Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52022PC0167

Moladh le haghaidh CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE Lena n-údaraítear tús a chur leis an gcaibidlíocht le haghaidh comhaontú maidir le hiompar earraí de bhóthar idir an tAontas Eorpach agus an Úcráin

COM/2022/167 final

An Bhruiséil,6.4.2022

COM(2022) 167 final

Moladh le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

Lena n‑údaraítear tús a chur leis an gcaibidlíocht le haghaidh comhaontú maidir le hiompar earraí de bhóthar idir an tAontas Eorpach agus an Úcráin


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.Comhthéacs an mholta

Leis seo, molann an Coimisiún don Chomhairle údarú a thabhairt chun tús a chur le caibidlíocht le haghaidh comhaontú a bheidh teoranta ó thaobh ama de maidir le hiompar earraí de bhóthar idir an tAontas agus an Úcráin (dá ngairtear ‘an Comhaontú’ anseo feasta) chun aghaidh a thabhairt ar iarmhairtí an fhogha míleata a thug an Rúis faoin Úcráin, fogha míleata gan chúis gan údar, agus chun an Coimisiún a ainmniú mar idirbheartaí an Aontais. Cuirtear treoracha caibidlíochta i gceangal leis an moladh freisin.

2.Cúlra

Tá iompar earraí de bhóthar idir an tAontas agus an Úcráin á rialú cuid mhaith faoi láthair ag roinnt comhaontuithe iompair déthaobhacha idir Ballstáit de chuid an Aontais agus an Úcráin. Leis na comhaontuithe sin, forchuirtear socruithe cuótaí ar tharlóirí ón dá thaobh maidir le hidirthuras agus le trádáil dhéthaobhach. De réir staidéar a ullmhaíodh in 2014 1 , dheonaigh na 25 mBallstát a raibh comhaontuithe iompair de bhóthar déthaobhacha ag an Úcráin leo ag an am sin 560 680 cuóta san iomlán ar bhonn déthaobhach di. In 2019, bhí an líon beagán níos ísle (552 875 cuóta, agus 1 750 cinn de chuótaí iolracha ina measc). Go tráthrialta, teastaíonn luachanna astaíochta Euro áirithe ó chuótaí.

Chomh maith leis na ceadanna atá bunaithe ar na comhaontuithe déthaobhacha thuasluaite, oibríonn an Fóram Iompair Idirnáisiúnta (ITF) córas cuótaí iltaobhach lena bhforáiltear do cheadúnais iltaobhacha le haghaidh iompar idirnáisiúnta earraí de bhóthar ag gnóthais iompair atá bunaithe i mBallstát den Fhóram Iompair Idirnáisiúnta (FII). Tá feidhm ag na ceadúnais maidir le hiompar earraí idir Ballstáit FII nó in idirthuras trí chríoch ceann amháin nó níos mó de na tíortha sin. Mar sin féin, tá líon na gcuótaí laistigh de chóras FII íseal go leor i gcomparáid leis na cuótaí arna n‑eisiúint faoi na comhaontuithe déthaobhacha (cé nach comparáid dhian í, toisc go mbaineann cuótaí FII le ceadúnais bhliantúla, ach baineann na comhaontuithe déthaobhacha atá i gceist le ceadanna le haghaidh turais aonair). In 2022, sannadh 4 000 ceadúnas bliantúil d’oibreoirí Úcránacha.

In 2006, d’aontaigh an Úcráin don Chomhaontú maidir le hobair foirne feithiclí ag gabháil d’iompar idirnáisiúnta de bhóthar (AETR) 2 , comhaontú a bhfuil Ballstáit uile an Aontais ina bpáirtithe conarthacha ann freisin. Mar thoradh air sin, ní mór d’oibreoirí Úcránacha a bhfuil earraí á niompar acu ar chríoch an Aontais cloí leis an am tiomána céanna, na sosanna céanna agus na tréimhsí sosa céanna leis na cinn siúd atá i bhfeidhm san Aontas i gcomhréir le Rialachán (CE) 561/2006 3 .

I bhfianaise an fhogha mhíleata a thug an Rúis faoin Úcráin, tá an staid iompair tar éis éirí an‑deacair le haghaidh na tíre sin. Tá bealaí tábhachtacha iompair le haghaidh iompar earraí tríd an Muir Dhubh blocáilte nó scriosta ag fórsaí míleata na Rúise, agus tá aerspás na hÚcráine dúnta don iompar sibhialtach. Tugtar tús áite d’iompar paisinéirí agus dídeanaithe ar an ngréasán iarnróid faoi láthair agus tá sé go mór i mbaol fós de bharr bombardaíochtaí de chuid na Rúise.

Dá bhrí sin, chun cuidiú le geilleagar na hÚcráine agus é faoi an‑bhrú, is iomchuí comhaontú a thabhairt i gcrích go práinneach idir an tAontas agus an Úcráin, comhaontú a mhairfidh a fhad agus a bheidh diantionchar ag an gcogadh ar bhonneagair agus oibríochtaí iompair agus comhaontú lena bhféadfar an gréasán iarnróid atá faoi bhrú agus i mbaol, an t‑aerspás sibhialta blocáilte agus calafoirt bhlocáilte na Mara Duibhe a ionadú, a mhéid is féidir, le roghanna malartacha feabhsaithe iompair de bhóthar chun earraí a iompar idir an tAontas agus an Úcráin. Tá sé sin thar a bheith tábhachtach don trádáil gráin, breosla, earraí bia agus earraí eile, nach mór aghaidh a thabhairt orthu mar ábhar práinne chun neamhshlándáil an tsoláthair bia laistigh den Úcráin a laghdú agus chun nach n‑imeoidh eis‑sreabhadh na ndídeanaithe in olcas. Beidh clásail sa Chomhaontú freisin maidir le ceadúnais tiomána agus deimhnithe i leith inniúlacht ghairmiúil tiománaithe Úcránacha a iompraíonn earraí chuig an Aontas a aithint. Beidh feidhm ag an gComhaontú maidir le críoch na hÚcráine atá faoi rialú rialtas dlisteanach na hÚcráine agus a n‑aithníonn an tAontas Eorpach í amhlaidh.

Is chun leasa an Aontais é comhaontú den sórt sin a thabhairt i gcrích, ní hamháin toisc go bhfuil leas ag an Aontas i gcobhsú Stát agus gheilleagar na hÚcráine, ach toisc gur soláthraí tábhachtach táirgí amhail gráin agus earraí bia eile í an Úcráin, agus toisc go bhfaighidh tarlóirí de chuid an Aontais cearta cómhalartacha iompair ar chríoch na hÚcráine.

3.Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Tá an comhaontú seo comhsheasmhach leis an mbeartas caidrimh sheachtraigh atá ag an Aontas faoi láthair leis an Úcráin. Tá Rialtas na hÚcráine tar éis comhaontú den sórt seo a iarraidh mar bheart práinneach.

Bheadh tabhairt i gcrích comhaontaithe maidir le hiompar earraí de bhóthar leis an Úcráin i gcomhréir freisin leis an gComhaontú Comhlachais a síníodh an 27 Meitheamh 2014 idir an tAontas agus an Úcráin, toisc go bhforáiltear ann in Airteagal 136 do chomhaontuithe bóthair speisialta a d’fhéadfadh a bheith ann sa todhchaí d’fhonn forbairt chomhordaithe agus léirscaoileadh céimnitheach ar an iompar idir na Páirtithe a áirithiú.

4.Bunús dlí, coimhdeacht agus Comhréireacht

Bunús dlí

Is é Airteagal 218(3) agus (4) CFAE an bunús dlí don nós imeachta le haghaidh cinneadh lena n‑údaraítear tús a chur leis an gcaibidlíocht le haghaidh comhaontú idir an tAontas agus tríú tír agus lena ndírítear treoracha chuig an idirbheartaí.

Inniúlacht an Aontais

Suitear an méid seo a leanas le hAirteagal 216(1) CFAE:

‘Féadfaidh an tAontas comhaontú a thabhairt i gcrích le tríú tír amháin nó níos mó nó le heagraíocht idirnáisiúnta amháin nó níos mó má fhoráiltear amhlaidh sna Conarthaí nó nuair is gá comhaontú a thabhairt i gcrích d'fhonn ceann de na cuspóirí dá dtagraítear sna Conarthaí a ghnóthú faoi chuimsiú bheartais an Aontais, nó má fhoráiltear do chomhaontú a thabhairt i gcrích i ngníomh Aontais atá ceangailteach ó thaobh dlí nó más dóigh do chomhaontú a thabhairt i gcrích difear a dhéanamh do chomhrialacha nó a raon feidhme a athrú.’

Tagann an Comhaontú seo faoi bheartas iompair an Aontais agus tá sé riachtanach chun ceann de na cuspóirí dá dtagraítear sna Conarthaí a bhaint amach, eadhon ‘rannchuidiú leis an tsaorthrádáil chóir’, agus foráiltear dá thabhairt i gcrích in Airteagal 136 den Chomhaontú Comhlachais leis an Úcráin.

Foráiltear go sainráite freisin i ngníomh reachtach de chuid an Aontais maidir le comhaontuithe idirnáisiúnta maidir le hiompar earraí de bhóthar a thabhairt i gcrích. 

Go háirithe, i míreanna 2 agus 3 d’Airteagal 1 de Rialachán (CE) Uimh. 1072/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le rialacha comhchoiteanna le haghaidh rochtana ar an margadh idirnáisiúnta tarlaithe de bhóthar suitear an méid seo a leanas:

2. I gcás iompair ó Bhallstát chuig tríú tír agus vice versa, beidh feidhm ag an Rialachán seo i dtaca leis an gcuid sin den turas ar chríoch aon Bhallstáit a thrasnaítear in idirthuras. Ní bheidh feidhm aige i leith na coda sin den turas a dhéanfar ar chríoch Bhallstát an luchtaithe nó an díluchtaithe, a fhad agus nach bhfuil an comhaontú is gá idir an Comhphobal agus an tríú tír lena mbaineann tugtha i gcrích.

3. Go dtí go gcuirtear i gcrích na comhaontuithe dá dtagraítear i mír 2, ní dhéanfaidh an Rialachán seo difear:

(a) d’fhorálacha a bhaineann le hiompar ó Bhallstát chuig tríú tír agus vice versa atá cuimsithe i gcomhaontuithe déthaobhacha arna dtabhairt i gcrích ag Ballstáit leis na tríú tíortha sin;

(b) d’fhorálacha a bhaineann le hiompar ó Bhallstát chuig tríú tír agus vice versa atá cuimsithe i gcomhaontuithe déthaobhacha arna dtabhairt i gcrích idir Ballstáit a cheadaíonn luchtú agus díluchtú i mBallstát ag tarlóirí nach bhfuil bunaithe sa Bhallstát sin, bíodh sé faoi údaraithe déthaobhacha nó faoi shocruithe léirscaoilte.’

Thairis sin, d’fhéadfadh sé go ndéanfadh a thabhairt i gcrích difear do rialacha comhchoiteanna nó go nathródh sé a raon feidhme mar a shuigh dlíeolaíocht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh iad. Go háirithe, luaigh an Chúirt i mír 201 dá Tuairim 2/15 an 16 Bealtaine 2017 4 an méid seo a leanas: 

‘201 Mar a chinn an Chúirt cheana féin, i gcás ina bhforáiltear le comhaontú idir an tAontas Eorpach agus tríú Stát do chur i bhfeidhm, i leith an chaidrimh idirnáisiúnta a chumhdaítear leis an gcomhaontú sin, rialacha a bheidh ina forluí cuid mhór ar chomhrialacha an Aontais Eorpaigh is infheidhme maidir le cásanna laistigh den Chomhphobal, ní mór a mheas go bhféadfadh an comhaontú sin difear a dhéanamh do raon feidhme na gcomhrialacha sin nó a raon feidhme a athrú. D’ainneoin nach dtagann an comhaontú sin salach ar na comhrialacha sin, d’fhéadfadh sé go ndéanfaí difear do bhrí, do raon feidhme agus d’éifeachtacht na rialacha sin (féach, inter alia, Tuairim 1/03 (Coinbhinsiún nua Lugano) an 7 Feabhra 2006, EU:C:2006:81, míreanna 143 agus 151 go 153; Tuairim 1/13 (Aontachas tríú Stáit le Coinbhinsiún na Háige) an 14 Deireadh Fómhair 2014, EU:C:2014:2303, míreanna 84 go 90; agus breithiúnas an 26 Samhain 2014, Green Network, C‑66/13, EU:C:2014:2399, míreanna 48 agus 49). ’

Is cinnte go bhfuil forluí ann idir an rochtain ar an margadh atá beartaithe sa Mholadh seo agus na forálacha maidir le rochtain ar an margadh arna nglacadh ag an Aontas a mhéid a bhaineann le hiompar idirnáisiúnta tarlaithe de bhóthar dá dtagraítear thuas.

I bhfianaise an méid thuas, tá inniúlacht eachtrach eisiach ag an Aontas faoi Airteagal 3(2) CFAE chun an comhaontú atá beartaithe a thabhairt i gcrích.

Dualgas an Choimisiúin dul i gcomhairle

Agus breithiúnas na Cúirte Breithiúnais an 16 Iúil 2015 i gcás C425/13 5 á chur san áireamh, breithiúnas lena soiléirítear róil na ninstitiúidí éagsúla chun críoch chur i bhfeidhm Airteagal 218(2) agus (4) CFAE i gcomhréir le prionsabail na cothromaíochta institiúidí agus an chomhair dhílis fhrithpháirtigh a leagtar síos in Airteagal 13(2) CAE, is gá na soiléirithe sin a léiriú.

Is iomchuí go gcuirfidh an Coimisiún ar fáil don Chomhairle agus don choiste speisialta arna ainmniú aici an fhaisnéis uile is gá chun gur féidir leo faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn na caibidlíochta, amhail, go háirithe, na haidhmeanna ginearálta a fógraíodh agus na seasaimh a ghlac na páirtithe eile le linn na caibidlíochta. Tabharfaidh an Coimisiún tuarascáil i scríbhinn don Chomhairle agus don choiste speisialta arna ainmniú aici maidir le toradh na caibidlíochta ar bhealach a chuirfidh ar chumas na Comhairle a sainchumais institiúideacha a fheidhmiú.

Chun an oibleagáid maidir le hurramú na cothromaíochta institiúidí a leagtar síos in Airteagal 13(2) CAE agus an oibleagáid a bhunaítear in Airteagal 218(10) CFAE a chomhlíonadh, cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa ar an eolas ar an gcaoi céanna.

Comhréireacht

Comhlíonann an Moladh prionsabal na comhréireachta ar na cúiseanna seo a leanas:

Is é an comhaontú atá beartaithe an ionstraim is éifeachtúla chun feabhas a chur ar an gcaidreamh idir an tAontas Eorpach agus an Úcráin maidir le hiompar de bhóthar, ós rud é go gcuirtear deireadh leis leis an ngá atá le cuótaí i gcomhaontuithe déthaobhacha idir Ballstáit an Aontais agus an Úcráin.

Leis an gcomhaontú atá beartaithe, ní chuirfear aon ualach breise riaracháin ná airgeadais ar údaráis na mBallstát ná ar an tionscal iompair i gcomparáid leis an staid reatha. Ina ionad sin, ba cheart an t‑ualach riaracháin ar an tionscal iompair agus ar na Ballstáit araon a laghdú leis. Ina theannta sin, scriosfar leis an gá atá le ceadanna iompair do tharlóirí de chuid an Aontais le haghaidh na gcatagóirí sonraithe de chearta iompair (cearta idirthurais agus cearta déthaobhacha), rud a laghdóidh an t‑ualach ar thionscal iompair an Aontais.

5.Impleachtaí buiséadacha

Níl aon impleacht ag an Moladh do bhuiséad an Aontais.

6.Eilimintí eile

Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an Mholta

Leis an gCinneadh ón gComhairle údarófar tús a chur le caibidlíocht le haghaidh comhaontú maidir le hiompar earraí de bhóthar idir an tAontas agus an Úcráin chun aghaidh a thabhairt ar iarmhairtí an fhogha míleata a thug an Rúis faoin Úcráin, agus ainmneofar an Coimisiún mar idirbheartaí an Aontais. Sna treoracha caibidlíochta atá i gceangal leis an gCinneadh, tugtar tuairisc leathan ar raon feidhme an chomhaontaithe atá beartaithe.



Moladh le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

Lena n‑údaraítear tús a chur leis an gcaibidlíocht le haghaidh comhaontú maidir le hiompar earraí de bhóthar idir an tAontas Eorpach agus an Úcráin

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 218(3) agus (4) de,

Ag féachaint don moladh ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Ba cheart tús a chur leis an gcaibidlíocht d’fhonn comhaontú a thabhairt i gcrích idir an tAontas agus an Úcráin maidir le hiompar earraí de bhóthar. Is iomchuí go mbeadh feidhm ag an gcomhaontú a fhad agus a bheadh diantionchar ag ionsaí na Rúise ar an Úcráin, ionsaí gan chúis gan údar, ar bhonneagair agus oibríochtaí iompair.

(2)Ba cheart an Coimisiún a ainmniú ina idirbheartaí.

(3)Ba cheart don Choimisiún an chaibidlíocht a dhéanamh i gcomhar le [ainm an choiste speisialta le cur isteach ag an gComhairle],

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leis seo, údaraítear don Choimisiún caibidlíocht a dhéanamh, thar ceann an Aontais, ar chomhaontú idir an tAontas Eorpach agus an Úcráin maidir le hiompar earraí de bhóthar.

Airteagal 2

Leagtar amach na treoracha caibidlíochta san Iarscríbhinn.

Airteagal 3

Déanfar an chaibidlíocht i gcomhar le [ainm an choiste speisialta le cur isteach ag an gComhairle].

Airteagal 4

Is chuig an gCoimisiún a dhírítear an Cinneadh seo.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil

   Thar ceann na Comhairle

   An tUachtarán

(1)    Study on the economic impact of an agreement between the EU and the Ukraine [Staidéar ar thionchar eacnamaíoch comhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus an Úcráin], arna ullmhú ag ICF, TRT agus DIW Econ, Tuarascáil Deiridh, an 14 Deireadh Fómhair 2014.
(2)    Arna shíniú sa Ghinéiv, an 1 Iúil 1970.
(3)    Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2006 maidir le comhchuibhiú reachtaíochta sóisialta áirithe a bhaineann le hiompar de bhóthar agus lena leasaítear Rialacháin (CEE) Uimh. 3821/85 agus (CE) Uimh. 2135/98 ón gComhairle agus lena naisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 3820/85 ón gComhairle
(4)    ECLI EU:C: 2017:376.
(5)    ECLI:EU:C:2015:483.
Top

An Bhruiséil,6.4.2022

COM(2022) 167 final

IARSCRÍBHINN

a ghabhann leis an

Moladh le haghaidh CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

Lena n-údaraítear tús a chur leis an gcaibidlíocht le haghaidh comhaontú maidir le hiompar earraí de bhóthar idir an tAontas Eorpach agus an Úcráin


IARSCRÍBHINN

Treoracha caibidlíochta maidir le comhaontú idir an tAontas agus an Úcráin i ndáil le hiompar earraí de bhóthar

1.Cuspóirí caibidlíochta

Comhaontú a chaibidliú leis an Úcráin lena ndéantar iompar earraí de bhóthar a léirscaoileadh trí chearta rochtana a dheonú d’oibreoirí de chuid na hÚcráine agus oibreoirí de chuid an Aontais Eorpaigh agus lena dtugtar aitheantas do cheadúnais tiomána agus do dheimhnithe ar inniúlacht ghairmiúil arna n-eisiúint ag údaráis inniúla na hÚcráine san Aontas Eorpach agus a mhalairt.

2.Raon feidhme an chomhaontathe

Leis an gcomhaontú, ba cheart go gceadófaí do tharlóirí de bhóthar na hÚcráine rochtain a bheith acu ar mhargadh an Aontais.

(1)Ba cheart go ndéanfaí iompar earraí de bhóthar a léirscaoileadh leis an gcomhaontú trí chearta rochtana a dheonú d’oibreoirí na hÚcráine agus an Aontais Eorpaigh i dtaca le hidirthuras agus le hiompar idirnáisiúnta déthaobhach idir an tAontas Eorpach agus an Úcráin. Leis an gcomhaontú, ba cheart an leibhéal rochtana ar an margadh nó deiseanna tráchtála eile atá ar fáil faoi na comhaontuithe déthaobhacha iompair de bhóthar atá ann cheana idir Ballstáit an Aontais agus an Úcráin a choinneáil nó a mhéadú.

(2)Ba cheart clásal teanga a bheith sa chomhaontú, ar cheart comhúdarás a bheith aige i dteangacha oifigiúla uile an Aontais, chun na críche sin.

(3)Ba cheart aghaidh a thabhairt leis an gcomhaontú ar cheadúnais tiomána agus ar dheimhnithe inniúlachta gairmiúla arna n-eisiúint ag údaráis inniúla na hÚcráine chun a áirithiú go dtabharfar aitheantas dóibh san Aontas Eorpach.

(4)Ba cheart an comhaontú a bheith teoranta ó thaobh ama de agus ba cheart é a chur i bhfeidhm fad agus a bheidh tionchar ionsaithe míleata na Rúise i gcoinne na hÚcráine ar bhonneagair agus ar oibríochtaí iompair dian i gcónaí.

3.Forálacha ginearálta

Toisc go dtagann an comhaontú i ndiaidh na gcomhaontuithe déthaobhacha atá ann cheana maidir le hiompar de bhóthar idir Ballstáit an Aontais agus an Úcráin, beidh tús áite aige ar fhorálacha na gcomhaontuithe sin.

A luaithe a chuirfear deireadh leis an gcomhaontú sin, féadfaidh feidhm a bheith ag na comhaontuithe déthaobhacha atá ann cheana idir Ballstáit an Aontais agus an Úcráin arís mura dtabharfaidh agus go dtí go dtabharfaidh an tAontas comhaontú eile i gcrích leis an Úcráin i réimse an iompair de bhóthar.

4.An comhaontú a bhainistiú

Ba cheart Comhchoiste ar a mbeadh ionadaithe de chuid na bPáirtithe a bhunú, ar cheart é a bheith freagrach as an gcomhaontú a riar agus as é a chur chun feidhme mar is ceart, go háirithe maidir le rialacha an Aontais atá in Iarscríbhinn a ghabhann leis an gcomhaontú a bheidh le comhlíonadh ag an Úcráin a oiriúnú, tar éis iad a mhodhnú, chomh maith le rialacha nua is infheidhme i réimse an iompair de bhóthar arna nglacadh ar leibhéal an Aontais.

Féadfar cead a thabhairt do shaineolaithe de chuid na hÚcráine a bheith rannpháirteach mar bhreathnóirí sna Grúpaí Saineolaithe arna mbunú ag an Aontas agus a bheidh ag plé le reachtaíocht an Aontais a bheidh le cur i bhfeidhm ag an Úcráin, rud a leagfar amach in Iarscríbhinn a ghabhann leis an gcomhaontú.

Ba cheart go n-áireofaí sa chomhaontú sásra tapa éifeachtach ceangailteach um réiteach díospóide, lena n-áiritheofar go bhféadfar an comhaontú a chur i bhfeidhm go cuí.

D’ainneoin an tsásra um réiteach díospóide, ba cheart go n-áireofaí sa chomhaontú forálacha a bheidh le cur i bhfeidhm i gcás nach gcomhlíonfar a chuid oibleagáidí, amhail an fhéidearthacht bearta iomchuí cosanta a ghlacadh nó na cearta nó na pribhléidí a deonaíodh faoi théarmaí an chomhaontaithe a chur ar fionraí go hiomlán nó go páirteach.

5.An Chaibidlíocht a dhéanamh

Seolfaidh an Coimisiún an chaibidlíocht de bhun na dtreoracha sin agus áiritheoidh sé go ndéanfar comhordú cuí leis an gcaibidlíocht atá ar siúl agus a dhéanfar amach anseo i réimsí ábhartha eile.

Top