Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52022DC0389

TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE Tuarascáil Bhliantúil maidir le Gníomhaíochtaí Taighde agus Forbartha Teicneolaíochta an Aontais Eorpaigh agus Faireachán ar na cláir Fís Eorpach agus Fís 2020 in 2021

COM/2022/389 final

An Bhruiséil,5.8.2022

COM(2022) 389 final

TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE

Tuarascáil Bhliantúil maidir le Gníomhaíochtaí Taighde agus Forbartha Teicneolaíochta an Aontais Eorpaigh agus Faireachán ar na cláir Fís Eorpach agus Fís 2020 in 2021


1.Cúlra

Dréachtaíodh an tuarascáil seo i gcomhréir le hAirteagal 190 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus le hAirteagal 7 de Rialachán (AE) 2021/695 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear Conradh Euratom, i gcomhar le h Airteagal 50 den chlár Fís Eorpach – an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht agus le hAirteagal 12 de Rialachán (Euratom) 2021/765 ón gComhairle lena mbunaítear Clár Taighde agus Oiliúna an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach ; agus tugtar forléargas neamh-uileghabhálach sa tuarascáil ar phríomhghníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta (T&N) an Aontais in 2021 agus ar an bhfaireachán ar na cláir Fís Eorpach, Fís 2020 agus Euratom.

2.Comhthéacs polaitiúil agus forbairtí beartais

Bhí gníomhaíochtaí T&N an Aontais in 2021 dírithe arís ar dhul i ngleic le paindéim COVID-19 agus ar éifeachtaí na paindéime ar shochaí agus ar gheilleagar na hEorpa a mhaolú. Chun borradh a chur faoin téarnamh i ndiaidh na paindéime san Aontas, seoladh an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (agus cuireadh EUR 800 billiún ar fáil in iasachtaí agus i ndeontais).

In 2021, seoladh Fís Eorpach – clár suaitheanta an Aontais maidir le T&N i gCreat Airgeadais Ilbhliantúil 2021-2027 – le buiséad EUR 95.5 billiún agus EUR 5.4 billiún breise a ranníoc an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta.

2.1.Paindéim COVID-19

Lean an Coimisiún d’infheistíocht a dhéanamh in T&N le haghaidh vacsaíní agus cóireálacha, go háirithe maidir le teacht chun cinn athraitheach nua. Faoi dheireadh an chláir T&N roimhe seo de chuid Fís 2020, slógadh EUR 872,18 milliún chun taighde a bhaineann leis an gcoróinvíreas a chistiú, lena n‑áirítear diagnóisic, cóireálacha, vacsaíní, eipidéimeolaíocht, ullmhacht agus freagairt ar ráigeanna galair, socheacnamaíocht, meabhairshláinte, táirgeadh agus teicneolaíochtaí digiteacha, chomh maith leis an mbonneagar agus na hacmhainní lena gcumasaítear an taighde sin. Léiríodh na hiarrachtaí sin i roinnt gníomhaíochtaí a liostaítear thíos:

·Glacadh phacáiste HERA, ina bhfuil an teachtaireacht lena dtugtar isteach an tÚdarás Práinnfhreagartha Sláinte (HERA) (mí Mheán Fómhair 2021), an Cinneadh ón gCoimisiún maidir le HERA a bhunú agus an togra le haghaidh Rialachán ón gComhairle maidir le creat beart chun soláthar frithbheart leighis atá ábhartha i gcás géarchéime a áirithiú i gcás éigeandáil sláinte poiblí ar leibhéal an Aontais . Sna 6 bliana amach romhainn, leithdháilfear EUR 1.7 billiún faoin gclár Fís Eorpach chun cuidiú le cuspóirí HERA a bhaint amach.

·Is é is aidhm don Teachtaireacht HERA Incubator: Anticipating together the threat of COVID-19 variants [Gorlann HERA: An bhagairt i ndáil le hathraitheacha COVID-19 a thuar le chéile] (Feabhra 2021) aghaidh a thabhairt ar leathadh méadaithe athraithigh nua SARS-CoV-2.

·Soiléiríodh i straitéis an Aontais maidir le táirgí teiripeacha COVID-19 (mí na Bealtaine 2021) go dtacóidh an infheistíocht faoin gclár Fís Eorpach le trialacha vacsaíne agus teiripeacha.

·Sa teachtaireacht Ceachtanna luatha ó phaindéim COVID-19 a fhoghlaim (mí an Mheithimh 2021), liostaítear 10 gceacht a foghlaimíodh, lena n‑áirítear go bhfuil ‘cur chuige uile-Eorpach fíor-riachtanach chun taighde cliniciúil a dhéanamh níos tapúla, níos leithne agus níos éifeachtaí’.

·An 17 Nollaig 2021, eagraíodh idirphlé COVID-19 maidir le ‘taighde ar ghníomhaíocht beartais’ chun taighde ar an athraitheach Omicron a éascú.

·Lean an tArdán Eorpach maidir le Sonraí COVID-19 de bheith ag fás, agus beagnach 10 milliún taifead de chineálacha éagsúla sonraí ann faoi láthair, lena n‑áirítear os cionn 4.5 milliún géanóm víris agus breis agus 4.3 milliún seicheamh víreasach amh.

·Leathnaíodh forógra COVID-19 an Aontais  chun an úsáid is mó is féidir a bhaint as torthaí taighde.

2.2.An t‑aistriú glas agus an t‑aistriú digiteach

Le teacht i bhfeidhm an Dlí Aeráide Eorpaigh (mí an Mheithimh 2021), na spriocanna maidir le glanastaíochtaí gás ceaptha teasa nialasacha faoi 2050 agus laghdú 55 % ar a laghad ar astaíochtaí faoi 2030, i gcomparáid le leibhéil 1990, rinneadh ceangailteach ó thaobh dlí san Aontas Eorpach iad. I mí Iúil 2021, ghlac an Coimisiún an pacáiste ‘ Oiriúnach do 55 ’ chun beartais an Aontais maidir le haeráid, fuinneamh, úsáid talún, iompar agus cánachas a oiriúnú chun na spriocanna a bhaint amach - lena n‑áirítear an sprioc i dtaca le 35 % den chistiú taighde agus nuálaíochta faoin gclár Fís Eorpach a úsáid le haghaidh infheistíochtaí glasa. Maidir le fuinneamh, ba iad seo a leanas príomhchuspóirí an phacáiste ‘Oiriúnach do 55’:

·Dlús a chur le hiarrachtaí éifeachtúlachta fuinnimh i ngach earnáil;

·É a dhéanamh sainordaitheach foirgnimh a athchóiriú agus astaíochtaí nialasacha a bhaint amach i bhfoirgnimh nua faoi 2030;

·Borradh a chur faoi úsáid fuinnimh in‑athnuaite ionas go gcumhdófar 40 % ar a laghad den ídiú fuinnimh le foinsí inathnuaite fuinnimh faoi 2030.

Leis an séú tuarascáil ar staid an Aontais Fuinnimh , bhí tuarascáil maidir le hiomaíochas na dteicneolaíochtaí fuinnimh ghlain, a léiríonn go bhfuil an tAontas fós ar thús cadhnaíochta sa taighde ar fhuinneamh glan.

Áirítear i gcur chun feidhme straitéis chuimsitheach an Aontais um an tsoghluaisteacht inbhuanaithe agus chliste roinnt tograí reachtacha in 2021 mar chuid den phacáiste ‘Oiriúnach do 55’ (e.g. an Rialachán maidir le Bonneagar Breoslaí Malartacha agus an tionscnamh ‘ReFuelEU Aviation’ agus tionscnaimh ‘FuelEU Maritime’ ) agus an pacáiste soghluaisteachta éifeachtúla agus glaise i mí na Nollag (e.g. athbhreithnithe ar Rialachán TEN‑T agus Treoir ITS , chomh maith le creat nua an Aontais um an tsoghluaisteacht uirbeach ).

Sa teachtaireacht dar teideal ‘Timthriallta Inbhuanaithe Carbóin’ (mí na Nollaig 2021), cuireadh chun cinn T&N chun aistrithe agus stóráil carbóin ón atmaisféar a mhéadú.

Chun ullmhú do thionchar dosheachanta an athraithe aeráide agus chun bheith ina sochaí aeráidseasmhach faoi 2050, glacadh Straitéis an Aontais Eorpaigh maidir le hoiriúnú don athrú aeráide (mí Feabhra 2021), agus ról na heolaíochta á chur i dtábhacht.

In 2021, den chéad uair ó seoladh an Córas Trádála Astaíochtaí – An Ciste don Nuálaíocht , tá an tAontas ag infheistiú níos mó ná EUR 1.1 billiún i seacht dtionscadal nuálacha, agus é d’aidhm acu teicneolaíochtaí ceannródaíocha a chur ar an margadh do (i) thionscail dianfhuinnimh; (ii) hidrigin; (iii) gabháil, úsáid agus stóráil an charbóin; agus (iv) fuinneamh in‑athnuaite.

Tacaíodh freisin leis an ngné chomhshaoil den Chomhaontú Glas don Eoraip in 2021 trí shraith tionscnamh a ghlacadh faoi chuimsiú na straitéise Bithéagsúlachta (amhail an straitéis Foraoise agus an straitéis Ithreach), an Phlean Gníomhaíochta um uisce, aer agus ithir saor ó thruailliú agus Phlean Gníomhaíochta an Aontais Eorpaigh um an nGeilleagar Ciorclach . Leis an taighde a mholtar faoi ábhair Fís Eorpach in 2021, tacaíodh leis na tionscnaimh bheartais sin.

Glacadh an comhaontú ar an athchóiriú ar an g comhbheartas talmhaíochta (mí na Nollaig 2021) chomh maith le plean gníomhaíochta orgánach , ina dtugtar ról láidir do T&N. Beidh T&N tábhachtach freisin d’fhorbairt na feirmeoireachta carbóin tar éis na teachtaireachta maidir le timthriallta inbhuanaithe carbóin .

Ghlac an Coimisiún togra le haghaidh Moladh ón gComhairle maidir le haistriú cothrom i dtreo na haeráidneodrachta a áirithiú , a ghlac an Chomhairle an 16 Meitheamh 2022, ina ngeallann na Ballstáit go gcuirfidh siad pacáistí beartais cuimsitheacha i bhfeidhm i gcomhréir le cúinsí náisiúnta, chun a áirithiú go mbeidh an t‑aistriú glas cothrom agus cuimsitheach.

Sa Teachtaireacht maidir leis an nGeilleagar Gorm Inbhuanaithe san Aontas Eorpach (mí na Bealtaine 2021), dírítear ar Théarnamh Glas don Gheilleagar Gorm – Geilleagar Gorm an Aontais a Chlaochlú do Thodhchaí Inbhuanaithe, ina gcuirtear i dtábhacht ról T&N chun an claochlú sin a chur chun cinn.

Le Cairt Ghlas Ghníomhaíochtaí Marie Skłodowska-Curie , cuirtear chun cinn cur chun feidhme inbhuanaithe na ngníomhaíochtaí taighde. Is cód dea-chleachtais í d’aon duine nó institiúid a thairbhíonn de chistiú.

Mhol an Coimisiún Conair i dtreo na Deacáide Digití . Leagtar amach ann spriocanna nithiúla digiteacha a mheastar go mbainfidh an tAontas amach faoi 2030. Leis an togra, bunaítear freisin timthriall comhair idir an Coimisiún agus na Ballstáit lena soláthraítear creat chun tionscadail ilnáisiúnta a fhorbairt nach bhféadfadh aon Bhallstát a fhorbairt as a stuaim féin (e.g. ríomhaireacht ardluais, cumarsáid chandamach shlán).

2.3.Tionscal

Sa straitéis nuashonraithe maidir le tionsclaíocht (mí na Bealtaine 2021), deimhnítear gur tiománaí iad T&N chun tionscal na hEorpa a chur chun cinn san aistriú glas agus san aistriú digiteach. Forbraíodh fís nua do thionscal glas athléimneach atá dírithe ar an duine sa choincheap ‘Tionscal 5.0 ’ (mí Eanáir 2021). D’fhoilsigh an Coimisiún Innéacs Feidhmíochta Aistrithe 2020, ina ndéantar monatóireacht ar an aistriú chuig tionscal ciorclach athghiniúnach de chuid an Aontais, agus Scórchlár Infheistíochta Tionsclaíoch an Aontais Eorpaigh 2021, ina liostaítear na 2 500 infheisteoir príobháideach T&F is mó.

In 2021, seoladh clár spáis comhtháite de chuid an Aontais. Tugtar le chéile ann gníomhaíochtaí oibríochtúla maidir le loingseoireacht satailíte, faire na cruinne, agus comhpháirteanna nua chumarsáid satailíte rialtais an Aontais agus fheasacht staide an spáis, lena n‑áirítear faireachas agus rianú spáis ar shatailítí agus ar smionagar spáis.

2.4.Slándáil

D’fhoilsigh an Coimisiún doiciméad inmheánach oibre Enhancing security through research and innovation[Feabhas a chur ar an tslándáil trí thaighde agus nuálaíocht] , ina dtugtar samplaí den chaoi a dtairbhíonn údaráis forfheidhmithe dlí agus gardaí teorann de thaighde slándála an Aontais. Tugtar tuairisc sa doiciméad ar conas torthaí taighde a úsáid in uirlisí oibríochtúla, lena n‑áirítear an Comhphobal nua um Thaighde agus Nuálaíocht Eorpach maidir leis an tSlándáil , lena dtugtar le chéile gach páirtí leasmhar.

2.5.Comhpháirtíocht leis na Ballstáit

In 2021, rinneadh dul chun cinn mór sa Limistéar Eorpach Taighde (LET) leis an Moladh ón gComhairle maidir le Comhshocrú maidir le taighde agus nuálaíocht agus clár oibre beartais LET . Leagtar amach ann 20 beart le haghaidh na tréimhse 2022-2024, lena n‑áirítear eolas oscailte a chomhroinnt agus gairmeacha eolaíocha mealltacha a chur chun cinn.

Tá luachshocrú eolais ríthábhachtach le haghaidh glacadh torthaí taighde agus nuálaíochta sa tsochaí agus sa gheilleagar. D’ullmhaigh an Coimisiún an dréachtmholadh ón gComhairle maidir leis na treoirphrionsabail Eorpacha i ndáil le luachshocrú eolais agus d’eagraigh sé an chéad Seachtain um Luachshocrú Eolais de chuid an Aontais (mí Aibreáin 2021).

Cuireadh na pleananna náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta in ionad thimthriall an tseimeastair Eorpaigh maidir le comhordú na mbeartas eacnamaíoch. Fuair an Coimisiún 26 phlean agus d’fhormhuinigh sé 22 díobh – áirítear sna pleananna uile tograí láidre maidir le hinfheistíocht agus athchóirithe T&N.

Le dearbhú Liúibleána maidir le comhionannas inscne in T&N , neartaigh an Coimisiún, 25 Bhallstát agus 12 thír chomhlachaithe a n‑iarrachtaí chun córais taighde chothroma, oscailte, chuimsitheacha agus chomhionanna ó thaobh na hinscne de a bhaint amach.

2.6.Gnéithe idirnáisiúnta

Sa Communication on the Global Approach to Research and Innovation [Teachtaireacht maidir leis an gCur Chuige Domhanda i leith Taighde agus Nuálaíocht], athdhearbhaítear gealltanas an Aontais oscailteacht i gcomhar idirnáisiúnta T&N a chosaint, agus an chómhalartacht á cur chun cinn agus bunluachanna mar bhonn taca léi agus béim á leagan ar uathriail straitéiseach oscailte an Aontais.

An 6 Deireadh Fómhair 2021, sheol ceannairí an Aontais agus na mBalcán Thiar an Clár Oibre do na Balcáin Thiar maidir le Nuálaíocht, Taighde, Oideachas, Cultúr, an Óige agus Spórt ag Cruinniú Mullaigh Brdo .

Cuireadh sé thosaíocht T&N i ndiaidh 2020 san áireamh in ollstruchtúr leasaithe  Chomhpháirtíocht an Oirthir  in 2021 chun borradh a chur faoi acmhainneachtaí nuálaíochta chomhpháirtithe an Oirthir.

Forbraíodh clár oibre nua um chomhar T&N leis an Meánmhuir. Thairis sin, tá dul chun cinn déanta maidir leis an obair ar threochlár comhpháirteach idir an tAontas agus an tSín i dtaca le comhar eolaíochta agus teicneolaíochta amach anseo. Bhí T&N le feiceáil go follasach ag an g Cruinniú Mullaigh idir an tAontas Eorpach agus Stáit Aontaithe Mheiriceá a reáchtáladh sa Bhruiséil an 5 Meitheamh 2021. Thug an Chomhairle dá haire an comhar rathúil T&N le Meiriceá Laidineach agus leis an Muir Chairib agus treochlár straitéiseach an Aontais agus Chomhphobal Stáit Mhuir Chairib agus Mheiriceá Laidinigh (CELAC) á fhormhuiniú.

Mar a cuireadh i dtábhacht in Athbhreithniú 2021 ar an mBeartas Trádála , tá an nuálaíocht ríthábhachtach d’iomaíochas fadtéarmach an Aontais agus dá uathriail straitéiseach oscailte, rud a neartaíonn a thionchar rialála agus a sheasamh sna príomhearnálacha, lena n‑áirítear trádáil dhigiteach.

2.7.Gníomhaíochtaí díreacha neamhnúicléacha arna gcur chun feidhme ag Airmheán Comhpháirteach Taighde an Choimisiúin (JRC)

Thacaigh JRC le roinnt tionscnamh de chuid an Choimisiúin trí fhianaise eolaíoch agus anailísí. Mar shampla, chuidigh sé le COVID-19 a chomhrac trí fhaireachán a dhéanamh ar fheidhmíocht na modhanna tástála is mó a úsáidtear agus trí ábhair thagartha a fhorbairt; faisnéis a chur le chéile maidir le feistí tástála COVID-19 agus í a chur ar fáil go poiblí ; rannchuidiú le liosta coiteann a chruthú de mhearthástálacha antaiginí COVID-19 agus nuashonruithe laethúla a sholáthar ar mhaithe le taisteal sábháilte .

3.Fís Eorpach, Fís 2020 agus Euratom a Chur Chun Feidhme agus Faireachán a dhéanamh orthu

3.1.Fís Eorpach in 2021 – Buaicphointí & Nuálaíochtaí

Go luath in 2021, glacadh na gníomhartha dlíthiúla a bhaineann leis an gclár réime nua tioncharbhunaithe Fís Eorpach agus a phlean straitéiseach 2021-2024. Ghlac an Coimisiún príomhchlár oibre 2021-2022 go luath in 2021 (dírithe ar COVID-19) agus ghlac sé an leagan iomlán i mí an Mheithimh. Rinneadh tuilleadh leasuithe ina dhiaidh sin i mí Dheireadh Fómhair (Airteagal 22(5)) agus i mí na Nollag (leasú ar Mhisin). Bunaíodh cumraíochtaí choiste an chláir faoi seach agus seoladh na chéad ghlaonna. Chun ullmhú do phríomhchlár oibre 2023-2024, comhchruthaíodh dréachtpháipéir treoraíochta le gach seirbhís lena mbaineann.

In 2021, chuir an Coimisiún Fís Eorpach chun cinn trí ghníomhaíochtaí cumarsáide le haghaidh saoránach agus páirtithe leasmhara. Mar shampla, eagraíodh seimineáir ghréasáin shonracha ag Laethanta Eorpacha T&N in 2021 (21 000 rannpháirtí), agus reáchtáladh 14 sheisiúin faisnéise chun na hionstraimí cistiúcháin a mhíniú (235 000 amharc).

Áirítear leis na hionstraimí T&N nua sa chlár Fís Eorpach, an Chomhairle Nuálaíochta Eorpach , an chéad ghlúin eile de Chomhpháirtíochtaí Eorpacha , agus Misin . Seoladh na cúig Mhisean i mí Mheán Fómhair 2021 mar chur chuige nuálach chun spriocanna láidre intomhaiste a bhaint amach faoi 2030. Chuir an Coimisiún Misin chun cinn trí ghníomhaíochtaí cumarsáide, amhail físeán ina bhfuil ocht gCoimisinéir (41 000 amharc), bileoga fíricí agus feachtais ar na meáin shóisialta.

In 2021, leis an gcéad chlár oibre de chuid na Comhairle Nuálaíochta Eorpaí (CNE), cuireadh breis agus EUR 1.5 billiún ar fáil trí dheiseanna cistithe, lena n‑áirítear na sraitheanna a dtugtar tuairisc orthu thíos:

·Le Luasaire CNE (thart ar EUR 1 bhilliún), maoinítear gnólachtaí nuathionscanta agus cuideachtaí beaga agus meánmhéide (FBManna) chun nuálaíochtaí ardtionchair a fhorbairt agus a mhéadú lena bhféadfaí margaí nua a chruthú nó cur isteach ar mhargaí atá ann cheana.

·Le Treo-Aimsitheoir CNE (EUR 300 milliún), déantar taighde fadbhreathnaitheach a d’fhéadfadh dul chun cinn na teicneolaíochta a stiúradh.

·Is é is aidhm d’ Aistriú CNE (thart ar EUR 100 milliún) torthaí taighde a athrú ina ndeiseanna nuálaíochta.

Glacadh an chéad dá chlár oibre de chuid na Comhairle Eorpaí um Thaighde , rud a chuir EUR 1.9 billiún agus EUR 2.4 billiún faoi seach ar fáil chun cuidiú le taighdeoirí dul i mbun taighde gan beann ar theorainneacha.

Ag an g Comhdháil maidir leis an Athrú Aeráide i nGlaschú , seoladh an Chomhpháirtíocht idir an tAontas Eorpach agus Catalyst go hoifigiúil. Slógfaidh an chomhpháirtíocht sin suas le EUR 820 milliún (2022-2026; EUR 200 milliún ón gclár Fís Eorpach). Díreofar an infheistíocht ar thionscadail bunaithe san Aontas a bhfuil ardacmhainn acu maidir le hidrigin ghlas, breoslaí eitlíochta inbhuanaithe, gabháil ón aer, agus stóráil fhadtréimhseach fuinnimh.

I g clár spáis an Aontais , tá an chuid maidir le T&N an spáis sa chlár Fís Eorpach níos tábhachtaí chun féachaint chuige go seasfaidh infheistíocht straitéiseach an Aontais sa spás an aimsir. Áirítear leis sin éabhlóid chomhpháirteanna an chláir spáis, neamhspleáchas straitéiseach i dteicneolaíochtaí satailíte, rochtain ar an spás, agus glacadh seirbhísí agus feidhmchláir spáschumasaithe.

Faoin gclár Fís Eorpach, chuir Gníomhaíochtaí Marie Skłodowska-Curie níos mó béime ar chomhar idir earnálacha, maoirseacht éifeachtach agus treoir ghairme. Lean an clár de bheith ina dhea-chleachtas tacaíochta do thaighdeoirí mná (arb ionann iad agus 41.6 % de na comhaltaí taighde ar fad). Rinneadh comóradh 25 bliana ar an gclár in 2021 agus tá tacaíocht tugtha aige do bhreis agus 145 000 taighdeoir ó bhí 1996 ann.

Rinneadh bunús dlí na hInstitiúide Eorpaí um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht (EIT) a chomhdhlúthú. Sa Chlár Oibre Straitéiseach um Nuálaíocht de chuid EIT le haghaidh 2021-2027, leagtar amach na cuspóirí, na príomhghníomhaíochtaí, an modh oibríochta, na torthaí agus an tionchar a bhfuil coinne leo. In 2021:

·Shínigh EIT comhaontuithe deontais ina bhfuil ocht bpobal eolais agus nuálaíochta (PENanna) ar fiú EUR 357.5 milliún iad;

·Bhain 1 006 dhuine céim amach sna cláir mháistreachta agus dhochtúireachta a bhfuil lipéad EIT orthu;

·Chruthaigh mic léinn ar chláir EIT 32 ghnólacht nuathionscanta, agus bunaíodh 101 ghnólacht nuathionscanta mar thoradh ar thionscadail nuálaíochta EIT;

·Fuair 1 378 ngnólacht nuathionscanta tacaíocht ó PENanna;

·Seoladh an tionscnamh maidir le fothú acmhainní nuálaíochta don ardoideachas .

I gclár oibre 2021-2022, tá 210 n‑ábhar atá dírithe go sonrach ar chomhar idirnáisiúnta (thart ar 20 % de na hábhair uile). Áirítear leo sin Tionscnamh na hAfraice , tionscnamh uaillmhianach dar luach EUR 350 milliún, agus iarradh taighde comhoibríoch sa tsláinte phoiblí, san aistriú glas, agus sa nuálaíocht agus sa teicneolaíocht.

Faoi dheireadh 2021, rinneadh caibidlíocht le haghaidh comhlachais le 18 dtír nach Ballstáit den Aontas iad, agus tugadh 9 acu i gcrích agus bhí éifeachtaí dlí acu. In 2021, rinneadh an measúnú ar thíortha comhlachaithe is iarrthóirí chun páirt a ghlacadh i nglaonna a chumhdaítear faoi Airteagal 22(5) den Rialachán maidir le Fís Eorpach. Cuirfidh an obair sin eolas ar fáil maidir le teorainneacha a úsáid i gcláir oibre Fís Eorpach sna blianta amach romhainn.

Is í an eolaíocht oscailte modh oibre an chláir Fís Eorpach. Le seoladh na chéad ghlaonna, breithnítear cleachtais eolaíochta oscailte anois agus meastóireacht á déanamh ar thograí tionscadail (mar chuid de na critéir maidir le ‘barr feabhais’ agus ‘cáilíocht agus éifeachtúlacht cur chun feidhme’).

Neartaigh an clár Fís Eorpach rialacha maidir le comhionannas inscne, lena n‑áirítear critéar incháilitheachta nua a forfheidhmíodh ó 2022. Ní mór do gach comhlacht poiblí, gach eagraíocht taighde agus gach comhlacht ardoideachais sna Ballstáit nó i dtíortha comhlachaithe plean a bheith i bhfeidhm acu le bheith incháilithe do chistiú.

3.2.Faireachán a dhéanamh ar anailísíocht sonraí – Glaonna seolta 1

In 2021, seoladh os cionn céad glao ar thograí agus gníomhaíochtaí eile i gclár oibre Fís Eorpach 2021-2022:

·Maidir le Colún 1 – Eolaíocht den scoth, fuarthas 15 ghlao ar thograí agus 7 nglao ar ghníomhaíochtaí eile lena dtacaítear le taighde gan beann ar theorainneacha agus le smaointe eolaíocha claochlaitheacha (EUR 3 bhilliún).

·I gcás Cholún 2 - Dúshláin dhomhanda agus iomaíochas tionsclaíoch Eorpach, fuarthas 42 ghlao ar thograí (EUR 5.3 billiún) agus 26 ghlao ar ghníomhaíochtaí eile (EUR 328 milliún) i sé bhraisle éagsúla 2 .

·Maidir le Colún 3 – an Eoraip Nuálach, fuarthas 14 ghlao ar thograí agus 8 nglao ar ghníomhaíochtaí eile (EUR 1.6 billiún), a bhfuil sé d’aidhm acu tacú le nuálaíochtaí suaiteacha a fhorbairt.

·I dtaca le Rannpháirtíocht a mhéadú agus LET a neartú, fuarthas 5 ghlao ar thograí agus 4 ghlao ar ghníomhaíochtaí eile (EUR 266.5 milliún).

Comhpháirtíochtaí Eorpacha

Sheol an Coimisiún 23 Chomhpháirtíocht Eorpacha:

· 11 chomhpháirtíocht Eorpacha chomhchláraithe:  Seoladh 17 nglao ar thograí (EUR 1.6 billiún) a bhain le comhpháirtíochtaí comhchláraithe, go príomha sna réimsí digiteacha (braisle 4) agus aeráide (braisle 5), ach ó chlár oibre na mbonneagar taighde chomh maith.

· 11 Chomhpháirtíocht Eorpacha institiúidithe : As na comhpháirtíochtaí Eorpacha institiúidithe, sheol an Comhghnóthas Ríomhaireachta Ardfheidhmíochta agus Eochairtheicneolaíochtaí Digiteacha ceithre ghlao ar thograí (EUR 215 mhilliún).

·Comhpháirtíocht Eorpach chomhchistithe amháin: Sheol an Chomhpháirtíocht Eorpach um Bithéagsúlacht glao amháin ar thograí: Tá os cionn EUR 40 milliún san iomlán forchoimeádta ag 46 eagraíocht cistithe ó 34 thír.

Misin

Maidir leis na cúig Mhisean de chuid Fís Eorpach, seoladh 13 ghlao ar thograí (thart ar EUR 541 milliún).

Ranníocaíocht mheasta le tosaíochtaí an Choimisiúin

Faoi láthair, ní féidir ranníocaíocht Fís Eorpach le tosaíochtaí 2019-2024 an Choimisiúin a mheas ach amháin bunaithe ar na sonraí a bhailítear le haghaidh glaonna 3 :

·33 ghlao dírithe ar rannchuidiú leis an gComhaontú Glas don Eoraip (thart ar EUR 4 bhilliún ar fud na mbraislí uile 4 );

·29 nglao dírithe ar rannchuidiú le hEoraip atá oiriúnach don Aois Dhigiteach (thart ar EUR 2.2 billiún 5 ).

In 2021, shlóg an Coimisiún freisin EUR 123 mhilliún le haghaidh taighde ar athraithigh den choróinvíreas  mar a fógraíodh i mí Aibreáin agus i gcomhréir le gorlann HERA .

Rátaí ratha 6

Faoi dheireadh 2021, dúnadh 64 den 100 glao ar thograí agus rinneadh meastóireacht iomlán orthu. Mar thoradh ar na glaonna, cruthaíodh 7 460 togra incháilithe lenar iarradh ranníocaíocht iomlán EUR 18.8 billiún ón Aontas. Cé go raibh 66 % de na tograí incháilithe os cionn na tairsí cáilíochta, níorbh fhéidir ach 1 290 a roghnú, rud a d’fhágfadh gurbh é 17.3 % ráta ratha foriomlán na dtograí incháilithe sa chéad bhliain den chlár.

Faoi dheireadh 2021, bhí 19 gcomhaontú deontais sínithe cheana féin le haghaidh ranníocaíocht iomlán EUR 245.6 milliún ón Aontas agus é roinnte ar fud réimsí téamacha éagsúla (féach Tábla 1). Bhí na deontais eile fós á n‑ullmhú.



Réimse téamach

Ranníocaíocht ón Aontas Eorpach (EUR)

Meánmhéid an deontais (EUR)

Líon na ndeontas a síníodh

An Chomhairle Eorpach um Thaighde (ERC)

517 828,75

517 828,75

1

Gníomhaíochtaí Marie Skłodowska-Curie (GMSC)

150 000.00

150 000.00

1

Bonneagair thaighde

400 000.00

200 000.00

2

An tSláinte

88 527 007.06

9 836 334,118

9

An cultúr, an chruthaitheacht agus an tsochaí chuimsitheach

703 796,75

351 898,38

2

Aeráid, fuinneamh agus soghluaisteacht

250 000.00

250 000.00

1

Rannpháirtíocht a mhéadú agus barr feabhais a scaipeadh

153 000 000.00

153 000 000.00

1

Córas Taighde agus Nuálaíochta na hEorpa a athchóiriú agus a fheabhsú

2 100 000.00

1 050 000.00

2

245 648 632,56

19

Tábla 1: Comhaontuithe deontais arna síniú de réir an réimse théamaigh

Tá 120 rannpháirtí as 28 dtír éagsúla páirteach sna chéad deontais a síníodh. Seachas gníomhaíocht chomhchistithe shonrach COST (EUR 153 mhilliún), gheobhaidh 10 rannpháirtí ó FBManna 13.7 % de chistiú ón Aontas agus gheobhaidh tíortha nach Ballstáit den Aontas iad 8.5 % den chistiú sin. Tá an sciar is mó de rannpháirtithe ag an ardoideachas (37 %) agus ag eagraíochtaí taighde (24 %).

3.3.Fís 2020 in 2021 7

Faoi dheireadh 2021, bhí 955 spriocdháta maidir le glaonna Fís 2020 thart, agus cuireadh 283 065 thogra incháilithe isteach, inar iarradh ranníocaíocht iomlán EUR 473.2 billiún ón Aontas. As na tograí sin, roghnaíodh 33 798 dtogra chun cistiú a fháil, rud a d’fhág gurbh é 11.9 % ráta ratha foriomlán na dtograí incháilithe laistigh de 7 mbliana. In 2021, síníodh 3 160 comhaontú deontais le haghaidh EUR 6.1 billiún san iomlán, rud a d’fhág gurbh é EUR 68.2 billiún leithdháileadh buiséid iomlán an Aontais don tréimhse 2014-2021, agus bhí an sciar is mó (36.7 %) den mhéid sin ag colún na hEolaíochta den Scoth, agus dúshláin Shochaíocha (38.5 %) agus ceannaireacht Thionsclaíoch (20.2 %) ag teacht ina dhiaidh sin.

I measc na 41 200 tairbhí ar leith, tá eagraíochtaí ardoideachais fós ar an ngrúpa faighteoirí is mó (39.2 % de na faighteoirí uile), agus an earnáil phríobháideach (28.2 %) ag teacht ina dhiaidh sin, agus faigheann FBManna 16.5 % de chistiú ón gclár Fís 2020. Go dtí seo, rinneadh breis agus 151 000 foilseachán piarmheasúnaithe, os cionn 2 600 iarratas ar phaitinní agus 1 168 nduais paitinne mar thoradh ar thionscadail a fuair maoiniú ón Aontas faoin gclár Fís 2020.



3.4.Scaipeadh agus saothrú

Thacaigh gníomhaíochtaí éagsúla le scaipeadh agus le saothrú thorthaí na dtionscadal T&N.

·Cuireadh gnéithe nua leis an ardán um Thorthaí Fhís chun torthaí a thréithriú agus rinne tairbhithe 500 príomhthoradh insaothraithe nua ó na cláir réime a uaslódáil.

·Leis an Treiseoir um Thorthaí Fhís , soláthraíodh seirbhísí spriocdhírithe scaipthe agus saothraithe do thairbhithe.

·Scaip CORDIS na torthaí ó thionscadail T&N a fhaigheann maoiniú ón Aontas. Rinne sé teagmháil le gairmithe sa réimse chun an eolaíocht oscailte a chothú, chruthaigh sé táirgí agus seirbhísí nuálacha agus spreag sé fás ar fud na hEorpa. Ina theannta sin, cruthaíodh réimse táirgí eagarthóireachta ilteangacha tráthúla.

·Le huirlis mhapála nua sineirgí H2020-Interreg , comhtháthaítear sonraí ó thionscadail arna gcistiú faoin gclár Fís 2020 agus ón gceathrú glao Interreg Lár na hEorpa. Cuidíonn sé sin le meaitseanna geografacha agus téamacha a dhéanamh, rud a léiríonn sineirgí féideartha ar an leibhéal réigiúnach.

·Forbraíodh deaiseanna nua don Deais um Fhís , lenar soláthraíodh sonraí ar fud roinnt clár réime.

·Cuireadh sonraí de chuid Fís 2020 ar fáil ar bhonn míosúil do na Ballstáit agus do na tíortha comhlachaithe (agus sonraí an chláir Fís Eorpach curtha ar fáil ó mhí Lúnasa 2021).

·Leanadh ar aghaidh leis an tionscnamh Eorpach maidir leis an mbeartas taighde agus nuálaíochta , inar díríodh ar mhicreashonraí cistiúcháin náisiúnta.

·Faoi straitéis nua an chláir Fís Eorpach um scaipeadh agus saothrú , glacadh plean gníomhaíochta 2021-2022 maidir le scaipeadh agus saothrú.

·Leathnaíodh an Radar Nuálaíochta , lena n‑aithnítear tionscadail T&N a bhfuil ardacmhainn acu arna gcistiú ag an Aontas, chun an clár réime iomlán a chumhdach in 2021.

Seo a leanas samplaí de ghníomhaíochtaí sonracha chun tacú le scaipeadh agus saothrú torthaí ó na Cláir Réime i réimsí téamacha:

·Le tionscnamh BlueInvest , soláthraíodh cúnamh agus rochtain ar infheistíocht le haghaidh roinnt gnólachtaí nuathionscanta agus FBManna muirí, a raibh seirbhísí agus táirgí forbartha ag roinnt mhaith acu i gcláir réime roimhe seo.

·Cuireadh foinsí comhlántacha de chistiú an Aontais chun cinn faoin g Ciste Slándála Inmheánaí , faoin Ionstraim um Bainistiú Teorainneacha agus um Víosaí agus faoin Ionstraim um Threalamh Rialaithe Custaim chun torthaí taighde slándála a ghlacadh.

3.5.Grinnanailís: Splancanna faireacháin an chláir Fís Eorpach agus staidéir eile

Ranníocaíocht chistiú T&N an Aontais le taighde a bhaineann le COVID-19

Léiríodh san anailís seo gur scríobhadh thart ar 3 000 páipéar taighde maidir le COVID-19 mar gheall ar chistiú T&N an Aontais. Tagann na páipéir sin as beagnach gach cuid de na cláir réime, ach is ionann an clár sláinte, an Chomhairle Eorpach um Thaighde, agus Gníomhaíochtaí Marie Skłodowska-Curie agus 80 % díobh. Bhí 56 % de na foilseacháin comhscríofa go hidirnáisiúnta.

Aithníodh go sealadach san anailís na fionnachtana is tábhachtaí ar chuir cistiú T&N an Aontais leo, chomh maith le taighde ar ráigeanna an choróinvíris roimhe seo ar a mbunaítear an comhrac in aghaidh na paindéime reatha.

Bonn eolais a chur faoin ngníomhú domhanda ar son na haeráide

Léiríonn torthaí na hanailíse sin gur rannchuidigh an cistiú ón Aontas (Clár Réime 7 agus Fís 2020) le níos mó ná 2 500 foilseachán dá dtagraítear sna ceithre thuarascáil ón séú timthriall measúnaithe den Phainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (IPCC) (11.5 % de na tagairtí uile). Agus foilseacháin atá scríofa/comhscríofa ag taighdeoirí ó Bhallstáit agus ó thíortha comhlachaithe á meas, is ionann an sciar sin agus 21.5 %. I gcás na tuarascála is déanaí , tugadh tacaíocht do 14 % de na tagairtí le maoiniú ón Aontas.

Chun tacú leis an g Comhaontú Glas don Eoraip , in 2020, sheol an Coimisiún an glao deireanach agus an glao is mó de chuid Fís 2020. Leis an nglao dar luach EUR 1 bhilliún, mealladh 1 550 togra ina raibh 28 000 iarratasóir páirteach, agus roghnaíodh 73 thionscadal (1 778 n‑iarrthóir) chun cistiú a fháil. Roghnaíodh eagraíochtaí as 75 thír chun cistiú a fháil. Tagann 38 % de na rannpháirtithe ar éirigh leo ón earnáil phríobháideach, agus tá thart ar leath na rannpháirtithe sin ina FBManna. Sheol an Coimisiún suirbhé píolótach ar an tionchar ar an aeráid chun sonraí a bhailiú chun measúnú a dhéanamh ar na tairbhí a mheastar a bheidh ann mar thoradh ar an nglao seo.

Torthaí an staidéir meastóireachta

Seoladh sraith staidéar meastóireachta mar chuid den mheastóireacht ex-post deiridh ar an gclár Fís 2020. In 2021, cuireadh i gcrích trí staidéar ar ghnéithe sonracha den chlár Fís 2020 i dtaca le réimsí fócais , an beartas maidir le rochtain oscailte agus an córas meastóireachta tograí .

3.6.Clár Euratom a chur chun feidhme agus faireachán a dhéanamh air

I mí na Bealtaine 2021, ghlac an Chomhairle rialachán lena mbunaítear Clár Taighde agus Oiliúna Euratom 2021-2025 . Ghlac an Coimisiún cláir oibre le haghaidh na nithe seo a leanas:

a)Gníomhaíochtaí díreacha núicléacha arna gcur chun feidhme ag JRC

D’fhoilsigh JRC 105 alt in irisí piarmheasúnaithe agus 22 airteagal i monagraif/in irisleabhair eile, rinne sé seacht ndoiciméad beartais a chomhdhréachtú agus d’eisigh sé sé thuarascáil maidir le heolaíocht don bheartas, 89 dtuarascáil theicniúla, agus 2 rannchuidiú le caighdeáin. I measc na n‑aschur teicniúil tá 13 ábhar, modh agus tomhas tagartha, 17 gcóras theicniúla, agus ocht mbunachar sonraí eolaíocha agus dtacar sonraí eolaíocha.

D’eagraigh JRC 14 chúrsa oiliúna do na Ballstáit agus don Choimisiún lenar tugadh aghaidh ar chur chun feidhme na Treorach maidir le Caighdeáin Bhunúsacha Sábháilteachta agus tacaíonn sé le hinniúlachtaí na Gníomhaireachta Idirnáisiúnta do Fhuinneamh Adamhach agus na mBallstát i dtaca le coimircí núicléacha agus slándáil núicléach.

I réimse na gcoimircí núicléacha, thug JRC tacaíocht theicniúil do chigireachtaí, d’oibrigh sé saotharlann ar an láthair Euratom sa Fhrainc, agus rinne sé anailís ar ábhair núicléacha. D’fhorbair sé freisin modhanna anailíse feabhsaithe agus thug sé tacaíocht don athbhreithniú piaraí ar an tástáil struis sa Bhealarúis agus sa Tuirc.

b)Gníomhaíochtaí indíreacha Chlár Euratom (deontais)

Le deontais Euratom, cistítear taighde ar fhuinneamh comhleá agus ar scoilteadh núicléach. Le taighde ar scoilteadh, cumhdaítear sábháilteacht núicléach, slándáil, bainistíocht dramhaíola radaighníomhaí agus cosaint ar radaíocht, feidhmeanna neamhchumhachtacha, agus oideachas agus oiliúint. Maidir le taighde ar scoilteadh, tá ranníocaíocht an Aontais socraithe ag EUR 99.9 milliún le haghaidh 2021-2022.

Bhronn an Coimisiún deontas EUR 547 milliún chun an Chomhpháirtíocht Eorpach chomhchistithe um thaighde ar chomhleá núicléach a chur chun feidhme le linn 2021-2025.

4.Ionchas 2022

In 2022, dréachtófar agus glacfar príomhchlár oibre Fís Eorpach 2023-2024. Thairis sin, tá céimeanna breise ullmhúcháin agus dréachtú phlean straitéiseach 2025-2027 beartaithe.

In 2022, leanfaidh an Coimisiún de bheith i mbun gníomhaíochtaí cumarsáide maidir le Fís Eorpach, agus fógróidh sé seoladh chlár oibre 2023-2024 trí fhor-rochtain ar na meáin agus ar na meáin shóisialta. Soláthróidh an Coimisiún infheictheacht freisin maidir le forbairt an phlean straitéisigh trí ghníomhaíochtaí cumarsáide lena ndéantar teagmháil le páirtithe leasmhara agus le saoránaigh.

Iarrfaidh an Coimisiún rannpháirtíocht na saoránach trí roinnt mhaith tionscnamh, amhail Comórtas an Aontais Eorpaigh d’Eolaithe Óga , tionscnamh píolótach do bhreathnóirí óga de chuid Fís Eorpach agus ERA4You, chun feasacht a mhúscailt ar thionscadail T&N an Aontais agus díospóireacht a dhéanamh fúthu. Leanfaidh an Coimisiún de theagmháil a dhéanamh le páirtithe leasmhara maidir le Misin agus Comhpháirtíochtaí, agus é ag nascadh le pobal atá ag dul i méid chun aghaidh a thabhairt ar chuid de na dúshláin is práinní san Eoraip.

Eagróidh an Coimisiún Laethanta T&N 2022 , lena dtabharfar le chéile lucht ceaptha beartas, taighdeoirí, fiontraithe agus an pobal chun díospóireacht a dhéanamh faoi thodhchaí T&N san Eoraip agus chun í a mhúnlú.

Ar deireadh, cuirfidh an Coimisiún i dtábhacht ról an Aontais mar ghníomhaí domhanda trí chur chun cinn an Aontais maidir le cláir T&N na Meánmhara; Clár Oibre Comhpháirteach um Nuálaíocht idir an tAontas Eorpach agus an tAontas Afracach agus Fóram Oscailte EuroScience .

(1)    Foinse: Sonraí an Ollstóir Choitinn Sonraí Taighde (CORDA) agus meiteashonraí faireacháin bheartas Chóras na bPasanna Gairme (CPS). Scoithdháta: mí na Nollag 2021, dáta na hasbhainte: mí Eanáir 2022.
(2)    Braisle CL 1: An tsláinte, CL 2: An cultúr, an chruthaitheacht agus an tsochaí chuimsitheach, CL3: An tslándáil shibhialta don tsochaí, CL 4: Cúrsaí digiteacha, an tionscal agus an spás, CL 5: Aeráid, fuinneamh agus soghluaisteacht, CL 6: Bia, bithgheilleagar, acmhainní nádúrtha, talmhaíocht agus an comhshaol.
(3)    Tagraíonn an anailís seo a leanas do ghlaonna ó bharr anuas i mbraislí a bhfuil faisnéis leordhóthanach ar ábhair ar fáil ina leith. Ní áirítear leis sin glaonna ón mbun aníos (e.g. glaonna CNE, ERC, GMSC) agus iarrtar ar Éiceachórais Nuálaíochta Eorpacha, Bonneagair thaighde, Misin agus Leathnú agus LET. Tagraíonn an anailís don bhuiséad carnach, i.e. meastar buiséad iomlán na n‑ábhar cé go bhféadfadh ábhair rannchuidiú le níos mó ná tosaíocht beartais amháin.
(4)    CL 5 (9 nglao, EUR 1.4 billiún, 34.5 % den bhuiséad carnach iomlán), agus ina dhiaidh sin CL 4 (6 ghlao, EUR 1 bhilliún, 26.2 %), CL 6 (8 nglao, EUR 976 mhilliún, 24.3 %) agus CL 1 (5 ghlao, EUR 545 mhilliún, 13.5 %).
(5)    CL 4 (7 nglao, EUR 978.4 milliún, 44.2 % den bhuiséad carnach iomlán), agus ina dhiaidh sin CL 5 (7 nglao, EUR 643 mhilliún, 29 %).
(6)    Foinse sonraí: CORDA, scoithdháta: mí na Nollag 2021, dáta na hasbhainte: mí Eanáir 2022.
(7)    Foinse: An Deais Phoiblí um Fhís, deais na dtograí T&N agus eochairtháscairí feidhmíochta. Scoithdháta: mí na Nollag 2021, Dáta na hasbhainte: mí Eanáir 2022.
Top