AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,28.9.2022
JOIN(2022) 44 final/2 Downgraded on 9.2.2023
2022/0316(NLE)
Togra comhpháirteach le haghaidh
RIALACHÁN ÓN gCOMHAIRLE
lena leasaítear Rialachán (AE) 2022/263 a bhaineann le bearta sriantacha chun freagairt d’aitheantas na limistéar nach bhfuil faoi rialú rialtais i réigiúin Donetsk agus Luhansk na hÚcráine agus don ordú chun fórsaí armtha de chuid na Rúise a thabhairt isteach sa limistéar
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
(1)Le Rialachán (AE) 2022/263 a bhaineann le bearta sriantacha chun freagairt d’aitheantas na limistéar nach bhfuil faoi rialú rialtais i réigiúin Donetsk agus Luhansk na hÚcráine agus don ordú chun fórsaí armtha de chuid na Rúise a thabhairt isteach sna limistéir sin, tugtar éifeacht do bhearta sriantacha dá bhforáiltear i gCinneadh (CBES) 2022/266.
(2)An 21 Meán Fómhair 2022, chinn Cónaidhm na Rúise a fogha faoin Úcráin a ghéarú a thuilleadh trí thacú le heagrú ‘reifreann’ neamhdhleathach sna codanna de réigiúin Donetsk, Kherson, Luhansk, agus Zaporizhzhia atá faoi smacht forghabhála na Rúise faoi láthair, arb éard is aidhm dóibh na críocha sin de chuid na Úcráine a bheith á n‑ionghabháil ag Cónaidhm na Rúise, agus ina theannta sin trí shlógadh páirteach a fhógairt sa Rúis agus trí úsáid arm ollscriosta a bhagairt arís.
(3)An XX YY 2022, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) XXX/XXX lena leasaítear teideal Chinneadh (CBES) 2022/266 agus lena leathnaítear raon feidhme geografach na srianta atá ann chun cumhdach a thabhairt ar na limistéir go léir de chuid na hÚcráine nach bhfuil faoi rialú rialtais i réigiúin Donetsk, Luhansk, Zaporizhzhia agus Kherson.
(4)Tá gá le tuilleadh gníomhaíochta ón Aontas chun éifeacht a thabhairt do na bearta sin i ndlí an Aontais.
(5)Molann Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus an Coimisiún Eorpach Rialachán (AE) Uimh. 2022/263 a leasú dá réir sin.
2022/0316 (NLE)
Togra comhpháirteach le haghaidh
RIALACHÁN ÓN gCOMHAIRLE
lena leasaítear Rialachán (AE) 2022/263 a bhaineann le bearta sriantacha chun freagairt d’aitheantas na limistéar nach bhfuil faoi rialú rialtais i réigiúin Donetsk agus Luhansk na hÚcráine agus don ordú chun fórsaí armtha de chuid na Rúise a thabhairt isteach sa limistéar
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 215 de,
Ag féachaint do Chinneadh (CBES) 2022/266 a bhaineann le bearta sriantacha chun freagairt d’aitheantas na limistéar nach bhfuil faoi rialú rialtais i réigiúin Donetsk agus Luhansk na hÚcráine agus don ordú chun fórsaí armtha de chuid na Rúise a thabhairt isteach sa limistéar,
Ag féachaint don togra comhpháirteach ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)Le Rialachán (AE) Uimh. 2022/263 ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha chun freagairt d’aitheantas na limistéar nach bhfuil faoi rialú rialtais i réigiúin Donetsk agus Luhansk na hÚcráine agus don ordú chun fórsaí armtha de chuid na Rúise a thabhairt isteach sna limistéir sin, tugtar éifeacht do bhearta sriantacha dá bhforáiltear i gCinneadh (CBES) 2022/266.
(2)An XX YY 2022, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) XXX/XXX lena leasaítear teideal Chinneadh (CBES) 2022/266 agus lena leathnaítear raon feidhme geografach na srianta atá ann chun cumhdach a thabhairt ar na limistéir go léir de chuid na hÚcráine nach bhfuil faoi rialú rialtais i réigiúin Donetsk, Luhansk, Zaporizhzhia agus Kherson. Sna haithrisí a ghabhann le Cinneadh (CBES) XXX/XXX leagtar amach an comhthéacs polaitiúil agus na cúiseanna beartais atá le leathnú raon feidhme na mbeart sriantach.
(3)Tagann na leasuithe sin faoi raon feidhme an Chonartha agus, dá bhrí sin, tá gá le gníomhaíocht rialála ar leibhéal an Aontais chun iad a chur chun feidhme, go háirithe d’fhonn a áirithiú go gcuirfear i bhfeidhm iad go haonfhoirmeach sna Ballstáit go léir.
(4)Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE) Uimh. 2022/263 ón gComhairle a leasú dá réir sin,
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 2022/263 ón gComhairle mar a leanas:
(1)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil:
‘Rialachán (AE) 2022/263 ón gComhairle an 23 Feabhra 2022 a bhaineann le bearta sriantacha mar fhreagairt ar aitheantas, forghabháil nó ionghabháil neamhdhleathach ag Cónaidhm na Rúise ar limistéir áirithe na hÚcráine nach bhfuil faoi rialú an rialtais’
(2)in Airteagal 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (d):
‘(d) ciallaíonn ‘críocha sonraithe’ na limistéir de chuid na hÚcráine nach bhfuil faoi rialú rialtais i réigiúin Donetsk, Luhansk, Zaporizhzhia agus Kherson’
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán