EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52022AE5829

Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle Eorpach, chuig an gComhairle, chuig an mBanc Ceannais Eorpach, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, chuig Coiste na Réigiún agus chuig an mBanc Eorpach Infheistíochta: An Suirbhé Bliantúil don Fhás Inbhuanaithe 2023 (COM(2022) 780 final)

EESC 2022/05829

IO C 146, 27.4.2023, p. 59–64 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

27.4.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 146/59


Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle Eorpach, chuig an gComhairle, chuig an mBanc Ceannais Eorpach, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, chuig Coiste na Réigiún agus chuig an mBanc Eorpach Infheistíochta: An Suirbhé Bliantúil don Fhás Inbhuanaithe 2023

(COM(2022) 780 final)

(2023/C 146/10)

Rapóirtéir ginearálta:

Gonçalo LOBO XAVIER

Comhairliúchán

An Coimisiún Eorpach, 19.12.2022

Bunús dlí

Airteagal 304 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

Rannóg atá freagrach

Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta agus Comhtháthú Eacnamaíoch agus Sóisialta

Dáta a glactha sa seisiún iomlánach

23.2.2023

Seisiún iomlánach Uimh.

576

Toradh na vótála

(ar son/in aghaidh/staonadh)

196/2/4

1.   Conclúidí agus moltaí

1.1.

Is díol sásaimh do Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) príomhthosaíochtaí beartais Shuirbhé Bliantúil 2023 (ASGS) lena gcuirtear na ceithre ghné den inbhuanaitheacht iomaíoch chun feidhme. Mar atá cúrsaí faoi láthair, is léir gur cheart tacú le teaghlaigh leochaileacha sa ghearrthéarma chun iad a chosaint ar na héifeachtaí is measa den ghéarchéim fuinnimh, ach ba cheart an éifeachtúlacht fuinnimh a chur chun cinn ar bhonn ginearálta i gcónaí san Aontas Eorpach. Tá CESE den tuairim go gcuirfidh beartais mheántéarmacha agus fhadtéarmacha dlús faoin aistriú glas agus faoin aistriú digiteach. Ina theannta sin, tá sé den tuairim gur cheart don Aontas cothromaíocht a bhaint amach idir an soláthar fuinnimh agus an t-éileamh air, fuinneamh a choigilt le haghaidh an gheimhridh agus costais níos airde a sheachaint ag an am céanna. Tá sé ríthábhachtach tacú le bearta a chuirfidh borradh faoin éifeachtúlacht i ngach réimse. Ní mór déanamh amhlaidh agus sláine an mhargaidh aonair á caomhnú agus cobhsaíocht airgeadais mhaicreacnamaíoch agus beartais fhioscacha agus airgeadaíochta chomhleanúnacha á n-áirithiú ag an am céanna.

1.2.

Tuigeann CESE gur ar chur chun feidhme éifeachtúil na bPleananna Téarnaimh agus Athléimneachta a dhíreofar den chuid is mó i rith thimthriall an tSeimeastair Eorpaigh in 2023. Leis na pleananna sin, leagfar béim nach beag ar chláir oibre na mBallstát, agus ní foláir go gcuirfear deis ar fáil sna pleananna céanna chun borradh a chur faoina ngeilleagar. Is díol sásaimh do CESE iarrachtaí an Choimisiúin Eorpaigh idirphlé a eagrú leis na Ballstáit go luath in 2023. D’fhéadfadh sé go ndéanfaí dianphlé idir an Coimisiún agus na Ballstáit mar chuid de sin chun tionchar a imirt ar na moltaí tírshonracha. I ndáil leis an méid sin, tá CESE den tuairim go gcuirfear na Pleananna Téarnaimh agus Athléimneachta chun feidhme ar bhealach níos fearr a bhuí leis an idirphlé sin, agus go mbeidh sé ina chuidiú lena áirithiú go dtiocfaidh feabhas ar an gcaoi a sainaithnítear fadhbanna agus a dtugtar aghaidh orthu trí na moltaí tírshonracha.

1.3.

Iarrann CESE dálaí oibre cothroma, iomaíocht éifeachtach, agus aird níos fearr ar údair imní na sochaí sibhialta d’fhonn feabhas a chur ar fheidhmiú an mhargaidh aonair. Tá sé seo níos tábhachtaí fós i bhfianaise an chogaidh agus na géarchéime fuinnimh. Tacaíonn CESE leis an iarraidh go ndéanfaí beart chun an margadh aonair a fheabhsú. Creideann CESE go léirítear sna drochbhuillí a bualadh le déanaí a thábhachtaí atá sé beartais fhioscacha fhónta a chomhordú agus maoláin fhioscacha a thógáil in aimsir an fháis ar féidir leas a bhaint astu in aimsir lagtrá, agus aghaidh á tabhairt san am céanna ar easnaimh shóisialta óir is féidir go mbainfidh siad den fhás eacnamaíoch sa mheántéarma. Ba cheart é a bheith d’aidhm ag beartais fhioscacha seasaimh fhioscacha mheántéarmacha stuama a bhaint amach agus inbhuanaitheacht fhioscach a áirithiú tríd an gcomhdhlúthú de réir a chéile agus trí infheistíocht agus athchóirithe inbhuanaithe a chuireann leis an bhfás.

1.4.

Iarrann CESE comhordú níos fearr idir na Ballstáit mar aon le cinntí cróga chun spleáchas fuinnimh an Aontais, go háirithe spleáchas ar an Rúis, a sheachaint. Is baolach go gcuirfear leas an Aontais i mbaol de bharr an spleáchais chéanna, agus, dá bhrí sin, beidh misneach ag teastáil agus muid ag tabhairt aghaidh air.

1.5.

Tá CESE ag éileamh cur chuige atá measartha, réalaíoch agus cothrom agus aghaidh á tabhairt ar fhadhb an bhoilscithe le go mbeidh gach duine ag obair as lámha a chéile agus muid ag iarraidh teacht ar réiteach a rachaidh chun sochair don Aontas ar fad. Ní mór do na húdaráis iomaíochta a bheith ar a ndícheall ag iarraidh trédhearcacht praghsanna a áirithiú agus a bheith san airdeall ar theipeanna margaidh a d’fhéadfadh titim amach. Ní mór do na rialtais aire a thabhairt gur ar an anailís eimpíreach is fearr a bhunófar a gcuid ráiteas agus nach ndéanfaidh siad cáineadh gan bhunús ar ghníomhaithe tráchtála mar go bhféadfadh coinbhleacht idir saoránaigh, cuideachtaí, agus comhpháirtithe sóisialta a bheith ina toradh air sin. Creideann CESE freisin nach féidir an fhadhb a réiteach ach amháin má bhíonn na rialtais, na gnólachtaí, agus an tsochaí shibhialta eagraithe ag obair as lámha a chéile.

Creideann CESE nach mór do na Ballstáit díriú gan stad gan staonadh ar an éifeachtúlacht agus ar an gcothroime sa leas a bhaintear as na hacmhainní airgeadais agus na hacmhainní poiblí eile atá ar fáil. Tá sé sin riachtanach má táthar le hinfheistíochtaí nua ardchaighdeáin a chinntiú.

1.6.

Leanfaidh CESE den chás a dhéanamh gur gá tionchar níos mó a bheith ag an gcomhairliúchán leis an tsochaí shibhialta eagraithe (SSE – comhpháirtithe sóisialta agus eagraíochtaí de chuid na sochaí sibhialta), Parlaimint na hEorpa, agus na parlaimintí náisiúnta i rith thimthriall an tSeimeastair má táthar leis an nglacadh leis ar an leibhéal náisiúnta a neartú. Tá CESE den tuairim go rachadh rannpháirtíocht níos fearr agus níos eagraithe ó thaobh na n-eagraíochtaí a bhfuil baint acu le CESE de chun leasa phróiseas an tSeimeastair agus chur chun feidhme na bPleananna Téarnaimh agus Athléimneachta araon. Ní foláir a bheith réalaíoch nuair is cur chun feidhme beartais an t-ábhar cainte.

1.7.

Tuigeann CESE freisin gur gá infheistíocht a dhéanamh i scileanna agus sa chlár oibre tionsclaíochta má táthar chun leas ceart a bhaint as na hacmhainní atá ag an Eoraip cheana féin, is é sin le rá infheistíocht a dhéanamh sa nuálaíocht agus san eolaíocht, rudaí is gá a chur chun tairbhe do na saoránaigh.

1.8.

Tathantaíonn CESE ar an gCoimisiún cumarsáid níos fearr a dhéanamh leis na saoránaigh. Is rud a bhfuil tábhacht bhunúsach leis do na saoránaigh na dúshláin atá ann agus an chaoi a bhfuil an tAontas ag tabhairt aghaidh ar na dúshláin sin a chur in iúl ar bhealach láidir iontaofa comhsheasmhach, agus seachnófar leis sin míthuiscint faoin tionscadal Eorpach. Dá ndéanfaí infheistiú sa chumarsáid mhaith (ní ag tagairt don fhógraíocht atá an Coiste), d’fhéadfaí cur i gcoinne a ndeirtear in aghaidh an tionscadail Eorpaigh, rud ar cheart tosaíocht a dhéanamh de. I ndáil leis sin, is díol sásaimh eile do CESE an tionscnamh ón gCoimisiún i dtaca le teachtaireacht a thíolacadh maidir leis an idirphlé sóisialta san Aontas Eorpach a neartú, mar aon le togra a thíolacadh le haghaidh moladh ón gComhairle maidir le ról an idirphlé shóisialta ar an leibhéal náisiúnta. Tá sé riachtanach cumarsáid níos fearr a dhéanamh leis an tsochaí shibhialta eagraithe agus dul i gcomhairle léi, dhá rud atá fite fuaite ina chéile.

2.   Cúlra

2.1.

Is eol do chách go bhfuil an Eoraip ag streachailt i gcaoi nach bhfacthas le 70 bliain anuas. Is iomaí dúshlán eacnamaíoch agus sóisialta atá os a comhair mar gheall ar ionradh na Rúise ar an Úcráin, rud atá ag cur a lán brú ar gheilleagar na hEorpa, ardú as cuimse ar na billí fuinnimh, rátaí arda boilscithe, ganntanas soláthair, leibhéil fiachais atá níos airde ná riamh mar aon le costas iasachtaíochta atá ag ardú. Dá bhrí sin, tá sé thar am cinntí a dhéanamh chun todhchaí ceann de na tionscadail dhomhanda is mó rath ó thaobh dul chun cinn sóisialta, eacnamaíoch agus cultúrtha de a chinneadh.

2.2.

Ghlac an Coimisiún Pacáiste an Fhómhair maidir le Seimeastar Eorpach 2023 an 22 Samhain 2022 chun bealaí a mholadh leis an lámh in uachtar a fháil ar na dúshláin seo agus leis na geilleagair a neartú san fhadtéarma, trí bheartais eacnamaíocha, fhioscacha, shaothair agus shóisialta a chomhordú. Is é an cuspóir atá ann soláthairtí fuinnimh atá leordhóthanach agus inacmhainne a áirithiú, cobhsaíocht eacnamaíoch agus airgeadais a chaomhnú agus teaghlaigh agus gnólachtaí a chosaint, fás a spreagadh agus poist ardcháilíochta a chruthú, mar aon leis an dá aistriú a chur i gcrích.

2.3.

Rinneadh achoimre ar na tosaíochtaí beartais a bheidh ann sa bhliain amach romhainn sa Suirbhé Bliantúil don Fhás Inbhuanaithe 2023 agus leagtar síos clár oibre chun an comhordú sin a neartú d’fhonn na nithe a leanas a bhaint amach: an tionchar diúltach a laghdú; aghaidh a thabhairt ar na dúshláin atá ann faoi láthair; an athléimneacht shóisialta agus eacnamaíoch a mhéadú agus fás atá inbhuanaithe agus cuimsitheach á chothú, i gcomhréir le Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe. Inbhuanaitheacht iomaíoch a chothú an aidhm atá ann, agus chuige sin is iad seo a leanas na ceithre thosaíocht a chuirfear chun cinn: an inbhuanaitheacht iomaíoch, an táirgiúlacht, an chothroime, agus cobhsaíocht mhaicreacnamaíoch.

2.4.

Sa chlár oibre um beartas eacnamaíoch agus fostaíochta, ba cheart go ndírítear ar thacaíocht a thabhairt do shaoránaigh agus do chuideachtaí agus iad ag tabhairt aghaidh ar na dúshláin atá tagtha chun cinn de bharr an mhéadaithe ar chostais fuinnimh. Ag an am céanna, ba cheart an fás inbhuanaithe, an t-aistriú glas agus an t-aistriú digiteach a chothú, agus méadú ar an gcothroime shóisialta agus athléimneacht eacnamaíoch a chothú.

2.5.

Faoin bprionsabal sin, táthar ag súil le moltaí tírshonracha in earrach 2023, agus go ndíreofar ar na nithe seo a leanas sna tuarascálacha tíre:

achoimre ghonta ach iomlánaíoch ar fhorbairtí eacnamaíocha agus sóisialta agus ar na dúshláin atá roimh na Ballstáit;

achoimre ar chur chun feidhme na bPleananna Náisiúnta Téarnaimh agus Athléimneachta;

leanúint de chur chuige measartha a ghlacadh maidir leis na moltaí tírshonracha.

2.6.

I dtaca leis an limistéar euro, rinne an Coimisiún na cúig mholta a leanas do 2023 a leagan amach:

(a)

an beartas fioscach a chomhordú;

(b)

an infheistíocht phoiblí a chothú;

(c)

faireachán a dhéanamh ar bheartais phá agus shóisialta;

(d)

feabhas a chur ar an timpeallacht ghnó;

(e)

cobhsaíocht mhacra-airgeadais a chaomhnú.

3.   Barúlacha sonracha

3.1.   An Seimeastar Eorpach agus rannpháirtíocht na sochaí sibhialta eagraithe

3.1.1.

Is é an Seimeastar Eorpach an príomhchreat seanbhunaithe chun beartais a chomhordú go héifeachtach idir na Ballstáit. B’fhiú go mór an comhordú céanna, óir ní fhacthas a leithéid d’athléimneacht agus a bhí i dtéarnamh iar-Covid an Aontais ó bhí an borradh iarchogaidh ann agus is amhlaidh atá teacht aniar sna margaí saothair againne leis, agus leibhéal fostaíochta ag an ráta is airde riamh. Beidh ról lárnach ag CESE sa phróiseas claochlaithe seo i gcónaí chun inbhuanaitheacht iomaíoch a bhaint amach, mar chuid den Seimeastar Eorpach agus de chur chun feidhme na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta (lena n-áirítear an tsraith bhreise REPowerEU). I gcomhréir leis sin, leanfaidh CESE de bheith ag moladh gur cheart go mbeadh ról níos mó ag an gcomhairliúchán leis an tsochaí shibhialta eagraithe i rith thimthriall an tSeimeastair d’fhonn na leasanna éagsúla na sochaí agus an úinéireacht náisiúnta a chur san áireamh agus a neartú.

3.1.2.

Tá cleachtadh comhairliúcháin leis an tsochaí shibhialta eagraithe sna Ballstáit ar bun ag CESE faoi láthair agus rún aige a cuid moltaí i ndáil leis seo a fháil (1). Dá bhrí sin, is díol sásaimh do CESE an tionscnamh ón gCoimisiún, a fógraíodh i mí Iúil 2022 (2), i dtaca le teachtaireacht a thíolacadh maidir leis an idirphlé sóisialta san Aontas Eorpach a neartú, mar aon le togra a thíolacadh le haghaidh moladh ón gComhairle maidir le ról an idirphlé shóisialta ar an leibhéal náisiúnta.

3.1.3.

Molann CESE don Choimisiún Eorpach creat soiléir a chur ar fáil, agus leathnú a dhéanamh ar an gcreat céanna, do na fóraim atá ann cheana faoin Seimeastar Eorpach le heolas a chur ar fáil do na comhpháirtithe sóisialta agus do na heagraíochtaí sochaí sibhialta agus lena spreagadh chun rannpháirtíochta i rith thimthriall an tSeimeastair, i dtreo is go ndéanfar gníomhaithe ábhartha díobh i gcomhordú na mbeartas fioscach, sóisialta agus fostaíochta ag leibhéal an Aontais.

3.2.   Géarchéim gheopholaitiúil – cogadh san Úcráin

3.2.1.

Tá deacrachtaí nua eacnamaíocha ag bagairt ar an Aontas Eorpach de dheasca ionradh na Rúise ar an Úcráin, rud atá ag cur isteach go mór ar an gcobhsaíocht fhoriomlán eacnamaíoch agus shóisialta, agus ar sholáthairtí fuinnimh. Ní mór don Aontas leanúint den inbhuanaitheacht iomaíoch agus den athléimneacht shóisialta agus eacnamaíoch i dteannta a chéile. Go ríghairid amach anseo, beidh gá le bearta tacaíochta chun go maolófar an tionchar atá ag an bhfogha a thug an Rúis faoin Úcráin ar ghnólachtaí Eorpacha agus ar ghnólachtaí an Aontais, go háirithe fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna), agus ar shaothraithe ísealioncaim agus meánioncaim.

3.2.2.

Is amhlaidh is é an ghéarchéim fuinnimh an toisc is ábhartha. Beidh tionchar láidir aige san fhadtéarma, le cois an ráta rí-ard boilscithe. Chuige seo, cuireann CESE i bhfáth go bhfuil gá le gníomhaíocht láithreach chun nach rachaidh an suíomh in olcas sa ghearrthéarma ná sa mheántéarma, agus gur gá an t-aistriú glas a bhainistiú go cóir. I roinnt mhaith tíortha, níl an táirgeadh fuinnimh ar comhchéim leis an tomhaltas fuinnimh.

3.2.3.

Tá CESE den tuairim nach bhfuil iniúchadh déanta ag roinnt rialtas ar a bhfuil ar fáil ó thaobh acmhainní agus dálaí de i dtíortha áirithe, cuir i gcás fuinneamh gréine, fuinneamh na dtonnta agus fuinneamh na gaoithe, agus nach bhfuil pleananna curtha i bhfeidhm acu go fóill ó thaobh fuinneamh a tháirgeadh óna gcuid acmhainní féin. Ceann de na cúiseanna leis seo is ea reachtaíocht atá róchasta nó místuama, mar aon leis an maorlathas iomarcach atá fós ann i roinnt mhaith Ballstát. Ní chuidíonn sé sin le táirgeadh an fhuinnimh ghlais, ainneoin na bhféidearthachtaí ar fad a bhaineann leis. Ní mór dúinn a bheith réidh le hobair a dhéanamh as lámha a chéile. Chuige sin, tá infheistíocht de dhíth, go háirithe infheistíocht ón earnáil phríobháideach. Mar sin féin, beidh ról tábhachtach ag an infheistíocht phoiblí i gcónaí i dtaca le spriocanna an Chomhaontaithe Ghlais a bhaint amach, agus i dtaca leis an rathúnas agus an t-iomaíochas a bheidh againn amach anseo a áirithiú agus uathriail straitéiseach an Aontais a fheabhsú. Ní mór an méid sin a léiriú sa bheartas comhtháthaithe freisin.

3.3.   An boilsciú

3.3.1.

Tá fíor-dhrochthionchar á imirt ag an ardleibhéal boilscithe, rud arb é an t-ardú géar ar phraghsanna fuinnimh thar aon rud eile is cúis leis, ar an lucht oibre agus ar ghnólachtaí, ar an gcobhsaíocht airgeadais, ar an bpaireacht cumhachta ceannaigh, agus ar an gcobhsaíocht eacnamaíoch agus shóisialta. Rud fíorchasta is ea an boilsciú ar domhain agus san Aontas, i dtaca leis an gcúis atá leis agus an réiteach a bheidh air. Is iad na tosca is práinní agus is tábhachtaí a bhaineann leis na scrogaill i bpróiseas an téarnaimh thapa ó chúlú na paindéime, i gcomhthéacs an bheartais airgeadaíochta réidh, mar aon leis an ngéarchéim fuinnimh a d’eascair as ionradh na Rúise ar an Úcráin. Cuireann an boilsciú isteach ar gach gníomhaí eacnamaíoch agus gach grúpa sóisialta, go háirithe an dream is laige agus is mó faoi mhíbhuntáiste. Tá meath ag teacht ar chumhacht cheannaigh na n-oibrithe agus na dtomhaltóirí agus tá corrlaigh bhrabúis an-chuid cuideachtaí ag dul i laghad. Níl brabúis ag dul i méid ach amháin i gcás na n-amhantraithe agus earnálacha eacnamaíocha ar leith, cuir i gcás earnáil an fhuinnimh, a bhfuil ardú tobann ag teacht ar a gcuidsean. Agus iad ag iarraidh déileáil leis an mboilsciú, tá na Ballstáit tar éis cineálacha éagsúla cur chuige a ghlacadh d’fhonn é a choimeád faoi smacht, cuir i gcás tacaíocht chun méadaithe ar phraghasanna in earnáil an bhia a sheachaint, iarracht a dhéanamh ar chothromaíocht a choimeád ó thaobh pá de, mar aon le beartais eacnamaíocha. Ní bhainfimid na spriocanna againne amach go ceann tamall eile, áfach, agus beidh tamall ann sula mbeidh réiteach againn a chaomhnóidh an leas eacnamaíoch agus sóisialta.

3.3.2.

Ní mór do na húdaráis iomaíochta a bheith ar a ndícheall ag iarraidh trédhearcacht praghsanna a áirithiú agus a bheith san airdeall ar theipeanna margaidh a d’fhéadfadh titim amach. Ní mór do na rialtais aire a thabhairt gur ar an anailís eimpíreach is fearr a bhunófar a gcuid ráiteas agus nach ndéanfaidh siad cáineadh gan bhunús ar ghníomhaithe tráchtála mar go bhféadfadh coinbhleacht idir saoránaigh, cuideachtaí, agus comhpháirtithe sóisialta a bheith ina toradh air sin.

3.3.3.

Caithfidh an comhrac i gcoinne an bhoilscithe a bheith ina thosaíocht i dtaca le beartas eacnamaíoch Eorpach comhordaithe idir institiúidí an Aontais agus na rialtais náisiúnta. Agus na beartais airgeadaíochta á ngéarú ag an mBanc Ceannais Eorpach (BCE) agus na bainc cheannais náisiúnta, ní mór dóibh a chur san áireamh nach é an ró-éileamh is cúis leis an bpróiseas boilscithe agus caithfidh siad cinntí a sheachaint a mbeadh cúlú eacnamaíochta nua ina thoradh orthu. Molann CESE do BCE an boilsciú lárnach a ísliú ar bhealach nach gcuirfeadh téarnamh eacnamaíoch an Aontais i mbaol. Mar gheall ar na rioscaí thuasluaite, ba cheart do BCE a bheith ar a airdeall agus é ag leanúint air chun an beartas airgeadaíochta a normalú (3). Ní mór don Aontas agus na rialtais náisiúnta bearta a chur i bhfeidhm a chabhróidh leis na grúpaí is mó faoi mhíbhuntáiste sa phobal agus leis na gcuideachtaí is measa a buaileadh. Caithfear uirlisí lárnacha a dhéanamh den chomhairliúchán trípháirteach, an t-idirphlé sóisialta, agus an chómhargáil agus aghaidh á tabhairt ar an ngéarchéim bhoilscitheach trí chomhroinnt chothrom na ndualgas agus bearta a cheapadh leis an bhfadhb a shárú in earnálacha éagsúla an gheilleagair. Dá bhrí sin, tá CESE i bhfabhar bearta amhail an buaicphraghas fuinnimh chun an claonadh i dtreo an bhoilscithe a mhaolú.

3.4.   Cuspóirí comhshaoil an Aontais/An ghéarchéim fuinnimh

3.4.1.

Leanann CESE den mholadh a bhí aige le cúpla mí anuas: in ainneoin na ngéarchéimeanna nua, ní féidir linn deireadh a chur leis na cuspóirí a leagadh síos ar leibhéal an Aontais: is e sin, an dícharbónú agus an inbhuanaitheacht chomhshaoil. Ní foláir dúinn cuideachtaí agus oibrithe a neartú agus cumhacht a thabhairt do na saoránaigh uile d’fhonn na cuspóirí fadtéarmacha comhshaoil a bhaint amach.

3.4.2.

Dá bhrí sin, tá CESE i bhfabhar bearta chun an claonadh i dtreo an bhoilscithe a mhaolú. Ba cheart praghsanna fuinnimh níos ísle a bheith ar cheann de thosaíochtaí bheartas eacnamaíoch an Aontais. Tá CESE i bhfabhar caidhp a chur ar phraghsanna leictreachais agus gáis agus cuireann sé in iúl gur iarr sé i dtuairimí agus rúin roimhe seo athchóiriú a dhéanamh gan mhoill ar chóras an cheant imeallaigh i margadh mórdhíola an leictreachais, ós rud é gur cleachtas é a chothaíonn boilsciú ann féin. Tá sé ríthábhachtach infheistíocht a dhéanamh san fhuinneamh glas má táthar chun an cuspóir sin a bhaint amach.

3.4.3.

Thíolaic an Coimisiún an Plean REPowerEU maidir le deireadh a chur le spleáchas an Aontais ar an soláthar gáis agus ola ón Rúis, rud ba dhíol sásaimh do CESE, agus d’aontaigh an Coiste leis an gcur chuige ceithre cholún atá dírithe ar fhuinneamh a choigilt, allmhairí gáis a éagsúlú, agus breoslaí iontaise a ionadú trí dhlús a chur le foinsí inathnuaite fuinnimh agus réitigh mhaoiniúcháin (4). Ag an am céanna, tá CESE ag iarraidh go ráthófaí cinnteacht an tsoláthair ag an gcostas is inacmhainne agus is féidir do thomhaltóirí agus don tionscal araon. Tugann CESE le fios gur deis bhreise do na Ballstáit dul i gcomhairle leis an tsochaí shibhialta agus a barúlacha a chur san áireamh is ea modhnú ar na Pleananna Téarnaimh agus Athléimneachta náisiúnta chun caibidil thiomnaithe REPowerEU a thíolacadh.

3.4.4.

Cuireann CESE i bhfáth go mb’fhéidir go mbeadh gá le tuilleadh tionscnamh le háirithiú go ndéanfar a dhóthain caipiteal príobháideach agus poiblí a thabhairt le chéile don aistriú glas. De bhreis air sin, creideann CESE gur gá go mbeadh sé ina thosaíocht an leas a bhaintear as na cistí atá ann cheana féin a chomhordú níos fearr. Bheadh an próiseas cumarsáide i dtaca leis an tsaincheist seo ina uirlis an-úsáideach chun na saoránaigh a spreagadh le tabhairt faoi sprioc chomhchoiteann.

3.5.   Géarchéim shóisialta agus eacnamaíoch/easpa scileanna agus daoine cáilithe

3.5.1.

Tá an ráta dífhostaíochta san Aontas ag 6 %, ach mar sin féin, tá sé ag cinneadh orainn teacht ar dhaoine a bhfuil na scileanna riachtanacha acu a áiritheoidh atógáil agus athléimneacht gheilleagar an Aontais, agus a chabhróidh linn an dá chuspóir aistrithe a bhaint amach. Níl a dhóthain daoine oilte chun jabanna lárnacha a dhéanamh i roinnt tíortha, mar gheall go bhfuil a lán daoine óga a thugann an bád bán orthu féin ar tóir oibre i dtíortha eile. Sa bhreis ar an oiliúint atá le cur chun cinn, is fíor go gcailltear sciar mór d’fhostaithe oilte i ndiaidh oiliúint a chur orthu. D’fhonn uathriail straitéiseach an Aontais a neartú, b’fhiú cuid de na línte táirgthe a athbhunú san Eoraip, ach an fhadhb atá ann nach bhfuil a dhóthain daoine oilte ann chun dul ag obair sna monarchana sin san Eoraip. Ní mór aghaidh a thabhairt ar an gceist seo ar bhonn leanúnach.

3.5.2.

Cuireann CESE i bhfios go láidir gurb é ceann de na bealaí is fearr chun daoine ardcháilithe a mhealladh postanna ar ardchaighdeán a sholáthar. Pá maireachtála cóir, caidrimh fhoirmiúla oibre a áirithiú ar mhaithe le dálaí forbhásacha oibre a sheachaint, cláir chuimsitheacha uas-scilithe a chur ar fáil, dálaí sláinte agus sábháilteachta den scoth a sholáthar, iarracht a dhéanamh ar chothromaíocht inscne a bhaint amach, mar aon le cosaint leordhóthanach shóisialta ar leibhéal náisiúnta a áirithiú; is cuspóirí iad seo uile iontu féin, ach sa bhreis air sin is bunús iad d’fhorbairt fhabhrach eacnamaíoch agus pholaitiúil. De bhreis air sin, iarrann CESE go mbainfí úsáid as beartais atá cothromaithe agus comhcheangailte (idir córais oiliúna phoiblí agus phríobháideacha chun leas a bhaint as na hacmhainní atá ar fáil) i gcomhthéacs na hoiliúna agus an uas-scilithe.

3.6.   Fiachas agus infheistíochtaí poiblí agus príobháideacha

3.6.1.

Tá géarghá ag an Aontas le hinfheistíocht phoiblí agus phríobháideach le cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip agus an aistrithe dhigitigh a bhaint amach, le dlús a chur leis an aistriú fuinnimh, agus le tabhairt faoi dhúshláin úra na huathrialach straitéisí. Ar thaobh amháin, ní mór don Aontas an t-easnamh infheistíochta atá ann le deich mbliana anuas a shárú, agus ar an taobh eile de, ní mór do thromlach na mBallstát a n-easnamh poiblí agus a bhfiachas a laghdú. Caithfear déanamh amhlaidh ar bhealach an-tomhaiste ach cinntitheach.

3.6.2.

Ag an am céanna, sula ndéanfaí méadú neamhghnách ar acmhainní an Aontais le haghaidh infheistíocht phoiblí agus chun infheistíocht phríobháideach a chur chun cinn, creideann an Coiste go bhfuil sé riachtanach na hacmhainní uile atá ann cheana féin sna cláir éagsúla – Cistí Struchtúracha agus Comhtháthaithe, an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, InvestEU, etc. – a chur chun lántairbhe. Chuige sin, ba cheart an tsolúbthacht is mó is féidir a éascú i dtaca lena n-úsáid – ó thaobh cuspóirí agus spriocdhátaí an chuir chun feidhme de – a fhad is gur féidir dianfhaireachán a dhéanamh ar a gcur chun feidhme cuí. Tá CESE den bharúil gur smaoineamh spéisiúil iad na comhthionscadail idir na Ballstáit, i dtaca leis an infheistíocht agus athchóirithe struchtúracha a spreagadh.

3.6.3.

Cuireann CESE i bhfios go láidir go bhfuil gá le dul chun cinn chun na Margaí Caipitil agus an Aontais Baincéireachta a chur i gcrích ionas go ráthófar earnáil airgeadais agus margaí dea-fheidhmiúla, rud atá ríthábhachtach más áil leis na hinfheistíochtaí móra a bheidh ag teastáil don aistriú glas agus don aistriú digiteach a chistiú. Dá ndéanfaí doimhniú ar Aontas na Margaí Caipitil agus ar an Aontas Baincéireachta, agus dá mbunófaí clár oibre airgeadais atá inbhuanaithe ag an am céanna leis, dhéanfaí comhdhlúthú ar na bealaí cistiúcháin, spreagfaí iarrachtaí infheistíochta, agus chuirfí leis an athléimneacht.

3.6.4.

Tá géarchéim COVID-19 agus ionradh na Rúise tar éis tionchar suntasach diúltach a imirt ar an gcomhardú seachtrach. Tá CESE ag iarraidh go ndéanfaí méadú ar an infheistíocht agus go mbeadh sí faoi deara iomaíochas an Aontais.

3.6.5.

Tá CESE den tuairim gur cheart do na Ballstáit úsáid níos éifeachtúla a bhaint as na hacmhainní atá ar fáil cheana sula n-iarrfaidh siad cinn nua. De bhreis air sin, iarrann CESE a thuilleadh solúbthachta i dtaca leis an leas a bhaintear as cistí airgeadais an Aontais lena n-atreorú mura féidir iad a úsáid chun na gcríoch a ceapadh dóibh an chéad lá nó i gcás go dteastaíonn oiriúnú de dheasca dúshláin eacnamaíocha, chomhshaoil, nó chosanta. I gcás inar gá, ba cheart don Aontas na dálaí agus na hionstraimí iomchuí a chruthú leis an infheistíocht phoiblí a mhéadú agus lena thuilleadh infheistíocht phríobháideach a spreagadh. Ní mór an méid sin a dhéanamh agus cuspóirí comhchoiteanna straitéise agus uathrialach ina sprioc, gan an bonn a bhaint ó fheidhmiú mhargadh aonair an Aontais ná é a chur ó chothrom. De bhreis air sin, leagann CESE béim ar an ngá atá lena thuilleadh éifeachtúlachta san úsáid a bhaintear as na acmhainní airgeadais a leithdháiltear: ní mór do na Ballstáit a ghabhadh orthu féin míniú a thabhairt ar mar a chaitear na hacmhainní airgeadais sin. Leagann CESE béim freisin ar thábhacht an bhailithe éifeachtúil ioncaim i gcomhthéacs na hinbhuanaitheachta airgeadais. Cuir i gcás, is cúiseanna eile leis an damáiste do na buiséid phoiblí an phleanáil ionsaitheach cánach agus an chalaois. I ndeireadh na dála, is é an fás inbhuanaithe cuimsitheach an bonn is fearr leis an gcobhsaíocht fhioscach. D’ainneoin an mhéid thuas, le plean tionsclaíoch an Chomhaontaithe Ghlais a chur i gcrích agus le cuspóir na huathrialach straitéisí fuinnimh agus tionsclaíochta a bhaint amach, agus bunphrionsabail an mhargaidh aonair á n-urramú, beidh gá lena thuilleadh cistiúcháin Eorpaigh, mar a moladh i rún ó CESE a glacadh i mí na Bealtaine 2022 (5).

An Bhruiséil, an 23 Feabhra 2023.

Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

Christa SCHWENG


(1)  Déanfar achoimre ar na torthaí agus déanfar moltaí beachta a fhorbairt i dtuairim féintionscnaimh a chuirfear faoi bhráid an tseisiúin iomlánaigh i mí Aibreáin 2023.

Tuairim féintionscnaimh ó CESE – Moltaí CESE maidir le hathchóiriú láidir ar an Seimeastar Eorpach (ECO/600), a thíolacfar le haghaidh glactha i mí Aibreán 2023.

(2)  Tuarascáil athbhreithnithe ar chur chun feidhme na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta – 29.7.2022.

(3)  Tuairim ó CESE Breithnithe breise maidir le beartas eacnamaíoch an limistéir euro 2022 (IO C 75, 28.2.2023, lch. 43).

(4)  Tuairim ó CESE – Plean REPowerEU, a glacadh an 21.9.2022 (IO C 486, 21.12.2022, lch. 185).

(5)  IO C 323, 26.8.2022, lch. 1.


Top