AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,20.10.2021
COM(2021) 637 final
IARSCRÍBHINN
a ghabhann leis an
Togra le haghaidh Cinneadh ón gComhairle
maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Choiste Speisialta um Éascú Custaim agus Trádála agus sa Choiste Speisialta um Thásca Geografacha agus um Thrádáil i bhFíonta agus Biotáillí a bunaíodh leis an gComhaontú um Chomhpháirtíocht Eacnamaíoch idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Stáit Chomhphobal Forbraíochta Dheisceart na hAfraice atá sa Chomhaontú Comhpháirtíochta Eacnamaíche, den pháirt eile, maidir le Rialacha Nós Imeachta an Choiste Speisialta um Éascú Custaim agus Trádála agus Rialacha Nós Imeachta an Choiste Speisialta um Thásca Geografacha agus um Thrádáil i bhFíonta agus Biotáillí faoi seach a ghlacadh
CEANGALTÁN 1
Dréacht‑CHINNEADH Uimh [...]
ÓN gCOISTE SPEISIALTA UM CHUSTAM AGUS ÉASCÚ NA TRÁDÁLA
maidir lena Rialacha Nós Imeachta
AN COISTE SPEISIALTA UM CHUSTAM AGUS ÉASCÚ NA TRÁDÁLA,
Ag féachaint don Chomhaontú Comhpháirtíochta Eacnamaíche idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt amháin, agus na Stáit atá in SADC EPA, den pháirt eile (‘an Comhaontú’), a síníodh in Kasane an 10 Meitheamh 2016, agus go háirithe Airteagal 50(2)(f) de,
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Leagtar síos Rialacha Nós Imeachta an Choiste Speisialta um Chustam agus Éascú na Trádála mar a leagtar amach san Iarscríbhinn.
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an ...
Arna dhéanamh in/sa ..., an .
Iarscríbhinn
RIALACHA NÓS IMEACHTA AN CHOISTE SPEISIALTA UM CHUSTAM AGUS ÉASCÚ NA TRÁDÁLA
CAIBIDIL I
EAGRÚCHÁN
Airteagal 1
Comhdhéanamh agus Cathaoirleach
1.An Coiste Speisialta um Chustam agus Éascú na Trádála a bhunaítear i gcomhréir le hAirteagal 50 den Chomhaontú Comhpháirtíochta Eacnamaíche idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt amháin, agus na Stáit atá in SADC EPA, den pháirt eile, (‘an Comhaontú’) comhlíonfaidh sé a dhualgais de réir mar a fhoráiltear in Airteagal 50 den Chomhaontú.
2.Déanfar tagairt do ‘na Páirtithe’ sna Rialacha Nós Imeachta seo i gcomhréir leis an sainmhíniú dá bhforáiltear in Airteagal 104 den Chomhaontú.
3.Mar a fhoráiltear in Airteagal 50(1) den Chomhaontú, is iad ionadaithe na bPáirtithe a bheidh ar an gCoiste Speisialta um Chustam agus Éascú na Trádála.
4.Mar a fhoráiltear in Airteagal 50(4) den Chomhaontú, déanfaidh oifigeach ón gCoimisiún Eorpach mar aon le hoifigeach ó na Stáit atá in SADC EPA comhchathaoirleacht ar an gCoiste Speisialta um Chustam agus Éascú na Trádála gach ré seal. Déanfaidh oifigeach ón gCoimisiún Eorpach mar aon le hoifigeach ó na Stáit atá in SADC EPA comhchathaoirleacht ar an gcéad chruinniú den Choiste Speisialta um Chustam agus Éascú na Trádála.
5.An sainordú a fhreagraíonn don chéad tréimhse, tosóidh sé ar dháta chéad chruinniú an Choiste Speisialta um Chustam agus Éascú na Trádála agus críochnóidh sé an 31 Nollaig den bhliain chéanna.
Airteagal 2
Cruinnithe
1.Tiocfaidh an Coiste Speisialta um Chustam agus Éascú na Trádála le chéile uair sa bhliain nó ar iarratas ó cheachtar den dá Pháirtí. Tionólfar na cruinnithe sa Bhruiséil nó ar chríoch ceann de na stáit atá in SADC EPA gach re seach, mura gcomhaontóidh na Páirtithe a mhalairt.
2.Mura gcomhaontóidh na Páirtithe a mhalairt, is é an Páirtí a bhfuil an Cathaoirleach aige a dhéanfaidh an cruinniú den Choiste Speisialta um Chustam agus Éascú na Trádála a thionól, tar éis dó dul i gcomhairle leis an bPáirtí eile.
Airteagal 3
Breathnóirí
Féadfaidh an Coiste Speisialta um Chustam agus Éascú na Trádála a chinneadh cuireadh a thabhairt do bhreathnóirí ar bhonn ad hoc agus a chinneadh cad iad na míreanna ar an gclár oibre a bheidh ar fáil do na breathnóirí sin.
Airteagal 4
An Rúnaíocht
1.Is é an Páirtí atá ina óstach ar an gcruinniú den Choiste Speisialta um Chustam agus Éascú na Trádála a ghníomhóidh mar Rúnaíocht.
2.Nuair a thionólfar an cruinniú trí mhodhanna leictreonacha, is é an Páirtí a mbeidh an Cathaoirleach aige a gníomhóidh mar Rúnaíocht.
CAIBIDIL II
FEIDHMIÚ
Airteagal 5
Doiciméid
I gcás ina mbeidh plé an Choiste Speisialta um Chustam agus Éascú na Trádála bunaithe ar dhoiciméid tacaíochta i scríbhinn, déanfaidh Rúnaíocht an Choiste Speisialta um Chustam agus Éascú na Trádála na doiciméid sin a uimhriú agus a scaipeadh mar dhoiciméid de chuid an Choiste Speisialta um Chustam agus Éascú na Trádála.
Airteagal 6
Fógra agus Clár Oibre le haghaidh na gCruinnithe
1.Tabharfaidh an Rúnaíocht fógra do na Páirtithe maidir le tionól cruinnithe agus iarrfaidh sí ionchuir le haghaidh an chláir tráth nach déanaí ná 30 lá roimh an gcruinniú féin. I gcás ábhar práinne agus/nó imthosca gan choinne a bheidh le breithniú, féadfar an cruinniú a thionól ar ghearrfhógra.
2.Déanfaidh Rúnaíocht an Choiste Speisialta um Chustam agus Éascú na Trádála clár oibre sealadach a dhréachtú le haghaidh gach cruinnithe. Cuirfidh an Rúnaíocht é ar aghaidh chuig Cathaoirleach agus comhaltaí an Choiste Speisialta um Chustam agus Éascú na Trádála tráth nach déanaí ná 14 lá roimh thús an chruinnithe.
3.Áireofar ar an gclár oibre sealadach na míreanna sin a bhfuair Rúnaíocht an Choiste Speisialta um Chustam agus Éascú na Trádála iarratas ó Pháirtí ina leith chun iad a chur san áireamh ar an gclár oibre.
4.Glacfaidh an Coiste Speisialta um Chustam agus Éascú na Trádála an clár oibre ag tús gach cruinnithe. Féadfar na míreanna eile seachas iad siúd atá ar an gclár oibre sealadach a chur leis an gclár oibre, má chomhaontaíonn na Páirtithe amhlaidh.
5.Féadfaidh Cathaoirleach an Choiste Speisialta um Chustam agus Éascú na Trádála, ar chomhaontú ó na Páirtithe uile, cuireadh a thabhairt do shaineolaithe a bheith i láthair ag a chruinnithe chun faisnéis ar ábhair sonracha a chur ar fáil.
Airteagal 7
Tuarascáil ar an gCruinniú
Mura gcomhaontóidh na Páirtithe a mhalairt, déanfaidh Rúnaíocht an Choiste Speisialta um Chustam agus Éascú na Trádála tuarascáil gach cruinnithe a tharraingt suas agus glacfar í ag deireadh gach cruinnithe.
Airteagal 8
Cinntí agus moltaí
1.Glacfaidh an Coiste Speisialta um Chustam agus Éascú na Trádála cinntí nó moltaí de chomhthoil sna cásanna dá bhforáiltear sa Chomhaontú nó i gcásanna ina mbeidh an Chomhairle Chomhpháirteach nó an Coiste um Thrádáil agus Fhorbairt tar éis an chumhacht sin a tharmligean chuige.
2.I gcás ina dtabharfar an chumhacht don Choiste Speisialta um Chustam agus Éascú na Trádála faoin gComhaontú cinntí nó moltaí a ghlacadh, nó i gcás ina mbeidh an Chomhairle Chomhpháirteach nó an Coiste um Thrádáil agus Fhorbairt tar éis an chumhacht sin a tharmligean chuige, tabharfar ‘Cinneadh’ nó ‘Moladh’ ar na gníomhartha sin faoi seach i dtuarascáil na gcruinnithe. Cuirfidh Rúnaíocht an Choiste Speisialta um Chustam agus Éascú na Trádála sraithuimhir, dáta glactha mar aon le tuairisc faoin ábhar le haon chinneadh nó moladh formheasta. Déanfar foráil i ngach cinneadh nó moladh maidir le dáta a theacht i bhfeidhm.
3.I gcás nach mbeidh Stát atá in SADC EPA i láthair, déanfaidh an Rúnaíocht cinntí agus/nó moltaí an chruinnithe a chur in iúl don chomhalta sin nach raibh in ann freastal ar an gcruinniú. Cuirfidh an Stát sin atá in SADC EPA freagra i scríbhinn ar fáil laistigh de 10 lá féilire ó sheoladh na gcinntí agus/nó na moltaí, freagra ina léireofar na cinntí agus/nó na moltaí sin nach n‑aontaíonn sé leo, lena n‑áirítear na cúiseanna ina leith sin. Mura bhfaighfear an freagra i scríbhinn thuasluaite laistigh de 10 lá féilire, measfar na cinntí agus/nó na moltaí a bheith glactha. An Stát atá in SADC EPA nár fhreastail ar an gcruinniú, sa chás nach n‑aontaíonn sé le cinntí agus/nó le moltaí beidh feidhm ag an nós imeachta i Mír 4.
4.Sa tréimhse idir cruinnithe, féadfaidh an Coiste Speisialta um Chustam agus Éascú na Trádála cinntí agus moltaí a ghlacadh trí bhíthin nós imeachta i scríbhinn má chomhaontaíonn an dá Pháirtí amhlaidh. Is é a bheidh sa nós imeachta i scríbhinn malartú nótaí idir ionadaithe na bPáirtithe.
5.Na cinntí agus moltaí arna nglacadh ag an gCoiste Speisialta um Chustam agus Éascú na Trádála, déanfar iad a fhíordheimhniú le cóip bharántúil arna síniú ag ionadaí ón Aontas Eorpach agus ag ionadaí ó na Stáit atá in SADC EPA.
Airteagal 9
Rochtain Phoiblí
1.Ní cruinnithe poiblí a bheidh i gcruinnithe an Choiste Speisialta um Chustam agus Éascú na Trádála, mura gcinnfear a mhalairt.
2.Féadfaidh gach Páirtí a chinneadh cinntí agus moltaí ón gCoiste Speisialta um Chustam agus Éascú na Trádála a fhoilsiú.
CAIBIDIL III
FORALACHA CRÍOCHNAITHEACHA
Airteagal 10
Caiteachas
1.Íocfaidh gach Páirtí as aon chaiteachas a thabhóidh sé de thoradh a bheith rannpháirteach i gcruinnithe an Choiste Speisialta um Chustam agus Éascú na Trádála, maidir le caiteachas foirne, taistil agus cothaithe araon, agus le caiteachas poist agus teileachumarsáide.
2.Is é an Páirtí atá ina óstach ar an gcruinniú a íocfaidh as caiteachas a bhaineann le heagrú cruinnithe, soláthar seirbhísí ateangaireachta agus atáirgeadh doiciméad.
Airteagal 11
Na Rialacha Nós Imeachta a Leasú
Féadfar na Rialacha Nós Imeachta sin a leasú i scríbhinn le cinneadh ón gCoiste Speisialta um Chustam agus Éascú na Trádála i gcomhréir le hAirteagal 8.
CEANGALTÁN 2
Dréacht‑CHINNEADH Uimh [...]
ÓN gCOISTE SPEISIALTA UM THÁSCA GEOGRAFACHA AGUS UM THRÁDÁIL I bhFÍONTA AGUS BIOTÁILLÍ
maidir lena Rialacha Nós Imeachta
AN COISTE SPEISIALTA UM THÁSCA GEOGRAFACHA AGUS UM THRÁDÁIL I bhFÍONTA AGUS BIOTÁILLÍ
Ag féachaint don Chomhaontú Comhpháirtíochta Eacnamaíche idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt amháin, agus na Stáit atá in SADC EPA, den pháirt eile (‘an Comhaontú’), a síníodh in Kasane an 10 Meitheamh 2016, agus go háirithe Airteagal 13(5)(f) de Prótacal 3 den Chomhaontú de
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Leagtar síos Rialacha Nós Imeachta an Choiste Speisialta um Thásca Geografacha agus um Thrádáil i bhFíonta agus Biotáillí mar a leagtar amach san Iarscríbhinn.
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an ...
Arna dhéanamh in/sa ..., an .
Iarscríbhinn
RIALACHA NÓS IMEACHTA AN CHOISTE SPEISIALTA UM THÁSCA GEOGRAFACHA AGUS UM THRÁDÁIL I bhFÍONTA AGUS BIOTÁILLÍ
CAIBIDIL I
EAGRÚCHÁN
Airteagal 1
Comhdhéanamh agus Cathaoirleach
1.An Coiste Speisialta um Thásca Geografacha agus um Thrádáil i bhFíonta agus Biotáillí (‘an Coiste Speisialta’) a bhunaítear faoi Airteagal 13 de Phrótacal 3 den Chomhaontú Comhpháirtíochta Eacnamaíche idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt amháin, agus na Stáit atá in SADC EPA, den pháirt eile, (‘an Comhaontú’) comhlíonfaidh sé a dhualgais i gcomhréir leis an Airteagal sin.
2.Déanfar tagairt do ‘na Páirtithe’ sna rialacha nós imeachta seo i gcomhréir leis an sainmhíniú dá bhforáiltear in Airteagal 1 de Phrótacal 3 den Chomhaontú, eadhon, an Afraic Theas agus an tAontas Eorpach.
3.Is iad ionadaithe na bPáirtithe a bheidh ar an gCoiste Speisialta.
4.Déanfaidh oifigeach ón gCoimisiún Eorpach mar aon le hoifigeach ón Afraic Theas comhchathaoirleacht ar chruinnithe an Choiste Speisialta gach ré seach.
5.An sainordú dá dtagraítear i mír 4, ar sainordú é a fhreagraíonn don chéad tréimhse, tosóidh sé ar dháta chéad chruinniú an Choiste Speisialta agus críochnóidh sé an 31 Nollaig den bhliain chéanna.
Airteagal 2
Cruinnithe
1.Tiocfaidh an Coiste Speisialta le chéile go tráthrialta, uair sa bhliain ar a laghad, agus ar iarratas ó cheachtar den dá Pháirtí. Tionólfar na cruinnithe sa Bhruiséil nó ar chríoch ceann de na stáit atá in SADC EPA gach re seach, mura gcomhaontóidh na Páirtithe a mhalairt.
2.Mura gcomhaontóidh na Páirtithe a mhalairt, is é an Páirtí a bhfuil an Cathaoirleach aige a dhéanfaidh an cruinniú den Choiste Speisialta a thionól, tar éis dó dul i gcomhairle leis an bPáirtí eile.
3.Féadfaidh na Páirtithe a chomhaontú go dtionólfar cruinnithe an Choiste Speisialta trí mhodhanna leictreonacha.
Airteagal 3
Breathnóirí
Féadfaidh an Coiste Speisialta a chinneadh cuireadh a thabhairt do bhreathnóirí a beith i láthair ag a chruinnithe ar bhonn ad hoc agus a chinneadh cad iad na míreanna ar an gclár oibre a bheidh ar fáil do na breathnóirí sin.
Airteagal 4
Rúnaíocht
1.Is é an Páirtí atá ina óstach ar an gcruinniú den Choiste Speisialta a ghníomhóidh mar Rúnaíocht an Choiste Speisialta (‘an Rúnaíocht’).
2.Nuair a thionólfar an cruinniú trí mhodhanna leictreonacha, is é an Páirtí a mbeidh an Cathaoirleach aige a gníomhóidh mar Rúnaíocht.
CAIBIDIL II
FEIDHMIÚ
Airteagal 5
Doiciméid
I gcás ina mbeidh plé an Choiste Speisialta bunaithe ar dhoiciméid tacaíochta i scríbhinn, déanfaidh an Rúnaíocht na doiciméid sin a uimhriú agus a scaipeadh mar dhoiciméid de chuid an Choiste Speisialta.
Airteagal 6
Fógra agus clár oibre le haghaidh na gcruinnithe
1.Tabharfaidh an Rúnaíocht fógra do na Páirtithe maidir le tionól cruinnithe agus iarrfaidh sí ionchuir le haghaidh an chláir tráth nach déanaí ná 30 lá roimh an gcruinniú féin. I gcás ábhar práinne nó imthosca gan choinne a bheidh le breithniú, féadfar an cruinniú a thionól ar ghearrfhógra.
2.Dréachtóidh an Rúnaíocht clár oibre sealadach le haghaidh gach cruinnithe. Cuirfidh an Rúnaíocht é ar aghaidh chuig Cathaoirleach agus comhaltaí an Choiste Speisialta tráth nach déanaí ná 14 lá roimh an gcruinniú.
3.Áireofar ar an gclár oibre sealadach na míreanna sin a bhfuair an Rúnaíocht iarratas ó Pháirtí ina leith chun iad a chur san áireamh ar an gclár.
4.Glacfaidh an Coiste Speisialta an clár oibre ag tús gach cruinnithe. Féadfar na míreanna eile seachas iad siúd atá ar an gclár oibre sealadach a chur leis an gclár oibre, má chomhaontaíonn na comhchathaoirligh amhlaidh.
5.Féadfaidh Cathaoirleach an Choiste Speisialta, ar chomhaontú ó na Páirtithe, cuireadh a thabhairt do shaineolaithe a bheith i láthair ag a chruinnithe chun faisnéis ar ábhair sonracha a chur ar fáil.
Airteagal 7
Tuarascáil ar an gcruinniú
Mura gcomhaontóidh na Páirtithe a mhalairt, déanfaidh an Rúnaíocht tuarascáil gach cruinnithe a tharraingt suas agus glacfar í ag deireadh gach cruinnithe.
Airteagal 8
Cinntí agus moltaí
1.I gcomhréir le hAirteagal 13(3) de Phrótacal 3 den Chomhaontú, féadfaidh an Coiste Speisialta moltaí a dhéanamh agus cinntí a ghlacadh de chomhthoil sna cásanna dá bhforáiltear i bPrótacal 3 den Chomhaontú.
2.I gcás ina dtabharfar an chumhacht don Choiste Speisialta faoi Phrótacal 3 den Chomhaontú cinntí nó moltaí a ghlacadh, nó i gcás ina mbeidh an Coiste um Thrádáil agus Fhorbairt tar éis an chumhacht sin a tharmligean chuige, tabharfar ‘Cinneadh’ nó ‘Moladh’ ar na gníomhartha sin faoi seach i dtuarascáil na gcruinnithe dá dtagraítear in Airteagal 7. Cuirfidh an Rúnaíocht sraithuimhir, dáta glactha mar aon le tuairisc faoin ábhar le haon chinneadh nó moladh glactha. Déanfar foráil i ngach cinneadh nó moladh maidir le dáta a theacht i bhfeidhm.
3.Sa tréimhse idir cruinnithe, féadfaidh an Coiste Speisialta cinntí nó moltaí a ghlacadh trí bhíthin nós imeachta i scríbhinn nó trí mhodhanna leictreonacha má chomhaontaíonn an dá Pháirtí amhlaidh. Is é a bheidh sa nós imeachta i scríbhinn malartú nótaí idir ionadaithe na bPáirtithe.
4.Na cinntí agus moltaí arna nglacadh ag an gCoiste Speisialta, déanfar iad a fhíordheimhniú le dhá chóip bhunaidh arna síniú ag ionadaí ón Aontas Eorpach agus ag ionadaí ón Afraic Theas.
Airteagal 9
Rochtain Phoiblí
1.Ní cruinnithe poiblí a bheidh i gcruinnithe an Choiste Speisialta, mura gcinnfidh na Páirtithe a mhalairt.
2.Féadfaidh na Páirtithe a chinneadh cinntí agus moltaí ón gCoiste Speisialta a fhoilsiú.
CAIBIDIL III
FORALACHA CRÍOCHNAITHEACHA
Airteagal 10
Caiteachas
1.Íocfaidh gach Páirtí as aon chaiteachas a thabhóidh sé de thoradh é a bheith rannpháirteach i gcruinnithe an Choiste Speisialta, maidir le caiteachas foirne, taistil agus cothaithe araon, agus le caiteachas poist agus teileachumarsáide.
2.Is é an Páirtí atá ina óstach ar an gcruinniú a íocfaidh as caiteachas a bhaineann le heagrú cruinnithe, soláthar seirbhísí ateangaireachta agus atáirgeadh doiciméad.
Airteagal 11
An Coiste um Thrádáil agus Fhorbairt
Tabharfaidh an Coiste Speisialta tuarascáil don Choiste um Thrádáil agus Fhorbairt.
Airteagal 12
Na Rialacha Nós Imeachta a Leasú
Féadfar na Rialacha Nós Imeachta sin a leasú i scríbhinn le cinneadh ón gCoiste Speisialta arna ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 8.