This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 52022DP0003
European Parliament decision of 20 January 2022 on the nomination of Marek Opiola as a Member of the Court of Auditors (C9-0406/2021 — 2021/0803(NLE))
Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa an 20 Eanáir 2022 maidir le hainmniú Marek Opiola mar Chomhalta den Chúirt Iniúchóirí (C9-0406/2021 – 2021/0803(NLE))
Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa an 20 Eanáir 2022 maidir le hainmniú Marek Opiola mar Chomhalta den Chúirt Iniúchóirí (C9-0406/2021 – 2021/0803(NLE))
IO C 336, 2.9.2022, p. 38–38
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
IO C 336, 2.9.2022, p. 8–8
(GA)
|
2.9.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 336/8 |
P9_TA(2022)0003
Ainmniú comhalta den Chúirt Iniúchóirí – Marek Opiola
Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa an 20 Eanáir 2022 maidir le hainmniú Marek Opiola mar Chomhalta den Chúirt Iniúchóirí (C9-0406/2021 – 2021/0803(NLE))
(Comhairliúchán)
(2022/C 336/07)
Tá Parlaimint na hEorpa,
|
— |
ag féachaint d’Airteagal 286(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá bhun a chuaigh an Chomhairle i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa (C9-0406/2021), |
|
— |
ag féachaint do Riail 129 dá Rialacha Nós Imeachta, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0004/2022), |
|
A. |
de bhrí go ndeachaigh an Chomhairle, i litir an 5 Samhain 2021, i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa maidir le Marek Opiola a ainmniú mar Chomhalta den Chúirt Iniúchóirí; |
|
B. |
de bhrí go ndeachaigh an Coiste um Rialú Buiséadach i bParlaimint na hEorpa ar aghaidh le meastóireacht a dhéanamh ar dhintiúir an ainmní, go háirithe i bhfianaise na gceanglas a leagtar síos in Airteagal 286(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh; |
|
C. |
de bhrí gur thionóil an coiste éisteacht leis an ainmní ina dhiaidh sin an 10 Eanáir 2022, éisteacht ina ndearna an t-ainmní ráiteas tosaigh agus inar fhreagair an t-ainmní ceisteanna ó chomhaltaí an choiste ina dhiaidh sin; |
|
1. |
ag tabhairt tuairim neamhfhabhrach ar ainmniú Marek Opiola ag an gComhairle mar Chomhalta den Chúirt Iniúchóirí, agus á iarraidh ar an gComhairle a hainmniúchán a tharraingt siar agus ceann nua a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa; |
|
2. |
á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus, mar fhaisnéis, chuig an gCúirt Iniúchóirí, chuig institiúidí eile an Aontais Eorpaigh agus chuig institiúidí iniúchóireachta na mBallstát. |