AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,18.5.2021
COM(2021) 254 final
2021/0129(COD)
Togra le haghaidh
RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/1628 a mhéid a bhaineann leis na forálacha idirthréimhseacha maidir le hinnealra áirithe atá feistithe le hinnill sa raon cumhachta idir 56 kW agus 130 kW, agus os cionn 300 kW, chun aghaidh a thabhairt ar thionchar ghéarchéim COVID-19
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.COMHTHÉACS AN TOGRA
•Forais agus cuspóirí an togra
Is mór a chuir paindéim COVID‑19 isteach ar shlabhraí soláthair, agus tá tionchar aige sin ar chumas na monaróirí innealra shoghluaiste nach innealra bóthair é roinnt de na sprioc-amanna a ghnóthú, sprioc-amanna a fhorchuirtear le Rialachán (AE) 2016/1628 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2016 maidir le ceanglais a bhaineann le teorainneacha astaíochtaí le haghaidh truailleáin ghásacha agus cháithníneacha agus cineálcheadú i dtaca le hinnill dócháin inmheánaigh le haghaidh innealra soghluaiste nach innealra bóthair é.
Mar fhreagairt ar phaindéim COVID‑19, glacadh Rialachán (AE) 2020/1040 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Iúil 2020 lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/1628. Cuireadh sprioc-amanna áirithe ar athlá, na sprioc-amanna nach raibh monaróirí in ann iad a chomhlíonadh a thuilleadh gan damáiste tromchúiseach eacnamaíoch a bheith déanta dóibh de dheasca an chur isteach ar an slabhra soláthair nach raibh coinne leis. Bhain an méid sin le hinnealra a úsáideann innill ar a dtugtar ‘innill idirthréimhseacha’ sa raon cumhachta idir 56 kW agus 130 kW, innill a raibh a dtáirgeadh le bheith tugtha chun críche faoin 30 Meitheamh 2020 agus iad le bheith curtha ar an margadh faoin 31 Nollaig 2020. Tugadh 12 mhí sa bhreis do mhonaróirí chun an t‑innealra a bhí feistithe leis na hinnill sin a tháirgeadh agus a chur ar an margadh.
Leis an Rialachán sin tugadh aghaidh ar na sprioc-amanna a bhí ann in 2020 amháin toisc gurbh iad sin na cinn ar ghá iad a chur ar athlá mar ábhar práinne agus go raibh sé róluath chun a mheas an raibh údar cuí le síneadh a chur leis na sprioc-amanna in 2021.
Ní mór do na monaróirí táirgeadh an innealra atá feistithe leis na hinnill sin a thabhairt chun críche faoin 30 Meitheamh 2021 agus iad a chur ar an margadh faoin 31 Nollaig 2021.
Mar sin féin, toisc go bhfuil an dara agus an tríú ráig de COVID‑19 fós ag cur isteach ar an slabhra soláthair agus ar tháirgeadh, i dtaca leis na sprioc-amanna in 2021 is infheidhme maidir leis an innealra atá feistithe le hinnill idirthréimhseacha sa raon cumhachta idir 56kW agus 130kW, agus os cionn 300kW, ní bheidh monaróirí in ann na sprioc-amanna sin a chomhlíonadh gan damáiste tromchúiseach eacnamaíoch a bheith déanta dóibh.
Tá líon teoranta leis an méid innill idirthréimhseacha atá ann toisc gur ghá iad a bheith déanta faoin 31 Nollaig 2019 ar a dhéanaí agus dá bhrí sin, ó tharla go bhfuil an ghéarchéim fós ann, is gá na dátaí sin a chur ar athlá ionas nach gá na hinnill idirthréimhseacha a dhiúscairt toisc nár feistíodh san innealra in am iad.
Cé go bhfuil saobhadh fós á dhéanamh ar an slabhra soláthair agus ar tháirgeadh, níl sé chomh dona leis an saobhadh a bhí ann in Earrach 2020 ó thaobh aimplitiúide agus déine de. Ar na cúiseanna sin, bhí údar cuí le síneadh 6 mhí a thabhairt chun an t‑innealra a bhí feistithe leis na hinnill sin a mhonarú agus síneadh 9 mí thabhairt chun an t‑innealra sin a chur ar an margadh, seachas an síneadh 12 mhí a tugadh le haghaidh an dá rud in 2020.
Ba cheart a mheabhrú nach chun leas oibreoirí eacnamaíocha é, cibé fad a bheidh ar an síneadh, moill bhreise a chur ar innealra, feithiclí agus soithí, a bhfuil na costais tabhaithe acu ina leith cheana, a thabhairt chun críche agus a chur ar an margadh.
Ar deireadh, beidh feidhm ag an síneadh atá beartaithe maidir le feithiclí talmhaíochta agus foraoiseachta a bhfuil innill idirthréimhseacha feistithe iontu, ós rud é go bhfuil siad faoi réir fhorálacha an innealra shoghluaiste nach innealra bóthair é maidir le hastaíochtaí truailleán.
2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT
•Bunús dlí
Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.
•Coimhdeacht (i gcás inniúlachtaí neamheisiacha)
Tá feidhm ag prionsabal na coimhdeachta ós rud é nach dtagann an togra faoi inniúlacht eisiach an Aontais.
Ós rud é go bhfuil leasuithe ar reachtaíocht de chuid an Aontais atá ann cheana i gceist sa togra, is é an tAontas amháin atá in ann aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna go héifeachtach. Ina theannta sin, ní féidir na cuspóirí beartais a ghnóthú go leordhóthanach le gníomhartha na mBallstát.
Is gá bearta ón Aontas Eorpach ionas nach dtiocfaidh bacainní chun cinn roimh an margadh aonair, go háirithe i réimse na n‑inneall innealra shoghluaiste nach innealra bóthair é, agus i ngeall ar an ngné thrasnáisiúnta a bhaineann leis an truailliú aeir.
Dá bhrí sin, comhlíonann an togra prionsabal na coimhdeachta.
•Comhréireacht
Comhlíonann an togra prionsabal na comhréireachta de bhrí nach dtéann sé thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí maidir le feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh a áirithiú agus déanann sé foráil san am céanna maidir le hardleibhéal sábháilteachta poiblí agus cosanta comhshaoil. Tá fad an tsínidh atá beartaithe i gcomhréir leis an bhfad a mheastar a mhairfidh an cur isteach de dheasca phaindéim COVID‑19.
•An rogha ionstraime
Rialachán lena leasaítear Rialachán.
3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR
Níl measúnú tionchair ar leith ag gabháil leis an togra seo ós rud é go ndearnadh measúnú tionchair ar Rialachán (AE) 2016/1628 cheana. Ní athraítear an Rialachán sin ó thaobh substainte de leis an Rialachán seo agus ní fhorchuirtear oibleagáidí nua ar na páirtithe lena mbaineann. Is é is príomhaidhm dó, ar chúiseanna eisceachtúla i gcomhthéacs phaindéim COVID‑19 atá ann faoi láthair, síneadh 6 mhí a thabhairt chun an t‑innealra atá feistithe le hinnill idirthréimhseacha áirithe a tháirgeadh agus a chur ar an margadh. Níl aon tionchar suntasach ag an togra seo ar an gcomhshaol ós rud é go ndéantar níos éasca é, leis na bearta sin, earraí atá feistithe le hinnill a táirgeadh roimh an bpaindéim a chur ar an margadh. Ina theannta sin, seachnaítear leis na bearta sin an gá le hinnealra atá feistithe le hinnill den sórt sin a dhiúscairt, innealra a bheadh neamhchomhlíontach murach na bearta sin.
4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA
Níl aon tionchar buiséadach ag an togra ar institiúidí an Aontais.
2021/0129 (COD)
Togra le haghaidh
RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/1628 a mhéid a bhaineann leis na forálacha idirthréimhseacha maidir le hinnealra áirithe atá feistithe le hinnill sa raon cumhachta idir 56 kW agus 130 kW, agus os cionn 300 kW, chun aghaidh a thabhairt ar thionchar ghéarchéim COVID‑19
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa,
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)Le Rialachán (AE) 2016/1628 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, leagtar síos ceanglais a bhaineann le teorainneacha astaíochtaí le haghaidh truailleáin ghásacha agus cháithníneacha agus nósanna imeachta maidir le cineálcheadú AE le haghaidh catagóirí éagsúla d’innill le haghaidh innealra soghluaiste nach innealra bóthair é.
(2)Na dátaí is infheidhme maidir leis na teorainnluachanna astaíochtaí nua, dá ngairtear ‘Céim V’ i Rialachán (AE) 2016/1628, leagtar amach iad chun faisnéis shoiléir chuimsitheach agus chun tréimhse ama iomchuí le haistriú go Céim V a sholáthar do mhonaróirí, agus an t‑ualach riaracháin ar údaráis cheadúcháin a laghdú go suntasach san am céanna.
(3)De dheasca ráig COVID‑19 agus an chur isteach ar an slabhra soláthair agus ar tháirgeadh arb í is cúis leis, bhí deacrachtaí ag monaróirí innealra, ar a dtugtar ‘monaróirí buntrealaimh’ nó ‘OEManna’, sprioc-amanna an 30 Meitheamh 2020 agus an 31 Nollaig 2020 a chomhlíonadh maidir le hinnealra atá feistithe leis na hinnill sin a tháirgeadh agus a chur ar an margadh, innealra a chomhlíonann teorainnluachanna astaíochtaí nach bhfuil chomh dian céanna le teorainnluachanna astaíochtaí Chéim V. Sa chomhthéacs sin, leasaíodh Rialachán (AE) 2016/1628 le Rialachán (AE) 2020/1040 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle chun síneadh 12 mhí a chur leis na sprioc-amanna sin.
(4)Ó tharla go bhfuil moilleanna fós ann de dheasca phaindéim COVID‑19 agus an chur isteach leanúnaigh ar an slabhra soláthair agus ar tháirgeadh arb í is cúis leis, moilleanna maidir le hinnealra atá feistithe le catagóirí eile inneall (idir 56 kW agus 130 kW agus os cionn 300 kW) a tháirgeadh agus a chur ar an margadh, innill a chomhlíonann teorainneacha astaíochtaí nach bhfuil chomh dian céanna le teorainneacha astaíochtaí Chéim V, ó tharla sin amhlaidh, i dtaca le sprioc-amanna an 30 Meitheamh 2021 agus an 31 Nollaig 2021 a leagtar síos i Rialachán (AE) 2016/1628 maidir le hearraí a tháirgeadh agus a chur ar an margadh, tá dóchúlacht mhór ann nach mbeidh monaróirí buntrealaimh in ann na sprioc-amanna sin a chomhlíonadh gan damáiste tromchúiseach eacnamaíoch a bheith déanta dóibh.
(5)I bhfianaise na n‑imthosca atá ann faoi láthair, agus chun feidhmiú rianúil an mhargaidh inmheánaigh a áirithiú, chun deimhneacht dhlíthiúil a sholáthar, agus chun an cur isteach a d’fhéadfaí a dhéanamh ar an margadh a sheachaint, is gá forálacha idirthréimhseacha Rialachán (AE) 2016/1628 a fhadú le haghaidh na gcatagóirí inneall sin.
(6)Toisc nach mbeidh aon tionchar ag fadú na bhforálacha idirthréimhseacha ar an gcomhshaol, ós rud é go bhfuil na hinnill idirthréimhseacha lena mbaineann táirgthe cheana, fad 6 mhí ba cheart a bheith sa síneadh a chuirfear leis an tréimhse ábhartha chun an t‑innealra atá feistithe leis na hinnill sin a tháirgeadh agus fad 9 mí ba cheart a bheith sa síneadh a chuirfear leis an tréimhse ábhartha chun an t‑innealra sin a chur ar an margadh.
(7)Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon forálacha idirthréimhseacha áirithe de chuid Rialachán (AE) 2016/1628 a fhadú, a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr a bhfairsinge agus a n‑éifeachtaí, gur fearr is féidir an cuspóir sin a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (‘CAE’). I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.
(8)I bhfianaise na práinne a bhaineann leis na himthosca eisceachtúla arb í ráig COVID‑19 is cúis leo, measadh gurbh iomchuí foráil a dhéanamh maidir le heisceacht ar an tréimhse ocht seachtaine dá dtagraítear in Airteagal 4 de Phrótacal Uimh. 1 maidir le ról na bparlaimintí náisiúnta san Aontas Eorpach, prótacal atá i gceangal le CAE, leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach.
(9)Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE) 2016/1628 a leasú dá réir sin.
(10)Ós rud é go bhfuil an idirthréimhse dá bhforáiltear i Rialachán (AE) 2016/1628 i gcás fochatagóirí áirithe inneall le dul in éag an 31 Nollaig 2021 agus go bhfuil go dtí an 30 Meitheamh 2021 ag OEManna chun innealra soghluaiste nach innealra bóthair é atá feistithe le hinnill idirthréimhseacha na bhfochatagóirí sin a tháirgeadh, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm mar ábhar práinne an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh,
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Rialachán (AE) 2016/1628 mar a leanas:
Leasaítear Airteagal 58 mar a leanas:
(1)i mír 5, cuirtear an séú fomhír seo a leanas leis:
‘I gcás innill de gach fochatagóir arb é an 1 Eanáir 2020 an dáta a leagtar amach in Iarscríbhinn III le hinnill Chéim V a chur ar an margadh, seachas na hinnill dá dtagraítear sa dara agus sa tríú fomhír, cuirfear síneadh 6 mhí leis an idirthréimhse agus leis an tréimhse 18 mí dá dtagraítear sa chéad fhomhír.’;
(2)i mír 7, cuirtear an pointe (e) seo a leanas leis:
‘(e) 33 mhí ón dáta infheidhme chun innill a chur ar an margadh a leagtar amach in Iarscríbhinn III, sa chás a leagtar amach sa séú fomhír de mhír 5’.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
An tUachtarán