Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52022PC0109

    Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 agus Rialachán (AE) Uimh. 223/2014 a mhéid a bhaineann le Gníomhaíocht Chomhtháthaithe le haghaidh Dídeanaithe san Eoraip (CARE)

    COM/2022/109 final

    An Bhruiséil,8.3.2022

    COM(2022) 109 final

    2022/0075(COD)

    Togra le haghaidh

    RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 agus Rialachán (AE) Uimh. 223/2014 a mhéid a bhaineann le Gníomhaíocht Chomhtháthaithe le haghaidh Dídeanaithe san Eoraip (CARE)


    MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

    1.COMHTHÉACS AN TOGRA

    Forais agus cuspóirí an togra

    Déantar foráil leis an togra seo maidir le hathruithe eisceachtúla agus spriocdhírithe ar chreat dlíthiúil foriomlán 2014-2020 a bunaíodh le haghaidh na gCistí Eorpacha Struchtúracha agus Infheistíochta agus le haghaidh an Chiste um Chabhair Eorpach do na Daoine is Díothaí (FEAD) mar fhreagairt, ar an gcéad dul síos, ar ionradh Chónaidhm na Rúise ar an Úcráin agus ar an tionchar a eascraíonn as sin ar an Aontas Eorpach agus ar roinnt dá réigiúin thoir go háirithe; agus ar an dara dul síos, tionchar fada phaindéim COVID‑19 ar an Aontas ina iomláine.

    Ar an gcéad dul síos, mar thoradh ar ionsaí míleata gan chúis gan údar a bheith déanta ag an Rúis, tá dúshláin imirce láithreacha le sárú ag an Aontas, agus ag roinnt dá réigiúin thoir go háirithe, go sonrach a mhéid a bhaineann le sreafaí náisiúnach tríú tír. Tá sé tábhachtach, dá bhrí sin, soiléiriú a dhéanamh ar an raon tacaíochta is féidir a chur ar fáil do na Ballstáit agus do na réigiúin ionas go mbeidh siad in ann aghaidh a thabhairt ar an gcás urghnách sin agus cosc a chur ar a gcuid oibre leanúnaí téarnamh leanúnach a thógáil ó phaindéim COVID‑19 a bheith á chur i mbaol.

    Sa chomhthéacs sin, tá sé tábhachtach a mheabhrú go bhfuil na Ballstáit agus na réigiúin in ann tacú le bearta cheana chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin na himirce faoi Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (‘CFRE’) agus faoi Chiste Sóisialta na hEorpa (‘CSE’) lena n‑áirítear faoi na hacmhainní breise a cuireadh ar fáil mar Chúnamh don Téarnamh don Chomhtháthú agus do Chríocha na hEorpa (‘REACT‑EU’). D’fhéadfaí a áireamh sa tacaíocht sin infheistíochtaí i mbonneagar, i dtrealamh, i dtáirgí, i rochtain ar sheirbhísí agus in oibríochtaí i réimsí an oideachais, na fostaíochta, an chuimsithe shóisialta, na sláinte, an chumais riaracháin, na seirbhísí cúraim pobalbhunaithe agus an chúraim bhaile agus an fhrith-idirdhealaithe, chomh maith le tacaíocht do chórais ghlactha lena gcomhlánaítear an tacaíocht ó CTIL agus ó fhoinsí cistiúcháin eile. Tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara freisin gur féidir FEAD a úsáid chun bia agus cúnamh ábhartha bunúsach a sholáthar do dhaoine a ndearna ionsaí míleata na Rúise difear dóibh, lena n‑áirítear náisiúnaigh tríú tír.

    Cé go mbaineann acmhainní breise REACT‑EU tairbhe as roinnt solúbthachtaí cur chun feidhme cheana féin, níl feidhm ag cuid de na solúbthachtaí sin maidir le hacmhainní CFRE agus CSE ó chreat airgeadais ilbhliantúil 2014-2020. Ina theannta sin, is iomchuí freisin bearta sonracha a leagan amach le haghaidh CCEDD, agus aird á tabhairt go háirithe ar an ngá práinneach atá ann cúnamh ábhartha bunúsach a chur ar fáil do na daoine sin a ndéanann ionsaí míleata na Rúise difear dóibh. Agus a phráinní atá sé aghaidh a thabhairt ar na dúshláin imirce mar thoradh ar ionsaí míleata na Rúise á cur san áireamh, is gá, dá bhrí sin, incháilitheacht aisghabhálach a cheadú go dtí dáta tosaigh an ionsaithe sin i gcás na n‑oibríochtaí lena mbaineann. Ina theannta sin, ba cheart solúbthacht sa tacaíocht idir CFRE agus CSE a mhéadú i gcás oibríochtaí den sórt sin ionas go bhféadfar an maoiniú atá ar fáil i gcláir a úsáid go tapa. Thairis sin, chun a áirithiú gur féidir FEAD a úsáid go tapa chun cúnamh ábhartha bunúsach a chur ar fáil do dhaoine dá ndéantar difear, lena n‑áirítear náisiúnaigh tríú tír, is iomchuí cead a thabhairt do na Ballstáit gnéithe áirithe de na cláir a fhaigheann tacaíocht ó FEAD a leasú gan formheas an Choimisiúin a bheith riachtanach.

    Ar an dara dul síos, bhí fad phaindéim COVID‑19 níos faide ná mar a tuaradh in 2020. Is ann fós do thionchair dhíreacha agus indíreacha na paindéime i ngach Ballstát, rud a éilíonn tacaíocht phoiblí ar feadh tréimhse fhada do théarnamh na limistéar críochach agus na n‑earnálacha eacnamaíocha is mó a raibh tionchar orthu. Mar thoradh air sin, tá brú an-mhór ar bhuiséid na mBallstát, rud a fhágann gur gá bearta eisceachtúla breise a chur i bhfeidhm sna cúinsí sin.

    Leis an dá phacáiste beart faoin Tionscnamh Infheistíochta mar Fhreagairt ar an gCoróinvíreas (CRII) agus CRII+ arna bhformheas le Rialachán (AE) 2020/460 Rialachán (AE) 2020/558 faoi seach in earrach na bliana 2020, tugadh isteach roinnt athruithe suntasacha lenar cumasaíodh freagairt níos éifeachtaí agus lenar soláthraíodh solúbthacht bhreise eisceachtúil chun freagairt ar an gcás nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe. Agus na rioscaí sonracha atá ann do na daoine is díothaí de thoradh na paindéime á gcur san áireamh, áiríodh sa dara pacáiste freisin leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 223/2014 (Rialachán FEAD), trí Rialachán (AE) 2020/559, lena dtugtar isteach bearta sonracha maidir le solúbthacht agus leachtacht bhreise do na Ballstáit chun aghaidh a thabhairt ar phaindéim COVID‑19 faoin gCiste um Chabhair Eorpach do na Daoine is Díothaí (FEAD).

    Thairis sin, cuireadh acmhainní breise substaintiúla ar fáil ó NextGeneration EU maidir le beartas comhtháthaithe, i bhfoirm REACT‑EU, chun cúnamh a chur ar fáil chun leigheas dhíobháil na géarchéime a chothú i gcomhthéacs phaindéim COVID‑19 agus a hiarmhairtí sóisialta agus téarnamh glas, digiteach agus athléimneach a ullmhú don gheilleagar, Is féidir leis na Ballstáit na hacmhainní breise sin a úsáid freisin chun an leithdháileadh do chláir a fhaigheann tacaíocht ó FEAD a mhéadú.

    Bhí mórthionchar dearfach ag na solúbthachtaí agus na hacmhainní breise a tugadh isteach, lena n‑áirítear EUR 50 billiún d’airgead úr faoi REACT‑EU, agus EUR 23 bhilliún de chistiú athdhírithe faoi CRII agus CRII+. Go háirithe, rinneadh thart ar EUR 8 mbilliún a ath-leithdháileadh ar infheistíocht phráinneach i dtrealamh cosanta pearsanta, aerálaithe agus otharcharranna. Tá breis agus EUR 12 bhilliún dírithe ar dheontais éigeandála agus iasachtaí ar ráta úis íseal a chur ar fáil do ghnólachtaí beaga, rud a chuireann ar a gcumas fanacht i mbun gnó. Mar sin féin, bhí fad na paindéime agus an tionchar a bhí aige ar gheilleagar an Aontais, ar dhaoine, go háirithe ar na daoine is díothaí, agus ar an tsochaí i gcoitinne níos mó ná mar a measadh ag an tús. Go háirithe, tá laghdú tagtha ar na hacmhainní atá ar fáil mar gheall ar an mbrú ard ar bhuiséid na mBallstát chun an cómhaoiniú náisiúnta is gá a áirithiú le haghaidh na gclár lena mbaineann.

    Nuair a tháinig athraithigh nua den víreas chun cinn le linn 2021, go háirithe athraitheach Omicron go déanach sa bhliain, agus mar gheall ar an ngéarú forleathan ar shrianta a bhí ann sa ráithe dheireanach de 2021, cuireadh leis na héifeachtaí diúltacha ar gheilleagair na mBallstát.

    Ina theannta sin, tá brú breise ar bhuiseid na mBalltstát toisc go bhfuil bearta fioscacha suntasacha á nglacadh acu chun aghaidh a thabhairt ar an méadú a tháinig ar phraghsanna fuinnimh le déanaí tríd an tionchar ar na daoine is leochailí, ar ghnólachtaí beaga agus ar thionscail dianfhuinnimh a mhaolú. Níl an tionchar eacnamaíoch a ghabhann leis an ionradh ar an Úcráin soiléir go fóill ach oiread agus d’fhéadfadh sé go mbeadh drochthionchair aici ar théarnamh gheilleagair na mBallstát. i ndiaidh COVID‑19.

    Mar iarmhairt air sin, ba cheart tacaíocht ó na Cistí a shlógadh go pras chun an t‑ualach ar bhuiséid náisiúnta a laghdú. Is gá, dá bhrí sin, mar bheart sealadach agus eisceachtúil agus gan dochar do na rialacha ar cheart feidhm a bheith acu faoi chúinsí rialta, síneadh a chur leis an bhféidearthacht shealadach maidir leis an ráta cómhaoinithe 100 % ó bhuiséad an Aontais chun cláir beartais chomhtháthaithe agus cláir a fhaigheann tacaíocht ó FEAD a chur chun feidhme go dtí an bhliain chuntasaíochta reatha 2021-2022.

    Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

    Tá an togra comhsheasmhach leis an gcreat dlíthiúil foriomlán a bunaíodh le haghaidh na gCistí Eorpacha Struchtúracha agus Infheistíochta agus le haghaidh an Chiste um Chabhair Eorpach do na Daoine is Díothaí agus tá sé teoranta do leasuithe spriocdhírithe agus eisceachtúla ar Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 agus Rialachán (AE) Uimh. 223/2014. Ina theannta sin, comhlánaítear leis an togra na leasuithe a rinneadh roimhe seo ar na rialacháin sin faoi Rialacháin (AE) 2020/460, (AE) 2020/558, (AE) 2020/559, (AE) 2021/177 agus (AE) 2020/2221 chomh maith leis na bearta eile ar fad atá dírithe ar aghaidh a thabhairt ar an staid reatha nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe.

    Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

    Níl i gceist leis an togra ach leasuithe spriocdhírithe eisceachtúla ar Rialacháin (AE) Uimh. 1303/2013 agus (AE) Uimh. 223/2014 agus tá sé comhsheasmhach le beartais eile de chuid an Aontais.

    2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

    Bunús dlí

    Tá an togra seo bunaithe ar Airteagal 175(3) agus Airteagal 177 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

    Éascaíonn sé úsáid an bheartais comhtháthaithe agus acmhainní FEAD chun tacú le bearta chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin imirce mar thoradh ar ionsaí míleata na Rúise agus déantar foráil ann maidir leis an bhféidearthacht ráta cómhaoinithe 100 % a bheith ann le haghaidh CFRE, CSE, an Chiste Comhtháthaithe agus FEAD le haghaidh na bliana cuntasaíochta 2021-2022.

    Coimhdeacht (maidir le hinniúlacht neamheisiach)

    Is é is aidhm don togra úsáid an bheartais chomhtháthaithe agus acmhainní FEAD ag na Ballstáit agus ag na réigiúin a éascú chun tacú le bearta chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin imirce mar thoradh ar ionsaí míleata na Rúise agus maolú ar na gnáthrialacha cómhaoinithe is infheidhme faoi láthair a cheadú d’fhonn an tsolúbthacht is gá a cheadú chun leas a bhaint as na hacmhainní infheistíochta atá ann cheana chun aghaidh a thabhairt ar na héifeachtaí díreacha agus indíreacha a eascraíonn as an ngéarchéim sláinte poiblí nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe i gcomhthéacs phaindéim COVID‑19.

    Comhréireacht

    Is athrú eisceachtúil agus spriocdhírithe é an togra nach dtéann thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir a bhaint amach maidir le húsáid an bheartais chomhtháthaithe agus acmhainní FEAD a éascú chun tacú le bearta chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin imirce mar thoradh ar ionsaí míleata na Rúise agus lena ndéantar foráil maidir leis an bhféidearthacht ráta cómhaoinithe 100 % a bheith ann chun infheistíochtaí a shlógadh mar fhreagairt ar na géarchéimeanna forleathana sláinte poiblí a dhéanann difear d‘fhás réigiún agus fiontar agus d’fholláine an phobail i gcoitinne agus chun nach gcuirfear isteach ar an tacaíocht do na daoine is díothaí.

    An rogha ionstraime

    Rialachán an ionstraim iomchuí chun úsáid an bheartais chomhtháthaithe agus acmhainní FEAD a éascú chun tacú le bearta chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin imirce mar thoradh ar ionsaí míleata na Rúise agus chun síneadh a chur leis an bhféidearthacht cómhaoiniú 100 % a bheith ann, cómhaoiniú a bhfuil gá leis chun aghaidh a thabhairt ar na cúinsí sin nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo.

    3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

    Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana

    Neamhbhainteach

    Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

    Leanann an togra plé ardleibhéil le hinstitiúidí eile agus leis na Ballstáit. Níl gá le comhairliúchán poiblí ós rud é nach bhfuil aon ghá le measúnú tionchair.

    Bailiú agus úsáid saineolais

    Neamhbhainteach

    Measúnú tionchair

    Rinneadh measúnú tionchair chun na tograí reachtacha a ullmhú le haghaidh Rialacháin (AE) Uimh. 1303/2013 agus (AE) Uimh. 223/2014. Maidir leis na hathruithe spriocdhírithe seo chun freagairt do chásanna criticiúla, ní gá measúnú tionchair ar leithligh a dhéanamh orthu.

    Oiriúnacht rialála agus simpliú

    Neamhbhainteach

    Cearta bunúsacha

    Neamhbhainteach

    4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

    Ní bhaineann an togra ach leis an mbeartas comhtháthaithe agus le cláir FEAD ón tréimhse 2014-2020 agus ní dhéanann sé aon mhodhnú ar ghealltanais bhuiséadacha atá ann cheana. Leis sin, éascófar cur chun feidhme an chláir a luathú agus meastar go mbeidh tús-ualú leithreasuithe íocaíochta go 2022 agus 2023 mar thoradh air, a chothromófar le laghdú ar an riachtanas íocaíochta le haghaidh na mblianta ina dhiaidh sin.

    Chun an modhnú atá beartaithe a dhéanamh, ní gá aon athrú a dhéanamh ar uasteorainneacha bliantúla an Chreata Airgeadais Ilbhliantúil le haghaidh gealltanas agus íocaíochtaí de réir mar leagtar síos in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle, agus ní thugtar le fios ann athruithe ar na riachtanais íocaíochta le linn na tréimhse 2021-2027.

    Bunaithe ar an ráta cómhaoinithe 100 % sa bhliain chuntasaíochta 2020-2021 a glacadh roimhe seo, ar leibhéal na n‑iarratas ar íocaíocht a cuireadh isteach sa dara leath de 2021, agus ar na réamh-mheastacháin íocaíochta is déanaí ó na Ballstáit le haghaidh 2022, maidir leis an tionchar buiséadach a bheidh ag cur i bhfeidhm an ráta cómhaoinithe 100 % le haghaidh na bliana cuntasaíochta 2021-2022, meastar gurb é atá ann tús-ualú riachtanas íocaíochta EUR 9 mbilliún go dtí 2022 agus EUR 1 bhilliún go dtí 2023, a dhéanfar a chúiteamh le laghdú comhfhreagrach EUR 10 mbilliún in 2024.

    Mar sin féin, chun go mbeifear in ann na huasteorainneacha íocaíochta a chomhlíonadh sna blianta 2022 agus 2023, tá sé beartaithe uasteorainn a chur le hiomlán na n‑íocaíochtaí breise a eascraíonn as an ráta cómhaoinithe 100 % a chur i bhfeidhm ag EUR 5 bhilliún in 2022 agus EUR 1 bhilliún in 2023. Ní íocfar na méideanna breise go dtí go bhfaighfear na hiarratais uile ar íocaíocht le haghaidh na bliana cuntasaíochta 2021-2022. I gcás inar gá, déanfar na híocaíochtaí breise a eascraíonn as cur i bhfeidhm an ráta cómhaoinithe 100 % ar bhonn pro rata chun cóir chomhionann na gclár uile lena mbaineann a áirithiú. Íocaíochtaí nach féidir a dhéanamh mar thoradh ar chur i bhfeidhm na n‑uasteorainneacha sin, ba cheart don Choimisiún iad a íoc a luaithe is féidir faoi réir infhaighteacht an chistithe, trí na cuntais a ghlacadh nó trí íocaíochtaí a dhéanamh ina dhiaidh sin.

    Déanfaidh an Coimisiún faireachán cúramach ar thionchar an mhodhnaithe atá beartaithe ar leithreasuithe íocaíochta in 2022 agus in 2023, agus cur chun feidhme foriomlán an bhuiséid, réamhaisnéisí athbhreithnithe na mBallstát, chomh maith le haon riachtanais nó tosaíochtaí a d’fhéadfadh teacht chun cinn á gcur san áireamh. Cuirfear san áireamh freisin aon tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag an méadú ar an neamhchinnteacht a bhaineann leis an ionchas slándála.

    5.EILIMINTÍ EILE

    Pleananna cur chun feidhme agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

    Déanfar faireachán agus tuairisciú ar chur chun feidhme na mbeart faoi chuimsiú na sásraí tuairiscithe ginearálta a bunaíodh le Rialacháin (AE) Uimh. 1303/2013 agus (AE) Uimh. 223/2013.

    Doiciméid mhíniúcháin (i gcás treoracha)

    Neamhbhainteach

    Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

    Tá sé beartaithe Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 agus Rialachán (AE) Uimh. 223/2014 a leasú chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

    ·a áirithiú go bhféadfaidh Ballstáit agus réigiúin leanúint de thairbhe a bhaint as ráta cómhaoinithe 100 % ón Aontas ann le haghaidh na bliana cuntasaíochta 2021-2022 agus sin a dhéanamh trí bhíthin fógra chuig an gCoimisiún (leasú ar Airteagal 25a de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 agus Airteagal 20 de Rialachán (AE) Uimh. 223/2014);

    ·socruithe a thabhairt isteach maidir le feidhmiú buiséadach íocaíochtaí breise de thoradh chur i bhfeidhm an ráta cómhaoinithe 100 % chun uasteorainneacha bliantúla le haghaidh íocaíochtaí a chur san áireamh (leasú ar Airteagal 25a de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013);

    ·solúbthacht bhreise a thabhairt isteach idir CFRE agus CSE, go sonrach le haghaidh oibríochtaí lena dtugtar aghaidh ar dhúshláin imirce mar thoradh ar ionsaí míleata na Rúise, agus socruithe tuairiscithe simplithe a thabhairt isteach maidir le rannpháirtithe (leasú ar Airteagal 98 de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013), agus dáta tosaithe aisghníomhach incháilitheachta tacaíochta socraithe ag an 24 Feabhra 2022 (leasú ar Airteagal 65(10) de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013);

    ·solúbthacht a thabhairt isteach do na Ballstáit chun cláir a dtacaíonn an Ciste um Chabhair Eorpach leo a leasú agus sin trí fhógra a thabhairt don Choimisiún (leasú ar Airteagal 9 de Rialachán (AE) Uimh. 223/2014) agus freisin le dáta tosaigh aisghníomhach incháilitheachta na tacaíochta a socraíodh ag 24 Feabhra 2022 (leasú ar Airteagal 22 de Rialachán (AE) Uimh. 223/2014).

    2022/0075 (COD)

    Togra le haghaidh

    RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 agus Rialachán (AE) Uimh. 223/2014 a mhéid a bhaineann le Gníomhaíocht Chomhtháthaithe le haghaidh Dídeanaithe san Eoraip (CARE)

    TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagail 175(3) agus 177 de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

    Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

    Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa 1 ,

    Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún 2 ,

    Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)Tá athrú ó bhonn tagtha ar staid slándála na hEorpa mar gheall ar ionsaí míleata na Rúise i gcoinne na hÚcráine le déanaí agus mar gheall ar an gcoinbhleacht armtha atá ar siúl faoi láthair. Mar thoradh ar an ionsaí, tá rabharta mór daoine ag teacht isteach san Aontas Eorpach, agus go háirithe sna réigiúin in oirthear an Aontais. Is dúshlán breise é sin tráth a bhfuil geilleagair na mBallstát fós ag téarnamh ó thionchar phaindéim COVID19.

    (2)Is féidir leis na Ballstáit raon leathan infheistíochtaí a mhaoiniú cheana féin faoina gcláir beartais chomhtháthaithe chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin imirce faoi Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (‘CFRE’) agus faoi Chiste Sóisialta na hEorpa (‘CSE’), lena náirítear faoi na hacmhainní breise a sholáthraítear mar chuid de Chúnamh Téarnaimh don Chomhtháthú agus do Chríocha na hEorpa (REACTEU) chun cúnamh a sholáthar chun leigheas dhíobháil na géarchéime a chothú i gcomhthéacs phaindéim COVID19 agus a hiarmhairtí sóisialta agus téarnamh glas, digiteach agus athléimneach a ullmhú don gheilleagar. Féadfaidh na gníomhaíochtaí infheistíochtaí a chumhdach i réimsí an chuimsithe shóisialta, na sláinte, an oideachais, na fostaíochta, na tithíochta agus an chúraim leanaí, lena náirítear trí infheistíochtaí a dhéanamh i mbonneagar, trí limistéir dhíothacha uirbeacha a athghiniúint, agus trí ghníomhaíochtaí a dhéanamh chun leithlisiú spásúil agus oideachais imirceach, gnólachtaí nuathionscanta agus daoine eile a laghdú. Féadfaidh na Ballstáit na hacmhainní atá fágtha a atreorú laistigh dá gcláir chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin den sórt sin. Ina theannta sin, féadfar an Ciste um Chabhair Eorpach do na Daoine is Díothaí (‘FEAD’) a úsáid freisin chun bia agus cúnamh ábhartha bunúsach a sholáthar do dhaoine a ndearna ionsaí míleata na Rúise difear dóibh, lena náirítear náisiúnaigh tríú tír.

    (3)Cé go dtairbhíonn na hacmhainní breise a sholáthraítear faoi REACTEU de roinnt solúbthachtaí cur chun feidhme cheana féin, is gá úsáid níos solúbtha a bhaint as acmhainní CFRE, CSE agus FEAD ó chreat airgeadais ilbhliantúil 2014-2020. Agus a phráinní atá sé aghaidh a thabhairt ar na dúshláin imirce atá ann mar thoradh ar ionsaí míleata na Rúise i gcoinne na hÚcráine, ba cheart caiteachas le haghaidh oibríochtaí lena dtugtar aghaidh ar na dúshláin sin a bheith incháilithe ó dháta tosaigh an ionsaithe sin. Thairis sin, ba cheart solúbthacht maidir leis an gcaoi ar féidir CFRE agus CSE a úsáid a mhéadú le haghaidh oibríochtaí den sórt sin ionas go bhféadfar an cistiú atá ar fáil sna cláir a úsáid go tapa, ar choinníoll go bhfuil an oibríocht i gcomhréir leis an gclár oibríochtúil arna leasú i gcás inar gá. Ba cheart an tsolúbthacht sin a bheith sa bhreis ar na féidearthachtaí maidir le maoiniú comhlántach na noibríochtaí dá bhforáiltear cheana. Ba cheart socruithe tuairiscithe simplithe maidir leis na rannpháirtithe sna hoibríochtaí sin a thabhairt isteach freisin.

    (4)Chun a áirithiú go bhféadfaidh daoine a ndéantar difear dóibh tairbhiú den chúnamh faoi FEAD gan mhoill, is iomchuí freisin cead a thabhairt do na Ballstáit gnéithe áirithe de na cláir oibríochtúla a fhaigheann tacaíocht ón gCiste seo a leasú, gan a cheangal orthu cinneadh ón gCoimisiún a ghlacadh.

    (5)Ba cheart an tacaíocht a sholáthraítear faoin mbeartas comhtháthaithe a bheith comhlántach go háirithe le gníomhaíochtaí a mhaoinítear faoin gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht (‘CTIL’) chun tionchar an chistithe atá ar fáil a uasmhéadú.

    (6)Ba cheart a mheabhrú go ndearna iarmhairtí phaindéim COVID19 difear do na Ballstáit ar bhealach nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo. Chuir tionchar foriomlán na paindéime brú an-ard ar bhuiséid na mBallstát i ngeall ar an ardú tobann agus suntasach ar na hinfheistíochtaí poiblí a bhí de dhíth i gcórais cúraim sláinte na mBallstát agus in earnálacha eile dá ngeilleagair. Chuir sé an tacaíocht a sholáthraítear do na daoine is díothaí i mbaol freisin. Chruthaigh sé sin staid eisceachtúil nár mhór aghaidh a thabhairt uirthi le bearta sonracha.

    (7)Chun freagairt a thabhairt ar thionchar na géarchéime, rinneadh Rialacháin (AE) Uimh. 1301/2013 3 agus (AE) Uimh. 1303/2013 4 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a leasú le Rialachán (AE) 2020/460 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 5 chun níos mó solúbthachta a thabhairt maidir le cur chun feidhme na gclár oibríochtúil a fhaigheann tacaíocht ó CFRE, ó CSE agus ón gCiste Comhtháthaithe (na ‘Cistí’) agus ón gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh. Mar sin féin, de réir mar a chuaigh na héifeachtaí tromchúiseacha diúltacha ar gheilleagair agus ar shochaithe an Aontais in olcas, leasaíodh an dá Rialachán sin arís le Rialachán (AE) 2020/558 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 6 . Ina theannta sin, chun freagairt a thabhairt ar thionchar na géarchéime ar na daoine is díothaí, rinneadh Rialachán (AE) Uimh. 223/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 7 a leasú freisin le Rialachán (AE) 2020/559 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 8 chun bearta sonracha le haghaidh FEAD a thabhairt isteach chun aghaidh a thabhairt ar ráig COVID19. Leis na leasuithe sin, soláthraíodh solúbthacht bhreise eisceachtúil chun é a chur ar a gcumas do na Ballstáit díriú ar an bhfreagairt is gá ar an ngéarchéim nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo trí fheabhas a chur ar an bhféidearthacht tacaíocht as na Cistí nach bhfuiltear á húsáid a shlógadh agus trí cheanglais nós imeachta a shimpliú, ar ceanglais iad atá nasctha le cur chun feidhme na gclár chun aghaidh a thabhairt ar an ngá atá le freagairt thapa a thabhairt ar an ngéarchéim sláinte poiblí. Le leasú ina dhiaidh sin ar Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013, a tugadh isteach le Rialachán (AE) 2020/2221 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 9 , soláthraíodh acmhainní breise suntasacha mar chuid de Chúnamh Téarnaimh don Chomhtháthú agus do Chríocha na hEorpa (‘REACT-EU’) chun cúnamh a sholáthar chun leigheas dhíobháil na géarchéime a chothú i gcomhthéacs phaindéim COVID19 agus a hiarmhairtí sóisialta agus téarnamh glas, digiteach agus athléimneach a ullmhú don gheilleagar. Mar chuid den phacáiste céanna, rinneadh Rialachán (AE) Uimh. 223/2014 a leasú freisin le Rialachán (AE) 2021/177 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 10 , chun go bhféadfaidh na Ballstáit na hacmhainní breise a shlógadh chuig na daoine is díothaí i gcomhthéacs chur chun feidhme FEAD.

    (8)Cé gur chuidigh na solúbthachtaí agus na hacmhainní breise dá bhforáiltear i leith na tréimhse 20142020 leis na Ballstáit ina gcuid iarrachtaí freagairt ar an ngéarchéim agus téarnamh ón ngéarchéim, d’imir teacht chun cinn athraitheach nua den choróinvíreas, go háirithe athraitheach Omicron, agus an géarú forleathan ar shrianta sa ráithe dheiridh de 2021 éifeachtaí tromchúiseacha diúltacha ar gheilleagair agus ar shochaithe na mBallstát agus chuir siad isteach ar ghnáthchur chun feidhme na gclár beartais chomhtháthaithe agus na gclár a fhaigheann tacaíocht ó FEAD. Tá na héifeachtaí sin níos measa mar gheall ar ionsaí míleata na Rúise le déanaí agus mar gheall ar na sreafaí imirce a d’eascair as an ionsaí, agus d’fhéadfaidís tuilleadh dochair a dhéanamh do théarnamh an gheilleagair. I gcomhréir leis an bhféidearthacht dá dtagraítear i Rialachán (AE) 2020/558, is gá, dá bhrí sin, foráil a dhéanamh maidir le síneadh eisceachtúil a chur le ceann de na bearta a tugadh isteach níos luaithe, eadhon an rogha i dtaca le cur i bhfeidhm ráta cómhaoinithe 100 % le haghaidh na bliana cuntasaíochta 2020-2021 a shíneadh go dtí an bhliain chuntasaíochta ina dhiaidh sin.

    (9)D’fhonn an t‐ualach ar bhuiséid phoiblí atá ag freagairt ar an ngéarchéim a mhaolú, d’fhonn dlús a chur le cur chun feidhme na gclár agus d’fhonn na hinfheistíochtaí is gá a chumasú le haghaidh théarnamh na réigiún, ba cheart an deis eisceachtúil a thabhairt do na Ballstáit ráta cómhaoinithe 100 % a chur i bhfeidhm i gclár a fhaigheann tacaíocht ó CFRE, ó CSE, ón gCiste Comhtháthaithe nó ó FEAD le haghaidh na bliana cuntasaíochta 2021-2022 freisin.

    (10) Chun uasteorainneacha íocaíochta an chreata airgeadais ilbhliantúil le haghaidh 2022 agus 2023 a chomhlíonadh, ba cheart uasteorainn a bhunú le haghaidh na mblianta sin i gcás íocaíochtaí a eascraíonn as cur i bhfeidhm an ráta cómhaoinithe 100 % faoi CFRE, faoin gCiste Comhtháthaithe nó faoi CSE. Íocaíochtaí nach féidir a dhéanamh mar thoradh ar chur i bhfeidhm na nuasteorainneacha sin, ba cheart don Choimisiún iad a íoc a luaithe is féidir faoi réir infhaighteacht an chistithe, trí na cuntais a ghlacadh nó trí íocaíochtaí a dhéanamh ina dhiaidh sin. Níor cheart d’íocaíochtaí iarchurtha den sórt sin difear a dhéanamh do ghlacadh na gcuntas ná níor cheart aon éifeacht eile a bheith acu.

    (11)Agus é á chur san áireamh nach ndéanfaidh cur i bhfeidhm an ráta cómhaoinithe 100 % difear suntasach d’ábhar na gclár oibríochtúil féin, is iomchuí cur chun feidhme tapa an ráta a cheadú gan gá le cinneadh ón gCoimisiún lena bhformheastar leasú na mBallstát ar tháblaí airgeadais an chláir oibríochtúil. Mar sin féin, ba cheart don Bhallstát fógra a thabhairt maidir leis na táblaí airgeadais athbhreithnithe sula gcuirfear isteach an tiarratas deiridh ar íocaíocht le haghaidh na bliana cuntasaíochta. Féadfar leasuithe iarmhartacha féideartha, lena náirítear luachanna na dtáscairí, a dhéanamh mar chuid de leasú ar chlár tar éis dheireadh na bliana cuntasaíochta.

    (12)Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo a ghnóthú go leordhóthanach astu féin, eadhon bearta solúbthachta a thabhairt isteach sa réimse a bhaineann le tacaíocht ó na Cistí a sholáthar, agus ós rud é, mar gheall ar fhairsinge agus éifeachtaí an ghnímh atá beartaithe, gur fearr is féidir na cuspóirí a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, mar a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a bhaint amach.

    (13)Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 agus Rialachán (AE) Uimh. 223/2014 a leasú dá réir.

    (14)Ós rud é gur gá cead a thabhairt do na Ballstáit a gcláir a leasú in am chun tairbhiú de chur i bhfeidhm an ráta cómhaoinithe 100 % le haghaidh na bliana cuntasaíochta 2021-2022, is iomchuí go dtiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    (15)I bhfianaise a phráinní atá sé haghaidh a thabhairt ar na dúshláin imirce mar thoradh ar ionsaí míleata na Rúise le déanaí agus mar thoradh ar an ngéarchéim sláinte phoiblí a eascraíonn as paindéim COVID19, meastar gurb iomchuí úsáid a bhaint as an eisceacht ar an tréimhse ocht seachtaine dá dtagraítear in Airteagal 4 de Phrótacal Uimh. 1 maidir le ról na bParlaimintí náisiúnta san Aontas Eorpach, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach, leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leasú ar Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013

    Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 mar a leanas:

    (1)In Airteagal 25a, cuirtear isteach an mhír 1a seo a leanas:

    ‘1a.    De mhaolú ar Airteagal 60(1) agus de mhaolú ar an gcéad fhomhír agus ar an gceathrú fomhír d’Airteagal 120(3), féadfar ráta cómhaoinithe 100 % a chur i bhfeidhm maidir le caiteachas a dhearbhófar in iarratais ar íocaíocht le haghaidh na bliana cuntasaíochta dar tús an 1 Iúil 2021 agus dar críoch an 30 Meitheamh 2022 le haghaidh ais tosaíochta amháin nó níos mó i gclár a fhaigheann tacaíocht ó CFRE, ó CSE nó ón gCiste Comhtháthaithe.

    De mhaolú ar Airteagal 30(1) agus Airteagal 30(2) agus Airteagal 96(10), ní bheidh gá le cinneadh ón gCoimisiún lena bhformheasfar leasú ar chlár chun an ráta cómhaoinithe 100 % a chur i bhfeidhm. Tabharfaidh an Ballstát fógra don Choimisiún maidir leis na táblaí airgeadais athbhreithnithe tar éis don choiste faireacháin iad a fhormheas. Ní bheidh feidhm ag an ráta cómhaoinithe 100 % ach amháin má thugtar fógra don Choimisiún maidir leis na táblaí airgeadais sula gcuirfear isteach an t‑iarratas deiridh ar íocaíocht eatramhach le haghaidh na bliana cuntasaíochta dar tús an 1 Iúil 2021 agus dar críoch an 30 Meitheamh 2022 i gcomhréir le hAirteagal 135(2).

    Ní rachaidh na híocaíochtaí breise iomlána a eascraíonn as cur i bhfeidhm an ráta cómhaoinithe 100 % thar EUR 5 bhilliún in 2022 agus EUR 1 bhilliún in 2023.

    Déanfaidh an Coimisiún íocaíochtaí eatramhacha tríd an ráta cómhaoinithe is infheidhme a chur i bhfeidhm maidir leis na haiseanna tosaíochta lena mbaineann roimh an bhfógra dá dtagraítear sa dara fomhír. De mhaolú ar Airteagal 135(5), íocfaidh an Coimisiún na méideanna breise a eascraíonn as cur i bhfeidhm an ráta cómhaoinithe 100 % tar éis gach iarratas deiridh ar íocaíocht eatramhach le haghaidh na bliana cuntasaíochta 2021-2022 a fháil, i gcás inar gá ar bhonn pro-rata chun na huasteorainneacha a leagtar amach sa tríú fomhír a urramú.

    De mhaolú ar Airteagal 139(7), na méideanna eile a eascraíonn as cur i bhfeidhm an ráta chómhaoinithe 100 %, nach féidir a íoc tar éis na cuntais a ghlacadh chun na huasteorainneacha a leagtar amach sa tríú fomhír a urramú, déanfar iad a íoc in 2024 nó ina dhiaidh sin.’.

    (2)Cuirtear an fhomhír seo a leanas le mír 10 d’Airteagal 65:

    ‘De mhaolú ar mhír 9, beidh caiteachas le haghaidh oibríochtaí lena dtugtar aghaidh ar na dúshláin imirce mar thoradh ar ionsaí míleata na Rúise incháilithe ón 24 Feabhra 2022 ar aghaidh.’.

    (3)Cuirtear an mhír 4 seo a leanas le hAirteagal 98:

    ‘4. Féadfaidh CFRE nó CSE oibríochtaí lena dtugtar aghaidh ar na dúshláin imirce mar thoradh ar ionsaí míleata na Rúise a mhaoiniú ar bhonn na rialacha is infheidhme maidir leis an gCiste eile.

    I gcásanna den sórt sin, déanfar na hoibríochtaí sin a chlársceidealú faoi ais tosaíochta thiomnaithe den Chiste eile sin lena rannchuideofar leis na tosaíochtaí infheistíochta comhfhreagracha.

    I gcás ina bhfuil gá le sonraí maidir leis na rannpháirtithe a thuairisciú le haghaidh oibríochtaí faoin ais tosaíochta thiomnaithe dá dtagraítear sa dara fomhír, beidh na sonraí sin bunaithe ar mheastacháin fheasacha agus beidh siad teoranta do líon iomlán na ndaoine a fhaigheann tacaíocht agus do líon na leanaí faoi bhun 18 mbliana d’aois.

    Ní bheidh feidhm ag an Airteagal seo maidir le cláir faoi sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh.’.

    Airteagal 2

    Leasú ar Rialachán (AE) Uimh. 223/2014

    Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 223/2014 mar a leanas:

    (1)Cuirtear an fhomhír seo a leanas le hAirteagal 9(4):

    ‘Beidh feidhm ag an gcéad fhomhír agus ag an dara fomhír freisin chun gnéithe de chlár oibríochtúil lena dtugtar aghaidh ar na dúshláin imirce mar thoradh ar ionsaí míleata na Rúise a mhodhnú.

    (2)In Airteagal 20, cuirtear isteach an mhír 1b seo a leanas:

    ‘1b.    De mhaolú ar mhír 1, féadfar ráta cómhaoinithe 100 % a chur i bhfeidhm maidir leis an gcaiteachas arna dhearbhú in iarratais ar íocaíocht le linn na bliana cuntasaíochta dar tús an 1 Iúil 2021 agus dar críoch an 30 Meitheamh 2022.

    De mhaolú ar Airteagal 9(1), Airteagal 9(2) agus Airteagal 9(3), ní bheidh gá le cinneadh ón gCoimisiún lena bhformheasfar leasú ar chlár chun an ráta cómhaoinithe 100 % a chur i bhfeidhm. Tabharfaidh an Ballstát fógra don Choimisiún maidir leis na táblaí airgeadais athbhreithnithe, dá dtagraítear i Roinn 5.1 de na teimpléid do chláir oibríochtúla a leagtar amach in Iarscríbhinn I. Ní bheidh feidhm ag an ráta cómhaoinithe 100 % ach amháin má thugtar fógra don Choimisiún maidir leis na táblaí airgeadais sula gcuirfear isteach an t‑iarratas deiridh ar íocaíocht eatramhach le haghaidh na bliana cuntasaíochta dar tús an 1 Iúil 2021 agus dar críoch an 30 Meitheamh 2022 i gcomhréir le hAirteagal 45(2).’

    (3)Cuirtear an fhomhír seo a leanas le hAirteagal 22(4):

    ‘De mhaolú ar an gcéad fhomhír, beidh caiteachas le haghaidh oibríochtaí lena dtugtar aghaidh ar na dúshláin imirce mar thoradh ar ionsaí míleata na Rúise incháilithe ón 24 Feabhra 2022 ar aghaidh.’.

    Airteagal 3

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

    Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán    An tUachtarán

    AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH

    Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a n‑imreofar tionchar

    Línte buiséid atá ann cheana

    In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil.

    Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil

    Líne bhuiséid

    Saghas  
    caiteachais

    Ranníocaíocht

    Uimhir  

    LD/LN. 11 .

    ó thíortha de chuid CSTE 12

    ó thíortha is iarrthóirí 13

    ó thríú tíortha

    de réir bhrí Airteagal 21(2)(b) den Rialachán Airgeadais

    Comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach

    05.02.99.01 Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE) a thabhairt i gcrích

    05.03.99.01 An Ciste Comhtháthaithe (CC) a thabhairt i gcrích

    07.02.99.01 Ciste Sóisialta na hEorpa (CSE) a thabhairt i gcrích

    07.02.99.04 An Ciste um Chabhair Eorpach do na Daoine is Díothaí (FEAD) a thabhairt i gcrích

    Difreáilte

    NÍL

    NÍL

    NÍL

    NÍL

    An tionchar airgeadais a mheastar a bheidh ag an togra ar leithreasuithe

    Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh aige ar leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

    Chun an modhnú atá beartaithe a dhéanamh, ní gá aon athrú a dhéanamh ar uasteorainneacha bliantúla an Chreata Airgeadais Ilbhliantúil d’oibleagáidí agus íocaíochtaí de réir mar leagtar síos in Iarscríbhinn I de Rialachán (AE) Uimh. 1311/2013, ná ar na riachtanais íocaíochta le linn na tréimhse 2021-2027.

    Ní gá aon athrú a dhéanamh ar mhiondealú bliantúil na leithreasuithe faoi chomhair gealltanas do Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, do Chiste Sóisialta na hEorpa ná don Chiste Comhtháthaithe.

    Meastar go dtabharfar tús áite, de bharr an togra, d' íocaíocht na leithreasuithe le haghaidh na bliana cuntasaíochta ón 1 Iúil 2021 go dtí an 30 Meitheamh 2022, ar a bhfuil meastachán thíos.

    Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin

    EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

    Ceannteideal an chreata airgeadais 
    ilbhliantúil

    Uimhir

    2a

    Ard‑Stiúrthóireacht: an Beartas Réigiúnach agus Uirbeach, an Ard-Stiúrthóireacht um Fhostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Cuimsiú

    2021

    2022

    2023

    2024

    2025

    IOMLÁN

    •Leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

    05.02.99.01 Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE) a thabhairt i gcrích

    05.03.99.01 An Ciste Comhtháthaithe (CC) a thabhairt i gcrích

    07.02.99.01 Ciste Sóisialta na hEorpa (CSE) a thabhairt i gcrích

    07.02.99.04 An Ciste um Chabhair Eorpach do na Daoine is Díothaí (FEAD) a thabhairt i gcrích

    Gealltanais

    (1a)

    0.000

    0.000

    0.000

    0.000

    0.000

    0.000

    Íocaíochtaí

    (2a)

    0.000

    5.000

    1.000

    -6.000

    0.000

    0.000

    Líne bhuiséid

    Gealltanais

    (1b)

    Íocaíochtaí

    (2b)

    Leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú as imchlúdach na gclár sonrach 14  

    Líne bhuiséid

    (3)

    IOMLÁN leithreasuithe 
    le haghaidh Ard-Stiúrthóireacht an Bheartais Réigiúnaigh agus Uirbigh agus an Ard-Stiúrthóireacht um Fhostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Cuimsiú

    Gealltanais

    =1a+1b +3

    0.000

    0.000

    0.000

    0.000

    0.000

    0.000

    Íocaíochtaí

    =2a+2b

    +3

    0.000

    5.000

    1.000

    -6.000

    0.000

    0.000

     



    IOMLÁN leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

    Gealltanais

    (4)

    Íocaíochtaí

    (5)

    • IOMLÁN leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú as imchlúdach clár sonrach

    (6)

    IOMLÁN leithreasuithe  
    faoi CHEANNTEIDEAL 2a 
    den chreat airgeadais ilbhliantúil

    Gealltanais

    =4+ 6

    0.000

    0.000

    0.000

    0.000

    0.000

    0.000

    Íocaíochtaí

    =5+ 6

    0.000

    5.000

    1.000

    -6.000

    0.000

    0.000





    Ceannteideal an chreata airgeadais 
    ilbhliantúil

    7

    ‘Caiteachas riaracháin’

    Chun an chuid seo a líonadh isteach, ba cheart leas a bhaint as na ‘sonraí buiséid de chineál riaracháin’ atá le hiontráil ar dtús san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Ráiteas Airgeadais Reachtach (Iarscríbhinn V a ghabhann leis na rialacha inmheánacha) agus a uaslódáiltear chuig an gcóras DECIDE chun críocha comhairliúcháin idirsheirbhíse.

    EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

    Bliain 
    N

    Bliain 
    N+1

    Bliain 
    N+2

    Bliain 
    N+3

    Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

    IOMLÁN

    Ard‑Stiúrthóireacht: <…….>

    • Acmhainní daonna

    • Caiteachas riaracháin eile

    IOMLÁN AS <….>

    Leithreasuithe

    IOMLÁN leithreasuithe 
    faoi CHEANNTEIDEAL 7
    den chreat airgeadais ilbhliantúil 

    (Iomlán gealltanas = Iomlán íocaíochtaí)

    EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

    2021

    2022

    2023

    2024

    2025

    IOMLÁN

    IOMLÁN leithreasuithe 
    faoi CHEANNTEIDIL 1 go 7 
    den chreat airgeadais ilbhliantúil 

    Gealltanais

    0.000

    0.000

    0.000

    0.000

    0.000

    0.000

    Íocaíochtaí

    0.000

    5.000

    1.000

    -6.000

    0.000

    0.000

    An t‑aschur a mheastar a chisteofar le leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

    Éilíonn an togra/an tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasaí faoi chomhair oibríochtaí atá ann cheana (níl aon athrú ag baint leis seo):

    Leithreasuithe faoi chomhair gealltanas in EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

    Sonraigh cuspóirí agus aschuir

    Bliain 
    N

    Bliain 
    N+1

    Bliain 
    N+2

    Bliain 
    N+3

    Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

    IOMLÁN

    ASCHUIR

    Saghas 15

    Meánchostas

    Líon

    Costas

    Líon

    Costas

    Líon

    Costas

    Líon

    Costas

    Líon

    Costas

    Líon

    Costas

    Líon

    Costas

    Líon iomlán

    Costas iomlán

    CUSPÓIR SONRACH Uimh. 1 16

    - Aschur

    - Aschur

    - Aschur

    Fo-iomlán do chuspóir sonrach Uimh. 1

    CUSPÓIR SONRACH Uimh. 2...

    - Aschur

    Fo-iomlán do chuspóir sonrach Uimh. 2

    IOMLÁIN

    Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh aige ar leithreasuithe de chineál riaracháin

    X    Ní éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin

       Éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin mar a mhínítear thíos:

    EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

    Bliain
    N 17

    Bliain
    N+1

    Bliain
    N+2

    Bliain
    N+3

    Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

    IOMLÁN

    CEANNTEIDEAL 7
    den chreat airgeadais ilbhliantúil

    Acmhainní daonna

    Caiteachas riaracháin eile

    Fo-iomlán CHEANNTEIDEAL 7
    den chreat airgeadais ilbhliantúil

    Lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 7 18  
    of the multiannual financial framework

    Acmhainní daonna

    Caiteachas eile  
    de chineál riaracháin

    Fo-iomlán  
    lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 7
    den chreat airgeadais ilbhliantúil

    IOMLÁN

    Cumhdófar na hacmhainní daonna is gá agus caiteachas eile de chineál riaracháin le leithreasuithe ón Ard-Stiúrthóireacht a bhfuil bainistíocht an bhirt faoina gcúram cheana agus/nó atá ath-imlonnaithe laistigh den Ard-Stiúrthóireacht, mar aon le haon leithdháileadh breise a d’fhéadfaí a thabhairt don Ard-Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.

    Na hacmhainní daonna a mheastar a bheidh riachtanach

    X    Ní éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear acmhainní daonna.

       Éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear acmhainní daonna mar a mhínítear thíos:

    Sloinnfear an meastachán in aonaid de choibhéis lánaimseartha

    Bliain
    N

    Bliain
    N+1

    Bliain N+2

    Bliain N+3

    Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

    •Poist don phlean bunaíochta (oifigigh agus foireann shealadach)

    20 01 02 01 (Ceanncheathrú agus Oifigí Ionadaíocht an Choimisiúin)

    20 01 02 03 (Toscaireachtaí)

    01 01 01 01  (Taighde indíreach)

    01 01 01 11 (Taighde díreach)

    Línte buiséid eile (sonraigh)

    Foireann sheachtrach (i gcoibhéis lánaimseartha: FTE) 19

    20 02 01 (AC, END, INT ón ‘imchlúdach iomlánaíoch’)

    20 02 03 (AC, AL, END, INT agus JPD sna toscaireachtaí)

    XX 01 xx yy zz   20

    - sa cheanncheathrú

    - i dtoscaireachtaí

    01 01 01 02 (AC, END, INT – Taighde indíreach)

    01 01 01 12 (CA, INT, SNE – taighde díreach)

    Línte buiséid eile (sonraigh)

    IOMLÁN

    Is é XX an réimse beartais nó an teideal buiséid lena mbaineann.

    Soláthrófar na hacmhainní daonna is gá le baill foirne ón Ard-Stiúrthóireacht a bhfuil bainistíocht an bhirt faoina gcúram cheana agus/nó a ath-imlonnófar laistigh den Ard-Stiúrthóireacht, mar aon le haon leithdháileadh breise a d'fhéadfaí a thabhairt don Ard-Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.

    Cur síos ar na cúraimí a bheidh le déanamh:

    Oifigigh agus pearsanra sealadach

    Pearsanra seachtrach

    Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha

    Tá an togra/tionscnamh comhoiriúnach leis an gcreat airgeadais ilbhliantúil reatha.

    I gcás an togra/tionscnaimh seo:

       is féidir é a mhaoiniú ina iomláine trí athshannadh laistigh den cheannteideal ábhartha den Chreat Airgeadais Ilbhliantúil (CAI).

    Mínigh an cineál athchláraithe a bhfuil gá leis, agus sonraigh na línte buiséid lena mbaineann agus na méideanna comhfhreagracha. Cuir tábla excel ar fáil i gcás athchlárú mór.

       is gá an corrlach gan leithdháileadh faoin gceannteideal ábhartha de CAI a úsáid agus/nó na hionstraimí speisialta a shainítear sa Rialachán maidir le CAI a úsáid.

    Mínigh an méid a bhfuil gá leis, agus sonraigh na ceannteidil agus na línte buiséid lena mbaineann, na méideanna comhfhreagracha agus na hionstraimí atá beartaithe a úsáid.

       is gá athbhreithniú ar CAI.

    Mínigh an méid a bhfuil gá leis, agus sonraigh na ceannteidil agus na línte buiséid lena mbaineann agus na méideanna comhfhreagracha.

    Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe

    I gcás an togra/tionscnaimh seo:

    X    ní dhéantar foráil maidir le cómhaoiniú le tríú páirtithe

       déantar foráil maidir leis an gcómhaoiniú le tríú páirtithe atá réamh-mheasta thíos:

    Leithreasuithe in EUR milliúin (go dtí an 3ú deachúil)

    Bliain
    N 21

    Bliain
    N+1

    Bliain
    N+2

    Bliain
    N+3

    Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

    Iomlán

    Sonraigh an comhlacht cómhaoinithe 

    IOMLÁN leithreasuithe cómhaoinithe

     



    An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam 

    X    Ní bheidh tionchar airgeadais ar bith ag an togra ar ioncam..

       Beidh an tionchar airgeadais seo a leanas ag an togra/tionscnamh:

       ar acmhainní dílse

       ar ioncam eile

    má tá an tioncam sannta do línte caiteachais, sonraigh sin    

    EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

    Líne buiséid ioncaim:

    Leithreasuithe atá ar fáil don bhliain airgeadais reatha

    Tionchar an togra/tionscnaimh 22

    Bliain
    N

    Bliain
    N+1

    Bliain
    N+2

    Bliain
    N+3

    Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

    Airteagal ………….

    I gcás ioncam ilghnéitheach atá sannta, sonraigh na línte buiséid a n‑imrítear tionchar orthu.

    […]

    Aon rud eile (e.g. an modh nó an fhoirmle a úsáideadh chun an tionchar ar ioncam a ríomh nó aon fhaisnéis eile).

    […]

    (1)    IO C , , lch. .
    (2)    IO C , , lch. .
    (3)    Rialachán (AE) Uimh. 1301/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus maidir le forálacha sonracha a bhaineann le sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post agus lena n‐aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1080/2006 (IO L 347, 20.12.2013, lch. 289).
    (4)    Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Coiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe, leis an gCiste Eorpach Talmhaíocha um Fhorbairt Tuaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena leagtar síos forálacha ginearálta maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 320).
    (5)    Rialachán (AE) 2020/460 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Márta 2020 lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013 agus (AE) Uimh. 508/2014 a mhéid a bhaineann le bearta sonracha chun infheistíochtaí a shlógadh i gcórais cúraim sláinte na mBallstát agus in earnálacha eile dá ngeilleagar mar fhreagairt ar ráig COVID‑19 (An Tionscnamh Infheistíochta mar Fhreagairt ar an gCoróinvíreas) (IO L 99, 31.3.2020, lch. 5).
    (6)    Rialachán (AE) 2020/558 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2020 lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1301/2013 agus (AE) Uimh. 1303/2013 maidir le bearta sonracha lena soláthraítear solúbthacht eisceachtúil chun leas a bhaint as Cistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa mar fhreagairt ar ráig COVID‑19 (IO L 130, 24.4.2020, lch. 1).
    (7)    Rialachán (AE) Uimh. 223/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2014 maidir leis an gCiste um Chabhair Eorpach do na Daoine is Díothaí (IO L 72, 12.3.2014, lch. 1).
    (8)    Rialachán (AE) 2020/559 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2021 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 223/2014 a mhéid a bhaineann le bearta sonracha a thabhairt isteach chun dul i ngleic le ráig COVID‑19 (IO L 130, 24.4.2020, lch. 7).
    (9)    Rialachán (AE) Uimh 2020/2221 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Nollaig 2020 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 a mhéid a bhaineann le hacmhainní breise agus socruithe cur chun feidhme chun cúnamh a sholáthar chun leigheas dhíobháil na géarchéime a chothú i gcomhthéacs phaindéim COVID‑19 agus a hiarmhairtí sóisialta agus téarnamh glas, digiteach agus athléimneach an gheilleagair a ullmhú (REACT‑EU) (IO L 437, 28.12.2020, lch. 30).
    (10)    Rialachán (AE) 2021/177 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Feabhra 2021 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 223/2014 a mhéid a bhaineann le bearta sonracha a thabhairt isteach chun dul i ngleic le ráig COVID‑19 (IO L 53, 16.2.2021, lch. 1).
    (11)    LD = Leithreasuithe difreáilte / LN = Leithreasuithe neamhdhifreáilte.
    (12)    CSTE: Comhlachas Saorthrádála na hEorpa.
    (13)    Tíortha is iarrthóirí agus, nuair is iomchuí, tíortha ó na Balcáin Thiar a d'fhéadfadh a bheith ina n‑iarrthóirí.
    (14)    Cúnamh agus caiteachas teicniúil agus/nó riaracháin ar mhaithe le cláir agus/nó bearta de chuid an Aontais (seanlínte ‘BA’) a chur chun feidhme, taighde indíreach, taighde díreach.
    (15)    Is ionann aschuir agus táirgí agus seirbhísí atá le soláthar (e.g.: líon na malartuithe mac léinn a fhaigheann maoiniú, iomlán km de bhóithre a rinneadh, etc.).
    (16)    Mar a thuairiscítear i bpointe 1.4.2. ‘Cuspóirí sonracha...’
    (17)    Is í bliain N an bhliain a chuirfear tús le cur chun feidhme an togra/tionscnaimh. Is gá an chéad bhliain cur chun feidhme a mheastar a bheidh ann a chur in ionad ‘N’ (mar shampla: 2021). Is gá an rud céanna a dhéanamh i gcás na mblianta eile.
    (18)    Cúnamh agus caiteachas teicniúil agus/nó riaracháin ar mhaithe le cláir agus/nó bearta de chuid an Aontais (seanlínte ‘BA’) a chur chun feidhme, taighde indíreach, taighde díreach.
    (19)    AC= Ball foirne ar conradh; AL = Ball foirne áitiúil; END= Saineolaí náisiúnta ar iasacht; INT = Ball foirne gníomhaireachta; JPD = Saineolaithe sóisearacha i dtoscaireachtaí.
    (20)    Fo-uasteorainn d’fhoireann sheachtrach arna cumhdach ag leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí (na seanlínte ‘BA’).
    (21)    Is í bliain N an bhliain a chuirfear tús le cur chun feidhme an togra/tionscnaimh. Is gá an chéad bhliain cur chun feidhme a mheastar a bheidh ann a chur in ionad ‘N’ (mar shampla: 2021). Is gá an rud céanna a dhéanamh i gcás na mblianta eile.
    (22)    A fhad a bhaineann le hacmhainní dílse traidisiúnta (dleachtanna talmhaíochta, tobhaigh siúcra), ní mór na méideanna a luaitear a bheith ina nglanmhéideanna, i.e. méideanna comhlána agus 20 % de na costais bhailiúcháin a bheith bainte astu.
    Top