Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52022PC0208

Togra le haghaidh CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach, de pháirt amháin, agus an Nua-Shéalainn, den pháirt eile, maidir le malartú sonraí pearsanta idir Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol) agus údaráis na Nua-Shéalainne atá inniúil chun an choireacht thromchúiseach agus an sceimhlitheoireacht a chomhrac

COM/2022/208 final

An Bhruiséil,13.5.2022

COM(2022) 208 final

2022/0157(NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach, de pháirt amháin, agus an Nua-Shéalainn, den pháirt eile, maidir le malartú sonraí pearsanta idir Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol) agus údaráis na Nua-Shéalainne atá inniúil chun an choireacht thromchúiseach agus an sceimhlitheoireacht a chomhrac


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

Baineann an togra seo le tabhairt i gcrích, chun leas an Aontais Eorpaigh, an Chomhaontaithe leis an Nua-Shéalainn maidir le sonraí pearsanta a mhalartú idir Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol) agus údaráis na Nua-Shéalainne atá inniúil chun coireacht thromchúiseach agus sceimhlitheoireacht a chomhrac.

Is é is aidhm don Chomhaontú aistriú sonraí pearsanta idir Europol agus údaráis inniúla na Nua-Shéalainne a cheadú, d’fhonn gníomhaíocht údaráis Bhallstáit an Aontais Eorpaigh agus údaráis na Nua-Shéalainne a thacú agus a neartú, agus mar an gcéanna i gcás a gcomhair fhrithpháirtigh chun cionta coiriúla, lena n‑áirítear coireacht thromchúiseach agus sceimhlitheoireacht, a chosc agus a chomhrac, agus coimircí iomchuí á n‑áirithiú ag an am céanna maidir le cearta an duine agus saoirsí bunúsacha daoine aonair, lena n‑áirítear príobháideachas agus cosaint sonraí. Ba cheart tús áite a thabhairt do mhalartú faisnéise trasteorann idir na gníomhaireachtaí ábhartha uile forfheidhmithe dlí, laistigh den Aontas Eorpach agus le comhpháirtithe domhanda, chun an sceimhlitheoireacht a chosc agus a chomhrac, chun cur isteach ar an gcoireacht eagraithe agus chun an chibearchoireacht a chomhrac. Sa chiall sin, tá an comhar leis an Nua-Shéalainn i réimse fhorfheidhmiú an dlí fíorthábhachtach chun cabhrú leis an Aontas Eorpach a leasanna slándála a chosaint tuilleadh.

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Forais agus cuspóirí an togra

I saol domhandaithe ina bhfuil an choireacht thromchúiseach agus an sceimhlitheoireacht ag éirí níos trasnáisiúnta agus ilchineálaí, ba cheart údaráis forfheidhmithe dlí a bheith in ann comhoibriú go hiomlán le comhpháirtithe seachtracha chun slándáil a saoránach a áirithiú. Dá bhrí sin, ba cheart Europol a bheith in ann sonraí pearsanta a mhalartú le húdaráis forfheidhmithe dlí i dtríú tíortha a mhéad is gá chun a chuid cúraimí a chomhlíonadh i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach i Rialachán 2016/794 an 11 Bealtaine 2016 1 .

Is féidir le Europol sonraí pearsanta a mhalartú le tríú tíortha nó le heagraíochtaí idirnáisiúnta ar bhonn:

·Comhaontuithe comhair a tugadh chun críche idir Europol agus na tíortha comhpháirtíochta sular tháinig Rialachán reatha Europol i bhfeidhm an 1 Bealtaine 2017.

Ón 1 Bealtaine 2017:

·Cinneadh ón gCoimisiún lena gcinntear go náirithíonn an tír nó an eagraíocht idirnáisiúnta i dtrácht leibhéal leordhóthanach cosanta sonraí (‘cinneadh leordhóthanachta’);

·In éagmais cinneadh leordhóthanachta, comhaontú idirnáisiúnta lena dtugtar coimircí leordhóthanacha i ndáil le príobháideachas agus cearta agus saoirsí bunúsacha daoine aonair a chosaint. Faoin mbunús dlí atá ann faoi láthair, tá an Coimisiún freagrach anois, thar ceann an Aontais, as comhaontuithe idirnáisiúnta den sórt sin a chaibidliú.

A mhéid is gá chun a chuid cúraimí a chomhlíonadh, féadfaidh Europol freisin caidreamh comhair a bhunú agus a choimeád le comhpháirtithe seachtracha trí shocruithe oibre agus riaracháin nach féidir leo féin a bheith ina mbunús dlí chun sonraí pearsanta a mhalartú.

Sa 11ú tuarascáil ar dhul chun cinn i dtreo fíor-Aontas Slándála éifeachtach 2 , d’aithin an Coimisiún ocht dtír tosaíochta 3 i Réigiúin an Mheánoirthir/na hAfraice Thuaidh (MENA) ar bhonn na bagartha sceimhlitheoireachta, na ndúshlán a bhaineann le himirce, agus riachtanais oibríochtúla Europol chun tús a chur leis an gcaibidlíocht. An straitéis pholaitiúil mar a leagtar amach sa Chlár Oibre Eorpach maidir leis an tSlándáil 4 , na Conclúidí ón gComhairle 5 , an Straitéis Dhomhanda 6 , riachtanais oibríochtúla na núdarás forfheidhmithe dlí ar fud an Aontais Eorpaigh, agus na tairbhí a d’fhéadfadh a bheith ag gabháil le dluthchomhar idir Europol agus údaráis inniúla na Nua-Shéalainne sa réimse sin, mar a léiríodh freisin leis an obair leantach a rinneadh i dtaobh ionsaí Christchurch a rinneadh i mí an Mhárta 2019, measann an Coimisiún, agus an méid sin uile á gcur san áireamh, go bhfuil sé riachtanach go bhféadfaidh Europol sonraí pearsanta a mhalartú leis na húdaráis atá inniúil sa Nua-Shéalainn chun an choireacht thromchúiseach agus an sceimhlitheoireacht a chomhrac.

Shínigh Europol agus Póilíní na Nua-Shéalainne socrú oibre i mí Aibreáin 2019 7 . Chuir sé sin creat ar fáil le haghaidh comhar struchtúrtha, lena náirítear líne shlán lena gcumasaítear cumarsáid dhíreach idir an dá pháirtí mar aon le himscaradh oifigigh idirchaidrimh ag an Nua-Shéalainn in Europol. Mar sin féin, ní fhoráiltear leis an socrú oibre sin maidir le bunús dlí chun sonraí pearsanta a mhalartú. I bhfianaise an mhéid sin, thíolaic an Coimisiún moladh an 30 Deireadh Fómhair 2019, inar moladh go núdaródh an Chomhairle tús a chur le caibidlíocht le haghaidh comhaontú idir an tAontas Eorpach agus an Nua-Shéalainn maidir le sonraí pearsanta a mhalartú idir Europol agus údaráis na Nua-Shéalainne atá inniúil chun an choireacht thromchúiseach agus an sceimhlitheoireacht a chomhrac 8 . An 13 Bealtaine 2020, thug an Chomhairle údarás don Choimisiún tús a chur leis an gcaibidlíocht leis an Nua-Shéalainn agus ghlac sí treoracha caibidlíochta 9   10 .

Cuireadh tús leis an gcaibidlíocht i mí Aibreáin 2021 in atmaisféar cairdiúil agus cuiditheach. Tar éis an ceathrú babhta caibidlíochta, arbh é an babhtha deiridh caibidlíochta, a tionóladh i mí Mheán Fómhair 2021, tháinig an dá Pháirtí ar théarmaí i leith fhorálacha an Chomhaontaithe. Chuir na príomhchaibidleoirí inisealacha le dréacht‑téacs an Chomhaontaithe i mí na Samhna 2021.

Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

Rinneadh an Comhaontú a chaibidliú i gcomhréir leis na treoracha cuimsitheacha caibidlíochta a ghlac an Chomhairle an 13 Bealtaine 2020. Tá an Comhaontú seo comhsheasmhach freisin le beartas an Aontais atá ann cheana sa réimse i ndáil le comhar i bhforfheidhmiú an dlí. Le blianta beaga anuas, rinneadh dul chun cinn chun feabhas a chur ar an malartú faisnéise idir na Ballstáit agus chun an spás ina noibríonn sceimhlitheoirí agus coirpigh thromchúiseacha a dhúnadh. Tá doiciméid straitéiseacha reatha an Choimisiúin mar bhonn agus mar thaca ag an ngá atá le feabhas a chur ar éifeachtúlacht agus éifeachtacht an chomhair i bhforfheidhmiú an dlí san Aontas, chomh maith leis an gcomhar le tríú tíortha a leathnú. Tá an togra i gcomhréir le straitéis an Aontais um Aontas Slándála 11 , leis an gclár oibre frithsceimhlitheoireachta don Aontas 12 agus le straitéis an Aontais chun dul i ngleic leis an gcoireacht eagraithe 13 .

Baineann sraith ar leith coimircí, go háirithe na cinn a léirítear i gCaibidil II den Chomhaontú, le cosaint sonraí pearsanta, ar ceart bunúsach é a chumhdaítear i gConarthaí AE agus sa Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. I gcomhréir le pointe (b) d’Airteagal 25(1) de Rialachán Europol, féadfaidh Europol sonraí pearsanta a aistriú chuig údarás tríú tír nó chuig eagraíocht idirnáisiúnta ar bhonn comhaontú idirnáisiúnta arna thabhairt i gcrích idir an tAontas agus an tríú tír sin nó an eagraíocht idirnáisiúnta sin de bhun Airteagal 218 CFAE lena dtugtar coimircí leordhóthanacha i dtaobh príobháideachas agus cearta agus saoirsí bunúsacha daoine aonair a chosaint. I gCaibidil II den Chomhaontú déantar foráil maidir leis na coimircí sin, lena n‑áirítear, go háirithe, forálacha lena n‑áirithítear roinnt prionsabal agus oibleagáidí cosanta sonraí nach mór do na Páirtithe a urramú (Airteagail 3,4,5,7,8,11,12,13,14 agus 15), chomh maith le forálacha lena n‑áirithítear cearta aonair in‑fhorfheidhmithe (Airteagail 6, 10 agus 11), maoirseacht neamhspleách (Airteagal 16) agus sásamh éifeachtach riaracháin agus breithiúnach i leith sáruithe ar na cearta agus na coimircí a aithnítear sa Chomhaontú mar thoradh ar phróiseáil sonraí pearsanta (Airteagal 17).

Is gá cothromaíocht a bhaint amach idir slándáil a fheabhsú agus cearta an duine a chosaint, lena n‑áirítear sonraí agus príobháideachas. D’áirithigh an Coimisiún go dtugann an Comhaontú coimircí leordhóthanacha maidir le príobháideachas agus cearta bunúsacha agus saoirsí bunúsacha daoine aonair a chosaint, chomh maith le foras dlíthiúil chun sonraí pearsanta a mhalartú chun coireacht thromchúiseach agus sceimhlitheoireacht a chomhrac.

Thairis sin, is dlúth‑chomhpháirtithe iad an tAontas Eorpach agus an Nua-Shéalainn. Leis an gComhaontú Comhpháirtíochta idir an tAontas Eorpach agus an Nua-Shéalainn maidir le Caidreamh agus Comhar, a síníodh an 5 Deireadh Fómhair 2016, léirítear comhpháirtíocht neartaithe idir na Páirtithe, rud a dhéanann an comhar maidir le saincheisteanna leasa choitinn a dhoimhniú agus a fheabhsú, lena léirítear luachanna coiteanna agus comhphrionsabail. Ní hamháin go gcumhdaítear leis an gComhaontú forálacha chun trádáil a éascú, ach tá roinnt forálacha ann freisin ina ngeallann na Páirtithe go gcomhoibreoidh siad i réimsí amhail forfheidhmiú an dlí, imirce agus tearmann, coireacht eagraithe, éilliú, drugaí, cibearchoireacht, sciúradh airgid, sceimhlitheoireacht agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc agus a chomhrac. Tá an tAontas Eorpach agus an Nua-Shéalainn ina gcomhpháirtithe freisin ag an bhFóram Frithsceimhlitheoireachta Domhanda (GCTF), ar fóram idirnáisiúnta é ina bhfuil 29 dtír mar aon leis an Aontas ag a bhfuil misean uileghabhálach leochaileacht daoine ar fud an domhain i dtaca le sceimhlitheoireacht a laghdú trí ghníomhartha sceimhlitheoireachta a chosc, a chomhrac agus a ionchúiseamh agus trí chur i gcoinne gríosú chun sceimhlitheoireachta agus earcú sceimhlitheoirí. Ina theannta sin, oibríonn an tAontas Eorpach agus an Nua-Shéalainn i ndlúthchomhar le chéile maidir le saincheisteanna eachtracha agus slándála agus téann siad i mbun idirphlé rialta polaitiúil agus slándála. Áirítear ar an idirphlé sin comhairliúcháin rialta ar leibhéal na n‑airí agus na n‑oifigeach sinsearach. Ghlac an Nua-Shéalainn páirt freisin i roinnt oibríochtaí bainistithe géarchéime de chuid an Aontais, mar shampla in Oibríocht Atalanta (an phíoráideacht i gCorn na hAfraice) in 2014.

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Bunús dlí

Tá an togra seo bunaithe ar Airteagal 16(2) agus ar Airteagal 88, in éineacht le hAirteagal 218(6) pointe (a) agus Airteagal 218(7) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

Le Rialachán (AE) 2016/794 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol) agus lena naisghairtear Cinntí 2009/371/CGB, 2009/934/CGB, 2009/935/CGB, 2009/936/CGB agus 2009/968/CGB 14 ón gComhairle agus a ghabhann ionad na gCinntí sin (‘Rialachán Europol’ ina dhiaidh seo), leagtar síos rialacha sonracha maidir le haistriú sonraí pearsanta lasmuigh den Aontas ag Europol. Le hAirteagal 25(1) de liostaítear roinnt foras dlíthiúil, ar dá mbun is féidir le Europol sonraí pearsanta a aistriú go dleathach chuig údaráis tríú tíortha. Féidearthacht amháin is ea cinneadh leordhóthanachta ón gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 36 de Threoir (AE) 2016/680 ina gcinntear go náirithíonn an tríú tír a naistríonn Europol sonraí pearsanta chuici leibhéal leordhóthanach cosanta. Ós rud é nach bhfuil cinneadh leordhóthanachta ná comhaontú maidir le comhar oibríochtúil i bhfeidhm faoi láthair, is é an rogha eile le haghaidh aistrithe struchtúracha sonraí pearsanta ag Europol chuig an Nua-Shéalainn comhaontú idirnáisiúnta ceangailteach a thabhairt i gcrích idir an tAontas agus an Nua-Shéalainn, comhaontú ina dtugtar coimircí leordhóthanacha i ndáil le príobháideachas agus cearta agus saoirsí bunúsacha eile daoine aonair a chosaint.

Dá réir sin, tagann an Comhaontú faoi réim inniúlacht sheachtrach eisiach an Aontais. Dá bhrí sin, féadfar an Comhaontú a thabhairt i gcrích ar bhonn Airteagal 218(6) pointe (a) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE).

Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach)

Neamhbhainteach.

Comhréireacht

Cuspóirí an Aontais maidir leis an togra seo a leagtar amach thuas, ní féidir iad a bhaint amach ach amháin trí chomhaontú idirnáisiúnta ceangailteach a dhéanamh lena bhforáiltear maidir leis na bearta comhair is gá agus cosaint iomchuí ar chearta bunúsacha á háirithiú ag an am céanna. Tá forálacha an chomhaontaithe teoranta don mhéid is gá chun na príomhchuspóirí atá leis a bhaint amach. Ní rogha mhalartach í an ghníomhaíocht aontaobhach toisc nach dtabharfaí bonn leordhóthanach léi le haghaidh chomhar na bpóilíní le tíortha nach Ballstáit den Aontas iad ná ní fhéadfaí an chosaint is gá ar chearta bunúsacha a áirithiú léi.

An rogha ionstraime

Neamhbhainteach.

3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX-POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana

Neamhbhainteach.

Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

Neamhbhainteach.

Bailiú agus úsáid saineolais

Le linn na caibidlíochta, níor bhain an Coimisiún úsáid as saineolas seachtrach.

Measúnú tionchair

Neamhbhainteach.

Oiriúnacht rialála agus simpliú

Neamhbhainteach.

Cearta bunúsacha

Is dócha go mbeidh tionchar ag malartú sonraí pearsanta ar chosaint sonraí; mar a fhoráiltear sa Chomhaontú, áfach, beidh sé faoi réir na rialacha agus na nósanna imeachta láidre céanna atá i bhfeidhm cheana féin chun na sonraí sin a phróiseáil, i gcomhréir le dlí an Aontais.

Déantar foráil i gCaibidil II maidir le sonraí pearsanta a chosaint. Ar an mbonn sin, le hAirteagal 3 agus Airteagail 4 go 17, leagtar amach na prionsabail bhunúsacha maidir le cosaint sonraí, lena n‑áirítear teorannú de réir cuspóra, cáilíocht sonraí agus rialacha is infheidhme maidir le próiseáil catagóirí speisialta sonraí, oibleagáidí is infheidhme maidir le rialaitheoirí, lena n‑áirítear oibleagáidí maidir le tréimhsí coinneála, taifid a choimeád, an tslándáil agus aistrithe ar aghaidh, cearta aonair in‑fhorfheidhmithe, lena n‑áirítear cearta maidir le rochtain, ceartú agus cinnteoireacht uathoibrithe, maoirseacht neamhspleách éifeachtach mar aon le sásamh riaracháin agus breithiúnach. Cumhdaíonn na coimircí gach cineál próiseála sonraí pearsanta i gcomhthéacs an chomhair idir Europol agus an Nua-Shéalainn. Féadfar feidhmiú ceart aonair áirithe a mhoilliú, a theorannú nó a dhiúltú i gcás inar gá, is réasúnach agus is comhréireach, agus cearta agus leasanna bunúsacha an ábhair sonraí á gcur san áireamh, go háirithe chun riosca d’imscrúdú coiriúil nó d’ionchúiseamh coiriúil atá ar siúl a chosc, rud atá i gcomhréir le dlí an Aontais freisin.

Ina theannta sin, áiritheoidh an tAontas Eorpach agus an Nua-Shéalainn araon go ndéanfaidh údarás poiblí neamhspleách atá freagrach as cosaint sonraí (údarás maoirseachta) maoirseacht ar ábhair a dhéanann difear do phríobháideachas daoine aonair d’fhonn cearta agus saoirsí bunúsacha daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta.

Le hAirteagal 29 neartaítear éifeachtacht na gcoimircí sa Chomhaontú trí fhoráil a dhéanamh d’athbhreithnithe comhpháirteacha ar a chur chun feidhme go tráthrialta. Áireofar ar na foirne meastóireachta saineolaithe ábhartha maidir le cosaint sonraí agus forfheidhmiú an dlí.

Mar choimirce bhreise, de bhun Airteagal 19, mír 15, i gcás sárú ábhartha nó neamhchomhlíonadh na n‑oibleagáidí a eascraíonn as forálacha an Chomhaontaithe, is féidir an Comhaontú a chur ar fionraí. Aon sonraí pearsanta a aistríodh roimh an bhfionraí, caithfear leo fós i gcomhréir leis an gComhaontú. Ina theannta sin, i gcás fhoirceannadh an Chomhaontaithe, leanfar de shonraí pearsanta a aistrítear roimh fhoirceannadh an Chomhaontaithe a phróiseáil i gcomhréir le forálacha an Chomhaontaithe.

Thairis sin, ráthaítear leis an gComhaontú go bhfuil an malartú sonraí pearsanta idir Europol agus an Nua-Shéalainn comhsheasmhach le prionsabal an neamh‑idirdhealaithe agus le hAirteagal 52(1) den Chairt araon, lena n‑áirithítear go mbeidh an cur isteach ar chearta bunúsacha a d’fhéadfadh teacht astu teoranta dá bhfuil fíor-riachtanach chun cuspóirí an leasa ghinearálta atá á saothrú a chomhlíonadh, faoi réir phrionsabal na comhréireachta.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Níl aon impleacht bhuiséadach ar bhuiséad an Aontais.

5.EILIMINTÍ EILE

Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

Níl aon ghá le plean cur chun feidhme, ós rud é go dtiocfaidh an Comhaontú i bhfeidhm ar an dáta ar a bhfaighfear an fógra deireanach i scríbhinn lena dtabharfaidh an tAontas Eorpach agus an Nua-Shéalainn fógra dá chéile trí bhealaí taidhleoireachta go bhfuil a nósanna imeachta féin curtha i gcrích.

Maidir le faireachán, déanfaidh an tAontas Eorpach agus an Nua-Shéalainn athbhreithniú comhpháirteach ar chur chun feidhme an Chomhaontaithe bliain amháin tar éis dó teacht i bhfeidhm, agus go tráthrialta ina dhiaidh sin, agus ina theannta sin, má iarrann ceachtar den dá pháirtí amhlaidh agus má chinntear go comhpháirteach é.

Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

Le hAirteagal 1 áirítear cuspóir an Chomhaontaithe.

Le hAirteagal 2 áirítear sainmhínithe an Chomhaontaithe.

Le hAirteagal 3 áirítear na cuspóirí le haghaidh sonraí pearsanta a phróiseáil.

Le hAirteagal 4 leagtar amach na prionsabail ghinearálta maidir le cosaint sonraí nach mór don Aontas Eorpach agus don Nua-Shéalainn a urramú.

Le hAirteagal 5 déantar foráil maidir le catagóirí speisialta sonraí pearsanta agus maidir le catagóirí éagsúla ábhar sonraí, amhail sonraí pearsanta i ndáil le híospartaigh ciona choiriúil, finnéithe nó daoine eile a fhéadann faisnéis a sholáthar maidir le cionta coiriúla, nó maidir le daoine faoi bhun 18 mbliana d’aois.

Le hAirteagal 6 déantar foráil maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil go huathoibríoch.

Le hAirteagal 7 leagtar amach bonn le haghaidh na sonraí pearsanta a fhaightear a aistriú ar aghaidh.

Le hAirteagal 8 déantar foráil maidir le measúnú a dhéanamh ar iontaofacht fhoinse na faisnéise agus ar chruinneas na faisnéise.

Le hAirteagal 9 déantar foráil maidir leis an gceart rochtana, ag áirithiú go bhfuil sé de cheart ag an ábhar sonraí, ag eatraimh réasúnta, faisnéis a fháil maidir le cé acu a dhéantar nó nach ndéantar sonraí pearsanta a bhaineann leis nó léi a phróiseáil faoin gComhaontú.

Le hAirteagal 10 déantar foráil maidir leis an gceart go ndéanfaí ceartú, scriosadh, agus srianadh, lena n‑áirithítear go bhfuil an ceart ag an ábhar sonraí a iarraidh ar na húdaráis inniúla sonraí pearsanta míchruinne a bhaineann leis an ábhar sonraí a aistríodh faoin gComhaontú a cheartú.

Le hAirteagal 11 déantar foráil maidir le fógra a thabhairt faoi shárú i ndáil le sonraí pearsanta a aistrítear faoin gComhaontú, ag áirithiú go dtabharfaidh na húdaráis inniúla faoi seach fógra dá chéile agus dá n‑údarás maoirseachta faoi seach faoin sárú sin gan mhoill, agus go ndéanfar bearta chun na héifeachtaí díobhálacha a d’fhéadfadh a bheith ag an sárú sin a mhaolú.

Le hAirteagal 12 déantar foráil maidir le sárú i ndáil le sonraí pearsanta a chur in iúl don ábhar sonraí, ag áirithiú go gcuirfidh údaráis inniúla an dá Pháirtí sa Chomhaontú in iúl don ábhar sonraí gan moill mhíchuí i gcás sárú i ndáil le sonraí pearsanta ar dócha éifeacht dhíobhálach thromchúiseach a bheith aige ar chearta agus ar shaoirsí an duine sin.

Le hAirteagal 13 déantar foráil maidir le sonraí pearsanta a stóráil, a athbhreithniú, a cheartú agus a scriosadh.

Le hAirteagal 14 déantar foráil maidir le logaí a choinneáil i ndáil le sonraí pearsanta a bhailiú, a athrú, a rochtain, a nochtadh lena n‑áirítear aistrithe ar aghaidh, a chomhcheangal agus a scriosadh.

Le hAirteagal 15 déantar foráil maidir le slándáil sonraí, ag áirithiú go ndéantar bearta teicniúla agus eagraíochtúla a chur chun feidhme chun sonraí pearsanta a mhalartaítear faoin gComhaontú seo a chosaint.

Le hAirteagal 16 déantar foráil maidir leis an údarás maoirseachta, ag áirithiú gur ann d’údarás poiblí neamhspleách atá freagrach as cosaint sonraí (údarás maoirseachta) chun maoirseacht a dhéanamh ar ábhair a dhéanann difear do phríobháideachas daoine aonair, lena n‑áirítear na rialacha intíre chun cearta agus saoirsí bunúsacha daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta.

Le hAirteagal 17 déantar foráil maidir le sásamh riaracháin agus breithiúnach, ag áirithiú go bhfuil an ceart ag ábhair sonraí sásamh éifeachtach riaracháin agus breithiúnach a fháil mar gheall ar sháruithe ar na cearta agus ar na coimircí a aithnítear sa Chomhaontú, sáruithe a eascraíonn as próiseáil a sonraí pearsanta.

Le hAirteagal 18 déantar foráil maidir le díospóidí a réiteach, ag áirithiú i gcás na ndíospóidí ar fad a thiocfaidh chun cinn i ndáil le léirthuiscint, feidhmiú nó cur chun feidhme an Chomhaontaithe agus aon ábhar lena mbaineann, go ndéanfar comhairliúcháin agus caibidlíocht ina leith idir ionadaithe an Aontais Eorpaigh agus an Nua-Shéalainn d’fhonn teacht ar réiteach a bheidh comhaontaithe go frithpháirteach.

Le hAirteagal 19 déantar foráil maidir le clásal maidir le fionraí.

Le hAirteagal 20 déantar foráil maidir leis an gComhaontú a fhoirceannadh.

Le hAirteagal 21 déantar foráil maidir leis an gcaidreamh le hionstraimí idirnáisiúnta eile, ag áirithiú nach ndéanfaidh an Comhaontú dochar ná difear do na forálacha dlíthiúla maidir leis an malartú faisnéise dá bhforáiltear in aon chonradh, comhaontú, nó socrú idir an Nua-Shéalainn agus aon Bhallstát den Aontas Eorpach.

Le hAirteagal 22 déantar foráil maidir leis na socruithe riaracháin a chur chun feidhme.

Le hAirteagal 23 déantar foráil maidir leis na socruithe riaracháin i dtaca le rúndacht, lena n‑áirithítear go rialófar malartú faisnéise rúnaicmithe de chuid an Aontais, faoin gComhaontú más gá, le Socrú Riaracháin maidir le Rúndacht, arna thabhairt i gcrích idir Europol agus údaráis inniúla na Nua-Shéalainne.

Le hAirteagal 24 déantar foráil maidir leis na pointí teagmhála náisiúnta agus na hoifigigh idirchaidrimh náisiúnta.

Le hAirteagal 25 déantar foráil maidir le costais an Chomhaontaithe.

Le hAirteagal 26 déantar foráil maidir leis an bhfógra um chur chun feidhme an Chomhaontaithe.

Le hAirteagal 27 déantar foráil maidir le teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo.

Le hAirteagal 28 déantar foráil maidir le leasuithe ar an gComhaontú agus maidir le forlíontaí air.

Le hAirteagal 29 déantar foráil maidir le hathbhreithniú agus meastóireacht a dhéanamh ar an gComhaontú.

Le hAirteagal 30 déantar foráil maidir le hinfheidhmeacht chríochach an Chomhaontaithe, ag áirithiú go bhfuil feidhm aige maidir leis an gcríoch ina bhfuil feidhm ag an gConradh ar an Aontas Eorpach agus ag an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus maidir le críoch na Nua-Shéalainne.

2022/0157 (NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach, de pháirt amháin, agus an Nua-Shéalainn, den pháirt eile, maidir le malartú sonraí pearsanta idir Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol) agus údaráis na Nua-Shéalainne atá inniúil chun an choireacht thromchúiseach agus an sceimhlitheoireacht a chomhrac

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 16(2), Airteagal 88 i gcomhar le hAirteagal 218(6), pointe (a), agus Airteagal 218(7) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Ag féachaint don toiliú ó Pharlaimint na hEorpa,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Le Rialachán (AE) 2016/794 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, déantar foráil go 15 bhféadfaidh Europol sonraí pearsanta a aistriú chuig údarás tríú tír inter alia ar bhonn comhaontú idirnáisiúnta arna thabhairt i gcrích idir an tAontas agus an tríú tír sin de bhun Airteagal 218 CFAE lena dtugtar coimircí leordhóthanacha i dtaobh príobháideachas agus cearta agus saoirsí bunúsacha daoine aonair a chosaint.

(2)I gcomhréir le Cinneadh [XXX] ón gComhairle an […] 16 , rinneadh an Comhaontú idir an tAontas Eorpach, de pháirt amháin, agus an Nua-Shéalainn, den pháirt eile, maidir le malartú sonraí pearsanta idir Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol) agus údaráis na Nua-Shéalainne atá inniúil chun an choireacht thromchúiseach agus an sceimhlitheoireacht a chomhrac (‘an Comhaontú’) a shíniú an […], faoi réir a chur i gcrích ar dháta níos déanaí.

(3)Tá an Comhaontú chun leas an Aontais Eorpaigh, mar is é is aidhm dó aistriú sonraí pearsanta idir Europol agus údaráis inniúla na Nua-Shéalainne a chumasú, d’fhonn coireacht thromchúiseach agus sceimhlitheoireacht a chomhrac agus slándáil an Aontais Eorpaigh agus a áitritheoirí a chosaint.

(4)Áirithítear leis an gComhaontú go nurramófar ina niomláine cearta bunúsacha an Aontais Eorpaigh, go háirithe an ceart go nurramófaí an saol príobháideach agus saol an teaghlaigh, ceart a aithnítear in Airteagal 7 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, an ceart go ndéanfar sonraí pearsanta a chosaint, ceart a aithnítear in Airteagal 8 agus an ceart chun leighis éifeachtaigh agus chun trialach córa, ar ceart é a aithnítear in Airteagal 47 den Chairt sin.

(5)Ní dhéanann an Comhaontú difear d’aistriú sonraí pearsanta nó cineálacha eile comhair idir na húdaráis atá freagrach as an tslándáil náisiúnta a chosaint, agus tá sé gan dochar don aistriú sin.

(6)De bhun Airteagal 218(7) den Chonradh, is iomchuí don Chomhairle údarú a thabhairt don Choimisiún modhnuithe nó ceartúcháin ar Iarscríbhinní II, III agus IV a ghabhann leis an gComhaontú a fhormheas thar ceann an Aontais.

(7)[‘I gcomhréir le hAirteagail 1 agus 2 de Phrótacal Uimh. 21 maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus gan dochar d’Airteagal 4 den Phrótacal sin, níl Éire rannpháirteach i nglacadh an Chinnidh seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.’

‘I gcomhréir le hAirteagal 3 de Phrótacal Uimh. 21 maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, tá fógra tugtha ag Éirinn [, le litir an...,] gur mian léi a bheith rannpháirteach i nglacadh agus i gcur i bhfeidhm an Chinnidh seo.’ nó ‘Tá Éire faoi cheangal ag [beart inmheánach an Aontais] agus tá sí, dá bhrí sin, rannpháirteach i nglacadh an Chinnidh seo.’]

(8)[I gcomhréir le hAirteagail 1 agus 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Chinnidh seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm],

(9)Ba cheart an Comhaontú a fhormheas thar ceann an Aontais Eorpaigh,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leis seo, déantar an Comhaontú idir an tAontas Eorpach, de pháirt amháin, agus an Nua-Shéalainn, den pháirt eile, maidir le malartú sonraí pearsanta idir Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol) agus údaráis na Nua-Shéalainne atá inniúil chun an choireacht thromchúiseach agus an sceimhlitheoireacht a chomhrac (‘an Comhaontú’) a fhormheas thar ceann an Aontais.

Tá téacs an Chomhaontaithe i gceangal leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Ainmneoidh an Coimisiún an duine a chumhachtófar, thar ceann an Aontais, chun an fógra dá bhforáiltear in Airteagal 27 den Chomhaontú a thabhairt chun toiliú an Aontais a bheith faoi cheangal ag an gComhaontú a chur in iúl.

Airteagal 3

Chun críocha Airteagal 28(2) den Chomhaontú, déanfaidh an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle leis an gComhairle, seasamh an Aontais maidir leis na modhnuithe nó na ceartúcháin ar Iarscríbhinn II, Iarscríbhinn III agus Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an gComhaontú a fhormheas.

Airteagal 4

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

   Thar ceann na Comhairle

   An tUachtarán

(1)    Rialachán (AE) 2016/794 an 11 Bealtaine 2016, IO L 135, 24.5.2016, lch. 53.
(2)    COM(2017) 608 final, 18.10.2017.
(3)    An Ailgéir, an Éigipt, an Iordáin, Iosrael, an Liobáin, Maracó, an Túinéis agus an Tuirc.
(4)    COM(2015) 185 final.
(5)    Doiciméad 10384/17/CE ón gComhairle, an 19 Meitheamh 2017.
(6)    Fís Chomhroinnte, Comhghníomhaíocht: Eoraip níos Láidre - Straitéis Dhomhanda an Aontais Eorpaigh maidir leis an mBeartas Eachtrach agus Slándála http://europa.eu/globalstrategy/en .
(7)    Socrú Oibre lena mbunaítear caidreamh comhair idir Póilíní na Nua-Shéalainne agus Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí https://www.europol.europa.eu/cms/sites/default/files/documents/working_arrangement_europol-new_zealand.pdf .
(8)    COM(2019) 551 final.
(9)    Cinneadh 7047/20 ón gComhairle an 23 Aibreán 2020, agus Doiciméad CM 2178/20 ón gComhairle, 13 Bealtaine 2020.
(10)    Aguisín a ghabhann le Cinneadh 7047/20 ADD 1, 24 Aibreán 2020 ón gComhairle.
(11)    COM(2020) 605 final, 24.7.2020.
(12)    COM(2020) 795 final, 9.12.2020.
(13)    COM(2021) 170 final, 14.4.2021.
(14)    IO L 135, 24.5.2016, lch. 153.
(15)    Rialachán (AE) 2016/794 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol) agus lena naisghairtear Cinntí 2009/371/CGB, 2009/934/CGB, 2009/935/CGB, 2009/936/CGB agus 2009/968/CGB ón gComhairle agus a ghabhann ionad na gCinntí sin (IO L 135, 24.5.2016, lch. 53).
(16)    IO L […], […], lch. […].
Top

An Bhruiséil,13.5.2022

COM(2022) 208 final

Togra le haghaidh

IARSCRÍBHINN

a ghabhann leis an

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach, de pháirt amháin, agus an Nua-Shéalainn, den pháirt eile, maidir le malartú sonraí pearsanta idir Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol) agus údaráis na Nua-Shéalainne atá inniúil chun an choireacht thromchúiseach agus an sceimhlitheoireacht a chomhrac


IARSCRÍBHINN

AN tAONTAS EORPACH, dá ngairtear ‘an tAontas’ nó ‘AE’ anseo feasta freisin,

agus

an Nua-Shéalainn,

dá ngairtear ‘na Páirtithe Conarthacha’ anseo feasta,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Trí mhalartú sonraí pearsanta a cheadú idir Europol agus údaráis inniúla na Nua-Shéalainne, cruthófar leis an gcomhaontú seo creat le haghaidh comhar oibríochtúil feabhsaithe idir an tAontas Eorpach agus an Nua-Shéalainn i réimse fhorfheidhmiú an dlí, agus san am céanna déanfar cearta an duine agus saoirsí bunúsacha na ndaoine uile lena mbaineann a chosaint, lena náirítear príobháideachas agus cosaint sonraí.

(2)Tá an comhaontú seo gan dochar do shocruithe maidir le Cúnamh Frithpháirteach Dlí idir an Nua-Shéalainn agus Ballstáit an Aontais lena gceadaítear malartú sonraí pearsanta.

(3)Leis an gcomhaontú seo, ní chuirtear aon cheanglas ar na húdaráis inniúla sonraí pearsanta a aistriú. Is ar bhonn deonach a dhéanfar aon sonra pearsanta a iarrtar faoin gcomhaontú seo a roinnt.

(4)Aithnítear sa chomhaontú go gcuireann na Páirtithe prionsabail inchomparáide chomhréireachta agus réasúntachta i bhfeidhm. Is é bunbhrí choiteann na bprionsabal sin an ceanglas maidir le cothromaíocht chóir a áirithiú idir na leasanna uile lena mbaineann, bídís poiblí nó príobháideach, i bhfianaise imthosca uile an cháis faoi chaibidil. Is é atá i gceist leis an gcothromaíocht sin, ar thaobh amháin, cearta príobháideachais daoine aonair mar aon le cearta agus leasanna eile an duine agus, ar an taobh eile, na cuspóirí dlisteanacha frithchúitimh a fhéadfar a shaothrú, amhail na críocha sonraí pearsanta a phróiseáil a léirítear sa Chomhaontú seo.

Tar éis comhaontú mar a leanas:



CAIBIDIL I – Forálacha Ginearálta

Airteagal 1 
Cuspóir

Is é is cuspóir don Chomhaontú seo aistriú sonraí pearsanta a cheadú idir Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol) agus údaráis inniúla na Nua-Shéalainne, chun tacú agus treisiú le gníomhaíocht údaráis Bhallstáit an Aontais Eorpaigh agus údaráis na Nua-Shéalainne, mar aon lena gcomhar frithpháirteach i ndáil le cionta coiriúla, lena n‑áirítear coireacht thromchúiseach agus sceimhlitheoireacht, a chosc agus a chomhrac, agus coimircí iomchuí a áirithiú i ndáil le cearta an duine agus saoirsí bunúsacha daoine aonair, lena n‑áirítear príobháideachas agus cosaint sonraí.

Airteagal 2 
Sainmhínithe

Chun críoch an Chomhaontaithe seo:

(a).Ciallaíonn ‘Páirtithe Conarthacha’, ar thaobh amháin, an tAontas Eorpach, agus, ar an taobh eile, an Nua-Shéalainn;

(b). Is é ‘Europol’ Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí, a bunaíodh faoi Rialachán (AE) 2016/794 1 nó aon leasú air “(‘Rialachán Europol’)”;

(c).Ciallaíonn ‘údarás inniúil’, i gcás na Nua-Shéalainne, na húdaráis forfheidhmithe dlí intíre atá freagrach faoi dhlí náisiúnta na Nua-Shéalainne as cionta coiriúla a chosc agus a chomhrac mar a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an gComhaontú seo (‘údaráis inniúla na Nua-Shéalainne’), agus i gcás an Aontais Eorpaigh, Europol;

(d).Ciallaíonn ‘comhlachtaí an Aontais’ institiúidí, comhlachtaí, misin, oifigí agus gníomhaireachtaí arna mbunú ag Conradh an Aontais Eorpaigh agus ag an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, nó arna mbunú ar bhonn na gconarthaí sin, a liostaítear in Iarscríbhinn III;

(e).Is ‘cionta coiriúla’ iad na cineálacha coireachta a liostaítear in Iarscríbhinn I agus cionta coiriúla gaolmhara. Meastar cionta coiriúla a bheith gaolmhar leis na cineálacha coireachta a liostaítear in Iarscríbhinn I má dhéantar iad chun modh a fháil chun coireanna den sórt sin a dhéanamh, chun coireanna den sórt sin a éascú nó a dhéanamh, nó chun a áirithiú go mbeidh na daoine a dhéanfaidh coireanna den sórt sin saor ó phionós;

(f).Ciallaíonn ‘sonraí pearsanta’ aon fhaisnéis a bhaineann le hábhar sonraí;

(g).Ciallaíonn ‘ábhar sonraí’ duine nádúrtha sainaitheanta nó insainaitheanta; is é is duine insainaitheanta ann duine is féidir a shainaithint, go díreach nó go hindíreach, go háirithe faoi threoir aitheantóra amhail ainm, uimhir aitheantais, sonraí suímh nó aitheantóir ar líne nó faoi threoir toisce amháin nó níos mó a bhaineann go sonrach le céannacht fhisiceach, fhiseolaíoch, ghéiniteach, mheabhrach, eacnamaíoch, chultúrtha nó shóisialta an duine sin;

(h).Ciallaíonn ‘sonraí géiniteacha’ na sonraí pearsanta uile a bhaineann le tréithe géiniteacha duine aonair, ar tréithe ó oidhreacht nó tréithe faighte iad, a thugann sainfhaisnéis faoi fhiseolaíocht nó faoi shláinte an duine aonair sin, ar sonraí iad a fuarthas go háirithe mar thoradh ar anailís arna déanamh ar shampla bitheolaíoch ón duine aonair atá i gceist;

(i).Ciallaíonn ‘próiseáil’, aon oibríocht nó aon sraith oibríochtaí a dhéantar ar shonraí pearsanta nó ar thacair sonraí pearsanta, trí mhodhanna uathoibrithe nó trí mhodhanna eile, amhail bailiú, taifeadadh, eagrú, struchtúrú, stóráil, oiriúnú nó athrú, aisghabháil, ceadú, úsáid, nochtadh trí tharchur, trí scaipeadh nó trí chur ar fáil ar bhealach eile, ailíniú nó comhcheangal, srianadh, léirscriosadh nó díothú;

(j).Ciallaíonn ‘faisnéis’ sonraí pearsanta;

(k).Ciallaíonn ‘sárú ar shonraí pearsanta’ sárú ar shlándáil as a dtagann díothú, caillteanas, athrú nó nochtadh neamhúdaraithe sonraí pearsanta a rinneadh a tharchur, a stóráil nó a phróiseáil ar bhealach eile, nó rochtain neamhúdaraithe ar na sonraí sin, bíodh sé sin de thimpiste nó go neamhdhleathach;

(l).Ciallaíonn ‘údarás maoirseachta’ údarás neamhspleách intíre amháin nó níos mó atá, ina aonar nó go carnach, freagrach as cosaint sonraí de réir bhrí Airteagal 16 den Chomhaontú seo, agus ar tugadh fógra dó de réir an Airteagail sin; d’fhéadfadh sé go náireofaí leis sin údaráis a gcumhdaíonn a bhfreagracht cearta eile an duine freisin.

(m).Ciallaíonn ‘eagraíocht idirnáisiúnta’ eagraíocht agus a fochomhlachtaí arna rialú ag an dlí idirnáisiúnta poiblí, nó aon chomhlacht eile, a bhunaítear le comhaontú idir dhá thír nó níos mó nó a bhunaítear ar bhonn comhaontú den sórt sin.

Airteagal 3 
Cuspóirí sonraí pearsanta a phróiseáil

1.Ní dhéanfar sonraí pearsanta a iarrtar agus a fhaightear faoin gComhaontú a phróiseáil ach amháin chun cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó chun pionóis choiriúla a fhorchur, laistigh de theorainneacha Airteagal 4(5) agus de shainorduithe féin na núdarás inniúil.

2.Léireoidh na húdaráis inniúla go soiléir, tráth aistriú na sonraí pearsanta ar a dhéanaí, an chríoch shonrach nó na críocha sonracha dá bhfuil na sonraí á naistriú. Le haghaidh aistrithe chuig Europol, sonrófar críoch nó críocha an aistrithe sin i gcomhréir le cuspóirí sonracha na próiseála arna leagan amach i sainordú Europol.

Caibidil II - Malartú faisnéise agus cosaint sonraí

Airteagal 4 
Prionsabail ghinearálta cosanta sonraí

1.Déanfaidh gach Páirtí Conarthach foráil maidir le sonraí pearsanta a mhalartófar faoin gComhaontú seo mar a leanas:

(a)Próiseálfar iad go cóir, go dleathach agus chun na críche dár aistríodh iad i gcomhréir le hAirteagal 3, agus chun na críche sin amháin;

(b)Beidh siad leormhaith, ábhartha agus teoranta don mhéid is gá i ndáil leis na críocha dá ndéantar iad a phróiseáil;

(c)Beidh siad cruinn agus coimeádfar cothrom le dáta iad; forálfaidh gach Páirtí Conarthach go ndéanfaidh a chuid údarás inniúil gach beart réasúnta lena áirithiú go scriosfar nó go gceartófar gan moill mhíchuí sonraí pearsanta atá míchruinn, ag féachaint do na críocha dá ndéantar iad a phróiseáil;

(d)Coimeádfar iad i bhfoirm nach gceadaítear léi na hábhair sonraí a shainaithint ach ar feadh tréimhse nach faide ná mar is gá chun na gcríoch dá ndéantar na sonraí pearsanta a phróiseáil;

(e)Déanfar iad a phróiseáil ar bhealach lena náirithítear slándáil iomchuí na sonraí pearsanta.

2.Tráth aistriú na sonraí pearsanta, féadfaidh údarás inniúil an aistrithe aon srian ar rochtain orthu nó ar an úsáid atá le baint astu a shonrú i dtéarmaí ginearálta nó i dtéarmaí sonracha, lena náirítear a mhéid a bhaineann lena naistriú ar aghaidh, lena léirscriosadh nó lena ndíothú tar éis tréimhse áirithe ama, nó leis an bpróiseáil bhreise a dhéanfar orthu. I gcás inar léir go bhfuil gá le srianta den sórt sin tar éis an fhaisnéis a sholáthar, cuirfidh údarás inniúil an aistrithe an túdarás is faighteoir ar an eolas dá réir sin.

3.Áiritheoidh gach Páirtí Conarthach go gcomhlíonfaidh an túdarás inniúil is faighteoir aon srian ar rochtain nó ar úsáid bhreise na sonraí pearsanta arna gcur in iúl ag údarás inniúil an aistrithe mar a thuairiscítear i mír 2.

4.Forálfaidh gach Páirtí Conarthach go gcuirfidh a údaráis inniúla bearta teicniúla agus eagraíochtúla iomchuí chun feidhme ionas go mbeifear in ann a thaispeáint go gcomhlíonfaidh an phróiseáil sonraí an Comhaontú seo agus go gcosnófar cearta na nábhar sonraí lena mbaineann.

5.Áiritheoidh gach Páirtí Conarthach nach naistreoidh a údaráis inniúla sonraí pearsanta a fuarthas i sárú follasach ar chearta an duine a aithnítear le noirm an dlí idirnáisiúnta atá ceangailteach ar na Páirtithe Conarthacha. Áiritheoidh gach Páirtí Conarthach nach mbainfear úsáid as na sonraí pearsanta a fhaightear chun pionós an bháis nó aon chineál íde atá cruálach nó mídhaonna a iarraidh, a thabhairt nó a chur i gcrích.

6.Áiritheoidh gach Páirtí Conarthach go gcoimeádfar taifead de gach aistriú sonraí pearsanta faoin gComhaontú seo agus de chríoch nó de chríocha na naistrithe sin.

Airteagal 5 
Catagóirí speisialta sonraí pearsanta agus catagóirí éagsúla ábhar sonraí

1.Toirmiscfear aistriú sonraí pearsanta i leith íospartaigh ciona choiriúil, finnéithe nó daoine eile a fhéadann faisnéis a sholáthar a bhaineann le cionta coiriúla, nó i leith daoine faoi bhun 18 mbliana d’aois, ach amháin má tá géarghá leis an aistriú sin agus má tá sé réasúnta agus comhréireach i gcásanna aonair chun cion coiriúil a chosc nó a chomhrac.

2.Ní cheadófar aistriú sonraí pearsanta lena nochtar bunadh ciníoch nó eitneach, tuairimí polaitiúla, creideamh reiligiúnach nó fealsúnach, ná ballraíocht i gceardchumann, sonraí géiniteacha, sonraí bithmhéadracha chun duine nádúrtha a shainaithint go huathúil, ná sonraí a bhaineann leis an tsláinte, ná sonraí a bhaineann le saol gnéis nó gnéaschlaonadh duine nádúrtha ach amháin i gcás ina bhfuil géarghá leis agus má tá sé réasúnta agus comhréireach i gcásanna aonair chun cion coiriúil a chosc nó a chomhrac, agus más rud é go gcuireann na sonraí sin, seachas sonraí bithmhéadracha, le sonraí pearsanta eile.

3.Áiritheoidh na Páirtithe Conarthacha go mbeidh próiseáil sonraí pearsanta faoi mhíreanna 1 agus 2 faoi réir coimircí iomchuí chun cosaint a thabhairt in aghaidh na rioscaí sonracha atá i gceist, lena náirítear srianta ar rochtain, bearta slándála breise de réir bhrí Airteagal 15 agus teorainneacha ar aistrithe ar aghaidh faoi Airteagal 7.

Airteagal 6 
Uathphróiseáil sonraí pearsanta

Toirmiscfear cinntí atá bunaithe go huile agus go hiomlán ar uathphróiseáil na sonraí pearsanta a mhalartaítear, lena n‑áirítear próifíliú, gan idirghabháil ón duine, a d’fhéadfadh éifeacht dhíobhálach dhlíthiúil a bheith aige ar an ábhar sonraí nó a d’fhéadfadh difear mór a dhéanamh dó nó di, mura n‑údaraítear iad faoin dlí chun cion coiriúil a chosc nó a chomhrac agus mura bhfuil coimircí iomchuí ann do chearta agus do shaoirsí an ábhair sonraí, lena n‑áirítear ar a laghad an ceart chun idirghabháil ón duine a fháil.

Airteagal 7 
Na sonraí pearsanta a fhaightear a aistriú ar aghaidh

1.Áiritheoidh an Nua-Shéalainn nach naistreoidh a húdaráis inniúla sonraí pearsanta a fhaightear faoin gComhaontú seo chuig údaráis eile sa Nua-Shéalainn ach amháin sa chás seo a leanas:

(a)Tá údarú sainráite tugtha ag Europol roimh ré;

(b)Is ionann cuspóir an aistrithe ar aghaidh agus cuspóir bunaidh an aistrithe ag Europol, nó, laistigh de theorainneacha Airteagal 3(1), baineann sé go díreach leis an gcuspóir bunaidh sin; agus

(c)Tá an taistriú ar aghaidh faoi réir na gcoinníollacha agus na gcoimircí céanna leo siúd a bhfuil feidhm acu maidir leis an aistriú bunaidh.

2.Gan dochar d’Airteagal 4(2), níl gá le réamhúdarú i gcás inar údarás inniúil de chuid na Nua-Shéalainne é an túdarás is faighteoir féin. Is amhlaidh atá maidir leis an gcumas atá ag Europol sonraí pearsanta a roinnt le húdaráis atá freagrach i mBallstáit an Aontais Eorpaigh as cionta coiriúla a chosc agus a chomhrac agus le comhlachtaí de chuid an Aontais a liostaítear in Iarscríbhinn III.

3.Áiritheoidh an Nua-Shéalainn go dtoirmiscfear sonraí pearsanta a fhaigheann a húdaráis inniúla faoin gComhaontú seo a aistriú ar aghaidh chuig údaráis tríú tír nó chuig eagraíocht idirnáisiúnta, mura gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:

(a)Baineann an taistriú le sonraí pearsanta seachas na sonraí sin a chumhdaítear le hAirteagal 5 den chomhaontú;

(b)Tá údarú sainráite tugtha ag Europol roimh ré;

(c)Is ionann cuspóir an aistrithe ar aghaidh agus cuspóir bunaidh an aistrithe ag Europol, agus;

(d)Tá an taistriú ar aghaidh faoi réir na gcoinníollacha agus na gcoimircí céanna leo siúd a bhfuil feidhm acu maidir leis an aistriú bunaidh.

4.Ní fhéadfaidh Europol a údarú faoi fhomhír 3b a dheonú le haghaidh aistriú ar aghaidh chuig údarás tríú tír nó chuig eagraíocht idirnáisiúnta más rud é go bhfuil agus a mhéid atá cinneadh leordhóthanachta, comhaontú idirnáisiúnta lena soláthraítear coimircí iomchuí i ndáil le príobháideachas agus cearta bunúsacha agus saoirsí bunúsacha daoine aonair a chosaint, comhaontú comhair nó aon fhoras dlíthiúil eile amach anseo le haghaidh aistrithe sonraí pearsanta de réir bhrí Rialachán Europol lena gcumhdaítear an taistriú ar aghaidh i bhfeidhm.

5.Áiritheoidh an tAontas Eorpach go dtoirmiscfear sonraí pearsanta a fhaigheann Europol faoin gComhaontú seo a aistriú ar aghaidh chuig comhlachtaí de chuid an Aontais Eorpaigh nach liostaítear in Iarscríbhinn III, chuig údaráis tríú tíortha nó chuig eagraíocht idirnáisiúnta, ach amháin:

(a)Má bhaineann an taistriú le sonraí pearsanta seachas na sonraí sin a chumhdaítear le hAirteagal 5 den chomhaontú;

(b)Má tá údarú sainráite tugtha ag an Nua-Shéalainn roimh ré;

(c)Más ionann cuspóir an aistrithe ar aghaidh agus cuspóir bunaidh aistriú na Nua-Shéalainne, agus;

(d)Má tá cinneadh leordhóthanachta, comhaontú idirnáisiúnta lena soláthraítear coimircí iomchuí i ndáil le príobháideachas agus cearta bunúsacha agus saoirsí bunúsacha daoine aonair a chosaint nó comhaontú comhair de réir bhrí Rialachán Europol i bhfeidhm leis an tríú tír sin nó leis an eagraíocht idirnáisiúnta sin.

Airteagal 8 
Measúnú ar iontaofacht na foinse agus ar chruinneas na faisnéise

1.Cuirfidh na húdaráis inniúla in iúl a mhéid is féidir, ar a dhéanaí tráth aistriú na faisnéise, iontaofacht fhoinse na faisnéise ar bhonn ceann amháin nó níos mó de na critéir seo a leanas:

(1)I gcás nach bhfuil aon amhras ann faoi bharántúlacht, faoi iontaofacht ná faoi inniúlacht na foinse, nó má fuarthas iontaofa i gcónaí, san am atá thart, an fhoinse atá ag soláthar na faisnéise;

(2)I gcás gur foinse a fuarthas go raibh a cuid faisnéise iontaofa an chuid is mó den am atá ag soláthar na faisnéise;

(3)I gcás gur foinse a fuarthas go raibh a cuid faisnéise neamhiontaofa an chuid is mó den am atá ag soláthar na faisnéise;

(4)I gcás nach féidir iontaofacht na foinse a mheas.

2.Cuirfidh na húdaráis inniúla in iúl, a mhéid is féidir, ar a dhéanaí tráth aistriú na faisnéise, cruinneas na faisnéise ar bhonn ceann amháin nó níos mó de na critéir seo a leanas:

(1)Faisnéis nach bhfuil amhras ann maidir lena cruinneas tráth an aistrithe;

(2)Faisnéis is eol go pearsanta don fhoinse ach nach eol go pearsanta don oifigeach a bhfuil sí á cur ar aghaidh aige;

(3)Faisnéis nach eol go pearsanta don fhoinse ach atá comhthacaithe le faisnéis eile atá taifeadta cheana féin;

(4)Faisnéis nach eol go pearsanta don fhoinse agus nach féidir a chomhthacú.

3.I gcás ina dtiocfaidh an túdarás inniúil is faighteoir ar an gconclúid, ar bhonn faisnéise atá ina sheilbh cheana féin, gur gá ceartú a dhéanamh ar an measúnú ar fhaisnéis nó ar fhoinse na faisnéise arna soláthar ag údarás inniúil an aistrithe i gcomhréir le míreanna 1 agus 2, cuirfidh sé an túdarás sin ar an eolas faoi sin agus déanfaidh sé iarracht teacht ar chomhaontú maidir le leasú ar an measúnú. Ní athróidh an túdarás inniúil is faighteoir an measúnú ar an bhfaisnéis a fhaightear ná ar fhoinse na faisnéise sin gan comhaontú den sórt sin.

4.Má fhaigheann údarás inniúil faisnéis gan mheasúnú, déanfaidh sé iarracht a mhéid is féidir agus, i gcás inar féidir, i gcomhaontú le húdarás inniúil an aistrithe measúnú a dhéanamh ar iontaofacht na foinse nó ar chruinneas na faisnéise ar bhonn na faisnéise atá ina sheilbh cheana féin.

5.Mura féidir measúnú iontaofa a dhéanamh, déanfar meastóireacht ar an bhfaisnéis i gcomhréir le mír 1(4) agus le mír 2(4) thuas.

CEARTA AN ÁBHAIR SONRAÍ

Airteagal 9 
Ceart rochtana

1.Áiritheoidh na Páirtithe Conarthacha go mbeidh sé de cheart ag an ábhar sonraí, ag eatraimh réasúnacha, faisnéis a fháil maidir le cé acu a dhéanfar sonraí pearsanta a bhaineann leis nó léi a phróiseáil faoin gComhaontú seo, agus, i gcás ina ndéanfar sin, rochtain a bheith acu ar an bhfaisnéis seo a leanas ar a laghad:

(a)Dearbhú maidir le cé acu atá sonraí a bhaineann leis nó léi á bpróiseáil;

(b)Faisnéis maidir le cuspóirí na hoibríochta próiseála, na catagóirí sonraí atá i gceist, agus i gcás inarb infheidhme, na faighteoirí nó na catagóirí d’fhaighteoirí a bhfuil na sonraí á nochtadh dóibh;

(c)Gurb ann don cheart a iarraidh ar an údarás inniúil sonraí pearsanta oibríochtúla a cheartú nó a scriosadh, nó próiseáil sonraí pearsanta a bhaineann leis an ábhar sonraí a shrianadh;

(d)Tásc i dtaobh na bhforas dlí chun na sonraí a phróiseáil;

(e)I gcás inar féidir, fad na tréimhse atá beartaithe ina stórálfar na sonraí pearsanta, nó i gcás nach féidir é sin a thabhairt, na critéir a úsáidtear chun an tréimhse sin a chinneadh;

(f)Cumarsáid i bhfoirm intuigthe faoi na sonraí a bhfuil próiseáil á déanamh orthu agus faoi aon fhaisnéis atá ar fáil faoina gcuid foinsí;

2.I gcásanna ina bhfeidhmítear an ceart rochtana, rachfar i gcomhairle leis an bPáirtí aistritheach ar bhonn neamhcheangailteach sula ndéanfar cinneadh críochnaitheach maidir leis an iarraidh.

3.Féadfaidh na Páirtithe Conarthacha foráil a dhéanamh go gcuirfear moill ar an soláthar faisnéise mar fhreagairt ar aon iarraidh faoi mhír 1 nó go ndiúltófar í nó go ndéanfar í a shrianadh más beart atá sa mhoill, sa diúltú nó sa srianadh a bhfuil gá leis nó atá réasúnta agus comhréireach agus fad atá sin amhlaidh, agus cearta bunúsacha agus leasanna bunúsacha an ábhair sonraí á gcur san áireamh acu, chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)A áirithiú nach gcuirfear aon imscrúdú coiriúil ná ionchúiseamh i mbaol; nó

(b)Cearta agus saoirse tríú páirtithe a chosaint, nó

(c)Slándáil náisiúnta agus ord poiblí a chosaint nó an choireacht a chosc;

4.Áiritheoidh na Páirtithe Conarthacha go gcuirfidh an túdarás inniúil an tábhar sonraí ar an eolas i scríbhinn faoi aon mhoill, faoi dhiúltú nó faoi shrianadh rochtana agus faoi na cúiseanna atá leis sin. Féadfar na cúiseanna sin a fhágáil ar lár má bhaineann é sin an bonn de chuspóir na moille, an diúltaithe nó an tsrianta faoi mhír 3 nó a fhad a dhéanfadh sé sin an bonn a bhaint de na cuspóirí sin. Cuirfidh an túdarás inniúil an tábhar sonraí ar an eolas faoin bhféidearthacht gearán a thaisceadh leis na húdaráis mhaoirseachta lena mbaineann agus faoi shásamh eile atá ar fáil dá bhforáiltear ina gcreat dlíthiúil faoi seach.

Airteagal 10 
An ceart go ndéanfaí ceartúcháin, scriosadh agus srianadh

1.Áiritheoidh na Páirtithe Conarthacha go mbeidh sé de cheart ag an duine is ábhar do na sonraí a iarraidh ar na húdaráis inniúla sonraí pearsanta míchruinne a bhaineann leis an ábhar sonraí agus a aistríodh faoin gComhaontú seo a cheartú. Agus cuspóirí na próiseála á gcur san áireamh, áirítear air sin an ceart go gcomhlánófaí sonraí pearsanta atá neamhiomlána a aistríodh faoin gComhaontú.

2.Áireofar le ceartúchán scriosadh sonraí pearsanta nach bhfuil gá leo a thuilleadh chun na críche/na gcríoch ar chucu a rinneadh iad a phróiseáil.

3.Féadfaidh na Páirtithe Conarthacha foráil a dhéanamh go ndéanfar próiseáil a shrianadh seachas go ndéanfaí sonraí pearsanta a léirscriosadh nó a scriosadh dá dtagraítear i mír 2 má tá forais réasúnacha ann lena chreidiúint go bhféadfadh léirscriosadh/scriosadh difear a dhéanamh do leasanna dlisteanacha an ábhair sonraí.

4.Cuirfidh na húdaráis inniúla a chéile ar an eolas faoi bhearta a ghlactar de bhun mhíreanna 1, 2 agus 3. Déanfaidh an túdarás inniúil is faighteoir na sonraí sin a cheartú, a scriosadh nó próiseáil na sonraí sin a shrianadh i gcomhréir leis an ngníomhaíocht a dhéanfaidh údarás inniúil an aistrithe.

5.Déanfaidh na Páirtithe Conarthacha foráil go gcuirfidh an túdarás inniúil an iarraidh in iúl don ábhar sonraí i scríbhinn gan moill mhíchuí, agus in aon chás laistigh de 3 mhí ón iarraidh a fháil i gcomhréir le mír 1 nó mír 2, go bhfuil na sonraí a bhaineann leis an ábhar sonraí ceartaithe, scriosta nó go ndearadh a bpróiseáil a shrianadh.

6.Áiritheoidh na Páirtithe Conarthacha go bhfaighidh an túdarás inniúil an iarraidh an tábhar sonraí chur ar an eolas i scríbhinn, gan aon mhoill mhíchuí agus in aon chás laistigh de 3 mhí ón iarraidh a fháil go ndearnadh aon ceartú, scriosadh nó srianadh ar phróiseáil a dhiúltú, na cúiseanna leis an diúltú sin agus an fhéidearthacht gearán a thaisceadh leis na húdaráis mhaoirseachta lena mbaineann agus sásamh eile atá ar fáil dá bhforáiltear ina gcreat dlíthiúil faoi seach.

Airteagal 11 
Fógra maidir le sárú ar shonraí pearsanta a thabhairt do na húdaráis lena mbaineann

1.Áiritheoidh na Páirtithe Conarthacha, i gcás sárú ar shonraí pearsanta a dhéanann difear do shonraí pearsanta a aistrítear faoin gComhaontú seo, go dtabharfaidh na húdaráis inniúla lena mbaineann fógra dá chéile agus dá núdarás maoirseachta féin gan mhoill faoin sárú sin agus go ndéanfaidh siad bearta chun na héifeachtaí díobhálacha a d’fhéadfadh a bheith ag an sárú sin a mhaolú.

2.Déanfar an méid seo a leanas ar a laghad san fhógra:

(a)Tabharfar tuairisc ar an gcineál sáraithe atá ann i ndáil le sonraí pearsanta, lena náirítear, nuair is féidir, na catagóirí agus líon na nábhar sonraí lena mbaineann agus catagóirí agus líon na dtaifead sonraí pearsanta lena mbaineann;

(b)Tabharfar tuairisc ar iarmhairtí dóchúla an tsáraithe ar shonraí pearsanta;

(c)Tabharfar tuairisc ar na bearta atá déanta ag an rialaitheoir nó atá beartaithe aige a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt ar an sárú ar shonraí pearsanta, lena náirítear, nuair is iomchuí, na bearta atá déanta chun aon éifeachtaí díobhálacha a d’fhéadfadh a bheith ag an sárú a mhaolú.

3.A mhéid nach féidir an fhaisnéis uile is gá a chur ar fáil an tráth céanna, féadfar í a sholáthar i gcéimeanna. Soláthrófar an fhaisnéis bhreise gan tuilleadh moille míchuí.

4.Áiritheoidh na Páirtithe Conarthacha go ndéanfaidh a núdaráis inniúla féin aon sárú ar shonraí pearsanta a dhéanann difear do na sonraí pearsanta a aistrítear faoin gComhaontú seo a dhoiciméadú, lena náirítear na fíricí a bhaineann leis an sárú, na héifeachtaí a bhaineann leis agus na gníomhaíochtaí feabhais a rinneadh, rud a chuirfidh ar chumas a núdarás maoirseachta faoi seach a fhíorú go bhfuil na ceanglais dhlíthiúla is infheidhme á gcomhlíonadh.

Airteagal 12 
Sárú i ndáil le sonraí pearsanta a chur in iúl don ábhar sonraí

1.I gcás sárú ar shonraí pearsanta dá dtagraítear in Airteagal 11 ar dócha go mbeidh éifeacht dhíobhálach thromchúiseach aige ar chearta agus ar shaoirsí an ábhair sonraí, déanfaidh na Páirtithe Conarthacha foráil dá núdaráis inniúla féin an sárú ar shonraí pearsanta a chur in iúl don ábhar sonraí gan moill mhíchuí.

2.Maidir leis an gcumarsáid chuig an ábhar sonraí de bhun mhír 1, tabharfar tuairisc inti, i gcás inar féidir, ar chineál an tsáraithe ar shonraí pearsanta, molfar inti bearta chun aon éifeachtaí díobhálacha a d’fhéadfadh a bheith ag an sárú ar shonraí pearsanta a mhaolú agus soláthrófar inti ainm agus mionsonraí teagmhála an phointe teagmhála ónar féidir tuilleadh faisnéise a fháil.

3.An chumarsáid a chur chuig an ábhar sonraí dá dtagraítear i mír 1, ní ceanglófar sin sna cásanna seo a leanas:

(a)Má bhí na sonraí pearsanta a bhaineann leis an sárú faoi réir bearta iomchuí teicneolaíocha cosanta a fhágann nach mbeidh aon duine nach bhfuil údaraithe chun rochtain a fháil ar na sonraí in ann iad a thuiscint;

(b)Má rinneadh bearta ina dhiaidh sin a d’áireodh nach dócha a thuilleadh go ndéanfaí dochar tromchúiseach do chearta ná do shaoirsí an ábhair sonraí; nó

(c)Dá mbeadh iarracht dhíréireach ag baint le cumarsáid den sórt sin, go háirithe i ngeall ar líon na gcásanna lena mbaineann. I gcás den sórt sin, eiseofar teachtaireacht phoiblí nó glacfar beart comhchosúil trína dtabharfar fógra do na hábhair sonraí ar bhealach atá chomh héifeachtúil céanna.

4.Féadfar moill a chur ar an gcumarsáid chuig an ábhar sonraí a nó féadfar í a shrianadh nó a fhágáil ar lár i gcás inar dhócha go mbeadh na nithe seo a leanas ina dtoradh air sin:

(a)Go gcuirfí bac ar fhiosrúcháin, imscrúduithe nó nósanna imeachta oifigiúla nó dlíthiúla;

(b)Go ndéanfaí dochar do chosc, do bhrath, d’imscrúdú agus d’ionchúiseamh cionta coiriúla nó d’fhorghníomhú pionós coiriúil, ord poiblí nó slándáil náisiúnta;

(c)Go ndéanfaí difear do chearta agus do shaoirse tríú páirtithe;

i gcás ia bhfuil gá leis an mbeart, agus inar réasúnta agus comhréireach é, agus aird chuí á tabhairt ar leasanna dlisteanacha an ábhair sonraí lena mbaineann.

Airteagal 13 
Sonraí pearsanta a stóráil, a athbhreithniú, a cheartú agus a scriosadh

1.Forálfaidh na Páirtithe Conarthacha go mbunófar teorainneacha ama iomchuí maidir le sonraí pearsanta a fhaightear faoin gComhaontú seo a stóráil nó maidir le hathbhreithniú tréimhsiúil a dhéanamh ar an ngá atá leis na sonraí sin a stóráil, ionas nach stórálfar sonraí ach fad is gá chun na críche dá naistrítear iad.

2.In aon chás, déanfar an gá le stóráil leantach a athbhreithniú tráth nach déanaí ná 3 bliana tar éis aistriú na sonraí pearsanta, agus mura ndéantar aon chinneadh a bhfuil bonn cirt leis agus a dhoiciméadaítear maidir le stóráil leantach sonraí pearsanta, scriosfar na sonraí sin go huathoibríoch tar éis 3 bliana.

3.I gcás ina bhfuil cúis ag údarás inniúil a chreidiúint go bhfuil sonraí pearsanta a d’aistrigh sé roimhe sin mícheart, míchruinn, nach bhfuil siad cothrom le dáta a thuilleadh nó nár cheart iad a bheith aistrithe, cuirfidh sé an túdarás inniúil is faighteoir ar an eolas, a cheartóidh nó a scriosfaidh na sonraí pearsanta, agus tabharfaidh sé fógra ina leith d’údarás an aistrithe.

4.I gcás ina bhfuil cúis ag údarás inniúil a chreidiúint go bhfuil sonraí pearsanta a fuair sé roimhe sin mícheart, míchruinn, nach bhfuil siad cothrom le dáta a thuilleadh nó nár cheart iad a bheith aistrithe, cuirfidh sé údarás inniúil an aistrithe ar an eolas, a chuirfidh a sheasamh ar fáil maidir leis an ábhar. I gcás ina gcinnfidh an túdarás inniúil is faighteoir go bhfuil na sonraí pearsanta mícheart, míchruinn, nach bhfuil siad cothrom le dáta a thuilleadh nó nár cheart iad a bheith aistrithe, cuirfidh sé an túdarás inniúil is faighteoir ar an eolas, a cheartóidh nó a scriosfaidh na sonraí pearsanta, agus tabharfaidh sé fógra ina leith d’údarás an aistrithe.

Airteagal 14 
Logáil agus doiciméadacht

Déanfaidh na Páirtithe Conarthacha foráil maidir le logaí a choimeád i ndáil le bailiú, athrú, rochtain agus nochtadh lena n‑áirítear aistrithe ar aghaidh, comhcheangal agus scriosadh sonraí pearsanta.

Cuirfear na logaí nó an doiciméadacht sin ar fáil don údarás maoirseachta lena mbaineann arna iarraidh sin dó chun dlíthiúlacht na próiseála sonraí a fhíorú, chun féinfhaireachán a dhéanamh agus chun sláine agus slándáil iomchuí sonraí a áirithiú.

Airteagal 15 
Slándáil sonraí

Áiritheoidh na Páirtithe Conarthacha go gcuirfear bearta teicniúla agus eagraíochtúla chun feidhme chun sonraí pearsanta a mhalartófar faoin gComhaontú seo a chosaint.

Maidir le huathphróiseáil sonraí, áiritheoidh na Páirtithe Conarthacha go gcuirfear bearta chun feidhme a bheidh ceaptha chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a).Rochtain ar threalamh próiseála sonraí a úsáidtear le haghaidh próiseáil sonraí pearsanta (rialú rochtana ar threalamh) a shéanadh ar dhaoine neamhúdaraithe;

(b).Cosc a chur ar mheáin sonraí a bheith á léamh, a nathrú nó á mbaint ar bhealach neamhúdaraithe (rialú meán sonraí);

(c).Ionchur neamhúdaraithe sonraí pearsanta a chosc chomh maith le cigireacht neamhúdaraithe, leasú neamhúdaraithe nó scriosadh neamhúdaraithe na sonraí pearsanta stóráilte (rialú stórála);

(d).Cosc a chur ar dhaoine neamhúdaraithe a bhfuil trealamh cumarsáide sonraí á úsáid acu úsáid a bhaint as córais uathphróiseála sonraí (rialú úsáideoirí);

(e).A áirithiú nach mbeidh rochtain ag daoine atá údaraithe chun córas uathphróiseála sonraí a úsáid ach ar na sonraí atá cumhdaithe faoina núdarú rochtana (rialú rochtana sonraí);

(f).A áirithiú gur féidir a fhíorú agus a shuíomh cé hiad na comhlachtaí a bhféadfar sonraí pearsanta a tharchur chucu nó a bhfuil sonraí pearsanta tarchurtha chucu agus úsáid á baint as trealamh cumarsáide sonraí (rialú cumarsáide);

(g).A áirithiú gur féidir a fhíorú agus a shuíomh cé acu na sonraí pearsanta a cuireadh isteach i gcórais uathphróiseála sonraí, cén uair a cuireadh isteach na sonraí agus cé a chuir isteach iad (rialú ionchuir);

(h).A áirithiú gur féidir a fhíorú agus a shuíomh cad iad na sonraí pearsanta a ndearna duine den fhoireann iad a rochtain, cén duine den fhoireann a bhí i gceist, agus cén tam a ndearna an duine sin é sin (loga rochtana);

(i).Cosc a chur ar léamh, ar chóipeáil, ar mhodhnú nó ar scriosadh neamhúdaraithe sonraí pearsanta le linn sonraí pearsanta a aistriú nó le linn meán sonraí a aistriú (rialú iompair);

(j).A áirithiú gur féidir córais atá suiteáilte, i gcás idirbhriste, a aischur láithreach (athshlánú);

(k).A áirithiú go bhfeidhmeoidh feidhmeanna an chórais gan locht, go ndéanfar lochtanna a thiocfaidh aníos sna feidhmeanna a thuairisciú láithreach (iontaofacht) agus nach bhféadfar mífheidhmeanna córais sonraí pearsanta stóráilte a thruailliú (sláine).

Airteagal 16 
An túdarás maoirseachta

1.Áiritheoidh gach Páirtí Conarthach go mbeidh údarás poiblí neamhspleách ann a bheidh freagrach as cosaint sonraí (an túdarás maoirseachta) chun maoirseacht a dhéanamh ar ábhair a dhéanann difear do phríobháideachas daoine aonair, lena náirítear na rialacha náisiúnta is ábhartha faoin gComhaontú seo, d’fhonn cearta bunúsacha agus saoirsí bunúsacha daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta. Tabharfaidh na Páirtithe Conarthacha fógra dá chéile i dtaobh an údaráis a measann siad a bheith ina údarás maoirseachta de réir bhrí an Airteagail seo.

2.Áiritheoidh na Páirtithe Conarthacha go ngníomhóidh an túdarás maoirseachta ar bhealach a bheidh go hiomlán neamhspleách agus a chúraimí á gcomhlíonadh aige agus a chumhachtaí á bhfeidhmiú aige. Gníomhóidh sé saor ó thionchar seachtrach agus ní iarrfaidh sé ná ní ghlacfaidh sé treoracha. Beidh téarma oifige slán ag a chomhaltaí, lena náirítear coimircí i gcoinne baint threallach.

3.Áiritheoidh na Páirtithe Conarthacha go mbeidh na hacmhainní daonna, teicniúla agus airgeadais, an táitreabh agus an bonneagar is gá ag gach údarás maoirseachta chun a chúraimí a chomhlíonadh go héifeachtach agus a chumhachtaí a fheidhmiú go héifeachtach.

4.Áiritheoidh na Páirtithe Conarthacha go mbeidh cumhachtaí éifeachtacha imscrúdaithe agus idirghabhála ag gach údarás maoirseachta chun maoirseacht a dhéanamh ar na comhlachtaí a ndéanann sé maoirseacht orthu agus chun dul i mbun imeachtaí dlíthiúla.

5.Áiritheoidh na Páirtithe Conarthacha go mbeidh cumhachtaí ag gach údarás maoirseachta gearáin a éisteacht ó dhaoine aonair maidir leis an úsáid a bhaineann na húdaráis inniúla atá faoina mhaoirseacht as a sonraí pearsanta.

Airteagal 17 
Sásamh Riaracháin agus Breithiúnach

Beidh ag na hábhair sonraí an ceart chun sásamh éifeachtach riaracháin agus breithiúnach a fháil i gcás sáruithe ar na cearta agus ar na coimircí a aithnítear sa Chomhaontú seo a eascraíonn as próiseáil a sonraí pearsanta. Tabharfaidh na Páirtithe Conarthacha fógra dá chéile faoin reachtaíocht intíre a measann siad a bhforáiltear do na cearta a ráthaítear faoin Airteagal seo léi.

Caibidil III – Díospóidí

Airteagal 18 
Díospóidí a réiteach

Na díospóidí ar fad a thiocfaidh chun cinn i ndáil le léirthuiscint, feidhmiú nó cur chun feidhme an Chomhaontaithe seo agus aon ábhair a bhaineann leis, beidh comhairliúcháin agus caibidlíocht ann idir ionadaithe na bPáirtithe Conarthacha d’fhonn teacht ar réiteach a bheidh comhaontaithe go frithpháirteach.

Airteagal 19 
An clásal maidir le fionraí

1.I gcás sárú ábhartha nó neamhchomhlíonadh oibleagáidí a eascraíonn as forálacha an Chomhaontaithe seo, féadfaidh ceachtar Páirtí Conarthach an Comhaontú seo a chur ar fionraí go sealadach go hiomlán nó go páirteach trí fhógra i scríbhinn a thabhairt don Pháirtí Conarthach eile trí bhealaí taidhleoireachta. Ní thabharfar an fógra i scríbhinn sin go dtí go mbeidh na Páirtithe Conarthacha ag gabháil do thréimhse réasúnach comhairliúcháin gan teacht ar rún agus beidh éifeacht le fionraí 20 lá ón dáta a bhfaighfear an fógra sin. Féadfaidh an Páirtí Conarthach a chuirfidh an Comhaontú seo ar fiontraí deireadh a chur leis an bhfionraí sin tráth a thabharfar fógra i scríbhinn don Pháirtí Conarthach eile. Cuirfear deireadh leis an bhfionraí láithreach a luaithe a gheofar an fógra sin.

2.Ainneoin an Comhaontú seo a chur ar fiontraí, leanfar de shonraí pearsanta a thagann faoi raon feidhme an Chomhaontaithe seo agus a aistrítear roimh a fhionraí a phróiseáil i gcomhréir le forálacha an Chomhaontaithe seo.

Airteagal 20 
An Comhaontú a fhoirceannadh

1.Féadfaidh ceachtar de na Páirtithe Conarthacha an Comhaontú seo a fhoirceannadh aon tráth trí fhógra – fógra 3 mhí – i scríbhinn a thabhairt trí bhealaí taidhleoireachta.

2.Maidir le sonraí pearsanta a thagann faoi raon feidhme an Chomhaontaithe seo agus a aistrítear sula ndéantar é a fhoirceannadh, leanfar de bheith á bpróiseáil i gcomhréir le forálacha an Chomhaontaithe seo tráth an fhoirceanta.

3.I gcás ina gcuirfear deireadh leis an gComhaontú, tiocfaidh na Páirtithe Conarthacha ar chomhaontú maidir le húsáid leanúnach agus stóráil na faisnéise atá curtha in iúl acu dá chéile cheana.

Caibidil IV – Forálacha críochnaitheacha

Airteagal 21 
Ceangal le hionstraimí idirnáisiúnta eile

1.Leis an gComhaontú seo, ní dhéanfar dochar ná difear ar bhealach eile do na forálacha dlíthiúla a mhéid a bhaineann leis an malartú faisnéise dá bhforáiltear le haon chonradh maidir le cúnamh frithpháirteach dlí, le haon chomhaontú nó socrú comhair eile, ná le haon chaidreamh oibre forfheidhmithe dlí eile i ndáil le faisnéis a mhalartú idir an Nua-Shéalainn agus aon Bhallstát den Aontas Eorpach.

2.Comhlánóidh an Comhaontú seo an Socrú Oibre lena mbunaítear caidreamh comhair idir Póilíní na Nua-Shéalainne agus Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí.

Airteagal 22 
Socrú Riaracháin Cur Chun Feidhme

Beidh mionsonraí an chomhair idir na Páirtithe Conarthacha chun an Comhaontú seo a chur chun feidhme faoi réir socrú riaracháin cur chun feidhme, mar is iomchuí, a thabharfar i gcrích idir Europol agus údaráis inniúla na Nua-Shéalainne, i gcomhréir le Rialachán Europol.

Airteagal 23 
Socrú Riaracháin maidir le Rúndacht

Déanfar malartú faisnéise rúnaicmithe AE, más gá faoin gComhaontú seo, a rialú le Socrú Riaracháin maidir le Rúndacht a thabharfar i gcrích idir Europol agus údaráis inniúla na Nua-Shéalainne.

Airteagal 24 
Pointe teagmhála náisiúnta agus oifigigh idirchaidrimh

1.Ainmneoidh an Nua-Shéalainn pointe teagmhála náisiúnta chun gníomhú mar lárphointe teagmhála idir Europol agus údaráis inniúla na Nua-Shéalainne. Liostófar cúraimí sonracha an phointe teagmhála náisiúnta sa socrú riaracháin cur chun feidhme faoi Airteagal 22(1). Léirítear an pointe teagmhála náisiúnta atá ainmnithe don Nua-Shéalainn in Iarscríbhinn IV.

2.Feabhsóidh Europol agus an Nua-Shéalainn a gcomhar mar a leagtar síos sa Chomhaontú seo trí oifigeach idirchaidrimh/oifigigh idirchaidrimh a imscarfaidh an Nua-Shéalainn. Féadfaidh Europol oifigeach idirchaidrimh amháin nó níos mó a imscaradh chuig an Nua-Shéalainn.

Airteagal 25 
Speansas

Áiritheoidh na Páirtithe Conarthacha go n‑iompróidh na húdaráis inniúla a gcostais féin, ar costais iad a thagann chun cinn le linn an Comhaontú seo a chur chun feidhme, mura sonraítear a mhalairt sa Chomhaontú seo nó sa socrú riaracháin.

Airteagal 26 
Fógra a thabhairt maidir le cur chun feidhme

1.Déanfaidh gach Páirtí Conarthach foráil maidir lena núdaráis inniúla doiciméad a chur ar fáil go poiblí ina leagfar amach i bhfoirm intuigthe na forálacha maidir le sonraí pearsanta a aistrítear faoin gComhaontú seo a phróiseáil, lena náirítear na bealaí atá ar fáil chun cearta na nábhar sonraí a fheidhmiú. Áiritheoidh gach Páirtí Conarthach go gcuirfear cóip den doiciméad sin in iúl don Pháirtí Conarthach eile.

2.Mura bhfuil siad i bhfeidhm cheana, glacfaidh na húdaráis inniúla rialacha lena sonraítear conas a dhéanfar comhlíonadh na bhforálacha maidir le próiseáil sonraí pearsanta a fhorfheidhmiú go praiticiúil. Tabharfar fógra i leith cóip de na rialacha sin don Pháirtí Conarthach eile agus do na húdaráis mhaoirseachta lena mbaineann.

Airteagal 27 
Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

1.Déanfaidh na Páirtithe Conarthacha an Comhaontú seo a fhormheas i gcomhréir lena nósanna imeachta féin.

2.Tiocfaidh an Comhaontú seo i bhfeidhm an dáta a bhfaighfear an fógra i scríbhinn deireanach lenar thug na Páirtithe Conarthacha fógra dá chéile trí bhealaí taidhleoireachta go bhfuil na nósanna imeachta dá dtagraítear i mír 1 curtha i gcrích.

3.Tiocfaidh an Comhaontú seo i bhfeidhm ar an gcéad lá tar éis an dáta a gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas uile:

(a)Is infheidhme an socrú riaracháin cur chun feidhme mar a leagtar síos in Airteagal 22; agus

(b)Tá fógra tugtha ag na Páirtithe Conarthacha dá chéile go bhfuil na hoibleagáidí a leagtar síos sa Chomhaontú seo curtha chun feidhme, lena náirítear mar a leagtar síos in Airteagal 26, agus glacadh leis an bhfógra sin.

4.Malartóidh na Páirtithe Conarthacha fógraí i scríbhinn lena ndearbhófar comhlíonadh na gcoinníollacha atá thuas trí bhealaí taidhleoireachta.

Airteagal 28 
Leasuithe agus forlíontaí

1.Féadfar an Comhaontú seo a leasú i scríbhinn aon tráth trí chomhthoil idir na Páirtithe Conarthacha trí fhógra i scríbhinn a dhéanfar a mhalartú trí bhealaí taidhleoireachta. Tiocfaidh na leasuithe i bhfeidhm i gcomhréir leis an nós imeachta dlíthiúil céanna a fhorordaítear faoi mhíreanna 1 agus 2 d’Airteagal 27.

2.Féadfar na hIarscríbhinní a ghabhann leis an gComhaontú seo a thabhairt cothrom le dáta, de réir mar is gá, ach nótaí taidhleoireachta a mhalartú. Tiocfaidh nuashonrú den sórt sin i bhfeidhm i gcomhréir le míreanna 1 agus 2 d’Airteagal 27.

3.Rachaidh na Páirtithe Conarthacha i mbun comhairliúcháin i ndáil leis an gComhaontú seo nó na hIarscríbhinní a ghabhann leis a leasú arna iarraidh sin do cheachtar Páirtí.

Airteagal 29 
Athbhreithniú agus Meastóireacht

1.Déanfaidh na Páirtithe Conarthacha cur chun feidhme an Chomhaontaithe seo a athbhreithniú go comhpháirteach bliain amháin tar éis dó teacht i bhfeidhm, agus go tráthrialta ina dhiaidh sin, agus ina theannta sin má iarrann ceachtar Páirtí amhlaidh agus má chinntear go comhpháirteach é.

2.Déanfaidh na Páirtithe Conarthacha meastóireacht chomhpháirteach ar an gComhaontú seo 4 bliana tar éis a theacht i bhfeidhm.

3.Déanfaidh na Páirtithe Conarthacha cinneadh roimh ré maidir leis na módúlachtaí a bhaineann leis an athbhreithniú ar chur chun feidhme an Chomhaontaithe agus cuirfidh siad comhdhéanamh a bhfoirne féin in iúl dá chéile. Áireofar ar na foirne saineolaithe ábhartha ar chosaint sonraí agus ar fhorfheidhmiú an dlí. Faoi réir na ndlíthe is infheidhme, ceanglófar ar na rannpháirtithe uile in athbhreithniú rúndacht na bpléití a urramú agus imréitigh shlándála iomchuí a bheith acu. Chun críocha aon athbhreithnithe, áiritheoidh an Nua-Shéalainn agus an tAontas Eorpach go mbeidh rochtain ar dhoiciméadacht, ar chórais agus ar phearsanra ábhartha.

Airteagal 30 
Infheidhmeacht chríochach

1.Beidh feidhm ag an gComhaontú seo maidir leis an gcríoch inar infheidhme an Conradh ar an Aontas Eorpach agus an Conradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus a mhéid is infheidhme iad agus maidir le críoch na Nua-Shéalainne.

2.Ní bheidh feidhm ag an gComhaontú seo maidir le críoch na Danmhairge nó críoch na hÉireann ach amháin má chuireann an tAontas Eorpach in iúl don Nua-Shéalainn i scríbhinn go bhfuil roghnaithe ag an Danmhairg nó ag Éirinn a bheith faoi cheangal ag an gComhaontú seo.

3.Má thugann an tAontas Eorpach fógra don Nua-Shéalainn sula dtiocfaidh an Comhaontú seo i bhfeidhm go mbeidh feidhm aige maidir le críoch na Danmhairge nó críoch na hÉireann, beidh feidhm ag an gComhaontú seo maidir le críoch an Bhallstáit sin an lá céanna a bheidh feidhm ag an gComhaontú seo maidir le Ballstáit eile an Aontais Eorpaigh.

4.Má thugann an tAontas Eorpach fógra don Nua-Shéalainn tar éis theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo, go bhfuil feidhm aige maidir le críoch na Danmhairge nó críoch na hÉireann, beidh feidhm ag an gComhaontú seo maidir le críoch an Bhallstáit sin 30 lá tar éis dháta an fhógra.

Arna dhéanamh ag ..., an ..., i ndúblach, sna teangacha seo a leanas: Béarla, Bulgáiris, Cróitis, Danmhairgis, Eastóinis, Fionlainnis, Fraincis, Gearmáinis, Gréigis, Iodáilis, Laitvis, Liotuáinis, Máltais, Ollainnis, Polainnis, Portaingéilis, Rómáinis, Seicis, Slóivéinis, Slóvaicis, Spáinnis, Sualainnis agus Ungáiris, agus comhúdarás ag gach téacs.

Thar ceann na Nua-Shéalainne    Thar ceann an Aontais Eorpaigh

Iarscríbhinn I – Réimsí coireachta

Is iad seo a leanas na cionta coiriúla mar a shainmhínítear iad in Airteagal 2(e):

sceimhlitheoireacht,

coireacht eagraithe,

gáinneáil ar dhrugaí,

gníomhaíochtaí sciúrtha airgid,

coireacht a bhaineann le substaintí núicléacha agus radaighníomhacha,

smuigleáil inimirceach,

an gháinneáil ar dhaoine,

coireacht mhótarfheithicle,

an dúnmharú, an mhórdhíobháil choirp,

an trádáil aindleathach in orgáin dhaonna agus fíochán daonna,

fuadach, srianadh agus tógáil giall neamhdhleathach,

ciníochas agus seineafóibe,

robáil agus tromghoid,

gáinneáil neamhdhleathach ar earraí cultúrtha, lena náirítear seandachtaí agus saothair ealaíne,

caimiléireacht agus calaois,

Coireacht i gcoinne leasanna airgeadais an Aontais

Déileáil chos istigh agus cúbláil margaidh

cambheartaíocht agus sracaireacht,

góchumadh agus píoráideacht táirgí,

doiciméid riarachán a bhrionnú agus an gáinneáil orthu,

brionnú airgid agus modhanna íocaíochta,

coireacht ríomhaire,

an téilliú,

gáinneáil aindleathach ar airm, armlón agus pléascáin,

gáinneáil aindleathach ar speicis ainmhithe atá i mbaol,

gáinneáil aindleathach ar speicis agus cineálacha plandaí i mbaol,

an choireacht chomhshaoil, lena náirítear truailliú ó longfhoinsí,

an gháinneáil aindleathach ar shubstaintí hormónacha agus ar thionscnóirí fáis eile,

míúsáid ghnéasach agus teacht i dtír gnéasach, lena náirítear ábhar a bhaineann le míúsáid ar leanaí agus sirtheoireacht leanaí chun críoch gnéasach,

cinedhíothú, coireanna in aghaidh an chine dhaonna agus coireanna cogaidh.

Déanfaidh údaráis inniúla na Nua-Shéalainne na cineálacha coireachta dá dtagraítear san Iarscríbhinn seo a mheasúnú i gcomhréir le dlí na Nua-Shéalainne.

Iarscríbhinn II – Údaráis inniúla na Nua-Shéalainne agus a ninniúlachtaí

Is iad seo a leanas údaráis inniúla na Nua-Shéalainne a bhféadfaidh Europol sonraí a aistriú chucu:

Údarás

Póilíní na Nua-Shéalainne (mar phríomhúdarás inniúil)

Seirbhís Chustaim na Nua-Shéalainne

Seirbhís Inimirce na Nua-Shéalainne

Iarscríbhinn III – Liosta de Chomhlachtaí an Aontais

Misin/Oibríochtaí faoin gComhbheartas Slándála agus Cosanta, atá teoranta do ghníomhaíochtaí forfheidhmithe dlí

An Oifig Eorpach Frith‑Chalaoise (OLAF)

An Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta (Frontex)

An Banc Ceannais Eorpach (BCE)

Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE)

Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar Ceartais Choiriúil (Eurojust)

Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)



Iarscríbhinn IV – Pointe teagmhála náisiúnta

Ainmnítear leis seo an pointe teagmhála náisiúnta don Nua-Shéalainn a ghníomhóidh mar lárphointe teagmhála idir Europol agus údaráis inniúla na Nua-Shéalainne mar a leanas:

Póilíní na Nua-Shéalainne

Beidh sé de dhualgas ar an Nua-Shéalainn Europol a chur ar an eolas má thagann athrú ar an bpointe teagmhála.

(1)    Ciallaíonn Rialachán (AE) 2016/794 Rialachán (AE) 2016/794 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol) agus lena naisghairtear Cinntí 2009/371/CGB, 2009/934/CGB, 2009/935/CGB, 2009/936/CGB agus 2009/968/CGB ón gComhairle agus a ghabhann ionad na gCinntí sin; IO L 135, 24.5.2016, lch. 53.
Top