Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52022IP0140

    Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 3 Bealtaine 2022 maidir leis an intleacht shaorga i ré dhigiteach (2020/2266(INI))

    IO C 465, 6.12.2022, p. 65–108 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    6.12.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 465/65


    P9_TA(2022)0140

    An Intleacht Shaorga i Ré Dhigiteach

    Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 3 Bealtaine 2022 maidir leis an intleacht shaorga i ré dhigiteach (2020/2266(INI))

    (2022/C 465/06)

    Tá Parlaimint na hEorpa,

    ag féachaint d’Airteagail 4, 16, 26, 114, 169, 173, 179, 180, 181 agus 187 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    ag féachaint do Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh,

    ag féachaint do Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh agus Barúil Ghinearálta Uimh. 25 ó Choiste na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh an 2 Márta 2021 maidir le cearta leanaí i ndáil leis an timpeallacht dhigiteach,

    ag féachaint don mholadh ó Eagraíocht Oideachais, Eolaíochta agus Chultúir na Náisiún Aontaithe (UNESCO) maidir le heitic na hintleachta saorga a ghlac Comhdháil Ghinearálta UNESCO ag an 41ú seisiún aici an 24 Samhain 2021,

    ag féachaint do Chomhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (1) agus do Threoirlínte an Choimisiúin maidir le Rialáil Níos Fearr,

    ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 24 Márta 2021 maidir le straitéis de chuid an Aontais i dtaca le cearta an linbh (COM(2021)0142),

    ag féachaint do rún uaithi an 7 Deireadh Fómhair 2021 maidir le staid chumais chibearchosanta an Aontais (2),

    ag féachaint do rún uaithi an 15 Nollaig 2021 maidir leis na dúshláin agus na hionchais a bhaineann le córais iltaobhacha rialaithe arm ollscriosta agus le córais dí-armála (3),

    ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí – RGCS) (4),

    ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/694 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2021 lena mbunaítear an Clár don Eoraip Dhigiteach agus lena n-aisghairtear Cinneadh (AE) 2015/2240 (5),

    ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/695 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 lena mbunaítear Fís Eorpach – an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht, lena leagtar síos na rialacha maidir le rannpháirtíocht agus leathadh, agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1290/2013 agus (AE) Uimh. 1291/2013 (6),

    ag féachaint don togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Aibreán 2021 maidir le rialacha comhchuibhithe a leagan síos maidir leis an intleacht shaorga (an Gníomh maidir leis an Intleacht Shaorga) agus gníomhartha reachtacha áirithe de chuid an Aontais a leasú (COM(2021)0206),

    ag féachaint don togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2020 maidir le rialachas sonraí Eorpach (COM(2020)0767),

    ag féachaint do Rialachán (AE) 2018/1807 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Samhain 2018 maidir le creat le haghaidh saorshreabhadh sonraí neamhphearsanta san Aontas Eorpach (7),

    ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/697 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2021 lena mbunaítear an Ciste Eorpach Cosanta agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) 2018/1092 (8),

    ag féachaint do Threoir (AE) 2019/770 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 maidir le gnéithe áirithe a bhaineann le conarthaí chun ábhar digiteach agus seirbhísí digiteacha a sholáthar (9),

    ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/1173 ón gComhairle an 13 Iúil 2021 maidir leis an gComhghnóthas Ríomhaireachta Ardfheidhmíochta Eorpach a bhunú agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) 2018/1488 (10),

    ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiún an 25 Aibreán 2018 dar teideal “Artificial Intelligence for Europe” [An Intleacht Shaorga don Eoraip] (COM(2018)0237),

    ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiún an 7 Nollaig 2018 maidir le plean comhordaithe um an intleacht shaorga (COM(2018)0795),

    ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiún an 8 Aibreán 2019 maidir le muinín a chothú san intleacht shaorga duine-lárnaithe (COM(2019)0168),

    ag féachaint do Pháipéar Bán an 19 Feabhra 2020 ón gCoimisiún dar teideal “Artificial Intelligence – a European approach to excellence and trust” [An Intleacht Shaorga – cur chuige Eorpach atá dírithe ar bharr feabhais agus ar mhuinín] (COM(2020)0065),

    ag féáchaint don Pháipéar Uaine ón gCoimisiún an 27 Eanáir 2021 dar teideal “Ageing: Fostering solidarity and responsibility between generations” [Aosú: Dlúthpháirtíocht agus freagracht a chothú idir na glúnta] (COM(2021)0050);

    ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiún an 19 Feabhra 2020 maidir le Straitéis Eorpach maidir le sonraí (COM(2020)0066),

    ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiún an 19 Feabhra 2020 dar teideal “Shaping Europe’s digital future” [Todhchaí dhigiteach na hEorpa a mhúnlú] (COM(2020)0067),

    ag féachaint do na teachtaireachtaí ón gCoimisiún an 10 Márta 2020 maidir le straitéis thionsclaíoch nua don Eoraip (COM(2020)0102) agus an 5 Bealtaine 2021 dar teideal “Updating the 2020 New Industrial Strategy: Building a stronger Single Market for Europe’s recovery” [Straitéis Tionsclaíochta Nua 2020 a nuashonrú: Margadh Aonair níos láidre a thógáil do théarnamh na hEorpa] (COM(2021)0350),

    ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 30 Meán Fómhair 2020 dar teideal “Digital Education Action Plan 2021-2027 – Resetting education and training for the digital age” [Plean Gníomhaíochta don Oideachas Digiteach 2021-2027 – Athshocrú a dhéanamh ar oideachas agus oiliúint don ré dhigiteach] (COM(2020)0624),

    ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 9 Márta 2021 dar teideal “2030 Digital Compass: the European way for the Digital Decade” [Compás Digiteach 2030: an modh Eorpach do na Deich mBliana Dhigiteacha] (COM(2021)0118),

    ag féachaint don togra le haghaidh cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Meán Fómhair 2021 lena mbunaítear an Clár Beartais Path to the Digital Decade’ [An Chonair i dtreor na nDeich mBliana Dhigiteacha] (COM(2021)0574),

    ag féachaint don staidéar ón gCoimisiún an 28 Iúil 2020 dar teideal “European enterprise survey on the use of technologies based on artificial intelligence” [Suirbhé fiontair Eorpach ar úsáid teicneolaíochtaí atá bunaithe ar an intleacht shaorga],

    ag féachaint don staidéar ón gCoimisiún an 26 Samhain 2020 dar teideal Energy-efficient cloud computing technologies and policies for an eco-friendly cloud market’ [Teicneolaíochtaí agus beartais néalríomhaireachta atá éifeachtúil ó thaobh fuinnimh de don néalríomhaireacht atá neamhdhíobhálach don chomhshaol],

    ag féachaint don tuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 19 Feabhra 2020 maidir le himpleachtaí sábháilteachta agus dliteanais na hIntleachta Saorga, idirlíon na rudaí nithiúla agus na róbataice (COM(2020)0064),

    ag féachaint do chonclúidí ón gComhairle an 22 Márta 2021 maidir le straitéis chibearshlándála an Aontais do na deich mbliana digiteacha,

    ag féachaint do thuarascáil ón nGrúpa Ardleibhéil Saineolaithe um an Intleacht Shaorga an 8 Aibreán 2019 dar teideal “Ethics guidelines for trustworthy AI” [Treoirlínte Eitice le haghaidh IS Iontaofa],

    ag féachaint do thuarascáil ón nGrúpa Ardleibhéil Saineolaithe um an Intleacht Shaorga an 8 Aibreán 2019 dar teideal “A definition of AI: main capabilities and disciplines” [Sainmhíniú ar IS: Príomhacmhainneachtaí agus Disciplíní],

    ag féachaint do thuarascáil ón nGrúpa Ardleibhéil Saineolaithe um an Intleacht Shaorga an 26 Meitheamh 2019 dar teideal “Policy and investment recommendations for trustworthy AI” [Moltaí beartais agus infheistíochta le haghaidh IS iontaofa],

    ag féachaint don fhoilseachán ó UNESCO ó mhí an Mhárta 2019 dar teideal “I’d blush if I could: closing gender divides in digital skills through education”,

    ag féachaint do thuarascáil Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha an 14 Nollaig 2020 dar teideal “Getting the future right – Artificial intelligence and fundamental rights” [An todhchaí a réiteach mar is ceart – an intleacht shaorga agus cearta bunúsacha],

    ag féachaint don mholadh ó Chomhairle na hEagraíochta um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (ECFE) maidir leis an intleacht shaorga an 22 Bealtaine 2019,

    ag féachaint d’ardán na Náisiún Aontaithe le haghaidh idirphlé maidir leis an intleacht shaorga: IS do Chruinniú Mullaigh Domhanda an Chéasta,

    ag féachaint dp Phrionsabail IS G20 an 9 Meitheamh 2019,

    ag féachaint don tuarascáil ón Eagraíocht Dhomhanda Sláinte an 28 Meitheamh 2021 maidir leis an intleacht shaorga i réimse na sláinte agus do shé cinn de theroirphrionsabail dá dearadh agus dá húsáid,

    ag féachaint don tuairim féintionscnaimh ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 31 Bealtaine 2017 dar teideal tee own-initiative opinion of 31 May 2017 entitled “Artificial Intelligence – The consequences of artificial intelligence on the (digital) single market, production, consumption, employment and society” [An Intleacht Shaorga – Tionchair na hintleachta saorga ar an margadh aonair (digiteach), táirgeadh, tomhaltas, fostaíocht agus an tsochaí] (11)’,

    ag féachaint do thuarascáil ón nGrúpa Saineolaithe ar Dhliteanais agus ar Nuatheicneolaíochtaí (Foghrúpa na Nuatheicneolaíochtaí) an 21 Samhain 2019 dar teideal “Liability for Artificial Intelligence and other emerging digital technologies” [Dliteanas don Intleacht Shaorga agus teicneolaíochtaí digiteacha eile atá ag teacht chun cinn],

    ag féachaint don fhoilseachán ón gCoiste Ad hoc um an Intleacht Shaorga (CAHAI) i gComhairle na hEorpa i mí na Nollag 2020 dar teideal “Towards Regulation of AI systems – Global perspectives on the development of a legal framework on Artificial Intelligence systems based on the Council of Europe’s standards on human rights, democracy and the rule of law” [I dtreo Rialáil na gcóras IS – Peirspictíochtaí domhanda maidir le creat dlíthiúil a fhorbairt i ndáil le córais intleachta saorga atá bunaithe ar chaighdeáin Chomhairle na hEorpa maidir le cearta an duine, leis an daonlathas agus leis an smacht reachta],

    ag féachaint do pháipéar oibre na hInstitiúide Ollscoile Eorpaí i mí Dheireadh Fómhair 2020 dar teideal “Models of Law and Regulation for AI” [Samhlacha Dlí agus Rialála don intleacht shaorga],

    ag féachaint don tuarascáil chomhpháirteach ó Trend Micro Research, ó Institiúid Idir-réigiúnach na Náisiún Aontaithe um Thaighde ar an gCoireacht agus um Cheartas agus ó Europol an 19 Samhain 2020 dar teideal “Malicious Uses and Abuses of Artificial Intelligence” [Úsáidí Mailíseacha agus Mí-Úsáid na hIntleachta Saorga],

    ag féachaint do na treoirlínte polaitiúla ón gCoimisiún le haghaidh 2019- 2024 dar teideal “A Union that strives for more: my agenda for Europe”[Aontas níos uaillmhianaí: An clár oibre agamsa don Eoraip],

    ag féachaint do bhreithiúnas ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh an 16 Iúil 2020 i gcás C-311/18 (Schrems II),

    ag féachaint dá rún an 16 Feabhra 2017 le moltaí don Choimisiún maidir le rialacha an dlí shibhialta i leith na róbataice (12),

    ag féachaint dá rún an 1 Meitheamh 2017 maidir le tionsclaíocht na hEorpa a dhigitiú (13),

    ag féachaint dá rún an 6 Deireadh Fómhair 2021 maidir le Creat Beartais an Aontais um Shábháilteacht ar Bhóithre 2021-2030 – Moltaí maidir leis na chéad chéimeanna eile i dtreo “Fís Nialais” (14),

    ag féachaint do rún uaithi an 12 Meán Fómhair 2018 maidir le córais arm uathrialaitheach (15),

    ag féachaint do rún uaithi an 12 Feabhra 2019 maidir le beartas tionsclaíoch cuimsitheach Eorpach i dtaca leis an intleacht shaorga agus an róbataic (16),

    ag féachaint do rún uaithi an 12 Feabhra 2020 dar teideal “Automated decision-making processes: ensuring consumer protection and free movement of goods and services” [Próisis chinnteoireachta uathoibríocha: cosaint tomhaltóirí agus saorghluaiseacht earraí agus seirbhísí a áirithiú] (17),

    ag féachaint do rún uaithi an 20 Deireadh Fómhair 2020 uaithi ina bhfuil moltaí don Choimisiún maidir le córas dliteanais shibhialta i leith na hintleachta saorga, (18),

    ag féachaint do rún uaithi an 20 Deireadh Fómhair 2020 ar chearta maoine intleachtúla d’fhorbairt teicneolaíochtaí na hintleachta saorga (19),

    ag féachaint do rún uaithi an 20 Deireadh Fómhair 2020 ina bhfuil moltaí don Choimisiún faoi chuimsiú gnéithe eitice den intleacht shaorga, den róbataic agus de theicneolaíochtaí gaolmhara (20),

    ag féachaint do rún uaithi an 20 Eanáir 2021 maidir leis an intleacht shaorga: ceisteanna i ndáil le léirmhíniú agus cur i bhfeidhm an dlí idirnáisiúnta a mhéid a dhéantar difear don Aontas i réimse na n-úsáidí sibhialta agus míleata agus an údaráis stáit lasmuigh de raon feidhme an cheartais choiriúil (21),

    ag féachaint do rún uaithi an 20 Bealtaine 2021 dar teideal “Shaping the digital future of Europe: removing barriers to the functioning of the digital single market and improving the use of AI for European consumers” [Todhchaí dhigiteach na hEorpa a mhúnlú: deireadh a chur le bacainní ar fheidhmiú an mhargaidh aonair dhigitigh agus feabhas a chur ar úsáid IS do thomhaltóirí Eorpacha] (22),

    ag féachaint do rún uaithi an 25 Márta 2021 maidir le straitéis Eorpach i ndáil le sonraí (23),

    ag féachaint do rún uaithi an 19 Bealtaine 2021 maidir leis an intleacht shaorga san oideachas, sa chultúr agus san earnáil chlosamhairc (24),

    ag féachaint do rún uaithi an 6 Deireadh Fómhair 2021 maidir leis an intleacht shaorga sa dlí coiriúil agus a húsáid ag údaráis phóilíneachta agus bhreithiúnacha in ábhair choiriúla (25).

    ag féachaint don staidéar a rinne an Ard-Stiúrthóireacht um Beartais Inmheánacha (AS IPOL) i mí an Mheithim 2021 dar teideal “Artificial Intelligence diplomacy – Artificial Intelligence governance as a new European Union external policy tool” [Taidhleoireacht na hintleachta saorga – rialachas na hintleachta saorga mar uirlis nua beartais sheachtraigh an Aontais Eorpaigh],

    ag féachaint do staidéar ó AS IPOL i mí na Bealtaine 2021 dar teideal “Challenges and limits of an open source approach to Artificial Intelligence” [Dúshláin agus teorainneacha cur chuige foinse oscailte i leith na hintleachta saorga],

    ag féachaint do staidéar ó DG IPOL i mí na Bealtaine 2021 dar teideal “Artificial Intelligence market and capital flows – AI and the financial sector at crossroads” [Margadh na hintleachta saorga agus sreafaí caipitil – uair na cinniúna don instleacht shaorga IS agus an earnáil an airgeadais],

    ag féachaint do staidéar ó AS IPOL i mí an Mheithimh 2021 dar teideal “Improving working conditions using Artificial Intelligence” [Feabhas a chur ar dhálaí oibre trí leas a bhaint as an Intleacht Shaorga],

    ag féachaint don staidéar ó AS IPOL i mí na Bealtaine 2021 dar teideal “The role of Artificial Intelligence in the European Green Deal” [Ról na hintleachta saorga sa Chomhaontú Glas don Eoraip],

    ag féachaint do staidéar ó AS IPOL i mí Iúil 2021 dar teideal “Artificial Intelligence in smart cities and urban mobility” [An Intleacht Shaorga i gcathracha cliste agus soghluaisteacht uirbeach],

    ag féachaint do staidéar ó AS IPOL i mí Iúil 2021 dar teideal “Artificial Intelligence and public services” [An Intleacht Shaorga agus Seirbhísí poiblí],

    ag féachaint do staidéar ó DG IPOL i mí Iúil 2021 dar teideal “European Union data challenge” [Dúshlán sonraí an Aontais Eorpaigh],

    ag féachaint do staidéar ó AS IPOL i mí an Mheithimh 2020 dar teideal “Opportunities of Artificial Intelligence” [Na Deiseanna a bhaineann leis an Intleacht Shaorga],

    ag féachaint do staidéar ó AS IPOL i mí Dheireadh Fómhair 2021 dar teideal “Europe’s Digital Decade and Autonomy” Deich mBliana Digiteacha agus Neamhspleáchas Digiteach na hEorpa],

    ag féachaint do staidéar ó AS IPOL i mí Eanáir 2022 dar teideal “Identification and assessment of existing and draft EU legislation in the digital field” [An reachtaíocht atá ann cheana agus dréacht-reachtaíocht an Aontais sa réimse digiteach a shainaithint agus a mheasúnú],

    ag féachaint do staidéar ó Sheirbhís Taighde Pharlaimint na hEorpa (EPRS) i mí Mheán Fómhair 2020 dar teideal “Civil liability regime for artificial intelligence – European added value assessment” [An córas dliteanais shibhialta le haghaidh na hintleachta saorga – measúnú ar bhreisluach Eorpach],

    ag féachaint do staidéar ó Aonad um Réamhamharc Eolaíoch de chuid EPRS i mí na Nollag 2020 dar teideal “Data subjects, digital surveillance, AI and the future of work” [Ábhair sonraí, faireachas digiteach, intleacht shaorga agus todhchaí na hoibre],

    ag féachaint do staidéar ó EPRS i mí Mheán Fómhair 2020 dar teideal “European framework on ethical aspects of artificial intelligence, robotics and related technologies” [Creat Eorpach maidir le gnéithe eiticiúla na hintleachta saorga, na róbataice agus na dteicneolaíochtaí gaolmhara],

    ag féachaint do staidéar ó EPRS i mí an mhárta 2020 dar teideal “The ethics of artificial intelligence: Issues and initiatives” 'Eitic na hintleachta saorga: Saincheisteanna agus tionscnaimh],

    ag féachaint do staidéar ó EPRS i mí an Mheithimh 2020 dar teideal “Artificial Intelligence: How does it work, why does it matter, and what can we do about it?” [An Intleacht Shaorga: Conas a oibríonn sí, cén fáth a bhfuil sí tábhachtach agus céard is féidir linn a dhéanamh faoi?],

    ag féachaint do staidéar ó EPRS i mí Iúil 2020 dar teideal “Artificial Intelligence and Law enforcement – Impact on Fundamental Rights” [An Intleacht Shaorga agus Forfheidhmiú an Dlí – Tionchar ar Chearta Bunúsacha],

    ag féachaint do staidéar ó EPRS i mí an Mheithimh 2020 dar teideal “The impact of the General Data Protection Regulation (GDPR) on artificial intelligence” [Tionchar an Rialacháin Ghinearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS) ar an intleacht shaorga],

    ag féachaint do staidéar ó EPRS i mí Aibreáin 2020 dar teideal “The White Paper on Artificial Intelligence” [An Páipéar Bán maidir leis an Intleacht Shaorga],

    ag féachaint do thuarascáil ó EPRS í mí Mheán Fómhair 2021 dar teideal “Protecting civic space in the EU” [Spás na sochaí sibhialta san Aontas a chosaint],

    ag féachaint do staidéar ó EPRS i mí Feabhra 2021 dar teideal “The future of work: Trends, challenges and potential initiatives” [Todhchaí na hoibre: Treochtaí, dúshláin agus tionscnaimh a d’fhéadfadh a bheith ann],

    ag féachaint do staidéar ó EPRS i mí an Mheithimh 2021 dar teideal “Robo-advisors: How they are fit in the existing regulatory framework”, in particular with regard to investor protection?’ [Róba-chomhairleoirí: Conas atá siad ag teacht le creat rialála an Aontais atá ann cheana, go háirithe maidir le cosaint infheisteoirí?],

    ag féachaint do staidéar ó EPRS i mí Mheán Fómhair 2021 dar teideal “China’s ambitions in artificial intelligence” [Uaillmhianta na Síne san intleacht shaorga],

    ag féachaint do staidéar ó EPRS i mí an Mheithimh 2021 dar teideal “What if we chose new metaphors for artificial intelligence?” [Céard a tharlóidh má roghaímid meafair nua le haghaidh na hintleachta saorga?],

    ag féachaint do staidéar ó EPRS in Eanáir 2018 dar teideal “Understanding artificial intelligence” [An intleacht shaorga a thuiscint],

    ag féachaint do staidéar ó EPRS i mí Iúil 2021 dar teideal “Tackling deepfakes in European policy” [Dul i ngleic le domhainbhrionnú i mbeartas Eorpach],

    ag féachaint do pháipéar oibre an Choiste Speisialta um Intleacht Shaorga in Ré Dhigiteach (AIDA) i mí Feabhra 2021 dar teideal “Artificial Intelligence and Health” An Intleacht Shaorga agus Sláinte],

    ag féachaint do pháipéar oibre AIDA i mí an Mhárta 2021 dar teideal “Artificial Intelligence and the Green Deal” [An Intleacht Shaorga agus an Comhaontú Glas],

    ag féachaint do pháipéar oibre AIDA i mí an Mhárta 2021 dar teideal “The External Policy Dimensions of AI”“Gnéithe Beartais Eachtraigh IS”,

    ag féachaint do pháipéar oibre AIDA í mí Bealtaine 2021 dar teideal “AI and Competitiveness” [IS agus Iomaíochas],

    ag féachaint do pháipéar oibre AIDA í mí an Mheithimh 2021 dar teideal “AI and the Future of Democracy” [IS agus Todhchaí an Daonlathais],

    ag féachaint do pháipéar oibre AIDA i mí an Mheithimh 2021 maidir le “AI agus an Margadh Saothair”,

    ag féachaint do Riail 54 dá Rialacha Nós Imeachta,

    ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste Speisialta um Intleacht Shaorga in Ré Dhigiteach (A9-0088/2022),

    1.    Réamhrá

    1.

    ag tabhairt dá haire go bhfuil an domhan ar tí tús a chur leis an gceathrú réabhlóid thionsclaíoch; á chur i bhfios, i gcomparáid leis na trí réabhlóid roimhe seo, a tionscnaíodh trí ghal, leictreachas agus ansin ríomhairí a thabhairt isteach, go dtarraingíonn an ceathrú tonn a chuid fuinnimh ó fhlúirse sonraí agus ó algartaim chumhachtacha agus cumas ríomhaireachta; á chur i bhfáth go bhfuil réabhlóid dhigiteach an lae inniu múnlaithe de bharr a scála dhomhanda, cóineasú gasta, agus thionchar ollmhór na bhforbairtí teicneolaíochta atá ag teacht chun cinn ar stáit, ar gheilleagair, ar shochaithe, ar chaidreamh idirnáisiúnta agus ar an gcomhshaol; á aithint go bhfuil tionchar éagsúil ag athrú radacach ar an scála sin ar chodanna éagsúla den tsochaí, ag brath ar na cuspóirí atá acu, ar an suíomh geografach nó ar an gcomhthéacs socheacnamaíoch; ag cur béim ar an bhfíoras nach mór an t-aistriú digiteach a mhúnlú agus lánurraim á tabhairt do chearta bunúsacha agus ar bhealach lena bhfreastalódh teicneolaíochtaí digiteacha ar an gcine daonna;

    2.

    á thabhairt faoi deara gur spreag an réabhlóid dhigiteach, ag an am céanna, iomaíocht dhomhanda mar thoradh ar an luach eacnamaíoch ollmhór agus na cumais theicneolaíocha atá tar éis teacht chun cinn i ngeilleagair a chuireann an méid is mó acmhainní ar fáil do thaighde, d’fhorbairt agus do mhargú na bhfeidhmeanna intleachta saorga (IS); ag tabhairt dá haire go bhfuil an t-iomaíochas digiteach agus an neamhspleáchas straitéiseach oscailte ina phríomhchuspóir beartais i roinnt tíortha; á chur i bhfáth go bhfuil méadú ag teacht ar an tuiscint i measc lucht cinnteoireachta go bhféadfadh teicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn difear a dhéanamh do stádas cumhachta geopholaitiúil tíre iomláine;

    3.

    á chur i bhfios go bhfuil an Eoraip, a leag caighdeáin idirnáisiúnta síos ar feadh na gcéadta blianta, a bhí ina ceannaire teicneolaíoch agus a bhí chun tosaigh sa mhonaraíocht ardleibhéil san imscaradh, tar éis titim ar gcúl, go bhfuil sí ag forbairt agus ag infheistiú i bhfad níos lú ná geilleagair amhail na Stáit Aontaithe nó an tSín sa mhargadh digiteach, cé go bhfuil sí réasúnta iomaíoch fós in aschur taighde téamach IS; á aithint go bhfuil baol ann go ndéanfar imeallú ar ghníomhaithe Eorpacha i gcaighdeáin dhomhanda a fhorbairt agus sa dul chun cinn sa teicneolaíocht agus go dtabharfar dúshlán luachanna Eorpacha;

    4.

    á thabhairt chun suntais, ar an gcéad dul síos, gur ionstraim chúblála agus mhí-úsáide iad uirlisí digiteacha i lámha roinnt gníomhaithe corparáideacha agus i lámha rialtas uathlathach chun an bonn a bhaint ó chórais pholaitiúla dhaonlathacha, rud a d’fhéadfadh a bheith ina chúis le haighneas idir córais pholaitiúla; á mhíniú go dtugann an spiaireacht dhigiteach, an sabaitéireacht, an chogaíocht ar scála íseal agus feachtais bhréagaisnéise dúshlán do shochaithe daonlathacha;

    5.

    á chur i bhfáth go bhfágann cineál na samhlacha gnó digiteacha gur féidir mórchéimeanna inscálaitheachta agus éifeachtaí gréasáin a bheith ann; á chur i bhfios go bhfuil, i go leor margaí digiteacha, comhchruinniú margaidh, rud a thugann deis do líon beag ardán teicneolaíochta, a bhfuil a bhformhór bunaithe faoi láthair sna Sáit Aontaithe, a bheith ina gceannródaithe ar nuálaíochtaí ceannródaíocha teicneolaíochta, a mheallann na smaointe, an tallann agus na cuideachtaí is fearr agus a bhaineann brabúsacht neamhghnách amach; ag tabhairt rabhadh gur dócha go leathnófar suíomhanna ceannasacha margaidh sa gheilleagar sonraíbhunaithe isteach sa gheilleagar IS atá ag teacht chun cinn; á chur i bhfios nach bhfuil ach ocht gcinn de na 200 cuideachta dhigiteach is fearr sa lá atá inniu ann lonnaithe san Aontas Eorpach; á chur i bhfáth go bhfuil sé ríthábhachtach fíormhargadh aonair digiteach a thabhairt chun críche i ndáil leis an méid sin;

    6.

    ag cur béim ar an bhfíoras, mar thoradh air sin, go bhfuil an iomaíocht dhomhanda le haghaidh ceannaireacht teicneolaíochta ina thosaíocht san Aontas; á chur i bhfáth, mura ngníomhóidh an tAontas go tapa agus go misniúil, go mbeidh air rialacha agus caighdeáin a leagtar síos ag daoine eile a leanúint agus go bhfuil an baol ann go mbeadh éifeachtaí díobhálacha aige ar an gcobhsaíocht pholaitiúil, ar an tslándáil shóisialta, ar chearta bunúsacha, ar shaoirsí aonair agus ar an iomaíochas eacnamaíoch;

    7.

    á áitiú go bhfuil IS ar cheann de na príomhtheicneolaíochtaí éiritheacha laistigh den cheathrú réabhlóid thionsclaíoch; ag tabhairt dá haire go bhfuil sé de chumhacht ag IS an geilleagar digiteach a spreagadh, mar go gceadaítear léi táirgí agus seirbhísí nuálacha a thabhairt isteach, chun rogha tomhaltóirí a mhéadú agus gur féidir leis na próisis táirgthe a dhéanamh níos éifeachtúla; ag sonrú go bhfuiltear ag súil go gcuirfidh an intleacht shaorga níos mó ná EUR 11 trilliún leis an ngeilleagar domhanda faoi 2030; á chur i bhfáth, ag an am céanna, go laghdaíonn teicneolaíochtaí intleachta saorga gníomhú dhaonna; á thabhairt chun suntais gur cheart go leanfadh IS de bheith ina teicneolaíocht atá dírithe ar an duine, go lenfadh sí de bheith iontaofa agus nár cheart go ngabhfadh sí ionad neamhspleáchas an duine agus nár cheart go gcaillfí saoirse an duine aonair dá bharr; á chur i bhfáth gur gá a áirithiú go mbeidh an ceathrú réabhlóid thionsclaíoch seo cuimsitheach agus nach bhfágfar aon duine ar lár;

    8.

    á mholadh go bhfuil iomaíocht dhomhanda ann do cheannaireacht IS; á chur i bhfios go ngeallann teicneolaíochtaí intleachta saorga go gcuirfear luach ollmhór eacnamaíoch ar fáil do na geilleagair sin a fhorbraíonn, a tháirgeann agus a ghlacann na teicneolaíochtaí sin go brabúsach, agus do na tíortha sin ina gcruthaítear luach den sórt sin; á chur i bhfios go láidir nach teicneolaíocht uilechumhachtach í an intleacht shaorga, ach gur sraith éifeachtúil uirlisí agus teicnící í a fhéadfar a chur chun tairbhe don tsochaí; á mhíniú go mbraitheann an chaoi a bhfeidhmíonn teicneolaíochtaí ar an gcaoi a ndearaimid iad; á chur i bhfios gur dhearbhaigh an tAontas go bhfuil sé ar intinn aige a bheith ina cheannródaí agus creat rialála a bhunu maidir leis an intleacht shaorga; á chur i bhfáth, mar sin féin, go bhfuil sé ríthábhachtach go mbeadh an tAontas in ann an cur chuige rialála a shainiú, lena n-áirítear cearta agus saoirsí bunúsacha a chosaint, agus gníomhú mar shraith dhomhanda caighdeán; á chur i bhfáth, dá bhrí sin, a thábhachtaí atá iomaíochas Eorpach san intleacht shaorga agus cumas an Aontais an timpeallacht rialála a mhúnlú ar an leibhéal idirnáisiúnta; á chur i bhfáth go bhféadfadh rioscaí aonair agus sochaíocha eascairt ó úsáid áirithe a bheith á baint as an intleacht shaorga, ar rioscaí iad a d’fhéadfadh cearta bunúsacha a chur i mbaol agus gur cheart, dá bhrí sin, do lucht déanta beartas aghaidh a thabhairt orthu, agus ar an gcaoi sin go bhféadfadh IS a bheith ina hionstraim lena bhfreastalaítear ar dhaoine agus ar an tsochaí, lena saothrófar an leas coiteann agus an leas ginearálta;

    9.

    ag tabhairt dá haire go bhfuil gá le creat soiléir rialála, tiomantas polaitiúil agus meon níos réamhbhreathnaithí, nach bhfuil le sonrú rómhinic faoi láthair, ionas go n-éireoidh le gníomhaithe Eorpacha sa ré dhigiteach agus go mbeidh siad ina gceannairí teicneolaíochta san intleacht shaorga; á chur in iúl gurb í a conclúid, bunaithe ar an gcur chuige sin, gur féidir le saoránaigh agus gnólachtaí an Aontais araon tairbhe a bhaint as an intleacht shaorga agus as an deis iontach a chuireann sí ar fáil chun borradh a chur faoin iomaíochas, lena n-áirítear i ndáil le rathúnas agus folláine; á chur i bhfios go láidir nach mór creataí rialála a mhúnlú ar bhealach nach bhforchuirfí bacainní gan údar leo chun cosc a chur ar ghníomhaithe Eorpacha a bheith rathúil sa ré dhigiteach, go háirithe do ghnólachtaí nuathionscanta agus d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna); á thabhairt chun suntais gur cheart infheistíochtaí príobháideacha agus poiblí a mhéadú go suntasach chun timpeallacht a chruthú ina dtagann níos mó scéalta ratha Eorpacha chun cinn agus ina bhforbraítear níos mó an mór-roinn seo againne;

    10.

    á thabhairt chun suntais go bhfuil dul chun cinn mear na teicneolaíochta arna thabhairt isteach ag an intleacht shaorga ag éirí níos dofhuascailte ó fhormhór na réimsí gníomhaíochta daonna agus go mbeidh tionchar aige freisin ar shlite beatha gach duine nach bhfuil na scileanna acu chun iad a oiriúnú go tapa go leor do na teicneolaíochtaí nua sin; á chur i bhfios, cé gur féidir, tríd an litearthacht dhigiteach a bhaint amach trí uasoiliúint agus athoiliúint, cabhrú chun aghaidh a thabhairt ar go leor de na hábhair imní shocheacnamaíocha a eascraíonn astu, ba cheart aghaidh a thabhairt ar na tionchair sin freisin i gcomhthéacs na gcóras leasa shóisialta, an bhonneagair uirbigh agus tuaithe, agus na bpróiseas daonlathach;

    11.

    ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil gá le cearta, cuspóirí agus leasanna na mban agus na bpobal mionlaigh a léiriú san aistriú digiteach; á thabhairt chun suntais, sa chomhthéacs sin, nach ndearna mná suas ach 22 % de ghairmithe domhanda IS in 2018, fadhb nach bhfónann ach chun steiréitíopaí agus claontacht a bhuanú agus a bhuanú; á aithint go bhfuil gá leis na cearta chun comhionannais os comhair an dlí, an phríobháideacht, an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh, agus rannpháirtíocht sa saol cultúrtha agus polaitiúil a chaomhnú agus teicneolaíochtaí intleachta saorga á n-úsáid, go háirithe do phobail mhionlaigh;

    2.    Deiseanna, rioscaí agus bacainní a d’fhéadfadh a bheith ann maidir le húsáid IS: sé chás-staidéar a scrúdaigh Coiste AIDA

    12.

    ag meabhrú go bhfuil IS bunaithe ar bhogearraí lena n-úsáidtear samhlacha dóchúlaíocha agus réamh-mheas algartamach do shraith cuspóirí sonracha; á chur i bhfios gur scáththéarma é an téarma IS lena gcumhdaítear raon leathan teicneolaíochtaí, teicnící agus cineálacha cur chuige, idir shean agus nua, ar fearr an tuiscint atá orthu mar “chórais faisnéise saorga”, a thagraíonn d’aon chórais mheaisínbhunaithe ar minic gur beag an méid a bhíonn i gcoiteann acu ná mar a bhíonn á threorú ag sraith áirithe cuspóirí atá sainithe ag an duine, a bhfuil leibhéil éagsúla neamhspleáchais acu ina gcuid gníomhaíochtaí, agus a fheidhmíonn ag úsáid réamh-mheastachán, moltaí nó modhanna cinnteoireachta atá bunaithe ar shonraí atá ar fáil; ag tabhairt dá haire cé go bhfuil roinnt de na teicneolaíochtaí sin in úsáid go forleathan cheana féin, tá cinn eile fós á bhforbairt nó cinne eile nach bhfuil iontu ach coincheapa tuairimeacha fiú a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo;

    13.

    á chur i bhfios go bhfuil difríocht shuntasach idir intleacht shaorga shiombalach, an príomh-chur chuige i leith IS ó na 1950idí go dtí na 1990idí, agus meaisínfhoghlaim, agus IS sonraí-tiomáinte, arb í is mó a bhí i réim ó na 2000idí i leith; á shoiléiriú gur forbraíodh IS le linn an chéad rabharta trí eolas agus taithí saineolaithe a ionchódú isteach i sraith rialacha a chuir meaisín i gcrích an tráth sin;

    14.

    ag tabhairt dá haire, sa dara rabharta, go bhfuil próisis foghlama uathoibrithe algartaim bunaithe ar phróiseáil méideanna móra sonraí, an cumas ionchuir a thabhairt le chéile ó iliomad foinsí éagsúla agus léiriú casta a dhéanamh ar thimpeallacht ar leith, agus patrúin a shainaithint ina bhfuil córais IS níos casta, níos uathrialaithí agus níos teimhneacha, rud ar féidir le torthaí nach féidir a mhíniú go héacsa eascairt uaidh; á chur i bhfáth, dá bhrí sin, gur féidir an intleacht shaorga atá ann faoi láthair a mhiondealú i roinnt mhaith fofhearann agus teicnící éagsúla, cé go bhfuil an domhainfhoghlaim, mar shampla, ina fo-réimse den mhaisínfhoghlaim, ar fo-réimse í de IS;

    15.

    ag tabhairt dá haire cé go bhfuil IS an lae inniu tar éis éirí i bhfad níos éifeachtaí agus níos cumhachtaí ná intleacht shaorga shiombalach, a bhuí leis na méaduithe suntasacha i gcumais ríomhaireachta, ní féidir léi fós ach tascanna atá sainithe go soiléir a réiteach i nideoga a bhaineann go sonrach le réimse ar leith amhail ficheall nó aithint íomhánna agus nach bhfuil a ríomhchlárú deartha chun na gníomhaíochtaí a dhéanann an córas IS a aithint go hiomlán; á thabhairt chun suntais nach bhfuil “intleacht” sa chiall dhaonna ag córais IS – murab ionann agus an méid a thugann a n-ainm le fios; á chur i bhfios, dá bhrí sin, go dtagraítear di mar AI “cúng” nó “lag” agus nach bhfuil inti fós níos ach uirlis lena soláthraítear moltaí agus réamh-mheastacháin; ag tabhairt dá haire, mar shampla, go n-oibríonn carranna féintiomána trí chomhcheangal de chórais éagsúla IS aontaisc a bhfuil ar a gcumas, le chéile, léarscáil tríthoiseach de thimpeallú na feithicle a chur ar fáil chun go bhféadfaidh a chóras oibriúcháin cinntí a dhéanamh;

    16.

    á thabhairt chun suntais go bhfuil go leor cúiseanna imní a bhaineann leis an intleacht shaorga bunaithe ar choincheapa teoiriciúila amhail intleacht shaorga ghinearálta, sárintiúlacht shaorga agus sainiúlacht lena bhféadfadh, go teoiriciúil, an intleacht shaorga feidhmiú níos fearr ná intleacht an duine i roinnt mhaith réimsí; á chur i bhfáth go bhfuil amhras ann an féidir an intleacht shaorga tuairimeach sin a bhaint amach fiú lenár dteicneolaíochtaí agus lenár ndlíthe eolaíocha; á chreidiúint, mar sin féin, nach mór do na reachtóirí aghaidh a thabhairt ar na rioscaí atá ag baint le cinnteoireacht IS-bhunaithe faoi láthair toisc go bhfuil sé soiléir go follasach go bhfuil éifeachtaí díobhálacha amhail idirdhealú ciníoch agus gnéis inchurtha cheana féin i leith cásanna áirithe inar imscaradh IS gan choimircí;

    17.

    á chur i bhfios go láidir go mbaineann riosca íseal le formhór na gcóras IS atá in úsáid faoi láthair; ag tagairt, mar shampla, d’aistriúchán uathoibríoch, “Meaisíní Eureka”, meaisíní cearrbhachais agus róbait a dhéanann próisis atriallacha monaraíochta; á chur in iúl gurb í a conclúid gur féidir roinnt cásanna úsáide a aicmiú mar chásanna contúirteacha agus go bhfuil gá le gníomh rialála agus le coimircí éifeachtacha i gcásanna den sórt sin, mura bhfuil siad i bhfeidhm cheana féin;

    18.

    ag moladh go mbeadh díospóireacht phoiblí ann maidir le conas acmhainneacht ollmhór na hintleachta saorga atá bunaithe ar luachanna bunúsacha Eorpacha a fhiosrú, ar bhonn phrionsabail na trédhearcachta, na hinmhínitheachta, na cothroime, na cuntasachta, na freagrachta agus na hiontaofachta, chomh maith leis an bprionsabal gur cheart go mbeadh an intleacht shaorga agus an róbataic dírithe ar an duine agus gur cheart iad a fhorbairt chun gníomhaíocht an duine a chomhlánú; á chur i bhfáth, i líon suntasach réimsí de shaol an duine, idir inbhuanaitheacht agus chúram sláinte, gur féidir leis an intleacht shaorga tairbhí a chur ar fáil mar uirlis chúnta d’úsáideoirí agus do ghairmithe, rud a mhéadaíonn cumas an duine gan bac a chur ar a gcumas gníomhú gan bhac agus cinneadh a dhéanamh; á chur i bhfáth gur cheart prionsabail agus ceanglais eiticiúla na hintleachta saorga a chomhaontaítear a chur i bhfeidhm i ngach réimse den chur i bhfeidhm na hintleachta saorga, ag tógáil ar na coimircí is gá, rud a mhéadóidh muinín na saoránach, agus ar an gcaoi sin lena mbainfidh siad tairbhe as an intleacht shaorga;

    19.

    á chur i bhfios go láidir go n-athraíonn leibhéal an riosca a bhaineann le hiarratas IS ar leith go mór ag brath ar dhóchúlacht agus ar dhéine an dochair; á thabhairt chun suntais, dá bhrí sin, gur cheart na ceanglais dhlíthiúla a choigeartú chuige sin, i gcomhréir le cur chuige rioscabhunaithe agus aird chuí á tabhairt, i gcás ina bhfuil bonn cirt leis, ar phrionsabal an réamhchúraim; á chur i bhfáth, i gcásanna reatha nó i gcásanna a bheidh ann amach anseo, lena mbaineann ardriosca do chearta bunúsacha agus do chearta an duine leis na córais intleachta saorga, go bhfuil gá le maoirseacht iomlán ar an duine agus le hidirghabháil rialála agus, i bhfianaise luas na forbartha teicneolaíche, gur gá rialáil a dhéanamh le haghaidh córais intleachta saorga ardriosca a bheith solúbtha agus oiriúnaithe don todhchaí;

    20.

    á léiriú go dtugtar aghaidh go mion sa tuarascáil seo ar shé chás-staidéar IS, ina dtugtar breac-chuntas ar na deiseanna a chuireann IS ar fáil san earnáil faoi seach, ar na rioscaí a bhfuil aghaidh le tabhairt orthu agus ar na bacainní lena gcuirtear cosc ar an Eoraip leas iomlán a bhaint as na tairbhí a bhaineann le hintleacht shaorga; á thabhairt chun suntais go léirítear sna cás-staidéir roinnt de na cásanna úsáide IS is tábhachtaí sa lá atá inniu ann agus, ag an am céanna, go léiríonn siad roinnt de phríomhábhair na n-éisteachtaí poiblí a thionóil Coiste AIDA le linn a shainordaithe, eadhon sláinte, an Comhaontú Glas, beartas seachtrach agus slándáil, iomaíochas, todhchaí an daonlathais agus mhargadh an tsaothair;

    (a)   IS agus sláinte

    21.

    á chur in iúl go bhfeictear di gur féidir leis an anailís mhodheolaíoch ar mhéideanna móra sonraí, lena n-áirítear tríd an intleacht shaorga, teacht ar réitigh nua nó feabhas a chur ar theicnící reatha san earnáil sláinte a d’fhéadfadh dlús mór a chur le taighde eolaíoch, beatha daoine a shábháil agus cúram othar a fheabhsú trí chóireálacha nuálacha agus diagnóis níos fearr a chur ar fáil agus timpeallachtaí tacúla a chothú do stíleanna maireachtála sláintiúla; á thabhairt chun suntais gur féidir le córais IS cuidiú freisin le hinrochtaineacht, athléimneacht agus inbhuanaitheacht na gcóras sláinte, agus ag an am céanna buntáiste iomaíoch a thabhairt d’earnálacha Eorpacha TFC agus cúraim sláinte má dhéantar na rioscaí bunúsacha a bhainistiú go hiomchuí;

    22.

    á thabhairt chun suntais gur cheart úsáid IS in earnáil na sláinte a bheith fréamhaithe i gceanglais eiticiúla láidre amhail rochtain chothrom ar chúram sláinte, príobháideachas, dliteanas, trédhearcacht, inmhínitheacht, iontaofacht, cuimsitheacht agus inléiritheacht tacar sonraí, agus maoirseacht leanúnach dhaonna; á chur i bhfáth nach mór, le dearadh córas atá bunaithe ar an intleacht shaorga, aghaidh a thabhairt ar an riosca go ndéanfar acmhainní a leithdháileadh go mícheart ar dhaoine aonair bunaithe ar chatagóiriú lochtach nó claonta, teicneolaíocht tosaíochta nó teicneolaíocht mhífheidhmiúil, as a n-eascraíonn mídhiagnóis, drochíde nó gan cóireáil a dhéanamh ar chor ar bith; á chreidiúint gur cheart feidhm a bheith ag na caighdeáin eiticiúla is airde maidir le gach feidhm cúraim sláinte agus gur cheart rialacha eiticiúla a bhunú ag céim an-luath ina bhforbairt agus ina ndearadh, i.e. eitic trí dhearadh; á chur i bhfios go láidir go bhféadfadh baol a bheith ann d’fholláine agus do chearta bunúsacha na n-othar leis an gcinnteoireacht uathoibrithe in iarratais cúraim sláinte agus á chur i bhfáth nach mór, dá bhrí sin, ról tacaíochta a bheith ag IS sa chúram sláinte, agus gur cheart maoirseacht ghairmiúil ar an duine a choimeád i gcónaí; á iarraidh go gcaomhnódh IS i ndiagnóis leighis i gcórais sláinte poiblí an caidreamh idir dochtúir an othair agus a bheith comhsheasmhach leis an mionn Hipeacraitéach i gcónaí; ag tabhairt dá haire, áfach, go gcuireann IS feabhas ar chruinneas an scagtha agus go bhfuil diagnóisí IS ag feidhmiú níos fearr cheanqa féin ná diagnóisí na ndochtúirí i roinnt cásanna; á chur in iúl go bhfeictear di nach dtugann na creataí dliteanais atá ann cheana deimhneacht dhlíthiúil leordhóthanach agus nach gcumhdaíonn siad ceart na n-othar chun sásaimh dhlíthiúil i gcás ina ndeantar mídhiagnóis agus cóireáil mhícheart trí intleacht shaorga; á chur in iúl gur geal léi, i ndáil leis an méid sin, an togra reachtach maidir le dliteanas IS; ag tabhairt dá haire go bhfuil sé tábhachtach gairmithe sláinte mar úsáideoirí córais intleachta saorga a chosaint, chomh maith le hothair mar fhaighteoirí deiridh, agus faisnéis leordhóthanach agus thrédhearcach a chur ar fáil dóibh;

    23.

    á chur i bhfios go láidir go bhfuil réitigh IS-bhunaithe á n-úsáid nó á dtástáil cheana féin i suímh chliniciúla agus é mar aidhm leo tacú le diagnóis, le prognóis, le cóireáil agus le rannpháirtíocht na n-othar, agus ar an gcaoi sin dlús a chur leis an gcóireáil agus feabhas a chur uirthi agus idirghabhálacha nach bhfuil gá leo a laghdú; ag tabhairt dá haire, ina theannta sin, gur féidir le hintleacht shaorga feabhas a chur ar leigheas pearsantaithe agus ar chúram othar; ag tabhairt dá haire go gcumhdaítear raon leathan réimsí sláinte faoi láthair leis an intleacht shaorga, lena n-áirítear sláinte phoiblí, seirbhísí cúraim, féinchúram agus córais sláinte; á thabhairt chun suntais go bhfuil ról tábhachtach ag na sonraí; á chur in iúl go bhfeictear di go bhfuil feidhmchláir a bhfuil gealladh fúthu le haghaidh IS chun faisnéis a asbhaint as íomhánna agus as feistí leighis eile chun bonn eolais a chur faoi anailís iartheachtach agus ag tabhairt dá haire gur féidir le halgartaim domhainfhoghlama léim chainníochtúil a bhaint amach i dtascanna cliniciúla éagsúla;

    24.

    á thabhairt chun suntais gur féidir teicneolaíochtaí intleachta saorga a chur i bhfeidhm maidir le taighde, forbairt agus olltáirgeadh cógas agus go bhfuil sé d’acmhainn acu dlús a chur le forbairt drugaí, cóireálacha agus vacsaíní nua ar chostas níos ísle; á chur in iúl go bhfeictear di gur féidir le IS cabhrú chun toradh na bhfreagairtí ar chóireálacha a thuar agus gur féidir léi cur ar chumas dochtúirí straitéisí teiripeacha a choigeartú i gcomhréir le saintréithe géiniteacha nó fiseolaíocha aonair le leibhéil chruinnis mhéadaitheacha nuair atá siad bunaithe ar shonraí ardcháilíochta agus ar thoimhdí fónta, rud a mhéadaíonn éifeachtacht an chúraim choiscthigh, ar choinníoll go gcomhlíontar na ceanglais eiticiúla uile maidir le maoirseacht ghairmiúil ar bhailíochtú cliniciúil, príobháideachas, cosaint sonraí agus toiliú feasach; ag tabhairt dá haire gur féidir anailís a dhéanamh ar mhórshonraí sláinte le cúnamh IS chun dlús a chur le próiseáil na sonraí sin; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé a áirithiú go mbeidh an ríomhaireacht ardfheidhmíochta idir-inoibritheach leis an intleacht shaorga, mar go mbraitheann mórearnálacha eacnamaíocha, lena n-áirítear monaraíocht, sláinte agus cógaisíocht, ar ríomhaireacht ardfheidhmíochta;

    25.

    á chur i bhfios go láidir go bhfuil sé d’acmhainn ag réitigh IS-bhunaithe cóireálacha agus forbairt drugaí a chur in oiriúint do riachtanais shonracha na n-othar agus feabhas a chur ar an rannpháirtíocht le geallsealbhóirí agus le rannpháirtithe sa chóras cúraim sláinte; á chur in iúl go bhfeictear di go dtacaíonn IS agus rochtain ar thacair sonraí ábhartha, nuashonraithe agus ionadaíocha, a bhfuil anaithnidiú agus cáilíocht ard acu, i gcomhréir le rialacha an Aontais maidir le cosaint sonraí pearsanta, le gairmithe cúraim sláinte chun cabhrú leo cúram níos fearr a chur ar fáil dá n-othair agus aiseolas, treoir agus tacaíocht níos pearsanta a chur ar fáil, sábháilteacht othar a chur chun cinn agus teiripe a dhéanamh níos éifeachtaí; á thabhairt chun suntais go bhféadfadh sé sin a bheith an-úsáideach ó thaobh an chorpais eolais eolaíoch atá ag dul i méid a roghnú agus a athbhreithniú ar mhaithe le léargais ábhartha a bhaint amach do ghairmithe sláinte; á thabhairt chun suntais gur cheart go mbeadh saoránaigh ó na Ballstáit go léir in ann a sonraí sláinte a roinnt lena rogha soláthraithe cúraim sláinte agus húdaráis; á chur i bhfios go láidir, i ndáil leis an méid sin, gur gá dreasachtaí a chruthú don uas-sciliú, athoiliúint agus seach-sciliú d’oibrithe i ngairmeacha sláinte;

    26.

    á chur in iúl go bhfeictear di go bhfuil dlús curtha ag an gcomhrac i gcoinne COVID-19 le taighde ar theicneolaíochtaí nua agus le cur in úsáid teicneolaíochtaí nua, go háirithe feidhmeanna IS, ar mhaithe le feabhas a chur ar bhrath cásanna, ar chúram cliniciúil agus ar thaighde teiripeach, agus gur leagadh béim ar úsáideacht na hintleachta saorga chomh maith leis an tábhacht a bhaineann le cistiú agus sonraí ardcháilíochta chun faireachán éifeachtúil a dhéanamh ar leathadh ráigeanna galar tógálach agus chun leathadh ráigeanna galar tógálach a shamhaltú, i gcomhréir leis an dlí maidir le cosaint sonraí; ag tabhairt dá haire, áfach, gur léiríodh leis an taithí a fuarthas ar fheidhmchláir IS le linn COVID-19 roinnt de na teorainneacha atá le húsáid na hintleachta saorga i diagnóisic leighis (26);

    27.

    á thabhairt chun suntais go bhfuil acmhainneacht ag baint le córais intleachta saorga chun an t-ualach ar chórais sláinte agus ar ghairmithe sláinte a laghdú go háirithe agus chun cur le réitigh chun cúram a chur ar fáil do phobail atá ag dul in aois go tapa san Eoraip agus sa domhan agus iad a chosaint ar ghalair chontúirteacha;

    28.

    á thabhairt chun suntais gur féidir an-chuid ama a spáráil ar oibrithe cúraim sláinte a d’fhéadfaí a chaitheamh ar chuairteanna othar trí fheidhmchláir intleachta saorga atá sábháilte agus éifeachtúil a úsáid le haghaidh cúraimí riaracháin nach gá n-éilíonn gníomhaíocht dhaonna;

    29.

    á chur i bhfáth gur féidir le feidhmchláir sláinte tomhaltóirí atá bunaithe ar IS cabhrú le stádas sláinte an duine aonair a rianú trí ghnáthghléasanna amhail fóin chliste, lena gceadaítear d’úsáideoirí sonraí a sholáthar dá ndeoin féin a d’fhéadfadh a bheith mar bhonn le luathrabhaidh agus le foláirimh maidir le tinnis a d’fhéadfadh a bheith bagrach don bheatha amhail strócanna nó stadanna cairdiacha; á chur i bhfáth go bhféadfaí, le feidhmchláir sláinte atá bunaithe ar IS, iompar sláintiúil a spreagadh freisin agus féinchúram freagrach a chumhachtú do dhaoine aonair trí mhodhanna breise a thabhairt d’othair chun faireachán a dhéanamh ar a sláinte féin agus ar a stíl mhaireachtála féin agus trí fheabhas a chur ar chruinneas an scagtha a dhéanann gairmithe cúraim sláinte; á chur i bhfios, áfach, go bhfuil íogaireacht ar leith ag baint le sonraí pearsanta sláinte agus go bhfuil baol ina leith go ndéanfaí sonraí a shárú nó mí-úsáid a bhaint astu, agus á chur i bhfios go láidir gur gá caighdeáin láidre chibearshlándála a chur i bhfeidhm maidir le feidhmchlár sláinte ar bith;

    30.

    á chur i bhfáth go bhfuil IS san earnáil sláinte ag brath go háirithe ar mhéideanna móra sonraí pearsanta, ar chomhroinnt sonraí, ar sonraí ar ardchaighdeán, ar inrochtaineacht sonraí agus ar idir-inoibritheacht sonraí chun acmhainneacht iomlán IS agus sláinte a bhaint amach; á chur i bhfáth gur gá nascadh taifead leictreonach sláinte le ríomhchórais um ordú oideas a éascú chun lamháil do ghairmithe sláinte a bhfuil baint acu le cúram othar rochtain a fháil ar an bhfaisnéis is gá faoin othar, faoi réir a thoiliú nó a toiliú a fháil;

    31.

    á chur in iúl gur díol sásaimh di spás Eorpach sonraí sláinte a chruthú chun sonraí ar chaighdeán an-ard a thógáil lena n-úsáid in earnáil na sláinte; á mheas go n-áiritheofaí, le hidirnascadh agus idir-inoibritheacht an bhonneagair ríomhaireachta ardfheidhmíochta leis an spás Eorpach sonraí sláinte, go mbeadh tacair mhóra sonraí sláinte ar ardchaighdeán ar fáil, ar tacair iad atá tábhachtach maidir le taighde a dhéanamh ar phaiteolaíochtaí agus cóireáil a dhéanamh orthu, go háirithe galair neamhchoitianta agus riochtaí péidiatraiceacha;

    32.

    á chur i bhfáth gur gá muinín a chothú trí idir-inoibritheacht agus tuilleadh comhoibrithe a chur chun cinn idir gairmithe éagsúla cúraim sláinte a fhónann do na hothair chéanna; á chur i bhfáth gur gá oiliúint a chur ar fáil do ghairmithe cúraim sláinte maidir le teicnící agus cuir chuige IS; á chur i bhfáth gur gá mímhuinín a chomhrac, amhail trí leas a bhaint as acmhainneacht iomlán an anaithnidithe sonraí agus an bhréagainmnaithe, agus saoránaigh, gairmithe sláinte agus cinnteoirí a chur ar an eolas ar bhealach níos fearr maidir leis na húsáidí, na tairbhí agus na rioscaí a bhaineann le IS i réimse na sláinte, chomh maith le forbróirí IS a chur ar an eolas ar bhealach níos fearr faoi na dúshláin agus na rioscaí a bhaineann le próiseáil sonraí íogaire sa réimse sin;

    33.

    á chreidiúint, ina theannta sin, go bhfuil gá le caighdeáin eiticiúla agus dlíthiúla atá ceangailteach agus láidir agus le cearta in-fhorfheidhmithe sásaimh chun éiceachóras muiníne a chur chun cinn i measc saoránach agus chun sonraí sláinte a chosaint go leormhaith ar mhí-úsáid a d’fhéadfadh a bheith ann agus ar rochtain neamhdhleathach; ag aontú leis an gCoimisiún gur cheart go mbeadh rochtain shlán ag saoránaigh ar thaifead leictreonach cuimsitheach sonraí a bhaineann lena sláinte agus gur cheart go gcoinneodh siad smacht ar shonraí pearsanta a bhaineann lena sláinte agus go mbeadh siad in ann iad a roinnt go slán, agus cosaint éifeachtach do sonraí pearsanta agus cibearshlándáil láidir ann, le tríú páirtithe údaraithe; á thabhairt chun suntais gur cheart rochtain neamhúdaraithe agus scaipeadh neamhúdaraithe a thoirmeasc agus nach mór cosaint sonraí pearsanta othar a ráthú i gcomhréir leis an reachtaíocht maidir le cosaint sonraí;

    34.

    á chur i bhfios go láidir, i ndáil leis sin, go bhfuil baol ann go ndéanfaí cinntí claonta as a n-eascródh idirdhealú agus sáruithe ar chearta an duine; á chur i bhfáth gur gá, dá bhrí sin, le seiceálacha neamhchlaonta a dhéanamh ar na halgartaim agus ar na tacair sonraí a úsáidtear, agus le tuilleadh taighde ar na modhanna agus ar an laofacht atá leabaithe i gcórais IS oilte a chur chun cinn chun conclúidí neamheiticiúla agus idirdhealaitheacha a sheachaint i réimse na sonraí maidir le sláinte an duine;

    35.

    á chur i bhfáth gur gá RGCS a chur i bhfeidhm go héifeachtúil agus go haonfhoirmeach ar fud AE chun dúshláin amhail éiginnteacht dhlíthiúil agus easpa comhair in earnáil na sláinte a shárú; á chur i bhfáth go mbíonn moill ar fhionnachtana eolaíocha agus ualach maorlathach ar thaighde sláinte mar thoradh ar na dúshláin sin i gcásanna áirithe; á chur i bhfáth go bhféadfaí comhar a mhéadú agus comhroinnt sonraí a spreagadh don taighde agus don nuálaíocht in earnáil sláinte na hEorpa dá gcruthófaí spás Eorpach shonraí sláinte lena ráthófaí cearta othar agus iniomparthacht sonraí;

    36.

    ag tabhairt dá haire gur féidir le IS rannchuidiú le dul chun cinn tapa na dteicneolaíochtaí nua, amhail íomháú inchinne, a bhfuil feidhmeanna tábhachtacha acu cheana féin sa leigheas ach lena mbaineann rioscaí suntasacha don ghníomhú daonna agus do léiriú ceart bunúsach gan gá toiliú a éileamh; a chur in iúl gur cúis imní di an easpa reachtaíochta maidir le sonraí néareolaíocha agus á chreidiúint gur cheart do AE gach iarracht a dhéanamh a bheith ina cheannaire domhanda maidir le teicneolaíochtaí sábháilte néareolaíocha a fhorbairt;

    (b)   IS agus an Comhaontú Glas

    37.

    á thabhairt chun suntais gurb iad Eoraip atá oiriúnach don ré dhigiteach agus an Comhaontú Glas an dá phríomhthosaíocht atá ag an gCoimisiún do na blianta atá le teacht; á chur i bhfios go láidir gur gá a áirithiú go rannchuideoidh an t-aistriú digiteach leis an bhforbairt inbhuanaithe a bhaint amach agus go gcuirfear an t-aistriú glas chun cinn; á mheas go n-éilítear leis sin dlús a chur leis an nuálaíocht atá comhoiriúnach le spriocanna aeráide agus caighdeáin chomhshaoil AE; á thabhairt chun suntais go bhféadfadh sé go mbeadh feidhmchláir IS in ann tairbhí comhshaoil agus eacnamaíocha a bhaint amach agus cumais réamh-mheastacha a neartú, ar cumais iad féidir leo rannchuidiú leis an gcomhrac i gcoinne an athraithe aeráide agus le cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip a bhaint amach agus le sprioc AE a bheith ar an gcéad ilchríoch a bheidh aeráidneodrach faoi 2050; á mheas go bhféadfadh úsáid IS astaíochtaí gás ceaptha teasa domhanda a laghdú suas le 4 % faoi 2030 (27); á mheas, de réir roinnt meastachán, go bhféadfadh teicneolaíochtaí TFC astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú 10 n-uaire níos mó ná a lorg féin (28), ach ag aithint go n-éilítear leis sé sin roghanna deartha comhfhiosacha agus gníomhaíocht rialála; ag tabhairt rabhadh, ag an am céanna, go bhféadfadh drochthionchar a bheith ag an ídiú méadaitheach fuinnimh i stóráil na dtacar mór sonraí atá ag teastáil chun córais IS a thraenáil; á mheabhrú go n-ídíonn trácht sonraí agus bonneagar TFC thart ar 7 % de leictreachas an domhain sa lá atá inniu ann, figiúr a mheastar a dtiocfaidh méadú 13 % air faoi 2030 mura gcuirfear na coimircí cearta i bhfeidhm; á chur in iúl, thairis sin, go bhféadfaidh dianúsáid amhábhar chun micreaphróiseálaithe agus feistí ardteicneolaíochta a thógáil, ar micreaphróiseálaithe agus feistí iad a bhaineann úsáid as IS, rannchuidiú leis an tionchar diúltach sin freisin; á chur i bhfios go láidir, chun lorg mór láimhe ach lorg beag coise de IS ar an gcomhshaol agus ar an aeráid a ráthú, nach mór na tionchair dhiúltacha dhíreacha agus indíreacha chomhshaoil sin a chur san áireamh agus gur gá córais IS a dhearadh chun tomhaltas inbhuanaithe a chur chun cinn, úsáid acmhainní agus ídiú fuinnimh a theorannú, oibríochtaí próiseála nach bhfuil gá leo a sheachaint agus damáiste don chomhshaol a chosc; ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil gá le faisnéis agus sonraí ábhartha chun aghaidh a thabhairt ar thionchar comhshaoil earnáil TFC;

    38.

    á chur in iúl gur ábhar imní di nár chuir ach sé Bhallstát béim láidir ar fheidhmchláir IS ina n-iarrachtaí chun cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais a bhaint amach; á mheas gur féidir IS a úsáid chun faisnéis a bhailiú agus a eagrú atá ábhartha do phleanáil comhshaoil, do chinnteoireacht agus do bhainistiú agus faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn na mbeartas comhshaoil, mar shampla maidir le haer níos glaine, ar féidir le feidhmchláir IS faireachán a dhéanamh ar thruailliú agus rabhadh a thabhairt maidir le guaiseacha; á thabhairt chun suntais go bhféadfaí IS agus na réitigh dhigiteacha sin a úsáid i roinnt earnálacha chun réitigh atá tíosach ar acmhainní a mhéadú ó scála;

    39.

    ag cur béim ar a thábhachtaí atá córais IS-bhunaithe chun cathracha agus sráidbhailte cliste a fhorbairt trí úsáid acmhainní a bharrfheabhsú agus athléimneacht bonneagair a mhéadú, lena n-áirítear trí thrácht a thuar agus a laghdú, trí bhainistiú cliste fuinnimh, trí chúnamh éigeandála agus dramhaíl, mar atá ann cheana féin i roinnt cathracha agus bardas ar fud AE; á chur i bhfáth gur féidir le réitigh IS-bhunaithe cuidiú tuilleadh le pleanáil uirbeach, ailtireacht, tógáil agus próisis innealtóireachta chun astaíochtaí, am tógála, costais agus dramhaíl a laghdú;

    40.

    á chur i bhfáth nach dtarlóidh an t-aistriú fuinnimh gan an digitiú; á thabhairt chun suntais, le IS, go bhféadfar faireachán, barrfheabhsú agus laghdú a dhéanamh ar thomhaltas agus táirgeadh fuinnimh, agus tacú le fuinneamh inathnuaite a chomhtháthú in eangacha leictreachais atá ann cheana freisin; á chur i bhfios go bhfuil sé d’acmhainn ag méadair chliste, soilsiú éifeachtúil, néalríomhaireacht agus bogearraí dáilte in éineacht le comhpháirt IS, patrúin úsáide fuinnimh a chlaochlú agus úsáid fhreagrach a chur chun cinn;

    41.

    á thabhairt chun suntais go bhfuil gá le rialú uathoibrithe a mhéadú ar mhaithe le slándáil an tsoláthair fuinnimh mar thoradh ar chastacht mhéadaitheach córais aistrithe fuinnimh, ina bhfuil méadú tagtha ar ghiniúint luaineach in-athnuaite agus athruithe i mbainistiú lóid; á chur i bhfáth go bhféadfadh IS dul chun tairbhe do shlándáil an tsoláthair, go háirithe maidir le líonraí uisce, gáis agus leictreachais a oibriú, faireachán a dhéanamh orthu, iad a chothabháil agus a rialú; ag tabhairt dá haire, áfach, go dtabharfar isteach le teicneolaíochtaí eangaí feabhsaithe le IS na milliúin comhpháirteanna cliste a mbeidh leochaileachtaí coiteanna acu, lena gcuirfear líon mór pointí ionsaithe féideartha leis na líonraí fuinnimh agus lena méadófar leochaileachtaí an bhonneagair chriticiúil, mura gcuirfear na forálacha iomchuí cibearshlándála i bhfeidhm; á mheas go bhfuil tuilleadh infheistíochta agus taighde de dhíth i gcás eangacha cliste;

    42.

    á mheas go bhfuil sé d’acmhainn ag IS agus ag feidhmchláir dhigiteacha eile le haghaidh soghluaisteachta agus iompair sreafaí tráchta a bharrfheabhsú agus an tsábháilteacht ar bhóithre a fheabhsú, lena n-áirítear trí éifeachtúlacht na gcóras iompair a mhéadú; á chur i bhfios gur féidir le IS eolas a chur ar fáil do dhearadh agus do bhainistiú fuinnimh feithiclí atá tíosach ar fhuinneamh; á thabhairt chun suntais go bhfuil méadú suntasach tagtha ar na roghanna maidir le seirbhísí síbe aipbhunaithe, roinnt síob agus roinnt carranna agus go n-úsáidtear IS go minic sna seirbhísí soghluaisteachta sin trí phleanáil éifeachtúil bealaigh agus trí phointí bailithe a roghnú;

    43.

    á chreidiúint gur féidir ról claochlaitheach a bheith ag IS in earnáil na talmhaíochta, ag tacú le teacht chun cinn modhanna nua buainte, lena n-áirítear buaint a thuar agus acmhainní talmhaíochta a bhainistiú; á chur i bhfáth gur earnáil ríthábhachtach í an talmhaíocht inar féidir le IS astaíochtaí agus úsáid lotnaidicídí, leasachán, ceimiceán agus uisce a laghdú trína n-úsáid a dhíriú ar an méid beacht agus i limistéar níos cúinge; á chur i bhfáth, thairis sin, gur féidir le IS rannchuidiú le hathbhunú na bithéagsúlachta trí fhaireachán a dhéanamh ar speicis atá i mbaol nó trí ghníomhaíochtaí dífhoraoisithe a rianú; á thabhairt chun suntais go bhfuil gá le treoirlínte imlonnaithe agus modheolaíochtaí measúnaithe caighdeánaithe a fhorbairt chun tacú le “IS glas” i réimsí amhail eangacha cliste, feirmeoireacht bheacht, cathracha cliste agus inbhuanaithe, agus i bpobail; á chur in iúl go bhfuil sí tuairim go bhfuil sé d’acmhainn ag IS, i bhfoirm na feirmeoireachta beaichte, táirgeadh bia ar an bhfeirm chomh maith le bainistíocht níos leithne talún a bharrfheabhsú trí phleanáil úsáide talún a fheabhsú, athruithe san úsáid talún a thuar agus faireachán a dhéanamh ar shláinte barr, agus go bhfuil sé d’acmhainn aige claochlú a dhéanamh ar theagmhais adhaimsire a thuar;

    44.

    á chur i bhfáth gur féidir le IS rannchuidiú leis an ngeilleagar ciorclach trí phróisis táirgthe, tomhaltais agus athchúrsála agus iompraíocht a dhéanamh níos tíosaí ar acmhainní agus trí thrédhearcacht úsáide ábhair a mhéadú, mar shampla maidir le foinsiú eiticiúil amhábhar agus dramhaíl laghdaithe; á thabhairt chun suntais go bhfuil sé d’acmhainn ag IS an tuiscint atá ag gnólachtaí ar a n-astaíochtaí, lena n-áirítear i slabhraí luacha, a mhéadú agus, ar an gcaoi sin, cuidiú leo a spriocanna aonair astaíochtaí a choigeartú agus a bhaint amach; á cur i bhfios go láidir gur féidir le huirlisí digiteacha cabhrú le gnólachtaí na céimeanna riachtanacha a chur chun feidhme i dtreo iompraíocht níos inbhuanaithe, go háirithe FBManna a bhféadfadh sé nach mbeadh na hacmhainní acu é sin a dhéanamh murach sin;

    45.

    á thabhairt chun suntais nach féidir IS a úsáid faoi láthair chun an tionchar ar an gcomhshaol a thomhas go hiomlán; á mheas go bhfuil gá le níos mó staidéar a dhéanamh ar ról IS i ndáil le tionchar ar an gcomhshaol a laghdú; á chur i bhfáth go bhfuil gá le níos mó sonraí maidir leis an gcomhshaol chun léargas breise a fháil agus tuilleadh dul chun cinn a spreagadh trí réitigh IS; á chur i bhfios go láidir go bhféadfaí a áirithiú, trí IS a úsáid chun sonraí maidir le hastaíochtaí CO2 a nascadh go córasach le sonraí maidir le patrúin táirgthe agus tomhaltais, le slabhraí soláthair agus le bealaí lóistíochta, go mbraithfear gníomhaíochtaí a bhfuil tionchar dearfach nó diúltach acu;

    (c)   Beartas seachtrach agus an ghné slándála de IS

    46.

    á athdhearbhú go bhfuil AE ag iarraidh teacht ar chomhaontú domhanda maidir le comhchaighdeáin chun leas freagrach a bhaint as IS, rud atá fíorthábhachtach; á chreidiúint, ar bhonn prionsabail áfach, go bhfuil sé d’acmhainn ag daonlathais den dearcadh céanna oibriú le chéile chun an díospóireacht idirnáisiúnta maidir le creat IS a mhúnlú go comhpháirteach ar bhealach a ndéanann cearta an duine agus an smacht reachta a urramú, chun oibriú le chéile i dtreo noirm agus prionsabail chomhchoiteanna áirithe, caighdeáin theicniúla agus eiticiúla, agus treoirlínte maidir le hiompar freagrach stáit, go háirithe faoi scáth eagraíochtaí idir-rialtasacha amhail na Náisiúin Aontaithe agus ECFE, agus ar an gcaoi sin an t-iltaobhachas, an fhorbairt inbhuanaithe, an idir-inoibritheacht agus comhroinnt sonraí a chur chun cinn ar leibhéal idirnáisiúnta; ag tacú leis an obair atá á déanamh ag Meitheal Oscailte na Náisiún Aontaithe maidir le TFC agus slándáil idirnáisiúnta; á chur i bhfios go láidir go bhfuil bearta cothaithe muiníne bunriachtanach chun leibhéal an idirphlé agus na muiníne a mhéadú; á iarraidh, dá bhrí sin, go mbeadh níos mó trédhearcachta i dtaobh úsáid IS chun cuntasacht níos fearr a áirithiú;

    47.

    á chur in iúl gur díol sásaimh di na tionscnaimh iltaobhacha a rinneadh le déanaí chun treoirlínte agus caighdeáin a fhorbairt d’úsáid IS a bheidh freagrach ó thaobh eitice de, amhail prionsabail ECFE maidir le IS, an Chomhpháirtíocht Dhomhanda maidir le IS, moladh UNESCO maidir le heitic IS, Cruinniú Mullaigh Domhanda “AI for Good”, moltaí Chomhairle na hEorpa le haghaidh creat dlíthiúil a d’fhéadfadh a bheith ann maidir le IS, agus treoir bheartais UNICEF maidir le IS do leanaí; á chur in iúl gur díol sásaimh di an obair atá á déanamh ar an leibhéal idirnáisiúnta maidir le caighdeáin IS agus an dul chun cinn atá déanta leis an Eagraíocht Idirnáisiúnta um Chaighdeánú maidir le himpleachtaí rialachais IS;

    48.

    á chur in iúl gur díol sásaimh di, thairis sin, bunú agus oibríochtú na Comhairle Trádála agus Teicneolaíochta idir an tAontas agus na Stáit Aontaithe; ag moladh an toraidh a bhí ar chéad chruinniú na Comhairle Trádála agus Teicneolaíochta in Pittsburgh; á mheas gur fóram féideartha é an Chomhairle Trádála agus Teicneolaíochta le haghaidh comhordú domhanda idir an tAontas Eorpach agus na Stáit Aontaithe chun rialacha domhanda maidir le IS agus caighdeáin dhomhanda theicneolaíocha a chosnaíonn ár gcomhluachanna a leagan síos, chun borradh a chur faoi infheistíocht chomhpháirteach, taighde comhpháirteach agus forbairt chomhpháirteach, agus chun comhordú polaitiúil níos dlúithe a dhéanamh in institiúidí idirnáisiúnta maidir le saincheisteanna a bhaineann leis an teicneolaíocht agus le IS;

    49.

    á thabhairt chun suntais gur féidir le AE ról lárnach a imirt i dtaobh caighdeáin dhomhanda a leagan síos, mar an chéad bhloc ar domhan chun reachtaíocht maidir le IS a thabhairt isteach; á chur i bhfáth go bhféadfadh creat dlíthiúil an Aontais maidir le IS an Eoraip a chur ar thús cadhnaíochta san earnáil agus gur cheart, dá bhrí sin, é a chur chun cinn ar fud an domhain trí oibriú i gcomhar leis na comhpháirtithe idirnáisiúnta uile agus, ag an am céanna, leanúint den idirphlé criticiúil agus eitic-bhunaithe le tríú tíortha a bhfuil samhlacha agus caighdeáin rialachais malartacha acu maidir le IS;

    50.

    á thabhairt dá haire go bhfuil caighdeáin agus comhaontuithe comhair sínithe ag Rialtas na Síne le 52 thír trína Tionscnamh Creasa agus Bóthair; ag tabhairt rabhadh, ós rud é nach bhfuil roinnt de na caighdeáin sin, lena n-áirítear maidir le teicneolaíochtaí IS agus go háirithe i ndáil le faireachas rialtais agus saoirsí aonair, ag teacht le cearta an duine agus le luachanna AE, gur dúshlán don Aontas é gníomhaíochas caighdeán na Síne;

    51.

    á chur i bhfáth go mbaineann rioscaí suntasacha le teicneolaíochtaí IS, go háirithe teicneolaíochtaí nár dearadh agus nár forbraíodh iad leis na nósanna imeachta rialaithe sainráite atá i bhfeidhm agus a úsáidtear go míchuí agus gan formhaoirseacht a dhéanamh orthu in ionaid ceannais mhíleata nó i saoráidí lainseála diúracán, agus go bhféadfadh siad coinbhleacht chómhalartach uathoibrithe a ghéarú;

    52.

    ag tabhairt dá haire go meastar gur deis chinniúnach in oibríochtaí míleata é córais IS a úsáid i bhforbairtí a bhaineann leis an gcosaint trí anailís a dhéanamh ar shonraí, an cumas tuilleadh castachta suímh a léiriú, an fhéidearthacht cruinneas maidir le targaidí a fheabhsú, an lóistíocht a bharrfheabhsú agus dul i mbun coinbhleachtaí armtha le riosca laghdaithe go ndéanfaí díobháil fhisiciúil do phobail shibhialtacha agus do phearsanra míleata féin, chomh maith le sonraí a úsáid chun modhanna gníomhaíochta a fhorbairt amhail cluichí cogaíochta; ag tabhairt rabhadh, áfach, go bhféadfadh tairseach níos ísle d’úsáid fornirt agus, dá bhrí sin, níos mó coinbhleachtaí a bheith mar thoradh air sin; á dhearbhú nach féidir le meaisíní cinntí daonna a dhéanamh a bhaineann le prionsabail dhlíthiúla an idirdhealaithe, na comhréireachta agus an réamhchúraim; á dhearbhú gur cheart daoine a choinneáil i gceannas ar an gcinneadh airm a imlonnú agus a úsáid agus a choinneáil freagrach as fórsa marfach a úsáid agus as cinntí idir beatha agus bás; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim gur cheart córais arm IS-bhunaithe a bheith faoi réir caighdeán domhanda agus faoi réir cód iompair eiticiúil idirnáisiúnta mar thaca le himlonnú teicneolaíochtaí IS in oibríochtaí míleata, agus lán-urraim a thabhairt don dlí daonnúil idirnáisiúnta agus donn dlí um chearta an duine agus i gcomhréir le dlí agus luachanna an Aontais;

    53.

    á chur in iúl gur cúis imní di an taighde míleata agus na forbairtí teicneolaíocha atá á saothrú i roinnt tíortha maidir le córais arm uathrialach marfach nach bhfuil aon rialú fónta ag an duine orthu; ag tabhairt dá haire go bhfuil córais arm uathrialach marfach in úsáid cheana féin i gcoinbhleachtaí míleata; á mheabhrú gur iarr an Pharlaimint arís agus arís eile go gcuirfí toirmeasc idirnáisiúnta ar fhorbairt, táirgeadh agus úsáid córas arm uathrialach marfach agus go gcuirfí tús le caibidlíocht éifeachtach maidir lena dtoirmeasc; á chur i bhfios nach féidir a cheadú i gcás ar bith córais atá cumasaithe do IS a chur in ionad na cinnteoireachta daonna a bhaineann le prionsabail dhlíthiúla an idirdhealaithe, na comhréireachta agus an réamhchúraim;

    54.

    ag tabhairt dá haire, go háirithe, go bhféadfadh rioscaí a bheith ag baint le teicneolaíocht IS mar mhodh cineálacha éagsúla cogaíochta hibridí agus trasnaíocht eachtrach a shaothrú; ag sonrú go bhféadfaí í a shlógadh, mar shampla, chun bréagaisnéis a spreagadh, trí róbait nó cuntais bhréige sna meáin shóisialta a úsáid, chun idirthuilleamaíocht a úsáid mar arm, trí fhaisnéis luachmhar a bhailiú nó rochtain ar líonra a dhiúltú do choimhlinteoirí, chun suaitheadh a chruthú i gcórais eacnamaíocha agus airgeadais tíortha eile, chun an díospóireacht pholaitiúil a thruailliú agus chun buntáiste a thabhairt do ghrúpaí antoisceacha, nó chun toghcháin a chúbláil chun daonlathais a dhíchobhsú;

    55.

    á thabhairt chun suntais go bhféadfaí a áireamh freisin ar theicneolaíochtaí IS bogearraí mailíseacha cumhachtaithe ag IS, bradaíl aitheantais, nimhiú sonraí nó cineálacha eile meaisínfhoghlama sáraíochta atá ina gcúis le córais eile IS ionchur a mhíthuiscint; á thabhairt le fios, go háirithe, go bhfuil méadú tagtha i ndomhainbhrionnuithe, nach gá cibirionsaithe a bheith iontu ach a mbíonn amhras faoi bharántúlacht an ábhair dhigitigh ar fad mar thoradh orthu, lena n-áirítear físeáin, agus dá bhrí sin, nach mór aird ar leith a thabhairt orthu ó thaobh ceanglais trédhearcachta de; ag tabhairt rabhadh go bhféadfadh domhainbhrionnuithe cur le timpeallacht leathan mímhuiníne poiblí in IS, chomh maith le deighilt shochpholaitiúil níos doimhne laistigh dár sochaithe;

    56.

    ag léiriú gur cruthaíodh leochaileachtaí nua lena n-éilítear bearta láidre cibearshlándála chun bagairtí a chosc trí úsáid a bhaint as córais IS i líon suntasach de phríomhbhonneagar criticiúil amhail eangacha fuinnimh agus iompair, an earnáil spáis, an slabhra bia, bonneagar baincéireachta agus airgeadais, agus saoráidí ospidéil; á thabhairt le fios, i ndáil leis sin, a thábhachtaí atá comhar agus comhroinnt faisnéise agus gníomhaíocht ar leibhéal AE agus i measc na mBallstát araon; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé athléimneacht na n-eintiteas criticiúil i leith bagairtí hibrideacha a chothú;

    57.

    ag tabhairt rabhadh go bhféadfadh rioscaí slándála a bheith ag baint le cumais IS freisin, ós rud é go bhféadfadh siad a bheith ina gcúis le muinín a bheith ag daoine astu sa chaoi is go mbeadh níos mó muiníne acu astu ná as a mbreithiúnas féin; ag tabhairt dá haire nach bhfuil sé indéanta i ngach cás cur chuige an duine i mbun idirghabhála a úsáid mar shásra ceartaitheach; ag tabhairt dá haire go bhfuil sé léirithe le turgnaimh gur féidir leis sin leibhéal uathrialach IS a mhéadú thar an ról tacaíochta dar dearadh é ar dtús agus go gciallaíonn sé go gcailleann daoine deiseanna taithí a fháil agus a gcuid scileanna agus a gcuid eolais ar chórais IS a bheachtú; á chur i bhfáth, dá bhrí sin, go bhfuil gá le sábháilteacht trí dhearadh agus formhaoirseacht fhónta dhaonna bunaithe ar oiliúint iomchuí chomh maith le coimircí iomchuí slándála agus príobháideachta i gcórais IS ardriosca chun an claonadh uathoibrithe sin a shárú;

    58.

    á thabhairt chun suntais, áfach, gur féidir IS a úsáid chun cliseadh cumhachta a thuar agus riachtanais chothabhála a shainaithint, agus é cruinn go maith; ag sonrú, ina theannta sin, gur féidir é a úsáid chun méideanna móra sonraí a shintéisiú trí asbhaint uathoibrithe faisnéise nó trí aicmiú uathoibrithe faisnéise, agus chun patrúin shonracha a bhrath; á chur i bhfáth go lamhálfaí, leis na gnéithe sin, tuar agus measúnú níos fearr a dhéanamh ar leibhéal na bagartha agus ar leochaileachtaí córais, próisis chinnteoireachta níos tapa, imoibríocht fheabhsaithe agus feistí críochphointe a dhaingniú ar bhealach níos éifeachtaí;

    59.

    á chur i bhfios go láidir, go háirithe, an acmhainneacht bhunúsach a bhaineann le cur ar chumas gníomhaireachtaí forfheidhmithe an dlí gníomhaíocht choiriúil a shainaithint agus a chomhrac le cabhair ó theicneolaíocht IS; á chur i bhfios go láidir go n-éilítear áfach, le gníomhaíochtaí forfheidhmithe dlí den sórt sin a bhaineann le IS, lán-urraim a thabhairt do chearta bunúsacha, formhaoirseacht dhocht dhaonlathach, rialacha soiléire trédhearcachta, bonneagar cumhachtach TF, formhaoirseacht dhaonna, fostaithe ardoilte agus rochtain ar shonraí ábhartha ardcháilíochta;

    (d)   IS agus iomaíochas

    60.

    ag tabhairt dá haire go mbeidh níos mó agus níos mó táirgí agus seirbhísí feadh an tslabhra luacha idirnasctha go luath amach anseo, agus go mbeidh ról tábhachtach ag IS agus ag uathoibriú in go leor próiseas monaraíochta, oibríochtaí agus samhlacha gnó; á chur i bhfios go láidir a ríthábhachtaí atá taighde bunúsach chun éiceachórais thionsclaíocha IS a fhorbairt chomh maith le hinfheistíocht shuntasach chun riarachán poiblí digiteach a chur chun cinn agus chun bonneagar digiteach a uasghrádú;

    61.

    ag tabhairt á haire, in ainneoin an mhéadaithe shuntasaigh atá tagtha ar chaipiteal fiontair agus ar mhaoiniú luathchéime eile le dhá bhliain anuas, go bhfuil go leor tionscal na hEorpa tite ar gcúl agus gur neamhleor fós na leibhéil mhaoinithe atá ann faoi láthair in AE agus gur cheart iad a mhéadú go suntasach chun teacht le dinimiceas éiceachórais IS tosaigh amhail Silicon Valley agus áiteanna eile; ag cur béim ar an struchtúr líonra braislí ar leith atá ag éiceachóras nuálaíochta AE, seachas éiceachórais nuálaíochta láraithe (a fhaigheann tacaíocht ón stát);

    62.

    á chur i bhfios go láidir gur féidir le IS a bheith ina dheis chinniúnach d’iomaíochas thionscal AE agus go bhfuil sé d’acmhainn aige táirgiúlacht a mhéadú, dlús a chur leis an nuálaíocht, próisis mhonaraíochta a fheabhsú agus cuidiú le faireachán a dhéanamh ar athléimneacht shlabhraí soláthair na hEorpa;

    63.

    á thabhairt le fios go bhfuil an baol ann go gcuirfí isteach ar shlabhraí soláthair mar gheall ar dhíchúpláil eacnamaíoch nó teagmhais thubaisteacha amhail paindéimí nó feiniméin a bhaineann leis an athrú aeráide; á chur i bhfáth gur féidir, trí IS a úsáid, cabhrú le patrúin suaite i slabhraí soláthair a bhrath agus cothabháil réamh-mheastach a chur ar an eolas fúthu, rud a d’fhéadfadh tacú le héagsúlú soláthróirí;

    64.

    ag tabhairt dá haire gur minic a fuair cuideachtaí a thionscain cur isteach digiteach gnóthachain shuntasacha i sciar den mhargadh; ag tabhairt dá haire go léirítear i staidéir a rinneadh le déanaí gur dócha go dtarlóidh an patrún sin arís agus é níos déine fiú ós rud é gur minic a bhailíonn cuideachtaí a ghlacann IS méideanna móra sonraí, rud a chuireann feabhas ar a seasamh iomaíoch; á chur in iúl gur cúis imní di na rioscaí a bhaineann le comhchruinniú margaidh chun dochair FBManna agus gnólachtaí nuathionscanta mar thoradh air sin;

    65.

    ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil an dearcadh sin ina chúis imní go háirithe ós rud é gur dócha go mbeidh ceannas ar theicneolaíochtaí IS ag na cuideachtaí teicneolaíochta is mó atá ann cheana, ar geatóirí chuig margaí iad, agus an chuid is mó den luach a ghintear á fháil acu ag an am céanna; á chur i bhfáth, ós rud é gurb iad na sonraí a bhailítear ó na cuideachtaí teicneolaíochta móra céanna a chuireann earnáil IS chun cinn den chuid is mó, ar cuideachtaí iad a thairgeann rochtain d’úsáideoirí ar sheirbhísí mar mhalairt ar shonraí agus ar nochtadh d’fhógraí spriocdhírithe, gur dócha go mbeidh an ceannas margaidh atá acu cheana ina spreagthóir ann féin do thuilleadh ceannais margaidh; á chur i bhfios go bhfuil ceanncheathrú go leor de na cuideachtaí teicneolaíochta sin lasmuigh de AE, ach fós go n-éiríonn leo an luach a ghintear trí shonraí faoi chustaiméirí Eorpacha a ghabháil, agus ar an gcaoi sin go bhfuil buntáiste iomaíoch á bhaint amach acu;

    66.

    á chur in iúl gur díol sásaimh an teachtaireacht a tháinig ón gCoimisiún le déanaí ina n-iarrtar go dtabharfaí na rialacha iomaíochta cothrom le dáta chun iad a chur in oiriúint don ré dhigiteach (29) agus á chur i bhfáth go bhfuil ról lárnach ag bearta ex ante, lena n-áirítear an Ionstraim um Margaí Digiteacha a bheidh ann amach anseo, i dtaobh comhchruinniú a fhrithchothromú sula dtiocfaidh sé chun cinn; á chur i bhfios go láidir, ina theannta sin, gur féidir ról a bheith ag an gcomhar caighdeánaithe agus rialála maidir le haghaidh a thabhairt ar an tsaincheist sin, trí fhorbairt dhomhanda táirgí agus seirbhísí a éascú beag beann ar a suíomh fisiciúil;

    67.

    á chur i bhfios go láidir go bhfuil ról lárnach á imirt ag FBManna agus ag gnólachtaí nuathionscanta maidir le teicneolaíochtaí IS a thabhairt isteach go dtí AE mar gurb ionann iad agus formhór na gcuideachtaí uile agus gur foinse ríthábhachtach nuálaíochta iad; ag tabhairt dá haire, áfach, go bhfuil bacainní suntasacha maidir le fás ar fud na hEorpa roimh ghnólachtaí nuathionscanta IS a bhfuil gealladh fúthu de dheasca margadh aonair digiteach neamhiomlán agus éagsúlacht rialála i roinnt mhaith Ballstát, nó, nuair a thagann méadú orthu, go bhfaigheann cuideachtaí móra teicneolaíochta iad; á chur in iúl gurb oth léi gur minic a bhíonn easpa maoinithe, nósanna imeachta casta riaracháin agus easpa scileanna leormhaithe agus easpa rochtain ar fhaisnéis ag FBManna; ag tabhairt dá haire gur cheadaigh údaráis iomaíochta AE an chuid is mó de tháthcheangail eachtracha de chuideachtaí Eorpacha um IS agus róbataic san am a chuaigh thart;

    68.

    á chur i bhfáth go bhféadfaí fadhbanna go hiomlán nua a bhaineann go sonrach le IS a chruthú laistigh den mhargadh aonair trí úsáid dhian a bhaint as algartaim, e.g. chun praghsanna a shocrú; ag tabhairt dá haire go bhféadfadh sé a bheith deacair, mar shampla, d’údaráis in aghaidh trustaí claonpháirteachas praghsanna a chruthú idir córais socraithe praghsanna atá faoi stiúir IS; á chur in iúl, thairis sin, go bhféadfadh an líon beag soláthraithe IS atá rannpháirteach cheana féin i dtrádáil stoc a bheith ina riosca sistéamach do na margaí airgeadais, lena n-áirítear trí chlaonpháirteachas; á chur i bhfáth gur féidir le claonpháirteachas algartamach a bheith an-deacair a shainaithint, ós rud é nach gá do chórais atá bunaithe ar IS cumarsáid a dhéanamh le chéile ar an mbealach céanna ina ndéanann daoine maidir le cleachtais chlaonpháirteacha, rud ar féidir leis a bheith dodhéanta intinn chlaonpháirteach a chruthú; á chur i bhfios go láidir go bhfuil riosca ag baint leis sin do chobhsaíocht an mhargaidh agus gur gá do AE agus do na húdaráis iomaíochta náisiúnta straitéisí agus uirlisí iomchuí a fhorbairt; á thabhairt chun suntais, ina theannta sin, go bhfuil riosca sistéamach ann do na margaí airgeadais mar thoradh ar úsáid fhorleathan samhlacha agus córais trádála algartamacha gan aon idirghníomhaíocht dhaonna, ar nithe iad a chuir go mór le gluaiseachtaí margaidh san am a chuaigh thart, agus ar dócha go ndéanfaidh siad amhlaidh arís amach anseo;

    69.

    ag tabhairt dá haire go bhfuil éiginnteacht dhlíthiúil ag roinnt mhaith cuideachtaí IS laistigh de AE faoi láthair maidir leis an gcaoi ar féidir leo a gcuid táirgí agus seirbhísí a fhorbairt ar bhealach muiníneach mar thoradh ar chonstaicí maorlathacha, forluí idir reachtaíocht earnáil-shonrach atá ann cheana agus an easpa caighdeáin agus noirm seanbhunaithe IS;

    70.

    á thabhairt chun suntais go bhfuil dúshlán ann do chuideachtaí IS ó thaobh rialú cáilíochta agus cosaint tomhaltóirí de; á chinneadh go bhfuil trédhearcacht agus iontaofacht bunriachtanach chun a áirithiú go mbeidh buntáiste iomaíoch ag cuideachtaí AE, mar is leis na tosca sin a chinnfear amach anseo an nglacfaidh an margadh le táirge nó seirbhís ar deireadh;

    71.

    ag tabhairt dá haire, cé gur ón Eoraip a thagann 26 % de na foilseacháin taighde ardluacha maidir le IS, nach iarratasóirí Eorpacha iad ach ceithre cinn den 30 iarratasóir is mó (13 %) atá i mbun paitinnithe IS ar fud an domhain agus nach gnólachtaí Eorpacha iad ach 7 % de ghnólachtaí atá i mbun paitinnithe IS ar fud an domhain;

    72.

    á mheas go bhfuil comhchuibhiú agus forfheidhmiú soiléir agus trédhearcach de dhíth ar dhlíthe maoine intleachtúla AE, mar aon le creat cothrom, in-fhorfheidhmithe agus intuartha chun cosaint maoine intleachtúla a áirithiú do ghnólachtaí Eorpacha, agus go háirithe FBManna agus gnólachtaí nuathionscanta;

    73.

    á chur in iúl gur cúis imní di go bhfuil an úsáid a bhaineann FBManna as cosaint maoine intleachtúla íseal i gcónaí, ós rud é gur minic nach mbaineann FBManna úsáid as cosaint maoine intleachtúla toisc nach bhfuil siad go hiomlán ar an eolas faoina gcearta ná nach bhfuil dóthain acmhainní acu chun iad a chaomhnú; á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá faisnéis agus staidreamh maidir le cosaint maoine intleachtúla i measc FBManna atá gníomhach in earnálacha dlútheolais agus á chur in iúl gur díol sásaimh di na hiarrachtaí, lena n-áirítear nósanna imeachta clárúcháin simplithe agus táillí riaracháin níos ísle, chun eolas níos fearr a chur ar fáil do FBManna agus do ghnólachtaí nuathionscanta agus chun rochtain ar chosaint maoine intleachtúla a éascú dóibh; ag tabhairt dá haire gur cheart seasamh AE mar bhunaitheoir caighdeán domhanda a neartú chun cabhrú le cuideachtaí AE a gcearta IS a chosaint; á chur i bhfáth go bhfuil iomaíochas agus tarraingteacht idirnáisiúnta fréamhaithe i margadh aonair láidir agus athléimneach, lena n-áirítear cosaint agus forfheidhmiú maoine intleachtúla;

    74.

    á thabhairt le fios go bhfuil anailísíocht sonraí, chomh maith le rochtain ar shonraí neamhphearsanta, comhroinnt agus athúsáid sonraí neamhphearsanta bunriachtanach cheana féin do go leor táirgí agus seirbhísí atá faoi stiúir sonraí sa lá atá inniu ann, ach go mbeidh siad tábhachtach chun córais IS atá ar na bacáin a fhorbairt agus a imlonnú; á chur i bhfáth, áfach, nach bhfuil an chuid is mó de na sonraí neamhphearsanta arna nginiúint in AE in úsáid go dtí seo, cé go bhfuil margadh aonair le haghaidh sonraí fós á dhéanamh;

    75.

    á chur i bhfios a thábhachtaí atá sé rochtain ar shonraí agus comhroinnt sonraí, agus caighdeáin oscailte agus teicneolaíocht foinse oscailte a éascú mar bhealach chun infheistíochtaí a fheabhsú agus borradh a chur faoin nuálaíocht i dteicneolaíochtaí IS in AE; ag sonrú go mbeadh comhchuibhiú níos fearr ar léirmhínithe na n-údarás náisiúnta cosanta sonraí agus ar threoir maidir le sonraí measctha agus maidir le teicnící díphearsantaithe úsáideach d’fhorbróirí IS;

    76.

    á thabhairt chun suntais gur féidir ról a bheith ag IS i dtaobh cuidiú le gníomhú forfheidhmiúcháin údarás Eorpach agus náisiúnta, go háirithe i réimsí an chustaim agus an fhaireachais margaidh; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim gur féidir nósanna imeachta trádála agus custaim a dhéanamh níos éifeachtúla agus níos costéifeachtaí le IS, tríd an gcomhlíonadh a mhéadú agus trína áirithiú nach dtiocfaidh ach táirgí atá sábháilte isteach sa mhargadh aonair; ag cur sonrú sa sampla den chóras Measúnaithe agus Bainistithe Ioncaim Ghníomhaireacht Seirbhísí Teorann Cheanada (CARM), a shimplíonn go mór nósanna imeachta allmhairithe agus onnmhairithe ag baint úsáid as measúnú riosca cáilithe maidir le IS agus bainistiú faisnéise digitithe cuíchóirithe chun an gá atá le cigireachtaí fada a laghdú;

    (e)   IS agus an margadh saothair

    77.

    ag tabhairt dá haire go bhfuil tionchar IS ar an margadh saothair, ar an ionad oibre agus ar an réimse sóisialta ag éirí níos mó de réir a chéile agus gurb ilghnéitheach é tionchar an athruithe teicneolaíochta ar an obair agus ar an bhfostaíocht; ag cur béim ar an bhfíoras go n-eascraíonn roinnt dúshláin eiticiúla, dlíthiúla agus dúshláin a bhaineann le fostaíocht as úsáid IS sa réimse sin; á chur in iúl gur ábhar imní di, i dtéarmaí an mhargaidh saothair, go bhféadfaí an lucht saothair a atheagrú mar thoradh ar an digitiú agus go bhféadfadh deireadh teacht le hearnálacha áirithe fostaíochta; á chreidiúint go bhféadfaí cur le táirgiúlacht chaipitil agus saothair, le nuálaíocht, le fás inbhuanaithe agus le cruthú post dá nglacfaí IS in éineacht leis an mbonneagar tacaíochta, an t-oideachas agus an oiliúint is gá;

    78.

    á chur i bhfáth cé go bhféadfadh IS teacht in ionad roinnt cúraimí, lena n-áirítear cúraimí atriallacha, troma, diansaothair nó cúraimí contúirteacha, go bhféadfadh sé cabhrú freisin le feabhas a chur ar scileanna, le cáilíocht na hoibre a mhéadú agus le fostaíocht nua breisluacha níos airde a chruthú, rud a d’fhágfadh níos mó ama do thascanna spreagúla agus d’fhorbairt gairme; á chur i bhfáth go bhfuil IS ag ionadú daoine nó ag cur leo faoi láthair i bhfothacar cúraimí ach nach bhfuil iarmhairtí comhiomlána suntasacha inbhraite aici i margadh an tsaothair go fóill (30); á chur i bhfáth, áfach, má mhéadaíonn IS gairmeacha ardscileanna agus má théann sé in áit gairmeacha ar bheagán oiliúna, go bhféadfaí an neamhionannas ioncaim a mhéadú; á chur in iúl, thairis sin, nach mór aon impleachtaí eacnamaíocha agus sóisialta a eascraíonn as sin a mhaolú le bearta iomchuí, le taighde agus fadbhreathnaitheacht agus ullmhú ina leith trí infheistíocht a dhéanamh in athsciliú agus in uas-sciliú an lucht saothair agus béim á leagan ar ghrúpaí tearcionadaithe amhail mná agus mionlaigh, ar dócha gurb iad sin na daoine is mó a ndéanfaidh an t-aistriú sin difear dóibh, agus tríd an éagsúlacht a chur chun cinn i ngach céim d’fhorbairt córas IS; á chur in iúl gur ábhar imní di go bhféadfadh IS próisis dí-oiliúna a dhéanamh agus obair ar bheagán pá agus ar bheagán neamhspleáchais a chruthú agus a leabú agus cur le hobair neamhthipiciúil, sholúbtha (nó “phoistíneachta”); á chur i bhfios go láidir go bhféadfadh míchothromaíochtaí cumhachta idir an bhainistíocht agus na fostaithe agus doiléire faoi chinnteoireacht a bheith mar thoradh ar bhainistiú algartamach;

    79.

    á thabhairt chun suntais go gcuirtear deis ar fáil le glacadh IS chun athrú cultúrtha suntasach a chothú laistigh d’eagraíochtaí, lena n-áirítear trí shábháilteacht níos fearr san ionad oibre, trí chothromaíocht oibre is saoil níos fearr, agus tríd an gceart chun dícheangail, deiseanna oiliúna agus treoir níos éifeachtaí a chur ar fáil d’fhostaithe; ag cur béim, i ndáil leis sin, ar na moltaí ó ECFE ina gcuirtear i bhfáth go bhféadfadh laghdú ar an am oibre a bheith mar thoradh ar uathoibriú, agus ar an gcaoi sin feabhas a chur ar dhálaí maireachtála agus sláinte oibrithe; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim go bhféadfadh feidhmchláir IS, a thugann cumhacht don duine, deiseanna nua fostaíochta a chruthú freisin, go háirithe dóibh siúd a bhí go dtí seo, de bharr srianta amhail míchumais nó cúinsí maireachtála, ceangailte le poist a raibh níos lú cáilíochtaí ag teastáil ina leith; á chur i bhfáth go bhfuil gá le leas a bhaint as cúnamh IS san ionad oibre chun am a chur ar fáil do dhaoine chun cáilíocht a n-aschuir a fheabhsú seachas an t-ualach oibre amháin a mhéadú;

    80.

    ag cáineadh an mhéadaithe atá tagtha ar an leas a bhaintear as faireachas atá spreagtha ag IS san ionad oibre, rud a tharlaíonn go minic gan oibrithe a bheith ar an eolas faoi, gan trácht ar thoiliú a fháil uatha, go háirithe i gcomhthéacs na teilea-oibre freisin; á chur in iúl nár cheart an cleachtas sin a cheadú, ós rud é go bhfuil sé thar a bheith mí-úsáideach maidir leis an gceart bunúsach chun príobháideachta, le cosaint sonraí agus le dínit dhaonna an oibrí agus le cearta sóisialta agus saothair, agus go bhfuil éifeachtaí diúltacha aige freisin ar mheabhairshláinte oibrithe i ngeall ar mhéid an chur isteach, a éifeacht iomlán nó neamh-idirdhealaitheach, agus an easpa coimircí atá ann do dhaoine aonair a ndéantar difear dóibh;

    81.

    á chur in iúl gur ábhar imní di go bhfuil baol comhchosúil faireachais ann freisin i dtimpeallacht na scoile, agus méadú ag teacht ar ghlacadh córas IS i scoileanna, rud a bhaineann an bonn de chearta bunúsacha leanaí; ag tabhairt dá haire go gcuimsíonn na himpleachtaí a bhaineann le IS do phríobháideacht, do shábháilteacht agus do shlándáil leanaí speictream leathan, ó thairbhí a bhaineann leis an gcumas bagairtí atá os comhair leanaí a thuiscint ar bhealach níos sonraí agus le tuilleadh cruinnis, go dtí na rioscaí a bhaineann le sáruithe neamhbheartaithe príobháideachta; á chur i bhfios go láidir go bhfuil gá le grinnscrúdú agus le coimircí comhfhreagracha de bharr na n-impleachtaí dearfacha agus diúltacha araon do phríobháideacht, do shábháilteacht agus do shlándáil leanaí; á chur i bhfáth, thairis sin, nach mór aird agus cosaint ar leith a thabhairt do leanaí agus córais IS á bhforbairt mar gheall ar a nádúr atá go háirithe íogair agus a leochaileachtaí sonracha;

    82.

    á chur i bhfáth go bhfuil sé fíorthábhachtach go gcuirfí cláir chuimsitheacha um fhorbairt scileanna ar fáil do dhaoine aonair i ngach céim den saol, ionas go mbeidh siad in ann leanúint de bheith táirgiúil in ionad oibre atá ag síorathrú agus ionas go seachnófar iad a eisiamh ón margadh saothair; á mheas go bhfuil sé ríthábhachtach go ndéanfaí an lucht saothair a oiriúnú ó thaobh oideachas IS, foghlaim ar feadh an tsaoil agus athoiliúint de; á thabhairt chun suntais go bhfuil coincheapa reatha na foghlama agus na hoibre sainithe go rómhór ag an saol réamhdhigiteach, rud atá ag cur le bearna scileanna atá ag dul i méid agus le deighilt nua dhigiteach do shaoránaigh nach bhfuil rochtain acu ar spás digiteach slán; á chur i bhfáth go gcuidítear, trí litearthacht dhigiteach a fheabhsú, le Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe a bhaint amach, go háirithe na spriocanna a bhaineann le hoideachas, le caipiteal daonna agus le bonneagar; á thabhairt chun suntais go bhféadfaí an dul chun cinn atá déanta maidir le heolas ar chineálacha nua oibre agus foghlama mar gheall ar ghéarchéim COVID-19 a fhiosrú tuilleadh;

    83.

    á chur i bhfios go láidir nach mór don Aontas aghaidh a thabhairt ar litearthacht dhigiteach agus ar scileanna digiteacha do chách chun leas iomlán a bhaint as an digitiú; á chreidiúint gur réamhchoinníoll í an litearthacht dhigiteach le go mbeidh muinín ag na saoránaigh as IS agus go mbeidh feasacht ag an bpobal ar an tionchar a bhaineann leis; á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá sé oiliúint bhunúsach a áireamh i scileanna digiteacha agus in IS sna córais oideachais náisiúnta; á chreidiúint go bhféadfadh cur i bhfeidhm agus forbairt theicneolaíocht IS i réimse na dteangacha mionlaigh cur le heolas fúthu agus lena n-úsáid; á chur i bhfáth go dtuairiscíonn níos mó ná 70 % de ghnólachtaí go bhfuil easpa foirne le scileanna leormhaithe digiteacha agus IS acu mar bhac ar infheistíocht; á chur in iúl gur cúis imní di amhail ó 2019 go raibh 7,8 milliún saineolaí TFC in AE, ag a raibh ráta fáis bliantúil 4,2 % roimhe sin, líon i bhfad níos lú ná an 20 milliún saineolaí atá ag teastáil i réimsí tábhachtacha amhail anailís sonraí mar atá réamh-mheasta ag an gCoimisiún;

    84.

    á chur in iúl gur cúis imní di an bhearna fhairsing idir na hinscní sa réimse sin, agus nach bhfuil ach duine amháin as seisear speisialtóirí TFC agus duine amháin as gach triúr céimithe eolaíochta, teicneolaíochta, innealtóireachta agus matamaitice (ETIM) ina mná (31); ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, go bhfuil an bhearna idir na hinscní fós ag leanúint ar aghaidh, go háirithe i réimse na ngnólachtaí nuathionscanta, agus go ndeachaigh USD 92 as gach USD 100 a infheistíodh i gcuideachtaí teicneolaíochta Eorpacha chuig foirne bunaidh a bhí comhdhéanta go hiomlán d’fhir in 2019; ag moladh go ndéanfaí tionscnaimh spriocdhírithe chun tacú le mná in ETIM, chun an bhearna fhoriomlán scileanna san earnáil sin a dhúnadh; á chur i bhfáth go mbíonn algartaim chlaonta mar thoradh ar an mbearna sin, ar ndóigh; ag cur béim ar a thábhachtaí atá sé cailíní a chumhachtú agus a spreagadh i dtreo gairmeacha ETIM agus deireadh a chur leis an mbearna idir na hinscní sa réimse sin;

    (f)   IS agus todhchaí an daonlathais

    85.

    á thabhairt le fios go bhfuil sé d’acmhainn ag IS, ar thaobh amháin, cuidiú le hearnáil phoiblí níos trédhearcaí agus níos éifeachtúla a thógáil, ach ar an taobh eile, go bhfuil na forbairtí teicniúla i réimse IS, arna dtiomáint go minic ag loighic fáis agus brabús, an-tapa agus an-dinimiciúil, rud a fhágann gur deacair do lucht déanta beartas tuiscint leordhóthanach a bheith acu ar an gcaoi a n-oibríonn feidhmchláir nua IS agus ar na torthaí a d’fhéadfadh a bheith ag na feidhmchláir sin, cé go bhfuil sé de dhualgas orthu creat a chur ar fáil chun a áirithiú go gcomhlíonann IS na cearta bunúsacha agus gur féidir é a úsáid chun tairbhe don tsochaí; á thabhairt chun suntais go mbíonn éagsúlachtaí ann freisin i réamhaisnéisí ó shaineolaithe maidir leis an tionchar a bheidh ag IS amach anseo, rud a thugann le fios go bhféadfadh sé a bheith deacair ar na saineolaithe sin fiú na torthaí a bhaineann le himlonnú teicneolaíochtaí nua IS a thuar; ag áitiú, dá bhrí sin, gur gá do reachtóirí, mar gheall ar an éiginnteacht sin, aird chuí a thabhairt ar phrionsabal an réamhchúraim maidir le IS a rialáil; á chreidiúint go bhfuil sé ríthábhachtach dul i gcomhairle le saineolaithe a bhfuil saineolas agus cúlraí éagsúla acu chun reachtaíocht láidir, inoibrithe agus a sheasfaidh an aimsir a chruthú; ag tabhairt rabhadh go bhféadfadh éiginnteacht dhlíthiúil a bheith ar cheann de na baic is mó ar an nuálaíocht; ag tabhairt dá haire, i ndáil leis sin, a thábhachtaí atá sé litearthacht IS a chur chun cinn i measc na saoránach, lena n-áirítear ionadaithe tofa agus údaráis náisiúnta;

    86.

    ag tabhairt rabhadh, dá bhrí sin, nach mbíonn timthriallta reachtaíochta ag teacht le luas an dul chun cinn teicneolaíochta go minic, rud a chuireann iallach ar lucht déanta beartas breith suas agus an claonadh a bheith ann cásanna úsáide atá sa mhargadh cheana féin a rialáil; á thabhairt le fios nach mór anailís uileghabhálach ar chomhréireacht agus ar riachtanas a dhéanamh roimh chur chuige fónta rialála i leith IS, ionas nach gcuirfear bac ar an nuálaíocht agus ar iomaíochas chuideachtaí AE;

    87.

    á chur i bhfáth, trí úsáid a bhaint as IS chun sonraí bithmhéadracha a fháil, go bhféadfadh sé a bheith ionsáite agus díobhálach nó tairbhiúil don duine aonair, agus don phobal i gcoitinne;

    88.

    ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, go mbaineann ceisteanna ríthábhachtacha eiticiúla agus dlíthiúla le teicneolaíochtaí IS sin; ag tabhairt dá haire, le teicneolaíochtaí áirithe IS, go gcumasaítear uathoibriú na próiseála faisnéise ar scála nach bhfacthas riamh roimhe, rud a réitíonn an bealach le haghaidh ollfhaireachais agus cur isteach neamhdhleathach eile agus atá ina bhagairt ar chearta bunúsacha, go háirithe na cearta chun príobháideachta agus chun cosaint sonraí;

    89.

    á chur i bhfáth go n-úsáideann mórán réimis fhorlámhacha córais IS chun smacht a bheith acu ar a saoránaigh, chun ollfhaireachas, spiaireacht agus faireachán a dhéanamh orthu agus chun iad a rangú nó chun srian a chur le saoirse gluaiseachta; á chur i bhfáth, maidir le húdaráis phoiblí aon chineál scórála normataí saoránach a dhéanamh, go háirithe laistigh de réimse fhorfheidhmiú an dlí, an rialuithe teorann agus na mbreithiúna, mar aon lena húsáid ag cuideachtaí príobháideacha agus daoine aonair, go mbíonn cailliúint neamhspleáchais agus phríobháideachta mar thoradh air, go mbaineann rioscaí idirdhealaithe leis agus nach bhfuil sé i gcomhréir le luachanna Eorpacha; á mheabhrú go bhfuil teicneolaíochtaí amhail cibearfhaireachas agus aitheantas bithmhéadrach, ar féidir iad a úsáid chun na gcríoch sin, faoi réir Rialachán AE maidir le Rialú ar Onnmhairiú; á chur in iúl gur cúis mhór imní di agus go gcáineann sí cásanna ina ndíolann cuideachtaí AE córais bhithmhéadracha a bheadh neamhdhleathach lena n-úsáid laistigh de AE do réimis fhorlámhacha i dtíortha nach tíortha de chuid AE iad;

    90.

    á thabhairt dá haire nach amháin go bhfuil smacht suntasach ag ardáin ardteicneolaíochta sa lá atá inniu ann ar rochtain ar fhaisnéis agus ar a dáileadh, ach go mbaineann siad úsáid freisin as teicneolaíochtaí IS chun tuilleadh faisnéise a fháil faoi chéannacht an duine, a iompar agus a eolas ar stair chinnteoireachta; á chreidiúint gurb amhlaidh próifíliú den sórt sin agus rioscaí do chórais dhaonlathacha mar aon le cosaint na gceart bunúsach agus neamhspleáchas na saoránach; á chur i bhfáth go gcruthaíonn sé sin éagothroime cumhachta agus go bhfuil rioscaí sistéamacha ann a d’fhéadfadh difear a dhéanamh don daonlathas;

    91.

    á chur i bhfios gur féidir ardáin dhigiteacha a úsáid, lena n-áirítear trí fheidhmchláir mhargaíochta atá á spreagadh ag IS, i gcomhair trasnaíocht eachtrach agus chun bréagaisnéis agus domhainbhrionnuithe a scaipeadh, ag gníomhú mar líonraí bolscaireachta, trollála agus ciaptha agus é mar aidhm leo an bonn a bhaint ó phróisis toghcháin; á chur i bhfáth go gcumasaíonn an mheaisínfhoghlaim, go háirithe, úsáid spriocdhírithe sonraí pearsanta chun dul i gcion ar vótálaithe nach bhfuil ar an eolas trí theachtaireachtaí pearsanta agus áititheacha a chruthú; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá oibleagáidí láidre trédhearcachta a fhorfheidhmítear go héifeachtach;

    92.

    á chur i bhfios go láidir go bhféadfaí IS a úsáid freisin, áfach, chun gníomhaíochtaí frithdhaonlathacha agus neamheiticiúla ar ardáin a laghdú, agus mar mhodh chun dáileadh na bréagnuachta agus na fuathchainte a theorannú, cé gur léiríodh drochthorthaí go dtí seo sna tástálacha a dhéantar ar a cumas inneachar comhthéacs-sonrach a thuiscint; á chur in iúl gur cúis bhuartha di go bhféadfadh sé go mbeadh níos mó rannpháirtíochta ag úsáideoirí mar thoradh ar theanga dheighilteach, agus sin an fáth go mbeadh baint na teanga sin i gcoinbhleacht dhíreach le samhail ghnó na n-ardán sin atá bunaithe ar rannpháirtíocht úsáideoirí a uasmhéadú; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim nach mór réitigh IS-chumhachtaithe a bheith bunaithe ar urraim iomlán don tsaoirse cainte agus don tsaoirse chun tuairimí a nochtadh, agus ar fhianaise láidir ina bhfabhar, sula n-úsáidfear iad ar deireadh;

    93.

    á chur i bhfáth gur minic a tharlaíonn claonadh i gcórais IS, go háirithe maidir le córais domhainfhoghlama, mar gheall ar easpa sonraí éagsúla agus ardchaighdeáin oiliúna agus tástála, mar shampla i gcás ina n-úsáidtear tacair sonraí nach bhfuil ionadaíoch a ndóthain do ghrúpaí leochaileacha, nó i gcás ina bhfuil sainmhíniú an chúraim nó na socruithe ceanglais iontu féin claonta; á thabhairt dá haire go bhféadfadh claonadh teacht chun cinn freisin mar gheall ar easpa éagsúlachta a d’fhéadfadh a bheith i bhfoirne forbróirí, lena n-athdhearbhaítear claontachtaí intreacha, mar gheall ar líon teoranta sonraí oiliúna agus tástála, nó i gcás inar bhain forbróir claonta IS den algartam; á chur i bhfios go gcruthaítear difreáil réasúnaithe d’aon ghnó freisin chun feidhmíocht foghlama IS a fheabhsú faoi imthosca áirithe;

    94.

    á chur i bhfáth nár cheart go dtarlódh an claonadh struchtúrach atá sa tsochaí arís ná nár cheart é a mhéadú fiú trí bhíthin tacair sonraí ar cháilíocht íseal; ag sonrú, i ndáil leis sin, go bhfoghlaimíonn algartaim a bheith chomh hidirdhealaitheach leis na sonraí lena bhfuil siad ag obair agus, mar thoradh ar shonraí oiliúna ar cháilíocht íseal nó claontachtaí agus idirdhealú a thugtar faoi deara sa tsochaí, go bhféadfadh sé gurb ann do chinntí atá idirdhealaitheach go bunúsach, a chuireann leis an idirdhealú laistigh den tsochaí; á thabhairt dá haire, áfach, gur féidir claontachtaí IS a cheartú uaireanta; ag baint de thátal as sin gur gá, dá bhrí sin, modhanna teicniúla a chur i bhfeidhm agus sraitheanna éagsúla rialaithe a bhunú i ndáil le córais IS, lena n-áirítear na bogearraí, na halgartaim agus na sonraí a úsáideann siad agus a tháirgeann siad, chun an riosca sin a íoslaghdú; ag áitiú gur féidir agus gur cheart úsáid a bhaint as IS chun claontachtaí agus idirdhealú a laghdú agus chun cearta comhionanna agus athrú sóisialta dearfach a chur chun cinn inár sochaithe, lena n-áirítear trí cheanglais normatacha maidir le tacair sonraí a úsáidtear chun oiliúint a chur ar chórais IS; á chur i bhfáth gurb é ceann de na bealaí is éifeachtaí chun claontacht a laghdú i gcórais IS ná a áirithiú, a mhéid is indéanta sin faoi dhlí an Aontais, go bhfuil fáil ar an méid is féidir de shonraí neamhphearsanta chun críoch oiliúna agus don mheaisínfhoghlaim;

    (g)

    Torthaí athfhillteacha i ngach ceann de na sé chás-staidéar

    95.

    á thabhairt dá haire go bhfuil buntáistí agus deiseanna sochaíocha soiléire ann a bhaineann le teicneolaíochtaí IS a ghlacadh, ar nithe iad nach féidir a bhaint ach amháin má thugtar aghaidh ar bhacainní idirdhisciplíneacha san Aontas, i gcomhréir le cearta, luachanna agus reachtaíocht bhunúsach; á chur in iúl gur féidir féachaint ar fhorluí reachtaíochta, ilroinnt an mhargaidh, constaicí maorlathacha, easpa bonneagar digiteach inrochtana agus scileanna digiteacha sa tsochaí níos leithne, agus infheistíocht neamhleor sa taighde agus san fhorbairt, go háirithe mar bhacainní ar chur i bhfeidhm rathúil IS iontaofa sna réimsí uile a ndéantar anailís orthu;

    96.

    ag baint de thátal as na cás-staidéir a scrúdaíodh, ina theannta sin, go bhfuil cásanna úsáide áirithe ann a bhfuil baol ag baint leo nó atá díobhálach, ach nach gá gur teicneolaíochtaí IS-sonracha iad féin ach a réimsí cur i bhfeidhm; ag aithint gur gá aghaidh a thabhairt ar ábhair imní dhlisteanacha a bhaineann leis na rioscaí sin sa rialáil a dhéanfar amach anseo chun go n-aimseofar cur i bhfeidhm leathan do theicneolaíochtaí IS in AE;

    97.

    á chur in iúl, cé go bhfuil sé tábhachtach na rioscaí a bhaineann le IS a scrúdú agus a chatagóiriú, gur léirigh na cás-staidéir gur féidir le teicneolaíochtaí IS frithbhearta éifeachtacha a chur ar fáil dúinn atá in ann na rioscaí sin a mhaolú nó deireadh a chur leo; á chur i bhfios go láidir, toisc go bhfuil IS fós ag luathchéimeanna na forbartha i gcomhthéacs níos leithne na dteicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn, nach bhfuil acmhainneacht iomlán IS chomh maith leis na rioscaí a bhaineann léi cinnte; á chur i bhfios gur gá breathnú ní hamháin ar rioscaí do dhaoine aonair, ach ar an dochar sochaíoch agus neamhábharach níos leithne; ag cur sonrú sna míchothromaíochtaí suntasacha a bhaineann le cumhacht an mhargaidh sna margaí sonraí agus sa gheilleagar IS atá taobh leo; á chur i bhfáth go bhfuil iomaíocht chóir agus bacainní ar iomaíocht do ghnólachtaí nuathionscanta agus do FBManna ríthábhachtach chun na tairbhí a d’fhéadfadh a bheith ag baint le IS a dháileadh go cothrom i dtéarmaí eacnamaíocha agus sochaíocha, ar buntáistí iad a dhealraíonn a bheith suntasach san Aontas agus ar fud an domhain;

    3.    Áit an Aontais san iomaíocht dhomhanda maidir le IS

    98.

    ag féachaint ar an iomaíocht ghéar dhomhanda IS, nach bhfuil AE tar éis a thoilmhianta ina leith a bhaint amach go fóill; ag scrúdú iomaíochas domhanda an Aontais sna ranna seo a leanas ó thaobh IS de, trína cur i gcomparáid le IS na Síne agus na Stát Aontaithe, ag díriú ar thrí ghné lárnacha: cur chuige rialála, staid an mhargaidh agus infheistíochtaí; á aithint, áfach, nach féidir idirdhealú a dhéanamh go héasca thar theorainneacha náisiúnta le margaí agus corparáidí trasnáisiúnta toisc go bhfuil custaiméirí, scairshealbhóirí, fostaithe agus soláthróirí ag formhór na gcuideachtaí teicneolaíochta in a lán tíortha éagsúla;

    (a)   Cur chuige rialála

    99.

    á thabhairt dá haire nár thug na Stáit Aontaithe reachtaíocht chothrománach isteach go fóill sa réimse digiteach, agus go bhfuil siad dírithe go dtí seo ar dhlíthe earnáil-sonracha agus ar infheistíochtaí a éascú, lena n-áirítear trí bhearta cánach maidir le nuálaíocht san earnáil phríobháideach, go háirithe i measc a n-ollchuideachtaí teicneolaíochta agus a n-ollscoileanna ceannródaíocha; á thabhairt dá haire, in ainneoin na bhforbairtí a rinneadh le déanaí a léiríonn ról ceaptha beartais níos gníomhaí, gur léiríodh le cur chuige na Stát Aontaithe go dtí seo, den chuid is mó, béim ar threoir dhlíthiúil a chur ar fáil do ghnólachtaí, infheistíocht a dhéanamh i dtionscadail taighde agus deireadh a chur le bacainní a mheastar a bheith ar an nuálaíocht;

    100.

    á chur i bhfáth gur éirigh le Gníomh Thionscnamh AI Mheiriceá 2019 ath-ailíniú beag a thabhairt isteach, toisc sa bhreis ar mhaoiniú a athdhíriú, athoiliúint a dhéanamh ar oibrithe agus an bonneagar digiteach a neartú, gur fhógair Rialtas na Stát Aontaithe go bhforbrófaí comhchaighdeáin do IS iontaofa; á thabhairt dá haire, áfach, go ndearnadh na 10 bprionsabal a bhí mar thoradh air sin a fhoirmliú ar bhealach an-leathan chun go mbeadh gach gníomhaireacht rialtais in ann rialacháin earnáil-sonracha a chruthú; ag dréim leis, cé go bhfuil sé i gceist ag rialtas reatha na Stát Aontaithe bille nua de chearta a thabhairt chun cinn chun díobháil IS a theorannú in 2022, go mbeidh cur chuige na Stát Aontaithe fós faoi thionchar an mhargaidh;

    101.

    á thabhairt chun suntais gur chuir Uachtarán na Síne, Xi Jinping, béim chomh luath le 2013 ar thábhacht na dteicneolaíochtaí sa gheopholaitíocht, ar ról na mbeartas poiblí maidir le cuspóirí fadtéarmacha a shainiú agus gur deis iad teicneolaíochtaí IS chun a cumhacht mhíleata a athsheoladh; á chur i bhfáth freisin gur chuir Rialtas na Síne plean “Made in China 2025” ar aghaidh in 2015 agus Plean Forbartha AI na Chéad Ghlúine Eile in 2017, a raibh spriocanna soiléire ag an dá cheann acu go mbeadh an tSín ina cheannaire domhanda in IS faoi 2030; á thabhairt dá haire go ndearnadh cur síos breise i bpáipéar bán um chaighdeánú IS na Síne 2018 ar an gcaoi ar féidir leis an ngeilleagar margaidh sóisialach caighdeáin idirnáisiúnta a fhorbairt agus a bheith rannpháirteach go straitéiseach in eagraíochtaí idirnáisiúnta um chaighdeánú; á thabhairt dá haire gur tugadh isteach rialacha maidir le córais moltóirí chomh maith le cód eitice maidir le IS sa tSín;

    102.

    á thabhairt dá haire go ndéanann an tSín, ar an ardán domhanda, comhpháirtíochtaí idirnáisiúnta IS a chur chun cinn go gníomhach mar bhealach chun a cleachtais faireachais IS-bhunaithe, a córas scórála sóisialta agus a straitéisí cinsireachta féin a onnmhairiú; ag cur béim ar an bhfíoras go n-úsáidtear infheistíocht throm thar lear faoin tionscnamh “Digital Silk Road” freisin mar bhealach chun tionchar na Síne agus a teicneolaíocht IS a scaipeadh ar fud an domhain, a bhféadfadh impleachtaí forleathana a bheith acu sa bhreis ar chaighdeáin theicneolaíocha a fhorchur nó iomaíochas teicneolaíoch a choinneáil; ag baint de thátal as sin go bhfuil cur chuige Rialtas na Síne bunaithe, dá bhrí sin, ar IS a úsáid ar bhonn intíre chomh maith le teicneolaíochtaí IS a onnmhairiú bunaithe ar chaighdeáin réamhchinntithe atá i gcomhréir le hidé-eolaíocht Rialtas na Síne;

    103.

    á thabhairt dá haire gur chuir an Coimisiún tús lena chuid oibre maidir le IS a rialáil in 2018 trí straitéis Eorpach IS a fhoilsiú, trí Shainghrúpa Ardleibhéil a bhunú agus trí phlean comhordaithe (32) a thabhairt isteach chun “IS atá déanta san Eoraip” a chothú; á thabhairt dá haire gur moladh i bPáipéar Bán 2020 maidir le IS bearta agus roghanna beartais éagsúla le haghaidh rialachán IS a bheidh ann amach anseo agus gurbh é a bhí mar thoradh air ar deireadh ná Gníomh cothrománach IS (33), a tíolacadh mar aon le plean comhordaithe athbhreithnithe maidir le IS (34) i mí Bealtaine 2021; á chur in iúl gur fhoilsigh 20 Ballstát straitéisí IS náisiúnta amhail ó Mheitheamh 2021, agus go bhfuil seacht gcinn eile ag na céimeanna ullmhúcháin deiridh maidir lena nglacadh;

    104.

    ag cur béim ar an bhfíoras gur gné lárnach de chur chuige rialála an Aontais é béim láidir ar mhargadh aonair digiteach Eorpach a fhorbairt chomh maith le breithnithe eiticiúla atá i gcomhréir le bunluachanna chearta an duine agus prionsabail dhaonlathacha; á aithint, dá mbunófaí an chéad chreat rialála do IS ar domhan, go bhféadfaí giaráil Aontais agus buntáiste an cheannródaí a bhaint amach maidir le caighdeáin idirnáisiúnta IS a leagan síos bunaithe ar chearta bunúsacha agus maidir le “IS iontaofa” atá dírithe ar an duine a onnmhairiú go rathúil ar fud an domhain; á chur i bhfios go láidir gur gá tacú leis an gcur chuige sin trí chomhordú rialála agus cóineasú le comhpháirtithe idirnáisiúnta;

    (b)   Staid an mhargaidh

    105.

    á thabhairt dá haire go bhfuil ceanncheathrú sna Stát Aontaithe ag a lán de na 100 cuideachta IS is ceannródaíche ar fud an domhain, cé nach bhfuil ach líon beag díobh in AE; á thabhairt dá haire go bhfuil na Stáit Aontaithe ar thús cadhnaíochta freisin i líon iomlán na ngnólachtaí nuathionscanta IS;

    106.

    á chur i bhfios go bhfuil ollchuideachtaí teicneolaíochta na Stát Aontaithe tar éis roinnt cuideachtaí digiteacha Eorpacha a éadáil le blianta beaga anuas; á chur in iúl gur geal léi uaillmhian an Choimisiúin dul i ngleic le héadálacha a bhféadfadh tionchar suntasach a bheith acu ar iomaíocht éifeachtach sa mhargadh digiteach agus srian a chur le héadálacha maraithe; á chur i bhfios, áfach, go bhféadfadh an éadáil a bheith mar phríomhchuspóir ag cruthaitheoirí gnólachtaí nuathionscanta agus a lucht cistiúcháin, i gcásanna áirithe, mar mhodh dlisteanach amháin chun tairbhe a bhaint as a gcuid smaointe;

    107.

    á chur i bhfáth, cé go bhfuil na Stáit Aontaithe agus an tSín ag iarraidh dlús a chur le húsáid teicneolaíochtaí IS san earnáil phoiblí agus san earnáil phríobháideach, go bhfuil glacadh IS ar gcúl san Aontas; á chur in iúl nach raibh ach 7 % de chuideachtaí AE a bhfuil 10 bhfostaí ar a laghad acu ag úsáid teicneolaíochtaí IS in 2020, le difríochtaí suntasacha i measc na mBallstát agus i measc earnálacha éagsúla gnó;

    108.

    á chur in iúl gur cúis bhuartha di, cé go bhfuil margadh digiteach aontaithe ag na Stáit Aontaithe agus ag an tSín a bhfuil tacar comhleanúnach rialacha acu, nach bhfuil margadh aonair digiteach an Aontais tugtha chun críche go fóill agus go bhfuil bacainní gan údar fós ann; á chur i bhfáth go bhféadfaí forbairt táirgí agus seirbhísí IS a mhoilliú tuilleadh leis an obair leanúnach ar 27 straitéis náisiúnta éagsúla maidir le IS;

    109.

    ag cur béim ar an bhfíoras freisin go gcuireann neamhréireachtaí i ndlí AE, forluí idir tionscnaimh reachtacha éagsúla, contrárthachtaí idir dlíthe an Aontais agus dlíthe náisiúnta, léirmhínithe dlíthiúla éagsúla agus easpa forfheidhmiúcháin i measc na mBallstát cosc ar mhachaire comhréidh agus go bhfuil an baol ann go gcruthóidh siad éiginnteacht dhlíthiúil do chuideachtaí Eorpacha toisc go bhféadfadh sé a bheith deacair orthu a chinneadh cibé atá nó nach bhfuil a gcuid nuálaíochtaí IS i gcomhréir le dlí AE;

    110.

    á thabhairt dá haire go bhfuil ilroinnt an mhargaidh le haghaidh cuideachtaí IS níos measa fós mar gheall ar easpa comhchaighdeán agus noirm i roinnt earnálacha, lena n-áirítear maidir le hidir-inoibritheacht sonraí; á chur in iúl gur oth léi an riosca rialála a thagann as moill a chur ar an reachtaíocht, amhail an Rialachán maidir le ríomh-Phríobháideachas; á thabhairt chun suntais, mar shampla, go bhfuil dúshlán sonraí os comhair forbróirí IS in AE nach bhfuil ag a gcontrapháirtithe sna Stáit Aontaithe ná sa tSín mar gheall ar an margadh aonair digiteach Eorpach a bheith neamhiomlán; á thabhairt dá haire gur minic nach mbíonn dóthain sonraí ar ardcháilíocht acu chun oiliúint agus tástáil a dhéanamh ar a n-algartaim, agus go mbíonn siad ag streachailt le heaspa spásanna sonraí earnálacha agus idir-inoibritheacht trasearnála, mar aon le srianta ar shreafaí sonraí trasteorann;

    (c)   Infheistíochtaí

    111.

    á thabhairt dá haire go n-infheistíonn cuideachtaí agus rialtais Eorpacha i bhfad níos lú i dteicneolaíochtaí IS ná mar a dhéanann na Stáit Aontaithe nó an tSín; á chur i bhfios, cé go bhfuil méadú suntasach ag teacht ar infheistíochtaí príobháideacha i dtionscal IS AE, go bhfuil AE fós ag gann-infheistiú go suntasach in IS i gcomparáid le réigiúin cheannasacha eile, ós rud é gurb ionann infheistíochtaí na Stát Aontaithe agus na Síne agus breis agus 80 % de na hinfheistíochtaí cothromais bliantúla de EUR 25 bhilliún in IS agus blocshlabhra, cé nach bhfuil i sciar an Aontais ach 7 % nó thart ar EUR 1,75 billiún; á chur i bhfáth nach bhfuil méid margaí den chineál céanna sna Stáit Aontaithe bainte amach fós ag leachtacht mhargaí maoiniúcháin AE do chuideachtaí teicneolaíochta; á thabhairt dá haire go bhfuil na Stáit Aontaithe chun tosaigh freisin i gcistiú caipitil fiontair agus cothromais phríobháidigh, a bhfuil tábhacht ar leith ag baint leo do ghnólachtaí nuathionscanta IS, le EUR 12,6 billiún in 2019, in aghaidh EUR 4,9 billiún don tSín agus EUR 2,8 billiún don Aontas; á thabhairt dá haire, mar thoradh air sin, go bhfuil fiontraithe IS san Eoraip ag trasnú an Atlantaigh chun a gcuid gnólachtaí sna Stáit Aontaithe a mhéadú;

    112.

    á chur in iúl, in éineacht le tionscnaimh náisiúnta, go bhfuil infheistíocht phoiblí bhliantúil mheasta AE in IS arb ionann é agus EUR 1 bhilliún (35) i bhfad níos ísle ná an EUR 5,1 billiún a infheistítear gach bliain sna Stáit Aontaithe agus suas le EUR 6,8 billiún sa tSín (36); á chur in iúl, áfach, gur tháinig méadú 70 % ar chistiú poiblí AE do thaighde agus nuálaíocht IS idir 2017 agus 2020, i gcomparáid leis an tréimhse roimhe sin, agus in 2019, gur infheistigh AE idir EUR 7,9 billiún agus 9 mbilliún in IS, arbh ionann é agus 39 % níos mó ná an bhliain roimhe sin; ag aithint na bpleananna atá ag an gCoimisiún agus á chur in iúl gur geal léi iad, ar pleananna iad chun an infheistíocht a mhéadú tuilleadh tríd an gclár don Eoraip dhigiteach, Fís Eorpach, InvestEU, Cistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa, an Ciste Eorpach Infheistíochta, an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa sa Teileachumarsáid agus cláir éagsúla de chuid an bheartais comhtháthaithe, a chomhlánófar agus a ghiarálfar tuilleadh leis an sprioc íosta chaiteachais 20 % don aistriú digiteach sna pleananna náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta, mar a chomhaontaigh an Coimisiún agus na Ballstáit faoin tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta; ag cur béim láidir, áfach, ar an tuarascáil a tháinig ón mBanc Eorpach Infheistíochta le déanaí, lena ndéantar bearna infheistíochta an Aontais in IS agus i dteicneolaíochtaí blocshlabhra a chainníochtú ag EUR 5-10 billiún in aghaidh na bliana;

    113.

    á chur i bhfáth go bhfuil iomaíocht láidir ann d’fhostaithe cáilithe i gcuideachtaí IS taobh istigh de AE, rud atá níos measa mar gheall ar 42 % de dhaonra an Aontais nach bhfuil scileanna digiteacha bunúsacha acu; á chur i bhfáth gur gá oiliúint a chur ar líon níos airde céimithe dea-oilte, lena n-áirítear mná, agus iad a mhealladh, chun obair a dhéanamh san earnáil dhigiteach;

    114.

    á thabhairt dá haire, cé go bhfuil pobal taighdeoirí den scoth ag AE i dtaobh IS, go bhfuil imirce daoine oilte i gcás thaighdeoirí AE fós ina shaincheist; á chur i bhfáth gur gá bearta chun taighdeoirí ceannródaíocha a mhealladh; á thabhairt dá haire nár chaith AE ach 2,32 % dá OTI ar thaighde agus ar fhorbairt in 2020, agus gur chaith na Stáit Aontaithe 3,08 %; ag meabhrú nach mór do na Ballstáit seasamh lena dtiomantas 3 % dá OTI a infheistiú sa taighde agus san fhorbairt, chun neamhspleáchas straitéiseach an Aontais sa réimse digiteach a áirithiú;

    115.

    á thabhairt dá haire nach mór bonneagar digiteach an Aontais a thabhairt cothrom le dáta go substaintiúil, agus nach bhfuil ach 25 % de mhuintir an Aontais in ann nascadh le líonra 5G, i gcomparáid le 76 % de mhuintir na Stát Aontaithe; á thabhairt dá haire nach bhfuil bonneagar digiteach ardfheidhmíochta leordhóthanach ag an Aontas le spásanna sonraí idir-inoibritheacha, rátaí agus méideanna arda tarchuir, iontaofacht agus moilleanna gearra; á chur i bhfáth gur gá tacú le héiceachórais IS Eorpacha a bhfuil braislí barr feabhais acu;

    (d)   Conclúid

    116.

    ag baint an tátal as sin gurb iad na Stáit Aontaithe an ceannródaí foriomlán in IS mar go bhfuil siad chun tosaigh in go leor catagóirí, agus go bhfuil cuideachtaí le ceanncheathrú sna Stáit Aontaithe atá ar thús cadhnaíochta i bhforbairt teicneolaíochta i réimsí amhail an néalríomhaireacht agus cumais ríomhaireachta ardfheidhmíochta, agus chomh maith leis sin a mhéid a bhaineann le hinfheistíocht, mealladh tallann, taighde agus bonneagar IS; á thabhairt chun suntais, áfach, go bhfuil an tSín, a bhí ag titim ar gcúl go mór i ngach táscaire i gcomparáid leis na Stáit Aontaithe cúpla bliain ó shin, ag breith orthu go tapa; ag aithint go bhfuil sé de bhuntáiste ag an dá thír go bhfuil margadh aonair aontaithe iontu agus go bhfuil tiomantas níos láidre iontu leanúint de bheith ar thús cadhnaíochta i dtaobh IS;

    117.

    á chur i bhfáth, in ainneoin sheasamh láidir AE maidir le bogearraí tionsclaíocha agus róbataic, go bhfuil gníomhaithe AE fós taobh thiar dá bpiaraí ó na Stáit Aontaithe agus ón tSín i roinnt mhaith catagóirí; á chur i bhfios go láidir gur cheart do AE plean uaillmhianach a fhorbairt do IS Eorpach atá dírithe ar an duine; á thabhairt dá haire go bhfuil AE chun tosaigh, áfach, maidir le cur chuige rialála; á chur i bhfios go gcaithfear díriú ar thaighde agus nuálaíocht, ar scileanna, ar bhonneagar agus ar infheistíocht i straitéis inmharthana AE chun bheith níos iomaíche maidir le IS, agus ag an am céanna iarracht a dhéanamh creat rialála a bhunú a bheidh dírithe ar an todhchaí, cothrománach agus fabhrach don nuálaíocht chun IS a fhorbairt agus a úsáid, agus a áirithiú ag an am céanna go gcosnófar cearta bunúsacha shaoránaigh an Aontais agus an smacht reachta;

    118.

    á chur i bhfios go láidir go raibh tionchar diúltach ag Brexit ar iarrachtaí AE a lorg domhanda IS a neartú, ós rud é go raibh an Ríocht Aontaithe ar na príomhthíortha an Aontais i dtaobh IS; á chur i bhfáth, áfach, gur cheart go leanfadh an Ríocht Aontaithe de bheith ina comhpháirtí luachmhar de chuid AE, ag neartú iomaíochas an dá chomhpháirtí agus ag cur comhbhreathnuithe rialála chun cinn i leagan amach caighdeán domhanda;

    119.

    ag baint de thátal as sin go bhfuil AE fós i bhfad óna mhian a bhaint amach maidir le bheith iomaíoch i dtaobh IS ar an leibhéal domhanda, agus go bhféadfadh an baol a bheith ann go dtitfidh sé níos faide ar gcúl i gcatagóirí áirithe; á mheas go bhfuil deis ann an staid sin a athrú trí ghníomhaíocht mhear maidir le Treochlár AE i ndáil le IS a leagtar amach thíos;

    120.

    á shonrú, ós rud é nach bhfuil an chumhacht reachtach ag AE aghaidh a thabhairt ar na pointí ar fad a liostaítear i dTreochlár AE i ndáil le IS, go molann an coiste speisialta plé breise ardleibhéil agus próisis pholaitiúla bhreise a shaothrú i measc institiúidí AE agus na mBallstát chun cur chuige níos comhchuibhithe maidir le IS a éileamh agus chun cabhrú leis na Ballstáit a gcuid iarrachtaí a chomhordú; ag tagairt, i ndáil leis an méid sin, do chlár oibre 2000 Liospóin AE, a raibh ról tábhachtach aige, in ainneoin an cháinte, i dtreorú bheartais AE thar thréimhse 20 bliain agus i gcoinneáil suas leis an mbrú ar na Ballstáit athchóiriú a dhéanamh;

    4.    “Eoraip atá oiriúnach don ré dhigiteach” – Treochlár chun bheith ina cheannaire domhanda

    (a)   Timpeallacht rialála fhabhrach

    i.   REACHTÓIREACHT

    121.

    á iarraidh ar an gCoimisiún gan gníomhartha reachtacha a mholadh ach amháin i bhfoirm rialacháin le haghaidh dlíthe nua digiteacha i réimsí amhail IS, ós rud é nach mór don mhargadh aonair digiteach dul faoi phróiseas fíor-chomhchuibhithe; á chur in iúl go bhfuil sí deimhin de, mar thoradh ar fhorbairt mhear teicneolaíochta, gur cheart go mbeadh an reachtaíocht dhigiteach solúbtha i gcónaí, bunaithe ar phrionsabail, neodrach ó thaobh na teicneolaíochta de, oiriúnaithe don todhchaí agus comhréireach, agus cur chuige riosca-bhunaithe á ghlacadh i gcás inarb iomchuí, bunaithe ar chearta bunúsacha a urramú agus ar ualach riaracháin breise nach bhfuil gá leis a chosc do FBManna, gnólachtaí nuathionscanta, lucht acadúil agus taighde; á chur i bhfáth, thairis sin, a thábhachtaí atá ardleibhéal deimhneachta dlíthiúla agus, dá bhrí sin, gur gá critéir, sainmhínithe agus oibleagáidí infheidhmeachta atá láidir, praiticiúil agus gan débhrí i ngach téacs dlíthiúil maidir le díol, úsáid nó forbairt teicneolaíochtaí IS;

    122.

    á chreidiúint go bhfuil an clár oibre maidir le rialáil níos fearr ríthábhachtach chun go n-éireoidh le straitéis IS AE; á chur i bhfáth gur gá díriú ar shásraí athbhreithnithe, oiriúnaithe, cur chun feidhme agus forfheidhmithe na ndlíthe atá ann cheana sula ndéanfar gníomhartha reachtacha nua a mholadh;

    123.

    ag tathant ar an gCoimisiún measúnuithe tionchair ex-ante cuimsitheacha a dhéanamh le fadbhreathnaitheacht agus le hanailís riosca leordhóthanach sula n-eiseofar moltaí nua digiteacha i réimsí amhail IS; ag cur béim ar an bhfíoras gur cheart reachtaíocht ábhartha atá ann cheana a mhapáil agus a mheas go córasach i measúnuithe tionchair, agus aon fhorluí nó coinbhleachtaí a chosc;

    124.

    á mholadh gur cheart dlíthe nua i réimsí amhail IS a chomhlánú le caighdeáin Eorpacha atá forbartha ag geallsealbhóirí a chur chun cinn; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim gur cheart do AE a dhícheall a dhéanamh chun ilroinnt a sheachaint agus go bhféadfadh caighdeáin idirnáisiúnta a bheith ina dtagairt úsáideach, ach gur cheart do AE tús áite a thabhairt dá chaighdeáin féin a fhorbairt; á thabhairt chun suntais gur cheart caighdeáin den sórt sin a bheith mar thoradh ar iomaíocht chóir ar mhaithe leis na caighdeáin is fearr laistigh den Aontas, ar cheart do AE agus d’eagraíochtaí um chaighdeánú freagairt dóibh; á thabhairt dá haire go bhféadfaí caighdeáin theicniúla agus treoracha deartha a chomhcheangal le scéimeanna lipéadaithe mar bhealach chun muinín tomhaltóirí a chothú trí sheirbhísí agus táirgí iontaofa a chur ar fáil; ag cur béim ar ról eagraíochtaí um chaighdeánú AE maidir le caighdeáin theicniúla úrscothacha a fhorbairt; á iarraidh ar an gCoimisiún dlús a chur le heisiúint sainorduithe um chaighdeánú chuig na heagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le caighdeánú Eorpach (37);

    125.

    á mhíniú go bhféadfadh ardán deimhniúcháin oscailte éiceachóras muiníne a bhunú a mbeadh baint ag rialtais, an tsochaí shibhialta, gnólachtaí agus geallsealbhóirí eile leis;

    126.

    á iarraidh ar an bParlaimint, ar an gCoimisiún agus ar an gComhairle feabhas a chur ar a gcumas déileáil le coinbhleachtaí inniúlachta inmheánacha a mhéid a bhaineann le hábhair uileghabhálacha amhail IS, toisc go bhfuil baol ann go gcuirfeadh coinbhleachtaí den sórt sin moill ar an nós imeachta reachtach, agus go mbeadh éifeachtaí iarmhartacha aige sin ó thaobh theacht i bhfeidhm na reachtaíochta de;

    ii.   RIALACHAS AGUS FORFHEIDHMIÚ

    127.

    á iarraidh go ndéanfaí reachtaíocht a bhaineann le IS a chomhordú, a chur chun feidhme agus a fhorfheidhmiú ar bhealach comhsheasmhach ar fud an Aontais;

    128.

    á mhíniú gur cur chuige rialachais a bhfuil gealladh faoi iad fóraim chomhairliúcháin atá bunaithe ar gheallsealbhóirí, amhail an Bord um Nuálaíocht Sonraí, atá le bunú leis an Acht um Rialachas Sonraí, nó an Chomhghuaillíocht Eorpach IS, lena n-áirítear comhpháirtíochtaí príobháideacha-poiblí, amhail an Chomhghuaillíocht Eorpach um Shonraí Tionsclaíocha, Imeallríomhaireacht agus Néalríomhaireacht; á mhíniú tuilleadh go gcuireann an cur chuige sin ar chumas éiceachóras IS an Aontais a phrionsabail, a luachanna agus a chuspóirí a chur i ngníomh agus leasanna sochaíocha a léiriú ar leibhéal an chóid bogearraí;

    129.

    á thabhairt chun suntais, mar gheall ar an “bhfadhb mear”, gur gá díriú go speisialta ar fhorfheidhmiú éifeachtach ex-post ag cúirteanna agus ag gníomhaireachtaí rialála mar aon le cineálacha cur chuige ex-ante chun dul i ngleic le dúshláin dlí a eascraíonn as teicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn; ag tacú, dá bhrí sin, le húsáid boscaí gainimh rialála, lena dtabharfaí deis uathúil d’fhorbróirí AI turgnamh a dhéanamh ar bhealach tapa, athraitheach agus rialaithe faoi mhaoirseacht na n-údarás inniúil; á thabhairt dá haire go mbeadh na boscaí gainimh rialála sin ina spásanna turgnamhacha chun córais IS agus samhlacha nua gnó a thástáil faoi fhíorchoinníollacha domhanda i dtimpeallacht rialaithe sula rachaidh siad isteach sa mhargadh;

    iii.   CREAT DLÍTHIÚIL LE HAGHAIDH IS

    130.

    á thabhairt chun suntais go bhfuil “Bealach Eorpach” i ndomhan digitithe á chruthú ag cuspóir bunúsach straitéis dhigiteach an Aontais, agus na straitéise IS; á shoiléiriú gur cheart go mbeadh an cur chuige sin dírithe ar an duine, iontaofa, faoi threoir ag prionsabail eiticiúla agus bunaithe ar choincheap an gheilleagair shóisialta margaidh; á chur i bhfios go láidir gur cheart go mbeadh an duine aonair agus cosaint a gceart bunúsach i gcónaí mar chroílár na mbreithnithe polaitiúla agus reachtacha uile;

    131.

    ag aontú leis an gconclúid a bhain an Coimisiún amach ina Pháipéar Bán 2020 maidir le hintleacht shaorga gur gá creat dlíthiúil riosca-bhunaithe a bhunú do IS, lena gcumhdófar go háirithe caighdeáin ardleibhéil eiticiúla bunaithe ar thrédhearcacht, in-iniúchacht agus cuntasacht, in éineacht le forálacha maidir le sábháilteacht táirgí, rialacha iomchuí dliteanais agus forálacha earnáil-sonracha, agus ag an am céanna dóthain solúbthachta agus deimhneachta dlíthiúla agus machaire comhréidh a chur ar fáil do ghnólachtaí agus d’úsáideoirí chun glacadh le IS agus nuálaíocht IS a chothú;

    132.

    á chur i bhfios go bhfuil breisluach treorach ag gabháil le glacadh leis na coincheapa, leis an téarmaíocht agus leis na caighdeáin a d’fhorbair ECFE mar inspioráid don sainmhíniú ar IS sa reachtaíocht; á chur i bhfáth go mbeadh buntáiste ag AE dá ndéanfaí amhlaidh maidir le córas rialachais idirnáisiúnta IS amach anseo a mhúnlú;

    133.

    á chur in iúl go bhfuil sí deimhin de nár cheart IS mar theicneolaíocht a rialáil i gcónaí, ach gur cheart go mbeadh leibhéal na hidirghabhála rialála comhréireach leis an gcineál riosca aonair agus/nó sochaíoch a thabhaítear trí úsáid a bhaint as córas IS; á chur i bhfios go láidir, i ndáil leis an méid sin, a thábhachtaí atá sé idirdhealú a dhéanamh idir cásanna úsáide IS a mbaineann riosca ard leo agus cásanna úsáide AI a mbaineann riosca íseal leo; ag baint de thátal as sin go bhfuil gá le coimircí reachtacha breise diana don chéad chatagóir sin agus go bhféadfadh sé go n-éileodh cásanna úsáide a mbaineann riosca íseal leo ceanglais trédhearcachta d’úsáideoirí deiridh agus do thomhaltóirí in a lán cásanna;

    134.

    á shonrú gur cheart córais AI a aicmiú mar “ardriosca” a bhunú ar a n-úsáid nithiúil agus ar chomhthéacs, cineál, dóchúlacht, déine agus do-aisiompaitheacht fhéideartha na díobhála a mbeifí ag súil léi mar shárú ar chearta bunúsacha agus rialacha sláinte agus sábháilteachta mar a leagtar síos i ndlí an Aontais; á chur i bhfáth gur cheart go mbeadh treoraíocht agus cur chun cinn malartaithe dea-chleachtas le haghaidh forbróirí IS ag gabháil leis an aicmiú sin; á chur i bhfáth nach mór an ceart chun príobháideachta a urramú i gcónaí agus gur cheart d’fhorbróirí AI a ráthú go gcomhlíonfar go hiomlán na rialacha maidir le cosaint sonraí;

    135.

    á chur i bhfios go láidir nach mór do chórais IS ar dócha go n-idirghníomhóidh siad le leanaí nó go ndéanfaidh siad difear dóibh ar shlí eile a gcearta agus a leochaileachtaí a chur san áireamh agus na caighdeáin is airde atá ar fáil a chomhlíonadh ó thaobh sábháilteachta, slándála agus príobháideachais d’aon ghnó agus mar réamhshocrú;

    136.

    á thabhairt dá haire go bhféadfadh na timpeallachtaí ina n-oibríonn córais IS a bheith éagsúil i dtimpeallacht gnólacht le gnólacht (B2B) i gcomparáid le timpeallacht gnólacht le tomhaltóir (B2C); á chur i bhfios gur gá cearta tomhaltóirí a chosaint go dlíthiúil trí reachtaíocht maidir le cosaint tomhaltóirí; á chur i bhfáth, cé gur féidir le cuideachtaí dúshláin dliteanais agus dúshláin dlí eile a réiteach go tapa agus go costéifeachtach trí mhodhanna conarthacha le comhpháirtithe gnó go díreach, go bhféadfadh sé go mbeadh gá le reachtaíocht chun gnólachtaí beaga a chosaint ar dhrochúsáid cumhachta margaidh ag gníomhaithe ceannasacha trí ghaibhniú tráchtála nó teicneolaíoch, trí bhacainní ar iontráil sa mhargadh nó trí fhadhbanna faisnéise neamhshiméadracha; á thabhairt chun suntais gur gá freisin riachtanais FBManna agus gnólachtaí nuathionscanta a bhfuil ceanglais chasta acu a chur san áireamh, ionas nach mbeidh siad faoi mhíbhuntáiste i gcomparáid le cuideachtaí móra, a bhfuil na hacmhainní acu chun ranna suntasacha dlíthiúla agus comhlíonta a choinneáil;

    137.

    á chur i bhfios go láidir gur gá cur chuige atá bunaithe ar phrionsabail a chur i bhfeidhm i ndáil le ceisteanna eiticiúla oscailte a eascraíonn as féidearthachtaí nua teicneolaíocha a eascraíonn as díol agus úsáid feidhmchláir IS, lena n-áirítear trí úsáid a bhaint as prionsabail bhunúsacha éigeantacha amhail prionsabal na neamh-dhíobhálachta, an prionsabal maidir le dínit an duine agus cearta bunúsacha a urramú, agus cosaint an phróisis dhaonlathaigh; á thabhairt dá haire gur gnéithe tábhachtacha eile chun an geilleagar IS a mhúnlú iad dea-chleachtais i bhforbairt IS, amhail IS atá dírithe ar an duine, rialachas freagrach agus prionsabail na trédhearcachta agus na hinmhínitheachta, chomh maith le prionsabail IS inbhuanaithe atá go hiomlán ailínithe le Clár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe don Fhorbairt Inbhuanaithe;

    138.

    á aithint nach féidir i gcónaí algartaim IS a “dhí-laobhadh” go hiomlán toisc go bhfuil sárchuspóir na sonraí saor ó earráidí an-deacair nó dodhéanta le baint amach; á thabhairt dá haire, fiú amháin i gcóras IS a tástáladh, go mbeidh fíorchásanna domhanda ann a d’fhéadfadh torthaí claonta a sholáthar nuair a imscarfar é i dtimpeallacht atá éagsúil le comhdhéanamh a chuid sonraí oiliúna agus tástála; á chur i bhfáth gur cheart don Aontas a dhícheall a dhéanamh trédhearcacht na dtacar sonraí agus na n-algartaim a fheabhsú, comhoibriú go dlúth le forbróirí IS chun claontacht struchtúrach na sochaí a fhrithchothromú agus a laghdú agus rialacha éigeantacha maidir le dícheall cuí maidir le cearta an duine a mheas ag céim luath san fhorbairt;

    139.

    á mhíniú thairis sin go bhféadfadh sé nach bhféadfaí oibleagáidí fóinteacha trédhearcachta nó inmhínitheachta do chórais IS a chur chun feidhme i ngach cás; á thabhairt dá haire gur gá cearta maoine intleachtúla agus rúin trádála a chosaint ar chleachtais neamhdhleathacha amhail spiaireacht thionsclaíoch;

    140.

    á chur in iúl go gcaithfidh an creat reachtach maidir le maoin intleachtúil leanúint de dhreasú agus de chosaint a thabhairt do nuálaithe IS trí phaitinní a dheonú dóibh mar luach saothair as na nithe a chruthaíonn siad a fhorbairt agus a fhoilsiú; á bhaint de thátal as sin go seasfaidh na dlíthe atá ann cheana an aimsir den chuid is mó, ach ag moladh coigeartuithe áirithe, lena n-áirítear comhtháthú gnéithe foinse oscailte, chomh maith le húsáid an tsoláthair phoiblí chun sainordú a thabhairt, i gcás inarb iomchuí, do bhogearraí foinse oscailte le haghaidh réitigh IS; ag moladh foirmeacha nua ceadaithe paitinne a mholadh chun a áirithiú go mbeidh uirlisí ar fáil do réigiúin agus do thionscnaimh nach bhféadfadh íoc astu murach sin;

    141.

    á mheas go bhféadfadh féinmheasúnuithe riosca ex-ante éigeantacha bunaithe ar rialacha agus ar chaighdeáin shoiléire, chomh maith le measúnuithe tionchair ar chosaint sonraí, arna gcomhlánú le measúnuithe comhréireachta tríú páirtí le comhartha CE ábhartha agus iomchuí, in éineacht le forfheidhmiú ex-post trí fhaireachas margaidh, a bheith úsáideach chun a áirithiú go mbeidh córais IS ar an margadh sábháilte agus iontaofa; á chreidiúint gur cheart caighdeáin agus treoraíocht maidir le comhlíonadh reachtaíochta IS a fhorbairt, chun cosc a chur ar FBManna a bhrú amach as an margadh, le dlúth-rannpháirtíocht gnólachtaí beaga, atá ailínithe go hidirnáisiúnta a mhéid is féidir agus atá ar fáil saor in aisce;

    142.

    á thabhairt dá haire, chun sábháilteacht táirgí a mhéadú agus chun sainaithint lochtanna a fheabhsú, gur cheart d’fhorbróirí IS ardriosca a áirithiú go gcoimeádfar logaí inrochtana de ghníomhaíocht algartamach ar bhealach slán; á mheas, i gcás inarb ábhartha, gur cheart d’fhorbróirí córais IS ardriosca a dhearadh ina mbeadh sásraí leabaithe – “cnaipí stad” – le haghaidh idirghabháil an duine chun stad a chur le gníomhaíochtaí uathoibrithe go sábháilte agus go héifeachtúil tráth ar bith agus chun cur chuige duine i mbun idirghabhála a áirithiú; á mheas gur cheart go mbeadh aschur agus réasúnaíocht an chórais IS intuigthe i gcónaí ag an duine;

    143.

    ag aithint na ndúshlán dlíthiúil atá ann mar gheall ar chórais IS, agus gur gá athbhreithniú a dhéanamh ar chodanna sonracha de na rialacha dliteanais atá ann cheana; ag tnúth, i ndáil leis an méid sin, le cur i láthair an togra reachtaigh ón gCoimisiún maidir le dliteanas IS; á chur i bhfáth go bhféadfadh an Treoir maidir le Dliteanas Táirgí (38) agus na córais dliteanais náisiúnta lochtbhunaithe, i bprionsabal, a bheith ina reachtaíocht lárnach chun an dochar is mó a dhéanann IS a chomhrac; á chur i bhfios go láidir go bhféadfadh torthaí míchuí a bheith ann i gcásanna áirithe, ach ag tabhairt rabhaidh gur cheart, in aon athbhreithniú, go gcuirfí an reachtaíocht atá ann faoi láthair maidir le sábháilteacht táirgí san áireamh agus gur cheart é a bheith bunaithe ar bhearnaí a shainaithneofar go soiléir agus a sheasfadh an aimsir agus a d’fhéadfaí a chur chun feidhme go héifeachtach agus a d’fhéadfadh cosaint daoine aonair in AE a áirithiú;

    144.

    á chur i bhfios go láidir nár cheart don chreat dlíthiúil an leibhéal céanna freagrachta pearsanta as riosca a thuiscint is atá ag daoine fásta a chur ar leanaí;

    145.

    á thabhairt dá haire go bhféadfar athruithe áirithe ar na sainmhínithe dlíthiúla ar “tháirge”, lena n-áirítear feidhmeanna bogearraí comhtháite, seirbhísí digiteacha agus spleáchas idirtháirgí, agus ar “tháirgeoir”, lena n-áirítear oibreoir innill, soláthraí seirbhíse agus soláthraí sonraí, a mheas chun a áirithiú go bhfuil cúiteamh ar fáil as díobháil de bharr na dteicneolaíochtaí sin; á chur i bhfáth, áfach, gur cheart cur chuige róleathan nó róchúng a sheachaint maidir leis an sainmhíniú ar “tháirge”;

    146.

    á chur i bhfios, i ngeall ar shaintréithe na gcóras IS, amhail a gcastacht, a nascacht, a dteimhneacht, a leochaileacht, a n-acmhainneacht a bheith modhnaithe trí nuashonruithe, a n-acmhainneacht féinfhoghlama agus a n-uathriail a d’fhéadfadh a bheith ann, chomh maith leis an iliomad gníomhaithe a bhfuil baint acu lena bhforbairt, lena n-imscaradh agus lena n-úsáid, go bhfuil dúshláin shuntasacha os comhair éifeachtacht fhorálacha creata dliteanais náisiúnta agus an Aontais; á mheas, dá bhrí sin, cé nach bhfuil aon ghá ann le hathbhreithniú iomlán ar chórais dliteanais dhea-fheidhmiúla, go bhfuil gá ann le coigeartuithe sonracha agus comhordaithe ar na córais dliteanais chun go seachnófar staid ina mbeadh daoine a fhulaingíonn díobháil nó a ndéantar damáiste dá maoin fágtha gan chúiteamh; á shonrú, cé gur cheart córais ardriosca IS a bheith faoi réir diandlíthe dliteanais, in éineacht le cumhdach árachais éigeantach, gur cheart aon ghníomhaíochtaí, feistí nó próisis eile atá á spreagadh ag córais IS a dhéanann díobháil nó damáiste a bheith faoi réir dliteanais lochtbhunaithe fós; á chreidiúint gur cheart, mar sin féin, go mbeadh duine a fhulaingíonn ag tairbhiú den toimhde gur ar an oibreoir a luíonn an milleán, mura bhfuil an t-oibreoir in ann a chruthú gur chloí sé leis an dualgas cúraim;

    iv.   DÚSHLÁN SONRAÍ AE

    147.

    ag cur sonraí sna conclúidí ar tháinig an Coimisiún orthu sa teachtaireacht uaidh ó 2020 dar teideal “Straitéis Eorpach le haghaidh sonraí” agus ar tháinig an Pharlaimint orthu i rún uaithi an 25 Márta 2021 ar an ábhar céanna, ina luaitear go bhfuil sé ríthábhachtach spás Eorpach aonair sonraí a chruthú i dteannta spásanna sonraí earnálacha a fhorbairt agus díriú ar chomhchaighdeáin chun inscálaitheacht thapa a áirithiú maidir le réitigh IS san Aontas agus níos faide i gcéin, agus chun neamhspleáchas straitéiseach oscailte agus rathúnas eacnamaíoch an Aontais a áirithiú; á mheabhrú go bhfuil nasc riachtanach ann idir infhaighteacht sonraí ardcháilíochta agus forbairt na bhfeidhmchlár IS; á chur i bhfáth, i ndáil leis an méid sin, gur gá seirbhísí néalríomhaireachta láidre, iontaofa agus idir-inoibritheacha a chur ar fáil laistigh den Aontas, chomh maith le réitigh lena ndéantar anailísíocht dhíláraithe sonraí agus ailtireacht imeallríomhaireachta a ghiaráil; á iarraidh ar an gCoimisiún cearta a shoiléiriú chun sonraí a rochtain, a úsáid agus a chomhroinnt do shealbhóirí sonraí neamhphearsanta comhchruthaithe; á chur i bhfáth nach mór go mbeadh rochtain ar shonraí indéanta go teicniúil, lena n-áirítear trí chomhéadain chaighdeánaithe idir-inoibritheacha agus trí bhogearraí idir-inoibritheacha; á chur i bhfáth go n-eascraíonn níos lú nuálaíochta as bacainní ar chomhroinnt sonraí, go laghdaítear an iomaíocht agus go gcuirtear struchtúir olagaplacha mhargaidh chun cinn, a bhfuil baol mór ann go leanfaidh siad de bheith ann sa mhargadh comharsanachta le haghaidh feidhmeanna IS;

    148.

    á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé sileanna sonraí a oscailt agus rochtain ar shonraí a chothú do thaighdeoirí agus do chuideachtaí IS mar a leagtar amach sa rún ón bParlaimint maidir le straitéis sonraí na hEorpa; á chur i bhfáth go ndéanann míchothromaíochtaí sa mhargadh a dhíorthaíonn ó shrianadh sonraí méadaithe ag cuideachtaí príobháideacha méadú ar bhacainní ar iontráil sa mhargadh agus go laghdaítear rochtain agus úsáid níos leithne ar shonraí, rud a fhágann go bhfuil sé deacair go háirithe do ghnólachtaí nuathionscanta agus do thaighdeoirí na sonraí a theastaíonn uathu a fháil nó a cheadúnú chun a n-algartaim a thraenáil; á chur i bhfios go láidir gur gá an deimhneacht dhlíthiúil is gá agus an bonneagar teicniúil idir-inoibritheach a bhunú, agus sealbhóirí sonraí san Eoraip a spreagadh chun a méideanna móra sonraí neamhúsáidte a chur ar fáil; á mheas go gcuidíonn comhroinnt dheonach sonraí idir gnólachtaí, bunaithe ar shocruithe cothroma conarthacha, leis an sprioc sin a bhaint amach; á aithint, áfach, nach gá go ráthófaí rochtain leormhaith ar shonraí do FBManna le comhaontuithe conarthacha B2B mar gheall ar éagothromaíochtaí i gcumhacht nó i saineolas caibidlíochta; á thabhairt chun suntais go n-éascaíonn margaí sonraí oscailte comhroinnt sonraí trí chabhrú le cuideachtaí agus taighdeoirí IS sonraí a fháil nó a cheadúnú uathu siúd ar mian leo sonraí a chur ar fáil ar mhargaí den sórt sin, lena n-áirítear catalóga sonraí, agus cead a thabhairt do shealbhóirí sonraí agus d’úsáideoirí idirbhearta comhroinnte sonraí a chaibidliú; á chur in iúl gur geal léi sa chomhthéacs sin na rialacha maidir le seirbhísí idirghabhála sonraí san Acht um Rialachas Sonraí;

    149.

    á chur in iúl gur geal léi na tionscnaimh ón néalchónaidhm Eorpach, amhail an Chomhghuaillíocht Eorpach um Shonraí Tionsclaíocha, Imeallríomhaireacht agus Néalríomhaireacht, chomh maith le tionscadal GAIA-X, a bhfuil sé d’aidhm léi bonneagar sonraí cónaidhme a fhorbairt agus éiceachóras a chruthú lena gceadófar inscálaitheacht, idir-inoibritheacht agus féinchinntiúchán soláthraithe sonraí; á thabhairt dá haire go gcabhródh leabhar rialacha néalríomhaireachta de chuid an Aontais lena dtiomsófaí reachtaíocht atá ann cheana agus tionscnaimh féinrialála chun prionsabail agus luachanna coiteanna de chuid an Aontais a aistriú ina bpróisis agus seiceálacha inghníomhaithe do chleachtóirí teicniúla;

    150.

    á mholadh go ndéanfaí idir-inoibritheacht sonraí a neartú tuilleadh agus go mbunófaí caighdeáin chomhchoiteanna chun sreabhadh sonraí idir meaisíní agus eintitis éagsúla a éascú, chun comhroinnt sonraí a fheabhsú idir tíortha agus earnálacha agus chun go mbeifear in ann tacair sonraí ardcháilíochta a chruthú ar mhórscála; á thabhairt dá haire go bhféadfaí ról lárnach a imirt freisin maidir le dlús a chur le comhroinnt sonraí trí chaighdeáin oscailte, bogearraí foinse oscailte, ceadúnais choiteanna chruthaitheacha agus comhéadain feidhmchláir (APInna) oscailte don chlársceidealú a spreagadh; ag cur sonrú sa ról atá ag spásanna coiteanna sonraí Eorpacha maidir le saorghluaiseacht sonraí a éascú i ngeilleagar sonraí na hEorpa;

    151.

    á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit a ráthú go bhforfheidhmeofar coinníollacha cothroma conarthacha ar bhealach níos láidre laistigh de raon feidhme na rialacha iomaíochta, agus é mar aidhm acu aghaidh a thabhairt ar mhíchothromaíochtaí i gcumhacht an mhargaidh gan cur isteach gan bonn cirt ar shaoirse chonarthach, agus go mbeidh na húdaráis in aghaidh trustaí feistithe agus go mbeidh na hacmhainní acu chun dul i ngleic le treochtaí comhchruinnithe sonraí; á chur i bhfios go láidir go gcuirfeadh spásanna Eorpacha sonraí ar chumas cuideachtaí comhoibriú le chéile ar bhonn níos dlúithe, agus dá bhrí sin á mheas go bhfuil gá le tuilleadh treoraíochta agus soiléireacht dhlíthiúil do ghnólachtaí maidir le dlí iomaíochta agus comhar i dtaca le comhroinnt agus comhthiomsú sonraí; á chur i bhfáth nár cheart go ndéanfadh comhar sonraí, lena n-áirítear chun traenáil a dhéanamh ar fheidhmchláir IS nó i dtionscal idirlíon na rudaí nithiúla (IoT), foirmiú cairtéal a éascú ná bacainní a chruthú d’iontrálaithe nua i margadh ar chúinse ar bith; ag cur béim ar an bhfíoras gur tábhachtach soiléiriú a dhéanamh ar chearta conarthacha na bhforbróirí agus na gcuideachtaí IS a rannchuidíonn le sonraí a chruthú trí algartaim nó meaisíní IoT a úsáid, agus go háirithe na cearta chun rochtain a fháil ar shonraí, ar inaistritheacht sonraí, ar pháirtí eile a ghríosú chun deireadh a chur le húsáid sonraí, agus sonraí a cheartú nó a scriosadh;

    152.

    á iarraidh ar na Ballstáit, maidir le sonraí atá i seilbh rialtais, an Treoir maidir le Sonraí Oscailte (39) a chur chun feidhme go tapa agus an tAcht um Rialachas Sonraí a chur i bhfeidhm i gceart, trí thacair sonraí ardluacha a chur ar fáil saor in aisce go hidéalach agus iad a sholáthar i bhformáidí meaisín-inléite agus in APInna; á chur i bhfáth go laghdódh an tionscnamh sin na costais a bheadh ann do chomhlachtaí poiblí i dtaca lena gcuid sonraí a scaipeadh agus a athúsáid agus go gcabhródh sé go mór le taighdeoirí agus le cuideachtaí AE feabhas mór a chur ar a dteicneolaíochtaí digiteacha i réimsí amhail IS;

    153.

    á iarraidh go ndéanfaí RGCS a chur chun feidhme go haonfhoirmeach ar fud an Aontais tríd an sásra comhsheasmhachta a chur i bhfeidhm go héifeachtach agus go pras agus trí léirmhínithe éagsúla náisiúnta an dlí a ailíniú; á fhionnadh gur gá freisin na húdaráis cosanta sonraí a fheistiú ar bhealach níos fearr, lena n-áirítear le saineolas teicniúil;

    154.

    ag cur sonrú i dtreoir phraiticiúil 2019 ón gCoimisiún maidir le conas tacair mheasctha sonraí a phróiseáil; á thabhairt le fios gurb é an rogha is fearr i gcónaí do thaighdeoirí agus do chuideachtaí IS an rogha nach ndéantar tacair sonraí a roinnt leo i ngeall ar éiginnteacht i dtaobh na sonraí a bheith anaithnid go leordhóthanach;

    155.

    á mheas gur léargas úsáideach é Tuairim 05/2014 ó Mheitheal Oibre Airteagal 29 um Chosaint Sonraí an 10 Aibreán 2014 maidir le teicnící anaithnidithe, a bhféadfaí tuilleadh forbartha a dhéanamh air; á iarraidh ar an mBord Eorpach um Chosaint Sonraí (EDPB) treoirlínte a ghlacadh bunaithe ar chásanna sonracha úsáide agus ar chásanna ábhartha le haghaidh cineálacha éagsúla rialaitheoirí agus próiseálaithe sonraí agus cásanna éagsúla próiseála, lena n-áirítear seicliosta leis na ceanglais uile nach mór a chomhlíonadh chun sonraí a dhéanamh anaithnid go leor; á thabhairt dá haire, áfach, nach féidir le teicnící anaithnidithe cosaint iomlán agus iomlán ar phríobháideachas a ráthú faoi láthair, mar go bhfuil sé léirithe ag turgnaimh go n-éiríonn le córais nua-aimseartha IS, ina ainneoin sin féin, duine a athaithint;

    156.

    á iarraidh ar an mBord Eorpach um Chosaint Sonraí tuilleadh treorach a eisiúint do thaighdeoirí agus do chuideachtaí i réimsí amhail IS maidir le conas sonraí pearsanta a phróiseáil go héifeachtach lasmuigh den Aontas ar bhealach atá i gcomhréir le RGCS;

    157.

    á mholadh tuilleadh taighde a chistiú maidir le cineálacha cur chuige “príobháideachas trí dhearadh” a chaighdeánú, chomh maith le réitigh chripteagrafacha agus meaisínfhoghlaim chaomhnaithe príobháideachais a chur chun cinn, mar go bhfuil sé ríthábhachtach a áirithiú gur féidir sonraí ar ardcháilíocht a úsáid chun oiliúint a chur ar algartaim agus chun tascanna IS a dhéanamh gan príobháideacht a shárú; á thabhairt dá haire go léirítear gealltanas freisin le hiontaobhais sonraí, deimhnithe d’fheidhmchláir IS ardriosca, córais bainistithe faisnéise pearsanta agus úsáid sonraí sintéiseacha;

    158.

    á spreagadh go ndéanfadh an tAontas agus a chuid Ballstát tionscadal ECFE a bunaíodh le déanaí maidir le rochtain iontaofa rialtais ar shonraí pearsanta atá i seilbh na hearnála príobháidí a ghiaráil mar phointe tagartha do lucht déanta beartas ar fud an domhain d’fhonn réiteach idirnáisiúnta agus cóineasú rialála na ndea-chleachtas sa réimse sin a bhaint amach; á chur i bhfáth, ina leith sin, gur cumasóir ríthábhachtach don nuálaíocht dhigiteach san Eoraip saorshreabhadh sonraí agus meiteashonraí thar theorainneacha idirnáisiúnta, agus acquis an Aontais maidir le cosaint sonraí á urramú go hiomlán; á iarraidh ar an gCoimisiún, dá bhrí sin, staonadh ó cheanglais logánaithe sonraí a fhorchur, seachas i gcás ina gceanglaítear sin chun cearta bunúsacha a chosaint, lena n-áirítear cosaint sonraí, nó i gcásanna teoranta, comhréireacha agus réasúnaithe ina bhfuil an beartas sin chun leasa an Aontais nó ina bhfuil sé riachtanach cloí le caighdeáin Eorpacha;

    159.

    á iarraidh ar an gCoimisiún freagra a thabhairt ar an rialú ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (CBAE) go bhfuil Sciath Phríobháideachais AE-SAM neamhbhailí trí na bearta uile is gá a dhéanamh chun a áirithiú go bhfuil aon chinneadh leorgachta nua i ndáil leis na Stáit Aontaithe ag teacht go hiomlán le RGCS, le Cairt an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha, agus le gach gné de bhreithiúnas CBAE, agus sreafaí trasatlantacha sonraí á simpliú; á iarraidh ar an gCoimisiún leanúint de chainteanna maidir le leorgacht sonraí a shaothrú le tíortha eile nach bhfuil san Aontas, ós rud é gurb é sin an bealach is fearr chun beartais cosanta sonraí an Aontais a chur chun cinn agus chun malartú idirnáisiúnta sonraí a cheadú;

    (b)   An margadh aonair digiteach a chomhlánú

    i.   STRAITÉISÍ IS NÁISIÚNTA

    160.

    á iarraidh ar na Ballstáit athbhreithniú a dhéanamh ar a gcuid straitéisí IS, toisc go bhfuil roinnt díobh fós doiléir agus nach bhfuil spriocanna soiléire acu, lena n-áirítear maidir le hoideachas digiteach don tsochaí ina hiomláine chomh maith le hardcháilíochtaí do speisialtóirí; á mholadh go ndéanfadh na Ballstáit gníomhaíochtaí nithiúla, inchainníochtaithe agus sonracha, agus iad ag iarraidh sineirgí a chruthú eatarthu;

    161.

    á iarraidh ar an gCoimisiún cabhrú leis na Ballstáit tosaíochtaí a leagan amach agus a straitéisí náisiúnta agus a dtimpeallachtaí rialála náisiúnta a ailíniú a mhéid is féidir chun comhleanúnachas agus comhsheasmhacht a áirithiú ar fud an Aontais; á thabhairt le fios, cé gur bealach maith chun dea-chleachtais a bhunú é éagsúlacht cur chuige náisiúnta, go mbeadh bacainní móra roimh fhorbróirí agus taighdeoirí IS dá mbeidís faoi réir paraiméadair oibriúcháin éagsúla agus oibleagáidí rialála éagsúla i ngach ceann de na 27 mBallstát;

    ii.   BACAINNÍ MARGAIDH

    162.

    ag tathant ar an gCoimisiún leanúint dá chuid oibre maidir le deireadh a chur le bacainní gan údar ar chomhlánú iomlán an mhargaidh aonair dhigitigh, lena n-áirítear idirdhealú tírbhunaithe míchuí, aitheantas frithpháirteach neamhiomlán ar cháilíochtaí gairmiúla, nósanna imeachta ró-ualacha maidir le rochtain ar an margadh, costais arda gan ghá maidir le comhlíonadh rialála agus nósanna imeachta éagsúla um measúnú comhréireachta, agus aghaidh a thabhairt ar úsáid mhinic maoluithe a mbíonn rialacha éagsúla i ndlínsí éagsúla Ballstát mar thoradh orthu; á thabhairt chun suntais, i gcás cuideachtaí atá ag feidhmiú i dtimpeallacht trasteorann, gur díol sásaimh iad rialacha uile-AE maidir leis IS, murab ionann agus cur chuige ilroinnte tír-ar-thír, ar forbairt í a chothóidh ceannaireacht Eorpach maidir le forbairt agus imscaradh IS;

    163.

    á iarraidh ar an gCoimisiún dlús a chur le bunú fíor-aontas na margaí caipitil; á chur i bhfáth gur gá rochtain ar acmhainní airgeadais a fheabhsú, go háirithe do FBManna, do ghnólachtaí nuathionscanta agus do ghnólachtaí atá i mbun fáis;

    164.

    á chur i bhfios go láidir go bhfuil leis an gcaibidlíocht maidir le comhaid reachtacha atá ar feitheamh arb é is aidhm dóibh an margadh aonair digiteach a thabhairt chun críche go pras;

    165.

    á iarraidh ar an gCoimisiún forfheidhmiú comhsheasmhach rialacha an mhargaidh aonair a áirithiú;

    166.

    á thabhairt dá haire gur cheart an creat reachtach nua a nuashonrú go cúramach agus a ailíniú le táirgí agus seirbhísí digiteacha; á mholadh go ndíreofar ar nósanna imeachta comhlíonta a nuachóiriú agus a shimpliú trí roghanna digiteacha a thabhairt isteach in ionad modhanna analógacha agus páipéarbhunaithe atá ann cheana lena gceadófar do chuideachtaí, mar shampla, an comhartha CE digiteach, lipéadú leictreonach nó treoracha sábháilteachta digiteáilte a úsáid;

    167.

    ag spreagadh an Choimisiúin chun tacú le gnólachtaí as líne ar mian leo dul ar líne; á spreagadh go reáchtálfaí feachtais faisnéise bhreise atá dírithe ar FBManna agus ar ghnólachtaí nuathionscanta in oirchill reachtaíocht nua agus reachtaíocht AE a bheidh ann amach anseo ina leith sin, chomh maith le méadú ar fhorfheidhmiú na rialacha faireachais margaidh mar bhealach chun muinín tomhaltóirí Eorpacha a mhéadú;

    iii.   COTHROM IOMAÍOCHTA

    168.

    á chur in iúl go bhfuil sí lánchinnte gur gá na creataí iomaíochta agus in aghaidh trustaí náisiúnta agus Eorpacha atá ann faoi láthair a athchóiriú chun díriú níos fearr ar mhí-úsáid chumhacht an mhargaidh agus ar chlaonpháirteachas algartamach sa gheilleagar digiteach, agus ar shaincheisteanna a bhaineann le carnadh sonraí, agus chun aghaidh níos fearr a thabhairt ar na rioscaí a bhaineann le monaplachtaí nua atá ag teacht chun cinn gan an nuálaíocht a chur i mbaol; á chur in iúl gur díol sásaimh di gur formheasadh an Ionstraim um Margaí Digiteacha go luath; á iarraidh go ndéanfaí breithniú sonrach ar shaincheisteanna iomaíochta a d’fhéadfadh a bheith ann i réimse IS;

    169.

    á thabhairt dá haire gur cheart, leis an athchóiriú sin, cur chuige fianaise-bhunaithe a neartú agus luach na sonraí agus impleachtaí na n-éifeachtaí líonra a chur san áireamh níos mó, rialacha soiléire a thabhairt isteach do phríomhardáin an mhargaidh agus deimhneacht dhlíthiúil a mhéadú maidir le comhar sa gheilleagar digiteach;

    170.

    á rá, ina leith sin, gur cheart don Choimisiún a chleachtais maidir le sainmhíniú ar an margadh a oiriúnú chun margaí a shainiú ar bhealach níos cruinne agus i gcomhréir le réaltachtaí nua-aimseartha an mhargaidh san earnáil dhigiteach, chun anailís dhinimiciúil a dhéanamh agus chun dearcadh fadtéarmach a ghlacadh chun measúnú a dhéanamh ar bhrúnna iomaíocha;

    171.

    á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na húdaráis iomaíochta náisiúnta cur lena n-iarrachtaí faireachán a dhéanamh ar na margaí digiteacha ar bhonn leanúnach, agus ar an gcaoi sin srianta iomaíochta agus baic iomaíochta a shainaithint, agus ina dhiaidh sin bearta ceartaitheacha a fhorchur níos minice ar chuideachtaí a bhaineann mí-úsáid as a gceannasacht nó a bhíonn ag gabháil d’iompar frithiomaíoch;

    172.

    á iarraidh ar na Ballstáit an maoiniú d’údaráis iomaíochta agus acmhainn theicniúil na n-údarás iomaíochta a mhéadú go suntasach chun a áirithiú go ndéanfar na rialacha iomaíochta a fhorfheidhmiú go héifeachtach agus go mear sa gheilleagar digiteach atá tapa agus casta; á chur i bhfios go láidir gur cheart d’údaráis iomaíochta dlús a chur le himeachtaí mí-úsáide agus, i gcás inar gá, bearta eatramhacha a chur i bhfeidhm chun iomaíocht chothrom a chaomhnú agus a chur chun cinn, agus cearta cosanta nós imeachta cuideachtaí á ráthú ag an am céanna;

    (c)   Bonneagar glas digiteach

    i.   NASCACHT AGUS CUMHACHT RÍOMHAIREACHTA

    173.

    á iarraidh ar an gCoimisiún obair leantach a dhéanamh ar an uaillmhian atá aige 75 % d’fhiontair Eorpacha a dhreasú chun glacadh le seirbhísí néalríomhaireachta, mórshonraí agus IS faoi 2030 chun bheith iomaíoch ar fud an domhain i gcónaí agus dlús a chur lena spriocanna maidir le neodracht aeráide chun a áirithiú go mbainfear amach iad faoi 2050; á fhionnadh nach leor an leithdháileadh de EUR 2,07 billiún de mhaoiniú le haghaidh bonneagar digiteach faoin tSaoráid um Chónascadh na hEorpa;

    174.

    á chur i bhfáth gur gá teicneolaíochtaí nua próiseála sonraí a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm, ar teicneolaíochtaí iad lena gcuimsítear an buntáiste, toisc go n-athraítear líon agus próiseáil na sonraí le haghaidh IS, agus ar an gcaoi sin bogadh ó shamhlacha lárnaithe néalbhunaithe bonneagair i dtreo dílárú méadaithe cumas próiseála sonraí; ag tathant go neartófaí an infheistíocht agus an taighde i gcnuasaigh dháilte ríomhaireachta, nóid chiumhaise agus tionscnaimh dhigiteacha micrearialaitheora; á thabhairt dá haire go bhféadfadh sé go mbeadh sé níos déine ar acmhainní bogadh i dtreo úsáid fhorleathan a bhaint as réitigh chiumhais, ós rud é go gcailltear buntáistí an chomhthiomsaithe barrfheabhsaithe agus á chur i bhfáth gur cheart féachaint ar chostas/tairbhe comhshaoil na mbonneagar imeallach ar leibhéal sistéamach i straitéis néal Eorpach, lena n-áirítear úsáid fuinnimh IS a bharrfheabhsú;

    175.

    á chur i bhfáth go bhfuil gá le crua-earraí cumhachtacha chun algartaim sofaisticiúla a dhéanamh inúsáidte, lena n-áirítear ríomhaireacht ardfheidhmíochta agus chandamach agus IoT; á iarraidh go méadófaí go leanúnach ar mhaoiniú poiblí agus príobháideach spriocdhírithe le haghaidh réitigh nuálacha lena laghdófaí ídiú fuinnimh, lena n-áirítear éicidhearthóireacht bogearraí; á iarraidh go bhforbrófaí caighdeáin maidir le húsáid acmhainní de réir bonneagair dhigitigh ar leibhéal an Aontais a thomhas, bunaithe ar dhea-chleachtais; á chur in iúl gur cúis imní di géarchéim dhomhanda na micreaphróiseálaí agus, ina leith sin, á chur in iúl gur díol sásaimh di an togra ón gCoimisiún maidir leis an Ionstraim Eorpach um Shliseanna chun spleáchas reatha an Aontais ar sholáthraithe seachtracha a laghdú; ag tabhairt rabhadh, áfach, maidir leis na rioscaí a bheidh ann amach anseo maidir le ró-acmhainn sa mhargadh agus ag tabhairt rabhadh go ndéanfar timthriall na hinfheistíochta a bhreithniú go cúramach;

    176.

    á thabhairt chun suntais nach mór bonneagar feidhmiúil tapa le haghaidh IS a bheith bunaithe ar nascacht ardluais dhigiteach atá cothrom agus sábháilte, lena n-éilítear rolladh amach 5G i ngach ceantar uirbeach faoi 2030, chomh maith le rochtain leathan ar líonraí leathanbhanda sárghasta agus ar bheartas speictrim le coinníollacha ceadúnais lena n-áirithítear intuarthacht, lena gcothaítear infheistíocht fhadtéarmach agus nach ndéantar iomaíocht a shaobhadh leo; ag tathant ar na Ballstáit leanúint de bhosca uirlisí 5G a chur chun feidhme; á iarraidh go gcuirfí an Treoir maidir le Laghdú Costais Leathanbhanda (40) i bhfeidhm chun cur in úsáid líonraí a éascú; á iarraidh ar an gCoimisiún measúnuithe tionchair ar an gcomhshaol a dhéanamh ar 5G; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé gníomhú i gcoinne leathadh na bréagaisnéise a bhaineann le líonraí 5G a bhfuil straitéis cumarsáide de chuid an Aontais acu; á thabhairt le fios, ina leith sin, go gcuirfidh díospóireacht leathan agus chuimsitheach ar deireadh le muinín a chruthú i measc saoránach maidir leis na gníomhaíochtaí i dtreo líonraí móibíleacha a fhorbairt ar bhonn leanúnach;

    177.

    á iarraidh ar an gCoimisiún cláir ama a bhunú do na Ballstáit, do chathracha, do réigiúin agus do thionscal agus feabhas a chur ar na próisis formheasa riaracháin do 5G; á iarraidh go gcuirfí níos mó cistí ar fáil i réigiúin ina bhfuil an earnáil phoiblí freagrach as an rolladh amach, chun nascacht ardluais a thabhairt do phobail iargúlta agus chun rannchuidiú leis an mbearna dhigiteach a dhúnadh; á iarraidh go mbeadh tacaíocht ann do thionscadail leathanbhanda agus nascachta faoin gcreat airgeadais ilbhliantúil, le rochtain níos éasca d’údaráis áitiúla chun tearcúsáid na gcistí poiblí a sheachaint;

    178.

    á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar an idirghníomhú idir IS agus an chéad bhabhta eile den bhonneagar digiteach, lena gcuirfear ar chumas na hEorpa a bheith ar thús cadhnaíochta i líonraí na chéad ghlúine eile, lena n-áirítear 6G;

    179.

    á iarraidh go mbeadh straitéis shoiléir ann maidir le húsáid snáithín-opta líonra agus maidir le feidhmiú céimneach leathanbhanda i limistéir thuaithe, rud atá ríthábhachtach freisin do theicneolaíochtaí diansonraí amhail IS; á iarraidh, ina leith sin, go dtabharfadh an Banc Eorpach Infheistíochta tacaíocht mhéadaithe do thionscadail nascachta i limistéir thuaithe;

    180.

    á chur i bhfáth go bhfuil gá le comhaontuithe maidir le comhroinnt bonneagair, ar infheistíocht shuntasach í atá riachtanach chun líonraí a chur in úsáid agus chun feidhmiú go mear chun na spriocanna a leagtar síos leis an gCoiste Digiteach a bhaint amach, ar comhaontuithe iad atá ríthábhachtach freisin chun an inbhuanaitheacht a chur chun cinn agus chun ídiú fuinnimh a laghdú; á chur i bhfáth go bhfuil na hiarrachtaí sin fós ag an tús agus gur gá iad a leathnú tuilleadh;

    ii.   INBHUANAITHEACHT

    181.

    ag tathant ar an Aontas a bheith ar thús cadhnaíochta maidir le bonneagar digiteach glas a dhéanamh neodrach ó thaobh na haeráide de agus tíosach ar fhuinneamh faoi 2030 i gcomhréir le spriocanna Chomhaontú Pháras agus a bheith comhtháite le clár beartais an Aontais maidir le Bheart Glas; lena n-áirítear trí mheasúnú a dhéanamh ar an tionchar ar an gcomhshaol a bhaineann le himscarthaí mórscála de chórais IS-bhunaithe, agus riachtanais mhéadaithe fuinnimh forbartha agus úsáide IS á gcur san áireamh; á iarraidh go ndéanfaí gníomhaíocht iltaobhach dhomhanda chun leas a bhaint as IS sa chomhrac i gcoinne an athraithe aeráide agus i gcoinne dhíghrádú comhshaoil agus éiceolaíoch, chomh maith le cailliúint na bithéagsúlachta;

    182.

    ag tathant go mbainfí úsáid as IS chun faireachán a dhéanamh ar thomhaltas fuinnimh i mbardais agus chun bearta éifeachtúlachta fuinnimh a fhorbairt;

    183.

    ag aithint go bhfuil roinnt feidhmchláir IS ar mhórscála dian ar shonraí agus ar acmhainní agus go bhfuil tionchar acu ar an gcomhshaol; á mheabhrú gur cheart córais IS a dhearadh, a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm ionas go mbeidh IS inbhuanaithe agus freagrach ó thaobh an chomhshaoil de agus an t-aistriú glas, neodracht aeráide agus geilleagar ciorclach á gcur san áireamh;

    184.

    á iarraidh ar an gCoimisiún spreagadh a thabhairt d’úsáid ionad sonraí atá tíosach ar fhuinneamh ar féidir leo tacú le neodracht carbóin;

    185.

    á thabhairt chun suntais go gcuireann an easpa comhroinnte faisnéise atá ag lárionaid sonraí faoi láthair bac ar an bhféidearthacht gníomhaíocht phoiblí leordhóthanach a dhéanamh agus forléargas comparáideach a bheith acu ar fheidhmíocht chomhshaoil na lárionad sonraí; á iarraidh go dtiocfaidh méadú suntasach ar líon na measúnuithe tionchair ar an gcomhshaol a rinneadh ar fhorbairt IS; á iarraidh go bhforbrófaí ceanglais chun a áirithiú go mbeidh fianaise iomchuí ar fáil chun lorg comhshaoil na bhfeidhmchlár IS ar mhórscála a thomhas; á thabhairt le fios gur gá atá le rialacha agus treoirlínte soiléire le haghaidh measúnuithe tionchair ar an gcomhshaol i ndáil leis IS, lena n-áirítear measúnuithe ilchritéar ar an saolré; á iarraidh go mbeadh rochtain oscailte ar phríomhtháscairí feidhmíochta comhshaoil na lárionad sonraí, go bhforbrófaí caighdeáin AE agus go gcruthófaí lipéid AE um an néalríomhaireacht ghlas;

    186.

    á iarraidh go mbeadh plean don gheilleagar ciorclach ann le haghaidh teicneolaíochtaí digiteacha agus IS agus á chur i bhfios go láidir gur cheart don Aontas slabhra láidir athchúrsála TFC a dhaingniú;

    187.

    á mholadh go gcothófaí úsáid réitigh atá bunaithe ar IS a chothú, i gcomhréir leis an aistriú glas agus digiteach i ngach earnáil, chun caighdeáin inbhuanaithe do ghnólachtaí a chomhordú agus chun faireachán ar éifeachtúlacht fuinnimh agus bailiú faisnéise maidir le hastaíochtaí agus maidir le saolré táirgí a chumasú;

    188.

    á iarraidh ar an gCoimisiún comórtais agus misin a sheoladh le haghaidh réitigh IS a théann i ngleic le fadhbanna sonracha comhshaoil agus an ghné sin den chlár Fís Eorpach agus den chlár don Eoraip dhigiteach a neartú; á mheabhrú gur cheart tionscadail a bhaineann le hacmhainneacht IS aghaidh a thabhairt ar ábhair imní chomhshaoil ar bhonn taighde agus nuálaíochta atá freagrach agus eiticiúil;

    189.

    á iarraidh ar an gCoimisiún critéir chomhshaoil a fhorbairt agus leithdháileadh bhuiséad AE, maoiniú agus nósanna imeachta soláthair phoiblí le haghaidh IS a cheangal ar a bhfeidhmíocht chomhshaoil;

    190.

    á iarraidh ar an gCoimisiún cathracha cliste a chothú, lena gcumhdaítear foirgnimh chliste, eangacha cliste, gluaisteáin nasctha, ardáin soghluaisteachta, seirbhísí poiblí agus lóistíocht; ag tacú le forbairt bailiúchán coiteann de dhea-chleachtais le haghaidh tionscadal agus iarratas; á chur i bhfáth go bhfuil gá le dea-chomhar idir rialtais stáit agus rialtais áitiúla, agus i measc a ngníomhaireachtaí agus a bpáirtithe príobháideacha, i gcathracha cliste;

    191.

    á chur i bhfáth gur gá prionsabail a shainiú chun a áirithiú gur féidir sonraí ábhartha aeráide agus inbhuanaitheachta a chomhtháthú nuair a bheidh spásanna sonraí inbhuanaitheachta nua á mbunú;

    192.

    á iarraidh ar an gCoimisiún comhoibriú leis na Ballstáit agus leis an earnáil phríobháideach chun saoráidí tástála a bhunú agus chun tacú leo ina bhféadfar iarratais IS a thástáil ar a bhfeidhmíocht inbhuanaitheachta agus treoir a thabhairt maidir le conas lorg comhshaoil an iarratais sin a fheabhsú; á spreagadh go ndéanfaí na saoráidí tástála atá ann cheana a oiriúnú chun díriú ar chásanna úsáide i dtáirgeadh ciorclach;

    193.

    á iarraidh ar an gCoimisiún bonneagar iompair inbhuanaithe a bhaineann úsáid as IS a chur chun cinn chun éifeachtúlacht a mhéadú, truailliú a laghdú agus inoiriúnaitheacht do riachtanais úsáideoirí a chur chun cinn;

    (d)   Éiceachóras bairr feabhais

    i.   TALLANN

    194.

    á iarraidh ar an gCoimisiún creat scileanna IS a chruthú do dhaoine aonair, ag cur leis an gcreat inniúlachta digití, chun deiseanna oiliúna agus foghlama ábhartha IS a chur ar fáil do shaoránaigh, d’oibrithe agus do ghnólachtaí agus chun feabhas a chur ar chomhroinnt eolais, dea-chleachtas, agus litearthacht sna meáin agus litearthacht sonraí idir eagraíochtaí agus cuideachtaí ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta araon; á iarraidh ar an gCoimisiún bogadh go gasta chun an creat inniúlachta sin a chruthú trí chur le scéimeanna oideachais IS atá ann cheana; á mholadh go mbunófaí spás sonraí maidir le scileanna IS chun tacú le hoiliúint scileanna Eorpacha ar leibhéil earnála agus réigiúnacha i ngach Ballstát; á chur i bhfáth nach mór fáil agus múineadh scileanna digiteacha agus IS a bheith inrochtana do chách, go háirithe do mhná agus do ghrúpaí leochaileacha; ag tathant ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit tacú le cúrsaí saor in aisce ar líne a fheabhsaíonn oiliúint bhunúsach in IS;

    195.

    ag tathant ar infheistíocht i dtaighde tuiscint níos fearr a fháil ar na treochtaí struchtúracha AI-bhainteacha i margadh an tsaothair, lena n-áirítear na scileanna a bhfuil éileamh níos airde orthu nó atá i mbaol ganntanas amach anseo chun eolas a chur ar fáil do scéimeanna aistrithe fostaithe;

    196.

    á thabhairt dá haire agus é ina ábhar imní di an easpa beart spriocdhírithe agus córasach maidir le hoiliúint ghairmiúil do dhaoine fásta; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit beartais a fhorbairt lena n-áirítear infheistíocht iomchuí chun an lucht saothair a athoiliúint agus a uas-sciliú, lena n-áirítear saoránaigh a chur ar an eolas faoin gcaoi a n-oibríonn algartaim agus an tionchar a bhíonn acu ar an saol laethúil; á iarraidh go dtabharfaí aird ar leith orthu siúd a chaill a bpost nó atá i mbaol iad a chailleadh mar gheall ar an aistriú digiteach, agus é mar aidhm iad a ullmhú chun oibriú le teicneolaíochtaí a bhaineann leis IS agus le TFC; á iarraidh ar an gCoimisiún dreasachtaí agus infheistíocht a dhéanamh i gcomhpháirtíochtaí scileanna il-gheallsealbhóirí chun dea-chleachtais a thástáil; á mholadh go ndéanfaí faireachán ar chruthú post d’ardchaighdeán a bhaineann leis IS san Aontas;

    197.

    á chur i bhfáth nach féidir na bearnaí digiteacha atá ann cheana a dhúnadh ach amháin le bearta spriocdhírithe cuimsitheacha i dtreo na mban agus na ndaoine scothaosta araon agus dá bhrí sin á iarraidh go ndéanfaí infheistíochtaí suntasacha i mbearta spriocdhírithe uasoiliúna agus oideachais chun na bearnaí digiteacha sin a dhúnadh; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit cultúr agus dálaí oibre atá comhionann ó thaobh na hinscne de a chothú ina leith sin;

    198.

    á iarraidh ar an gCoimisiún comhionannas inscne a chur chun cinn i gcuideachtaí a bhíonn ag obair ar ghníomhaíochtaí a bhaineann leis IS agus le TFC, lena n-áirítear trí thionscadail faoi stiúir na mban san earnáil dhigiteach a mhaoiniú agus trí líon íosta taighdeoirí mná atá rannpháirteach i nglaonna cistiúcháin taighde a bhaineann leis IS agus le TFC a chur chun cinn;

    199.

    á chur i bhfáth gur gá aghaidh a thabhairt ar an nganntanas tallann trí fhás, mealladh agus coinneáil na tallainne is fearr a áirithiú; ag tathant ar an gCoimisiún obair leantach a dhéanamh maidir lena sprioc 20 milliún saineolaí TFC a bheith fostaithe san Aontas; á chur i bhfáth go gcaithfidh an tAontas Eorpach tuarastail iomaíocha, dálaí oibre níos fearr, comhar trasteorann agus bonneagar iomaíoch a chumasú chun na daoine is fearr ó thaobh cumas IS de a choinneáil agus chun imirce daoine oilte a chosc;

    200.

    ag cur béim ar an mbreisluach a bhaineann le creat Aontais simplithe agus cuíchóirithe a bheith ann chun tallann idirnáisiúnta a mhealladh in earnáil na teicneolaíochta chun an sreabhadh tallainne agus an tsoghluaisteacht a chumasú laistigh den Aontas agus ón gcoigríoch, feabhas a chur ar an rochtain atá ag tallann idirnáisiúnta ar mhargadh saothair an Aontais agus oibrithe agus mic léinn a mhealladh ar éileamh; á thabhairt chun suntais go bhfuil gá le huirlisí agus reachtaíocht nua nuálacha chun cabhrú le fostóirí a mheaitseáil le hoibrithe ionchasacha TFC, chun aghaidh a thabhairt ar ghanntanais i margadh an tsaothair agus chun aithint cáilíochtaí agus scileanna idirnáisiúnta a éascú; á mholadh go gcruthófaí linn tallann agus ardán meaitseála de chuid an Aontais chun bheith ina ionad ilfhreastail do dhaoine tréitheacha idirnáisiúnta ar mian leo cur isteach ar obair san Aontas, agus d’fhostóirí a lorgaíonn fostaithe ionchasacha thar lear; á iarraidh ar an gCoimisiún raon feidhme chur i bhfeidhm Chárta Gorm AE a leathnú chun a áirithiú go leanfaidh an Eoraip de bheith oscailte do dhaoine tréitheacha domhanda;

    201.

    á iarraidh ar an gCoimisiún aghaidh a thabhairt ar an éileamh méadaithe ar chianobair thar theorainneacha na mBallstát chun ligean d’fhostaithe AE agus idirnáisiúnta oibriú go cianda i mBallstát eile seachas an Ballstát ina bhfuil cónaí orthu; á mholadh, sa chomhthéacs sin, go ndéanfaí athbhreithniú cuimsitheach ar chonstaicí reachtacha agus eile ar chianobair agus aghaidh a thabhairt orthu sin i dtograí reachtacha ina dhiaidh sin;

    202.

    ag cur béim ar an ngá atá le comhtháthú nuálaíochta a neartú i measc réigiúin an Aontais agus ar fud na mBallstát, ós rud é gur féidir tallann a dháileadh go héagothrom;

    203.

    á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit cosaint iomchuí a áirithiú do chearta agus d’fholláine oibrithe, amhail neamh-idirdhealú, príobháideachas, neamhspleáchas agus dínit an duine agus IS agus bainistiú algartamach á n-úsáid, lena n-áirítear maidir le cleachtais faireachais mhíchuí; á chur i bhfáth, nuair a úsáidtear IS ag an obair, nach mór d’fhostóirí a bheith trédhearcach maidir leis an gcaoi a n-úsáidtear í agus maidir leis an tionchar atá aici ar dhálaí oibre agus á chur i bhfáth go láidir gur cheart oibrithe a chur ar an eolas i gcónaí agus go rachfaí i gcomhairle leo sula n-úsáidfear feistí agus cleachtais atá bunaithe ar IS; ag cur béim ar an bhfíoras nach mór d’algartaim maoirseacht dhaonna a dhéanamh i gcónaí agus go gcaithfidh a gcinntí a bheith cuntasach, inchonspóide agus, i gcás inarb ábhartha, inchúlaithe; á chreidiúint gur cheart spreagadh a thabhairt don oiliúint ar fhorbróirí algartam i dtaca le saincheisteanna eiticiúla, trédhearcachta agus frith-idirdhealaitheacha;

    204.

    á iarraidh go mbeadh straitéis Eorpach ann maidir le húsáid shábháilte IS i gcás leanaí atá deartha chun leanaí a chur ar an eolas faoi idirghníomhú leis IS d’fhonn iad a chosaint ar rioscaí agus ar dhíobháil fhéideartha;

    205.

    á iarraidh ar na Ballstáit scileanna digiteacha agus litearthacht a dhéanamh mar chuid den oideachas bunúsach agus den fhoghlaim ar feadh an tsaoil; á iarraidh go mbeadh córas oideachais IS ann lena gcothófar litearthacht dhigiteach, scileanna digiteacha agus an athléimneacht dhigiteach ó chéim luath, ag tosú leis an mbunoideachas; ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil gá le toil pholaitiúil, acmhainní leordhóthanacha agus taighde eolaíoch chun curaclaim éifeachtacha don oideachas digiteach a fhorbairt; á iarraidh ar an gCoimisiún tabhairt isteach cúrsaí IS agus ríomhinniúlachta a chur chun cinn sna scoileanna, sna hollscoileanna agus sna hinstitiúidí oideachais uile san Eoraip; á thabhairt chun suntais go bhfuil gá le forbairt scileanna den chineál sin san oideachas aosach a mhéid is atá sa bhunoideachas nó sa mheánoideachas; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit tionscnamh beartais cuimsitheach agus comhsheasmhach a chur ar bun maidir le scileanna agus oideachas IS ar leibhéal an Aontais, chomh maith le tionscnamh reachtach maidir leis IS san ionad oibre;

    206.

    ag tarraingt aird ar an ngá atá le curaclaim ollscoile ildisciplíneacha lena ndírítear ar scileanna digiteacha agus ar scileanna IS, lena n-áirítear sa tsláinte, agus ar an ngá atá le hionaid taighde thrasdisciplíneach; á chreidiúint gur cheart béim a leagan freisin ar bhealaí i dtreo tuilleadh oideachais chun speisialtóireacht a dhéanamh in IS (e.g. céimeanna Máistreachta agus PhD agus staidéar páirtaimseartha);

    207.

    á iarraidh ar na Ballstáit tús áite a thabhairt d’fhorbairt modhanna nuálaíocha teagaisc agus curaclaim nuálacha i réimsí STEM agus i gcláreagrú STEM, go háirithe cáilíocht na matamaitice agus na hanailíse staidrimh a neartú chun algartaim IS a thuiscint; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit disciplíní acadúla STEM a chur chun cinn chun líon na mac léinn sna réimsí sin a mhéadú; á chur i bhfáth go mbeidh disciplíní eile a idirghníomhaíonn le disciplíní STEM ríthábhachtach freisin chun scileanna digiteacha a chur chun cinn;

    208.

    ag spreagadh na mBallstát rannpháirtíocht na mban i staidéir STEM, TFC agus i ngairmeacha a bhaineann le IS a chur chun cinn chun comhionannas inscne a bhaint amach, lena n-áirítear trí sprioc a shainiú do rannpháirtíocht taighdeoirí ban i dtionscadail STEM agus IS;

    209.

    á chur i bhfáth gur cheart, leis an oideachas digiteach, feasacht a mhúscailt freisin maidir le gnéithe den saol laethúil a bhféadfadh an ríomhfhoghlaim difear a dhéanamh dóibh, lena n-áirítear innill mholta, fógraíocht spriocdhírithe, algartaim sna meáin shóisialta agus domhainbhrionnuithe; á chur i bhfáth go bhfuil gá le hoideachas breise sna meáin chun cuidiú le scileanna nua digiteacha agus IS a chur i gcomhthéacs na hathléimneachta digití agus, dá bhrí sin, á iarraidh go dtabharfaí tacaíocht agus formhuiniú do gach saoránach i dtaca le cúrsaí nua litearthachta IS atá inrochtana cheana féin;

    210.

    á iarraidh go ndéanfaí bearta chun a áirithiú go mbeidh rochtain ag gach saoráid oideachais ar leathanbhanda, chomh maith le bonneagar láidir don fhoghlaim dhigiteach; á chur i bhfáth gur gá na hacmhainní ríomhaireachta leormhaithe is gá chun oiliúint a chur ar shamhlacha IS, atá ag éirí níos costasaí de réir a chéile, a sholáthar d’ollscoileanna Eorpacha agus dá líonraí; á chur i bhfáth gur gá a áirithiú go mbeidh na scileanna agus na huirlisí IS is gá ag múinteoirí; á iarraidh go ndíreofar níos mó ar oiliúint theicniúil do mhúinteoirí agus go bhforbrófaí uirlisí nuálacha múinteoireachta agus foghlama;

    211.

    á iarraidh go ndéanfaí infheistíocht i dtionscnaimh scileanna don aos óg códaithe chun scileanna na hóige agus cáilíochtaí ardleibhéil san IS a chothú, lena n-áirítear acadaimh chódaithe, cláir scoile samhraidh agus scoláireachtaí a bhaineann go sonrach leis IS; den tuairim gur cheart sealanna oiliúna de chuid an Aontais maidir le Deiseanna Digiteacha a leathnú tuilleadh go dtí an ghairmoiliúint;

    ii.   TAIGHDE

    212.

    á iarraidh ar AE infheistíocht sa taighde ar IS agus ar phríomhtheicneolaíochtaí eile a mhéadú, amhail róbataic, ríomhaireacht chandamach, micrileictreonaic, IoT, nanaitheicneolaíocht agus priontáil 3D; á iarraidh ar an gCoimisiún treochlár Eorpach don taighde straitéiseach a fhorbairt agus a choinneáil le haghaidh IS, ar treochlár é lena dtabharfar aghaidh ar na mórdhúshláin idirdhisciplíneacha inar féidir le IS a bheith mar chuid den réiteach; á chur i bhfios go láidir gur cheart infheistíochtaí a dhíriú ar chásanna ar dóigh dóibh réitigh inbhuanaithe, folláine agus cuimsiú sa tsochaí a mhéadú;

    213.

    á mholadh do na Ballstáit uile cion níos airde dá n-olltáirgeacht intíre a chaitheamh ar thaighde ar theicneolaíochtaí digiteacha; ag tathant go ndéanfaí an clár Fís Eorpach a neartú go leanúnach, go háirithe a chomhpháirtíocht IS, sonraí agus róbataic agus an Chomhairle Nuálaíochta Eorpach; ag tathant go ndéanfaí an clár don Eoraip dhigiteach a leathnú agus á mheas gur cheart maoiniú EUR 7,6 billiún atá leithdháilte air a mhéadú;

    214.

    á chur i bhfáth gur gá tús áite a thabhairt don taighde ar leibhéal an Aontais i réimse IS; á iarraidh ar an gCoimisiún struchtúr an mhaoinithe taighde a shimpliú, lena n-áirítear ceanglais agus próisis maidir le hiarratais ar dheontais; á chur i bhfáth gur gá feabhas a chur ar cháilíocht agus ar chomhsheasmhacht na n-athbhreithnithe a dhéantar ar thogra agus intuarthacht na n-ionstraimí maoinithe agus a n-uainiú a mhéadú chun tacú le pleanáil fhadtéarmach, agus leas á bhaint as treochlár taighde IS na hEorpa; á iarraidh ar an gCoimisiún níos mó iarratas a mhaoiniú i réimse IS trí ionstraimí éagsúla a chomhcheangal, amhail an Chomhairle Eorpach um Thaighde, Gníomhaíochtaí Marie Curie, an Chomhairle Nuálaíochta Eorpach agus an Institiúid Eorpach um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht;

    215.

    á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit tosaíocht a thabhairt do chistiú do thaighde IS atá freagrach go sóisialta, lena rannchuidítear le teacht ar réitigh a dhéanann cearta bunúsacha a choimirciú agus a chur chun cinn, agus cláir chistiúcháin a sheachaint lena mbaineann riosca do-ghlactha do na cearta sin, lena n-áirítear córais chistiúcháin ollfhaireachais, scórála sóisialta agus córais eile a bhféadfadh tionchair dhiúltacha shóisialta a bheith mar thoradh orthu, chomh maith le teicneolaíochtaí a rannchuidíonn le dochar don chomhshaol;

    216.

    á spreagadh go ndéanfaí tuilleadh post múinteoireachta maidir leis IS a chruthú in ollscoileanna Eorpacha, tuarastail leormhaithe a chruthú le haghaidh taighde ar IS agus tuilleadh maoiniú poiblí a sholáthar chun oiliúint chuí a chur ar thaighdeoirí agus ar dhaoine tréitheacha atá ann faoi láthair agus an chéad ghlúin eile díobh a choinneáil agus imirce daoine oilte a chosc; á chur i bhfáth gur gá na constaicí maorlathacha a laghdú do thaighdeoirí ollscoile chun rochtain a fháil go héasca ar chistí agus á iarraidh ar an gCoimisiún uirlisí a sholáthar chun idirnascacht dhigiteach a mhéadú i measc ollscoileanna laistigh de na Ballstáit agus ar fud na mBallstát; ag tathant go bhforbrófaí líonraí leathana le haghaidh IS ar fud ollscoileanna, institiúidí taighde agus na hearnála príobháidí san Eoraip, chomh maith le lárionaid taighde ildisciplíneacha IS tiomanta;

    217.

    á mholadh go neartódh ollscoileanna an maoiniú do thionscadail taighde fheidhmigh ina gcuirtear gnéithe IS san áireamh;

    218.

    á iarraidh ar an gCoimisiún aistrithe eolais idir taighde IS agus an pobal a fheabhsú trí líonraí gnó agus pointí teagmhála a bhunú le gairmithe dlí agus sainchomhairleoirí gnó in ollscoileanna, chomh maith le painéil saoránach, ardáin eolaíochta agus sochaí a bhunú agus páirt a thabhairt don phobal i gcláir taighde IS a chumadh; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé aistriú rianúil ón saol acadúil go dtí an tionscal agus an breisluach a bhaineann le gaireacht idir an dá cheann d’éiceachórais IS agus d’ionaid thionsclaíocha rathúla agus dinimiciúla;

    219.

    á chur i bhfáth gur gá dlús a chur le haistrithe eolais san Aontas ó thaighde agus eolaíocht go feidhmeanna IS sa tionsclaíocht agus san earnáil phoiblí; á chur in iúl gur díol sásaimh di gur cruthaíodh comhpháirtíocht phríobháideach phoiblí ar leith maidir le IS; á iarraidh ar an gCoimisiún lárionaid sonraí IS a bhunú, arna bhforbairt go comhpháirteach leis an earnáil tionsclaíochta agus leis an tsochaí shibhialta; á chur i bhfáth an tábhacht a bhaineann le láithreáin tástála le haghaidh IS; ag déanamh tagairt shonrach don Chomhghnóthas Ríomhaireachta Ardfheidhmíochta Eorpach, don Chomhghnóthas Eochairtheicneolaíochtaí Digiteacha agus don Chomhghnóthas Líonraí agus Córas Cliste;

    220.

    á iarraidh go mbunófaí tithe solais IS faoi chreat an chláir Fís Eorpach, ag baint leas as na líonraí d’ionaid réigiúnacha barr feabhais IS atá ann cheana agus a bheidh ann amach anseo, agus é mar aidhm comhghuaillíocht a thógáil d’eagraíochtaí láidre taighde Eorpacha a roinnfidh treochlár coiteann chun tacú le barr feabhais sa taighde bunúsach agus feidhmeach, iarrachtaí náisiúnta IS a ailíniú, nuálaíocht agus infheistíochtaí a chothú, tallann IS a mhealladh agus a choinneáil san Eoraip, agus sineirgí agus barainneachtaí scála a chruthú; á chreidiúint go bhfuil sé d’acmhainn ag an gcoincheap tí solais na daoine is fearr agus is cliste ó thíortha thar lear a mhealladh, chomh maith le hinfheistíocht shuntasach phríobháideach a thabhairt isteach san Eoraip;

    221.

    á chur in iúl, thairis sin, gur cheart tithe solais IS, i gcomhar le hinstitiúidí taighde agus tionscail eile, a chistiú go leordhóthanach; á thabhairt chun suntais ar na buntáistí a bhaineann le boscaí gainimh rialála atá dea-scartha chun táirgí, seirbhísí agus cineálacha cur chuige IS a thástáil i bhfíorthimpeallacht dhomhanda rialaithe sula gcuirtear ar an margadh iad;

    222.

    á thabhairt le fios gur céim thábhachtach chun cinn é Moil Nuálaíochta Digití Eorpacha (MNDEnna) a ainmniú faoin gclár don Eoraip Dhigiteach chun éiceachóras den scoth in IS a fhorbairt atá bunaithe ar bhraislí tionscail-ollscoileanna; ag cáineadh, áfach, go bhfuil na critéir maidir le hainmniú MNDE fós doiléir agus dá bhrí sin go bhfuil difríocht idir MNDEnna ar fud na hEorpa maidir lena gcumais agus lena bhforbairt, agus go bhfuil an t-idirghníomhú le moil dhigiteacha eile arna n-ainmniú ag an Institiúid Eorpach um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht agus faoi chreat an chláir Fís Eorpach fós doiléir; á mholadh, dá bhrí sin, go bhfuil gá le tuilleadh comhordaithe agus iarrachtaí i dtaobh caiteachais, agus chomh maith leis sin i dtaobh bhunú chnuasach foriomlán comhoibritheach mhoil dhíláraithe IS atá bunaithe ar chreat uile-Aontais le haghaidh saineolas dlíthiúil, sonraí, maoiniú, agus dreasachtaí; á chur in iúl gur díol sásaimh di na tionscnaimh ón gCoimisiún chun líonraí nuathionscanta a bhunú ar fud AE agus níos faide i gcéin freisin, amhail an Eoraip Nua-thionscanta agus an Eoraip um Ghnólachtaí, an Mheánmhuir chun malartuithe smaointe, gnó agus deiseanna líonraithe a chothú;

    223.

    á mholadh go ndéanfaí tionscnaimh atá ann cheana a mhéadú agus a ailíniú, amhail an tSaotharlann Eorpach um Fhoghlaim agus um Chórais Chliste agus Cónaidhm na Saotharlann um Thaighde ar IS san Eoraip, agus tionscadail shuaitheanta, amhail Líonra IS HumanE agus AI4EU, d’fhonn spriocanna agus tionscadail forbartha, atá uaillmhianach, comhoibríoch agus ar fud an Aontais a chur chun cinn;

    (e)   Éiceachóras muiníne

    i.   AN TSOCHAÍ AGUS IS

    224.

    á mholadh, sa bhreis ar oiliúint IS atá molta, go gcuirfidh AE agus a chuid Ballstát feachtais ardaithe feasachta ar bun, lena n-áirítear plé poiblí ar an leibhéal áitiúil, mar bhealach breise chun saoránaigh a shroicheadh, chun na saoránaigh a chur ar an eolas agus chun cumhacht a thabhairt dóibh chun tuiscint níos fearr a fháil ar na deiseanna, na rioscaí agus an tionchar sochaíoch, dlíthiúil agus eiticiúil a bhaineann le IS chun cur tuilleadh le hiontaofacht agus daonlathú IS; á chur in iúl go bhfuil sí lánchinnte go gcabhródh an méid sin, i gcomhthráth le creat dlíthiúil soiléir fónta a chruthú maidir le IS atá dírithe ar an duine agus iontaofa, chun imní na saoránach a laghdú, ar ábhair imní iad a d’fhéadfadh a bheith bainteach le húsáid fhorleathan IS san Eoraip;

    225.

    á iarraidh ar an Aontas a áirithiú go ndéanfaidh IS prionsabail dhaonlathacha agus cearta bunúsacha a fhorbairt, a úsáid agus a úsáid go hiomlán agus go gcloífear leis an dlí ar bhealach atá in ann sásraí faireachais a chomhrac agus nach gcuirfidh sé isteach go míchuí ar thoghcháin ná nach gcuirfidh sé le scaipeadh na bréagaisnéise;

    226.

    á chur i bhfáth nár cheart do rialtais ná do ghnólachtaí ach córais iontaofa IS a imscaradh agus a sholáthar, ar córais iad a dheartar, i gcás inarb ábhartha, chun seasamh le cearta na n-oibrithe agus chun oideachas ardchaighdeáin agus litearthacht dhigiteach a chur chun cinn agus nach méadaíonn siad an bhearna idir na hinscní ná an t-idirdhealú trí chomhdheiseanna do chách a chosc;

    227.

    ag tacú le coigeartuithe ar dhlíthe cosanta tomhaltóirí mar bhealach eile chun muinín in IS a fhorbairt, mar shampla tríd an gceart a thabhairt do thomhaltóirí a fhios a bheith acu an bhfuil siad ag idirghníomhú le gníomhaire IS, rud a chuirfeadh ar a gcumas athbhreithniú daonna a dhéanamh ar chinntí IS, agus trí mhodh a thabhairt dóibh faireachas tráchtála nó praghsáil phearsantaithe a chomhrac;

    228.

    á chur i bhfáth gur cheart teicneolaíochtaí áirithe IS a thabhairt isteach san ionad oibre, amhail na teicneolaíochtaí sin a úsáideann sonraí oibrithe, i gcomhairle le hionadaithe na n-oibrithe agus leis na comhpháirtithe sóisialta; á thabhairt le fios gur cheart go mbeadh oibrithe agus a n-ionadaithe in ann faisnéis a iarraidh ó fhostóirí maidir leis na sonraí a bhailítear, i gcás ina stóráiltear na sonraí sin, maidir leis an gcaoi a bpróiseáiltear na sonraí sin agus maidir leis na cosaintí atá i bhfeidhm chun iad a chosaint;

    229.

    á iarraidh ar AE a áirithiú go léiríonn córais IS a éagsúlacht chultúrtha agus an t-ilteangachas chun claonadh agus idirdhealú a chosc; á thabhairt chun suntais gur gá éagsúlacht a chur chun cinn sna foirne a fhorbraíonn, a chuireann chun feidhme agus a dhéanann measúnú ar na rioscaí a bhaineann le feidhmchláir shonracha IS, chun aghaidh a thabhairt ar laofacht in IS; á chur i bhfáth gur gá sonraí atá imdhealaithe ó thaobh inscne de a úsáid chun algartaim IS a mheas agus chun anailís inscne a dhéanamh mar chuid de mheasúnuithe riosca uile IS;

    230.

    á chur i bhfios go láidir á thábhachtaí atá taighde agus faireachán leanúnach ar thionchar IS ar ghnéithe éagsúla den tsochaí, ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais araon; á mholadh go mbeadh Eurostat agus gníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais rannpháirteach sa mhéid sin;

    231.

    á thabhairt chun suntais, bunaithe ar thorthaí an chórais faireacháin, go bhféadfaí ciste aistrithe Eorpach a mheas chun cabhrú le bainistiú a dhéanamh, mar shampla, ar chaillteanas post in earnálacha leochaileacha nó ar fud na réigiún;

    ii.   RÍOMHRIALACHAS

    232.

    á iarraidh ar na Ballstáit Dearbhú Thaillinn maidir le ríomhsheirbhísí rialtais a chur i gcrích, saoránaigh a chur i gcroílár na seirbhísí agus sásraí a chur ar bun chun seirbhísí poiblí digiteacha ó cheann go ceann atá gan teorainneacha, idir-inoibritheach, pearsantaithe, soláimhsithe agus ó cheann go ceann a sholáthar do gach saoránach ar gach leibhéal den riarachán poiblí; den tuairim gur cheart gurbh é an cuspóir a bheadh ann seirbhísí digiteacha agus ríomhsheirbhísí Rialtais atá bunaithe ar IS a sholáthar do shaoránaigh as seo go ceann cúig bliana, agus iad fós ag cur idirghníomhaíocht dhaonna ar fáil; á mheabhrú go mbeidh ról lárnach ag cistí na Saoráide um Théarnamh agus Athléimneacht agus ag na pleananna náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta ina leith sin; á iarraidh ar chomhlachtaí poiblí tacaíocht a thabhairt don IS san earnáil phoiblí agus í a fhorbairt; á chur in iúl gur díol sásaimh di an t-athbhreithniú ar Rialachán eIDAS (41) agus an ról atá aige maidir le soláthar seirbhísí poiblí digiteacha a threisiú; á chur i bhfáth nár cheart aon duine a fhágáil ar lár agus gur cheart go mbeadh roghanna eile as líne ar fáil i gcónaí;

    233.

    á iarraidh ar an gCoimisiún an plean gníomhaíochta ríomhrialtais a athnuachan agus sineirgí a chruthú leis an gclár don Eoraip Dhigiteach chun tacú le riaracháin phoiblí agus IS á glacadh acu i gcomhréir le straitéis bogearraí foinse oscailte na hEorpa;

    234.

    á thabhairt chun suntais go bhfuil ról suntasach ag ríomhsheirbhísí rialtais i bhforbairt an gheilleagair sonraí agus na nuálaíochta digití sa mhargadh aonair digiteach; á thabhairt dá haire gur gnéithe ríthábhachtacha d’úsáid ríomhsheirbhísí rialtais ar fud an Aontais iad comhoibriú agus comhroinnt dea-chleachtas ar fud riaracháin phoiblí agus thar theorainneacha; á iarraidh go mbeadh nósanna imeachta riaracháin phoiblí caighdeánaithe, cuíchóirithe ann le haghaidh malartuithe níos éifeachtúla ar fud Bhallstáit an Aontais agus gach leibhéal riaracháin;

    235.

    á thabhairt dá haire go bhfuil gá le saineolaithe oilte chun seirbhísí ardchaighdeáin ar líne a fhorbairt; á chur i bhfáth gur gá beartais earcaíochta agus oiliúna rialtais a mhéadú do dhaoine a bhfuil scileanna digiteacha acu a bhfuil eolas acu ar IS;

    236.

    á iarraidh go ndéanfaí cur chun feidhme na tairsí aonair digití a spreagadh agus go ndéanfaí ardáin idir-inoibritheacha a chuireann seirbhísí trasteorann ar fáil san Aontas a fhorbairt, agus caighdeáin choiteanna slándála á gcomhlíonadh i ngach Ballstát ag an am céanna; á chur i bhfáth gur cheart breathnú ar leathnú a d’fhéadfaí a dhéanamh thar an tacar teoranta seirbhísí a áirítear faoi láthair i Rialachán (AE) 2018/1724 (42) lena mbunaítear tairseach aonair dhigiteach;

    237.

    á chur i bhfáth go gcuireann ardáin chomhairliúcháin phoiblí institiúidí an Aontais agus na mBallstát le rannpháirtíocht agus le rochtain ar fhaisnéis dhigiteach; á mholadh go ndéanfaí infheistíocht i bhfeabhsuithe ar inúsáidteacht agus ar inrochtaineacht, amhail achoimrí agus faisnéis a sholáthar i níos mó ná teanga amháin, chomh maith le margaíocht thiomnaithe agus for-rochtain spriocdhírithe d’ardáin dhigiteacha rannpháirtíochta poiblí;

    238.

    á mholadh go gcuirfí dlús leis an idirphlé idirghníomhach agus pearsanta le saoránaigh an Aontais trí chomhairliúcháin leis na saoránaigh ar líne, trí fhormáidí idirphlé le páirtithe leasmhara nó trí fheidhmeanna digiteacha chun trácht a dhéanamh ar reachtaíocht agus ar thionscnaimh AE;

    iii.   R-SHLÁINTE

    239.

    á iarraidh go ndéanfaí dearadh atá dírithe ar an duine agus cur chuige atá bunaithe ar fhianaise i leith IS ina ndírítear ar chúram sláinte pearsantaithe, dírithe ar an othar, costéifeachtach agus ar ardchaighdeán, a fhorbrófar i ndlúthchomhar le gairmithe sláinte agus le hothair, agus maoirseacht dhaonna agus cinnteoireacht á caomhnú ag an am céanna; ag tathant go dtabharfaí tús áite do chistiú, spriocanna straitéiseacha a leagan síos, comhar a chothú agus feidhmchláir IS a ghlacadh i gcúram sláinte mar earnáil ríthábhachtach ina bhféadfadh na deiseanna a chuirtear ar fáil le IS buntáistí ollmhóra a chur ar fáil do shláinte agus d’fholláine na saoránach, fad agus a dhéantar na rioscaí dúchasacha a bhainistiú go hiomchuí;

    240.

    á thabhairt chun suntais gur cheart glacadh IS i suíomhanna cúraim sláinte a chur chun cinn mar uirlis chun an t-ualach ar ghairmithe cúraim sláinte a laghdú agus chun cabhrú leo díriú ar chúraimí cliniciúla, agus ní mar ionadaí do ghairmithe cúraim sláinte nó mar ghníomhaí neamhspleách laistigh de chórais sláinte; á chur i bhfáth gur gá leibhéal cáilíochta, sábháilteachta agus slándála a áirithiú ar aon dul leis an bpróiseas formheasa rialála maidir le cógais, vacsaíní agus feistí leighis; á iarraidh modh atá cosúil le triail chliniciúil chun tástáil a dhéanamh ar leorgacht IS agus chun faireachán a dhéanamh ar imscaradh IS i suímh chliniciúla; á fhionnadh go mbeadh sé tairbhiúil a mheas cé na seirbhísí cúraim sláinte is féidir a uathoibriú go heitic agus go freagrach;

    241.

    á mheas gur cheart rochtain chothrom ar chúram sláinte mar phrionsabal a leathnú chuig feidhmeanna IS a bhaineann leis an tsláinte, lena n-áirítear córais chun galair a bhrath, bainistiú riochtaí ainsealacha, soláthar seirbhísí sláinte agus fionnachtain drugaí; ag cur béim ar an ngá atá le bearta iomchuí a ghlacadh chun dul i ngleic leis na rioscaí a bhaineann leis an tsláinte ó thaobh na scoilte digití, na laofachta algartamaí agus an idirdhealaithe, agus imeallú daoine leochaileacha nó mionlach cultúrtha, a bhfuil rochtain theoranta acu ar chúram sláinte;

    242.

    ag meabhrú sheasamh na Parlaiminte nár cheart go gceadófaí do chuideachtaí árachais ná d’aon soláthraí seirbhíse eile atá i dteideal rochtain a fháil ar fhaisnéis arna stóráil i bhfeidhmchláir ríomhshláinte úsáid a bhaint as na sonraí sin chun idirdhealú a dhéanamh agus praghsanna á socrú;

    243.

    á chur in iúl go bhfuil sí deimhin de gur céimeanna sa treo ceart iad tionscadail agus tionscnaimh reatha an Aontais, amhail EU4 Health, na spásanna sonraí sláinte Eorpacha agus an tArdán Eorpach maidir le Clárú Galar Neamhchoitianta toisc go dtugann siad deis do na Ballstáit acmhainní a chomhthiomsú, comhar tairbheach a mhéadú idir córais sláinte agus malartú slán caomhnaithe príobháideachais sonraí ardcháilíochta le haghaidh taighde agus nuálaíochta a chumasú;

    244.

    á iarraidh go ndéanfaí creat “IS sa tSláinte” a dhaingniú agus a shuí go cuí dlíthiúil ar leibhéal an Aontais; á chur i bhfios go láidir go bhfuil go leor leibhéal riosca ann a thagann chun cinn de réir a chéile, i gcaitheamh dhul chun cinn theicneolaíochtaí IS;

    245.

    á chur i bhfáth go bhfuil gá le tuilleadh treorach maidir le sonraí sláinte a phróiseáil faoi RGCS chun lántairbhe a bhaint as acmhainneacht IS ar mhaithe le daoine aonair, agus cearta bunúsacha á n-urramú ag an am céanna; á iarraidh ar an gCoimisiún comhchuibhiú níos tapúla agus níos fearr a dhéanamh ar chaighdeáin lena rialaítear próiseáil sonraí sláinte ar fud na mBallstát, lena n-áirítear comhroinnt, anaithnidiú agus idir-inoibritheacht na sonraí sin;

    246.

    á iarraidh ar an gCoimisiún comhtháthú na rialacha eiticiúla a chur chun cinn ag gach céim d’fhorbairt, de dhearadh agus d’úsáid fheidhmchláir IS; á chur i bhfáth gur gá tuilleadh taighde a chur chun cinn maidir leis na modhanna agus na laofachtaí atá leabaithe i gcóras intleachta saorga oilte chun conclúidí neamheiticiúla agus idirdhealaitheacha a sheachaint nuair a chuirtear i bhfeidhm iad ar shonraí maidir le sláinte an duine; á mholadh go gcruthófaí Cód Iompair AE chun sonraí sláinte a phróiseáil i gcomhréir iomlán le RGCS;

    247.

    á iarraidh ar an gCoimisiún machnamh a dhéanamh ar thionscnamh maidir le néarchearta arb é is aidhm dó an inchinn a chosaint ar thrasnaíocht, ar ionramháil agus ar rialú néarteicneolaíochta atá cumhachtaithe ag an intleacht shaorga; ag spreagadh an Choimisiúin clár oibre néarcheart a chur chun cinn ar leibhéal na Náisiún Aontaithe chun néarchearta a chur san áireamh i nDearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine, go nithiúil maidir le cearta na céannachta, saorthoil, príobháideacht mheabhrach, rochtain chomhionann ar an dul chun cinn i méadú inchinne agus cosaint ar chlaonadh algartamach;

    248.

    á iarraidh ar an gCoimisiún machnamh a dhéanamh ar chreat dlíthiúil le haghaidh comhairliúcháin leighis ar líne;

    249.

    á chur i bhfáth go bhfuil gá le bearta lena gcuirtear chun cinn rochtain chomhionann ar chúram sláinte agus lena bhfeabhsaítear glacadh réitigh IS ag soláthraithe cúraim sláinte;

    250.

    á iarraidh ar an gCoimisiún tacú le sásra comhair a bhunú i gcomhthéacs agus oibriú spás Eorpach do shonraí sláinte chun comhroinnt sonraí sláinte a chothú agus tacú le forbairt taifead sláinte leictreonach i gcomhréir leis na dlíthe agus na rialacháin is infheidhme; á áitiú go gcuirfí feabhas ar cháilíocht na sonraí atá ar fáil do gach saoránach de chuid an Aontais trí uirlisí digiteacha a chumasú oibriú mar is ceart (e.g. bunaithe ar algartaim féinfhoghlama nó ar anailís ar mhórsonraí); á mholadh go gcuirfí na sonraí arna stóráil i gcomhréir le RGCS ar fáil le haghaidh tuilleadh taighde, chomh maith le forbairt drugaí agus cóireálacha indibhidiúlaithe nua;

    251.

    á chur i bhfios go láidir gur gá scileanna digiteacha agus IS a chur san áireamh in oideachas gairmithe cúraim sláinte, chomh maith le heolas ar reachtaíocht cosanta sonraí an Aontais agus ar dhéileáil le sonraí íogaire, lena n-áirítear anaithnidiú sonraí a chur chun cinn;

    252.

    á iarraidh go mbeadh treoir ann maidir le hinfheidhmeacht creataí dliteanais agus córais formheasa chomhchuibhithe d’fheidhmchláir leighis atá bunaithe ar an intleacht shaorga agus do chógais arna bhforbairt nó arna dtástáil leis an intleacht shaorga agus leis an mheaisínfhoghlaim; á chur i bhfáth gur cheart aghaidh a thabhairt ar dhíobháil a eascraíonn as leithdháileadh neamhleor acmhainní nó easpa soláthair cúraim trí chórais mholtóra IS in earnáil an chúraim sláinte in aon athchóiriú rialála a bheidh ann amach anseo; ag cur béim ar an ngá le dea-chleachtais, caighdeáin agus critéir iomchuí chun iarratais ar chúram sláinte a dheimhniú agus a fhormheas i gcomhréir le rioscaí dliteanais;

    253.

    á iarraidh ar an gCoimisiún samhlacha réamh-mheastacha duinelárnacha a chur ar fáil do phaindéimí, agus úsáid a bhaint astu, ina dtagann tacair sonraí éagsúla le chéile i bhfíor-am chun bonn eolais a chur faoin gcinnteoireacht;

    (f)   Straitéis tionsclaíochta

    i.   PLEANÁIL AGUS INFHEISTÍOCHTAÍ STRAITÉISEACHA

    254.

    á chur in iúl go bhfuil sí deimhin de gur cheart don Aontas an intleacht shaorga agus an geilleagar sonraí a chur i gcroílár straitéis tionsclaíoch digiteach uaillmhianach, agus é mar aidhm aige cuideachtaí agus fiontraithe nuálacha a chumhachtú dul san iomaíocht le haghaidh na nuálaíochtaí is fearr teicneolaíochta agus samhlacha gnó san Eoraip agus sa domhan agus neamhspleáchas straitéiseach oscailte an Aontais a threisiú agus caighdeáin fhónta dhlíthiúla, eiticiúla, teicneolaíochta agus slándála á mbunú do chórais uile IS agus do na comhpháirteanna uile a bheartaítear a úsáid i margadh aonair an Aontais;

    255.

    ag spreagadh an Choimisiúin an anailís ar mhórshonraí IS a úsáid chun cabhrú le tástálacha struis a dhéanamh chun athléimneacht slabhraí luacha agus spleáchais a mhapáil;

    256.

    á áitiú ar an gCoimisiún anailís chuimsitheach a dhéanamh ar láidreachtaí agus laigí chun leochaileachtaí AE a chinneadh, réimsí criticiúla agus spleáchais ardriosca a shainaithint, ionchais réalaíocha theicniúla agus eacnamaíocha a bhunú maidir leis an intleacht shaorga agus measúnú a dhéanamh ar na héifeachtaí sna hearnálacha uile i dtionscal na hEorpa; á chur i bhfios go láidir gur cheart don Choimisiún comhoibriú leis na geallsealbhóirí ábhartha chun na críche sin;

    257.

    á mholadh gur cheart don Aontas, ar bhonn na hanailíse sin, straitéis tionscalaíochta fhadtéarmach don intleacht saorga a cheapadh agus a ghlacadh, ar straitéis í a mbeadh fís shoiléir aici don chéad deich mbliana eile mar shíneadh ar an gCompás Digiteach; á mhíniú gur cheart an straitéis sin a chomhlánú le córas faireacháin a mbeadh príomhtháscairí feidhmíochta agus nuashonruithe bliantúla ann; á chur i bhfáth, áfach, gur gá an líon ollmhór tionscnamh aonair a sheol an Coimisiún chun tacú le tionscal IS an Aontais a chomhdhlúthú agus a chuíchóiriú sula ndéanfar iad a ionchorprú sa straitéis thionsclaíoch nua seo don intleacht saorga;

    258.

    á iarraidh ar an gCoimisiún a mheas conas is féidir an straitéis fhoriomlán thionsclaíoch a chomhlánú trí infheistíocht phoiblí spriocdhírithe; á thabhairt le fios, áfach, go bhféadfadh cláir infheistíochta iomarcacha do theicneolaíochtaí casta, i gcásanna áirithe, cur leis an riosca do leithdháileadh éifeachtúil caipitil a chur as a riocht agus go bhféadfadh infheistíocht thréigthe teacht as; á chur i bhfáth, sa chomhthéacs sin, gur dlúthchuid de straitéis thionsclaíoch an Aontais é an chumhacht a thabhairt do ghnólachtaí, fiontraithe agus taighdeoirí chun réitigh teicneolaíochta IS atá bunaithe ar fhiontraíocht phríobháideach a fhorbairt agus a mhargú, lena n-áirítear trí chothrom iomaíochta a fhorfheidhmiú agus tríd an margadh aonair digiteach agus aontas na margaí caipitil a thabhairt chun críche; á mholadh go n-éascófaí an rochtain ar mhaoiniú, go mór mór ionstraimí maoinithe riosca, go háirithe le haghaidh maoiniú luathchéime; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim gur cheart athbhreithniú a dhéanamh ar chion na n-acmhainní atá tiomnaithe don intleacht shaorga trí InvestEU agus tríd an gclár don Eoraip dhigiteach agus, i gcás inarb iomchuí, é a mhéadú go suntasach;

    259.

    á chur i bhfáth gur gá creat an Aontais a glacadh le déanaí maidir le scagadh a dhéanamh ar infheistíocht dhíreach choigríche (43) agus an rialachán a athbhreithníodh le déanaí maidir le córas an Aontais i ndáil le rialú onnmhairithe ítimí dé-úsáide a chur chun feidhme go mear (44); á thabhairt le fios gur cheart breathnú ar IS, chomh maith leis an róbataic agus bonneagar digiteach eile, mar earnáil ríthábhachtach; ag tabhairt dá haire gur cheart go mbeadh cosaint na gceart maoine intleachtúla agus eis-sreabhadh teicneolaíochtaí criticiúla faoi réir forfheidhmiú níos láidre;

    260.

    á chur i bhfáth go bhfuil sé ríthábhachtach don Eoraip bonneagar digiteach leormhaith a chur ar fáil di féin; á chur in iúl gur geal léi tionscnaimh amhail an Tionscnamh maidir le Próiseálaí Eorpach, an Ionstraim Eorpach um Shliseanna, a moladh le déanaí, agus an Comhghnóthas Ríomhaireachta Ardfheidhmíochta Eorpach;

    ii.   FBMANNA AGUS GNÓLACHTAÍ NUATHIONSCANTA

    261.

    á mholadh go gcuirfí tacaíocht ar leibhéal an Aontais agus an rialtais ar fáil do ghnólachtaí nuathionscanta intleachta saorga trí rochtain a bheith acu ar chaipiteal príobháideach agus ar fhostaithe oilte, tríd an gcumas tacair sonraí ar ardchaighdeán a sholáthar chun algartaim a oiliúint agus tríd an gcumas oibriú thar theorainneacha na mBallstát; á chur i bhfáth, ina theannta sin, gur uirlis an-éifeachtach beartais phoiblí chun tacú le geilleagar nuathionscanta é forfheidhmiú éifeachtach dhlí na hiomaíochta chun mí-úsáid ceannasachta margaidh a chosc agus chun bacainní ar iontráil sa mhargadh a chomhrac; á chur i bhfios go láidir, i ndáil leis an méid sin, gur cheart do AE cur lena iarrachtaí bealaí agus seirbhísí forbartha a chur ar fáil do FBManna agus gnólachtaí nuathionscanta; á mheas go bhféadfaí a áireamh leis sin córas meantóireachta a thabhairt isteach lena nasctar gnólachtaí atá dírithe ar an intleacht shaorga le gnólachtaí beaga ar mian leo an teicneolaíocht a chur chun feidhme; á chur i bhfáth gur minic an neamhábaltacht íocadh as foirne dlí measartha mór a bheith ina bhac iontrála ar thimpeallachtaí casta rialála do ghnólachtaí nuathionscanta agus d’fhiontraithe; á chur i bhfios go láidir gur gá go mbeadh rochtain ag FBManna ar thacaíocht shonrach dhlíthiúil agus theicniúil; á thabhairt chun suntais, chomh maith leis sin, gur gá comhpháirtíochtaí a chothú ina bhféadfadh cuideachtaí atá á spreagadh ag IS agus iad siúd atá ag teacht isteach sa mhargadh dul i gcomhar le chéile; ag tathant ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit comhairleoireacht níos fearr agus tacaíocht níos nithiúla a chur ar fáil trí líonraí, moil dhigiteacha, oiliúnóirí IS, meantóireacht gnó, cuairteanna ar an láthair agus clinicí dlíthiúla; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá cláir malartaithe daoine le daoine, amhail Erasmus d’Fhiontraithe Óga, agus gur cheart iad a fhorbairt agus a spreagadh tuilleadh;

    262.

    á mholadh go laghdófaí an t-ualach riaracháin do FBManna agus do ghnólachtaí nuathionscanta san intleacht shaorga, mar shampla trí oibleagáidí tuairiscithe, faisnéise nó doiciméadachta a chuíchóiriú, agus trí threoir a thabhairt maidir le comhchaighdeáin dhlí an nós imeachta shibhialta atá le glacadh ar an leibhéal náisiúnta; á iarraidh go gcuirfí chun feidhme gan mhoill an pointe rochtana aonair digiteach chun tairseach AE aonair ar líne a bhunú i dteangacha éagsúla ina bhfuil na nósanna imeachta agus na foirmiúlachtaí uile is gá chun oibriú i dtír eile de chuid an Aontais; á chur i bhfáth gur cheart go mbeadh rochtain éasca ar gach pointe teagmhála aonair arna bhunú ar an leibhéal náisiúnta tríd an tairseach aonair dhigiteach agus gur cheart dóibh faisnéis a chur ar fáil agus seirbhísí riaracháin a thairiscint sna Ballstáit, lena n-áirítear i ndáil le rialacha maidir le CBL agus faisnéis faoi cheanglais maidir le soláthar seirbhísí, agus úsáid á baint as téarmaíocht inrochtana agus le hinfhaighteacht iomlán, le foireann cabhrach oilte a chuirfidh tacaíocht éifeachtach sholáimhsithe ar fáil;

    263.

    ag tabhairt dá haire go n-áirítear ar na bealaí ina bhféadfaidh Ballstáit an Aontais tacú le FBManna agus le gnólachtaí nuathionscanta an méid seo a leanas: buntáistí cánach do thaighde domhain, rochtain níos fearr ar chumais ríomhaireachta agus tacair sonraí ardcháilíochta agus tacaíocht do scabhtáil teicneolaíochta agus d’oideachas, oiliúint agus athoiliúint d’fhostaithe IS;

    264.

    á chur i bhfios go láidir go dteastaíonn rochtain níos fearr ar an soláthar poiblí ó FBManna agus ó ghnólachtaí nuathionscanta san intleacht shaorga; ag tathant ar an gCoimisiún athdhearadh a dhéanamh ar nósanna imeachta iarratais do thairiscintí poiblí agus do mhaoiniú clár AE chun deis chothrom a thabhairt do ghnólachtaí nuathionscanta agus do FBManna tionscadail soláthair phoiblí, agus deontais taighde agus forbartha a dhámhachtain dóibh; ag meabhrú, i ndáil leis an méid sin, chláir rathúla GovTech a thacaigh le rannpháirtíocht gnólachtaí beaga sa soláthar poiblí digiteach; á chur i bhfáth gur cheart scéimeanna sciar-rogha do ghnólachtaí nuathionscanta IS ar fud na hEorpa a chur chun cinn freisin;

    iii.   AN TARDÁN IDIRNÁISIÚNTA

    265.

    á chur in iúl gur cheart do AE ceannaireacht a thabhairt le dea-shampla maidir le comhghuaillíocht teicneolaíochta láidir a bheadh bunaithe ar bhunluach, ag obair i gcomhar le comhpháirtithe atá ar aon intinn leis chun comhchaighdeáin rialála a bhunú, tairbhe a bhaint as dea-chleachtais i réimsí na hintleachta saorga, cearta príobháideachta, sreafaí sonraí agus rialacha iomaíochta, agus leochaileachtaí straitéiseacha a réiteach trí thógáil ar shócmhainní a chéile agus acmhainní a chomhthiomsú i réimsí ina bhfuil sé chun tairbhe an dá thaobh é sin a dhéanamh; á chur i bhfios go láidir gur cheart don Aontas tacú go gníomhach freisin le comhar idirnáisiúnta neartaithe maidir leis an intleacht shaorga eiticiúil, iontaofa agus dhuinelárnach i bhfóraim iltaobhacha agus dhéthaobhacha ábhartha, mar shampla laistigh de chóras na Náisiún Aontaithe, an Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta, Comhairle na hEorpa, an Eagraíocht Dhomhanda Trádála, an Fóram Domhanda Eacnamaíoch agus G20; á chur in iúl gur geal léi, go háirithe, gur bunaíodh an Chomhairle Trádála agus Teicneolaíochta (TTC) idir an tAontas agus na Stáit Aontaithe, ina liostaítear an comhar maidir le caighdeáin IS mar phríomhthosaíocht agus lena n-áitítear, i bhfianaise a acmhainne straitéisí, nach mór an TTC a threisiú le gné idirpharlaiminteach, agus Parlaimint na hEorpa agus Comhdháil SAM rannpháirteach ann;

    266.

    á mholadh go mbunófaí meitheal shonrach thrasatlantach maidir leis an intleacht shaorga freisin, lena n-áirítear ionadaithe ó rialtais, ó eagraíochtaí um chaighdeánú, ón earnáil phríobháideach agus ón tsochaí shibhialta, chun obair a dhéanamh ar chomhchaighdeáin agus ar threoirlínte eiticiúla don intleacht shaorga; á mholadh go mbunófaí ardán fadtéarmach chun an intleacht shaorga agus saincheisteanna tábhachtacha eile digiteacha agus trádála a mhalartú, bunaithe ar an TTC atá ann faoi láthair, in éineacht le comhpháirtithe eile atá ar aon intinn;

    267.

    á chur i bhfios go láidir gur cheart do AE úsáid IS a bheidh freagrach go sóisialta agus go heiticiúil a chur chun cinn agus comhoibriú le comhlachtaí idirnáisiúnta um chaighdeánú chun caighdeáin maidir le heitic, sábháilteacht, iontaofacht, idir-inoibritheacht agus slándáil a fheabhsú tuilleadh; á chur in iúl gur geal léi na tionscnaimh is déanaí maidir le caighdeánú a sheol gníomhaithe amhail Comhchoiste Teicniúil na hEagraíochta Idirnáisiúnta um Chaighdeánú agus an Coimisiún Idirnáisiúnta Leictriteicniúil arb é is aidhm leo cóid éagsúla intleachta saorga a chomhchuibhiú ar fud an domhain; á chur i bhfáth, thairis sin, gur cheart don Eoraip caighdeáin a chur chun cinn agus a fhorbairt, lena n-áirítear i réimsí na monaraíochta cliste, Idirlíon na Rudaí Nithiúla (IoT), róbataic agus anailísíocht sonraí; á mholadh go gcuirfí tacaíocht níos fearr ar fáil don lucht acadúil, don tsochaí shibhialta agus do FBManna chun páirt a ghlacadh i bhfóraim um chaighdeánú;

    268.

    ag tacú le tionscnamh Ríomhthrádála na hEagraíochta Domhanda Trádála chun beartas cuimsitheach, ardcháilíochta, fianaise-bhunaithe agus spriocdhírithe a fhorbairt a mbeidh brí ó thaobh na tráchtála de chun dul i ngleic ar bhealach níos fearr le bacainní ar thrádáil dhigiteach; á chur i bhfios go láidir gur cheart go léireofaí prionsabail an dea-rialachais sa chomhaontú agus gur cheart go dtabharfaí an cumas do na rialtais cur i gcoinne na caomhnaitheachta digití, agus muinín na dtomhaltóirí á cosaint agus á cur chun cinn agus fíorluach á chruthú don gheilleagar domhanda ag an am céanna;

    269.

    á mholadh don Choimisiún leanúint d’aghaidh a thabhairt ar bhacainní trádála nach bhfuil údar leo, go háirithe bacainní neamhtharaife nó srianta ar rochtain ar an margadh do chuideachtaí IS Eorpacha i dtríú tíortha; á chur i bhfáth gur cheart leas gníomhach a bhaint as an mbeartas trádála, comharsanachta agus forbartha chun an díospóireacht idirnáisiúnta maidir leis an intleacht shaorga a mhúnlú agus chun prionsabail eiticiúla Eorpacha IS a chur chun cinn;

    (g)   Slándáil

    i.   IS AGUS FORFHEIDHMIÚ AN DLÍ

    270.

    á chur i bhfáth a thábhachtaí atá cumas gníomhaireachtaí um fhorfheidhmiú an dlí maidir le gníomhaíocht choiriúil a shainaithint agus a chomhrac, agus cúnamh á fháil ó theicneolaíocht na hintleachta saorga;

    271.

    á chur i bhfáth go bhféadfaí mí-úsáid a bhaint as an intleacht shaorga i bhforfheidhmiú an dlí chun dochar a dhéanamh, lena n-áirítear idirdhealú uathoibrithe agus cóireáil neamhdhleathach do shaoránaigh, agus gur beag bealach cúitimh a chuirtear ar fáil ag an am céanna; ag tathant ar na Ballstáit ceanglais fhóinteacha maidir le formhaoirseacht dhaonna a chur chun feidhme agus modhanna cúitimh a ráthú dóibh siúd atá faoi réir cinntí arna gcur i gcrích ag an intleacht shaorga;

    272.

    á mholadh gur cheart don Aontas páirt a ghlacadh i gcur chuige na reachtaíochta boige arna mbunú ag Institiúid Taighde na Náisiún Aontaithe um an gCoireacht agus um Cheartas Idir-réigiúnach, a bhfuil sraitheanna straitéisí oibríochtúla IS forbartha aici agus a bhfuil tús curtha aici le comhpháirtíocht le Interpol, a bheidh ina fhóram uathúil don idirphlé agus don chomhar maidir leis an intleacht shaorga idir gníomhaireachtaí forfheidhmithe dlí, lucht tionscail, lucht léinn agus an tsochaí shibhialta, i gcomhréir go hiomlán le acquis an Aontais maidir le cosaint sonraí agus príobháideachas;

    273.

    ag tabhairt dá haire go bhfuil ról ag Europol maidir le huirlisí IS a fhorbairt, a oiliúint agus a bhailíochtú chun an choireacht eagraithe, an sceimhlitheoireacht agus an chibearchoireacht a chomhrac i gcomhar leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí agus urraim iomlán á tabhairt do bhunluachanna AE, go háirithe an neamh-idirdhealú agus toimhde na neamhchiontachta;

    274.

    á iarraidh ar an gCoimisiún acmhainní airgeadais agus daonna Mhol Nuálaíochta an Aontais don tSlándáil Inmheánach a neartú; á chur in iúl gur geal léi iarrachtaí Eurojust, Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha agus Europol chun sraith straitéisí de phrionsabail cuntasachta uilíocha a fhorbairt le haghaidh úsáid na hintleachta saorga ag cleachtóirí ceartais agus slándála inmheánaí (creat AP4AI); á iarraidh ar an gCoimisiún tacaíocht thiomnaithe airgeadais a chur ar fáil don tionscnamh seo chun caighdeáin agus luachanna cuntasachta AE i réimse na hintleachta saorga a chur chun cinn;

    ii.   AN CHIBEARSHLÁNDÁIL

    275.

    á iarraidh ar na Ballstáit feabhas a chur ar an gcomhar i réimse na cibearshlándála ar an leibhéal Eorpach chun cur ar chumas an Aontais agus na mBallstát acmhainní a chomhthiomsú ar bhealach níos fearr, comhordú agus cuíchóiriú níos éifeachtúla a dhéanamh ar bheartais náisiúnta cibearshlándála, fothú acmhainní cibearshlándála agus ardú feasachta a mhéadú tuilleadh, agus eolas agus cúnamh teicniúil maidir leis an gcibearshlándáil a chur ar fáil go pras do FBManna, agus d’earnálacha traidisiúnta eile chomh maith;

    276.

    ag spreagadh an Aontais a bheith ar thús cadhnaíochta maidir le cripteagrafaíocht láidir agus caighdeáin slándála eile a fhorbairt lena gcuirtear le muinín i gcórais intleachta saorga agus lena n-áirítear idir-inoibritheacht na gcóras sin; á thabhairt chun suntais, chun cóineasú idirnáisiúnta a chruthú i réimse na maoirseachta riosca TFC, gur cheart cur leis na caighdeáin idirnáisiúnta atá ann cheana agus iad a chur san áireamh a mhéid is féidir;

    277.

    á mholadh go dtabharfaí isteach ceanglais chothrománacha chibearshlándála bunaithe ar an reachtaíocht atá ann cheana agus, i gcás inarb iomchuí, ar ghníomhartha reachtacha cothrománacha nua chun ilroinnt a chosc agus cur chuige comhsheasmhach cibearshlándála a áirithiú i ngach grúpa táirgí; ag tabhairt dá haire, amach anseo, go bhféadfadh táirgí IS ar an margadh aonair digiteach a bhfuil an mharcáil comhréireachta CE orthu seasamh d’ardleibhéal sábháilteachta fisiciúla agus do leibhéal leordhóthanach riosca cibear-athléimneachta agus lena dtabharfaí le fios go bhfuil reachtaíocht ábhartha de chuid an Aontais á comhlíonadh;

    278.

    á mholadh go ndéanfadh na Ballstáit ceanglais chibearshlándála do chórais intleachta saorga a dhreasú trí bheartais soláthair phoiblí, lena n-áirítear trí phrionsabail eiticiúla, slándála agus sábháilteachta áirithe a dhéanamh éigeantach chun feidhmeanna intleachta saorga a sholáthar, go háirithe in earnálacha ríthábhachtacha;

    279.

    á iarraidh go ndéanfadh Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil (ENISA) measúnuithe riosca slándála sna hearnálacha, ag tosú le hearnálacha poiblí agus príobháideacha araon, a bhfuil na húsáidí is mó riosca agus is íogaire acu a bhaineann leis an intleacht shaorga, agus a bhfuil an acmhainneacht is mó acu tionchar diúltach a imirt ar shláinte, ar shábháilteacht, ar shlándáil agus ar chearta bunúsacha an duine; á chur i bhfáth gur cheart do ENISA, in éineacht leis an Lárionad Eorpach um Inniúlachtaí Cibearshlándála agus Líonra na Lárionad Comhordúcháin Náisiúnta, measúnú a dhéanamh ar theagmhais chibearshlándála agus é mar chuspóir leis sin bearnaí agus leochaileachtaí nua a shainaithint agus comhairle a chur ar institiúidí an Aontais go tráthúil maidir le gníomhartha ceartaitheacha leormhaithe;

    280.

    ag spreagadh cuideachtaí a úsáideann, a fhorbraíonn nó a imlonnaíonn córais atá cumasaithe ag intleacht shaorga agus atá gníomhach sa mhargadh aonair digiteach chun straitéis chibearshlándála atá soiléir agus a ndéanfar meastóireacht neamhspleách uirthi a fhorbairt, bunaithe ar a staid riosca aonair; ag spreagadh go gcuirfí córais IS san áireamh i samhaltú bagairtí agus i mbainistiú rioscaí slándála; á mholadh go dtacóidh an Coimisiún, ENISA agus na húdaráis náisiúnta leis an bpróiseas sin;

    281.

    á thabhairt le fios gur cheart go gcumhdófaí a saolré iomlán leis na ceanglais chibearshlándála do tháirgí IS; á thabhairt chun suntais go gcaithfidh sé a bheith soiléir freisin go gcaithfidh gach cuideachta sa slabhra soláthair a ról a ghlacadh chun cur le táirgí athléimneacha intleachta saorga a chruthú; á chur in iúl gur cheart na ceanglais nua a bheith bunaithe ar an riosca gaolmhar atá sa ghrúpa táirgí sonrach agus ar an méid tionchair a bhíonn acu ar an leibhéal riosca chun ualaí díréireacha ar FBManna agus gnólachtaí nuathionscanta a sheachaint;

    282.

    á mholadh go gcuirfí san áireamh tionscnaimh atá ann cheana i mBallstáit áirithe, amhail Catalóg na Gearmáine um Chomhlíonadh Critéir na Seirbhíse Néalríomhaireachta IS nó clár deimhniúcháin IS Mhálta, chun scéim deimhniúcháin uile-Aontais le haghaidh IS iontaofa a fhorbairt;

    iii.   AN CHIBEARCHOSAINT

    283.

    á áitiú ar na Ballstáit beartas gníomhach a shaothrú maidir le cibearthaidhleoireacht Eorpach trí chibear-ionsaithe a fhaigheann tacaíocht choigríche a cháineadh, agus lucht eagraithe na n-ionsaithe sin a aimsiú, lena n-áirítear cibearionsaithe atá cumhachtaithe ag an intleacht shaorga, agus leas á bhaint as bosca uirlisí iomlán thaidhleoireacht an Aontais ag an am céanna; á chur in iúl gur geal léi go n-áirítear i mbosca cibearuirlisí an Aontais Eorpaigh deireadh a chur le cabhair airgeadais agus smachtbhannaí i gcoinne na dtíortha sin nó na n-ionadaithe sin a ghlacann páirt i gcibearghníomhaíochtaí mailíseacha nó ionsaithe hibrideacha, lena n-áirítear feachtais bhréagaisnéise, nó a dhéanann urraíocht ar chibearchoireacht; á aithint, go pointe áirithe, go bhfuil an chibearchosaint atá cumhachtaithe ag IS níos éifeachtaí más ann do roinnt modhanna agus bearta ionsaitheacha, ar choinníoll go bhfuil an úsáid a bhainfear astu comhlíontach leis an dlí idirnáisiúnta;

    284.

    á mholadh, thairis sin, go neartófaí cumais chibearshlándála laistigh den Ghníomhaireacht Eorpach um Chosaint, lena n-áirítear trí chórais atá bunaithe ar an intleacht shaorga a úsáid chun tacú le freagairt chomhordaithe agus thapa ar chibear-ionsaithe; á mholadh go ndéanfaí faireachán ar chur chun feidhme na mbeartas cibearchosanta i ngach Ballstát agus go ndéanfaí measúnú ar leithdháileadh acmhainní ábhartha laistigh den Aontas;

    285.

    á chur i bhfáth gur gá anailís a dhéanamh ar thionchar IS ar shlándáil na hEorpa agus moltaí a fhorbairt maidir leis an mbealach chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin nua slándála ar leibhéal an Aontais, i gcomhar leis na Ballstáit, leis an earnáil phríobháideach, le taighdeoirí, le heolaithe agus leis an tsochaí shibhialta;

    286.

    ag spreagadh na mBallstát bearta a ghlacadh chun cúiteamh a thabhairt do leochaileacht agus d’aimsiú agus tacú le hiniúchtaí ar tháirgí, ar chórais agus ar phróisis atá bunaithe ar an intleacht shaorga;

    iv.   ÚSÁID MHÍLEATA IS

    287.

    ag tabhairt dá haire nach mór aon úsáid a bhaintear as IS mhíleata a bheith faoi réir diansásraí rialaithe agus maoirseachta an duine, faoi réir prionsabail eiticiúla agus faoi réir urraim iomlán do chearta idirnáisiúnta an duine agus don dlí daonnúil; ag tabhairt dá haire, ina theannta sin, gur cheart do AE oibriú lena chomhpháirtithe atá ar aon intinn leis ar chreat idirnáisiúnta chun taighde, forbairt agus úsáid shábháilte armra atá cuidithe ag an intleacht shaorga lena n-athneartaítear an dlí daonnúil idirnáisiúnta, lena n-áirítear i gcomhthéacs dhlí na coinbhleachta armtha; ag meabhrú na norm agus na bprionsabal idirnáisiúnta, amhail comhréireacht i bhfeidhm, nach mór a urramú agus teicneolaíochtaí míleata nua á bhforbairt agus á n-úsáid;

    288.

    ag tabhairt dá haire go bhfuil teicneolaíochtaí IS-bhunaithe ina gcomhpháirt níos tábhachtaí de threalamh agus de straitéis mhíleata; á chur i bhfáth gur cheart caitheamh le húsáidí eisiacha míleata agus náisiúnta na hintleachta saorga mar úsáidí atá ar leithligh ó chásanna úsáide sibhialtaí; á mheabhrú go ndéileáiltear le saincheisteanna a bhaineann le teicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn sa réimse míleata sa Ghrúpa Saineolaithe Rialtais maidir le teicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn i réimse na gcóras arm uathrialach marfach, lena n-áirítear saincheisteanna a bhaineann leis an intleacht shaorga, agus ina ndéantar ionadaíocht ar Bhallstáit an Aontais;

    289.

    á chur in iúl gur geal léi Compás Straitéiseach AE a bheidh ann amach anseo, atá le creat agus leibhéal áirithe uaillmhéine a chur ar fáil chun aghaidh a thabhairt ar ghnéithe slándála agus cosanta na hintleachta saorga; á mheabhrú go gcuirfear ar chumas na mBallstát agus an Aontais, leis an mBuanchomhar Struchtúrtha faoin gComhbheartas Slándála agus Cosanta agus faoin gCiste Eorpach Cosanta, infheistíochtaí, cumais agus idir-inoibritheacht a fheabhsú i réimse na dteicneolaíochtaí nua, lena n-áirítear IS;

    290.

    á thabhairt le fios gur cheart do AE breathnú ar an intleacht shaorga mar chomhpháirt ríthábhachtach de cheannasacht theicneolaíoch na hEorpa;

    291.

    á chinneadh gur cheart do na Ballstáit leanúint d’oiliúint a chur ar a bhfoireann mhíleata chun a áirithiú go bhfuil na scileanna digiteacha is gá acu chun an intleacht shaorga a úsáid i gcórais rialaithe, oibríochtúla agus chumarsáide; á chur in iúl gur geal léi cur chuige an Chiste Eorpaigh Cosanta maidir le córais arm uathrialach marfach agus Airteagal 10(6) de; á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá an Ciste Eorpach Cosanta chun tacú le comhar trasteorann idir tíortha an Aontais sa taighde míleata ar an intleacht shaorga, teicneolaíochtaí cosanta úrscothacha a fhorbairt agus an bonneagar is gá a thógáil, eadhon lárionaid sonraí a bhfuil cibearchumais láidre acu;

    292.

    á iarraidh ar an gComhairle seasamh comhpháirteach maidir le córais arm uathrialaitheach a ghlacadh lena n-áiritheofar rialú fónta daonna ar fheidhmeanna criticiúla na gcóras arm; á áitiú go gcuirfí tús le caibidlíocht idirnáisiúnta maidir le hionstraim a bheadh ceangailteach ó thaobh dlí lena dtoirmeascfaí córais arm atá go hiomlán uathrialach; á thabhairt le fios gur cheart go gcinnfí le comhaontú idirnáisiúnta den sórt sin go gcaithfidh gach arm marfach IS a bheith faoi réir formhaoirseacht agus rialú dhaonna atá fiúntach, rud a chiallaíonn go bhfanann daoine ar an eolas, agus go bhfuil siad freagrach, dá bhrí sin, as an gcinneadh sprioc a roghnú agus gníomhaíocht mharfach a dhéanamh;

    293.

    á iarraidh go mbeadh comhar níos dlúithe le ECAT i réimse na cibearchosanta agus á iarraidh ar chomhghuaillithe ECAT tacú leis na hiarrachtaí iltaobhacha chun úsáid mhíleata na hintleachta saorga a rialáil;

    5.    Conclúid: gairm phráinneach chun gnímh!

    294.

    á chreidiúint gur spreag an claochlú digiteach leanúnach, ina bhfuil ról lárnach ag IS, iomaíocht dhomhanda le haghaidh ceannaireachta teicneolaíochta; á chur i bhfáth gur thit AE chun deiridh go dtí seo agus gur fhág sé sin go bhfuil an baol ann go bhforbrófar caighdeáin theicneolaíocha amach anseo gan rannchuidiú leordhóthanach ón Aontas, go minic ó ghníomhaithe neamhdhaonlathacha, ar dúshlán é don chobhsaíocht pholaitiúil agus don iomaíochas eacnamaíoch; á chinneadh nach mór do AE gníomhú mar bhunaitheoir caighdeán domhanda maidir leis an intleacht shaorga;

    295.

    á thabhairt chun suntais, cé gur minic a léirítear í mar bhagairt dhothuartha, gur féidir leis an intleacht shaorga a bheith ina huirlis chumhachtach dhigiteach agus ina dheis chinniúnach do go leor gnéithe tábhachtacha, lena n-áirítear trí tháirgí agus seirbhísí nuálacha a thairiscint, tríd an rogha don tomhaltóir a mhéadú agus trí na próisis táirgthe a dhéanamh níos éifeachtúla; ag tabhairt dá haire go bhfuil buntáistí agus deiseanna soiléire ann le glacadh na dteicneolaíochtaí IS don tsochaí ina hiomláine, lena n-áirítear i réimsí an chúraim sláinte, na hinbhuanaitheachta, na slándála agus an iomaíochais; á thabhairt le fios, ag an am céanna, go bhfuil baol ann go laghdóidh teicneolaíochtaí IS idirghabháil an duine agus go ndéanfar ionadú ar neamhspleáchas an duine; á chur i bhfáth gur cheart go mbeadh na tairbhí agus na rioscaí sin mar threoir agus mar bhonn eolais don rialáil agus don chumarsáid phoiblí maidir leis an intleacht shaorga;

    296.

    á thabhairt chun suntais go bhfuil sé d’acmhainn ag an Aontas an díospóireacht idirnáisiúnta maidir leis an intleacht shaorga a mhúnlú agus rialacha agus caighdeáin chomhchoiteanna a fhorbairt ar fud an domhain, lena gcuirfear cur chuige IS atá dírithe ar an duine, iontaofa agus inbhuanaithe chun cinn atá go hiomlán i gcomhréir le cearta bunúsacha; á thabhairt chun suntais, áfach, go bhfuil gá le gníomhaíocht mhear chun sainchur chuige Eorpach i leith na hintleachta saorga a chomhdhlúthú ar an leibhéal idirnáisiúnta, agus, mar sin, gur gá do AE teacht ar chomhaontú go luath maidir le straitéis chomhpháirteach IS agus creat rialála comhpháirteach; á chur i bhfáth go bhfuil gá le comhordú agus comhar níos dlúithe le comhpháirtithe daonlathacha atá ar aon intinn leo chun noirm agus caighdeáin idirnáisiúnta na teicneolaíochta a mhúnlú;

    297.

    á chur i bhfáth go bhfuil AE fós i bhfad óna mhian a chomhlíonadh maidir le bheith iomaíoch san intleacht shaorga ar fud an domhain; ag cur béim, sa chomhthéacs sin, ar a thábhachtaí atá sé rialacha agus caighdeáin chomhchuibhithe, deimhneacht dhlíthiúil agus cothroime iomaíochta a chur ar fáil chun glacadh agus nuálaíocht intleachta saorga a chothú, lena n-áirítear trí dheireadh a chur le bacainní riaracháin nach bhfuil gá leo do ghnólachtaí nuathionscanta, do FBManna agus don tsochaí shibhialta; á aithint go mbíonn tionchar difriúil ag athrú radacach den mhéid sin ar chodanna éagsúla den tsochaí agus ag cur béim ar an bhfíoras nach mór urraim iomlán a bheith á tabhairt ag an aistriú digiteach do chearta bunúsacha; á iarraidh ar an gCoimisiún, ar na Ballstáit agus ar an bParlaimint, lena n-áirítear a choistí ábhartha, obair leantach a dhéanamh ar na moltaí arna n-eisiúint i dTreochlár AE don intleacht shaorga;

    298.

    á iarraidh go mbeadh timpeallacht rialála ann le haghaidh IS lena gcuirfear rialachas éifeachtach agus cosaint ceart bunúsach ar fáil, agus lena n-éascófar ag an am céanna rochtain iomaíoch ar mhargaí digiteacha do ghníomhaithe ar gach méid chun an nuálaíocht agus an fás eacnamaíoch a chur chun cinn ar mhaithe le cách; á chur i bhfios go láidir go bhfuil geilleagar sonraí atá iomaíoch, inrochtana agus cothrom, agus é bunaithe ar chomhchaighdeáin, ina réamhriachtanas d’fhorbairt agus d’oiliúint leordhóthanach na hintleachta saorga; á thabhairt i bhfios, sa chomhthéacs sin, go bhfuil baol ann go leathnófar comhdhlúthacht an mhargaidh sa gheilleagar sonraíbhunaithe isteach sa gheilleagar le haghaidh feidhmchláir IS;

    299.

    á chinneadh go bhfuil gá le leibhéal i bhfad níos láidre comhtháthaithe agus comhchuibhithe sa mhargadh aonair digiteach chun malartú trasteorann a chur chun cinn agus chun a ráthú go mbeidh na rialacha agus na caighdeáin chéanna i bhfeidhm ar fud an Aontais chun dul chun cinn a dhéanamh maidir le huaillmhian dhigiteach an Aontais i réimsí amhail intleacht shaorga; á chur i bhfáth, i ndáil leis an méid sin, gur gá d’institiúidí AE mí-úsáid chumhacht an mhargaidh a chomhrac chun cothrom iomaíochta a bhaint amach;

    300.

    á chinneadh nach mór bearta riachtanacha a dhéanamh chun a áirithiú go gcuirfidh an t-aistriú digiteach leis an aistriú glas agus nach gcuirfidh sé bac air; á chinneadh go bhfuil cumais láidre bonneagair agus nascachta ag teastáil ó chórais IS; á chur i bhfáth, leis an mbonneagar digiteach i gcomhréir leis an gComhaontú Glas, go ndíreofar ar gach earnáil agus ar gach slabhra luacha agus gur cheart go leanfadh sé prionsabail an gheilleagair chiorclaigh; á chur i bhfáth, áfach, nach mbeidh feidhm ag an intleacht shaorga muna n-úsáidtear an bonneagar digiteach mar is cuí, lena n-áirítear leathanbhanda, snáithín, nóid chiumhaise agus 5G; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé laghdú a dhéanamh ar ídiú fuinnimh agus ar úsáid acmhainní atá ag méadú chun bonneagar digiteach atá neodrach ó thaobh na haeráide de a bhaint amach faoi 2030;

    301.

    á thabhairt chun suntais go mbeidh tionchar ag an dul chun cinn mear teicneolaíochta a tugadh isteach leis an intleacht shaorga ar shlite beatha gach duine nach bhfuil na scileanna acu dul in oiriúint tapa go leor do na teicneolaíochtaí nua sin; á chur in iúl go bhféadfadh uasoiliúint agus athoiliúint cabhrú le haghaidh a thabhairt ar go leor de na hábhair imní shocheacnamaíocha a eascraíonn astu, ach á chur i bhfáth gur cheart aghaidh a thabhairt ar na tionchair sin freisin i gcomhthéacs na gcóras leasa shóisialta, an bhonneagair uirbigh agus tuaithe agus na bpróiseas daonlathach; á chinneadh go bhfuil sé riachtanach na modhanna chun scileanna digiteacha a shealbhú a chur ar fáil do dhaoine chun glacadh nuálaíochtaí san intleacht shaorga a chur chun cinn, glacadh na bhfeidhmchlár atá bunaithe ar an intleacht shaorga a mhéadú agus gan aon duine a fhágáil ar lár; á chur i bhfáth, chun litearthacht agus athléimneacht dhigiteach a mhéadú, gur gá tús a chur le hoideachas atá bunaithe ar TFC agus STEM ag céim luath agus go mbeadh teacht air i gcónaí ag gach céim den saol; á mheas gur den ríthábhacht iad tionscnaimh chun éiceachórais IS sármhaitheasa a bhunú, tallann IS a mhealladh chuig AE agus imirce daoine oilte a chomhrac;

    302.

    á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé aghaidh a thabhairt ar dhúshláin atá dírithe ar an intleacht shaorga i ndáil le cearta bunúsacha, agus ar an gcaoi sin ligean do IS a bheith ina hionstraim lena bhfreastalaítear ar dhaoine agus ar an tsochaí agus lena saothrófar leas coiteann agus leas ginearálta; á chinneadh gur gá cearta bunúsacha na saoránach a chosaint i ngach gné den saol, lena n-áirítear i gcomhthéacs úsáid na hintleachta saorga sa réimse poiblí agus san ionad oibre, chun muinín san intleacht shaorga a chothú ina measc; ag cur béim, go háirithe, ar an ngá atá ann cearta, cuspóirí agus leasanna na mban agus na bpobal mionlaigh a léiriú san aistriú digiteach; á chur i bhfáth go gcaithfidh seirbhísí poiblí agus a struchtúir riaracháin dea-shampla a thabhairt; á chur i bhfáth nach mór don Aontas dlús a chur le glacadh na gcóras atá bunaithe ar an intleacht shaorga agus le ríomhrialachas chun úsáid shlán na hintleachta saorga a éascú sna riaracháin phoiblí; á chur i bhfáth, thairis sin, gur féidir le IS teacht ar réitigh nua in earnáil an chúraim sláinte, i gcás ina ndéantar bainistiú iomchuí ar na rioscaí agus i gcás ina leathnaítear go hiomlán rochtain chothrom ar chúram sláinte mar phrionsabal d’fheidhmchláir IS a bhaineann le sláinte;

    303.

    á chinneadh nár cheart go ndéanfadh straitéis IS an Aontais neamhaird ar cheisteanna agus ábhair imní mhíleata agus shlándála a thagann chun cinn trí theicneolaíochtaí IS a imlonnú ar fud an domhain; á chur i bhfáth gur gá comhar idirnáisiúnta le comhpháirtithe atá ar aon intinn linn a mhéadú chun cearta bunúsacha a choimirciú agus ag an am céanna comhoibriú chun bagairtí nua teicneolaíochta a íoslaghdú;

    o

    o o

    304.

    á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.

    (1)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.

    (2)  IO C 132, 24.3.2022, lch. 102.

    (3)  Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2021)0504.

    (4)  IO L 119, 4.5.2016, lch. 1.

    (5)  IO L 166, 11.5.2021, lch. 1.

    (6)  IO L 170, 12.5.2021, lch. 1.

    (7)  IO L 303, 28.11.2018, lch. 59.

    (8)  IO L 170, 12.5.2021, lch. 149.

    (9)  IO L 136, 22.5.2019, lch. 1.

    (10)  IO L 256, 19.7.2021, lch. 3.

    (11)  IO C 288, 31.8.2017, lch. 1.

    (12)  IO C 252, 18.7.2018, lch. 239.

    (13)  IO C 307, 30.8.2018, lch. 163.

    (14)  IO C 132, 24.3.2022, lch. 45.

    (15)  IO C 433, 23.12.2019, lch. 86.

    (16)  IO C 449, 23.12.2020, lch. 37.

    (17)  IO C 294, 23.7.2021, lch. 14.

    (18)  IO C 404, 6.10.2021, lch. 107.

    (19)  IO C 404, 6.10.2021, lch. 129.

    (20)  IO C 404, 6.10.2021, lch. 63.

    (21)  IO C 456, 10.11.2021, lch. 34.

    (22)  IO C 15, 12.1.2022, lch. 204.

    (23)  IO C 494, 8.12.2021, lch. 37.

    (24)  IO C 15, 12.1.2022, lch. 28.

    (25)  IO C 132, 24.3.2022, lch. 17.

    (26)  Roberts, M., Driggs, D., Thorpe, M. et al., “Common pitfalls and recommendations for using machine learning to detect and prognosticate for COVID-19 using chest radiographs and CT scans”, Nature Machine Intelligence, 3, lgh. 199-217, 15 Márta 2021.

    (27)  Staidéar AS IPOL, Opportunities of Artificial Intelligence [Na deiseanna a bhaineann leis an Intleacht Shaorga], Meitheamh 2020.

    (28)  Páipéar Oibre AIDA, Artificial Intelligence and the Green Deal [An Intleacht Shaorga agus an Comhaontú Glas], Márta 2021.

    (29)  Teachtaireacht ón gCoimisiún an 18 Samhain 2021 maidir le beartas iomaíochta atá oiriúnach do dhúshláin nua (COM(2021)0713).

    (30)  Acemoglu, D., et al., AI and Jobs: Evidence from Online Vacancies, National Bureau of Economic Research, Nollaig 2020.

    (31)  Teachtaireacht ón gCoimisiún an 9 Márta 2021 dar teideal 2030 Digital Compass: the European way for the Digital Decade [Compás Digiteach 2030: an modh Eorpach do na Deich mBliana Digiteacha] (COM(2021)0118),

    (32)  An Coimisiún Eorpach, Plean Comhordaithe maidir leis an Intleacht Shaorga (COM(2018)0795).

    (33)  Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos rialacha comhchuibhithe maidir leis an intleacht shaorga (Gníomh um an Intleacht Shaorga) agus lena leasaítear gníomhartha áirithe reachtacha de chuid an Aontais (COM(2021)0206).

    (34)  Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle Eorpach, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún – Cur Chuige Eorpach um an Intleacht Shaorga a chothú (COM(2021)0205).

    (35)  Sonraí ó 2018.

    (36)  Koerner, K., (How) will the EU become an AI superstar?, Deutsche Bank, Márta 2020.

    (37)  IO L 316, 14.11.2012, lch. 12.

    (38)  Treoir 85/374/CEE ón gComhairle an 25 Iúil 1985 maidir le comhfhogasú fhorálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin na mBallstát a bhaineann le dliteanas i leith táirgí lochtacha, IO L 210, 7.8.1985, lch. 29.

    (39)  Treoir (AE) 2019/1024 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le sonraí oscailte, agus maidir le faisnéis ón earnáil phoiblí a athúsáid (IO L 172, 26.6.2019, lch. 56).

    (40)  Treoir 2014/61/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le bearta chun an costas a bhaineann le cur in úsáid líonraí cumarsáide leictreonaí ardluais a laghdú (IO L 155, 23.5.2014, lch. 1).

    (41)  Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le ríomh-shainaitheantas agus seirbhísí iontaoibhe le haghaidh ríomh-idirbheart sa mhargadh inmheánach agus lena n-aisghairtear Treoir 1999/93/CE (IO L 257, 28.8.2014, lch. 73).

    (42)  IO L 295, 21.11.2018, lch. 1.

    (43)  IO L 79 I, 21.3.2019, lch. 1.

    (44)  IO L 206, 11.6.2021, lch. 1.


    Top