Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52021PC0309

TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA de bhun Airteagal 294(6) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir leis an seasamh ón gComhairle i dtaca le glacadh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1316/2013 agus (AE) Uimh. 283/2014

COM/2021/309 final

An Bhruiséil,15.6.2021

COM(2021) 309 final

2018/0228(COD)

TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN
CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA

de bhun Airteagal 294(6) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

maidir leis an

seasamh ón gComhairle i dtaca le glacadh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa agus lena n‑aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1316/2013 agus (AE) Uimh. 283/2014


2018/0228 (COD)

TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN
CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA


de bhun Airteagal 294(6) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh


maidir leis an

seasamh ón gComhairle i dtaca le glacadh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa agus lena n‑aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1316/2013 agus (AE) Uimh. 283/2014

1.Cúlra

An dáta a tíolacadh an togra chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle
(doiciméad COM(2018) 438 final – 2018/0228 COD):

an 6 Meitheamh 2018

Dáta na tuairime ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa:

an 19 Meán Fómhair 2018

Dáta na tuairime ó Choiste na Réigiún

Dáta an tseasaimh ó Pharlaimint na hEorpa, an chéad léamh:

An 10 Deireadh Fómhair 2018

an 17 Aibreán 2019

An dáta a tíolacadh an togra leasaithe:

an 9 Meitheamh 2021

An dáta a glacadh an seasamh ón gComhairle:

an 14 Meitheamh 2021

2.Cuspóir an togra ón gCoimisiún

Tá an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa (SCE) ar cheann de na hionstraimí cistiúcháin faoin gCreat Airgeadais Ilbhliantúil 2021-2027. Is é is cuspóir ginearálta do SCE na gréasáin thras-Eorpacha i réimsí an iompair, an fhuinnimh agus na seirbhísí digiteacha a fhorbairt agus a nuachóiriú agus an comhar trasteorann a éascú i réimse an fhuinnimh in-athnuaite.

Maidir le hiompar, is é is aidhm do SCE rannchuidiú leis an gcroíghréasán iompair tras-Eorpach a chur i gcrích faoi 2030 agus an gréasán cuimsitheach a chur i gcrích faoi 2050. Tacaíonn SCE le nuachóiriú ghréasán TEN-T freisin, go háirithe maidir le bonneagar breoslaí malartacha a imlonnú agus leis an iompar a dhigitiú. Ina theannta sin, cuirfear tionscadail iompair dé-úsáide shibhialta-mhíleata chun feidhme trí bhíthin SCE.

Maidir le fuinneamh, táthar ag díriú ar rannchuidiú le forbairt na ngréasán fuinnimh tras-Eorpach agus ar an margadh inmheánach fuinnimh a chomhtháthú a thuilleadh agus ar idir-inoibritheacht na ngréasán thar theorainneacha agus earnálacha; táthar ag díriú freisin ar an gcomhar trasteorann a éascú i réimse an fhuinnimh in-athnuaite agus ar dhícharbónú a chumasú trí bhíthin foinsí fuinnimh in-athnuaite a chomhtháthú.

Maidir le seirbhísí digiteacha, is é is aidhm do SCE rannchuidiú le gréasáin dhigiteacha fíor-ardacmhainneachta agus córais 5G atá sábháilte agus slán a imlonnú agus le hathléimneacht agus acmhainneacht bhreise sna gréasáin dhigiteacha cnáimhe droma i gcomhréir le cuspóirí na nascachta digití Eorpaí le haghaidh 2025 agus 2030.

3.Tráchtanna maidir leis an seasamh ón gComhairle

Tacaíonn an seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh, a glacadh an 14 Meitheamh 2021, le príomhchuspóirí an togra ón gCoimisiún. I gcomparáid leis an togra ón gCoimisiún, áirítear an méid seo a leanas ar na hathruithe is mó tábhacht a tugadh isteach:

Gnéithe buiséadacha, rátaí cómhaoinithe

Cuimsíodh forálacha nua i ndáil leis na Conclúidí ón gComhairle Eorpach an 21 Iúil 2020 maidir le tacaíocht shonrach ó Cheannteideal 1(2), Infheistíocht Straitéiseach Eorpach chun mórnaisc iarnróid trasteorann atá in easnamh idir tíortha Comhtháthaithe a chríochnú. Féadfaidh an Coimisiún tacú leis na forálacha sin.

Féadfaidh an Coimisiún glacadh le forálacha lena sonraítear leithdháileadh an imchlúdaigh Chomhtháthaithe lena leagtar síos na dátaí go dtí go mbeidh tairseacha áirithe infheidhme: (1) maidir leis na Ballstáit ar lú a n‑ollioncam náisiúnta (OIN) per capita arna thomhas de réir caighdeáin cumhachta ceannaigh agus arna ríomh ar bhonn fhigiúirí an Aontais le haghaidh na tréimhse 2015-2017 ná 60 % de mheán-OIN per capita AE-27, ráthófar go dtí an 31 Nollaig 2024 70 % de 70 % den mhéid atá aistrithe acu chuig SCE; (2) go dtí an 31 Nollaig 2025, ní rachaidh an méid iomlán a leithdháilfear ar ghníomhaíochtaí i mBallstát Comhtháthaithe thar 170 % de sciar an Bhallstáit sin sa mhéid iomlán a aistreofar ón gCiste Comhtháthaithe.

Féadfaidh an Coimisiún glacadh leis an modhnú ar chéatadáin tháscacha leithdháileadh an imchlúdaigh Chomhtháthaithe, lena leagtar síos go n‑úsáidfear 85 % den imchlúdach le haghaidh gníomhaíochtaí a bhaineann le gréasáin éifeachtúla idirnasctha ilmhódacha agus go n‑úsáidfear 15 % den imchlúdach le haghaidh na ngníomhaíochtaí a bhaineann le soghluaisteacht chliste inbhuanaithe chuimsitheach shábháilte shlán.

Cuimsíodh foráil in earnáil an iompair lena suitear tairseach suas le 10 % den imchlúdach Ginearálta, ar féidir a úsáid le haghaidh oibríochtaí measctha. Cuimsíodh foráil lena sonraítear nach n‑úsáidfear an t‑imchlúdach Comhtháthaithe le haghaidh oibríochtaí measctha. Déantar foráil maidir le solúbthacht leis na forálacha agus féadfaidh an Coimisiún, dá bhrí sin, glacadh leis na modhnuithe sin.

Cuimsíodh tairseach lena léirítear go ndáilfear suas le 15 % de bhuiséad foriomlán earnáil an fhuinnimh ar na tionscadail trasteorann i réimse an fhuinnimh in‑athnuaite agus go bhféadfaí é sin a mhéadú go 20 %. Féadfaidh an Coimisiún glacadh leis an leasú sin.

Leagadh síos tairseach go bhféadfar suas le 1 % den bhuiséad foriomlán a úsáid le haghaidh an chúnaimh theicniúil agus riaracháin. Féadfaidh an Coimisiún glacadh leis an modhnú sin.

Cuimsíodh na leasuithe seo a leanas ar na rátaí cómhaoinithe in earnáil an iompair: maidir leis an imchlúdach Ginearálta, cuimsíodh gníomhaíochtaí a thacaíonn le huiscebhealaí intíre, le hidir-inoibritheacht iarnróid, agus le gníomhaíochtaí lena n‑oiriúnaítear an bonneagar iompair le haghaidh seiceálacha ag teorainneacha seachtracha an Aontais, agus tá an fhéidearthacht ann ráta cómhaoinithe níos airde de 50 % a fháil. Maidir leis na gníomhaíochtaí a bhaineann le mórnaisc iarnróid trasteorann atá in easnamh idir na Ballstáit Chomhtháthaithe a chríochnú, is é 85 % an t‑uasráta cómhaoinithe a bheidh ann. Leagadh síos ráta cómhaoinithe suas le 50 % le haghaidh tionscadail dé-úsáide shibhialta-chosanta. Ní sháróidh an t‑uasráta cómhaoinithe le haghaidh an imchlúdaigh Chomhtháthaithe 85 %. I gcás na n‑imchlúdach Ginearálta agus Comhtháthaithe araon, cuimsíodh an fhéidearthacht méadú 5 % a chur i bhfeidhm ar an ráta cómhaoinithe le haghaidh tionscadail arna ndéanamh ag struchtúir chomhtháite bhainistíochta, lena n‑áirítear comhfhiontair. I gcás gníomhaíochtaí a chuirtear chun feidhme sna réigiúin is forimeallaí, méadaíodh an t‑uasráta cómhaoinithe go 70 % le haghaidh earnálacha an iompair, an fhuinnimh agus na seirbhísí digiteacha, agus i gcás na ngníomhaíochtaí a chuirtear chun feidhme faoi na cláir oibre sineirge, féadfar an ráta cómhaoinithe a mhéadú 10 %. Féadfaidh an Coimisiún glacadh leis na modhnuithe sin.

Incháilitheacht

In earnáil an iompair, leathnaíodh raon feidhme incháilitheachta na ngníomhaíochtaí. Ar chroíghréasán TEN-T, cuimsíodh naisc le haerfoirt. Ar ghréasán cuimsitheach TEN-T, tugadh isteach calafoirt mhuirí agus intíre chomh maith le comhpháirteanna den ghréasán cuimsitheach atá lonnaithe sna Ballstáit nach bhfuil teorainn talún acu le Ballstát eile. Féadfaidh an Coimisiún glacadh leis na leasuithe sin.

Cuimsíodh airteagal nua maidir le gréasán TEN-T a oiriúnú don dé-úsáid shibhialta-chosanta lena suitear ceanglais incháilitheachta na ngníomhaíochtaí a rannchuidíonn le forbairt bonneagair dé-úsáide, agus lena n‑áirítear gníomh cur chun feidhme lena gcinntear ceanglais maidir le bonneagar dé-úsáide. Cuimsíodh foráil lena gceadaítear don Choimisiún iarraidh a dhéanamh ar aistriú ó imchlúdach na Soghluaisteachta Míleata go dtí an t‑imchlúdach Ginearálta i gcás ina mbíonn aon chiste neamhcheangailteach ann. Féadfaidh an Coimisiún glacadh leis na leasuithe sin.

Rinneadh leasuithe ar liostaí táscacha chonairí an chroíghréasáin iompair agus ar liostaí nasc trasteorann ar an ngréasán cuimsitheach. Féadfaidh an Coimisiún glacadh leis na modhnuithe sin.

Cuimsíodh foráil lena leagtar síos nach bhfuil na costais a bhaineann le talamh a cheannach incháilithe le haghaidh an imchlúdaigh Chomhtháthaithe ach i gcomhréir le Rialachán na bhForálacha Coiteanna. Féadfaidh an Coimisiún glacadh leis an leasú sin.

Cuimsíodh foráil nua maidir leis an bhféidearthacht sásra maoinithe an Aontais le haghaidh an fhuinnimh in-athnuaite a chómhaoiniú. Féadfaidh an Coimisiún glacadh leis an leasú sin.

Tugadh isteach clásal nua cibearshlándála le haghaidh na hearnála digití. Foráiltear leis, i gcás na ngníomhaíochtaí ar fad faoi na cuspóirí sonracha a leagtar amach le haghaidh na hearnála digití, nó i gcás cuid díobh, go bhféadfar glaonna ar thograí agus glaonna ar thairiscintí a theorannú, ar chúiseanna slándála cuí-réasúnaithe, d’eintitis atá bunaithe, nó a mheastar a bheith bunaithe, sna Ballstáit agus atá á rialú ag na Ballstáit, nó ag náisiúnaigh de na Ballstáit, go díreach nó go hindíreach. Féadfaidh an Coimisiún tacú leis an leasú sin.

Clárú, deontais, bainistíocht comhaontuithe deontais

Cuimsíodh foráil nua maidir le cláir oibre lena mbunaítear go gcumhdófar leis na chéad chláir oibre na glaonna, na hábhair a bhaineann leo agus an buiséad táscach le haghaidh na chéad 3 bliana chomh maith le creat ionchasach le haghaidh na tréimhse atá fágtha. Féadfaidh an Coimisiún glacadh leis an leasú sin.

Cuimsíodh foráil in earnáil an fhuinnimh maidir leis na tionscadail leasa choitinn agus spriocanna sonracha i ndáil le hidirnaisc agus sioncrónú na gcóras leictreachais le gréasáin an Aontais. Féadfaidh an Coimisiún glacadh leis an leasú sin.

Rinneadh an fhoráil maidir le formheas na mBallstát agus tograí á dtíolacadh a mhionsaothrú a thuilleadh. Cuimsíodh foráil nua lena bhféadfar nós imeachta roghnúcháin tionscadal a dhéanamh in dhá chéim. Leathnaíodh liosta na gcritéar dámhachtana nach mór don Choimisiún a chur san áireamh, a mhéid is infheidhme. Maidir le cúnamh airgeadais ón Aontas a dheonú, cuimsíodh airteagal nua ina leagtar amach go nglacfar na cinntí roghnúcháin trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme agus ina leagtar síos tuilleadh oibleagáidí maidir le cur chun feidhme na gcomhaontuithe deontais. Féadfaidh an Coimisiún glacadh leis na leasuithe sin.

Coinníodh foráil lena gceadaítear do na gníomhaíochtaí ar bronnadh deimhniú an tSéala Barr Feabhais orthu cómhaoiniú a fháil faoin gCiste Comhtháthaithe. Féadfaidh an Coimisiún glacadh leis an bhforáil sin.

4.Conclúid

Go ginearálta, leis an gcomhaontú a tugadh i gcrích caomhnaítear cuspóirí an togra tosaigh ón gCoimisiún, lena gcoinnítear an leibhéal uaillmhéine ar bun ach lena gceadaítear an tsolúbthacht is gá chun SCE a chur chun feidhme. Glacann an Coimisiún leis an seasamh ón gComhairle.

Chomhaontaigh Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach dearbhú comhpháirteach maidir le cur chun feidhme na Saoráide um Chónascadh na hEorpa 2021-2027 (san iarscríbhinn).

Iarscríbhinn:

‘Dearbhú comhpháirteach ó Chomhairle an Aontais Eorpaigh agus ón gCoimisiún Eorpach maidir le cur chun feidhme na Saoráide um Chónascadh na hEorpa 2021-2027.

I gcomhréir leis na Conclúidí ón gComhairle Eorpach an 21 Iúil 2020, meabhraíonn an Chomhairle agus an Coimisiún, agus an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa 2021-2027 á cur chun feidhme, go n‑úsáidfear EUR 1 384 000 000 (i bpraghsanna 2018) ón méid a shonraítear i bpointe (a)(i) d’Airteagal 4(2) de Rialachán SCE chun na mórnaisc iarnróid trasteorann atá in easnamh idir na Ballstáit atá incháilithe le haghaidh cistiú ón gCiste Comhtháthaithe a chríochnú.’

Top