EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52022DC0407

TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA, CHUIG AN gCOMHAIRLE EORPACH AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE Tuairim ón gCoimisiún maidir le hiarratas na hÚcráine ar bhallraíocht san Aontas Eorpach

COM/2022/407 final

An Bhruiséil,17.6.2022

COM(2022) 407 final

TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA, CHUIG AN gCOMHAIRLE EORPACH AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE

Tuairim ón gCoimisiún maidir le hiarratas na hÚcráine ar bhallraíocht san Aontas Eorpach


A.    RÉAMHRÁ

Is tosaíocht thábhachtach don Úcráin, dá rialtais agus dá saoránaigh le blianta beaga anuas í an uaillmhian atá acu a bheith ina ball den Aontas Eorpach. Tá an uaillmhian sin ina bunchúis le hathruithe daonlathacha le 10 mbliana anuas agus spreag sí roinnt príomh‑athchóirithe a bhí bunaithe ar luachanna Eorpacha. Ag deireadh 2013, rinne an tUachtarán ag an am cinneadh gan an Comhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Úcráin a shíniú, comhaontú a bhí ina shiombail do chuid mhaith de mhuintir na hÚcráine ar bhealach i dtreo an Aontais, agus mar thoradh ar an gcinneadh sin, eagraíodh agóidí mórscála in aghaidh na n‑údarás. Ina dhiaidh sin, chuaigh Cónaidhm na Rúise i gcoinne na hÚcráine, agus níor ghlac sí le rogha neamhspleách mhuintir na hÚcráine. Cé gur chaill an Úcráin smacht ar chuid dá críoch agus cé gur cailleadh daoine agus go raibh caillteanais eacnamaíocha ann mar gheall ar an gcoinbhleacht in oirthear na tíre, lean sí uirthi i gcaitheamh na mblianta mar dhaonlathas buanseasmhach a bhí ag éirí níos gaire don Aontas Eorpach agus a bhí ag ailíniú de réir a chéile leis an acquis.

a) Iarratas ar bhallraíocht

An 28 Feabhra 2022, 5 lá tar éis don Rúis fogha iomlán gan chúis gan údar a thabhairt faoin Úcráin, chuir an Úcráin a hiarratas ar bhallraíocht san Aontas i láthair. An 7 Márta 2022, d’iarr Comhairle an Aontais Eorpaigh ar an gCoimisiún a Thuairim a thíolacadh maidir leis an iarratas sin. D’fhormhuinigh Cinn Stáit agus Rialtais an Aontais an cinneadh sin ag cruinniú neamhfhoirmiúil na gceannairí in Versailles 1 .

Luaitear in Airteagal 49 den Chonradh ar an Aontas Eorpach ‘aon Stát Eorpach a urramaíonn na luachanna dá dtagraítear in Airteagal 2 agus atá tiomanta iad a chur chun cinn go bhféadfaidh siad iarratas a dhéanamh chun bheith ina bhall den Aontas. Cuirfear Parlaimint na hEorpa agus na parlaimintí náisiúnta ar an eolas faoin iarratas sin. Díreoidh an Stát iarrthach a iarratas chuig an gComhairle a ghníomhóidh d’aon toil tar éis dul i gcomhairle leis an gCoimisiún agus tar éis di toiliú a fháil ó Pharlaimint na hEorpa, a ghníomhóidh trí thromlach de na comhaltaí a chomhdhéanann í. Tabharfar aird ar na coinníollacha incháilitheachta a dhéanfaidh an Chomhairle Eorpach a chomhaontú.’

Luaitear in Airteagal 2 go bhfuil ‘an tAontas fothaithe ar luachanna maidir le meas ar dhínit an duine, ar an tsaoirse, ar an daonlathas, ar an gcomhionannas, ar an smacht reachta agus na hurraime do chearta an duine, lena n‑áirítear cearta daoine ar de ghrúpaí mionlaigh iad. Is comhluachanna ag na Ballstáit na luachanna sin i sochaí ina bhfuil an t‑iolrachas, an neamhidirdhealú, an chaoinfhulaingt, an ceartas, an dlúthpháirtíocht agus an comhionannas idir mná agus fir i réim.’

Is faoin gcreat dlíthiúil sin a dhéanann an Coimisiún an Tuairim seo a thíolacadh.

I mí an Mheithimh 1993 i gCóbanhávan, tháinig an Chomhairle Eorpach ar an gconclúid seo a leanas:

Tarlóidh an t‑aontachas a luaithe a bheidh tír in ann na hoibleagáidí a bhaineann le ballraíocht a ghlacadh trí na coinníollacha eacnamaíocha agus polaitiúla is gá a chomhlíonadh.

Tá gá leis an méid seo a leanas chun ballraíocht a bhaint amach:

-tá cobhsaíocht bainte amach ag an tír is iarrthóir sna hinstitiúidí lena ráthaítear an daonlathas, an smacht reachta, cearta an duine agus meas ar mhionlaigh agus cosaint dóibh;

- tá geilleagar margaidh feidhmiúil ann, chomh maith leis an acmhainn chun déileáil le brú iomaíoch agus le fórsaí margaidh laistigh den Aontas;

-tá an cumas ag an tír na hoibleagáidí a bhaineann le ballraíocht a ghlacadh, lena náirítear comhlíonadh aidhmeanna an aontais pholaitiúil, eacnamaíoch agus airgeadaíochta’.

I mí na Nollag 1995, i Maidrid, thagair an Chomhairle Eorpach don ghá atá leis na coinníollacha a chruthú do lánpháirtiú comhleanúnach comhchuibhiúil na dtíortha [iarrthacha], go háirithe tríd an ngeilleagar margaidh a fhorbairt, trína gcuid struchtúr riaracháin a oiriúnú agus trí thimpeallacht chobhsaí eacnamaíoch agus airgeadaíochta a chruthú’.

I mí na Nollag 2006, chomhaontaigh an Chomhairle Eorpach gurb í ‘an straitéis um méadú atá bunaithe ar chomhdhlúthú, ar choinníollacht agus ar chumarsáid, mar aon le cumas an Aontais comhaltaí nua a lánpháirtiú, is bonn le comhthoil athnuaite maidir leis an méadú’.

Sa Tuairim seo, déanann an Coimisiún measúnú ar iarratas na hÚcráine ar bhonn a cumais na critéir a chomhlíonadh a leag an Chomhairle Eorpach síos i gCóbanhávan in 1993, agus i Maidrid in 1995, go háirithe maidir le cumas riaracháin na tíre. Cuirtear san áireamh sa Tuairim freisin iarrachtaí na hÚcráine a cuid oibleagáidí a chur chun feidhme faoin gComhaontú Comhlachais (AA) agus faoin Limistéar Domhain Cuimsitheach Saorthrádála (DCFTA), a tháinig i bhfeidhm an 1 Meán Fómhair 2017. Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an tionchar a bheidh ag aontachas na hÚcráine ar réimsí beartais an Aontais amach anseo.

Ullmhaíodh an Tuairim seo de réir modheolaíochta atá cosúil leis an modheolaíocht a úsáideadh i dTuairimí ón gCoimisiún roimhe seo. Fuair an Úcráin ceistneoirí an 8 Aibreán 2022 maidir leis na critéir pholaitiúla agus eacnamaíocha agus an 13 Aibreán maidir le caibidlí acquis an Aontais agus chuir sí a freagraí ar fáil an 17 Aibreán agus an 9 Bealtaine faoi seach. Is measúnú struchtúrach í an Tuairim seo i gcomparáid le critéir bhunaithe agus cuireann sí leis an eolas agus leis an taithí a fuarthas i gcaitheamh na mblianta fada de dhlúthchomhar idir an tAontas Eorpach agus an Úcráin.

b) Caidreamh idir an tAontas Eorpach agus an Úcráin

8 mbliana tar éis ionghabháil neamhdhleathach na Crimé agus dhíchobhsú oirthear na hÚcráine in 2014, rinne an Rúis ionradh míleata ar mórscála ar an tír iomlán an 24 Feabhra 2022. Theith breis agus seacht milliún duine go dtí tíortha eile, go háirithe Ballstáit an Aontais agus Poblacht na Moldóive, agus tá beagnach ocht milliún duine easáitithe ina dtír féin laistigh den Úcráin. Ghlac an tAontas roinnt pacáistí smachtbhannaí i gcoinne na Rúise nach bhfacthas a leithéid riamh cheana 2 . Chuir sé dlús suntasach lena thacaíocht pholaitiúil, airgeadais, dhaonnúil agus mhíleata freisin. Léirigh saoránaigh na hEorpa dlúthpháirtíocht nach bhfacthas a leithéid riamh cheana trí thionscnaimh phríobháideacha éagsúla. Le linn an chogaidh, tá láidreacht institiúideach, diongbháilteacht agus cumas feidhmithe iontach léirithe ag rialtas na hÚcráine. Shlóg sí í féin chun freagra tapa a thabhairt ar cheistneoir an Aontais maidir lena hiarratas ar bhallraíocht.

Cuireadh tús leis an gcaidreamh idir an tAontas agus an Úcráin siar sa tréimhse tar éis fhógairt neamhspleáchas na hÚcráine in 1991. I mí an Mheithimh 1994, shínigh an tAontas Comhaontú Comhpháirtíochta agus Comhair leis an Úcráin, a tháinig i bhfeidhm i mí an Mhárta 1998. Cuireadh feabhas ar an gcomhar polaitiúil agus eacnamaíoch in 2004 nuair a rinneadh comhpháirtí tosaíochta de chuid an Aontais den Úcráin laistigh de Bheartas Comharsanachta na hEorpa agus neartaíodh an comhar sin a thuilleadh nuair a seoladh Tionscnamh Chomhpháirtíocht an Oirthir in 2009.

Le blianta fada anuas, is gné thábhachtach de bheartas eachtrach agus inmheánach na hÚcráine é lánpháirtiú leis an Aontas Eorpach. An Réabhlóid Oráiste in 2004 i gcoinne na calaoise toghcháin agus an éillithe, bhain sí leis an treoshuíomh i dtreo an Iarthair agus an lánpháirtithe leis an Aontas freisin. Tar éis na dtoghchán parlaiminteach i mí an Mhárta 2006, chinn an tAontas tús a chur le comhairliúcháin d’fhonn comhaontú feabhsaithe nua a chaibidliú leis an Úcráin. Cuireadh tús leis an gcaibidlíocht i mí an Mhárta 2007. Cuireadh inisealacha leis an dréacht‑Chomhaontú Comhlachais i mí an Mhárta 2012. Tharla Réabhlóid na Dínite in 2014 toisc gur dhiúltaigh Uachtarán na hÚcráine ag an am an Comhaontú Comhlachais/an Limistéar Domhain Cuimsitheach Saorthrádála (AA/DCFTA) a shíniú.

Tar éis Réabhlóid na Dínite, rinne an Rúis an Chrimé a ionghabháil go mídhleathach agus thacaigh sí le grúpaí armtha mídhleathacha in oirthear na hÚcráine. Cháin an tAontas agus an comhphobal idirnáisiúnta na sáruithe tromchúiseacha sin ar an dlí idirnáisiúnta, agus d’fhorchuir an tAontas smachtbhannaí in aghaidh Chónaidhm na Rúise ina dhiaidh sin.

Shínigh rialtas nua na hÚcráine, a tháinig i bhfeidhm tar éis Réabhlóid na Dínite, an chuid pholaitiúil den Chomhaontú Comhlachais i mí an Mhárta 2014. Síníodh an chuid eacnamaíoch de AA/DCFTA tar éis an toghcháin uachtaránachta i mí na Bealtaine 2014. Cuireadh codanna móra den chomhaontú i bhfeidhm go sealadach ó bhí 2014 ann. Tháinig AA/DCFTA i bhfeidhm go hiomlán i mí Mheán Fómhair 2017.

Le AA/DCFTA, cuirtear bonn ar fáil le haghaidh an chomhlachais pholaitiúil agus an lánpháirtithe eacnamaíoch idir an tAontas Eorpach agus an Úcráin. Sa bhrollach, d’aithin an tAontas mianta Eorpacha na hÚcráine agus ba dhíol sásaimh dó an rogha Eorpach atá aici lena n‑áirítear a gealltanas daonlathas domhain inbhuanaithe agus geilleagar margaidh a fhorbairt. Faoi láthair, is é an comhaontú an phríomhionstraim dhlíthiúil dhéthaobhach atá mar bhonn le naisc pholaitiúla a dhoimhniú, le naisc eacnamaíocha níos láidre, le luachanna coiteanna a chur chun cinn agus le comhar feabhsaithe i réimsí leasa fhrithpháirtigh. Ar bhonn AA/DCFTA. rinne an Úcráin roinnt athchóirithe dúshlánacha agus d’éirigh léi an reachtaíocht a ailíniú leis an Aontas Eorpach i roinnt mhaith réimsí.

Tá Ardán Sochaí Sibhialta AE-na hÚcráine ar cheann de na comhlachtaí a bunaíodh faoin gComhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Úcráin. Leis an Ardán, cuirtear ar a gcumas d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta ar an dá thaobh faireachán a dhéanamh ar an bpróiseas cur chun feidhme agus moltaí a ullmhú do na húdaráis ábhartha.

In 2019, le leasú bunreachta lenar thacaigh 335 as 450 Feisire de Pharlaimint na hÚcráine, sainíodh gurb é cúrsa straitéiseach an stáit ‘ballraíocht iomlán na hÚcráine san Aontas Eorpach agus in Eagraíocht Chonradh an Atlantaigh Thuaidh’.

Is páirtí conarthach í an Úcráin i gConradh an Chomhphobail Fuinnimh agus sa Chomhaontú maidir leis an gComhlimistéar Eitlíochta, rud a chuidíonn le reachtaíocht na hÚcráine a chomhfhogasú le acquis an Aontais. Tá an Úcráin ina cuid de ghréasán leathnaithe TEN-T.

Tairbhíonn saoránaigh na hÚcráine de thaisteal gan víosa chuig limistéar Schengen ó bhí an 11 Meitheamh 2017 ann. Tá comhaontú maidir le hathligean isteach idir an tAontas agus an Úcráin i bhfeidhm ó bhí 2007 ann.

Ó bhí 1997 ann, tá an tAontas agus an Úcráin ag teacht le chéile ar ardleibhéal. San iomlán, tionóladh 23 Chruinniú Mullaigh ar leibhéal na huachtaránachta idir an tAontas Eorpach agus an Úcráin go dtí seo. Forbraíodh an caidreamh, agus tá méadú tagtha ar rannpháirtíocht agus ar mhóiminteam ó shin. An t‑idirphlé nua idir an tAontas Eorpach agus an Úcráin maidir leis an gComhaontú Glas agus maidir leis an gcibearshlándáil a seoladh in 2021, is dea-shampla é den chomhar atá ag leathnú i réimsí comhleasa straitéisigh. Ghlac an tAontas Eorpach, i gcomhar le roinnt mhaith comhpháirtithe idirnáisiúnta eile, páirt in Ardán Idirnáisiúnta na Crimé in 2021 a bunaíodh san Úcráin mar fhormáid chomhairleach chomhordúcháin agus é d’aidhm aige deireadh a chur go síochánta le hionghabháil neamhdhleathach na Rúise ar an leithinis.

Is comhalta iomlán de na Náisiúin Aontaithe agus de Chomhairle na hEorpa í an Úcráin, agus is stát rannpháirteach den Eagraíocht um Shlándáil agus Comhar san Eoraip (ESCE) í.

Thug an tAontas cúnamh airgeadais mór don Úcráin idir na blianta 2014 go 2021, cúnamh dar luach EUR 1.7 billiún i ndeontais faoin Ionstraim Eorpach Chomharsanachta, EUR 5.6 billiún faoi chúig chlár cúnaimh macrairgeadais i bhfoirm iasachtaí, EUR 194 mhilliún i gcabhair dhaonnúil agus EUR 355 mhilliún ó ionstraimí beartais eachtraigh. Tugann an tAontas a thacaíocht don Úcráin le haghaidh forbairt beartas agus athchóirithe cuimsitheacha, agus rannpháirtíocht láidir ó na Ballstáit ann de mheon Fhoireann na hEorpa. Maidir leis an gclársceidealú ilbhliantúil atá ann faoi láthair, leag an Coimisiún béim níos mó ar infheistíochtaí agus ar thosaíochtaí suaitheanta faoi Phlean Eacnamaíoch agus Infheistíochta 3 , lena bhféachtar le suas le EUR 6.5 billiún a scaoileadh in infheistíochtaí poiblí agus príobháideacha don tír agus a bheidh mar bhonn le hatógáil amach anseo. Beidh an cur chuige a forbraíodh faoin bPlean Eacnamaíoch agus Infheistíochta ina bhonn maith le haon phlean atógála amach anseo.

Ó ionsaí na Rúise, chuir an tAontas dlús lena thacaíocht, agus shlóg sé tuairim is EUR 4.1 billiún le haghaidh athléimneacht fhoriomlán eacnamaíoch, shóisialta agus airgeadais na hÚcráine i bhfoirm cúnamh éigeandála macra-airgeadais, tacaíocht bhuiséadach, cúnamh éigeandála, freagairt ar ghéarchéimeanna agus cabhair dhaonnúil. Áirítear leis sin freisin bearta cúnaimh mhíleata chun tacú leis an Úcráin faoin tSaoráid Eorpach Síochána, saoráid ina bhfuil EUR 2 bhilliún a úsáidfear chun an tacaíocht mhíleata chomhchineáil a thugann siad don Úcráin a aisíoc leis na Ballstáit.

Roimh chogadh foghach na Rúise agus lena linn, d’oibrigh an tAontas i gcomhar le hinstitiúidí airgeadais chun tacú leis an Úcráin. Ó bhí 2014 ann, tá EUR 9.5 billiún slógtha ag an mBanc Eorpach Infheistíochta (BEI) agus ag an mBanc Eorpach Athfhoirgníochta agus Forbartha in iasachtaí leis an Úcráin. As sin, tá EUR 668 milliún eisíoctha ag BEI le buiséad na hÚcráine le roinnt seachtainí anuas. Tá an tAontas ag obair i ndlúthchomhar leis an mBanc Domhanda agus leis an gCiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta, atá mar phríomh‑chomhpháirtithe in iarrachtaí na hÚcráine ó bhí 2014 ann.

Ó 2014, nuair a bunaíodh an Grúpa Tacaíochta don Úcráin, d’athraigh an tAontas a chláir chúnaimh ó bhonn. D’imigh sé ó thionscadail aonair go pacáistí tacaíochta comhleanúnacha níos mó le haghaidh príomh‑athchóirithe agus chun institiúidí stáit a thógáil. Beidh an t‑athrú tábhachtach sin an‑ábhartha maidir le hatógáil agus athchóiriú na hÚcráine tar éis an chogaidh.

Ó bhí 2016 ann, leathnaigh an Úcráin a rannpháirtíocht i gcláir an Aontais de réir a chéile, rud a chomhaontaigh an tAontas go páirteach. Go sonrach, glacann an Úcráin páirt sna cláir Fís 2020 agus Fís Eorpach, i gClár Taighde agus Oiliúna Euratom, in COSME, in Eoraip na Cruthaitheachta agus i gcláir EU4Youth. Is féidir le heagraíochtaí agus le daoine aonair ón Úcráin tairbhiú de ghníomhaíochtaí áirithe de chuid Erasmus+ agus Chlár an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh. I roinnt clár eile amhail, an Ciste Eorpach Muirí agus Iascaigh. Tá an Úcráin rannpháirteach i roinnt clár Interreg agus is comhalta í de Straitéis mhacrairéigiúnach an Aontais do réigiún na Danóibe.

Tá socruithe oibre, comhaontuithe comhair nó meabhráin tuisceana tugtha i gcrích ag an Úcráin le roinnt gníomhaireachtaí de chuid an Aontais amhail an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta (Frontex), Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Oiliúint i bhForfheidhmiú an Dlí (CEPOL), an Lárionad Faireacháin Eorpach um Dhrugaí agus um Andúil i nDrugaí (EMCDDA), Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar Ceartais Choiriúil (EUROJUST), an Oifig Eorpach Póilíní (Europol), an Oifig Eorpach Frith‑Chalaoise (OLAF), Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta an Aontais Eorpaigh (EASA), an Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí (EMSA), Gníomhaireacht Iarnróid an Aontais Eorpaigh (ERA), an Fhondúireacht Eorpach Oiliúna (ETF), an Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach (EMA), an Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair (EU-OSHA), an Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú (ECDC) agus gníomhaireachtaí eile. Tá an Úcráin rannpháirteach, gan cearta vótála, in Oifig Chomhlacht na Rialálaithe Eorpacha um Chumarsáid Leictreonach (BEREC). Cuireadh i gcrích socruithe nós imeachta maidir leis an Úcráin a bheith páirteach i gclár LIFE.

Tá an Úcráin ina rannpháirtí i gComhpháirtíocht an Oirthir (EaP). Tá EaP bunaithe ar phrionsabal na cuimsitheachta agus na difreála. Le cogadh na Rúise san Úcráin, léiríodh go bhfuil comhar agus comhtháthú iltaobhach, chomh maith le hathléimneacht an réigiúin a neartú, níos tábhachtaí anois ná riamh. Beidh sé tábhachtach amach anseo díriú ar an gcaidreamh déthaobhach, ionas go mbeidh an Úcráin in ann príomh‑athchóirithe a chur chun feidhme, lena n‑áirítear i réimse an rialachais, an cheartais agus an smachta reachta.

B.    CRITÉIR LE hAGHAIDH BALLRAÍOCHTA

1. CRITÉIR PHOLAITIÚLA

Tá an measúnú seo bunaithe ar chritéir Chóbanhávan a bhaineann le cobhsaíocht na n‑institiúidí lena ráthaítear an daonlathas, an smacht reachta, cearta an duine agus meas ar mhionlaigh agus cosaint dóibh.

1.1 Daonlathas

Mar a bhunaítear lena Bunreacht, is daonlathas parlaiminteach‑uachtaránachta í an Úcráin ina bhfeidhmíonn an Tionól Parlaiminteach (Verkhovna Rada) na cumhachtaí reachtacha agus ina bhfeidhmíonn an Rialtas na cumhachtaí feidhmiúcháin, agus coinníonn an tUachtarán cumhachtaí feidhmiúcháin tábhachtacha.

Déantar foráil sa Bhunreacht maidir le prionsabail bhunúsacha an stáit dhaonlathaigh, lena n‑áirítear an smacht reachta, saorthoghcháin agus cosaint chearta an duine. Cinntear tosaíocht an dlí idirnáisiúnta go sainráite leis an mBunreacht, rud a fhágann go bhfuil na conarthaí idirnáisiúnta atá i bhfeidhm ina ndlúthchuid cheangailteach de reachtaíocht náisiúnta na hÚcráine.

Is í Cúirt Bhunreachtúil na hÚcráine (CCU) an t‑aon chomhlacht a fhéadfaidh an Bunreacht a léirmhíniú agus a chinneadh cé acu atá an reachtaíocht i gcomhréir leis nó nach bhfuil, agus tá géarghá fós le hathchóiriú ar an gCúirt i gcomhréir le moltaí Choimisiún na Veinéise. Is cuid lárnach d’athchóiriú den sórt sin nós imeachta roghnúcháin atá inchreidte agus trédhearcach a thabhairt isteach chun breithiúna a cheapadh ar CCU, lena n‑áirítear seiceáil ionracais. Tá an reachtaíocht ábhartha ar feitheamh sa Pharlaimint.

Faoina Bunreacht, is é Uachtarán na hÚcráine an ceann stáit, arb iad na saoránaigh a thoghann go díreach é ar feadh téarma oifige 5 bliana. Is é an tUachtarán atá freagrach go foirmiúil as an mbeartas eachtrach, agus is é Ardcheannasaí Uachtarach an Airm é freisin. Tá sé de cheart ag an Uachtarán na hairí cosanta agus gnóthaí eachtracha a roghnú agus gobharnóirí áitiúla a cheapadh. Is é an Rialtas a fheidhmíonn an chumhacht feidhmiúcháin, agus sa Rialtas tá Príomh‑Aire, an Chéad Leas‑Phríomh‑Aire, trí Leas‑Phríomh‑Aire agus 18 n‑aire. Ar an iomlán, tá acmhainneachtaí leordhóthanacha ag an rialtas chun beartais a phleanáil. Le linn an chogaidh, léirigh rialtas na hÚcráine athléimneacht institiúideach agus cumas feidhmithe agus bhí sé fós ina chomhpháirtí idirnáisiúnta iontaofa.

Is í an Pharlaimint, ar a dtugtar Verkhovna Rada, comhlacht reachtach na hÚcráine, a fheidhmíonn rialú daonlathach éifeachtach ar an mbrainse feidhmiúcháin. Tá ról lárnach ag an bParlaimint maidir leis an Rialtas, agus cinn agus comhaltaí roinnt institiúidí poiblí eile, a cheapadh agus a dhífhostú. Tá 450 teachta sa Pharlaimint agus toghtar ar feadh téarma 5 bliana iad. Tá 26 shuíochán fholmha in Verkhovna Rada, agus níor reáchtáladh toghcháin le haghaidh na suíochán sin i bPoblacht Fhéinrialaitheach na Crimé ná i gCathair Sevastopol (an Chrimé) ar a ndearna Cónaidhm na Rúise ionghabháil neamhdhleathach, ná i réigiúin Donetsk agus Luhansk nach bhfuil smacht ag an rialtas orthu. Thacaigh an Pharlaimint le cinneadh an Uachtaráin dlí airm a thabhairt isteach mar gheall ar fhogha míleata iomlán na Rúise i mí Feabhra 2022, ach táthar ag leanúint den obair reachtach le linn na tréimhse sin.

Rinneadh athruithe arís agus arís eile ar an gcóras toghcháin a úsáidtear le haghaidh toghcháin pharlaiminteacha mar gheall ar fhorbairtí polaitiúla san Úcráin agus moltaí ó eagraíochtaí idirnáisiúnta ábhartha. In 2019, glacadh Cód Toghcháin nua, lena rialaítear gach cineál toghcháin, chun an dlí a chur i gcomhréir leis na caighdeáin idirnáisiúnta ábhartha ar an iomlán. Leis an gCód, tugadh isteach, inter alia, córas ionadaíochta cionmhaire oscailte, tugadh ceart vótála do dhaoine easáitithe ina dtír féin, agus neartaíodh cuótaí inscne. Rinneadh tástáil air den chéad uair le linn na dtoghchán áitiúil in 2020 agus léiríodh go raibh gá le roinnt leasuithe breise ar thrédhearcacht an mhaoinithe feachtais, ar thuairisciú cothrom neamhchlaonta sna meáin, agus ar ghnéithe áirithe de na nósanna imeachta maidir le gearáin agus achomhairc toghcháin a láimhseáil. Glacadh an dlí maidir le reifrinn náisiúnta i mí Eanáir 2021 agus tá an obair ar an dlí maidir le reifrinn áitiúla faoi lán seoil. Mheas Oifig ESCE um Institiúidí Daonlathacha agus um Chearta an Duine go raibh na toghcháin uachtaránachta is déanaí a raibh dhá bhabhta i gceist leo agus na toghcháin pharlaiminteacha luatha in 2019 iomaíoch agus rinne sí measúnú ar an iomlán orthu freisin i leith cearta agus saoirsí bunúsacha. Eisíodh roinnt moltaí a bhfuil obair leantach á déanamh orthu anois.

Tá úsáid nósanna imeachta práinneacha chun reachtaíocht a rith, lena n‑áirítear i réimsí a bhaineann le acquis an Aontais, sách teoranta. Ní mór measúnuithe tionchair cuimsitheacha ar an reachtaíocht atá beartaithe agus ar an bhformhaoirseacht reachtach ar an bhfeidhmeannas, lena n‑áirítear faireachán ar chur chun feidhme na reachtaíochta, a neartú.

Tugadh maoiniú poiblí do pháirtithe polaitiúla isteach in 2016 mar ionstraim chun a gcumais airgeadais agus institiúideacha a neartú. Tá athbhunú iomlán oibleagáidí na bpáirtithe polaitiúla maidir le tuairisciú airgeadais, a cuireadh ar fionraí le linn phaindéim COVID-19, ar feitheamh go dtí go bhformheasfaidh an Pharlaimint é. Tar éis thús fhogha míleata iomlán na Rúise i mí Feabhra 2022, chinn údaráis na hÚcráine toirmeasc a chur ar 11 pháirtí pholaitiúla a measadh a bheith ag cur leasanna na Rúise chun cinn.

sochaí shibhialta bhríomhar ag an Úcráin a bhfuil ról gníomhach aici maidir le hathchóirithe a chur chun cinn agus formhaoirseacht a dhéanamh orthu. Leis an saineolas atá ag eagraíochtaí na sochaí sibhialta san Úcráin ar phríomh‑athchóirithe earnála, is comhpháirtí luachmhar iad don rialtas agus is gníomhaí tábhachtach iad chun seirbhísí áitiúla a sholáthar. Leis an gcreat dlíthiúil, áirithítear go gcosnaítear saoirse comhlachais, saoirse chun tuairimí a nochtadh agus saoirse comhthionóil shíochánta. Rinneadh bearta chun tacú le clárú eagraíochtaí na sochaí sibhialta, agus chun na rialacha maidir le tuairisciú agus cánachas a shimpliú. Cé go bhfuil spás cathartha an‑oscailte ann, cuireadh brú ar ghníomhaithe sibhialta agus rinneadh bagairtí orthu ó leasanna dílsithe áitiúla, agus bhí foréigean ann i roinnt cásanna. Cáineann na húdaráis na hionsaithe sin agus cuireadh leis na himscrúduithe, ach tá gá le hiarrachtaí breise chun a áirithiú nach mbeidh saoirse ó phionós ann i gcás coireanna den sórt sin.

1.2. Athchóiriú ar an riarachán poiblí

Tá dul chun cinn déanta ag an Úcráin maidir lena riarachán poiblí a fheabhsú ó bhí 2014 ann. Tá an creat dlíthiúil le haghaidh riarachán poiblí nua-aimseartha i bhfeidhm den chuid is mó. Níl sé curtha chun feidhme go hiomlán fós, áfach.

creat straitéiseach dea-fhorbartha maidir le hathchóiriú ar an riarachán poiblí (PAR) ag an Úcráin agus tá straitéisí PAR ullmhaithe agus curtha chun feidhme aici, de réir chaighdeáin phrionsabail Eorpacha an riaracháin phoiblí, ó bhí 2016 ann. Chun tuilleadh dul chun cinn a dhéanamh, beidh gá le rannpháirtíocht níos déine ar an leibhéal polaitiúil is airde. Tá gá le tuilleadh iarrachtaí ón Úcráin chun cumas riaracháin leordhóthanach a áirithiú chun reachtaíocht a chur chun feidhme agus a fhorfheidhmiú, go háirithe maidir le hiniúchadh.

Ó bhí 2014 ann, tá soláthar seirbhísí poiblí atá éifeachtach agus éifeachtúil ina riachtanas beartais ar leith. Ó bhí 2019 ann, thug an rialtas bearta isteach, inter alia, chun an méid seo a leanas a dhéanamh: soláthar seirbhísí a shimpliú agus faireachán a dhéanamh air; deireadh a chur le dúbailt oifigí tosaigh; agus feabhas a chur ar aiseolas. Thairis sin, dhréachtaigh sé dlí maidir le cuíchóiriú a dhéanamh ar an táille riaracháin, chuir sé i bhfeidhm na coinníollacha le haghaidh ríomhsheirbhísí (tairseacha gréasáin, seirbhísí riaracháin a chur ar líne, agus idir-inoibritheacht); agus shainigh sé de réir dlí na sainiúlachtaí a bhaineann le seirbhísí poiblí (leictreonacha) a sholáthar. Tá ríomhrialtas ardfhorbartha ag an Úcráin, ina bhfuil rochtain éasca ag na saoránaigh ar sheirbhísí poiblí trí ardán ar líne agus trí fheidhmchlár ar an bhfón, agus tá méadú tagtha ar úsáid na seirbhísí go dtí 14 mhilliún úsáideoir laistigh de 2 bhliain. Leis an rialachas digiteach, tá méadú tagtha ar éifeachtúlacht agus ar thrédhearcacht an rialtais, agus éascaíodh an t‑idirphlé idir an rialtas agus saoránaigh.

Chuir an Úcráin feabhas mór ar bhainistíocht airgeadais phoiblí ón gcéad straitéis um bainistíocht airgeadais phoiblí in 2013. Glacadh Straitéis agus Plean Gníomhaíochta 2022-2025 um bainistíocht airgeadais phoiblí i mí na Nollag 2021. Tá an straitéis nua i gcomhréir le modheolaíocht an Chaiteachais Phoiblí agus na Cuntasachta Airgeadais, le caighdeáin an Aontais agus le caighdeáin idirnáisiúnta. Thug an Rialtas isteach pleanáil bhuiséadach mheántéarmach in 2018. Formheasadh an dearbhú buiséid 3 bliana do 2022-2024 den chéad uair in 2021 agus cuireadh i bhfeidhm ar bhuiséad 2022 é. Cuireadh buiséad 2020 chun feidhme de réir na dtáscairí a mholtar sa Dlí Buiséadach. Tá an Úcráin fós ag cur le trédhearcacht an bhuiséid ó bhí 2017 ann. Leis an reachtas agus leis an uasfhoras iniúchóireachta le chéile, soláthraítear formhaoirseacht atá níos mó ná leordhóthanach le linn phróiseas an bhuiséid. I ndoiciméid bhuiséid, tugtar forléargas maith ar ioncaim agus ar chaiteachas buiséid. Rinneadh dul chun cinn maidir le feabhas a chur ar shlógadh na n‑ioncam baile i réimsí cánach agus custaim araon i gcomhréir le gealltanais an Chomhaontaithe Comhlachais. Ní mór tuilleadh feabhais a chur ar an bhformhaoirseacht ar na cuntais sheachbhuiséid agus ar an úsáid a bhaintear as caighdeáin idirnáisiúnta i Seomra Cuntasaíochta na hÚcráine.

Maidir le rialachas il-leibhéil, tá dul chun cinn déanta ar dhílárú na hÚcráine ó bhí 2014 ann. Tá sé sin ar cheann de na hathchóirithe is mó tionchar agus is rathúla a cuireadh chun feidhme sa tír. Is cumasóir ríthábhachtach é ó thaobh na forbartha sóisialta agus eacnamaíche de. Ba phríomhghné den athchóiriú é cumasc (cónascadh) de bhreis agus 10 000 eintiteas áitiúil beag scaipthe ina 1 470 bardas níos mó (‘hromadas’) ag a bhfuil cumas méadaithe riaracháin agus eacnamaíoch chun a gcuid freagrachtaí a bhainistiú ar bhealach níos éifeachtaí. Le líonra ar fud na tíre d’ionaid seirbhísí riaracháin áitiúla atá ina n‑ionaid ilfhreastail, soláthraítear seirbhísí ar ardchaighdeán do shaoránaigh agus do ghnólachtaí. Bhí dílárú fioscach mar bhonn leis an athchóiriú (lena n‑áirítear sciar 64 % den cháin ioncaim phearsanta atá leithdháilte faoi láthair ar bhardais) agus é d’aidhm aige na hacmhainní cobhsaí is gá a áirithiú chun na cúraimí nua a bheidh ar an bhféinrialtas áitiúil a fheidhmiú. Thairbhigh na bardais d’aistriú maoine freisin agus bhí deiseanna acu trádáil talún a rialú ar a gcríoch. Rinneadh dul chun cinn maidir le dílárú earnálach sa tsláinte agus san oideachas.

I ndáil le Bainistíocht na Seirbhíse Poiblí agus na nAcmhainní Daonna, tháinig dlí nua maidir leis an státseirbhís i bhfeidhm in 2016. Leis an dlí, leagtar síos an bonn do státseirbhís nua-aimseartha. Chun státseirbhís ghairmiúil atá bunaithe ar fhiúntas a thógáil, áfach, bheadh gá leis an gcreat dlíthiúil agus an cleachtas oibríochtúil araon a mhionchoigeartú. Ní mór athchóiriú ar chóras luacha saothair na státseirbhíse a chur i gcrích chun gairmithe cáiliúla a choinneáil agus tallann nua a mhealladh. Díreach sular bhris an cogadh amach, bhí an Úcráin ar tí glacadh le príomhdhlí maidir le nósanna imeachta riaracháin. Rialaítear struchtúr institiúideach an riaracháin stáit go cuimsitheach, ach ba cheart feabhas a chur ar a dhearadh eagraíochtúil agus a shásraí stiúrtha chun rialachas éifeachtach, éifeachtúil atá dírithe ar thorthaí a áirithiú.

Tá leibhéal maith bainte amach ag forbairt agus comhordú beartas i roinnt aireachtaí, ach ní mór é sin a fheabhsú i roinnt aireachtaí eile. Ní mór an creat rialála maidir le forbairt beartas a thabhairt cothrom le dáta, chun feabhas a chur ar chumas anailíseach agus doiciméid phleanála a dhéanamh níos réadúla, go háirithe trí ailíniú níos fearr leis na buiséid atá ar fáil. Ní mór tuilleadh feabhais a chur ar an sásra le haghaidh comhairliúcháin phoiblí agus idir-aireachta.

Tá feabhas tagtha ar bhainistíocht cuntasachta ar bhonn uilechoiteann, mar shampla trí tháscairí feidhmíochta a thabhairt isteach sna haireachtaí uile. Leis an gcreat dlíthiúil, ní bhunaítear i gcónaí línte cuntasachta comhleanúnacha agus socruithe rialachais idir comhlachtaí maoirseachta agus fochomhlachtaí. Leis an neamhspleáchas a thugtar do chomhlachtaí neamh‑aireachta, ní dhírítear ar ghníomhaireachtaí a choinneáil cuntasach as torthaí.

1.3. An smacht reachta

Ó bhí Réabhlóid na Dínite ann in 2014, thug an Úcráin faoi dhá bhabhta d’athchóirithe breithiúnacha agus frithéillithe (in 2014-2016 agus in 2020-21) chun an córas breithiúnach a ailíniú le prionsabail an smachta reachta, chun neamhspleáchas agus cuntasacht na mbreithiúna a neartú agus chun comhlachtaí neamhspleácha frithéillithe a bhunú. Bhí sé d’aidhm ag na hathchóirithe sin freisin an córas a dhéanamh níos éifeachtúla agus níos trédhearcaí. Tháinig an gá sin le hathchóirithe chun cinn i bhfianaise neamhspleáchas neamhleor na mbreithiúna ó na brainsí feidhmiúcháin agus reachtacha, cuntasacht íseal, ardleibhéal éillithe agus thionchar láidir na leasanna olagarcacha.

a) Na breithiúna

Tá an Úcráin ag tabhairt faoin athchóiriú ar earnáil an cheartais agus tá an cur chuige straitéiseach ábhartha i bhfeidhm.

Is í an Ardchomhairle Bhreithiúnach an phríomhchomhlacht atá freagrach as féinrialtas na mbreithiúna. Leis an gcreat bunreachtúil agus reachtach, ráthaítear neamhspleáchas na mbreithiúna agus a neamhchlaontacht. Tá cóid eitice do bhreithiúna agus d’ionchúisitheoirí i bhfeidhm, chomh maith le córas comhtháite bainistithe cásanna ina ndéantar cásanna a leithdháileadh go huathoibríoch. Tá ceapadh breithiúna agus ionchúisitheoirí bunaithe i bprionsabal ar fhiúntas agus ar chritéir oibiachtúla, tar éis comórtais phoiblí. Is ábhar imní fós iad na hiarrachtaí ar chur isteach inmheánach agus seachtrach míchuí ar na breithiúna, áfach.

An chéad bhabhta d’athchóirithe ceartais, arb iad na leasuithe bunreachtúla in 2016 an toradh a bhí orthu, d’éirigh leis an córas cúirte a chuíchóiriú ó chóras ceithre leibhéal go córas trí leibhéal. Forchuireadh freisin scrúduithe nua agus seiceálacha ionracais le haghaidh na mbreithiúna reatha uile, agus d’éirigh níos mó ná an ceathrú cuid den chór breithiúnach, thart ar 2000 breitheamh, as mar thoradh air sin. Níl dóthain foirne ag na breithiúna faoi láthair, ós rud é gur díscaoileadh an comhlacht atá freagrach as nósanna imeachta roghnúcháin ag deireadh 2019. Ainmníodh comhaltaí nua den Chúirt Uachtarach ar bhealach trédhearcach, ach ceapadh roinnt breithiúna ag a raibh ionracas amhrasach freisin. Osclaíodh ceapacháin bhreithiúnacha don lucht dlí ina iomláine agus tugadh isteach córas roghnúcháin breithiúnach níos trédhearcaí. Rud tábhachtach a cuireadh leis an gcóras breithiúnach ab ea bunú na hArd‑Chúirte Frithéillithe in 2019, arna éascú ag rannpháirteachas láidir shochaí shibhialta na hÚcráine agus an chomhphobail idirnáisiúnta.

Faoi láthair, meastar fós go bhfuil na breithiúna ar cheann de na hinstitiúidí is lú iontaoibh agus inchreidte. Nuair a bhris an cogadh amach, bhí an Úcráin ar tí athchóiriú breithiúnach bunúsach (2020-2022) a chur chun feidhme, a bheadh ina chúis le hathruithe sistéamacha dá gcuirfí chun feidhme ina iomláine é. Tá príomhghnéithe na n‑athchóirithe nua leabaithe i Straitéis chuimsitheach nua chun an Córas Ceartais agus na Breithiúna Bunreachtúla a Fhorbairt do 2021-2023.

Maidir le héifeachtúlacht an chórais ceartais, tá an scéal measctha, agus treocht dhearfach le feiceáil in imeachtaí sibhialta agus tráchtála agus treocht dhiúltach le feiceáil in imeachtaí riaracháin. Is é an riaráiste foriomlán de 578 750 cás (in 2018) an tsaincheist is mó, agus is fadhb é go háirithe maidir leis an gCúirt Uachtarach (riaráiste de 24 000 cás faoi láthair). Tháinig laghdú ar an am diúscartha i gcásanna dlíthíocha sibhialta agus tráchtála go dtí 122 lá in 2020, i gcomparáid le 129 lá in 2018 a chomhfhreagraíonn do leibhéal caighdeánach éifeachtúlachta. Mhéadaigh an ráta imréitigh go dtí 98 % (97 % in 2018)

632.1 milliún a bhí i mbuiséad foriomlán 2018 (0,56 % de OTI). Cé go gcaitear 78 % de bhuiséad na gcúirteanna ar thuarastail agus ar chúiteamh, leithdháileadh cistí anteoranta ar riachtanais infheistíochta (0.2 %) agus ar oiliúint (0.004 %). Tá 13 bhreitheamh agus 21 ionchúisitheoir in aghaidh gach 100 000 áitritheoir san Úcráin, i gcomparáid le 21 bhreitheamh agus 12 ionchúisitheoir in aghaidh gach 100 000 áitritheoir ar an meán san Eoraip 4 .

I mí Iúil 2021, glacadh reachtaíocht nua lena dtugtar isteach seiceálacha ionracais agus eitice gairmiúla do na príomhchomhlachtaí rialachais bhreithiúnaigh (an Ard‑Chomhairle Ceartais (HCJ), a n‑áirítear ar a phríomhfhreagrachtaí breithiúna a cheapadh agus a dhífhostú, agus Coimisiúin Ardcháilíochta na mBreithiúna a stiúrann na nósanna imeachta roghnúcháin le haghaidh breithiúna nua), i gcomhréir iomlán le moltaí Choimisiún na Veinéise. Bunaíodh na comhlachtaí a bhfuil sé de chúram orthu na seiceálacha ionracais a dhéanamh agus chuir siad tús leis an obair. Tar éis na hoibreacha a chur ar fionraí ón 24 Feabhra 2022 agus an cogadh ar siúl, cuireadh an tseiceáil ionracais ar chomhaltaí reatha HCJ i gcrích an 7 Bealtaine 2022; as 21 chomhalta HCJ, níl ach triúr fós ann. Ní hamháin go bhféadfadh na hathchóirithe sin breithiúnacht neamhspleách agus chuntasach a thógáil, ach d’fhéadfaidís freisin laghdú a dhéanamh ar thionchar leasanna dílsithe a bhain úsáid as an gcóras rialachais bhreithiúnaigh atá ann faoi láthair chun dochar a dhéanamh don smacht reachta san Úcráin. 

Chun dul i ngleic leis an bhfadhb shistéamach a bhaineann le neamh‑fhorghníomhú cinntí cúirte baile, ghlac an Rialtas in 2020 Straitéis maidir le neamh‑fhorghníomhú cinntí cúirte a réiteach i gcás gur féichiúnaí é eintiteas stáit nó cuideachta faoi úinéireacht stáit. In 2021, ghlac an Pharlaimint an dréacht‑dlí lena ndearnadh athchóiriú ar fhorfheidhmiú cinntí cúirte ar an gcéad léamh.

Ag deireadh 2019, cuireadh tús le hathchóiriú uaillmhianach ar an tseirbhís ionchúisimh. Ba é gné lárnach an athchóirithe sin grinnfhiosrúchán a dhéanamh ar 11 700 ionchúisitheoir ar an leibhéal lárnach, réigiúnach agus áitiúil bunaithe ar chritéir ghairmiúlachta agus ionracais. Theip ar 30 % de na hionchúisitheoirí san fhianú agus bhí orthu an tseirbhís a fhágáil. Osclaíodh thart ar 2000 cás cúirte inar cuireadh i gcoinne thoradh an fhianaithe aonair agus tá imeachtaí cúirte ar feitheamh sa chuid is mó de na cásanna sin. In 2021, bhunaigh an Príomh‑Ionchúisitheoir nós imeachta nua ar bhonn píolótach chun ionchúisitheoirí ar leibhéal na bainistíochta a roghnú ar bhealach trédhearcach bunaithe ar fhiúntas. In 2022, cuireadh tús le hobair chun an nós imeachta eatramhach sin a iompú ina nós imeachta buan, agus chun feabhas a chur ar an gcóras araíonachta d’ionchúisitheoirí.

b) An comhrac in aghaidh an éillithe

Tá an t‑éilliú a chosc agus a chomhrac thar a bheith tábhachtach ar chlár oibre athchóirithe na hÚcráine ó bhí Réabhlóid na Dínite ann. Baineadh torthaí nithiúla amach mar gheall ar bhearta méadaithe trédhearcachta agus coisctheacha chun an spás don éilliú in earnálacha éagsúla a laghdú. Mar sin féin, tá neart dúshlán fós ann. Tá an t‑éilliú fós ina dhúshlán tromchúiseach agus ní mór aird leanúnach a thabhairt air toisc go gcuireann sé costais mhóra ar bhuiséad an stáit, ar ghnólachtaí agus ar an bpobal, toisc go ndíspreagann sé infheistíocht intíre agus eachtrach agus toisc go ndéanann sé dochar don smacht reachta.

Tá an tír ina páirtí sna príomhchoinbhinsiúin idirnáisiúnta frithéillithe uile, lena n‑áirítear Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe in aghaidh an Éillithe (UNCAC). Níor cuireadh i gcrích go fóill roinnt moltaí ó shásraí idirnáisiúnta ábhartha maidir le faireachán ar fhrithéilliú, lena n‑áirítear GRECO. Rinneadh gach cineál éillithe a choiriúlú, lena n‑áirítear saibhriú aindleathach, agus leis na dlíthe, rialaítear coinbhleacht leasa, rud a chosnaíonn sceithirí agus a áirithíonn maoiniú trédhearcach do pháirtithe poiblí. Tar éis próiseas dréachtaithe cuimsitheach, cuireadh le chéile straitéis nua náisiúnta frithéillithe lena ndírítear ar earnálacha ábhartha, cé go bhfuil a glacadh deiridh in Verkhovna Rada fós ar feitheamh. Tá pleananna ionracais agus cód eitice i bhfeidhm sna príomhchodanna den riarachán poiblí agus de na breithiúna, agus tá a bhforfheidhmiú á áirithiú de réir a chéile trí aonaid rialaithe inmheánaigh agus trí chomhlachtaí araíonachta áirithe.

D’éirigh leis an Úcráin athchóirithe móra a shaothrú chun éilliú a chosc agus chun buiséad an stáit a chosaint, go háirithe i ndáil le soláthar poiblí, soláthar seirbhísí poiblí, fuinneamh, baincéireacht agus an earnáil sláinte. I staidéir, rinneadh measúnú ar choigilt iarbhír na mbeart sin in ord sé faoin gcéad de OTI in aghaidh na bliana. Cuireadh córais leictreonacha thrédhearcacha agus chuimsitheacha i bhfeidhm in 2016 le haghaidh dearbhuithe sócmhainní d’oifigigh phoiblí. Leis na córais sin, ceadaítear fíoruithe uathoibríocha agus rochtain phoiblí ar na dearbhuithe a comhdaíodh. Ar an gcaoi chéanna, tugadh isteach córas leictreonach idirnáisiúnta nua a bhfuil gradam buaite aige do sholáthar poiblí Pro-Zorro (agus a sheachtháirge Pro-Zorro Sale) chun borradh a chur faoin trédhearcacht i bpróisis soláthair a bhí doiléir roimhe seo. Gach bliain, de réir foinsí iontaofa, déanann na córais sin coigiltí iarbhír d’aon faoin gcéad de OTI agus leanfar de sin.

Tar éis 2014, bhí ról lárnach cumasaithe ag sochaí shibhialta na hÚcráine agus ag an gcomhphobal idirnáisiúnta maidir le hinstitiúidí speisialaithe frithéillithe a bhunú, eadhon Biúró Náisiúnta Frithéillithe (NABU), an Oifig an Ionchúisitheora Speisialaithe i gcoinne Éilliú (SAPO), an Ghníomhaireacht Náisiúnta um Chosc an Éillithe (NAPC), an Ghníomhaireacht Náisiúnta um Aisghabháil agus Bainistíocht Sócmhainní (ARMA) agus an Ard‑Chúirt Frithéillithe (HACC). Tá sainorduithe cuimsitheacha ag na hinstitiúidí sin i gcomhréir le caighdeáin idirnáisiúnta agus oibríonn siad go neamhspleách, agus na hacmhainní riachtanacha i bhfeidhm den chuid is mó, ach d’fhéadfaí feabhas a chur ar chomhordú idirghníomhaireachta. Chuir cuid de na gníomhaireachtaí sin tús le hoibríochtaí rathúla níos luaithe (e.g. NABU, HAAC) ná gníomhaireachtaí eile (e.g. SAPO, NAPC). Tá neamhspleáchas na n‑institiúidí frithéillithe fós ríthábhachtach. Ba cheart cinn na n‑institiúidí a roghnú i gcomórtais thrédhearcacha atá bunaithe ar inniúlachtaí agus ina ndéantar ionracas na n‑iarrthóirí ionchasacha a sheiceáil freisin. Tá sé an‑tábhachtach ceapachán an chinn nua ar SAPO a chur i gcrích go práinneach trí bhuaiteoir aitheanta an chomórtais a dheimhniú agus stiúrthóir NABU a roghnú agus a cheapadh.

Ar an taobh coisctheach, tugtar sainordú do NAPC maidir le coinbhleachtaí leasa, fíorú sócmhainní dearbhaithe, iniúchadh ar chaiteachas páirtithe polaitiúla agus cosaint sceithirí. A mhéid a bhaineann le forfheidhmiú an dlí, tá NABU i measc na n‑institiúidí is iontaofa agus tá níos mó forbartha déanta aige ar a acmhainneachtaí institiúideacha agus ar dhearcadh réamhghníomhach chun aghaidh a thabhairt ar líomhaintí éillithe a bhaineann le hoifigigh ardleibhéil. Tá córas bainistíochta nua-aimseartha maidir le ríomhchásanna curtha in úsáid ag NABU, SAPO agus HACC chun imscrúduithe agus breithniú cásanna ardleibhéil éillithe a éascú. Le bunú HACC in 2019 trí bhreithiúna agus baill foirne a earcú ar bhealach trédhearcach bunaithe ar fhiúntas. éascaíodh go mór obair na n‑institiúidí frithéillithe agus déantar breithniú níos éifeachtaí ar chásanna éillithe ar an iomlán anois.

Cé go bhfuil dul chun cinn suntasach déanta ag an Úcráin maidir leis an taobh coisctheach a bhaineann le haghaidh a thabhairt ar an éilliú, ní mór an taobh diansmachtúil a neartú go mór. Tá líon na n‑oifigeach ardleibhéil a thugtar os comhair na cúirte fós teoranta. Ní bhíonn neamhchlaontacht i gceist le himscrúduithe ar éilliú uaireanta agus cuirtear isteach ar ghníomhaireachtaí forfheidhmithe dlí ó thaobh na polaitíochta de freisin.

A mhéid a bhaineann le cuntas teiste cásanna éillithe ardleibhéil, tá 72 fhíorasc ar an iomlán eisithe ag HACC ó bhí 2019 ann, agus is ciontuithe deiridh iad 39 díobh, lena n‑áirítear in aghaidh comhaltaí parlaiminte, breithiúna, ionchúisitheoirí, comhaltaí comhairlí áitiúla agus cinn fiontar faoi úinéireacht stáit.

Síníodh ‘dlí in aghaidh olagarcaí’, mar a thugtar air, ina dhlí i mí na Samhna 2021, agus é de chuspóir straitéiseach aige tionchar iomarcach olagarcaí a theorannú, trína ról i saol eacnamaíoch, polaitiúil agus poiblí na hÚcráine a laghdú. Tá cur chun feidhme na reachtaíochta ábhartha ríthábhachtach.

c) Coireacht eagraithe

Rinneadh athchóiriú mór ar na póilíní in 2019. Bhí sé d’aidhm ag an athchóiriú muinín an phobail sna póilíní a mhéadú agus cur lena gcumas déileáil leis an gcoireacht eagraithe. Bunaíodh sainaonaid póilíní chun déileáil leis an sceimhlitheoireacht, leis an gcibearchoireacht agus le drugaí. Feidhmíonn an Aireacht Gnóthaí Baile mar chomhordaitheoir náisiúnta ar an gcoireacht eagraithe. Mar sin féin, tá leibhéal íseal trealaimh agus saineolais ag na póilíní fós chun imscrúduithe casta airgeadais a dhéanamh. Ní mór leanúint den athchóiriú ar na póilíní, lena n‑áirítear córas bainistíochta fíorghairmiúil a thabhairt isteach.

Dhaingnigh an Úcráin Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe in aghaidh na Coireachta Eagraithe Trasnáisiúnta, chomh maith lena phrótacail maidir le Gáinneáil ar Dhaoine agus maidir le Smuigleáil Imirceach. I reachtaíocht na tíre maidir le frithsciúradh airgid, léirítear go páirteach caighdeáin an Tascfhórsa um Ghníomhaíocht Airgeadais (FATF) agus an reachtaíocht idirnáisiúnta ábhartha, ach níor cuireadh i bhfeidhm go fóill moltaí ó Choiste Saineolaithe Chomhairle na hEorpa chun bearta frithsciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a mheas (MONEYVAL), agus is é sin an fáth a bhfuil an Úcráin ag tuairisciú do MONEYVAL faoi nós imeachta leantach feabhsaithe. Tá gá le tuilleadh athchóirithe chun feabhas a chur ar chomhlíontacht na hÚcráine le caighdeáin FATF, go háirithe na caighdeáin sin a bhaineann le criptea-shócmhainní, úinéireacht thairbhiúil deiridh, agus maoirseacht ar ghnólachtaí agus ar ghairmeacha neamhbhainc. Ba cheart dul chun cinn a dhéanamh maidir le himscrúdú agus ionchúiseamh na bpríomhscéimeanna sciúrtha airgid. Tá sé ríthábhachtach creat cuimsitheach a chur ar bun don chomhrac i gcoinne na coireachta eacnamaíche agus an sciúrtha airgid, agus cur chun feidhme éifeachtach an chreata sin a áirithiú, chun aghaidh a thabhairt ar na rioscaí móra a bhaineann leo. Tá Gníomhaireacht um Aisghabháil agus Bainistíocht Sócmhainní (ARMA) i bhfeidhm, ach níl Ceann buan ag an nGníomhaireacht ó bhí deireadh 2019 ann. Ba cheart feabhas a chur ar an reachtaíocht a bhaineann le bainistíocht sócmhainní urghafa agus ba cheart straitéis náisiúnta ábhartha maidir le haisghabháil sócmhainní a ghlacadh.

Ar an leibhéal náisiúnta, d’fhormheas an Úcráin Straitéis maidir le Coireacht Eagraithe a Chomhrac in 2020; tá an Plean Gníomhaíochta don Straitéis á fhorbairt agus tá formheas breise á dhéanamh air. Glacadh rialachán rialtais maidir le Measúnuithe ar Bhagairt na Coireachta Tromchúisí agus Eagraithe (SOCTA) in 2022 agus seoladh Tascfhórsaí Réigiúnacha um Measúnacht ar Bhagairt na Coireachta Eagraithe (ROCTAF) ar fud na tíre.

Tá socrú oibre ag an Úcráin le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Oiliúint i bhForfheidhmiú an Dlí (CEPOL), tá comhaontú oibríochtúil agus straitéiseach aici le Gníomhaireacht forfheidhmithe dlí an Aontais Eorpaigh (Europol) agus tá Meabhrán Tuisceana aici leis an Lárionad Faireacháin Eorpach um Dhrugaí agus um Andúil i nDrugaí (EMCDDA). Is rannpháirtí gníomhach í an Úcráin san Ardán Eorpach Ildisciplíneach i gCoinne Bagairtí Coiriúla (EMPACT) agus is ball de Interpol í. Glacann sí páirt i bhFoirne Comhpháirteacha um Imscrúdú arna n‑éascú ag EUROJUST.

Tá an tír suite ar chrosbhóthar tábhachtach chun earraí neamhdhleathacha a smuigleáil chuig an Aontas Eorpach, lena n‑áirítear airm agus drugaí. Tá an lománaíocht neamhdhleathach ann go forleathan agus d’ainneoin na n‑iarrachtaí a rinneadh le blianta beaga anuas, tá trádáil neamhdhleathach adhmaid fós ann. Is tír tionscnaimh, idirthurais agus cinn scríbe í an Úcráin freisin maidir leis an ngáinneáil ar dhaoine. Tháinig méadú mall ar líon na n‑imscrúduithe coiriúla a cuireadh i gcrích i ndáil le coireanna a rinne grúpaí eagraithe agus eagraíochtaí coiriúla le blianta beaga anuas ach tá sé fós sách íseal (2021 –499 gcás; 2020 – 377 gcás; 2019 – 293 chás), go háirithe i ndáil le líomhaintí maidir le gáinneáil ar dhaoine (2021-45 chás; 2020 – 57 gcás; 2019 – 10 gcás).

Ar an iomlán, ní mór leanúint d’athchóiriú a dhéanamh ar thimpeallacht fhorfheidhmiú an dlí ar bhonn plean straitéiseach uileghabhálach.

1.4. Cearta bunúsacha

a) An creat idirnáisiúnta

Dhaingnigh an Úcráin na príomhionstraimí idirnáisiúnta maidir le cearta an duine agus cloíonn a creat intíre dlíthiúil agus institiúideach lena rialaítear cearta bunúsacha le caighdeáin Eorpacha agus idirnáisiúnta den chuid is mó. Níor dhaingnigh an tír an Coinbhinsiún chun foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chosc agus a chomhrac (Coinbhinsiún Iostanbúl).

b) An socrú dlíthiúil agus institiúideach

Tá an creat dlíthiúil agus institiúideach lena rialaítear cearta bunúsacha i bhfeidhm agus cloíonn na dlíthe le caighdeáin Eorpacha agus idirnáisiúnta den chuid is mó. Ba cheart feabhas a chur ar an gcur chun feidhme, áfach, agus leanann inniúlacht na n‑institiúidí atá i gceannas ar chosaint agus ar fhorfheidhmiú chearta an duine chomh maith le cur chun feidhme na straitéisí agus na bpleananna gníomhaíochta atá ann cheana de bheith teoranta. Cuireann an méid sin bac ar fhorfheidhmiú éifeachtach chearta an duine uaireanta.

In 2021 ghlac an Úcráin Straitéis nua Náisiúnta um Chearta an Duine 2021-2023 agus Plean Gníomhaíochta chun iarrachtaí a neartú maidir le struchtúir agus nósanna imeachta a riaracháin phoiblí a ailíniú leis an gcreat idirnáisiúnta.

Ainmnítear institiúid an Ombudsman – Coimisinéir Pharlaimint na hÚcráine um Chearta an Duine – mar Institiúid Náisiúnta um Chearta an Duine agus tá sí creidiúnaithe le stádas ‘A’ ó Chomhghuaillíocht Dhomhanda na nInstitiúidí Náisiúnta um Chearta an Duine ós rud é go bhfuil sí i gcomhréir le Prionsabail Pháras den chuid is mó.

c) Príomh‑shaincheisteanna maidir le cearta bunúsacha

Tá 501 bhreithiúnas ón gCúirt Eorpach um Chearta an Duine ag an tír faoi nós imeachta um maoirseacht fheabhsaithe go dtí go ndéanfar iad a fhorfheidhmiú. Tá formhór na gcásanna atriallach agus baineann siad le sáruithe ar an gceart chun leighis éifeachtaigh, fad imeachtaí coiriúla, drochíde fhisiciúil lena n‑áirítear droch‑choinníollacha coinneála, fad an athchuir faoi choimeád agus an ceart chun saoirse agus slándála.

Tairbhíonn saoránaigh na hÚcráine de shaoirse cainte agus tá spás sibhialta bríomhar ann don phobal. Tá feabhas mór tagtha ar shaoirse na meán le blianta beaga anuas, go háirithe a bhuí leis na meáin ar líne. Tá tionchar díréireach ag na meáin atá faoi rialú olagarcaí, eadhon i meán na teilifíse. Tá cothromaíocht mhaith ar an iomlán bainte amach ag an Úcráin idir caomhnú shaoirse na meán agus bearta i gcoinne ionsaithe forleatacha bréagaisnéise hibrideacha agus móra de chuid na Rúise, atá á méadú ag roinnt eagraíochtaí meán áitiúla.

Ráthaítear le Bunreacht na hÚcráine cosaint in aghaidh an idirdhealaithe, agus tá forálacha uathrialacha maidir le coireanna fuatha sa Chód Coiriúil agus i roinnt dlíthe coiriúla. Mar sin féin, ní aithnítear gnéaschlaonadh ná féiniúlacht inscne mar fhorais chosanta sa reachtaíocht frith‑idirdhealaithe. An reachtaíocht is gá chun ailíniú le acquis an Aontais, aithnítear í i Straitéis Náisiúnta um Chearta an Duine 2021-2023, ach tá sí fós le cur chun feidhme.

Tá an Úcráin ag déanamh dul chun cinn de réir a chéile i ndáil lena clár oibre maidir le comhionannas inscne, agus tá méadú ag teacht ar ionadaíocht pholaitiúil na mban (is mná iad 20.5 % de na parlaiminteoirí a toghadh in 2019) cé go leanann an bhearna phá de bheith ann le mná ar an iomlán ag tuilleamh 23 % níos lú ná fir ar an meán in 2019. Níor dhaingnigh an Úcráin Coinbhinsiún Iostanbúl, agus leanann an foréigean inscne de bheith ina fhadhb. Tá méadú ag teacht ar chaoinfhulaingt agus ar ghlacadh daoine leispiacha, aeracha, déghnéasacha, trasinscneacha, idirghnéasacha nó aiteacha (LADTIA) i sochaí na hÚcráine agus tacaíonn údaráis forfheidhmithe dlí le himeachtaí LADTIA a chosaint.

Tá tionscnaimh dhlíthiúla éagsúla déanta ag an Úcráin chun feabhas a chur ar chearta an linbh agus dhaingnigh sí Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh agus d’aontaigh sí do na trí Phrótacal Roghnacha a ghabhann leis an gCoinbhinsiún. D’fhormhuinigh sí Gealltanais Pháras freisin maidir le leanaí a chosaint ar earcaíocht neamhdhleathach nó ar úsáid ag grúpaí armtha. San am céanna, tá ceann de na rátaí is airde ar domhan maidir le hinstitiúidiú leanaí ag an Úcráin (mar atá 1.5 % de na leanaí uile), agus is cúis mhór imní é an méid sin nach mór dul i ngleic léi mar ábhar práinne. Ar an gcaoi chéanna, leanann an tacaíocht do dhaoine atá faoi mhíchumas (thart ar 6 % den daonra) de bheith gann ar acmhainní agus is gá próiseas dí‑institiúidithe a chur chun feidhme chun aistriú chuig cúram pobalbhunaithe le haghaidh daoine faoi mhíchumas.

Déantar cearta daoine ar de ghrúpaí mionlaigh iad a ráthú go bunreachtúil san Úcráin. Ní mór a áirithiú go n‑urramaítear cearta daoine ar cuid de mhionlaigh náisiúnta iad i réimse an oideachais agus na teanga agus ionadaíocht na ndaoine sin i gcomhlachtaí tofa ar gach leibhéal den saol poiblí trí na moltaí ó Choimisiún na Veinéise i gComhairle na hEorpa maidir leis an dlí um oideachas a chur chun feidhme ina n‑iomláine, trí na moltaí a bhaineann leis an dlí um teanga an Stáit a chur chun feidhme agus trí thimthriall faireacháin deiridh an Chreat‑Choinbhinsiúin maidir le Mionlaigh Náisiúnta a chur san áireamh. Cé go bhfuil bearta déanta ag an Úcráin chun na moltaí ó Choimisiún na Veinéise a chur chun feidhme, ní mór di bailchríoch a chur ar an athchóiriú atá á dhéanamh aici ar an gcreat dlíthiúil maidir le mionlaigh náisiúnta agus sásraí éifeachtacha cur chun feidhme a ghlacadh.

Táthar ag tabhairt aghaidh ar easnaimh a bhí ann roimhe seo i ndáil le himscrúdú agus ionchúiseamh céastóireachta agus drochíde fisiciúla ag oifigigh forfheidhmithe dlí trí chruthú na Roinne um Fhormhaoirseacht Nós Imeachta ar Chásanna Coiriúla Céastóireachta agus Sáruithe Tromchúiseacha eile trí Fhorfheidhmiú an Dlí in Oifig an Ionchúisitheora Ghinearálta i mí Dheireadh Fómhair 2019. Tá easpa foirne ag an mbreithiúnacht san Úcráin, rud a chuireann cosc ar thrialacha a thabhairt i gcrích laistigh de thréimhse réasúnta arb é an toradh atá air sin easpa leighis éifeachtaigh d’íospartaigh coireanna tromchúiseacha. Chomh maith leis sin, tá an córas peannaideach gann ar acmhainní agus tá droch‑choinníollacha in áiteanna ina gcailltear saoirse.

2. CRITÉIR EACNAMAÍOCHA

Tá an measúnú seo bunaithe ar chritéir Chóbanhávan a bhaineann le geilleagar margaidh feidhmiúil a bheith ann agus leis an gcumas déileáil le brú iomaíoch agus le fórsaí an mhargaidh laistigh den Aontas. 5

2.1. Geilleagar margaidh feidhmiúil

B’ionann OTI per capita san Úcráin agus 29.8 % de mheán an Aontais in 2020. Is sásúil a chruthaigh an rialtas é féin maidir le beartais mhaicreacnamaíocha a dhéanamh atá fónta den chuid is mó, i bhfianaise an chomhair mheántéarma rathúil le comhpháirtithe idirnáisiúnta agus na hathléimneachta láidir ó thús chogadh foghach na Rúise (agus is díol suntais é an chaoi ar lean an rialtas den chobhsaíocht mhaicreacnamaíoch a áirithiú le linn an chogaidh). Mar sin féin, cuireadh bac ar fhorbairtí eacnamaíocha agus beartas mar gheall ar chur chun feidhme athchóirithe struchtúracha a bhí sách neamhchothrom, rud a léiríonn go minic easpa comhdhearcaidh pholaitiúil agus cur isteach rialta ó leasanna dílsithe, rud a chuir moill ar na hathchóirithe, e.g. an aidhm maidir le feabhas a chur ar an timpeallacht ghnó, cuntasacht an airgeadais phoiblí nó an reachtaíocht maidir leis an gcomhshaol agus gníomhú ar son na haeráide a neartú.

Go deimhin, tá gealltanas láidir maidir le beartais mhaicreacnamaíocha atá dírithe ar chobhsaíocht a shaothrú léirithe ag údaráis na hÚcráine ó tharla réabhlóid Maidan. Lean an rialtas comhdhlúthú fioscach uaillmhianach lenar laghdaíodh an t‑easnamh poiblí faoina leath go dtí thart ar 2 % de OTI ar an meán ó bhí 2015 ann agus d’éirigh leis tionchar díobhálach an chúlaithe ar an airgeadas poiblí a bhí faoi thionchar COVID-19 a shrianadh. Le tacaíocht ó fhás láidir ainmniúil OTI, tháinig feabhas ar inbhuanaitheacht an fhiachais phoiblí go háirithe, de réir mar a tháinig laghdú ar an gcóimheas fiachais de níos mó ná 30 pointe céatadáin go dtí faoi bhun 50 % de OTI in 2021. In 2016 thug Banc Náisiúnta na hÚcráine isteach creat spriocdhírithe ar bhoilsciú agus d’éirigh leis é a bhainistiú go rathúil ina dhiaidh sin, rud a rinne cobhsaíocht an chórais ráta malairte solúbtha a chaomhnú agus a chuir feabhas ar mhuinín as an airgeadra náisiúnta. Mar sin féin, eascraíonn dúshláin nua a bhaineann leis an mboilsciú as comhthéacs an chogaidh, ar rud é a raibh laghdú mór tar éis teacht air le 5 bliana anuas go 2.7 % in 2020 sular shroich sé 9.4 % in 2021. Mar thoradh ar leibhéil infheistíochta intíre agus choigríche a bhí fíoríseal, bhí leibhéal measartha íseal fáis eacnamaíoch iarbhír thart ar 3 % in aghaidh na bliana sna 4 bliana roimh an bpaindéim agus bhí bearna choibhneasta leanúnach ina dhiaidh sin i gcoibhneas leis na caighdeáin mhaireachtála san Aontas.

Is iad laigí móra marthanacha sa timpeallacht ghnó is cúis den chuid is mó leis an easpa infheistíochta. In 2019 rangaíodh an Úcráin ar an 85ú háit in innéacs iomaíochais dhomhanda an Fhóraim Eacnamaíoch Dhomhanda, go príomha mar gheall ar institiúidí laga, ardleitheadúlacht ceannasachta sa mhargadh agus beartas frith‑mhonaplachta neamhéifeachtach. Mar sin féin, rinneadh roinnt dul chun cinn maidir le dírialáil nuair a cuireadh ar ceal beagnach aon chúigiú de na gníomhartha rialála a bhí faoi athbhreithniú sa tréimhse 2016-2020. D’ainneoin ualach rialála measartha agus nach bhfuil bacainní móra dlíthiúla ar dhul isteach sa mhargadh, tá an t‑éilliú forleathan agus, mar aon le córas cúirte nach bhfuil athchóirithe go hiomlán go fóill, is é an toradh atá air sin nach bhfuil mórán forfheidhmiú conarthaí ann, rud a chuireann bac ar fhiontraíocht agus ar chaidreamh gnó trasteorann. D’ainneoin roinnt mhaith éiginnteachta i meastacháin agus i bhfeabhsuithe le blianta beaga anuas, leanann sciar mór an gheilleagair neamhfhoirmiúil de bheith ann agus d’fhéadfadh sé go sroichfeadh an sciar sin aon trian de ghníomhaíocht eacnamaíoch na hÚcráine.

Agus níos mó ná 3 500 fiontar faoi úinéireacht stáit (SOEanna) ar leibhéal an rialtais láir, arb iad is cúis le haon deichiú den aschur agus tuairim is 18 % den fhostaíocht, tá lorg an Stáit san Úcráin suntasach, agus faigheann SOEanna státchabhair freisin. Tá dul chun cinn maith déanta ag athchóiriú rialachais chorparáidigh na SOEanna ó thaobh é a ailíniú le caighdeáin idirnáisiúnta chun bainistiú neamhspleách gairmiúil agus trédhearcach atá dírithe ar bhrabús a áirithiú. Sa chomhthéacs sin, náisiúnaíodh Privatbank in 2016 mar thoradh ar chalaois ollmhór. Mar sin féin, d’fhan an meánráta toraidh ar chothromas in SOEanna ar leibhéal 0.3 % in 2019 6 , i gcomparáid le 8 % san earnáil phríobháideach. Tá gá fós le príobháidiú mionsócmhainní maoine agus táirgthe, go háirithe trí cheantanna leictreonacha, ar rud é atá sách rathúil, chun príobháidiú ar mhórscála a spreagadh.

Rinneadh cobhsaíocht na hearnála airgeadais a neartú leis an athchóiriú rialála agus maoirseachta ó tharla an ghéarchéim baincéireachta in 2014-2016, agus tacaíodh leis sin tríd an laghdú mór atá tagtha ar iasachtaí neamhthuillmheacha ó 58 % in 2017 go 30 % in 2021 agus trí athchaipitliú na mbanc go leibhéil chompordacha. Is iad na ceithre bhanc atá faoi úinéireacht an stáit atá i gceannas ar an earnáil baincéireachta agus sciar beagnach 50 % den mhargadh acu le 5 bliana anuas. Mar sin féin, tá idirghabháil airgeadais íseal go fóill, agus ní raibh iasachtaí bainc don earnáil phríobháideach ach 19 % de OTI in 2021. Tá na margaí caipitil agus an idirghabháil airgeadais neamhbhainc ag céim an‑luath forbartha agus ní chuireann siad roghanna inmharthana maoinithe ar fáil do chuideachtaí. Tar éis chogadh foghach na Rúise, rinne Banc Náisiúnta na hÚcráine bearta iomchuí chun leachtacht na mbanc agus muinín sa chóras a chosaint.

Tá reachtaíocht nár athchóiríodh a fuarthas ó oidhreacht ina bhfuil easpa solúbthachta ag cur bac ar fheidhmiú an mhargaidh saothair. Bhí thart ar 3 mhilliún duine, nó beagnach 20 % de na daoine fostaithe uile, i bhfostaíocht neamhfhoirmiúil in 2021. Lean an ráta dífhostaíochta de bheith íseal go leor ar leibhéal thart ar 9 % le blianta beaga anuas agus ní raibh aon mhórthionchar ag an timthriall eacnamaíoch air sin. Bhí an ráta gníomhaíochta eacnamaíche go mór os cionn roinnt piaraí réigiúnacha agus d’fhan sé gan athrú a bheag nó a mhór ar leibhéal thart ar 62 % (56 % i gcás na mban) ó bhí 2014 ann, i gcomhthéacs eisimirce mhór an lucht saothair. Go deimhin, de réir mheastacháin 2019, bhí thart ar 2.5 milliún Úcránach, nó beagnach 15 % den fhostaíocht iomlán, ina gcónaí agus ag obair thar lear. Chuir eisimirce an lucht saothair sin go mór leis na sreabha measartha mór seoltán, rud a sháraigh go leanúnach sreabha na hinfheistíochta dírí coigríche beagnach ceithre huaire.

2.2. Cumas chun déileáil leis an mbrú iomaíoch agus le fórsaí an mhargaidh laistigh den Aontas

Tá córas oideachais dea-fhorbartha ina chúis le ráta litearthachta atá gar do 100 % agus measúnú PISA 2018 a bhí sách sásúil ar an meán inar rangaíodh an Úcráin sa 40ú háit as 78 dtír. D’ainneoin an chaiteachais rialtais measartha mór san earnáil (5.7 % de OTI in 2021) agus cóimheas ollchláraithe san oideachas treasach atá breis is 80 %, d’fhéadfaí na curaclaim agus an cháilíocht fhoriomlán a ailíniú ar bhealach níos fearr le riachtanais an mhargaidh saothair. Maidir leis an gcaiteachas ar thaighde agus forbairt, atá dírithe go príomha ar an earnáil phoiblí agus a bhí ag laghdú le 10 mbliana anuas go dtí leibhéal faoi bhun 0.5 % in 2020, ní leor an caiteachas sin chun an caipiteal daonna a mhéadú ar bhealach inbhuanaithe.

Fiú roimh an dochar suntasach a rinneadh le cogadh foghach na Rúise, léirigh staid an bhonneagair fhisiciúil san Úcráin leibhéal síor-íseal carntha caipitil ghinearálta, agus bhí an cóimheas infheistíochta thart ar 17 % de OTI ar an meán ó tharla réabhlóid Maidan. Rinne an cogadh dochar ollmhór ar fiú na céadta billiún euro é. Tar éis an chogaidh, ní hamháin go mbeidh sé ríthábhachtach an méid a bhí ann roimhe a athbhunú, ach beidh ‘atógáil chun feabhais’ ríthábhachtach freisin mar aon le nasc soiléir a bheith ann idir an clár oibre leathan don athchóiriú ar chonair Eorpach na hÚcráine chun aistriú glas agus digiteach na hÚcráine a chumasú. B’ionann fad bóthair agus táirgeadh leictreachais per capita agus 48 % agus 57 % de mheán an Aontais in 2020 faoi seach. Measadh go raibh méid caithimh na líonraí dáileacháin leictreachais gar do 50 %. D’ainneoin an fháis shoiléir atá tagtha ar earnáil TFC le blianta beaga anuas, ní úsáideann formhór na gcuideachtaí ach uirlisí agus teicneolaíochtaí digiteacha bunúsacha.

Ar leibhéal measartha éagsúlaithe, is beag athrú a tháinig ar struchtúr gheilleagar na hÚcráine ó bhí 2014 ann agus lean sé de bheith comhchruinnithe in earnálacha a bhfuil breisluach íseal ag baint leo. Thit sciar na monaraíochta in OTI ó 12.2 % in 2014 go 10.3 % in 2021. Ba iad an trádáil (13.8 % de OTI), an talmhaíocht (10.8 % de OTI) agus an mhianadóireacht (6.7 % de OTI) na trí earnáil eile is tábhachtaí in 2021. San am céanna, ba iad earnálacha na trádála, na talmhaíochta agus an tionscail ba chúis le beagnach 60 % den fhostaíocht, rud a thugann le fios go bhfuil táirgiúlacht saothair níos ísle i gcoibhneas le codanna eile den gheilleagar.

Tá oscailteacht fhoriomlán an gheilleagair ag laghdú le blianta beaga anuas, agus tháinig crapadh ar an trádáil eachtrach in earraí agus i seirbhísí mar sciar de OTI de bheagnach aon cheathrú ó bhí 2015 ann, go dtí 82.6 % de OTI in 2021. Mar sin féin, rinneadh dul chun cinn breise maidir leis an gcomhtháthú eacnamaíoch leis an Aontas a bhuí le cur chun feidhme AA/DCFTA. Ó bhí 2015 ann tá méadú tagtha ar raon feidhme onnmhairí na hÚcráine go dtí an tAontas, i dtéarmaí líon na ngnólachtaí onnmhairiúcháin freisin (14 238 gcuideachta onnmhairiúcháin in 2021, i.e. 22 % níos mó ná mar a bhí in 2015). Tháinig méadú ar an sciar onnmhairí chuig an Aontas Eorpach ó 28 % in 2015 go 36 % in 2021, agus is iad táirgí talmhaíochta, miotail agus mianraí a bhí iontu den chuid is mó. Tháinig méadú freisin ar an sciar allmhairí ón Aontas Eorpach ó 36 % in 2015 go 41 % in 2021, agus is iad innill, ceimiceáin agus mianraí a bhí iontu den chuid is mó. Agus í mar bhall den Eagraíocht Dhomhanda Trádála ó bhí 2008 ann, tá beartas trádála measartha oscailte ag an Úcráin.

3. CUMAS CHUN NA hOIBLEAGÁIDÍ A BHAINEANN LE BALLRAÍOCHT A GHLACADH

Rinneadh meastóireacht ar chumas na hÚcráine glacadh leis na hoibleagáidí a bhaineann le ballraíocht bunaithe ar na táscairí seo a leanas:

-Na gealltanais sa Chomhaontú Comhlachais agus sa Limistéar Domhain Cuimsitheach Saorthrádála agus a gcur chun feidhme;

-Leibhéal glactha, cur chun feidhme agus forfheidhmithe an acquis lasmuigh de AA/DCFTA.

Baineann an Comhaontú Comhlachais idir an tAontas agus an Úcráin, lena n‑áirítear Limistéar Domhain Cuimsitheach Saorthrádála (AA/DCFTA) le glúin nua comhaontuithe comhlachais idir an tAontas agus na tíortha comhpháirtíochta. In 21 de na hiarscríbhinní/foscríbhinní a ghabhann leis, tá liostaí de chodanna sonracha den acquis agus amchlár mionsonraithe cur chun feidhme idir 2-10 mbliana. Ar an gcaoi sin, cumhdaítear sa Chomhaontú cuid shubstaintiúil de acquis an Aontais. Mar thoradh ar ghealltanas láidir ón Úcráin maidir le cur chun feidhme AA/DCFTA, tá comhar déthaobhach feabhsaithe agus comhtháthú eacnamaíoch de réir a chéile leis an Aontas Eorpach i raon leathan earnálacha. Baineadh leas as nádúr dinimiciúil an Chomhaontaithe trí iarscríbhinní a thabhairt cothrom le dáta, chun acquis níos déanaí an Aontais a chumhdach ná mar a cuimsíodh sa Chomhaontú i dtosach. Tugadh na hiarscríbhinní seo a leanas cothrom le dáta le déanaí: Iarscríbhinn XXVII maidir le fuinneamh, Iarscríbhinn XXI maidir le soláthar poiblí, Iarscríbhinn V maidir le bearta sláintíochta agus fíteashláintíochta agus Iarscríbhinn XVII maidir le seirbhísí in 3 earnáil: teileachumarsáid, seirbhísí poist agus cúiréireachta, agus seirbhísí muiriompair idirnáisiúnta. Thángthas ar réamh‑chomhaontú i ndáil le hIarscríbhinn XXXI maidir le gníomhú ar son na haeráide, Iarscríbhinn XV maidir le comhfhogasú na reachtaíochta custaim agus Iarscríbhinn XLIV maidir le comhar airgeadais le forálacha frithchalaoise.

In 2020 sheol an tAontas agus an Úcráin an tAthbhreithniú Cuimsitheach ar an méid a baineadh amach le Cuspóirí an Chomhaontaithe faoi Airteagal 481 den Chomhaontú Comhlachais chun leas iomlán a bhaint as acmhainneacht AA/DCFTA.

Leis an gComhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Úcráin, cuirtear leagan amach institiúideach cuimsitheach ar fáil le haghaidh idirphlé déthaobhach agus chun faireachán a dhéanamh ar an bpróiseas maidir le comhfhogasú agus cur chun feidhme reachtaíocht na hÚcráine le acquis an Aontais de réir a chéile. Cuimsíonn sé sin cruinnithe mullaigh bliantúla ar an leibhéal polaitiúil is airde, an Chomhairle Comhlachais, an Coiste Comhlachais agus an Coiste Comhlachais i gCumraíocht Trádála, Fochoistí tiomnaithe i gcúig réimse, chomh maith le sé Fhochoiste Cnuasaigh tiomnaithe lena gcumhdaítear beagnach gach caibidil de acquis an Aontais. Leis na bearta atá déanta ag rialtas na hÚcráine maidir leis an gComhaontú a chur chun feidhme, dearbhaítear freisin go bhfuil sé in ann acquis ábhartha an Aontais a chur chun feidhme, lena n‑áirítear creat comhordúcháin idirinstitiúideach leormhaith a chur ar bun. Cruthaíodh post mar Leas‑Phríomh‑Aire um Lánpháirtiú an Aontais Eorpaigh agus an Eora-Atlantaigh in 2016, mar aon le hOifig Rialtais athchóirithe um Chomhordú an Lánpháirtithe Eorpaigh agus Eora-Atlantaigh laistigh d’Aireacht na nAirí. Cheap na rialtas i ndiaidh a chéile na Leas‑Airí atá freagrach as saincheisteanna a bhaineann leis an lánpháirtiú Eorpach sna haireachtaí uile.

Ar bhonn bliantúil coimeádtar taifead i ‘Tuarascálacha an Aontais maidir le Cur Chun Feidhme Comhlachais’, a eisítear go bliantúil, ar obair na hÚcráine chun acquis an Aontais a chur chun feidhme ó bhí 2016 ann 7 . Tá a tuarascáil féin á heisiúint ag an Úcráin freisin.

Tá dlúthbhaint ag Ballstáit an Aontais le cur chun feidhme AA/DCFTA trí bhíthin na Comhairle Comhlachais agus an Choiste Comhlachais. Glactar comhsheasaimh le haghaidh na Comhairle Comhlachais agus comhaontaítear Clár Oibre Anótáilte le haghaidh an Choiste Comhlachais. Leis an gCoiste Parlaiminteach Comhlachais idir an tAontas agus an Úcráin, glacann Parlaimint na hEorpa agus Parlaimint na hÚcráine páirt i gcur chun feidhme an chomhaontaithe. Tá faireachán á dhéanamh ag an tsochaí shibhialta freisin ar an gcur chun feidhme trí bhíthin Ardán Sochaí Sibhialta an Aontais agus na hÚcráine.

Tar éis ghlacadh na modheolaíochta athbhreithnithe um méadú 8 chun críoch bheartas an Aontais maidir le méadú, déantar acquis an Aontais a struchtúrú ar shé chnuasach théamacha. Cumhdaítear an acquis sna cnuasaigh sin den chuid is mó le AA/DCFTA. De réir a chéile tá comhfhogasú déanta ag an Úcráin le acquis an Aontais a chuimsítear in AA/DCFTA agus is sásúil a chruthaigh an Úcráin í féin ar an iomlán maidir le cur chun feidhme, cé go bhfuil an dul chun cinn míchothrom agus gur minic a bhíonn moill maidir le comhlíonadh na hamlínte uaillmhianacha in AA/DCFTA. Ar feitheamh anailís iomlán ar na caibidlí uile a dhéanfar ag céim níos déanaí sa phróiseas, soláthraítear samplaí leis an anailís de chaibidlí sna cnuasaigh inar bhain an Úcráin torthaí anmhaith amach agus cuirtear i dtábhacht réimsí nach ndearnadh ach comhfhogasú teoranta leis an acquis iontu.

Cuimsítear i gCnuasach na mbunphrionsabal caibidlí acquis an Aontais maidir le Breithiúnacht agus cearta bunúsacha, An ceartas, an tsaoirse agus an tslándáil, Soláthar poiblí, Staitisticí agus Rialú airgeadais. Rinneadh measúnú ar an gcnuasach sin faoi na ranna a bhaineann le Critéir Pholaitiúla agus Eacnamaíocha.

Cuimsítear i gcnuasach an mhargaidh inmheánaigh caibidlí acquis an Aontais maidir le Saorghluaiseacht earraí, Saorghluaiseacht oibrithe, Ceart bunaíochta agus saoirse chun seirbhísí a sholáthar, Saorghluaiseacht caipitil, Dlí na gcuideachtaí, Dlí na maoine intleachtúla, Beartas iomaíochta, Seirbhísí airgeadais, Cosaint tomhaltóirí agus sláinte. Sa chnuasach sin baineadh torthaí an‑mhaith amach, mar shampla, i réimse na saorghluaiseachta earraí. Rinne an Úcráin dul chun cinn maith maidir le hailíniú acquis an Aontais i ndáil le Bacainní Teicniúla ar Thrádáil agus é mar aidhm aici caighdeáin an Aontais maidir le sábháilteacht táirgí a chomhlíonadh. Leis sin, bhíothas in ann tús a chur le hullmhúcháin an Chomhaontaithe a bheidh ann amach anseo maidir le Measúnú Comhréireachta agus Glactha de Tháirgí Tionsclaíocha (ACAA) i dtrí earnáil a bhfuil réamh‑mheasúnú fós ar siúl ina leith.

Baineadh torthaí maithe amach freisin i réimse na hiomaíochta. Tá dlí maidir le hiomaíocht i bhfeidhm ag an Úcráin ina bhfuil sraith chaighdeánach rialacha atá inchomparáide le formhór na ngníomhartha in aghaidh trustaí san Aontas. Thairis sin, le blianta beaga anuas tá feabhas mór curtha ag údarás rialaithe iomaíochta na hÚcráine ar a chleachtais láimhseála cásanna agus é mar aidhm aige ailíniú le dlíthe agus cleachtais an Aontais maidir le hiomaíocht. Cuireann an dlí atá ann faoi láthair maidir le státchabhair bunús ar fáil chun státchabhair a rialú ach is gá é a ailíniú a thuilleadh.

Tá réimsí eile sa chnuasach ina bhfuil an comhfhogasú le acquis an Aontais fós teoranta; baineann an méid sin, mar shampla, leis an réimse maidir le Cearta Maoine Intleachtúla (CMI). Glacadh roinnt dlíthe nua in 2019 agus in 2020: maidir le trádmharcanna agus dearaí, maidir le paitinní, maidir le Tásca Geografacha agus maidir le bearta teorann CMI. Tá gá le tuilleadh iarrachtaí go háirithe maidir le cur chun feidhme agus forfheidhmiú.

Cuimsítear i gcnuasach na hiomaíochta agus an fháis chuimsithigh caibidlí acquis an Aontais maidir leis An tsochaí faisnéise agus na meáin chumarsáide, Cánachas, Beartas eacnamaíoch agus airgeadaíochta, Beartas Sóisialta agus Fostaíocht, Beartas fiontraíochta agus tionsclaíoch, Eolaíocht agus taighde, Oideachas agus cultúr, agus An tAontas custaim. Baineadh torthaí an‑mhaith amach sa chnuasach sin, mar shampla, i réimse na sochaí faisnéise agus na meán cumarsáide, réimse ina ndearna an Úcráin athchóiriú agus comhfhogasú earnálach domhain le acquis an Aontais maidir leis an Margadh Aonair Digiteach. Ghlac an Úcráin na dlíthe maidir le cumarsáid leictreonach agus maidir leis an rialtóir teileachumarsáide agus tá na dlíthe sin á bhforfheidhmiú aici ó thús 2022. Tá an t‑ailíniú le reachtaíocht an Aontais maidir leis an meán closamhairc fós le tabhairt chun críche, go háirithe a mhéid a bhaineann le ról rialtóir na meán, trédhearcacht úinéireacht na meán, agus dálaí comhionanna margaidh.

Baineadh torthaí maithe amach freisin i réimse an chustaim. Ghlac an Úcráin an reachtaíocht is gá chun na ceanglais a chomhlíonadh agus chun páirt a ghlacadh sna coinbhinsiúin maidir le nós imeachta comhchoiteann um earraí faoi bhealach agus maidir le foirmiúlachtaí i leith trádáil earraí a shimpliú, agus chun Clár an Oibreora Eacnamaíoch Údaraithe a chur chun feidhme, chun buntáistí a bhaint as nósanna imeachta imréitigh custaim agus chun trádáil in earraí a éascú. I ndáil le nuashonrú Iarscríbhinn XV a bhaineann le cur chun feidhme na reachtaíochta maidir le Cód Custaim nua an Aontais, tugadh an chaibidlíocht sin i gcrích go rathúil. Is sásra rathúil é comhlachas na hÚcráine le Fís Eorpach agus le Clár Taighde agus Oiliúna Euratom chun comhtháthú a bhaint amach le cleachtais an Aontais i réimse an taighde agus na nuálaíochta.

Tá réimsí eile sa chnuasach ina bhfuil an comhfhogasú leis an acquis fós teoranta, mar shampla, i réimse an bheartais shóisialta agus na fostaíochta.

Cuimsítear sa chnuasach maidir leis an gClár oibre glas agus an nascacht inbhuanaithe caibidlí an acquis maidir le Beartas iompair, Fuinneamh, Gréasáin trasEorpacha, agus an Comhshaol agus an tathrú aeráide. Sa chnuasach sin, baineadh torthaí anmhaith amach i réimse an fhuinnimh a mhéid a bhaineann lena margaí leictreachais agus gáis a bhunú, lena náirítear díchuachadh agus deimhniú oibreoirí an ghréasáin tarchurtha gáis agus leictreachais. Tá claochlú struchtúrach déanta ag an Úcráin freisin ar dhearadh a margaidh leictreachais agus gáis, bunaithe ar rialacha an Aontais. Chuir ballraíocht na hÚcráine sa Chomhphobal Fuinnimh borradh faoin bpróiseas comhfhogasaithe reachtaíochta. Cumhdaítear codanna substaintiúla de acquis an Aontais leis an reachtaíocht maidir leis an gcreat éifeachtúlachta fuinnimh. Leis an dea-obair sa réimse sin, cuireadh ar a cumas don Úcráin nascadh le heangach leictreachais an Aontais i mí an Mhárta 2022 agus teacht ar chomhaontú maidir le méadú de réir a chéile ar onnmhairí leictreachais faoi réir coinníollacha teicniúla soiléire atá le comhlíonadh. Tá acmhainneacht ollmhór ag an Úcráin maidir le fuinneamh inathnuaite a tháirgeadh agus geilleagar hidrigine glaine a fhorbairt. Chuideodh an méid sin leis an spleáchas fuinnimh ar bhreoslaí iontaise na Rúise a laghdú i gcomhréir le plean REPowerEU agus le saincheisteanna leachtachta in earnáil an fhuinnimh a mhaolú. Cuirfidh an Mheitheal Ardleibhéil um an margadh fuinnimh dlús breise leis na hathchóirithe riachtanacha agus san am céanna áiritheofar slándáil an tsoláthair réigiúnaigh agus réiteofar an bealach don trádáil a bheidh ann amach anseo i leictreachas agus in hidrigin inathnuaite, mar aon leis an gcóras fuinnimh a atógáil faoin tionscnamh REPowerUkraine. I ndáil leis an gcnuasach sin, leis an idirphlé straitéiseach ardleibhéil leis an Úcráin maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip 9  agus maidir le haistriú glas na hÚcráine, ar idirphlé é a seoladh in 2021, léiríodh spéis agus tiomantas ar ardleibhéal don chlár oibre glas ar thaobh rialtas na hÚcráine. Tá an méid sin riachtanach chun aistriú glas na tíre a chumasú agus chun go mbainfear amach a spriocanna nua aeráide i gcomhréir le cuspóirí Chomhaontú Pháras. Léiríodh leis an idirphlé freisin go bhfuil gá le hiarrachtaí móra chun ailíniú reachtach a áirithiú, mar shampla, ailíniú le acquis aeráide agus comhshaoil an Aontais, agus chun cumais leormhaith riaracháin, airgeadais agus eagraíochtúil a áirithiú chun é a chur chun feidhme agus a fhorfheidhmiú.

Tá réimsí eile sa chnuasach ina bhfuil an comhfhogasú leis an acquis fós teoranta, mar shampla, i réimse an iompair, réimse nár cuireadh ach thart ar aon trian de acquis ábhartha an Aontais chun feidhme. Níor baineadh torthaí móra amach ach i roinnt réimsí a bhfuil ríthábhacht ag baint leo maidir le hathchóiriú na hearnála iompair, amhail trí reachtaíocht maidir le huiscebhealaí intíre agus maidir le hiompar ilmhódach a ghlacadh. Ó bhí 2018 ann, cuidíonn an tIdirphlé maidir le hIompar leis an nascacht a dhoimhniú agus tacú le comhfhogasú. Mar thoradh ar chur chun feidhme an Chomhaontaithe maidir le Comhlimistéar Eitlíochta idir an tAontas Eorpach agus an Úcráin a síníodh i mí Dheireadh Fómhair 2021, déanfar reachtaíocht na hÚcráine a chomhchuibhiú de réir a chéile le rialacha agus caighdeáin eitlíochta an Aontais.

Áirítear sa chnuasach maidir le hAcmhainní, an talmhaíocht agus comhtháthú caibidlí acquis an Aontais maidir leis An talmhaíocht agus an fhorbairt tuaithe, Sábháilteacht bia, beartas tréidliachta agus fíteashláintíochta, An t‑iascach, Beartas réigiúnach agus comhordú ionstraimí struchtúracha, agus Forálacha airgeadais agus buiséadacha. Sa chnuasach sin baineadh torthaí an‑mhaith amach, mar shampla, i réimse na Sábháilteachta bia, an bheartais tréidliachta agus fíteashláintíochta. Seasann an earnáil sláintíochta agus fíteashláintíochta amach mar an réimse is cuimsithí agus is casta in AA/DCFTA. Tá ráta an‑ard ag an Úcráin maidir le reachtaíocht a ailíniú i réimse na sábháilteachta bia, na sláinte ainmhithe agus plandaí. Tá na freagrachtaí a eascraíonn as an reachtaíocht nuashonraithe roinnte go soiléir idir an earnáil phoiblí agus an earnáil phríobháideach chun a áirithiú go gcuirtear táirgí a bhfuil sábháilteacht iomchuí ag baint leo ar an margadh, ar bhonn intíre – rud a chuirfidh le muinín thomhaltóirí na hÚcráine as táirgí na hÚcráine – ach maidir le honnmhairí freisin, lena n‑áirítear chuig an tAontas.  Tá an Úcráin ag obair i ndlúthchomhar le heagraíochtaí réigiúnacha bainistithe iascaigh chun a reachtaíocht ábhartha a ailíniú le acquis an Aontais agus le caighdeáin idirnáisiúnta. Thosaigh an tír ar roinnt príomhshásraí le haghaidh an bheartais réigiúnaigh a chur chun feidhme. 

Tá an comhfhogasú le acquis an Aontais i réimse na talmhaíochta agus na forbartha tuaithe teoranta.

Sa chnuasach maidir le Caidreamh seachtrach cuimsítear Caidreamh seachtrach agus Beartas eachtrach, slándála agus cosanta. Is maith a chruthaigh an Úcráin í féin ar an iomlán maidir le hailíniú le seasaimh Chomhbheartas Eachtrach agus Slándála an Aontais. Ba é an ráta ailínithe le ráitis ábhartha ón Ardionadaí thar ceann an Aontais Eorpaigh agus le Cinntí ón gComhairle 79 % in 2021 (2020: 81 %; 2019: 63 %; 2018: 46 %, 2017: 80 %). Bhí an Úcráin ina rannpháirtí gníomhach in EUNAVFOR ATALANTA idir mí na Samhna 2010 agus mí na Samhna 2011 (oifigeach cabhlaigh a sholáthar) agus idir mí Eanáir agus mí Feabhra 2014 (frigéad a sholáthar).  Rannchuidigh an Úcráin le cathghrúpaí de chuid an Aontais freisin roinnt uaireanta idir 2011 agus 2020 agus bhí sí ag ullmhú chun páirt a ghlacadh i misean EUFOR Althea, misean nárbh fhéidir a dhéanamh ar deireadh, de dheasca chogadh na Rúise i gcoinne na hÚcráine. Tá an fhéidearthacht ann an comhar i réimse an Chomhbheartais Slándála agus Cosanta (CBSC) a fheabhsú a thuilleadh agus cóineasú méadaithe a bhaint amach leis an gComhbheartas Eachtrach agus Slándála (CBES), lena n‑áirítear maidir le seasaimh an Aontais. Is gá don Úcráin a gealltanas a chomhlíonadh fós faoi Airteagal 8 den Chomhaontú Comhlachais chun Reacht na Róimhe den Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta a dhaingniú.

4. CONCLÚIDÍ AGUS MOLTAÍ

Is daonlathas parlaiminteach‑uachtaránachta ríthábhachtach í an Úcráin a mbíonn toghcháin iomaíocha aici ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal áitiúil, bunaithe ar chreat cuimsitheach bunreachtúil, reachtach agus institiúideach a chomhfhreagraíonn ar an iomlán do chaighdeáin Eorpacha agus idirnáisiúnta. Tá an creat dlíthiúil le haghaidh riarachán poiblí nua-aimseartha i bhfeidhm ach níl sé curtha chun feidhme ina iomláine fós. Tá an Úcráin tar éis tabhairt faoi athchóiriú rathúil ar an dílárú, lena n‑áirítear dílárú fioscach. Neartaíodh neamhspleáchas na mbreithiúna agus bunaíodh comhlachtaí neamhspleácha frithéillithe, lena n‑áirítear Ard‑Chúirt Frithéillithe atá ag feidhmiú go maith. Tá neamhspleáchas na n‑institiúidí frithéillithe uile ríthábhachtach i gcónaí. Is gá cuntasacht agus éifeachtúlacht na mbreithiúna a neartú agus aghaidh a thabhairt ar easnaimh i bhfeidhmiú na n‑institiúidí forfheidhmithe dlí, go háirithe maidir leis an éilliú a chomhrac, ar rud é atá ina dhúshlán tromchúiseach fós ar fud na tíre. Tá an creat dlíthiúil agus institiúideach lena n‑áirithítear go n‑urramaítear cearta bunúsacha i bhfeidhm agus comhlíontar an creat sin den chuid is mó ach ba cheart an cur chun feidhme a fheabhsú a thuilleadh. Tá sochaí shibhialta ghníomhach chumhachtaithe ina gné shainithe de dhaonlathas na hÚcráine. Tá athléimneacht institiúidí na hÚcráine á léiriú go hiomlán ó thús ionradh na Rúise agus an rialtas ag leanúint de bheith ag feidhmiú ar gach leibhéal. Ar an iomlán, a mhéid a bhaineann leis na critéir pholaitiúla, tá dul chun cinn maith déanta ag an Úcráin chun cobhsaíocht a bhaint amach sna hinstitiúidí lena ráthaítear an daonlathas, an smacht reachta, cearta an duine agus meas ar mhionlaigh agus cosaint dóibh.

Maidir leis na critéir eacnamaíocha, leanann an Úcráin dá dea-theist láidir mhaicreacnamaíoch, rud a léiríonn athléimneacht shuntasach ós rud é gur áirithíodh cobhsaíocht mhaicreacnamaíoch agus airgeadais freisin tar éis ionradh na Rúise i mí Feabhra 2022. Is léiriú é sin ní hamháin ar dhiongbháilteacht pholaitiúil atá an‑láidir, ach ar institiúidí atá ag feidhmiú go maith. San am céanna, is gá leanúint d’athchóirithe struchtúracha uaillmhianacha chun deireadh a chur leis an éilliú, chun lorg an Stáit agus tionchar seasmhach na n‑olagarcaí a laghdú, chun cearta maoine príobháideacha a neartú agus chun solúbthacht mhargadh an tsaothair a fheabhsú san Úcráin d’fhonn feabhas a chur ar fheidhmiú an gheilleagair margaidh. Beidh cumas na tíre déileáil leis an mbrú iomaíoch san Aontas ag brath go mór ar an gcaoi a ndeartar agus a n‑ordaítear infheistíochtaí iarchogaidh san Úcráin chun a caipiteal fisiciúil a uasghrádú, chun torthaí oideachais a fheabhsú agus chun an nuálaíocht a spreagadh.

A mhéid a bhaineann lena cumas oibleagáidí na ballraíochta a chomhlíonadh, tá obair ar bun ag an Úcráin ó bhí 2016 ann maidir leis an gComhaontú Comhlachais idir an tAontas agus an Úcráin a chur chun feidhme, lena n‑áirítear Limistéar Domhain Cuimsitheach Saorthrádála (AA/DCFTA). Cumhdaítear cuid an‑mhór de acquis an Aontais sna comhaontuithe sin cheana féin. Tá comhfhogasú déanta ag an Úcráin de réir a chéile ar ghnéithe substaintiúla de acquis an Aontais i roinnt mhaith caibidlí. Is sásúil a chruthaigh sí í féin ar an iomlán maidir le cur chun feidhme, agus tá an tír níos forbartha i roinnt earnálacha ná in earnálacha eile.

Is Stát Eorpach í an Úcráin a bhfuil neart fianaise tugtha aici go bhfuil sí ag cloí leis na luachanna ar a bhfuil an tAontas Eorpach fothaithe. Molann an Coimisiún don Chomhairle, dá bhrí sin, gur cheart an pheirspictíocht a thabhairt don Úcráin a bheith ina ball den Aontas Eorpach.

Léirigh an Úcráin athléimneacht a cuid institiúidí lena ráthaítear an daonlathas, an smacht reachta, cearta an duine agus meas ar mhionlaigh agus cosaint dóibh.

Molann an Coimisiún, dá bhrí sin, go mbronnfaí stádas mar iarrthóir ar an Úcráin, ar an tuiscint go ndéanfar na bearta seo a leanas:

-reachtaíocht a achtú agus a chur chun feidhme maidir le nós imeachta roghnúcháin do bhreithiúna Chúirt Bhunreachtúil na hÚcráine, lena náirítear próiseas réamhroghnúcháin bunaithe ar mheastóireacht ar a nionracas agus a scileanna gairmiúla, i gcomhréir le moltaí Choimisiún na Veinéise;

-bailchríoch a chur ar ghrinnfhiosrúchán ionracais na niarrthóirí ar ArdChomhairle an Cheartais ag an gComhairle Eitice agus roghnú na niarrthóirí chun Coimisiún Ardcháilíochta Bhreithiúna na hÚcráine a bhunú;

-an comhrac i gcoinne an éillithe a neartú a thuilleadh, go háirithe ar an ardleibhéal, trí imscrúduithe réamhghníomhacha agus éifeachtúla, agus dea-theist inchreidte maidir le hionchúisimh agus ciontuithe; ceapachán an chinn nua ar Oifig an Ionchúisitheora Speisialaithe in aghaidh Éillithe a thabhairt chun críche trí dheimhniú a dhéanamh ar bhuaiteoir aitheanta an chomórtais agus tríd an bpróiseas roghnúcháin agus ceapacháin a sheoladh agus a thabhairt chun críche le haghaidh Stiúrthóir nua Bhiúró Náisiúnta FrithÉillithe na hÚcráine;

-a áirithiú go bhfuil an reachtaíocht maidir le frithsciúradh airgid i gcomhréir le caighdeáin an Tascfhórsa um Ghníomhaíocht Airgeadais (FATF); plean straitéiseach uileghabhálach a ghlacadh maidir le hearnáil iomlán fhorfheidhmiú an dlí a athchóiriú mar chuid de thimpeallacht slándála na hÚcráine;

-an dlí in aghaidh olagarcaí a cur chun feidhme chun teorann a chur le tionchar iomarcach na nolagarcaí sa saol eacnamaíoch, polaitiúil agus poiblí; ba cheart an méid sin a dhéanamh ar bhealach atá fónta ó thaobh an dlí de, agus an tuairim atá le teacht gan mhoill ó Choimisiún na Veinéise maidir leis an reachtaíocht ábhartha á cur san áireamh;

-dul i ngleic le tionchar na leasanna dílsithe trí dhlí na meán a ghlacadh lena ndéantar reachtaíocht na hÚcráine a ailíniú le treoir sheirbhísí na meán closamhairc de chuid an Aontais Eorpaigh agus lena ndéantar rialtóir neamhspleách na meán a chumhachtú;

-bailchríoch a chur ar athchóiriú an chreata dhlíthiúil maidir le mionlaigh náisiúnta atá á ullmhú faoi láthair mar a mhol Coimisiún na Veinéise, agus sásraí cur chun feidhme éifeachtacha láithreacha a ghlacadh

Déanfaidh an Coimisiún faireachán ar dhul chun cinn na hÚcráine maidir le comhlíonadh na gcéimeanna sin agus tabharfaidh sé tuairisc orthu, mar aon le measúnú mionsonraithe ar an tír, faoi dheireadh 2022.

Tá an próiseas aontachais fós bunaithe ar na critéir agus ar na coinníollacha atá leagtha síos. Mar gheall air sin, is féidir le haon tír atá i mbun an phróisis dul chun cinn a dhéanamh bunaithe ar a buanna féin ach ciallaíonn sé freisin gur féidir na céimeanna i dtreo an Aontais a fhreaschur mura gcomhlíontar na bunchoinníollacha a thuilleadh.

(1)

  20220311-versaillesdeclarationen.pdf (europa.eu)

(2)

Léarscáil de smachtbhannaí an Aontais - https://www.sanctionsmap.eu/#/main

(3)

SWD(2021) 186 final

(4)

Mar a thuairiscigh an Coimisiún Eorpach maidir le hÉifeachtúlacht an Cheartais de chuid Chomhairle na hEorpa.

(5)

Maidir leis an leibhéal ard neamhchinnteachta a bhaineann leis an gcogadh leanúnach agus a thionchar a bhíonn ag síorathrú, ba cheart a chuimhneamh go ndéanann sí difear do chumhacht réamhfháistineach an mheasúnaithe seo, atá bunaithe den chuid is mó ar na sonraí (réamhchogaidh) atá ar fáil.

(6)

Cé is moite de Naftogaz atá an‑bhrabúsach (an SOE is mó san Úcráin, ag a bhfuil monaplacht náisiúnta sa ghnó ola agus gáis).

(7)

SWD(2020) 329 final

(8)

COM (2020) 57 final

(9)

COM(2019) 640 final

Top

An Bhruiséil,17.6.2022

COM(2022) 407 final

IARSCRÍBHINN

a ghabhann leis an

TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA, CHUIG AN gCOMHAIRLE EORPACH AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE

Tuairim ón gCoimisiún maidir le hiarratas na hÚcráine ar bhallraíocht san Aontas Eorpach


SONRAÍ STAIDRIMH ( asbhainte an 11.5.2022)

An Úcráin

Sonraí bunúsacha

Nóta

2010

2016

2017

2018

2019

2020

2021

Daonra (mílte)

1)

45 782.6

42 590.9b

42 414.9

42 216.8

41 983.6

41 732.8

41 418.7

Achar iomlán na tíre (km²)

2)

603 548.0

603 549.0

603 549.0

603 549.0

603 549.0

603 549.0

Cuntais náisiúnta

Nóta

2010

2016

2017

2018

2019

2020

Olltáirgeacht intíre (OTI) (milliúin airgeadra náisiúnta)

 

1 120 585.0

2 385 367.0

2 981 227.0

3 560 302.0p

3 977 198.0p

4 191 864.0p

Olltáirgeacht intíre (OTI) (milliúin euro)

 

106 388.7

84 312.6

99 360.5

110 764.8p

137 372.9p

136 153.2p

OTI (euro per capita)

 

2 319.3

1 975.8

2 338.7

2 620.4p

3 268.6p

3 261.5p

OTI per capita (i gcaighdeáin cumhachta ceannaigh (CCC))

 

:

:

:

:

:

:

OTI per capita (in CCC), i gcoibhneas le meán an Aontais (AE-28 = 100)

 

:

:

:

:

:

:

Fíor-ráta fáis OTI: athrú ar mhéid OTI na bliana roimhe sin (%)

 

4.1

2.4

2.4

3.5p

3.2p

-4.0p

Fás fostaíochta (sonraí cuntas náisiúnta), i gcoibhneas leis an mbliain roimhe sin (%)

3)

0.4

-1.0

-0.7

1.3

1.9

-4.0

Oll-bhreisluach de réir na bpríomhearnálacha

 

 

 

 

 

 

 

Talmhaíocht, foraoiseacht agus iascach (%)

 

8.4

13.8

12.1

12.0

10.4

10.8

Tionscal (%)

 

25.3

25.0

25.0

24.8

23.2

21

Foirgníocht (%)

 

3.7

2.3

2.6

2.7

3.1

3.3

Seirbhísí (%)

 

62.6

58.9

60.3

60.5

63.3

64.9

Caiteachas ar thomhaltas críochnaitheach, mar sciar de OTI (%)

 

84.4

85.2

87.8

90.2

93.2

93.7

Ollfhoirmiú caipitil sheasta, mar sciar de OTI (%)

 

18.1

15.5

15.8

17.7

17.6

13.0

Athruithe ar fhardail, mar sciar de OTI (%)

 

0.3

6.2

4.2

0.9

-2.7

-5.6

Onnmhairí earraí agus seirbhísí, i gcoibhneas le OTI (%)

 

46.5

49.3

48.1

45.2

41.2

39.1

Allmhairí earraí agus seirbhísí, i gcoibhneas le OTI (%)

 

49.3

56.2

55.9

54

49.3

40.2

Ollfhoirmiú caipitil sheasta de réir earnáil an rialtais ghinearálta, mar chéatadán de OTI (%)

 

:

:

:

:

:

:

Gnó

Nóta

2010

2016

2017

2018

2019

2020

Innéacs méid táirgeachta tionsclaíche (2015 = 100)

4)

130.6

105.7

111.4

114.6

115.5

108.1

Ráta boilscithe agus praghsanna tithe

Nóta

2010

2016

2017

2018

2019

2020

Praghasinnéacs tomhaltóirí (CPI), athrú i gcoibhneas leis an mbliain roimhe sin (%)

 

:

13.9

14.5

10.9

7.9

2.8

Comhardú na n-íocaíochtaí

Nóta

2010

2016

2017

2018

2019

2020

Comhardú na n-íocaíochtaí: iomlán an chuntais reatha (milliúin euro)

5)

-2 272.3

-1 685.2

-3 078.6

-5 443.0

-3 681.5

4 611.7

Comhardú íocaíochtaí an chuntais reatha: comhardú trádála (milliúin euro)

 

-3 000.1

-5 827.9

-7 751.0

-9 628.5

-11 168.7

-2 082.1

Comhardú íocaíochtaí an chuntais reatha: glanseirbhísí (milliúin euro)

 

4 230.4

441.6

814.6

1 130.6

1 562.2

3 852.6

Infheistíocht dhíreach choigríche (IDC) thar lear (milliúin euro)

 

554.5

14.5

7.1

-4.2

578.5

71.8

ar díobh sin, IDC an gheilleagair tuairiscithe i dtíortha AE-27 (milliúin euro)

 

527.1

14.5

1.8

0.8

575.8

71.8

Infheistíocht dhíreach choigríche (IDC) sa gheilleagar tuairiscithe (milliúin euro)

6)

4 893.4

3 440.9

3 272.7

3 770.0

5 231.3

-30.6

ar díobh sin, IDC na dtíortha AE-27 sa gheilleagar tuairiscithe (milliúin euro)

6)

3 948.2

1 080.2

1 755.1

2 537.8

4 045.1

-714.1

Airgeadas poiblí

Nóta

2010

2016

2017

2018

2019

2020

Easnamh / barrachas an rialtais ghinearálta, i gcoibhneas le OTI (%)

6)

-6.3

-1.9

-1.2

-1.9

-1.9

-5.4

Ollfhiachas an rialtais ghinearálta, i gcoibhneas le OTI (%)

6)

38.4

80.5

64.4

61.7

55.1

54.0

Táscairí airgeadais

Nóta

2010

2016

2017

2018

2019

2020

Ollfhiachas seachtrach an gheilleagair iomláin, i gcoibhneas le OTI (%)

 

83.1

127.7

97.4

90.4

79.4

75.1

Ollfhiachas seachtrach an gheilleagair iomláin, i gcoibhneas le hiomlán na n-onnmhairí (%)

 

178.7

259.1

202.3

200

192.4

192.4

Rátaí úis: ráta airgid ó lá go lá, in aghaidh na bliana (%)

 

1.7

15.4

11.6

16.3

15.0

7.1

Rátaí malairte euro: meán na tréimhse (EUR 1 =... airgeadra náisiúnta)

 

10.6

28.3

30.1

32.1

28.9

30.9

Trádáil sheachtrach earraí

Nóta

2010

2016

2017

2018

2019

2020

Luach na n-allmhairí: na hearraí uile, na comhpháirtithe uile (milliúin euro)

 

45 524.6s

35 459.2s

43 911.8s

48 423.0s

54 310.1s

47 490.1s

Luach na n-onnmhairí: na hearraí uile, na comhpháirtithe uile (milliúin euro)

 

38 277.4s

32 850.0s

38 297.5s

40 080.4s

44 711.6s

43 052.6s

Comhardú na trádála: na hearraí uile, na comhpháirtithe uile (milliúin euro)

 

-7 247.2s

-2 609.2s

-5 614.3s

-8 342.6s

-9 598.5s

-4 437.5s

Téarmaí trádála (innéacs na bpraghsanna onnmhairiúcháin/innéacs na bpraghsanna allmhairíochta * 100) (uimhir)

 

:

:

:

:

:

:

Sciar onnmhairí chuig tíortha AE-27 mar luach d’onnmhairí foriomlána (%)

 

:

:

:

:

:

:

Sciar allmhairí ó thíortha AE-28 mar luach d’allmhairí foriomlána (%)

 

:

:

:

:

:

:

Déimeagrafaíocht

Nóta

2010

2016

2017

2018

2019

2020

Ráta garbh den athrú nádúrtha ar an daonra (ráta fáis nádúrtha): líon na mbreitheanna lúide básanna (in aghaidh an mhíle áitritheoir)

 

-4.4

-4.4

-5.0

-6.0

-6.5

-7.8e

Ionchas saoil tráth breithe: fireann (i mblianta)

 

65.2

68

68.3

68.1

68.4

:

Ionchas saoil tráth breithe: baineann (i mblianta)

 

75.3

77.6

78.0

78.0

78.3

:

Margadh saothair

Nóta

2010

2016

2017

2018

2019

2020

An ráta gníomhaíochta eacnamaíche i measc daoine idir 20-64 bliana d’aois: sciar den daonra idir 20–64 bliana d’aois atá gníomhach ó thaobh an gheilleagair de (%)

7)

72.2

70.7

70.9

71.8

72.9

72.0

An ráta fostaíochta i measc daoine idir 20-64 bliana d’aois: sciar den daonra idir 20–64 bliana d’aois atá i bhfostaíocht (%)

 

66.4

64.2

64.2

65.6

66.9

65.2

Ráta fostaíochta na bhfear i measc daoine idir 20-64 bliana d’aois (%)

 

71.1

69.5

69.4

70.5

72.7

70.8

Ráta fostaíochta na mban i measc daoine idir 20-64 bliana d’aois (%)

 

62.1

59.3

59.4

61.0

61.6

60.0

An ráta fostaíochta i measc daoine idir 55-64 bliana d’aois: sciar den daonra idir 55–64 bliana d’aois atá i bhfostaíocht (%)

 

40.4

37.0

38.2

39.5

41.9

42.1

Fostaíocht de réir na bpríomhearnálacha

 

 

 

 

 

 

 

Talmhaíocht, foraoiseacht agus iascach (%)

8)

20.2

15.6

15.4

14.9

13.9

14.1

Tionscal (%)

8)

19.1

17.7

17.7

17.8

17.8

17.8

Foirgníocht (%)

8)

6.4

6.6

6.6

6.5

7.1

7

Seirbhísí (%)

8)

54.3

60.1

60.3

60.8

61.2

61.1

Daoine atá fostaithe san earnáil phoiblí mar sciar den fhostaíocht iomlán, daoine idir 20–64 bliana d’aois (%)

 

:

:

:

:

:

:

Daoine atá fostaithe san earnáil phríobháideach mar sciar den fhostaíocht iomlán, daoine idir 20–64 bliana d’aois (%)

 

:

:

:

:

:

:

Ráta dífhostaíochta: sciar den lucht saothair atá dífhostaithe (%)

8)

8.1

9.3

9.5

8.8

8.2

9.5

Ráta dífhostaíochta na bhfear (%)

8)

9.3

10.8

11.1

10

8.5

9.8

Ráta dífhostaíochta na mban (%)

8)

6.8

7.7

7.7

7.4

7.9

9.1

Ráta dífhostaíochta na n-óg: sciar den lucht saothair idir 15-24 bliana d’aois atá dífhostaithe (%)

 

17.4

23.0

18.9

17.9

15.4

19.3

Ráta dífhostaíochta fadtéarmaí: sciar den lucht saothair atá dífhostaithe le 12 mhí anuas nó níos mó (%)

8)

1.8

2.3

2.5

1.9

1.0

2.0

Comhtháthú sóisialta

Nóta

2010

2016

2017

2018

2019

2020

Meánphá agus meántuarastal míosúil ainmniúil (airgeadra náisiúnta)

9)

2 239.2

5 182.6

7 103.8

8 864.6

10 496.8

:

Innéacs fíorphá agus fíorthuarastal (innéacs pá agus tuarastal ainmniúil roinnte ar an innéacs boilscithe) (2016 = 100)

 

:

100.0

119.1

134.0

147.1

157.9

Sciar na ndaoine atá i mbaol na bochtaineachta coibhneasta (tar éis aistrithe) (%)

 

24.1

23.5

24.4

24.1

24.4

22.3

Bonneagar

Nóta

2010

2016

2017

2018

2019

2020

Fad na mótarbhealaí (ciliméadair)

 

15.0

15.0

15.0

15.0

15.0

15.0

Nuálaíocht agus taighde

Nóta

2010

2016

2017

2018

2019

2020

Caiteachas poiblí ar an oideachas i gcoibhneas le OTI (%)

 

6.6

5

5.4

5.3

5.4

:

Ollchaiteachas intíre ar T&F i gcoibhneas le OTI (%)

 

0.8

0.5

0.4

0.5

0.4

0.4

An comhshaol

Nóta

2010

2016

2017

2018

2019

2020

Innéacs astaíochtaí gás ceaptha teasa, coibhéis CO2 (1990 = 100)

 

43.2e

35.8e

34.3e

36.0e

35.2e

:

Leictreachas arna ghiniúint ó fhoinsí in-athnuaite i gcoibhneas le holl-ídiú leictreachais (%)

 

7.0

7.0

8.1

:

:

:

Fuinneamh

Nóta

2010

2016

2017

2018

2019

2020

Táirgeadh príomhúil na dtáirgí fuinnimh uile (mílte TOE)

 

78 712.0

66 323.0

58 863.0

60 883.0

60 095.0

:

Glanallmhairí na dtáirgí fuinnimh uile (mílte TOE)

 

51 260.0

29 152.0

35 145.0

33 795.0

34 768.0

:

Oll-ídiú fuinnimh intíre (mílte TOE)

 

132 308.0

94 383.0

89 462.0

93 526.0

89 072.0

:

Talmhaíocht

Nóta

2010

2016

2017

2018

2019

2020

Limistéar talmhaíochta a úsáidtear (mílte heicteár)

2)

41 275.6

41 274.2

41 274.3

41 259.9

41 138.4

41 144.2

Maidir le sonraí faoi thíortha Bheartas Comharsanachta na hEorpa - an tOirthear, is iad údaráis staidrimh náisiúnta gach tíre a chuireann na sonraí ar fáil ar bhonn deonach, agus is iad na húdaráis sin amháin atá freagrach astu.  
Ó bhí 2014 ann, sna sonraí a bhaineann leis an Úcráin, eisiatar de ghnáth Poblacht Fhéinrialaitheach na Crimé agus Cathair Sevastopol, a ionghabhadh go neamhdhleathach, agus na críocha nach bhfuil faoi rialú rialtas na hÚcráine.

: = níl na sonraí ar fáil

b = briseadh sa tsraith

e = meastachán

p = sealadach

s = meastachán Eurostat

1) Ó bhí 2014 ann, ní áirítear ar na sonraí a bhaineann leis an daonra Poblacht Fhéinrialaitheach na Crimé ná Cathair Sevastopol, a ionghabhadh go neamhdhleathach. Leis na staitisticí is déanaí, cumhdaítear na críocha a bhí faoi rialú rialtas na hÚcráine roimh thús an fhogha mhíleata ag an Rúis an 24 Feabhra 2022.

2) Sonraí na Seirbhíse Stáit maidir le Geodesy, Cartagrafaíocht agus Clár talún na hÚcráine. 2017-2021: Cuirtear na sonraí ar fáil i gcomhréir leis an Aicmiú nua ar Chineálacha Talún. Lena n-áirítear Poblacht Fhéinrialaitheach na Crimé agus Cathair Sevastopol, a ionghabhadh go neamhdhleathach, agus na críocha nach bhfuil faoi rialú rialtas na hÚcráine.

3) 2016-2018: Daoine idir 15 agus 70 mbliana d’aois. 2019-2020: Daoine atá 15 bliana d’aois nó níos sine.

4) Soláthraíodh an t-innéacs ar dtús le 2010 = 100. Athscálaíodh é go 2015 = 100.

5) Ó bhí Y 2020 ann, tá feabhas curtha ag banc náisiúnta na hÚcráine ar thiomsú na hinfheistíochta dírí coigríche, agus sa chomhthéacs sin rinneadh an tuilleamh athinfheistithe chorparáidigh neamhairgeadais a ionchorprú i sonraí IDC maidir le sreabha agus stoic. Dá bhrí sin, rinneadh athbhreithniú ar na sonraí maidir le comhardú íocaíochtaí, IIP agus IDC le haghaidh na tréimhse Y 2015- Y 2019.

6) Fiachas an Stáit agus fiachas arna ráthú ag an Stát.

7) Bunaithe ar an daonra a bhí gníomhach ó thaobh an gheilleagair de – lucht saothair 2019.

8) Daoine idir 15 agus 70 mbliana d’aois.

9) Tagraíonn na sonraí d'fhiontair agus dá rannáin neamhspleácha ina bhfuil 10 bhfostaí nó níos mó.

Top