Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52021PC0769

Togra le haghaidh TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leagtar síos na toisí údaraithe uasta sa trácht náisiúnta agus idirnáisiúnta agus na meáchain údaraithe uasta sa trácht idirnáisiúnta le haghaidh feithiclí bóthair áirithe atá i gcúrsaíocht laistigh den Aontas (códú)

COM/2021/769 final

An Bhruiséil,7.12.2021

COM(2021) 769 final

2021/0400(COD)

Togra le haghaidh

TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leagtar síos na toisí údaraithe uasta sa trácht náisiúnta agus idirnáisiúnta agus na meáchain údaraithe uasta sa trácht idirnáisiúnta le haghaidh feithiclí bóthair áirithe atá i gcúrsaíocht laistigh den Aontas (códú)


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.I gcomhthéacs Eoraip na ndaoine, cuireann an Coimisiún an-bhéim ar shimpliú agus ar shoiléiriú dhlí an Aontais ionas go mbeidh sé níos soiléire agus níos so-aimsithe do na saoránaigh agus, dá réir sin, go gcruthófar deiseanna nua dóibh agus seans úsáid a bhaint as na cearta sonracha a bhronnann sé orthu.

Ní féidir an aidhm seo a bhaint amach fad atá líon mór forálacha ann a leasaíodh roinnt uaireanta, agus leasuithe suntasacha a bheith i gceist go minic, scaipthe anseo agus ansiúd, rud a fhágann go mbíonn gá le cuardach a dhéanamh ar roinnt de na forálacha sin san ionstraim bhunaidh agus ar roinnt eile acu in ionstraimí leasaitheacha níos déanaí. Is gá, dá bhrí sin, mórobair thaighde a dhéanamh, i bhfoirm comparáide idir cuid mhór ionstraimí éagsúla, chun na rialacha atá i bhfeidhm faoi láthair a shainaithint.

Ar an gcúis sin, tá sé bunriachtanach códú a dhéanamh ar rialacha a leasaíodh go minic má tá an dlí le bheith soiléir trédhearcach.

2.    Chinn an Coimisiún an 1 Aibreán 1987 1 treoir a thabhairt dá fhoireann á rá gur cheart gach gníomh reachtach a chódú i ndiaidh deich leasú ar a mhéad, agus cuireadh i bhfios dóibh gur bunriachtanas é sin agus gur cheart do na ranna féachaint le códú a dhéanamh ar bhonn eatramh níos giorra ná sin ar na téacsanna a bhfuil siad freagrach astu lena chinntiú go mbeidh na forálacha atá iontu soiléir sothuigthe.

3.Dearbhaíodh an méid sin i gConclúidí Uachtaránacht na Comhairle Eorpaí i nDún Éideann (Nollaig 1992) 2 agus cuireadh i bhfios an tábhacht a bhaineann le códú mar go dtugann sé cinnteacht faoin dlí is infheidhme maidir le hábhar ar leith tráth ar leith.

Ní foláir an nós imeachta coitianta a bhaineann le glacadh ghníomhartha an Aontais a chomhlíonadh go huile agus go hiomlán agus an códú á dhéanamh.

Ós rud é nach ceadmhach aon athrú a dhéanamh ar shubstaint na n-ionstraimí a mbeidh tionchar ag an gcódú orthu, tháinig Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún ar chomhaontú, i gcomhaontú idirinstitiúideach an 20 Nollaig 1994, go bhféadfaí nós imeachta brostaithe a úsáid chun ionstraimí códúcháin a ghlacadh go mear.

4.Is é is cuspóir don togra seo códú a dhéanamh ar Threoir 96/53/CE ón gComhairle an 25 Iúil 1996 lena leagtar síos na toisí údaraithe uasta sa trácht náisiúnta agus idirnáisiúnta agus na meáchain údaraithe uasta sa trácht idirnáisiúnta le haghaidh feithiclí bóthair áirithe atá i gcúrsaíocht laistigh den Chomhphobal 3 . Glacfaidh an Treoir nua ionad na ngníomhartha éagsúla a chuimsítear ann 4 ; caomhnaíonn an togra seo go huile agus go hiomlán inneachar na ngníomhartha atá á gcódú agus, ar an ábhar sin, ní dhéanann sé ach iad a thabhairt le chéile agus gan ach na hathruithe foirmiúla sin a dhéanamh a bhfuil gá leo le haghaidh an phróisis códúcháin féin.

5.Rinneadh an togra códúcháin a dhréachtú ar bhonn réamh-chomhdhlúthú, i 24 theanga oifigiúla, ar Threoir 96/53/CE agus ar na hionstraimí lena leasaítear í agus is í Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh a rinne an comhdhlúthú sin trí bhíthin córas próiseála sonraí. I gcás uimhreacha nua a bheith tugtha do na hAirteagail, taispeántar an comhghaol idir an tseanuimhir agus an uimhir nua i dtábla a leagtar amach in Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Treoir chódaithe.

🡻 96/53 (oiriúnaithe)

2021/0400 (COD)

Togra le haghaidh

TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leagtar síos na toisí údaraithe uasta sa trácht náisiúnta agus idirnáisiúnta agus na meáchain údaraithe uasta sa trácht idirnáisiúnta le haghaidh feithiclí bóthair áirithe atá i gcúrsaíocht laistigh den Aontas (códú)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 91 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa 5 ,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún 6 ,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

🡻 96/53 aithris 2 (oiriúnaithe)

(1)Rinneadh Treoir 96/53/CE ón gComhairle 7 a leasú go substaintiúil roinnt uaireanta 8 . Ar mhaithe le soiléireacht agus le réasúntacht, ba cheart an Treoir sin a chódú.

🡻 2002/7 aithris 1 (oiriúnaithe)

(2)Le Treoir 96/53/CE, faoi chuimsiú an chomhbheartais iompair, bunaíodh meáchain agus toisí uasta comhchuibhithe maidir le feithiclí i ndáil le cúrsaíocht feithiclí bóthair a iompraíonn paisinéirí nó earraí.

🡻 96/53 aithris 9 (oiriúnaithe)

(3)Is gá coincheap an ‘ualaigh doroinnte’ a shoiléiriú ionas go n‑áiritheofar cur i bhfeidhm aonfhoirmeach na Treorach seo i ndáil le ceadanna le haghaidh feithiclí nó cónasc feithiclí a iompraíonn ualaí den sórt sin.

🡻 96/53 aithris 10

(4)Úsáidtear an tona go huilíoch agus tuigtear gurb é an t‑aonad tomhais le haghaidh mheáchan na feithicle é, agus dá bhrí sin cuirtear i bhfeidhm é sa Treoir seo, cé go n‑aithnítear gurb é an niúntan an t‑aonad foirmiúil meáchain.

🡻 96/53 aithris 11 (oiriúnaithe)

(5) D’fhonn feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a áirithiú, ba cheart an t‑iompar náisiúnta a chumhdach faoi raon feidhme na Treorach seo a mhéid a bhaineann sé le hairíonna a dhéanann difear suntasach do na coinníollacha iomaíochta in earnáil an iompair agus go háirithe leis na luachanna maidir le fad uasta agus leithead uasta údaraithe feithiclí agus cónasc feithiclí ar le haghaidh paisinéirí nó earraí a iompar a ceapadh iad.

🡻 96/53 aithris 12

(6)I gcás na n‑airíonna eile a bhaineann le feithiclí, luachanna atá éagsúil leis na luachanna a leagtar síos sa Treoir seo, níl na Ballstáit údaraithe leis na luachanna sin a chur i bhfeidhm ina gcríoch ach maidir le feithiclí ar sa trácht náisiúnta a úsáidtear iad.

🡻 2002/7 aithris 6

(7)Ar mhaithe le sábháilteacht ar bhóithre, ba cheart do bhusanna critéir feidhmíochta a chomhlíonadh maidir lena so-ionramháilteacht.

🡻 96/53 aithris 13 (oiriúnaithe)

(8)Traenacha bóthair a bhaineann úsáid as córais chúplála insínte, baineann siad fad uasta 18,75 m amach iarbhír nuair a shíntear go hiomlán iad. Ba cheart an fad uasta céanna a údarú maidir le traenacha bóthair a bhaineann úsáid as córais cúplála fhosaithe.

🡻 96/53 aithris 16

(9)Chun damáiste iomarcach do bhóithre a chosc agus chun an tso-ionramháilteacht a áirithiú, is don aerchrochadh nó do chrochadh coibhéiseach ba cheart tús áite a thabhairt agus feithiclí á n‑údarú agus á n‑úsáid, seachas don chrochadh meicniúil. Níor cheart dul thar uasualaí áirithe acastóra, agus ní mór don fheithicil a bheith in ann casadh 360° laistigh de theorainnluachanna áirithe i ndáil leis an gconair a leanfar.

🡻 96/53 aithris 17 (oiriúnaithe)

(10)Maidir le hiompar náisiúnta earraí, i gcás feithiclí nó cónaisc feithiclí a n‑imíonn a gcuid toisí uathu sin a leagtar síos sa Treoir seo, ba cheart a cheadú do na Ballstáit cead a thabhairt d’fheithiclí dá leithéid dul i gcúrsaíocht ina gcríoch ach na hoibríochtaí iompair a dhéanann na feithiclí sin, iad a bheith sainmhínithe leis an Treoir seo mar oibríochtaí nach ndéanann difear suntasach d’iomaíocht idirnáisiúnta in earnáil an iompair, ⌦ eadhon, ⌫ oibríochtaí a dhéanann sainfheithiclí agus oibríochtaí ar de réir coincheap modúlach a dhéantar iad.

🡻 96/53 aithris 19

(11)Feithiclí nó cónaisc feithiclí ar cuireadh teicneolaíochtaí nó coincheapa nua i bhfeidhm agus iad á dtógáil, rud a rinneadh de réir caighdeán a imíonn uathu sin a leagtar síos leis an Treoir seo, ba cheart ceadú dóibh oibríochtaí iompair áitiúla a dhéanamh ar feadh tréimhse trialach ionas go mbeifear in ann brabús a bhaint ar an dul chun cinn teicniúil.

🡻 96/53 aithris 23

(12)Chun faireachán ar chomhlíonadh na Treorach seo a éascú, is gá a áirithiú go n‑iompróidh feithiclí cruthúnas ar an gcomhlíonadh sin.

🡻 2015/719 aithris 1

(13)Ní mór béim a leagan ar an ngá atá le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú, astaíochtaí dé-ocsaíde carbóin (CO2) go háirithe, leis an tsábháilteacht ar bhóithre a fheabhsú, leis an reachtaíocht ábhartha a chur in oiriúint d’fhorbairtí teicneolaíochta agus do riachtanais an mhargaidh, riachtanais a bhíonn ag athrú, le hoibríochtaí iompair idirmhódúil a éascú, agus le hiomaíocht neamhshaofa a áirithiú agus an bonneagar bóithre a chosaint agus an méid sin á dhéanamh.

🡻 2015/719 aithris 2 (oiriúnaithe)

(14)De bharr forbairtí teicneolaíocha, is féidir gairis aeraidinimiciúla intarraingthe nó infhillte a cheangal de chúl feithiclí. Mar sin féin, is é an toradh a bheadh air sin go sárófaí na faid uasta. Na faid uasta a cheadaítear faoi Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir seo, is gá maolú a dhéanamh orthu chun suiteáil na ngaireas sin a cheadú.

🡻 2015/719 aithris 3 (oiriúnaithe)

(15)Dá gcuirfí feabhas ar aeraidinimic cábán mótarfheithiclí, bheifí in ann dul chun cinn suntasach a dhéanamh i ndáil le feidhmíocht fuinnimh feithiclí, rud ab fhéidir a dhéanamh le cúnamh gaireas aeraidinimiciúil intarraingthe nó infhillte agus iad ceangailte de chúl feithiclí. Tá gá freisin le maolú ar na faid uasta a leagtar síos le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir seo. Níor cheart an maolú sin a úsáid chun toilleadh ualaigh na feithicle a mhéadú.

🡻 2015/719 aithris 6 (oiriúnaithe)

(16)Is éard atá i ngléasraí cumhachta malartacha, lena n‑áirítear gléasraí cumhachta hibrideacha, na gléasraí cumhachta sin a tharraingíonn fuinneamh as breosla inídithe chun críche tiomána meicniúla, as sin agus/nó as ceallra nó gaireas stórála cumhachta leictreach nó meicniúil eile. Na gléasraí sin a úsáid le haghaidh feithiclí tromshaothair nó busanna, is féidir go bhfágfadh sin go mbeadh meáchan breise sna feithiclí, ach is rud é a laghdaítear an truailliú dá bharr. Níor cheart an meáchan breise sin a áireamh mar chuid d’ualach éifeachtach na feithicle, mar is pionós i dtéarmaí eacnamaíocha ar earnáil an iompair de bhóthar a bheadh ansin. Mar sin féin, níor cheart toilleadh ualaigh na feithicle a mhéadú de bharr an mheáchain bhreise freisin.

🡻 2015/719 aithris 7

(17)Feithiclí a bheidh ann amach anseo a úsáidfidh breoslaí malartacha (feithiclí ar troime a gcuid gléasraí cumhachta ná na gléasraí cumhachta a úsáidtear i bhfeithiclí a bhreoslaítear ar an ngnáthbhealach), b’fhéidir gur tairbhe dóibhsean freisin liúntas meáchain breise a bheith ann. Dá bhrí sin, féadfar breoslaí malartacha den sórt sin a áireamh sa liosta breoslaí malartacha dá bhforáiltear leis an Treoir seo, ach gá a bheith le liúntas meáchain breise de bharr a n‑úsáide.

🡻 2015/719 aithris 8 (oiriúnaithe)

(18)Na meáchain údaraithe uasta agus na toisí údaraithe uasta le haghaidh feithiclí agus cónasc feithiclí a leagtar síos in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir seo, ba cheart foráil a dhéanamh maidir le maoluithe ar na meáchain agus na toisí sin. Mar sin féin, ba cheart na Ballstáit a bheith in ann cúrsaíocht feithiclí áirithe i gcodanna sonracha dá ngréasán bóithre a shrianadh ar chúiseanna a bhaineann leis an tsábháilteacht ar bhóithre nó le saintréithe bonneagair.

🡻 2015/719 aithris 9 (oiriúnaithe)

(19)I réimse an choimeádánaithe, tá méadú ag teacht i rith an ama ar an úsáid a bhaintear as coimeádáin 45 troithe. Bíonn na coimeádáin sin ar iompar ag gach modh iompair. Ach 15 cm a chur le fad údaraithe na bhfeithiclí a iompraíonn na coimeádáin sin, b’fhéidir oibríochtaí iompair idirmhódúil a éascú gan baol ná dochar don bhonneagar bóithre ná d’úsáideoirí eile bóthair. An sainmhíniú a thugtar ar oibríochtaí iompair idirmhódúil sa Treoir seo, tá sé gan dochar don obair maidir le Treoir 92/106/CEE ón gComhairle a athbhreithniú 9 .

🡻 2015/719 aithris 10

(20)Ionas go gcuirfear oibríochtaí iompair idirmhódúil chun cinn tuilleadh agus go gcuirfear san áireamh an meáchan neamhualaithe atá i gcoimeádáin nó cabhlacha soghluaiste dar fad suas le 45 troithe, mótarfheithiclí trí acastóir lena ngabhann leathleantóirí dhá nó trí acastóir, ba cheart a gcúrsaíocht sin a cheadú suas le meáchan údaraithe iomlán 44 thonna. Mótarfheithiclí dhá acastóir lena ngabhann leathleantóirí trí acastóir agus a iompraíonn coimeádáin nó cabhlacha soghluaiste dar fad suas le 45 troithe, ba cheart na feithiclí sin a cheadú in oibríochtaí iompair idirmhódúil suas le meáchan údaraithe iomlán 42 thonna.

🡻 2015/719 aithris 12

(21)Sáruithe i ndáil le feithiclí ró‑ualaithe, ní mór do na Ballstáit aghaidh a thabhairt ar bhealach leordhóthanach ar na sáruithe sin ionas go seachnófar aon saobhadh iomaíochta agus go n‑áiritheofar an tsábháilteacht ar bhóithre.

🡻 2015/719 aithris 13 (oiriúnaithe)

(22)Chun iomaíocht neamhshaofa a áirithiú idir oibreoirí agus chun feabhas a chur ar bhrath sáruithe, feithiclí nó cónaisc feithiclí atá i gcúrsaíocht ar dócha go bhfuil na teorainneacha meáchain lena mbaineann sáraithe acu agus ar cheart dá bhrí sin iad a sheiceáil, ba cheart do na Ballstáit bearta sonracha a dhéanamh chun na feithiclí nó na cónaisc feithiclí sin a shainaithint. Is féidir an sainaithint sin a dhéanamh trí mheicníochtaí meáite is cuid den bhonneagar bóithre, nó trí bhraiteoirí a bheadh ar bord feithiclí agus a chuirfeadh sonraí in iúl go cianda do na húdaráis ábhartha. Ba cheart sonraí ar bord den sórt sin a chur ar fáil don tiománaí freisin. Gach bliain, ba cheart do gach Ballstát líon iomchuí seiceálacha a dhéanamh maidir le meáchan feithiclí. Ba cheart líon na seiceálacha sin a bheith i gcomhréir le líon iomlán na bhfeithiclí a ndéantar cigireacht orthu gach bliain sa Bhallstát lena mbaineann.

🡻 2015/719 aithris 15

(23)Ionas go mbeidh seiceálacha maidir le meáchan feithiclí nó cónasc feithiclí níos éifeachtaí ar an leibhéal idirnáisiúnta, agus ionas go n‑éascófar oibriú rianúil na seiceálacha sin, tá sé tábhachtach go malartóidh údaráis inniúla na mBallstát faisnéis le chéile. An pointe teagmhála atá ainmnithe i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1071/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 10 , is é ba cheart a úsáid le haghaidh na malartuithe faisnéise sin.

🡻 2015/719 aithris 14

(24)Chun comhlíonadh na Treorach seo a áirithiú, ba cheart do na Ballstáit rialacha a leagan síos maidir le pionóis i leith sáruithe ar an Treoir seo agus ba cheart dóibh cur chun feidhme na bpionós sin a áirithiú. Ba cheart na pionóis sin a bheith éifeachtach, neamh‑idirdhealaitheach, comhréireach agus athchomhairleach.

🡻 2015/719 aithris 16

(25)Ba cheart Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle a chur ar an eolas go tráthrialta faoi na seiceálacha maidir le trácht ar bhóithre a dhéanann údaráis inniúla na mBallstát. An fhaisnéis seo a sholáthróidh na Ballstáit, cuirfidh sí ar chumas an Choimisiúin a chinntiú go gcomhlíonfaidh tarlóirí na rialacha dá bhforáiltear leis an Treoir seo, agus a chinneadh ar cheart bearta comhéigneacha breise a fhorbairt nó nár cheart.

🡻 2015/719 aithris 19 (oiriúnaithe)

(26)Chun liosta na mbreoslaí malartacha a chuimsítear sa Treoir seo a thabhairt cothrom le dáta i bhfianaise na bhforbairtí teicneolaíochta is déanaí, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 de Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n‑áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr 11 . Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

🡻 2015/719 aithris 17

(27)Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú le haghaidh chur chun feidhme na Treorach seo, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 12 .

🡻 2015/719 aithris 18

(28)Gníomhartha cur chun feidhme a bhaineann leis na ceanglais oibríochtúla maidir le gairis aeraidinimiciúla a úsáid nó le sonraíochtaí mionsonraithe i ndáil le trealamh meáite ar bord, níor cheart don Choimisiún gníomhartha dá leithéid a ghlacadh i gcás nach dtabharfaidh an coiste a bhunaítear leis an Treoir seo aon tuairim uaidh maidir leis an dréachtghníomh cur chun feidhme a chuir an Coimisiún faoina bhráid.

🡻 2015/719 aithris 20

(29)Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí na Treorach seo a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr fhairsinge agus éifeachtaí na Treorach, gur fearr is féidir na cuspóirí sin a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Treoir seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

🡻 96/53 aithris 24 (oiriúnaithe)

(30)Ba cheart nár dhochar an Treoir seo d’oibleagáidí na mBallstát maidir leis na teorainneacha ama chun na Treoracha a leagtar amach i gCuid B d’Iarscríbhinn IV a thrasuí sa dlí náisiúnta,

🡻 96/53

TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1. Tá feidhm ag an Treoir seo maidir leis an méid seo a leanas:

🡻 2015/719 Airt. 1.1 (oiriúnaithe)

(a)toisí mótarfheithiclí i gcatagóirí M2 agus M3 agus a gcuid leantóirí i gcatagóir 0, agus mótarfheithiclí i gcatagóirí N2 agus N3 agus a gcuid leantóirí i gcatagóirí 03 agus 04, catagóirí a aicmítear in Airteagal 4 de Rialachán (AE) 2018/858 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 13 ;

🡻 96/53 (oiriúnaithe)

(b)meáchain agus airíonna áirithe eile na bhfeithiclí dá dtagraítear i bpointe (a) agus a shonraítear i bpointe (2) d’Iarscríbhinn I.

2. Na luachanna meáchain ar fad a shonraítear in Iarscríbhinn I, is caighdeáin chúrsaíochta bhailí atá iontu agus dá bhrí sin is do choinníollacha lódála a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 1230/2012 ón gCoimisiún a thagraíonn siad, seachas do choinníollacha táirgeachta 14 .

🡻 2002/7 Airt. 1.1(b) (oiriúnaithe)

3. ⌦ Níl ⌫ feidhm ag an Treoir seo maidir le busanna altacha ina bhfuil níos mó ná cuid altach amháin.

🡻 96/53 (oiriúnaithe)

Airteagal 2

Chun críocha na Treorach seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)ciallaíonn ‘mótarfheithicil’ aon fheithicil chumhacht‑thiomáinte a thaistealaíonn ar an mbóthar as a lúth féin;

(2)ciallaíonn ‘leantóir’ aon fheithicil, cé is moite de leathleantóirí, atá ceaptha le bheith cúpláilte le mótarfheithicil, agus ar le haghaidh iompar earraí a rinneadh agus a feistíodh í;

(3)ciallaíonn ‘leathleantóir’ aon fheithicil atá ceaptha le bheith cúpláilte le mótarfheithicil sa tslí go luíonn cuid di ar an mótarfheithicil agus gurb í an mhótarfheithicil a iompraíonn cuid mhór dá mheáchan agus den mheáchan atá san ualach, agus ar le haghaidh iompar earraí a rinneadh agus a feistíodh í;

(4)ciallaíonn ‘cónaisc feithiclí’:

(a)traein bhóthair ina bhfuil mótarfheithicil atá cúpláilte le leantóir;

(b)feithicil altach ina bhfuil mótarfheithicil atá cúpláilte le leathleantóir;

(5)ciallaíonn ‘feithicil chóirithe’ aon fheithicil ar feistíodh a gcuid forstruchtúr fosaithe nó inchorraithe go sonrach le haghaidh iompar earraí ag teochtaí rialaithe agus a bhfuil a gcuid taobh‑bhallaí, insliú san áireamh, 45 mm ar tiús ar a laghad;

(6)ciallaíonn ‘bus’ feithicil ina bhfuil níos mó ná naoi suíochán, suíochán an tiománaí san áireamh, agus ar le haghaidh paisinéirí agus a gcuid bagáiste a iompar a rinneadh agus a feistíodh í. Is féidir deic amháin nó dhá dheic a bheith inti agus ina theannta sin féadfaidh sí leantóir bagáiste a tharraingt;

(7)ciallaíonn ‘bus altach’ bus ina bhfuil dhá chuid dhochta agus iad ceangailte dá chéile ag roinn altach. Ar an gcineál seo feithicle, beidh idirchumarsáid ann idir urrann paisinéirí an dá chuid dhochta. Fágfaidh an chuid altach go mbeidh saorghluaiseacht ag na taistealaithe idir an dá chuid dhochta. Ní bheifear in ann an dá chuid a nascadh agus a dhínascadh ach i gceardlann;

(8)ciallaíonn ‘toisí údaraithe uasta’ na toisí uasta maidir le húsáid feithicle a leagtar síos in Iarscríbhinn I;

(9)ciallaíonn ‘meáchan údaraithe uasta’ an meáchan uasta maidir le húsáid feithicle ualaithe sa trácht idirnáisiúnta;

(10)ciallaíonn ‘meáchan acastóra údaraithe uasta’ an meáchan uasta maidir le hacastóra ualaithe nó grúpa acastóirí ualaithe a úsáid sa trácht idirnáisiúnta;

(11)ciallaíonn ‘ualach doroinnte’ ualach nach féidir, chun críche iompair de bhóthar, a roinnt ina dhá ualach nó níos mó gan costas míchuí ná baol damáiste agus nach féidir, mar gheall ar a a chuid thoisí nó an mhais atá ann, a iompar le mótarfheithicil, leantóir, traein bhóthair nó feithicil altach a chomhlíonann an Treoir seo ar gach bealach;

(12)ciallaíonn ‘tona’ meáchan maise tona agus beidh sé comhfhreagrach do 9.8 ciliniútan (kN);

🡻 2015/719 Airt. 1.2(a) (oiriúnaithe)

(13)ciallaíonn ‘breoslaí malartacha’ breoslaí nó foinsí cumhachta is féidir a úsáid, i bpáirt ar a laghad, in ionad foinsí ola iontaise sa soláthar fuinnimh le haghaidh iompair, agus arb acmhainn dóibh cur le dícharbónú an iompair agus feabhas a chur ar fheidhmíocht na hearnála iompair ó thaobh an chomhshaoil de – ar na breoslaí agus na foinsí sin, áirítear na nithe seo a leanas:

(a)an leictreachas a thomhailtear i ngach cineál feithicle leictrí;

(b)an hidrigin;

(c)an gás nádúrtha, lena n‑áirítear an bithmheatán, i bhfoirm ghásach (Gás Nádúrtha Comhbhrúite – GNC) agus i bhfoirm leachtaithe (Gás Nádúrtha Leachtaithe – GNL);

(d)Gás Peitriliam Leachtaithe (GPL);

(e)fuinneamh meicniúil ó stóráil ar bord nó ó fhoinsí ar bord, lena n‑áirítear teas dramhaíola;

(14)ciallaíonn ‘feithicil a úsáideann breoslaí malartacha’ feithicil a chumhachtaítear le breosla malartach go hiomlán nó go páirteach agus a formheasadh faoi chuimsiú Rialachán (AE) 2018/858;

🡻 2019/1242 Airt. 20.1 (oiriúnaithe)

(15)ciallaíonn ‘feithicil astaíochtaí nialasacha’ feithicil tromshaothair astaíochtaí nialasacha mar a shainmhínítear in Airteagal 3, point 11 de Rialachán (AE) 2019/1242 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 15 ;

🡻 2015/719 Airt. 1.2(a) (oiriúnaithe)

(16)ciallaíonn ‘oibríocht iompair idirmhódúil’:

(a)na hoibríochtaí iompair chomhcheangailte a shainmhínítear in Airteagal 1 de Threoir 92/106/CEE agus a bhíonn an gabháil d’iompar coimeádáin nó cabhlaigh shoghluaiste amháin nó níos mó dar fad uasta iomlán suas le 45 troithe; nó

(b)oibríochtaí iompair a bhíonn ag gabháil d’iompar coimeádáin nó cabhlaigh shoghluaiste amháin nó níos mó dar fad uasta iomlán suas le 45 troithe, arb oibríochtaí iad ina n‑úsáidtear iompar d’uisce, ar choinníoll nach mó ná 150 km i gcríoch an Aontais atá i bhfad na céime tosaigh nó na céime deiridh bóthair. Féadfar dul thar 150 km chun teacht chomh fada leis an gcríochfort iompair oiriúnach is gaire le haghaidh na seirbhíse atá beartaithe i gcás:

(i)feithiclí a chomhlíonann pointe 2.2.2(a) nó (b) d’Iarscríbhinn I;

(ii)feithiclí a chomhlíonann pointe 2.2.2(c) nó (d) d’Iarscríbhinn I, i gcásanna ina gceadaítear na hachair sin sa Bhallstát lena mbaineann.

I gcás oibríochtaí iompair idirmhódúil, an críochfort iompair oiriúnach is gaire a sholáthraíonn seirbhís, is féidir é a bheith lonnaithe i mBallstát eile seachas an Ballstát inar luchtaíodh nó inar díluchtaíodh an lastas;

(17)ciallaíonn 'lastóir' eintiteas dlítheanach nó duine nádúrtha nó dlítheanach a ainmnítear ina lastóir ar an mbille luchta nó ar dhoiciméad iompair coibhéiseach, amhail bille luchta ó thús deirdh, agus/nó arb ina ainm nó thar a cheann a cuireadh conradh iompair i gcrích leis an gcuideachta iompair.

🡻 96/53

Gach toise údaraithe uasta a shonraítear in Iarscríbhinn I, is i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/858 a dhéanfar é a thomhas, gan aon lamháltas dearfacha.

Airteagal 3

1. Feithiclí a cláraíodh nó a cuireadh i gcúrsaíocht in aon Bhallstát eile,

–ní fhéadfaidh Ballstát úsáid na bhfeithiclí sin sa trácht idirnáisiúnta ina chríoch féin a dhiúltú ná a thoirmeasc ar chúiseanna a bhaineann lena meáchain agus lena gcuid toisí,

🡻 2002/7 Airt. 1.2

–ná úsáid na bhfeithiclí sin sa trácht náisiúnta ina chríoch féin a dhiúltú ná a thoirmeasc ar chúiseanna a bhaineann lena gcuid toisí,

🡻 96/53 (oiriúnaithe)

ar choinníoll go gcomhlíonann na feithiclí sin na teorainnluachanna a shonraítear in Iarscríbhinn I.

Beidh feidhm ag an bhforáil seo in ainneoin:

(a)nach bhfuil na feithiclí dá dtagraítear sa chéad fhomhír i gcomhréir le ceanglais an Bhallstáit sin maidir le hairíonna áirithe ó thaobh meáchain agus toisí nach gcumhdaítear le hIarscríbhinn I;

(b)údarás inniúil an Bhallstáit ina gcláraítear na feithiclí dá dtagraítear sa chéad fhomhír nó ina gcuirtear i gcúrsaíocht iad, tá teorainneacha údaraithe aige nach dtagraítear dóibh in Airteagal 4(1) agus a sháraíonn na teorainneacha sin a leagtar síos in Iarscríbhinn I.

2. Mar sin féin, mír 1, an dara fomhír, pointe (a), ní dhéanfaidh sé difear don cheart atá ag na Ballstáit, agus aird chuí á tabhairt ar dhlí an Aontais , a cheangal ar fheithiclí a chláraítear nó a chuirtear i gcúrsaíocht ina gcríoch féin a bheith i gcomhréir lena gceanglais náisiúnta maidir le hairíonna ó thaobh meáchain agus toisí nach gcumhdaítear le hIarscríbhinn I.

3. Deimhniú ATP nó pláta deimhniúcháin ATP dá bhforáiltear i gComhaontú an 1 Meán Fómhair 1970 maidir le hiompar idirnáisiúnta earraí meatacha agus maidir leis an trealamh speisialta atá le húsáid i ndáil leis an iompar sin, féadfaidh na Ballstáit a cheangal go mbeidh ceann de na deimhnithe nó na plátaí sin ar iompar ag feithiclí cóirithe.

Airteagal 4

🡻 2002/7 Airt. 1.3(a) (oiriúnaithe)

1. Ní údaróidh na Ballstáit gnáthchúrsaíocht laistigh dá gcríoch i gcás:

(a)feithiclí nó cónaisc feithiclí le haghaidh iompar náisiúnta earraí, ar feithiclí nó cónaisc iad nach bhfuil i gcomhréir leis na hairíonna a leagtar amach i bpointí 1.1, 1.2, 1.4, 1.6, 1.8, 1.9, 1.10, 4.2 agus 4.4 d’Iarscríbhinn I;

(b)feithiclí le haghaidh iompar náisiúnta paisinéirí, ar feithiclí iad nach bhfuil i gcomhréir leis na hairíonna a leagtar amach i bpointí 1.1, 1.2, 1.5, 1.6 agus 1.7 d’Iarscríbhinn I.

2. Dá ainneoin sin, féadfaidh na Ballstáit cúrsaíocht laistigh dá gcríoch a údarú i gcás:

(a)feithiclí nó cónaisc feithiclí le haghaidh iompar náisiúnta earraí, ar feithiclí nó cónaisc iad nach bhfuil i gcomhréir leis na hairíonna a leagtar amach i bpointí 1.3, i bpointí 2 agus 3 agus i bpointí 4.1 agus 4.3 d’Iarscríbhinn I;

(b)feithiclí le haghaidh iompar náisiúnta paisinéirí, ar feithiclí iad nach bhfuil i gcomhréir leis na saintréithe a leagtar amach i bpointí 1.3, i bpointí 2 agus 3 agus i bpointí 4.1 agus 4.3 d’Iarscríbhinn I.

🡻 96/53 (oiriúnaithe)

🡺1 2002/7 Airt. 1.3(b)

3. Feithiclí nó cónaisc feithiclí a sháraíonn na toisí uasta, ní fhéadfar ceadú dóibh a bheith i gcúrsaíocht ach amháin ar bhonn ceadanna speisialta a eisíonn na húdaráis inniúla gan idirdhealú, nó ar bhonn socruithe neamh‑idirdhealaitheacha comhchosúla a chomhaontaítear de réir an cháis leis na húdaráis sin, i gcás ina n‑iompróidh na feithiclí nó na cónaisc feithiclí sin ualaí doroinnte nó ina mbeidh siad in ainm is ualaí doroinnte a iompar.

4. 🡺1 Feithiclí nó cónaisc feithiclí a úsáidtear le haghaidh iompair agus lena ndéantar oibríochtaí iompair náisiúnta áirithe nach ndéanann difear suntasach don iomaíocht idirnáisiúnta in earnáil an iompair, agus ar feithiclí nó cónaisc iad lena ngabhann toisí a imíonn ó na toisí sin a leagtar síos i bpointí 1.1, 1.2, 1.4 go 1.10, 4.2 agus 4.4 d’Iarscríbhinn I, féadfaidh na Ballstáit cead a thabhairt do na feithiclí agus na cónaisc sin a bheith i gcúrsaíocht ina gcríoch 🡸.

Measfar nach ndéanann oibríochtaí iompair difear suntasach don iomaíocht idirnáisiúnta in earnáil an iompair má chomhlíontar ceann de na coinníollacha seo a leanas:

(a)na cúinsí atá i gceist agus na hoibríochtaí iompair á ndéanamh ar chríoch Ballstáit ag sainfheithiclí nó ag sainchónaisc feithiclí, ní cúinsí iad ina mbíonn na hoibríochtaí céanna á ndéanamh ag feithiclí ó Bhallstáit eile de ghnáth, ⌦ mar shampla, ⌫ oibríochtaí a bhaineann leis an lománaíocht agus le tionscal na foraoiseachta;

(b)feithiclí nó cónaisc feithiclí lena ngabhann toisí a imíonn ó na toisí a leagtar síos in Iarscríbhinn I, an Ballstát a cheadaíonn go ndéanfaí oibríochtaí iompair ar a chríoch le feithiclí nó cónaisc dá leithéid, ceadaíonnn sé freisin mótarfheithiclí, leantóirí agus leathleantóirí a chomhlíonann na toisí a leagtar síos in Iarscríbhinn I a úsáid sna cónaisc sin ionas go mbainfear amach an fad lódála atá údaraithe sa Bhallstát sin ar a laghad, agus dá bhrí sin go mbeidh comhchoinníollacha iomaíochta ann le haghaidh gach oibreora (coincheap modúlach).

5. Feithiclí nó cónaisc feithiclí ina n‑ionchorpraítear teicneolaíochtaí nó coincheapa nua agus nach féidir leo ceann amháin nó níos mó de cheanglais na Treorach seo a chomhlíonadh, féadfaidh na Ballstáit a cheadú go ndéanfaí oibríochtaí iompair áitiúla áirithe leis na feithiclí nó na cónaisc sin ar feadh tréimhse trialach. Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas faoi sin.

🡻 2015/719 Airt. 1.4 (oiriúnaithe)

Airteagal 5

Feithiclí altacha a cuireadh i gcúrsaíocht roimh an 1 Eanáir 1991 agus nach gcomhlíonann na sonraíochtaí ⌦ a leagtar amach ⌫ i bpointí 1.8 agus 4.4 d’Iarscríbhinn I, measfar go gcomhlíonann siad na sonraíochtaí sin chun críocha Airteagal 3 mura dtéann siad thar fhad iomlán 15,50 m.

🡻 96/53 (oiriúnaithe)

Airteagal 6

1. Na feithiclí dá dtagraítear in Airteagal 1 agus a chomhlíonann an Treoir seo, déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go mbeidh ar na feithiclí sin ceann de na cruthúnais seo a leanas a bheith ar iompar acu:

(a)an dá phláta seo a leanas i dteannta a chéile:

–‘pláta reachtach an mhonaróra’, é bunaithe agus ceangailte i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 19/2011 ón gCoimisiún 16 ,

–an pláta a bhaineann le toisí, i gcomhréir le hIarscríbhinn III den Treoir seo, agus an pláta sin bunaithe agus ceangailte i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 19/2011;

(b)pláta aonair atá bunaithe agus ceangailte i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 19/2011, agus ar a bhfuil an fhaisnéis faoin dá phláta dá dtagraítear i bpointe (a);

(c)doiciméad aonair a d’eisigh údaráis inniúla an Bhallstáit ina bhfuil an fheithicil cláraithe nó ina bhfuil sí curtha i gcúrsaíocht. Is iad na ceannteidil chéanna agus an fhaisnéis chéanna a bheidh ar an doiciméad sin agus a bheidh ar na plátaí dá dtagraítear i bpointe (a). Coinneofar an doiciméad sin in áit a mbeidh rochtain éasca air lena iniúchadh agus tabharfar cosaint leordhóthanach dó.

2. Mura mbeidh airíonna na feithicle ag teacht leo siúd a luaitear ar an gcruthúnas ar chomhlíonadh a thuilleadh, déanfaidh an Ballstát ina bhfuil an fheithicil cláraithe na bearta is gá chun a áirithiú go n‑athrófar an cruthúnas ar chomhlíonadh.

3. An cruthúnas ar chomhlíonadh na feithicle dá bhforáiltear sa Treoir seo, aithneoidh na Ballstát gur cruthúnas dá leithéid atá sna plátaí agus na doiciméid dá dtagraítear i mír 1.

4. Feithiclí a bhfuil cruthúnas ar chomhlíonadh ar iompar acu, féadfaidh siad a bheith faoi réir na nithe seo a leanas:

(a)seiceálacha randamacha, a mhéid a bhaineann le comhchaighdeáin maidir le meáchain;

(b)seiceálacha sa chás ina bhfuil amhras ann nach bhfuil an Treoir seo á comhlíonadh agus sa chás sin amháin, a mhéid a bhaineann le comhchaighdeáin maidir le toisí.

5. Sa cholún láir den chruthúnas ar chomhlíonadh a bhaineann le meáchain, i gcás inarb iomchuí, beidh an chuid sin de caighdeáin an Aontais maidir le meáchain is infheidhme maidir leis an bhfeithicil atá i gceist. Maidir leis na feithiclí dá dtagraítear i bpointe 2.2.2 (d) d’Iarscríbhinn I, cuimseofar an iontráil ’44 thonna’ agus í idir lúibíní faoi mheáchan údaraithe uasta an chónaisc feithicle.

6. Féadfaidh gach Ballstát a chinneadh, maidir le haon fheithicil a cláraíodh nó a cuireadh i gcúrsaíocht ar a chríoch, go ndéanfar na meáchain uasta a údaraítear lena reachtaíocht náisiúnta a shonrú sa chruthúnas ar chomhlíonadh sa cholún clé, agus go sonrófar na meáchain atá incheadaithe go teicniúil ann sa cholún deas.

🡻 2002/7 Airt. 1.4 (oiriúnaithe)

Airteagal 7

Ní chuirfidh an Treoir seo bac ar chur i bhfeidhm na bhforálacha maidir le trácht ar bhóithre atá i bhfeidhm i ngach Ballstát, forálacha lena gceadaítear teorainn a chur le meáchan nó toisí feithiclí ar bhóithre áirithe nó ar dhéanmhais innealtóireachta sibhialta áirithe, beag beann ar an Stát inar cláraíodh na feithiclí sin nó ar an Stát inar cuireadh na feithiclí sin i gcúrsaíocht.

Cuimsítear ansin an fhéidearthacht srianta áitiúla a fhorchur ar mheáchain nó toisí údaraithe uasta feithiclí a fhéadfar a úsáid i limistéir faoi leith nó ar bhóithre faoi leith, in áit nach bhfuil an bonneagar oiriúnach d’fheithiclí fada agus troma, i lár cathracha cuir i gcás, i sráidbhailte beaga nó in áiteanna ar díol spéise iad ó thaobh an dúlra de.

🡻 2015/719 Airt. 1.6 (oiriúnaithe)

Airteagal 8

1. D’fhonn a n‑éifeachtúlacht fuinnimh a fheabhsú, feithiclí nó cónaisc feithiclí ar ar feistíodh gairis aeraidinimiciúla a chomhlíonann na ceanglais a leagtar síos i míreanna 2 agus 3 agus a chomhlíonann Rialachán (AE) 2018/858, féadfaidh na feithiclí agus na cónaisc sin na faid uasta dá bhforáiltear i bpointe 1.1 d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir seo a shárú ionas go mbeifear in ann gairis mar sin a chur ar chúl feithiclí nó cónasc feithiclí. Feithiclí nó cónaisc feithiclí a bhfuil gairis den sórt sin feistithe orthu, comhlíonfaidh siad pointe 1.6 d’Iarscríbhinn I, agus ní thiocfaidh méadú ar fhad lódála na bhfeithiclí sin nó na gcónasc feithiclí sin mar thoradh ar aon sárú ar na faid uasta.

2. Sula gcuirfear ar an margadh iad, na gairis aeraidinimiciúla dá dtagraítear i mír 1 agus a bhfuil fad iontu is mó ná 500 mm, déanfar iad a chineálcheadú i gcomhréir leis na rialacha cineálcheadaithe faoi chuimsiú Rialachán (AE) 2018/858.

3. Na gairis aeraidinimiciúla dá dtagraítear i mír 1, comhlíonfaidh siad na coinníollacha oibríochtúla a leanas:

(a)i gcásanna ina mbeidh sábháilteacht úsáideoirí eile bóthair nó sábháilteacht an tiománaí i mbaol, déanfaidh an tiománaí iad a fhilleadh, a chúlghaireadh nó a bhaint;

(b)úsáid na ngaireas sin ar bhonneagair bóithre uirbeacha agus idiruirbeacha, is rud é lena gcuirfear san áireamh na hairíonna a bhaineann le limistéir inar 50 km/h nó níos lú atá sa luasteorainn, limistéir ar dóichí úsáideoirí soghonta bóithre a bheith iontu ná i limistéir eile;

(c)úsáid na ngaireas sin, is rud é a bheidh comhoiriúnach le hoibríochtaí iompair idirmhódúil agus, go háirithe, nuair a dhéanfar iad a tharraingt nó a fhilleadh, ní rachaidh siad níos mó ná 20 cm thar an bhfad údaraithe uasta.

4. Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagfar síos forálacha mionsonraithe lena n‑áiritheofar coinníollacha aonfhoirmeacha le haghaidh chur chun feidhme mhír 3. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 17(2).

Airteagal 9

1. D’fhonn feabhas a chur ar an éifeachtúlacht fuinnimh, go háirithe maidir le feidhmíocht aeraidinimiciúil cábán, agus ar an tsábháilteacht ar bhóithre, feithiclí nó cónaisc feithiclí a chomhlíonann na ceanglais a leagtar síos i mír 2 agus a chomhlíonann Rialachán (AE) 2018/858, féadfaidh siad na faid uasta a leagtar síos i bpointe 1.1 d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir seo a shárú ar choinníoll go bhfeabhsaítear dá réir sin feidhmíocht aeraidinimiciúil, éifeachtúlacht fuinnimh agus feidhmíocht sábháilteachta a gcuid cábán. Feithiclí nó cónaisc feithiclí a bhfuil cábáin den sórt sin acu, comhlíonfaidh siad pointe 1.6 d’Iarscríbhinn I, agus ní thiocfaidh méadú ar a dtoilleadh lódála mar thoradh ar aon sárú ar na faid uasta.

2. Sula gcuirfear na feithiclí dá dtagraítear i mír 1 ar an margadh, déanfar iad a chineálcheadú i gcomhréir leis na rialacha cineálcheadaithe faoi chuimsiú Rialachán (AE) 2018/858.

🡻 2019/1242 Airt. 20.2 (oiriúnaithe)

Airteagal 10

Is iad meáchain údaraithe uasta na bhfeithiclí a úsáideann breoslaí malartacha nó na bhfeithiclí astaíochtaí nialasacha iad sin a leagtar amach i bpointí 2.2.1, 2.2.2, 2.2.3, 2.2.4, 2.3.1, 2.3.2 agus 2.4 d’Iarscríbhinn I.

Leis na feithiclí a úsáideann breoslaí malartacha nó na feithiclí astaíochtaí nialasacha, comhlíonfar freisin na teorainneacha maidir le meáchain údaraithe uasta na n‑acastóirí a leagtar amach i bpointe 3 d’Iarscríbhinn I.

Is ar bhonn na doiciméadachta arna soláthar ag an monaróir tráth a fhormheasfar an fheithicil lena mbaineann a shaineofar an meáchan breise a bhfuil gá leis ag feithiclí a úsáideann breoslaí malartacha nó feithiclí astaíochtaí nialasacha. Léireofar an meáchan breise sin sa chruthúnas oifigiúil atá ag teastáil i gcomhréir le hAirteagal 6.

Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 16 chun an liosta de bhreoslaí malartacha dá dtagraítear in Airteagal 2 a bhfuil gá le meáchan breise acu a nuashonrú, chun críocha na Treorach seo.

🡻 2015/719 Airt. 1.8 (oiriúnaithe)

Airteagal 11

Na faid uasta a leagtar síos i bpointe 1.1 d’Iarscríbhinn I, faid atá faoi réir Airteagal 9(1) nuair is infheidhme, agus an t‑achar uasta a leagtar síos i bpointe 1.8 d’Iarscríbhinn I, féadfar sárú 15 cm a dhéanamh ar na faid agus ar an achar sin i gcás feithiclí nó cónaisc feithiclí a bhíonn ag gabháil d’iompar coimeádán 45 troithe nó cabhlach soghluaiste 45 troithe, bídís folamh nó luchtaithe, ar choinníoll gur cuid d’oibríocht iompair idirmhódúil é iompar de bhóthar an choimeádáin nó an chabhlaigh shoghluaiste atá i gceist.

Airteagal 12

1. Feithiclí nó cónaisc feithiclí atá i gcúrsaíocht ar dócha go bhfuil an meáchan údaraithe uasta sáraithe acu agus nach mór dá bhrí sin d’údaráis inniúla na mBallstát iad a sheiceáil chun comhlíonadh cheanglais na Treorach seo a áirithiú, déanfaidh na Ballstáit bearta sonracha chun na feithiclí nó na cónaisc feithiclí sin a shainaithint. Féadfar na bearta sin a dhéanamh le cúnamh córas uathoibríoch a shocrófaí sa bhonneagar bóithre, nó trí bhíthin trealamh meáite ar bord a shuiteálfaí i bhfeithiclí i gcomhréir le mír 4.

Ní cheanglóidh Ballstát trealamh meáite ar bord a shuiteáil i bhfeithiclí ná i gcónaisc feithiclí atá cláraithe i mBallstát eile.

Gan dochar do dhlí an Aontais agus don dlí náisiúnta, i gcás ina n‑úsáidfear córais uathoibríocha chun a shuí gur sáraíodh an Treoir seo agus chun pionóis a fhorchur, deimhneofar na córais uathoibríocha sin. I gcás nach n‑úsáidfear córais uathoibríocha ach chun críocha aitheantais, ní ⌦ bheidh ⌫ gá ⌦ le hiad ⌫ a dheimhniú.

2. Gach bliain féilire, déanfaidh gach Ballstát líon iomchuí seiceálacha maidir le meáchan na bhfeithiclí nó na gcónasc feithiclí atá i gcúrsaíocht, i gcomhréir leis an líon iomlán feithiclí a ndéantar cigireacht orthu gach bliain ar a chríoch.

3. Áiritheoidh na Ballstáit, i gcomhréir le hAirteagal 18 de Rialachán (CE) Uimh. 1071/2009, go malartóidh a n‑údaráis inniúla faisnéis faoi sháruithe agus pionóis a bhaineann leis an Airteagal seo.

4. An trealamh meáite ar bord dá dtagraítear i mír 1, beidh sé cruinn, iontaofa, go hiomlán idir-inoibritheach, agus comhoiriúnach le gach cineál feithicle.

5. Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagfar síos forálacha mionsonraithe lena n‑áiritheofar coinníollacha aonfhoirmeacha le haghaidh chur chun feidhme na rialacha maidir le hidir-inoibritheacht agus comhoiriúnacht a leagtar amach i mír 4.

Chun an idir-inoibritheacht a áirithiú, cumasófar leis na forálacha mionsonraithe sin na sonraí meáchain ó fheithicil atá ag gluaiseacht a chur in iúl tráth ar bith do na húdaráis inniúla, agus don tiománaí chomh maith. Is tríd an gcomhéadan a shainítear i gcaighdeáin CEN DSRC EN 12253, EN 12795, EN 12834, EN 13372 agus ISO 14906 a dhéanfar an chumarsáid sin. Ina theannta sin, áiritheofar leis an gcumarsáid sin gur ar an mbealach céanna is féidir le húdaráis inniúla na mBallstát cumarsáid a dhéanamh agus fianaise a mhalartú le feithiclí agus cónaisc feithiclí atá cláraithe in aon Bhallstát agus ina n‑úsáidtear trealamh meáite ar bord.

Chun comhoiriúnacht le gach cineál feithicle a áirithiú, beidh sé de chumas ag córais ar bord mótarfheithiclí aon sonraí a fháil agus a phróiseáil a thagann ó aon chineál leantóra nó leathleantóra atá ceangailte den mhótarfheithicil.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 17(2).

Airteagal 13

Leagfaidh na Ballstáit síos na rialacha a bhaineann leis na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar an Treoir seo, agus glacfaidh siad gach beart is gá chun a áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Beidh na pionóis sin éifeachtach, neamh‑idirdhealaitheach, comhréireach agus athchomhairleach. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi na rialacha sin.

Airteagal 14

1. Maidir le hiompar coimeádán agus cabhlach soghluaiste, leagfaidh na Ballstáit síos rialacha lena gceanglaítear:

(a)ar an lastóir ráiteas a thabhairt don tarlóir a gcuirfidh sé iompar coimeádáin nó cabhlach soghluaiste de chúram air, ar ráiteas é ina sonrófar meáchan an choimeádáin nó an chabhlaigh shogluaiste a bheidh ar iompar;

(b)ar an tarlóir rochtain a sholáthar ar na doiciméid ábhartha go léir a bheidh curtha ar fáil ag an lastóir.

2. Leagfaidh na Ballstáit rialacha síos maidir le dliteanas an lastóra agus an tarlóra araon, de réir mar is iomchuí, i gcásanna ina bhfuil an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 ar iarraidh nó ina bhfuil sí mícheart agus ina ndéantar an fheithicil nó an cónasc feithiclí a ró‑ualú.

Airteagal 15

Gach 2 bhliain, agus faoin 30 Meán Fómhair den bhliain a bheidh ann tar éis na tréimhse 2 bhliain lena mbaineann ar a dhéanaí, cuirfidh na Ballstáit an fhaisnéis is gá chuig an gCoimisiún maidir leis an méid seo a leanas:

(a)líon na seiceálacha a rinneadh le linn an 2 bhliain féilire roimhe sin;

(b)líon na bhfeithiclí nó na gcónasc feithiclí ró‑ualaithe a braitheadh.

Is féidir gur cuid a bheadh san fhaisnéis sin den fhaisnéis a chuirfear i láthair faoi Airteagal 17 de Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 17 .

Déanfaidh an Coimisiún anailís ar an bhfaisnéis a gheofar de bhun an Airteagail seo, agus cuirfidh sé an anailís sin sa tuarascáil a bheidh le cur ar aghaidh chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle de bhun Rialachán (CE) Uimh. 561/2006.

Airteagal 16

1. Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2. Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 10 a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 5 bliana ón 26 Bealtaine 2015. Déanfaidh an Coimisiún tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 10 a chúlghairm aon tráth. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta níos déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4. Sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n‑ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

5. A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6. Gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 10, ní thiocfaidh sé i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 17

1. An Coiste um Iompar de Bhóthar dá dtagraítear in Airteagal 42 de Rialachán (AE) 165/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, tabharfaidh sé cúnamh don Choimisiún 18 . Is coiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 a bheidh sa choiste sin.

2. I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

3. I gcás nach dtabharfaidh an coiste aon tuairim, ní ghlacfaidh an Coimisiún an dréachtghníomh cur chun feidhme agus beidh feidhm ag an tríú fomhír d’Airteagal 5(4) de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 18

Faoin 8 Bealtaine 2020, déanfaidh an Coimisiún, de réir mar is iomchuí, tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le cur chun feidhme na leasuithe ar an Treoir 96/53/EC ar leasuithe iad a tugadh isteach le Treoir (AE) 2015/719 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 19 , rud lena n‑áirítear airíonna a bhaineann le codanna áirithe den mhargadh a chur san áireamh. Ar bhonn na tuarascála sin, más iomchuí, déanfaidh an Coimisiún togra reachtach a mbeidh measúnú tionchair ag gabháil leis mar is cuí. Cuirfear an tuarascáil ar fáil sé mhí ar a laghad sula dtíolacfar aon togra reachtach.

🡻 96/53 (oiriúnaithe)

Airteagal 19

Téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh na Ballstáit sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo, cuirfidh siad in iúl don Choimisiún é.

Airteagal 20

Aisghairtear Treoir 96/53/CE, arna leasú leis na gníomhartha a liostaítear i gCuid A d’Iarscríbhinn IV, gan dochar d’oibleagáidí na mBallstát maidir leis na teorainneacha ama chun na Treoracha a leagthar amach i gCuid B d’Iarscríbhinn IV a thrasuí sa dlí náisiúnta.

Is mar thagairtí don Treoir seo a fhorléireofar tagairtí don Treoir aisghairthe, agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil atá in Iarscríbhinn V.

Airteagal 21

Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 22

Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Treoir seo.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán    An tUachtarán

(1)    COM(87) 868 PV.
(2)    Féach Iarscríbhinn 3 a ghabhann le Cuid A de na Conclúidí.
(3)    San áireamh i gclár reachtaíochta 2021.
(4)    Féach Cuid A d’Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an togra seo.
(5)    IO C […], […], lch. […].
(6)    IO C […], […], lch. […].
(7)    Treoir 96/53/CE ón gComhairle an 25 Iúil 1996 lena leagtar síos toisí údaraithe uasta sa trácht náisiúnta agus idirnáisiúnta agus meáchan údaraithe uasta sa trácht idirnáisiúnta le haghaidh feithiclí bóthair áirithe atá i gcúrsaíocht laistigh den Chomhphobal (IO L 235, 17.9.1996, lch. 59).
(8)    Féach Iarscríbhinn IV, Cuid A.
(9)    Treoir 92/106/CEE ón gComhairle an 7 Nollaig 1992 maidir le rialacha comhchoiteanna a bhunú le haghaidh chineálacha áirithe iompair chomhcheangailte earraí idir na Ballstáit (IO L 368, 17.12.1992, lch. 38).
(10)    Rialachán (CE) Uimh. 1071/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 lena mbunaítear rialacha comhchoiteanna maidir leis na coinníollacha a bheidh le comhlíonadh chun gairm an oibreora iompair de bhóthar a chleachtadh agus lena n‑aisghairtear Treoir 96/26/CE ón gComhairle (IO L 300, 14.11.2009, lch. 51).
(11)    IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.
(12)    Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).
(13)    Rialachán (AE) 2018/858 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le ceadú mótarfheithiclí agus a leantóirí, agus córas, comhpháirteanna agus aonad teicniúil ar leithligh atá ceaptha le haghaidh feithiclí den sórt sin, agus faireachas margaidh orthu, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 715/2007 agus (CE) Uimh. 595/2009 agus lena n‑aisghairtear Treoir 2007/46/CE (IO L 151, 14.6.2018, lch. 1).
(14)    Rialachán (AE) Uimh. 1230/2012 ón gCoimisiún an 12 Nollaig 2012 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 661/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ceanglais chineálcheadaithe do mhaiseanna agus toisí mótarfheithiclí agus a leantóirí agus lena leasaítear Treoir 2007/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 353, 21.12.2012, lch. 31).
(15)    Rialachán (AE) 2019/1242 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 lena socraítear na caighdeáin feidhmíochta maidir le hastaíochtaí CO2 d’fheithiclí nua tromshaothair agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 595/2009 agus (AE) 2018/956 agus Treoir 96/53/CE (IO L 198, 25.7.2019, Ich. 202).
(16)    Rialachán (AE) Uimh. 19/2011 ón gCoimisiún an 11 Eanáir 2011 maidir le ceanglais chineálcheadaithe i ndáil le pláta reachtach an mhonaróra agus leis an uimhir aitheantais feithicle le haghaidh mótarfheithiclí agus a leantóirí agus lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 661/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis na ceanglais i gcomhair cineál-cheadaithe le haghaidh sábháilteachta ginearálta mótarfheithiclí, a leantóirí agus a gcóras, a gcomhpháirteanna agus a n‑aonad teicniúil ar leithligh atá beartaithe dóibh (IO L 8, 12.1.2011, lch. 1).
(17)    Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2006 maidir le comhchuibhiú reachtaíochta sóisialta áirithe a bhaineann leis an iompar de bhóthar agus lena leasaítear Rialacháin (CEE) Uimh. 3821/85 agus (CE) Uimh. 2135/98 ón gComhairle agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 3820/85 ón gComhairle (IO L 102, 11.4.2006, lch. 1).
(18)    Rialachán (AE) Uimh. 165/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Feabhra 2014 maidir le tacagraif in iompar de bhóthar, lena n‑aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 3821/85 ón gComhairle maidir le trealamh taifeadta in iompar de bhóthar agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le comhchuibhiú reachtaíochta sóisialta áirithe a bhaineann le hiompar de bhóthar (IO L 60, 28.2.2014, lch. 1).
(19)    Treoir (AE) 2015/719 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2015 lena leasaítear Treoir 96/53/CE ón gComhairle lena leagtar síos toisí údaraithe uasta sa trácht náisiúnta agus idirnáisiúnta agus meáchan údaraithe uasta sa trácht idirnáisiúnta le haghaidh feithiclí bóthair áirithe atá i gcúrsaíocht laistigh den Chomhphobal (IO L 115, 6.5.2015, lch. 1).
Top

An Bhruiséil,7.12.2021

COM(2021) 769 final

IARSCRÍBHINNÍ

a ghabhann leis an

Togra le haghaidh

TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leagtar síos na toisí údaraithe uasta sa trácht náisiúnta agus idirnáisiúnta agus na meáchain údaraithe uasta sa trácht idirnáisiúnta le haghaidh feithiclí bóthair áirithe atá i gcúrsaíocht laistigh den Aontas (códú)


🡻 96/53 (oiriúnaithe)

🡺1 2002/7 Airt. 1.7(a)

🡺2 2015/719 Airt. 1.9(a)

🡺3 2015/719 Airt. 1.9(b)

🡺4 2002/7 Airt. 1.7(b)

🡺5 2002/7 Airt. 1.7(c)

🡺6 2019/1242 Airt. 20.3(a)

🡺7 2015/719 Airt. 1.9(c)

🡺8 2015/719 Airt. 1.9(d)

🡺9 2015/719 Airt. 1.9(e)

🡺10 2019/1242 Airt. 20.3(b)

🡺11 2015/719 Airt. 1.9(f)

🡺12 2015/719 Airt. 1.9(g)

IARSCRÍBHINN I

MEÁCHAIN AGUS TOISÍ UASTA AGUS AIRÍONNA GAOLMHARA FEITHICLÍ

1.

Toisí údaraithe uasta le haghaidh na bhfeithiclí dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointe (a)

🡺1 1.1 🡸

🡺1 fad uasta: 🡸

🡺1 — mótarfheithicil eile seachas bus 🡸

🡺1 12,00 m 🡸

🡺1 — leantóir 🡸

🡺1 12,00 m 🡸

🡺1 — feithicil altach 🡸

🡺1 16,50 m 🡸

🡺1 — traein bhóthair 🡸

🡺1 18,75 m 🡸

🡺1 — bus altach 🡸

🡺1 18,75 m 🡸

🡺1 — bus dhá acastóir 🡸

🡺1 13,50 m 🡸

🡺1 — bus a bhfuil níos mó ná dhá acastóir aige 🡸

🡺1 15,00 m 🡸

🡺1 — bus + leantóir 🡸

🡺1 18,75 m 🡸

1.2

Leithead uasta:

🡺2 (a) gach feithicil seachas na ⌦ hearraí ⌫ dá dtagraítear i bpointe (b) 🡸

🡺2 2,55 m 🡸

🡺3 (b) forstruchtúir feithiclí cóirithe nó coimeádáin chóirithe nó cabhlacha soghluaiste a iompraíonn feithiclí 🡸

🡺3 2,60 m 🡸

1.3

Airde uasta (aon fheithicil)

4,00 m

1.4

Forstruchtúir inbhainte agus earraí lastais caighdeánaithe amhail coimeádáin, cuimsítear iad sna toisí a shonraítear i bpointí 1.1, 1.2, 1.3, 1.8, 1.9, 1.10 agus 4.4.

🡺4 1.5 🡸

🡺4 Má dhéantar aon cheangaltán inbhainte amhail bosca sciála a fheistiú ar bhus, ní mór nach rachaidh fad an bhus, na ceangaltáin san áireamh, thar an bhfad uasta a leagtar síos i bpointe 1.1. 🡸

1.6

Aon mhótarfheithicil nó cónasc feithicle atá ag gluaiseacht, ní mór di nó dó a bheith in ann casadh laistigh de ghlanchiorcal dar ga seachtrach 12,50 m agus dar ga istigh 5,30 m.

🡺5 1.7 🡸

🡺5 Ceanglais bhreise maidir le busanna

Agus an fheithicil ina stad, cruthófar plána ceartingearach tadhlaíoch le taobh na feithicle a mbeidh a chúl leis an gciorcal aige, rud a dhéanfar trí líne a mharcáil ar an talamh. I gcás feithicil altach, déanfar an dá chuid dhochta a ailíniú leis an bplána.

Nuair a bhogfar an fheithicil de chur chuige líne dírí isteach san achar ciorclach a bhfuil tuairisc air i bpointe 1.6, ní rachaidh aon chuid di níos mó ná 0,60 m amach as an bplána ceartingearach sin. 🡸

1.8

An fad uasta idir ais pionna ceann aise an chúigiú roth agus cúl an leathleantóra

12,00 m

1.9

Fad uasta na traenach bóthair ón bpointe seachtrach is faide chun tosaigh den láthair lastála taobh thiar den chábán go dtí an pointe seachtrach is faide siar de leantóir an chónaisc, lúide an t‑achar idir cúl na feithicle tarraingthe agus tosach an leantóra, agus an fad sin tomhaiste comhthreomhar leis an bhfad‑ais

15,65 m

1.10

Fad uasta na traenach bóthair ón bpointe seachtrach is faide chun tosaigh den láthair lastála taobh thiar den chábán go dtí an pointe seachtrach is faide siar de leantóir an chónaisc, agus an fad sin tomhaiste comhthreomhar leis an bhfad‑ais

16,40 m

2.

Meáchan uasta údaraithe feithicle (i dtonnaí)

2.1

Feithiclí atá ina gcuid de chónasc feithiclí

2.1.1

Leantóir dhá acastóir

18 dtonna

2.1.2

Leantóir trí acastóir

24 dtonna

2.2

Cónaisc feithiclí

2.2.1

Traenacha bóthair a bhfuil cúig nó sé acastóir acu

(a) mótarfheithicil dhá acastóir lena ngabhann leantóir trí acastóir

40 tonna

(b) mótarfheithicil trí acastóir lena ngabhann leantóir dhá nó trí acastóir

40 tonna

🡺6 I gcás cónaisc feithiclí, lena n‑áirítear feithiclí a úsáideann breoslaí malartacha nó feithiclí astaíochtaí nialasacha, méadófar na meáchain údaraithe uasta dá bhforáiltear sa Roinn seo faoi mheáchan breise an bhreosla mhalartaigh nó na teicneolaíochta astaíochtaí nialasacha le huasmhéid 1 tonna agus 2 thonna faoi seach. 🡸

2.2.2

Feithiclí altacha a bhfuil cúig nó sé acastóir acu

(a) mótarfheithicil dhá acastóir lena ngabhann leathleantóir trí acastóir

40 tonna

(b) mótarfheithicil trí acastóir lena ngabhann leathleantóir dhá nó trí acastóir

40 tonna

🡺7 (c) mótarfheithicil dhá acastóir lena ngabhann leathleantóir trí acastóir a iompraíonn coimeádán nó cabhail shogluaiste amháin nó níos mó dar fada uasta iomlán 45 troithe in oibríochtaí iompair idirmhódúil 🡸

🡺7 42 thonna 🡸

🡺8 (d) mótarfheithicil trí acastóir lena ngabhann leathleantóir dhá nó trí acastóir a iompraíonn coimeádán nó cabhail shogluaiste amháin nó níos mó dar fada uasta iomlán 45 troithe in oibríochtaí iompair idirmhódúil 🡸

🡺8 44 thonna 🡸

🡺6 I gcás cónaisc feithiclí, lena n‑áirítear feithiclí a úsáideann breoslaí malartacha nó feithiclí astaíochtaí nialasacha, méadófar na meáchain údaraithe uasta dá bhforáiltear sa Roinn seo faoi mheáchan breise an bhreosla mhalartaigh nó na teicneolaíochta astaíochtaí nialasacha le huasmhéid 1 tonna agus 2 thonna faoi seach. 🡸

2.2.3

Traenacha bóthair ceithre acastóir arb é atá iontu mótarfheithicil dhá acastóir agus leantóir dhá acastóir

🡺6 I gcás cónaisc feithiclí, lena n‑áirítear feithiclí a úsáideann breoslaí malartacha nó feithiclí astaíochtaí nialasacha, méadófar na meáchain údaraithe uasta dá bhforáiltear sa Roinn seo faoi mheáchan breise an bhreosla mhalartaigh nó na teicneolaíochta astaíochtaí nialasacha le huasmhéid 1 tonna agus 2 thonna faoi seach. 🡸

36 thonna

2.2.4

Feithiclí altacha ceithre acastóir arb é atá iontu mótarfheithicil dhá acastóir agus leathleantóir dhá acastóir, ach:

2.2.4.1

1,3 m nó níos mó a bheith san achar idir dhá acastóir an leathleantóra ach gan an t‑achar sin a bheith níos mó ná 1,8 m

36 thonna

2.2.4.2

an t‑achar céanna a bheith níos mó ná 1.8 m

36 thonna

+ 2 thonna i gcás ina n‑urramaítear meáchan údaraithe uasta (MAW) na mótarfheithicle (18 dtonna) agus MAW acastóir teaindim an leathleantóra (20 tonna), nó inar feistíodh an t‑acastóir tiomána le boinn dhúbailte agus aerchrochadh nó crochadh a aithnítear mar a chomhionann laistigh den ⌦ Aontas ⌫ mar a shainmhínítear in Iarscríbhinn II

🡺6 I gcás cónaisc feithiclí, lena n‑áirítear feithiclí a úsáideann breoslaí malartacha nó feithiclí astaíochtaí nialasacha, méadófar na meáchain údaraithe uasta dá bhforáiltear sa Roinn seo faoi mheáchan breise an bhreosla mhalartaigh nó na teicneolaíochta astaíochtaí nialasacha le huasmhéid 1 tonna agus 2 thonna faoi seach. 🡸

2.3

Mótarfheithiclí

🡺9 2.3.1 🡸

🡺9 Mótarfheithiclí dhá acastóir eile seachas busanna:

mótarfheithiclí dhá acastóir eile a úsáideann breoslaí malartacha seachas busanna: méadófar an meáchan údaraithe uasta 18 dtonna faoin meáchan breise is gá haghaidh na teicneolaíochta breosla mhalartaigh le huasmhéid tonna.

Feithiclí astaíochtaí nialasacha: méadófar an meáchan údaraithe uasta 18 dtonna faoi mheáchan breise na teicneolaíochta astaíochtaí nialasacha le huasmhéid dhá tonna.

🡺9 18 dtonna 🡸

busanna dhá acastóir:

🡺10 Feithiclí astaíochtaí nialasacha: méadófar an meáchan údaraithe uasta 18 dtonna faoi mheáchan breise na teicneolaíochta astaíochtaí nialasacha le huasmhéid 2 thonna. 🡸 🡸

🡺9 19,5 tonna 🡸

🡺11 2.3.2 🡸

🡺11 Mótarfheithiclí trí acastóir: 🡸 

⌦ Mótarfheithiclí trí acastóir a úsáideann breoslaí malartacha: méadófar an meáchan údaraithe uasta 25 thonna, nó 26 thonna i gcás inar feistíodh an t‑acastóir tiomána le boinn dhúbailte agus aerchrochadh nó crochadh a aithnítear mar a chomhionann laistigh den Aontas mar a shainmhínítear in Iarscríbhinn II, nó i gcás inar feistíodh gach acastóir tiomána le boinn dhúbailte agus nach mó ná 9,5 tonna meáchan uasta gach ceann de na hacastóirí, faoin meáchan breise is gá le haghaidh na teicneolaíochta astaíochtaí nialasacha le huasmhéid tonna. ⌫

⌦ Feithiclí astaíochtaí nialasacha trí acastóir: méadófar an meáchan údaraithe uasta 25 thonna, nó 26 thonna i gcás inar feistíodh an t‑acastóir tiomána le boinn dhúbailte agus aerchrochadh nó crochadh a aithnítear mar a chomhionann laistigh den Aontas mar a shainmhínítear in Iarscríbhinn II, nó i gcás inar feistíodh gach acastóir tiomána le boinn dhúbailte agus nach mó ná 9.5 tonna meáchan uasta gach ceann de na hacastóirí, faoi mheáchan breise na teicneolaíochta astaíochtaí nialasacha le huasmhéid 2 thonna. ⌫

🡺11 25 thonna, nó 26 thonna i gcás inar feistíodh an t‑acastóir tiomána le boinn dhúbailte agus aerchrochadh nó crochadh a aithnítear mar a chomhionann laistigh den Aontas mar a shainmhínítear in Iarscríbhinn II, nó i gcás inar feistíodh gach acastóir tiomána le boinn dhúbailte agus nach mó ná 9,5 tonna meáchan uasta gach ceann de na hacastóirí 🡸

2.3.3

Mótarfheithiclí ceithre acastóir a bhfuil dhá acastóir stiúrtha acu

—32 thonna, i gcás inar feistíodh an t‑acastóir tiomána le boinn dhúbailte agus aerchrochadh nó crochadh a aithnítear mar a chomhionann laistigh den ⌦ Aontas ⌫ mar a shainmhínítear in Iarscríbhinn II, nó i gcás inar feistíodh gach acastóir tiomána le boinn dhúbailte agus nach mó ná 9,5 tonna meáchan uasta gach ceann de na hacastóirí

🡺12 2.4 🡸

🡺12 Busanna altacha trí acastóir: 🡸

Busanna altacha trí acastóir a úsáideann breoslaí malartacha: méadófar an meáchan údaraithe uasta 28 dtonna faoin meáchan breise is gá haghaidh na teicneolaíochta breosla mhalartaigh le huasmhéid tonna.

⌦ Busanna trí acastóir ar feithiclí astaíochtaí nialasacha iad: méadófar an meáchan údaraithe uasta 28 dtonna faoi mheáchan breise theicneolaíocht na n‑astaíochtaí nialasacha le huasmhéid 2 thonna. ⌫

🡺12 28 dtonna 🡸

3.

Meáchain údaraithe uasta acastóirí na bhfeithiclí dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointe (b) (i dtonnaí)

3.1

Acastóirí aonair

Acastóir neamhthiomána aonair

10 dtonna

3.2

Acastóirí teaindim leantóirí agus leathleantóirí

Suim an mheáchain atá sna hacastóirí in acastóir teaindim, i gcás gach acastóra teaindim ní rachaidh an tsuim sin thar an méid seo, i gcás inarb é atá san fhad (d) atá idir na hacastóirí:

3.2.1

níos lú ná 1 m (d < 1,0)

11 thonna

3.2.2

idir 1,0 m agus níos lú ná 1,3 m (1,0 ≤ d < 1,3)

16 thonna

3.2.3

idir 1,3 m agus níos lú ná 1,8 m (1,3 ≤ d < 1,8)

18 dtonna

3.2.4

1,8 m nó níos mó (1,8 ≤ d)

20 tonna

3.3

Trí‑acastóirí leantóirí agus leathleantóirí

Suim an mheáchain atá sna hacastóirí i dtrí‑acastóir, i gcás gach trí‑acastóra ní rachaidh an tsuim sin thar an méid seo, i gcás inarb é atá san fhad (d) atá idir na hacastóirí:

3.3.1

1,3 m nó níos lú (d ≤ 1,3)

21 thonna

3.3.2

níos mó ná 1,3 m agus suas le 1,4 m (1,3 ≤ d < 1,4)

24 thonna

3.4

Acastóir tiomána

3.4.1

Acastóir tiomána na bhfeithiclí dá dtagraítear in 2.2.1 agus 2.2.2

11,5 tonna

3.4.2

Acastóir tiomána na bhfeithiclí dá dtagraítear i bpointí 2.2.3, 2.2.4, 2.3 agus 2.4

11,5 tonna

3.5

Acastóirí teaindim mótarfheithicilí

Suim an mheáchain atá sna hacastóirí in acastóir teaindim, i gcás gach acastóra teaindim ní rachaidh an tsuim sin thar an méid seo, i gcás inarb é atá san fhad (d) atá idir na hacastóirí:

3.5.1

níos lú ná 1 m (d < 1,0)

11,5 tonna

3.5.2

1,0 m nó níos mó ach níos lú ná 1,3 m

(1,0 ≤ d < 1,3)

16 thonna

3.5.3

1,3 m nó níos mó ach níos lú ná 1,8 m

(1,3 ≤ d < 1,8)

—18 dtonna

—19 dtonna, i gcás inar feistíodh an t‑acastóir tiomána le boinn dhúbailte agus aerchrochadh nó crochadh a aithnítear mar a chomhionann laistigh den ⌦ Aontas ⌫ mar a shainmhínítear in Iarscríbhinn II, nó i gcás inar feistíodh gach acastóir tiomána le boinn dhúbailte agus nach mó ná 9,5 tonna meáchan uasta gach ceann de na hacastóirí

4.

Airíonna gaolmhara na bhfeithiclí dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointe (b)

4.1

Gach feithicil

An meáchan atá ar iompar ag acastóir tiomána nó acastóirí tiomána feithicle nó cónaisc feithiclí, is gá nach lú an meáchan sin ná 25 % de mheáchan ualaithe iomlán na feithicle nó an chónaisc feithiclí agus í/é á (h)úsáid sa trácht idirnáisiúnta.

4.2

Traenacha bóthair

An t‑achar idir acastóir cúil mótarfheithicle agus acastóir tosaigh leantóra, is gá nach lú é ná 3,00 m.

4.3

An meáchan údaraithe uasta de réir an rothfhaid

An meáchan údaraithe uasta i dtonnaí atá i mótarfheithicil ceithre acastóir, ní bheidh sé níos mó ná cúig oiread an achair i méadair idir ais acastóir tosaigh na feithicle agus ais an acastóra is faide siar.

4.4

Leathleantóirí

An fad a thomhaistear go cothrománach idir ais pionna ceann aise an chúigiú roth agus aon phointe ag tosach an leathleantóra, ná bíodh sé thar 2,04 m.

_____________

IARSCRÍBHINN II

COINNÍOLLACHA A BHAINEANN LE COIBHÉIS IDIR CÓRAIS ÁIRITHE CROCHTA NACH CÓRAIS AERCHROCHTA IAD AGUS AN tAERCHROCHADH LE hAGHAIDH ACASTÓRA (NÓ ACASTÓIRÍ) TIOMÁNA FEITHICLE

1.SAINMHÍNIÚ AR AN AERCHROCHADH

Measfar gur córas aerchrochta atá i gcóras crochta más é an sprionga aeir is cúis le 75 % ar a laghad den éifeacht sprionga.

2.COIBHÉIS LEIS AN AERCHROCHADH

Crochadh a aithnítear a bheith coibhéiseach leis an aerchrochadh, beidh sé i gcomhréir leis na nithe seo a leanas:

2.1.le linn ascalú ingearach na maise crochta os cionn acastóir tiomána nó bógaí, ar ascalú saor neamhbhuan ísealmhinicíochta é, an mhinicíocht agus an maolú a thomhaisfear agus an t‑ualach uasta ar iompar ag an gcrochadh, ní mór dóibh a bheith laistigh de na teorainneacha a shainítear i bpointí 2.2. go 2.5;

2.2.ní mór maolaire hiodrálach a fheistiú ar gach acastóir. Ar bhógaithe acastóirí teaindim, ní mór na maolairí a shuíomh sa chaoi is go n‑íoslaghdófar ascalú an na mbógaithe;

2.3.an meánchóimheas maolúcháin D, is gá gur mó é ná 20 % den mhaolú criticiúil a bhíonn ann le haghaidh an chrochta faoi na gnáthchoinníollacha agus na maolairí hiodrálacha i bhfeidhm agus ag oibriú;

2.4.cóimheas maolúcháin D an chrochta agus gach maolaire hiodrálach bainte nó éagumasaithe, is gá nach mó é ná 50 % de D;

2.5.minicíocht na maise crochta a bheidh ag ascalú go hingearach os cionn an acastóra tiomána nó an bhógaí, ar ascalú neamhbhuan saor a bheidh san ascalú sin aici, is gá nach airde an mhinicíocht sin ná 2,0 Hz;

2.6.luaitear minicíocht agus maolú an chrochta i bpointe 3. Na nósanna imeachta tástála chun an mhinicíocht agus an maolú a thomhas, leagtar síos iad i bpointe 4.

3.SAINMHÍNIÚ AR AN MINICÍOCHT AGUS AN MAOLÚ

Is le mais chrochta M (kg) os cionn acastóir tiomána nó bógaí a bhaineann an sainmhíniú seo. An righneas ingearach iomlán atá san acastóir nó sa bhogaí idir dromchla an bhóthair agus an mhais chrochta, is K Niútan/méadar (N/m) atá ann, agus an chomhéifeacht mhaolaithe iomlán atá ag baint leis, is C Niútan in aghaidh an mhéadair in aghaidh an tsoicind (N.s/m) atá ann. Is ionann Z agus díláithriúchán ingearach na maise crochta. Is éard atá i gcothromóid na gluaisne maidir le hascalú saor na maise crochta:

Is éard atá i minicíocht ascalaithe na maise crochta F (raid/soic):

Maolú criticiúil atá sa mhaolú nuair C = Co,

nuair

Is éard atá sa chóimheas maolúcháin, mar chodán den mhaolú criticiúil, .

Le linn ascalú neamhbhuan saor na maise crochta, leanfaidh gluaisne ingearach na maise conair shíneasóideach mhaolaithe (Fíor 2). Is féidir an mhinicíocht a mheas tríd an am a thomhas maidir leis an oiread timthriallacha ascalaithe agus is féidir a scrúdú. Is féidir an maolú a mheas trí airde buaiceanna comhleanúnacha an ascalaithe sa treo céanna a thomhas. Na buaic-aimplitiúidí den chéad agus den dara timthriall ascalaithe, más ionann iad agus A1 agus A2 faoi seach, is é an cóimheas maolúcháin atá ann;

is ionann ‘ln’ agus logartam nádúrtha an chóimheasa aimplitiúide.

4.NÓS IMEACHTA TÁSTÁLA

An cóimheas maolúcháin D, an cóimheas maolúcháin a bhíonn i gceist agus na maolairí hiodrálacha bainte, agus minicíocht F an chrochta, chun na nithe sin a shuí, déanfaidh an fheithicil ualaithe:

(a)a thiomáint ag luas íseal (5 km/u ± 1 km/u) thar chéim 80 mm lena mbaineann an bpróifíl a thaispeántar i bhFíor 1. An t‑ascalú neamhbhuan a bhfuil anailís le déanamh air ó thaobh minicíochta agus maolaithe, is tar éis do rotha an acastóra tiomána imeacht den chéim a tharlaíonn an t‑ascalú sin;

nó

(b)a tharraingt anuas dá fhonnadh ionas gurb ionann ualach an acastóra tiomána agus 1,5 oiread an uasluach stataigh atá aige. An fheithicil atá á coinneáil síos, scaoiltear go tobann í agus déantar anailís ar an ascalú a leanann;

nó

(c)a tharraingt aníos dá fhonnadh ionas go n‑ardaítear an mhais chrochta 80 mm os cionn an acastóra tiomána. An fheithicil atá á coinneáil suas, scaoiltear go tobann í agus déantar anailís ar an ascalú a leanann;

nó

(d)a bheith faoi réir nósanna imeachta eile a mhéid is gur chruthaigh an monaróir, chun sástacht na seirbhíse teicniúla, gur comhionann iad.

Déanfar trasduchtóir díláithriúcháin ingearach a fheistiú ar an bhfeithicil idir an t‑acastóir tiomána agus an fonnadh, díreach os cionn an acastóra tiomána. Ón rian, an t‑eatramh idir an chéad bhuaic chomhbhrú agus an dara ceann, is féidir é a thomhas chun an mhinicíocht F a fháil, agus is féidir an cóimheas aimplitiúide a thomhas chun an maolú a fháil. I gcás bógaithe dé-thiomána, déanfar trasduchtóirí díláithriúcháin ingearacha a fheistiú idir gach acastóir tiomána agus an fonnadh díreach os a chionn.

Fíor 1

An chéim le haghaidh tástálacha crochta

Fíor 2

Freagairt neamhbhuan mhaolaithe

_____________

IARSCRÍBHINN III

PLÁTA A BHAINEANN LE TOISÍ DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 6(1), pointe (a)

I.An pláta a bhaineann le toisí, pláta a ghreamaítear in aice leis an bpláta dá dtagraítear i Rialachán (AE) Uimh. 19/2011 chomh fada agus is féidir, beidh na sonraí seo a leanas ann:

1.ainm an mhonaróra 1 ;

2.uimhir aitheantais na feithicle 2 ;

3.fad na mótarfheithicle, an leantóra nó an leathleantóra (L);

4.leithead na mótarfheithicle, an leantóra nó an leathleantóra (W);

5.sonraí maidir le fad cónasc feithiclí a thomhas:

–an t‑achar (a) idir tosach na mótarfheithicle agus lár an ghairis cúplála (an crúca cúplála nó an cúigiú roth); i gcás cúigiú roth a bhfuil roinnt pointí cúplála air, ní mór na luachanna íosta agus uasta a thabhairt (aíosta agus auasta);

–an t‑achar (b) idir lár ghaireas cúplála an leantóra (fáinne an chúigiú roth) nó an leathleantóra (pionna ceann aise) agus cúl an leantóra nó an leathleantóra; I gcás gairis a bhfuil roinnt pointí cúplála air, ní mór na luachanna íosta agus uasta a thabhairt (bíosta agus buasta).

Is é a bheidh i bhfad na gcónasc feithiclí fad na mótarfheithicle agus an leantóra nó an leathleantóra agus iad curtha i líne dhíreach taobh thiar dá chéile.

II.Na luachanna a thugtar ar an gcruthúnas ar chomhlíonadh, is atáirgeadh díreach a bheidh iontu ar na tomhais a rinneadh go díreach ar an bhfeithicil.

_____________

🡹

IARSCRÍBHINN IV

Cuid A

An Treoir aisghairthe agus liosta de na leasuithe comhleanúnacha a rinneadh uirthi
(dá dtagraítear in Airteagal 20)

Treoir 96/53/CE ón gComhairle
(IO L 235, 17.9.1996, lch. 59)

Treoir 2002/7/CE ó Pharlaimint na hEorpa
agus ón gComhairle
(IO L 67, 9.3.2002, lch. 47)

Treoir (AE) 2015/719 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
(IO L 115, 6.5.2015, lch. 1)

Treoir (AE) 2019/984 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
(IO L 164, 20.6.2019, lch. 30)

Rialachán (AE) 2019/1242 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
(IO L 198, 25.7.2019, lch. 202)

Airteagal 20 amháin

Cuid B

Teorainneacha ama le haghaidh an trasuí sa dlí náisiúnta
(dá dtagraítear in Airteagal 20) 

Treoir

Teorainn ama le haghaidh an trasuí

96/53/CE

An 17 Meán Fómhair 1997

2002/7/CE

An 9 Márta 2004

(AE) 2015/719

An 7 Bealtaine 2017

_____________

IARSCRÍBHINN V

Tábla Comhghaoil

Treoir 96/53/CE

An Treoir seo

Airteagal 1

Airteagal 1

Airteagal 2, an fhoclaíocht tosaigh

Airteagal 2, an fhoclaíocht tosaigh

Airteagal 2, an chéad fhleasc

Airteagal 2, pointe 1

Airteagal 2, an dara fleasc

Airteagal 2, pointe 2

Airteagal 2, an tríú fleasc

Airteagal 2, pointe 3

Airteagal 2, an ceathrú fleasc, an fhoclaíocht tosaigh

Airteagal 2, pointe 4, an fhoclaíocht tosaigh

Airteagal 2, an ceathrú fleasc, an chéad fho‑fhleasc

Airteagal 2, pointe 4(a)

Airteagal 2, an ceathrú fleasc, an dara fo‑fhleasc

Airteagal 2, pointe 4(b)

Airteagal 2, an cúigiú fleasc

Airteagal 2, pointe 5

Airteagal 2, an séú fleasc

Airteagal 2, pointe 6

Airteagal 2, an seachtú fleasc

Airteagal 2, pointe 7

Airteagal 2, an t‑ochtú fleasc

Airteagal 2, pointe 8

Airteagal 2, an naoú fleasc

Airteagal 2, pointe 9

Airteagal 2, an deichiú fleasc

Airteagal 2, pointe 10

Airteagal 2, an t‑aonú fleasc déag

Airteagal 2, pointe 11

Airteagal 2, an dara fleasc déag

Airteagal 2, pointe 12

Airteagal 2, an tríú fleasc déag

Airteagal 2, pointe 13

Airteagal 2, an ceathrú fleasc déag

Airteagal 2, pointe 14

Airteagal 2, an cúigiú fleasc déag

Airteagal 2, pointe 15

Airteagal 2, an séú fleasc déag

Airteagal 2, pointe 16

Airteagal 2, an seachtú fleasc déag

Airteagal 2, pointe 17

Airteagal 3

Airteagal 3

Airteagal 4(1) go (5)

Airteagal 4(1) go (5)

Airteagal 4(7)

-

Airteagal 5

Airteagal 5

Airteagal 6(1), (2) agus (3)

Airteagal 6(1), (2) agus (3)

Airteagal 6(4), an fhoclaíocht tosaigh

Airteagal 6(4), an fhoclaíocht tosaigh

Airteagal 6(4), an chéad fhleasc

Airteagal 6(4)(a)

Airteagal 6(4), an dara fleasc

Airteagal 6(4)(b)

Airteagal 6(5) agus (6)

Airteagal 6(5) agus (6)

Airteagal 7

Airteagal 7

Airteagal 8b(1)

Airteagal 8(1)

Airteagal 8b(2), an chéad fhomhír

Airteagal 8(2)

Airteagal 8b(2), an dara agus an tríú fomhír

-

Airteagal 8b(3) agus (4)

Airteagal 8(3) agus (4)

Airteagal 8b(5)

-

Airteagal 9a(1)

Airteagal 9(1)

Airteagal 9a(2), an chéad fhomhír

Airteagal 9(2), an chéad fhomhír

Airteagal 9a(2), an dara fomhír

-

Airteagal 9a(3)

-

Airteagal 10

Airteagal 20

Airteagal 10b

Airteagal 10

Airteagal 10c

Airteagal 11

Airteagal 10d

Airteagal 12

Airteagal 10e

Airteagal 13

Airteagal 10f

Airteagal 14

Airteagal 10g

Airteagal 15

Airteagal 10h(1), (2) agus (3)

Airteagal 16(1), (2) agus (3)

-

Airteagal 16(4)

Airteagal 10h(4)

Airteagal 16(5)

Airteagal 10h(5)

Airteagal 16(6)

Airteagal 10i

Airteagal 17

Airteagal 10j

Airteagal 18

Airteagal 11

Airteagal 19

Airteagal 12

Airteagal 21

Airteagal 13

Airteagal 22

Iarscríbhinn I

Iarscríbhinn I

Iarscríbhinn II

Iarscríbhinn II

Iarscríbhinn III

Iarscríbhinn III

Iarscríbhinn IV

Iarscríbhinn IV

Iarscríbhinn V

Iarscríbhinn V

_____________

(1)    Ní gá an fhaisnéis sin a athrá i gcás ina bhfuil pláta aonair ar iompar ag an bhfeithicil ina bhfuil sonraí maidir le meáchain agus toisí araon.
(2)    Ní gá an fhaisnéis sin a athrá i gcás ina bhfuil pláta aonair ar iompar ag an bhfeithicil ina bhfuil sonraí maidir le meáchain agus toisí araon.
Top