AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,9.6.2022
COM(2022) 283 final
TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA, CHUIG AN gCOMHAIRLE, CHUIG COISTE EACNAMAÍOCH AGUS SÓISIALTA NA hEORPA AGUS CHUIG COISTE NA RÉIGIÚN
An Tuarascáil ar dhul chun cinn maidir le Straitéis Bhithgheilleagair an Aontais Eorpaigh
Beartas bithgheilleagair na hEorpa: athbhreithniú agus forbairtí amach anseo
{SWD(2022) 162 final}
ACHOIMRE FEIDHMIÚCHÁIN
Sa Chomhaontú Glas don Eoraip leagtar amach uaillmhian an Aontais le bheith aeráidneodrach faoi 2050, lena gcosnófar daoine, an pláinéad agus an rathúnas. Tá gá le gníomhaíocht dhomhain fhorleathan ar fud na n‑earnálacha uile den gheilleagar maidir leis an aistriú chuig geilleagar nua-aimseartha atá tíosach ar acmhainní, rathúil agus iomaíoch, geilleagar inar tosaíochtaí iad an comhshaol, an tsláinte agus an fholláine. Faoi 2022, i bhfianaise an chomhthéacs beartais nua seo, d’iarr an Chomhairle Eorpach ar an gCoimisiún Eorpach
tuarascáil ar dhul chun cinn maidir le cur chun feidhme Straitéis Bhithgheilleagair 2018 an Aontais Eorpaigh a sholáthar agus measúnú a dhéanamh ar cé acu atá nó nach bhfuil gá leis an Straitéis agus/nó lena Plean Gníomhaíochta a thabhairt cothrom le dáta.
Tá ról tábhachtach ag an Straitéis Bhithgheilleagair, agus dearcadh sistéamach inti, chun aeráidneodracht agus inbhuanaitheacht chomhshaoil, eacnamaíoch agus shóisialta a bhaint amach.
Léirítear sa Tuarascáil ar dhul chun cinn go bhfuil na gníomhaíochtaí ar an mbóthar ceart chun príomhchuspóirí na Straitéise Bithgheilleagair a bhaint amach:
·Tá méadú ag teacht ar an líon straitéisí bithgheilleagair náisiúnta agus réigiúnacha lena gcuirtear chun cinn comhar trasearnála agus prionsabail inbhuanaitheachta, agus lena n‑infheistítear sa nuálaíocht bhithgheilleagair.
·Rinneadh dul chun cinn maidir le himscaradh bithgheilleagair i dtíortha i Lár agus in Oirthear na hEorpa, le cuidiú ó rannchuidithe suntasacha ó chistiú ón Aontas agus ó bhunú fóram agus líonraí nua.
·Tá méadú ag teacht ar shoghluaisteacht infheistíochtaí príobháideacha agus ar thaighde agus ar nuálaíochtaí i mbia agus in earnálacha bithbhunaithe eile agus léirítear iontu forbairtí a bhfuil gealladh fúthu. Tá seasamh láidir ag an Eoraip sa mhargadh domhanda le haghaidh ceimiceáin agus ábhair bhithbhunaithe.
San athbhreithniú seo, sainaithníodh freisin bearnaí sa phlean gníomhaíochta atá ann faoi láthair ar gá tuilleadh a dhéanamh ina leith. Ar an gcéad dul síos, béim mhéadaithe a chur an gcaoi le bainistiú níos fearr a dhéanamh ar éilimh ar thalamh agus ar bhithmhais chun ceanglais chomhshaoil agus eacnamaíocha a chomhlíonadh in Eoraip a bheidh aeráidneodrach. Ar an dara dul síos, a bheith ag obair ar phatrúin tomhaltais níos inbhuanaithe chun sláine an chomhshaoil a áirithiú.
Tá an bithgheilleagar níos tábhachtaí anois ná riamh chun rannchuidiú leis an aistriú glas agus cóir san Eoraip. Léiríodh gur éirigh le Straitéis Bhithgheilleagair an Aontais; ach le cur chun feidhme leanúnach an Phlean Gníomhaíochta ba cheart béim mhéadaithe a chur ar bhainistiú níos fearr acmhainní bitheolaíocha agus ar phatrúin tomhaltais inbhuanaithe.
1.Réamhrá
Is beag eile is féidir lenár ngeilleagar iontaise-bhunaithe atá ann faoi láthair a bhaint amach agus tá an t‑aistriú chuig samhail nua shochaíoch agus eacnamaíoch, atá bunaithe ar úsáid inbhuanaithe agus chiorclach acmhainní, ar cheann de phríomhchúraimí an Aontais anois.
Chun aghaidh a thabhairt ar an dúshlán seo, ghlac an Coimisiún Eorpach Straitéis Bhithgheilleagair in 2012, agus thug sé an straitéis sin cothrom le dáta in 2018 (féach Fíor 1). Leis an Straitéis nuashonraithe, athdhearbhaíodh na cúig chuspóir bunaidh: (i) slándáil bia agus cothaithe a áirithiú, (ii) acmhainní nádúrtha a bhainistiú ar bhealach inbhuanaithe, (iii) an spleáchas ar acmhainní neamh‑inathnuaite neamh‑inbhuanaithe a laghdú, (iv) an t‑athrú aeráide a mhaolú agus oiriúnú dó agus (v) iomaíochas na hEorpa a neartú agus poist a chruthú. Tá na cuspóirí sin, i gcomhréir le spriocanna an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip, níos ábhartha anois ná riamh, de thoradh an ionraidh a rinne an Rúis, gan chúis, ar an Úcráin agus an ghá atá ann dlús a chur le neamhspleáchas fuinnimh a bhaint amach agus slándáil bia a neartú. Le Straitéis Bhithgheilleagair an Aontais Eorpaigh is féidir aistriú glas agus cóir a dhéanamh agus cumhdaítear gach ceann de na trí ghné den inbhuanaitheacht: an comhshaol, an tsochaí agus an geilleagar.
Chun na cuspóirí sin a bhaint amach, bhí Plean Gníomhaíochta spriocdhírithe ag gabháil leis an Straitéis Bhithgheilleagair nuashonraithe, lena ndírítear ar thrí phríomhréimse gníomhaíochta: (1) na hearnálacha bithbhunaithe a neartú agus a mhéadú, infheistíochtaí agus margaí a scaoileadh; (2) bithgheilleagair áitiúla a imscaradh go mear ar fud na hEorpa; agus (3) teorainneacha éiceolaíocha an bhithgheilleagair a thuiscint.
D’aithin Comhairle an Aontais Eorpaigh tábhacht an bhithgheilleagair mar chomhpháirt thábhachtach le haghaidh chur chun feidhme an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip in Eoraip a bhfuil éagsúlacht réigiúnach inti. D’iarr sí ar an gCoimisiún Eorpach tuarascáil ar dhul chun cinn maidir le cur chun feidhme na Straitéise Bithgheilleagair a sholáthar faoi 2022, an bhliain a bheidh an chéad Straitéis Bhithgheilleagair de chuid an Aontais Eorpaigh 10 mbliana ar an bhfód. Is é is aidhm don doiciméad seo freagra a thabhairt ar an iarraidh ón gComhairle.
Fíor 1: Forbairt Straitéis Bhithgheilleagair an Aontais Eorpaigh agus struchtúr na tuarascála seo.
2.Céard is bithgheilleagar ann?
Teachtaireachtaí ríthábhachtacha:
·Is cumasóir nádúrtha é an Bithgheilleagar do chlaochlú an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip agus is toradh é ar chlaochlú an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip
·Tá rialachas bithgheilleagair ríthábhachtach chun sineirgí a uasmhéadú agus comhbhabhtálacha a réiteach
·Ba cheart beartais bhithgheilleagair a fhorbairt ar na gnéithe uile den inbhuanaitheacht: (1) talamh agus acmhainní bitheolaíocha laistigh de theorainneacha éiceolaíochta a bhainistiú; (2) slabhraí luacha agus tomhaltas inbhuanaithe; agus (3) cothroime shóisialta agus aistriú cóir.
Tá athruithe tagtha ar choincheapa an bhithgheilleagair agus an bheartais bithgheilleagair ón gcéad Straitéis Bhithgheilleagair de chuid an Aontais Eorpaigh in 2012, go dtí Straitéis Bhithgheilleagair 2018 a tugadh cothrom le dáta (féach Fíor 1). Cumhdaíonn an bithgheilleagar gach earnáil agus córas a bhíonn ag brath ar acmhainní bitheolaíocha (ainmhithe, plandaí, miocrorgánaigh agus bithmhais díorthaithe, dramhaíl orgánach), a bhfeidhmeanna agus a bprionsabail. Le Straitéis Bhithgheilleagair an Aontais Eorpaigh is féidir cuidiú le comhbhabhtálacha idir spriocanna beartais agus úsáidí iomaíocha talún, na farraige agus na bithmhaise a shainaithint, a mheasúnú agus chun aghaidh a thabhairt orthu chun an úsáid a bhaintear as acmhainní agus seirbhísí ábhair, lena n‑áirítear seirbhísí éiceachórais, a optamú. Fágann sin gur féidir réitigh a dhéanfaidh tairbhe don uile thaobh lena ngintear buntáistí eacnamaíocha, lena gcaomhnaítear an comhshaol agus lena méadaítear athléimneacht agus acmhainneacht le haghaidh téarnaimh a shainaithint.
Tá rialachas bithgheilleagair ríthábhachtach chun éifeachtaí sineirgeacha beartas earnálach a uasmhéadú
, cothroime iomaíochta a chruthú agus critéir inbhuanaitheachta chomhleanúnacha a leagan amach ar fud réimsí beartais. Le comhar idir-aireachta, comhleanúnachas beartais agus comhordú ingearach a chothú ar an leibhéal áitiúil, ar an leibhéal náisiúnta, ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal idirnáisiúnta, is féidir leis an mbithgheilleagar a acmhainneacht a bhaint amach.
Le beartais bhithgheilleagair cuidítear le bithgheilleagar atá bunaithe ar na gnéithe uile den inbhuanaitheacht a thógáil. Cuireann siad ar a chumas do gach duine tairbhe a bhaint as stíl mhaireachtála ‘bhithbhunaithe’, lena soláthraítear dóibh táirgí agus seirbhísí ábhair bhithbhunaithe (bia, snáithín, ábhair bhithbhunaithe, fuinneamh) agus táirgí agus seirbhísí neamhábhair (aer agus uisce glan, bithéagsúlacht, maolú agus oiriúnú aeráide, áineas), lena rannchuideofar, dá bhrí sin, le cuspóirí Bauhaus Eorpach Nua agus lena luachanna, is iad sin an inbhuanaitheacht, an cuimsiú agus cáilíocht an eispéiris.
2.1.Inbhuanaitheacht chomhshaoil: Talamh agus acmhainní bitheolaíocha laistigh de theorainneacha éiceolaíocha a bhainistiú
Trí úsáid acmhainní bitheolaíocha ón talamh agus ón bhfarraige a optamú, uasmhéadaíonn an bithgheilleagar comhthairbhí, amhail bithmhais a tháirgeadh, an t‑athrú aeráide a mhaolú agus an bhithéagsúlacht a chur chun cinn, agus seirbhísí éiceachórais eile a chosaint agus tairbhe a bhaint astu san am céanna. Tugtar le tuiscint leis sin talamh agus limistéar uiscí a chur i leataobh chun éiceachórais a chaomhnú agus a athbhunú, chomh maith leis na spriocanna a leagtar amach, mar shampla, i straitéisí an Aontais Eorpaigh maidir le Bithéagsúlachtagus Geilleagar Gorm Inbhuanaithe, i bpleananna oiriúnaithe náisiúnta agus i bpleananna oiriúnaithe an Aontais Eorpaigh, agus i rialacháin maidir le húsáid talún, athrú ar úsáid talún agus foraoiseacht (LULUCF) agus maidir le táirgí saor ó fhoraoisiú a bhaint amach. Le réitigh dhúlrabhunaithe agus bainistiú inbhuanaithe éiceachóras talún agus uisceach, cuidítear le héiceachórais nádúrtha a athghiniúint agus le huastáirgeacht inbhuanaithe a urramú, le hilfheidhmiúlacht foraoisí a chosaint, le truailliú díobhálach a sheachaint, agus le hathléimneacht éiceachóras a fheabhsú.
2.2.Inbhuanaitheacht eacnamaíoch: Slabhraí luacha agus tomhaltas inbhuanaithe
Le húsáid na bithmhaise agus acmhainní bitheolaíocha eile a fhaightear ón talamh agus ón bhfarraige, ní mór riachtanais agus cearta an duine a chomhlíonadh agus a urramú, amhail an ceart chun bia leordhóthanach agus cothaitheach agus an ceart chun dálaí cothroma maireachtála agus oibre ag bainisteoirí talún agus táirgeoirí príomhúla
. Rannchuidíonn an bithgheilleagar le formhór na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (SDGanna), i measc nithe eile, SDG 2 (Díothú an Ocrais), SDG 12 (Tomhaltas agus Táirgeacht Inbhuanaithe), agus SDG 13 (Gníomhaíocht ar son na hAeráide). Áirithítear le patrúin tomhaltais inbhuanaithe folláine do chách laistigh de theorainneacha pláinéadacha.
Le beartais bhithgheilleagair cuirtear borradh faoin nuálaíocht inbhuanaithe agus cruthaítear réitigh le haghaidh bia inbhuanaithe agus táirgí bithbhunaithe, le haghaidh ceimiceáin bhithbhunaithe agus bhithdhíorthaithe, le haghaidh bithbhreoslaí forbartha agus le haghaidh an bhithfhuinnimh a bheidh ann sa todhchaí. Le roinnt Comhghnóthais Tionscail Bhithbhunaithe agus tionscadail réigiúnacha de chuid Fís 2020 léirítear nuachóiriú tionsclaíoch agus slabhraí luacha inbhuanaithe (Caibidil 7 de SWD). Baintear amach éifeachtúlacht acmhainní agus fuinnimh trí phrionsabail amhail an geilleagar ciorclach, prionsabal na húsáide cascáidí, ord na réiteach dramhaíola, nó an cur chuige maidir le Seachain‑Aistriú-Feabhsú.
2.3.Inbhuanaitheacht shochaíoch: Cothroime shóisialta agus aistriú cóir
Le beartais bhithgheilleagair is féidir aistriú glas agus cóir a dhéanamh trí shamhlacha gnó inbhuanaithe a fhorbairt bunaithe ar phrionsabail an díchill chuí agus trí thrádáil inbhuanaithe agus trí chothroime shóisialta a chur chun cinn san Eoraip agus níos faide i gcéin. Leis seo, laghdófar éagothromaíochtaí agus ginfear poist ghlasa nua i dtionscail agus i seirbhísí ciorclacha, bithbhunaithe agus bia atá ag teacht chun cinn, rud a chuirfidh luach leis na geilleagair réigiúnacha. Le samplaí amhail limistéar gualmhianadóireachta na Réine sa Ghearmáin (BioeconomyREVIER) nó Réigiún Stara Zagora na Bulgáire (BE-RURAL) léirítear go rannchuidíonn an bithgheilleagar le forbairt tuaithe agus cósta agus go gcuidítear le haistriú cóir agus cothrom.
3.Treochtaí ginearálta i bhForbairt an bhithgheilleagair san Eoraip
Teachtaireachtaí ríthábhachtacha:
·Tá straitéisí bithgheilleagair náisiúnta ag dul i líonmhaire ar fud na hEorpa.
·Úsáidtear bithmhais go príomha le haghaidh bia agus beatha; tá úsáid níos mó á baint as bithmhais adhmaid
·Ní mór prionsabal na húsáide cascáidí a chur i bhfeidhm maidir le húsáid na bithmhaise uile
·Le nuálaíochtaí tábhachtacha i dtionscail bhia agus i dtionscail bhithbhunaithe eile léirítear acmhainneacht an bhithgheilleagair
·Tá toradh fiúntach go dtí seo ar an rannpháirtíocht phoiblí i dtaighde agus i nuálaíocht agus ba cheart an rannpháirtíocht sin a neartú
Sa roinn seo, úsáidtear na sonraí is déanaí atá ar fáil ó Lárionad Eolais an Choimisiúin Eorpaigh um Bithgheilleagar chun achoimre a thabhairt ar staid an bhithgheilleagair san Eoraip. I Roinn 3.1 tugtar forbhreathnú ar straitéisí bithgheilleagair náisiúnta agus réigiúnacha atá ann faoi láthair san Eoraip, agus i Roinn 3.2 léirítear forbairt sholáthar agus úsáid na bithmhaise go dtí 2017. I Roinn 3.3 tugtar forbhreathnú ar fhigiúirí eacnamaíocha an bhithgheilleagair agus leagtar amach an ról atá ag taighde agus nuálaíocht bhithbhunaithe faoi láthair.
3.1.Forbairt straitéisí bithgheilleagair ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal réigiúnach
Braitheann imscaradh rathúil bithgheilleagar ar fhéidearthachtaí agus ar dhúshláin áitiúla, chomhshaoil, shóisialta agus eacnamaíocha. I bPlean Gníomhaíochta Straitéis Bhithgheilleagair 2018 bhí gníomhaíochtaí sonracha chun glacadh, tabhairt cothrom le dáta agus comhleanúnachas na straitéisí bithgheilleagair náisiúnta agus réigiúnacha a spreagadh ar fud na hEorpa. Ón uair a glacadh é, tá dul chun cinn suntasach déanta. Faoi láthair, tá deich mBallstát den Aontas Eorpach ag a bhfuil straitéisí bithgheilleagair tiomnaithe agus seacht mBallstát den Aontas Eorpach atá i mbun a straitéisí féin a fhorbairt (Fíor 1, féach Caibidil 2.1 de SWD le haghaidh mionsonraí). Dá bhrí sin, ó bhí 2018 ann, d’fhorbair trí Bhallstát eile straitéis náisiúnta, agus chuir cúig Bhallstát eile tús leis an bpróiseas chun straitéis náisiúnta a fhorbairt.
Tá roinnt mhaith Ballstát den Aontas Eorpach rannpháirteach i dtrí thionscnamh ar an leibhéal macrairéigiúnach: Le BIOEAST tugtar 11 Bhallstát le chéile ó Lár agus ó Oirthear na hEorpa, ón mBithgheilleagar Nordach, nó an Bithgheilleagar i dtionscnamh réigiún Mhuir Bhailt.
Le raon feidhme earnála na straitéisí sin, tugtar léiriú ginearálta ar raon feidhme na Straitéise Eorpaí. Lena ngníomhaíochtaí, dírítear ar bhearta chun:
ocur chun feidhme na bprionsabal maidir le húsáid chascáideach na bithmhaise agus maidir leis an gciorclaíocht, éifeachtúlacht acmhainní agus infheistíochtaí i dtaighde, i nuálaíocht agus i bhforbairt margaidh an bhithgheilleagair a chur chun cinn;
ocoincheapa nó tosaíochtaí bithgheilleagair a chomhtháthú laistigh de chreata rialála atá ann cheana;
ocomhar laistigh den rialtas agus leis na páirtithe leasmhara a éascú;
osoláthar poiblí táirgí bithbhunaithe, lipéid agus caighdeáin náisiúnta, agus gníomhaíochtaí lena gcuirtear feabhas ar eolas agus lena gcuirtear chun cinn oideachas nó oiliúint maidir leis an mbithgheilleagar (Tábla 1 SWD) a chur chun cinn.
Thairis sin, tá a straitéisí bithgheilleagair tiomnaithe féin i bhfeidhm ag 28 réigiún san Aontas Eorpach agus tá réigiún amháin eile i mbun straitéis a fhorbairt; Tá 69 réigiún eile san Aontas Eorpach atá i mbun straitéisí a ghlacadh nó a ghlac straitéisí cheana, straitéisí a bhfuil an bithgheilleagar ar cheann de na príomhghnéithe iontu, agus tá 96 réigiún eile san Aontas Eorpach ag a bhfuil straitéisí ina bhfuil íosmhéid d’ábhar bithgheilleagair (Fíor 1 SWD). Is ann freisin do straitéisí réigiúnacha earnáilsonracha lena dtreoraítear bainistiú acmhainní bitheolaíocha sonracha agus/nó earnálacha bithgheilleagair agus straitéisí níos leithne, uileghabhálacha agus trasghearrtha (e.g. straitéisí maidir leis an ngeilleagar ciorclach, taighde agus nuálaíocht, etc.) agus tacaíonn siad le himscaradh na mbithgheilleagar réigiúnach.
Fíor 2. Straitéisí bithgheilleagair náisiúnta san Aontas Eorpach roimh ghlacadh Straitéis Bhithgheilleagair na hEorpa (taobh na láimhe clé) agus i mí Feabhra 2022 (taobh na láimhe deise).
3.2.Soláthar, claochlú agus úsáid na bithmhaise
Foinsíonn AE-27 thart ar aon bhilliún tona d’ábhar tirim bithmhaise in aghaidh na bliana. Tagann an bhithmhais sin ón earnáil talmhaíochta agus ón earnáil foraoiseachta go príomha, agus soláthraíonn na hearnálacha iascaigh agus dobharshaothraithe níos lú ná 1 % d’ábhar tirim bithmhaise. Is bithmhais a úsáidtear chun críoch bia atá i dtimpeall leath den bhithmhais uile a úsáidtear in AE-27 (féach Fíor 3 agus Fíor 2 SWD).
Is ar bhia ainmhíbhunaithe a dhírítear thart ar 80 % den bhithmhais a tháirgtear le haghaidh bia in AE-27, agus is ar bhia plandabhunaithe a dhírítear 20 % de. Maidir le húsáid na bithmhaise sa tréimhse idir 2009-2017, bhí méadú 1 % uirthi chun críoch bia agus bhí méadú 10 % uirthi chun críoch neamhbhia sa dá thréimhse dheireanacha de cheithre bliana a raibh sonraí ar fáil ina leith (2010-2013 agus 2014-2017). Tá méadú 25 % ar úsáid na bithmhaise adhmaid phríomhúil
agus méadú 29 % ar úsáid na bithmhaise adhmaid thánaistigh
le dhá dheacáid anuas. Tá méadú thart ar 12 % ar úsáid fuinnimh na bithmhaise adhmaid san Aontas Eorpach sa dá thréimhse dheireanacha de cheithre bliana a raibh sonraí ar fáil ina leith (2010-2013 agus 2014-2017).
Fíor 3. Foinsí agus úsáidí na bithmhaise in AE-27 (bunaithe ar shonraí 2017
, aonaid i dtonaí d’ábhar tirim)
Is ó fhoinsí tánaisteacha agus ó adhmad iarthomhaltais a thagann leath den bhithmhais adhmaid uile ar a laghad a úsáidtear san Aontas Eorpach le haghaidh fuinnimh (49 %) agus thart ar 19 % de bhithmhais adhmaid a théann isteach an próiseas tionsclaíoch le haghaidh ábhar
. Cé go gcuirtear béim ar úsáid chascáideach na bithmhaise sna tionscail fhoraoisbhunaithe le húsáid na bithmhaise adhmaid thánaistigh, d’fhéadfaí feabhas a chur uirthi trí chur chun feidhme phrionsabal na húsáide cascáidí a threisiú
agus trí bhéim níos mó a chur ar ábhair agus ar tháirgí fadsaolacha, i bhfoirgnimh agus i dtroscán mar shampla. Le hábhair agus le táirgí den sórt sin, is féidir aistriú na timpeallachta tógtha go linn charbóin, seachas foinse astaíochtaí, a chumasú, lena gcuideofar leis an mbithsféar a chosaint agus a leathnú, leis an aeráid a chobhsú agus le sláinte agus folláine an duine a áirithiú, i gcomhréir le cuspóirí Bauhaus Eorpach Nua. Thairis sin, chun feabhas a chur ar chiorclaíocht na dtionscal adhmadbhunaithe, ba cheart béim a leagan ar aisghabháil agus ar athúsáid an adhmaid iarthomhaltais (atá 38 Mm3 de Choibhéis Dlúthadhmaid faoi láthair). I bhfianaise an mhéadaithe ar éilimh ar bhithmhais agus soláthar bithmhaise inbhuanaithe atá teoranta, meastar go mbeidh bearna ann maidir leis an mbithmhais a bheidh ar fáil (féach Caibidil 4).
3.3.Geilleagar, poist agus taighde agus nuálaíocht i dtioncail an bhia agus i dtionscail bhithbhunaithe eile
Is éard atá i dtáirgeadh bithmhaise agus i dtiontú na bithmhaise go táirgí bia, táirgí dí, táirgí bithbhunaithe monaraithe, bithbhreoslaí leachtacha agus bithleictreachas 8.3 % de lucht saothair na hEorpa agus 4.7 % dá OTI in 2019 (i.e. 17.42 milliún oibrí agus EUR 657 billiún breisluach i gcomhdhéanamh earnála an Aontais Eorpaigh tar éis Brexit (Fíor 3 SWD). Léirítear leis an sciar bithbhunaithe de thart ar 3 % de mhargadh ceimiceán intíre an Aontais Eorpaigh go bhfuil acmhainneacht thábhachtach fáis ann (Fíor 4 SWD). Is éard atá i sciar na hEorpa den mhargadh domhanda le haghaidh ceimiceáin agus ábhair bhithbhunaithe, is é sin sciar thart ar 31 %, dhá oiread an sciar den earnáil iontaise-bhunaithe (16 %). Maidir le ról na n‑earnálacha bithgheilleagair i rachmas eacnamaíoch a ghiniúint, tháinig feabhas air le deacáid anuas (Fíor 5 SWD) agus tá gnóthachain i dtáirgiúlacht saothair (breisluach in aghaidh an oibrithe) i ngach tír (Fíor 6 SWD). Is i dtáirgeadh bithleictreachais agus i monarú ceimiceán bithbhunaithe, earraí cógaisíochta, plaisteach agus páipéar a bhí an táirgiúlacht saothair is airde.
Is i dtuaslagóirí bithbhunaithe, polaiméirí bithbhunaithe, pacáistíocht bhithbhunaithe, bithbhreoslaí agus agraiceimiceáin a bhí an t‑ionadú is airde de tháirgí ceimiceacha iontaise-bhunaithe le táirgí ceimiceacha bithbhunaithe, táirgí ag a bhfuil costais táirgeachta atá inchomparáide le táirgí iontaise-bhunaithe (Tábla 2 SWD). Maidir leis an ionadú d’ionchuir iontaise-bhunaithe le táirgí agus polaiméirí ardáin ceimiceacha le haghaidh plaisteach, tá sciartha ísle ann faoi láthair ach beidh acmhainneacht ard aige amach anseo. D’fhéadfadh ról tábhachtach a bheith ag bithscaglanna ar scála (féach Roinn 5). Leis an straitéis chathrach um luachshocrú na gcothaitheach bunaithe ar dhramhaíl le haghaidh úsáid talmhaíochta san Iodáil léiríodh na tionchair dhíreacha agus indíreacha a bhíonn ar gheilleagair áitiúla ag réitigh chiorclacha atá mar bhonn leis an mbiteicneolaíocht, ina léirítear gur féidir breisluach iomlán de EUR 8.5 milliún agus 85 phost a ghiniúint le haghaidh gach 100,000 tona de shloda séarachais a ndéantar leasachán de.
Cé gurb é athstruchtúrú na talmhaíochta Eorpaí atá chun tosaigh maidir le méid fhoriomlán an lucht oibre, bhí fás níos airde sna tionscail bhia agus sna tionscail bhithbhunaithe eile san AE-27 ná na hearnálacha príomhúla. Le monarú bia, deochanna, tobac, teicstílí bithbhunaithe, táirgí agus troscáin adhmaid, páipéir, ceimiceán bithbhunaithe, earraí cógaisíochta bithbhunaithe, plaisteach bithbhunaithe agus bithleictreachais, soláthraítear 7.92 milliún post ag a bhfuil breisluach EUR 433 bhilliún. Tá an sciar is mó de bhreisluach (EUR 237 billiún) san earnáil bia, deochanna agus tobac, is é sin 55 %. Tá méadú ag teacht ar an líon iarratas bia núíosaigh.
Rinneadh dul chun cinn mear maidir le taighde agus forbairt san earnáil phríobháideach agus chuathas ar gcúl maidir leo san earnáil phoiblí, rud a léiríonn gur éirigh go maith le slógadh páirtithe leasmhara príobháideacha i dtaighde, léiriú agus imscaradh réiteach bithbhunaithe. Le rannpháirtíocht phoiblí i dtaighde agus i bhforbairt, áfach, ba cheart na hearnálacha bithbhunaithe a neartú agus a leathnú a thuilleadh, de réir mar a rinneadh sa Chomhghnóthas Tionscail Bhithbhunaithe (nó leis an gcomhghnóthas a tháinig ina dhiaidh, an Comhghnóthas um Eoraip Bhithbhunaithe Chiorclach, féach Roinn 5.1, agus Bosca 1 SWD 1.1).
Gníomhaíochtaí seirbhíse, amhail taighde agus forbairt eolaíoch, digitiú, lóistíocht, etc., is gné an‑tábhachtach iad de bhithgheilleagar agus d’fhéadfadh siad an fhostaíocht agus ‘méid an bhithgheilleagair’ a dhúbailt. Léirítear i staidéir gur gineadh idir EUR 400 billiún agus EUR 1000 billiún de bhreisluach le seirbhísí a bhaineann leis an mbithgheilleagar san Aontas Eorpach, a d’fhás níos tapa idir 2005 agus 2015, ar an meán, ná na hearnálacha bithgheilleagair táirgthe príomhúla
. Níl na staitisticí atá ann faoi láthair oiriúnaithe go maith, áfach, chun faisnéis iontaofa a sholáthar. Ina theannta sin, tá éagsúlacht shuntasach idir na Ballstáit maidir le raon feidhme na n‑earnálacha seirbhíse (Fíor 7 SWD) a mheastar sa bhithgheilleagar.
4.Cuspóirí Straitéis Bhithgheilleagair an Aontais Eorpaigh i gcomhthéacs an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip
Teachtaireachtaí ríthábhachtacha:
·Go ginearálta, tá an Eoraip ag bogadh i dtreo chuspóirí Straitéis Bhithgheilleagair an Aontais Eorpaigh ach tá dúshláin chomhshaoil ann i gcónaí
·Tá gá le comhordú beartais de dheasca brúnna iomadúla ar an talamh ó éileamh ar ábhar, go háirithe i margaí saothair íogaire.
·Tá gá leis an lucht saothair i ngach cearn den Eoraip a chlaochlú agus a athsciliú le haghaidh aistriú cóir.
·Le cur chun feidhme leanúnach Straitéis agus Phlean Gníomhaíochta an Aontais Eorpaigh maidir leis an mBithgheilleagar, ba cheart díriú ar na dúshláin a sainaithníodh.
Is é is aidhm don chaibidil seo anailís a dhéanamh ar cé acu atá nó nach bhfuil an Eoraip ag bogadh i dtreo na gcúig chuspóir de chuid Straitéis Bhithgheilleagair an Aontais Eorpaigh. Sa dara céim, déanfar na cuspóirí a mheaitseáil le tionscnaimh agus le beartais ábhartha faoin gComhaontú Glas don Eoraip.
Le Córas Faireacháin Bithgheilleagair an Aontais Eorpaigh, déantar measúnú ar an dul chun cinn i dtreo bithgheilleagar inbhuanaithe agus ciorclach bunaithe ar na prionsabail mhianaidhme lena dtreoraítear Bithgheilleagar an Aontais Eorpaigh
lena gcumhdaítear gach ceann de na trí ghné den inbhuanaitheacht. Sa chreat seo, déantar na cúig chuspóir de chuid Straitéis Bhithgheilleagair an Aontais Eorpaigh a mhiondealú i ráitis níos mionsonraithe lena dtugtar tuairisc ar na conairí ina dtreo. Déantar measúnú ar chonair na hEorpa i dtreo bithgheilleagar inmhianaithe trí úsáid a bhaint as táscairí sonracha chun an dul chun cinn thar na conairí sin a thomhas. Ní léirítear leis na treochtaí fós an tionchar atá ag Straitéis Bhithgheilleagair 2018 an Aontais Eorpaigh
agus cuireann roinnt tosca eile isteach orthu.
Leis na treochtaí bunaithe ar na sonraí le haghaidh na mblianta 2012-2021, léirítear go bhfuil an Eoraip ag bogadh i dtreo na gcuspóirí ar a dtugtar tuairisc sa Straitéis Bhithgheilleagair go ginearálta (féach Bosca 1). Mar sin féin, léirítear leis na treochtaí go bhfuil roinnt forbairtí diúltacha ann freisin. D’ainneoin na dtairbhí substaintiúla atá ann mar gheall ar bheartais chomhshaoil agus aeráide an Aontais Eorpaigh le deacáidí beaga anuas, tá dúshláin chomhshaoil roimh an Eoraip i gcónaí.
Nochtann measúnuithe
go bhfuil éiceachórais talún agus mhuirí san Eoraip faoi bhrú mar gheall ar strusairí antrapaigineacha díreacha nó indíreacha go príomha, amhail truailliú, idirghabhálacha daonna leanúnacha, agus an t‑athrú aeráide (Fíor 8 SWD).
Léirítear i dTábla 1 an caidreamh idir tionscnaimh an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip agus na cúig chuspóir den Straitéis Bhithgheilleagair. Le gach tionscnamh, leagtar béim ar chuspóir amháin ar a laghad den Straitéis Bhithgheilleagair (glas trom) agus tacaítear le cuspóirí eile (meánghlas). Ní dhéantar réamhbhreithiúnas sa mheasúnú ar an tionchar iarbhír a bheidh ag na tionscnaimh. I gcásanna áirithe, ní bhíonn naisc le cuspóir na Straitéise Bithgheilleagair intuigthe, agus leis an tionscnamh ní thugtar aghaidh air nó ní thacaítear leis go díreach (glas éadrom), ach amháin mar thoradh ar éifeachtaí aiseolais eacnamaíocha nó iompraíochta. Sna cásanna sin, tá gá le haird ar leith (Caibidil 4 SWD le haghaidh mionsonraí breise maidir leis an measúnú).
Léirítear i dTábla 1 nach mór aghaidh a thabhairt ar chomhbhabhtálacha agus ar dhúshláin éagsúla: (a) brú méadaithe ar thalamh maidir le maolú (ceapadh carbóin) agus oiriúnú, cosaint an dúlra (e.g. bithéagsúlacht) agus soláthar na bithmhaise, (b) éilimh mhéadaithe ar ábhair agus ar bhithfhuinneamh, agus (c) neamhréir idir an lucht saothair atá ann cheana agus an lucht saothair a bhfuil gá leis (e.g. scileanna) rud a fhágann gur gá lucht saothair na hEorpa a chlaochlú agus a athsciliú. Mar shampla, tuartar i staidéir go mbeidh bearna bhithmhaise 40-70 % ann faoi 2050 idir soláthar bithmhaise inbhuanaithe agus éilimh bhithmhaise ar ábhair agus ar fhuinneamh.
Léirítear leis an ngéarchéim atá ann faoi láthair de thoradh an ionraidh a rinne an Rúis, gan chúis, ar an Úcráin an gá atá ann san Eoraip maidir lena neamhspleáchas fuinnimh a mhéadú agus lena slándáil bia a neartú, gan an chonair i dtreo geilleagar inbhuanaithe, athléimneach agus cóir a fhágáil, mar a leagtar amach sa Chomhaontú Glas don Eoraip. Tá gá le samhlacha táirgeachta atá iomlánaíoch agus inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de arb é is aidhm dóibh sineirgí a uasmhéadú agus comhbhabhtálacha a íoslaghdú chun brú breise a d’fhéadfadh a bheith ar acmhainní nádúrtha a sheachaint agus réitigh chliste agus inbhuanaithe a fhorbairt. Le cur chun feidhme leanúnach Straitéis agus Phlean Gníomhaíochta an Aontais Eorpaigh maidir leis an mBithgheilleagar agus leis na gníomhaíochtaí breise, ba cheart díriú ar na dúshláin sin.
Bosca 1. Achoimre ar an measúnú ar tháscairí i gCreat Faireacháin Bithgheilleagair an Aontais Eorpaigh. Déantar na táscairí mionsonraithe a chomhiomlánú de réir a seasaimh laistigh den chreat coincheapúil ordlathach ar a dtugtar tuairisc i gCaibidil 3 SWD.
Slándáil bia agus cothaithe a áirithiú.
Tá ardchaighdeán slándála san Aontas Eorpach cheana maidir le bia agus tá claonadh foriomlán ann maidir le hinrochtaineacht agus úsáid bia a mhéadú. Bíonn éagsúlachtaí ann ó bhliain go bliain, áfach, mar gheall ar dhálaí adhaimsire, inathraitheacht ó thaobh praghsanna de agus dálaí eacnamaíocha teaghlach. Tá neamhréireachtaí sa tslándáil bia agus cothaithe idir tíortha laistigh den Aontas Eorpach
An t‑athrú aeráide a mhaolú agus
oiriúnú dó.
Tá dul chun cinn á dhéanamh maidir leis an oiriúnú don athrú aeráide ar luas níos láidre ná an dul chun cinn atá á dhéanamh maidir leis an maolú. Maidir le maolú, léirítear treocht dhiúltach mar gheall ar an laghdú ar an linn foraoise, laghdú atá nasctha go páirteach le méadú an fhómhair, lena n‑áirítear freisin saothrú neamhbheartaithe de dheasca suaitheadh nádúrtha agus lotnaidí.
Iomaíochas na hEorpa a neartú agus
poist a chruthú.
Feictear treochtaí dearfacha láidre i luach
na hamh‑bhithmhaise agus na bithmhaise próiseáilte, i mbreisluach sna hearnálacha bithgheilleagair agus i rannchuidiú an bhithgheilleagair le forbairt eacnamaíoch. Feictear treochtaí meánacha i bhfostaíocht fhoriomlán na n‑earnálacha bithgheilleagair.
An spleáchas ar acmhainní
neamh‑inathnuaite agus
neamh‑inbhuanaithe a laghdú, cibé acu a fhaightear nó nach bhfaightear sa bhaile nó ar an gcoigríoch iad.
Tá dul chun cinn láidir
déanta san Aontas maidir le cosc, athúsáid/athchúrsáil agus aisghabháil bithdhramhaíola, éifeachtúlacht agus tomhaltas fuinnimh, agus éileamh ar tháirgí bithbhunaithe. Go háirithe, tá feabhas á chur ar aisghabháil fhoriomlán dramhaíola san Aontas. Tá treocht dhiúltach láidir ann maidir le lorg ábhair, caillteanas bia agus íoslaghdú dramhaíola le haghaidh na tréimhse 2012-2017.
Acmhainní nádúrtha a bhainistiú
ar bhealach inbhuanaithe.
Tá na limistéir mhéadaithe talún agus mhuirí atá ainmnithe mar ‘láithreáin Natura 2000’ tar éis an grúpa táscaire a bhaineann le limistéir chaomhnaithe a spreagadh chun treochtaí an‑dearfach a léiriú.
Tuairiscítear treocht dhearfach
lag le haghaidh tréithe struchtúracha agus feidhmiúla éiceachóras. Tá éagsúlacht ann maidir le brúnna ó chórais táirgthe phríomhúil. Tá na treochtaí ag feabhsú i dtaca leis na hiascaigh de, tá siad neodrach le haghaidh na talmhaíochta agus tá siad diúltach le haghaidh na foraoiseachta. Léirítear treochtaí cobhsaí maidir le cáilíocht an chomhshaoil agus maidir le héagsúlacht speiceas. Cé go bhfuil treochtaí dearfacha ann, ar an iomlán, le haghaidh na tréimhse 2012-2017, tá dálaí éiceachórais fós lag ar an iomlán.
Tábla 1. Measúnú ar thionscnaimh an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip i ndáil le cuspóirí inbhuanaitheachta an bhithgheilleagair. Sa tábla, léirítear an chaoi a ndíríonn tionscnaimh an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip ar chuspóirí inbhuanaitheachta Straitéis Bhithgheilleagair an Aontais Eorpaigh (‘glas trom’) nó an chaoi a dtacaíonn siad le cuspóirí inbhuanaitheachta Straitéis Bhithgheilleagair an Aontais Eorpaigh (‘meánghlas’) nó léirítear má tá gá le haird ar leith chun comhleanúnachas foriomlán a choinneáil ar bun (‘glas éadrom’).
|
|
Slándáil bia agus cothaithe a áirithiú
|
Acmhainní nádúrtha a bhainistiú ar bhealach inbhuanaithe
|
An spleáchas ar acmhainní neamh‑inathnuaite neamh‑inbhuanaithe a laghdú, cibé acu a fhaightear sa bhaile nó ar an gcoigríoch iad
|
An t‑athrú aeráide a mhaolú agus oiriúnú dó
|
Iomaíochas na hEorpa a neartú agus poist a chruthú
|
Geilleagar Ciorclach
|
[1]
|
|
|
|
|
|
Straitéis Tionsclaíochta
|
[2]
|
|
|
|
|
|
An Straitéis Bhithéagsúlachta
|
[3]
|
|
|
|
|
|
An Straitéis ‘ón bhfeirm go dtí an forc’
|
[4]
|
|
|
|
|
|
Rabharta Athchóirithe
|
[5]
|
|
|
|
|
|
An Dlí Aeráide Eorpach
|
[6]
|
|
|
|
|
|
Straitéis Ceimiceán le haghaidh na hInbhuanaitheachta
|
[7]
|
|
|
|
|
|
Straitéis Oiriúnaithe
|
[8]
|
|
|
|
|
|
Maoiniú inbhuanaithe
|
[9]
|
|
|
|
|
|
Plean Gníomhaíochta Saor ó Thruailliú;
|
[10]
|
|
|
|
|
|
LULUCF
|
[11]
|
|
|
|
|
|
Fuinneamh in‑athnuaite
|
[12]
|
|
|
|
|
|
Straitéis Foraoise
|
[13]
|
|
|
|
|
|
Timthriallta Inbhuanaithe Carbóin
|
[14]
|
|
|
|
|
|
[1] COM(2020)98. Plean Gníomhaíochta nua don Gheilleagar Ciorclach. Le haghaidh Eoraip níos glaine agus níos iomaíche. [2] COM(2020)102. Straitéis Nua Tionsclaíochta don Eoraip. Agus COM(2021)350 final. Straitéis Nua Tionsclaíochta 2020 a thabhairt cothrom le dáta: Margadh Aonair níos láidre a thógáil le haghaidh théarnamh na hEorpa. [3] COM(2020)380. Straitéis Bhithéagsúlachta an Aontais Eorpaigh go dtí 2030. An dúlra a thabhairt ar ais inár saol. Áirítear ar na spriocanna 30 % den limistéar talún agus farraige a chosaint, agus 10 % den limistéar talún agus farraige a dhianchosaint; meath na bpailneoirí a aisiompú; An líon speiceas ar an Liosta Dearg atá faoi bhagairt ag speiceas coimhthíoch ionrach a laghdú 50 %; foghabháil speiceas a laghdú go suntasach; trí bhilliún crann nua a chur san Aontas Eorpach; ailínithe le spriocanna na Straitéise ‘ón bhfeirm go dtí an forc’. [4] COM(2020)381. Straitéis ón bhFeirm go dtí an Forc le haghaidh córas bia atá cóir, sláintiúil agus neamhdhíobhálach don chomhshaol. Áirítear ar na spriocanna úsáid agus riosca lotnaidicídí ceimiceacha a laghdú 50 % faoi 2030 agus úsáid lotnaidicídí níos guaisí agus ceimiceán guaiseach, caillteanais chothaitheacha, agus díolacháin ábhar frithmhiocróbach san fheirmeoireacht a laghdú 50 % faoi 2030; 25 % den limistéar talmhaíochta a bheith faoi fheirmeoireacht orgánach. [5] COM(2020)662. Rabharta Athchóiriúcháin don Eoraip - ár bhfoirgnimh a ghlasú, poist a chruthú, saol daoine a fheabhsú. Féach freisin togra COM(2021)802 le haghaidh treoir maidir le feidhmíocht fuinnimh foirgneamh (athmhúnlú). [6] AE(2021)1119. ‘An Dlí Aeráide Eorpach’. Áirítear ar na spriocanna astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú 55 % faoi 2030; an aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050. Féach freisin an Sásra Coigeartaithe Carbóin ar Theorainneacha COM(2021)564 final. [7] COM(2020)667. Straitéis Ceimiceán le haghaidh na hInbhuanaitheachta - I dTreo Timpeallacht Saor ó Thocsainí. [8] COM(2021)82. Eoraip atá seasmhach ó thaobh na haeráide de a chruthú – straitéis nua an Aontais maidir le hOiriúnú don Athrú Aeráide. [9] COM(2021)390. An Straitéis maidir leis an Aistriú chuig Geilleagar Inbhuanaithe a Mhaoiniú agus AE(2020) 852. An Rialachán maidir le Tacsanomaíocht. [10] COM(2021)400. Conair i dtreo Pláinéad Sláintiúil do Chách - Plean Gníomhaíochta an Aontais: ‘I dtreo Uisce, Aer agus Ithir Saor ó Thruailliú’. Áirítear ar na spriocanna an líon iomlán básanna anabaí ó thruailliú aeir a laghdú 55 % agus an líon daoine atá ag fulaingt ar bhonn ainsealach i ngeall ar thorann iompair a laghdú 30 % faoi 2030; laghdú suntasach a dhéanamh ar ghiniúint dramhaíola, ar dhramhaíl iarmharach na cathrach agus ar bhruscar plaisteach ar muir (50 %), agus micreaphlaistigh a scaoiltear isteach sa chomhshaol a laghdú 30 %; caillteanas cothaitheach agus úsáid lotnaidicídí ceimiceacha a laghdú 50 %; éiceachórais an Aontais ina bhfuil an bhithéagsúlacht faoi bhagairt ag an truailliú aeir a laghdú 25 %. [11] COM(2021)554. Togra le haghaidh leasú ar Rialachán LULUC. Is é an sprioc maidir le glanaistrithe gás ceaptha teasa in earnáil LULUCF san AE-27 310 Mt de chóibhéis CO2 in aghaidh na bliana, agus beidh spriocanna aonair ag na Ballstáit. [12] COM(2021)557. Leasú ar AE(2018) 2001. Maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí in‑athnuaite a chur chun cinn. Áirítear ar spriocanna an leasaithe an sciar d’fhuinneamh in‑athnuaite a mhéadú go 40 %, na critéir inbhuanaitheachta, lena n‑áirítear prionsabal na húsáide cascáidí, a mhéadú. [13] COM(2021)572. Straitéis nua Foraoise an Aontais le haghaidh 2030. [14] COM(2021)800. Teachtaireacht maidir le Timthriallta Inbhuanaithe Carbóin; lena n‑áirítear sprioc go mbeidh 20 % den charbón a úsáidtear i dtáirgí ceimiceacha agus plaisteacha a thagann ó fhoinsí inbhuanaithe neamhiontaise faoi 2030 agus lena bhfógraítear gníomhaíocht maidir le Measúnuithe Comhtháite ar Thalamhúsáid.
5.Dul chun cinn na ngníomhaíochtaí bithgheilleagair faoi Phlean Gníomhaíochta an Aontais maidir leis an Straitéis Bhithgheilleagair
Teachtaireachtaí ríthábhachtacha:
·Tá dul chun cinn maith déanta maidir le cur chun feidhme foriomlán Phlean Gníomhaíochta an Aontais Eorpaigh maidir leis an mBithgheilleagar agus rannchuidigh sé cheana le cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip.
·Tá an dul chun cinn is mó déanta i bhforbairt réiteach bithbhunaithe trí thaighde agus nuálaíocht agus trí infheistíochtaí poiblí agus príobháideacha a mhéadú (réimse gníomhaíochta 1).
·Le comhar feabhsaithe leis na Ballstáit agus le tionscadail taispeántais, leagadh bonn na n‑imscaradh bithgheilleagair réigiúnach agus náisiúnta, agus dírítear go háirithe ar thíortha atá i mbéal forbartha (réimse gníomhaíochta 2).
·Is fearr an tuiscint atá ar theorainneacha éiceolaíocha an bhithgheilleagair (réimse gníomhaíochta 3). Tá bearnaí ann fós, áfach, maidir leis an gcaoi le bainistiú níos fearr a dhéanamh ar úsáid an bhithsféir chun ceanglais chomhshaoil agus eacnamaíocha a chomhlíonadh in Eoraip a bheidh aeráidneodrach, agus maidir leis an gcaoi le patrúin tomhaltais níos inbhuanaithe a chur chun cinn chun sláine an chomhshaoil a áirithiú.
Déantar achoimre sa chaibidil seo ar an dul chun cinn a rinneadh maidir leis na 14 ghníomhaíocht faoi 3 réimse gníomhaíochta de Straitéis Bhithgheilleagair 2018 agus den Phlean Gníomhaíochta. Tá próisis mheántéarmacha agus fhadtéarmacha ag formhór na ngníomhaíochtaí agus cuirfidh siad a dtorthaí deiridh ar fáil sa todhchaí. Is féidir tuilleadh mionsonraí maidir leis na gníomhaíochtaí a fháil i gCaibidil 5 de SWD.
5.1.Na hearnálacha bithbhunaithe a neartú agus a mhéadú, agus infheistíochtaí agus margaí a scaoileadh
Is é is aidhm don chéad réimse gníomhaíochta na hearnálacha bithbhunaithe a neartú agus a mhéadú agus infheistíochtaí agus margaí a scaoileadh. Leis na gníomhaíochtaí, cuirtear chun cinn taighde agus nuálaíocht thar shlabhraí luacha agus cuirtear feabhas ar chomhordú i ngníomhaíochtaí nuálaíochta freisin. Áireofar le nuálaíochtaí a bhfuil gealladh fúthu sna hearnálacha bithbhunaithe teicnící anailíseacha agus bithshirtheoireacht, dearadh agus innealtóireacht bithmhóilíní, agus réitigh le haghaidh saothrú bithmhaise níos inbhuanaithe.
Meallfaidh an Comhghnóthas Tionscail Bhithbhunaithe (BBI JU, 2014-2021) infheistíocht phríobháideach EUR 2.73 billiún faoi 2024 (deireadh na dtionscadal deireanach), a mheaitseálfar le EUR 835 mhilliún i dtacaíocht ón Aontas (mionsonraí i mBosca 1 SWD). Faigheann an Chomhpháirtíocht Eorpach nua um Eoraip Bhithbhunaithe Chiorclach (2021-2031) EUR 1 bhilliún i ranníocaíocht ón Aontas chun earnálacha bithbhunaithe an Aontais a neartú agus a mhéadú a thuilleadh i ngach céim de thimthriall na nuálaíochta, atá le ceangal leis an ranníocaíocht chéanna ar a laghad ón gcomhpháirtí príobháideach, Cuibhreannas na dTionscal Bithbhunaithe.
Leis an tSraith Straitéisí chun an Straitéis Bhithgheilleagair a luasghéarú comhtháthaítear uirlisí bithgheilleagair agus ábhar tacaíochta a forbraíodh laistigh de thionscadal Fís 2020, POWER4BIO, e.g. an chatalóg de réitigh bhithbhunaithe. Tacaíonn an Coimisiún le hullmhacht infheistíochta réigiúin an Aontais trí bhíthin Uirlis Féinmheasúnaithe.
Le Straitéis Bhithgheilleagair an Aontais, bhí sé beartaithe forbairt bithscaglann inbhuanaithe nua san Eoraip ar scála a éascú chun feidhmeanna atá ag teacht chun cinn a sholáthar chun táirgí iontaise-bhunaithe a ionadú
(Grafaic eolais 1 de SWD). Mar a deimhníodh freisin le hionchas maidir le bithscaglanna le haghaidh 2030 san Eoraip, d’fhéadfadh príomhról a bheith acu i gclaochlú saoráidí tionsclaíocha. Breis agus 300 bithscaglann dírithe ar cheimiceáin agus ar ábhair atá ag feidhmiú san Aontas (e.g. féach Fíor 4, tionscnaimh shuaitheanta BBI JU agus a slabhraí luacha). Mar shampla, tá 139 mbithscaglann bunaithe ar bhithmhais adhmaid san Eoraip, agus tá 28 mbithscaglann eile beartaithe chun a láimhdeachas a dhúbailt faoi 2030. Bhí ríthábhacht leis na beartais agus leis na rialacháin, go háirithe na cinn a glacadh ó bhí 2018 ann, le haghaidh chinntí infheistíochta na gcuideachtaí príobháideacha maidir le bithscaglanna. Tá dúshlán fós ann, áfach, maidir le rochtain ar an margadh mar gheall ar an easpa cur chuige cuimsitheach maidir le beartas rialála agus mar gheall ar an mbearna mhór idir costais reatha na dtáirgí bithbhunaithe agus toilteanas tomhaltóirí chun íoc.
Fíor 4. Bithscaglanna thionscnaimh shuaitheanta BBI JU agus gléasraí taispeántais ar fud na hEorpa.
Leis an bhFóram um an mBithgheilleagar Gorm sainaithníodh roinnt réiteach a cuireadh chun feidhme sa limistéar cósta. Na moltaí ón bhFóram ba thúsphointe iad le haghaidh thionscnamh an Aontais Eorpaigh um algaí a bheidh ann amach anseo, a bhfuil sé beartaithe ag an gCoimisiún é a ghlacadh in R4, 2022. Is féidir leis an dobharshaothrú algaí nó sliogéisc feidhmiú mar uirlisí bithleigheasacháin trí chothaithigh, carbón agus truailleáin a bhaint d’uiscí mara. Leis an ardán BlueInvest agus leis an gCiste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe (CEMID), tacaítear le hinfheistíocht i ngeilleagar gorm atá níos leithne, lena n‑áirítear maidir le halgaí. Tá méadú ag teacht ar an líon tionscadal faoi Fís 2020 agus faoi Fís Eorpach, lena n‑áirítear an misean ‘Ár n‑aigéan agus ár n‑uiscí a athbhunú faoi 2030’, atá ag tacú le farraigí agus le haigéin atá saor ó phlaistigh agus le tionscadail a bhaineann le halgaí.
Chun infheistíochtaí a scaoileadh, tá an Ciste Eorpach nua um Bithgheilleagar Ciorclach ar an gcéad chiste fiontair lena ndírítear go heisiach ar an mbithgheilleagar agus ar an mbithgheilleagar ciorclach san Eoraip, lena soláthrófar cistiú ó Fís 2020 agus ón mBanc Eorpach Infheistíochta. Leis an gciste, dírítear ar infheistíochtaí EUR 250 milliún, agus tiomsaíodh EUR 206 mhilliún de chaipiteal breise faoi dheireadh 2021. Léirítear sna measúnuithe go bhfuil dáileadh neamhchothrom ann maidir le gníomhaíochtaí bithgheilleagair i measc mhacrairéigiúin agus Bhallstáit éagsúla an Aontais Eorpaigh (e.g. dáileadh na mbithscaglann ceimiceán agus ábhar, infheistíocht sa Chiste Eorpach um Bithgheilleagar Ciorclach agus déine neamhleor nuálaíochta in earnálacha bithbhunaithe), atá i gcomhchoibhneas, go pointe áirithe ar a laghad, leis an bhfeidhmíocht nuálaíochta arna tomhas ag an Scórchlár Eorpach Nuálaíochta.
5.2.Bithgheilleagair áitiúla a imscaradh go mear ar fud na hEorpa
Tá roinnt sruthanna oibre curtha ar bun ag an gCoimisiún Eorpach leis na Ballstáit chun bithgheilleagair áitiúla a imscaradh go mear ar fud na hEorpa. Leis an bhFóram Beartais um Bithgheilleagar Eorpach éascaítear malartú eolais agus dea-chleachtas idir na Ballstáit chun beartais bhithgheilleagair réigiúnacha agus náisiúnta a fhorbairt agus a chur chun feidhme. Rinneadh an comhar idir na Ballstáit a éascú tríd an tSaoráid Tacaíochta Beartais Bithgheilleagair mar Eispéireas Foghlama Frithpháirtí, inar sainaithníodh deich bpríomhtheachtaireacht beartais chun straitéis bhithgheilleagair náisiúnta agus/nó forbairt an phlean gníomhaíochta a threorú. Rinne grúpa saineolaithe an cleachtas fadbhreathnaitheachta maidir le BIOEAST, arb é an chéad cheann dá leithéid sa réigiún, agus d’ardaigh siad feasacht maidir leis an tábhacht a bhaineann le hinfheistíocht a dhéanamh i dtaighde agus i nuálaíocht shonrach agus i gcláir forbartha bithgheilleagair náisiúnta.
Le roinnt gníomhaíochtaí píolótacha chun tacú leis an mbithgheilleagar cósta, tuaithe agus uirbeach a fhorbairt, léirítear acmhainneacht an bhithgheilleagair ar an talamh agus tacaíodh leo trí ionstraimí éagsúla an Aontais Eorpaigh, amhail an Comhbheartas Talmhaíochta (CBT), Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE), an Ciste Eorpach Muirí agus Iascaigh (CEMI), LIFE, an Ciste don Nuálaíocht, agus Fís 2020 agus Fís Eorpach lena gcomhpháirtíochtaí (Comhghnóthas Tionscail Bhithbhunaithe agus an Chomhpháirtíocht Eorpach um Eoraip Bhithbhunaithe Chiorclach) agus lena misin (e.g. misin maidir le hithir agus maidir leis an aigéan). Chun feabhas a chur ar shineirgí agus comhlántachtaí idir tionscnaimh an Aontais Eorpaigh, beartais réigiúnacha agus a n‑ionstraimí, tá gá le tuilleadh infheistíochtaí a dhéanamh i mbonneagar chun leas a bhaint as acmhainneacht na bithmhaise. Le tionscadal maidir le clár oibre straitéiseach um imscaradh, tabharfar aghaidh ar an ilroinnt i dtírdhreacha an taighde agus na nuálaíochta agus neartófar idirghníomhaíochtaí agus comhlántachtaí idir tionscnaimh, ionstraimí agus beartais.
Áirítear go heiseach sa Chomhbheartas Talmhaíochta nua an bithgheilleagar faoi cheann dá chuspóirí sonracha. Leis an gComhbheartas Talmhaíochta nua, is féidir leis na Ballstáit idirghabhálacha atá oiriúnaithe dá saol áitiúil a leagan amach chun forbairt an Bhithgheilleagair i gceantair thuaithe a chur chun cinn, lena dtabharfar deis dóibh bogadh ó thionscadail aonair go dtí cur chuige níos sistéamaí agus lena dtacófar le táirgeoirí príomhúla ina n‑iarrachtaí chun an bithgheilleagar a nuáil agus a bhrú ar aghaidh.
Is ranníocóirí airgeadais suntasacha fós le himscaradh an bhithgheilleagair iad cistí struchtúracha an Aontais, lena n‑áirítear an Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe a gheall EUR 36 mhilliún don bhithgheilleagar gorm.
Fuair HOOP, tionscadal de chuid Fís 2020, EUR 7.9 milliún mar ranníocaíocht an Aontais Eorpaigh chun tacú le grúpa píolótach chathracha na hEorpa chun EUR 51 mhilliún d’infheistíochtaí a mhealladh le haghaidh cur chun feidhme straitéisí uirbeacha maidir leis an ngeilleagar bithbhunaithe ciorclach, rud lena gcruthófar poist bhreise agus lena ndéanfar dramhaíl a athchúrsáil/a laghdú.
In 2021, bhunaigh an Coimisiún Eorpach Tionscnamh na gCathracha agus na Réigiún Ciorclach lena soláthrófar tuilleadh tacaíochta do thionscadail sa gheilleagar bithbhunaithe ciorclach ar an scála áitiúil agus ar an scála réigiúnach trí thaispeántais agus trí fhorbairt tionscadail/cúnamh teicniúil.
Braitheann príomhshruthú an bhithgheilleagair ar an gcéad ghlúin eile. Is iolraitheoirí eolais agus ambasadóirí tábhachtacha iad daoine óga. Éilítear le himscaradh rathúil freisin lucht saothair a mbeidh na hacmhainní cuí acu le haghaidh an aistrithe i dtreo inbhuanaitheacht agus ciorclaíocht níos fearr.Mar ghníomhaíocht faoi Straitéis Bhithgheilleagair an Aontais Eorpaigh agus i gcomhréir le SGD 3, sheol an Coimisiún staidéar chun iniúchadh a dhéanamh ar fhorbairt ábhar oideachais agus oiliúna an bhithgheilleagair.
5.3.Teorainneacha éiceolaíocha an bhithgheilleagair a thuiscint
Sa tríú réimse gníomhaíochta, tógann Lárionad Eolais an Choimisiúin Eorpaigh um Bithgheilleagar an bonn eolais maidir le príomh‑shaincheisteanna, mar shampla maidir le soláthar agus éileamh bithmhaise inbhuanaithe agus treoraíocht maidir leis an gcaoi le héiceachórais shláintiúla agus athléimneacha sa bhithgheilleagar a bhainistiú, agus maidir le córas faireacháin uile-Eorpach a fhorbairt chun measúnú a dhéanamh ar inbhuanaitheacht comhshaoil, shóisialta agus eacnamaíoch Bhithgheilleagar an Aontais (féach Caibidil 4). Leis an gCóras Faisnéise Foraoise don Eoraip (FISE) soláthraítear rochtain ar shonraí a bhaineann le foraoisí agus gníomhaíonn sé mar spreagadh le haghaidh faisnéis chomhchuibhithe nua maidir le foraoisí. Le mapáil agus measúnú na seirbhísí éiceachórais, soláthraítear faisnéis maidir le riocht na n‑éiceachóras talún, fionnuisce agus muirí mar bhonn sonraí le haghaidh measúnuithe agus forbairtí beartais a bheidh ann amach anseo.
Tá mórthionscnaimh á nglacadh chun saotharlanna beo a bhunú lena gcuirfear dlús leis an aistriú chuig an agra-éiceolaíocht agus chun an tuiscint ar bhithéagsúlacht mhiocróbach a mhéadú agus réitigh bunaithe ar mhicribhithóim a fhorbairt. Tá saotharlanna beo á bhforbairt freisin i gcomhthéacs mhisean an Aontais Eorpaigh ‘Comhaontú um Ithir don Eoraip’ chun torthúlacht ithreach a athbhunú. Chun cur a thuilleadh lenár dtuiscint ar réitigh agus ar fheidhmeanna micribhithóim, oibríonn an Coimisiún i gcomhar le comhpháirtithe idirnáisiúnta trí bhíthin meitheal thiomanta faoin bhFóram Idirnáisiúnta um an mBithgheilleagar atá faoi stiúir an Aontais. Tá scéim pailneoirí uile-Aontais á forbairt. Ar cheann de na cuspóirí atá ag an gComhpháirtíocht Eorpach chomhchistithe nua um Bithéagsúlacht, Biodiversa+, tá tacaíocht le haghaidh faireachán ar bhithéagsúlacht, lena n‑áirítear scéim an Aontais maidir le faireachán a dhéanamh ar phailneoirí.
Ar an iomlán, leis na gníomhaíochtaí faoin tríú réimse gníomhaíochta rannchuidíodh le tuiscint níos fearr a fháil ar theorainneacha éiceolaíocha an bhithgheilleagair. Mar sin féin, is gá tuilleadh oibre a dhéanamh chun bogadh ó thuiscint níos fearr ar an mbithgheilleagar go dtí cur chun feidhme níos fearr an bhithgheilleagair laistigh de theorainneacha pláinéadacha. Tá bearnaí eolais ann fós maidir leis an gcaoi le bainistiú níos fearr a dhéanamh ar úsáid an bhithsféir chun ceanglais chomhshaoil agus eacnamaíocha a chomhlíonadh in Eoraip a bheidh aeráidneodrach, agus maidir leis an gcaoi le patrúin tomhaltais níos inbhuanaithe a chur chun cinn chun sláine an comhshaoil a áirithiú.
6.Deiseanna an bhithgheilleagair a thapú
Teachtaireachtaí ríthábhachtacha maidir le treoracha Straitéis Bhithgheilleagair an Aontais a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo:
·Ní mór cur chun feidhme Straitéis Bhithgheilleagair an Aontais Eorpaigh a neartú le haghaidh an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip
·Bhí rath ar roinnt mhaith gníomhaíochtaí agus ba cheart iad a neartú
·Le cur chun feidhme ghníomhaíochtaí an bhithgheilleagair a dhéanfar amach anseo, díreofar ar thuiscint níos fearr a fháil ar na comhbhabhtálacha maidir le talamhúsáid agus rannchuideofar le bithgheilleagar tomhaltasbhunaithe
6.1.Dearcadh na bPáirtithe Leasmhara
Le haiseolas a fuarthas ó shaineolaithe na mBallstát, ó bhaill den Fhóram Beartais um Bithgheilleagar Eorpach agus ó pháirtithe leasmhara seachtracha freisin, léirítear dearcadh dearfach i leith Straitéis Bhithgheilleagair an Aontais Eorpaigh lena Plean Gníomhaíochta. Tá roinnt gníomhaíochtaí comhlántacha ar siúl ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal réigiúnach (Caibidil 6 de SWD). Ina theannta sin, sainaithníodh riachtanais bhreise san aiseolas, áfach, chun freagairt níos fearr a thabhairt ar an gcomhthéacs beartais nua, agus chun rannchuidiú leis an gcomhthéacs sin, ó glacadh an Comhaontú Glas don Eoraip agus na tionscnaimh ghaolmhara, amhail:
·Béim níos láidre ar mheasúnú inbhuanaitheachta agus ar bhainistiú agus ar úsáid inbhuanaithe acmhainní bitheolaíocha, e.g. trí aghaidh a thabhairt ar chomhbhabhtálacha ábhartha agus ar thomhaltas iomarcach.
·Rannpháirtíocht leathan ilpháirtithe leasmhara, rannpháirtíocht láidir ó shaoránaigh agus ó dhaoine óga.
·Córas meastóireachta agus faireacháin neartaithe agus cuimsitheach.
·Gnéithe socheacnamaíocha amhail an tionchar ar an bpobal áitiúil agus ar phraghsanna acmhainní.
6.2.Gníomhaíochtaí rathúla Phlean Gníomhaíochta Straitéis Bhithgheilleagair 2018 a neartú
Agus aithris á déanamh ar thuairimí ár bpáirtithe leasmhara, agus bunaithe ar thorthaí an mheasúnaithe i gCaibidil 5, shainaithníomar gníomhaíochtaí rathúla a d’fhéadfadh tairbhiú de thuilleadh rannpháirtíochta.
Chun aistriú atá glas agus cóir ó thaobh na sochaí de a chur chun cinn i réigiúin éagsúla na hEorpa, is tasc ríthábhachtach i gcónaí é lucht saothair na hEorpa a chlaochlú agus a athsciliú ionas go mbeidh siad in ann oibriú i slabhraí luacha bithbhunaithe atá ag teacht chun cinn, agus cáilíocht na bpost a áirithiú agus faireachán a dhéanamh uirthi. Bhí an taighde agus an nuálaíocht ina gceann feadhna maidir le forbairt rathúil na mbithgheilleagar ón tús agus leanfaidh sin amhlaidh. Is príomhchuspóir den bheartas bithgheilleagair i gcónaí í an fhorbairt atá dírithe ar dhaoine agus an fhorbairt réigiúnach.
Leis an gComhghnóthas Tionscail Bhithbhunaithe agus le forbairtí ceannródaíocha i dtaighde agus i nuálaíocht léirítear acmhainneacht ollmhór na dtionscal bithbhunaithe. Mar sin féin, le giaráil níos láidre le haghaidh ábhair agus táirgí bithbhunaithe ní mór cothroime iomaíochta ar an margadh a chruthú, feabhas a chur ar nuálaíocht agus ar chomhar le tionscnaimh ón earnáil phríobháideach agus cruthú gnólachtaí nuathionscanta laistigh d’éiceachórais tionscail a spreagadh. Ag tógáil ar an gCiste Eorpach um Bithgheilleagar Ciorclach, tá gá le tuilleadh infheistíochtaí chun ‘gleann an bháis’ i nuálaíochtaí bithgheilleagair, atá an‑mhór, a shárú, arbh é an rud ba chúis leis easpa maoinithe chun eolas a aistriú ina nuálaíochtaí agus easpa tarraingt beartais fadtéarmach.
Thairis sin, is saincheist thábhachtach i gcónaí iad caighdeáin nua, lipéid agus lorg comhshaoil na dtáirgí bithbhunaithe ciorclacha agus d’fhéadfadh siad a bheith ina gcuidiú chun saoránaigh a chur ar an eolas. Trí bheith ag éagsúlú slabhraí bithbhunaithe chun dul i ngleic le dúshláin na hinbhuanaitheachta comhshaoil, tá gá le beartas níos iomlánaíche i dtionscail agus i dtaighde.
Tá gá le rannpháirtíocht fheabhsaithe ó pháirtithe leasmhara an bhithgheilleagair ar gach leibhéal le haghaidh imscaradh rathúil an bhithgheilleagair chun droichead a thógáil idir obair bheartais agus an saol áitiúil.Beidh an comhar leis na Ballstáit tríd an bhFóram Beartais um Bithgheilleagar Eorpach ina bhunchloch thábhachtach den rannpháirtíocht sin. Mhol an tSaoráid Tacaíochta Beartais Bithgheilleagair do na Ballstáit a mbeartais bhithgheilleagair náisiúnta a thabhairt cothrom le dáta i bhfianaise cuspóirí nua agus forbairtí beartais. D’fhéadfaí comhairle nó cúnamh saincheaptha, go háirithe mar thacaíocht do na Ballstáit faoi thionscnamh BIOSEAST, a chur ar fáil trí ghníomhaíochtaí tiomnaithe faoin bhFóram Beartais um Bithgheilleagar Eorpach. Ar an mbonn céanna, ba cheart comhar idirnáisiúnta a neartú, mar shampla faoin bhFóram Idirnáisiúnta um an mBithgheilleagar, d’fhonn tacú le forbairt inbhuanaithe dhomhanda.
Cé go ndearnadh dul chun cinn maith maidir leis na gníomhaíochtaí faoi réimsí gníomhaíochta 1 agus 2 de Phlean Gníomhaíochta Straitéis Bhithgheilleagair 2018, is gá níos mó airde a thabhairt ar réimse gníomhaíochta 3. Príomhghníomhaíocht is ea go leanfar de Lárionad Eolais an Choimisiúin Eorpaigh um Bithgheilleagar agus den Chóras Faireacháin Bithgheilleagaratá aige chun cur leis an tuiscint ar theorainneacha éiceolaíocha. Ina theannta sin, tá gá le tuiscint níos fearr ar shineirgí agus ar chomhbhabhtálacha féideartha na teicneolaíochta agus na roghanna beartais trí mheasúnuithe comhtháite a dhéanamh ar athruithe beartais ar an gcóras iomlán socheacnamaíoch agus comhshaoil, agus idirnaisc agus éifeachtaí aiseolais á gcur san áireamh, chun athléimneacht le linn suaití trádála a mhéadú, mar a chonacthas le linn chéimeanna luatha ghéarchéim COVID-19.
6.3.Tá gá le béim bhreise ar roinnt príomhghnéithe den straitéis bhithgheilleagair
Chun geallta agus uaillmhianta arda an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip a chomhlíonadh, tá sé fíor-riachtanach sláine comhshaoil a áirithiú agus an ‘bhearna bhithmhaise’ atá tuartha a dhúnadh idir soláthar agus éileamh na bithmhaise le haghaidh bia, ábhar agus fuinnimh. Cé gurb é is aidhm do na trí réimse gníomhaíochta de Straitéis Bhithgheilleagair 2018 an Aontais Eorpaigh an bhearna sin a dhúnadh, ba cheart díriú níos mó ar na brúnna iomadúla ar an talamh a réiteach le haghaidh maolaithe, chosaint an dúlra agus sholáthar na bithmhaise. Tá gá le tuiscint níos fearr ar thomhaltas foriomlán acmhainní bitheolaíocha freisin chun cuidiú leis an aistriú chuig patrúin tomhaltais níos inbhuanaithe.
6.3.1.Díriú ar na brúnna iomadúla ar an talamh agus ar an muir a réiteach
Le béim bhreise i gcur chun feidhme Phlean Gníomhaíochta an Aontais Eorpaigh maidir leis an Straitéis Bhithgheilleagair chun inbhuanaitheacht comhshaoil agus shocheacnamaíoch a bhaint amach, is féidir le beartais bhithgheilleagair tairbhe na sochaí ón talamh, ó limistéir uiscí agus ó acmhainní bitheolaíocha a optamú, lena n‑áirítear bithéagsúlacht agus seirbhísí éiceachórais eile. I gcomhréir le réimse gníomhaíochta 3, Teorainneacha éiceolaíocha an bhithgheilleagair a thuiscint, moladh measúnú comhtháite ar thalamhúsáid bithgheilleagair cheana mar ghníomhaíocht sa Teachtaireacht maidir le Timthriallta Inbhuanaithe Carbóin. Leis an ngníomhaíocht sin agus le béim bhreise ar ghníomhaíochtaí réimse gníomhaíochta 3 de Straitéis Bhithgheilleagair an Aontais Eorpaigh, soláthrófar an bonn chun brúnna ar an talamh agus ar an muir a laghdú. Le forbairt na straitéisí críochacha bithmhaise ó éiceachórais talún agus uisceacha, mar a mhol na Ballstáit, amhail an Ghearmáin, tabharfar tuilleadh cuidithe do chomhtháthú cuimsitheach na riachtanas beartais, d’infhaighteacht acmhainní agus don nuálaíocht a áirithiú. Ar an mbealach sin, is féidir coinbhleachtaí féideartha a shainaithint, e.g. más rud é nach leor soláthar na bithmhaise a tháirgtear go hinbhuanaithe i réigiún maidir leis an éileamh ar bhithmhais le haghaidh bia, ábhar agus fuinnimh. Ar an leibhéal Eorpach, d’fhéadfaí iniúchadh a dhéanamh ar chreat coincheapúil chun na comhbhabhtálacha sin a réiteach, lena gcuirfear san áireamh riachtanais agus deiseanna réigiúnacha, comhshaoil, teicneolaíocha agus scileanna. D’fhéadfaí creat den sórt sin a bhunú ar obair Johan Rockström agus ar an tsamhail atá aige maidir le maoirseacht an bhithsféir, agus ní mór a chur san áireamh ann luacháil eacnamaíoch maidir le soláthar leanúnach nó feabhsaithe na seirbhísí éiceachórais amhail aer glan, athshlánú uisce, bithéagsúlacht, ceapadh agus stóráil carbóin, nó áineas. D’fhéadfadh sin a bheith ina chuidiú freisin chun samhlacha gnó inbhuanaithe agus cuimsitheach a fhorbairt lena gcumhachtaítear táirgeoirí príomhúla agus gníomhaithe eile sa slabhra soláthair, agus lena ndéanfar deiseanna de dhúshláin aeráide agus chomhshaoil, lena ndéanfar ioncam a fheabhsú agus a éagsúlú agus lena gcruthófar poist sciliúla. Maidir le comhéadain shábháilte dúlra le duine le haghaidh éiceachórais, ainmhithe agus daoine sláintiúla de réir phrionsabal OneHealth, ní mór iad a áirithiú a thuilleadh.
6.3.2.Díriú ar thomhaltas foriomlán acmhainní bitheolaíocha
Bunaithe ar chur chuige iomlánach an bhithgheilleagair, agus i gcomhréir le réimse gníomhaíochta 2, An bithgheilleagar a imscaradh go mear ar fud na hEorpa, ní mór patrúin tomhaltais a bheith níos inbhuanaithe chun sláine comhshaoil a ráthú, toisc nach féidir le réitigh theicneolaíocha astu féin an bhearna a dhúnadh idir soláthar inbhuanaithe acmhainní bitheolaíocha agus éileamh. Le béim bhreise ar an éileamh iomlán ar acmhainní bitheolaíocha, d’fhéadfaí measúnú agus tomhas níos fearr a dhéanamh ar roghanna tomhaltais níos inbhuanaithe bunaithe ar fhíorchostais chun iad a chumasú. Is féidir le gníomhaíocht bithgheilleagair atá dírithe ar an éileamh a bheith ina spreagadh d’infheistíochtaí arda i ngnólachtaí bithgheilleagair inbhuanaithe agus aistriú inbhuanaithe na réigiún agus na mBallstát a bhrú ar aghaidh.
7.Conclúid
Tar éis an ionraidh a rinne an Rúis, gan chúis, ar an Úcráin, is láidre agus is soiléire ná riamh an gá leis an aistriú i dtreo fuinneamh glan agus córais bhia inbhuanaithe, athléimneacha agus chóra a fheabhsú. Maidir le cur chun feidhme Phlean Gníomhaíochta an Aontais maidir leis an mBithgheilleagar a dhéanfar amach anseo, ní mór a chur san áireamh ann na himpleachtaí maidir le praghsanna bia agus fuinnimh, mar aon le praghsanna táirgí dianfhuinnimh, agus maidir le slabhraí soláthair domhanda, agus ní mór aghaidh a thabhairt leis ar an mbrú breise mar thoradh air sin ar acmhainní nádúrtha laistigh de theorainneacha éiceachórais.
Le Straitéis Bhithgheilleagair láidir de chuid an Aontais ina ndírítear ar gach ceann de na trí ghné den inbhuanaitheacht, rannchuidítear leis na spriocanna a leagtar amach sa Chomhaontú Glas don Eoraip a bhaint amach. Tá gealladh faoin dul chun cinn a rinneadh le Straitéis nuashonraithe Bhithgheilleagair 2018 agus is spreagadh é an dul chun cinn céanna chun leanúint de na gníomhaíochtaí éagsúla agus chun iad a neartú a thuilleadh. Mar sin féin, chun leas iomlán a bhaint as neart na Straitéise Bithgheilleagair, tá gá le hiarrachtaí breise, go háirithe maidir le tuilleadh gníomhaíochtaí i ndáil le brúnna iomadúla ar an talamh agus ar an muir a réiteach agus i ndáil le patrúin fhoriomlána tomhaltais na n‑acmhainní bitheolaíocha.