AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,3.6.2021
COM(2021) 283 final
2018/0197(COD)
TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN
CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA
de bhun Airteagal 294(6) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh
maidir leis an
seasamh ón gComhairle i dtaca le glacadh an Rialacháin maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus leis an gCiste Comhtháthaithe
2018/0197 (COD)
TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN
CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA
de bhun Airteagal 294(6) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh
maidir leis an
seasamh ón gComhairle i dtaca le glacadh an Rialacháin maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus leis an gCiste Comhtháthaithe
1.Cúlra
|
An dáta a tíolacadh an togra chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle
(doiciméad COM(2018) 372 final - 2018/0197 COD)):
|
An 29 Bealtaine 2018
|
|
Dáta na tuairime ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa:
|
An 17 Deireadh Fómhair 2018
|
|
Dáta na tuairime ó Choiste na Réigiún:
|
An 5 Nollaig 2018
|
|
Dáta an tseasaimh ó Pharlaimint na hEorpa, an chéad léamh:
|
An 26 Márta 2019
|
|
An dáta a tíolacadh an togra leasaithe
(doiciméad COM(2020) 452 final – 2018/0197 (COD)):
|
An 28 Bealtaine 2020
|
|
Chuathas i gcomhairle le Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chinn sé gan tuairim a eisiúint
|
/
|
|
Chuathas i gcomhairle le Coiste na Réigiún agus chinn sé gan tuairim a eisiúint
|
/
|
|
An dáta a glacadh an seasamh ón gComhairle, an chéad léamh:
|
An 27 Bealtaine 2021
|
2.Cuspóir an togra ón gCoimisiún
Leagtar amach sa togra ón gCoimisiún na cuspóirí sonracha agus raon feidhme na tacaíochta ó Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (‘CFRE’) agus ón gCiste Comhtháthaithe agus tugtar radharc ar an gcaoi a rannchuidíonn siad leis an gcuspóir foriomlán i ndáil le comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach an Aontais, atá cumhdaithe sa Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, a neartú.
3.Tráchtanna maidir leis an seasamh ón gComhairle
Lasmuigh de chúpla pointe teoranta, tá an seasamh ón gComhairle ag teacht lena bhfuil molta ag an gCoimisiún maidir le hollstruchtúr an rialacháin agus incháilitheacht na gCistí a shainmhínítear faoi na cuspóirí sonracha agus faoi raon feidhme na tacaíochta.
Baineann na príomh-mhodhnuithe leis na nithe seo a leanas:
·deis a bheith ann na ceanglais maidir le díriú téamach a chomhlíonadh ar an leibhéal náisiúnta nó ar leibhéal na gcatagóirí réigiún (solúbthacht mhéadaithe);
·maolú teoranta ar na ceanglais i leith an dírithe théamaigh trí na nithe seo a leanas:
·na tairsí atá infheidhme maidir le díriú a laghdú i gcás tíortha nó réigiúin nach bhfuil chomh saibhir sin (Ballstáit a bhfuil cóimheas ollioncaim náisiúnta atá cothrom le 100 % nó faoi bhun 100 % den mheán san Aontas Eorpach, mar aon leis na réigiúin atá i mbun aistrithe fuinnimh agus na réigiúin is lú forbairt); ar an lámh eile, bunaíodh íoscheanglas 30 % le haghaidh chuspóir beartais 2 (‘Eoraip níos glaise’) le haghaidh na réigiún agus na dtíortha níos forbartha;
·caiteachas faoin gCiste Comhtháthaithe atá neamhdhíobhálach don chomhshaol agus don aeráid a áireamh sa díriú téamach;
·leithdháiltí sonracha le haghaidh na limistéar is forimeallaí agus na limistéar is tearc daonra a dhíolmhú ó na rialacha maidir le díriú téamach;
·cuspóirí a bhaineann go sonrach le ‘soghluaisteacht uirbeach’ agus ‘nascacht dhigiteach’ a aistriú ó chuspóir beartais 3 chuig cuspóirí beartais a chumhdaítear le díriú téamach (cuspóirí beartais 2 agus 1 faoi seach). Rinneadh an tionchar a bhaineann le haistriú den chineál sin a laghdú trí uasteorainn a chur leis an uasmhéid a cheadaítear a aistriú ó na hearnálacha sin chuig na ceanglais i leith an dírithe théamaigh.
Maidir leis na cuspóirí sonracha, cuireadh béim bhreise ar lánpháirtiú náisiúnach tríú tíortha, lena n‑áirítear imircigh mar aon leis an infheistíocht sa chultúr agus sa turasóireacht inbhuanaithe.
Maidir leis na réimsí nár cuireadh san áireamh i raon feidhme na tacaíochta, baineann an príomhathrú le hincháilitheacht na tacaíochta i ndáil le hinfheistíochtaí a bhaineann le breoslaí iontaise, trí infheistíochtaí a bhaineann le breoslaí nádúrtha a dhéanamh incháilithe ar bhonn iontach teoranta faoi réir coinníollacha áirithe. Rinneadh an tionchar atá aige sin a laghdú trí shainmhíniú srianta a leagan síos ar an rud is infheistíocht incháilithe ann, trí uasteorainn a chur leis na hacmhainní is féidir a úsáid chun tacaíocht a thabhairt d’infheistíochtaí den sórt sin (níos lú ná 1 % den leithdháileadh iomlán do CFRE agus don Chiste Comhtháthaithe) agus trí theorainneacha ama a leagan síos. Tugadh isteach roinnt eisceachtaí teoranta freisin ar réimsí a bhíodh eisiata go ginearálta, sa chás ina bhfuil údar cuí leis sin, mar shampla i gcás infheistíochtaí atá dírithe ar bhonneagar aerfoirt agus ar bhainistiú dramhaíola. Níl infheistíochtaí i réimse an leathanbhanda ná an rothstoic eisiata a thuilleadh - sna cásanna sin, leanfar d’fheidhm iomlán a bheith ag na coinníollacha comhfhreagracha faoi na rialacha maidir leis an Státchabhair.
Tugadh isteach tagairt don Chomhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis. I dtaca leis na cumhachtaí cur chun feidhme de chuid an Choimisiún a d’fhéadfaí a fheidhmiú in imthosca eisceachtúla, cuireadh srian leo.
Cuireadh béim ar chuspóirí Conartha na gCistí agus an chaoi a rannchuidíonn siad le comhtháthú sóisialta, eacnamaíoch agus críochach agus cuireadh béim ar an tábhacht a bhaineann le limistéir faoi mhíbhuntáiste, lena n‑áirítear limistéir thuaithe agus limistéir a bhfuil míbhuntáistí nádúrtha nó déimeagrafacha acu. I dtaca leis na limistéir sin atá faoi mhíbhuntaiste, tugadh isteach foráil ar leith, lena bhforáiltear maidir leis an bhféidearthacht acmhainní a chur i leataobh do na limistéir sin sna comhaontuithe comhpháirtíochta a ullmhaíonn na Ballstáit.
Neartaíodh an ghné uirbeach, tríd an gceanglas maidir le cistí a chur i leataobh i gcás gníomhaíochtaí forbartha uirbí a ardú ó 6 % go 8 % de na hacmhainní náisiúnta CFRE faoin sprioc ‘Infheistíocht le haghaidh post agus fáis’.
Thairis sin, rinneadh an chomhchuid nua ‘Infheistíochtaí Nuálaíochta Idir-réigiúnacha’ a aistriú ón Rialachán Interreg chuig an Rialachán maidir le CFRE agus leis an gCiste Comhtháthaithe agus rinneadh soiléiriú ar a modh bainistíochta.
4.Conclúid
Is comhréiteach cothrom é an seasamh ón gComhairle, seasamh a urramaíonn cothromaíocht agus cuspóirí thogra an Choimisiúin.