AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,30.7.2021
COM(2021) 434 final
2021/0248(COD)
Togra le haghaidh
RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
maidir le forálacha áirithe i ndáil le hiascaireacht i limistéar Chomhaontú CIGM (An Coimisiún Ginearálta Iascaigh don Mheánmhuir) (athmhúnlú)
DRÉACHTMHEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.COMHTHÉACS AN TOGRA
•Forais agus cuspóirí an togra
Is é is cuspóir don togra seo na bearta caomhnaithe agus bainistithe iascaigh a ghlac an Coimisiún Ginearálta Iascaigh don Mheánmhuir (CIGM) in 2018 agus in 2019 a chur chun feidhme i ndlí an Aontais, Coimisiún a bhfuil an tAontas ina pháirtí conarthach ann ó bhí 1998 ann. Achtaíodh cur chun feidhme bhearta CIGM roimhe sin le Rialachán (AE) 2019/982, lenar leasaíodh dhá ghníomh trasuite roimhe sin, Rialachán (AE) 2015/2102 agus Rialachán (AE) 1343/2011. Ó rinneadh Rialachán 2019 a leasú go substaintiúil roinnt uaireanta agus go bhfuil tuilleadh leasaithe ag teastáil anois, athmhúnlófar é ar mhaithe le soiléireacht, simpliú agus deimhneacht dhlíthiúil.
Is é CIGM an eagraíocht réigiúnach um bainistíocht iascaigh (RFMO) atá freagrach as acmhainní iascaigh sa Mheánmhuir agus sa Mhuir Dhubh a bhainistiú. Is iad príomhchuspóirí CIGM forbairt, caomhnú, bainistiú réasúnach agus scothúsáid beo-acmhainní muirí agus forbairt inbhuanaithe dobharshaothraithe a áirithiú sa Mheánmhuir, sa Mhuir Dhubh agus ina n‑uiscí cónascacha. Tá an tAontas Eorpach, chomh maith le 10 mBallstát (an Bhulgáir, an Chróit, an Chipir, an Fhrainc, an Ghréig, an Iodáil, Málta, an tSlóivéin, an Spáinn agus an Rómáin) ina bpáirtithe conarthacha i gComhaontú CIGM.
Tá an t‑údarás ag CIGM cinntí ceangailteacha (‘moltaí’) a ghlacadh ina réimse inniúlachta maidir le caomhnú agus bainistiú iascaigh. Is ar na Páirtithe Conarthacha atá na gníomhartha sin dírithe ach d’fhéadfaí oibleagáidí ar oibreoirí (e.g. máistrí soithigh) a bheith iontu chomh maith. Bíonn moltaí CIGM ina gceangal 120 lá ón dáta a thugtar fógra fúthu den chéad uair, ar choinníoll nach ndéantar aon agóid ina leith. Tá sé de dhualgas ar an Aontas a áirithiú go gcomhlíonfar na bearta sin, mar oibleagáidí idirnáisiúnta, a luaithe a thagann siad i bhfeidhm.
Leis an togra seo, tugtar cumhachtaí tarmligthe don Choimisiún faoi Airteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), chun a áirithiú go leanfaidh an tAontas dá oibleagáidí faoi Chomhaontú CIGM a chomhlíonadh.
•Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana
Déantar forálacha eile de dhlí an Aontais sa réimse sin a chomhlánú leis an togra seo agus tá an togra comhsheasmhach, tríd is tríd, leis na forálacha sin. Suitear maoluithe ó ghníomhartha atá ann cheana i gcásanna áirithe áfach mar gheall ar a bhfuil i gceist leis na bearta níos sonraí atá beartaithe.
Sa mhéid nach bhfuil cinntí CIGM a glacadh in 2018 agus 2019 cumhdaithe go fóill ag dlí an Aontais atá ann cheana, ní mór iad a chur chun feidhme i gcóras dlí an Aontais chun a áirithiú go gcuirtear i bhfeidhm iad ar bhealach aonfhoirmeach agus éifeachtach ar fud an Aontais.
Cuirtear san áireamh sa togra Rialachán (AE) 2019/1241 maidir le hacmhainní iascaigh a chaomhnú agus éiceachórais mhuirí a chosaint trí bhearta teicniúla. Saothraíonn sé cuspóirí an chomhbheartais iascaigh athchóiritheagus cuirfear i bhfeidhm é gan dochar do Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006.
•Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais
2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT
•
Bunús dlí
Tá an togra seo bunaithe ar Airteagal 43(2) CFAE ina leagtar amach na forálacha is gá chun cuspóirí an Chomhbheartais Iascaigh a bhaint amach.
•Coimhdeacht (maidir le hinniúlacht neamheisiach)
Tagann an togra faoi réim inniúlacht eisiach an Aontais (Airteagal 3(1)(d) CFAE). Dá bhrí sin, níl feidhm ag prionsabal na coimhdeachta.
•Comhréireacht
Áiritheofar leis an togra seo go bhfuil dlí an Aontais i gcomhréir leis na hoibleagáidí idirnáisiúnta arna nglacadh ag CIGM, a bhfuil an tAontas ina pháirtí conarthach ann. Cuirtear an méid sin chun feidhme gan níos mó ná mar a bhfuil gá leis a dhéanamh chun an cuspóir inmhianaithe a bhaint amach.
•Rogha ionstraime
Is Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle í an ionstraim atá beartaithe. Cuirtear san áireamh sa rogha seo cuspóirí an chomhbheartais iascaigh agus oibleagáidí idirnáisiúnta eile an Aontais.
Is éard atá sa togra seo an ceathrú trasuí de mholtaí CIGM i ndlí an Aontais. I bhfianaise chineál, raon feidhme agus líon na leasuithe atá i gceist, d’iarr na seirbhísí dlí athmhúnlú mar an nós imeachta is iomchuí chun soiléireacht agus inléiteacht dhlíthiúil leordhóthanach a áirithiú.
3.TORTHAÍ Ó MHEASTÓIREACHTAÍ EX-POST, Ó CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS Ó MHEASÚNUITHE TIONCHAIR
•Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana
•Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara
Is é cuspóir an togra seo bearta CIGM atá ann cheana, agus atá ceangailteach ar na páirtithe conarthacha, a chur chun feidhme. Chuathas i gcomhairle le saineolaithe náisiúnta agus le hionadaithe tionscail Bhallstáit an Aontais roimh an gcaibidlíocht agus lena linn ag an 42ú agus ag an 43ú seisiún bliantúil CIGM. Dá bhrí sin, níor measadh go raibh sé riachtanach comhairliúchán le páirtithe leasmhara a reáchtáil maidir leis an rialachán seo.
•Bailiú agus úsáid saineolais
•Measúnú tionchair
Tá bearta a ghlacann CIGM bunaithe ar chomhairle óna Choiste Comhairleach Eolaíoch. Ní dhéanfar measúnú tionchair breise, toisc nach bhforbrófar aon bheartas nua (a leanfaidh níos mó ná bearta CIGM) agus nach meastar go dtiocfaidh aon tionchair nua as an trasuí.
•Oiriúnacht rialála agus simpliú
Níl aon bhaint ag an togra seo le REFIT.
•Cearta bunúsacha
Níl aon iarmhairt ag an togra seo maidir le cosaint chearta bunúsacha shaoránaigh an Aontais.
4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA
5.EILIMINTÍ EILE
•Pleananna cur chun feidhme agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe
•Doiciméid mhíniúcháin (i gcás treoracha)
•Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra
Tabharfaidh an togra seo aghaidh ar shaincheisteanna a bhaineann le caomhnú agus bainistiú inbhuanaithe iascach, agus le tionchar gníomhaíochtaí iascaireachta ar speicis mhuirí áirithe i limistéir na Meánmhara agus na Mara Duibhe. Mar a luadh cheana, ar mhaithe le soiléireacht dhlíthiúil, is athmhúnlú a bheidh sa ghníomh atá beartaithe.
I dTeideal I tá forálacha ginearálta maidir le hábhar, raon feidhme, naisc le gníomhartha eile de chuid an Aontais agus sainmhínithe. Tá feidhm ag an togra seo maidir le hiascaireacht tráchtála agus dobharshaothrú tráchtála, agus iascaireacht áineasa, a dhéanann soithí iascaireachta an Aontais agus náisiúnaithe Ballstát i limistéar Chomhaontú CIGM.
I dTeideal II, déileáiltear le bearta bainistíochta, caomhnaithe agus rialaithe iascach i dtaca le speicis áirithe. Tá caibidlí ann maidir leis an eascann Eorpach, an séacla mór dearg, an séacla gorm agus dearg, an coiréal dearg, iascaigh ghrinnill, iascaigh pheiligeacha bheaga, an deargán, an doráid, an turbaird agus an fíogach gobach.
Leagtar amach forálacha coiteanna le Teideal III agus áirítear ann bearta maidir le caomhnú, rialú, comhar, faisnéis agus tuairisciú, agus cláir thaighde réigiúnacha. I gCaibidil I, dírítear ar bhearta teicniúla agus caomhnaithe, go háirithe chun tionchar na ngníomhaíochtaí iascaireachta ar speicis áirithe mhuirí (lena n‑áirítear siorcanna agus roic) agus gabhálacha de thaisme a laghdú, chun limistéir shrianta iascaigh (FRAnna) agus tréimhsí coiscthe ama a bhunú, agus chun rialáil a dhéanamh ar an trealamh iascaireachta is féidir a úsáid. I gCaibidil II tá bearta rialaithe, go háirithe maidir le clár soithí údaraithe, bearta stáit calafoirt agus soithí a thoimhdítear a bheith déanta tar éis iascaireacht neamhdhleathach neamhthuairiscithe neamhrialáilte (NNN) a dhéanamh. Áirítear i gCaibidil III bearta maidir le comhar, comhroinnt faisnéise agus tuairisciú. I gCaibidil IV bunaítear cláir thaighde réigiúnacha maidir leis an bportán gorm sa Mheánmhuir agus cuachma fhéitheach sa Mhuir Dhubh.
I dTeideal IV leagtar amach forálacha críochnaitheacha, lena n‑áirítear forálacha maidir le tarmligean cumhachtaí agus teacht i bhfeidhm.
Bunaíodh na spriocdhátaí tuairiscithe sa togra seo ar bhonn na spriocdhátaí a comhaontaíodh ar leibhéal CIGM, d’fhonn a chur ar chumas an Aontais na ceanglais maidir le tuairisciú chuig Rúnaíocht CIGM a chomhlíonadh.
🡻 1343/2011 (oiriúnaithe)
2021/0248 (COD)
Togra le haghaidh
RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
maidir le forálacha áirithe i ndáil le hiascaireacht i limistéar Chomhaontú CIGM (An Coimisiún Ginearálta Iascaigh don Mheánmhuir) agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006 ón gComhairle maidir le bearta bainistíochta do shaothrú inbhuanaithe acmhainní iascaigh sa Mheánmhuir (athmhúnlú)
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43(2) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún,
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
⇩ nua
(1)Rinneadh Rialachán (AE) Uimh. 1343/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a leasú go suntasach roinnt uaireanta. Ós rud é go bhfuil tuilleadh leasuithe le déanamh ar an Rialachán, ba cheart é a athmhúnlú ar mhaithe le soiléireacht.
🡻 2019/982 aithris 2
(2)Is é ceann de chuspóirí an Chomhbheartais Iascaigh (CBI), mar a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a áirithiú go bhfuil gníomhaíochtaí iascaireachta agus dobharshaothraithe inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de san fhadtréimhse agus go ndéanfar iad a bhainistiú ar bhealach atá comhsheasmhach leis na cuspóirí i dtaca le sochair don gheilleagar, don tsochaí agus don fhostaíocht a bhaint amach, agus i dtaca le rannchuidiú le hinfhaighteacht soláthairtí bia.
🡻 1343/2011 aithris 1
(3)D’aontaigh an Comhphobal Eorpach don Chomhaontú um bunú an Choimisiúin Ghinearálta Iascaigh don Mheánmhuir (‘Comhaontú CIGM’) de bhun Chinneadh 98/416/CE ón gComhairle an 16 Meitheamh 1998 maidir le haontachas an Chomhphobail Eorpaigh leis an gCoimisiún Ginearálta Iascaigh don Mheánmhuir (‘CIGM’).
🡻 1343/2011 aithris 2
(4)Le Comhaontú CIGM, soláthraítear creat iomchuí do chomhar iltaobhach chun forbairt, caomhnú, bainistiú réasúnach agus scothúsáid acmhainní beo muirí a chur chun cinn sa Mheánmhuir agus sa Mhuir Dhubh ar leibhéil a meastar ina leith go bhfuil siad inbhuanaithe agus go bhfuil riosca íseal ann maidir leo go gclisfidh siad.
🡻 1343/2011 aithris 3 (oiriúnaithe)
(5)Tá an tAontas Eorpach, chomh maith leis an mBulgáir, leis an nGréig, leis an Spáinn, leis an bhFrainc, ⌦ leis an gCróit, ⌫ leis an Iodáil, leis an gCipir, le Málta, leis an Rómáin agus leis an tSlóivéin, ina bpáirtithe conarthacha i gComhaontú CIGM.
🡻 1343/2011 aithris 4
(6)Maidir leis na moltaí arna nglacadh ag CIGM, tá siad ina gceangal ar a pháirtithe conarthacha. Ós rud é gur páirtí conarthach i gComhaontú CIGM é an tAontas, tá na moltaí seo ina gceangal ar an Aontas agus ba cheart, dá bhrí sin, iad a chur chun feidhme i ndlí Aontais mura bhfuil a n‑inneachar faoi chumhdach leis an dlí sin cheana féin
🡻 1343/2011 aithris 6
⇨ nua
(7)Ar ⇨ na cúiseanna sin ⇦ mhaithe le soiléire, le simpliú a dhéanamh agus le cinnteacht dhlíthiúil, agus ós rud é, de bharr chineál buan na moltaí, go bhfuil gá le hionstraim bhuan dhlíthiúil a bheith ann chun iad a chur chun feidhme i ndlí Aontais, is iomchuí go ndéantar na moltaí sin a chur chun feidhme le gníomh reachtach aonair ar féidir moltaí amach anseo a chur leis i bhfoirm leasuithe ar an ngníomh sin.
🡻 1343/2011 aithris 12
(8)Maidir leis an gcomhairle ar a mbunaítear na bearta bainistíochta, ba cheart go mbeadh sin bunaithe ar úsáid eolaíoch sonraí ábhartha maidir le toilleadh agus gníomhaíocht na gcabhlach, maidir le stádas bitheolaíoch acmhainní arna saothrú agus maidir le staid shóisialta agus eacnamaíoch iascach. Is gá na sonraí sin a bhailiú agus a thíolacadh in am le go mbeidh fochomhlachtaí CIGM in ann a gcomhairle a ullmhú.
🡻 1343/2011 aithris 5 (oiriúnaithe)
Ag a Seisiúin Bhliantúla sna blianta 2005, 2006, 2007 agus 2008, ghlac CIGM roinnt moltaí agus rún i ndáil le hiascaigh áirithe i limistéar Chomhaontú CIGM, agus rinneadh na moltaí agus na rúin sin a chur chun feidhme go sealadach i ndlí Aontais leis na Rialacháin bhliantúla ar dheiseanna iascaireachta nó, i gcás moltaí 2005/1 agus moltaí 2005/2 ó CIGM, le hAirteagal 4(3) agus le hAirteagal 24 de Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006
.
⇩ nua
(9)Sna Seisiúin bhliantúla CIGM atá ar siúl ó 2005 glacadh roinnt moltaí agus rún i ndáil le hiascaigh áirithe i limistéar Chomhaontú CIGM a cuireadh chun feidhme i ndlí an Aontais le Rialachán (AE) Uimh. 1343/2011 agus a leasuithe go príomha.
🡻 1343/2011 aithris 13 (oiriúnaithe)
Ag a Sheisiún Bliantúil sa bhliain 2008 ghlac CIGM moladh maidir le scéim réigiúnach de bhearta stát an chalafoirt chun iascaireacht Neamhdhleathach, Neamhthuairiscithe agus Neamhrialáilte (‘iascaireacht NNN’) a chomhrac i Limistéar CIGM. Cé go gcumhdaítear inneachar an mholta sin go ginearálta le Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 ón gComhairle an 29 Meán Fómhair 2008 lena mbunaítear córas Comhphobail chun iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte a chosc, a dhíspreagadh agus a dhíothú
agus go bhfuil an Rialachán sin i bhfeidhm ón 1 Eanáir 2010, dá ainneoin sin, tá roinnt codanna de ann, amhail minicíocht, cumhdach agus an nós imeachta maidir le cigireachtaí calafoirt, ar codanna iad ar gá tagairt a dhéanamh dóibh sa Rialachán seo chun na codanna sin a chur in oiriúint do shaintréithe ar leith limistéar Chomhaontú CIGM.
⇩ nua
(10)Ag a Sheisiún Bliantúil in 2019, ghlac CIGM Moladh CIGM/43/2019/8 lena leasaítear foráil 13 agus Iarscríbhinn I de CIGM/33/2009/8. Maidir le hábhar an mholta sin, cé go gcumhdaítear é i bpáirt le Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 ón gComhairle an 29 Meán Fómhair 2008 lena mbunaítear córas Comhphobail chun iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte a chosc, a dhíspreagadh agus a dhíothú, ba cheart a chur chun feidhme i ndlí an Aontais leis an Rialachán seo na bearta sin a leagtar síos sa Mholadh sin nach gcumhdaítear go fóill le reachtaíocht an Aontais.
🡻 1343/2011 aithris 10 (oiriúnaithe)
Ag a Sheisiún Bliantúil ón 23 Márta go dtí an 27 Márta 2009, rinne CIGM, ar bhonn comhairle eolaíche ón gCoiste Comhairleach Eolaíoch (‘CCE’), ar comhairle í a leagtar amach i dtuarascáil a aonú seisiún déag (Tuarascáil uimh. 890 ó EBT), ar bhonn molta maidir le limistéar srianta iascaigh a bhunú i Murascaill an Leoin. Is iomchuí go gcuirfí an beart seo chun feidhme trí chóras bainistíochta iarrachta iascaireachta.
⇩ nua
(11)Ag a Sheisiún Bliantúil in 2019, ghlac CIGM Moladh CIGM/43/2019/4 maidir le plean bainistíochta um shaothrú inbhuanaithe coiréalaigh dheirg sa Mheánmhuir, lena leasaítear Moltaí CIGM/35/2011/2, CIGM/36/2012/1, CIGM/40/2016/7 agus CIGM/41/2017/5. Leis an Rialachán sin ba cheart a chur chun feidhme i ndlí an Aontais na bearta sin a leagtar síos sa Mholadh sin nach gcumhdaítear go fóill le reachtaíocht an Aontais.
(12)Ag a Sheisiún Bliantúil in 2018, ghlac CIGM Moladh CIGM/42/2018/2 maidir le bearta bainistíochta iascach chun siorcanna agus roic a chaomhnú i limistéar chur chun feidhme CIGM, lena leasaítear Moladh CIGM/36/2012/3. Leis an Rialachán sin ba cheart na bearta sin a leagtar síos sa Mholadh sin nach gcumhdaítear go fóill le reachtaíocht an Aontais a chur chun feidhme i ndlí an Aontais.
(13)Ag a Sheisiún Bliantúil in 2019, ghlac CIGM Moladh CIGM/42/2018/8 maidir le tuilleadh beart éigeandála in 2019-2021 maidir le stoic pheiligeacha bheaga i Muir Aidriad, lena leasaítear Moladh CIGM/38/2014/1. Leis an Rialachán sin ba cheart na bearta sin a leagtar síos sa Mholadh sin nach gcumhdaítear go fóill le reachtaíocht an Aontais a chur chun feidhme i ndlí an Aontais.
🡻 2015/2102 aithris 10 (oiriúnaithe)
(14)Thairis sin, tá toirmeasc sna bearta ó CIGM a leagtar síos sna Moltaí CIGM//37/2013/1 agus CIGM/38/2014/1 ⌦ CIGM/43/2018/8 ⌫ ar choinneáil ar bord nó ar thabhairt i dtír ar cheart a chur i bhfeidhm i ndlí an Aontais i gcomhréir le hAirteagal 15(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
). Ar mhaithe le cur chun feidhme mar is ceart, ba cheart cláir náisiúnta um rialú, faireachán agus faireachas a fhorbairt, agus ba cheart don Choimisiún an méid sin a chur faoi bhráid CIGM go bliantúil.
⇩ nua
(15)Ag a Sheisiún Bliantúil in 2018, ghlac CIGM Moladh CIGM/42/2018/5 maidir le plean bainistíochta ilbhliantúil a bhunú um na stoic ghrinnill i gCaolas na Sicile, lena leasaítear Moltaí CIGM/39/2015/2 agus CIGM/40/2016/4. Leis an Rialachán sin ba cheart na bearta sin a leagtar síos sa Mholadh sin nach gcumhdaítear go fóill le reachtaíocht an Aontais a chur chun feidhme i ndlí an Aontais.
(16)Ag a Sheisiún Bliantúil in 2019, ghlac CIGM Moladh CIGM/43/2019/3 lena leasaítear Moladh CIGM/41/2017/4 i ndáil le plean bainistíochta ilbhliantúil um iascaigh turbard sa Mhuir Dhubh. Leis an Rialachán sin ba cheart na bearta sin a leagtar síos sa Mholadh sin nach gcumhdaítear go fóill le reachtaíocht an Aontais a chur chun feidhme i ndlí an Aontais.
🡻 1343/2011 aithris 7 (oiriúnaithe)
Tá feidhm ag moltaí CIGM maidir le limistéar iomlán Chomhaontú CIGM, is é sin an Mheánmhuir agus an Mhuir Dhubh agus na huiscí cónascacha, mar a shainmhínítear sa bhrollach a ghabhann le Comhaontú CIGM iad agus, dá bhrí sin, ar mhaithe le soiléire agus le cinnteacht dhlíthiúil, ba cheart iad a chur chun feidhme i Rialachán aonair ar leithligh seachas trí leasuithe ar Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006 lena gcumhdaítear an Mheánmhuir agus an Mheánmhuir amháin.
🡻 1343/2011 aithris 8 (oiriúnaithe)
Maidir le forálacha áirithe atá i Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006, ba cheart go mbeadh feidhm acu ní hamháin maidir leis an Meánmhuir ach maidir le limistéar iomlán Chomhaontú CIGM. Ba cheart, dá bhrí sin, na forálacha sin a scriosadh ó Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006 agus iad a chur san áireamh sa Rialachán seo. Ina theannta sin, ba cheart forálacha áirithe a bhaineann le toise íosta mogalra agus atá leagtha síos sa Rialachán sin a shoiléiriú tuilleadh.
🡻 1343/2011 aithris 9 (oiriúnaithe)
Tá "na limistéir shrianta iascaigh" a bunaíodh le moltaí CIGM maidir le bearta bainistíochta spáis comhionann leis "na limistéir chosanta iascaireachta" a úsáidtear i Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006.
⇩ nua
(17)Ag a Sheisiún Bliantúil in 2019, ghlac CIGM Moladh CIGM/43/2019/2 maidir le plean bainistíochta um shaothrú inbhuanaithe deargán i Muir Alboran. Leis an Rialachán sin ba cheart na bearta sin a leagtar síos sa Mholadh sin nach gcumhdaítear go fóill le reachtaíocht an Aontais a chur chun feidhme i ndlí an Aontais.
🡻 1343/2011 aithris 11
In iascaigh mheasctha na Meánmhara, ní féidir ligean do roghnaíocht roinnt trealaimh iascaireachta dul thar leibhéal áirithe. Chomh maith le rialú agus teorannú foriomlán a dhéanamh ar iarracht iascaireachta, is den bhuntábhacht é teorainn a chur leis an iarracht iascaireachta i limistéir ina gcomhbhailíonn iasc fásta de chuid stoc tábhachtach chun a áirithiú go bhfuil an riosca atá ann maidir le bac a chur ar atáirgeadh an éisc sin sách íseal ionas go ndéanfaí na stoc sin a shaothrú ar shlí inbhuanaithe. Is inmholta, dá bhrí sin, i leith an limistéir a scrúdaigh CCE, an iarracht iascaireachta a theorannú ar dtús do na leibhéil a bhí ann roimhe sin agus, ansin, gan aon mhéadú ar an leibhéal sin a cheadú.
⇩ nua
(18)Ag a Sheisiún Bliantúil in 2018, ghlac CIGM Moladh CIGM/42/2018/1 maidir le plean bainistíochta ilbhliantúil um eascann Eorpach sa Mheánmhuir. Leis an Moladh sin, bunaítear plean bainistíochta ilbhliantúil um iascaigh a ghabhann eascann Eorpach sa Mheánmhuir, i gcomhréir leis an gcur chuige réamhchúraim i leith bainistiú iascach. Leis an Rialachán sin ba cheart na bearta sin a leagtar síos sa Mholadh sin nach gcumhdaítear go fóill le reachtaíocht an Aontais a chur chun feidhme i ndlí an Aontais.
(19)Ag a Sheisiún Bliantúil in 2018, ghlac CIGM Moladh CIGM/42/2018/3 maidir le plean bainistíochta ilbhliantúil um iascaigh tráil inbhuanaithe a bhíonn ag díriú ar shéacla mór dearg agus ar shéacla gorm agus dearg i Muir na Leiveainte. Leis an Rialachán sin ba cheart na bearta sin a leagtar síos sa Mholadh sin nach gcumhdaítear go fóill le reachtaíocht an Aontais a chur chun feidhme i ndlí an Aontais.
(20)Ag a Sheisiún Bliantúil in 2018, ghlac CIGM Moladh CIGM/42/2018/4 maidir le plean bainistíochta ilbhliantúil um iascaigh tráil inbhuanaithe a bhíonn ag díriú ar shéacla mór dearg, ar shéacla gorm agus dearg sa Mhuir Iónach. Leis an Rialachán sin ba cheart na bearta sin a leagtar síos sa Mholadh sin nach gcumhdaítear go fóill le reachtaíocht an Aontais a chur chun feidhme i ndlí an Aontais.
(21)Ag a Sheisiún Bliantúil in 2018, ghlac CIGM Moladh CIGM/42/2018/7 maidir le clár taighde réigiúnach um portán gorm sa Mheánmhuir. Leis an Rialachán sin ba cheart na bearta sin a leagtar síos sa Mholadh sin nach gcumhdaítear go fóill le reachtaíocht an Aontais a chur chun feidhme i ndlí an Aontais.
(22)Ag a Sheisiún Bliantúil in 2018, ghlac CIGM Moladh CIGM/42/2018/9 maidir le clár taighde réigiúnach maidir le hiascaigh cuachma féithí sa Mhuir Dhubh. . Leis an Rialachán sin ba cheart na bearta sin a leagtar síos sa Mholadh sin nach gcumhdaítear go fóill le reachtaíocht an Aontais a chur chun feidhme i ndlí an Aontais.
(23)Ag a Sheisiún Bliantúil in 2019, ghlac CIGM Moladh CIGM/43/2019/1 maidir le tacar beart bainistíochta maidir le húsáid feistí um chomhbhailiú éisc ar ancaire in iascaigh dorád coiteann sa Mheánmhuir. Leis an Moladh sin comhlánaítear Moladh CIGM/30/2006/2 maidir le séasúr coiscthe a leagan síos d’iascaigh dorád coiteann a úsáideann feistí um chomhbhailiú éisc agus bunaítear leis tacar beart bainistíochta maidir le húsáid feistí um chomhbhailiú éisc ar ancaire a shaothraíonn doráid choiteanna i limistéar chur i bhfeidhm CIGM. Leis an Rialachán sin ba cheart na bearta sin a leagtar síos sa Mholadh sin nach gcumhdaítear go fóill le dlí an Aontais a chur chun feidhme i ndlí an Aontais.
(24)Ag a Sheisiún Bliantúil in 2019, ghlac CIGM Moladh CIGM/43/2019/6 maidir le bearta bainistíochta i ndáil le hiascaigh tráil inbhuanaithe a bhíonn ag díriú ar shéacla mór dearg, ar shéacla gorm agus dearg i gCaolas na Sicile. Leis an Rialachán sin ba cheart na bearta sin a leagtar síos sa Mholadh sin nach gcumhdaítear go fóill le dlí an Aontais a chur chun feidhme i ndlí an Aontais.
🡻 1343/2011 aithris 14 (oiriúnaithe)
(25)Ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun coinníollacha comhionanna a áirithiú do chur chun feidhme fhorálacha an Rialacháin seo maidir le formáid agus le tarchur na nithe seo a leanas: an tuarascáil ar ghníomhaíochtaí iascaireachta arna ndéanamh i limistéir shrianta iascaigh; iarratais maidir le laethanta a thabhairt ar aghaidh mar gheall ar dhrochaimsir sa séasúr coiscthe d’iascaigh dorád agus an tuarascáil ar an tabhairt ar aghaidh sin; an tuarascáil i gcomhthéacs sonraí a bhailiú i ndáil le iascaigh dorád; faisnéis a bhaineann le húsáid toise íosta mogalra i gcomhair eangach arna n‑úsáid do ghníomhaíochtaí trálaeireachta ar lena linn a shaothraítear stoic grinnill sa Mhuir Dhubh; agus sonraí ar mhaitrísí staidrimh; agus maidir le comhar agus le malartú faisnéise le Rúnaí Feidhmiúcháin ⌦ Rúnaíocht ⌫ CIGM. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún.
🡻 1343/2011 aithris 15 (oiriúnaithe)
⇨ nua
(26)Chun a áirithiú go leanfaidh an tAontas de bheith ag comhlíonadh a oibleagáidí faoi Chomhaontú CIGM, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean don Choimisiún i ndáil le leasuithe a chur chun feidhme i ndlí Aontais, ar leasuithe iad atá tar éis teacht chun bheith ina gceangal ar an Aontas is leasuithe ar bhearta reatha CIGM ar bearta iad atá curtha chun feidhme cheana féin i ndlí Aontais agus a bhaineann le faisnéis ar toise íosta mogalra sa Mhuir Dhubh a sholáthar do Rúnaí Feidhmiúcháin CIGM; le tarchur liosta na soithí údaraithe chuig Rúnaí Feidhmiúcháin ⌦ Rúnaíocht ⌫ CIGM chun críche Chlár CIGM; ⇨ na maoluithe ar bhearta caomhnaithe i ndáil le coiréalach dearg; cur chun feidhme na buanscéime deimhniúcháin gabhála i ndáil le coiréalach dearg; ⇦ le bearta stát an chalafoirt; le comhar, le faisnéis agus tuairisciú; le tábla, léarscáil agus comhordanáidí geografacha Fho-Limistéir Gheografacha CIGM; le nósanna imeachta cigireachta stát an chalafoirt maidir le soithí; agus le maitrísí staidrimh CIGM. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go ndéanfadh an Coimisiún comhairliúcháin iomchuí a chur i gcrích le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n‑áirítear ar leibhéal na saineolaithe. Ba cheart don Choimisiún a áirithiú, nuair atá gníomhartha tarmligthe á n‑ullmhú agus á dtarraingt suas aige, go ndéanfar na doiciméid ábhartha a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle go comhuaineach, go tráthúil agus go hiomchuí,
🡻 1343/2011 (oiriúnaithe)
🡺1 982/2019 Airt. 1.1
🡺2 982/2019 Airt. 1.2(a)
⇨ nua
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
TEIDEAL I
FORÁLACHA GINEARÁLTA
Airteagal 1
Ábhar
Leis an Rialachán seo, leagtar síos na rialacha maidir leis na bearta um chaomhnú, um bainistiú, um shaothrú, um fhaireachán, um margaíocht agus um fhorfheidhmiú a chur i bhfeidhm ag an Aontas i leith táirgí iascaigh agus táirgí dobharshaothraithe, ar bearta iad arna mbunú ag an gCoimisiún Ginearálta Iascaigh don Mheánmhuir (‘CIGM’).
Airteagal 2
Raon Feidhme
1.
🡺1 Tá feidhm ag an Rialachán seo ag gach gníomhaíocht iascaireachta tráchtála agus gníomhaíocht dobharshaothraithe tráchtála arna seoladh ag soithí iascaireachta AE agus ag náisiúnaithe Ballstát i limistéar Chomhaontú CIGM. 🡸
Beidh feidhm aige gan dochar do Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006 ⌦ ón gComhairle ⌫
.
2.
De mhaolú ar mhír 1, ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le hoibríochtaí iascaireachta a sheoltar chun críocha imscrúduithe eolaíocha amháin agus, a dhéantar le cead agus faoi údarás an Bhallstáit a bhfuil a bhratach ar foluain ag an soitheach agus ar ina leith a bhfuil an Coimisiún agus na Ballstáit, is Ballstáit a bhfuil an taighde á dhéanamh ina n‑uiscí, curtha ar an eolas roimh ré ⇨ , mura sonraítear a mhalairt sa Rialachán seo ⇦ Déanfaidh Ballstáit a bhfuil oibríochtaí iascaireachta á seoladh acu chun críche imscrúduithe eolaíocha an Coimisiún, na Ballstáit a bhfuil an taighde á dhéanamh ina n‑uiscí agus an Coiste Eolaíoch, Teicniúil agus Eacnamaíoch d’Iascaigh a chur ar an eolas maidir le gach gabháil éisc a dhéantar mar chuid de na hoibríochtaí iascaireachta sin.
Airteagal 3
Sainmhínithe
🡺2 Chun críocha an Rialacháin seo, i dteannta na sainmhínithe a leagtar síos in Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
, in Airteagal 2 de Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006, agus in Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle ⇨ , Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2019/1022 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Airteagal 5 de Rialachán (AE) 2019/1241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ⇦ : 🡸
a)(1)ciallaíonn ‘limistéar Chomhaontú CIGM’ an Mheánmhuir agus an Mhuir Dhubh agus uiscí cónascacha, de réir mar a thuairiscítear i gComhaontú CIGM;
🡻 1343/2011
b)ciallaíonn "iarracht iascaireachta" an toradh a fhaightear tar éis toilleadh soithigh áirithe iascaireachta, ar toilleadh é arna shloinneadh in kW nó in GT (olltonnáiste), a iolrú faoin ngníomhaíocht arna sloinneadh i líon na laethanta a chaitear ar muir;
🡻 1343/2011 (oiriúnaithe)
e) (2) ⌦ ciallaíonn ‘limistéar maolánach’ crios atá mórthimpeall ar limistéar srianta iascaigh chun rochtain de thaisme air a sheachaint, rud a fheabhsaíonn an chosaint don limistéar a bhfuil an crios mórthimpeall air; ⌫
🡻 1343/2011
(c) ciallaíonn "lá ar muir" aon lá féilire nach bhfuil an soitheach sa chalafort lena linn, gan spleáchas don mhéid ama i gcaitheamh an lae sin ar lena linn atá an soitheach sin i láthair i limistéar áirithe;
⇩ nua
(3)ciallaíonn‘lámhleabhar Creata Tagartha um Bailiú Sonraí (DCRF)’ an lámhleabhar arna ullmhú ag an gCoiste Comhairleach Eolaíoch (CCE) agus arna fhormhuiniú ag CIGM a bhaineann le cur chun feidhme DCRF;
🡻 1343/2011 (oiriúnaithe)
⇨ nua
d) (4)‘ciallaíonn ⇨ Comhuimhir Chlár cabhlaigh (uimhir CFR) ⇦ “uimhir Chlár Cabhlaigh an AE”’ ⌦ comhuimhir ⌫ uimhir chlár cabhlaigh an Chomhphobail arna sainmhíniú in Airteagal 2(l) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/218 ón gCoimisiún Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 26/2004 ón gCoimisiún an 30 Nollaig 2003 maidir le clár cabhlaigh iascaireachta an Chomhphobail.
;
⇩ nua
(5)ciallaíonn ‘feiste um chomhbhailiú éisc’ nó ‘FAD’ aon trealamh ar ancaire atá ar snámh ar dhromchla na farraige arb é is aidhm dó éisc a mhealladh;
(6)ciallaíonn ‘beomheáchan’ meáchan na ngabhálacha úra arna meá díreach tar éis dheireadh na n‑oibríochtaí iascaireachta nó, i gcás turais iascaireachta laethúla, sula dtugtar i dtír iad ag an gcalafort ainmnithe ar a dhéanaí;
(7)ciallaíonn ‘oitir coiréalaigh dheirg’ limistéar de mhéid athraitheach ina bhfuil coilíneachtaí coiréalaigh dheirg (Coralium rubrum) sách flúirseach;
(8)ciallaíonn ‘coilíneacht coiréalaigh dheirg’ an t‑aonad bitheolaíoch a shaothraítear in iascaigh coiréalaigh dheirg (Coralium rubrum) agus is éard atá ann aonad géiniteach ina bhfuil na céadta/na mílte polaipí coiréalaigh dheirg, a d’fhéadfadh cruth atá cosúil le crainn a bheith orthu agus roinnt brainsí a bheith orthu.
🡻 982/2019 Airt. 1.2(b)
(f)Ciallaíonn “díriú ar dheargán” gníomhaíochtaí iascaireachta a dhéanamh inarb ionann an méid deargán ar bord nó tugtha i dtír agus 20 % nó níos mó de bheomheáchan na gabhála éisc tar éis iad a shórtáil de réir taoide.
⇩ nua
TEIDEAL II
Bearta bainistíochta, caomhnaithe agus rialuithe maidir le speicis áirithe
CAIBIDIL I
Eascann Eorpach
Airteagal 4
[Airteagal nua. Moladh CIGM/42/2018/1 forálacha 9 agus 10]
Raon Feidhme
Tá feidhm ag Caibidil seo maidir le gach gníomhaíocht iascaireachta ina ngabhtar eascann Eorpach (Anguilla anguilla), eadhon iascaigh dhírithe, de thaisme agus áineasa, in uiscí mara na Meánmhara a shonraítear in Iarscríbhinn I, lena n‑áirítear fionnuiscí agus uiscí goirt trasdultacha, amhail murlaigh agus inbhir.
Airteagal 5
[Airteagal nua. Moladh CIGM/42/2018/1 foráil 19]
Tréimhsí coiscthe iascaireachta
1.Leagfaidh na Ballstáit síos tréimhse choiscthe iascaireachta trí mhí as a chéile ina mbeidh toirmeasc ar iascaireacht agus ar thabhairt i dtír eascanna Eorpacha.
2. Saineoidh na Ballstáit an tréimhse choiscthe ina bplean bainistíochta náisiúnta, i dteannta lena n‑iascaigh agus an trealamh a dhíríonn ar eascann Eorpach. Beidh an tréimhse choiscthe iascaireachta i gcomhréir le hiarrachtaí laghdaithe iascaireachta nó gabhálacha eascann Eorpach a bhunaítear sna pleananna bainistíochta náisiúnta atá i bhfeidhm agus i gcomhréir le patrúin imirce ama na heascainne Eorpaí.
Airteagal 6
[Airteagal nua. Moladh CIGM/42/2018/1 foráil 20]
Limistéir Shrianta Iascaigh
1.Féadfaidh na Ballstáit limistéir shrianta iascaigh a bhunú chun eascann Eorpach a chosaint tuilleadh. Beidh láithreacha agus teorainneacha na limistéar sin comhsheasmhach le dáileadh phríomhgháthóga na heascainne Eorpaí sa Bhallstát lena mbaineann.
2.Beidh toirmeasc ar iascaireacht a dhéanamh ar eascanna Eorpacha sna limistéar dá dtagraítear i mír 1. Eiseamail a ghabhfar de thaisme sna limistéir sin, scaoilfear saor láithreach iad tar éis na gabhála.
Airteagal 7
[Airteagal nua. Moladh CIGM/42/2018/1 foráil 23]
Bearta teicniúla
Gan dochar do Rialachán 2019/1241, le pleananna bainistíochta náisiúnta agus bearta bainistíochta náisiúnta arna nglacadh ag na Ballstáit, de bhun Airteagal 2(8) de Rialachán (AE) Uimh. 1100/2007, bunófar bearta teicniúla lena n‑áiritheofar go laghdófar an bhásmhaireacht.
Airteagal 8
[Airteagal nua. Moladh CIGM/42/2018/1 forálacha 24 agus 25]
Bearta breise
1.Féadfaidh na Ballstáit bearta a ghlacadh chun a bplean bainistíochta náisiúnta nó a mbearta bainistíochta náisiúnta a chomhlánú, i gcomhréir le hAirteagal 2 de Rialachán (CE) Uimh. 1100/2007 ón gComhairle, ag cur san áireamh inter alia staid caomhnaithe na heascainne Eorpaí ina n‑uiscí, tionchar gníomhaíochtaí iascaireachtaí ina ngabhtar eascanna Eorpacha ina n‑uiscí agus foinsí básmhaireachta antrapaigineacha eile.
2.Cuirfidh na Ballstáit na bearta a ghlactar i gcomhréir le mír 1 in iúl don Choimisiún dhá sheachtain tar éis a dteacht i bhfeidhm ar a dhéanaí agus tarchuirfidh an Coimisiún na bearta sin chuig Rúnaíocht CIGM laistigh de mhí amháin tar éis a dteacht i bhfeidhm.
Airteagal 9
[Airteagal nua. Moladh CIGM/42/2018/1 foráil 32]
Na bearta a chur chun feidhme
1.Soláthróidh na Ballstáit tuarascáil ar chun chun feidhme na mbeart sin a leagtar amach sa Chaibidil seo don Choimisiún tráth nach déanaí ná 4 mhí roimh an gcúigiú seisiún is daichead de CIGM.
2.Tarchuirfidh an Coimisiún an tuarascáil dá dtagraítear sa tuarascáil i mír 1 chuig Rúnaíocht CIGM tráth nach déanaí ná an 45ú seisiún de CIGM. Féadfar a áireamh sa tuarascáil sin meastachán ar thionchar na mbeart a áirítear sna pleananna bainistíochta náisiúnta agus in aon bheart eile.
Airteagal 10
[Airteagal nua. Moladh CIGM/42/2018/1 forálacha 36, 37 agus 39]
Údarú iascaireachta
1.Cuirfidh na Ballstáit liosta na soithí iascaireachta údaraithe uile in iúl don Choimisiún, de bhun Airteagal 11(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1100/2007, faoin 31 Bealtaine gach bliain. Tarchuirfidh an Coimisiún an liosta sin chuig Rúnaíocht CIGM faoin 30 Meitheamh gach bliain.
2.Tarchuirfidh na Ballstáit aon athrú ar an liosta dá dtagraítear i mír 1 chuig an gCoimisiún láithreach. Cuirfidh an Coimisiún na hathruithe sin in iúl do Rúnaíocht CIGM gan mhoill.
Airteagal 11
[Airteagal nua. Moladh CIGM/42/2018/1 forálacha 38 agus 39]
Uiscí trasdultacha agus goirt údaraithe
1.Faoin 1 Eanáir 2020, leagfaidh na Ballstáit síos liosta na n‑uiscí trasdultacha agus goirt údaraithe uile, amhail murlaigh agus inbhir, ina gcuirtear buanghléas éighníomhach saothraithe éisc traidisiúnta le haghaidh gabhálacha eascanna Eorpacha agus coinneoidh siad an liosta sin cothrom le dáta.
2.Cuirfidh na Ballstáit an liosta dá dtagraítear i mír 1 in iúl don Choimisiún faoin 31 Bealtaine gach bliain. Tarchuirfidh an Coimisiún an liosta sin chuig Rúnaíocht CIGM faoin 30 Meitheamh gach bliain.
3.Tarchuirfidh na Ballstáit aon athrú ar an liosta dá dtagraítear i mír 1 chuig an gCoimisiún láithreach. Cuirfidh an Coimisiún na hathruithe sin in iúl do Rúnaíocht CIGM gan mhoill.
Airteagal 12
[Airteagal nua. Moladh CIGM/42/2018/1 forálacha 40 agus 41]
Láithreacha tabhairt i dtír údaraithe
Ní cheadófar tabhairt i dtír eascanna Eorpacha ach sna láithreacha tabhairt i dtír arna n‑ainmniú ag gach Ballstát chun na críche sin.
Airteagal 13
[Airteagal nua. Moladh CIGM/42/2018/1 forálacha 42, 43 agus 44]
Gabhálacha a thaifeadadh
1.Iascairí nó maistrí na soithí a údaraítear chun eascanna Eorpacha a shaothrú, déanfaidh siad a ngabhálacha a thaifeadadh de réir beomheáchain, is cuma cad é beomheáchan na gabhála ná an tsaothraithe.
2.I gcás uiscí trasdultacha agus goirt, amhail murlaigh agus inbhir ina ndéantar eascanna Eorpacha a ghabháil go fóill le buanghléas éighníomhach saothraithe éisc traidisiúnta, taifeadfaidh iascairí nó máistrí na soithí iascaireachta údaraithe a ngabhálacha i mbeomheáchan.
3.Gan dochar d’Airteagal 14 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009, déanfaidh máistrí soithí a ngabhálacha laethúla eascanna Eorpacha a thaifeadadh sa logleabhar, is cuma cad é beomheáchan an tsaothraithe.
Airteagal 14
[Airteagal nua. Moladh CIGM/42/2018/1 foráil 47]
An t‑iascach áineasa
Bunóidh na Ballstáit ar bhonn rialta meastachán ar líon na n‑iascairí áineasa agus a ngabhálacha eascanna gloine, buí agus geala.
CAIBIDIL II
Séacla mór dearg, séacla gorm agus dearg
Roinn I
Muir na Leiveainte
Airteagal 15
[Airteagal nua. Moladh CIGM/42/2018/3 foráil 1]
Raon Feidhme
Tá feidhm ag an Roinn seo maidir leis na gníomhaíochtaí iascaireachta tráil lena ndírítear ar an séacla mór dearg (Aristaeomorpha foliacea) agus ar an séacla gorm agus dearg (Aristeus antennatus), a oibríonn i bhFo-limistéir Gheografacha (FLGanna) 24, 25, 26 agus 27 dá bhforáiltear in Iarscríbhinn I.
Airteagal 16
[Airteagal nua. Moladh CIGM/42/2018/3 foráil 17]
Faireachán eolaíoch
Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar faireachán eolaíoch leordhóthanach ar stádas na speiceas a áirítear faoi raon feidhme na ranna seo go bliantúil.
Airteagal 17
[Airteagal nua. Moladh CIGM/42/2018/3 forálacha 26, 31 agus 32]
Liosta na soithí údaraithe agus gníomhacha
1.Cuirfidh na Ballstáit chuig an gCoimisiún, faoin 30 Nollaig gach bliain, liosta de na soithí iascaireachta uile a bheidh údaraithe iascaireacht a dhéanamh, sa bhliain dár gcionn, ar na speicis a liostaítear in Airteagal 15 agus atá i mbun iascaireacht ghníomhach ina leith na speiceas sin. Tarchuirfidh an Coimisiún an liosta sin chuig Rúnaíocht CIGM faoin 31 Eanáir den bhliain dár gcionn. Áireofar sa liosta sin, i gcás gach soithigh, an fhaisnéis dá dtagraítear in Iarscríbhinn VIII.
2.Ní bheidh cead ag aon soitheach iascaireachta nach n‑áirítear sa liosta a bhunaítear faoi mhír 1 in aon turas iascaireachta ar leith iascaireacht a dhéanamh ar níos mó ná 3 faoin gcéad de ghabháil beomheáchain iomláin na speiceas a liostaítear in Airteagal 15, ná ní bheidh cead aige níos má ná an méid sin a choinneáil ar bord ná a thabhairt i dtír ach an oiread.
3.Maidir le liosta na soithí iascaireachta údaraithe, tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún go pras maidir le haon ábhar a chuirtear leis an liosta, nó a scriostar uaidh nó aon athrú ar an liosta, aon tráth a tharlaíonn na hathruithe sin. Tarchuirfidh an Coimisiún na hathruithe sin chuig Rúnaíocht CIGM gan mhoill.
Airteagal 18
[Airteagal nua. Moladh CIGM/42/2018/3 foráil 27]
Gníomhaíochtaí iascaireachta
Faoin 31 Iúil gach bliain cuirfidh na Ballstáit tuarascáil mhionsonraithe maidir le gníomhaíochtaí iascaireachta soithí iascaireachta a oibríonn laistigh de raon feidhme na roinne seo faoi bhráid an Choimisiúin i ndáil leis an mbliain roimhe sin. Tarchuirfidh an Coimisiún an tuarascáil sin chuig Rúnaíocht CIGM faoin 31 Lúnasa gach bliain. Áireofar sa tuarascáil sin ar a laghad na nithe seo a leanas:
(1)Laethanta oibríochta;
(2)Limistéar oibríochta;
(3)Gabháil iomlán.
Airteagal 19
[Airteagal nua. Moladh CIGM/42/2018/3 foráil 28]
Srianta spásúla nó ama breise
1.Féadfaidh na Ballstáit srianta spásúla nó ama a ainmniú sa bhreis ar na srianta atá ann lena bhféadfar toirmeasc nó srianta a chur ar ghníomhaireachtaí iascaireachta chun limistéir chomhbhailiúcháin d’éisc óga a chosaint.
2.Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas faoi na srianta spásúla nó ama breise sin nuair a bhunófar iad. Tabharfaidh an Coimisiún fógra do Rúnaíocht CIGM gan mhoill.
Airteagal 20
[Airteagal nua. Moladh CIGM/42/2018/3 foráil 36]
Oibleagáidí tuairiscithe
Gan dochar d’Airteagal 14 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009, dearbhóidh iascairí agus máistrí soithí iascaireachta arna n‑údarú atá i mbun iascaireacht ghníomhach laistigh de raon feidhme na roinne seo na gabhálacha agus na foghabhálacha uile, is cuma cad é toirt na gabhála.
Airteagal 21
[Airteagal nua. Moladh CIGM/42/2018/3 forálacha 38, 39, 41 agus 42]
Láithreacha tabhairt i dtír ainmnithe
1.Ainmneoidh na Ballstáit pointí tabhairt i dtír ina ndéanfaidh na soithí a bheidh i mbun iascaireacht ghníomhach laistigh de raon feidhme na roinne seo tabhairt i dtír agus trasloingsiú. I gcás gach láithrigh ainmnithe, sonróidh na Ballstáit na hamanna agus na láithreacha ina gceadófar tabhairt i dtír agus trasloingsiú.
2.Beidh toirmeasc ar aon chainníocht speiceas a áirítear laistigh de raon feidhme na roinne seo a thabhairt i dtír nó a thrasloingsiú ó shoithí iascaireachta in aon áit eile cé is moite de na láithreacha a d’ainmnigh na Ballstáit i gcomhréir le mír 1.
3.Cuirfidh na Ballstáit in iúl don Choimisiún aon athrú ar liosta na láithreacha tabhairt i dtír ainmnithe faoin 31 Deireadh Fómhair gach bliain. Tarchuirfidh an Coimisiún an liosta sin chuig Rúnaíocht CIGM faoin 30 Samhain gach bliain.
Airteagal 22
[Airteagal nua. Moladh CIGM/42/2018/3 foráil 45]
Córas um fhaireachán soithí
D’ainneoin Airteagal 9 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009, maidir leis na soithí uile ar mó ná 10 méadar a bhfad foriomlán (LOA) atá i mbun iascaireacht ghníomhach laistigh de raon feidhme na roinne seo, beidh siad feisithe le córas um fhaireachán soithí (VMS).
Airteagal 23
[Airteagal nua. Moladh CIGM/42/2018/3 foráil 46]
Logleabhar
D’ainneoin Airteagal 14 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009, beidh logleabhar ar bord soithí iascaireachta a oibríonn laistigh de raon feidhme na roinne seo ina ndéanfar gabhálacha laethúla a thaifeadadh agus a dhearbhú, is cuma cad é beomheáchan na gabhála, i comhréir le Airteagal 20 den Rialachán seo.
Roinn II
An Mhuir Iónach
Airteagal 24
[Airteagal nua. Moladh CIGM/42/2018/4 forálacha 1 agus 3]
Raon Feidhme
Tá feidhm ag an roinn seo maidir leis na gníomhaíochtaí iascaireachta tráil uile lena ndírítear ar an séacla mór dearg (Aristaeomorpha foliacea) agus ar an séacla dearg (Aristeus antennatus), a oibríonn in FLGanna 19, 20 agus 21 dá bhforáiltear in Iarscríbhinn I.
Airteagal 25
[Airteagal nua. Moladh CIGM/42/2018/4 foráil 17]
Faireachán eolaíoch
Áiritheoidh na Ballstáit faireachán eolaíoch leordhóthanach ar stádas na speiceas a liostaítear in Airteagal 24 go bliantúil.
Airteagal 26
[Airteagal nua. Moladh CIGM/42/2018/4 forálacha 25, 26, 31 agus 32]
Liosta na soithí údaraithe agus gníomhacha
1.Cuirfidh na Ballstáit liosta de na soithí iascaireachta uile a bhfuil a mbratach ar foluain acu a údaraítear na speicis a liostaítear in Airteagal 24 a iascach agus atá i mbun iascaireacht ghníomhach ar na speicis sin don bhliain dár gcionn faoi bhráid an Choimisiúin faoin 30 Nollaig gach bliain. Tarchuirfidh an Coimisiún an liosta sin chuig Rúnaíocht CIGM faoin 31 Eanáir den bhliain dár gcionn. Áireofar sa liosta sin, i gcás gach soithigh, an fhaisnéis dá dtagraítear in Iarscríbhinn VIII.
2.Aon soitheach iascaireachta nach n‑áirítear sa liosta dá dtagraítear i mír 1, ní bheidh cead aici in aon turas iascaireachta ar leith iascaireacht a dhéanamh ar níos mó ná 3 faoin gcéad de ghabháil beomheáchain iomláin na speiceas in Airteagal 24, ná ní bheidh aici níos mó má ná an méid sin a choinneáil ar bord ná a thabhairt i dtír ach an oiread.
3.Maidir le liosta na soithí iascaireachta údaraithe, tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún go pras maidir le haon ábhar a chuirtear leis an liosta, nó a scriostar uaidh nó aon athrú ar an liosta, aon tráth a tharlaíonn na hathruithe sin. Tarchuirfidh an Coimisiún na hathruithe sin chuig Rúnaíocht CIGM gan mhoill.
Airteagal 27
[Airteagal nua. Moladh CIGM/42/2018/4 foráil 27]
Gníomhaíochtaí iascaireachta
Faoin 31 Iúil gach bliain cuirfidh na Ballstáit tuarascáil mhionsonraithe maidir le gníomhaíochtaí iascaireachta soithí iascaireachta a oibríonn laistigh de raon feidhme na roinne seo faoi bhráid an Choimisiúin don bhliain roimhe sin. Tarchuirfidh an Coimisiún an tuarascáil sin chuig Rúnaíocht CIGM faoin 31 Lúnasa gach bliain. Áireofar sa tuarascáil sin ar a laghad na nithe seo a leanas:
(1)Laethanta oibríochta;
(2)Limistéar oibríochta;
(3)Gabháil iomlán.
Airteagal 28
[Airteagal nua. Moladh CIGM/42/2018/4 foráil 28]
Srianta spásúla nó ama breise
1.Féadfaidh na Ballstáit srianta spásúla nó ama a ainmniú sa bhreis ar na srianta atá ann a lena bhféadfar toirmeasc nó srianta a chur ar ghníomhaireachtaí iascaireachta chun limistéir chomhbhailiúcháin d’éisc óga a chosaint.
2.Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas faoi na srianta spásúla nó ama breise sin nuair a bhunófar iad. Tabharfaidh an Coimisiún fógra do Rúnaíocht CIGM gan mhoill.
Airteagal 29
[Airteagal nua. Moladh CIGM/42/2018/4 foráil 36]
Oibleagáidí tuairiscithe
Gan dochar d’Airteagal 14 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009, dearbhóidh iascairí agus máistrí soithí iascaireachta arna n‑údarú atá i mbun iascaireacht ghníomhach laistigh de raon feidhme na roinne seo na gabhálacha agus na foghabhálacha uile, is cuma cad é toirt na gabhála.
Airteagal 30
[Airteagal nua. Moladh CIGM/42/2018/4 forálacha 38, 39, 41 agus 42]
Láithreacha tabhairt i dtír ainmnithe
1.Ainmneoidh na Ballstáit pointí tabhairt i dtír ina ndéanfaidh na soithí a bheidh i mbun iascaireacht ghníomhach laistigh de raon feidhme na roinne seo tabhairt i dtír agus trasloingsiú. I gcás gach láithrigh ainmnithe, sonróidh na Ballstáit na hamanna agus na láithreacha ina gceadófar tabhairt i dtír agus trasloingsiú.
2.Beidh toirmeasc ar aon chainníocht speiceas a áirítear laistigh de raon feidhme na roinne seo a thabhairt i dtír nó a thrasloingsiú ó shoithí iascaireachta in aon áit eile cé is moite de na láithreacha a ainmníonn na Ballstáit i gcomhréir le mír 1.
3.Cuirfidh na Ballstáit in iúl don Choimisiún aon athrú ar liosta na láithreacha tabhairt i dtír a ainmnítear faoin 31 Deireadh Fómhair gach bliain. Tarchuirfidh an Coimisiún an liosta sin chuig Rúnaíocht CIGM faoin 30 Samhain gach bliain.
Airteagal 31
[Airteagal nua. Moladh CIGM/42/2018/4 foráil 45]
Córas um fhaireachán soithí
D’ainneoin Airteagal 9 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009, maidir leis na na soithí uile ar mó ná 10 méadar a LOA atá i mbun iascaireacht ghníomhach laistigh de raon feidhme na roinne seo, beidh siad feisithe le VMS.
Airteagal 32
[Airteagal nua. Moladh CIGM/42/2018/4 foráil 46]
Logleabhar
D’ainneoin Airteagal 14 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009, beidh logleabhar ar bord soithí iascaireachta a oibríonn laistigh de raon feidhme na roinne seo ina ndéanfar gabhálacha laethúla a thaifeadadh agus a dhearbhú, is cuma cad é beomheáchan na gabhála, i gcomhréir le Airteagal 29 den Rialachán seo.
Roinn III
Caolas na Sicile
Airteagal 33
[Airteagal nua. Moladh CIGM/43/2019/6 foráil 1]
Raon Feidhme
Tá feidhm ag an roinn seo maidir leis na gníomhaíochtaí iascaireachta tráil uile lena ndírítear ar an séacla mór dearg (Aristaeomorpha foliacea) agus ar an séacla gorm agus dearg (Aristeus antennatus) in FLGanna 12, 13, 14, 15 agus 16 dá bhforáiltear in Iarscríbhinn I.
Airteagal 34
[Airteagal nua. Moladh CIGM/43/2019/6 foráil 13]
Bearta bainistíochta cabhlach
Áiritheoidh na Ballstáit go gcoinneofar ar bun a dtoilleadh cabhlach chun speicis a shaothrú faoi raon feidhme na roinne seo ag na leibhéil a bhunaítear i dTábla A d’Iarscríbhinn XII.
Airteagal 35
[Airteagal nua. Moladh CIGM/43/2019/6 foráil 5]
Faireachán eolaíoch
Áiritheoidh na Ballstáit faireachán eolaíoch leordhóthanach ar stádas na speiceas a liostaítear in Airteagal 33 go bliantúil.
Airteagal 36
[Airteagal nua. Moladh CIGM/43/2019/6 forálacha 7, 8 agus 14]
Liosta na soithí údaraithe agus gníomhacha
1.Cuirfidh na Ballstáit liosta de na soithí iascaireachta uile a bhfuil a mbratach ar foluain acu arna n‑údarú leis na speicis a liostaítear in Airteagal 33 a iascach agus atá i mbun iascaireachta ghníomhaí ar an speiceas sin don Choimisiún faoin 31 Bealtaine gach bliain. Tarchuirfidh an Coimisiún an liosta sin chuig Rúnaíocht CIGM faoin 30 Meitheamh gach bliain. Áireofar sa liosta sin, i gcás gach soithigh, an fhaisnéis dá dtagraítear in Iarscríbhinn VIII.
2.Maidir le liosta na soithí iascaireachta údaraithe, tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún go pras maidir le haon ábhar a chuirtear leis an liosta, nó a scriostar uaidh nó aon athrú ar an liosta, aon tráth a tharlaíonn na hathruithe sin. Tarchuirfidh an Coimisiún na hathruithe sin chuig Rúnaíocht CIGM gan mhoill.
Airteagal 37
[Airteagal nua. Moladh CIGM/43/2019/6 foráil 9]
Gníomhaíochtaí iascaireachta
Faoin 31 Deireadh Fómhair gach bliain cuirfidh na Ballstáit tuarascáil mhionsonraithe maidir le gníomhaíochtaí iascaireachta soithí iascaireachta a oibríonn laistigh de raon feidhme na roinne seo faoi bhráid an Choimisiúin don bhliain roimhe sin. Tarchuirfidh an Coimisiún an tuarascáil sin chuig Rúnaíocht CIGM faoin 30 Samhain gach bliain. Áireofar sa tuarascáil sin ar a laghad na nithe seo a leanas:
(1)Laethanta oibríochta;
(2)Limistéar oibríochta;
(3)Gabháil iomlán.
Airteagal 38
[Airteagal nua. Moladh CIGM/43/2019/6 foráil 10]
Srianta spásúla nó ama breise
1.Féadfaidh na Ballstáit srianta spásúla nó ama a ainmniú sa bhreis ar na srianta atá ann a lena bhféadfar toirmeasc nó srianta a chur ar ghníomhaireachtaí iascaireachta chun limistéir chomhbhailiúcháin d’éisc óga a chosaint.
2.Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas faoi na srianta spásúla nó ama breise sin nuair a bhunófar iad. Tabharfaidh an Coimisiún fógra do Rúnaíocht CIGM gan mhoill.
Airteagal 39
[Airteagal nua. Moladh CIGM/43/2019/6 forálacha 17, 18 agus 19]
Láithreacha tabhairt i dtír
1.Ainmneoidh na Ballstáit pointí tabhairt i dtír ina ndéanfaidh na soithí a bheidh i mbun iascaireacht ghníomhach laistigh de raon feidhme na roinne seo tabhairt i dtír.
2.Beidh toirmeasc ar aon chainníocht speiceas a liostaítear in Airteagal 33 a thabhairt i dtír nó a thrasloingsiú ó shoithí iascaireachta in aon áit eile cé is moite de na láithreacha a d’ainmnigh na Ballstáit i gcomhréir le mír 1.
3.Dearbhóidh iascairí nó máistrí na soithí iascaireachta údaraithe atá i mbun iascaireacht ghníomhach laistigh de raon feidhme na roinne seo gabhálacha na speiceas dá dtagraítear in Airteagal 33, is cuma cad é toirt na gabhála.
CAIBIDIL III
An coiréalach dearg
Airteagal 40
Raon Feidhme
[Airteagal nua. Moladh CIGM/43/2019/4 foráil 2]
1.
Beidh feidhm ag an gCaibidil seo maidir le gach gníomhaíocht iascaireachta tráchtála ina saothraítear coiréalach dearg (Corallium rubrum), eadhon iascaigh dírithe, de thaisme agus áineasa, in uiscí mara na Meánmhara, dá bhforáiltear in Iarscríbhinn I.
🡻 2102/2015 Airt. 1.2 (oiriúnaithe)
⇨ nua
CAIBIDIL IV
Coiréalach dearg a chaomhnú agus a shaothrú go hinbhuanaithe
Airteagal x16a
2. Beidh feidhm ag an gCaibidil seo gan dochar d’Airteagal 4(2) ná do phointe (e) agus do phointe (g) d’Airteagal 8(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006, ⇨ Airteagal 7 de Rialachán (AE) 2019/1241 ⇦ ná d’aon bhearta níos déine a eascraíonn ó Threoir 92/43/CEE ón gComhairle.
⇩ nua
Airteagal 41
[Airteagal nua. Moladh CIGM/43/2019/4 foráil 8]
Pleananna bainistíochta náisiúnta
1.Glacfaidh na Ballstáit pleananna bainistíochta náisiúnta i ndáil le coiréalach dearg.
2.Ag brath ar an bhfaisnéis eolaíoch atá ar fáil, déanfar an bhainistíocht ar leibhéal na hoitreach coiréalaigh dheirg, ar leibhéal dhronuilleog staidrimh CIGM nó ar an leibhéal náisiúnta. Áireofar in aon phlean bainistíochta náisiúnta ar a laghad na heilimintí a liostaítear in Airteagail 42, 43, 44, 46, 47, 48, 49, 50, 51, 52, 54, 55 agus 58.
3.Cuirfidh na Ballstáit a bplean bainistíochta náisiúnta u, choiréalach dearg faoi bhráid an Choimisiúin 10 lá oibre tar éis a ghlactha agus tarchuirfidh an Coimisiún é chuig Rúnaíocht CIGM 15 lá tar éis a ghlactha ar a dhéanaí. Cuirfidh na Ballstáit aon phlean bainistíochta náisiúnta nuashonraithe um choiréalach dearg faoi bhráid an Choimisiúin arís. Tarchuirfidh an Coimisiún chuig Rúnaíocht CIGM é, go háirithe nuair a chinnfear tréimhsí coiscthe nó tréimhsí oscailte oitreacha coiréalaigh dheirg.
🡻 1343/2011 (oiriúnaithe)
⇨ nua
Airteagal 42 16d
Fearas agus feistí
1. Maidir le coiréalach dearg a shaothrú, ní cheadófar mar fhearas ach casúr a úsáideann ⌦ soithí nó iascairí arna n‑údarú ⌫ iascairí sa scúbathumadóireacht, arb iascairí iad atá aitheanta nó údaraithe ag an údarás inniúil náisiúnta. ⇨ Le linn an tsaothraithe, áiritheoidh an t‑iascaire údaraithe nach bhfuil bonn na coilíneachta coiréalaigh scartha ón tsubstráit. ⇦
3.
De mhaolú ar mhír 2, ceadófar fós ROVanna a úsáid i gcás ina raibh siad údaraithe ag Ballstát roimh an 30 Meán Fómhair 2011 chun críche breathnadóireachta agus taiscéalaíochta i limistéir atá faoi dhlínse an Bhallstáit sin ar choinníoll nach bhféadfar na ROVanna sin lena mbaineann a fheistiú le géaga láimhsitheora nó aon fheiste eile lena bhféadfar coiréalach dearg a ghearradh agus a shaothrú.
Éagfaidh nó tarraingeofar siar údaruithe den sórt sin faoin 31 Nollaig 2015, ach amháin i gcás go bhfuair an Ballstát lena mbaineann torthaí eolaíocha a thaispeánann nach mbeadh aon tionchar diúltach ag ROVanna maidir le coiréalach dearg a shaothrú ar bhealach inbhuanaithe dá mbeadh siad in úsáid tar éis 2015.
4.
De mhaolú ar mhír 2, féadfaidh Ballstát úsáid ROVanna gan géaga láimhsitheora a údarú chun críche breathnadóireachta agus taiscéalaíochta i limistéir atá faoi dhlínse an Bhallstáit sin, ar choinníoll go mbeidh torthaí eolaíocha faighte aige i gcomhthéacs creat bainistíochta náisiúnta ina léireofar nach bhfuil aon tionchar diúltach maidir le coiréalach dearg a shaothrú ar bhealach inbhuanaithe.
Éagfaidh nó tarraingeofar siar údaruithe den sórt sin faoin 31 Nollaig 2015, ach amháin i gcás go ndéanfaidh CIGM na torthaí eolaíocha dá dtagraítear sa chéad fhomhír a bhailíochtú.
5.
De mhaolú ar mhír 2, féadfaidh Ballstát a údarú, le linn tréimhse theoranta ama nach mairfidh thar an 31 Nollaig 2015, go n‑úsáidfear ROVanna chun feachtais eolaíocha turgnamhacha ar mhaithe le coiréalach dearg a bhreathnú agus a shaothrú, ar choinníoll go ndéanfar na feachtais faoi mhaoirsiú náisiúnta institiúid taighde nó i gcomhoibriú le comhlachtaí náisiúnta nó idirnáisiúnta inniúla eolaíocha mar aon le haon gheallsealbhóirí ábhartha eile.
Airteagal 4316b
Íosdoimhneacht saothraithe
1. Toirmeascfar coiréalach dearg a shaothrú ag doimhneachtaí atá níos lú ná 50 méadar go dtí go léireoidh CIGM a mhalairt.
2. Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 14527 den Rialachán seo agus le hAirteagal 18(1) go (6) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
chun maoluithe ar mhír 1 a dheonú.
3. Beidh an méid a leanas i gceangal le moltaí comhpháirteacha a thíolacfar de bhun Airteagal 18(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 d’fhonn maolaithe, amhail dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo:
(a)faisnéis mhionsonraithe maidir leis an gcreat náisiúnta bainistithe;
(b)na réasúnuithe eolaíocha nó teicniúla;
(c)liosta de na soithí iascaireachta nó líon na n‑údaruithe arna ndeonú, maidir le coiréalach dearg a shaothrú ag doimhneachtaí atá níos lú ná 50 méadar; agus
(d)liosta de na criosanna iascaireachta ina bhfuil saothrú den sórt sin údaraithe, arna sainaithint le comhordanáidí geografacha ar talamh agus ar muir araon.
Aon mholadh comhpháirteach ó Bhallstát, amhail dá dtagraítear sa chéad fhomhír, tíolacfar é faoin 29 Samhain 2018.
4. Deonófar na maoluithe dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha a leanas:
(a)go bhfuil creat bainistíochta náisiúnta iomchuí i bhfeidhm, lena n‑áirítear scéim údaraithe iascaireachta i gcomhréir le hAirteagal 7 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009; agus
(b)go n‑áirithítear trí dhúnadh spásúil/ama iomchuí nach ndéantar ach líon teoranta coilíneachtaí coiréalaigh dheirg a shaothrú.
⇩ nua
(a)gur cuireadh na maoluithe sin chun feidhme go leanúnach trí bhíthin rialacha bainistithe le linn 5 bliana roimh an 18 Aibreán 2020 ar a laghad nó;
(b)i gcás maolú nua, tacóidh CCE CIGM leis, ag léiriú go bhfuil a iarraidh i gcomhréir le cuspóirí na Caibidle seo.
🡻 1343/2011
5.
D'ainneoin mhír 2 go mír 4 agus mar bheart idirthréimhseach, féadfaidh na Ballstáit bearta a ghlacadh chun Moladh CIGM/35/2011/2 a chur chun feidhme, ar choinníoll seo leanas:
(a)gur cuid de chreat bainistithe náisiúnta iomchuí iad na bearta sin; agus
(b)go gcuireann an Ballstát lena mbaineann an Coimisiún ar an eolas go cuí faoi ghlacadh na mbeart sin.
Áiritheoidh na Ballstáit lena mbaineann nach mbeidh feidhm ag aon mhaoluithe tráth nach déanaí ná an dáta a gcuirfear i bhfeidhm an gníomh tarmligthe ábhartha a glacadh i gcomhréir le mír 2.
6.
I gcás ina measfaidh an Coimisiún, ar bhonn na bhfógraí arna gcur ar fáil ag na Ballstáit lena mbaineann i gcomhréir le pointe (b) de mhír 5, go bhfuil beart ann a ghlactar tar éis an 28 Samhain 2015 nach gcomhlíonann na coinníollacha a leagtar amach i mír 4, féadfaidh sé, faoi réir cúiseanna ábhartha a thabhairt agus tar éis dul i gcomhairle leis an mBallstát lena mbaineann, iarraidh air an beart sin a leasú.
🡻 1343/2011 (oiriúnaithe)
57. Cuirfidh an Coimisiún Rúnaí Feidhmiúcháin ⌦ Rúnaíocht ⌫ CIGM ar an eolas faoi na bearta a ghlacfar de bhun mhír 2 agus mhír 5.
Airteagal 4416c
An ⌦ t‑íosmhéid tagartha caomhnaithe ⌫t-íos-trastomhas i mboinn coilíneachtaí
1. Coiréalach dearg ó choilíneachtaí coiréalaigh dheirg a bhfuil trastomhas níos lú ná 7 mm ann ag an stoc, é sin arna thomhas laistigh de cheintiméadar amháin de bhonn na coilíneachta, ní dhéanfar é a shaothrú, a choinneáil ar bord, a athlastáil, a thabhairt i dtír, a aistriú, a stóráil, a dhíol ná a thaispeáint ná a chur ar díol mar amhtháirge.
2. Cumhachtófar an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 14527 den Rialachán seo agus Airteagal 18(1) go (6) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, de mhaolú ar mhír 1, chun uasteorainn lamháltais 10 % de réir beomheáchain a údarú i gcás coilíneachtaí coiréalaigh dheirg atá róbheag (< 7 mm).
3. Maidir le moltaí comhpháirteacha a thíolacfar de bhun Airteagal 18(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 i bhfianaise maolaithe amhail dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, beidh i gceangal leo na réasúnuithe eolaíocha nó teicniúla maidir leis an maolú sin.
Aon mholadh comhpháirteach ó Bhallstát, amhail dá dtagraítear sa chéad fhomhír, tíolacfar é faoin 29 Samhain 2018.
4. Deonófar na maoluithe amhail dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha a leanas:
(a)
go bhfuil creat bainistíochta náisiúnta i bhfeidhm, lena n‑áirítear scéim údaraithe iascaireachta i gcomhréir le hAirteagal 7 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009;
(b)go bhfuil cláir shonracha faireacháin agus rialaithe i bhfeidhm.
5.
D’ainneoin mhír 2 go mír 4 agus mar bheart idirthréimhseach, féadfaidh na Ballstáit bearta a ghlacadh chun Moladh CIGM/36/2012/1 a chur chun feidhme, ar choinníoll seo leanas:
(a)gur cuid de chreat bainistithe náisiúnta iomchuí iad na bearta sin; agus
(b)go gcuireann an Ballstát lena mbaineann an Coimisiún ar an eolas go cuí faoi ghlacadh na mbeart sin.
Áiritheoidh na Ballstáit lena mbaineann nach mbeidh feidhm ag aon mhaoluithe tráth nach déanaí ná an dáta a gcuirfear i bhfeidhm an gníomh tarmligthe ábhartha a glacadh i gcomhréir le mír 2.
6.
I gcás ina measfaidh an Coimisiún, ar bhonn na bhfógraí arna gcur ar fáil ag na Ballstáit lena mbaineann i gcomhréir le pointe (b) de mhír 5, go bhfuil beart ann a ghlactar tar éis an 28 Samhain 2015 nach gcomhlíonann na coinníollacha a leagtar amach i mír 4, féadfaidh sé, faoi réir cúiseanna ábhartha a thabhairt agus tar éis dul i gcomhairle leis an mBallstát lena mbaineann, iarraidh air an beart sin a leasú.
47.Cuirfidh an Coimisiún Rúnaí Feidhmiúcháin ⌦ Rúnaíocht ⌫ CIGM ar an eolas faoi na bearta a ghlacfar de bhun mhír 2 agus mhír 5.
⇩ nua
Airteagal 45
Tarchur na sonraí maidir le saothrú agus le hiarracht
Gach bliain, cuirfidh na Ballstáit an saothrú agus an iarracht a rinneadh an bhliain roimhe sin in iúl don Choimisiún, faoin 31 Bealtaine. Tarchuirfidh an Coimisiún na sonraí sin chuig Rúnaíocht CIGM faoin 30 Meitheamh.
🡻 982/2019 Airt. 1.6 (oiriúnaithe)
⇨ nua
TEIDEAL IIA
ACMHAINNEACHT IASCAIREACHTA AGUS DEISEANNA IASCAIREACHTA
Airteagal 46 16m
Teorainneacha gabhála i ndáil le coiréalach dearg
1. Féadfaidh gach Ballstát córas teorainneacha gabhála laethúla agus/nó bliantúla ⇨ iarrachta saothraithe agus/nó iarrachta iascaireachta ⇦ a bhunú i ndáil le coiréalach dearg sa Mheánmhuir ⇨ lena n‑iascairí údaraithe agus a soithí iascaireachta údaraithe. Beidh na teorainneacha sin i gcomhréir le líon na n‑údaruithe iascaireachta a dheonaítear, leis na teorainneacha bliantúla maidir le saothrú agus na teorainneacha maidir le hiascaireacht a shocraítear le haghaidh gach Ballstáit lena mbaineann⇦ .
⇩ nua
[Moladh CIGM/43/2019/4 foráil 21]
2. I gcás bliain ar leith agus oitir coiréalaigh dheirg atá sainaitheanta mar is ceart, nó, ar scála dhronuilleog staidrimh CIGM ábhartha mura bhfuil oitir coiréalaigh dheirg sainaitheanta mar is ceart, maidir le cion na gcoilíneachtaí arna saothrú faoi bhun na híosmhéide tagartha caomhnaithe (MCRS), mar shainmhínítear in Airteagal 44, sna cásanna seo a leanas:
(a)más lú é ná 10 % den ghabháil iomlán a shaothrófar ar oitir coiréalaigh dheirg ar leith i mbliain ar leith, déanfaidh na Ballstáit nach bhfuil plean bainistíochta náisiúnta i bhfeidhm acu bearta rialaithe níos déine a chur i bhfeidhm sa limistéar lena mbaineann;
(b)más mó ná 10 % agus más lú ná 25 % é den ghabháil iomlán a shaothrófar ar oitir coiréalaigh dheirg i mbliain ar leith, cuirfidh na Ballstáit rialú níos déine i bhfeidhm sa limistéar lena mbaineann agus déanfaidh siad suirbhéireacht ar struchtúr méide phobal na hoitreach coiréalaigh dheirg, is cuma cé acu atá ann do phlean bainistithe náisiúnta nó nach bhfuil.
🡻982/2019 Airt. 1.8 (oiriúnaithe)
⇨ nua
Airteagal 16ca
Tréimhsí coiscthe réamhchúraim i ndáil le coiréalach dearg
31.
Nuair a bhainfear amach tairseach gabhála coiréalaigh dheirg dá dtagraítear i mír 24 agus mír 35, déanfaidh na Ballstáit an limistéar lena mbaineann a chosc ar bhonn sealadach ar iascach coiréalaigh dheirg.
42.
Measfar an tairseach gabhála a bheith bainte amach nuair is mó líon na gcoilíneachtaí coiréalaigh dheirg ar lú a n‑íostrastomhas ná 7 mm, nuair is mó a líon sin ná 25 % den ghabháil iomlán a shaothrófar ar oitir coiréil dheirg ar leith i mbliain ar leith.
53.
I gcásanna nár sainaithníodh oitreacha coiréil i gceart go fóill, beidh feidhm ag an tairseach gabhála agus an tréimhse choiscthe dá bhforáiltear i mír 31 ar leibhéal dhronuilleog staidrimh CIGM tréimhsí oscailte ⌦ atá ábhartha ⌫.
64.
⇨ Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun tréimhsí coiscthe réamhchúraim dá bhforáiltear i mír 3 a chur chun feidhme. ⇦ Ina gcinneadh lena mbunaítear tréimhse choiscthe dá dtagraítear i mír 1, saineoidh na Ballstáit an limistéar geografach ⇨ mheá an tsaothraithe a dhéantar difríocht di ⇦ lena mbaineann, an fad a mhairfidh an tréimhse choiscthe agus na coinníollacha lena rialaítear na hiascaigh sa limistéar sin le linn na tréimhse coiscthe ⇨. , mar aon leis na coinníollacha maidir leis an iascach a athoscailt ⇦ .
⇩ nua
[Moladh CIGM/43/2019/4 foráil 26 ]
7. Féadfaidh na Ballstáit riail na gluaiseachta le haghaidh soithí iascaireachta scor den iascaireacht agus gluaiseacht sa treo ar lú an seans go mbeidh tuilleadh teagmhála le coilíneachtaí, an riail sin a chun chun feidhme, d’fhonn gan an tairseach a shainítear i mír 4 a bhaint amach agus chun saothrú agus téarnamh is fearr na gcoilíneachtaí a áirithiú.
8. Nuair a chuirfidh na Ballstáit rialacha na gluaiseachta chun feidhme, tabharfaidh siad fógra don Choimisiún láithreach agus tabharfaidh an Coimisiún fógra do Rúnaíocht CIGM.
[Moladh CIGM/43/2019/4 foráil 27 ]
9.Féadfaidh na Ballstáit córas uainíocht na mbarr a chur chun feidhme idir a n‑oitreacha choiréalaigh dheirg chun saothrú agus téarnamh is fearr na gcoilíneachtaí a áirithiú.
10. Nuair a chuirfidh na Ballstáit sásra um uainíocht barr chun feidhme, tabharfaidh siad fógra don Choimisiún láithreach agus tabharfaidh an Coimisiún fógra do Rúnaíocht CIGM.
🡻982/2019 Airt. 1.6 (oiriúnaithe)
⇨ nua
Airteagal 4716cb
Tréimhsí coiscthe spásúla ⌦ nó ⌫/ama
1. ⇨ Mar aon leis na tréimhsí coiscthe atá bunaithe ar an leibhéal náisiúnta cheana , ⇦ Ballstáit atá ag saothrú coiréalach dearg go gníomhach, tabharfaidh siad isteach ⇨ féadfaidh siad ⇦ tréimhsí coiscthe ⇨ spásúla nó ama ⇦ breise a thabhairt isteach chun coiréalach dearg a chosaint ar bhonn na comhairle eolaíche atá ar fáil agus tráth nach déanaí ná Dé Sathairn 11 Eanáir 2020.
25.
⌦ Ballstáit a bhunóidh tréimhsí coiscthe, cuirfidh siad an méid sin in iúl do Rúnaíocht CIGM agus don Choimisiún gan mhoill. ⌫
🡻 982/2019 Airteagal 1.6 (oiriúnaithe)
⇨ nua
Airteagal 48
⌦ Feithiclí cianrialaithe faoi uisce (ROVanna) ⌫
2.
Toirmeascfar Feithiclí Cianrialaithe faoi uisce (ROVanna) a úsáid chun coiréalach dearg a shaothrú ⇨ sa limistéar dá dtagraítear in Airteagal 40 ⇦ .
🡻 982/2019 Airteagal 1.10 (oiriúnaithe)
⇨ nua
Airteagal 4922 a
Údaruithe iascaireachta i ndáil le coiréalach dearg ⌦ Bearta bainistithe cabhlach ⌫
1.
⌦ Ní bheidh ⌫ Ssoithí nó iascairí údaraithe chun coiréalach dearg a shaothrú sa Mheánmhuir, beidh ⌦ ach amháin má tá ⌫ údarú bailí iascaireachta acu, ⇨ arna eisiúint ag údarás an Bhallstáit brataí nó ag údaráis an Bhallstáit cósta ina ndéantar na gníomhaíochtaí iascaireachta. ⇦ ina saineofar ⇨ Saineofar sna húdaruithe sin ⇦ na coinníollacha teicniúla faoinar féidir iascach a dhéanamh.
2.
I gcás nach ann d’údarú amhail dá dtagraítear i mír 1, beidh toirmeasc ar choiréalach dearg a shaothrú, a choimeád ar bord, a thrasloingsiú, a thabhairt i dtír, a aistriú, a stóráil, a dhíol nó a chur ar taispeáint nó a thairiscint lena dhíol.
⇩ nua
3.
Ní fhéadfar údarú iascaireachta a dheonú ach amháin d’iascaire (tumadóir) a chomhlíonann na caighdeáin maidir le tumadóireacht phroifisiúnta i gcomhréir leis an reachtaíocht náisiúnta.
🡻 982/2019 Airt. 1.10 (oiriúnaithe)
⇨ nua
34. Coinneoidh na Ballstáit clár cothrom le dáta d’údaruithe iascaireachta dá dtagraítear i mír 1 agus cuirfidh siad chuig an gCoimisiún, faoin 31 Márta ⇨ Bealtaine ⇦ gach bliain, liosta na ⇨ n‑iascairí agus ⇦ soithí ar eisíodh na húdaruithe dá dtagraítear i mír 1 lena n‑aghaidh. Cuirfidh an Coimisiún an liosta sin in iúl do Rúnaíocht CIGM tráth nach déanaí ná an 30 Aibreán ⇨ Meitheamh ⇦ gach bliain. Beidh an fhaisnéis seo a leanas, ⌦ dá dtagraítear in Iarscríbhinn VIII ⌫ i dtaca le gach soitheach ⇨ ar laghad ⇦, ar an liosta .:
(a)ainm an tsoithigh;
(b)uimhir chláir an tsoithigh (cód arna shannadh ag an bpáirtí conarthach);
(c)uimhir chlárúcháin CIGM (cód alfa ISO 3 tíre + 9 ndigit e.g. xxx000000001);
(d)calafort clárúcháin (ainm iomlán an chalafoirt);
(e)an t‑ainm a bhí air roimhe (más ann dó);
(f)an bhratach a bhí aige roimhe (más ann di);
(g)mionsonraí maidir le scriosadh ó chláir eile (más ann dóibh);
(h)comhartha aitheantais idirnáisiúnta raidió (más ann dó);
(i)VMS nó trealamh eile maidir le geologánú soithigh a bheith ar bord (Tá/Níl);
(j)cineál soithigh, fad foriomlán (LOA) agus olltonáiste (GT) agus/nó olltonáiste cláraithe (GRT) agus cumhacht innill arna léiriú in kW;
(k)trealamh sábháilteachta agus slándála chun freastal ar bhreathnóir/ar bhreathnóirí ar bord (Tá/Níl);
(l)an tréimhse ama ina bhfuil iascaireacht coiréalaigh dheirg údaraithe;
(m)limistéar (limistéir) ina bhfuil iascaireacht coiréalaigh dheirg údaraithe: fo-limistéir gheografacha CIGM agus cealla ghreille staidrimh CIGM;
(n)Rannpháirtíocht i gcláir taighde ar thionscain institiúidí eolaíochta náisiúnta/idirnáisiúnta (Tá/Níl; cuir tuairisc ghairid leis).
54.
Ní mhéadóidh na Ballstáit líon na ⇨ n‑iascairí údaraithe agus líon na soithí iascaireachta a bheidh údaraithe ⇦ n‑údaruithe iascaireachta go dtí go léireofar le comhairle eolaíoch ⇨ arna bailíochtú ag Coiste Comhairleach Eolaíoch CIGM ⇦ riocht fhabhrach a bheith ar phobail na gcoiréalach dearg ⇨ gur tháinig athfhorbairt ar phobail na gcoiréalach go dtí leibhéil inbhuanaithe le gur féidir saothrú méadaithe a chothú ⇦ .
⇩ nua
[Moladh CIGM/43/2019/4 foráil 31]
6. Beidh toirmeasc ar ghabháil agus coinneáil ar bord, trasloingsiú nó tabhairt i dtír coiréalaigh dheirg chun críche iascach áineasa.
🡻 982/2019 Airt. 1.10 (oiriúnaithe)
⇨ nua
Airteagal 5022d
Calafoirt ainmnithe i ndáil le coiréalach dearg
Ní dhéanfaidh iascairí údaraithe ná soithí iascaireachta údaraithe gabhálacha coiréalaigh dheirg a thabhairt i dtír ⇨ agus a thrasloingsiú ⇦ ach amháin i gcalafoirt ainmnithe. Chun na críche sin, ainmneoidh gach Ballstát calafoirt ina bhfuil sé údaraithe coiréalach dearg a thabhairt i dtír ⇨ agus a thrasloingsiú ⇦ agus cuirfidh sé liosta na gcalafort sin in iúl ⇨ don Choimisiún faoin 31 Bealtaine gach bliain. Tarchuirfidh an Coimisiún an liosta sin ⇦ chuig Rúnaíocht CIGM agus don Choimisiún faoin 30 Aibreán ⇨ Meitheamh ⇦ gach bliain, seachas mura bhfuil aon athrú ar na calafoirt ainmnithe a cuireadh in iúl roimhe sin. ⇨ Cuirfidh na Ballstáit aon nuashonrú ar an liosta sin in iúl don Choimisiún láithreach. Tarchuirfidh an Coimisiún na nuashonruithe sin chuig Rúnaíocht CIGM gan mhoill. ⇦
Airteagal 5122c
Réamhfhógra a thabhairt i ndáil le coiréalach dearg
⇨ Roimh theacht isteach chuig aon chalafort, agus ar a laghad ceithre uair an chloig ⇦ Idir dhá agus ceithre uair an chloig roimh an am a mheastar a bhainfear an calafort amach, ⇨ nó ar a laghad uair amháin roimh an am sin má tá an mheá níos lú ná ceithre uair an chloig ón gcalafort teachta, ⇦ cuirfidh máistrí na soithí iascaireachta ⇨ nó a n‑ionadaí nó na hiascairí údaraithe, ⇦ an fhaisnéis seo a leanas in iúl do na húdaráis ábhartha:
(1)(a)an t‑am a mheastar a bhainfear an calafort amach;
(2)(b)uimhir aitheantais sheachtrach agus ainm an tsoithigh ⇨ údaraithe ⇦ iascaireachta ⇨ nó an tsoithigh a úsáidtear le haghaidh saothrú ⇦ ;
(3)(c)meastachán ar an gcainníocht de réir beomheáchain agus más féidir, líon na gcoilíneachtaí coiréalaigh dheirg ar bord;
(4)(d)an fhaisnéis maidir leis an limistéar geografach ⇨ saothraithe ⇦ ⇨ , i bhfoirm comhordanáidí geografacha más féidir ⇦ inar tógadh an ghabháil.
Airteagal 5222b
Gabhálacha a thaifeadadh i ndáil le coiréalach dearg
1.
Iascairí nó maistrí na soithí údaraithe chun coiréalach dearg a shaothrú, déanfaidh siad gabhálacha de réir beomheáchain, agus, más féidir, líon na gcoilíneachtaí a thaifeadadh, tar éis oibríochtaí iascaireachta nó, i gcás turas iascaireachta laethúil, tráth a thabharfar an ghabháil i dtír ar a dhéanaí. ⇨ a saothrú a thaifeadadh tar éis gach oibríocht saothraithe ⇦.
2.
Beidh logleabhar ar bord ag soithí iascaireachta atá údaraithe le coiréalach dearg a shaothrú ina ndéanfar na gabhálacha laethúla de choiréalach dearg a thaifeadadh, gan beann ar bheomheáchan na bainte, chomh maith le gníomhaíocht iascaireachta de réir limistéir agus doimhneachta, lena n‑áirítear, más féidir, líon na laethanta iascaireachta agus tumthaí. Cuirfear an fhaisnéis sin chuig na húdaráis inniúla náisiúnta faoin spriocdháta a leagtar síos in Airteagal 14(6) de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009.
🡻 2102/2015 Airt. 1.4 (oiriúnaithe)
Airteagal 23 a
Sonraí ábhartha a thuairisciú chuig an gCoimisiún
13.
Faoin 15 Nollaig gach bliain, cuirfidh na Ballstáit lena mbaineann an fhaisnéis a leanas faoi bhráid an Choimisiúin:
🡻 982/2019 Airt. 1.11(a) (oiriúnaithe)
(a)
na sonraí maidir le coiréalach dearg dá dtagraítear ⌦ san ⌫ Airteagal ⌦ seo ⌫ . 22b; agus
🡻 2102/2015 Airt. 1.4 (oiriúnaithe)
(b)
i bhfoirm tuarascála leictreonaí, na rátaí gabhálacha de thaisme agus scaoilte saor d'éanlaith mhara, de thurtair mhara, de rónta manaigh, de chéiticigh agus de shiorcanna agus de roic, chomh maith le haon fhaisnéis ábhartha a tuairiscíodh i gcomhréir le pointí (a), (b), (c), (d) agus (e) faoi seach d'Airteagal 17b(1).
2.
Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis ⌦ sin ⌫ dá dtagraítear i mír 1 ar aghaidh chuig Rúnaí Feidhmiúcháin ⌦ Rúnaíocht ⌫ CIGM faoin 31 Nollaig gach bliain.
⇩ nua
[Moladh CIGM/43/2019/4 foráil 36]
Airteagal 53
Treoirthionscadail
Féadfaidh na Ballstáit treoirthionscadail a chur chun feidhme chun a áirithiú go n‑úsáideann na iascairí nó na soithí uile atá údaraithe le coiréalach dearg a shaothrú VMS nó córas geoshuímh eile lena gceadaítear do na húdaráis rialaithe a ngníomhaíocht a rianú i gcónaí le linn turais iascaireachta.
Airteagal 5422e
Gabhálacha a rialú i ndáil le coiréalach dearg
Bunóidh gach Ballstát clár rialaithe bunaithe ar anailís riosca, go háirithe chun an tabhairt i dtír a fhíorú agus na logleabhair a bhailíochtú.
🡻 982/2019 Airt. 1.10 (oiriúnaithe)
Airteagal 5522f
Trasloingsiú i ndáil le coiréalach dearg ⌦ Oibríochtaí trasloingsithe ⌫
Toirmeascfar oibríochtaí trasloingsithe de choiréalach dearg ar muir.
⇩ nua
[Moladh CIGM/43/2019/4 foráil 40]
Airteagal 56
Plean cigireachta
Leagfaidh na Ballstáit plean cigireachta síos ina mbeidh bearta rialaithe agus forfheidhmithe a leagtar amach sa Chaibidil seo, ag cur san áireamh na heilimintí a liostaítear in Iarscríbhinn V. Cuirfear na pleananna cigireachta sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 31 Nollaig gach bliain agus tarchuirfidh an Coimisiún na pleananna sin chuig Rúnaíocht CIGM faoin 31 Eanáir den bhliain dár gcionn.
Airteagal 57
Inrianaitheacht táirgí coiréalaigh dheirg
[Airteagal nua. Moladh CIGM/43/2019/4 forálacha 41 go 47 agus 49]
1. Ar feadh idirthréimhse trí bliana (2020-2022), féadfaidh na Ballstáit a bheith rannpháirteach i gcéim phíolótach na Scéime Doiciméadaithe um Ghabháil (CDS), chun tionscnamh coiréalaigh dheirg a shaothraítear a shainaithint i limistéar chur i bhfeidhm CIGM, agus cuirfidh siad na bearta inrianaitheachta seo a leanas chun feidhme:
(a)beidh deimhniú CDS bailíochtaithe dá dtagraítear in Iarscríbhinn X agus arna eisiúint ag údaráis inniúla an stáit brataí ag gabháil le gach tabhairt i dtír, allmhaire, onnmhaire agus ath-onnmhaire coiréalaigh dheirg a shaothraítear;
(b)beidh uimhir uathúil sainaitheantais doiciméid ag gach deimhniú. Beidh an uimhir sonrach i leith an stáit brataí agus sannfar í do gach iascaire nó soitheach údaraithe. Ní bheidh na deimhnithe sin inaistrithe chuig iascaire nó soitheach údaraithe eile;
(c)Ní bhailíochtóidh na Ballstáit deimhniúcháin saothraithe CDS le haghaidh coiréalach dearg ach amháin nuair a chinnfear an fhaisnéis uile atá in CDS a bheith cruinn de thoradh ar fhíorú na ndoiciméad tacaíochta agus na coinsíneachta comhfhreagraí.
2. Tabharfaidh na Ballstáit atá rannpháirteach sa chéim phíolótach tuairisc don Choimisiún, agus tabharfaidh an Coimisiún tuairisc do CIGM dá réir, maidir le cur chun feidhme na céime píolótaí i gcomhthéacs CDS buan le haghaidh coiréalach dearg.
3. Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 144 den Rialachán seo, chun CDS buan a bhunú chun tionscnamh coiréalaigh dheirg a shainaithint
🡻 982/2019 Airt. 1.10
Airteagal 5822g
Faisnéis Eolaíoch i ndáil le coiréalach dearg
⇩ nua
1. Sa bhreis ar na forálacha a bhaineann le coiréalach dearg atá i lámhleabhar DCRF, tuairisceoidh na Ballstáit na sonraí a liostaítear thíos ar leibhéal na hoitreach, ar leibhéal dhronuilleog staidrimh CIGM agus ar an leibhéal náisiúnta, nuair a bhíonn siad ar fáil:
(a)líon na n‑údaruithe iascaireachta coiréalaigh dheirg arna ndeonú d’iascairí agus do shoithí údaraithe;
(b)an líon tumthaí de réir iascaire údaraithe agus turas iascaireachta;
(c)líon na n‑iascairí údaraithe ar bord le haghaidh gach turas iascaireachta; agus
(d)trastomhas gach coilíneachta a shaothraítear, más féidir.
Tabharfaidh na Ballstáit fógra faoi na sonraí sin don Choimisiún faoin 31 Bealtaine agus tarchuirfidh an Coimisiún iad chuig Rúnaíocht CIGM faoin 30 Meitheamh gach bliain.
🡻 982/2019 Airt. 1.10 (oiriúnaithe)
⇨ nua
2. Na Ballstáit a bhfuil cabhlaigh iascaireachta acu atá ag díriú ar ⇨ bhíonn a n‑iascairí nó soithí údaraithe ag díriú ar ⇦ choiréalaigh dhearga, áiritheoidh siad go bhfuil meicníocht i bhfeidhm go cuí maidir le faireachán eolaíoch leordhóthanach a dhéanamh ar iascaigh agus gabhálacha ⇨ shaothrú ⇦ d’fhonn a chur ar a chumas do choiste Comhairleach Eolaíoch ⌦ CCE ⌫ CIGM faisnéis thuairisciúil agus comhairle a chur ar fáil, ⇨ lena n‑áirítear ⇦ maidir leis na nithe seo a leanas ar a laghad:
(a)an iarracht iascaireachta a rinneadh (e.g. líon na ⇨ dturas iascaireachta nó ⇦ dtumthaí iascaireachta ⇨ an t‑aga tumtha ⇦ in aghaidh na seachtaine ⇨ , in aghaidh na míosa nó in aghaidh na bliana ⇦ ) agus leibhéil ghabhála iomlána ar an leibhéal áitiúil ⇨ na hoitreach, ar leibhéal dhronuilleog staidrimh CIGM agus ar an leibhéal ⇦ , náisiúnta nó fornáisiúnta;
(b)na pointí tagartha caomhnaithe agus bainistíochta d’fhonn an plean bainistíochta réigiúnach a fheabhsú i gcomhréir leis an gcuspóir uastáirgeacht inbhuanaithe a tháirgeadh agus riosca íseal a bheith ann go gclisfidh na stoic éisc;
(c)iarmhairtí bitheolaíocha agus socheacnamaíocha na gcásanna bainistíochta malartacha, lena n‑áirítear rialú ionchuir/aschuir agus/nó bearta teicniúla, arna moladh ag páirtithe conarthacha CIGM;
(d)tréimhsí coiscthe spásúla ⌦ nó ⌫ / ama ⇨ breise ⇦ féideartha chun inbhuanaitheacht iascaigh a chaomhnú.
⇩ nua
3. Beidh toirmeasc ar thráchtálú coilíneachtaí coiréalaigh dheirg a shaothraítear laistigh de chreat clár taighde ar choiréalach dearg.
4. Féadfaidh na Ballstáit breathnóirí eolaíocha náisiúnta a imlonnú ar shoithí a bhfuil coiréalach dearg saothraithe acu. I gcás an imlonnaithe sin, féadfaidh na Ballstáit an fhaisnéis a bhailítear a thuairisciú don Choimisiún agus tarchuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin chuig Rúnaíocht CIGM.
CAIBIDIL IV
Iascaigh grinnill
Roinn I
Caolas na Sicile
Airteagal 59
[Airteagal nua. Moladh CIGM/42/2018/5 forálacha 1 agus 2]
Raon Feidhme
Tá feidhm ag an roinn seo maidir leis na gníomhaíochtaí iascaireachta uile ag trálaeir ghrinnill an Aontais ar mó a bhfad ná 10 méadar LOA lena ndírítear ar stoic ghrinnill, lena n‑áirítear colmóir (Merluccius merluccius) agus rós-séacla domhainmhara (Parapenaeus longirostris), in FLGanna 12, 13, 14, 15 agus 16 dá bhforáiltear in Iarscríbhinn I.
Airteagal 60
[Airteagal nua. Moladh CIGM/42/2018/5 forálacha 24 agus 25]
Bearta bainistíochta iascach nó pleananna bainistíochta náisiúnta
1.Déanfaidh na Ballstáit bearta bainistíochta iascach nó pleananna bainistíochta náisiúnta faoi raon feidhme na roinne seo chun a áirithiú go ndéanfaidh leibhéil saothraithe na stoc grinnill, go háirithe an colmóir Eorpach agus an rós-séacla domhainmhara an uastáirgeacht inbhuanaithe a bhaint amach agus a choinneáil ar bun.
2.Cuirfidh na Ballstáit a mbearta bainistithe nó a bpleananna bainistithe náisiúnta a glacadh agus aon mhodhnuithe a dhéanfar ar na bearta nó na pleananna sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 30 Nollaig gach bliain. Tarchuirfidh an Coimisiún sin chuig Rúnaíocht CIGM faoin 31 Eanáir den bhliain dár gcionn.
Airteagal 61
[Airteagal nua. Moladh CIGM/42/2018/5 foráil 11]
Srianta spásúla nó ama breise
1.Féadfaidh na Ballstáit srianta spásúla nó ama a ainmniú sa bhreis ar na srianta atá bunaithe cheana lena bhféadfar toirmeasc nó srianta a chur ar ghníomhaireachtaí iascaireachta chun limistéir sceite agus iasclainne a chosaint
2.Cuirfidh na Ballstáit in iúl don Choimisiún faoin 31 Bealtaine gach bliain aon srian spásúla/ama sna huiscí faoina gceannasacht nó faoina ndlínse. Tarchuirfidh an Coimisiún an liosta sin chuig Rúnaíocht CIGM faoin 30 Meitheamh gach bliain.
Airteagal 62
[Airteagal nua. Moladh CIGM/42/2018/5 foráil 34]
Faireachán eolaíoch
Áiritheoidh na Ballstáit faireachán eolaíoch bliantúil leordhóthanach ar stádas na speiceas a liostaítear in Airteagal 59.
🡻 982/2019 Airt. 1.10 (oiriúnaithe)
⇨ nua
Airteagal 6322k
Údaruithe d’iascaigh trálaeireachta grinnill ar stoic ghrinnill i gCaolas na Sicile
1.
Ní cheadófar do shoithí trálaeireachta grinnill ⇨ atá ag díriú go gníomhach ar na speicis a liostaítear in Airteagal 59 ⇦ atá ag díriú ar stoic ghrinnill i gCaolas na Sicile (fo-limistéir gheografacha CIGM 12, 13, 14, 15 agus 16, mar a shainmhínítear in Iarscríbhinn I), ach gníomhaíochtaí iascaireachta sonracha a dhéanamh mar a shonrófar in údarú iascaireachta bailí a eiseoidh na húdaráis inniúla agus ina sonrófar na coinníollacha teicniúla faoina ndéanfar na gníomhaíochtaí sin. ⇨ Beidh na soithí sin feistithe le VMS. ⇦
2.
Cuimseofar san údarú iascaireachta dá dtagraítear i mír 1, maille leis na sonraí a shainítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/218 ón gCoimisiún
, na sonraí seo a leanas:
(a)uimhir chlárúcháin CIGM;
(b)an t‑ainm a bhí air roimhe (más ann dó);
(c)an bhratach a bhí aige roimhe (más ann di);
(d)mionsonraí maidir le scriosadh ó chláir eile (más ann dóibh).
3.
Seolfaidh na Ballstáit chuig an gCoimisiún faoin 31 Deireadh Fómhair gach bliain liosta na soithí ar eisigh siad an t‑údarú dá dtagraítear i mír 1 lena n‑aghaidh. Cuirfidh an Coimisiún an liosta sin in iúl don chomhlacht arna ainmniú aige agus do Rúnaíocht CIGM tráth nach déanaí ná an 30 Samhain gach bliain.
4.
Déanfaidh na Ballstáit a chur in iúl don Choimisiún agus do Rúnaíocht CIGM, tráth nach déanaí ná an 31 Lúnasa ⌦ faoin 31 Iúil ⌫ gach bliain ⌦ agus tarchuirfidh an Coimisiún do Rúnaíocht CIGM tráth nach déanaí ná an 31 Lúnasa gach bliain ⌫ , i bhformáid chomhiomlánaithe, tuarascáil ar na gníomhaíochtaí iascaireachta a dhéanann na soithí dá dtagraítear in mír 1, lena n‑áirítear an fhaisnéis íosta seo a leanas:
(a) (i)líon na laethanta iascaireachta;
(b) (ii)limistéar an tsaothraithe; agus
(c) (iii)gabhálacha colmóra agus rós-séacla domhainmhara.
Airteagal 6422 l
Calafoirt ainmnithe
1.
Ainmneoidh gach Ballstát calafoirt tabhairt i dtír ina bhféadfar colmóirí agus rós-séaclaí domhainmhara a ghabhtar i gCaolas na Sicile a thabhairt i dtír, i gcomhréir le hAirteagal 43(5) de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009. Tarchuirfidh na Ballstáit liosta de na calafoirt ainmnithe tabhairt i dtír chuig Rúnaíocht CIGM agus chuig an gCoimisiún tráth nach déanaí ná an 30 Samhain 2018. Aon athrú a dhéanfar ar an liosta sin ina dhiaidh sin, cuirfear fógra ina leith go pras chuig Rúnaíocht CIGM agus chuig an gCoimisiún.
2.
Beidh toirmeasc ar aon chainníocht colmóra agus rós-séacla domhainmhara a ghabhtar i gCaolas na Sicile a thabhairt i dtír nó a thrasloingsiú ó shoithí iascaireachta in aon áit seachas sna calafoirt tabhairt i dtír arna n‑ainmniú ag na Ballstáit.
⇩ nua
3. I gcás gach calafoirt tabhairt i dtír a ainmnítear, sonróidh na Ballstáit na hamanna tabhairt i dtír agus trasloingsithe atá ceadaithe. Áiritheoidh na Ballstáit chomh maith clúdach cigireachta ar na gníomhaíochtaí sin uile le linn na n‑amanna tabhairt i dtír agus trasloingsithe uile ag gach láthair tabhairt i dtír a ainmnítear.
🡻 982/2019 Airt. 1.10 (oiriúnaithe)
Airteagal 65 22m
Scéim Cigireachta agus Faireachais Chomhpháirteach Idirnáisiúnta i gCaolas na Sicile
1.
Féadfaidh na Ballstáit gníomhaíochtaí cigireachta agus faireachais a dhéanamh faoi réir Scéim Cigireachta agus Faireachais Chomhpháirteach Idirnáisiúnta (‘an Scéim’) lena gcumhdaítear uiscí atá lasmuigh de dhlínse náisiúnta i bhfo-limistéir gheografacha CIGM 12, 13, 14, 15 agus 16, mar a shainmhínítear in Iarscríbhinn I (‘an limistéar cigireachta agus faireachais’).
2.
Féadfaidh na Ballstáit cigirí agus modhanna cigireachta a shannadh agus féadfaidh siad cigireachtaí a dhéanamh faoin Scéim. Féadfaidh an Coimisiún nó comhlacht arna ainmniú aige cigirí de chuid an Aontais a shannadh freisin don Scéim.
3.
Comhordóidh an Coimisiún nó comhlacht arna ainmniú aige na gníomhaíochtaí faireachais agus cigireachta don Aontas agus féadfaidh sé, i gcomhar leis na Ballstáit lena mbaineann, plean comhpháirteach imscartha a tharraingt suas chun a chur ar chumas an Aontais a oibleagáid faoin Scéim a chomhlíonadh. Glacfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun cur i bhfeidhm na bpleananna sin a éascú, go háirithe maidir leis na hacmhainní daonna agus ábhair is gá agus maidir leis na tréimhsí agus na limistéir gheografacha ina n‑úsáidfear na hacmhainní sin.
4.
Tabharfaidh gach Ballstát, tráth nach déanaí ná an 31 Deireadh Fómhair gach bliain, fógra don Choimisiún nó do chomhlacht arna ainmniú aige faoi liosta ainmneacha na gcigirí atá údaraithe cigireacht agus faireachas a dhéanamh sa limistéar dá dtagraítear i mír 1, mar aon le hainmneacha na soithí agus na n‑aerárthaí a úsáidtear le haghaidh cigireachta agus faireachais a bhfuil sé beartaithe acu iad a shannadh don Scéim don bhliain daár gcionn. Seolfaidh an Coimisiún nó comhlacht arna ainmniú aige an fhaisnéis sin ar aghaidh chuig Rúnaíocht CIGM faoin 1 Nollaig gach bliain nó a luaithe is féidir sula gcuirfear tús le gníomhaíochtaí cigireachta.
5.
Beidh i seilbh chigirí atá sannta don Scéim cárta cigire CIGM arna eisiúint ag na húdaráis inniúla, a bheidh san fhoirm a leagtar amach in Iarscríbhinn IV.
6.
Beidh bratach nó bratainn speisialta, mar a thuairiscítear in Iarscríbhinn V, ar foluain ar shoithí agus dualgais bhordála agus chigireachta á ndéanamh acu.
7.
Áiritheoidh gach Ballstát go ndéanfaidh gach ardán cigireachta atá i dteideal a bhratach a chur ar foluain agus atá ag oibriú sa limistéar dá dtagraítear i mír 1 teagmháil shábháilte, go laethúil nuair is féidir, le gach ardán cigireachta eile atá ag feidhmiú sa limistéar sin chun an fhaisnéis is gá le haghaidh comhordú gníomhaíochtaí a mhalartú.
8.
Tabharfaidh gach Ballstát, a bhfuil láithreacht aige sa limistéar chun cigireacht nó faireachas a dhéanamh dá dtagraítear i mír 1, liosta amharc a bhunaítear i gcomhréir le hIarscríbhinn VII, liosta bordála agus liosta cigireachtaí a rinne sé sa tréimhse 10 lá roimhe sin, lena n‑áirítear dátaí, comhordanáidí agus aon fhaisnéis ábhartha eile, do gach ardán cigireachta ar theacht isteach sa limistéar sin dó.
Airteagal 6622n
Cigireachtaí a dhéanamh
1.
Déanfaidh cigirí atá sannta don Scéim an méid seo a leanas:
(a)fógra a thabhairt don soitheach iascaireachta roimh bhordáil dóibh faoi ainm an tsoithigh cigireachta;
(b)an bhratainn a bhfuil tuairisc uirthi in Iarscríbhinn V a chur ar taispeáint ar an soitheach cigireachta agus ar an soitheach bordála;
(c)gach foireann cigireachta a laghdú ⌦ a theorannú ⌫ go triúr cigirí ar a mhéad.
2.
Ag dul ar bord an tsoithigh dóibh, taispeánfaidh na cigirí an cárta aitheantais a bhfuil tuairisc uirthi in Iarscríbhinn IV do mháistir an tsoithigh iascaireachta. Déanfar cigireachtaí i gceann de theangacha oifigiúla CIGM agus, i gcás inar féidir, sa teanga a labhraíonn máistir an tsoithigh iascaireachta.
3.
Tarraingeoidh cigirí suas tuarascáil ar an gcigireacht san fhormáid a leagtar amach in Iarscríbhinn IV VI.
4.
Síneoidh cigirí an tuarascáil i láthair mháistir an tsoithigh agus beidh an máistir sin i dteideal aon bharúlacha a chur leis an tuarascáil a mheasann sé a bheith oiriúnach agus ní mór dó na barúlacha sin a shíniú freisin.
5.
Tabharfar cóipeanna den tuarascáil do mháistir an tsoithigh agus d’údaráis na buíne cigireachta, agus seolfaidh siad cóipeanna chuig údaráis Stát brataí an tsoithigh ar a ndearnadh cigireacht agus chuig an gCoimisiún agus/nó chuig comhlacht arna ainmniú aige. Cuirfidh an Coimisiún an chóip ar aghaidh chuig Rúnaíocht CIGM.
6.
Déanfaidh oifigeach ceannais an tsoithigh chigireachta méid na buíne cigireachta agus tréimhse na cigireachta a shocrú agus na cúinsí ábhartha uile á gcur san áireamh aige.
Airteagal 6722o
Sáruithe
1.
Chun críocha an Airteagail seo, measfar gur sáruithe iad na gníomhaíochtaí seo a leanas:
(a)na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i bpointí (a), (b), (c), (e), (f), (g) agus (h) d’Airteagal 3(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008;
(b)cur isteach ar chóras faireacháin satailíte; agus
(c)oibriú gan VMS.
2.
I gcás ina ndéantar aon bhordáil nó cigireacht ar shoitheach iascaireachta agus ina mbraitheann na cigirí sárú lena linn sin, cuirfidh údaráis Bhallstát brataí an tsoithigh cigireachta an Coimisiún nó comhlacht arna ainmniú aige ar an eolas faoi láithreach, agus tabharfaidh siad siúd ⌦ sé ⌫ fógra do Bhallstát brataí an tsoithigh iascaireachta ar a ndearnadh cigireacht go díreach agus trí bhíthin Rúnaíocht CIGM. Cuirfidh siad aon long chigireachta ó Bhallstát brataí an tsoithigh iascaireachta a thuigtear a bheith sa cheantar ar an eolas freisin.
3.
Tar éis cigireacht ina mbraitear sárú lena linn, áiritheoidh Ballstát brataí an tsoithigh go gcuirfidh an soitheach iascaireachta ábhartha stop le gach gníomhaíocht iascaireachta. Ceanglóidh an Ballstát brataí ar an soitheach iascaireachta dul chuig calafort arna ainmniú aige laistigh de 72 uair an chloig, áit a gcuirfear tús le himscrúdú.
4.
I gcás ina mbeidh sárú braite le linn cigireachta, déanfar na bearta agus an obair leantach a dhéanann an Ballstát brataí a fhógairt don Choimisiún nó don chomhlacht arna ainmniú aige. Cuirfidh an Coimisiún nó comhlacht arna ainmniú aige an beart agus an obair leantach a dhéanfar ar aghaidh chuig Rúnaíocht CIGM.
5.
Gníomhóidh údaráis na mBallstát ar bhonn tuarascálacha cigireachta, dá dtagraítear in Airteagal 6622n(3), agus, ar an gcaoi chéanna, ar bhonn ráiteas a thagann as cigireachtaí doiciméadacha ó chigirí agus iad ag déanamh beart ar bhonn tuarascálacha agus ráiteas ó chigirí náisiúnta.
⇩ nua
Roinn II
Muir Aidriad
Airteagal 68
[Airteagal nua. Moladh CIGM/42/2019/5 forálacha 1 agus 26]
Raon Feidhme
Tá feidhm ag an roinn seo maidir leis na gníomhaíochtaí iascaireachta uile lena ndírítear ar stoic ghrinnill, lena n‑áirítear colmóir (Merluccius merluccius), gliomach na hIorua (Nephrops norvegicus), sól coiteann (Solea solea), rós-séacla domhainmhara (Parapenaeus longirostris) agus lannach riabhach (Mullus barbatus), trí bhíthin iascaireacht le trál dobharchú, le trál bíoma, le trál grinnill dhá bhád agus trál otair dúbailte, in FLGanna 17 agus 18 dá bhforáiltear in Iarscríbhinn I.
Airteagal 69
[Airteagal nua. Moladh CIGM/43/2019/5 foráil 27]
Tréimhsí coiscthe spásúla agus ama
1.Déanfaidh na Ballstáit an méid seo a leanas:
(a)dúnfaidh siad an limistéar cósta, gan beann ar a dhoimhneacht, amach go dtí sé mhuirmhíle, nó ceithre mhuirmhíle i gcás soithigh nach gceadaítear dóibh iascaireacht a dhéanamh thar sé mhuirmhíle, do threalamh iascaireachta tarraingthe lena ndírítear ar stoic ghrinnill, ar feadh tréimhse leanúnach ar a laghad 8 seachtaine gach bliain; nó
(b)socróidh siad tréimhse choiscthe 30 lá ar a laghad gach bliain agus cumhdófar ar a laghad 20 faoin gcéad d’uiscí teorann do ghníomhaíochtaí iascaireachta a dhéantar le trál dobharchú, le trál bíoma, le trál grinnill dhá bhád agus trál otair dúbailte, is cuma cad é a bhfad foriomlán sna limistéir agus sna tréimhsí a n‑aithníonn na Ballstáit gur tréimhsí agus limistéir thábhachtacha iad chun éisc óga stoc grinnill a chosaint, agus lena gcuirtear san áireamh bealaí imirce agus ina bpatrún spásúla dáilte iasc óg.
2.Cuirfidh na Ballstáit in iúl don Choimisiún, faoin 31 Bealtaine gach bliain, na srianta spásúla, dá dtagraítear i mír 1, in uiscí faoina ndlínse, a chuireann siad i bhfeidhm d’fhonn limistéir sceite agus iasclainne le haghaidh stoic ghrinnill dá dtagraítear in Airteagal 68 a chosaint.
3.Tarchuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis a gheobhaidh sé i gcomhréir le mír 2 chuig Rúnaíocht CIGM faoin 30 Meitheamh gach bliain.
Airteagal 70
[Airteagal nua. Moladh CIGM/43/2019/5 forálacha 56 agus 57]
Pleananna bainistíochta náisiúnta
1. Glacfaidh na Ballstáit bearta bainistíochta iascach nó pleananna bainistíochta náisiúnta laistigh de raon feidhme na roinne seo chun a áirithiú go déanfaidh leibhéil saothraithe na stoc grinnill, go háirithe an colmóir Eorpach, gliomach na hIorua, an sól coiteann, an rós-séacla domhainmhara agus an lannach riabhach, an uastáirgeacht inbhuanaithe a bhaint amach agus a choinneáil ar bun.
2. Má athraítear na bearta dá dtagraítear i mír 1, tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún gan mhoill agus cuirfidh an Coimisiún na athruithe sin in iúl do Rúnaíocht CIGM faoin 31 Eanáir den bhliain dár gcionn.
Airteagal 71
[Airteagal nua. Moladh CIGM/43/2019/5 forálacha 28 agus 29]
Bearta bainistíochta cabhlach
1.Áiritheoidh na Ballstáit nach rachaidh acmhainn iomlán cabhlaigh na gcabhlach a oibríonn faoi raon feidhme na roinne seo, i dtéarmaí olltonnáiste (GT) agus/nó olltonáiste cláraithe (GRT), cumhacht innill (kW) agus líon na soithí, mar a thaifeadtar i gcláir an Aontais agus CIGM araon, thar acmhainn an chabhlaigh le haghaidh iascach grinnill in 2015 ná a meán idir 2015 agus 2017.
2. Ní bheidh feidhm ag mír 1 maidir le cabhlaigh náisiúnta a oibríonn le trál dobharchú agus a dhéanann iascaireacht ar feadh níos lú ná 1 000 lá le linn na tréimhse tagartha a luaitear i mír 1. Ní thiocfaidh méadú níos mó ná 50 faoin gcéad ar acmhainn iascaireachta na gcabhlach sin i leith na tréimhse tagartha.
Airteagal 72
[Airteagal nua. Moladh CIGM/43/2019/5 forálacha 30, 31, 32, 33 agus 36]
Údaruithe iascaireachta
1.Bunóidh na Ballstáit liosta de shoithí a bhfuil a mbratach ar foluain acu agus atá údaraithe chun iascaireacht a dhéanamh ar speicis a liostaítear in Airteagal 68.
2.Gach bliain, cuirfidh na Ballstáit liosta de na soithí arna n‑údarú a bhfuil a mbratach ar foluain acu agus atá i mbun iascaireacht ghníomhach faoi raon feidhme na roinne seo faoi bhráid an Choimisiúin faoin 31 Nollaig. Áireofar sa liosta sin, i gcás gach soithigh, an fhaisnéis dá dtagraítear in Iarscríbhinn VIII. Tarchuirfidh an Coimisiún an liosta sin chuig Rúnaíocht CIGM faoin 31 Eanáir.
3.Ní cheadófar do shoithí a oibríonn laistigh de raon feidhme na roinne seo gníomhaíochtaí iascaireachta sonracha a dhéanamh ach amháin má bhíonn údarú iascaireachta bailí arna eisiúint ag na húdaráis inniúla acu. Beidh soithí údaraithe ar mó ná 12 mhéadar a LOA feistithe le VMS ón 1 Eanáir 2021 agus le logleabhar leictreonach ón 1 Eanáir 2022.
4.Áiritheoidh gach Ballstát go gcuirfear sásraí leordhóthanacha ar bun chun gach soitheach iascaireachta a thaifeadadh i gclár cabhlaigh náisiúnta, chun gabhálacha an tsoithigh agus a iarracht iascaireachta a thaifeadadh tríd an logleabhar agus chomh maith faireachán a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí agus tabhairt i dtír soitheach iascaireachta trí shuirbhéanna samplála gabhálacha agus iarrachta, de réir na rialacha a shonraíonn an tAontas Eorpach nó na Ballstáit.
5.Ón 1 Eanáir 2021 ar aghaidh, chun sonraí iarrachta iascaireachta a bhailiú chun córas iarrachta iascaireachta todhchaí a bhunú, tuairisceoidh na Ballstáit sonraí don Choimisiún go bliantúil faoin 31 Bealtaine le haghaidh na bliana roimhe sin faoi kW * laethanta iascaireachta de réir trealaimh agus de réir fhad an tsoithigh. Tarchuirfidh an Coimisiún na sonraí sin chuig Rúnaíocht CIGM faoin 30 Meitheamh gach bliain.
Airteagal 73
[Airteagal nua. Moladh CIGM/43/2019/5 forálacha 43 go 48]
Bearta sonracha dul aghaidh a thabhairt ar ghníomhaíochtaí iascaireachta NNN (neamhdhleathach, neamhrialáilte agus neamhthuairiscithe)
1.Dearbhóidh iascairí nó máistrí na soithí iascaireachta uile arna n‑údarú atá i mbun iascaireacht ghníomhach i Muir Aidriad gabhálacha agus foghabhálacha uile na stoc a liostaítear in Airteagal 68. Beidh feidhm ag an oibleagáid chun gabháil a dhearbhú go leictreonach ón 1 Eanáir 2022 ar aghaidh, is cuma cad é toirt na gabhála, maidir le soithigh ar mó ná 12 mhéadar a LOA.
2.Ainmneoidh na Ballstáit pointí tabhairt i dtír ina ndéanfaidh soithí atá i mbun iascaireacht ghníomhach na speicis a liostaítear in Airteagal 68 tabhairt i dtír. I gcás gach calafoirt ainmnithe, sonróidh na Ballstáit na hamanna agus na láithreacha ina cheadófar tabhairt i dtír agus trasloingsiú. Áiritheoidh na Ballstáit chomh maith clúdach cigireachta ar na gníomhaíochtaí sin le linn na n‑amanna tabhairt i dtír agus trasloingsithe uile ag gach láthair tabhairt i dtír a ainmnítear.
3.Toirmiscfear ar aon chainníocht gabhálacha a theacht i dtír nó a thrasloingsiú, ar gabhálacha iad a áirítear laistigh de raon feidhme na roinne seo, a dhéantar iascaireacht orthu le trál dobharchú, le trál bíoma, le trál grinnill dhá bhád agus trál otair dúbailte i Muir Aidriad nó in aon áit seachas sna calafoirt a ainmníonn na Ballstáit i gcomhréir le mír 2 thuas.
4.Faoin 31 Deireadh Fómhair gach bliain, cuirfidh na Ballstáit in iúl don Choimisiún aon athrú ar liosta na láithreacha tabhairt i dtír a ainmnítear ina ndéantar tabhairt i dtír stoc dá dtagraítear i mír 2. Faoin 30 Samhain gach bliain, tarchuirfidh an Coimisiún na hathruithe sin chuig Rúnaíocht CIGM.
Airteagal 74
[Airteagal nua. Moladh CIGM/43/2019/5 forálacha 51, 52, 53]
Gabhálacha a thuairisciú
1.Feisteofar soithí tráil údaraithe, a dhéanann iascaireacht laistigh de raon feidhme na roinne seo, le córas iomchuí geoshuite. Beidh soithí tráil údaraithe ar mó ná 12 mhéadar a LOA feistithe le VMS. I gcás soithí tráil údaraithe ar lú ná 12 mhéadar a LOA, cuirfidh na Ballstáit an córas geoshuite roghnaithe in iúl don Choimisiún.
2.Na gabhálacha uile, is cuma cad é beomheáchan na gabhála, chomh maith le gabhálacha speiceas nach spriocspeicis iad de bhreis ar 50 kg, tuairisceofar sa logleabhar iad.
🡻 2102/2015 Airt. 1.2 (oiriúnaithe)
CAIBIDIL VI
Bearta maidir le hiascach stoc peiligeach beag sa Mhuir Aidriad ⌦ Peiligeacha bheaga ⌫
⌦ Roinn I ⌫
⌦ Muir Aidriad ⌫
⇩ nua
Airteagal 75
Raon Feidhme
Tá feidhm ag an roinn seo maidir leis na gníomhaíochtaí uile lena ndírítear ar pheiligigh bheaga, lena n‑áirítear sairdín (Sardina pilchardus) agus ainseabhaí (Engraulis encrasicolus) in FLGanna 17 agus 18 dá bhforáiltear in Iarscríbhinn I.
🡻 2102/2015 Airt. 1.2 (oiriúnaithe)
⇨ nua
Airteagal 7616l
Acmhainn iascaireachta a bhainistiú
1.
Chun críche an Airteagail seo, is í an acmhainn iascaireachta tagartha le haghaidh stoc peiligeach beag an acmhainn ⇨ a bhunaítear ⇦ a leagtar síos ar bhonn na liostaí de shoithí iascaireachta na mBallstát lena mbaineann, a chuirtear chuig Rúnaíocht CIGM i gcomhréir le mír 22 de Mholadh CIGM/37/2013/1. Áirítear ar an liosta sin gach soitheach iascaireachta atá feistithe le tráil, peaslíonta nó cineálacha eile eangacha timpeallúcháin gan chorda cruinnithe ⇨ , atá i mbun iascaireacht ghníomhach faoi raon feidhme na roinne seo in 2014. ⇦ arna n‑údarú le stoic pheiligeacha bheaga a iascach agus atá cláraithe i gcalafoirt atá lonnaithe i bhFolimistéar Geografach 17 agus i bhFolimistéar Geografach 18, amhail dá dtagraítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo, nó atá ag feidhmiú i bhFolimistéar Geografach 17 nó i bhFolimistéar Geografach 18 nó sa dá Fholimistéar Geografach cé gur i gcalafoirt atá lonnaithe i bhFolimistéir Gheografacha eile atá siad cláraithe an 31 Deireadh Fómhair 2013.
2.
Déantar soithí iascaireachta atá feistithe le tráil nó peaslíonta, is cuma fad iomlán an tsoithigh lena mbaineann, a aicmiú mar shoithí atá i mbun iascaireacht ghníomhach ar stoic pheiligeacha bheaga i gcás gur sairdíní agus ainseabhaithe 50 % ar a laghad den ghabháil i mbeomheáchan.
3.
Maidir le hacmhainn iomlán an chabhlaigh i dtaca le soithí iascaireachta atá feistithe le tráil nó peaslíonta atá i mbun iascaireacht ghníomhach ar stoic pheiligeacha bheaga ⌦ laistigh de raon feidhme na roinne seo ⌫ i bhFolimistéar Geografach 17, ó thaobh olltonnáiste nó olltonnáiste cláraithe agus ó thaobh cumhachta innill (kW), mar atá taifeadta i gclár cabhlaigh an AEsna cláir chabhlaigh ⇨ sa chlár cabhlaigh ⇦ náisiúnta agus ⇨ in CFR ⇦, ní sháróidh sí ag am ar bith an acmhainn iascaireachta tagartha do stoic pheiligeacha bheaga dá dtagraítear i mír 1 ⌦ dá bhforáiltear i dTábla B d’Iarscríbhinn XII ⌫ .
⇩ nua
4. Ní bheidh feidhm ag mír 3 maidir le cabhlaigh náisiúnta ina bhfuil níos lú ná deich soitheach idir shoithí peas-saighne agus trálaeir pheiligeacha a bhíonn ag iascaireacht go gníomhach do pheiligigh bheaga. Sna cásanna sin, ní fhéadfaidh acmhainn an chabhlaigh ghníomhaigh méadú níos mó ná 50 % i líon na soithí agus i dtéarmaí GT agus kW.
🡻 2102/2015 Airt. 1.2 (oiriúnaithe)
⇨ nua
54.
Áiritheoidh na Ballstáit nach mbíonn soithí iascaireachta atá feistithe le tráil nó peaslíonta le haghaidh stoc peiligeach beag amhail dá dtagraítear i mír 2 i mbun iascaireachta ar feadh níos mó ná 20 lá iascaireachta in aghaidh na míosa agus nach dtéann siad thar 180 lá iascaireachta in aghaidh na bliana.
65.Ní cheadófar d'aon soitheach iascaireachta nach bhfuil ar áireamh ar an liosta de na soithí iascaireachta údaraithe dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo iascaireacht a dhéanamh nó de mhaolú ar Airteagal 15(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, ní cheadófar dó aon chainníocht atá níos mó ná 20 % ainseabhaithe nó sairdíní nó 20 % ainseabhaithe agus sairdíní araon a choinneáil ar bord nó a thabhairt i dtír i gcás ina bhfuil an soitheach ar thuras iascaireachta i bhFolimistéar Geografach 17 nó i bhFolimistéar Geografach 18 nó sa dá Fholimistéar Geografacha sin ⌦ in FLGanna 17 agus/nó 18 ⌫ .
76.Déanfaidh na Ballstáit aon ábhar a cuireadh le liosta na soithí iascaireachta údaraithe dá dtagraítear i mír 1, nó a scriosadh uaidh nó aon athrú ar an liosta sin, a chur in iúl don Choimisiún a luaithe a tharlóidh siad. Beidh na hathruithe sin gan dochar don acmhainn iascaireachta tagartha dá dtagraítear i mír 1. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin ar aghaidh chuig Rúnaí Feidhmiúcháin ⌦ Rúnaíocht ⌫ CIGM ⇨ faoin 31 Eanáir gach bliain ⇦ .
🡻 2102/2015 Airt. 1.4 (oiriúnaithe)
Airteagal 7723b
Rialú, faireachán agus faireachas ar iascaigh stoc peiligeach beag sa Mhuir Aidriad
1.
Faoin 1 Deireadh Fómhair gach bliain, cuirfidh na Ballstáit in iúl don Choimisiún a bpleananna agus a gcláir chun comhlíonadh Airteagal 7616l a áirithiú trí fhaireachán agus trí thuairisciú leordhóthanach, go háirithe maidir leis na gabhálacha míosúla agus leis an iarracht iascaireachta a rinneadh.
2.
Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 faoi bhráid Rúnaí Feidhmiúcháin ⌦ Rúnaíocht ⌫ CIGM faoin 30 Deireadh Fómhair de gach bliain ar a dhéanaí.
⇩ nua
CAIBIDIL VI
Deargán
Airteagal 78
[Airteagal nua. Moladh CIGM/43/2019/2 forálacha 2 agus 4]
Raon Feidhme
Tá feidhm ag an Roinn seo maidir leis na gníomhaíochtaí iascaireachta uile lena ndírítear ar dheargán (Pagellus bogaraveo) le spiléir agus le línte láimhe i Muir Alboran in FLGanna 1, 2 agus 3 dá bhforáiltear in Iarscríbhinn I.
🡻 982/2019 Airt. 1.8
Airteagal 16n
Acmhainneacht an chabhlaigh iascaireachta nó iarracht iascaireachta i ndáil le deargán i Muir Alboran
In 2020 ar a dhéanaí, déanfaidh na Ballstáit leibhéil acmhainneachta an chabhlaigh iascaireachta nó iarracht iascaireachta a choinneáil ar na leibhéil atá údaraithe agus curtha i bhfeidhm le blianta beaga anuas i ndáil le saothrú an deargáin i Muir Alboran (folimistéir gheografacha CIGM 1,2 agus 3, mar a shainmhínítear in Iarscríbhinn I).
🡻 982/2019 Airt. 1.3
Airteagal 9e
Srianta spásúla/ama i Muir Alboran
1.
Agus an chomhairle eolaíoch atá ar fáil á cur san áireamh, féadfaidh Ballstáit srianta spásúla/ama a bhunú i Muir Alboran (folimistéir gheografacha CIGM 1, 2 agus 3, mar a shainítear in Iarscríbhinn I), lena gcuirfear toirmeasc nó srian ar ghníomhaíochtaí iascaireachta chun limistéir chomhbhailiúcháin de dheargáin óga nó de dheargáin sceite a chosaint.
2.
Tabharfaidh na Ballstáit fógra do Rúnaíocht CIGM agus don Choimisiún faoi na limistéir agus na srianta a bheidh curtha i bhfeidhm acu tráth nach déanaí ná na 11 Eanáir 2020.
⇩ nua
Airteagal 79
[Airteagal nua. Moladh CIGM/43/2019/2 forálacha 9 agus 10]
Uasleibhéal gabhálacha
Coinneoidh na Ballstáit ar bun uasleibhéal na ngabhálacha deargán a dhéantar le spiléir agus le doruithe, arna sloinneadh i dtonaí beomheáchain, i gcomhréir leis an tábla a leagtar amach in Iarscríbhinn XIII.
⇩ nua
Airteagal 80
Bearta teicniúla agus caomhnaithe
[Airteagal nua. Moladh CIGM/43/2019/2 forálacha 11, 12, 13]
Féadfaidh na Ballstáit a bhfuil baint acu le hiascaireacht deargán gléasanna malartacha nó bearta maolaithe a thástáil nó a ghlacadh i ndáil le gléasanna nó ábhair d’fhonn tionchar diúltach ar ghrinneall na farraige a chosc.
🡻 982/2019 Airt. 1.10 (oiriúnaithe)
⇨ nua
Airteagal 8122i
Údaruithe iascaireachta agus gníomhaíochtaí iascaireachta ⌦ Bearta bainistithe cabhlach ⌫
1.
Bunóidh na Ballstáit clár de na soithí iascaireachta atá údaraithe ⇨ le spiléir agus le línte láimhe a oibriú agus le ⇦ arna ngabháil i Muir Alboran cainníochtaí deargán a iompar ar bord nó a thabhairt i dtír ar ⇨ nach ⇦ mó ná 20 % den ghabháil de réir beomheáchain iad tar éis iad a shórtáil de réir taoide. Déanfar an clár sin a chothabháil agus a nuashonrú.
2.
Ní cheadófar do shoithí iascaireachta atá ag díriú ar dheargáin ⇨ deargán a ghabháil nó a choinneáil ar bord ach amháin má shealbhaíonn siad ⇦ gníomhaíochtaí iascaireachta a dhéanamh ach amháin i gcás ina bhfuil na gníomhaíochtaí iascaireachta sin luaite in údarú iascaireachta bailí a eiseoidh na húdaráis inniúla agus ina luafar na coinníollacha teicniúla faoina bhféadfar na gníomhaíochtaí sin a dhéanamh. Cuimseofar leis an údarú na sonraí a leagtar amach in Iarscríbhinn VIII.
3.
Déanfaidh na Ballstáit an méid seo a leanas:
(a)a chur in iúl don Choimisiún, faoin 31 Eanáir gach bliain, liosta de na soithí oibríochtúla dár tugadh údarú don bhliain reatha nó don bhliain/do na blianta dár gcionn; cuirfidh an Coimisiún an liosta sin in iúl do Rúnaíocht CIGM faoi dheireadh mhí Feabhra gach bliain. Cuimseofar leis an liosta na sonraí a leagtar amach in Iarscríbhinn VIII;
(b)a chur in iúl don Choimisiún agus do Rúnaíocht CIGM, faoi dheireadh mhí na Samhna gach bliain, ón 30 Samhain 2018 ar aghaidh agus ar a laghad ón 30 Samhain 2020, tuarascáil ar na gníomhaíochtaí iascaireachta arna ndéanamh ag na soithí dá dtagraítear in mír 1, i bhformáid chomhiomlánaithe, lena n‑áirítear an fhaisnéis íosta seo a leanas:
(i)líon na laethanta iascaireachta,
(ii)limistéar an tsaothraithe, agus
(iii)na gabhálacha deargán ⇨ in aghaidh gach gléis ⇦ .
4. Déanfar VMS nó aon chóras geologánaithe a cheadaíonn do ⌦ lena gcuirtear ar a gcumas ⌫ do na húdaráis rialaithe rianú a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí ⇨ i gcónaí le linn turas iascaireachta ⇦ soithigh a fheistiú ar gach soitheach ar mó ná 12m a fhad foriomlán ⇨ LOA ⇦ agus atá údaraithe chun díriú ar dheargáin.
Airteagal 22h
Gabhálacha agus foghabhálacha laethúla deargán a thuairisciú
Gan dochar d'Airteagal 14 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009, bunóidh na Ballstáit sásra chun a áirithiú go ndéanfar na gabhálacha agus na foghabhálacha deargán tráchtála uile i Muir Alboran (folimistéir gheografacha CIGM 1, 2 agus 3 mar a shainmhínítear iad in Iarscríbhinn I) a thuairisciú gan beann ar bheomheáchan na gabhála. Maidir le hiascaigh áineasa déanfaidh na Ballstáit iarracht taifead a dhéanamh ar ghabhálacha an speicis sin nó meastóireachtaí a dhéanamh ina leith.
⇩ nua
Airteagal 82
Bearta rialaithe agus forfheidhmiúcháin
1. Ainmneoidh na Ballstáit calafoirt ina n‑údaraítear tabhairt i dtír deargán agus cuirfidh siad aon nuashonrú ar an liosta sin in iúl don Choimisiún láithreach. Tarchuirfidh an Coimisiún an liosta sin chuig Rúnaíocht CIGM. Ní dhéanfar tabhairt i dtír deargán ach i gcalafoirt a ainmnítear.
2. Roimh theacht isteach dóibh in aon chalafort, seachas i gcás soithí ar mhionscála, agus ar a laghad ceithre uair an chloig roimh an am a mheastar a bhainfear an calafort amach, tabharfaidh na hiascairí nó a n‑ionadaí fógra do na húdaráis ábhartha maidir leis an bhfaisnéis seo a leanas:
(a)an t‑am a mheastar a bhainfear an calafort amach;
(b)uimhir aitheantais sheachtrach agus ainm an tsoithigh iascaireachta; agus
(c)an beomheáchan measta atá á choinneáil ar bord.
3. Féadfaidh na hiascairí nó a n‑ionadaithe an fhaisnéis a shonraítear i mír 1 a chur isteach suas le huair an chloig amháin roimh an am a mheastar a bhainfear an calafort amach, i gcás ina bhfuil an mheá níos lú ná ceithre uair an chloig ón gcalafort teachta.
4. Gan dochar d’Airteagal 14 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009, tuairisceoidh iascairí agus máistrí soithí iascaireachta údaraithe atá i mbun iascaireacht ghníomhach laistigh de raon feidhme na roinne seo na gabhálacha uile, is cuma cad é beomheáchan na gabhála agus taifeadfaidh siad gabhálacha na speiceas sin nó déanfaidh siad meastóireachtaí ina leith.
5. Bunóidh gach Ballstát clár rialaithe bunaithe ar anailís riosca, chun an tabhairt i dtír a fhíorú agus na logleabhair a bhailíochtú.
6. Toirmeascfar oibríochtaí trasloingsithe ar muir.
🡻 982/2019 Airt. 1.10 (oiriúnaithe)
⇨ nua
Airteagal 8322j
Faireachán eolaíoch
Déanfaidh na Ballstáit, a bhfuil a gcabhlaigh iascaireachta ag díriú ar dheargáin, a áirithiú go bhfuil sásra i bhfeidhm go cuí chun faireachán leormhaith a dhéanamh ar iascaigh agus gabhálacha d’fhonn a chur ar a chumas LCS ⌦ CCE ⌫ faisnéis thuairisciúil agus comhairle a chur ar fáil maidir leis na nithe seo a leanas ar a laghad:
(1)(a)tréithe an trealaimh iascaireachta, inter alia ⇨ saintréithe ⇦ , fad uasta an spiléir agus na líonta seasmhacha agus líon, cineál agus méid na nduán ⇨ a úsáidtear i línte láimhe agus spiléir ⇦ ;
(2)(b)an iarracht iascaireachta a cuireadh i gcríoch (e.g. líon na laethanta iascaireachta in aghaidh na seachtaine) agus leibhéil ghabhála iomlána na gcabhlach iascaireachta tráchtála; ba cheart meastachán ar ghabhálacha na n‑iascach áineasa a chur ar fáil freisin;
(3)(c)na pointí tagartha caomhnaithe agus bainistithe d’fhonn ⇨ inbhuanaitheacht iascach a áirithiú ⇦ pleananna bainistíochta ilbhliantúla a bhunú d’iascaigh inbhuanaithe i gcomhréir le cuspóir na huastáirgeachta inbhuanaithe a bhaint amach agus riosca íseal a bheith ann go gclisfidh ar na stoic éisc;
(4)(d)éifeachtaí socheacnamaíocha na gcásanna bainistithe malartacha, lena n‑áirítear rialú ionchuir/aschuir agus/nó bearta teicniúla, arna sainaithint ag CIGM agus/nó ag na páirtithe conarthacha;
(5)(e)tréimhsí coiscthe spásúla⌦ nó ⌫ /ama féideartha chun inbhuanaitheacht iascaigh a chaomhnú ⇨ a bhfuil sé d’aidhm acu inbhuanaitheacht na stoc agus na n‑iascach atá á saothrú a áirithiú ⇦ ;
(6)(f)an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag iascaigh áineasa ar stádas ⇨ caomhnaithe ⇦ na stoc deargán.
🡻 1343/2011 (oiriúnaithe)
CAIBIDIL IIVII
Séasúr coiscthe a bhunú maidir le iascaigh ⌦ An ⌫ dDorád a dhéantar le húsáid feistí um éisc a chomhbhailiú
⇩ nua
Airteagal 84
[Airteagal nua. Moladh CIGM/43/2019/1 foráil 5]
Raon Feidhme
Tá feidhm ag an gCaibidil seo maidir leis na gníomhaíochtaí iascaireachta uile lena ndírítear ar an dorád coiteann (Coryphaena hippurus) a úsáideann feistí comhthiomsaithe éisc (FADanna) in uiscí idirnáisiúnta na Meánmhara.
🡻1343/2011 (oiriúnaithe)
⇨ nua
Airteagal 8512
Séasúr coiscthe
1.
Beidh toirmeasc ar iascaigh dorád coiteann (Coryphaena hippurus) ina n‑úsáidtear feistí um chomhbhailiú éisc (FADanna) ón 1 Eanáir go dtí an 14 Lúnasa gach bliain.
2.
De mhaolú ar mhír 1, más féidir le Ballstát a léiriú nach raibh na soithí a bhfuil a bhratach ar foluain acu in ann leas a bhaint as a ngnáthlaethanta iascaireachta, de bharr drochaimsire, féadfaidh an Ballstát sin na laethanta a chaill a chuid soithí in iascaigh FAD a thabhairt ar aghaidh go dtí an 31 Eanáir den bhliain dár gcionn. Sa chás sin, roimh dheireadh na bliana, déanfaidh Ballstáit iarratas a thíolacadh don Choimisiún i leith líon na laethanta atá le tabhairt ar aghaidh.
3.
Beidh feidhm ag mír 1 agus ag mír 2 freisin sa chrios bainistíochta dá dtagraítear in Airteagal 26(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006.
4.
Beidh an fhaisnéis seo a leanas san iarratas dá dtagraítear i mír 2:
(a)tuarascáil ina bhfuil na mionsonraí maidir le scor de na gníomhaíochtaí iascaireachta atá i dtrácht, lena n‑áirítear faisnéis mheitéareolaíoch iomchuí mar thacaíocht;
(b)ainm an tsoithigh agus uimhir ⇨ CFR ⇦ Chlár Cabhlaigh AE an tsoithigh.
5.
Déanfaidh an Coimisiún cinneadh maidir leis na hiarratais den chineál dá dtagraítear i mír 2 laistigh de shé seachtaine ón dáta a bhfaightear an t‑iarratas agus cuirfidh sé an Ballstát ar an eolas i scríbhinn faoin gcinneadh sin.
6.
Cuirfidh an Coimisiún Rúnaí Feidhmiúcháin ⌦ Rúnaíocht ⌫ CIGM ar an eolas faoi chinntí a dhéantar de bhun mhír 5. Roimh an 1 Samhain gach bliain, seolfaidh Ballstáit tuarascáil chuig an gCoimisiún maidir le laethanta arna dtabhairt ar aghaidh ar laethanta iad a cailleadh an bhliain roimhe sin, de réir mar a thagraítear dó sin i mír 2.
7.
Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh i ndáil le rialacha mionsonraithe maidir le formáid agus tarchur na n‑iarratas dá dtagraítear i mír 4 agus na tuarascála ar an tabhairt ar aghaidh den sórt sin dá dtagraítear i mír 6. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 14325(2).
⇩ nua
Airteagal 86
[Airteagal nua. Moladh CIGM/43/2019/1 foráil 12]
Bearta bainistíochta idirthréimhseacha
Cuirfidh na Ballstáit a bhfuil sé á chur san áireamh acu tosú ag díriú ar an dorád coiteann, agus FADanna á n‑úsáid acu, a mbearta náisiúnta faoi bhráid an Choimisiún nuair a ghlacfar iad agus tarchuirfidh an Coimisiún na bearta sin chuig Rúnaíocht CIGM gan mhoill.
Airteagal 87
[Airteagal nua. Moladh CIGM/43/2019/1 forálacha 16 agus 21]
Faireachán eolaíoch, oiriúnú agus athbhreithniú ar bhearta bainistithe
1. Déanfaidh na Ballstáit faireachán ar thionchair bhitheolaíocha agus chomhshaoil FADanna a úsáideann soithí a bhfuil a mbratach ar foluain acu agus a shaothraíonn an dorád coiteann.
2. Chun gurb éasca a bheidh sé ag CCE comhairle a thabhairt maidir le bearta a athbhreithniú dá bhforáiltear sa Chaibidil seo, baileoidh na Ballstáit na sonraí ábhartha atá ann cheana, lena n‑áirítear sonraí suirbhé taighde chun cur le tiomsú sonraí CCE.
Airteagal 88
Bearta bainistithe náisiúnta
[Airteagal nua. Moladh CIGM/43/2019/1 forálacha 37, 38 agus 40]
Maidir leis na Ballstáit atá ag díriú ar an dorád coiteann trí úsáid a bhaint as FADanna agus nach bhfuil bearta bainistithe náisiúnta acu, glacfaidh siad bearta bainistithe náisiúnta lena n‑áirítear ar a laghad tacar beart a áiríonn na heilimintí a liostaítear in Iarscríbhinn IX.
🡻1343/2011 (oiriúnaithe)
⇨ nua
Airteagal 1389
Údaruithe iascaireachta
1. I gcomhréir le hAirteagal 7 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009, deonófar údarú iascaireachta do shoithí iascaireachta atá údaraithe páirt a ghlacadh san iascach dorád coiteann agus áireofar na soithí sin ar liosta ina bhfuil ainm an tsoithigh agus uimhir ⇨ CFR ⇦ Chlár Cabhlaigh AE an tsoithigh, ar mionsonraí iad sin a sholáthróidh an Ballstát lena mbaineann don Choimisiún ⇨ faoin 30 Meitheamh gach bliain ⇦ . ⇨ Cuirfidh an Coimisiún an liosta sin faoi bhráid Rúnaíocht CIGM faoin 31 Iúil gach bliain. ⇦
2. Ceanglófar ar shoithí ar lú a bhfad foriomlán ná 10 méadar údarú iascaireachta a bheith acu. Beidh feidhm ag an gceanglas seo freisin maidir leis an gcrios bainistíochta dá dtagraítear in Airteagal 26(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006.
Airteagal 9014
Sonraí a bhailiú ⌦ Gníomhaíochtaí iascaireachta FAD a thuairisciú ⌫
1.
Gan dochar do Rialachán (CE) Uimh. 199/2008 ón gComhairle an 25 Feabhra 2008 maidir le bunú creata Comhphobail chun sonraí san earnáil iascaigh a bhailiú, a bhainistiú agus a úsáid agus le haghaidh tacaíochta do chomhairle eolaíoch maidir leis an gComhbheartas Iascaigh
, déanfaidh Ballstáit córas iomchuí bailithe agus próiseála a chur ar bun maidir le sonraí gabhálacha iascaigh agus sonraí iarrachta iascaireachta.
⇩ nua
1.
Gan dochar do Rialachán (AE) Uimh 2017/1004 ón gComhairle, bunóidh na Ballstáit córas iomchuí bailithe agus próiseála sonraí maidir le gabhálacha agus iarracht iascaireachta sna hiascaigh.
🡻1343/2011 (oiriúnaithe)
2. Faoin 15 Eanáir gach bliain, tabharfaidh Ballstáit tuarascáil don Choimisiún maidir leis an líon soithí a bhfuil baint acu leis an iascach, mar aon leis an gcur i dtír iomlán agus trasloingsithe iomlána dorád coiteann arna gcur i gcrích an bhliain roimhe sin ag na soithí iascaireachta a bhfuil bratach an Bhallstáit ábhartha ar foluain acu, i ngach Fo-limistéar Geografach ⌦ GSA ⌫ de limistéar Chomhaontú CIGM, de réir mar a leagtar amach in Iarscríbhinn I.
3. Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh i ndáil le rialacha mionsonraithe maidir le formáid agus tarchur tuarascálacha den sórt sin. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 14325(2).
34.
Déanfaidh an Coimisiún an fhaisnéis a fhaightear ó na Ballstáit a chur ar aghaidh ⌦ a tharchur chuig ⌫ Rúnaí Feidhmiúcháin ⌦ Rúnaíocht ⌫ CIGM.
⇩ nua
5. Déanfaidh iascairí nó máistrí soithí iascaireachta údaraithe a shaothraíonn dorád coitianta laistigh de raon feidhme na roinne seo a ngníomhaíochtaí iascaireachta a thaifeadadh le FADanna.
Airteagal 91
[Airteagal nua. Moladh CIGM/43/2019/1 forálacha 25 go 32 agus 36]
Comhdhéanamh, suíomh, cothabháil agus athsholáthar FAD
1. I gcásanna ina mbeidh struchtúr dromchlach an FAD clúdaithe le hábhar, áiritheoidh na Ballstáit go mbainfear an t‑ábhar nó nach mbeidh an struchtúr clúdaithe ach le hábhar lena mbaineann riosca íosta speicis, nach spriocspeicis iad, a fhostú, go háirithe speicis leochaileacha, nó nach ndéanann difear do shoithí eile.
2. Beidh comhpháirteanna fodhromchlach FAD déanta as ábhair nach gcuirtear speicis nach spriocspeicis iad i bhfostú leo, agus as na hábhair sin amháin.
3. Agus FADanna á ndearadh, tabharfar tosaíocht d’ábhair in-bhithdhíghrádaithe.
4. Beidh FADanna suite go hiontaofa ina n‑ionad úsáide. Áireofar i ndearadh na FADanna líon iomchuí frithmheáchan feadh na téide chun a áirithiú go rachaidh an téad go tóin poill i gcás ina mbeidh cuid an rafta scoite agus ina rachaidh sí le sruth.
5. Áiritheoidh iascairí nó maistrí soithí iascaireachta a shaothraíonn an dordán coiteann go ndéanfar na FADanna a choinneáil ar bun go rialta, a ionadú mar is gá agus a bhaint nuair nach bhfuil siad in úsáid. Beidh na FADanna a chuirfear ina n‑ionad den chineál céanna, den dearadh céanna, den tógáil céanna, de na hábhair chéanna agus den sainaithint chéanna leis an FAD atá á ionadú. Beidh FADanna athsholáthair ar ancaire sa suíomh céanna leis an FAD atá á ionadú.
6. I gcás ina gcaillfear FAD nó ina nach mbeidh sé indéanta FAD a ghabháil, taifeadfaidh iascairí nó máistrí soithí iascaireachta an suíomh deireanach arb eol agus a dháta. Maidir le FAD a cailleadh, baileoidh agus tuairisceoidh soithí iascaireachta a shaothraíonn an dordán coiteann suíomh cláraithe deireanach, uimhir aitheantais agus aon fhaisnéis lenar féidir úinéir an FAD sin a shainaithint.
7. Glacfaidh na Ballstáit na bearta uile is gá chun a áirithiú go n‑aisghabhfar FADanna atá imithe i léig agus nach n‑úsáidtear.
8. Toirmiscfear ar shoitheach a bhfuil bratach Ballstáit ar foluain aige iasc a ghabháil a mhealltar le FAD narbh é an soitheach sin féin a shocraigh é.
Airteagal 92
[Airteagal nua. Moladh CIGM/43/2019/1 forálacha 33 agus 34]
Sainaithint agus marcáil FAD
1. Gan dochar d’Airteagal 8 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009, áiritheoidh iascairí nó máistrí soithí iascaireachta a shaothraíonn dordán coiteann marcálfar gach FAD ar bhealach inar féidir é a shainaithint go héasca.
2. Marcálfar gach FAD go seachtrach le huimhir chlárúcháin an tsoithigh iascaireachta nó na soithí iascaireachta a úsáideann é. Beidh an mharcáil sin infheicthe gan an rabhchán a bhaint anuas sáile-dhíonach agus inléite ar feadh shaolré iomlán an rabhcháin. Ní mór an fad léargais a bheith chomh gearr agus is féidir.
🡻1343/2011
CAIBIDIL VIII
An turbard
⇩ nua
Airteagal 93
Raon Feidhme
Tá feidhm ag an gCaibidil seo maidir leis na gníomhaíochtaí iascaireachta uile a dhíríonn ar thurbard (Psetta maxima) in GSA 29 dá bhforáiltear in Iarscríbhinn I.
🡻 982/2019 Airt. 1.10 (oiriúnaithe)
Airteagal 9422p
Bearta chun iascaireacht NNN in iascaigh turbard sa Mhuir Dhubh a chosc, a dhíspreagadh agus a dhíothú
1.
Faoin 20 Eanáir gach bliain, cuirfidh gach Ballstát ar aghaidh chuig an gCoimisiún, tríd an ngnáthmheán próiseála sonraí, liosta na soithí a úsáideann eangacha geolbhaigh grinneallsocraithe atá údaraithe chun iascach a dhéanamh ar thurbaird sa Mhuir Dhubh (folimistéar geografach CIGM ⌦ GSA ⌫ 29 mar a shainmhínítear ⌦ dá bhforáiltear ⌫ in Iarscríbhinn I). Faoin 31 Eanáir gach bliain, cuirfidh an Coimisiún an liosta sin chuig Rúnaíocht CIGM.
2.
Áireofar sa liosta a luaitear i mír 1, maille leis na sonraí a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/218, na sonraí seo a leanas:
(a)uimhir chlárúcháin CIGM;
(b)an t‑ainm a bhí air roimhe (más ann dó);
(c)an bhratach a bhí aige roimhe (más ann di);
(d)mionsonraí maidir le scriosadh ó chláir eile (más ann dóibh);
(e)príomhspeicis a bhfuiltear ag díriú orthu;
(f)an príomhthrealamh a úsáidtear do thurbaird, do chuid chabhlaigh agus d’aonad oibríochtúil mar a mhínítear i maitrís staidrimh Thasc 1 a leagtar amach i Rroinn C d’Iarscríbhinn III;
(g)an tréimhse ama údaraithe maidir le hiascaireacht a dhéanamh le heangach geolbhaigh nó le haon trealamh eile lena bhféadfaí iascaireacht a dhéanamh ar thurbaird (más ann d’údarú den chineál sin).
3.
Arna iarraidh sin ag CIGM, déanfaidh na Ballstáit faisnéis a thuairisciú faoi na soithí iascaireachta atá údaraithe chun gníomhaíochtaí iascaireachta a dhéanamh thar thréimhse ar leith. Tuairisceoidh na Ballstáit, go háirithe, ainmneacha na soithí iascaireachta lena mbaineann, a n‑uimhir aitheantais sheachtrach agus na deiseanna iascaireachta a rinneadh a leithdháileadh ar gach ceann acu.
4.
Baileoidh údaráis inniúla an Bhallstáit chósta eangacha geolbhaigh tréigthe nach bhfuil marcáilte a úsáideadh in iascaigh turbard agus a aimsíodh ar muir. Ina dhiaidh sin, déanfar na heangacha sin a ghabháil go dtí go ndéanfar an t‑úinéir a shainaithint go cuí nó déanfar na heangacha sin a scriosadh mura féidir an t‑úinéir a shainaithint.
5.
Ainmneoidh gach Ballstát lena mbaineann láithreacha tabhairt i dtír, ina ndéanfar turbaird a ghabhfar sa Mhuir Dhubh a thabhairt i dtír nó a thrasloingsiú, i gcomhréir le hAirteagal 43(5) de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009. Cuirfear liosta de na láithreacha sin chuig Rúnaíocht CIGM agus chuig an gCoimisiún tráth nach déanaí ná an 30 Samhain gach bliain.
6.
Beidh toirmeasc ar aon chainníocht turbard a ghabhfar sa Mhuir Dhubh a thabhairt i dtír nó a thrasloingsiú in aon áit eile cé is moite de na láithreacha tabhairt i dtír dá dtagraítear i mír 5.
Airteagal 9522q
Pleananna faireacháin, rialaithe agus faireachais náisiúnta d’iascaigh turbard sa Mhuir Dhubh
1.
Bunóidh na Ballstáit pleananna faireacháin, rialaithe agus faireachais náisiúnta (‘pleananna náisiúnta’) chun forálacha Airteagal 9422p a chur chun feidhme trína áirithiú, inter alia, go ndéanfar faireachán agus taifeadadh beacht cuí ar na gabhálacha míosúla agus/nó ar an iarracht iascaireachta a rinneadh.
2.
Beidh na gnéithe seo a leanas sna pleananna náisiúnta:
(a)sainmhíniú soiléir ar na modhanna rialaithe, ina bhfuil cur síos ar na modhanna daonna, teicniúla agus airgeadais atá ar fáil go sonrach chun na pleananna náisiúnta a chur chun feidhme;
(b)sainmhíniú soiléir ar an straitéis chigireachta (lena n‑áirítear prótacail chigireachta), lena ndíreofar ar shoithí iascaireachta ar dócha go ngabhfaidh siad turbaird agus speicis ghaolmhara;
(c)pleananna gníomhaíochta maidir le margaí agus iompar a rialú;
(d)sainmhíniú ar dhualgais agus nósanna imeachta cigireachta, lena n‑áirítear an straitéis samplála a chuirfear i bhfeidhm chun gabhálacha a mheá tráth a dhéanfar an chéad díol agus an straitéis samplála do shoithí nach bhfuil faoi réir rialacha dearbhaithe logleabhair/tabhairt i dtír;
(e)treoirlínte mínitheacha do chigirí, eagraíochtaí tairgeoirí agus iascairí i dtaca leis na sraitheanna rialacha atá i bhfeidhm maidir le hiascaigh ar dócha go ngabhfar turbaird iontu, lena n‑áirítear:
(i)
rialacha maidir le doiciméid a chomhlánú, lena n‑áirítear tuarascálacha cigireachta, logleabhair iascaireachta, dearbhuithe ar thrasloingsiú, dearbhuithe ar na gabhálacha a thabhairt i dtír agus a ghlacadh, doiciméid maidir le hiompar agus nótaí maidir le díolacháin;
(ii)
bearta teicniúla atá i bhfeidhm, lena n‑áirítear mogallmhéid agus nó toisí mogaill, íosmhéid gabhála, srianta sealadacha;
(iii)
straitéisí samplála;,
(iv)
sásraí cros-seiceála;.
(f)oiliúint cigirí náisiúnta d’fhonn na cúraimí dá dtagraítear in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo a chur i gcrích.
3.
Faoin 20 Eanáir gach bliain, cuirfidh na Ballstáit in iúl don Choimisiún nó do chomhlacht arna ainmniú aige na pleananna náisiúnta. Cuirfidh an Coimisiún nó comhlacht arna ainmniú aige na pleananna sin ar aghaidh chuig Rúnaíocht CIGM faoin 31 Eanáir gach bliain.
Airteagal 9622r
Faireachán eolaíoch ar iascaigh turbard sa Mhuir Dhubh
Cuirfidh na Ballstáit aon fhaisnéis bhreise a thacódh leis an bhfaireachán eolaíoch ar iascaigh turbard sa Mhuir Dhubh chuig an gCoiste Comhairleach Eolaíoch maidir le hIascaigh (CCE) agus chuig an gCoimisiún, tráth nach déanaí ná an 30 Samhain gach bliain.
🡻 982/2019 Airt. 1.5 (oiriúnaithe)
CAIBIDIL IIA
Cosc ama sa Mhuir Dhubh
Airteagal 9714 a
Tréimhse choiscthe le linn shéasúr sceite an turbaird sa Mhuir Dhubh
1.
Le linn na tréimhse ó Aibreán go Meitheamh gach bliain, bunóidh gach Ballstát lena mbaineann tréimhse choiscthe de dhá mhí ar a laghad sa Mhuir Dhubh.
⇩ nua
1.
Gach bliain, bunaithe ar chomhairle eolaíoch a chuirfidh CCE ar fáil, leagfaidh gach Ballstát tréimhse choiscthe dhá mhí ar a laghad le linn shéasúr sceite an turbaird.
🡻 982/2019 Airt. 1.5 (oiriúnaithe)
2.
Féadfaidh na Ballstáit srianta spásúla ⌦ nó ⌫ /ama breise a ainmniú lena bhféadfar toirmeasc nó srianta a chur ar ghníomhaireachtaí iascaireachta chun limistéir chomhbhailiúcháin de thurbaird óga a chosaint.
🡻 982/2019 Airt. 1.7 (oiriúnaithe)
CAIBIDIL IVAIX
Íosmhéid tagartha caomhnaithe Fd’fhíogaigh ghobacha na Mara Duibhe
⇩ nua
Airteagal 98
Raon Feidhme
Tá feidhm ag an gCaibidil seo maidir leis na gníomhaíochtaí iascaireachta uile a dhíríonn ar fhíogach gobach (Squalus acanthias) in GSA 29 dá bhforáiltear in Iarscríbhinn I.
🡻 982/2019 Airt. 1.7 (oiriúnaithe)
Airteagal 9916da
Íosmhéid tagartha caomhnaithe ⌦ don fhíogach gobach ⌫ d’fhíogaigh ghobacha na Mara Duibhe
Eiseamail fíogach gobach sa Mhuir Dhubh atá níos lú ná 90 cm, ní dhéanfar iad a choimeád ar bord, a thrasloingsiú, a thabhairt i dtír, a stóráil, a dhíol ná a chur ar taispeáint nó a thairiscint lena ndíol. Nuair a ghabhtar na heiseamail fíogach gobach sin de thaisme, cuirfear ar ais iad go pras gan ghortú agus iad fós beo, a mhéid is féidir. Cláróidh máistrí soithí iascaireachta taifead sa logleabhar ar ghabhálacha de thaisme, scaoileadh agus/nó aschur fíogach gobach. Tabharfaidh na Ballstáit fógra faoin bhfaisnéis sin do CIGM agus don Choimisiún ina dtuairisciú bliantúil do CCE agus trí chreat um bailiú sonraí CIGM.
⇩ nua
TEIDEAL III
FORÁLACHA COITEANNA
CAIBIDIL I
bearta teicniúla agus caomhnaithe
Roinn I
Tionchar gníomhaíochtaí iascaireachta ar speicis mhara áirithe a laghdú
Foroinn 1
Siorcanna, sciataí agus roic
Airteagal 100
[Airteagal nua. Moladh CIGM/43/2018/2 foráil 3]
Raon Feidhme
Tá feidhm ag an bhfomhír seo maidir le gach gníomhaíocht iascaireachta lena ndírítear ar speiceas ealásmabrainciach, chomh maith le speicis siorca agus roic a áirítear in Iarscríbhinn II agus in Iarscríbhinn III de Phrótacal SPA/BD a ghabhann le Coinbhinsiún Barcelona , sna FLGanna uile dá dtagraítear in Iarscríbhinn I.
🡻 2102/2015 Airt. 1.2 (oiriúnaithe)
Airteagal 10116j
Siorcanna agus roic⌦ Speiceas ealásmabrainciach ⌫ atá faoi chosaint
⇩ nua
1. Áiritheoidh na Ballstáit ardchosaint ar ghníomhaíochtaí iascaireachta do na speicis ealásmabrainciacha a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Prótacal SPA/BD a ghabhann le Coinbhinsiún Barcelona.
🡻 2102/2015 Airt. 1.2 (oiriúnaithe)
⇨ nua
12. Ní dhéanfar speicis de shiorcanna ná de roic ⌦ ealásmabrainciacha ⌫ atá ar áireamh in Iarscríbhinn II ⌦ a ghabhann le Prótacal SPA/BD a ghabhann le Coinbhinsiún Barcelona ⌫ den Phrótacal maidir le limistéir atá faoi chosaint speisialta agus maidir le héagsúlacht bhitheolaíoch sa Mheánmhuir
(“Prótacal a ghabhann le Coinbhinsiún Barcelona”) a choinneáil ar bord, a athlastáil, a thabhairt i dtír, a aistriú, a stóráil, a dhíol ná a thaispeáint ná a chur ar díol.
32.
A mhéid is féidir, sSoithí iascaireachta atá tar éis siorcanna agus roic atá ar na speicis ⌦ ealásmabrainciacha ⌫ atá ar áireamh in Iarscríbhinn II den Phrótacal ⌦ SPA/BD ⌫ a ghabhann le Coinbhinsiún Barcelona, déanfaidh siad iad a scaoileadh saor gan mhoill, gan ghortú agus iad fós beo.
Airteagal 10216k
Siorcanna a shainaithint
1. ⇨ Gan dochar d’Airteagal 101, ⇦ Bbeidh toirmeasc ar shiorcanna a dhícheannadh agus a fheannadh ar bord agus sula dtugtar i dtír iad. Ní fhéadfaidh ⌦ chuirfear ⌫ siorcanna dícheannaithe agus feannta a chur ar an margadh ag na chéad mhargaí díolacháin tar éis a dtabhartha i dtír.
⇩ nua
2. Gan dochar d’Airteagal 101, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar siorcanna a choinneáil ar bord, a thrasloingsiú, a thabhairt i dtír agus a chur ar an margadh, tráth a dhéanfar an chéad díol, ar bhealach a mbeidh na speicis so-aitheanta agus inaitheanta, agus gur féidir faireachán a dhéanamh ar an ngabháil, ar an ngabháil de thaisme, agus nuair is iomchuí, ar scaoileadh saor na speiceas sin agus sin uile a thaifeadadh.
Airteagal 103
[Airteagal nua. CIGM/42/2018/2 foráil 5]
Oibleagáidí tuairiscithe
Cuirfidh na Ballstáit in iúl don Choimisiún faoin 30 Aibreán gach bliain módúlachtaí na maoluithe a chuirfear i bhfeidhm ar an toirmeasc ar ghníomhaíochtaí iascaireachta a dhéantar le tráil, i gcomhréir le hAirteagal 13 de Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006. Tarchuirfidh an Coimisiún na módúlachtaí sin chuig Rúnaíocht CIGM faoin 31 Márta gach bliain. Áireofar an méid seo a leanas san fhógra sin:
(1)liosta de na soithí tráil údaraithe agus a saintréithe;
(2)limistéir ábhartha arna sainaithint le comhordanáidí geografacha ar talamh agus ar muir araon, agus le dronuilleoga staidrimh CIGM;
(3)bearta a rinneadh chun faireachán a dhéanamh ar thionchair ar an gcomhshaol muirí agus chun na tionchair sin a mhaolú.
🡻 2102/2015 Airt. 1.2 (oiriúnaithe)
CAIBIDIL V
Tionchar gníomhaíochtaí iascaireachta ar speicis mhara áirithe a laghdú
⌦ Foroinn 2
Gabhálacha de thaisme ⌫
⌦ Gabhálacha de thaisme de speicis áirithe mhuirí ⌫
🡻 2102/2015 Airt. 1.2 (oiriúnaithe)
Airteagal 10416e
Raon Feidhme
Beidh feidhm ag an gCaibidil ⌦ bhforoinn ⌫ seo gan dochar d’aon bhearta níos déine a eascraíonn as Treoir 92/43/CEE nó as Treoir 2009/147/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus do Rialachán (CE) Uimh. 1185/2003 ón gComhairle
.
🡻 2102/2015 Airt. 1.2
Airteagal 10516f
Gabhálacha de thaisme d’éanlaithe mara i bhfearais iascaireachta
1.
Déanfaidh máistrí soithí iascaireachta éanlaithe mara a gabhadh de thaisme i bhfearas iascaireachta a scaoileadh saor go grod.
2.
Ní thabharfar éanlaithe mara i dtír ar shoithí iascaireachta ach amháin laistigh de chreat na bpleananna náisiúnta i dtaca le héanlaithe mara a chaomhnú nó chun cúnamh a fháil le haghaidh gnóthú éanlaithe mara aonair atá gortaithe agus ar choinníoll gur cuireadh na húdaráis inniúla náisiúnta ar an eolas go cuí agus go hoifigiúil, roimh don soitheach iascaireachta lena mbaineann filleadh ar an gcalafort, go bhfuil sé beartaithe na héanlaithe mara sin a thabhairt i dtír.
Airteagal 10616l
Gabhálacha de thaisme de thurtair mhara i bhfearais iascaireachta
1.
A mhéid is féidir, eiseamail de thurtair mhara a gabhadh de thaisme i bhfearais iascaireachta, déanfar iad a láimhseáil go sábháilte agus cuirfear ar ais iad, gan ghortú agus iad fós beo.
2.
Ní thabharfaidh máistrí soithí iascaireachta turtair mhara i dtír, ach amháin mar chuid de chlár tarrthála sonrach nó de chlár caomhnaithe náisiúnta nó mura rud é go gceanglaítear é sin ar chúis eile d’fhonn turtair mhara aonair atá gortaithe nó gan aithne a tharrtháil agus chun cúnamh a fháil chun go ndéanfaidh siad téarnamh agus ar choinníoll gur cuireadh na húdaráis náisiúnta inniúla lena mbaineann ar an eolas go cuí agus go hoifigiúil roimh fhilleadh ar an gcalafort.
3.
A mhéid a bheidh sé indéanta, soithí iascaireachta a úsáideann peaslíonta le haghaidh speiceas peiligeach beag nó eangacha timpeallúcháin gan corda cruinnithe le haghaidh speiceas peiligeach, seachnóidh siad turtair mhara a thimpeallú.
4.
Beidh trealamh láimhseála, fuascailte agus scaoilte saor atá sábháilte ar bord soithí iascaireachta a úsáideann spiléir agus eangacha geolbhaigh grinneallsocraithe chun a áirithiú go ndéanfar turtair mhara a láimhseáil agus a scaoileadh saor ar bhealach a mhéadóidh, a mhéid is féidir, an dóchúlacht go dtiocfaidh siad slán.
Airteagal 10716h
Gabhálacha de thaisme de rónta manaigh (Monachus monachus)
1.
Ní dhéanfaidh máistrí soithí iascaireachta rónta manaigh a thabhairt ar bord, a athlastáil ná a thabhairt i dtír, murar gá sin chun ainmhithe aonair gortaithe a tharrtháil agus chun cúnamh a fháil chun iad a leigheas agus ar choinníoll gur cuireadh na húdaráis náisiúnta inniúla ar an eolas go hoifigiúil roimh don soitheach iascaireachta lena mbaineann filleadh ar an gcalafort.
2.
Rónta manaigh a gabhadh de thaisme i bhfearais iascaireachta, déanfar iad a scaoileadh saor gan ghortú agus iad fós beo. Tabharfar conablaigh ainmhithe marbha i dtír agus déanfaidh na húdaráis inniúla náisiúnta iad a ghabháil, a cheapadh le haghaidh staidéir eolaíocha nó a scriosadh.
Airteagal 10816i
Gabhálacha de thaisme de chéiticigh
1. Déanfaidh soithí iascaireachta a chur ar ais san fharraige gan mhoill, gan ghortú agus iad fós beo, a mhéid is atá indéanta, céiticigh a gabhadh de thaisme i bhfearais iascaireachta agus a tógadh taobh leis an soitheach iascaireachta.
🡻 2102/2015 Airt. 1.4 (oiriúnaithe)
⇨ nua
24. Bunóidh ⇨ Déanfaidh ⇦ na Ballstáit córais faireacháin leordhóthanacha d'fhonn faisnéis iontaofa a bhailiú maidir leis an tionchar ar phobail céiticeach sa Mhuir Dhubh atá ag soithí iascaireachta a bhíonn ag díriú ar fhíogaigh ghobacha le heangacha geolbhaigh grinneallsocraithe agus cuirfidh siad an fhaisnéis sin faoi bhráid an Choimisiúin. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis ⌦ sin ⌫ dá dtagraítear i mír 3, i mír 4 agus i mír 5 ar aghaidh chuig Rúnaí Feidhmiúcháin ⌦ Rúnaíocht ⌫ CIGM gan mhoill.
🡻 2102/2015 Airt. 1.3 (oiriúnaithe)
CAIBIDIL Ia
Oibleagáidí taifeadta
Airteagal 10917b
⌦ Taifeadadh ar ⌫ ghGabhálacha de thaisme speiceas áirithe muirí
1.
Gan dochar d’Airteagal 15(5) de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009, déanfaidh máistrí soithí iascaireachta an fhaisnéis seo a leanas a thaifeadadh sa logleabhar iascaireachta dá dtagraítear in Airteagal 14 den Rialachán sin:
(a)aon chás de ghabháil de thaisme agus scaoileadh saor éanlaithe mara;
(b)aon chás de ghabháil de thaisme agus scaoileadh saor turtar mara;
(c)aon chás de ghabháil de thaisme agus scaoileadh saor rónta manaigh;
(d)aon chás de ghabháil de thaisme agus scaoileadh saor chéiticeach;
(e)aon chás de ghabháil de thaisme agus, más gá, scaoileadh saor siorcanna agus roc de na speicis a liostaítear in Iarscríbhinn II nó in Iarscríbhinn III den Phrótacal ⌦ SPA/BD ⌫ a ghabhann le Coinbhinsiún Barcelona.
2.
Ba cheart go gcuimseofaí freisin leis na tuarascálacha náisiúnta a bheartaítear lena n‑anailísiú ag an gCoiste Comhairleach Eolaíoch (CCE), i dteannta na faisnéise a tuairiscíodh sa logleabhar, na nithe a leanas:
(a)i ndáil le gabhálacha de thaisme de thurtair mhara, faisnéis maidir le:
-(i) cineál an fhearais iascaireachta,
-(ii) amanna na dteagmhas,
-(iii) fad ama san uisce,
-(iv) doimhneacht agus láithreacha,
-(v) spriocspeiceas,
-(vi) speicis turtar mara, agus
-(vii) cé acu ar cuireadh na turtair mhara ar ais san fharraige marbh, nó ar scaoileadh saor iad ina mbeatha;
(b)i ndáil le gabhálacha de thaisme de chéiticigh, faisnéis maidir le:
-(i) saintréithe an chineáil fearais,
-(ii) amanna na dteagmhas,
-(iii) láithreacha (de réir folimistéar geografach ⌦ FLG ⌫ nó dronuilleog staidrimh, mar a shainmhínítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo), agus
-(iv) cé acu is deilf nó speiceas eile céiticeach na céiticigh lena mbaineann.
3.
Faoin 31 Nollaig 2015, lLeagfaidh na Ballstáit síos na rialacha dá dtagraítear i mír 1 maidir le taifeadadh na ngabhálacha de thaisme ag máistrí soithí iascaireachta nach bhfuil faoi réir na hoibleagáide logleabhar iascaireachta a choinneáil de bhun Airteagal 14 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009.
⇩ nua
4. Faoin 15 Nollaig gach bliain, cuirfidh na Ballstáit lena mbaineann faoi bhráid an Choimisiúin, i bhfoirm tuarascála leictreonaí, rátaí na ngabhálacha de thaisme agus scaoileadh saor d'éanlaith mhara, de thurtair mhara, de rónta manaigh, de chéiticigh agus de shiorcanna agus de roic, chomh maith leis an bhfaisnéis dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2. Tarchuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin chuig Rúnaíocht CIGM faoin 31 Nollaig gach bliain.
🡻 1343/2011 (oiriúnaithe)
TEIDEAL II
BEARTA TEICNIÚLA
⌦ Roinn II ⌫CAIBIDIL I
Limistéir Shrianta Iascaigh
Roinn I
An Limistéar Srianta Iascaigh i Murascaill an Leoin
⌦ Foroinn 1
Murascaill an Leoin ⌫
Airteagal 1104
Limistéar srianta iascaigh a bhunú
🡻 1343/2011 (oiriúnaithe)
⇨ nua
Bunaítear limistéar srianta áirithe iascaigh i Murascaill an Leoin oirthearach, atá crioslaithe le línte lena gceanglaítear na comhordanáidí geografacha seo a leanas ⌦ a leagtar amach i gCuid A d’Iarscríbhinn XI ⌫. :
-42 ° 40′ ó Thuaidh, 4 ° 20′ Soir
-42 ° 40′ ó Thuaidh, 5 ° 00′ Soir
-43 ° 00′ ó Thuaidh, 4 ° 20′ Soir
-43 ° 00′ ó Thuaidh, 5 ° 00′ Soir
Airteagal 1115
Iarracht Iascaireachta
I gcás na stoc grinnill, ní rachaidh iarracht iascaireachta soithí a úsáideann eangacha tarraingthe, línte fada uisce grinnill agus línte fada láir-uisce agus eangacha grinneall-socraithe sa limistéar srianta iascaigh dá dtagraítear in Airteagal 1104 thar an leibhéal iarrachta iascaireachta a bhí á chur i bhfeidhm ag gach Ballstát ar leith sa limistéar sin sa bhliain 2008.
Airteagal 6112
Teist iascaireachta
Tráth nach déanaí ná an 16 Feabhra 2012, déanfaidh Ballstáit liosta de na soithí a raibh bratach an Bhallstáit ábhartha ar foluain acu agus a raibh teist acu maidir le hiascaireacht le linn na bliana 2008 sa limistéar dá dtagraítear in Airteagal 1104 agus maidir le hiascaireacht i bhFo-limistéar Geografach ⌦ FLG ⌫ 7 CIGM de réir mar a shainmhínítear in Iarscríbhinn I é, a thíolacadh don Choimisiún i bhformáid leictreonach. Áireofar sa liosta sin ainm an tsoithigh, uimhir Chlár Cabhlaigh AE ⇨ CFR ⇦ an tsoithigh, an tréimhse ar lena linn a bhí an soitheach údaraithe chun iascaireacht a dhéanamh sa limistéar dá dtagraítear in Airteagal 1104 agus líon na laethanta a chaith gach soitheach i bhFo-limistéar Geografach ⌦ FLG ⌫ 7 sa bhliain 2008 agus, go sonrach, sa limistéar dá dtagraítear in Airteagal 1104.
🡻 1343/2011
Airteagal 1137
Soithí údaraithe
1.
Maidir le soithí atá údaraithe chun iascaireacht a dhéanamh sa limistéar dá dtagraítear in Airteagal 1104, eiseoidh a mBallstát údarú iascaireachta dóibh i gcomhréir le hAirteagal 7 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle an 20 Samhain 2009 lena mbunaítear córas rialaithe Comhphobail chun comhlíonadh rialacha an chomhbheartais iascaigh a áirithiú
.
2.
Maidir le soithí iascaireachta nach bhfuil taifid acu i ndáil le hiascaireacht a rinneadh sa limistéar dá dtagraítear in Airteagal 1104 ar iascaireacht é a rinneadh roimh an 31 Nollaig 2008, ní údarófar dóibh tosú iascaireacht a dhéanamh sa limistéar sin.
3.
Déanfaidh Ballstáit, tráth nach déanaí ná an 16 Feabhra 2012, an reachtaíocht náisiúnta a bhí i bhfeidhm an 31 Nollaig 2008 maidir leis na nithe seo a leanas a chur in iúl don Choimisiún:
(a)an méid uasta uaireanta an chloig in aghaidh an lae ar lena linn a cheadaítear do shoitheach áirithe gabháil do ghníomhaíocht iascaireachta;
(b)an méid uasta laethanta in aghaidh na seachtaine ar lena linn a cheadaítear do shoitheach áirithe fanacht ar muir agus a bheith as láthair ón gcalafort; agus
(c)na hamanna éigeantacha maidir le soithí iascaireachta d’imeacht óna gcalafort cláraithe agus d’fhilleadh ar a gcalafort cláraithe.
Airteagal 1148
Gnáthóga íogaire a chosaint
Áiritheoidh Ballstáit go gcosnófar an limistéar dá dtagraítear in Airteagal 1104 ar thionchair aon ghníomhaíochta daonna eile lena gcuirtear caomhnú na ngnéithe sin i mbaol, ar gnéithe iad lena ndéantar an limistéar a shaintréithriú mar limistéar ina gcomhbhailíonn éisc sceitheacha.
🡻 1343/2011
Airteagal 1159
Faisnéis
Roimh an 1 Feabhra gach bliain, déanfaidh Ballstáit tuarascáil i bhformáid leictreonach, maidir leis na gníomhaíochtaí iascaireachta arna ndéanamh sa limistéar dá dtagraítear in Airteagal 1104, a thíolacadh don Choimisiún.
Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh i ndáil le rialacha mionsonraithe maidir le formáid agus tarchur na tuarascála ar ghníomhaíochtaí iascaireachta den sórt sin. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 14325(2).
⇩ nua
Airteagal 116
Bearta bainistíochta cabhlach
Áiritheoidh na Ballstáit lena mbaineann go gcoinneofar acmhainn an chabhlaigh ar bun chun speicis a shaothrú, is iad sin an séacla gorm agus dearg (Aristeus antennatus), rós-séacla domhainmhara (Parapenaeus longirostris), an séacla mór dearg (Aristaeomorpha foliacea), colmóir (Merluccius merluccius), gliomach na hIorua (Nephrops norvegicus) agus lannach riabhach (Mullus barbatus) , ar na leibhéil dá bhforáiltear i dTábla C d’Iarscríbhinn XII, sa limistéar a bhunaítear in Airteagal 110.
🡻 982/2019 Airt. 1.3 (oiriúnaithe)
Roinn Ia
Limistéir Shrianta Iascaigh chun Gnáthóga Bunriachtanacha Éisc agus Éiceachórais Leochaileacha Mhuirí a Chosaint
⌦ Foroinn 2
Caolas na Sicile ⌫
Airteagal 1179a
Limistéir Shrianta Iascaigh i gCaolas na Sicile
Déanfar iascaireacht le heangacha tráil ghrinnill a thoirmeasc sna limistéir seo a leanas:
(1)limistéar srianta iascaigh ‘Taobh Thoir de Bhanc na nEachtraí’ a léiríonn línte idir na comhordanáidí seo a leanas ⌦ a leagtar amach i gCuid B d’Iarscríbhinn XI ⌫ a theorainneacha .
-37° 23,850′ T, 12° 30,072′ O
-37° 23,884′ T, 12° 48,282′ O
-37° 11,567′ T, 12° 48,305′ O
-37° 11,532′ T, 12° 30,095′ O
(2)limistéar srianta iascaigh ‘Taobh Thiar d’Imchuach Gela’ a léiríonn línte idir na comhordanáidí seo a leanas ⌦ a leagtar amach i gCuid B d’Iarscríbhinn XI ⌫ a theorainneacha.
-37° 12,040′ T, 13° 17,925′ O
-37° 12,047′ T, 13° 36,170′ O
-36° 59,725′ T, 13° 36,175′ O
-36° 59,717′ T, 13° 17,930′ O
(3)limistéar srianta iascaigh ‘Taobh Thoir de Bhanc Mhálta’ a léiríonn línte idir na comhordanáidí seo a leanas ⌦ a leagtar amach i gCuid B d’Iarscríbhinn XI ⌫ a theorainneacha.
-36° 12,621′ T, 15° 13,338′ O
-36° 12,621′ T, 15° 26,062′ O
-35° 59,344′ T, 15° 26,062′ O
-35° 59,344′ T, 15° 13,338′ O.
Airteagal 1189b
Limistéir mhaolánacha i gCaolas na Sicile
1.
Bunófar limistéar maolánach timpeall an limistéir shrianta iascaigh ‘Taobh Thoir de Bhanc na nEachtraí’ dá dtagraítear in Airteagal 1179a(1) agus a léireoidh línte idir na comhordanáidí seo a leanas ⌦ a leagtar amach i gCuid C d’Iarscríbhinn XI ⌫ a theorainneacha:
-37° 24,849′ T, 12° 28,814′ O
-37° 24,888′ T, 12° 49,536′ O
-37° 10,567′ T, 12° 49,559′ O
-37° 10,528′ T, 12° 28,845′ O
2.
Bunófar limistéar maolánach timpeall an limistéir shrianta iascaigh ‘Taobh Thiar d’Imchuach Gela’ dá dtagraítear in Airteagal 1179a(2) agus a léireoidh línte idir na comhordanáidí seo a leanas ⌦ a leagtar amach i gCuid C d’Iarscríbhinn XI ⌫ a theorainneacha.
-37° 13,041′ T, 13° 16,672′ O
-37° 13,049′ T, 13° 37,422′ O
-36° 58,723′ T, 13° 37,424′ O
-36° 58,715′ T, 13° 16,682′ O
3.
Bunófar limistéar maolánach timpeall an limistéir shrianta iascaigh ‘Taobh Thoir de Bhanc Mhálta’ dá dtagraítear in Airteagal 1179a(3). agus a léireoidh línte idir na comhordanáidí seo a leanas ⌦ a leagtar amach i gCuid C d’Iarscríbhinn XI ⌫ a theorainneacha.
-36° 13,624′ T, 15° 12,102′ O
-36° 13,624′ T, 15° 27,298′ O
-35° 58,342′ T, 15° 27,294′ O
-35° 58,342′ T, 15° 12,106′ O
4.
Soithí a dhéanann gníomhaíochtaí iascaireachta le heangacha tráil ghrinnill sna limistéir mhaolánacha dá dtagraítear san Airteagal seo, déanfaidh siad minicíocht tarchuir iomchuí na gcomharthaí óna gcóras um fhaireachán soithí (VMS) a áirithiú. Soithí nach bhfuil feistithe le trasfhreagróir VMS agus arb é is aidhm dóibh iascaireacht a dhéanamh le heangacha tráil ghrinnill sna limistéir mhaolánacha, déanfar iad a fheistiú le córas geologánaithe chun gur féidir le húdaráis rialaithe a ngníomhaíochtaí a rianú.
⌦ Foroinn 3
Muir Aidriad ⌫
Airteagal 1199c
Srianta iascaireachta i limistéar Jabuka/Pomo Pit i Muir Aidriad
1.
Déanfar iascaireacht áineasa agus iascaireacht le heangacha grinneallsocraithe, eangacha tráil ghrinnill, spiléir shocraithe agus gaistí a thoirmeasc i limistéar a léireoidh línte idir na comhordanáidí seo a leanas ⌦ a leagtar amach i gCuid D d’Iarscríbhinn XI ⌫ a theorainneacha. :
-43° 32,044′ T, 15° 16,501′ O
-43° 05,452′ T, 14° 58,658′ O
-43° 03,477′ T, 14° 54,982′ O
-42° 50,450′ T, 15° 07,431′ O
-42° 55,618′ T, 15° 18,194′ O
-43° 17,436′ T, 15° 29,496′ O
-43° 24,758′ T, 15° 33,215′ O
2.
Ón 1 Meán Fómhair go dtí an 31 Deireadh Fómhair gach bliain, déanfar iascaireacht le heangacha grinneallsocraithe, eangacha tráil ghrinnill, spiléir shocraithe agus gaistí a thoirmeasc i limistéar a léireoidh línte idir na comhordanáidí seo a leanas ⌦ a leagtar amach i gCuid D d’Iarscríbhinn XI ⌫ a theorainneacha. :
-43° 03,477′ T, 14° 54,982′ O
-42° 49,811′ T, 14° 29,550′ O
-42° 35,205′ T, 14° 59,611′ O
-42° 49,668′ T, 15° 05,802′ O
-42° 50,450′ T, 15° 07,431′ O
3.
Ón 1 Meán Fómhair go dtí an 31 Deireadh Fómhair gach bliain, déanfar iascaireacht le heangacha grinneallsocraithe, eangacha tráil ghrinnill, spiléir shocraithe agus gaistí a thoirmeasc i limistéar a léireoidh línte idir na comhordanáidí seo a leanas ⌦ leagtar amach i gCuid D d’Iarscríbhinn XI ⌫ a theorainneacha. :
-43° 17,436′ T, 15° 29,496′ O
-43° 24,758′ T, 15° 33,215′ O
-43° 20,345′ T, 15° 47,012′ O
-43° 18,150′ T, 15° 51,362′ O
-43° 13,984′ T, 15° 55,232′ O
-43° 12,873′ T, 15° 52,761′ O
-43° 13,494′ T, 15° 40,040′ O.
Airteagal 120 9d
Soithí údaraithe i limistéar Jabuka/Pomo Pit
1.
Gan dochar do mhír (2) agus do mhír (3) d’Airteagal 1199c, ní cheadófar, sna limistéir dá dtagraítear sna míreanna sin, gníomhaíochtaí iascaireachta tráchtála le heangacha grinneallsocraithe, eangacha tráil ghrinnill, spiléir shocraithe agus gaistí ach amháin i gcás ina bhfuil údarú sonrach i seilbh an tsoithigh agus gur féidir leis a léiriú gur le fada atá gníomhaíochtaí iascaireachta á ndéanamh aige sna limistéir lena mbaineann.
2.
Sa limistéar dá dtagraítear in Airteagal 1199c(2), ní bheidh soithí iascaireachta údaraithe i dteideal iascaireacht a dhéanamh ar feadh tréimhse níos faide ná dhá lá iascaireachta in aghaidh na seachtaine. Soithí iascaireachta údaraithe a bhaineann úsáid as trealamh tráil otair dúbailte, ní bheidh siad i dteideal iascaireacht a dhéanamh ar feadh tréimhse níos faide ná lá amháin iascaireachta in aghaidh na seachtaine.
3.
Sa limistéar dá dtagraítear in Airteagal 1199c(3), ní bheidh soithí údaraithe a bhfuil eangacha tráil ghrinnill acu i dteideal iascaireacht a dhéanamh ach amháin Dé Sathairn agus Dé Domhnaigh idir 05.00 agus 22.00. Ní cheadófar do shoithí údaraithe atá ag iascaireacht le heangacha grinneallsocraithe, spiléir socraithe agus gaistí iascaireacht a dhéanamh ach amháin idir 05.00 Dé Luain agus 22.00 Déardaoin.
4.
Na soithí atá údaraithe chun iascaireacht a dhéanamh sa limistéar dá dtagraítear in Airteagal 1199c(2) agus (3) leis an trealamh dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, tabharfaidh a mBallstát údarú iascaireachta dóibh i gcomhréir le hAirteagal 7 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009.
5.
Seolfaidh na Ballstáit chuig an gCoimisiún, tráth nach déanaí ná an 31 Márta gach bliain, liosta na soithí ar eisigh siad an t‑údarú dá dtagraítear i mír 1 lena n‑aghaidh. Cuirfidh an Coimisiún in iúl do Rúnaíocht CIGM, tráth nach déanaí ná an 30 Aibreán gach bliain liosta na soithí údaraithe arna shocrú ⌦ bhunú ⌫ don bhliain daár gcionn. Beidh an fhaisnéis seo a leanas ⌦ dá bhforáiltear in Iarscríbhinn VIII ⌫ ar an liosta, i dtaca le gach soitheach:
(a)ainm an tsoithigh;
(b)uimhir chláir an tsoithigh;
(c)uimhir aitheantais uathúil CIGM (cód alfa ISO 3 tíre + 9 ndigit e.g. xxx000000001);
(d)an t‑ainm a bhí air roimhe (más ann dó);
(e)an bhratach a bhí aige roimhe (más ann di);
(f)mionsonraí maidir le scriosadh ó chláir eile (más ann dóibh);
(g)comhartha aitheantais idirnáisiúnta raidió (más ann dó);
(h)cineál soithigh, fad foriomlán (LOA) agus olltonáiste (GT) agus/nó olltonáiste cláraithe (GRT);
(i)ainm agus seoladh an úinéara (na n‑úinéirí) agus an oibritheora (na n‑oibritheoirí);
(j)trealamh (trealaimh) is mó a úsáidtear chun iascaireacht a dhéanamh sa Limistéar Srianta Iascaigh;
(k)tréimhse shéasúrach údaraithe chun iascaireacht a dhéanamh sa Limistéar Srianta Iascaigh;
(l)líon na laethanta iascaireachta a bhfuil gach soitheach ina dteideal;
(m)calafort ainmnithe.
6.
Ní thabharfaidh soithí iascaireachta údaraithe gabhálacha stoic ghrinnill i dtír ach amháin i gcalafoirt ainmnithe. Chun na críche sin, déanfaidh gach Ballstát lena mbaineann calafoirt a ainmniú ina n‑údarófar gabhálacha éisc ó Limistéar Srianta Iascaigh Jabuka/Pomo Pit a thabhairt i dtír. Cuirfear liosta na gcalafort sin chuig Rúnaíocht CIGM agus chuig an gCoimisiún tráth nach déanaí ná an 30 Aibreán gach bliain ⌦ 31 Márta ⌫ . ⌦ Tarchuirfidh an Coimisiún an liosta sin chuig Rúnaíocht CIGM faoin 30 Aibreán gach bliain. ⌫
7.
Soithí iascaireachta údaraithe chun iascaireacht a dhéanamh sna limistéir dá dtagraítear in Airteagal 1199c(2) agus (3) leis an trealamh dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, beidh a gcórais VMS agus/nó a gCórais Aitheanta Uathoibrithe (AIS) ag oibriú i gceart, agus déanfar na trealaimh iascaireachta atá ar bord nó atá in úsáid a shainaithint go cuí, agus cuirfear uimhreacha agus marcanna orthu sula dtabharfaidh siad faoi oibríocht iascaireachta nó faoi loingseoireacht sna limistéir sin.
8.
Soithí iascaireachta atá feistithe gan údarú le heangacha grinneallsocraithe, eangacha tráil ghrinnill, spiléir shocraithe agus gaistí, ní cheadófar dóibh idirthuras a dhéanamh tríd an Limistéar Srianta Iascaigh ach amháin i gcás ina leanann siad cúrsa díreach faoi luas leanúnach nach lú ná 7 muirmhíle agus go mbeidh VMS agus/nó AIS gníomhaithe ar bord acu, agus fad agus nach ndéanann siad aon chineál gníomhaíochtaí iascaireachta.
🡻1343/2011 (oiriúnaithe)
Roinn II
Limistéir shrianta iascaigh chun gnáthóga íogaire domhainfharraige a chosaint
⌦ Foroinn 4
Gnáthóga íogaire domhainfharraige ⌫
Airteagal 12110
Limistéir shrianta iascaigh a bhunú ⌦ i ngnáthóga íogaire domhainfharraige ⌫
Déanfar iascaireacht le dreidirí tarraingthe agus le heangacha tráil ghrinnill a thoirmeasc sna limistéir seo a leanas:
(1)(a)limistéar srianta iascaigh domhainfharraige ‘Sceir Lophelia amach ó Capo Santa Maria di Leuca’ atá crioslaithe le línte lena gceanglaítear na comhordanáidí seo a leanas⌦ a leagtar amach i gCuid E d’Iarscríbhinn XI ⌫ ;:
-39° 27,72′ ó Thuaidh, 18° 10,74′ Soir
-39° 27,80′ ó Thuaidh, 18° 26,68′ Soir
-39° 11,16′ ó Thuaidh, 18° 32,58′ Soir
-39° 11,16′ ó Thuaidh, 18° 04,28′ Soir;
(2)(b)limistéar srianta iascaigh domhainfharraige ‘Púscadh hidreacarbóin fhuar i limistéar dheilte na Níle’ atá crioslaithe le línte lena gceanglaítear na comhordanáidí seo a leanas ⌦ a leagtar amach i gCuid E d’Iarscríbhinn XI ⌫;:
-31° 30,00′ ó Thuaidh, 33o 10,00′ Soir
-31° 30,00′ ó Thuaidh, 34o 00,00′ Soir
-32° 00,00′ ó Thuaidh, 34 ° 00,00′ Soir
-32° 00,00′ ó Thuaidh, 33 ° 10,00′ Soir
(3)(c)limistéar srianta iascaigh domhainfharraige ‘Tulán Grinnill Eratosthenes’ atá crioslaithe le línte lena gceanglaítear na comhordanáidí seo a leanas ⌦ a leagtar amach i gCuid E d’Iarscríbhinn XI ⌫.:
-33 ° 00,00′ ó Thuaidh, 32 ° 00,00′ Soir
-33 ° 00,00′ ó Thuaidh, 33 ° 00,00′ Soir
-34 ° 00,00′ ó Thuaidh, 33 ° 00,00′ Soir
-34° 00,00′ ó Thuaidh, 32 ° 00,00′ Soir
Airteagal 12211
Gnáthóga íogaire a chosaint
Áiritheoidh Ballstáit go n‑iarrfar ar a gcuid údarás inniúil na gnáthóga íogaire domhainfharraige sna limistéir dá dtagraítear in Airteagal 12110 a chosaint, go háirithe, ar thionchar aon ghníomhaíochta eile lena gcuirtear caomhnú na ngnéithe sin i mbaol, ar gnéithe iad lena ndéantar na gnáthóga sin a shaintréithriú.
🡻 982/2019 Airt. 1.4 (oiriúnaithe)
Roinn III
⌦ Tréimhsí coiscthe spásúla nó ama ⌫ Cosc Ama i Murascaill Gabès
Airteagal 12311 a
Cosc Ama i Murascaill Gabès
Ón 1 Iúil go dtí an 30 Meán Fómhair gach bliain, beidh toirmeasc ar iascaireacht le heangacha tráil ghrinnill idir an cósta agus iseabat 200 méadar ar domhain d’fholimistéar geografach 14 GCIM ⌦ GSA ⌫ (Murascaill Gabès amhail dá dtagraítear in Iarscríbhinn I).
🡻 1343/2011 (oiriúnaithe)
CAIBIDIL III
⌦ Roinn IV ⌫
Trealamh iascaireachta ⌦ iascach ⌫
Airteagal 15
Toise íosta mogalra sa Mhuir Dhubh
1.
Is é 40 mm a bheidh mar thoise íosta mogalra le haghaidh eangacha a úsáidtear do ghníomhaíochtaí trálaeireachta lena saothraítear stoic ghrinnill sa Mhuir Dhubh. Ní úsáidfear painéil líontóireachta ar lú ná 40 mm toise bhéal an mhogalra atá iontu ná ní choimeádfar ar bord iad.
2.
Roimh an 1 Feabhra 2012 déanfar eangach a bhfuil mogalra cearnógach de 40 mm ag a ceann a chur in ionad na heangaí dá dtagraítear i mír 1 nó, arna iarraidh sin go cuí-réasúnaithe d’úinéir na loinge, cuirfear eangach a bhfuil mogalra diamantach de 50 mm is eangach a bhfuil roghnaíocht aitheanta ó thaobh toise de arb ionann í nó arb mó í ná roghnaíocht aitheanta ó thaobh toise de is atá ag eangacha a bhfuil mogalra cearnógach de 40 mm ag a gceann.
3.
Maidir le Ballstáit a bhfuil gníomhaíochtaí trálaeireachta á seoladh ag a soithí iascaireachta is gníomhaíochtaí lena saothraítear stoic ghrinnill sa Mhuir Dhubh, tíolacfaidh siad don Choimisiún, den chéad uair tráth nach déanaí ná an 16 Feabhra 2012 agus gach sé mhí ina dhiaidh sin, liosta de na soithí iascaireachta a sheolann gníomhaíochtaí den sórt sin sa Mhuir Dhubh agus atá feistithe le heangach mogalra chearnógaigh de 40 mm ar a laghad ag a cheann, nó eangacha a bhfuil mogalra diamantach de 50 mm ar a laghad, mar aon leis an gcéatadán is ionann soithí den sórt sin as an gcabhlach náisiúnta iomlán tráil ghrinnill.
Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh i ndáil le rialacha mionsonraithe maidir le formáidiú agus tarchur na faisnéise dá dtagraítear sa mhír seo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 25(2).
4.
Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 3 ar aghaidh chuig Rúnaí Feidhmiúcháin CIGM.
🡻 2102/2015 Airt. 1.1 (oiriúnaithe)
Airteagal 12415 a
Tráil agus eangacha geolbhaigh a úsáid sa Mhuir Dhubh
1.
Cuirfear toirmeasc ar thráil a úsáid:
(a)laistigh de thrí mhuirmhíle ón gcósta, ar choinníoll nach mbaintear amach na hiseabait 50 méadar; nó
(b)laistigh den iseabat 50 méadar nuair a bhaintear amach an doimhneacht 50 méadar níos giorra don chósta.
2.
Ar bhonn eisceachtúil, féadfaidh Ballstáit a gcuid soitheach iascaireachta a údarú dul i mbun iascaireachta sa chrios dá dtagraítear i mír 1 trí mhaoluithe a dheonú ⌦ i gcomhréir le hAirteagal 13 de Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006 ⌫ i gcomhréir le Moladh CIGM/36/2012/3, ar choinníoll go gcuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas mar is cuí faoi aon mhaolú den sórt sin.
3.
I gcás ina measann an Coimisiún nach gcomhlíontar, le maolú a deonaíodh i gcomhréir le mír 2, an coinníoll a leagtar amach sa mhír sin, féadfaidh sé, faoi réir na gcúiseanna ábhartha agus tar éis dul i gcomhairle leis an mBallstát lena mbaineann, iarraidh ar an mBallstát an maolú sin a leasú.
4.
Cuirfidh an Coimisiún Rúnaí Feidhmiúcháin ⌦ Rúnaíocht ⌫ CIGM ar an eolas faoi aon mhaoluithe a deonaíodh i gcomhréir le mír 2.
5.
Ón 1 Eanáir 2015, ní bheidh trastomhas níos mó ná 0,5 mm ag aonfhiliméad ná ag sreanga d’eangacha geolbhaigh grinneallsocraithe.
⇩ nua
CAIBIDIL II
MAOINIÚ I nDÁIL LE BEARTA CAOMHNAITHE A mBÍONN SCOR SEALADACH I nGNÍOMHAÍOCHTAÍ IASCAIREACHTA ANN DÁ dTORADH
Airteagal 125
Maoiniú i ndáil le bearta caomhnaithe a mbíonn scor sealadach i ngníomhaíochtaí iascaireachta ann dá dtoradh
Na bearta dá bhforáiltear in Airteagail 5, 6, 19, 28, 38, 47, 61, 69, 85, 97 agus 123 den Rialachán seo, a mbíonn scor sealadach i ngníomhaíochtaí iascaireachta ann dá dtoradh, measfar iad a bheith ina mbearta caomhnaithe laistigh de bhrí phointe (j) d’Airteagal 7(1) de Rialachán (AE) 1380/2013 chun an scor sealadach a mhaoiniú i gcomhréir le pointe (a) d’Airteagal 18(2) de Rialachán [XXXX/2021] [an Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe (CEMID) an tagairt iomlán le cur isteach tar éis ghlacadh an Rialacháin]
🡻 1343/2011 (oiriúnaithe)
Airteagal 16
Iascaigh dhreidirí arna dtarraingt agus iascaigh eangach tráil a úsáid
Beidh toirmeasc ar iascaigh dhreidirí arna dtarraingt agus ar iascaigh eangach tráil a úsáid ag doimhneachtaí thar 1000 m.
🡻 1343/2011 (oiriúnaithe)
⇨ nua
TEIDEAL III⌦ CAIBIDIL III ⌫
BEARTA RIALAITHE
CAIIBIDIL I⌦ Roinn I ⌫
Clár ⌦ soithí ⌫ údaraithe
Airteagal 12617
Clár soithí údaraithe
1. Roimh an 1 Nollaig gach bliain cuirfidh gach Ballstát ar leith ⌦ na Ballstáit ⌫ chuig an gCoimisiún, tríd an ngnáthmheán próiseála sonraí, liosta nuashonraithe de na soithí ar mó ná 15 mhéadar a bhfad foriomlán, ar soithí iad a bhfuil bratach an Bhallstáit sin ar foluain acu agus ar soithí iad atá cláraithe ina chríoch agus atá údaraithe ag an mBallstát sin chun iascaireacht a dhéanamh i limistéar Chomhaontú CIGM, trí údarú iascaireachta a eisiúint.
2.
Áireofar sa liosta a léirítear i mír 1 an fhaisnéis seo a leanas:
(a)uimhir Chlár Cabhlaigh AE ⇨ CFR ⇦ an tsoithigh agus a mharcáil sheachtrach mar a shainmhínítear í in ⌦ Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/218 ón gCoimisiún an 6 Feabhra 2017 maidir le clár cabhlaigh iascaireachta an Aontais ⌫ Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 26/2004;
(b)an tréimhse ar lena linn a údaraítear iascaireacht agus/nó trasloingsiú a dhéanamh;
(c)na trealaimh iascaireachta arna n‑úsáid.
3.
Cuirfidh an Coimisiún an liosta nuashonraithe chuig Rúnaí Feidhmiúcháin ⌦ Rúnaíocht ⌫ CIGM faoin 1Eanáir gach bliain i dtreo is go bhféadfar na soithí lena mbaineann a chur ar chlár CIGM soithí arb é atá ann clár na soithí ar mó ná 15 mhéadar a bhfad foriomlán atá údaraithe chun iascaireacht a dhéanamh i limistéar Chomhaontú CIGM (‘clár CIGM’).
4.
Aon athrú atá le déanamh ar an liosta dá dtagraítear i mír 1, cuirfear in iúl don Choimisiún é chun a tharchurtha chuig Rúnaí Feidhmiúcháin ⌦ Rúnaíocht ⌫CIGM, tríd an ngnáthmheán próiseála sonraí, 10 lá oibre ar a laghad sula dtosaíonn an soitheach gníomhaíocht iascaireachta i limistéar Chomhaontú CIGM.
5.
Maidir le soithí iascaireachta AE ar mó ná 15 mhéadar a bhfad foriomlán nach bhfuil curtha ar an liosta dá dtagraítear i mír 1, ní ghabhfaidh siad aon chineál éisc nó sliogéisc, ní choimeádfaidh siad aon chineál éisc nó sliogéisc ar bord, ná ní dhéanfaidh siad iad a thrasloingsiú nó a thabhairt i dtír laistigh de limistéar Chomhaontú CIGM.
6.
Glacfaidh Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú:
(a)nach gceadaítear ach soithí a bhfuil bratach an Bhallstáit ábhartha ar foluain acu agus atá ar áireamh sa liosta dá dtagraítear i mír 1 agus ar soithí iad a bhfuil údarú iascaireachta ar bord acu arna eisiúint ag an mBallstát ábhartha, agus na soithí sin amháin, faoi théarmaí an údaraithe, gníomhaíochtaí iascaireachta a dhéanamh i limistéar Chomhaontú CIGM;
(b)nach n‑eiseofar aon údarú iascaireachta do shoithí a bhfuil iascaireacht neamhdhleathach, neamhrialáilte agus neamhthuairiscithe (‘iascaireacht NNN’) déanta acu roimhe sin i limistéar Chomhaontú CIGM nó in áiteanna eile, mura ndéanann na húinéirí nua fianaise dhoiciméadach leordhóthanach a sholáthar, ar dá réir nach bhfuil leas dlíthiúil, tairbheach nó airgeadais ag na hiarúinéirí ná ag na hiaroibreoirí a thuilleadh maidir leis na soithí sin agus nach bhfeidhmíonn siad aon smacht ar na soithí sin, nó nach nglacann na soithí sin páirt ná nach bhfuil aon bhaint acu maidir le hiascaireacht NNN;
(c)a mhéid is féidir, go gcuirtear toirmeasc, lena reachtaíocht náisiúnta, ar úinéirí agus ar oibreoirí soithigh a bhfuil bratach an Bhallstáit ábhartha ar foluain acu agus ar soithí iad atá ar áireamh sa liosta dá dtagraítear i mír 1, páirt a ghlacadh nó baint a bheith acu le gníomhaíochtaí iascaireachta arna ndéanamh i limistéar Chomhaontú CIGM ag soithí nach bhfuil ar chlár CIGM;
(d)a mhéid is féidir, go gceanglaítear, lena reachtaíocht náisiúnta, gur náisiúnaigh de chuid an Bhallstáit is stát brataí nó eintitis dhlíthiúla laistigh den Bhallstát sin iad úinéirí soithí a bhfuil bratach an Bhallstáit ábhartha ar foluain acu agus ar soithí iad atá ar an liosta dá dtagraítear i mír 1;
(e)go gcomhlíonann a soithí gach beart ábhartha CIGM um chaomhnú agus um bhainistiú.
7.
Glacfaidh Ballstáit na bearta is gá chun toirmeasc a chur ar iascaireacht a dhéanann soithí ar mó ná 15 mhéadar a bhfad foriomlán agus nach bhfuil ar chlár CIGM, aon iasc nó sliogiasc a ghabháil i limistéar Chomhaontú CIGM ná aon iasc nó sliogiasc a gabhadh ann a choimeád ar bord, a thrasloingsiú nó a chur i dtír.
8.
Maidir le haon fhaisnéis lena dtaispeánfaí go bhfuil cúiseanna láidre drochamhras ann go bhfuil soithí, ar mó ná 15 mhéadar a bhfad foriomlán agus ar soithí iad nach bhfuil ar chlár CIGM, ag déanamh iascaireachta ar éisc nó sliogéisc nó go bhfuil siad á dtrasloingsiú i limistéar Chomhaontú CIGM, cuirfidh Ballstáit an fhaisnéis sin in iúl don Choimisiún gan mhoill.
🡻 1343/2011 (oiriúnaithe)
CAIIBIDIL II⌦ Roinn II ⌫
Bearta stát an chalafoirt
Airteagal 12718
Raon Feidhme
Beidh feidhm ag an gCaibidil ⌦ roinn ⌫ seo maidir le soithí iascaireachta tríú tíortha.
Airteagal 12819
Réamhfhógra
De mhaolú ar Airteagal 6(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008, is é 72 uair ar a laghad roimh an am a mheastar a bhainfear an calafort amach a bheidh sa tréimhse chun réamhfhógra a thabhairt.
Airteagal 12920
Cigireachtaí calafoirt
1.
D’ainneoin Airteagal 9(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008, déanfaidh Ballstáit cigireachtaí ina gcalafoirt ainmnithe ar 15 % ar a laghad d’oibríochtaí curtha i dtír agus trasloingsithe gach bliain.
2.
D’ainneoin Airteagal 9(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008, déanfar cigireacht i ngach cás ar shoithí iascaireachta a théann isteach gan réamhúdarú i gcalafort Ballstáit.
Airteagal 13021
An nós imeachta cigireachta
De bhreis ar na ceanglais dá bhforáiltear in Airteagal 10 de Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008, leis na cigireachtaí calafoirt comhlíonfar na ceanglais a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 13122
Cead a dhiúltú maidir le calafort a úsáid
1.
Ní cheadóidh Ballstáit do shoitheach tríú tír a gcuid calafort a úsáid chun táirgí iascaigh arna ngabháil i limistéar Chomhaontú CIGM a chur i dtír, a thrasloingsiú nó a phróiseáil agus diúltóidh siad rochtain ar sheirbhísí calafoirt, lena n‑áirítear, inter alia, seirbhísí athbhreoslaithe agus athsholáthair, a thabhairt dó más rud é:
(a)nach gcomhlíonann an soitheach ceanglais an Rialacháin seo;
(b)go bhfuil an soitheach ar áireamh i liosta de shoithí a ghabh d’iascaireacht NNN nó a thug tacaíocht di, agus ar liosta é arna ghlacadh ag eagraíocht réigiúnach bainistíochta iascaigh; nó
(c)nach bhfuil údarú bailí ag an soitheach chun gabháil d’iascaireacht nó do ghníomhaíochtaí a bhaineann le hiascaireacht i limistéar Chomhaontú CIGM.
De mhaolú ar an gcéad fhomhír, ní bheidh cosc ar bith ar Bhallstáit, i gcásanna force majeure nó i gcásanna guaise de réir bhrí Airteagal 18 de Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige
, ligean do shoitheach tríú tíortha a gcuid calafort a úsáid le haghaidh seirbhísí a mbeadh fíorghá leo chun na staideanna sin a leigheas.
2.
Beidh feidhm ag mír 1 chomh maith i leith na forálacha maidir le cead calafort a úsáid, dá bhforáiltear le hAirteagal 4(2) agus le hAirteagal 37(5) agus (6) de Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008.
3.
I gcás ina bhfuil maidir le cead calafort a úsáid diúltaithe ag Ballstát áirithe do shoitheach de chuid tríú tír i gcomhréir le mír 1 nó mír 2, tabharfaidh sé fógra faoi sin go pras do mháistir an tsoithigh, don stát brataí, don Choimisiún agus do Rúnaí Feidhmiúcháin ⌦ Rúnaíocht ⌫ CIGM faoi ghníomhaíocht den sórt sin.
4.
Más rud é nach bhfuil feidhm a thuilleadh ag na forais diúltaithe, dá dtagraítear i mír 1 nó i mír 2, tarraingeoidh an Ballstát siar a dhiúltú agus tabharfaidh sé fógra, do na seolaithe dá dtagraítear i mír 3, maidir leis an tarraingt siar sin.
⇩ nua
Roinn III
NNN
Airteagal 132
Oibleagáid tuairiscithe maidir le gníomhaíocht NNN líomhnaithe
[Airteagal nua. Moladh CIGM/33/2009/8 forálacha 3 agus 8]
1. Gan dochar d’Airteagal 48(8) de Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008, cuirfidh na Ballstáit an fhaisnéis seo a leanas faoi bhráid an Choimisiúin, ar a laghad 140 lá roimh Sheisiún Bliantúil CIGM:
(a)faisnéis faoi shoithí a mheastar a bheith i mbun gníomhaíochtaí iascaireachta NNN i limistéar Chomhaontú CIGM le linn na bliana reatha agus na bliana roimhe sin;
(b)fianaise arna tuairisciú ag na Ballstáit a thacaíonn le toimhde ghníomhaíocht iascaireachta NNN.
Tarchuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin chuig Rúnaíocht CIGM, ar a laghad 120 lá roimh Sheisiún Bliantúil CIGM.
2. I gcás inarb iomchuí, déanfaidh an Coimisiún aon fhaisnéis bhreise a fhaightear ó na Ballstáit agus a d’fhéadfadh a bheith ábhartha chun liosta shoithí NNN a bhunú a chur ar aghaidh chuig Rúnaíocht CIGM ar a laghad 120 lá roimh Sheisiún Bliantúil CIGM.
[Moladh CIGM/43/2019/8 foráil 2]
3. Gan dochar don fhaisnéis a cheanglaítear in Airteagal 29 (1)de Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 ón gComhairle, san fhaisnéis dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 beidh na mionsonraí seo a leanas, nuair a bhíonn siad ar fáil:
(a)ainm an tsoithigh agus a ainmneacha roimhe sin;
(b)bratach an tsoithigh agus a mbrataigh roimhe sin;
(c)ainm agus seoladh an úinéara soithigh agus a úinéirí roimhe sin, lena n‑áirítear úinéirí tairbhiúla;
(d)áit chláraithe an úinéara;
(e)oibreoir an tsoithigh agus a oibreoirí roimhe sin;
(f)comhartha aitheantais an tsoithigh agus a chomhartha aitheantais roimhe sin;
(g)uimhir IMO;
(h)uimhir Aitheantais na Seirbhíse Muirí Soghluaiste;
(i)fad foriomlán;
(j)grianghraif an tsoithigh;
(k)dáta ar cuireadh an soitheach le dréachtliosta NNN CIGM den chéad uair;
(l)dáta ghníomhaíocht iascaireachta NNN líomhnaithe;
(m)suíomh ghníomhaíocht iascaireachta NNN líomhnaithe;
(n)achoimre ar ghníomhaíochtaí arb iad is údar leis an soitheach a chur ar an liosta, in éineacht le tagairtí do gach doiciméad ábhartha ina dtuairiscítear na gníomhaíochtaí sin agus ina léirítear fianaise ina dtaobh. agus
(o)toradh aon ghníomhaíochta a rinneadh.
Airteagal 133
Neamhchomhlíonadh líomhnaithe arna thuairisciú ag Rúnaíocht CIGM
[Airteagal nua. Moladh CIGM/33/2009/8 foráil 4]
1. Má fhaigheann an Coimisiún aon fhianaise ó Rúnaíocht CIGM a thacaíonn le toimhde ghníomhaíochtaí iascaireachta NNN ag soitheach iascaireachta a bhfuil bratach Ballstáit ar foluain air, tarchuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin don Bhallstát lena mbaineann gan mhoill.
2. Féadfaidh an Ballstát lena mbaineann fianaise a chur ar fáil don Choimisiún, ar a laghad 45 lá roimh sheisiún bliantúil CIGM, lena n‑áirítear fianaise lena léirítear nach ndearna na soithí iascaireacht de shárú ar bhearta caomhnaithe agus bainistithe CIGM nó nach raibh an deis acu iascaireacht a dhéanamh i limistéar chur i bhfeidhm CIGM. Déanfaidh an Coimisiún an fhaisnéis sin a chur ar aghaidh chuig Rúnaíocht CIGM 30 lá ar a laghad roimh sheisiún bliantúil CIGM.
Airteagal 134
Dréachtliosta NNN CIGM
[Airteagal nua. Moladh CIGM/33/2009/8 foráil 5]
Nuair a gheobhaidh na Ballstáit dréachtliosta shoithí NNN ó Rúnaíocht CIGM, déanfaidh siad dlúthfhaireachán ar na soithí a áirítear i ndréachtliosta NNN agus cinnfidh siad a ngníomhaíochtaí agus aon athrú a d’fhéadfaí a dhéanamh ar ainm, ar bhratach agus/nó ar úinéir cláraithe.
🡻 1343/2011 (oiriúnaithe)
⌦ CAIBIDIL IV ⌫ TEIDEAL IV
Comhar, faisnéis agus tuairisciú;
Airteagal 13523
Comhar agus faisnéis
1.
Comhoibreoidh ⌦ Oibreoidh ⌫ an Coimisiún agus ⌦ na ⌫ Ballstáit ⌦ i gcomhar ⌫ le Rúnaí Feidhmiúcháin ⌦ Rúnaíocht ⌫ CIGM agus déanfaidh siad faisnéis a mhalartú leis freisin, go háirithe:
(a)trí fhaisnéis ó bhunachair ábhartha shonraí a iarraidh agus trí fhaisnéis a sholáthar do na bunachair sin;
(b)trí chomhar a iarraidh chun cur chun feidhme éifeachtach an Rialacháin seo a chur chun cinn agus trí chomhoibriú ina leith sin.
2.
Áiritheoidh Ballstáit go gceadaítear lena gcórais náisiúnta faisnéise, is córais faisnéise a bhaineann le hiascaigh, faisnéis maidir le cigireachtaí stát an chalafoirt dá dtagraítear i ⌦ Roinn II, Caibidil II de ⌫ dTheideal III, a mhalartú go leictreonach ar bhealach díreach idir iad féin agus Rúnaí Feidhmiúcháin ⌦ Rúnaíocht ⌫ CIGM, agus aird chuí á tabhairt ar na ceanglais iomchuí rúndachta.
3.
Déanfaidh Ballstáit bearta chun faisnéis a roinnt trí mheáin leictreonacha i measc gníomhaireachtaí ábhartha náisiúnta agus chun gníomhaíochtaí de ghníomhaireachtaí den sórt sin a chomhordú le linn chur chun feidhme na mbeart atá leagtha amach i gCaibidil II de Theideal III.
4.
Chun críche an Rialacháin seo, bunóidh Ballstáit liosta de phointí teagmhála agus cuirfear ar aghaidh é gan mhoill chuig an gCoimisiún agus chuig an Rúnaí Feidhmiúcháin ⌦ Rúnaíocht ⌫ agus chuig páirtithe conarthacha CIGM.
5.
Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh i ndáil le rialacha mionsonraithe do chomhar agus don mhalartú faisnéise. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 14325(2).
🡻 2102/2015 Airt. 1.4 (oiriúnaithe)
Airteagal 13623 a
Sonraí ábhartha a thuairisciú ⌦ Formáid agus tarchur na faisnéise ⌫ chuig an gCoimisiún
3
Cuirfidh na Ballstáit in iúl don Choimisiún aon athruithe ar liosta na gcalafort a ainmnítear le gabhálacha de choiréalach dearg a thabhairt i dtír i gcomhréir le mír 5 de Mholadh CIGM/36/2012/1.
5.
Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas faoi aon athruithe a dhéantar ar na léarscáileanna agus ar na liostaí de na suímh gheografacha a thugann na láithreacha ina bhfuil uaimheanna rónta manaigh amhail dá dtagraítear i mír 6 de Mholadh CIGM/35/2011/5.
7.
Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh i leith formáid na faisnéise dá dtagraítear i in ⌦ Airteagail 52, 109 agus 108 ⌫ mír 1, i míreanna 3, 4 agus 5, agus i leith cur ar aghaidh na faisnéise sin. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 14325(2).
🡻 982/2019 Airt. 1.11(b)
8.Cuirfidh gach Ballstát tuarascáil mhionsonraithe ar a ngníomhaíochtaí iascaireachta i ndáil le coiréalach dearg chuig Rúnaíocht CIGM agus chuig an gCoimisiún faoin 30 Meitheamh gach bliain. Beidh sa tuarascáil sin faisnéis ar ghabhálacha iomlána agus limistéir shaothraithe ar a laghad, agus más féidir, ar an líon tumthaí agus an meánghabháil in aghaidh an tumtha.
🡻 1343/2011 (oiriúnaithe)
Airteagal 13724
Maitrísí staidrimh a thuairisciú
1.
Roimh an 1 Bealtaine gach bliain, déanfaidh Ballstáit na sonraí i leith Tháscanna 1.1, 1.2, 1.3, 1.4 agus 1.5 de mhaitrís staidrimh CIGM mar a leagtar amach i Roinn C d’Iarscríbhinn III iad, a thíolacadh do Rúnaí Feidhmiúcháin ⌦ Rúnaíocht ⌫ CIGM.
2.
Chun na sonraí dá dtagraítear i mír 1 a thíolacadh, úsáidfidh Ballstáit córas iontrála sonraí CIGM nó aon chaighdeán agus prótacal iomchuí eile maidir le sonraí a thíolacadh, ar caighdeán agus prótacal iad arna mbeartú ag Rúnaí Feidhmiúcháin ⌦ Rúnaíocht ⌫ CIGM agus atá ar fáil ar láithreán gréasáin CIGM.
3.
Cuirfidh Ballstáit an Coimisiún ar an eolas maidir leis na sonraí arna dtíolacadh ar bhonn an Airteagail seo.
Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh i ndáil le rialacha mionsonraithe d’fhormáid agus do tharchur na sonraí dá dtagraítear san Airteagal seo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 14325(2).
⇩ nua
Airteagal 138
[Airteagal nua. Moladh CIGM/42/2018/10 forálacha 2, 4 agus 6]
Rochtain ar fhaisnéis agus ar shonraí a bhaineann le faireachán, rialú agus faireachas laistigh de chreat scéimeanna comh-chigireachta agus comh-fhaireachais
1.Beidh feidhm ag an Airteagal seo maidir leis na Ballstáit uile atá i mbun treoirthionscadail nó scéimeanna idirnáisiúnta maidir le comh-chigireacht agus comh-fhaireachas i limistéar chur i bhfeidhm CIGM.
2.Áiritheoidh na Ballstáit go gcaithfear go slán leis an bhfaisnéis, na sonraí, na tuarascálacha, agus na teachtaireachtaí a bhaineann le faireachán, rialú agus faireachas laistigh de chreat scéimeanna comh-chigireachta agus comh-fhaireachais.
3.Tá an tAirteagal seo gan dochar d’oibleagáidí na mBallstát maidir lena bpróiseáil sonraí pearsana faoin dhlí an Aontais.
CAIBIDIL V
Cláir taighde réigiúnach
Roinn I
An Portán Gorm sa Mheánmhuir
Airteagal 139
[Airteagal nua. Moladh CIGM/42/2018/7 forálacha 1, 2, 3, 5 agus 6]
Clár taighde réigiúnach
Beidh na Ballstáit ag a bhfuil soithí iascaireachta i mbun gníomhaíochtaí iascaireachta tráchtála lena saothraítear portáin ghorma (Portunus segnis agus Callinectes sapidus) sa Mheánmhuir rannpháirteach sa chlár taighde réigiúnach darb aidhm saothrú inbhuanaithe portán gorm sa Mheánmhuir (thíos ‘clár taighde réigiúnach maidir leis an bportán gorm’) chun inbhuanaitheacht shocheacnamaíoch a áirithiú.
Airteagal 140
[Airteagal nua. Moladh CIGM/42/2018/7 foráil 11]
Faireachán eolaíoch
Bunóidh na Ballstáit ag a bhfuil soithí iascaireachta i mbun gníomhaíochtaí iascaireachta tráchtála lena ndírítear ar phortáin ghorma faireachán eolaíoch leordhóthanach ar ghabhálacha portán gorm sa Mheánmhuir rud a éascóidh cur chun feidhme an chláir taighde réigiúnaigh i ndáil leis na nithe seo a leanas:
(1) an iarracht iascaireachta a rinneadh agus leibhéil ghabhála iomlána ar an leibhéal náisiúnta; agus
(2) éifeachtaí bitheolaíocha agus socheacnamaíocha na gcásanna bainistithe malartacha agus na mbeart teicniúil, arna sainaithint ag na Ballstáit.
Roinn II
Cuachma fhéitheach sa Mhuir Dhubh
Airteagal 141
[Airteagal nua. Moladh CIGM/42/2018/9 forálacha 1, 2, 3,5 agus 6]
Clár taighde réigiúnach
Beidh na Ballstáit ag a bhfuil soithí iascaireachta atá i mbun gníomhaíochtaí iascaireachta tráchtála lena saothraítear cuachma fhéitheach in GSA 29 rannpháirteach sa chlár taighde réigiúnach darb aidhm saothrú inbhuanaithe cuachma féithí (Rapana venosa) sa Mhuir Dhubh (thíos ‘clár taighde réigiúnach maidir leis an gcuachma fhéitheach’) chun inbhuanaitheacht shocheacnamaíoch a áirithiú.
Airteagal 142
[Airteagal nua. Moladh CIGM/42/2018/9 foráil 10]
Faireachán eolaíoch
Déanfaidh na Ballstáit a bhfuil a soithí iascaireachta i mbun gníomhaíochtaí iascaireachta tráchtála lena ndírítear ar chuachma fhéitheach faireachán ar ghabhálacha cuachma féithí sa Mhuir Dhubh agus éascóidh siad cur chun feidhme an chláir taighde réigiúnach agus obair Mheithle CIGM um an Muir Dhubh i dtaca leis na nithe seo a leanas:
(1) an iarracht iascaireachta a rinneadh agus leibhéil ghabhála iomlána ar an leibhéal náisiúnta;
(2)
sonraí faoi chainníochtaí iomláine forghabhála de réir trealamh iascaireachta agus de réir speicis, gan tumadóireacht scúba san áireamh;
(3)
éifeachtaí bitheolaíocha agus socheacnamaíocha na gcásanna bainistithe malartacha agus na mbeart teicniúil, arna sainaithint ag na Ballstáit; agus
(4)
tréimhsí coiscthe spásúla nó ama féideartha chun inbhuanaitheacht iascach a chaomhnú.
🡻 1343/2011 (oiriúnaithe)
TEIDEAL V
FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA
Airteagal 14325
Nós imeachta coiste
1.
Déanfaidh an Coiste um Iascach agus Dobharshaothrú arna bhunú le hAirteagal 30(1) de Rialachán (CE) Uimh. 2371/2002 cúnamh a thabhairt don Choimisiún
. Beidh an Coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011
.
2.
I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
Airteagal 14426
Cumhachtaí a tharmligean
A mhéid is gá, chun leasuithe a thagann chun bheith éigeantach don Aontas a chur chun feidhme i ndlí Aontais ar leasuithe iad ar bhearta CIGM agus is bearta atá curtha chun feidhme i ndlí an Aontais cheana, tabharfar ⌦ Tugtar ⌫ de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, ⌦ lena leasaítear nó lena bhforlíontar an Rialachán seo, i gcomhréir le hAirteagal 145, maidir leis na bearta arna nglacadh ag CIGM⌫ ,i gcomhréir le hAirteagal 27, chun forálacha an Rialacháin seo a leasú i ndáil leis an méid seo a leanas:
(1a) faisnéis a sholáthar faoi Airteagal 124(4)15(4) do Rúnaí Feidhmiúcháin ⌦ Rúnaíocht ⌫ CIGM;
(2b) liosta na soithí údaraithe a tharchur chuig ⌦ atá le tarchur chuig Rúnaíocht CIGM faoi Airteagal 126, Airteagal 10, Airteagal 17, Airteagal 26, Airteagal 36, Airteagal 63(3), Airteagal 72, Airteagal 81(2) agus Airteagal 89 ⌫ Rúnaí Feidhmiúcháin CIGM faoi Airteagal 17;
⇩ nua
(3) na maoluithe ar bhearta caomhnaithe maidir le coiréalach dearg faoi Airteagal 43(2);
(4)cur chun feidhme na buanscéime deimhniúcháin gabhála i ndáil le coiréalach dearg faoi Airteagal 57;
🡻 1343/2011
(5c)bearta stát an chalafoirt a leagtar amach in Airteagal 12718 go hAirteagal 13122;
(6d)an comhar, an fhaisnéis agus an tuairisciú a leagtar amach in Airteagal 13523 agus in Airteagal 13624;
🡻 1343/2011 (oiriúnaithe)
🡺1 2102/2015 Airt. 1.5(a)
🡺2 2102/2015 Airt. 1.5(b)
(7e)tábla, léarscáil agus comhordanáidí geografacha Fho-Limistéir Gheografacha (FLGanna) an CIGM ⌦ FLGanna ⌫ mar a leagtar amach in Iarscríbhinn I iad;
(8f)nósanna imeachta cigireachta stát an chalafoirt maidir le soithí, a leagtar amach in Iarscríbhinn II; agus
(9g)na maitrísí staidrimh CIGM a leagtar amach in Iarscríbhinn III.
Airteagal 14527
An tarmligean a fheidhmiú
1.
Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.
2.
Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in 🡺1 Airteagail ⌦ 144 ⌫ 16b, 16c agus 26, 🡸 a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse trí bliana ⌦ ó dháta teacht i bhfeidhm an Rialacháin seo ⌫ 🡺2 ón 28 Samhain 2015 🡸. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 6 mhí roimh dheireadh na tréimhse 3 bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.
3.
Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in 🡺1Airteagal ⌦ 144 ⌫ 16b, Airteagal 16c agus Airteagal 26 🡸 a chúlghairm aon tráth. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht na ngníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.
4.
A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.
5.
Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun 🡺1 Aiteagail ⌦ Airteagal 144 ⌫ 16b, 16c agus 26 🡸 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.
Airteagal 28
Leasuithe ar Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006
Leis sin, leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006 mar a leanas:
(1)in Airteagal 4, scriostar mír 3;
(2)in Airteagal 9, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:
‘3.Maidir le heangacha arna dtarraingt, seachas iad siúd dá dtagraítear i mír 4, is í seo a leanas an toise mogalra is lú a bheidh acu:
(a)eanganch a bhfuil mogalra cearnógach de 40 mm ina ceann; nó
(b)arna iarraidh sin go cuí-réasúnaithe ag úinéir na loinge, eangach le mogalra diamantach de 50 mm a bhfuil roghnaíocht aitheanta ó thaobh toise de aici arb ionann í nó arb mó í ná roghnaíocht na n‑eangach dá dtagraítear faoi phointe (a).
Ní bheidh soithí iascaireachta údaraithe ach chun ceann amháin den dá chineál eangach sin a úsáid agus a choimeád ar bord.
Faoi 30 Meitheamh 2012 déanfaidh an Coimisiún tuarascáil maidir le cur chun feidhme na míre seo a thíolacadh do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle, agus déanfaidh sé togra, i gcás inarb iomchuí, i leith leasuithe feiliúnacha, ar bhonn na tuarascála sin agus ar bhonn na faisnéise arna soláthar ag Ballstáit roimh an 31 Nollaig 2011 freisin.”;
(3)Scriostar Airteagal 24;
(4)in Airteagal 27, scriostar mír 1 agus mír 4.
🡻
Airteagal 146
Aisghairm
Aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1343/2011.
Déanfar tagairtí don Rialachán aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil atá in Iarscríbhinn XV.
🡻 1343/2011
Airteagal 14729
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar an 20ú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
An tUachtarán