EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52022AP0090

P9_TA(2022)0090 Cúnamh macrairgeadais a sholáthar do Phoblacht na Moldóive ***I Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 24 Márta 2022 ar an togra le haghaidh cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cúnamh macrairgeadais a chur ar fáil do Phoblacht na Moldóive (COM(2022)0004 – C9-0007/2022 – 2021/0438(COD)) P9_TC1-COD(2021)0438 Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 24 Márta 2022 chun go nglacfaí Cinneadh (AE) 2022/… ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena soláthraítear cúnamh macrairgeadais do Phoblacht na Moldóive

IO C 361, 20.9.2022, p. 36–36 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

20.9.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 361/36


P9_TA(2022)0090

Cúnamh macrairgeadais a sholáthar do Phoblacht na Moldóive ***I

Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 24 Márta 2022 ar an togra le haghaidh cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cúnamh macrairgeadais a chur ar fáil do Phoblacht na Moldóive (COM(2022)0004 – C9-0007/2022 – 2021/0438(COD))

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

(2022/C 361/10)

Tá Parlaimint na hEorpa,

ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2022)0004),

ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 212(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C9-0007/2022),

ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 21 Márta 2022 go ndéanfaí sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint do thuarascáil ón gCoiste um Thrádáil Idirnáisiúnta (A9-0043/2022),

1.

ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh mar a leagtar amach ina dhiaidh seo é;

2.

á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;

3.

á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

P9_TC1-COD(2021)0438

Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 24 Márta 2022 chun go nglacfaí Cinneadh (AE) 2022/… ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena soláthraítear cúnamh macrairgeadais do Phoblacht na Moldóive

(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Cinneadh (AE) 2022/563.)


Top