráin leis na dúshláin shocheacnamaíocha a bhí ann cheana de bharr ghéarchéim COVID-19. Ba cheart do na Ballstáit agus don Aontas leanúint dá n‑áirithiú go maolófar na tionchair shóisialta, fostaíochta agus eacnamaíocha agus go mbeidh na haistrithe cothrom ó thaobh cúrsaí sóisialta de agus cóir, i bhfianaise freisin go gcuideoidh neamhspleáchas straitéiseach níos mó agus aistriú glas luathaithe le laghdú a dhéanamh ar an spleáchas ar allmhairiú fuinnimh agus táirgí/teicneolaíochtaí straitéiseacha eile, go háirithe ón Rúis. Tá sé ríthábhachtach athléimneacht a neartú agus sochaí chuimsitheach athléimneach a shaothrú ina dtugtar cosaint do dhaoine agus ina dtugtar an chumhacht dóibh athruithe a thuar agus a bhainistiú, agus inar féidir leo páirt ghníomhach a ghlacadh sa tsochaí agus sa gheilleagar. Tá gá le tacar comhleanúnach de bheartais ghníomhacha maidir le margadh an tsaothair, lena gcuimsítear fruiliú sealadach agus dreasachtaí aistrithe, beartais scileanna agus seirbhísí fostaíochta feabhsaithe, chun tacú le haistrithe i margadh an tsaothair, i bhfianaise na gclaochlaithe glasa agus digiteacha freisin, mar a léiríodh i Moladh (AE) 2021/402 [agus sa Mholadh ón gComhairle maidir le haistriú cothrom i dtreo neodracht na haeráide a áirithiú].
(11)Ba cheart dul i ngleic le hidirdhealú de gach cineál, comhionannas inscne a áirithiú agus fostaíocht daoine óga a áirithiú. Ba cheart rochtain agus deiseanna do chách a áirithiú agus ba cheart an bhochtaineacht agus an t‑eisiamh sóisialta a laghdú, lena n‑áirítear leanaí agus Romaigh, go háirithe trí fheidhmiú éifeachtach na margaí saothair agus córais chosanta sóisialta leordhóthanacha agus cuimsitheacha a áirithiú 32 , agus trí dheireadh a chur le bacainní ar oideachas, ar oiliúint agus ar rannpháirtíocht i margadh an tsaothair a bheidh cuimsitheach agus dírithe ar an todhchaí, lena n‑áirítear trí infheistíochtaí in oideachas agus i gcúram na luath‑óige, agus i scileanna digiteacha glasa. Tá tábhacht ar leith ag baint le rochtain thráthúil chomhionann ar chúram fadtéarmach inacmhainne agus ar sheirbhísí cúraim sláinte inacmhainne, lena n‑áirítear cosc agus cur chun cinn cúraim sláinte, i bhfianaise phaindéim COVID-19 a thosaigh in 2020 agus i gcomhthéacs sochaithe atá ag dul in aois. Ba cheart an acmhainneacht atá ag daoine faoi mhíchumas rannchuidiú le fás eacnamaíoch agus leis an bhforbairt shóisialta a chothú a thuilleadh. De réir mar a ghlacann samhlacha nua eacnamaíocha agus gnó áiteanna oibre ar fud an Aontais, tá caidrimh fostaíochta ag athrú freisin. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go ndéanann caidrimh fostaíochta a eascraíonn ó chineálacha nua oibre múnla sóisialta na hEorpa a neartú.
(12)Ba cheart go bhfeidhmeodh na Treoirlínte Comhtháite mar bhunús do mholtaí tír-shonracha a fhéadfaidh an Chomhairle a dhíriú ar na Ballstáit. Tá na Ballstáit le leas iomlán a bhaint as a n‑acmhainní REACT-EU a bunaíodh le Rialachán (AE) 2020/2221 33 , lena dtreisítear cistí an Bheartais Chomhtháthaithe 2014-2020 agus an Ciste um Chabhair Eorpach do na Daoine is Díothaí (FEAD) go dtí 2023, agus mar gheall ar an ngéarchéim san Úcráin atá ann faoi láthair, feabhsóidh siad tuilleadh leis an Rialachán maidir le Gníomhaíocht Comhtháthaithe le haghaidh Dídeanaithe san Eoraip (CARE) 34 , agus le leasú breise ar Rialachán na bhForálacha Coiteanna 35 maidir le réamh‑mhaoiniú méadaithe le haghaidh REACT-EU agus le costas aonaid nua a fhágáil chun cabhrú le lánpháirtiú daoine atá ag teacht isteach san Aontas ón Úcráin a luathú 36 . Ina theannta sin, don tréimhse clársceidealaithe 2021-2027, ba cheart do na Ballstáit úsáid iomlán a bhaint as Ciste Sóisialta na hEorpa Plus a bunaíodh le Rialachán (AE) 2021/1057 37 , Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa a bunaíodh le Rialachán (AE) 2021/1058 38 , an tSaoráid um Théarnamh agus Athléimneacht, a bunaíodh le Rialachán (AE) 2021/241 39 , agus cistí eile de chuid an Aontais, lena n‑áirítear an Ciste um Aistriú Cóir arna bhunú le Rialachán (AE) 2021/1056 40 chomh maith le InvestEU arna bhunú le Rialachán (AE) 2021/523 41 , chun fostaíocht, infheistíochtaí sóisialta, cuimsiú sóisialta agus inrochtaineacht a chothú, agus deiseanna uas‑scilithe agus athscilithe don fhórsa saothair, don fhoghlaim ar feadh an tsaoil agus d’oideachas agus d’oiliúint ar ardchaighdeán do chách, lena n‑áirítear litearthacht dhigiteach agus scileanna digiteacha, a chur chun cinn. Ina theannta sin, bainfidh na Ballstáit lánúsáid as an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú d’Oibrithe Easáitithe a bunaíodh le Rialachán (AE) 2021/691 42 chun tacú le hoibrithe arna ndéanamh iomarcach mar thoradh ar mhórtheagmhais athstruchtúraithe, amhail paindéim COVID-19, claochluithe socheacnamaíocha ar toradh ar threochtaí níos domhanda iad, agus athruithe teicneolaíochta agus comhshaoil. Cé go ndírítear na Treoirlínte Comhtháite ar na Ballstáit agus ar an Aontas, ba cheart iad a chur chun feidhme i gcomhpháirtíocht leis na húdaráis náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla uile, i ndlúthchomhar le parlaimintí, chomh maith le comhpháirtithe sóisialta agus ionadaithe na sochaí sibhialta.
(13)Déanfaidh an Coiste Fostaíochta agus don Choiste um Chosaint Shóisialta faireachán ar chur chun feidhme na mbeartas ábhartha i bhfianaise na dtreoirlínte le haghaidh beartais fostaíochta, i gcomhréir lena sainorduithe féin faoi na Conarthaí. Oibreoidh na Coistí sin agus comhlachtaí ullmhúcháin eile de chuid na Comhairle atá bainteach le comhordú beartas eacnamaíoch agus sóisialta i ndlúthchomhar le chéile. Ba cheart idirphlé beartais idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún a choinneáil ar bun, go háirithe a mhéid a bhaineann leis na treoirlínte le haghaidh bheartais fostaíochta na mBallstát.
(14)Chuathas i gcomhairle leis an gCoiste um Chosaint Shóisialta,
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Glactar leis seo na Treoirlínte do Bheartais Fostaíochta na mBallstát (na ‘Treoirlínte’), mar a leagtar amach san Iarscríbhinn iad. Beidh na Treoirlínte mar chuid de na Treoirlínte Comhtháite.
Airteagal 2
Cuirfidh na Ballstáit na Treoirlínte san áireamh ina mbeartais fostaíochta agus ina gcláir um athchóiriú, agus tuairisceofar na treoirlínte sin i gcomhréir le hAirteagal 148(3) CFAE.
Airteagal 3
Dírítear an Cinneadh seo chuig na Ballstáit.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,23.5.2022
COM(2022) 241 final
IARSCRÍBHINN
a ghabhann leis an
Togra le haghaidh CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
maidir le treoirlínte le haghaidh bheartais fostaíochta na mBallstát
IARSCRÍBHINN
Treoirlíne 5: Borradh a chur faoin éileamh ar shaothar
Ba cheart do na Ballstáit geilleagar margaidh sóisialta inbhuanaithe a chur chun cinn go gníomhach agus infheistíocht i gcruthú post ardcháilíochta a éascú agus tacú léi, agus leas a bhaint freisin as an acmhainneacht a bhaineann leis na haistrithe digiteacha agus glasa, i bhfianaise phríomhsprioc 2030 an Aontais maidir leis an bhfostaíocht. Chun na críche sin, ba cheart dóibh na bacainní a bhíonn ar ghnólachtaí agus iad ag earcú daoine a laghdú, fiontraíocht atá freagrach agus fíor-fhéinfhostaíocht a chothú agus, go háirithe, tacú le cruthú agus fás fiontar beag agus fiontar meánmhéide, lena n‑áirítear trí rochtain a thabhairt ar mhaoiniú. Ba cheart do na Ballstáit forbairt an gheilleagair shóisialta a chur chun cinn go gníomhach agus leas a bhaint as acmhainneacht iomlán an gheilleagair shóisialta, nuálaíocht shóisialta agus fiontair shóisialta a chothú, agus na samhlacha gnó sin atá ag cruthú deiseanna fostaíochta ar ardchaighdeán agus ata ag giniúint sochair shóisialta ar an leibhéal áitiúil a spreagadh, go háirithe sa gheilleagar ciorclach agus sna réimsí is mó atá thíos leis an aistriú chuig geilleagar glas i ngeall ar a speisialtóireacht earnála.
Tar éis ghéarchéim COVID-19, ba cheart do scéimeanna oibre gearr-ama atá dea-cheaptha agus socruithe comhchosúla próisis athstruchtúraithe a éascú agus tacú leo, sa bhreis ar an bhfostaíocht a chaomhnú i gcás inarb iomchuí, chun cabhrú le nuachóiriú an gheilleagair, lena n‑áirítear trí scileanna gaolmhara a fhorbairt. Ba cheart breithniú a dhéanamh ar dhreasachtaí fruilithe agus ar dhreasachtaí aistrithe atá dea-cheaptha agus ar bhearta uas‑scilithe agus athoiliúna d’fhonn tacú le cruthú post agus le haistrithe, agus d’fhonn aghaidh a thabhairt ar ghanntanais lucht saothair agus scileanna, i bhfianaise na gclaochluithe digiteacha agus glasa freisin, chomh maith le tionchar ionradh na Rúise ar an Úcráin.
Ba cheart an cánachas a aistriú ón saothar go dtí foinsí cánacha eile a thugann níos mó tacaíochta don fostaíocht agus don fhás cuimsitheach, agus atá ailínithe le cuspóirí aeráide agus comhshaoil, ag féachaint d’éifeacht athdháilte an cháinchórais, agus ioncam le haghaidh cosaint shóisialta leordhóthanach agus caiteachas spreagtha fáis a chosaint san am céanna.
Ba cheart do na Ballstáit, lena n‑áirítear iad sin a bhfuil pá íosta náisiúnta i bhfeidhm acu, cómhargáil a chur chun cinn d’fhonn socrú pá a chur i bhfeidhm, agus rannpháirtíocht éifeachtach comhpháirtithe sóisialta a áirithiú ar bhealach trédhearcach intuartha, lena gcuirfí freagrúlacht leormhaith an phá i leith forbairtí táirgiúlachta san áireamh agus lena gcothófaí pá cothrom le haghaidh caighdeán sásúil maireachtála, agus aird ar leith á tabhairt ar ghrúpaí ar ioncam íseal nó ar mheánioncam ar mhaithe leis an gcóineasú aníos a neartú. Ba cheart dálaí socheacnamaíocha, lena n‑áirítear forbairtí réigiúnacha agus earnálacha, a chur san áireamh sna sásraí chun pá a shocrú. Agus urraim á tabhairt do chleachtais náisiúnta agus do neamhspleáchas na gcomhpháirtithe sóisialta, ba cheart do na Ballstáit agus na comhpháirtithe sóisialta a áirithiú go mbeidh pá cothrom ag gach oibrí trí tairbhe a bhaint, go díreach nó go hindíreach, as comhaontuithe comhchoiteanna nó as pá íosta reachtúil leordhóthanach, agus a dtionchar ar an iomaíochas, ar chruthú post agus ar bhochtaineacht lucht oibre á chur san áireamh.
Treoirlíne 6: Feabhas a chur ar sholáthar saothair agus ar rochtain ar fhostaíocht agus sealbhú scileanna agus inniúlachtaí ar feadh an tsaoil a fheabhsú
I gcomhthéacs na n‑aistrithe digiteacha agus ghlasa, an athraithe dhéimeagrafaigh agus an chogaidh san Úcráin, ba cheart do na Ballstáit an inbhuanaitheacht, an táirgiúlacht, an infhostaitheacht agus an caipiteal daonna a chur chun cinn, lena gcothófaí sealbhú scileanna agus inniúlachtaí ar fud shaol na ndaoine agus lena bhfreagrófaí do riachtanais an mhargaidh saothair atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo, i bhfianaise phríomhsprioc 2030 an Aontais maidir le scileanna. Ba cheart do na Ballstáit a gcórais oideachais agus oiliúna a chur in oiriúint agus infheistíocht a dhéanamh iontu chun oideachas ardcháilíochta cuimsitheach a chur ar fáil, lena n‑áirítear gairmoideachas agus gairmoiliúint, rochtain ar an bhfoghlaim dhigiteach, agus oiliúint teanga (e.g. i gcás dídeanaithe, lena n‑áirítear dídeanaithe ón Úcráin). Ba cheart do na Ballstáit oibriú i gcomhar leis na comhpháirtithe sóisialta, le soláthraithe oideachais agus oiliúna, le fiontair agus le páirtithe leasmhara eile chun aghaidh a thabhairt ar na laigí struchtúracha sna córais oideachais agus oiliúna agus chun feabhas a chur ar a gcáilíocht agus a n‑ábharthacht i leith mhargadh an tsaothair, d’fhonn an t‑aistriú glas agus digiteach a bhaint amach, d’fhonn aghaidh a thabhairt ar neamhréir scileanna atá ann cheana agus d’fhonn teacht chun cinn ganntanas nua a chosc, go háirithe i gcás gníomhaíochtaí a bhaineann le REPowerEU, amhail imscaradh fuinnimh inathnuaite nó athchóiriú foirgneamh. Ba cheart aird ar leith a thabhairt ar na dúshláin atá os comhair ghairm na múinteoireachta, lena n‑áirítear trí infheistíocht a dhéanamh in inniúlachtaí digiteacha múinteoirí agus oiliúnóirí. Ba cheart do chórais oideachais agus oiliúna príomhinniúlachtaí a thabhairt do gach foghlaimeoir, lena n‑áirítear scileanna bunúsacha agus scileanna digiteacha chomh maith le hinniúlachtaí idirdhisciplíneacha chun bunchloch a leagan síos a chuideoidh lena n‑inoiriúnaitheacht agus lena n‑athléimneacht ar feadh an tsaoil. Ba cheart do na Ballstáit féachaint le soláthar teidlíochtaí oiliúna aonair a neartú agus a áirithiú go mbeidh siad inaistrithe le linn aistrithe gairmiúla, lena n‑áirítear, i gcás inarb iomchuí, trí chuntais foghlama aonair, chomh maith le córas iontaofa measúnaithe cáilíochta oiliúna. Ba cheart do na Ballstáit na cuspóirí maidir leis an acmhainneacht atá ag micridhintiúir chun tacú leis an bhfoghlaim ar feadh an tsaoil agus leis an infhostaitheacht a bhaint amach. Ba cheart go gcuirfeadh siad ar chumas gach duine riachtanais an mhargaidh saothair a réamh‑mheas agus iad féin a chur in oiriúint níos fearr dóibh go háirithe trí uasoiliúint agus athoiliúint leanúnach agus trí threoir agus comhairleoireacht chomhtháite a sholáthar, d’fhonn tacú le haistrithe cothroma agus córa do chách, torthaí sóisialta a neartú, aghaidh a thabhairt ar ghanntanais sa mhargadh saothair agus ar neamhréir scileanna, athléimneacht fhoriomlán an gheilleagair ó thaobh turraingí a fheabhsú agus coigeartuithe féideartha a dhéanamh níos éasca.
Ba cheart do na Ballstáit comhdheiseanna a chothú do chách trí aghaidh a thabhairt ar neamh‑chomhionannas i gcórais oideachais agus oiliúna. Go háirithe, ba cheart rochtain ar oideachas agus ar chúram luath‑óige d’ardchaighdeán a thabhairt do leanaí, i gcomhréir leis an Ráthaíocht Eorpach do Leanaí. Ba cheart do na Ballstáit na leibhéil cháilíochta fhoriomlána a ardú, líon na ndaoine a fhágann an t‑oideachas agus an oiliúint go luath a laghdú, tacú le rochtain ar oideachas leanaí ó cheantair iargúlta, tarraingteacht an ghairmoideachais agus na gairmoiliúna (VET), rochtain ar oideachas treasach agus críochnú oideachais threasaigh a mhéadú, an t‑aistriú ón oideachas go dtí an fhostaíocht do dhaoine óga a éascú trí chúrsaí oiliúna agus printíseachtaí ar ardchaighdeán, chomh maith le rannpháirtíocht daoine fásta i bhfoghlaim leanúnach a mhéadú, go háirithe i measc foghlaimeoirí ó chúlraí faoi mhíbhuntáiste agus ó na daoine is lú atá cáilithe. Agus ceanglais nua na sochaithe digiteacha, sochaithe glasa agus sochaithe atá ag dul in aois á gcur san áireamh, ba cheart do na Ballstáit an fhoghlaim obairbhunaithe ina gcórais gairmoideachais agus gairmoiliúna (VET) a neartú, lena n‑áirítear trí phrintíseachtaí éifeachtacha ar ardchaighdeán, agus líon na gcéimithe san eolaíocht, sa teicneolaíocht, san innealtóireacht agus sa mhatamaitic (STEM) a mhéadú sa ghairmoideachas agus gairmoiliúint agus san oideachas treasach araon, go háirithe líon na mban. Ina theannta sin, ba cheart do na Ballstáit ábharthacht an oideachais threasaigh a fheabhsú maidir le margadh an tsaothair, agus i gcás inarb iomchuí, taighde a fheabhsú freisin maidir leis an margadh sin; feabhas a chur ar fhaireachán agus ar réamhaisnéis scileanna; scileanna a dhéanamh níos feiceálaí agus cáilíochtaí a dhéanamh inchomparáide lena chéile, lena n‑áirítear na cáilíochtaí a gnóthaíodh thar lear; agus deiseanna a mhéadú chun scileanna agus inniúlachtaí a sealbhaíodh lasmuigh den oideachas foirmiúil agus den oiliúint fhoirmiúil a aithint agus a bhailíochtú. Ba cheart dóibh soláthar na gairmoiliúna agus an ghairmoideachais atá solúbtha leanúnach a uasghrádú agus an ráta iontrála a bhaineann leo a mhéadú. Ba cheart do na Ballstáit freisin tacú le daoine fásta ar bheagán oiliúna a n‑infhostaitheacht fadtéarmach a choinneáil ar bun nó a fhorbairt trí bhorradh a chur faoi rochtain ar dheiseanna foghlama ar ardchaighdeán agus borradh a chur faoin méid daoine a théann ina mbun, tríd an Moladh maidir le Conairí Uas‑scilithe a chur chun feidhme, lena n‑áirítear measúnú scileanna, tairiscint oideachais agus oiliúna de réir deiseanna i leith an mhargaidh saothair, agus aitheantas a thabhairt do na scileanna a fuarthas agus iad a bhailíochtú.
Ba cheart do na Ballstáit cúnamh éifeachtach, tráthúil, comhordaithe agus saincheaptha a chur ar fáil do dhaoine dífhostaithe agus daoine neamhghníomhacha, cúnamh atá bunaithe ar thacaíocht do chuardach poist, d’oiliúint, d’athcháiliú agus do rochtain ar sheirbhísí cumasúcháin eile, agus aird ar leith á tabhairt ar ghrúpaí leochaileacha agus ar dhaoine a ndéanann na haistrithe glasa agus digiteacha difear ar leith dóibh. Ba cheart straitéisí cuimsitheacha lena n‑áirítear measúnaithe aonair grinn ar dhaoine atá dífhostaithe a shaothrú a luaithe is féidir, tar éis 18 mí den dífhostaíocht ar a dhéanaí, d’fhonn an dífhostaíocht fhadtéarmach struchtúrach a laghdú agus a chosc. Ba cheart leanúint d’aghaidh a thabhairt ar an dífhostaíocht i measc na hóige agus ar shaincheist na ndaoine óga nach bhfuil i mbun fostaíochta, oideachais ná oiliúna (NEETanna), tríd an luathfhágáil scoile a chosc agus trí fheabhas struchtúrach a chur ar an aistriú ón scoil go dtí an obair, lena n‑áirítear tríd an Ráthaíocht don Aos Óg a chur chun feidhme go hiomlán, rud a thacóidh, thar aon ní eile, le deiseanna fostaíochta óige ar ardcháilíocht sa téarnamh iarphaindéime. Ina theannta sin, agus i bhfianaise Bhliain Eorpach na hÓige 2022, ba cheart do na Ballstáit dlús a chur leis na hiarrachtaí chun béim a leagan ar an gcaoi a dtairgtear, leis na haistrithe glasa agus digiteacha, dearcadh athnuaite don todhchaí agus deiseanna chun tionchar diúltach na paindéime ar dhaoine óga a chomhrac.
Ba cheart é a bheith d’aidhm ag na Ballstáit deireadh a chur le bacainní agus le dídhreasuithe i leith rannpháirtíocht sa mhargadh saothair agus dreasuithe a chur ar fáil ina leith, go háirithe le haghaidh daoine ar ioncam íseal, an dara duine sa teaghlach atá ag tuilleamh agus na ndaoine sin is faide ón margadh saothair, lena n‑áirítear daoine a bhfuil cúlra imirceach acu agus pobail imeallacha na Romach. I bhfianaise ganntanas ard lucht saothair i ngairmeacha agus in earnálacha áirithe, ba cheart do na Ballstáit rannchuidiú leis an soláthar saothair a chothú, go háirithe trí phá leordhóthanach agus dálaí oibre cuibhiúla a chur chun cinn, chomh maith le beartais ghníomhacha éifeachtacha maidir le margadh an tsaothair. Ba cheart do na Ballstáit tacú le timpeallacht oibre oiriúnaithe do dhaoine faoi mhíchumas, lena n‑áirítear trí bhíthin tacaíocht airgeadais agus seirbhísí spriocdhírithe a chuireann ar a gcumas dóibh a bheith rannpháirteach sa mhargadh saothair agus sa tsochaí.
Ba cheart dul i ngleic leis na bearnaí fostaíochta agus na bearnaí pá idir na hinscní. Ba cheart do na Ballstáit comhionannas inscne agus rannpháirtíocht mhéadaithe na mban sa mhargadh saothair a áirithiú, lena n‑áirítear trí chomhionannas deiseanna agus dul chun cinn gairme a áirithiú agus trí dheireadh a chur le bacainní ar rochtain ar cheannaireacht ag gach leibhéal den chinnteoireacht. Ba cheart pá comhionann as obair chomhionann nó as obair ar comhionann a luach, chomh maith leis an trédhearcacht pá, a áirithiú. Ba cheart comhréiteach idir an saol oibre, an saol teaghlaigh agus an saol príobháideach le haghaidh mná agus fir araon a chur chun cinn, go háirithe trí rochtain a bheith ann ar chúram fadtéarmach agus oideachas agus seirbhísí cúraim luathóige atá inacmhainne ar ardchaighdeán. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú do thuismitheoirí agus do dhaoine eile a bhfuil freagrachtaí cúraim orthu, go bhfuil rochtain acu ar shaoire teaghlaigh iomchuí agus ar shocruithe solúbtha oibre chun cothromaíocht idir an saol oibre, an saol teaghlaigh agus an saol príobháideach a bhaint amach, agus úsáid chothrom na dteidlíochtaí sin idir mná agus fir a chur chun cinn.
Treoirlíne 7: Feabhas a chur ar fheidhmiú na margaí saothair agus ar éifeachtacht an idirphlé shóisialta
Chun tairbhe a bhaint as lucht saothair dinimiciúil táirgiúil, agus as patrúin nua oibre agus as samhlacha nua gnó, ba cheart do na Ballstáit oibriú in éineacht leis na comhpháirtithe sóisialta ar dhálaí oibre cothroma trédhearcacha intuartha, agus an chothromaíocht idir cearta agus oibleagáidí á hurramú. Ba cheart dóibh deighilt sna margaí saothair a laghdú agus a chosc, an obair neamhdhearbhaithe agus an fhéinfhostaíocht bhréagach a chomhrac, agus an t‑aistriú i dtreo cineálacha fostaíochta nach bhfuil dáta deiridh luaite leo a chothú. Leis na rialacha maidir le cosaint fostaíochta, le dlí an tsaothair agus leis na hinstitiúidí, ba cheart timpeallacht oiriúnach le haghaidh earcaíochta a chur ar fáil chomh maith leis an tsolúbthacht is gá d’fhostóirí chun iad féin a chur in oiriúint go tapa d’athruithe sa chomhthéacs eacnamaíoch, agus cearta saothair á gcosaint ag an am céanna agus cosaint shóisialta á háirithiú, mar aon le leibhéal iomchuí slándála agus timpeallachtaí oibre sláintiúla, sábháilte agus dea-oiriúnaithe do gach oibrí. Trí úsáid socruithe solúbtha oibre a chur chun cinn, amhail teilea-obair, d’fhéadfaí cur le leibhéil fostaíochta níos airde agus le margaí saothair níos cuimsithí i gcomhthéacs na timpeallachta iarphaindéime. Ag an tráth céanna, tá sé tábhachtach a áirithiú go ndéanfar cearta oibrithe i dtéarmaí am oibre, dálaí oibre agus cothromaíocht oibre is saoil a urramú. Ba cheart cosc a chur le caidrimh fostaíochta a mbíonn dálaí oibre forbhásacha mar thoradh orthu, lena n‑áirítear i gcás na n‑oibrithe ardáin, go háirithe más oibrí ar bheagán oiliúna iad, agus trí mhí‑úsáid conarthaí neamhthipiciúla a chomhrac. Ba cheart rochtain ar réiteach éifeachtach neamhchlaonta ar dhíospóidí a áirithiú i gcásanna dífhostaithe éagóraigh, mar aon leis an gceart chun sásaimh, lena n‑áirítear cúiteamh iomchuí.
Ba cheart é a bheith d’aidhm ag beartais feabhas a chur ar rannpháirtíocht sa mhargadh saothair, ar chomhoiriúnú ina leith agus ar aistrithe sa mhargadh saothair, agus tacú leis na tionscnaimh sin freisin, lena n‑áirítear sna réigiúin is mó atá faoi mhíbhuntáiste. Ba cheart do na Ballstáit iad siúd atá in ann páirt a ghlacadh i margadh an tsaothair a ghníomhachtú agus a chumasú ar bhealach éifeachtach, go háirithe grúpaí leochaileacha amhail daoine ar bheagán oiliúna, daoine a mbaineann cúlra imirceach leo, lena n‑áirítear daoine faoi stádas cosanta sealadach, agus Romaigh atá imeallaithe. Ba cheart do na Ballstáit raon feidhme agus éifeacht na mbeartas gníomhach maidir leis an margadh saothair a neartú tríd an spriocadh, an fhor-rochtain agus an raon atá acu a mhéadú agus tríd an méid sin a nascadh níos fearr le seirbhísí sóisialta, le cúrsaí oiliúna agus le tacaíocht ioncaim le haghaidh daoine dífhostaithe, fad is a mbíonn siad ag lorg oibre agus é sin a bheith bunaithe ar a gcearta agus a bhfreagrachtaí. Ba cheart do na Ballstáit feabhas a chur ar chumas na seirbhísí poiblí fostaíochta chun cúnamh tráthúil saincheaptha a chur ar fáil do chuardaitheoirí poist, chun freagairt do riachtanais an mhargaidh saothair atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo, agus chun bainistiú feidhmíochtbhunaithe a chur chun feidhme, agus tacaíocht a bheith tugtha freisin trí dhigitiú.
Ba cheart do na Ballstáit sochair leordhóthanacha dhífhostaíochta ar feadh tréimhse réasúnta a sholáthar do dhaoine dífhostaithe, i gcomhréir leis na ranníocaíochtaí atá déanta acu agus leis na rialacha náisiúnta maidir le hincháilitheacht. Níor cheart go ndéanfadh sochair dhífhostaíochta filleadh pras ar an bhfostaíocht a dhídhreasú agus ba cheart beartais ghníomhacha maidir leis an margadh saothair a bheith ag gabháil leo.
Ba cheart tacaíocht leordhóthanach a thabhairt do shoghluaisteacht an lucht foghlama agus an lucht saothair d’fhonn a gcuid scileanna agus a n‑infhostaitheacht a fheabhsú agus d’fhonn acmhainneacht iomlán mhargadh saothair na hEorpa a shaothrú; agus, an tráth céanna, dálaí cothroma a áirithiú freisin i leith daoine i mbun gníomhaíochta trasteorann chomh maith le dlús a chur le comhar riaracháin idir na húdaráis riaracháin náisiúnta maidir le hoibrithe taistil, agus tairbhe á baint as an Údarás Eorpach Saothair. Ba cheart tacú le soghluaisteacht oibrithe i ngairmeacha criticiúla agus oibrithe trasteorann, oibrithe séasúracha agus oibrithe ar postú i gcás ina bhfuil dúnadh sealadach teorann mar thoradh ar chúinsí sláinte poiblí.
Ba cheart do na Ballstáit a ndícheall a dhéanamh na coinníollacha iomchuí a chruthú le haghaidh cineálacha nua oibre, a ngealltanais a chomhlíonadh maidir lena n‑acmhainneacht poist a chruthú, agus a áirithiú, ag an am céanna, go bhfuil na cearta sóisialta atá ann cheana á gcomhlíonadh acu. Ba cheart do na Ballstáit, dá bhrí sin, comhairle agus treoir a chur ar fáil maidir leis na cearta agus na hoibleagáidí is infheidhme i gcomhthéacs conarthaí neamhthipiciúla agus foirmeacha nua oibre, amhail obair trí ardáin dhigiteacha. I ndáil leis an méid sin, is féidir le comhpháirtithe sóisialta ról ríthábhachtach a imirt agus ba cheart do na Ballstáit tacú leo teagmháil a dhéanamh le daoine agus ionadaíocht a dhéanamh ar dhaoine a bhíonn i mbun obair neamhthipiciúil agus obair ardáin. Ba cheart do na Ballstáit tacaíocht a chur ar fáil freisin don fhorfheidhmiú – amhail treoirlínte nó oiliúint thiomnaithe do chigireachtaí saothair – maidir leis na dúshláin a eascraíonn as cineálacha nua eagrúcháin oibre, amhail bainistiú algartamach, faireachas sonraí agus teilea-obair bhuan nó leathbhuan.
Agus forbairt á déanamh ar na cleachtais náisiúnta atá ann cheana, agus chun idirphlé sóisialta níos éifeachtaí agus torthaí socheacnamaíocha níos fearr a bhaint amach, lena n‑áirítear le linn géarrchéimeanna amhail an cogadh san Úcráin, ba cheart do na Ballstáit rannpháirtíocht thráthúil fhiúntach na gcomhpháirtithe sóisialta a áirithiú i ndearadh agus i gcur chun feidhme athchóirithe agus beartas fostaíochta, sóisialta agus, i gcás inarb ábhartha, eacnamaíocha, lena n‑áirítear trí thacú le hacmhainneacht mhéadaithe na comhpháirtithe sóisialta. Ba cheart do na Ballstáit an t‑idirphlé sóisialta agus an chómhargáil a chothú. Ba cheart na comhpháirtithe sóisialta a spreagadh chun dul i mbun caibidlíochta agus chun comhaontuithe comhchoiteanna a chur i gcrích maidir le saincheisteanna atá ábhartha dóibh, agus a neamhspleáchas agus an ceart atá acu gníomhaíocht chomhchoiteann a dhéanamh á lánurramú.
I gcás inarb ábhartha, agus ag tógáil ar na cleachtais náisiúnta atá ann cheana, ba cheart do na Ballstáit an taithí atá ag eagraíochtaí ábhartha na sochaí sibhialta ar shaincheisteanna fostaíochta agus sóisialta a chur san áireamh.
Treoirlíne 8: Comhionannas deiseanna do chách a chur chun cinn, an cuimsiú sóisialta a chothú agus an bhochtaineacht a chomhrac
Ba cheart do na Ballstáit margaí saothair cuimsitheacha atá oscailte do chách, a chur chun cinn, trí bhearta éifeachtacha a chur i bhfeidhm chun an t‑idirdhealú de gach cineál a chomhrac agus chun comhionannas deiseanna a chur chun cinn, go háirithe le haghaidh grúpaí faoi ghannionadaíocht sa mhargadh saothair, agus an aird chuí á tabhairt ar na gnéithe réigiúnacha agus críochacha. Ba cheart dóibh cóir chothrom a áirithiú i dtaca leis an bhfostaíocht, an chosaint shóisialta, an cúram sláinte agus an cúram fadtéarmach, an t‑oideachas agus rochtain ar earraí agus ar sheirbhísí, beag beann ar inscne, bunadh ciníoch nó eitneach, reiligiún nó creideamh, míchumas, aois nó gnéaschlaonadh.
Ba cheart do na Ballstáit córais cosanta sóisialta a nuachóiriú chun cosaint shóisialta atá leordhóthanach éifeachtach, éifeachtúil inbhuanaithe a sholáthar do chách, ag gach céim den saol, an cuimsiú sóisialta agus an tsoghluaisteacht shóisialta aníos a chothú, rannpháirtíocht sa mhargadh saothair a dhreasú, tacú le hinfheistíocht shóisialta, an bhochtaineacht a chomhrac agus aghaidh a thabhairt ar an neamh‑chomhionannas, lena n‑áirítear leis an gcaoi a ndeartar a gcáinchórais agus a gcórais sochair agus trí mheasúnú a dhéanamh ar thionchar dáileach na mbeartas. Agus cur chuige de chineálacha uilíocha á gcomhlánú le cineálacha roghnaíocha, déanfar éifeachtacht na gcóras cosanta sóisialta a fheabhsú. Ba cheart é a bheith d’aidhm ag nuachóiriú na gcóras cosanta sóisialta freisin feabhas a chur ar a athléimneacht ó dhúshláin ilghnéitheacha.
Ba cheart do na Ballstáit forbairt agus comhtháthú a dhéanamh ar thrí ghné an chuimsithe ghníomhaigh: tacaíocht leordhóthanach ioncaim, margaí saothair cuimsitheacha agus rochtain ar sheirbhísí cumasúcháin ar ardchaighdeán, chun freastal ar riachtanais an duine aonair. Ba cheart do chórais cosanta sóisialta sochair leordhóthanacha ioncaim íosta a áirithiú le haghaidh gach duine nach bhfuil acmhainní leordhóthanacha acu féin agus an cuimsiú sóisialta a chur chun cinn trí dhaoine a spreagadh le bheith rannpháirteach sa mhargadh saothair agus sa tsochaí, lena n‑áirítear trí bhíthin soláthar seirbhísí sóisialta spriocdhírithe.
Seirbhísí inacmhainne inrochtana ar ardchaighdeán a bheith ar fáil, amhail oideachas agus seirbhísí cúram luathóige, cúram iarscoile, oideachas, oiliúint, tithíocht, cúram sláinte agus cúram fadtéarmach, is coinníoll riachtanach é sin chun comhionannas deiseanna a áirithiú. Ba cheart aird ar leith a thabhairt ar an mbochtaineacht agus ar an eisiamh sóisialta a chomhrac, lena n‑áirítear bochtaineacht lucht oibre, i gcomhréir le príomhsprioc 2030 an Aontais maidir leis an mbochtaineacht a laghdú. Ba cheart aghaidh a thabhairt ar bhochtaineacht leanaí go háirithe trí bhearta cuimsitheacha comhtháite, go háirithe tríd an Ráthaíocht Eorpach do Leanaí a chur chun feidhme go hiomlán.
Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go bhfuil rochtain ag cách, lena n‑áirítear leanaí, ar sheirbhísí fíor-riachtanacha. Ba cheart do na Ballstáit rochtain ar thithíocht shóisialta nó ar chúnamh tithíochta a áirithiú do dhaoine atá i ngátar nó atá i staid leochaileach. Ba cheart dóibh aistriú chuig fuinneamh glan agus cothrom a áirithiú agus aghaidh a thabhairt ar an mbochtaineacht fuinnimh mar chineál bochtaineachta atá ag éirí níos tábhachtaí i ngeall ar an ardú ar phraghsanna fuinnimh, rud a bhfuil nasc go páirteach aige leis an gcogadh san Úcráin, lena n‑áirítear, i gcás inarb iomchuí, trí bhearta spriocdhírithe sealadacha tacaíochta ioncaim. Ba cheart beartais chuimsitheacha maidir le hathchóiriú tithíochta a chur chun feidhme freisin. Ba cheart riachtanais shonracha daoine faoi mhíchumas, lena n‑áirítear an inrochtaineacht, a áirithiú i ndáil leis na seirbhísí sin. Ba cheart dul i ngleic leis an easpa dídine go sonrach. Ba cheart do na Ballstáit rochtain thráthúil ar chúram sláinte inacmhainne coisctheach leigheasach agus ar chúram fadtéarmach ar ardchaighdeán a áirithiú, agus an inbhuanaitheacht a chosaint san fhadtéarma san am céanna.
I gcomhréir le gníomhachtú na Treorach um Chosaint Shealadach 1 , ba cheart do na Ballstáit leibhéal leordhóthanach cosanta a thairiscint do dhídeanaithe ón Úcráin, lena n‑áirítear cearta cónaithe, rochtain agus lánpháirtiú ar an margadh saothair, rochtain ar oideachas, ar oiliúint agus ar thithíocht, chomh maith le rochtain ar chórais slándála sóisialta, ar chúram leighis, ar leas sóisialta nó cúnamh eile, agus ar chóir mhaireachtála. Ba cheart rochtain ar oideachas na hóige, ar chúram leanaí agus ar sheirbhísí riachtanacha a áirithiú do leanaí, i gcomhréir leis an Ráthaíocht Eorpach do Leanaí. I gcás leanaí agus déagóirí neamhthionlactha, ba cheart do na Ballstáit an ceart chun caomhnóireacht dhlíthiúil a chur chun feidhme.
I gcomhthéacs an mhéadaithe ar an bhfad saoil agus ar an athrú déimeagrafach, ba cheart do na Ballstáit leordhóthanacht agus inbhuanaitheacht na gcóras pinsin le haghaidh oibrithe agus daoine féinfhostaithe a áirithiú, agus comhionannas deiseanna a sholáthar do mhná agus d’fhir maidir le cearta pinsin a fháil agus a fhabhrú, lena n‑áirítear trí scéimeanna forlíontacha chun ioncam leordhóthanach i seanaois a áirithiú. Ba cheart tacaíocht a thabhairt d’athchóirithe pinsean le beartais a bhfuil sé d’aidhm acu an bhearna phinsin idir na hinscní a laghdú agus bearta a chuireann síneadh leis an saol oibre, amhail an aois scoir iarbhír a ardú, go háirithe trí rannpháirtíocht daoine scothaosta i margadh an tsaothair a éascú, agus ba cheart iad a cheapadh laistigh de straitéisí gníomhacha aosaithe. Ba cheart do na Ballstáit idirphlé cuiditheach a bhunú le comhpháirtithe sóisialta agus le páirtithe leasmhara ábhartha eile, agus céimniú isteach iomchuí na n‑athchóirithe a cheadú.
Treoir 2001/55/CE ón gComhairle an 20 Iúil 2001 maidir le caighdeáin íosta chun cosaint shealadach a thabhairt i gcás mórphlódú daoine easáitithe agus maidir le bearta lena gcuirtear cothromaíocht iarrachtaí chun cinn idir na Ballstáit a bhfuil na daoine sin á nglacadh isteach acu agus na hiarmhairtí lena mbaineann á mbraistint.