AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,19.7.2022
COM(2022) 341 final
TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE
maidir le cur chun feidhme cúnaimh mhacrairgeadais do thríú tíortha in 2021
{SWD(2022) 192 final}
This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 52022DC0341
REPORT FROM THE COMMISSION TO THE EUROPEAN PARLIAMENT AND THE COUNCIL on the implementation of macro-financial assistance to third countries in 2021
TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE maidir le cur chun feidhme cúnaimh mhacrairgeadais do thríú tíortha in 2021
TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE maidir le cur chun feidhme cúnaimh mhacrairgeadais do thríú tíortha in 2021
COM/2022/341 final
AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,19.7.2022
COM(2022) 341 final
TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE
maidir le cur chun feidhme cúnaimh mhacrairgeadais do thríú tíortha in 2021
{SWD(2022) 192 final}
CLÁR
1 Réamhrá
2 Forbairtí maicreacnamaíocha i dtíortha comhpháirtíochta
2.1 Comharsanacht an Oirthir
2.2 Comharsanacht an Deiscirt
2.3 Na Balcáin Thiar
3 Oibríochtaí cúnaimh macrairgeadais in 2021
3.1 Comharsanacht an Oirthir
· An tSeoirsia: Cúnamh Macrairgeadais COVID-19
·An Mholdóiv: Cúnamh Macrairgeadais agus Cúnamh Macrairgeadais COVID-19
·An Úcráin: Cúnamh Macrairgeadais COVID-19
3.2 Comharsanacht an Deiscirt
·An Iordáin: Cúnamh Macrairgeadais III agus Cúnamh Macrairgeadais COVID-19
·An Túinéis: Cúnamh Macrairgeadais COVID-19
3.3 Na Balcáin Thiar
·An Albáin: Cúnamh Macrairgeadais COVID-19
·An Bhoisnia agus an Heirseagaivéin: Cúnamh Macrairgeadais COVID-19
·An Chosaiv 1 : Cúnamh Macrairgeadais COVID-19
·Montainéagró: Cúnamh Macrairgeadais COVID-19
·An Mhacadóin Thuaidh: Cúnamh Macrairgeadais COVID-19
4 Úsáid cheart chistí an chúnaimh macrairgeadais a áirithiú: measúnuithe oibríochtúla, meastóireachtaí ex post agus iniúchtaí
4.1 Measúnuithe oibríochtúla
4.2 Meastóireachtaí ex post
5 Forbairtí ginearálta maidir leis an ionstraim cúnaimh mhacrairgeadais
5.1 Feidhmiú na hionstraime cúnaimh macrairgeadais
5.2 Cúnamh Macrairgeadais in CAI 2021-2027
6 Ag féachaint chun cinn – oibríochtaí cúnaimh macrairgeadais agus an staid Bhuiséadach in 2022
TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE
maidir le cur chun feidhme cúnaimh mhacrairgeadais do thríú tíortha in 2021 ( 2 )
1Réamhrá
Ionstraim airgeadais an Aontais atá i gcúnamh macrairgeadais ( 3 ) a leathnaítear chuig tíortha comhpháirtíochta atá i ngéarchéim maidir le comhardú na n‑íocaíochtaí. Ó bunaíodh é in 1990, le cúnamh macrairgeadais cuidíodh le cobhsaíocht mhaicreacnamaíoch agus airgeadais a fheabhsú i dtíortha atá i gcomharsanacht an Aontais nó atá gar don Aontas ó thaobh na tíreolaíochta de, agus moladh athchóirithe struchtúracha sna tíortha sin leis an gcúnamh an tráth céanna. Le cúnamh macrairgeadais comhlánaítear socrú creidmheasa nach socrú réamhchúraim é arna chomhaontú leis an gCiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta (CAI) agus tá sé coinníollach ar an gcomhaontú sin. Ceadaítear don tír chomhpháirtíochta a spás fioscach a mhéadú, a hinbhuanaitheacht fiachais a fheabhsú agus díriú ar athchóirithe a bhfuil gá leo a chur chun cinn nuair a mhaolaítear roinnt den bhrú atá ar an tír chomhpháirtíochta chun aghaidh a thabhairt ar na fadhbanna maidir le comhardú na n‑íocaíochtaí. Trí chonair an choigeartaithe macrairgeadais a mhíniú, is féidir le hoibríochtaí cúnaimh macrairgeadais tionchair shóisialta dearfacha a bheith acu, lena dtugtar tuilleadh ama agus raon feidhme don tír aghaidh a thabhairt ar bhunchúiseanna a géarchéime.
Bíonn cúnamh macrairgeadais i bhfoirm iasachtaí den chuid is mó, agus faigheann an Coimisiún an cistiú le haghaidh na n‑iasachtaí sin ar iasacht ar na margaí caipitil. Tugann an Coimisiún na cistí sin ar iasacht don tír is tairbhí ansin. I gcásanna áirithe, bíonn cúnamh macrairgeadais i bhfoirm deontas a mhaoinítear le buiséad an Aontais, nó bíonn sé i bhfoirm meascáin d’iasachtaí agus de dheontais.
Cuirtear cúnamh macrairgeadais ar fáil i dtráthchodanna agus ní chuirtear ar fáil é ach amháin má chomhlíontar critéir áirithe a bhaineann le hathchóiriú struchtúrach, ar critéir iad a chomhaontaítear leis an tír sin. Leis na coinníollacha sin cuirtear taca faoi chur chun feidhme beart láidir coigeartaithe agus athchóirithe, atá dírithe ar na nithe seo a leanas: (i) córais airgeadais phoiblí a neartú; agus (ii) tacaíocht a thabhairt d’fhás inbhuanaithe cuimsitheach agus do chruthú fostaíochta. Thairis sin, ba cheart é a bheith ina réamhchoinníoll i dtaca le cúnamh macrairgeadais a dheonú go mbeadh ar an tír sásraí éifeachtacha daonlathacha a chomhlíonadh. Áirítear na nithe seo a leanas leis na sásraí sin: córas parlaiminteach ilpháirtí a bheith ann; riail agus reacht an stáit a chomhlíonadh; a ráthú go n‐urramófar cearta an duine. Ar an gcaoi sin, le cúnamh macrairgeadais comhlánaítear cúnamh comhair an Aontais agus rannchuidítear leis na spriocanna níos leithne a bhaint amach i ndáil le cobhsaíocht a chaomhnú, rathúnas a chur chun cinn, agus ár bpríomhluachanna a chur chun cinn lasmuigh den Aontas. Aithnítear cúnamh macrairgeadais mar ionstraim éifeachtach chun freagairt do ghéarchéimeanna, rud a fhágann go mbíonn an tAontas in ann idirghabháil a dhéanamh ar bhealach infheicthe solúbtha agus go bhfuil an chumhacht aige athruithe a mholadh i mbeartas na dtíortha( 4 ) . Tacaítear leis an gconclúid seo maidir le héifeachtacht chúnaimh airgeadais le torthaí roinnt meastóireachtaí ex-post a rinneadh ar oibríochtaí cúnaimh macrairgeadais lánchríochnaithe( 5 ) .
Mar ionstraim géarchéime agus murab ionann ionstraimí seachtracha airgeadais eile an Aontais, ní sholáthraítear tacaíocht airgeadais ar bhonn rialta in‑chlársceidealta le cúnaimh macrairgeadais. Ar an gcúis sin, faoi chreat airgeadais ilbhliantúil (CAI) 2021-2027, leanfar d’oibríochtaí cúnaimh macrairgeadais áirithe a ghníomhachtú ar bhonn cinntí ad hoc. Nuair a bhíonn na cinntí ad hoc sin le haghaidh oibríochtaí cúnaimh macrairgeadais áirithe bunaithe ar Airteagal 212 CFAE, rialaítear iad leis an ngnáthnós imeachta reachtach, lena gceanglaítear formheas Pharlaimint na hEorpa agus na gComhairle i leith gach oibríochta (nó i leith roinnt oibríochtaí an tráth céanna mar a bhí i gceist leis an bpacáiste cúnaimh macrairgeadais COVID-19 a glacadh i mí na Bealtaine 2020).
Cuirtear an tuarascáil bhliantúil seo le chéile de réir oibleagáidí faisnéise an Choimisiúin mar a leagtar síos sna cinntí éagsúla ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hoibríochtaí cúnaimh macrairgeadais. Gabhann doiciméad inmheánach oibre de chuid an Choimisiúin léi, lena gcuirtear anailís níos sonraí ar fáil maidir leis an gcomhthéacs macrairgeadais agus cur chun feidhme oibríochtaí cúnaimh macrairgeadais aonair.
2Forbairtí maicreacnamaíocha i dtíortha comhpháirtíochta
Tar éis an chúlaithe eacnamaíochta a d’eascair as paindéim COVID-19 in 2020, tháinig téarnamh ar gheilleagar na dtíortha is iarrthóirí agus na dtíortha comharsanachta in 2021. Bhí difríochtaí móra ann maidir le fad agus déine an chúlaithe eacnamaíochta ó thír go tír. Léirítear leis na difríochtaí sin an bealach éagsúil a scaipeadh an phaindéim ar fud na dtíortha, ach léirítear freisin na struchtúir eacnamaíocha éagsúla atá ag na comhpháirtíochtaí agus gcumas bearta éifeachtacha a dhéanamh i gcoinne na géarchéime. An téarnamh a tháinig as sin, bhí sé míchothrom ar fud na dtíortha chomh maith. Sa roinn seo, déantar scrúdú ar na dúshláin réigiúnacha atá roimh thíortha chomharsanacht an Aontais agus tíortha na mBalcán Thiar, agus déantar tuilleadh scrúdaithe ar a bhfeidhmiú eacnamaíoch de réir tíre sa doiciméad inmheánach oibre a ghabhann leis an tuarascáil seo.
Cé go mbreathnaítear siar leis na léargais réigiúnacha a léirítear thíos, ní mór a thabhairt faoi deara go bhfuil an forbhreathnú ginearálta níos doiléire de dheasca ionradh na Rúise ar an Úcráin, agus go mbaineann sé le cúrsaí lasmuigh dá thionchar díreach ar an Úcráin amháin. Cé go bhféadtar go ndéantar an difear is mó do roinnt comharsana na hÚcráine atá i gComhpháirtíocht an Oirthir leis na hiarmhairtí sin, braithfear iarmhairtí an ionraidh sna trí réigiún. Sna tíortha atá i gComhpháirtíocht an Oirthir, tharla dímheas airgeadra agus cuireadh brú láidir ar phraghsanna bia agus fuinnimh de dheasca ionradh na Rúise ar an Úcráin. Cuireadh isteach go mór ar mhuinín na dtomhaltóirí agus muinín na ngnólachtaí freisin. Sna míonna amach romhainn, meastar go gcuirfear isteach go mór ar thrádáil, íocaíochtaí agus infheistíochtaí de dheasca na coinbhleachta. Ar an iomlán, is cosúil go bhfuil bliain de mharbh-bhoilsciú roimh réigiún Chomhpháirtíocht an Oirthir. I gcomharsanacht an deiscirt, d’ainneoin neamhchosanta trádála ísle, braitear brú na coinbhleachta trí phraghsanna bia níos airde agus trí bhagairtí ar shlándáil an tsoláthair bia (braitheann roinnt tíortha go mór ar an Rúis agus ar an Úcráin le haghaidh a n‑allmhairí cruithneachta, rud atá ina príomhbhia criticiúil atá an‑fhóirdheonaithe) agus trí phraghsanna fuinnimh (ar praghsanna iad a bhíonn an‑fhóirdheonaithe go minic). Ina theannta sin, cuirtear isteach ar an téarnamh i ndiaidh COVID-19 san earnáil turasóireachta freisin i roinnt tíortha i gcomharsanacht an deiscirt. Sna mBalcáin Thiar, ar an gcaoi chéanna, meastar go dtiocfaidh luathú ar bhoilsciú mar gheall ar mhéadaithe leanúnacha ar phraghsanna fuinnimh, bia agus iompair, rud a chuirfidh laghdú ar ioncam indiúscartha réadach agus tomhaltas príobháideach na dteaghlach. D’fhéadfaí go maolófaí fás eacnamaíoch a thuilleadh i dtíortha na mBalcán Thiar is mó atá ag brath ar an turasóireacht. Dhéanfaí difear d’ionchas eacnamaíoch na trí réigiún leis na nithe seo a leanas: (i) suaitheadh sna slabhraí soláthair idirnáisiúnta; agus (ii) éileamh níos ísle mar gheall ar ionchas fáis níos ísle i gcomhpháirtíochtaí trádála móra, lena n‑airítear an tAontas. D’fhéadfaí go mbeadh tionchar ag na tosca sin ar onnmhairí, infheistíocht dhíreach choigríche agus íocaíochtaí, agus dhéanfaí na míchothromaíochtaí seachtracha atá ann cheana níos measa mar sin.
2.1Comharsanacht an Oirthir
In 2021 tháinig téarnamh ar gheilleagar na dtíortha i réigiún chomharsanacht an oirthir ón gcúlú eacnamaíochta a d’eascair as an bpaindéim in 2020. Seo hiad a leanas príomhghnéithe an téarnaimh sin: (i) an t‑athbhorradh a tháinig faoi thomhaltas teaghlach ó bhonn an‑íseal; (ii) an t‑ardú géar a tháinig ar íocaíochtaí; agus (iii) gníomhaíocht infheistíochta mhéadaithe. Tugadh tacaíocht do gheilleagar na dtíortha sin le héileamh seachtrach láidir freisin. Cé go gcuidíodh le rátaí dífhostaíochta a laghdú i mbeagnach gach tír nuair a filleadh ar an bhfás, tháinig borradh mór seasta faoi bhoilsciú i rith na bliana dá bharr. Spreagadh an méadú ar bhoilsciú den chuid is mó leis an mborradh a tháinig faoi phraghsanna domhanda fuinnimh agus bia. Mar iarracht smacht a choinneáil ar bhoilsciú, rinne na bainc cheannais uile i réigiún chomharsanacht an oirthir a seasamh ó thaobh an bheartais airgeadaíochta de níos doichte in 2021. Leis sin, tugadh tacaíocht do luachmhéadú seasta ar na hairgeadraí áitiúla, agus is minic a gnóthaíodh na caillteanais a taifeadadh in 2020.
Tháinig feabhas ar staideanna fioscacha in 2021 d’ainneoin riain na paindéime a bhí fós le brath. Tháinig ioncaim ar ais go láidir mar gheall ar ghníomhaíocht eacnamaíoch a bhí ag dul i méid agus borradh mór a tháinig faoin trádáil. An tráth céanna, lean an caiteachas de bheith ag fás go seasta, lena n‑airítear mar thoradh ar an ngearradh siar ar na bearta flaithiúla a cuireadh i bhfeidhm chun dul i ngleic le tionchar na paindéime ar theaghlaigh agus ar ghnólachtaí, ar gearradh siar é nár tharla ach de réir a chéile. Tháinig feabhas ar chóimheasa fiachais phoiblí le OTI na dtíortha i gcomharsanacht an oirthir a bhuí le heasnaimh níos ísle, luachmhéadú ar airgeadraí náisiúnta agus méadú suntasach ar OTI ainmniúil. Ar an taobh seachtrach, tháinig téarnamh ar allmhairí agus onnmhairí araon ar fud an réigiúin lena léirítear an bonn íseal, an t‑éileamh méadaithe agus an méadú ar phraghsanna tráchtearraí. Tháinig méadú mór ar íocaíochtaí chomh maith. Leis sin ar fad, mar aon le leithdháileadh ginearálta na gCeart Tarraingthe Speisialta (CTS) ag CAI ar a gcomhalta i mí Lúnasa, cuireadh borradh tábhachtach faoi staideanna seachtracha agus thosaigh cúlchistí idirnáisiúnta ag méadú i bhformhór na dtíortha.
Ag féachaint chun tosaigh, agus mar a luadh thuas, tá comharsanacht an oirthir neamhchosanta go mór ar dhrochiarmhairtí eacnamaíocha ionradh na Rúise ar an Úcráin. Tá baol ann go rachaidh na tíortha sin isteach i gcúlú eacnamaíoch dian, ar cúlú eacnamaíoch é a d’fhéadfadh a bheith chomh millteach leis an léirscrios a rinneadh de dheasca scoilt an Aontais Shóivéadaigh sna 1990idí, toisc go ndéantar an difear is mó don Úcráin agus don Bhealarúis agus is iad sin an dá gheilleagar is mó i réigiún chomharsanacht an oirthir.
2.2Comharsanacht an Deiscirt
In 2021 thosaigh téarnamh ag teacht ar ghníomhaíocht eacnamaíoch i réigiún chomharsanacht an deiscirt freisin i ndiaidh na paindéime agus na drochiarmhairtí eacnamaíocha a tharla dá barr. Tháinig an fás ar ais chuig na tíortha uile, seachas chuig an Liobáin, áit ina leanann géarchéim pholaitiúil agus eacnamaíoch. Tháinig borradh faoin bhfás le linn na bliana, toisc gur tháinig méadú ar ghníomhaíocht infheistíochta agus ar an téarnamh go príobháideach agus ar thomhaltas rialtais de bharr srianta níos scaoilte, rolladh amach na vacsaíní agus éileamh folaigh. Leis an téarnamh ar an éileamh seachtrach, tugadh tacaíocht do thionscail onnmhairiúcháin, go háirithe an mhonaraíocht. Tháinig feabhas beag ar na figiúirí turasóireachta, i gcomhréir le deireadh a chur leis na srianta taistil de réir a chéile. D’fhan an dífhostaíocht os cionn a leibhéil roimh an bpaindéim, ach tháinig feabhas ar rátaí fostaíochta i gcomhréir le rátaí gníomhaíochta níos airde. Tá méadú mór tagtha ar an mbrú boilscitheach, lena n‑áirítear le haghaidh táirgí bia agus fuinnimh, fad is a bhí beartais airgid réidh i gcónaí. Mar gheall ar an méadú ar phraghsanna tráchtearraí tháinig méadú ar ghníomhaíocht agus tháinig feabhas ar chomharduithe fioscacha i dtíortha a onnmhairíonn fuinneamh.
Tháinig laghdú ar easnaimh fhioscacha in 2021, de bharr téarnamh ioncam agus méaduithe measartha caiteachais i gcomhréir leis bearta tacaíochta a bhaineann leis an bpaindéim a tarraingíodh siar de réir a chéile. D’fhan an fiachas náisiúnta ar leibhéil níos airde ná mar a bhí riamh mar iarmhairt ar mhór-riachtanais maoinithe de dheasca na paindéime. Tháinig téarnamh láidir ar an réigiún i réimse na n‑allmhairí agus réimse na n‑onnmhairí araon, a bhuí leis na nithe seo a leanas: (i) an t‑athbhorradh a tháinig faoin éileamh teaghlach, ar éileamh é a bhí lagaithe roimhe sin; (ii) méaduithe ar phraghsanna tráchtearraí; (iii) agus an fás atá ag teacht ar an éileamh ó phríomh-mhargaidh onnmhairiúcháin an réigiúin. Tacaíodh le híocaíochtaí a bhí níos airde ná riamh tríd an mborradh faoin bhfás san Aontas agus tríd an méadú ar phraghsanna domhanda ola. D’fhan airgeadraí náisiúnta seasmhach nó tháinig luachmhéadú beag orthu, agus laghdaíodh cúlchistí idirnáisiúnta den chuid is mó de na tíortha. Lean an réigiún de bheith ag baint tairbhí as tacaíocht sheachtrach ó iasachtóirí institiúideacha idirnáisiúnta, lena n‑airítear leithdháiltí CAI CTS.
Bhí tionchar ag ionradh na Rúise ar an Úcráin ar an ionas le haghaidh chomharsanacht an deiscirt, cé nach bhfuil sé chomh láidir leis an tionchar a bhí ar ionchas chomharsanacht an oirthir. Le drochiarmhairt ionradh na Rúise, tugtar riosca móra don théarnamh nuaghinte le fios, toisc go meastar go ndéanfar difear do thíortha chomharsanacht an deiscirt go háirithe trí phraghsanna níos airde ar bhia, fuinneamh agus tráchtearraí eile. Leis na praghsanna níos airde sin, ardófar boilsciú agus déanfar difear do thomhaltas intíre agus brú á chur ar bhuiséid phoiblí.
2.3Na Balcáin Thiar
I ndiaidh an chúlaithe eacnamaíochta a d’eascair as an bpaindéim in 2020, mhaolaigh iarmhairtí tromchúiseacha ghéarchéim COVID-19 agus d’athléim gníomhaíocht eacnamaíoch i ngeilleagar na mBalcán Thiar uile in 2021. Tacaíodh leis an téarnamh leis na nithe seo a leanas den chuid is mó: (i) bearta imshrianta a bhaineann le COVID-19 a bhaint de réir a chéile; (ii) éileamh náisiúnta agus seachtrach atá níos láidre; agus (iii) bunéifeachtaí fabhracha. I gcomhréir leis an athléim i ngníomhaíocht eacnamaíoch, tháinig feabhas ar an bhfás fostaíochta agus laghdaíodh rátaí dífhostaíochta sa chuid is mó de na tíortha sa réigiún. Tháinig méadú freisin ar líon na ndaoine fostaithe. Leis an dinimic boilscithe, léiríodh an athléim san éileamh comhiomlán agus praghsanna níos airde ar fhuinneamh, bia agus iompair, agus tháinig méadú ar bhoilsciú na dtíortha ar fad sna Balcáin Thiar in 2021.
Leis an athléim sna hioncaim chánach mar gheall ar ghníomhaíocht eacnamaíoch níos láidre, cabhraíodh le heasnaimh fhioscacha a laghdú sa réigiún in 2021. Ina theannta sin, tháinig laghdú beag ar chóimheas fiachais ghinearálta an rialtais le OTI sa chuid is mó de na tíortha i gcomparáid le deireadh 2020, lena léirítear go páirteach athléim i bhfás ainmniúil OTI. Maidir le cúrsaí seachtracha, laghdaíodh easnaimh sa chuntas reatha go sonrach in 2021 i gcomparáid leis an mbliain roimhe sin toisc gur mó an athléim láidir in onnmhairí seirbhíse agus teacht isteach ard íocaíochtaí ná an méadú in easnaimh sa trádáil i dtráchtearraí.
Tá an forbhreathnú ar gheilleagar na mBalcán Thiar níos measa freisin, agus dóchúlachtaí fáis á gcoinneáil siar mar gheall ar roinnt tosca, arb iad tionchar praghsanna níos airde le haghaidh fuinnimh, bia agus iompair ar ioncam agus tomhaltas na cinn is mó. Mar sin féin, is léir go ndearnadh difear níos lú do na Balcáin Thiar leis na tosca sin ná tíortha chomharsanacht an oirthir.
3Oibríochtaí cúnaimh macrairgeadais in 2021
An 22 Aibreán 2020 ghlac an Coimisiún togra ar phacáiste EUR 3 bhilliún de chúnamh macrairgeadais le haghaidh 10 gcomhpháirtí is iarrthóirí agus comhpháirtithe réigiún na comharsanachta, chun cuidiú leo teorainn a chur le drochiarmhairt phaindéim COVID-19. Ghlac Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle an cinneadh 6 go han‑tapa an 25 Bealtaine 2020 7 . Ní raibh an cúnamh macrairgeadais COVID-19 ar fáil ach ar feadh bliana agus bhí sé le scaoileadh in dá thráthchuid i gcomhar le socrú eisíocaíochta CAI, agus bhí sé faoi réir réamhchoinníollacha polaitiúla ginearálta a chomhlíonadh. Mar choinníoll breise, ní eisíocfaí an dara tráthchuid, arbh é an ceann deiridh é, ach nuair a chomhlíonfadh an tír chomhpháirtíochta na coinníollacha beartais a bhaineann leis.
In 2021 díríodh ar phacáiste cúnaimh macrairgeadais COVID-19 a chur chun feidhme mar sin. Eisíocadh méid iomlán EUR 1.665 billiún chun tacú le cobhsaíocht airgeadais na dtíortha comhpháirtíochta agus chun cuidiú leo teorainn a chur ar dhrochiarmhairt phaindéim COVID-19.
As na 7 n‑oibríocht a cuireadh tús leo in 2020, cuireadh 6 díobh i gcríoch san iomlán, agus eisíodh an dara tráinse leis na tíortha seo a leanas, arbh é an ceann deiridh é: an Chosaiv, an Iordáin, An Mhacadóin Thuaidh, an Mholdóiv, Montainéagró agus an Úcráin. Ina theannta sin, eisíocadh an cúnamh leis an Albáin ina iomláine, ar cúnamh é nár tháinig i bhfeidhm ach amháin in 2021.
Níor íocadh ach cuid den oibríocht cúnaimh mhacrairgeadais faoin gcinneadh thuasluaite leis an tSeoirsia, áfach. Cé gur tharla an chéad eisíocaíocht i mí na Samhna 2020, cuireadh an dara tráthchuid ar ceal: (i) tar éis don tSeoirsia an coinníoll beartais is tábhachtaí a bhaineann leis an córas breithiúnach a neamhchomhlíonadh; agus (ii) tar éis d’údaráis na Seoirsia a léiriú nach raibh gá leis na cistí a thuilleadh.
Cuireadh tús leis an dá oibríocht eile le haghaidh na Boisnia agus na Heirseagaivéine agus na Túinéise in 2021, tar éis a bpróiseas daingniúcháin réasúnta fada le haghaidh an Mheabhrán Chomhaontaithe (MT) agus an Chomhaontaithe Saoráide Iasachta. Tugadh an dara tráthchuid den eisíocaíocht don Túinéis an 25 Bealtaine 2022, agus mar sin cuireadh an oibríocht i gcrích ina iomláine nuair a comhlíonadh na coinníollacha beartais a comhaontaíodh sa MT. Ar an taobh eile, níor eisíocadh an dara tráinse le haghaidh na Boisnia agus na Heirseagaivéine toisc nár cuireadh athchóiriú chun feidhme ach go teoranta ag deireadh na tréimhse infhaighteachta.
Chomh maith leis an cúnamh airgeadais a bhí beartaithe chun cuidiú le tíortha freagairt do phaindéim COVID-19, cuireadh pleananna chun tríú cúnamh macrairgeadais rialta a chur chun feidhme le haghaidh na Iordáine, agus scaoileadh an dara tráinse an 20 Iúil 2021.
I bhfianaise an téarnaimh eacnamaíoch leanúnach i ndiaidh na paindéime, agus i bhfianaise géarchéime ola a thosaigh i mí Dheireadh Fómhair 2021, chuir an Mholdóiv iarraidh isteach ar oibríocht nua cúnaimh mhacrairgeadais i mí na Samhna 2021. Fuair an Coimisiún iarraidh ar chúnamh macrairgeadais nua ón Úcráin, i measc an riosca go rachadh an choinbhleacht leis an Rúis in olcas agus i bhfianaise rochtain ar mhargaí caipitil idirnáisiúnta a bheith caillte. Moladh oibríochtaí cúnaimh macrairgeadais comhionanna ina dhiaidh sin go luath in 2022 le haghaidh suas le EUR 150 milliún don Mholdóiv agus suas le EUR 1.2 billiún don Úcráin.
Stádas cur chun feidhme oibríochtaí cúnaimh macrairgeadais in 2021 (de réir réigiúin):
3.1Comharsanacht an Oirthir
·An tSeoirsia: Cúnamh Macrairgeadais COVID-19
Bhí cúnamh macrairgeadais suas le EUR 150 milliún don tSeoirsia san áireamh sa phacáiste cúnaimh macrairgeadais COVID-19.
Eisíocadh an chéad tráthchuid (EUR 75 mhilliún) i mí na Samhna 2020.
Bhí an dara tráthchuid de EUR 75 mhilliún faoi réir sraith coinníollacha beartais a chomhlíonadh, ar sraith í a leagadh síos sa MT maidir leis na réimsí seo a leanas: soláthar poiblí; córas na bpinsean; an dlí cuideachtaí; rialachas fiontar faoi úinéireacht an stáit; an córas breithiúnach; éifeachtúlacht fuinnimh; agus margadh an tsaothair. Chuir an tSeoirsia roinnt athchóirithe struchtúracha chun feidhme ar athchóirithe iad a bhí i gcomhréir leis an MT. Cuireadh an dara tráthchuid ar ceal, áfach, nuair nár chomhlíon an tSeoirsia an coinníoll beartais is tábhachtaí a bhaineann leis an gcóras breithiúnach agus tar éis d’údaráis na Seoirsia a chinneadh gan an dara tráthchuid sin a iarraidh.
Cuireadh an cúnamh macrairgeadais ar fáil i gcomhar le hacmhainní ó institiúidí airgeadais idirnáisiúnta agus ó dheontóirí déthaobhacha, lena n‑áirítear CAI, faoi chlár CAI ceithre bliana na Saoráide Fadaithe Chistiúcháin (SFC) leis an tSeoirsia. Rinneadh Saoráid Fhadaithe Chistiúcháin CAI ceithre bliana a fhormheas i mí Aibreán 2017 agus tháinig méadú uirthi in 2020 go méid iomlán EUR 690 milliún. Rinneadh Bord CAI na hathbhreithnithe uile faoi chlár SFC sin a fhormheas, lena n‑áirítear an t‑athbhreithniú deireanach i mí Aibreán 2021.
·An Mholdóiv: Cúnamh Macrairgeadais agus Cúnamh Macrairgeadais COVID-19
Mar chuid de phacáiste cúnaimh macrairgeadais COVID-19, bhí cúnamh EUR 100 milliún beartaithe don Mholdóiv, rud a chomhlánaigh clár éigeandála CAI de USD 235 mhilliún (a glacadh i mí Aibreán 2020). Tar éis an chéad tráthchuid a eisíoc i mí na Samhna 2020, cuireadh an cúnamh macrairgeadais i gcrích le heisíocaíocht an dara tráinse, arbh í an tráinse dheireanach, (EUR 50 mhilliún) i mí Dheireadh Fómhair 2021. Leagadh sraith coinníollacha beartais síos sa MT sna réimsí seo a leanas: bainistíocht airgeadais phoiblí; rialachas gnólachtaí; agus an comhrac in aghaidh an éillithe. Cuireadh an t‑athchóiriú chun feidhme go measartha mall le linn an choda is mó de thréimhse cúnamh macrairgeadais COVID-19. Tar éis toghcháin pharlaiminte i mí Iúil 2021, áfach, bhí an Mholdóiv i bhfad níos toilteanaí aghaidh a thabhairt ar easnaimh struchtúracha toisc gur thosaigh an tUachtarán, an Rialtas agus an Pharlaimint ag obair le chéile ar bhealach níos stuama. D'ainneoin an fheabhais sin, bhí tarscaoileadh le deonú i ndáil le coinníoll amháin (ar coinníoll é a bhain leis an straitéis aisghabhála sócmhainní i ndiaidh chalaois baincéireachta 2014) tar éis dul i gcomhairle le Coiste na mBallstát um Chúnamh Macrairgeadais.
I mí na Samhna 2021 tar éis briseadh amach géarchéime fuinnimh, agus i bhfianaise dhálaí an téarnaimh eacnamaíoch tar éis na paindéime, d’iarr an Mholdóiv cúnamh macrairgeadais nua rialta go hoifigiúil. Tar éis measúnú cúramach ar na riachtanais maoinithe, chuir an Coimisiún togra le chéile maidir le oibríocht nua suas le EUR 150 milliún, lena n‑áirítear EUR 120 milliún in iasachtaí meántéarmacha, agus EUR 30 milliún i ndeontais. Ghlac Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle an cinneadh chun cúnamh macrairgeadais breise a sholáthar don Mholdóiv an 6 Aibreán 2022. Déanfar an cúnamh macrairgeadais a eisíoc i dtrí thráthchuid tar éis gníomhaíochtaí beartais sna réimsí seo a leanas a chur chun feidhme: dea-rialachas; an smacht reachta, uilíochas; an comhrac in aghaidh an éillithe; athchóirithe ar an earnáil fuinnimh. Coinníoll le haghaidh eisíocaíocht na dtráthchodanna sin freisin is ea tuilleadh dul chun cinn maidir le haisghabháil sócmhainní (i ndiaidh oibríochtaí cúnaimh macrairgeadais roimhe sin).
Leis an cúnamh macrairgeadais nua, léirítear ar bhealach a chuaigh CAI i dteagmháil arís le húdaráis na Moldóive tar éis na dtoghchán i mí Iúil 2021. Rinneadh comhaontú ar leibhéal na foirne maidir le Saoráid Chreidmheasa Shínte/SFC trí bliana de USD 558.3 milliún, rud a ghlac Bord Feidhmiúcháin an Chiste i mí na Nollag 2021. Eisíocadh an chéad tráthchuid USD 79.8 milliún láithreach tar éis ghlactha an chomhaontaithe.
·An Úcráin: Cúnamh Macrairgeadais COVID-19
Tháinig cúnamh macrairgeadais COVID-19 EUR 1.2 billiún le haghaidh na hÚcráine i bhfeidhm i mí Mheán Fómhair 2020. Le coinníollacha beartais struchtúraigh an chúigiú oibríocht cúnaimh mhacrairgeadais sin, rinneadh forbairt ar éachtaí cúnaimh macrairgeadais roimhe sin agus athchóirithe tacaithe sna ceithre réimse seo a leanas: bainistíocht airgeadais phoiblí; rialachas agus an smacht reachta; na cúinsí gnó a fheabhsú; agus fiontair fuinnimh agus fiontair atá faoi úinéireacht an stáit. Eisíocadh an chéad tráinse EUR 600 milliún an 9 Nollaig 2020.
Gheall an Úcráin go gcuirfidh sí ocht mbeart beartais struchtúraigh chun feidhme iad sa MT agus braitheann eisíocaíocht an dara tráthchuid ar chur chun feidhme na mbeart sin agus cur chun feidhme chlár CAI. Tugadh an cúnamh macrairgeadais COVID-19 don Úcráin i gcomhar le hacmhainní eile ó institiúidí airgeadais idirnáisiúnta agus ó dheontóirí déthaobhacha, go háirithe CAI faoina Socrú Teannta 18 mí de USD 5 bhilliún a comhaontaíodh an 9 Meitheamh 2020. An choinníollacht a comhaontaíodh le CAI, bhí cur chun feidhme na coinníollachta sin míchothrom agus níor dúnadh an chéad athbhreithniú ar an gclár ach amháin i mí na Samhna 2021, agus áiríodh síneadh leis an gclár suas le deireadh mhí an Mheithimh 2022 san athbhreithniú sin. Ar bhonn litreach suaimhnis ó CAI maidir leis an dul chun cinn mór a rinneadh maidir le príomhthosaíochtaí an chláir agus i bhfianaise measúnú an Choimisiúin féin ar chur chun feidhme sásúil na mbeart struchtúrach a comhaontaíodh sa MT, eisíocadh an dara tráinse de EUR 600 milliún an 25 Deireadh Fómhair 2021. Leis sin tugadh cur chun feidhme rathúil chúnamh macrairgeadais COVID-19 don Úcráin i gcrích.
I gcomhthéacs an teannais gheopholaitiúil a bhí ag dul in olcas roimh ionradh na Rúise ar an Úcráin, an1 Feabhra 2022 ghlac an Coimisiún togra ar chinneadh maidir le cúnamh macrairgeadais nua a thabhairt don Úcráin le haghaidh suas le EUR 1.2 billiún in iasachtaí, atá le heisíoc ina dhá thráthchuid chomhionanna. Ghlac Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle an Cinneadh an 24 Feabhra 2022, lena n‑údaraíodh an séú oibríocht cúnaimh mhacrairgeadais san Úcráin ó 2014. Shínigh an Coimisiún agus an Úcráin an MT gaolmhar an 3 Márta, lena cumasaíodh eisíocaíocht na chéad tráinse de EUR 600 milliún in dá thráinse an 11 agus an 18 Márta 2022. Mar fhreagairt eisceachtúil ar riachtanais airgeadais géara na hÚcráine, agus toisc nach féidir na coinníollacha a comhaontaíodh sa MT a bhaint amach an tráth seo ar chúiseanna force majeure, tar éis dul i gcomhairle dhearfach le Coiste na mBallstát um Chúnamh Macrairgeadais, bheartaigh an Coimisiún an dara tráinse de EUR 600 milliún a eisíoc i mí na Bealtaine, mar ábhar práinne. Soláthraítear an cúnamh macrairgeadais éigeandála i gcomhar le hacmhainní eile ó institiúidí airgeadais idirnáisiúnta agus ó dheontóirí déthaobhacha, lena n‑áirítear socrú teannta 18 mí CAI de USD 5 bhilliún a comhaontaíodh an 9 Meitheamh 2020. I ndiaidh an chéad athbhreithnithe ar an gclár a chur i gcrích i mí na Samhna 2021, chuir an Bord síneadh le bailíocht an socraithe teannta go dtí deireadh mhí an Mheithimh 2022. Cuireadh tús leis an dara athbhreithniú ar an gclár an 23 Feabhra 2022, lá roimh ionradh na Rúise. I bhfianaise an cháis eisceachtúil, d’iarr an Úcráin maoiniú éigeandála ansin faoin Ionstraim Mearmhaoiniúcháin agus fuair sí USD 1.4 billiún an 9 Márta.
3.2 Comharsanacht an Deiscirt
·An Iordáin: Cúnamh Macrairgeadais III agus Cúnamh Macrairgeadais COVID-19
I ndiaidh don tríú cúnamh macrairgeadais don Iordáin de EUR 500 milliún teacht i bhfeidhm i mí Eanáir 2020, d’iarr údaráis na Iordáine cúnamh brise i mí Aibreán 2020, i gcomhthéacs phaindéim COVID-19 agus chomhaontaigh an tAontas ar ‘bhreisiú’ de chúnamh macrairgeadais de EUR 200 milliún, in iasachtaí ar fad. Le coinníollacha beartais an chúnaimh macrairgeadais dírítear go príomha ar na nithe seo a leanas: (i) bainistíocht airgeadais phoiblí a fheabhsú; (ii) éilliú a chomhrac; (iii) athchóirithe a dhéanamh in earnáil na bhfóntas; (iv) an beartas sóisialta agus beartas mhargadh an tsaothair a athchóiriú; agus (v) rialachas.
Eisíocadh an chéad tráthchuid (EUR 150 milliún, agus EUR 100 milliún mar bhreisiú) an 25 Samhain 2020. Tá an dara tráthchuid agus an tríú tráthchuid faoi réir na gcoinníollacha beartais áirithe a comhaontaíodh idir an Iordáin agus an tAontas sa MT. Eisíocadh an dara tráinse (EUR 50 milliún agus breisiú EUR 200 milliún) an 20 Iúil 2021, rud a chuir an chuid den chúnamh a bhain le COVID-19 i gcrích go rathúil. Chun an dara tráinse a scaoileadh, deonaíodh tarscaoileadh le haghaidh coinníoll amháin (maidir le céimeanna i dtreo córas sonraiscthe leictreonach a bhunú) i ndiaidh chomharliúchán Choiste na mBallstát um Chúnamh Macrairgeadais. Ní mór an coinníoll tarscaoilte sin a chomhlíonadh ina iomláine, áfach, nuair a chuirfear na hathchóirithe go léir chun feidhme ar athchóirithe iad a bhfuil gá leo le haghaidh eisíocaíocht an tríú tráinse. Tá an tríú tráinse de EUR 200 milliún ar fáil go dtí mí Aibreáin 2023.
Cuirfear na hoibríochtaí cúnaimh macrairgeadais sin ar fáil i gcomhar le hacmhainní ó institiúidí airgeadais agus ó dheontóirí déthaobhacha, lena n‑áirítear CAI. An 25 Márta 2020 d’fhormheas CAI clár SFC ceithre bliana leis an Iordáin ar luach EUR 1.1 billiún (270 % den chuóta). Méadaíodh an méid sin suas le thart ar EUR 1.3 billiún níos déanaí (atá coibhéiseach le 312 % de chuóta na Iordáine). An 20 Bealtaine 2020 chuir CAI thart ar EUR 366 mhilliún i gcúnamh éigeandála ar fáil don Iordáin faoin Ionstraim Mearmhaoiniúcháin chun cuidiú leis an tír dul i ngleic le tionchar na paindéime. Faoi mhí na Nollag 2021 bhí eisíoc iomlán CAI leis an Iordáin ó thús 2020 chomh hard le EUR 1 bhilliún. Tá clár SFC fós ar an mbóthar ceart, agus rinneadh an tríú athbhreithniú in am i mí na Nollag 2021. Cé go raibh fiachas poiblí na Iordáine fós ard agus é ar 110 % d’OTI ag deireadh 2021, mheas CAI go raibh sé oiriúnach.
·An Túinéis: Cúnamh Macrairgeadais COVID-19
Mar chuid de phacáiste cúnaimh macrairgeadais COVID-19 a glacadh i mí na Bealtaine 2020, chomhaontaigh an tAontas ar chúnamh macrairgeadais EUR 600 milliún don Túinéis. Síníodh an MT agus an Comhaontú Saoráide Iasachta an 24 Samhain 2020, dhaingnigh Parlaimint na Túinéise iad an 15 Aibreán 2021 agus tháinig siad i bhfeidhm an 11 Bealtaine 2021, nuair a foilsíodh in Iris Oifigiúil na Túinéise iad. Mar sin, lean an tréimhse infhaighteachta 12 mhí go dtí mí na Bealtaine 2022. Le coinníollacht bheartais an chúnaimh macrairgeadais dírítear go príomha ar na ceithre réimse théamacha seo a leanas: bainistíocht airgeadais phoiblí agus an earnáil shibhialta a athchóiriú; athchóirithe i bhfiontair atá faoi úinéireacht an stáit; an chosaint shóisialta; agus an timpeallacht infheistíochta.
Soláthraíodh an cúnamh macrairgeadais in dá thráinse de EUR 300 milliún an tráinse. Bhí an chéad tráinse faoi réir na réamhchoinníollacha ginearálta polaitiúla le haghaidh an chúnaimh macrairgeadais agus eisíocadh é an 1 Meitheamh 2021. Cuireadh borradh faoi iarrachtaí maidir leis na hathchóirithe beartais a bhfuil gá leo le haghaidh an dara tráinse agus comhlíontar na coinníollacha ar fad ar an iomlán ar a laghad. D'ainneoin roinnt ábhair imní maidir leis an réamhchoinníoll polaitiúil, le litir ó na húdaráis lena leagtar amach na gealltanais ar fhéilire pholaitiúil i mbliana, bhíothas in ann an dara tráinse a eisíoc an 25 Bealtaine 2022.
Tá an cúnamh le hacmhainní a cuireadh ar fáil ag deontóirí eile a chomhlánú, lena n‑airítear CAI, faoina chlár Saoráide Mearmhaoiniúcháin EUR 685 mhilliún leis an Túinéis a formheasadh an 10 Aibreán 2020.
3.3Na Balcáin Thiar
·An Albáin: Cúnamh Macrairgeadais COVID-19
Tar éis creathanna talún millteacha i mí na Samhna 2019 agus dúshláin phaindéim COVID-19, d’iarr an Albáin cúnamh macrairgeadais go hoifigiúil an 15 Aibreán 2020. Mar fhreagairt, mar chuid de phacáiste cúnaimh macrairgeadais COVID-19, chomhaontaigh an tAontas ar chúnamh macrairgeadais EUR 180 milliún don Albáin. Síníodh an MT agus an Comhaontú Saoráide Iasachta an 3 Samhain 2020 agus tháinig siad i bhfeidhm an 3 Samhain 2020 agus an 26 Eanáir 2021, faoi seach, mar bhí nósanna imeachta náisiúnta éagsúla is infheidhme. Bhí sé d’aidhm ag coinníollacha beartais an chúnaimh macrairgeadais aghaidh a thabhairt ar roinnt de na laigí sa bhainistíocht airgeadais phoiblí, san earnáil airgeadais, sa dea-rialachas agus sa comhrac in aghaidh an éillithe agus beartais cosanta sóisialta.
Soláthraíodh an cúnamh macrairgeadais in dá thráinse de EUR 90 milliún an tráinse. Eisíocadh an chéad tráthchuid an 31 Márta 2021. Eisíocadh an dara tráthchuid, arbh é an ceann deiridh é, an 5 Samhain 2021, nuair a bhí an beartas lena mbaineann comhlíonta ag an Albáin.
Bhí an cúnamh le hacmhainní a cuireadh ar fáil ag deontóirí eile a chomhlánú, lena n‑airítear CAI, faoina chlár Saoráide Mearmhaoiniúcháin EUR 174 mhilliún leis an Albáin a formheasadh an 10 Aibreán 2020.
·An Bhoisnia agus an Heirseagaivéin: Cúnamh Macrairgeadais COVID-19
Tar éis iarraidh oifigiúil ar chúnamh macrairgeadais ón mBoisnia agus an Heirseagaivéin an 14 Aibreán 2020 i gcomhthéacs phaindéim COVID-19, cuireadh EUR 250 milliún san áireamh don Bhoisnia agus an Heirseagaivéin i bpacáiste cúnaimh macrairgeadais COVID-19. Síníodh an MT agus an Comhaontú Saoráide Iasachta an 15 Eanáir 2021 agus tháinig siad i bhfeidhm an 9 Meitheamh 2021. Próiseas cinnteoireachta fada na tíre ba chúis leis an moill substaintiúil sin. Tá sé d’aidhm ag coinníollacha beartais an chúnaimh macrairgeadais aghaidh a thabhairt ar roinnt de na laigí sa rialachas eacnamaíoch agus san fhorbairt institiúidí, cobhsaíocht na hearnála airgeadais, trédhearcacht agus an comhrac in aghaidh an éillithe agus margadh an tsaothair a fheidhmeoidh níos fearr.
Bhí an cúnamh macrairgeadais le soláthar in dá thráinse de EUR 125 mhilliún an tráinse. Eisíocadh an chéad tráthchuid an 7 Deireadh Fómhair 2021, cé nár eisíocadh an dara tráinse mar gheall ar chur chun feidhme teoranta na n‑athchóirithe ag deireadh na tréimhse infhaighteachta.
Tá an cúnamh le hacmhainní a cuireadh ar fáil ag deontóirí eile a chomhlánú, lena n‑airítear CAI, faoina chlár Saoráide Mearmhaoiniúcháin (RFI) de EUR 330 milliún a formheasadh an 20 Aibreán 2020.
·An Chosaiv: Cúnamh Macrairgeadais COVID-19
Tar éis iarraidh oifigiúil ar chúnamh macrairgeadais ón gCosaiv an 8 Aibreán 2020 i gcomhthéacs phaindéim COVID-19, fuair an Chosaiv oibríocht nua cúnaimh mhacrairgeadais de EUR 100 milliún. Le coinníollacht bheartais an chúnaimh macrairgeadais dírítear go príomha ar maoiniú poiblí a neartú, cobhsaíocht airgeadais a fheabhsú, dul i ngleic leis an neamhfhoirmiúlacht, an straitéis um an smacht reachta a chur chun cinn agus ionchais fostaíochta le haghaidh daoine óga a fheabhsú.
Soláthraíodh an cúnamh macrairgeadais in dá thráinse de EUR 50 milliún an tráinse. Eisíocadh an chéad tráthchuid an 6 Deireadh Fómhair 2020. Eisíocadh an dara tráthchuid, arbh é an ceann deiridh é, an 1 Meitheamh 2021, nuair a bhí an beartas lena mbaineann comhlíonta ag an gCosaiv.
Bhí an cúnamh le cistí CAI a chomhlánú (EUR 52 mhilliún) faoin tSaoráid Mhearmhaoiniúcháin (RFI) (50 % de chuóta na Cosaive sa Chiste) a formheasadh an 10 Aibreán 2020.
·Montainéagró: Cúnamh Macrairgeadais COVID-19
Tar éis iarraidh oifigiúil ar chúnamh macrairgeadais ó Mhontainéagró an 15 Aibreán 2020, chomhaontaigh an tAontas ar oibríocht cúnaimh mhacrairgeadais de EUR 60 milliún don Mhontainéagró, mar chuid de phacáiste cúnaimh macrairgeadais COVID-19. Le coinníollacha beartais an chúnaimh macrairgeadais dírítear go príomha ar airgeadas poiblí a athneartú agus an comhrac in aghaidh an éillithe, cobhsaíocht airgeadais a fheabhsú, an timpeallacht gnó a fheabhsú, agus an chosaint shóisialta a athchóiriú.
Soláthraíodh an cúnamh macrairgeadais in dá thráinse de EUR 30 milliún an tráinse. Eisíocadh an chéad tráthchuid an 6 Deireadh Fómhair 2020. Eisíocadh an dara tráthchuid, arbh é an ceann deiridh é, an 1 Meitheamh 2021, nuair a bhí an beartas lena mbaineann comhlíonta ag Montainéagró.
Bhí an cúnamh le hacmhainní a cuireadh ar fáil ag deontóirí eile a chomhlánú, lena n‑airítear CAI, faoina chlár Saoráide Mearmhaoiniúcháin EUR 75 mhilliún le Montainéagró a formheasadh an 24 Meitheamh 2020.
·An Mhacadóin Thuaidh: Cúnamh Macrairgeadais COVID-19
Tar éis iarraidh oifigiúil ar chúnamh macrairgeadais ón Macadóin Thuaidh an 15 Aibreán 2020, chuir an tAontas EUR 160 milliún ar leataobh mar oibríocht cúnaimh mhacrairgeadais don Mhacadóin Thuaidh, mar chuid de phacáiste cúnaimh macrairgeadais COVID-19. Le coinníollacht bheartais an chúnaimh macrairgeadais dírítear go príomha ar airgeadas poiblí a athneartú agus an comhrac in aghaidh an éillithe, cobhsaíocht airgeadais a fheabhsú, an timpeallacht gnó a fheabhsú, agus an chosaint shóisialta a athchóiriú.
Soláthraíodh an cúnamh macrairgeadais in dá thráinse de EUR 80 milliún an tráinse. Eisíocadh an chéad tráthchuid an 6 Deireadh Fómhair 2020. Eisíocadh an dara tráthchuid, arbh é an ceann deiridh é, an 1 Meitheamh 2021, nuair a bhí an beartas lena mbaineann comhlíonta ag an Mhacadóin Thuaidh.
Bhí an cúnamh le hacmhainní a cuireadh ar fáil ag deontóirí eile a chomhlánú, lena n‑airítear CAI, faoina chlár Saoráide Mearmhaoiniúcháin EUR 176 mhilliún leis an Macadóin Thuaidh a formheasadh an 10 Aibreán 2020.
4Úsáid cheart chistí an chúnaimh macrairgeadais a áirithiú: measúnuithe oibríochtúla, meastóireachtaí ex post agus iniúchtaí
4.1Measúnuithe oibríochtúla
I gcomhréir le ceanglais Rialachán Airgeadais an Aontais, cuireann an Coimisiún measúnuithe oibríochtúla i gcrích le cabhair comhairleoirí seachtracha chun dearbhuithe réasúnach a fháil ar fheidhmiú nósanna imeachta riaracháin agus scagchuarda airgeadais sna tíortha is tairbhí.
Le measúnuithe oibríochtúla dírítear ar chórais bainistíochta airgeadais. Go háirithe, dírítear ar conas a eagraítear aireachtaí airgeadais agus bainc cheannais agus cén nósanna imeachta a chuirtear chun feidhme iontu. Go sonrach, dírítear ar conas a bhainistítear na cuntais a fhaigheann cistí ón Aontas. Tugtar aird speisialta d’fheidhmiú, neamhspleáchas agus cláir oibre institiúidí seachtracha iniúchóireachta, agus éifeachtacht rialuithe na n‑institiúidí sin. Déantar scrúdú ar nósanna imeachta soláthair phoiblí ar an leibhéal lárnach freisin.
In 2020 rinneadh 10 measúnú oibríochtúla i gcomhthéacs oibríochtaí cúnaimh macrairgeadais COVID-19, chomh maith leis an gCúnamh Macrairgeadais III leis an Iordáin. Sna measúnuithe sin, thángthas ar an gconclúid go bhfuil scagchuarda airgeadais agus nósanna imeachta na dtíortha comhpháirtíochta iomchuí chun críocha an chúnaimh macrairgeadais. Ní raibh gá le haon mheasúnú nua in 2021.
4.2Meastóireachtaí ex post
I gcomhréir le Rialachán Airgeadais an Aontais agus leis na cinntí cúnaimh macrairgeadais comhfhreagracha, déanann an Coimisiún meastóireachtaí ex-post 8 nuair a chríochnaítear oibríochtaí cúnaimh macrairgeadais chun a dtionchar a mheasúnú. Is iad seo a leanas an dá phríomhchuspóir a bhaineann leis na meastóireachtaí sin:
I.anailís a dhéanamh ar thionchar an chúnaimh macrairgeadais ar gheilleagar tír is tairbhí, agus go háirithe ar inbhuanaitheacht a seasaimh sheachtraigh; agus
II.measúnú a dhéanamh ar bhreisluach ghníomhaíocht an Aontais.
I mí Eanáir agus mí Aibreáin 2021 d’fhoilsigh an Coimisiún na doiciméid inmheánacha oibre a ghabhann leis na meastóireachtaí ex post ar Chúnamh Macrairgeadais I don Túinéis agus ar Chúnamh Macrairgeadais III don Úcráin faoi seach. Leis an doiciméad inmheánach oibre de chuid an Choimisiúin a ghabhann leis an tuarascáil seo, soláthraítear faisnéis bhreise ar an dá mheastóireacht sin.
Thairis sin, in 2021 rinneadh an mheastóireacht ex post ar idirghabhálacha cúnaimh macrairgeadais II don Túinéis agus don Iordáin, agus rinneadh meitimheastóireacht na hoibríochtaí cúnaimh macrairgeadais uile thar an tréimhse 2010-2020. Leis an meitimheastóireacht rinneadh measúnú ar na prionsabail agus na gnéithe lena rialaítear an ionstraim cúnaimh mhacrairgeadais agus bhí sé d’aidhm aici ionchur a thabhairt maidir le feabhas a chur ar na nithe seo a leanas: (i) ábharthacht, éifeachtacht, éifeachtúlacht agus breisluach na hionstraime; agus (ii) cumas na hionstraime freagairt a thabhairt ar thosaíochtaí ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais. Meastar go bhfoilseofar an dá dhoiciméad inmheánach oibre a ghabhann leis an dá mheastóireacht in 2022.
·Cúnamh macrairgeadais II don Túinéis agus don Iordáin: Sa staidéar seachtrach, tagtar ar an gconclúid go raibh méid, foirm agus tráthúlacht na n‑oibríochtaí a chur an dá thír chun feidhme ábhartha agus iomchuí maidir le riachtanais mhaoinithe an dá thír, lena soláthraítear breisluach AE. Sa dá thír, bhí tionchar dearfach ag an gcúnamh macrairgeadais ar inbhuanaitheacht fiachais agus cuidíodh le cobhsú maicreacnamaíoch a chur chun cinn. Bhí na coinníollacha ábhartha agus díríodh leo ar phríomhréimsí athchóirithe. Leis na hoibríochtaí, tacaíodh le hathrú dearfach i roinnt réimsí, d'ainneoin dul chun cinn measartha i roinnt athchóirithe áirithe eile. Ón taobh réigiúnach de, tionchar dearfach agus iarmhairtí an dá oibríocht cúnaimh mhacrairgeadais ar réigiún an Mheánoirthir agus na hAfraice Thuaidh, ní raibh siad chomh intomhaiste sin agus bhain siad den chuid is mó le héifeacht na muiníne.
·An mheitimheastóireacht ar oibríochtaí cúnaimh macrairgeadais 2010-2020: Sa staidéar seachtrach, tagtar ar an gconclúid go raibh na hoibríochtaí cúnaimh macrairgeadais éifeachtúil, ábhartha, agus comhleanúnach, agus gur gineadh breisluach AE leo. Thairis sin, measadh go raibh an ionstraim cúnaimh mhacrairgeadais éifeachtach maidir le cuidiú a thabhairt inbhuanaitheacht sheachtrach a athbhunú agus athchóirithe struchtúracha a chur chun cinn. An tráth céanna, cuirtear in iúl sa staidéar an tábhacht a bhaineann le braistint ‘úinéireachta’ ar athchóirithe sa tír chomhpháirtíochta lena n‑áirithítear go mbeidh tionchar fada ag na hathchóirithe beartais a dhéantar. Cuirtear i dtábhacht leis an staidéar freisin an tráth fada a d’fhéadfadh a bheith i gceist ionas go mbeadh oibríochtaí cúnaimh macrairgeadais oibríochtúil agus tugtar roinnt smaointe maidir le freagairt éifeachtach níos gasta na hionstraime a éascú i gcomhthéacs geopholaitiúil dúshlánach. Cuireadh béim sa staidéar ar an ngá atá le hinfheictheacht an chúnaimh macrairgeadais a neartú sna tíortha is tairbhí. I ndáil leis sin, leis an ócáid a d’eagraigh an Coimisiún an 16 Samhain 2021, ar chomóradh 30 bliain na hionstraime, tugadh deis thábhachtach feasacht a dhaingniú maidir leis an ionstraim lasmuigh den Aontas Eorpach. Ghlac ionadaithe ardleibhéil ó na tíortha is tairbhí, gnólachtaí comhairliúcháin, toscaireachtaí an Aontais agus na Ballstáit páirt i ndíospóireacht maidir leis an méid atá bainte amach ag cúnamh macrairgeadais go dtí an pointe seo agus straitéisí féideartha dá thodhchaí. Ó thaobh modheolaíochta de, cuireadh na meastóireachtaí ex post i gcrích ar chaighdeán ard. Go háirithe, b’amhlaidh an cás nuair a tháinig treoirlínte 2015 maidir le ‘rialáil níos fearr’ i bhfeidhm.
Tugtar faisnéis bhreise maidir leis an dá mheastóireacht sa doiciméad inmheánach oibre a ghabhann leis an tuarascáil seo agus beidh sí ar fáil sna doiciméid inmheánacha oibre a atá le foilsiú agus a ghabhann leis an dá mheastóireacht.
5Forbairtí ginearálta maidir leis an ionstraim cúnaimh mhacrairgeadais
5.1Feidhmiú na hionstraime cúnaimh macrairgeadais
Le Dearbhú Comhpháirteach 2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Cúnamh Macrairgeadais
9
sainaithníodh go bhfuil nádúr maicreacnamaíoch airgeadais ag an gcúnamh agus luaitear go sonrach ann go bhfuil sé d’aidhm ag an gcúnamh ‘staid inbhuanaithe a athbhunú maidir le hairgeadas seachtrach i gcás tíortha a bhfuil deacrachtaí acu le maoiniú seachtrach.’ Chun go mbeidh cúnamh macrairgeadais rathúil mar ionstraim ‘éigeandála’, dá bhrí sin, tá sé tábhachtach, é a shlógadh go héifeachtach agus in am.
An tráth céanna, tá tugtha ar aird ag Cúirt Iniúchóirí na hEorpa agus sa mheitimheastóireacht ar oibríochtaí cúnaimh macrairgeadais (2010-2020) gur easnamh mór san ionstraim a d’fhéadfadh a bheith sna moilleanna a bhaineann le cinntí cúnaimh macrairgeadais a ghlacadh ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle laistigh den ghnáthnós imeachta reachtach, ar ionstraim í atá in ainm is freagairt a thabhairt ar ghéarchéim maidir le comhardú na n‑íocaíochtaí. Mar iarmhairt, mhol Cúirt Iniúchóirí na hEorpa gur ‘cheart don Choimisiún na roghanna atá ar fáil a phlé lena chomhreachtóirí, ar roghanna iad lena gcuirfear borradh faoi nósanna imeachta formheasa le haghaidh cláir cúnaimh macrairgeadais ina dhiaidh sin, go háirithe maidir le cistiú éigeandála.’
10
Creideann an Coimisiún, áfach, go léirítear leis an taithí ar phacáiste cúnaimh macrairgeadais COVID-19 agus an cúnamh macrairgeadais éigeandála nua don Úcráin gur féidir na cláir a ghlacadh go pras le socrú reatha cúnaimh macrairgeadais, má chomhaontaíonn na hinstitiúidí uile úsáid iomlán a bhaint as na solúbthachtaí nós imeachta atá ar fáil. Sa dá chás, d’oibrigh an Coimisiún leis an bParlaimint agus leis an gComhairle chun comhaontú a dhéanamh ar úsáid nósanna imeachta práinne atá ann faoi láthair, rud a cheadaigh an cúnamh a ghlacadh laistigh de mhí ó thogra an Choimisiúin agus go nglacfadh an dá chomhreachtóirí é. D’agair Parlaimint na hEorpa clásal sonrach (Riail 163) dá Rialacha Nós Imeachta, rud a chur ar chumas na Parlaiminte an cinneadh a ghlacadh láithreach sa seisiún iomlánach, gan a bheith orthu dul i ngleic leis an gCoiste um Thrádáil Idirnáisiúnta, mar a bhíonn orthu leis an ngnáthchleachtas. Ba thoradh é an próiseas tapa sin ar an bpráinn a thuig na hinstitiúidí uile le linn na tréimhse sin a bhí an‑dúshlánach.
Mar sin, leis na rialacha nós imeachta ón gComhairle agus ó Pharlaimint na hEorpa araon, déantar foráil maidir le nós imeachta brostaithe a bhfuil gá leis chun cláir a ghlacadh go mear i gcásanna éigeandála. Trí chaidreamh tráthúil cuiditheach, b’fhéidir próiseas glactha níos tapúla a bheith ann faoin ngnáthnós imeachta reachtach, agus beidh Parlaimint na hEorpa go hiomlán páirteach sa phróiseas. Ní bheadh sé sin amhlaidh dá molfadh an Coimisiún bearta ar bhonn Airteagal 213 CFAE (atá is infheidhme maidir le cásanna ina bhfuil gá le cúnamh airgeadais práinneach agus tríd an Chomhairle an oibríocht cúnaimh mhacrairgeadais amháin a ghlacadh).
5.2Cúnamh Macrairgeadais in CAI 2021-2027
Leanann réigiún comharsanachta an Aontais de bheith faoi réir éagobhsaíocht gheopholaitiúil agus eacnamaíoch. Déantar an scéal níos measa le hiarmhairt dhaonnúil agus eacnamaíoch phaindéim COVID-19 agus le hionradh na Rúise ar an Úcráin. Sa chomhthéacs sin, an gá atá ann don Aontas machnamh a dhéanamh ar chúnamh macrairgeadais a sholáthar, is dócha go mbeidh an gá sin fós ard sna blianta atá romhainn.
Tháinig an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta (NDICI) i bhfeidhm i mí an Mheithimh 2021 (dá ngairtear an ionstraim ‘Eoraip Dhomhanda’ freisin), tar éis don Chomhairle agus don Pharlaimint é a ghlacadh go foirmiúil. Beidh an ionstraim cúnaimh mhacrairgeadais ar leithligh ó NDICI-An Eoraip Dhomhanda, leanfar d’oibríochtaí cúnaimh macrairgeadais áirithe a ghníomhachtú, de réir mar is gá, le cinntí ad-hoc ar leithligh ar bhonn an bhunúis dlí is infheidhme leis an gConradh. Mar sin féin, ráthófar na hiasachtaí cúnaimh macrairgeadais as seo amach leis an ráthaíocht nua do ghníomhaíochtaí seachtracha a cruthaíodh le Rialachán NDICI-An Eoraip Dhomhanda, ag ráta soláthair 9 % faoi mar a bhí roimhe sin.
Le NDICI-An Eoraip Dhomhanda: (i) tugtar le fios nach mór soláthar na ráthaíochta do ghníomhaíochtaí seachtracha a mhaoiniú ó bhuiséad na gclár geografach ábhartha; agus (ii) socraítear teorainn fhoriomlán EUR 10 billiún a d’fhéadfaí a úsáid chun an ráthaíocht do ghníomhaíochtaí seachtracha a sholáthar. Go bunúsach, leis sin chuirfí teorainn ar mhéid na n‑oibríochtaí cúnaimh macrairgeadais chomh maith le hionstraimí eile (lena n‑áirítear Iasachtú Seachtrach an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta, CEFI+ agus iasachtaí Euratom) a d’fhéadfaí a mhaoiniú le linn CAI seo.
Agus bainistiú á dhéanamh ar an ráthaíocht do ghníomhaíochtaí seachtracha, ní bhainfear úsáid a thuilleadh as an gCiste Ráthaíochta do Ghníomhaíochtaí Seachtracha, ach bainfear úsáid as an gCiste don Soláthar Coiteann. Tá an Coimisiún i mbun measúnú a dhéanamh ar na rioscaí a bhaineann leis an méid sin, i bhfianaise na nithe seo a leanas: (i) rialacha nua maidir le láimhseáil dliteanas teagmhasach; agus (ii) comhthéacs sonrach na neamhchosanta ar an Úcráin agus ar an réigiún. D’fhéadfaí aghaidh a thabhairt ar na rioscaí sin san athbhreithniú meántéarma atá le bheith ann ar Rialachán NDICI – An Eoraip Dhomhanda.
6Ag féachaint chun cinn – oibríochtaí cúnaimh macrairgeadais agus an staid Bhuiséadach in 2022
Ghlac an Coimisiún dhá thogra ar chúnamh macrairgeadais ag tús 2022, ar tograí iad a bhain leis an Úcráin agus an Mholdóiv le haghaidh méid EUR 150 milliún agus méid EUR 1.2 billiún faoi seach. Cuireadh an iarraidh isteach i mí na Samhna 2021 nuair a bhí géarchéim gháis ag briseadh amach sa Mholdóiv agus i measc an téarnaimh eacnamaíoch tar éis na paindéime, agus EUR 120 milliún in iasachtaí agus EUR 30 milliún i ndeontais a bheidh sa chúnamh macrairgeadais don Mholdóiv. Eisíocfar na hiasachtaí agus na deontais sin i dtrí thráinse nuair a chomhlíonfar coinníollacha réamhshainithe. An 11 Márta d’iarr an Mholdóiv méadú ar an gcúnamh macrairgeadais, lena léirítear iarmhairt eacnamaíoch ionradh na Rúise ar an Úcráin ar a riachtanais mhaoinithe, lena n‑áirítear an t‑insreabhadh mór dídeanaithe. Le hiarraidh na Moldóive, cuireadh béim ar an gá le deontais go háirithe. Mar fhreagairt ar an gcás sin, tá iarrachtaí á ndéanamh an cúnamh macrairgeadais sin a chomhlánú le pacáiste tacaíochta níos leithne inar féidir freastal ar an iarraidh ar chúnamh deontais breise. Thairis sin, déanfar an chomhpháirt deontais den chúnamh macrairgeadais a thús-ualú, chun gur féidir tuilleadh deontas a eisíoc sa chéad dá thráinse (EUR 15 mhilliún agus EUR 10 milliún, faoi seach).
An 24 Feabhra 2022 ghlac Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle cinneadh maidir le cúnamh macrairgeadais nua don Úcráin, i measc an riosca go rachadh an choinbhleacht leis an Rúis in olcas agus i bhfianaise rochtain na hÚcráine ar mhargaí caipitil idirnáisiúnta a bheith caillte. Bhí an cúnamh macrairgeadais i bhfoirm iasachtaí de EUR 1.2 billiún, agus íocadh an chéad EUR 600 milliún i mí an Mhárta 2022, rud a chuidigh le haghaidh a thabhairt ar bhearna maoiniúcháin na hÚcráine atá ag dul i méid de dheasca na coinbhleachta leanúnacha leis an Rúis. Ar an iomlán, ghníomhaigh údaráis na hÚcráine i dtreo an coinníoll comhaontaithe a chur chun feidhme. Cás force majeure a bhí i gcúinsí an chogaidh a chuir isteach ar chur chun críche éifeachtach na mbeart beartais struchtúraigh ar a mbíonn eisíocaíocht an dara tráinse den chúnamh macrairgeadais. Tar éis measúnú cúramach a dhéanamh, agus tar éis dul i gcomhairle leis an gCoiste um Chúnamh Macrairgeadais, chinn an Coimisiún mar sin féin dul ar aghaidh le heisíocaíocht an dara tráinse de EUR 600 milliún i mí na Bealtaine 2022, mar ábhar práinne.
D’athdhearbhaigh an Chomhairle Eorpach a thacaíocht don Úcráin an 30 Bealtaine 2022 agus tá sí réidh cúnamh macrairgeadais eisceachtúil nua de suas le EUR 9 mbilliún a dheonú in 2022.
Ag brath ar an dul chun cinn a dhéanfar maidir leis na hathchóirithe beartais agus réamhchoinníoll polaitiúil a chomhlíonadh, eisíocadh an tráinse dheireanach de chúnamh macrairgeadais COVID-19 don Túinéis an 25 Bealtaine 2022, agus níor eisíocadh an dara tráinse don Bhoisnia agus an Heirseagaivéine toisc nár cuireadh athchóiriú chun feidhme ach go teoranta ag deireadh na tréimhse infhaighteachta. Beidh an tráthchuid dheireanach d’oibríocht cúnamh mhacrairgeadais III don Iordáin ar fáil go dtí mí Aibreán 2023.
Tá an Coimisiún réidh le machnamh a dhéanamh ar aon iarraidh ar chúnamh macrairgeadais a bheidh ann, agus más iomchuí, molfaidh sé oibríochtaí nua agus/nó leantacha do chomhpháirtíochtaí incháilithe.
I dTábla 1 tugtar forbhreathnú ar ghealltanais agus íocaíochtaí deontas cúnaimh macrairgeadais agus eisíocaíochtaí iasachtaí cúnaimh macrairgeadais le haghaidh 2019, 2020, 2021 agus (go sealadach) 2022. Meastar go mbeidh EUR 1 575 mhilliún d’iasachtaí agus EUR 25 mhilliún de dheontais sna heisíocaíochtaí iomlána in 2022.
Tábla 1: Gealltanais agus íocaíochtaí le haghaidh deontas agus eisíocaíochtaí iasachtaí cúnaimh macrairgeadais 2019-2022 (EUR)
11
|
Leithreasuithe faoi chomhar gealltanas le haghaidh deontas sa bhuiséad |
2019 27 000 000 |
2020 20 000 000 |
2021 227 200 |
2022 (sealadach) 50 000 000 |
|
Measúnuithe oibríochtúla, meastóireachtaí Ex post Oibríochtaí cúnaimh macrairgeadais féideartha eile Gealltanais, san iomlán |
125 900 - 125 900 |
293 900 - 293 900 |
227 200 - 227 200 |
Le cinneadh 30 000 000 30 000 000 |
|
Leithdháiltí buiséid nár gealladh |
26 874 100 |
19 706 100 |
Le cinneadh |
|
|
Leithreasuithe faoi chomhar íocaíochtaí le haghaidh deontas sa bhuiséad |
27 000 000 |
27 000 000 |
362 400 |
25 000 000 |
|
Measúnuithe oibríochtúla, meastóireachtaí Ex post Cúnamh macrairgeadais don tSeoirsia III (críochnaithe) Cúnamh macrairgeadais don Mholdóiv (críochnaithe) Cúnamh macrairgeadais don Mholdóiv Oibríochtaí cúnaimh macrairgeadais féideartha eile Íocaíochtaí, san iomlán |
304 949 - 10 000 000 - - 10 304 949 |
284 600 5 000 000 10 000 000 - - 15 284 600 |
362 400 - - - - 362 400 |
- - - 25 000 000 - 25 000 000 |
|
Leithdháiltí le haghaidh íocaíochtaí deontas nár úsáideadh |
16 695 051 |
11 715 400 |
- |
|
|
Eisíocaíochtaí iasachtaí cúnaimh macrairgeadais Cúnamh macrairgeadais don tSeoirsia III (críochnaithe) Cúnamh macrairgeadais don Mholdóiv (críochnaithe) Cúnamh macrairgeadais don Úcráin IV (críochnaithe) Cúnamh macrairgeadais don Iordáin II (críochnaithe) Cúnamh macrairgeadais don Iordáin III 12 Cúnamh macrairgeadais don Túinéis II (críochnaithe) Cúnamh macrairgeadais don Mholdóiv Cúnamh macrairgeadais éigeandála don Úcráin Eisíocaíochtaí iasachtaí cúnaimh macrairgeadais, san iomlán |
- 20 000 000 - 100 000 000 300 000 000 - - 420 000 000 |
20 000 000 20 000 000 500 000 000 - 100 000 000 - - - 640 000 000 |
- - - - 200 000 000 - - - 200 000 000 |
- - - - - - 75 000 000 1 200 000 000 1 275 000 000 |
|
Oibríochtaí cúnaimh macrairgeadais COVID-19: |
||||
|
Cúnamh macrairgeadais don tSeoirsia (eisíodh cuid de) Cúnamh macrairgeadais don Mholdóiv (críochnaithe) Cúnamh macrairgeadais don Úcráin (críochnaithe) Cúnamh macrairgeadais don Iordáin (críochnaithe) Cúnamh macrairgeadais don Túinéis (críochnaithe) Cúnamh macrairgeadais don Albáin (críochnaithe) Cúnamh macrairgeadais don Bhoisnia agus don Heirseagaivéin (eisíodh cuid de) Cúnamh macrairgeadais don Chosaiv (críochnaithe) Cúnamh macrairgeadais do Mhontainéagró (críochnaithe) Cúnamh macrairgeadais don Mhacadóin Thuaidh (críochnaithe) Eisíocaíochtaí iasachtaí cúnaimh macrairgeadais, san iomlán |
420 000 000 |
75 000 000 50 000 000 600 000 000 150 000 000 - - - 50 000 000 30 000 000 80 000 000 1 675 000 000 |
- 50 000 000 600 000 000 50 000 000 300 000 000 180 000 000 125 000 000 50 000 000 30 000 000 80 000 000 1 665 000 000 |
- - - - 300 000 000 - - - - - 1 575 000 000 |
Ní dochar an t-ainmniú seo do sheasaimh ar stádas, agus tá sé ag teacht le UNSCR 1244/1999 agus le tuairim CBI maidir le dearbhú neamhspleáchais na Cosaive.
Tá an tuarascáil seo bunaithe ar fhaisnéis a bhí ar fáil suas le mí an Mheithimh 2022.
Is é Airteagal 212 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) bunús dlí le haghaidh cúnaimh macrairgeadais do thíortha nach Ballstáit den Aontas iad seachas tíortha i mbéal forbartha. Féadfar Airteagal 213 CFAE a úsáid mar bhunús dlí i gcás ina bhfuil cúnamh airgeadais práinneach de dhíth ar an tríú tír.
Le cúnamh macrairgeadais comhlánaítear freisin gníomhaíochtaí seachtracha eile an Aontais nó ionstraimí le haghaidh na comharsanachta agus na mBalcán Thiar, lena n‑áirítear tacaíocht bhuiséadach, rud ar íocadh méid iomlán EUR 461 mhilliún de dheontais ina leith sna réigiúin in 2021. Tá an tuarascáil is déanaí maidir le tacaíocht bhuiséadach ar fáil ag: https://ec.europa.eu/international-partnerships/system/files/budget_support_-_trends_and_results_2021.pdf
Tá na meastóireachtaí ex post uile ar fáil ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin: https://ec.europa.eu/info/evaluation‑reports-economic-and-financial-affairs-policies-and-spending-activities_en
Cinneadh (AE) 2020/701.
Tá cúnamh macrairgeadais faoi réir chlár eisíoca CAI i gcónaí. Ní mór do na tíortha is tairbhí a bhfuil socrú teannta CAI nó clár faoin tSaoráid Fhadaithe Chistiúcháin acu (nó socrú comhchosúil lena bhfuil clár um choigeartú eacnamaíoch agus um athchóiriú faoi thionlacan CAI) a gclár CAI a choinneáil ar an mbóthar ceart i bprionsabal, mar a léiríodh in athbhreithnithe rathúla. I gcomhthéacs phaindéim COVID‑19, tá cúnamh macrairgeadais ar fáil i gcás eisceachtúil do thíortha a thairbhíonn de chistiú éigeandála ó CAI, amhail tríd an Ionstraim Mhearmhaoinithe (RFI), rud a thagann in eisíocaíocht amháin ó CAI.
Tá na meastóireachtaí ex post uile ar fáil ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin: https://ec.europa.eu/info/evaluation‑reports-economic-and-financial-affairs-policies-and-spending-activities_en .
Dearbhú Comhpháirteach ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, a glacadh in éineacht leis an gcinneadh lena soláthraítear tuilleadh cúnaimh macra-airgeadais don tSeoirsia (Cinneadh (AE) 2013/778 an 12 Lúnasa 2013). Ar fáil ag:
https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/PDF/?uri=CELEX:32013D0778&from=EN
.
Cúirt Iniúchóirí na hEorpa Tuarascáil Speisialta (Uimh. 03/2017) ar fáil ag: https://www.eca.europa.eu/Lists/ECADocuments/SR17_3/SR_TUNISIA_EN.pdf .
Ní chuirtear san áireamh aon togra le haghaidh oibríochtaí cúnaimh macrairgeadais tar éis 1 Meitheamh 2022.
Tá an tríú tráthchuid EUR 200 milliún ar fáil go dtí mí Aibreáin 2023.