Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52022IP0135

    Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 3 Bealtaine 2022 maidir le “I dtreo geilleagar gorm inbhuanaithe san Aontas: ról na n-earnálacha iascaigh agus dobharshaothraithe” (2021/2188(INI))

    IO C 465, 6.12.2022, p. 2–21 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    6.12.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 465/2


    P9_TA(2022)0135

    Geilleagar gorm inbhuanaithe in AE: ról na n-earnálacha iascaigh agus dobharshaothraithe

    Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 3 Bealtaine 2022 maidir le “I dtreo geilleagar gorm inbhuanaithe san Aontas: ról na n-earnálacha iascaigh agus dobharshaothraithe” (2021/2188(INI))

    (2022/C 465/01)

    Tá Parlaimint na hEorpa,

    ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 17 Bealtaine 2021 dar teideal A new approach for a sustainable blue economy in the EU – Transforming the EU's Blue Economy for a Sustainable Future [Cur chuige nua i ndáil le geilleagar gorm inbhuanaithe san Aontas – Geilleagar Gorm an Aontais a chlaochlú le haghaidh todhchaí inbhuanaithe] (COM(2021)0240),

    ag féachaint d’Airteagail 3, 4, 13, 38, 43 agus 349 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013, maidir leis an gComhbheartas Iascaigh (1),

    ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Iúil 2021 lena mbunaítear an Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/1004 (2) (CEMID),

    ag féachaint do Threoir 2008/56/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Meitheamh 2008 lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht Chomhphobail i réimse an bheartais comhshaoil mhuirí (an Treoir Réime um Straitéis Mhuirí) (3),

    ag féachaint don seachtú Clár Gníomhaíochta Comhshaoil (CGC) agus do na coincheapa atá cumhdaithe ann, amhail teorainneacha pláinéadacha agus teorainneacha éiceolaíocha,

    ag féachaint do Threoir 2014/89/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 lena mbunaítear creat do phleanáil spásúil mhuirí (4),

    ag féachaint do Threoir 2007/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2007 maidir le measúnú agus bainistiú baol tuilte (5),

    ag féachaint do Threoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí inathnuaite a chur chun cinn (6),

    ag féachaint don chomhaontú polaitiúil idir an Pharlaimint agus an Chomhairle an 11 Márta 2021 maidir le Saoráid um Chónascadh na hEorpa 2021-2027,

    ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 11 Nollaig 2019 dar teideal The European Green Deal [An Comhaontú Glas don Eoraip] (COM(2019)0640),

    ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 20 Bealtaine 2020 dar teideal “Straitéis Bithéagsúlachta AE go dtí 2030: an dúlra a thabhairt ar ais inár saol” (COM(2020)0380), agus do rún uaithi an 9 Meitheamh 2021 maidir leis an straitéis sin (7),

    ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 20 Bealtaine 2020 dar teideal “Straitéis ón bhfeirm go dtí an forc le haghaidh córas bia atá cothrom, sláintiúil agus neamhdhíobhálach don chomhshaol” (COM(2020)0381), agus do rún uaithi an 20 Deireadh Fómhair 2021 maidir leis an straitéis sin (8),

    ag féachaint do thuarascáil ón gCoimisiún i Meán Fómhair 2021 dar teideal The EU Blue Economy Report 2021 (9)[Tuarascáil an Gheilleagair Ghoirm 2021],

    ag féachaint don tuarascáil ón gCoimisiún i mí an Mhárta 2021 maidir le “Critéir inbhuanaitheachta don gheilleagar gorm” (10),

    ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 12 Bealtaine 2021 dar teideal Strategic guidelines for a more sustainable and competitive EU aquaculture for the period 2021 to 2030 [Treoirlínte straitéiseacha maidir le dobharshaothrú AE a bheidh níos inbhuanaithe agus níos iomaíche don tréimhse 2021- 2030] (COM(2021)0236),

    ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 23 Iúil 2020 dar teideal 'Cur chuige nua maidir le straitéis mhuirí an Atlantaigh – Plean Gníomhaíochta 2.0: Plean gníomhaíochta nuashonraithe do gheilleagar gorm inbhuanaithe, athléimneach agus iomaíoch i limistéar Atlantach an Aontais Eorpaigh’ (COM(2020)0329),

    ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 9 Nollaig 2020 dar teideal Sustainable and Smart Mobility Strategy – putting European transport on track for the future [Straitéis um an tSoghluaisteacht Inbhuanaithe agus Chliste – iompar Eorpach a chur ar an mbóthar ceart don todhchaí] (COM(2020)0789),

    ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 19 Samhain 2020 dar teideal “An EU Strategy to harness the potential of offshore renewable energy for a climate neutral future” [Straitéis AE chun leas a bhaint as an bhfuinneamh inathnuaite amach ón gcósta le haghaidh todhchaí aeráidneodrach] (COM(2020)0741),

    ag féachaint do rún uaithi an 8 Meán Fómhair 2015 maidir le teacht i dtír ar acmhainneacht taighde agus nuálaíochta sa gheilleagar gorm chun poist agus fás a chruthú (11),

    ag féachaint do rún uaithi an 16 Eanáir 2018 dar teideal “Rialachas idirnáisiúnta na n-aigéan: Clár oibre le haghaidh thodhchaí na n-aigéan i gcomhthéacs Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe 2030” (12),

    ag féachaint do rún uaithi an 25 Márta 2021 maidir leis an tionchar atá ag bruscar muirí ar iascaigh (13),

    ag féachaint do rún uaithi an 14 Meán Fómhair 2021 maidir le cur chuige nua i leith straitéis mhuirí an Atlantaigh (14),

    ag féachaint do rún uaithi an 7 Iúil 2021 maidir le tionchar feirmeacha gaoithe amach ón gcósta agus chórais eile fuinnimh inathnuaite ar earnáil an iascaigh (15),

    ag féachaint do rún uaithi an 14 Meán Fómhair 2021 dar teideal “I dtreo comhpháirtíochta níos láidre leis na réigiúin is forimeallaí san Aontas” (16),

    ag féachaint don chomhaontú a glacadh ag an 21ú Comhdháil de chuid na bPáirtithe i gCreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (COP21) i bPáras an 12 Nollaig 2015 (Comhaontú Pháras),

    ag féachaint do na treoirlínte domhanda agus do chaighdeáin idirnáisiúnta maidir le hiascach agus dobharshaothrú mar a d’fhorbair Eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta na Náisiún Aontaithe (FAO) i gcomhar le AE mar chomhalta,

    ag féachaint don tuarascáil ó FAO dar teideal The State of World Fisheries and Aquaculture 2020: Sustainability in Action [Staid an Iascaigh Dhomhanda agus an Dobharshaothraithe, 2020 – Inbhuanaitheacht i mbun gníomhaíochta],

    ag féachaint don tionscnamh Líonra na gCalafort Iascaireachta Gorm a sheol FAO i mí Iúil 2018,

    ag féachaint do Straitéisí maidir le Calafort Vigo maidir le Fás Gorm do 2016-2020 agus do 2021-2027 (17),

    ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún ar an teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le cur chuige nua do gheilleagar gorm inbhuanaithe in AE – geilleagar gorm AE a athrú le haghaidh todhchaí inbhuanaithe (COM(2021)0240),

    ag féachaint do thuairim ó Choiste na Réigiún an 2 Nollaig 2021 maidir leis an ngeilleagar gorm agus dobharshaothrú inbhuanaithe (NAT-VVI/020),

    ag féachaint d’inniúlacht a Coiste um Iompar agus um Thurasóireacht maidir le clársceidealú muirí agus beartas muirí comhtháite,

    ag féachaint do Riail 54 dá Rialacha Nós Imeachta,

    ag féachaint do na tuairimí ón gCoiste um Fhorbairt agus ón gCoiste um Iompar agus Turasóireacht,

    ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Iascach (A9-0089/2022),

    A.

    de bhrí go gcuireann geilleagar gorm AE 4,5 milliún post díreach ar fáil agus go gcuimsíonn sé gach tionscal agus gach earnáil a bhaineann le haigéin, le farraigí agus le cóstaí, bíodh siad lonnaithe sa mhuirthimpeallacht (amhail loingseoireacht, iompar paisinéirí ar muir, iascach agus giniúint fuinnimh) nó ar talamh (amhail calafoirt, longchlóis, turasóireacht chósta agus dobharshaothrú talamhbhunaithe); de bhrí gur cuid leathan, ghasta den gheilleagar é, a bhfuil céimeanna suntasacha glactha aige chun nuachóiriú agus éagsúlú a dhéanamh le deich mbliana anuas, agus a mbeidh ról tábhachtach aige i bhfeabhsú na forbartha comhshaoil, sóisialta agus eacnamaíoch;

    B.

    de bhrí, dá gcuirfí an geilleagar gorm domhanda i gcomparáid le geilleagar náisiúnta, gurbh é an seachtú ceann is mó ar domhan é, agus go mbeadh an t-aigéan mar eintiteas eacnamaíoch ina chomhalta den G7; de bhrí go bhfeidhmíonn sé san éiceachóras is mó ar domhan, ós rud é go bhfuil 80 % de gach cineál beathachruthanna sna haigéin; de bhrí go dtéann an t-aigéan timpeall orainn agus go gcothaíonn sé sinn agus go gcuireann sé acmhainní ríthábhachtacha ar fáil do shláinte an duine, gan trácht ar ghréasán idirghníomhaíochtaí eacnamaíocha;

    C.

    de bhrí go bhféadfadh forbairt an gheilleagair ghoirm borradh mór a chur faoin bhfás agus faoin bhforbairt eacnamaíoch, chomh maith le poist a chruthú, go háirithe i dtíortha agus i réigiúin cois cósta agus oileáin agus sna réigiúin is forimeallaí;

    D.

    de bhrí nach ndearnadh earnáil an iascaigh, go háirithe iascaigh ar mionscála, iascaigh chósta agus iascaigh mhionscála, a chur san áireamh go leordhóthanach i straitéis AE don gheilleagar gorm;

    E.

    de bhrí go gcuirfidh an geilleagar gorm ionchais nua ar fáil agus go gcruthófar poist, go háirithe i réimsí amhail fuinneamh in-athnuaite aigéin, an bithgheilleagar gorm, an bhiteicneolaíocht agus an díshalannú;

    F.

    de bhrí go bhféadfadh na tosaíochtaí earnála maidir le forbairt an gheilleagair ghoirm a bheith éagsúil ó Bhallstát go Ballstát, ag brath, ar thaobh amháin, ar thaifead forbartha na n-earnálacha traidisiúnta nó na n-earnálacha bunaithe agus, ar an taobh eile, ar acmhainní reatha agus ar acmhainneacht forbartha earnálacha atá ag teacht chun cinn i ngach Ballstát;

    G.

    de bhrí nach féidir leas a bhaint as acmhainneacht an gheilleagair ghoirm mar chúis chun na farraigí agus na haigéin a chur faoi réir cineálacha dúshaothraithe acmhainní agus samhlacha fáis a bhfuil sé léirithe cheana go bhfuil siad neamh-inbhuanaithe; de bhrí nach mór acmhainní mara agus aigéin a úsáid i gcomhréir leis an ngá atá le bainistiú agus caomhnú fónta na n-acmhainní mara, gan cothromaíocht na n-éiceachóras muirí a athrú;

    H.

    de bhrí go dtugtar le fios sa Treoir maidir le Pleanáil Spásúil Mhuirí nach mór do na Ballstáit na hidirghníomhaíochtaí atá ann idir gníomhaíochtaí agus úsáidí amhail an dobharshaothrú, an iascaireacht agus suiteálacha agus bonneagair chun fuinneamh a tháirgeadh ó fhoinsí inathnuaite a chur san áireamh mar aon le cáblaí fomhuirí, agus cómhaireachtáil gníomhaíochtaí ábhartha a chur chun cinn agus cur chuige atá bunaithe ar an éiceachóras a chur i bhfeidhm;

    I.

    de bhrí nach mór do gheilleagar gorm a fhorbróidh laistigh de theorainneacha éiceolaíocha, agus dá bhrí sin ní hamháin na hearnálacha iascaigh agus dobharshaothraithe, ach na hearnálacha muirí uile lena mbaineann, na colúin chomhshaoil, shóisialta agus eacnamaíocha ar fud an bhoird a urramú go cothrom chun go measfar é a bheith inbhuanaithe;

    J.

    de bhrí go bhfuil sé d’aidhm ag an gcomhbheartas iascaigh (CBI) caomhnú agus bainistiú cuí acmhainní bitheolaíocha na mara a ráthú agus go bhfuil gníomhaíochtaí iascaireachta agus dobharshaothraithe inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de san fhadtréimhse agus go ndéanfar iad a bhainistiú ar bhealach atá comhsheasmhach leis na cuspóirí i dtaca le sochair don gheilleagar, don tsochaí agus don fhostaíocht a bhaint amach, agus i dtaca le rannchuidiú le hinfhaighteacht soláthairtí bia.

    K.

    de bhrí gur cheart do CBI cur le fás táirgiúlachta agus le caighdeán réasúnta maireachtála in earnáil an iascaigh, lena n-áirítear earnáil an iascaigh ar mionscála, chomh maith le margaí cobhsaí, agus gur cheart dó infhaighteacht bia a áirithiú;

    L.

    de bhrí go bhfuil sé ríthábhachtach, faoi SDG 14, na haigéin, na farraigí agus na hacmhainní muirí a chaomhnú agus úsáid inbhuanaithe na n-acmhainní sin a chur chun cinn, agus ag an am céanna go bhfuil sé ríthábhachtach, faoi SDG 2, slándáil bia a ráthú; de bhrí go leagtar síos i bhfosprioc 14.1 an cuspóir truailliú muirí den uile chineál a chosc agus a laghdú go suntasach faoi 2025, go háirithe ó ghníomhaíochtaí ar talamh, lena n-áirítear smionagar muirí agus truailliú cothaitheach;

    M.

    de bhrí go bhfuil an t-aigéan ríthábhachtach don saol ar domhan, ina dtáirgtear 50 % den ocsaigin san atmaisféar, ina n-ionsúitear thart ar 25 % d’astaíochtaí dé-ocsaíde carbóin arna dtáirgeadh ag an duine agus 90 % den teas iomarcach sa chóras aeráide, agus chun an aeráid dhomhanda a rialú;

    N.

    de bhrí go bhfuil athbhunú, caomhnú, caomhnú agus úsáid inbhuanaithe na bithéagsúlachta muirí ríthábhachtach do shláinte na n-aigéan, ina bhfuil na milliúin speiceas, chun sláinte an phláinéid a chosaint agus chun bunús a thabhairt do ghníomhaíochtaí eacnamaíocha mara agus muirí;

    O.

    de bhrí go bhfuil bailiú sonraí chun faireachán agus measúnú eolaíoch a dhéanamh ar stoic sna farraigí agus sna haigéin, lena n-áirítear meastóireacht a dhéanamh ar cibé an bhfuil na stoic sin laistigh de na teorainneacha bitheolaíocha sábháilte, bunriachtanach dá mbainistiú inbhuanaithe;

    P.

    de bhrí go bhfuil codanna suntasacha de na haigéin agus de ghrinneall na farraige fós gan saothrú, go háirithe an domhainfharraige, agus de bhrí go bhfuil gá le tuilleadh taighde chun a áirithiú go mbeidh aon ghníomhaíochtaí faoin ngeilleagar gorm inbhuanaithe go hiomlán;

    Q.

    de bhrí gur príomhearnálacha sa gheilleagar gorm iad an t-iascach agus an dobharshaothrú agus gur foinse thábhachtach próitéine agus micreachothaitheach iad atá bunriachtanach don tslándáil bia agus do shláinte an duine;

    R.

    de bhrí go bhfuil bithéagsúlacht mhuirí san Eoraip faoi bhrú, agus go bhfuil cion ard speiceas agus gnáthóg muirí measúnaithe i stádas caomhnaithe “neamhfhabhrach” nó “anaithnid”; de bhrí, maidir le cailliúint na bithéagsúlachta, go bhfuil mórthionchar comhshaoil, sóisialta agus eacnamaíoch agus muirí aici ar earnáil iascaigh AE, ar chríocha cósta agus oileáin agus ar na réigiúin is forimeallaí, agus dá bhrí sin go gcaithfear í a aisiompú; de bhrí nach mór an bhithéagsúlacht a athbhunú i gcomhar leis na geallsealbhóirí uile, agus go háirithe le hearnáil an iascaigh agus le pobal na heolaíochta;

    S.

    de bhrí gur príomhpháirtithe leasmhara iad pobail chósta agus oileáin sa díospóireacht ar acmhainneacht an gheilleagair ghoirm agus ar bhealaí chun leas a bhaint as;

    T.

    de bhrí go bhfuil ról ríthábhachtach ag iascairí agus feirmeoirí éisc AE ar fud AE maidir le féiniúlacht chríochach, traidisiúin chultúrtha, slándáil bia, fostaíocht agus ioncaim a chosaint agus a chur chun cinn;

    U.

    de bhrí go bhfuil saintréithe agus riachtanais shonracha ag iascach ar mionscála;

    V.

    de bhrí gur féidir leis an earnáil iascaigh áineasa rannchuidiú le hioncam pobal cósta a éagsúlú mar ghníomhaíocht ardluacha agus turasóireachta inbhuanaithe;

    W.

    de bhrí go bhfuil ról tábhachtach ag mná in earnáil an iascaigh agus san earnáil dobharshaothraithe; de bhrí gur gá a n-infheictheacht a mhéadú agus rochtain chothrom ar fhostaíocht san earnáil a áirithiú, chomh maith le haitheantas dlíthiúil iomchuí;

    X.

    de bhrí go leagtar béim le Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe (SFInna) 3, 6, 9 agus 12 ar a thábhachtaí atá sláinte ainmhithe, cáilíocht mhaith uisce, nuálaíocht inbhuanaithe agus tomhaltas agus táirgeadh inbhuanaithe sa gheilleagar gorm;

    Y.

    de bhrí go bhfuil sláinte agus folláine ainmhithe uisceacha nasctha le cáilíocht táirgí bia; de bhrí go bhféadfadh leas agus feirmeoireacht ainmhithe ar chaighdeán íseal an riosca galair agus tinnis a mhéadú;

    Z.

    de bhrí go bhfuil tionchar suntasach ag an talmhaíocht talún ar éiceachórais agus iascaigh na mara, go háirithe úsáid leasachán atá bunaithe ar nítrigin agus eotrófú timpeallachtaí uisceacha;

    AA.

    de bhrí go bhfuil ról an-tábhachtach ag iascairí maidir le bruscar muirí tréigthe a bhailiú san fharraige, bíodh sin trí fheachtais spriocdhírithe a dhéanamh nó trí bhruscar a bhailiú de thaisme le linn oibríochtaí iascaireachta;

    AB.

    de bhrí nár gnóthaíodh cuspóirí 2020 maidir le dea-stádas comhshaoil a bhaint amach d’fharraigí na hEorpa agus deireadh a chur leis an ró-iascaireacht;

    AC.

    de bhrí gurb ionann earnáil iascaigh AE in 2018 agus thart ar 163 600 post, agus cabhlaigh ag gabháil thart ar 4,1 milliún tona éisc bheo in 2019; de bhrí gur táirgeadh 1,1 milliún tona d’orgánaigh uisceacha a raibh luach EUR 3,7 billiún orthu in AE in 2018 (18);

    AD.

    de bhrí gur glan-allmhaireoir táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe é AE agus go bhfuil sé ag brath i gcónaí ar allmhairí don chuid is mó dá thomhaltas bia uisceach, arb ionann é agus 34 % de luach domhanda na n-allmhairí in 2018; de bhrí nach mór d’allmhairí iascaigh AE, ar a laghad, caighdeáin inbhuanaitheachta a urramú atá cosúil leo siúd in AE; de bhrí nach mór nasc díreach a bheith idir allmhairí iascaigh AE agus poist inbhuanaithe in earnálacha na n-allmhairí, na próiseála agus an mhiondíola;

    AE.

    de bhrí go raibh tionchar cheana ag éifeachtaí an athraithe aeráide ar iascaigh, ar dhobharshaothrú agus ar phobail chósta AE; de bhrí go raibh tionchar suntasach ag an ngéarchéim aeráide ar shláinte fharraigí na hEorpa le héifeachtaí díobhálacha ar athléimneacht an gheilleagair ghoirm, go háirithe ar an iascach agus ar an dobharshaothrú;

    AF.

    de bhrí gur chuir paindéim COVID-19 isteach go mór ar roinnt earnálacha sa gheilleagar gorm, go háirithe an turasóireacht chósta agus mhuirí; de bhrí go bhféadfadh an geilleagar gorm cuidiú leis an damáiste eacnamaíoch agus sóisialta a tharla mar thoradh ar an ngéarchéim atá ann faoi láthair a leigheas;

    AG.

    de bhrí go raibh tionchar suntasach eacnamaíoch ag paindéim COVID-19 orthu siúd atá fostaithe sna hearnálacha iascaigh agus dobharshaothraithe i ngeall ar na héifeachtaí comhcheangailte a bhí ag cailliúint éilimh agus ag easpa coinníollacha ar go leor soithí chun sábháilteacht sláinte a chumasú; de bhrí go raibh drochthionchar ag an suaitheadh sa mhargadh, arb í an phaindéim is cúis leis, ar iascairí ar fud AE; de bhrí gur éirigh leis na hiascairí fós soláthar bia d’ardcháilíocht a chur ar fáil agus ar an gcúis sin, nach mór aird ar leith a thabhairt ar iascairí i ngeall ar a thábhachtaí atá siad do shlándáil an tsoláthair bia in AE;

    AH.

    de bhrí gur léirigh staid na paindéime a thábhachtaí atá timpeallacht bhuanseasmhach, arna tacú ag cleachtais inbhuanaithe i mbainistiú a acmhainní, don tsláinte dhomhanda agus do thodhchaí na gcóras bia;

    AI.

    de bhrí nach mór do phobail chósta a bhfoinsí ioncaim a éagsúlú chun suaití eacnamaíocha agus sóisialta a sheasamh;

    AJ.

    de bhrí, agus a bhfoinsí ioncaim á n-éagsúlú acu, gur gá do phobail chósta agus iargúlta athléimneacht a chothú i gcoinne suaití amhail na cinn sin arb é an t-athrú aeráide is cúis leo;

    AK.

    de bhrí go bhfuil an turasóireacht mhuirí agus chósta ina colún den gheilleagar gorm, le níos mó ná leath de chóiríocht turasóireachta an Aontais suite i limistéir chósta agus 30 % d’fhanacht thar oíche ag tarlú in ionaid saoire cois trá; de bhrí go leagtar béim sa teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le turasóireacht agus iompar in 2020 agus ina dhiaidh sin (COM(2020)0550) ar a thábhachtaí atá sé talamh agus caipiteal nádúrtha muirí na hEorpa a chosaint agus a athbhunú;

    AL.

    de bhrí gurb ionann turasóireacht mhuirí agus chósta agus 60 % den fhostaíocht sa gheilleagar gorm; de bhrí go bhfuil gá le gairmithe ardcháilithe agus oilte le geilleagar gorm atá iomaíoch, athléimneach agus cóir go sóisialta; de bhrí gur féidir le “poist ghorma” fás agus deiseanna gairme a chur chun cinn;

    AM.

    de bhrí go bhféadfadh an turasóireacht slatiascaireachta mar earnáil a bheith ina foinse nua ioncaim do phobail chósta agus, ag an am céanna, inbhuanaitheacht agus dea-stádas stoc éisc a áirithiú agus tairbhí sóisialta agus sláinte a sholáthar;

    AN.

    de bhrí gur rogha turasóireachta inbhuanaithe agus ardluacha agus gníomhaíocht chomhlántach do go leor pobal ar fud na hEorpa atá san iascach áineasa cheana; de bhrí go bhfuil méadú ag teacht ar an spéis san iascaireacht áineasa in a lán tíortha, go háirithe tar éis phaindéim COVID-19;

    AO.

    de bhrí go gcuideoidh forbairt bonneagair inbhuanaithe i réigiúin chósta leis an mbithéagsúlacht, le héiceachórais agus tírdhreacha cósta a chaomhnú, rud a neartóidh forbairt inbhuanaithe na turasóireachta agus an gheilleagair cósta;

    AP.

    de bhrí go bhfuil ról ríthábhachtach ag an ngeilleagar gorm i rathúnas na réigiún is forimeallaí, atá, mar thoradh ar a leithlisiú, ag brath go háirithe ar ghníomhaíochtaí atá bunaithe ar an ngeilleagar gorm, amhail iompar muirí, loingseoireacht agus turasóireacht;

    AQ.

    de bhrí go bhfuil ról ríthábhachtach ag calafoirt maidir le cuspóirí an gheilleagair ghoirm inbhuanaithe a bhaint amach, agus de bhrí go ndéanfar forbairt inbhuanaithe pobal cósta a chur chun cinn trí inbhuanaitheacht calafort a mhéadú; de bhrí gur mol tábhachtach iad na calafoirt d’iompar earraí agus paisinéirí sna réigiúin is forimeallaí;

    AR.

    de bhrí go bhfuil calafoirt ríthábhachtach do nascacht agus do gheilleagar na réigiún agus na dtíortha agus go bhfuil ról tábhachtach acu maidir le forbairt inbhuanaithe a chur chun cinn, rud a chuidíonn le dul i ngleic le cailliúint na bithéagsúlachta, mar a luaitear i straitéis nua bhithéagsúlachta an Aontais do 2030; de bhrí go dtiocfaidh athrú ar ról na gcalafort de réir mar a thiocfaidh athrú ar thírdhreach tionsclaíoch na hEorpa (mar shampla, agus an fuinneamh in-athnuaite amach ón gcósta á leathnú);

    AS.

    de bhrí go bhféadfadh longchlóis AE na deiseanna a eascraíonn as an margadh nuálach do shoithí seirbhíse atá tíosach ar fhuinneamh, margadh atá ag fás go tapa, a thapú;

    AT.

    de bhrí go ngineann gníomhaíochtaí éagsúla a bhaineann leis an ngeilleagar gorm in aon spás amháin coinbhleachtaí iomaíochta, truaillithe agus bainistithe spáis mhara a mbíonn tionchar acu den chuid is mó ar ghníomhaíochtaí iascaireachta, go háirithe iascach ar mionscála agus pobail chósta; de bhrí go bhfuil pleanáil spásúil mhuirí ríthábhachtach chun iomaíocht mhéadaithe agus coinbhleachtaí bainistithe spáis farraige a sheachaint;

    AU.

    de bhrí gur cheart go mbeadh sé d’aidhm ag na Ballstáit, trína bpleananna spásúla muirí, rannchuidiú le forbairt inbhuanaithe na n-earnálacha fuinnimh ar muir, an mhuiriompair agus na n-earnálacha iascaigh agus dobharshaothraithe, agus le caomhnú, cosaint agus feabhsú an chomhshaoil, lena n-áirítear athléimneacht in aghaidh thionchar an athraithe aeráide; de bhrí, i ndáil leis sin, gur cheart aird ar leith a thabhairt ar leasanna iascaigh agus dobharshaothraithe agus nár cheart iad a bheith imeallaithe de réir mar a leanann na Ballstáit dá gcuid oibre agus d’athbhreithnithe ina dhiaidh sin ar na pleananna náisiúnta spásúla muirí;

    AV.

    de bhrí gurb é sprioc Chomhaontú Pháras an téamh domhanda a theorannú go mór faoi bhun 2, 1,5 céim Celsius más féidir, i gcomparáid leis na leibhéil réamhthionsclaíocha;

    AW.

    de bhrí go soláthraítear fianaise i dTuarascáil Speisialta an Phainéil Idir-Rialtasaigh ar an Athrú Aeráide maidir leis an Aigéan agus an Crióisféar in Aeráid atá ag Athrú, ar na tairbhí a bhaineann le heolas eolaíoch a chomhcheangal le heolas áitiúil agus dúchasach chun athléimneacht a fheabhsú;

    AX.

    de bhrí go bhfuil sé d’aidhm ag AE aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050 ar a dhéanaí, i gcomhréir le cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip; de bhrí go bhfuil an sprioc beartaithe ag AE astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú 55 % ar a laghad faoi 2030; de bhrí go bhfuil an fuinneamh inathnuaite amach ón gcósta ar cheann de na roghanna atá ar fáil do na Ballstáit chun an sprioc sin a bhaint amach; de bhrí gur cheart dó ról lárnach a bheith aige ó thaobh na cuspóirí sin a bhaint amach trí chur chuige comhtháite ina gcuirtear trí cholún na hinbhuanaitheachta san áireamh;

    AY.

    de bhrí gur gá togra le haghaidh spriocanna athchóirithe dúlra atá ceangailteach ó thaobh dlí a tharraingt suas faoi straitéis bithéagsúlachta AE do 2030 i gcomhréir leis an gcuspóir 30 % de limistéar muirí AE a chosaint, ar cheart 10 % de a bheith faoi réir dianbhearta caomhnaithe;

    AZ.

    de bhrí go bhfuil gá le treoirlínte sonracha agus pleanáil fhónta do gach ceann de réigiúin mhuirí AE maidir leis na cuspóirí atá le baint amach i limistéir caomhnaithe mhuirí;

    BA.

    de bhrí gur fíor-saotharlanna nádúrtha iad na réigiúin is forimeallaí, atá saibhir ó thaobh na bithéagsúlachta de agus gur fíorthearmainn nádúrtha iad a bhfuil cosaint phráinneach ag teastáil uathu, go háirithe mar gheall ar a gcineál oileánda den chuid is mó agus a bhfuil limistéir mhóra chósta acu;

    BB.

    de bhrí go bhfuil gá le cur chuige iomlánaíoch chun éiceachórais a bhainistiú lena gcuirtear san áireamh cúiseanna uile chailliúint na bithéagsúlachta, amhail an t-athrú aeráide, aigéadú na n-aigéan, an chuma ar speicis choimhthíocha, creimeadh cósta, etc.; de bhrí gur gá fís dhomhanda, creat domhanda agus cur chuige bunaithe ar éiceachórais a bheith ann chun acmhainní muirí a bhainistiú agus a chaomhnú;

    BC.

    de bhrí go bhfuil athrú aeráide ag dul i méid i gcónaí ar phatrúin dáilte agus imirce speiceas éagsúil éisc agus go bhfuil tionchar aige ar iascaigh ar mionscála i dtíortha atá i mbéal forbartha atá níos leochailí dá n-éifeachtaí;

    BD.

    de bhrí gur bagairt mhór í an iascaireacht neamhdhleathach d’acmhainní muirí, go n-ídítear stoic éisc, go ndíothaítear gnáthóga muirí, go gcruthaítear iomaíocht éagórach agus go gcuirtear slí bheatha na bpobal cósta agus na n-iascach oileán i mbaol;

    BE.

    de bhrí go bhfuil sé fíor-riachtanach do na Ballstáit córas rialaithe iascaigh AE a chur chun feidhme atá simplí, trédhearcach agus éifeachtach chun a áirithiú go gcomhlíonfar spriocanna inbhuanaitheachta na hearnála;

    BF.

    de bhrí, agus éagsúlú á dhéanamh ar thomhaltas, go bhfuil inrianaitheacht fheabhsaithe agus rochtain ar fhaisnéis faoi luachanna cothaitheacha, foinse agus ionad táirgthe bunriachtanach d’iompar na dtomhaltóirí;

    Cur chuige domhanda i leith gheilleagar gorm AE

    1.

    á chur in iúl gur geal léi straitéis nua an Aontais don gheilleagar gorm inbhuanaithe atá ag an gCoimisiún; á chur in iúl gur oth léi, áfach, an easpa cuspóirí sonracha d’earnálacha éagsúla, go háirithe iascaigh agus dobharshaothrú mar earnálacha tábhachtacha sa gheilleagar gorm; á chur i bhfios nach mór tograí reachtacha agus pleananna gníomhaíochta nua a bheith bunaithe i gcónaí ar an eolas eolaíoch is fearr atá ar fáil agus ar mheasúnuithe tionchair ar an gcomhshaol, ar an tsochaí agus ar an ngeilleagar;

    2.

    á iarraidh sainmhíniú leathan a bheith ann ar an ngeilleagar gorm lena gcuimsítear gach gníomhaíocht earnála agus idir-earnála a bhaineann leis na haigéin, leis na farraigí agus le limistéir chósta, lena n-áirítear gníomhaíochtaí tacaíochta díreacha agus indíreacha, agus ina gcuirtear earnáil an iascaigh san áireamh mar is iomchuí; ag tarraingt aird ar thábhacht leathan na nuálaíochta le haghaidh na ngníomhaíochtaí sin uile, bídís traidisiúnta nó ag teacht chun cinn;

    3.

    ag tarraingt aird ar an ngá atá le cur chuige comhtháite a chur chun cinn i leith earnálacha éagsúla den gheilleagar gorm, agus tosaíochtaí na mBallstát á n-aithint agus á n-urramú agus tacú leo i bhforbairt na dtosaíochtaí sin;

    4.

    á thabhairt chun suntais go bhfuil ról ríthábhachtach ar an iomlán ag earnáil an gheilleagair ghoirm, go háirithe sna réigiúin is forimeallaí, agus gur féidir léi rannchuidiú le tionchair na n-athruithe aeráide a mhaolú, le réitigh dhúlra-bhunaithe a chur chun cinn agus le feabhas a chur ar úsáid acmhainní muirí agus uisceacha;

    5.

    ag tarraingt aird ar na treochtaí diúltacha agus ar an meath soiléir atá tagtha ar roinnt earnálacha níos traidisiúnta den gheilleagar gorm (amhail iascach, longthógáil agus deisiú long, i measc nithe eile), go háirithe i réigiúin ina bhfeidhmíonn siad mar fhíorghníomhaíochtaí ar ancaire, ag tiomáint gníomhaíochtaí eacnamaíocha suas go réamhtheachtach agus iartheachtach araon, ag cruthú post agus ag cur fás chun cinn; á mheas nár cheart na gníomhaíochtaí ná na réigiúin sin a fhágáil ar lár in aon straitéis maidir leis an ngeilleagar gorm, agus gur cheart go gcuirfí béim ar an deis atá ann don nuálaíocht an meath a taifeadadh a aisiompú;

    6.

    á thabhairt chun suntais go bhfuil sé ríthábhachtach an geilleagar gorm ina iomláine a chothú chun an geilleagar a athbheochan ina iomláine agus chun gnéithe eacnamaíocha agus sóisialta roinnt earnálacha amhail iompar agus turasóireacht a ndearna paindéim COVID-19 difear mór dóibh a athbhunú;

    7.

    á iarraidh go ndéanfaí na hionstraimí airgeadais uile atá ar fáil a chur chun feidhme ar bhealach níos fearr agus níos comhordaithe, lena n-áirítear na cistí struchtúracha agus infheistíochta, chun an straitéis don gheilleagar gorm a chur chun cinn ar bhealach níos fearr;

    8.

    á iarraidh ar an gCoimisiún, i ndlúthchomhar leis na Ballstáit, riachtanais shonracha na hearnála iascaigh a mheas i gcomhthéacs mhaoiniú an gheilleagair ghoirm (ar an leibhéal earnála, réigiúnach, náisiúnta agus Eorpach) d’fhonn a cumas fáis agus fostaíochta a bhaint amach;

    9.

    ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil gá le hinfheistíocht níos mó san eolas chun an geilleagar gorm a fhorbairt agus chun feabhas a chur ar an tuiscint ar an muirthimpeallacht, nach mór do AE agus do na Ballstáit maoiniú substaintiúil a chur ar fáil faoi shocruithe lena ndéanfar leanúnachas agus intuarthacht san fhadtéarma;

    10.

    ag cur béim ar an ngá atá le tacaíocht airgeadais iomchuí don gheilleagar gorm chun infheistíochtaí mórscála a chumasú sa taighde, sa teicneolaíocht agus sa bhonneagar ar leibhéal an Aontais agus ar leibhéal na mBallstát; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar an tionscal, dá bhrí sin, meastóireacht a dhéanamh ar an tairbhe a bhaineann le comhpháirtíochtaí AE a bhunú le haghaidh iompar muirí, lena n-áirítear leis an earnáil phríobháideach, ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal idirnáisiúnta chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin reatha na trádála idirnáisiúnta agus an tslabhra soláthair, chun an nuálaíocht agus an t-iomaíochas a chothú san earnáil, chun cur leis an dícharbónú, chun bonneagar a chruthú do leictreachas cois cladaigh, chun breoslaí malartacha a luchtú agus a sholáthar i gcalafoirt agus i gcríochfoirt lasta, agus pleananna bainistithe dramhaíola a fhorbairt do chalafoirt an Atlantaigh, do chalafoirt na Meánmhara agus do chalafoirt Mhuir Bhailt; á chur in iúl gur geal léi, dá bhrí sin, gur bunaíodh an Chomhpháirtíocht Eorpach maidir le geilleagar gorm atá neodrach ó thaobh díobháil aeráide, inbhuanaithe agus táirgiúil, a bhfuil sé mar aidhm leis tosaíochtaí taighde agus nuálaíochta náisiúnta, réigiúnacha agus AE a ailíniú;

    11.

    ag tathant ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit tionscadail nua agus ionstraimí nua a chur ar bun do gheallsealbhóirí uile an gheilleagair ghoirm chun a gcuid gníomhaíochtaí a bhunú ar úsáid fhreagrach agus inbhuanaithe acmhainní nádúrtha, dícharbónú agus an geilleagar ciorclach; ag cur béim ar an bhfíoras nach mór an geilleagar gorm inbhuanaithe a fhorbairt laistigh de theorainneacha éiceolaíocha, a bheith bunaithe ar chomhairle eolaíoch agus timpeallacht shláintiúil mhuirí a chothú;

    12.

    á chur i bhfáth gur gá cur chuige comhtháite a chur chun feidhme, atá bunaithe ar éiceachórais, i leith na n-earnálacha uile den gheilleagar gorm;

    13.

    á iarraidh ar an gCoimisiún tionscnaimh reachtacha agus neamhreachtacha a mholadh, bunaithe ar mheasúnuithe tionchair cuí a dhéanamh ar na tionscnaimh sin ar na hearnálacha iascaigh agus dobharshaothraithe, agus a áirithiú go mbeidh an geilleagar gorm ina cholún bunúsach chun cuspóirí foriomlána an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip a bhaint amach agus straitéisí gaolmhara AE ina dhiaidh sin; á chur i bhfáth nach mór an nuálaíocht a spreagadh leis an athrú ó bhonn ar an ngeilleagar gorm agus cruthú post agus deiseanna eacnamaíocha a spreagadh;

    14.

    á thabhairt chun suntais gur féidir le pobail chósta agus pobail atá ag brath ar an aigéan rannchuidiú le hearnáil inbhuanaithe an gheilleagair ghoirm a fhorbairt ina gcuirtear san áireamh a gcúinsí sonracha agus a riachtanais shonracha; á thabhairt chun suntais gur féidir leo treoirthionscadail éagsúla a stiúradh, amhail ar theicneolaíochtaí fuinnimh in-athnuaite amach ón gcósta, gníomhaíochtaí dúlra-bhunaithe a fhorbairt agus an méid a chuireann an t-iascach inbhuanaithe agus an dobharshaothrú inbhuanaithe le córais bhia atá sláintiúil, athléimneach agus sábháilte;

    15.

    á mheas gur cheart go mbeadh baint iomlán ag gach céim d’fhorbairt an gheilleagair ghoirm ag pobail chósta agus oileáin, go háirithe iad siúd a bhfuil baint acu leis an iascach, agus gur sine qua non iad sin chun a acmhainneacht a bhaint amach ó thaobh na nuálaíochta, na fostaíochta, an rathúnais agus na forbartha inbhuanaithe de;

    16.

    á chur i bhfios go láidir go bhfuil gá le cur chuige iomlánaíoch i leith gach earnáil den gheilleagar gorm a chuireann san áireamh go cuí an t-idirghníomhú atá eatarthu chun a áirithiú nach gcuirfidh gníomhaíochtaí earnáil amháin isteach ar ghníomhaíochtaí earnála eile ná nach gcruthófar coinbhleachtaí leo; ag tabhairt dá haire go bhfuil an méid sin ábhartha freisin maidir le cosaint na muirthimpeallachta; ag cur béim ar an ngá atá le pleanáil spásúil mhuirí atá comhoibríoch, cuimsitheach agus trasearnála; á chur i bhfáth i ndáil leis sin a thábhachtaí atá pleanáil spásúil mhuirí éifeachtach bunaithe ar éiceachóras chun cuspóirí éiceolaíocha, sóisialta agus eacnamaíocha a bhaint amach, inter alia i gcomhthéacs an aistrithe chuig sochaí atá neodrach ó thaobh díobháil aeráide de; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim go gcruthófar sineirgí idir earnálacha le pleanáil spásúlachta mhuirí agus go gcosnófar slite beatha iascairí; á chur in iúl gur oth léi gur chuir formhór na mBallstát moill ar bhunú pleananna spásúla muirí mar a cheanglaítear faoi Threoir 2014/89/AE; á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go ndéanfar an t-athbhreithniú ar an Treoir in 2022 a thíolacadh go tráthúil agus tionscnaimh cheartaitheacha a chur léi, i gcás inar gá;

    17.

    á chur i bhfios go láidir nach mór idirghníomhaíochtaí ar an talamh agus ar muir a chur san áireamh sna tionscnaimh lena gcuirfear fís nua an gheilleagair ghoirm inbhuanaithe ar fáil san Aontas;

    18.

    á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá sé socruithe déthaobhacha comhpháirtíochta a bhunú le tríú tíortha, go háirithe comhaontuithe do chomhpháirtíochtaí iascaireachta inbhuanaithe agus don chomhrac i gcoinne iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte; á chur i bhfáth gur cheart féachaint leis na critéir inbhuanaitheachta comhshaoil, eacnamaíocha agus shóisialta is airde a chomhlíonadh sna socruithe déthaobhacha comhpháirtíochta agus gur cheart go mbeidís bunaithe ar an gcomhairle eolaíoch is fearr atá ar fáil;

    19.

    á chur in iúl gur cúis imní di cásanna d’iascaireacht NNN lasmuigh d’uiscí AE; ag meabhrú go ndéanann iascaireacht NNN, a éascaítear leis an gcleachtas bratach áisiúlachta a chur ar foluain, dochar do shlándáil bia agus do shlite beatha daoine i dtíortha cósta, agus go gcruthaítear talamh torthúil don phíoráideacht ag an am céanna; á iarraidh go mbeadh córas láidir domhanda ann chun smachtbhannaí díspreagthacha a fhorchur agus go mbeadh cur chuige ilbhreathnaithe ann maidir le hiascaireacht NNN a chomhrac; ag leagan béim ar an ngá atá le bratacha áisiúlachta agus athrú brataí a theorannú agus le dul i ngleic le trasloingsiú ar muir, toisc gur uirlisí tábhachtacha iad sin chun bealaí éalaithe neamhdhleathacha neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte a dhúnadh; á iarraidh ar AE, ar bhonn níos leithne, forbairt acmhainní frithéillithe a neartú trí chomhar a chothú idir gníomhaireachtaí náisiúnta, comhar idirnáisiúnta a mhéadú, maoirseacht ar ghníomhairí iascaigh i dtíortha i mbéal forbartha a fheabhsú le tacaíocht ón Aontas, agus tacaíocht a thabhairt d’ionaid faireacháin, rialaithe agus faireachais réigiúnacha agus do thascfhórsaí;

    20.

    á chur i bhfáth gur gá dul i ngleic le hiascaireacht NNN ar bhealach atá leanúnach, éifeachtach agus cuimsitheach; á iarraidh ar an gCoimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar an bplé a bhí aige le stáit a bhfuil cárta buí acu; á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá an inrianaitheacht táirgí chun cosc a chur ar allmhairiú táirgí bia mara a dhíorthaítear ó iascaireacht neamhdhleathach; á iarraidh ar na Ballstáit cur chuige docht a ghlacadh maidir le báid ó thríú tíortha a bhfuil amhras fúthu a bheith á dtabhairt i dtír;

    21.

    á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé feabhas a chur ar an idirphlé le tíortha atá ar theorainn na Meánmhara, go háirithe iad siúd atá ar an gcósta theas, agus a thábhachtaí atá sé dlús a chur le maoiniú do línte tionscadail lena ndírítear ar chomhar idirnáisiúnta in earnálacha an gheilleagair ghoirm (Interreg Next Med, Clár Interreg Euro-MED 2021-2027, Meánmhuir Athraigh, etc.);

    22.

    á chur i bhfáth go bhfuil caighdeáin inbhuanaitheachta níos ísle ag roinnt cabhlach ó lasmuigh den Aontas, ag iascaireacht sna limistéir chéanna agus ag onnmhairiú táirgí iascaigh chuig margadh na hEorpa, rud a dhéanann dochar d’iomaíochas iascairí na hEorpa;

    23.

    ag cur béim ar an ngá atá le cothrom iomaíochta a bhunú le táirgí a allmhairítear ó thríú tíortha, lena n-áiritheofar go dtáirgfear gach táirge iascaigh agus dobharshaothraithe a thomhlaítear in AE trí chórais bhia inbhuanaithe agus go gcomhlíonfaidh siad cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais; á iarraidh ar an gCoimisiún gach beart is gá a ghlacadh chun timpeallacht ghinearálta chothrom iomaíochta a ráthú faoi chuimsiú na hEagraíochta Domhanda Trádála agus go háirithe i gcomhaontuithe trádála AE;

    24.

    á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit leanúint de chearta agus dálaí oibre náisiúnach tríú tír atá ag obair ar shoithí AE a neartú, agus pá cuibhiúil a áirithiú dóibh siúd uile atá ag obair sna hearnálacha iascaigh agus dobharshaothraithe agus i ngach earnáil eile den gheilleagar gorm;

    25.

    ag cur béim ar an ngá atá ann comhar a neartú agus gníomhaíochtaí a chomhordú le fóraim iltaobhacha leanúnacha, amhail Creat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide, an Coinbhinsiún maidir leis an Éagsúlacht Bhitheolaíoch, chomh maith le Clár Oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe agus le próisis idirnáisiúnta agus iltaobhacha eile lena mbaineann, chun cosaint, caomhnú, bainistiú inbhuanaithe agus athshlánú na bithéagsúlachta muirí agus fionnuisce a chur chun cinn, agus rannchuidiú le SDGanna eile ag an am céanna; á chur i bhfáth go dtugtar deis mhaith le COP15 in Kunming na Síne teacht ar chomhaontú maidir le bearta domhanda i ndáil leis an méid sin;

    26.

    ag cur sonrú sa chuspóir maidir le 30 % d’aigéan an domhain a chosaint faoi 2030, ach ag tabhairt rabhadh nár cheart é a dhéanamh ar chostas na slándála bia, na n-iascairí agus na dtáirgeoirí dobharshaothraithe, na bpobal dúchasach agus na bpobal áitiúil;

    27.

    á chur in iúl gur geal léi go bhfuil an Coimisiún tiomanta do thrí cinn de limistéir ollmhóra mhuirí faoi chosaint a ainmniú san Aigéan Theas; á chur in iúl nár éirigh arís eile leis an gCoimisiún um Chaomhnú Acmhainní Muirí Beo san Antartach (CCAMLR) teacht ar chomhaontú maidir leis na limistéir chosanta sin in 2021;

    28.

    ag cur béim ar ról na n-údarás áitiúil agus réigiúnach atá freagrach as cuidiú le limistéir mhuirí bhreise faoi chosaint a shainaithint agus a ainmniú, in éineacht leis na Ballstáit;

    29.

    ag meabhrú go léiríonn comhlacht taighde atá ag dul i méid, go háirithe ón Tuarascáil Speisialta ón bPainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide maidir leis an Aigéan agus an Criosféar in Aeráid atá ag Athrú, go mbaintear amach níos fearr cuspóirí maidir leis an mbithéagsúlacht agus maidir le maolú ar an athrú aeráide agus oiriúnú don athrú sin, nuair a bheidh smacht díreach ag iascairí agus pobail áitiúla ar bhainistiú na n-acmhainní ar a bhfuil siad ag brath; á chur i bhfáth go bhfuil éiceachórais atá á mbainistiú ag pobail chósta i measc na n-éiceachóras is saibhre agus is táirgiúla agus go gcuireann siad freisin le limistéir chósta a oiriúnú d’iarmhairtí an athraithe aeráide; ag cur sonrú i rioscaí a bhaineann le grabáil aigéin ar phleanáil spásúlachta mhuirí; á chur i bhfios, dá réir sin, gur gá iascaigh ar mionscála a áirithiú, rialachas freagrach tionachta a áirithiú, agus tairbhithe ghnóthais AE atá ag feidhmiú in earnáil an gheilleagair ghoirm a choinneáil cuntasach má sháraíonn a ngníomhaíochtaí cearta an duine;

    30.

    á iarraidh ar an Aontas agus ar na tíortha comhpháirtíochta brath ar shaineolas dúchasach ina gcuid straitéisí maidir leis an athrú aeráide a mhaolú agus bainistiú rannpháirteach a chur chun cinn go gníomhach, rud a léiríodh go bhfuil sé éifeachtach ó thaobh athléimneacht na bpobal cósta a mhéadú;

    31.

    á mheas gur cheart go nglacfadh rialachas idirnáisiúnta aigéan cur chuige idirearnálach i leith an gheilleagair ghoirm, lena n-áiritheofar cóir chomhionann do gach gníomhaíocht eacnamaíoch mhuirí; ag tacú leis an aigéan a bheith aitheanta mar shócmhainn chomhroinnte na daonnachta, agus á iarraidh go mbeadh comhaontuithe comhpháirtíochta iascaigh inbhuanaithe (SFPAnna) i gcomhréir i gcónaí le SDGanna 2030, le hoibleagáidí agus cuspóirí comhshaoil an Aontais agus le hoibleagáidí agus cuspóirí CBI;

    32.

    á chur in iúl gur cúis imní di gur minic nach dtéann tacaíocht earnála a chuireann SFPAnna ar fáil chun tairbhe don iascach áitiúil agus do phobail chósta i dtríú tíortha agus, dá bhrí sin, á iarraidh ar an gCoimisiún SFPAnna a nascadh go dlúth le clársceidealú forbartha inbhuanaithe AE;

    33.

    á chur i bhfios go láidir nach mór SFPAnna a bheith ina uirlis chun geilleagair ghorma áitiúla a fhorbairt; á mheas gur deacair meastóireacht a dhéanamh ar rannchuidiú SFPAnna i dtaca le baint amach na spriocanna forbartha inbhuanaithe sna tíortha comhpháirtíochta de dheasca easpa sonraí; ag áitiú ar AE méadú a dhéanamh ar thrédhearcacht, bailiú sonraí (go háirithe ar ghabhálacha, clárú soithí agus dálaí saothair) agus ceanglais tuairiscithe SFPAnna agus bunachar sonraí socheacnamaíoch láraithe a bhunú do gach soitheach de chuid an Aontais beag beann ar an áit a n-oibríonn siad;

    34.

    ag leagan béim ar an ngá atá ann na geallsealbhóirí uile a áireamh in idirbheartaíocht SFPAnna agus le linn na tréimhse lena cur chun feidhme agus a áirithiú go gcuirfear riachtanais na bpobal is mó a ndéanann na comhpháirtíochtaí sin difear dóibh san áireamh;

    35.

    ag cáineadh an easpa faireacháin ar chur chun feidhme agus úsáid chuí an chistithe; á chur in iúl gur cúis imní di gur minic nach dtéann tacaíocht earnála faoi SFPAnna chun tairbhe d’iascairí ar mionscála; á iarraidh ar an gCoimisiún SFPAnna a nascadh go dlúth le cabhair um fhorbairt an Aontais d’fhonn breisluach a fheabhsú do phobail chósta; á iarraidh ar an gCoimisiún, ina theannta sin, tuarascálacha bliantúla a fhoilsiú go réamhghníomhach maidir leis na bealaí ina n-úsáidtear tacaíocht earnála chun an úsáid a bhaintear as airgead poiblí AE a rianú ar bhealach níos fearr;

    36.

    á chur in iúl gur díol sásaimh di ról na gcoinbhinsiún réigiúnach mara agus na n-eagraíochtaí réigiúnacha bainistithe iascaigh (ERBInna); á iarraidh ar an gCoimisiún sainorduithe uaillmhianacha a chur chun cinn do ERBInna chun acmhainní iascaigh a chosaint i dtíortha atá i mbéal forbartha agus in uiscí idirnáisiúnta, go háirithe trí bhainistiú stoic a fheabhsú do speicis amhail tuinníní trópaiceacha, ábhar muirí aischurtha a laghdú, cur chuige réamhchúraim a chur i bhfeidhm chun caomhnú na speiceas atá i mbaol agus éiceachórais leochaileacha mhuirí a áirithiú, agus trí fheabhas a chur ar na sonraí atá ar fáil, ar chomhlíonadh agus ar thrédhearcacht na cinnteoireachta;

    37.

    á iarraidh, ar bhonn níos leithne, go bhfeabhsófaí cleachtais bainistithe iascaigh agus faireachán, agus go ndéanfaí éicilipéadú agus teicneolaíochtaí nua amhail blocshlabhra a fhorbairt, d’fhonn inrianaitheacht táirgí a fheabhsú;

    38.

    á iarraidh ar AE cúnamh teicniúil a chur ar fáil do tháirgeoirí tíortha i mbéal forbartha, go háirithe táirgeoirí ar mionscála;

    39.

    ag meabhrú gur cheart do gach stát atá páirteach in iascach san Afraic Thiar ERBI a bhunú – go háirithe chun stoic chomhroinnte amhail éisc pheiligeacha bheaga a shaothrú – de réir mar a cheanglaítear faoin dlí idirnáisiúnta, faoi dhlíthe ábhartha náisiúnta, faoi bheartais iascaigh Phan-Afracacha agus réigiúnacha, agus faoi ionstraimí eile; á chreidiúint gur cheart go gcomhlíonfadh an córas bainistíochta sin cur chuige réamhchúraim agus bunaithe ar éiceachóras, lena n-áiritheofar go mbeidh an ghabhálacha iomlán incheadaithe laistigh de theorainneacha bitheolaíocha sábháilte;

    40.

    ag tathant ar AE iascach ar mionscála san Afraic a chur chun cinn agus a chosaint ar bhealach éifeachtach, ar príomhsholáthraithe slite beatha na n-aigéan iad, mar bhunchloch don tascfhórsa gorm idir an tAontas agus an Afraic amach anseo, amhail trí mhaoiniú a thabhairt do chur chun feidhme threoirlínte idirnáisiúnta FAO maidir le hiascach inbhuanaithe ar mionscála;

    41.

    á chur i bhfáth gur féidir le táirgeadh mine éisc agus ola éisc, i measc tosca eile, cur leis an ró-iascaireacht i dtíortha i mbéal forbartha, go háirithe san Afraic Thiar; á iarraidh go ndéanfaí bearta díchill chuí éigeantacha chun a áirithiú go mbeidh slabhra soláthair thionscal iomlán an bhia mara cothrom, inrianaithe go hiomlán, saor ó tháirgí ó iascaireacht NNN agus nach bhfuil baint acu le sáruithe ar chearta an duine, lena n-áirítear gáinneáil ar dhaoine agus sclábhaíocht;

    42.

    á chur in iúl gur geal léi an ról atá ag coinbhinsiúin réigiúnacha farraige agus ag ERBInna ó thaobh rialachas a neartú bunaithe ar an eolas eolaíoch is fearr atá ar fáil, agus gur cheart go mbeadh fáil éasca ag gach oibreoir air sin;

    43.

    á iarraidh ar an gCoimisiún sainorduithe uaillmhianacha a chur chun cinn do ERBInna chun acmhainní iascaigh a chosaint i dtíortha atá i mbéal forbartha agus in uiscí idirnáisiúnta, go háirithe i ndáil le bainistiú stoic a fheabhsú do speicis amhail tuinníní trópaiceacha, chun ábhar muirí aischurtha a laghdú, agus an cur chuige réamhchúraim á chur i bhfeidhm chun go gcosnófaí caomhnú na speiceas atá i mbaol, na héiceachórais leochaileacha mhuirí, agus trí fheabhas a chur ar na sonraí atá ar fáil, ar chomhlíonadh agus ar thrédhearcacht na cinnteoireachta;

    44.

    á iarraidh ar an gCoimisiún go saothrófaí, ar bhonn gníomhach, agus go gcuirfí chun cinn na spriocanna maidir le hoiriúnú don athrú aeráide agus maolú ar an athrú aeráide a chomhtháthú sna SFPAnna agus i gcinnteoireacht ERBI;

    45.

    á iarraidh bearta AE agus ó na Ballstáit chun dlús a chur lena n-iarrachtaí feabhas a chur ar rialachas domhanda iascaigh, go háirithe trí shásraí amhail an Tionscnamh Trédhearcachta maidir le hIascaigh (FiTI);

    46.

    á mheabhrú nach mór bainistiú inbhuanaithe acmhainní bunaithe ar an gcomhairle eolaíoch is fearr atá ar fáil agus na measúnuithe tionchair socheacnamaíocha is fearr a bheith ina bpríomhthosaíocht chun spriocanna an chláir oibre straitéisigh AE a bhaint amach agus nach mór é a áireamh freisin i socruithe déthaobhacha comhpháirtíochta;

    47.

    ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil gníomhaíochtaí iomadúla sa gheilleagar gorm de bhreis ar na gníomhaíochtaí traidisiúnta, gur cheart staidéir tionchair a bheith ag gabháil i gcónaí le gníomhaíochtaí nua a fhorbairt, agus gur cheart cur chuige eolaíoch trédhearcach, chomh maith le comhairliúcháin éifeachtacha agus rannpháirtíocht chothrom ó na hearnálacha uile atá buailte, a ghlacadh chun eagrú inbhuanaithe na ngníomhaíochtaí sin laistigh den gheilleagar gorm a éascú;

    48.

    á thabhairt chun suntais gur nasc lárnach í an earnáil mhuirí don nascacht idirnáisiúnta, don chóras trádála domhanda, do gheilleagar an Aontais, dá iomaíochas agus do réigiúin an Aontais; ag cur béim ar a thábhachtaí atá sé feabhas a chur ar ról na gcalafort, ar an ngá atá le hinfheistíochtaí i mbonneagar cliste agus ar fhorbairt agus bainistiú na gcalafort, lenar cheart a n-acmhainneacht a mhéadú tuilleadh chun freastal ar fhás na trádála;

    49.

    á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit infheistíocht a dhéanamh i gcalafoirt atá suite ar chóstaí an Aontais chun díriú ar naisc atá in easnamh leis an gcúlchríoch, leis na cuspóirí foriomlána iompar a dhéanamh níos athléimní agus calafoirt a iompú ina n-ardáin lóistíochta agus ina mbraislí straitéiseacha d’iompar ilmhódach, do ghiniúint fuinnimh, do stóráil agus do dháileadh, agus do thurasóireacht; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé go n-áireofaí beart margadh-bhunaithe mar sprioc de chuid na hEagraíochta Muirí Idirnáisiúnta maidir le gáis cheaptha teasa ó mhuiriompar a laghdú chun scéim fritháirimh carbóin a chur chun feidhme sa loingseoireacht idirnáisiúnta agus chun bealach réalaíoch i dtreo laghduithe astaíochtaí a áirithiú;

    50.

    á thabhairt chun suntais go bhfuil sé mar aidhm leis an teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le straitéis maidir le soghluaisteacht inbhuanaithe agus cliste na chéad soithí astaíochtaí nialasacha a thabhairt chun an mhargaidh faoi 2030, agus go bhfuil taighde suntasach maoinithe ag an Aontas cheana féin ar hibridiú agus leictriú soithí trí Fhís 2020; á iarraidh ar an gCoimisiún tuilleadh tacaíochta a thabhairt do shoithí leictreacha do bhealaí gearra;

    51.

    á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit tionscadail tosaíochta a thabhairt chun críche a áirítear sa Ghréasán Tras-Eorpach Iompair (TEN-T) do limistéir an Atlantaigh, na Meánmhara agus Mhuir Bhailt, go háirithe i limistéir trasteorann agus mar chuid de threoirlínte TEN-T amach anseo agus de Shaoráid um Chónascadh na hEorpa 2021-2027, chun cistiú leormhaith a chur chun cinn, a shimpliú agus a infheistiú i bhforbairt iomlán mhótarbhealaí TEN-T na farraige chun comhtháthú níos fearr a dhéanamh ar loingseoireacht ghearrthurais chun earraí a dháileadh níos forleithne trí chalafoirt a nascann oileáin ar an mórthír agus ar chóras iompair ilmhódaigh cuimsitheach; á chur i bhfáth go bhfuil sé ríthábhachtach slabhraí iompair gan uaim agus inbhuanaithe a chruthú do phaisinéirí agus do lasta i ngach modh iompair, agus go háirithe iompar d’iarnród, iompar muirí agus iompar d’uiscebhealaí intíre; ag creidiúint gur cheart do thionscadail aird ar leith a thabhairt ar na riachtanais nascachta agus inrochtaineachta atá ag na réigiúin fhorimeallacha, na réigiúin oileánacha agus na réigiúin is forimeallaí i limistéir an Atlantaigh, na Meánmhara agus Mhuir Bhailt;

    52.

    á thabhairt chun suntais gur féidir calafoirt a úsáid chun borradh a chur faoin ngeilleagar gorm, ós rud é go bhfuil ról lárnach acu i ngníomhaíochtaí eacnamaíocha na hearnála sin, agus a áirithiú go ndéanfar a astriú i dtreo na soghluaisteachta inbhuanaithe agus cliste i gcomhréir le prionsabail an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip; á iarraidh ar an gCoimisiún maoiniú AE níos mó a ath-leithdháileadh ar mhaithe le feabhas a chur ar éifeachtúlacht iompair, ar inrochtaineacht chroíchalafoirt TEN-T agus ar laghdú costas, lena n-áirítear infheistíocht i ndreidireacht leanúnach, i ndoimhniú cainéal agus bearta forbartha acmhainní eile i gcalafoirt roghnaithe; á mheabhrú don Choimisiún agus do na Ballstáit gur gá tuilleadh infheistíochta a dhéanamh i mbonneagar calafoirt atá inbhuanaithe agus cliste chun cur ar chumas calafort a bheith ina moil ilmhódach agus ina moil iompair, chomh maith le moil fuinnimh do chórais leictreachais chomhtháite, hidrigin agus breoslaí malartacha eile, agus suíomhanna tástála le haghaidh athúsáid dramhaíola agus an geilleagar ciorclach;

    53.

    á chur in iúl go dtréaslaíonn sí le Calafort Vigo as bheith ar an gcalafort ceannródaíoch AE a chuir an Straitéis Eorpach maidir leis an bhFás Gorm chun feidhme den chéad uair;

    54.

    á chur in iúl gur díol sásaimh di tionscnamh na hEagraíochta Bia agus Talmhaíochta maidir le Calafoirt Iascaireachta Ghoirm, a bhfuil sé mar aidhm leis treoirlínte a dhréachtú maidir leis an dea-chleachtas idirnáisiúnta i ndáil le calafoirt iascaireachta atá i mbun aistriú chuig samhlacha an gheilleagair ghoirm, chun a n-inbhuanaitheacht a fheabhsú tríd an gcomhshaol a chosaint agus na tairbhí sóisialta agus eacnamaíocha a chur chun cinn; ag tacú le FAO chun oifig bhuan a bhunú i gCalafort Vigo chun Líonra Domhanda Calafort Gorm a fhorbairt agus a bhainistiú;

    Athléimneacht, iomaíochas agus poist

    55.

    á aithint nach mór iarrachtaí téarnaimh AE a dhíriú ar chuspóirí inbhuanaitheachta, iomaíochais agus fáis; ag cur béim ar an ngá atá le hionstraimí maoinithe inbhuanaithe chun an t-aistriú sin a bhrú chun cinn, lena n-áirítear tríd an infheistíocht phoiblí agus phríobháideach a neartú;

    56.

    á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit tacú le forbairt inbhuanaithe slabhraí luacha iascaireachta ar mionscála agus dobharshaothraithe, ó iascaire go tomhaltóirí, trí chomhchuibhiú modhanna iascaireachta agus dobharshaothraithe atá roghnaíoch, neamhscriosach agus tíosach ar fhuinneamh a chur chun cinn, trí mhalartú eolais le comhphobal taighde AE a éascú agus trí mhodhanna tráchtálaithe inbhuanaithe le haghaidh táirgí iascaigh a chur chun cinn, agus ualaí riaracháin á laghdú ag an am céanna;

    57.

    ag cur béim ar an ngá atá ann aitheantas a thabhairt do luach socheacnamaíoch na hiascaireachta áineasa agus an méid a chuireann sí le geilleagar gorm inbhuanaithe san Aontas; ag cur béim ar an ngá atá le níos mó sonraí agus sonraí níos fearr faoi iascaigh áineasa, lena n-áirítear an méid a chuireann sé le hearnáil na turasóireachta, na hidirghníomhaíochtaí atá aici le hiascairí ar mionscála, an tionchar atá aici ar an gcomhshaol, chomh maith lena tábhacht shocheacnamaíoch;

    58.

    á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá iascaireacht ar mionscála agus chósta don gheilleagar gorm agus d’fhéiniúlacht chultúrtha pobal i réigiúin agus in oileáin ar an gcósta;

    59.

    á iarraidh ar na Ballstáit critéir thrédhearcacha agus oibiachtúla a chur chun feidhme go hiomlán mar a leagtar amach in Airteagal 17 de CBI agus deiseanna iascaireachta á leithdháileadh acu;

    60.

    ag tathant ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit na bearta is gá a dhéanamh chun feabhas a chur ar bhailiú sonraí maidir le hiascaireacht áineasa san fharraige agus i bhfionnuisce intíre agus uiscebhealaí goirt, agus aird á tabhairt ar an tionchar comhshaoil agus ar luach socheacnamaíoch na gníomhaíochta sin, chun a áirithiú go ndéanfar earnáil an iascaigh agus earnáil an dobharshaothraithe a bhainistiú ar bhealach cóir agus cothrom, agus chun infheistíocht níos mó a spreagadh i bhforbairt gníomhaíochtaí pobail cósta;

    61.

    ag cur béim ar an tábhacht a bhaineann le pleanáil spásúil mhuirí chuimsitheach chun iomaíochas don spás a íoslaghdú ar chostas gníomhaíochtaí eile, amhail iascaireacht agus gníomhaíochtaí nua an gheilleagair ghoirm á bhforbairt; á thabhairt chun suntais go bhfuil ról lárnach ag iascaigh agus ag an dobharshaothrú agus nach mór infheictheacht cheart a thabhairt do na hearnálacha sin sa gheilleagar gorm, agus á iarraidh dá bhrí sin go mbeadh straitéis ann chun idirghníomhaíocht idir gníomhaíochtaí éagsúla an gheilleagair mhuirí agus ghoirm talún a chur chun cinn ar bhealach a rachaidh chun tairbhe dóibh uile;

    62.

    ag tathant ar an gCoimisiún tacú le forbairt scéimeanna um tháirgeadh fuinnimh faoi stiúir an phobail, lena gcuirtear ar chumas na bpobal cósta, lena n-áirítear iascairí, páirt iomlán a ghlacadh i bpleanáil agus i bhforbairt an táirgthe fuinnimh inathnuaite agus brabúis a athinfheistiú ar ais sa phobal áitiúil;

    63.

    á iarraidh ar na Ballstáit, i gcomhréir le forálacha na pleanála spásúla muirí, meánna sonracha stairiúla agus traidisiúnta na n-iascairí a ainmniú mar limistéir a bheidh saor i gcónaí ó shuiteálacha fuinnimh inathnuaite amach ón gcósta;

    64.

    á chur i bhfáth nár cheart feirmeacha gaoithe amach ón gcósta a thógáil ach amháin más féidir a ráthú nach mbeidh drochthionchar comhshaoil, éiceolaíoch, eacnamaíoch, socheacnamaíoch ná soch-chultúrtha acu ar iascairí agus ar tháirgeoirí dobharshaothraithe, i gcomhréir le cuspóirí an gheilleagair ghoirm agus an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip;

    65.

    á chur in iúl gur geal léi tionscnaimh amhail an Fhaireachlann um Chumhachtaí Gaoithe Muirí, fóram arna sheoladh ag Rialtas Réigiúnach na Gailíse chun deiseanna agus úsáidí cothromaíochta na farraige a shainaithint a d’fhéadfadh dul in iomaíocht lena chéile, lena n-ionchorpraítear an earnáil thionsclaíoch, earnáil an iascaigh mhuirí agus eintitis agus eagraíochtaí gaolmhara;

    66.

    ag tabhairt dá haire gur earnáil atá ag dul i méid sa gheilleagar gorm aigéan é an tionscal eastóscach; ag leagan béim ar an dualgas atá ar stáit gan bearta a dhéanamh, lena n-áirítear tionscadail forbartha ar mórscála, a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh do shlite beatha iascairí ar mhionscála intíre agus mara, dá gcríocha nó do chearta rochtana, agus a ndualgas measúnuithe ex ante a dhéanamh ar thionscadail tionscail eastóscacha arna bhfeidhmiú ag eintitis phríobháideacha chun meastóireacht a dhéanamh ar an tionchar diúltach a d’fhéadfadh a bheith acu ar chearta an duine ar phobail iascaireachta áitiúla;

    67.

    á iarraidh go gcruthófaí fóram AE le haghaidh idirphlé a bheidh trédhearcach agus lena n-áiritheofar rannpháirtíocht na ngeallsealbhóirí uile agus cothromaíocht chumhachta eatarthu chun comhar idir earnálacha, comhroinnt taithí agus réiteach coinbhleachtaí a chothú;

    68.

    ag tathant ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit gníomhaíochtaí sonracha a dhéanamh chun borradh a chur faoi na deiseanna infheistíochta atá ar fáil faoin gCiste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe (CEMID) nua, mar aon le cláir eile de chuid an Aontais amhail an Sásra um Théarnamh agus Athléimneacht nó Fís Eorpach, le haghaidh cleachtais inbhuanaithe iascaireachta agus le haghaidh gníomhaíochtaí dobharshaothraithe inbhuanaithe, agus chun a áirithiú go mbeidh pobail cois cósta, iargúlta agus thar lear in ann a ngeilleagair a éagsúlú;

    69.

    á iarraidh ar an gCoimisiún tógáil ar dhea-chleachtais CEMID chun tionscadail turasóireachta iascaigh áineasa a fhorbairt agus leanúint de mhaoiniú na dtionscadal sin trí CEMID;

    70.

    ag cur béim ar an ngá atá ann straitéisí níos cuimsithí a fhorbairt chun na hearnálacha iascaigh agus dobharshaothraithe agus críocha cósta a chur in oiriúint d’iarmhairtí an athraithe aeráide agus don tionchar atá aige ar phobail agus ar a slite beatha; á chur i bhfáth a riachtanaí atá sé go gcuirfeadh gach earnáil leis an maolú ar an athrú aeráide i gcomhréir leis an gComhaontú Glas don Eoraip agus leis an seachtú agus leis an ochtú Clár Gníomhaíochta Comhshaoil;

    71.

    á chreidiúint gur cheart go n-áireofaí sa Chomhbheartas Iascaigh coinníollacht shóisialta, cosúil leis an gcoinníollacht a cruthaíodh leis an gcomhbheartas talmhaíochta nua, lena bhféadfaí foráil a dhéanamh do smachtbhannaí ar úinéirí soithí iascaireachta, ar tháirgeoirí dobharshaothraithe agus ar thairbhithe eile de chuid an Chreata Eorpaigh um Chobhsaíocht Airgeadais (CEMID), mura n-áirithítear leo dálaí oibre leormhaithe dá n-oibrithe go léir, dá n-oibrithe séasúracha agus imirceacha san áireamh; á thabhairt chun suntais go bhfuil an choinníollacht shóisialta sin bunriachtanach chun dínit na háite oibre agus cearta sóisialta oibrithe iascaigh agus dobharshaothraithe a chosaint, lena rannchuidítear le ceartas sóisialta a bhaint amach do chách;

    72.

    á mheas go bhfuil níos mó slándála post, sábháilteacht ag an obair, aigéin fholláine lena soláthraítear tuilleamh agus slándáil shóisialta níos fearr in earnáil an iascaigh agus in earnáil an dobharshaothraithe bunriachtanach chun mná agus glúnta óga a mhealladh, agus ar an gcaoi sin a áirithiú go ndéanfar iad a athnuachan agus go leanfaidh siad de bheith marthanach;

    73.

    á chur in iúl gur díol sásaimh di ról na mban i slabhraí luacha inbhuanaithe iascaireachta agus dobharshaothraithe agus á iarraidh dá bhrí sin go ndéanfaí dálaí oibre cuibhiúla, tuarastail chomhionanna, slándáil shóisialta, chomh maith le hinfheictheacht agus ionadaíocht i struchtúir agus i bpróisis cinnteoireachta a ráthú;

    74.

    á chur i bhfios go bhfuil ról lárnach ag an iascaireacht agus ag an dobharshaothrú ó thaobh poist a chruthú agus an geilleagar a chothú in go leor áiteanna san Aontas, agus go bhfuil níos mó ná leath de na poist áitiúla i roinnt mhaith pobal cósta agus oileánach, go háirithe sna réigiúin is forimeallaí;

    75.

    á chur i bhfáth, chun inbhuanaitheacht, iomaíochas agus feidhmíocht eacnamaíoch na hearnála iascaigh agus na hearnála dobharshaothraithe a fheabhsú, gur gá cothrom iomaíochta a ráthú d’oibreoirí AE i ngeilleagar domhanda, agus díriú ar ghairmoiliúint, ar fhoghlaim ar feadh an tsaoil, ar aitheantas ar an leibhéal Eorpach don oiliúint sin, do sheirbhísí comhairliúcháin agus do scaipeadh eolais theicniúil agus eolaíoch agus do chleachtais nuálacha, agus aitheantas á thabhairt don mhéid a dhéanann na comhlachais trádála i ndáil leis sin;

    76.

    á chur i bhfáth gur gá breisluach a chur le táirgí iascaigh ar an gcéad díolachán, go háirithe táirgí ó iascaireacht ar mionscála chun ioncam agus pá na n-iascairí a mhéadú;

    77.

    á iarraidh ar an gCoimisiún cineálacha nua turasóireachta muirí agus cósta inbhuanaithe a fhorbairt, cineálacha nua gníomhaíochtaí turasóireachta a threisiú, sruthanna ioncaim breise a chur ar fáil agus fostaíocht ó cheann ceann na bliana a mhéadú chun cur le luach na limistéar muirí agus cósta, agus an comhshaol agus an oidhreacht chultúrtha ghorm a chosaint agus gnáthóga mara agus cósta a chaomhnú; ag cur béim ar a thábhachtaí atá an geilleagar ciorclach in earnáil na turasóireachta ó thaobh cleachtais níos inbhuanaithe a fhorbairt a rachaidh chun tairbhe don fhorbairt áitiúil; ag aithint gur cheart d’earnáil na turasóireachta teagmháil a dhéanamh le pobail chósta agus nach mór tacaíocht a thabhairt di chun éifeachtúlacht agus inbhuanaitheacht an bhonneagair agus iomaíochas na n-ionad mara agus turasóireachta a threisiú;

    78.

    ag aithint go bhféadfadh tionchar dearfach a bheith ag an turasóireacht chósta ar thíortha atá i mbéal forbartha, ach gur féidir léi díobháil a dhéanamh nuair a fhorbraítear ollstraitéisí turasóireachta, rud a fhágann gur lú an rochtain ar bhia agus an tomhaltas do thomhaltóirí áitiúla agus gur féidir léi an comhshaol muirí agus féiniúlachtaí cultúrtha a scriosadh; á iarraidh ar AE samhlacha turasóireachta atá cothrom agus ag a bhfuil ísealtionchar a chur chun cinn.

    79.

    ag cur béim ar an ngá atá ann ár gcaipiteal nádúrtha agus ár n-oidhreacht a chaomhnú chun turasóireacht inbhuanaithe (amhail éiceathurasóireacht) a spreagadh, agus á iarraidh ar na Ballstáit bithéagsúlacht a chosaint trí ghníomhaíochtaí caomhnaithe muirí a chur i gcrích go práinneach, lena n-áirítear gníomhaíochtaí trasteorann, chun éiceachórais mhuirí agus chósta a chosaint, a athbhunú agus a chur chun cinn, lena n-áirítear trí líonraí muirí Natura 2000;

    80.

    á iarraidh ar an gCoimisiún turasóireacht inbhuanaithe mhuirí, oileáin agus chósta a áireamh i ngníomhaíochtaí gaolmhara agus i gcláir ghaolmhara, tacú le tionscnaimh lena spreagtar éagsúlú na turasóireachta cósta, muirí agus mara, agus gan gníomhaíochtaí turasóireachta agus fostaíocht a bheith chomh séasúrach; ag cur béim ar an ngá atá ann sonraí níos fearr a bhailiú maidir leis an méid a chuireann turasóireacht slatiascaireachta áineasa le geilleagar an chósta agus le geilleagar an oileáin;

    81.

    á chur i bhfáth a thábhachtaí atá an geilleagar gorm sna réigiúin is forimeallaí, go háirithe dá n-earnálacha turasóireachta; á iarraidh ar an gCoimisiún, dá bhrí sin, clár iompair a chruthú ina mbeadh roghanna a bhaineann go sonrach le hiargúltacht agus le hoileánachas (POSEI Transport) chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais na n-oileán agus na réigiún is forimeallaí ar bhealach níos dírí agus chun tacú le hoibriú roinnt bealaí tráchtála chun na n-áiteanna sin;

    82.

    ag tacú le cleachtais inbhuanaithe sa turasóireacht chósta agus mhuirí, ós rud é go bhfuil siad riachtanach d’iomaíochas limistéir an Atlantaigh na Meánmhara agus Mhuir Bhailt agus i gcruthú post ardluacha san oideachas gorm agus sa ghairmoiliúint; á chur i bhfáth go gcuirfeadh oiliúint shonrach maidir le gníomhaíochtaí an gheilleagair ghoirm le feasacht a mhúscailt maidir le héiceachórais mhuirí agus leis an ngá atá ann iad a chosaint;

    83.

    á iarraidh ar an gCoimisiún comhairliúchán leathan a dhéanamh leis na húdaráis réigiúnacha agus áitiúla agus leis na geallsealbhóirí gaolmhara go léir d’fhonn réitigh shaincheaptha a shainaithint do phobail áitiúla agus réigiúnacha;

    84.

    á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar réitigh a d’fhéadfadh a bheith ann chun teacht aniar na hearnála turasóireachta a chur chun cinn i gcoinne na n-iarmhairtí a bheidh ag paindéimí sa todhchaí nó ag imeachtaí suaiteacha eile a d’fhéadfadh a bheith ina riosca do ghníomhaíochtaí turasóireachta, agus tionscnaimh iomchuí a fhorbairt chun feabhas a chur ar dhálaí oibre agus fostaíochta na n-oibrithe san earnáil chun a tarraingteacht a mhéadú agus chun cuidiú le lánacmhainneacht an gheilleagair ghoirm a bhaint amach;

    85.

    ag cur béim ar an tábhacht a bhaineann le luamhaireacht agus seoltóireacht don turasóireacht mhuirí; ag cur béim ar ról an chultúir áitiúil agus an ghastranómachais i bhforbairt thurasóireacht chósta na hEorpa agus ar an tábhacht a bhaineann le turasóireacht trá agus faoi uisce, turasóireacht slatiascaireachta, éiceathurasóireacht, spórt uisce agus tionscal na cúrsála;

    86.

    ag cur béim ar a thábhachtaí atá limistéir mhuirí faoi chosaint mar ionstraim chun na haigéin a chosaint; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim gurb ionann na limistéir sin agus deis chun turasóireacht eolaíochta a fhorbairt;

    87.

    á chur in iúl gur geal léi go bhfuil an Coimisiún ag díriú ar an turasóireacht inbhuanaithe agus “mhall” agus go bhfuil sé d’aidhm aige pacáistí tacaíochta a fhorbairt (Treoirphlean do Chomhaontuithe Glasa Áitiúla) chun tacú le haistriú glas do chathracha agus do réigiúin; ag tabhairt dá haire go bhféadfadh na hoileáin iargúlta agus na pobail cois cósta príomhról a bheith acu san aistriú sin;

    88.

    á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit an rannchuidiú a dhéanann an iascaireacht áineasa mhuirí agus an turasóireacht a chruthaíonn sí don gheilleagar gorm a aithint, chomh maith le hacmhainneacht na hearnála sin tuilleadh deiseanna eacnamaíocha a chur ar fáil i bpobail chósta;

    89.

    á chur in iúl gur oth léi nár cuireadh acmhainneacht an gheilleagair ghoirm san áireamh go leordhóthanach agus pleananna náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta arna maoiniú ag NextGenerationEU á ndréachtú agus á measúnú;

    90.

    á iarraidh go gcruthófaí creat airgeadais iomchuí chun forbairt an gheilleagair ghoirm agus cruthú post a spreagadh, lena gcomhtháthaítear agus lena gcomhordaítear na hionstraimí airgeadais éagsúla atá ar fáil – na cistí struchtúracha agus infheistíochta (CEMID, CFRE, CSE, an Ciste Comhtháthaithe), Fís Eorpach 2021-2027 agus cinn eile; ag tarraingt aird ar an ngá atá ann na hionstraimí sin a chomhoiriúnú níos fearr do riachtanais na ngeallsealbhóirí agus scaipeadh forleathan na ndeiseanna reatha;

    91.

    á iarraidh go ndéanfar plé cuimsitheach ar leibhéal an Aontais leis an earnáil, agus éifeachtaí tromchúiseacha socheacnamaíocha na rialacha maidir le cumas iascaireachta a thomhas á gcur san áireamh, ar thionchar na rialacha sin ar an iascach agus ar shaol na n-iascairí, agus rialú dian ar an acmhainn iascaireachta á choimeád ag an am céanna;

    92.

    ag cur béim ar an tábhacht straitéiseach a bhaineann le gníomhaíochtaí longthógála agus deisithe long agus lena n-idirghaol le hearnálacha eile, amhail earnáil na turasóireachta muirí; á mheas go bhféadfadh tiomantas don nuálaíocht theicneolaíoch agus leibhéal ard speisialtóireachta, a d’fhéadfadh a bheith ina chúis le gnóthachain ó thaobh breisluacha de, comhthéacsanna nach bhfuil chomh neamhchosanta ar iomaíocht idirnáisiúnta a chruthú agus go bhféadfadh sé cabhrú chun an cor chun donais atá ag tarlú san earnáil a aisiompú; ag áitiú gur cheart tacaíocht shonrach a chur ar fáil chun tionscal longthógála sna Ballstáit a athbheochan agus a nuachóiriú ina fhoirmeacha éagsúla;

    93.

    ag tabhairt dá haire go bhfuil cabhlaigh cheardaíochta agus mhionscála an Aontais an-sean, go háirithe sna réigiúin is forimeallaí, go bhfuil meánaois an-ard ag a soithí agus go bhfuil siad neamhshábháilte do na daoine atá ag obair orthu agus do na gabhálacha araon, á athdhearbhú go bhfuil gá le tacaíocht ó CEMID chun soithí nua a cheannach, gan méadú ar ghabhálacha a bheith mar thoradh air sin, lena n-urramaítear uastáirgeacht inbhuanaithe, agus ar an gcaoi sin feabhas a chur ar a bhfeidhmíocht chomhshaoil;

    94.

    á mheabhrú go bhfuil na cabhlaigh iascaireachta sna réigiúin is forimeallaí i riocht an-lag, i gcásanna áirithe, agus go bhfuil siad ina mbaol do shábháilteacht na n-iascairí agus don chomhshaol; á mheas, sa chomhthéacs sin, gur gá teacht ar réitigh chun feabhas a chur ar shábháilteacht agus ar dhálaí oibre d’iascairí, chun astaíochtaí CO2 a laghdú agus chun feabhas a chur ar raon agus ar chaomhnú na ngabhálacha; ag cur béim ar an ngá atá ann a áirithiú go leanfar de phróitéiní sláintiúla ardcháilíochta a sholáthar, i ndálaí atá go hiomlán sábháilte agus slán, ar lú an tionchar a bheidh acu ar an gcomhshaol agus gan an acmhainn iascaireachta a mhéadú;

    95.

    á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar an gComhairle ionstraim tacaíochta a chruthú a bheadh cosúil le POSEI le haghaidh iascaigh chun éifeachtaí na hoileánachta ar na réigiúin is forimeallaí a mhaolú;

    96.

    á thabhairt chun suntais go bhféadfaí gné mhuirí an Aontais a úsáid ar bhealach inbhuanaithe san Atlantach, rud a éilíonn infheistíocht níos cothroime sna hoileáin, sna réigiúin is forimeallaí agus sna calafoirt chósta, chomh maith le leathnú go leor dá gcuid beart agus méadú ar a n-acmhainn stórála agus ar a dtrealamh láimhseála lastais, atá an-tábhachtach do tháirgí iascaigh agus dobharshaothraithe;

    An t-aistriú gorm

    97.

    á iarraidh go ndéanfaí ionstraimí a fhorbairt chun leas a bhaint as acmhainní muirí ar bhealach inbhuanaithe agus chun geilleagar na n-aigéan a éagsúlú, lena n-áirítear trí thacaíocht a thabhairt do tháirgí nua a bhaineann le gníomhaíochtaí iascaireachta agus a thagann astu, ar féidir leo luach a chur lenár n-oidhreacht chultúrtha agus nádúrtha, go háirithe trí roghanna turasóireachta ardcháilíochta a chur ar fáil;

    98.

    ag cur béim ar an ngá atá le creat comhtháite beartais mhuirí AE a bhaint amach lena n-áirithítear comhsheasmhacht idir straitéis bhithéagsúlachta an Aontais, an Straitéis Ón bhFeirm go dtí an Forc, an beartas aeráide agus CBI;

    99.

    á mheas gur cheart don earnáil dobharshaothraithe leanúint d’fhaireachán a dhéanamh ar roinnt paraiméadar, agus d’fheabhas a chur orthu, bunaithe ar ghníomhaíochtaí atá bunaithe ar fhianaise, lena n-áirítear leas éisc agus dlús stocála éisc; á mheas, thairis sin, gur cheart staidéir mheasúnaithe tionchair a dhéanamh chun feabhas a chur ar leas éisc, lena n-áirítear a dtimpeallacht a shaibhriú, cáilíocht an uisce a choinneáil laistigh de theorainneacha a bhaineann leis an leas mar bhealach chun galair agus leathadh na ngalar sin a laghdú, an gá atá le hantaibheathaigh a laghdú, leanúint de thruailliú a laghdú, torthaí níos fearr ar an aeráid agus ar an gcomhshaol a bhaint amach, agus athléimneacht an athraithe aeráide a mhéadú;

    100.

    ag tabhairt dá haire gur gá speicis éisc a éagsúlú i ndobharshaothrú AE, lena n-áirítear speicis ísealtrófacha agus speicis neamh-fheoiliteacha, chun inbhuanaitheacht na hearnála a fheabhsú;

    101.

    ag cur béim ar an ról a d’fhéadfadh a bheith ag an dobharshaothrú, go háirithe maidir le cruthú post agus slándáil an tsoláthair bia, agus maidir leis an aistriú chuig córais bia inbhuanaithe a éascú; á mheas go bhfuil sé ríthábhachtach an brú ar acmhainní muirí a laghdú trí roghanna malartacha agus foinsí beatha a bhainistítear go hinbhuanaithe, seachas éisc fhiáine a ghabhtar, a fhorbairt agus trí úsáid níos mó a bhaint astu, trí chailliúint na bithéagsúlachta sna haigéin agus sna farraigí a aisiompú; á chur i bhfáth nach mór úsáid an spáis mhuirí chun críocha dobharshaothraithe a rialáil i gceart; á chur i bhfios go láidir, i ndáil leis an méid sin, a thábhachtaí atá creat dlíthiúil atá soiléir agus iontaofa lena gcuirtear chun cinn rochtain ar uisce leis na ráthaíochtaí uile is gá;

    102.

    ag tabhairt dá haire go bhféadfadh inbhuanaitheacht stoic éisc fhiáine in uiscí an Aontais agus in uiscí tríú tíortha bagairt a dhéanamh ar an méadú atá tagtha ar úsáid na mine éisc agus na hola éisc i ndobharshaothrú an Aontais;

    103.

    ag cur béim ar an ngá atá ann gach beart a chur chun feidhme chun forbairt iomaíoch an iascaigh agus an dobharshaothraithe a áirithiú i ngeall ar an tábhacht a bhaineann leo ó thaobh shlándáil an tsoláthair bhia de;

    104.

    ag leagan béim ar a thábhachtaí atá na hearnálacha iascaigh agus dobharshaothraithe ó thaobh soláthar próitéine de, rud atá bunriachtanach do shlándáil an tsoláthair bia, chomh maith le forbairt shocheacnamaíoch na bpobal áitiúil agus cruthú post ar fud an domhain; ag meabhrú, go háirithe, go mbraitheann beagnach aon bhilliún duine, i dtíortha i mbéal forbartha den chuid is mó, ar iasc agus ar bhia mara le haghaidh a bpríomhfhoinse próitéine ainmhithe; ag tabhairt dá haire go mbraitheann níos mó ná 90 % d’iascairí gabhála agus d’oibrithe iascaireachta an domhain ar iascaigh ar mionscála; á chur in iúl gur oth léi go raibh tionchar suntasach ag paindéim COVID-19 ar dhaoine atá fostaithe in earnáil an iascaigh agus an dobharshaothraithe;

    105.

    á chur i bhfáth nach mór bia inbhuanaithe ó na haigéin, ó na farraigí agus ó fhoinsí fionnuisce a tháirgeadh trí iascaireacht fhreagrach agus dobharshaothrú inbhuanaithe freagrach amháin, agus nach mór do gach táirge iascaigh agus dobharshaothraithe a thomhlaítear in AE teacht as córais bia inbhuanaithe, agus lánurraim á tabhairt do theorainneacha an phláinéid; á iarraidh ar an gCoimisiún táscairí inbhuanaitheachta a tharraingt suas le haghaidh táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe ó AE bunaithe ar chomhairle eolaíoch, agus caighdeáin inbhuanaithe chomhchosúla a éileamh do tháirgí a allmhairítear isteach i margadh an Aontais;

    106.

    á thabhairt chun suntais go bhfuil AE freagrach as 1 % de tháirgeadh domhanda algaí, agus á mheas dá bhrí sin gur cheart do na Ballstáit agus do CEMID táirgeadh algaí mara a spreagadh; á chur i bhfáth go bhfuil algaí ar cheann de na réitigh amach anseo chun cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais a bhaint amach, amhail algaí a úsáid chun dé-ocsaíd charbóin a ghabháil, trí ábhair eile a ionadú in earnálacha eacnamaíocha éagsúla, nó é a úsáid mar tháirge cothaitheach lena chaitheamh ag an duine, toisc go bhféadfadh sé a bheith ina mhórfhoinse próitéine agus de mhicreachothaithigh ar ardchaighdeán;

    107.

    á iarraidh ar an gCoimisiún breithniú a dhéanamh ar na réitigh uile chun deiseanna a fhorbairt do tháirgeadh agus d’úsáid algaí, agus freisin breithniú a dhéanamh ar na roghanna maoiniúcháin chun dlús a chur le táirgeadh algaí; á iarraidh ar an gCoimisiún gníomhú go tapa chun údarú algaí a chumasú mar bhia-ábhar nua trí na costais a bhaineann le cur i bhfeidhm a laghdú agus rochtain níos éasca ar an margadh a cheadú, agus cáilíocht agus sábháilteacht táirgí á n-áirithiú ag an am céanna;

    108.

    á chreidiúint gur gá samhlacha dobharshaothraithe inbhuanaithe a chur chun cinn a d’fhéadfadh cuidiú le caomhnú na n-éiceachóras a thugann cosaint ar éifeachtaí an athraithe aeráide; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé idirdhealú a dhéanamh idir an dobharshaothrú táirgthe agus an dobharshaothrú próiseála próitéine, go háirithe nuair a bhaineann na cleachtais sin le cleachtais a chuireann brú ar inbhuanaitheacht na n-acmhainní muirí; á mheas gur cheart go dtáirgfí ábhair bheatha atá beartaithe d’iascaigh agus dobharshaothraithe trí thalmhaíocht agus trí iascaireacht inbhuanaithe, agus gur cheart, dá bhrí sin, aon táirge a fhaightear ó iascaireacht NNN nó ó ró-iascaireacht a eisiamh;

    109.

    á mheas gur féidir le táirgeadh micrea-algaí úsáid mine éisc neamh-inbhuanaithe in iascaigh a laghdú; ag cur béim ar an ngá atá ann an dobharshaothrú orgánach a fhorbairt agus a chur chun cinn tuilleadh, mar go bhfuil acmhainneacht mhór fáis aige, agus gur féidir leas a bhaint as uirlisí agus maoiniú AE chun na críche sin; á iarraidh go ndéanfaí bailiú, próiseáil agus scaipeadh níos fearr ar staidreamh maidir le táirgeadh dobharshaothraithe orgánaigh;

    110.

    á iarraidh go gcuirfí CBI i bhfeidhm ar bhealach ginearálta maidir le cabhlaigh iascaireachta uile an Aontais chun a áirithiú go mbainisteofar gníomhaíochtaí iascaigh agus dobharshaothraithe ar bhealach inar féidir sochair shocheacnamaíocha a ghiniúint, lena gcuirfí le hinfhaighteacht táirgí bia, chomh maith le tionchar a ngníomhaíochtaí ar leith ar ghnáthóga agus ar éiceachórais mhuirí a íoslaghdú, agus líon na speiceas atá á saothrú a athbhunú agus a chothabháil os cionn leibhéil lenar féidir an uastáirgeacht inbhuanaithe a bhaint amach; á mheas nach mór é a chur i bhfeidhm agus saintréithe na n-imchuach éagsúil farraige á gcur san áireamh;

    111.

    ag leagan béim ar ról na n-earnálacha iascaigh agus dobharshaothraithe agus a ngairmithe san aistriú fuinnimh agus ar an athrú aeráide a mhaolú trí dhícharbónú agus cur chun cinn gníomhaíochtaí amhail bruscar muirí a bhailiú lena gcuidítear le geilleagar ciorclach;

    112.

    ag tabhairt rabhadh go ndéanann dumpáil dramhaíola ar muir agus gach cineál truailleán, go háirithe ó gach cineál plaistigh, dochar don chomhshaol, go mbíonn caillteanais thromchúiseacha eacnamaíocha ann d’earnáil an iascaigh agus do ghníomhaíochtaí eile, agus go mbíonn tionchar aici ar shláinte an duine tríd an mbiashlabhra ar fad; á chur in iúl gur geal léi cinneadh CEMID maoiniú a chur ar fáil d’iascairí chun trealamh iascaireachta caillte a aisghabháil, a bhailiú, a athúsáid agus a athchúrsáil, chomh maith le bruscar muirí eile; á chur in iúl gur oth léi, áfach, go bhfuil moill ann maidir le cuspóirí na Treorach Réime um Straitéis Mhuirí a bhaint amach agus á chur i bhfáth, i ndáil leis an méid sin, gur cheart feachtais feasachta agus oiliúint bhreise d’iascairí a chur chun cinn;

    113.

    á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit tacaíocht níos gníomhaí a thabhairt do nuachóiriú agus d’fhorbairt inbhuanaithe na hearnála iascaigh, go háirithe iascaigh ar mionscála, ag iarraidh trealamh iascaireachta a dhéanamh níos roghnaí, agus tionchar na hiascaireachta ar an gcomhshaol a laghdú;

    114.

    ag leagan béim ar ról Rialachán (AE) 2019/1241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le hacmhainní iascaigh a chaomhnú agus éiceachórais mhuirí a chosaint trí bhearta teicniúla (19), lena leagtar amach na bearta caomhnaithe lena rialaítear conas, cá háit agus cathain is féidir iascaireacht a dhéanamh, chun speicis íogaire agus gnáthóga íogaire a chosaint ar an leibhéal náisiúnta agus réigiúnach araon, lena méadaítear an táirgeacht iascaireachta, agus lena laghdaítear an tionchar ar éiceachórais mhuirí, go háirithe trí roghnaíocht mhéadaithe;

    115.

    á mheas go bhfuil sé tábhachtach sonraí a bhailiú go leanúnach chun measúnú níos fearr a dhéanamh ar chritéir inbhuanaitheachta agus chun cosc a chur ar bhunú limistéar iascaireachta inar sainaithníodh VMEnna;

    116.

    á iarraidh ar AE dul i ngleic go práinneach leis na tionchair dhíobhálacha a bhíonn ag teicnící iascaireachta amhail gléas grinnill, sruthlíonta, saighní grinnill nó feistí comhbhailithe éisc ar an aeráid, ar shláine ghrinneall na farraige, ar dhaonraí éisc agus ar speicis íogaire (mar fhoghabháil), lena n-áirítear trí úsáid na dteicnící sin a theorannú;

    117.

    á iarraidh, go háirithe, ar AE cosc a chur ar an úsáid a bhaintear as teicnící díobhálacha ina limistéir mhuirí atá faoi dianchosaint, agus aird á tabhairt ar an gcomhairle eolaíoch is fearr atá ar fáil; á iarraidh go n-úsáidfear CEMID chun tacaíocht éifeachtach a chur ar fáil don aistriú chuig teicnící iascaireachta atá níos roghnaí agus nach ndéanann an dochar céanna do chabhlaigh iascaireachta AE;

    118.

    á iarraidh ar AE cláir taighde eolaíoch a sheoladh agus a mhaoiniú chun gnáthóga muirí ar mhórán carbóin in uiscí an Aontais a mhapáil mar bhonn chun limistéir a ainmniú mar limistéir mhuirí atá faoi dhianchosaint, d’fhonn linnte carbóin mara a chosaint agus a athbhunú i gcomhréir le Creat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide, agus chun éiceachórais a chosaint agus a athbhunú, go háirithe iad siúd ar ghrinneall na farraige, i gcomhréir leis an Treoir Réime um Straitéis Mhuirí, lena gcosnófar iad ó ghníomhaíochtaí daonna a d’fhéadfadh cur isteach ar an gcolún uisce agus carbón a scaoileadh isteach ann, amhail oibríochtaí iascaireachta grinnill;

    119.

    á iarraidh ar AE toirmeasc a chur ar na gníomhaíochtaí tionsclaíocha eastóscacha uile a dhéanann damáiste don chomhshaol, amhail mianadóireacht agus eastóscadh breoslaí iontaise i limistéir mhuirí faoi chosaint;

    120.

    á chur i bhfáth gurb í an domhainfharraige an áit is mó éagsúlacht speiceas agus éiceachóras ar domhan, lena soláthraítear earraí agus seirbhísí comhshaoil ríthábhachtacha, lena n-áirítear ceapadh fadtéarmach carbóin, agus go bhfuil dálaí timpeallachta mar shaintréith aici a fhágann go bhfuil sí an-leochaileach do shuaitheadh daoine; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit, dá bhrí sin, tacú le moratóir idirnáisiúnta ar mhianadóireacht ar ghrinneall na domhainfharraige;

    121.

    á iarraidh go n-úsáidfear uirlisí reachtacha agus neamhreachtacha chun an Straitéis Bhithéagsúlachta a chur chun feidhme, agus go neartófaí na gníomhaíochtaí lena ndírítear ar chuspóirí na Treorach Réime um Straitéis Mhuirí a bhaint amach, chun an bhithéagsúlacht mhuirí a chaomhnú agus éiceachórais dhíghrádaithe a athbhunú agus chun iomaíochas san iascach, sa dobharshaothrú agus in earnálacha gaolmhara eile a chur chun cinn;

    122.

    á chur in iúl gur geal léi tiomantas an Choimisiúin athbhreithniú a dhéanamh ar an Treoir Réime um Straitéis Mhuirí; á iarraidh ar an gCoimisiún, agus athbhreithniú á dhéanamh aige ar an Treoir, í a ailíniú le cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip, na Straitéise Bithéagsúlachta go 2030 agus an ochtú Clár Gníomhaíochta don Chomhshaol;

    123.

    á iarraidh go ndéanfaí bearta práinneacha chun iascaireacht NNN a chomhrac, atá fós ar cheann de na bagairtí is tromchúisí do shláinte na n-éiceachóras agus d’iomaíochas eacnamaíoch na hearnála iascaigh féin; á iarraidh go mbeidh níos mó comhsheasmhachta idir beartais trádála agus iascaigh AE chun a áirithiú go ndéanfar iascaireacht NNN a chomhrac go héifeachtach;

    Comhar, eolas agus nuálaíocht

    124.

    á iarraidh go mbeadh comhar níos fearr ann idir lucht acadúil, ionaid taighde agus nuálaíochta, údaráis phoiblí agus lucht tionscail chun úsáid trealaimh, modhanna, teicnící agus cleachtas a chur chun cinn bunaithe ar an eolas eolaíoch is fearr atá ar fáil, lena bhféadfaí feabhas a chur ar éifeachtúlacht agus sábháilteacht ag an obair, ar an bhfás eacnamaíoch agus ar an iomaíochas, agus ar inbhuanaitheacht chomhshaoil; á mheabhrú a thábhachtaí atá litearthacht na n-aigéan chun an tsochaí a chur ar an eolas agus chun na saoránaigh agus na geallsealbhóirí uile a spreagadh chun dearcthaí eolasacha agus freagracha a ghlacadh maidir leis an aigéan agus na hacmhainní atá aige;

    125.

    ag tabhairt dá haire gur gné thábhachtach iad sonraí iontaofa, ardcháilíochta agus comhchuibhithe aigéin i gclaochlú inbhuanaithe an gheilleagair ghoirm;

    126.

    á thabhairt chun suntais nach féidir an acmhainneacht a bhaineann le straitéis don gheilleagar gorm a bhaint amach ach amháin trí chomhar na ngeallsealbhóirí uile; ag tabhairt dá haire go bhfuil méadú ag teacht ar an úsáid a bhaintear as sonraí agus as an intleacht shaorga san iompar muirí; á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar thionchar socheacnamaíoch uathoibriú agus dhigitiú na hearnála;

    127.

    á iarraidh ar an gCoimisiún moil eolais eolaíoch a fhorbairt agus a fheabhsú tuilleadh amhail Seirbhís Mhuirí Copernicus agus an Líonra Breathnóireachta agus Sonraí Muirí Eorpach, lena gcuirtear eolas fíorluachmhar ar fáil ar fharraigí agus ar aigéin na hEorpa; á chur i bhfios go méadaíonn iascaireacht áineasa eolas faoin timpeallacht uisceach chomh maith leis an ngealltanas an timpeallacht sin a chosaint;

    128.

    á chur in iúl gur geal léi gur bunaíodh misean aigéin mar chuid den chlár Fís 2030; á iarraidh go mbeadh níos mó soiléireachta agus cumarsáide ann maidir leis an sceideal do ghlaonna ar thairiscintí a bhaineann leis an misean sin;

    129.

    ag cur béim ar an ngá atá ann bailiú sonraí maidir le faireachán socheacnamaíoch agus faireachán comhshaoil a chomhchuibhiú, chomh maith le faireachán a dhéanamh ar éiceachórais bheo agus ar stoic éisc; á chur i bhfáth gur cheart na sonraí a bhailítear a chur san áireamh freisin chun tionchar gníomhaíochtaí muirí eile a rialáil;

    130.

    á chreidiúint gur gá an teorainn olltonnáiste, mar chritéar chun acmhainn iascaireachta a thomhas, a chur in oiriúint do réaltacht na hearnála agus don ghá atá ann innill níos nua-aimseartha, níos lú truaillithe agus níos tíosaí ar fhuinneamh a úsáid; ag tathant ar an gCoimisiún, sa chomhthéacs sin, na critéir sin a athbhreithniú chun feabhas a chur ar shábháilteacht agus ar dhálaí oibre agus maireachtála, chomh maith leis na hathruithe is gá a cheadú chun feabhas a chur ar inbhuanaitheacht an chomhshaoil, chun níos mó oibrithe óga a mhealladh chuig an earnáil agus chun a áirithiú nach mbeidh tionchar níos lú ar an gcomhshaol agus nach dtiocfaidh méadú ar an acmhainn iascaireachta;

    131.

    á iarraidh ar an gCoimisiún sonraí comhsheasmhacha a bhailiú lena gcumasófaí bainistiú cliste na turasóireachta cósta agus lena seachnófaí brú ar éiceachórais agus ar phobail áitiúla, chomh maith le hiomaíocht le gníomhaíochtaí traidisiúnta, amhail iascaireacht ar mionscála agus chósta;

    132.

    ag leagan béim ar a thábhachtaí atá na bearta bainistithe agus oiriúnaithe is gá chun pobail chósta, gnáthóga agus bithéagsúlacht a chosaint, agus a d’fhágfadh go gcaithfí cistí go maith i bhfianaise thionchair ollmhóra an athraithe aeráide agus na gcostas a bhaineann leo; á iarraidh ar an gCoimisiún córas rabhaidh agus breathnóireachta a bhunú maidir le stoirmeacha agus tuilte níos minice, faireachán comhshaoil agus sláinte leormhaith a chur ar fáil agus taighde a dhéanamh ar réamhrabhaidh; á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar chásanna agus ar bhearta éagsúla chun aghaidh a thabhairt ar arduithe a d’fhéadfadh teacht ar leibhéal na mara agus ar eachtraí adhaimsire;

    133.

    á mheabhrú go bhfuil uirlisí ann amhail an clár Eorpach CleanSeaNet, arb é is aidhm dóibh faireachán a dhéanamh ar thruailliú ola; ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil comhar réigiúnach, lena n-áirítear le tríú tíortha, bunriachtanach, go háirithe sa Mheánmhuir; á iarraidh ar an gCoimisiún, dá bhrí sin, an malartú faisnéise agus an comhar idir tíortha a fheabhsú; ag leagan béim ar an tábhacht a bhaineann le pleanáil spásúil mhuirí atá comhoibríoch, cuimsitheach agus trasearnála agus a chuireann ábhair imní socheacnamaíocha, chomhshaoil agus bithéagsúlachta san áireamh; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá an t-aistriú fuinnimh, inar féidir le hearnáil an gheilleagair ghoirm teicneolaíochtaí in-athnuaite giniúna cumhachta amach ón gcósta a chur chun cinn, amhail fuinneamh taoide, tonnta, gréine agus gaoithe; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé tacú le tionscal na loingseoireachta agus an iompair mhuirí a dhícharbónú, teicneolaíochtaí inbhuanaithe a fhorbairt agus úsáid foinsí fuinnimh in-athnuaite agus astaíochtaí ísle a mhéadú;

    134.

    ag tacú le prionsabal na forbartha inbhuanaithe faoi chuimsiú an gheilleagair ghoirm mar spreagadh d’fhás eacnamaíoch san Aontas, go háirithe i réigiúin an Atlantaigh, na Meánmhara agus Mhuir Bhailt, mar bhealach chun na gníomhaíochtaí earnála agus trasearnála uile a bhaineann le haigéin, farraigí agus limistéir chósta, lena n-áirítear iompar muirí, tógáil agus deisiú long, biteicneolaíocht, turasóireacht inbhuanaithe, gaoth ón talamh, iascaireacht tráchtála agus áineasa, dobharshaothrú, agus fuinneamh tonnta agus taoide; á iarraidh ar an gCoimisiún taighde, forbairt agus nuálaíocht a chur chun cinn lena gcuirtear leis an turasóireacht inbhuanaithe, le héifeachtúlacht acmhainní agus le fuinneamh in-athnuaite; á chur i bhfáth go háirithe go bhféadfadh an fuinneamh in-athnuaite amach ón gcósta a bheith ina chuid thábhachtach de chóras fuinnimh na hEorpa faoi 2050; agus á iarraidh go gcruthófaí dreasachtaí agus cistiú le haghaidh infheistíochtaí i mbonneagar calafoirt chun seirbhísiú thionscal an fhuinnimh inathnuaite amach ón gcósta a éascú;

    135.

    á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go bhfuil a ról á bhaint amach agus á choinneáil ag AE mar cheannaire teicneolaíochta, tallann a choinneáil agus fuinneamh a tháirgeadh, agus aon tionchar a d’fhéadfadh a bheith aige ar an muirthimpeallacht a laghdú ag an am céanna;

    136.

    ag leagan béim ar a thábhachtaí atá nuálaíocht san iascaireacht chun feabhas a chur ar fheidhmíocht chomhshaoil agus eacnamaíoch na hiascaireachta, agus á iarraidh cur chuige nua i leith na nuálaíochta nach n-eascróidh méadú ar an acmhainn iascaireachta as an nuálaíocht agus as an nuachóiriú;

    137.

    ag tathant ar an gCoimisiún, ar na Ballstáit agus ar na réigiúin oibriú le chéile d’fhonn tionscnaimh áitiúla a chur chun cinn agus tacú leo chun slite beatha, traidisiúin agus oidhreacht chultúrtha a bhaineann leis an iascach agus leis an dobharshaothrú a chaomhnú;

    138.

    á iarraidh ar an gCoimisiún, i bhfianaise staid leochaileach na réigiún is forimeallaí, tacaíocht láidir a chur ar fáil don nuálaíocht agus don taighde, agus é mar aidhm léi cleachtais agus teicnící nuálacha, comhshaoil, sóisialta agus eacnamaíocha a fhorbairt san iascach agus sa dobharshaothrú sna réigiúin sin, agus ar an gcaoi sin ról ceannasach a thabhairt do na réigiúin sin i rialachas na n-aigéan;

    139.

    á thabhairt chun suntais go bhfuil tionchar mór comhshaoil agus socheacnamaíoch ag an mbruscar muirí sna réigiúin sin, agus dá bhrí sin á iarraidh ar an gCoimisiún lárionad a bhunú chun truailliú plaisteach muirí a chomhrac, i réigiún forimeallach más féidir, agus saineolas aige i nuálaíocht, i bhforbairt agus i gcomhar le geallsealbhóirí agus comhlachais iascaigh agus dobharshaothraithe, agus é de chúram air straitéisí agus beartais inbhuanaitheachta a ghlacadh a d’fhéadfaí a mhacasamhlú i réigiúin eile;

    140.

    á mheas go bhfuil sé tábhachtach feasacht dhearfach tomhaltóirí a ardú maidir le luach cothaitheach táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe; á chur i bhfios go bhfuil sé fíor-riachtanach faisnéis iomchuí a thabhairt do thomhaltóirí chun athruithe a dhéanamh ar na nósanna tomhaltais agus chun tomhaltas táirgí mara nach bhfuil ar eolas chomh maith ó uiscí na hEorpa a chur chun cinn;

    141.

    ag cur béim ar an ngá atá ann feasacht tomhaltóirí a ardú maidir le táirgí atá bunaithe ar algaí, glacadh tomhaltóirí a mhéadú, agus feasacht tomhaltóirí a ardú maidir le cur amú bia; á athdhearbhú nach mór faisnéis do thomhaltóirí a fheabhsú trí lipéadú éifeachtach, lena n-áirítear lipéadú inbhuanaitheachta;

    o

    o o

    142.

    á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig Coiste na Réigiún agus chuig an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta.

    (1)  IO L 354, 28.12.2013, lch. 22.

    (2)  IO L 247, 13.7.2021, lch. 1.

    (3)  IO L 164, 25.6.2008, lch. 19.

    (4)  IO L 257, 28.8.2014, lch. 135.

    (5)  IO L 288, 6.11.2007, lch. 27.

    (6)  IO L 328, 21.12.2018, lch. 82.

    (7)  IO C 67, 8.2.2022, lch. 25.

    (8)  Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2021)0425.

    (9)  https://blueindicators.ec.europa.eu/sites/default/files/2021_06_BlueEconomy_Report-2021.pdf.

    (10)  https://cinea.ec.europa.eu/system/files/2021-05/Sustainability% 20criteria%20for%20the%20blue%20economy%20.pdf.

    (11)  IO C 316, 22.9.2017, lch. 64.

    (12)  IO C 458, 19.12.2018, lch. 9.

    (13)  IO C 494, 8.12.2021, lch. 14.

    (14)  IO C 117, 11.3.2022, lch. 30.

    (15)  IO C 99, 1.3.2022, lch. 88.

    (16)  IO C 117, 11.3.2022, lch. 18.

    (17)  http://bluegrowthvigo.eu/

    (18)  https://ec.europa.eu/eurostat/statistics-explained/index.php?title=Fishery_statistics# Fisheries:_the_factors_of_production.

    (19)  IO L 198, 25.7.2019, lch. 105.


    Top