AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,5.10.2022
COM(2022) 351 final
2022/0318(BUD)
DRÉACHTBHUISÉAD LEASAITHEACH UIMH. 5
MAIDIR LE BUISÉAD GINEARÁLTA 2022
Bearta breise chun aghaidh a thabhairt ar iarmhairtí chogadh na Rúise san Úcráin
Atreisiú an tSásra Aontais um Chosaint Shibhialta
Laghdú i leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí agus nuashonrú ar ioncaim
Coigeartuithe eile agus nuashonruithe teicniúla
Ag féachaint don mhéid seo a leanas:
–an Conradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 314 de, i gcomhar leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, agus go háirithe Airteagal 106a de,
–Cinneadh (AE, Euratom) 2020/2053 ón gComhairle an 14 Nollaig 2020 maidir le córas acmhainní dílse an Aontais Eorpaigh, a tháinig i bhfeidhm an 1 Meitheamh 2021,
–Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais (...), agus go háirithe Airteagal 44 de,
–buiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh le haghaidh na bliana airgeadais 2022, a glacadh an 24 Samhain 2021,
–lena leasaítear buiséad Uimh. 1/2022, a glacadh an 5 Aibreán 2022,
–lena leasaítear buiséad Uimh. 1/2022, a glacadh an 23 Meitheamh 2022,
–lena leasaítear buiséad Uimh. 1/2022, a glacadh an 14 Meán Fómhair 2022,
–Dréachtbhuiséad Leasaitheach Uimh. 4/2022
, a glacadh an 1 Iúil 2022,
Leis seo, cuireann an Coimisiún Eorpach Dréachtbhuiséad Leasaitheach Uimh. 5 a ghabhann le buiséad 2022 faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle.
ATHRUITHE AR AN RÁITEAS IONCAIM AGUS CAITEACHAIS DE RÉIR ROINNE
Tá fáil ar na hathruithe ar an ráiteas ginearálta ioncaim agus ar roinn III ar EUR-Lex (
https://eur-lex.europa.eu/budget/www/index-en.htm
).
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.Réamhrá
Is é is cuspóir do Dhréachtbhuiséad Leasaitheach (DBL) Uimh. 5 i gcomhair na bliana 2022 taobhanna an chaiteachais agus an ioncaim den bhuiséad a nuashonrú chun na gcríoch seo a leanas:
–An maoiniú ar an nGníomh um Thionscal Cosanta na hEorpa a Atreisiú trí Sholáthar Comhoibríoch, ionstraim nua, a chuimsiú chun aghaidh a thabhairt ar na bearnaí cosanta is práinní agus is criticiúla trí chomhar na mBallstát a chothú maidir le soláthar coiteann, le suim dar méid EUR 83 mhilliún ón gcorrlach i gceannteideal 5.
–Na bearta éigeandála faoi shraith an Bhiashlabhra de Chlár an Mhargaidh Aonair a atreisiú, d’fhonn aisíocaíocht a dhéanamh leis na Ballstáit tar éis sraith ráigeanna de fhliú na nÉan agus d’Fhiabhras Afracach na Muc, le suim dar méid EUR 73,8 milliún.
–Tús áite a thabhairt don Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta agus é a atreisiú, chun go leanfar de chabhair chomhchineáil a chur ionsar an Úcráin. Ina theannta sin, déanfar héileacaptair agus eitleáin éadroma eile a léasú chun ullmhacht an Aontais a mhéadú maidir le haerchomhrac ar dhóiteáin in 2023 agus chun dlús a chur le soláthar acmhainneachtaí aeir buana. Chuige sin, molann an Coimisiún leas a bhaint as an gcorrlach iomlán atá fágtha i bhfo-cheannteideal 2b (EUR 130,8 milliún) chomh maith le roinnt leithreasuithe nár úsáideadh de chuid na Gníomhaireachta Leigheasra Eorpaí (EMA) agus Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE) (EUR 7,8 milliún san iomlán).
–Rannchuidiú an Aontais leis an Lárionad Faireacháin Eorpach um Dhrugaí agus um Andúil i nDrugaí a atreisiú chun deacrachtaí oibríochtúla a sheachaint, le suim dar méid 0,7 milliún ón gcorrlach faoi cheannteideal 5.
–Caiteachas riaracháin agus pinsin faoi cheannteideal 7 a atreisiú le suim dar méid EUR 163 milliún mar thoradh ar bhoilsciú ard agus ar phraghsanna fuinnimh a bheith ag ardú go tapa.
–Leibhéal na leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí faoi chomhair an Chiste Eorpaigh Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus EU4Health a laghdú EUR 775 mhilliún agus EUR 129,2 milliún faoi seach. Ní fhéadfaí na méideanna sin a chuimsiú sna hath-leithdháiltí a moladh san ‘ollaistriú’ (DEC 16/2022) a cuireadh faoi bhráid na Parlaiminte agus na Comhairle an 5 Deireadh Fómhair.
–Agus an mhoill ar fhormheas shainordú nua ‘ReFuelEU Aviation’ le haghaidh Ghníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta na hEorpa á cur san áireamh, tá sé beartaithe an méid comhfhreagrach ón gcúlchiste a thabhairt ar ais do líne an iompair na Saoráide um Chónascadh na hEorpa, an líne ónar fritháiríodh é.
–Na meastacháin ar Acmhainní Dílse Traidisiúnta (ADT) a thabhairt cothrom le dáta agus, chomh maith leis sin, tionchar na ndifríochtaí sa ráta malairte a ionchorprú.
Ar an iomlán, is é tionchar glan an dréachtbhuiséid leasaithigh ar chaiteachas ná méadú EUR 447.5 milliún i leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus laghdú EUR 741.1 mhilliún i leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí.
Is é an tionchar foriomlán ar thaobh an ioncaim ná glanlaghdú EUR 3 779 milliún ar na ranníocaíochtaí OIN.
2.
An Gníomh um Thionscal Cosanta na hEorpa a Atreisiú trí Sholáthar Comhoibríoch
De thoradh fhogha míleata na Rúise faoin Úcráin, is rífhollas anois gur gá Bonn Tionsclaíoch agus Teicneolaíoch na Cosanta Eorpaí a chur in oiriúint don athrú struchtúrach agus gur gá cur leis an gcomhar idir na Ballstáit i réimse an tsoláthair cosanta. Chun aghaidh a thabhairt ar na bearnaí cosanta is práinní agus is criticiúla, mhol an Coimisiún ionstraim thiomnaithe i gcomhair an ghearrthéarma a bhunú, an Gníomh um Thionscal Cosanta na hEorpa a Atreisiú trí Sholáthar Comhoibríoch, le himchlúdach airgeadais iomlán EUR 500 milliún i gcomhair na tréimhse 2022 go 2024. An tacaíocht airgeadais ón Aontas a chuirfear ar fáil tríd an ionstraim nua, ba cheart í a bheith ina spreagadh i leith soláthar cosanta comhoibríoch ina mbeadh roinnt Ballstát rannpháirteach agus ba cheart tairbhe a theacht aisti do Bhonn Tionsclaíoch agus Teicneolaíoch na Cosanta Eorpaí agus, ag an am céanna, ba cheart a áirithiú léi go mbeidh fórsaí armtha na mBallstát in ann gníomhú, le cinnteacht soláthair agus le hidir-inoibritheacht mhéadaithe.
I gcomhréir leis an Ráiteas Airgeadais Reachtach a ghabhann leis an togra ón gCoimisiún, moltar sa dréachtbhuiséad leasaitheach seo líne bhuiséid thiomnaithe a chruthú le haghaidh caiteachas oibríochtúil agus EUR 83 mhilliún den chorrlach neamh-leithdháilte atá fágtha i leithreasuithe faoi chomhair gealltanas faoi uasteorainn chaiteachais cheannteideal 5 (Slándáil agus Cosaint) in 2022 a leithdháileadh i gcúlchiste. I gcomparáid leis an Ráiteas Airgeadais Reachtach a ghabhann leis an togra ón gCoimisiún, tá sé beartaithe méid thart ar EUR 0,7 milliún a chuimsiú in 2023, ionas go bhféadfar an t‑atreisiú atá riachtanach a dhéanamh ar an Lárionad Faireacháin Eorpach um Dhrugaí agus um Andúil i nDrugaí in 2022 ón gcorrlach atá ar fáil faoi cheannteideal 5. Agus an t‑am is gá chun tús a chur leis na hoibríochtaí á chur san áireamh, is in 2023 agus sna blianta ina dhiaidh sin a thiocfaidh na riachtanais íocaíochta chun cinn i dtaca leis an ionstraim chosanta i gcomhair an ghearrthéarma. Leagtar amach san iarscríbhinn bhuiséadach na hathruithe gaolmhara ar na nótaí tráchta buiséid.
|
EUR
|
|
Líne bhuiséid
|
Ainm
|
Leithreasuithe faoi chomhair gealltanas
|
Leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí
|
|
Roinn III – An Coimisiún
|
|
13 06 01
|
Ionstraim chosanta maidir le soláthar comhoibríoch, i gcomhair an ghearrthéarma
|
p.m.
|
p.m.
|
|
30 02 02
|
Leithreasuithe difreáilte (Cúlchiste i gcomhair airteagal buiséid 13 06 01)
|
82 972 301
|
p.m.
|
|
Iomlán
|
82 972 301
|
p.m.
|
3.
Bia agus Beatha
Maoiníonn snáithe an Bhiashlabhra de Chlár an Mhargaidh Aonair bearta díothaithe struchtúracha chomh maith le bearta éigeandála chun ráigeanna de ghalair ainmhithe agus lotnaidí planda a chomhrac, rud a ndéanann sé cómhaoiniú ina leith ar chostais incháilithe na mbeart arna ndéanamh ag na Ballstáit. Tar éis sraith ráigeanna tromchúiseacha de Fhliú Éanúil Ardphataigineach agus d’Fhiabhras Afracach na Muc sna Ballstáit, ní mór don Choimisiún aisíocaíocht a dhéanamh leis na Ballstáit as an gcaiteachas a thabhaigh siad cheana sna blianta 2019 agus 2020. Is é beagnach EUR 190 milliún an costas iomlán, agus tá thart ar a leath sin íoctha cheana féin trí réamh-mhaoiniú. I bhfianaise scála na riachtanas, lena n‑áirítear na riachtanais i dtaca le ráigeanna a tharla le déanaí, is mór is neamhleor buiséad 2022 dar luach EUR 19 milliún le haghaidh bearta éigeandála.
Sa chomhthéacs sin, chun na hoibleagáidí dlíthiúla i leith na mBallstát a eascraíonn as cinntí deontais atá sínithe cheana a urramú, tá sé beartaithe na cistí atá ar fáil i gcomhair bearta éigeandála i mbuiséad 2022 a atreisiú le EUR 73,8 milliún. Sainaithníodh dhá fhoinse ath-leithdháilte i gceannteideal 1 (An margadh aonair, nuálaíocht agus inneachar digiteach) i gcomhair méid iomlán EUR 3,8 milliún, méid a eascraíonn as ioncam táillí níos airde ná mar a bhí coinne leis don Ghníomhaireacht Eorpach Ceimiceán (ECHA) agus as coigilteas don Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí (ESMA). Dá bhrí sin, molann an Coimisiún EUR 70 milliún den mhaoiniú a bhaint ón gcorrlach neamh-leithdháilte faoi uasteorainn chaiteachais cheannteideal 1. De réir meastacháin, is leordhóthanach na leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí atá ar fáil cheana i mbuiséad 2022.
|
EUR
|
|
Líne bhuiséid
|
Ainm
|
Leithreasuithe faoi chomhair gealltanas
|
Leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí
|
|
Roinn III – An Coimisiún
|
|
03 02 06
|
Rannchuidiú le hardleibhéal sláinte agus leasa do dhaoine, ainmhithe agus plandaí
|
73 797 689
|
0
|
|
03 10 01 01
|
An Ghníomhaireacht Eorpach Ceimiceán — Reachtaíocht maidir le Ceimiceáin
|
- 2 500 000
|
0
|
|
03 10 01 02
|
An Ghníomhaireacht Eorpach Ceimiceán — Gníomhaíochtaí i réimse na reachtaíochta maidir le bithicídí
|
- 1 000 000
|
0
|
|
03 10 04
|
An tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí (ESMA)
|
- 297 689
|
0
|
|
Iomlán
|
70 000 000
|
0
|
4.
Atreisiú ag an Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta ar an acmhainneacht freagartha i dtaca le tinte foraoise a chomhrac
Déanann an Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta maoiniú ar bhearta cosanta sibhialta ríthábhachtacha, lena n‑áirítear dóiteáin foraoise a chomhrac. I samhradh 2022, thosaigh na dóiteáin foraoise níos luaithe ná mar a thosaigh sna blianta roimhe sin agus ba dhéine na tinte iad. Leath an baol falscaí go limistéir nach raibh an baol sin roimhe iontu, agus bhí sin ina chúis le teagmhais a d’fhág fir dóiteáin ina dtaismigh agus bhí sé ina chúis freisin le mórscriosadh maoine agus caillteanas limistéar nádúrtha faoi chosaint, ar mhórscála. Níorbh ionann tréith ná méid do na dóiteáin foraoise, agus bhraith an éagsúlacht sin ar an timpeallacht nádúrtha; chun acmhainneacht comhraic tine a bheith éifeachtach, tá gá le haerárthaí móra, ach tá gá freisin le trealamh sofhónta, amhail eitleáin éadroma, héileacaptair agus sócmhainní talún chun déileáil le himthosca éagsúla. Tá an fháil theoranta atá ar na hacmhainneachtaí speisialaithe sin ina laige mhór fós maidir le freagairt an Aontais ar ghéarchéimeanna.
In aitheasc na bliana seo ar Staid an Aontais Eorpaigh, d’fhógair an tUachtarán Von der Leyen go bhfuiltear ag brath ar dhúbailt a dhéanamh ar na hacmhainneachtaí atá ag an Aontas le haghaidh dóiteáin a chomhrac ón aer, le deich n‑aerárthach amfaibiacha éadroma agus trí héileacaptar bhreise. Déanfar atreisiú an fhlít aeir a áirithiú de chéaduair trí bhíthin léasú sealadach chun a ráthú go mbeidh na hacmhainneachtaí breise sin ar fáil le haghaidh shamhradh 2023 agus 2024. Ag an am céanna, cuirfear dlús le hullmhú flít bhuain de chóracha aeir, rud a bhfuil tús curtha lena sholáthar, chun an ullmhacht d’fhalscaithe a mhéadú. Tiocfaidh an flít buan sin ar fáil de réir a chéile idir 2024 agus 2030.
Agus sin á dhéanamh, ní mór a áirithiú go leanfaidh an chabhair leanúnach ón Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta le linn mhíonna deireanacha na bliana seo do dhaoine atá ag teitheadh as an Úcráin. I bhfianaise scála agus fhad na riachtanas, ní leor an t‑atreisiú a cuireadh ar fáil i mbliana.
Dá bhrí sin, molann an Coimisiún na gníomhaíochtaí sin a mhaoiniú trí na riachtanais bhuiséadacha a atreisiú agus a thús-ualú in DBL 5/2022 atá ann (EUR 138,6 milliún) agus i Litir Leasaitheach 1/2023 a ghabhann le Dréachtbhuiséad 2023 (EUR 41,4 milliún), a cuireadh, iad araon, faoi bhráid na Parlaiminte agus na Comhairle an 5 Deireadh Fómhair 2022. An méid foriomlán EUR 180 milliún thar 2022-2023, is éard atá ann EUR 10 milliún le haghaidh gníomhaíochtaí agus moil an tSásra Aontais um Chosaint Shibhialta (i ndáil le cabhair a sheachadadh chun na hÚcráine), EUR 55 mhilliún le haghaidh ullmhacht do shéasúr falscaithe 2023-2024, go háirithe léasú héileacaptar agus eitleán éadrom, EUR 90 milliún chun héileacaptair a cheannach agus EUR 25 mhilliún chun aerárthaí troma a cheannach. Rinneadh foráil cheana féin, sa chlársceidealú tosaigh, maidir le ceannach héileacaptar agus aerárthaí, ach tá sé beartaithe dlús a chur le forbairt fhlít bhuain rescEU agus, i dtaca leis sin de, déanfar an EUR 115 mhilliún a thugtar ina leith a chúiteamh le laghdú comhfhreagrach in 2026 agus 2027.
Cumhdaítear na comhpháirteanna seo a leanas le hatreisiú 2022 i leithreasuithe faoi chomhair gealltanas:
·EUR 10 milliún chun cabhair chomhchineáil ó na Ballstáit a chur ionsar an Úcráin agus chun aslonnuithe leighis a áirithiú;
·EUR 28 milliún chun ullmhacht an Aontais do shéasúr falscaithe 2023 a atreisiú, go háirithe trí thús a chur le léasú aerárthaí éadroma agus héileacaptar. Ina theannta sin, líonfaidh sé sin an bhearna go dtí go mbeidh flít buan rescEU faoi lán seoil (féach an pointe thíos);
·EUR 100,6 milliún chun dlús a chur le forbairt flít bhuain de chuid rescEU trí bhíthin aerárthaí troma agus héileacaptair an tSásra Aontais um Chosaint Shibhialta a bheith á soláthar ag na Ballstáit. De réir an phlean atá ann faoi láthair, tiocfaidh an flít buan sin ar fáil de réir a chéile idir 2026 agus 2030. Ach an méid sin a thús-ualú, chuideofaí dlús a chur leis an soláthar ionas gurbh fhéidir na chéad héileacaptair a bheith ar fáil go luath le 2024/2025 agus na haerárthaí troma a ordú agus a sheachadadh níos tapúla. Cúiteofar an méid EUR 100,6 milliún trí laghdú comhfhreagrach in 2026 agus 2027.
Sainaithníodh dhá fhoinse athleithdháilte i leithreasuithe faoi chomhair gealltanas i mbuiséad 2022 faoi fho-cheannteideal 2b, agus den mhéid a sainaithníodh is ón nGníomhaireacht Leigheasra Eorpach a eascraíonn EUR 6,2 milliún. Is léiriú é sin ar an méid go ndearnadh ní ba lú iarratas ná a measadh a dhéanfaí i dtaca le táirgí íocshláinte dílleachtacha, go bhfuarthas ioncam ó tháillí ní b’airde i dtaca le hiarratais eile agus gur cuireadh siar, de bheagán, cur chun feidhme an tsainordaithe fhadaithe. Baineann EUR 1,5 milliún eile le hOifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE), agus eascraíonn sé as costais aistriúcháin níos ísle de bharr aois na gcáschomhad agus costais imscrúdaithe níos ísle. Maidir leis an gcuid eile den EUR 130,8 milliún, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún leas a bhaint as an gcorrlach iomlán neamh-leithdháilte faoi uasteorainn chaiteachais fho-cheannteideal 2b (Athléimneacht agus luachanna). Ní iarrtar aon leithreasú breise faoi chomhair íocaíochtaí le haghaidh an tSásra Aontais um Chosaint Shibhialta in 2022, agus os a choinne sin cuimsítear na leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí a bhaineann le EMA agus OIPE san ‘Ollaistriú’ (DEC 16/2022).
|
EUR
|
|
Líne bhuiséid
|
Ainm
|
Leithreasuithe faoi chomhair gealltanas
|
Leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí
|
|
Roinn III – An Coimisiún
|
|
06 05 01
|
An Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta (rescEU)
|
138 569 459
|
0
|
|
06 10 03 01
|
Rannchuidiú an Aontais leis an nGníomhaireacht Leigheasra Eorpach
|
- 4 754 000
|
0
|
|
06 10 03 02
|
Ranníocaíocht speisialta le haghaidh táirgí íocshláinte dílleachtacha
|
- 1 476 000
|
0
|
|
07 10 08
|
Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE)
|
- 1 525 000
|
0
|
|
Iomlán
|
130 814 459
|
0
|
5.
An Lárionad Faireacháin Eorpach um Dhrugaí agus um Andúil i nDrugaí (EMCDDA)
Molann an Coimisiún ranníocaíocht an Aontais leis an Lárionad Faireacháin Eorpach um Dhrugaí agus Andúil i nDrugaí a atreisiú le EUR 0,7 milliún ón gcorrlach neamh-leithdháilte atá fágtha faoi uasteorainn chaiteachais cheannteideal 5 (Slándáil agus Cosaint). Tá an t‑atreisiú sin riachtanach ionas nach mbeidh gá le laghdú breise a dhéanamh ar na príomhghníomhaíochtaí chun costais tuarastail mhéadaithe a sheasamh. Leis an atreisiú buiséid a iarrtar, beidh an ghníomhaireacht in ann príomhinfheistíochtaí TFC a dhéanamh le haghaidh na cibearshlándála.
Mhol an Coimisiún atreisiú comhfhreagrach ar iarratais íocaíochta san ‘Ollaistriú’ (DEC 16/2022).
|
EUR
|
|
Líne bhuiséid
|
Ainm
|
Leithreasuithe faoi chomhair gealltanas
|
Leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí
|
|
Roinn III – An Coimisiún
|
|
12 10 03
|
An Lárionad Faireacháin Eorpach um Dhrugaí agus um Andúil i nDrugaí (EMCDDA)
|
700 000
|
0
|
|
Iomlán
|
700 000
|
0
|
6.
Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta na hEorpa (EASA)
Tá sé d’aidhm ag an togra maidir le hEitlíocht ReFuelEU
cothrom iomaíochta a áirithiú don aeriompar inbhuanaithe, rud lena mbaineann cúraimí breise do Ghníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta na hEorpa, go háirithe sonraí a chur ar fáil do na húdaráis inniúla náisiúnta maidir leis an mbreosla eitlíochta a chuirtear in aerárthaí in aerfoirt an Aontais. Nó go nglactar an togra reachtach, tá méid sonrach i mbuiséad 2022 chun na críche sin ar an líne chúlchiste EUR 1,8 milliún. I bhfianaise na moille is léir sa phróiseas reachtach, tá sé beartaithe an méid comhfhreagrach a thabhairt ar ais d’airteagal buiséid 02 03 01 SCE, an t‑airteagal ónar fritháiríodh é de chéaduair.
EUR
|
Líne bhuiséid
|
Ainm
|
Leithreasuithe faoi chomhair gealltanas
|
Leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí
|
|
02 03 01
|
An tSaoráid um Chónascadh na hEorpa (SCE) — Iompar
|
1 800 000
|
1 800 000
|
|
30 02 02
|
Leithreasuithe difreáilte (Cúlchiste i gcomhair airteagal buiséid 02 10 01)
|
-1 800 000
|
-1 800 000
|
|
Iomlán
|
0
|
0
|
7.
An Riarachán Poiblí Eorpach
Bíonn tionchar mór ag boilsciú ard agus ag ardú tapa ar phraghsanna fuinnimh ar chaiteachas riaracháin na n‑institiúidí, agus ar phinsin agus ar scoileanna Eorpacha. Tá iarracht déanta ag an gCoimisiún srian a chur lena chaiteachas riaracháin trí bheartas foirne cobhsaí a choinneáil ar bun, beartas atá ag éirí níos dúshlánaí i rith an ama, agus trí laghduithe suntasacha a chur i bhfeidhm a mhéid is féidir ar chaiteachas nach mbaineann le tuarastal e.g. caiteachas a bhaineann le cruinnithe agus misin.
Ar an gcaoi chéanna, tá gach iarracht ab fhéidir déanta ag na hinstitiúidí eile riachtanais bhreise a chumhdach trí acmhainní atá ann cheana a ath-leithdháileadh agus infheistíochtaí neamhéigeantacha a chur ar atráth. Mar sin féin, is gá atreisiú a dhéanamh i ndáil le caiteachas riaracháin na n‑institiúidí, cé is moite den Chomhairle, de Chúirt Iniúchóirí na hEorpa agus den Ombudsman Eorpach, arae níl gá le haon atreisiú ina leith siúd.
Tá gá leis an atreisiú sin go háirithe chun an nuashonrú tuarastail a bhfuil coinne leis le haghaidh 2022 a chur san áireamh. I gcomhréir le hAirteagal 64 agus le hAirteagal 65 de na Rialacháin Foirne, déantar luach saothair oifigigh agus sheirbhísigh eile an Aontais Eorpaigh a nuashonrú gach bliain, i bhfianaise tuarascáil arna tíolacadh ag an gCoimisiún, bunaithe ar shonraí staidrimh arna n‑ullmhú ag Eurostat i gcomhaontú le hoifigí staidrimh náisiúnta na mBallstát, lena léirítear an staid sna Ballstáit an 1 Iúil. Bunaítear ríomh an nuashonraithe ar phrionsabal na comhthreomhaireachta idir éabhlóidiú luach saothair réadach (glan ar bhoilsciú) oifigigh an Aontais agus státseirbhísigh náisiúnta na mBallstát. Tugann sé san áireamh an éifeacht chumaisc a imríonn dhá phríomh-athróg:
¾Éabhlóidiú bliantúil fíorthuarastal státseirbhíseach i rialtais láir sampla de dheich cinn de Bhallstát ar mó a OTI comhiomlán ná 75 % de OTI an Aontais.
¾Boilsciú bliantúil sa Bhruiséil agus i Lucsamburg arna ríomh tríd an mboilsciú náisiúnta ar phraghsanna do thomhaltóirí agus é sin arna thomhas le hInnéacs Comhchuibhithe Praghsanna do Thomhaltóirí (ICPT) na Beilge agus le Praghasinnéacs Tomhaltóirí (PIT) Lucsamburg a ualú de réir dháileadh fhoireann an Aontais atá ar seirbhís sna Ballstáit sin.
I mbuiséad 2022, ba é 2.5 % (tionchar 6 mhí) ráta réamh-mheasta an nuashonraithe tuarastail agus é sin le cur i bhfeidhm go cúlghabhálach ón 1 Iúil 2022. Ríomh seirbhísí an Choimisiúin an ráta sin i mí na Samhna 2021, bunaithe ar mheasúnú ar éabhlóidiú na cumhachta ceannaigh agus an chostais mhaireachtála sa tréimhse tagartha (1 Iúil 2021-30 Meitheamh 2022), de réir an mhodha a fhorordaítear sna Rialacháin Foirne.
I gcomhréir leis na forálacha a leagtar amach in Iarscríbhinn XI a ghabhann leis na Rialacháin Foirne, eiseofar tuarascáil Eurostat maidir leis an mbabhta reatha an 31 Deireadh Fómhair, agus leagfar amach inti an coigeartú a dhéanfar ar ghlanluach saothair ainmniúil oifigigh an Aontais Eorpaigh sa Bhruiséil agus i Lucsamburg le héifeacht ó mhí Iúil 2022 chun forbairt na cumhachta ceannaigh a choinneáil i gcomhthreomhaireacht le forbairt chumhacht cheannaigh na státseirbhíseach náisiúnta sna Ballstáit. Cé nach nglacfar an tuarascáil ón gCoimisiún chuig an gComhairle agus chuig Parlaimint na hEorpa go dtí mí na Samhna, is iomchuí gan fanacht go dtí sin, agus athbhreithniú a dhéanamh ar an staid faoi láthair, agus sin a dhéanamh gan dochar don tuarascáil deiridh sin, ós rud é gurb an-mhór is dócha go mbeidh an nuashonrú tuarastail níos airde ná an nuashonrú a úsáideadh nuair a bhí buiséad 2022 á leagan síos. Go háirithe, an tomhas oifigiúil ar an mboilsciú a foilsíodh sa Bheilg agus i Lucsamburg maidir leis an tréimhse ábhartha, tá sé i bhfad níos airde ná a tuaradh de chéaduair (8,6 %). Ag an am céanna, meastar go dtiocfaidh laghdú -3.9 % ar an gcumhacht cheannaigh sna deich mBallstát shamplacha. Ina theannta sin, de réir na réamh-mheastachán eacnamaíoch is déanaí, meastar go sroichfidh OTI an Aontais, in 2022, an leibhéal ‘réamh-ghéarchéime’ eadhon leibhéal 2019, rud a mbeidh de thoradh air go scaoilfear chun cinn nuashonrú 2020 na cumhachta ceannaigh dar méid 2,5 % a coinníodh ar fionraí, i gcomhréir le hAirteagal 11 d’Iarscríbhinn XI a ghabhann leis na Rialacháin Foirne. Ina theannta sin, as siocair nuashonrú idirmheánach 2,4 % ar thuarastail agus ar phinsin, tháinig caiteachas breise sa chéad sé mhí de 2022, rud nár cuimsíodh i mbuiséad 2022.
Léireofar tionchar na dtoimhdí athbhreithnithe ar an mbliain airgeadais 2023 i Litir Leasaitheach 1/2023 a ghabhann leis an Dréachtbhuiséad le haghaidh 2023.
Ós rud é go bhfuil amú na tuarascála leagtha amach go soiléir in Iarscríbhinn XI a ghabhann leis na Rialacháin Foirne eadhon deireadh mhí Dheireadh Fómhair, bheadh sé ródhéanach dréachtbhuiséad leasaitheach a mholadh go foirmiúil faoin am a ndéanfaí cinneadh deiridh maidir leis an ráta. Mar sin féin, i gcomhréir le prionsabail na bainistíochta fónta airgeadais agus an bhuiséadaithe chruinn, tá údar maith le togra chun na leithreasuithe buiséadacha a bhaineann le tuarastail agus pinsin a mhéadú.
I dteannta na n‑eilimintí thuas, tá an t‑ardú mór ar phraghsanna fuinnimh ina chúis le caiteachas breise nach raibh coinne leis go dtí deireadh 2022, rud a éilíonn atreisiú buiséadach i gcás fhormhór na nInstitiúidí chun go mbeidh siad in ann na hoibleagáidí conarthacha gaolmhara uile a chomhlíonadh. I gcás na Seirbhíse Eorpaí Gníomhaíochta Seachtraí go háirithe, titfidh ualach breise uirthi mar gheall ar a neamhchosaint shuntasach ar luaineachtaí ráta malairte. Mar thoradh air sin, tá tionchar mór ag an laghdú ar luach an euro ar chur chun feidhme a buiséid, rud a fhágann go bhfuil riachtanais bhreise gan choinne aici.
Ar an iomlán, is é atá i gceist leis an togra an caiteachas neamhdhifreáilte faoi cheannteideal 7 (An Riarachán Poiblí Eorpach) a mhéadú EUR 163 mhilliún le haghaidh 2022, agus EUR 11,7 milliún den mhéid sin don Choimisiún, EUR 78,2 milliún do phinsin foirne agus do phinsin Chomhaltaí na n‑institiúidí uile, EUR 8,9 milliún do na Scoileanna Eorpacha agus EUR 64,3 milliún do na hInstitiúidí rannpháirteacha eile go léir.
Seo a leanas an tionchar foriomlán ar chaiteachas:
|
Méideanna (in EUR)
|
|
|
Buiséad 2022 (lena n‑áirítear BLanna 1-3/2022 - DBL 4/2022)
|
Dréachtbhuiséad Leasaitheach 5/2022
|
Buiséad 2022 (lena n‑áirítear BLanna 1-3/2022 - DBLanna 4-5/2022)
|
|
Pinsin agus Scoileanna Eorpacha
|
2 332 178 613
|
87 067 538
|
2 419 246 151
|
|
Pinsin
|
2 124 614 000
|
78 214 000
|
2 202 828 000
|
|
Scoileanna Eorpacha
|
207 564 613
|
8 853 538
|
216 418 151
|
|
Caiteachas riaracháin na n‑institiúidí
|
8 287 945 712
|
75 971 088
|
8 363 916 800
|
|
An Coimisiún
|
3 868 129 450
|
11 700 000
|
3 879 829 450
|
|
Institiúidí eile
|
4 419 816 262
|
64 271 088
|
4 484 087 350
|
|
Parlaimint na hEorpa
|
2 112 164 198
|
48 747 088
|
2 160 911 286
|
|
An Chomhairle Eorpach agus an Chomhairle
|
611 473 556
|
0
|
611 473 556
|
|
Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh
|
464 774 000
|
3 080 000
|
467 854 000
|
|
An Chúirt Iniúchóirí
|
162 141 175
|
0
|
162 141 175
|
|
Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa
|
150 871 643
|
1 580 000
|
152 451 643
|
|
Coiste na Réigiún
|
108 376 858
|
1 600 000
|
109 976 858
|
|
An tOmbudsman Eorpach
|
12 097 411
|
0
|
12 097 411
|
|
An Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí
|
20 202 000
|
64 000
|
20 266 000
|
|
An tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí
|
777 715 420
|
9 200 000
|
786 915 420
|
|
Iomlán
|
10 620 124 325
|
163 038 626
|
10 783 162 951
|
Seo a leanas an tionchar foriomlán de réir na Ranna:
Roinn I – Parlaimint na hEorpa
|
Méideanna in EUR
|
|
Líne bhuiséid
|
Ainm
|
Leithreasuithe faoi chomhair gealltanas
|
Leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí
|
|
1 0 2
|
Liúntais idirthréimhseacha
|
28 464
|
28 464
|
|
1 0 0 0
|
Tuarastail
|
1 907 856
|
1 907 856
|
|
1 0 3 1
|
Pinsin easláine (PEAM)
|
4 560
|
4 560
|
|
1 0 3 2
|
Pinsin mharthanóra (PEAM)
|
46 656
|
46 656
|
|
1 2 0 0
|
Luach saothair agus liúntais
|
17 015 352
|
17 015 352
|
|
1 2 0 2
|
Ragobair ar íocaíocht
|
2 400
|
2 400
|
|
1 2 2 0
|
Liúntais don fhoireann a chuaigh ar scor nó a cuireadh ar scor chun leas na seirbhíse
|
65 280
|
65 280
|
|
1 4 0 0
|
Foireann eile — Ardrúnaíocht agus grúpaí polaitiúla
|
1 639 056
|
1 639 056
|
|
1 4 0 1
|
Foireann eile — Slándáil
|
959 832
|
959 832
|
|
1 4 0 2
|
Foireann eile — Tiománaithe san Ardrúnaíocht
|
182 400
|
182 400
|
|
1 4 0 4
|
Tréimhsí oiliúna, saineolaithe náisiúnta ar iasacht, malartuithe oifigeach agus cuairteanna staidéir
|
240 288
|
240 288
|
|
1 4 0 5
|
Caiteachas ar ateangaireacht: ateangaireacht sheachtrach
|
1 153 080
|
1 153 080
|
|
2 0 2 4
|
Tomhaltas fuinnimh
|
20 320 000
|
20 320 000
|
|
4 2 2
|
Caiteachas a bhaineann le cúnamh parlaiminteach
|
5 181 864
|
5 181 864
|
|
Iomlán
|
48 747 088
|
48 747 088
|
Roinn III – An Coimisiún Eorpach
|
Méideanna in EUR
|
|
Líne bhuiséid
|
Ainm
|
Leithreasuithe faoi chomhair gealltanas
|
Leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí
|
|
20 01 02 01
|
Luach saothair agus liúntais — Ceanncheathrú agus Oifigí Ionadaíochta
|
11 700 000
|
11 700 000
|
|
21 01 01
|
Pinsin agus liúntais
|
76 700 000
|
76 700 000
|
|
21 01 02 01
|
Pinsin iar-Fheisirí de Pharlaimint na hEorpa
|
1 000 000
|
1 000 000
|
|
21 01 02 04
|
Pinsin iar-Chomhaltaí de Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh
|
514 000
|
514 000
|
|
21 02 01 01
|
Oifig Ardrúnaí na Scoileanna Eorpacha (an Bhruiséil)
|
362 059
|
362 059
|
|
21 02 01 02
|
An Bhruiséil I
|
1 249 985
|
1 249 985
|
|
21 02 01 03
|
An Bhruiséil II
|
2 024 297
|
2 024 297
|
|
21 02 01 04
|
An Bhruiséil III
|
1 029 839
|
1 029 839
|
|
21 02 01 05
|
An Bhruiséil IV
|
1 216 555
|
1 216 555
|
|
21 02 01 06
|
Lucsamburg I
|
882 627
|
882 627
|
|
21 02 01 07
|
Lucsamburg II
|
707 389
|
707 389
|
|
21 02 01 08
|
Mol
|
259 313
|
259 313
|
|
21 02 01 09
|
Frankfurt
|
329 414
|
329 414
|
|
21 02 01 10
|
Karlsruhe
|
97 376
|
97 376
|
|
21 02 01 11
|
München
|
4 759
|
4 759
|
|
21 02 01 12
|
Alicante
|
47 647
|
47 647
|
|
21 02 01 13
|
Varese
|
550 897
|
550 897
|
|
21 02 01 14
|
Bergen
|
91 381
|
91 381
|
|
Iomlán
|
98 767 538
|
98 767 538
|
Roinn IV — Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh
|
Méideanna in EUR
|
|
Líne bhuiséid
|
Ainm
|
Leithreasuithe faoi chomhair gealltanas
|
Leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí
|
|
1 2 0 0
|
Luach saothair agus liúntais
|
1 300 000
|
1 300 000
|
|
1 4 0 0
|
Foireann eile
|
250 000
|
250 000
|
|
1 4 0 6
|
Seirbhísí seachtracha sa réimse teanga (gníomhairí ateangaireachta comhdhála)
|
280 000
|
280 000
|
|
2 0 2 4
|
Tomhaltas fuinnimh
|
1 250 000
|
1 250 000
|
|
Iomlán
|
3 080 000
|
3 080 000
|
Roinn VI — Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa
|
Méideanna in EUR
|
|
Líne bhuiséid
|
Ainm
|
Leithreasuithe faoi chomhair gealltanas
|
Leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí
|
|
1 2 0 0
|
Luach saothair agus liúntais
|
1 080 000
|
1 080 000
|
|
2 0 2 4
|
Tomhaltas fuinnimh
|
500 000
|
500 000
|
|
Iomlán
|
1 580 000
|
1 580 000
|
Roinn VII — Coiste Eorpach na Réigiún
|
Méideanna in EUR
|
|
Líne bhuiséid
|
Ainm
|
Leithreasuithe faoi chomhair gealltanas
|
Leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí
|
|
1 2 0 0
|
Luach saothair agus liúntais
|
1 200 000
|
1 200 000
|
|
2 0 2 4
|
Tomhaltas fuinnimh
|
400 000
|
400 000
|
|
Iomlán
|
1 600 000
|
1 600 000
|
Roinn IX — An Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí
|
Méideanna in EUR
|
|
Líne bhuiséid
|
Ainm
|
Leithreasuithe faoi chomhair gealltanas
|
Leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí
|
|
1 0 0 0
|
Luach saothair agus liúntais
|
9 000
|
9 000
|
|
1 1 1 0
|
Baill foirne ar conradh
|
51 000
|
51 000
|
|
1 1 1 1
|
Costas tréimhsí oiliúna agus malartuithe foirne
|
4 000
|
4 000
|
|
Iomlán
|
64 000
|
64 000
|
Roinn X — An tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí
|
Méideanna in EUR
|
|
Líne bhuiséid
|
Ainm
|
Leithreasuithe faoi chomhair gealltanas
|
Leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí
|
|
3 0 0 0
|
Luach saothair agus teidlíochtaí na foirne reachtúla
|
6 300 000
|
6 300 000
|
|
3 0 0 3
|
Foirgnimh agus costais ghaolmhara
|
2 900 000
|
2 900 000
|
|
Iomlán
|
9 200 000
|
9 200 000
|
8.
Riachtanais laghdaithe i leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí
Cleachtas bliantúil is ea ‘an t‑ollaistriú’ a eagraítear ar leibhéal corparáideach laistigh den Choimisiún agus iarrtar ar na hArd-Stiúrthóireachtaí agus ar na Seirbhísí uile athbhreithniú a dhéanamh faoi thús mhí Mheán Fómhair ar chur chun feidhme íocaíochtaí an bhuiséid reatha, is é sin an cur chun feidhme acu féin, go dtí deireadh na bliana lena mbaineann. Tá sé d’aidhm ag an gcleachtas sin cur chun feidhme uasta an bhuiséid a áirithiú i leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí ag deireadh na bliana trí riachtanais bhreise a mheaitseáil le tearcúsáid a bhfuil coinne léi. Mar thoradh air sin, cuirtear iarraidh ad hoc ar aistriú (faoi Airteagal 31 den Rialachán Airgeadais) faoi bhráid na Parlaiminte agus na Comhairle gach bliain go luath i mí Dheireadh Fómhair.
Léirigh cleachtas an ‘ollaistrithe’ gur bhain tearcúsáid beagnach EUR 2,9 billiún le roinnt clár, rud a rinneadh a chomhardú go páirteach le hiarrataí ar atreisithe dar méid EUR 2 bhilliún. Ní féidir an t‑iarmhéid EUR 0,9 billiún atá fágtha a iompar in 2022 agus caithfear é a laghdú ionas nach mbeidh barrachas caiteachais ann ag deireadh na bliana. Dá thoradh sin, molann an Coimisiún laghdú EUR 775 mhilliún agus EUR 129,2 milliún faoi seach a dhéanamh ar leibhéal leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí an Chiste Eorpaigh Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus an Chláir EU4Health.
Maidir le CETFT, tá anailís déanta ag an gCoimisiún ar na dearbhuithe caiteachais a fuarthas go dtí seo agus ar na réamhaisnéisí is déanaí ó na Ballstáit a cuireadh isteach faoi dheireadh mhí Lúnasa 2022. Dhá fhachtóir is cúis leis an tearcúsáid a raibh coinne léi. Ar an gcéad dul síos, tá roinnt tairbhithe tar éis a dtionscadail a chur siar nó a thréigean fiú mar gheall ar chostais mhéadaithe de dheasca an bhoilscithe aird. Ar an dara dul síos, léiríonn na sonraí atá ar fáil go bhfuil dlús curtha, i roinnt Ballstát, le cur chun feidhme thionscadail NextGenerationEU agus, ag an am céanna, go bhfuil moilliú ar chur chun feidhme na dtionscadal a fhaigheann tacaíocht ó CETFT.
Maidir le EU4Health, is éard is cúis leis an tearcúsáid ná tionscadal EU-FAB, arb é atá ann líonra de shaoráidí ar síorthinneall chun vacsaíní agus teiripí a tháirgeadh, agus a bhfuil buiséad EUR 160 milliún aige, arna mhaoiniú ag clár EU4Health. Is é is cuspóir dó a áirithiú go gcoinneofar acmhainneachtaí monaraíochta a bheidh leordhóthanach agus ‘lúfar’ ag feidhmiú idir éigeandálaí sláinte poiblí, ionas go mbeidh acmhainneachtaí leordhóthanacha monaraíochta ar fáil sa chéad chéim d’aon éigeandáil sláinte poiblí, sa tréimhse sula méadóidh an tionscal an táirgeadh. Mar gheall ar scála mór an tionscadail agus ar chastacht an tionscadail, áfach, tá sé ag baint níos faide ná a síleadh de chéaduair as an nós imeachta tairisceana, rud a fhágann go síneofar conradh i dtreo dheireadh 2022. Dá bhrí sin, beidh íocaíochtaí comhfhreagracha dlite sna blianta ina dhiaidh sin. An coigeartú is gá a dhéanamh, tá sé cuimsithe cheana san iarraidh ar leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí i nDréachtbhuiséad 2023.
Leagtar amach thíos an laghdú ar leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí a iarrtar sa dréachtbhuiséad leasaitheach seo.
|
EUR
|
|
Líne bhuiséid
|
Ainm
|
Leithreasuithe faoi chomhair gealltanas
|
Leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí
|
|
Roinn III – An Coimisiún
|
|
06 06 01
|
Clár EU4Health
|
0
|
-129 184 830
|
|
08 03 01 02
|
Cineálacha idirghabhálacha san fhorbairt tuaithe — cláir 2014-2022
|
0
|
-775 000 000
|
|
Iomlán
|
0
|
-904 184 830
|
9.
Nuashonrú ar ioncaim
Tá sé beartaithe in DBL 5/2022 nuashonrú ar na meastacháin i ndáil le hAcmhainní Dílse Traidisiúnta (ADT) a chuimsiú i mbuiséad 2022 agus, chomh maith leis sin an tionchar a mheastar a bheidh ag difríochtaí sa ráta malairte a ionchorprú. Ar an iomlán, de réir meastacháin is barrachas ioncaim EUR 3,0 billiún a bheidh ann, rud a laghdóidh ranníocaíochtaí OIN na mBallstát dá réir. Tugtar miondealú sa tábla thíos ar na meastacháin ioncaim nuashonraithe le haghaidh 2022, agus tá na mionsonraí ar fáil sa dá roinn a leanann é.
EUR
|
Líne ioncaim
|
Ainm
|
Buiséad 2022 (lena n‑áirítear DBL 4)
|
Dréachtbhuiséad leasaitheach Uimh. 5/2022
|
Méid nua
|
|
1 2 0
|
Dleachtanna custaim agus eile
|
20 479 800 000
|
3 285 000 000
|
23 764 800 000
|
|
2 4 0
|
Coigeartú le haghaidh difríochtaí sa ráta malairte le haghaidh acmhainní dílse
|
p.m.
|
-247 000 000
|
-247 000 000
|
|
|
Iomlán
|
20 479 800 000
|
3 038 000 000
|
23 517 800 000
|
9.1
Acmhainní Dílse Traidisiúnta
Cuimsítear in DBL Uimh. 4/2022 na réamhaisnéisí athbhreithnithe le haghaidh 2022 le haghaidh thaobh an ioncaim den bhuiséad, mar a aontaíodh ag an 185ú cruinniú den Choiste Comhairleach maidir le hAcmhainní Dílse an 23 Bealtaine 2022. Mar sin féin, ós rud é gur bailíodh níos mó ná a tuaradh de dhleachtanna custaim ó allmhairí le linn na tréimhse Eanáir-Lúnasa agus ós rud é, chomh maith leis sin, gur bailíodh méideanna a bhaineann go sonrach leis na cásanna tearcluachála (lena n‑áirítear an íocaíocht ghaolmhar ón Ríocht Aontaithe a bailíodh i mí an Mheithimh 2022), is iomchuí na meastacháin ar Acmhainní Dílse Traidisiúnta (ADT) a nuashonrú agus a shocrú ag méid iomlán EUR 3 285 mhilliún.
9.2
Difríochtaí sa ráta malairte in acmhainní dílse
Bunaítear an buiséad in euro ach is san airgeadra náisiúnta a chinntear ranníocaíochtaí na mBallstát. Íoctar ranníocaíochtaí bliantúla na mBallstát in 12 thráthchuid mhíosúla (‘dódhéaguithe’). Déantar gach tráthchuid a íoctar in airgeadra neamh-euro a thaifeadadh sna cuntais trí úsáid a bhaint as rátaí malairte míosúla na míosa ina ndéantar an íocaíocht.
I gcás Ballstát lasmuigh den limistéar euro, déantar an buiséad a chomhshó san airgeadra náisiúnta trí úsáid a bhaint as ráta malairte an lae luachana deiridh den bhliain féilire roimh an mbliain bhuiséid. Dá réir sin, le haghaidh 2022 úsáidtear ráta malairte an 31 Nollaig 2021 chun an buiséad a chomhshó ó euro go hairgeadraí neamh-euro. Dá bhrí sin, aon difríocht sna rátaí malairte a úsáidtear chun na ‘dódhéaguithe’ míosúla a ríomh san airgeadra náisiúnta agus sna rátaí cuntasaíochta is infheidhme i mí íoctha na ‘ndódhéaguithe’, bíonn de thoradh orthu go mbíonn difríochtaí ann idir méideanna na n‑acmhainní dílse in euro sa bhuiséad agus na méideanna a fhaightear iarbhír.
Féadfaidh luaineachtaí míosúla sa ráta malairte a chéile a chúiteamh le linn bliain bhuiséid. Tá forbairt an ráta malairte in 2022 diúltach, ar an iomlán, go dtí seo, áfach. Ó Eanáir go Meán Fómhair, cláraíodh lúide EUR 150 milliún san iomlán de dhifríochtaí sa ráta malairte le haghaidh acmhainní dílse. Maidir leis an gcuid eile den bhliain, meastar go mbeidh méid breise lúide EUR 97 milliún ann. Chun laghdú a dhéanamh ar an riosca go mbeidh easnamh buiséadach ann faoi dheireadh 2022, moltar dá bhrí sin méid lúide EUR 247 milliún a iontráil sa bhuiséad chun difríochtaí sa ráta malairte a fhritháireamh go dtí deireadh na bliana.
10.
Maoiniú
Ar an iomlán, iarrtar méadú EUR 447,5 milliún i leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus laghdú EUR 741,1 milliún i leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí faoi bhuiséad 2022.
Laghdú EUR 3 779,1 milliún, sin é an tionchar foriomlán a bheidh ag an laghdú i leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí agus ag an méadú ar na hAcmhainní Dílse Traidisiúnta ar ranníocaíochtaí OIN.
11.
Tábla achoimre de réir cheannteideal CAI
|
|
Buiséad 2022 (lena n‑áirítear BLanna 1-3/2022 - DBL 4/2022)
|
Dréachtbhuiséad Leasaitheach 5/2022
|
Buiséad 2022 (lena n‑áirítear BLanna 1-3/2022 - DBLanna 4-5/2022)
|
|
|
|
|
|
|
|
|
LfcG
|
LfcÍ
|
LfcG
|
LfcÍ
|
LfcG
|
LfcÍ
|
|
|
1.
|
An Margadh Aonair, Nuálaíocht agus Inneachar Digiteach
|
21 775 079 340
|
21 473 535 651
|
70 000 000
|
|
21 845 079 340
|
21 473 535 651
|
|
|
|
Lena n‑áirítear, faoin Ionstraim Sholúbthachta
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Uasteorainn
|
21 878 000 000
|
|
|
|
21 878 000 000
|
|
|
|
|
Corrlach
|
102 920 660
|
|
-70 000 000
|
|
32 920 660
|
|
|
|
2.
|
Comhtháthú, Athléimneacht agus Luachanna
|
67 644 377 865
|
62 052 771 658
|
130 814 459
|
-129 184 830
|
67 775 192 324
|
61 923 586 828
|
|
|
|
Lena n‑áirítear, faoin Ionstraim Sholúbthachta
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Uasteorainn
|
67 806 000 000
|
|
|
|
67 806 000 000
|
|
|
|
|
Corrlach
|
161 622 135
|
|
-130 814 459
|
|
30 807 676
|
|
|
|
2a.
|
An comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach
|
61 314 192 324
|
56 350 922 710
|
|
|
61 314 192 324
|
56 350 922 710
|
|
|
|
Lena n‑áirítear, faoin Ionstraim Sholúbthachta
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Uasteorainn
|
61 345 000 000
|
|
|
|
61 345 000 000
|
|
|
|
|
Corrlach
|
30 807 676
|
|
|
|
30 807 676
|
|
|
|
2b.
|
Athléimneacht agus luachanna
|
6 330 185 541
|
5 701 848 948
|
130 814 459
|
-129 184 830
|
6 461 000 000
|
5 572 664 118
|
|
|
|
Lena n‑áirítear, faoin Ionstraim Sholúbthachta
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Uasteorainn
|
6 461 000 000
|
|
|
|
6 461 000 000
|
|
|
|
|
Corrlach
|
130 814 459
|
|
-130 814 459
|
|
0
|
|
|
|
3.
|
Acmhainní Nádúrtha agus an Comhshaol
|
56 681 112 059
|
56 601 766 838
|
|
-775 000 000
|
56 681 112 059
|
55 826 766 838
|
|
|
|
Lena n‑áirítear, faoin Ionstraim Sholúbthachta
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Uasteorainn
|
56 965 000 000
|
|
|
|
56 965 000 000
|
|
|
|
|
Corrlach
|
283 887 941
|
|
|
|
283 887 941
|
|
|
|
|
Lena n‑áirítear: Caiteachas a bhaineann leis an margadh agus íocaíochtaí díreacha
|
40 368 859 305
|
40 393 039 132
|
|
|
40 368 859 305
|
40 393 039 132
|
|
|
|
Fo-uasteorainn CERT
|
41 257 000 000
|
|
|
|
41 257 000 000
|
|
|
|
|
Difríocht an tslánaithe arna eisiamh chun an fochorrlach a ríomh
|
800 000
|
|
|
|
800 000
|
|
|
|
|
Glanaistrithe idir CERT agus CETFT
|
-618 000 000
|
|
|
|
-618 000 000
|
|
|
|
|
An glan-iarmhéid atá ar fáil le haghaidh chaiteachas CERT (fo-uasteorainn arna ceartú le haistrithe idir CERT agus CETFT)
|
40 639 000 000
|
|
|
|
40 639 000 000
|
|
|
|
|
Fochorrlach CERT
|
270 140 695
|
|
|
|
270 140 695
|
|
|
|
4.
|
Imirce agus Bainistiú Teorainneacha
|
3 360 000 000
|
3 254 270 962
|
|
|
3 360 000 000
|
3 254 270 962
|
|
|
|
Lena n‑áirítear, faoin Ionstraim Sholúbthachta
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Uasteorainn
|
3 360 000 000
|
|
|
|
3 360 000 000
|
|
|
|
|
Corrlach
|
0
|
|
|
|
0
|
|
|
|
5.
|
An tSlándáil agus an Chosaint
|
1 812 327 699
|
1 237 861 185
|
83 672 301
|
|
1 896 000 000
|
1 237 861 185
|
|
|
|
Lena n‑áirítear, faoin Ionstraim Sholúbthachta
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Uasteorainn
|
1 896 000 000
|
|
|
|
1 896 000 000
|
|
|
|
|
Corrlach
|
83 672 301
|
|
-83 672 301
|
|
0
|
|
|
|
6.
|
An Chomharsanacht agus an Domhan
|
17 170 442 918
|
12 916 051 937
|
|
|
17 170 442 918
|
12 916 051 937
|
|
|
|
Lena n‑áirítear, faoin Ionstraim Sholúbthachta
|
368 442 918
|
|
|
|
368 442 918
|
|
|
|
|
Uasteorainn
|
16 802 000 000
|
|
|
|
16 802 000 000
|
|
|
|
|
Corrlach
|
0
|
|
|
|
0
|
|
|
|
7.
|
An Riarachán Poiblí Eorpach
|
10 620 124 324
|
10 620 224 324
|
163 038 626
|
163 038 626
|
10 783 162 950
|
10 783 262 950
|
|
|
|
Lena n‑áirítear, faoin Ionstraim Sholúbthachta
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Uasteorainn
|
11 058 000 000
|
|
|
|
11 058 000 000
|
|
|
|
|
Corrlach
|
437 875 676
|
|
-163 038 626
|
|
274 837 050
|
|
|
|
|
lena n‑áirítear: Caiteachas riaracháin na n‑institiúidí
|
8 287 945 711
|
8 288 045 711
|
75 971 088
|
75 971 088
|
8 363 916 799
|
8 364 016 799
|
|
|
|
Fo-uasteorainn
|
8 528 000 000
|
|
|
|
8 528 000 000
|
|
|
|
|
Fochorrlach
|
240 054 289
|
|
-75 971 088
|
|
164 083 201
|
|
|
|
Leithreasuithe le haghaidh ceannteideal
|
179 063 464 205
|
168 156 482 555
|
447 525 386
|
-741 146 204
|
179 510 989 591
|
167 415 336 351
|
|
|
|
Uasteorainn
|
179 765 000 000
|
170 558 000 000
|
|
|
179 765 000 000
|
170 558 000 000
|
|
|
|
Lena n‑áirítear, faoin Ionstraim Sholúbthachta
|
368 442 918
|
467 248 692
|
|
|
368 442 918
|
467 248 692
|
|
|
|
Corrlach
|
1 069 978 713
|
2 868 766 137
|
-447 525 386
|
741 146 204
|
622 453 327
|
3 609 912 341
|
|
|
|
Ionstraimí speisialta téamacha
|
2 799 170 382
|
2 622 838 000
|
|
|
2 799 170 382
|
2 622 838 000
|
|
|
Iomlán na leithreasuithe
|
181 862 634 587
|
170 779 320 555
|
447 525 386
|
-741 146 204
|
182 310 159 973
|
170 038 174 351
|
|