Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52021PC0158

Togra leasaithe le haghaidh CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE maidir le síniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh, agus cur i bhfeidhm sealadach an Chomhaontaithe um an gComhlimistéar Eitlíochta idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit agus an Úcráin

COM/2021/158 final

An Bhruiséil,8.4.2021

COM(2021) 158 final

2014/0008(NLE)

Togra leasaithe le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir le síniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh, agus cur i bhfeidhm sealadach an Chomhaontaithe um an gComhlimistéar Eitlíochta idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit agus an Úcráin


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

An 15 Aibreán 2014, ghlac an Coimisiún le togra maidir le cinneadh ar shíniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh, agus cur i bhfeidhm sealadach an Chomhaontaithe um an gComhlimistéar Eitlíochta idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit agus an Úcráin (COM(2014)18 final) agus chuir sé faoi bhráid na Comhairle ina dhiaidh sin é.

Leasaítear leis an togra reatha an togra thuasluaite ar an mbealach a leanas agus ar na cúiseanna a leanas.

Ar an gcéad dul síos, tar éis do Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann imeacht ón Aontas agus tar éis dheireadh na hidirthréimhse tá idirbheartaíocht déanta ar oiriúnuithe áirithe leis an gComhaontú, eadhon an Ríocht Aontaithe a bhaint mar shínitheoir leis an gComhaontú agus tagairtí do Ghiobráltar a bhaint den sainmhíniú ar an gcríoch ann. D’aontaigh an Úcráin leis na hoiriúnuithe sin.

Ina theannta sin, moltar leasuithe áirithe ar an gcinneadh, go háirithe (i) d’fhonn an Coimisiún a údarú le seasamh an Aontais maidir le cinntí áirithe an Chomhchoiste a bunaíodh leis an gComhaontú a ghlacadh, agus (ii) an cinneadh a oiriúnú do bhreithiúnas na Cúirte Breithiúnais an 28 Aibreán 2015 i gCás C-28/12.

Thairis sin, moltar roinnt leasuithe de chineál eagarthóireachta.

D’fhonn scrúdú na Comhairle a éascú, déantar an téacs ábhartha ina iomláine a chur isteach mar thogra leasaithe.

2014/0008 (NLE)

Togra leasaithe le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir le síniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh, agus cur i bhfeidhm sealadach an Chomhaontaithe um an gComhlimistéar Eitlíochta idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit agus an Úcráin

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus go háirithe Airteagal 100(2), i dteannta Airteagal 218(5) agus (7) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an méid seo a leanas

(1)An 12 Nollaig 2006, d’údaraigh an Chomhairle don Choimisiún tús a chur caibidlíocht leis an Úcráin maidir leis an gComhaontú um an gComhlimistéar Eitlíochta idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit agus an Úcráin (an ‘Comhaontú’). De thoradh na caibidlíochta sin, cuireadh inisealacha leis an gcéad leagan den Chomhaontú an 28 Samhain 2013.

(2)Tar éis don Ríocht Aontaithe imeacht ón Aontas Eorpach agus tar éis dheireadh na hidirthréimhse dá bhforáiltear in Airteagail 126 agus 127 den Chomhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, rinneadh idirbheartaíocht ar oiriúnuithe. Eadhon, baineadh an Ríocht Aontaithe mar shínitheoir leis an gComhaontú agus baineadh tagairtí do Ghiobráltar sa sainmhíniú ar ‘chríoch’ ann. D’aontaigh an Úcráin leis na hathruithe sin an 30 Deireadh Fómhair 2020.

(3)Ba cheart an Comhaontú a shíniú thar ceann an Aontais, faoi réir a chur i gcrích ar dháta níos déanaí.

(4)D’fhonn tairbhí an Chomhaontaithe a thabhairt a luaithe agus is féidir, ba cheart é a chur i bhfeidhm go sealadach,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Faomhtar leis seo síniú an Chomhaontaithe um an gComhlimistéar Eitlíochta idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit agus an Úcráin, thar ceann an Aontais, faoi réir an Chomhaontaithe sin a thabhairt i gcrích.

Tá téacs an Chomhaontaithe atá le síniú ceangailte leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Bunóidh Ardrúnaíocht na Comhairle an ionstraim lánchumhachtaí chun an Comhaontú a shíniú, faoi réir an Comhaontú a thabhairt chun críche, do na daoine a thugann idirbheartaí an Chomhaontaithe le fios.

Airteagal 3

Cuirfear an Comhaontú i bhfeidhm go sealadach i gcomhréir le hAirteagal 38(3) de, go dtí go dtiocfaidh sé i bhfeidhm.

Airteagal 4

Tá an Coimisiún údaraithe chun an seasamh atá le glacadh ag an Aontas a ghlacadh maidir le cinntí an Chomhchoiste faoi Airteagal 15(3) den Chomhaontú chun Iarscríbhinn I a ghabhann leis a leasú trí reachtaíocht an Aontais a chomhtháthú san Iarscríbhinn sin, faoi réir aon choigeartuithe teicniúla riachtanacha, tar éis comhairliúchán a dhéanamh le Coiste Speisialta arna cheapadh ag an gComhairle.

Airteagal 5

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar lá a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

   Thar ceann na Comhairle

   An tUachtarán

   […]

Top

An Bhruiséil,8.4.2021

COM(2021) 158 final

IARSCRÍBHINN

a ghabhann leis an

Togra leasaithe le haghaidh Cinneadh ón gComhairle

maidir le síniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh, agus cur i bhfeidhm sealadach an Chomhaontaithe um an gComhlimistéar Eitlíochta idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit agus an Úcráin


IARSCRÍBHINN

Dréacht

AN COMHAONTÚ UM AN gCOMHLIMISTÉAR EITLÍOCHTA

IDIR AN tAONTAS EORPACH AGUS A BHALLSTÁIT

AGUS AN ÚCRÁIN

RÍOCHT NA BEILGE,

POBLACHT NA BULGÁIRE,

POBLACHT NA CRÓITE,

POBLACHT NA SEICE,

RÍOCHT NA DANMHAIRGE,

POBLACHT CHÓNAIDHME NA GEARMÁINE,

POBLACHT NA hEASTÓINE,

ÉIRE,

AN PHOBLACHT HEILLÉANACH,

RÍOCHT NA SPÁINNE,

POBLACHT NA FRAINCE,

POBLACHT NA hIODÁILE,

POBLACHT NA CIPIRE,

POBLACHT NA LAITVIA,

POBLACHT NA LIOTUÁINE,

ARD-DIÚCACHT LUCSAMBURG,

AN UNGÁIR,

MÁLTA,

RÍOCHT NA hÍSILTÍRE,

POBLACHT NA hOSTAIRE,

POBLACHT NA POLAINNE,

POBLACHT NA PORTAINGÉILE,

AN RÓMÁIN,

POBLACHT NA SLÓIVÉINE,

POBLACHT NA SLÓVAICE,

POBLACHT NA FIONLAINNE,

RÍOCHT NA SUALAINNE,

Páirtithe sa Chonradh ar an Aontas Eorpach agus sa Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (dá ngairtear ‘Conarthaí an Aontais Eorpaigh’ anseo feasta) agus ar Ballstáit an Aontais Eorpaigh iad (dá ngairtear ‘Ballstáit an Aontais’ anseo feasta), agus

AN tAONTAS EORPACH, dá ngairtear ‘an tAontas’ nó ‘an tAontas Eorpach’, nó ‘AE’ anseo feasta, de pháirt amháin,

Agus

AN ÚCRÁIN den pháirt eile,

dá ngairtear ‘na Páirtithe’ ar na páirtithe thuasluaite ar fad le chéile anseo feasta.

ÓS MIAN LEO Comhlimistéar Eitlíochta (CAA) a chruthú bunaithe ar rochtain margaidh fhrithpháirteach ar mhargaí aerthráchta na bPáirtithe, lena mbaineann coinníollacha cothroma iomaíochta, agus urraim ar na rialacha céanna – lena n‑áirítear i réimse na sábháilteachta, na slándála, na bainistíochta aerthráchta, an chomhchuibhithe shóisialta agus an chomhshaoil.

AG AITHINT DÓIBH saintréith chomhtháite na heitlíochta sibhialta idirnáisiúnta agus chearta agus oibleagáidí na hÚcráine agus Bhallstáit an Aontais a eascraíonn as a gcomhaltas in eagraíochtaí idirnáisiúnta eitlíochta, go háirithe an Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta agus an Eagraíocht Eorpach um Shábháilteacht na hAerloingseoireachta, agus faoi chomhaontuithe idirnáisiúnta le tríú páirtithe agus eagraíochtaí idirnáisiúnta;

ÓS MIAN LEO caidreamh a dhoimhniú idir na Páirtithe i réimse an aeriompair, lena n‑áirítear i réimse an chomhair thionsclaíoch, agus forbairt a dhéanamh ar chreat an chórais reatha comhaontuithe seirbhísí aeir chun naisc eacnamaíocha, chultúrtha agus iompair a chur chun cinn idir na Páirtithe;

ÓS MIAN LEO leathnú deiseanna aeriompair a éascú, lena n‑áirítear trí líonraí aeriompair a fhorbairt chun riachtanais paisinéirí agus lastóirí a chomhlíonadh le haghaidh seirbhísí aeriompair áisiúla;

AG AITHINT DÓIBH tábhacht an aeriompair chun trádáil, turasóireacht agus infheistíocht a chur chun cinn;

AG TABHAIRT DÁ nAIRE an Choinbhinsiúin um Eitlíocht Shibhialta Idirnáisiúnta, arna oscailt le haghaidh a shínithe in Chicago an 7 Nollaig 1944;

AG CUIMHNEAMH go bhforáiltear sa Chomhaontú Comhpháirtíochta agus Comhair idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit agus an Úcráin, d’fhonn forbairt chomhordaithe iompair a áirithiú idir na Páirtithe, atá oiriúnaithe dá riachtanais tráchtála,gur féidir déileáil le coinníollacha na rochtana frithpháirtí ar an margadh agus soláthar seirbhíse san aeriompar le comhaontuithe sonracha;

ÓS MIAN LEO a chumasú d’aeriompróirí praghsanna agus seirbhísí iomaíocha poiblí taistil agus lastais a sholáthar i margaí oscailte;

ÓS MIAN LEO go bhfaigheadh gach earnáil i dtionscal an aeriompair, lena n‑áirítear oibrithe aeriompróirí, tairbhe as comhaontú léirscaoilte;

AG BEARTÚ DÓIBH forbairt ar an gcreat comhaontuithe aeriompair reatha agus é mar sprioc rochtain a oscailt de réir a chéile ar mhargaí agus na tairbhí do na tomhaltóirí, aeriompróirí, lucht saothair agus pobail an dá Pháirtí a uasmhéadú;

AG AONTÚ DÓIBH go bhfuil sé iomchuí rialacha CAA a bhunú ar an reachtaíocht ábhartha laistigh den Aontas Eorpach, mar a leagtar síos in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gComhaontú seo, gan dochar do na forálacha sin atá sa Chonradh ar an Aontas Eorpach agus sa Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (Conarthaí an Aontais Eorpaigh) agus Bunreacht na hÚcráine;

AG TABHAIRT DÁ nAIRE gurb é rún na hÚcráine ceanglais agus caighdeáin chomhfhreagracha an Aontais Eorpaigh a ionchorprú ina reachtaíocht eitlíochta, lena n‑áirítear i ndáil le forbairtí reachtacha laistigh den Aontas sa todhchaí;

ÓS MIAN LEO an leibhéal is airde sábháilteachta agus slándála a áirithiú in aeriompar idirnáisiúnta agus ag athdhearbhú a n‑imní mhór dóibh maidir leis na gníomhartha nó na bagairtí in aghaidh slándáil aerárthaigh, a chuireann sábháilteacht daoine nó maoine i mbaol, a bhfuil drochthionchar acu ar oibríocht aerárthaigh agus a bhaineann an bonn de mhuinín an phobail taistil ar eitlíocht shibhialta;

AG AITHINT DÓIBH go dtugann comhlíontacht iomlán rialacha CAA teidlíocht do na Páirtithe leas a bhaint as na buntáistí ar fad lena n‑áirítear rochtain ar mhargaí agus tairbhí do na tomhaltóirí, agus tionscail an dá Pháirtí a uasmhéadú;

AG AITHINT DÓIBH nach féidir cruthú CAA agus cur chun feidhme a rialacha a bhaint amach gan comhaontuithe idirthréimhseacha;

AG AITHINT DÓIBH an tábhacht a bhaineann le cúnamh leordhóthanach chuige sin;

AG LEAGAN BÉIM DÓIBH gur cheart caitheamh le haeriompróirí ar bhealach trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach maidir lena rochtain ar bhonneagair aeriompair go háirithe i gcás ina bhfuil na bonneagair sin teoranta, lena n‑áirítear rochtain ar aerfoirt ach nach é sin amháin a áirítear;

ÓS MIAN LEO cothroime iomaíochta a áirithiú d’aeriompróirí, a cheadóidh deis chóir chothrom dá n‑aeriompróirí chun na seirbhísí comhaontaithe a oibriú;

AG AITHINT DÓIBH go bhféadfadh drochthionchar a bheith ag fóirdheontais rialtais ar iomaíocht aeriompróirí agus go bhféadfaidís bunchuspóirí an Chomhaontaithe seo a chur i mbaol;

AG DEIMHNIÚ DÓIBH an tábhacht a bhaineann leis an gcomhshaol a chosaint agus beartas eitlíochta idirnáisiúnta á fhorbairt agus á chur chun feidhme agus ag aithint dóibh cearta Stát ceannasach chun bearta iomchuí a ghlacadh chuige sin;

AG TABHAIRT DÁ nAIRE an tábhacht a bhaineann le tomhaltóirí a chosaint, lena n‑áirítear na cosaintí a thugtar sa Choinbhinsiún maidir le hAontú Rialacha Áirithe i dtaca le hIompar Idirnáisiúnta d’Aer, a rinneadh ag Montréal an 28 Bealtaine 1999;

AG FÁILTIÚ roimh an idirphlé leanúnach idir na Páirtithe chun a gcaidreamh a dhoimhniú i réimsí eile, go háirithe chun gluaiseacht daoine a éascú,

COMHAONTAÍONN SIAD MAR A LEANAS:

TEIDEAL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

AIRTEAGAL 1

CUSPÓIRÍ AGUS RAON FEIDHME

Is é is aidhm don Chomhaontú seo Comhlimistéar Eitlíochta a chruthú de réir a chéile idir an tAontas Eorpach, a Bhallstáit agus an Úcráin, atá bunaithe go háirithe ar rialacha comhionanna i réimsí na sábháilteachta, na slándála, an bhainistithe aerthráchta, an chomhshaoil, na cosanta tomhaltóirí, na gcóras áirithinte ar ríomhaire, agus maidir le gnéithe sóisialta chomh maith. Chun na críche sin, leagtar amach sa Chomhaontú seo na rialacha, ceanglais theicniúla, nósanna imeachta riaracháin, bunchaighdeáin oibríochta, rialacha cur chun feidhme is infheidhme idir na Páirtithe faoi na coinníollacha a leagtar amach thíos.

Bunófar an Comhlimistéar Eitlíochta seo ar rochtain shaor in aisce ar an margadh aeriompair agus coinníollacha iomaíochta comhionanna.

AIRTEAGAL 2

SAINMHÍNITHE

Chun críocha an Chomhaontaithe seo, mura sonraítear a mhalairt:

1.Ciallaíonn ‘seirbhísí comhaontaithe’ agus ‘bealaí sonraithe’ aeriompar idirnáisiúnta de bhun Airteagal 16 (Deonú Ceart) agus Iarscríbhinn II a ghabhann leis an gComhaontú seo;

2.ciallaíonn ‘comhaontú’ an Comhaontú seo, a Iarscríbhinní agus aon leasuithe leo;

3.Ciallaíonn ‘aeriompar’ iompar poiblí paisinéirí, bagáiste, lastais agus poist ar aerárthach, ar leithligh nó mar mheascán, le haghaidh luach saothair nó ar cíos, lena n‑áireofar, chun amhras a sheachaint, seirbhísí sceidealaithe agus neamhsceidealaithe (cairtfhostú) agus seirbhísí lastais iomlána;

4.Ciallaíonn ‘aeriompróir’ cuideachta nó gnóthas a bhfuil ceadúnas oibríochta bailí aici nó a chomhionann;

5.Ciallaíonn ‘údaráis inniúla’ na gníomhaireachtaí rialtais nó comhlachtaí poiblí atá freagrach as na feidhmeanna riaracháin faoin gComhaontú seo;

6.Ciallaíonn ‘cuideachtaí nó gnóthais’ eintitis arna mbunú faoin dlí sibhialta nó tráchtála, lena n‑áirítear comharchumainn, agus daoine dlítheanacha eile a rialaítear leis an dlí poiblí nó príobháideach, seachas iad sin atá neamhbhrabúsach;

7.Ciallaíonn ‘Coinbhinsiún’ an Coinbhinsiún um Eitlíocht Shibhialta Idirnáisiúnta, arna oscailt le haghaidh a shínithe in Chicago an 7 Nollaig 1944 agus áirítear ann:

(a)    aon leasú atá tagtha i bhfeidhm faoi Airteagal 94(a) den Choinbhinsiún agus a dhaingnigh an Úcráin agus Ballstát de chuid an Aontais Eorpaigh nó Ballstáit an Aontais;

agus

(b)    aon Iarscríbhinn nó aon leasú leis arna ghlacadh faoi Airteagal 90 den Choinbhinsiún, a mhéid atá éifeacht ag an Iarscríbhinn nó an leasú sin ag aon am maidir leis an Úcráin agus Ballstát de chuid an Aontais nó maidir le Ballstáit an Aontais de réir mar atá ábhartha don tsaincheist i gceist;

8.Ciallaíonn ‘Comhaontú ECAA’ an Comhaontú iltaobhach idir an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, Poblacht na hAlbáine, an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, Poblacht na Cróite, Poblacht iar-Iúgslavach na Macadóine, Poblacht na hÍoslainne, Poblacht Mhontainéagró, Ríocht na hIorua, Poblacht na Seirbia agus Misean na Náisiún Aontaithe sa Chosaiv 1 ar bhunú Comhlimistéir Eitlíochta Eorpaigh;

9.Ciallaíonn ‘EASA’ Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta na hEorpa, a bunaíodh i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Feabhra 2008 maidir le rialacha comhchoiteanna i réimse na heitlíochta sibhialta agus lenar bunaíodh Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta Eorpach agus lena n‑aisghairtear Treoir 91/670/CEE ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 1592/2002 agus Treoir 2004/36/CE;

10.ciallaíonn ‘rialú éifeachtach’ caidreamh comhdhéanta de chearta, conarthaí nó ar aon bhealach eile, a bhronnfaidh, ar leithligh nó i gcomhpháirt agus ag féachaint do bhreithnithe an fhíorais nó an dlí lena mbaineann, an fhéidearthacht go mbeadh tionchar díreach nó indíreach ar ghnóthas, go háirithe:

(a)    tríd an gceart chun sócmhainní uile nó cuid de shócmhainní gnóthais a úsáid;

(b)    trí chearta nó conarthaí lena mbronntar tionchar cinntitheach ar chomhdhéanamh, vótáil nó cinntí comhlachtaí gnóthais nó a bhronnann ar bhealach eile tionchar cinntitheach ar reáchtáil ghnó an ghnóthais;

11.Ciallaíonn ‘smacht rialaitheach éifeachtach’ go bhfíoraíonn údarás inniúil ceadúnúcháin Páirtí, a d’eisigh an ceadúnas nó cead oibríochta d’aeriompróir, go sásaíonn an t‑aeriompróir sin go leanúnach na critéir is infheidhme le haghaidh oibriú aersheirbhísí idirnáisiúnta, a n‑eisítear an ceadúnas nó cead oibríochta ar a mbonn, i gcomhréir leis na dlíthe agus rialacháin náisiúnta, agus i ndáil le slándáil agus sábháilteacht go gcothaíonn an t‑údarás inniúil formhaoirseacht chuí i gcomhréir le caighdeáin ICAO ar a laghad;

12.Ciallaíonn ‘Conarthaí an Aontais Eorpaigh’ an Conradh ar an Aontas Eorpach agus an Conradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh;

13.ciallaíonn ‘Ballstát de chuid an Aontais Eorpaigh’ Ballstát den Aontas Eorpach;

14.Ciallaíonn ‘oiriúnacht’ an bhfuil aeriompróir oiriúnach chun aersheirbhísí idirnáisiúnta a oibriú, is é sin, an bhfuil cumas airgeadais sásúil agus saineolas bainistíochta leordhóthanach aige agus an gcomhlíonann sé na dlíthe, na rialacháin agus na ceanglais a rialaíonn oibríocht na seirbhísí sin;

15.Ciallaíonn ‘cearta an cúigiú saoirse’ an ceart nó pribhléid a bhronnann stát amháin (‘an Stát is Bronntóir’) ar aeriompróirí Stáit eile (‘an Stát is Faighteoir’), chun seirbhísí aeriompair idirnáisiúnta a sholáthar idir críoch an Stáit is Bronntóir agus críoch tríú stát, faoi réir an choinníll go dtionscnaíonn nó go gcríochnaíonn na seirbhísí sin i gcríoch an Stáit is Faighteoir;

16.Ciallaíonn ‘costas iomlán’ an costas a bhaineann le haersheirbhís a sholáthar móide muirear réasúnach le haghaidh forchostas riaracháin agus i gcás inarb ábhartha aon táille is infheidhme dírithe ar chostais chomhshaoil a léiriú agus arna gcur i bhfeidhm gan idirdhealú maidir le náisiúntacht;”

17.Ciallaíonn ‘ICAO’ an Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta arna bunú de réir an Choinbhinsiúin;

18.Ciallaíonn ‘aeriompar idirnáisiúnta’ aeriompar idir pointí in dhá Stát ar a laghad;

19.Ciallaíonn ‘iompar idirmhódúil’ iompar poiblí paisinéirí, bagáiste, lastais agus poist ar aerárthach agus ar mhodh iompair de mhuir is tír amháin nó níos mó, ar leithligh nó mar mheascán, le haghaidh luach saothair nó ar cíos;

20.Ciallaíonn ‘beart’ aon bheart ag Páirtí, bíodh sé i bhfoirm dlí, rialacháin, rialach, nós imeachta, cinnidh, gníomh riaracháin, nó aon fhoirm eile;

21.Callaíonn ‘saoránach’:

(a)    aon duine ag a bhfuil náisiúntacht na hÚcráine i gcás na hÚcráine, nó náisiúntacht Ballstáit de chuid an Aontais i gcás an Aontais Eorpaigh agus a Bhallstát; nó

(b)    aon eintiteas dlítheanach (i) atá faoi úinéireacht dhíreach nó trí úinéireacht tromlaigh agus atá faoi rialúchán éifeachtach ag gach am ag daoine nó eintitis a bhfuil náisiúntacht na hÚcráine acu i gcás na hÚcráine, nó daoine nó eintitis a bhfuil náisiúntacht Ballstáit de chuid an Aontais nó ceann de na stáit eile arna liostú in Iarscríbhinn V i gcás an Aontais Eorpaigh agus a Bhallstáit, agus (ii) a bhfuil a phríomháit ghnó san Úcráin i gcás na hÚcráine nó i mBallstát i gcás an Aontais Eorpaigh agus a Bhallstát;

22.Ciallaíonn ‘náisiúntacht’, nuair a thagraítear d’aeriompróir, cibé an sásaíonn aeriompróir ceanglais maidir le saincheisteanna amhail a úinéireacht, rialú éifeachtach agus príomháit ghnó;

23.Ciallaíonn ‘ceadúnas oibriúcháin’:

(a)    i gcás an Aontais Eorpaigh agus a Bhallstát údarú a dheonaíonn údarás inniúil ceadúnúcháin do chuideachta nó do ghnóthas, ag ceadú di nó dó aersheirbhísí a sholáthar faoi reachtaíocht ábhartha an Aontais agus

(b)    i gcás na hÚcráine, ciallaíonn sé ceadúnas le haghaidh iompar aeir paisinéirí agus/nó lastais, arna thabhairt faoi reachtaíocht ábhartha na hÚcráine;

24.Ciallaíonn ‘praghas’:

(a)    ‘táillí eitilte’ le híoc le haeriompróirí nó a ngníomhairí nó díoltóirí ticéid eile chun paisinéirí agus bagáiste a iompar ar aersheirbhísí agus aon choinníollacha faoina mbaineann na praghsanna sin, lena n‑áirítear luach saothair agus coinníollacha a thairgtear do sheirbhísí gníomhaireachta agus do sheirbhísí coimhdeacha eile; agus

(b)    ‘rátaí eitilte’ le híoc chun postas agus lastas a iompar agus na coinníollacha faoina bhfuil feidhm ag na praghsanna sin, lena n‑áirítear luach saothair agus coinníollacha a thairgtear do sheirbhísí gníomhaireachta agus do sheirbhísí coimhdeacha eile.

Cumhdaítear sa sainmhíniú sin, i gcás inarb infheidhme, an t‑iompar de mhuir is tír a bhaineann le haeriompar idirnáisiúnta, agus na coinníollacha lena bhfuil a gcur i bhfeidhm faoina réir;

25.Ciallaíonn ‘Comhaontú Comhpháirtíochta agus Comhair’ Comhaontú Comhpháirtíochta agus Comhair idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, agus an Úcráin, arna dhéanamh i Lucsamburg an 14 Meitheamh 1994, agus aon ionstraim chomharba;

26.ciallaíonn ‘príomháit ghnó’ ceannoifig nó oifig chláraithe aeriompróra, ina bhfeidhmítear na príomhfheidhmeanna airgeadais agus an rialú oibríochtúil, lena n‑áirítear bainistíocht aerfhiúntais an aeriompróra seo;

27.ciallaíonn ‘oibleagáid seirbhíse poiblí’ aon oibleagáid a fhorchuirtear ar aeriompróirí chun soláthar aersheirbhísí sceidealaithe a áirithiú ar bhealach sonraithe a shásaíonn caighdeáin leanúnachais, rialtachta, praghsála agus íoschumas nach mbeadh ar aeriompróirí mura mbeadh ach a leas tráchtála ar intinn acu. D’fhéadfadh an Páirtí lena mbaineann aeriompróirí a chúiteamh as oibleagáidí seirbhíse poiblí a chomhlíonadh;

28.Ciallaíonn ‘SESAR’ Clár Taighde BAT maidir leis an Aerspás Eorpach Aonair arb é an ghné theicneolaíochta den Aerspás Eorpach Aonair í a bhfuil sé mar aidhm léi faoi 2020 bonneagar rialaithe aerthráchta ardfheidhmíochta a chur ar fáil don Aontas Eorpach chun a chumasú go ndéanfar, ar aeriompar, forbairt shábháilte agus neamhdhíobhálach don chomhshaol;

29.Ciallaíonn ‘fóirdheontas’ aon ranníocaíocht airgeadais a bhronnann comhlacht poiblí nó eagraíocht phoiblí réigiúnach nó eagraíocht phoiblí eile, i.e.:

(a)    i gcás ina mbaineann aistriú díreach cistí amhail deontais, iasachtaí nó instealltaí cothromais, aistriú díreach féideartha cistí chuig an gcuideachta, glacadh dliteanais na cuideachta amhail ráthaíochtaí iasachta, instealltaí caipitil, úinéireacht, cosaint ar féimheacht nó árachas le cleachtas rialtais nó comhlachta phoiblí réigiúnaigh nó eagraíochta poiblí eile;

(b)    i gcás ina dtarscaoiltear, nach mbailítear, nó ina laghdaítear go míchuí ioncam rialtais nó comhlachta réigiúnaí nó eagraíochta poiblí;

(c)    i gcás ina soláthraíonn rialtas nó comhlacht réigiúnach nó eagraíocht phoiblí eile earraí nó seirbhísí seachas bonneagar ginearálta, nó ceannacháin earraí nó seirbhísí; nó

(d)    i gcás ina ndéanann rialtas nó comhlacht réigiúnach nó eagraíocht phoiblí eile íocaíochtaí le sásra maoinithe nó ina gcuirfidh sé de chúram ar chomhlacht príobháideach, nó ina dtreoraíonn sé an comhlacht príobháideach sin, ceann amháin nó níos mó de na cineálacha feidhmeanna a dhéanamh arna léiriú faoi (a), (b) agus (c) a bheadh dílsithe de ghnáth sa rialtas, agus i gcleachtas, nach bhfuil sé difriúil ar aon bhealach le cleachtais a leanann rialtais de ghnáth;

agus i gcás ina mbronntar tairbhe leis sin.

30.Ciallóidh ‘na Páirtithe’, ar thaobh amháin, an tAontas Eorpach nó a Bhallstáit, nó an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, i gcomhréir lena gcumhachtaí faoi seach, agus ar an taobh eile, an Úcráin;

31.ciallaíonn ‘críoch’ i ndáil leis an Úcráin na hachair talún agus na huiscí críochacha in aice leo faoi cheannasacht na hÚcráine, agus i ndáil leis an Aontas Eorpach, na hachair talún (mórthír agus oileáin), uiscí inmheánacha agus farraige theorann, ina gcuirtear chun feidhme an Conradh ar an Aontas Eorpach agus an Conradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus faoi na coinníollacha atá leagtha síos sna Conarthaí sin agus aon ionstraim chomharba;

32.ciallaíonn ‘comhaontú idirthurais’ an Comhaontú maidir le hIdirthurais Aersheirbhísí Idirnáisiúnta, arna dhéanamh in Chicago an 7 Nollaig 1944; agus

33.Ciallaíonn ‘muirear úsáideora’ an muirear a ghearrann an t‑údarás inniúil ar aeriompróirí nó a cheadaíonn an t‑údarás sin as aerárthaí, a gcriúnna, paisinéirí, lastas agus postas a bheith ag úsáid a saoráidí agus seirbhísí a bhaineann le haerloingseoireacht (lena n‑áirítear i gcás traseitilte), rialú aerthráchta, aerfort agus slándáil eitlíochta.

AIRTEAGAL 3

CUR CHUN FEIDHME AN CHOMHAONTAITHE

1.    Glacfaidh na Páirtithe gach beart is iomchuí, bíodh sin ginearálta nó sonraithe, lena áirithiú go gcomhlíontar na hoibleagáidí a eascraíonn as an gComhaontú seo agus staonfaidh siad ó aon bheart a d’fhéadfadh baint amach chuspóirí an Chomhaontaithe seo a chur i mbaol.

2.    Beidh cur chun feidhme na mbeart thuasluaite gan dochar do chearta agus oibleagáidí aon Pháirtí a eascraíonn as a rannpháirtíocht in eagraíochtaí idirnáisiúnta agus/nó comhaontuithe idirnáisiúnta, go háirithe an Coinbhinsiún agus an Comhaontú Idirthurais.

3.    Agus prionsabail mhír 1 den Airteagal seo á gcur i bhfeidhm, déanfaidh na Páirtithe na nithe a leanas:

(a)    laistigh de raon feidhme an Chomhaontaithe seo, díothóidh siad gach beart aontaobhach riaracháin, teicniúil nó eile, a d’fhéadfadh a bheith ina shrianadh indíreach agus a mbeadh éifeachtaí idirdhealaitheacha aige ar sholáthar aersheirbhísí faoin gComhaontú seo; agus

(b)    laistigh de raon feidhme an Chomhaontaithe seo, cuirfidh siad srian le cur chun feidhme beart riaracháin, teicniúil nó reachtach a d’fhéadfadh idirdhealú a dhéanamh in aghaidh náisiúnach nó cuideachtaí nó gnóthas de chuid an Pháirtí eile i soláthar seirbhísí faoin gComhaontú seo.

AIRTEAGAL 4

NEAMH-IDIRDHEALÚ

Laistigh de raon feidhme an Chomhaontaithe seo, agus gan dochar d’aon fhorálacha speisialta atá ann, coiscfear aon idirdhealú ar fhorais náisiúntachta.

TEIDEAL II

COMHAR RIALÁLA

AIRTEAGAL 5

CEANGLAIS GHINEARÁLTA AN CHOMHAIR RIALÁLA

1.Comhoibreoidh na Páirtithe trí gach modh féideartha chun go n‑áiritheofar ionchorprú forásach ceanglais agus caighdeáin achtanna an Aontais Eorpaigh dá dtagraítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gComhaontú seo i reachtaíocht na hÚcráine, chomh maith le cur chun feidhme na bhforálacha seo ag an Úcráin trí:

(a)    comhairliúcháin thréimhsiúla, laistigh de chreat an Chomhchoiste dá dtagraítear in Airteagal 29 (Comhchoiste) den Chomhaontú seo maidir le léirmhíniú reachtaíocht an Aontais dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a bhaineann le sábháilteacht agus slándáil eitlíochta, bainistíocht aerthráchta, cosaint an chomhshaoil, rochtain ar an margadh agus saincheisteanna coimhdeacha, cúrsaí sóisialta, cosaint tomhaltóirí agus réimsí eile a chumhdaítear sa Chomhaontú seo;

(b)    cúnamh leordhóthanach a sholáthar i réimsí sonracha arna sainaithint ag na Páirtithe;

(c)    comhairliúcháin agus malartú faisnéise maidir le reachtaíocht nua de réir Airteagal 15 (Reachtaíocht Nua) den Chomhaontú seo.

2.Glacfaidh an Úcráin na bearta riachtanacha chun ceanglais agus caighdeáin ghníomhartha an Aontais Eorpaigh a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gComhaontú seo a ionchorprú i gcóras dlí na hÚcráine agus a chur chun feidhme, de réir na socruithe idirthréimhseacha a shonraítear in Airteagal 33 (Socruithe Idirthréimhseacha) agus Iarscríbhinn III lena mbaineann a ghabhann leis an gComhaontú seo.

3.Cuirfidh na Páirtithe na Páirtithe eile ar an eolas faoina n‑údaráis faoi seach atá freagrach as réimse na formhaoirseachta sábháilteachta, aerfhiúntais, ceadúnaithe aeriompróirí, cúrsaí aerfoirt, slándála eitlíochta, bainistíochta aerthráchta, imscrúdaithe tionóiscí agus teagmhais, táillí aerloingseoireachta agus aerfoirt a bhunú gan mhoill tríd an gComhchoiste dá dtagraítear in Airteagal 29 (Comhchoiste) den Chomhaontú seo.

AIRTEAGAL 6

COMHLÍONTACHT LE DLÍTHE AGUS RIALACHÁIN

1.Fad atáthar ag dul isteach, i gcríoch Pháirtí amháin, laistigh di, nó á fágáil cloífidh aeriompróirí an Pháirtí eile leis na dlíthe agus na rialacháin is infheidhme laistigh den chríoch sin a bhaineann le cead isteach ina chríoch nó imeacht óna chríoch ag aerárthach atá i mbun aeriompair, nó le hoibriú agus loingseoireacht aerárthaigh.

2.Fad atáthar ag dul isteach i gcríoch Pháirtí amháin, laistigh nó á fágáil, cloífidh paisinéirí, criú nó lastas aeriompróirí an Pháirtí eile nó cloífear thar a gceann, leis na dlíthe agus na rialacháin is infheidhme laistigh den chríoch sin a bhaineann le cead isteach ina chríoch nó imeacht óna chríoch ag paisinéirí, criú nó lastas ar aerárthach (lena n‑áirítear rialacháin a bhaineann le dul isteach, imréiteach, inimirce, pasanna, custaim agus coraintín, nó i an Úcráin chun feabhas a chur ar chaighdeán sábháilteachta gcas postais, rialacháin phoist).



AIRTEAGAL 7

SÁBHÁILTEACHT EITLÍOCHTA

1.Faoi réir na bhforálacha idirthréimhseacha arna leagan amach in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an gComhaontú seo, feidhmeoidh na Páirtithe i gcomhréir lena reachtaíocht faoi seach lena mbaineann na ceanglais agus na caighdeáin a bhaineann le sábháilteacht eitlíochta a shonraítear i gCuid C d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gComhaontú seo, faoi na coinníollacha a leagtar amach thíos.

2.Fad a leanfaidh an Úcráin d’fheidhmeanna agus tascanna Stát an deartha, an mhonaraithe, an chláraithe agus an oibreora a dhéanamh, dá bhforáiltear sa Choinbhinsiún, ionchorpróidh sí ina reachtaíocht agus cuirfidh sí chun feidhme go héifeachtach na ceanglais agus na caighdeáin dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, i gcomhréir leis na forálacha idirthréimhseacha a shonraítear in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an gComhaontú seo.

3.Comhoibreoidh na Páirtithe lena áirithiú go gcuireann an Úcráin a reachtaíocht chun feidhme go héifeachtach, reachtaíocht a ghlacfar agus é mar aidhm léi na ceanglais agus na caighdeáin dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a ionchorprú. Chuige sin, beidh an Úcráin páirteach in obair EASA mar bhreathnóir ón dáta a thagann an Comhaontú seo i bhfeidhm, mar a bhforáiltear in Iarscríbhinn VI a ghabhann leis an gComhaontú seo

4.Lena áirithiú go bhfeidhmítear na seirbhísí comhaontaithe faoi fhomhíreanna 1(a), (b), (c) agus (d) d’Airteagal 16 (Deonú Ceart) den Chomhaontú seo, aithneoidh gach Páirtí go bhfuil deimhnithe aerfhiúntais, deimhnithe inniúlachta agus ceadúnais arna n‑eisiúint nó arna mbailíochtú ag an bPáirtí eile agus atá fós i bhfeidhm, bailí, ar choinníoll go bhfuil na ceanglais le haghaidh na ndeimhnithe nó na gceadúnas sin ar a laghad cothrom leis na híoscheanglais a d’fhéadfaí a bhunú de bhun an Choinbhinsiúin.

5.Cinnfear aitheantas Bhallstáit an Aontais ar dheimhnithe a eisíonn an Úcráin dá dtagraítear in Iarscríbhinn IV, Roinn I a ghabhann leis an gComhaontú seo i gcomhréir leis na forálacha a shonraítear in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an gComhaontú seo.

6.Comhoibreoidh na Páirtithe i dtreo córais um dheimhniú a chóineasú i réimsí na haeracmhainneachta tosaigh agus leanúnaí.

7.Áiritheoidh na Páirtithe go mbeidh aerárthach atá cláraithe i bPáirtí amháin a bhfuil amhras faoi i dtaobh neamhchomhlíonadh caighdeán sábháilteachta eitlíochta idirnáisiúnta de bhun an Choinbhinsiúin agus ag tuirlingt ag aerfoirt atá oscailte le haghaidh aerthrácht idirnáisiúnta i gcríoch an Pháirtí eile faoi réir iniúchtaí rampa ag údaráis inniúla an Pháirtí eile sin, ar bord an aerárthaigh agus timpeall air, chun bailíocht dhoiciméid an aerárthaigh agus dhoiciméid a chriú agus riocht dhealraitheach an aerárthaigh agus a threalamh araon a sheiceáil.

8.Malartóidh na Páirtithe faisnéis, lena n‑áirítear aon toradh, a shainaithnítear i rith iniúchtaí rampa a dhéantar i gcomhréir le mír 7 den Airteagal seo trí na modhanna ábhartha.

9.Féadfaidh údaráis inniúla Páirtí comhairliúcháin le húdaráis inniúla an Pháirtí eile a iarraidh ag aon am maidir le caighdeáin sábháilteachta a chothaíonn an Páirtí eile, lena n‑áirítear i réimsí seachas na réimsí a chumhdaítear sna gníomhartha dá dtagraítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gComhaontú seo, nó maidir le torthaí, arna sainaithint i rith iniúchtaí rampa. Déanfar na comhairliúcháin sin laistigh de 30 lá ón iarraidh sin.

10.Ní fhorléireofar aon ní sa Chomhaontú seo amhail údarás Páirtí a theorannú chun na beartais iomchuí agus láithreacha ar fad a ghlacadh pé uair a fhionnfaidh sé go bhféadfadh aerárthach, táirge nó oibríocht:

(a)    maidir leis na híoschaighdeáin arna mbunú de bhun an Choinbhinsiúin nó na ceanglais agus na caighdeáin arna sonrú i Roinn C d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gComhaontú seo, cibé acu is infheidhme, gan na híoschaighdeáin sin a shásamh;

(b)    a bheith ina chúis le húdair imní thromchúiseacha – arna mbunú trí iniúchadh dá dtagraítear i mír 7 den Airteagal seo – nach gcomhlíonann aerárthach nó oibríocht aerárthaigh na híoschaighdeáin arna mbunú de bhun an Choinbhinsiúin nó na ceanglais agus na caighdeáin arna sonrú i Roinn C d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gComhaontú seo, cibé acu is infheidhme; nó

(c)    a bheith ina chúis le húdair imní thromchúiseacha go bhfuil easpa cothabhála agus riaracháin éifeachtaigh ar na híoschaighdeáin a bhunaítear de bhun an Choinbhinsiúin nó na ceanglais agus na caighdeáin a shonraítear i Roinn C d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gComhaontú seo, cibé acu is infheidhme.

11.I gcás ina nglacann Páirtí gníomhaíocht faoi mhír 10 den Airteagal seo, cuirfidh sé údaráis inniúla an Pháirtí eile ar an eolas go pras maidir leis an ngníomhaíocht a ghlacadh, agus tabharfaidh sé cúiseanna leis an ngníomhaíocht.

12.I gcás ina leantar de bhearta arna nglacadh trí mhír 10 den Airteagal seo a chur i bhfeidhm cé nach ann don bhunús leis na bearta a thuilleadh, féadfaidh an Páirtí an t‑ábhar a chur faoi bhráid an Chomhchoiste.

13.Cuirfidh an Páirtí lena mbaineann aon leasuithe ar an dlí náisiúnta i ndáil le stádas údaráis inniúla na hÚcráine nó aon údaráis inniúil de chuid Bhallstáit an Aontais, in iúl do na Páirtithe eile gan mhoill.



AIRTEAGAL 8

SLÁNDÁIL EITLÍOCHTA

1.Ionchorpróidh an Úcráin ina reachtaíocht agus cuirfidh sí chun feidhme go héifeachtach na ceanglais atá i nDoiciméad 30, Roinn II de ECAC (an Chomhdháil Eorpach um Eitlíocht Shibhialta) i gcomhréir leis na forálacha idirthréimhseacha a shonraítear in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an gComhaontú seo. I gcomhthéacs na measúnuithe dá bhforáiltear in Airteagal 33 (Socruithe Idirthréimhseacha), mír 2 den Chomhaontú seo, féadfaidh cigirí an Choimisiúin Eorpaigh páirt a ghlacadh mar bhreathnóirí sna hiniúchtaí a dhéanann údaráis inniúla na hÚcráine in aerfoirt atá i gcríoch na hÚcráine, de réir sásra a chomhaontóidh an dá Pháirtí. Beidh an Comhaontú sin gan dochar do chearta agus oibleagáidí na hÚcráine agus Bhallstáit an Aontais faoi fhorálacha Iarscríbhinn 17 a ghabhann leis an gCoinbhinsiún.

2.Agus ráthaíocht sábháilteachta le haghaidh aerárthaí sibhialta, a bpaisinéirí agus a gcriú ina réamhchoinníoll bunúsach chun aersheirbhísí idirnáisiúnta a oibriú, athdhearbhaíonn na Páirtithe a n‑oibleagáidí dá chéile chun foráil a dhéanamh maidir le slándáil na heitlíochta sibhialta in aghaidh gníomhartha de chur isteach neamhdhleathach, agus go háirithe a n‑oibleagáidí faoin gCoinbhinsiún, an Coinbhinsiún um Chionta agus Gníomhartha áirithe eile a dhéantar ar Bord Aerárthaí, a síníodh i dTóiceo an 14 Meán Fómhair 1963, an Coinbhinsiún chun Cosc a chur le hUrghabháil Neamhdhleathach Aerárthaí, a síníodh sa Háig an 16 Nollaig 1970, an Coinbhinsiún chun Cosc a chur le Gníomhartha Neamhdhleathacha in aghaidh Shábháilteacht na hEitlíochta Sibhialta, a síníodh in Montréal an 23 Meán Fómhair 1971, Prótacal maidir le Cosc a chur le Gníomhartha Neamhdhleathacha Foréigin in Aerfoirt a Fhónann don Eitlíocht Shibhialta Idirnáisiúnta, a síníodh in Montréal an 24 Feabhra 1988 agus an Coinbhinsiún maidir le Pléascáin Phlaisteacha a Mharcáil chun críoch a mBraite a síníodh in Montréal an 1 Márta 1991, a mhéid a bhfuil an dá Pháirtí ina bpáirtithe sna coinbhinsiúin sin, chomh maith le gach coinbhinsiún agus prótacal eile a bhaineann le slándáil eitlíocht shibhialta a bhfuil an dá Pháirtí ina bpáirtithe leo.

3.Soláthróidh na Páirtithe, arna iarraidh sin, gach cúnamh riachtanach dá chéile chun cosc a chur le gníomhartha neamhdhleathacha um urghabháil aerárthaí sibhialta agus gníomhartha neamhdhleathacha eile in aghaidh shábháilteacht na n‑aerárthaí sin, a bpaisinéirí agus a gcriú, aerfoirt agus saoráidí aerloingseoireachta, agus aon bhagairt eile ar shlándáil na heitlíochta sibhialta.

4.Feidhmeoidh na Páirtithe, ina gcaidreamh frithpháirteach, i gcomhréir leis na Caighdeáin um shlándáil eitlíochta agus, a mhéid a chuireann siad i bhfeidhm iad, na Cleachtais Mholta arna mbunú ag ICAO agus arna sainiú mar Iarscríbhinní a ghabhann leis an gCoinbhinsiún, a mhéid atá forálacha slándála den chineál sin infheidhme maidir leis na Páirtithe. Éileoidh an dá Pháirtí go bhfeidhmeoidh oibreoirí aerárthaigh ina gclár, oibreoirí a bhfuil a bpríomháit ghnó nó a bhfuil buanchónaí orthu ina gcríoch, agus na hoibreoirí aerfort ina gcríoch, i gcomhréir leis na forálacha slándála eitlíochta sin.

5.Áiritheoidh gach Páirtí go nglacfar bearta éifeachtacha ina chríoch chun an eitlíocht shibhialta a chosaint ar ghníomhaíochtaí cur isteach neamhdhleathach, lena n‑áirítear, mar aon le nithe nach iad, scagadh paisinéirí agus a mbagáiste cábáin, scagadh bagáiste boilg agus rialuithe slándála le haghaidh lastais agus postais roimh aerárthach a bhordáil nó a lódáil, chomh maith le rialuithe slándála le haghaidh soláthairtí le linn eitilte agus soláthairtí aerfoirt agus rialú rochtana agus scagadh daoine nach paisinéirí iad nuair a théann siad isteach i limistéir srianta slándála. Cuirfear na bearta sin in oiriúint de réir mar is gá, le dul i ngleic le leochaileachtaí agus bagairtí san eitlíocht shibhialta. Comhaontaíonn gach Páirtí go bhféadfaí a éileamh ar a n‑aeriompróirí na forálacha slándála eitlíochta dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo a éilíonn an Páirtí eile a urramú, maidir le dul isteach i gcríoch an Pháirtí eile sin, imeacht uaithi nó le linn fanacht inti.

6.Maidir le haon iarraidh ón bPáirtí eile ar bhearta slándála réasúnacha chun bagairt ar leith a chomhrac, déanfaidh Páirtí an iarraidh sin a mheas go deimhneach. Seachas i gcás nach féidir sin a dhéanamh go réasúnach i gcás éigeandála, cuirfidh gach Páirtí an Páirtí eile ar an eolas roimh aon bhearta slándála speisialta a bhfuil sé i gceist aige a thabhairt isteach a d’fhéadfadh tionchar suntasach airgeadais nó oibríochtúil a imirt ar sheirbhísí aeriompair arna bhforáil faoin gComhaontú seo. Féadfaidh ceachtar Páirtí cruinniú den Chomhchoiste a iarraidh chun bearta slándála den sórt sin a phlé, dá bhforáiltear in Airteagal 29 (Comhchoiste) den Chomhaontú seo.

7.Nuair a tharlaíonn teagmhas nó bagairt teagmhais um urghabháil aerárthaigh shibhialta nó gníomhartha neamhdhleathacha eile in aghaidh shábháilteacht na n‑aerárthach sin, a bpaisinéirí agus a gcriú, aerfort nó saoráidí aerloingseoireachta, cuideoidh na Páirtithe lena chéile trí chumarsáid a éascú agus aon bhearta iomchuí eile chun deireadh a chur leis an eachtra nó leis an mbagairt go tapa agus go sábháilte.

8.Glacfaidh gach Páirtí bearta a mheasann sé a bheith indéanta go praiticiúil lena áirithiú go gcoimeádtar aerárthach atá ar an talamh ina chríoch atá faoi réir gníomh um urghabháil neamhdhleathach nó gníomhartha eile de chur isteach neamhdhleathach ar an talamh murar gá don aerárthach imeacht mar gheall ar dhualgas sáraitheach chun beatha daoine a chosaint. I ngach cás inar praiticiúil, glacfar na bearta sin ar bhonn comhairliúcháin fhrithpháirteacha.

9.I gcás ina bhfuil forais réasúnacha ag Páirtí lena chreidiúint gur imigh an Páirtí eile ó fhorálacha um shlándáil eitlíochta an Airteagail seo, iarrfaidh an Páirtí sin comhairliúcháin láithreach leis an bPáirtí eile.

10.Gan dochar d’Airteagal 19 (Diúltú, Cúlghairm, Fionraíocht, Teorannú Údaraithe nó Cead Teicniúil) den Chomhaontú seo, má theiptear teacht ar chomhaontú sásúil laistigh de 15 lá ó dháta na hiarrata sin, is údar é sin chun coinníollacha a choinneáil siar, a chúlghairm, a theorannú nó a ghearradh ar údarú oibríochtúil aeriompróra amháin nó níos mó de chuid an Pháirtí eile sin.

11.Nuair a éilítear é sin de bharr bagairt láithreach neamhchoitianta, féadfaidh Páirtí gníomhaíocht eatramhach a ghlacadh sula dtéann na 15 lá in éag.

12.Cuirfear deireadh le haon ghníomhaíocht a ghlactar i gcomhréir le míreanna 10 agus 11 den Airteagal seo nuair a chomhlíonann an Páirtí eile forálacha iomlána an Airteagail seo.

AIRTEAGAL 9

BAINISTÍOCHT AERTHRÁCHTA

1.Faoi réir na bhforálacha idirthréimhseacha arna leagan amach in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an gComhaontú seo, feidhmeoidh na Páirtithe i gcomhréir lena reachtaíocht faoi seach lena mbaineann na ceanglais agus na caighdeáin a bhaineann le bainistíocht aerthráchta a shonraítear i gCuid B d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gComhaontú seo, faoi na coinníollacha a leagtar amach thíos.

2.Ionchorpróidh an Úcráin na ceanglais agus na caighdeáin dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo ina reachtaíocht agus cuirfidh sí chun feidhme go héifeachtach iad, i gcomhréir leis na forálacha idirthréimhseacha a shonraítear in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an gComhaontú seo.

3.Comhoibreoidh na Páirtithe i réimse na bainistíochta aerthráchta lena áirithiú go gcuireann an Úcráin a reachtaíocht chun feidhme go héifeachtach agus é mar aidhm acu na ceanglais agus na caighdeáin dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a ionchorprú, agus d’fhonn an tAerspás Eorpach Aonair a leathnú chuig an Úcráin chun feabhas a chur ar chaighdeán sábháilteachta agus éifeachtúlachta fhoriomlána oibríochtaí aerthráchta ginearálta reatha san Eoraip, chun inniúlachtaí rialaithe aerthráchta a bharrfheabhsú, chun moill a íoslaghdú agus chun éifeachtúlacht chomhshaoil a mhéadú.

4.Chun na críche sin, beidh an Úcráin páirteach mar bhreathnóir sa Choiste um Aerspás Aonair ón dáta a thiocfaidh an Comhaontú i bhfeidhm agus beidh eintitis agus/nó údaráis inniúla na hÚcráine bainteach ar bhonn neamh-idirdhealaitheach, trí chomhar iomchuí maidir le SESAR i gcomhréir leis an reachtaíocht ábhartha.

5.Beidh an Comhchoiste freagrach as faireachán agus comhar a éascú i réimse na bainistíochta aerthráchta.

6.D’fhonn cur i bhfeidhm reachtaíocht an Aerspáis Eorpaigh Aonair a éascú:

(a)    Glacfaidh an Úcráin na bearta riachtanacha chun a struchtúir institiúideacha aerthráchta a choigeartú chuig an Aerspás Eorpach Aonair; agus

(b)    éascóidh an tAontas Eorpach rannpháirtíocht na hÚcráine i ngníomhaíochtaí oibríochtúla i réimsí na seirbhísí aerloingseoireachta, úsáide aerspáis agus idir-inoibritheachta a eascraíonn as an Aerspás Eorpach Aonair.

7.Beidh an Comhaontú seo gan dochar do chearta agus oibleagáidí na hÚcráine faoin gCoinbhinsiún, chomh maith le comhaontuithe aerloingseoireachta réigiúnacha atá i bhfeidhm agus arna bhformheas ag Comhairle ICAO. Tar éis don Chomhaontú seo teacht i bhfeidhm, ba cheart go gcloífeadh aon chomhaontú réigiúnach a dhéanfar ina dhiaidh sin lena fhorálacha.

8.D’fhonn ardleibhéal sábháilteachta a choinneáil ar bun chun inniúlacht an aerspáis agus éifeachtúlacht na bainistíochta aerthráchta a uasmhéadú agus faoi réir na bhforálacha idirthréimhseacha a leagtar amach in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an gComhaontú seo, eagróidh an Úcráin an t‑aerspás faoina freagracht i gcomhréir le ceanglais an Aontais lena mbaineann bunú bloc feidhme aerspáis (FAB), dá dtagraítear i Cuid B d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gComhaontú seo.

Oibreoidh na Páirtithe i gcomhar chun breith a dhéanamh ar chomhtháthú féideartha an aerspáis faoi fhreagracht na hÚcráine in FAB, i gcomhréir le reachtaíocht an Aontais agus ag tabhairt tairbhí oibríochtúla an chomhtháthaithe sin san áireamh.

9.Cinnfear aitheantas Bhallstáit an Aontais ar dheimhnithe ábhartha arna n‑eisiúint ag an Úcráin dá dtagraítear in Iarscríbhinn IV, roinn 2 a ghabhann leis an gComhaontú seo i gcomhréir leis na forálacha a shonraítear in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an gComhaontú seo.

AIRTEAGAL 10

AN COMHSHAOL

1.Aithníonn na Páirtithe an tábhacht a bhaineann leis an gcomhshaol a chosaint agus beartas eitlíochta á fhorbairt agus á chur chun feidhme. Aithníonn na Páirtithe go bhfuil gá le gníomhaíocht dhomhanda, réigiúnach, náisiúnta agus/nó áitiúil chun tionchar na heitlíochta sibhialta ar an gcomhshaol a íoslaghdú.

2.Faoi réir na bhforálacha idirthréimhseacha arna leagan amach in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an gComhaontú seo, feidhmeoidh na Páirtithe i gcomhréir lena reachtaíocht faoi seach lena mbaineann na ceanglais agus na caighdeáin a bhaineann leis an gcomhshaol a shonraítear i gCuid D d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gComhaontú seo, faoi na coinníollacha a leagtar amach thíos.

3.Ionchorpróidh an Úcráin na ceanglais agus na caighdeáin dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo ina reachtaíocht agus cuirfidh sí chun feidhme go héifeachtach iad, i gcomhréir leis na forálacha idirthréimhseacha a shonraítear in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an gComhaontú seo.

4.Comhoibreoidh na Páirtithe lena áirithiú go gcuireann an Úcráin a reachtaíocht chun feidhme go héifeachtach agus é mar aidhm léi na ceanglais agus na caighdeáin dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo a ionchorprú, agus aitheantas á thabhairt don tábhacht a bhaineann le hoibriú le chéile, agus laistigh de chreat an idirphlé iltaobhaigh, chun breith a dhéanamh ar éifeachtaí na heitlíochta ar an gcomhshaol, agus lena áirithiú go bhfuil aon bhearta maolaitheacha go hiomlán comhsheasmhach le cuspóirí an Chomhaontaithe seo.

5.Ní fhorléireofar maidir le haon ní sa Chomhaontú seo go dteorannóidh sé an t‑údarás atá ag údaráis inniúla Páirtí bearta iomchuí a ghlacadh chun tionchair chomhshaoil an aeriompair a chosc nó dul i ngleic leo ar bhealach eile ar choinníoll go gcuirtear na bearta sin i bhfeidhm gan idirdhealú maidir le náisiúntacht agus nach sáraíonn siad cearta agus oibleagáidí na bPáirtithe faoin dlí idirnáisiúnta.

AIRTEAGAL 11

COSAINT TOMHALTÓIRÍ

1.    Faoi réir na bhforálacha idirthréimhseacha arna leagan amach in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an gComhaontú seo, feidhmeoidh na Páirtithe i gcomhréir lena reachtaíocht faoi seach lena mbaineann na ceanglais agus na caighdeáin a bhaineann le cosaint tomhaltóirí a shonraítear i gCuid F d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gComhaontú seo.

2.    Ionchorpróidh an Úcráin na ceanglais agus na caighdeáin dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo ina reachtaíocht agus cuirfidh sí chun feidhme go héifeachtach iad, i gcomhréir leis na forálacha idirthréimhseacha a shonraítear in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an gComhaontú seo.

3.    Comhoibreoidh na Páirtithe lena áirithiú go gcuireann an Úcráin a reachtaíocht chun feidhme go héifeachtach, reachtaíocht a ghlacfar agus é mar aidhm léi na ceanglais agus na caighdeáin dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a ionchorprú.

4.    Comhoibreoidh na Páirtithe freisin chun cosaint tomhaltóirí a leanann as an gComhaontú seo a áirithiú.

AIRTEAGAL 12

COMHAR TIONSCLAÍOCH

1.    Beidh sé mar aidhm ag na Páirtithe comhar tionsclaíoch a fheabhsú, agus go háirithe trí bhíthin:

(i)    naisc ghnó a fhorbairt idir monaróirí eitlíochta an dá thaobh;

(ii)    tionscadail chomhpháirteacha dírithe ar fhorbairt inbhuanaithe na céime aeriompair, lena n‑áirítear a bonneagar, a chur chun cinn agus a fhorbairt;

(iii)    comhar teicniúil maidir le caighdeáin an Aontais a chur chun feidhme;

(iv)    deiseanna le haghaidh monaróirí agus dearthóirí eitlíochta a chur chun cinn; agus

(v)    infheistíocht a chur chun cinn laistigh de raon feidhme an Chomhaontaithe seo.

2.    Beidh an Comhaontú seo gan dochar do chaighdeáin theicniúla agus thionsclaíocha reatha san Úcráin le haghaidh monaraíocht aerárthach agus a gcomhpháirteanna nach gcumhdaítear ag Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gComhaontú seo.

3.    Déanfaidh an Comhchoiste faireachán agus éascú ar chomhar tionsclaíoch.

AIRTEAGAL 13

CÓRAIS ÁIRITHINTE AR RÍOMHAIRE

1.    Faoi réir na bhforálacha idirthréimhseacha a leagtar amach in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an gComhaontú seo, feidhmeoidh na Páirtithe i gcomhréir lena reachtaíocht faoi seach lena mbaineann na ceanglais agus na caighdeáin a bhaineann le córais áirithinte ar líne a shonraítear i gCuid G d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gComhaontú seo. Rathóidh na Páirtithe rochtain saor in aisce ag córais áirithinte ar ríomhaire Páirtí amháin ar mhargadh an Pháirtí eile.

2.    Ionchorpróidh an Úcráin na ceanglais agus na caighdeáin dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo ina reachtaíocht agus cuirfidh sí chun feidhme go héifeachtach iad, i gcomhréir leis na forálacha idirthréimhseacha a shonraítear in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an gComhaontú seo.

3.    Comhoibreoidh na Páirtithe lena áirithiú go gcuireann an Úcráin areachtaíocht chun feidhme, reachtaíocht a glacadh agus é mar aidhm léi na ceanglais agus na caighdeáin dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a ionchorprú.

AIRTEAGAL 14

GNÉITHE SÓISIALTA

1.    Faoi réir na bhforálacha idirthréimhseacha arna leagan amach in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an gComhaontú seo, feidhmeoidh na Páirtithe i gcomhréir lena reachtaíocht faoi seach lena mbaineann na ceanglais agus na caighdeáin a bhaineann le gnéithe sóisialta a shonraítear i gCuid E d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gComhaontú seo.

2.    Glacfaidh an Úcráin na bearta riachtanacha chun na ceanglais agus na caighdeáin dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a ionchorprú ina reachtaíocht agus cuirfidh sí chun feidhme go héifeachtach iad, i gcomhréir leis na forálacha idirthréimhseacha a shonraítear in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an gComhaontú seo.

3.    Comhoibreoidh na Páirtithe lena áirithiú go gcuireann an Úcráin areachtaíocht chun feidhme, reachtaíocht a glacadh agus é mar aidhm léi na ceanglais agus na caighdeáin dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a ionchorprú.

AIRTEAGAL 15

REACHTAÍOCHT NUA

1.    Beidh an Comhaontú seo gan dochar do cheart gach Páirtí, faoi réir comhlíontacht phrionsabal an neamh-idirdhealaithe agus fhorálacha an Airteagail seo agus Airteagal 4 (Neamh-idirdhealú) den Chomhaontú seo, chun reachtaíocht a ghlacadh nó a reachtaíocht reatha a leasú go haontaobhach i réimse an aeriompair nó réimse lena mbaineann a luaitear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gComhaontú seo.

2.    Nuair a dhéanann Páirtí amháin breithniú i dtaobh reachtaíocht nua a ghlacadh laistigh de raon feidhme an Chomhaontaithe seo nó ar leasú ar a reachtaíocht, cuirfidh sé an méid sin in iúl don Pháirtí eile. Ar iarraidh a fháil ó cheachtar den dá Pháirtí, reáchtálfaidh an Comhchoiste, laistigh de 2 mhí ina dhiaidh sin malartú tuairimí maidir le himpleachtaí na reachtaíochta nua nó an leasaithe sin ar fheidhmiú ceart an Chomhaontaithe seo.

3.    Déanfaidh an Comhchoiste na nithe a leanas:

(a)cinneadh a ghlacadh lena n‑athbhreithneofar Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gComhaontú seo chun an reachtaíocht nua nó an leasú i gceist a chomhtháthú ann, más gá ar bhonn cómhalartachta; nó

(b)cinneadh a ghlacadh lena léirítear gur cheart an reachtaíocht nua nó an leasú a mheas amhail go bhfuil sé i gcomhréir leis an gComhaontú seo; nó

(c)aon bhearta eile a mholadh lena nglacadh laistigh de thréimhse ama réasúnach chun feidhmiú ceart an Chomhaontaithe seo a áirithiú.

TEIDEAL III

FORÁLACHA GEILLEAGRACHA

AIRTEAGAL 16

DEONÚ CEART

1.    Deonóidh gach Páirtí na cearta a leanas don Pháirtí eile i gcomhréir le hIarscríbhinní II agus III a ghabhann leis an gComhaontú seo maidir le haeriompar idirnáisiúnta a dhéanamh ag aeriompróirí an Pháirtí eile:

(a)    an ceart chun eitilt os cionn a chríche gan tuirlingt;

(b)    an ceart chun stadanna a dhéanamh ina chríoch chun aon chríche seachas paisinéirí, bagáiste, lastas agus/nó postas in aeriompar a thógáil isteach nó a scaoileadh amach (críocha neamhthráchta);

(c)    fad atáthar ag oibriú seirbhís chomhaontaithe ar bhealach sonraithe, an ceart chun stadanna a dhéanamh ina chríoch chun críche paisinéirí, lastas agus/nó postas, astu féin nó le chéile, a thógáil isteach nó a scaoileadh amach; agus

(d)    na cearta a shonraítear ar dhóigh eile sa Chomhaontú seo.

2.    Ní mheasfar aon ní sa Chomhaontú seo amhail ceart a bhronnadh ar aeriompróirí na hÚcráine chun paisinéirí, bagáiste, lastas agus/nó postas a thabhairt ar bord, i gcríoch aon Bhallstáit de chuid an Aontais, a iompraítear le haghaidh cúitimh agus atá á sheoladh chuig pointe eile i gcríoch an Bhallstáit sin.

AIRTEAGAL 17

ÚDARÚ AGUS CEAD TEICNIÚIL

Ar iarratais a fháil maidir le húdarú oibríochta nó cead teicniúil ó aeriompróir Páirtí amháin, nach mór a chur isteach san fhoirm agus ar an mbealach forordaithe le haghaidh údaruithe oibríochta nó ceadanna teicniúla, deonóidh údaráis inniúla an Pháirtí eile údaruithe iomchuí leis an moill nós imeachta is lú, ar choinníoll:

(a)    i gcás aeriompróra de chuid na hÚcráine:

–tá a phríomháit ghnó ag an aeriompróir san Úcráin agus tá ceadúnas oibríochta bailí aige i gcomhréir leis an dlí is infheidhme san Úcráin; agus

–gníomhaíonn agus cothaíonn an Úcráin rialú rialaitheach éifeachtach an aeriompróra agus sainaithnítear go soiléir an t‑údarás inniúil ábhartha; agus

–mura gcinntear a mhalairt faoi Airteagal 20 (Infheistíocht in Aeriompróirí) den Chomhaontú seo, tá an t‑aeriompróir faoi úinéireacht dhíreach nó trí úinéireacht tromlaigh agus á rialú go héifeachtach ag an Úcráin agus/nó a náisiúnaigh.

(b)    i gcás aeriompróra de chuid an Aontais Eorpaigh:

–tá a phríomháit ghnó ag an aeriompróir i gcríoch Bhallstát de chuid an Aontais faoi Chonarthaí an Aontais agus tá ceadúnas oibríochta bailí aige i gcomhréir leis an dlí is infheidhme san Aontas Eorpach; agus

–gníomhaíonn agus cothaíonn an Ballstát atá freagrach as a Theastas Aeroibreora a eisiúint rialú rialaitheach éifeachtach an aeriompróra agus sainaithnítear go soiléir an t‑údarás inniúil ábhartha; agus

–mura gcinntear a mhalairt faoi Airteagal 20 (Infheistíocht in Aeriompróirí) den Chomhaontú seo, tá an t‑aeriompróir faoi úinéireacht dhíreach nó trí úinéireacht tromlaigh agus á rialú go héifeachtach ag Ballstáit an Aontais agus/nó a náisiúnaigh nó ag Stáit eile liostaithe in Iarscríbhinn V agus/nó ag a náisiúnaigh.

(c)    sásaíonn an t‑aeriompróir na coinníollacha forordaithe faoi na dlíthe agus na rialacháin dá dtagraítear in Airteagal 6 (Comhlíontacht le Dlíthe agus Rialacháin) den Chomhaontú seo; agus

(d)    tá na forálacha mar a leagtar amach in Airteagal 7 (Sábháilteacht Eitlíochta) agus Airteagal 8 (Slándáil Eitlíochta) á gcothabháil agus á riar.

AIRTEAGAL 18

AITHEANTAS CÓMHALARTACH AR CHINNTÍ RIALAITHEACHA

MAIDIR LE hOIRIÚNACHT AIRGEADAIS AGUS NÁISIÚNTACHT AN AERIOMPRÓRA

1.    Ar iarratas a fháil le haghaidh údarú oibríochta nó cead teicniúil ó aeriompróir Páirtí amháin, aithneoidh údaráis inniúla an Pháirtí eile aon oiriúnacht airgeadais agus/nó cinneadh náisiúntachta a dhéanann údaráis inniúla an chéad Pháirtí i ndáil leis an aeriompróir sin amhail is dá mbeadh an cinneadh sin déanta ag a údaráis inniúla féin agus ní dhéanfaidh sé tuilleadh fiosrúchán in ábhair den sórt sin, seachas mar a fhoráiltear dóibh anseo thíos.

2.    Má bhíonn cúis shonrach imní ag údaráis inniúla an Pháirtí is Faighteoir, tar éis dóibh iarratas a fháil ar údarú oibríochta nó cead teicniúil ó aeriompróir, nó tar éis an t‑údarú oibríochta nó an cead teicniúil sin a dheonú, d’ainneoin an cinneadh a rinne údaráis inniúla an Pháirtí eile, nár sásaíodh na coinníollacha a forordaítear in Airteagal 17 (Údarú agus Cead Teicniúil) den Chomhaontú seo maidir le deonú údaruithe oibríochta nó ceadanna teicniúla iomchuí, is gá dóibh ansin comhairle a chur ar na húdaráis sin go pras, ag tabhairt cúiseanna substainteacha maidir lena n‑imní. Sa chás sin, féadfaidh aon Pháirtí comhairliúchán a lorg, lena bhféadfaí ionadaithe ó na húdaráis inniúla ábhartha agus/nó faisnéis bhreise ábhartha don imní seo a áireamh agus caithfear iarratais den sórt sin a shásamh a luaithe agus is indéanta. Mura réitítear an cheist go fóill, féadfaidh aon Pháirtí an cheist a thabhairt chuig an gComhchoiste a cuireadh ar bun faoi Airteagal 29 (Comhchoiste) den Chomhaontú seo.

AIRTEAGAL 19

DIÚLTÚ, CÚLGHAIRM, FIONRAÍOCHT, TEORANNÚ ÚDARAITHE NÓ CEAD TEICNIÚIL

1.    Féadfaidh údaráis inniúla aon Pháirtí na húdaruithe oibríochta nó na ceadanna teicniúla a dhiúltú, a chúlghairm, a chur ar fionraí nó a theorannú nó oibríochtaí aeriompróra Páirtí eile a chur ar fionraí nó a theorannú ar bhealach eile:

(a) i gcás aeriompróra de chuid na hÚcráine:

–níl a phríomháit ghnó ag an aeriompróir san Úcráin ná níl ceadúnas oibríochta bailí aige i gcomhréir leis an dlí is infheidhme san Úcráin; nó

–ní ghníomhaíonn agus ní chothaíonn an Úcráin rialú rialaitheach éifeachtach an aeriompróra agus ní shainaithnítear go soiléir an t‑údarás inniúil ábhartha; nó

–mura gcinntear a mhalairt faoi Airteagal 20 (Infheistíocht in Aeriompróirí) den Chomhaontú seo, níl an t‑aeriompróir faoi úinéireacht dhíreach nó trí úinéireacht tromlaigh nó á rialú go héifeachtach ag an Úcráin agus/nó a náisiúnaigh.

(b) i gcás aeriompróra de chuid an Aontais Eorpaigh:

–níl a phríomháit ghnó ag an aeriompróir i gcríoch Bhallstát de chuid an Aontais faoi Chonarthaí an Aontais, nó níl ceadúnas oibríochta bailí aige i gcomhréir leis an dlí is infheidhme san Aontas Eorpach; nó

–ní ghníomhaíonn agus ní chothaíonn an Ballstát de chuid an Aontais atá freagrach as a Theastas Aeroibreora a eisiúint rialú rialaitheach éifeachtach an aeriompróra ná ní shainaithnítear go soiléir an t‑údarás inniúil ábhartha; nó

–mura gcinntear a mhalairt faoi Airteagal 20 (Infheistíocht in Aeriompróirí) den Chomhaontú seo, níl an t‑aeriompróir faoi úinéireacht dhíreach nó trí úinéireacht tromlaigh nó á rialú go héifeachtach ag Ballstáit an Aontais agus/nó a náisiúnaigh nó ag Stáit eile a liostaítear in Iarscríbhinn V agus/nó ag a náisiúnaigh.

(c) níor chomhlíon an t‑aeriompróir na dlíthe agus na rialacháin dá dtagraítear in Airteagal 6 (Comhlíontacht le Dlíthe agus Rialacháin) den Chomhaontú seo; nó

(d) níl na forálacha mar a leagtar amach in Airteagal 7 (Sábháilteacht Eitlíochta) agus Airteagal 8 (Slándáil Eitlíochta) á gcothabháil ná á riaradh; nó

(e) tá cinneadh déanta ag Páirtí i gcomhréir le hAirteagal 26 (Timpeallacht Iomaíoch), mír 5 den Chomhaontú seo nach bhfuil na coinníollacha le haghaidh timpeallacht iomaíoch á gcomhlíonadh.

2.    Mura bhfuil gníomhaíocht láithreach fíor-riachtanach chun neamhchomhlíonadh eile phointí (c) nó (d) de mhír 1 den Airteagal seo a chosc, ní ghníomhófar na cearta a bhunaítear leis an Airteagal seo ach tar éis comhairliúchán a dhéanamh le húdaráis inniúla an Pháirtí eile.

3.    Ní úsáidfidh aon Pháirtí a chearta a bhunaítear leis an Airteagal atá ann cheana chun údaruithe nó ceadanna teicniúla aeriompróirí aon Pháirtí a dhiúltú, a chúlghairm, a chur ar fionraí nó a theorannú ar fhorais go bhfuil úinéireacht tromlaigh agus/nó rialú éifeachtach an aeriompróra sin dílsithe i bPáirtí amháin nó níos mó i gComhaontú ECAA nó a náisiúnaigh, ar choinníoll go dtairgeann an Páirtí nó na Páirtithe sin i gComhaontú ECAA cóireáil chómhalartach agus go gcuireann siad téarmaí agus coinníollacha Chomhaontú ECAA i bhfeidhm.

AIRTEAGAL 20

INFHEISTÍOCHT IN AERIOMPRÓIRÍ

1.    D’ainneoin Airteagal 17 (Údarú agus Cead Teicniúil) agus Airteagal 19 (Diúltú, Cúlghairm, Fionraíocht, Teorannú Údaraithe nó Cead Teicniúil) den Chomhaontú seo, ceadófar úinéireacht tromlaigh nó rialú éifeachtach aeriompróra de chuid na hÚcráine ag Ballstáit an Aontais agus/nó a náisiúnaigh, nó úinéireacht tromlaigh nó rialú éifeachtach aeriompróra de chuid an Aontais ag an Úcráin agus/nó a náisiúnaigh, de bhua cinneadh roimhe sin ag an gComhchoiste a bhunaítear leis an gComhaontú seo i gcomhréir le hAirteagal 29 (Comhchoiste) den Chomhaontú seo.

2.    Sonrófar sa chinneadh sin na coinníollacha a bhaineann le hoibríocht na seirbhísí comhaontaithe faoin gComhaontú seo agus leis na seirbhísí idir tríú tíortha agus na Páirtithe. Ní bheidh feidhm ag forálacha Airteagal 29 (Comhchoiste), mír 8 den Chomhaontú seo leis an gcineál seo cinnidh.

AIRTEAGAL 21

SRIANTA CAINNÍOCHTÚLA A DHÍOTHÚ

1.    Gan dochar d’fhorálacha níos fabhraí i gcomhaontuithe reatha agus laistigh de raon feidhme an Chomhaontaithe seo, díothóidh na Páirtithe srianta agus bearta cainníochtúla a bhfuil éifeacht chomhionann acu ar aistriú trealaimh, soláthairtí, páirteanna spártha, agus gaireas eile nuair a theastaíonn siad chun go leanfadh aeriompróir ag soláthar seirbhísí aeriompair faoi na coinníollacha dá bhforáiltear sa Chomhaontú seo.

2.    Ní chuireann an oibleagáid dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo bac ar na Páirtithe srianta a thoirmeasc nó a fhorchur ar na haistrithe sin a bhfuil údar leo ar fhorais beartais phoiblí nó slándála poiblí, cosanta sláinte agus beatha daoine, ainmhithe nó plandaí, nó cosanta maoine intleachtúla, tionsclaíche agus tráchtála. Ní hé a bheidh sna toirmisc ná na srianta sin, áfach, modhanna idirdhealaithe treallacha nó srian faoi cheilt ar thrádáil idir na Páirtithe.

AIRTEAGAL 22

DEISEANNA TRÁCHTALA

Gnó a dhéanamh

1.    Comhaontaíonn na Páirtithe go gcuirfeadh bacainní ar oibreoirí tráchtála gnó a dhéanamh isteach ar na tairbhí a bhainfí amach leis an gComhaontú seo. Comhaontaíonn na Páirtithe dá bhrí sin tabhairt faoi phróiseas éifeachtach cómhalartach chun go mbainfear na bacainní ar oibreoirí tráchtála an dá Pháirtí gnó a dhéanamh i gcás ina bhféadfadh bacainní den sórt sin cur isteach ar oibríochtaí tráchtála, saobhadh a chruthú leis an iomaíocht nó cur isteach ar chothroime iomaíochta a fhorbairt.

2.    Forbróidh an Comhchoiste a bunaíodh i gcomhréir le hAirteagal 29 (Comhchoiste) den Chomhaontú seo próiseas comhair i ndáil le gnó a dhéanamh agus deiseanna tráchtála; déanfaidh sé faireachán ar dhul chun cinn atá á dhéanamh maidir le tabhairt go héifeachtach faoi bhacainní ar oibreoirí tráchtála gnó a dhéanamh agus déanfaidh sé athbhreithniú rialta ar fhorbairtí, lena n‑áirítear, más gá, i dtreo athruithe reachtacha agus rialaitheacha. I gcomhréir le hAirteagal 29 (Comhchoiste) den Chomhaontú seo, féadfaidh Páirtí cruinniú den Chomhchoiste a iarraidh chun aon cheist a bhaineann le cur i bhfeidhm an airteagail atá ann cheana a phlé.

Ionadaithe Aeriompróirí

3.    Beidh sé de cheart ag aeriompróirí gach Páirtí oifigí a bhunú i gcríoch an Pháirtí eile chun aeriompar agus gníomhaíochtaí lena mbaineann a chur chun cinn, lena n‑áirítear an ceart chun aon ticéad agus/nó bille iompair aeir a dhíol agus a eisiúint, idir a thicéid agus/nó a bhillí iompair aeir féin agus ticéid agus/nó billí iompair aeir aon iompróra eile.

4.    Beidh aeriompróirí gach Páirtí i dteideal, i gcomhréir le dlíthe agus rialacháin an Pháirtí eile a bhaineann le dul isteach, áit chónaithe agus fostaíocht, beidh siad i dteideal foireann bhainistíochta, díolacháin, oibríochtúil, agus foireann speisialtóireachta eile, a theastaíonn chun tacú le soláthar an aeriompair, a thabhairt isteach i gcríoch an Pháirtí eile agus a choinneáil ar bun sa chríoch sin. Féadfar na riachtanais foirne sin, ag rogha na n‑aeriompróirí, a shásamh lena phearsanra féin nó trí úsáid a bhaint as seirbhísí aon eagraíochta, cuideachta nó aeriompróra eile atá ag feidhmiú i gcríoch an Pháirtí eile agus atá údaraithe chun na seirbhísí sin a dhéanamh i gcríoch an Pháirtí sin. Éascóidh agus cuirfidh an dá Pháirtí dlús le deonú údarás fostaíochta, i gcás ina bhfuil gá, le haghaidh pearsanra atá fostaithe in oifigí de réir na míre seo, lena n‑áirítear pearsanra a fheidhmíonn dualgais shealadacha áirithe ar feadh tréimhse nach faide ná 90 lá, faoi réir na ndlíthe agus na rialachán ábhartha atá i bhfeidhm.

Láimhseáil ar an talamh

5.    Faoi réir na bhforálacha idirthréimhseacha a leagtar amach in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an gComhaontú seo:

(a)    Gan dochar do phointe (b) thíos, beidh an méid seo a leanas ag gach aeriompróir i ndáil le láimhseáil ar an talamh i gcríoch an Pháirtí eile:

(i)    An ceart chun a sheirbhísí láimhseála ar an talamh féin a dhéanamh (‘féinláimhseáil’) nó más rogha leis;

(ii)    An ceart chun rogha a dhéanamh as measc soláthróirí iomaíocha a sholáthraíonn seirbhísí láimhseála ar an talamh ina n‑iomláine nó i bpáirt i gcás ina bhfuil cead rochtana ar an margadh ag na soláthróirí sin ar bhonn dhlíthe agus rialachán gach Páirtí, agus i gcás ina bhfuil na soláthróirí sin i láthair sa mhargadh.

(b)    Le haghaidh na gcatagóirí a leanas de sheirbhísí láimhseála ar an talamh, i.e. láimhseáil bagáiste, láimhseáil rampa, láimhseáil breosla agus ola, láimhseáil lastais agus postais maidir le láimhseáil fhisiciúil lastais agus postais idir an críochfort agus an t‑aerárthach, d’fhéadfadh na cearta faoi phointe (a) (i) agus (ii) a bheith faoi réir srianta de réir na ndlíthe agus na rialachán is infheidhme i gcríoch an Pháirtí eile. I gcás ina gcuireann srianta bac ar fhéinláimhseáil agus i gcás nach bhfuil aon iomaíocht éifeachtach idir soláthróirí a sholáthraíonn seirbhísí láimhseála ar an talamh, beidh na seirbhísí sin go léir ar fáil ar bhonn cothrom neamh-idirdhealaitheach do gach aeriompróir.

(c)    Beidh sé de cheart ag aon soláthróir láimhseála ar an talamh de chuid aon Pháirtí, bíodh sé ina aeriompróir nó ná bíodh, i ndáil le láimhseáil ar an talamh i gcríoch an Pháirtí eile, chun seirbhísí láimhseála ar an talamh a sholáthar le haghaidh aeriompróirí na bPáirtithe a fheidhmíonn ag an aerfort céanna, i gcás ina bhfuil siad údaraithe agus comhsheasmhach leis na dlíthe agus na rialacháin is infheidhme.

Sliotáin ar aerfoirt a leithdháileadh

6.    Déanfar sliotáin atá ar fáil ag na haerfoirt i gcríocha na bPáirtithe a leithdháileadh ar bhealach neamhspleách trédhearcach neamh-idirdhealaitheach tráthúil.

Díolacháin, Costais Áitiúla agus Aistrithe Cistí

7.    Féadfaidh aon aeriompróir de chuid gach Páirtí tabhairt faoi dhíolachán aeriompair agus seirbhísí lena mbaineann i gcríoch an Pháirtí eile go díreach agus/nó, de réir lánrogha an aeriompróra, trína ghníomhairí díolachán, trí idirghabhálaithe eile arna gceapadh ag an aeriompróir, trí aeriompróir eile nó tríd an idirlíon. Beidh sé de cheart ag gach aeriompróir seirbhísí iompair den sórt sin agus seirbhísí gaolmhara a dhíol, agus beidh aon duine in ann an t‑iompar agus na seirbhísí sin a cheannach, in airgeadra na críche sin nó in airgeadraí is féidir a thiontú go héasca i gcomhréir leis an reachtaíocht airgeadra áitiúil.

8.    Beidh sé de cheart ag gach aeriompróir ioncaim áitiúla a chomhshó ina n‑airgeadraí is féidir a chomhshó go héasca agus na hioncaim sin a íoc ó chríoch an Pháirtí eile chuig a chríoch baile nó chuig tír nó tíortha dá rogha féin de réir na reachtaíochta is infheidhme. Ceadófar comhshó agus íoc go pras gan srianta ná cánachas i ndáil leis ag an ráta malartaithe oifigiúil infheidhme maidir le hidirbhearta reatha agus íoc ar an dáta a dhéanann an t‑iompróir an t‑iarratas tosaigh ar íocaíocht.

9.    Ceadófar d’aeriompróirí gach Páirtí íoc as costais áitiúla, lena n‑áirítear ceannacháin bhreosla, i gcríoch an Pháirtí eile san airgeadra náisiúnta. De réir a lánrogha, féadfaidh aeriompróirí gach Páirtí íoc as costais áitiúla i gcríoch an Pháirtí eile in airgeadraí is féidir a chomhshó go héasca i gcomhréir leis an reachtaíocht airgeadra áitiúil.

Socruithe Comhoibritheacha

10.    I bhfeidhmiú nó síneadh seirbhísí faoin gComhaontú seo, féadfaidh aeriompróir Páirtí dul i mbun socruithe comharmhargaíochta, amhail comhaontuithe maidir le suíocháin in áirithe nó comhaontuithe cód-roinnte, le:

(a) aeriompróir nó aeriompróirí na bPáirtithe; agus

(b) aeriompróir nó aeriompróirí tríú tír; agus

(c) aon soláthróir iompair dromchla (de mhuir is tír),

ar choinníoll: (i) go bhfuil an t‑údarás iomchuí ag an iompróir oibríochta agus (ii) go bhfuil na cearta bealaigh iomchuí ag na hiompróirí margaíochta laistigh de na forálacha ábhartha déthaobhacha agus (iii) go sásaíonn na socruithe na ceanglais a bhaineann le sábháilteacht agus iomaíocht a chuirtear i bhfeidhm de ghnáth ar shocruithe den sórt sin. I ndáil le hiompar paisinéara a dhíoltar lena mbaineann cód-roinnt, cuirfear an ceannaitheoir ar an eolas ag an bpointe díolacháin, nó i gcás ar bith tráth na seiceála isteach, nó tráth bordála i gcás nach dteastaíonn seiceáil isteach le haghaidh nasc eitilte, cé acu soláthróir iompair a oibreoidh gach céim den tseirbhís.

Iompar idirmhódúil

11.    I ndáil le hiompar paisinéirí, ní bheidh soláthróirí iompair de mhuir agus tír faoi réir na ndlíthe agus na rialachán lena rialaítear an t‑aeriompar ar an mbonn amháin gur faoina ainm féin a thairgeann aeriompróir an t‑iompar de mhuir agus tír sin. Tá sé de lánrogha ag soláthróirí iompair de mhuir agus tír cinneadh a dhéanamh maidir le tabhairt faoi shocruithe comhoibritheacha. Agus cinneadh á dhéanamh maidir le socrú áirithe, féadfaidh soláthróirí iompar de mhuir agus tír breith a dhéanamh, i measc nithe eile, ar leasanna tomhaltóirí agus srianta teicniúla, eacnamaíocha, spáis agus acmhainneachta.

12.    a)    Gan dochar do cheanglais na ndlíthe agus na rialachán is infheidhme agus d’ainneoin aon fhoráil eile sa Chomhaontú seo, beidh cead gan srian ag aeriompróirí agus do sholáthróirí neamhdhíreacha iompar lastais na bPáirtithe aon iompar de mhuir agus tír le haghaidh lastais chuig aon phointí nó uathu i gcríocha na hÚcráine agus an Aontais Eorpaigh nó i dtríú tíortha lena n‑áirítear iompar chuig gach aerfort agus uaidh a bhfuil saoráidí custaim ann, agus lena n‑áirítear, i gcás inarb infheidhme, an ceart chun lastas a iompar faoi bhanna, a úsáid le haghaidh aeriompar idirnáisiúnta faoin mbille iompair aeir céanna. Beidh rochtain ag lastas den sórt sin, cibé á bhogadh de mhuir agus tír nó san aer, ar phróiseáil agus saoráidí custaim aerfoirt. Féadfaidh aeriompróirí roghnú a n‑iompar de mhuir agus tír féin a dhéanamh nó é a sholáthar trí shocruithe le hiompróirí de mhuir agus tír eile, lena n‑áirítear iompar de mhuir agus tír a oibríonn aeriompróirí eile agus soláthróirí neamhdhíreacha aeriompar lastais. D’fhéadfaí seirbhísí lastais idirmhódúla den sórt sin a thairiscint ar phraghas aonair ar an iompar aeir agus de mhuir is tír le chéile, ar choinníoll nach gcuirtear lastóirí amú maidir leis na fíorais a bhaineann leis an iompar sin.

b)    Chun críocha fhomhír (a) den mhír seo, áireofar iompar talún agus muiriompar le hiompar de mhuir is tír.

Léasú

13.    (a)    Beidh aeriompróirí gach Páirtí i dteideal na seirbhísí comhaontaithe a sholáthar ag úsáid aerárthaigh le criú nó gan chriú ar léas ó aon aeriompróir, lena n‑áirítear ó thríú tíortha, ar choinníoll go sásaíonn gach rannpháirtí i socruithe den sórt sin na coinníollacha a fhorordaítear faoi na dlíthe agus na rialacháin a chuireann na Páirtithe chun feidhme de ghnáth ar shocruithe den sórt sin.

(b)    Ní éileoidh aon Pháirtí ar na haeriompróirí a bhfuil a dtrealamh á léasú acu cearta tráchta a bheith acu faoin gcomhaontú seo.

(c)    Beidh léasú le criú (léasú árthaigh fheistithe) ag aeriompróir de chuid na hÚcráine ar aerárthach aeriompróra ó thríú tír, nó ag aeriompróir de chuid an Aontais Eorpaigh, ar aerárthach aeriompróra ó thríú tír, seachas na haerárthaí sin a luaitear in Iarscríbhinn V a ghabhann leis an gComhaontú seo, d’fhonn na cearta a leagtar amach sa Chomhaontú seo a shaothrú, beidh an léasú sin eisceachtúil nó déanfar é chun riachtanais shealadach a shásamh. Cuirfear isteach é chun formheas a fháil roimh ré chuig údarás ceadúnúcháin an aeriompróra, arb é léasaí an aerárthaigh é ar léasú árthaigh fheistithe é agus chuig údarás inniúil an Pháirtí eile.

Saincheadú/Brandáil/Lamháltas tráchtála

14.    Beidh aeriompróirí gach Páirtí i dteideal iontráil i socruithe saincheadaithe nó brandála nó lamháltais tráchtála le cuideachtaí, lena n‑áirítear aeriompróirí an dá Pháirtí nó tríú tíortha ar choinníoll go bhfuil an t‑údarás iomchuí ag na haeriompróirí agus go gcomhlíonann siad na coinníollacha a fhorordaítear faoi na dlíthe agus na rialacháin a chuireann na Páirtithe chun feidhme ar shocruithe den sórt sin, go háirithe na socruithe sin lena gceanglaítear nochtadh aitheantas an aeriompróra a oibríonn an tseirbhís.

Stadanna oíche

15.    Beidh sé de cheart ag aeriompróirí gach Páirtí stadanna oíche a dhéanamh ag aerfoirt an Pháirtí eile atá oscailte do thrácht idirnáisiúnta.

AIRTEAGAL 23

DLEACHTANNA CUSTAIM AGUS CÁNACHAS

1.    Ar theacht isteach i gcríoch Páirtí amháin, beidh aerárthach a oibrítear in aeriompar idirnáisiúnta ag aeriompróirí an Pháirtí eile, a ngnáth-threalamh, breosla, bealaí, soláthairtí teicniúla intomhalta, trealamh talún, páirteanna spártha (lena n‑áirítear innill), stóir aerárthaigh (lena n‑áirítear nithe amhail bia, deochanna agus licéar, tobac agus táirgí eile nach iad a bhfuil sé i gceist iad a dhíol le paisinéirí nó a bhfuil sé i gceist go n‑úsáidfeadh paisinéirí i méideanna teoranta iad i rith na heitilte), agus nithe eile a bhfuil sé beartaithe iad a úsáid nó a úsáidtear iad amháin i gcomhar le hoibriú nó seirbhísiú aerárthaigh atá i mbun aeriompar idirnáisiúnta díolmhaithe, ar bhonn cómhalartachta, faoina reachtaíocht ábhartha is infheidhme, beidh sé díolmhaithe ó gach srian allmhairiúcháin, cánacha maoine agus tobhaigh ar chaipiteal, dleachtanna custaim, dleachtanna máil, agus táillí agus muirir chosúla (a) a fhorchuireann na húdaráis náisiúnta nó na húdaráis áitiúla nó an tAontas Eorpach agus (b) nach bhfuil bunaithe ar chostais na seirbhísí a sholáthraítear, ar choinníoll go bhfanann an trealamh agus na soláthairtí sin ar bord an aerárthaigh.

2.    Beidh siad díolmhaithe freisin, ar bhonn cómhalartachta, faoina reachtaíocht ábhartha is infheidhme, ó chánacha, tobhaigh, dleachtanna, táillí agus muirir dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, seachas táillí bunaithe ar chostas na seirbhíse a sholáthraítear:

(a)    stóir aerárthaigh a thugtar isteach nó a sholáthraítear i gcríoch Páirtí agus a thógtar ar bord, laistigh de theorainneacha réasúnacha, le húsáid ar aerárthach amach de chuid aeriompróir an Pháirtí eile atá i mbun aeriompar idirnáisiúnta, fiú nuair atá na stóir sin le húsáid ar chuid den turas arna dhéanamh os cionn na críche sin;

(b)    trealamh talún agus páirteanna spártha (lena n‑áirítear innill) a thugtar isteach i gcríoch Páirtí chun aerárthach aeriompróir an Pháirtí eile a úsáidtear in aeriompar idirnáisiúnta a sheirbhísiú, a chothabháil nó a dheisiú;

(c)    breosla, bealaí agus soláthairtí teicniúla intomhalta a thugtar isteach nó a sholáthraítear i gcríoch Páirtí le húsáid in nó ar aerárthach aeriompróir an Pháirtí eile atá i mbun aeriompar idirnáisiúnta, fiú nuair atá na soláthairtí sin le húsáid ar chuid den turas arna dhéanamh os cionn na críche sin;

(d)    ábhar clóite, dá bhforáiltear i reachtaíocht custaim gach Páirtí, a thugtar isteach nó a sholáthraítear i gcríoch Páirtí amháin agus a thógtar ar bord le húsáid ar aerárthach amach de chuid aeriompróir an Pháirtí eile atá i mbun aeriompar idirnáisiúnta, fiú nuair atá na stóir sin le húsáid ar chuid den turas arna dhéanamh os cionn na críche sin; agus

(e)    trealamh sábháilteachta agus slándála le húsáid ag aerfoirt nó críochfoirt lastais.

3.    D’ainneoin aon fhoráil eile dá mhalairt, ní choiscfidh aon ní sa Chomhaontú seo Páirtí ó chánacha, tobhaigh, dleachtanna, táillí nó muirir a fhorchur ar bhreosla a sholáthraítear ina chríoch ar bhonn neamh-idirdhealaitheach le húsáid in aerárthach aeriompróra a oibríonn idir dhá phointe ina chríoch.

4.    D’fhéadfaí go mbeadh gá trealamh agus soláthairtí dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 den Airteagal seo a choinneáil faoi mhaoirseacht nó rialú na n‑údarás inniúil agus nach n‑aistreofaí iad gan na dleachtanna custaim agus na cánacha ábhartha a íoc.

5.    Beidh na díolúintí dá bhforáiltear san Airteagal seo ar fáil freisin i gcás ina bhfuil conradh déanta ag aeriompróirí Páirtí amháin le haeriompróir eile, a bhaineann leas as na díolúintí céanna ón bPáirtí eile, le haghaidh iasacht nó aistriú na míreanna a shonraítear i míreanna 1 agus 2 den Airteagal seo i gcríoch an Pháirtí eile.

6.    Ní chuirfidh aon ní sa Chomhaontú seo cosc ar aon Pháirtí cánacha, tobhaigh, dleachtanna, táillí nó muirir a ghearradh ar earraí a dhíoltar seachas le haghaidh úsáid ar bord do phaisinéirí i rith céim aersheirbhíse idir dhá phointe laistigh dá chríoch ina cheadaítear bordáil nó díbhordáil.

7.    Beidh bagáiste agus lastas i dturas díreach thar chríoch Pháirtí díolmhaithe ó chánacha, dleachtanna custaim, táillí agus muirir eile chosúla nach bhfuil bunaithe ar chostas na seirbhíse a sholáthraítear.

8.    Ní fhéadfar an gnáth-threalamh san aer, chomh maith leis na hábhair agus na soláthairtí a choinnítear ar bord aerárthaigh aeriompróra aon Pháirtí, a dhílódáil i gcríoch an Pháirtí eile ach amháin le formheas údaráis chustaim na críche sin. I gcás den sórt sin, d’fhéadfaí iad a chur faoi mhaoirseacht na n‑údarás sin go dtí go n‑onnmhairítear iad arís nó go ndéanfar iad a chur de láimh ar bhealach eile i gcomhréir le rialacháin chustaim.

9.    Ní dhéanfaidh coinníollacha an Chomhaontaithe seo difear don réimse CBL, seachas cáin láimhdeachais ar allmhairí. Ní dhéanfaidh forálacha an Chomhaontaithe seo difear d’fhorálacha aon choinbhinsiúin idir Ballstát agus an Úcráin chun cánachas dúbailte ar ioncam agus ar chaipiteal a d’fhéadfadh a bheith i bhfeidhm ag an am ábhartha a sheachaint.

AIRTEAGAL 24

TÁILLÍ ÚSÁIDEORA LE hAGHAIDH AERFORT AGUS SAORÁIDÍ AGUS SEIRBHÍSÍ EITLÍOCHTA

1.    Maidir le táillí úsáideoirí a ghearrann údaráis Pháirtí nó a chomhlachtaí muirearaithe inniúla ar aeriompróirí an Pháirtí eile as aerloingseoireacht agus rialú aerthráchta, aerfort, slándáil eitlíochta agus saoráidí agus seirbhísí lena mbaineann a úsáid, áiritheoidh gach Páirtí go mbeidh na táillí sin cóir réasúnach, nach mbeidh siad idirdhealaitheach go héagórach, agus go mbeidh siad cionroinnte go cothrom i measc catagóirí úsáideoirí. Gan dochar d’Airteagal 9 (Bainistíocht aerthráchta), beidh na muirir sin ag freagairt don chostas iomlán a bhí ar na húdaráis nó na comhlachtaí muiririthe inniúla a ghabh le soláthar na saoráidí agus na seirbhísí iomchuí aerfoirt agus slándála eitlíochta ag an aerfort sin nó laistigh de chóras an aerfoirt sin, ach ní rachaidh na muirir thar an méid sin. D’fhéadfaí toradh réasúnach ar shócmhainní, tar éis dímheasa, a áireamh sna táillí sin. Soláthrófar saoráidí agus seirbhísí ar a ngearrtar táillí úsáideora ar bhonn éifeachtach eacnamaíoch. In aon chás, déanfar measúnú ar na táillí sin ar aeriompróirí an Pháirtí eile ar théarmaí nach lú fabhar ná na téarmaí is fabhraí atá ar fáil d’aon aeriompróir eile ag an am a mheasúnaítear na táillí. Bunóidh údaráis nó comhlachtaí muirearaithe inniúla na bPáirtithe táillí úsáideora in airgeadra náisiúnta nó eachtrach.

2.    Spreagfaidh gach Páirtí nó éileoidh siad comhairliúcháin i gcomhréir leis an reachtaíocht reatha is infheidhme, idir na húdaráis nó comhlachtaí muirearaithe inniúla ina gcríoch agus na haeriompróirí agus/nó a gcomhlachtaí ionadaíocha a úsáideann na seirbhísí agus saoráidí, agus áiritheoidh siad go malartóidh na húdaráis nó comhlachtaí muirearaithe inniúla agus na haeriompróirí nó a gcomhlachtaí ionadaíocha an fhaisnéis sin is gá chun go bhféadfar athbhreithniú beacht a dhéanamh ar réasúnacht na dtáillí i gcomhréir le prionsabail mhír 1 den Airteagal seo. Áiritheoidh gach Páirtí go dtugann na húdaráis nó na comhlachtaí muirearaithe inniúla fógra réasúnta d’úsáideoirí maidir le haon togra le haghaidh athruithe ar tháillí úsáideora lena chur ar chumas na n‑údarás sin breith a dhéanamh ar na tuairimí a chuireann na húsáideoirí in iúl sula ndéantar athruithe.

AIRTEAGAL 25

PRAGHSÁIL

1.    Ceadóidh na Páirtithe d’aeriompróirí praghsanna a bhunú saor ó bhac ar bhonn iomaíocht shaor agus chóir.

2.    Ní éileoidh na Páirtithe go gcomhdófar nó go bhfógrófar praghsanna.

3.    Má chreideann údaráis inniúla aon Pháirtí go bhfuil aon phraghas i neamhréir leis na breithnithe a leagtar amach san Airteagal seo, seolfaidh siad an fógra iomchuí chuig údaráis inniúla an Pháirtí eile lena mbaineann agus féadfaidh siad comhairliúcháin a iarraidh leis na húdaráis sin. Féadfar comhairliúcháin idir na húdaráis inniúla a reáchtáil ar ábhair amhail praghsanna, agus ábhair eile nach iad, a d’fhéadfadh a bheith éagórach, míréasúnta, idirdhealaitheach nó fóirdheonaithe. Reáchtálfar comhairliúcháin den sórt sin tráth nach déanaí ná 30 lá tar éis an dáta a fhaightear an iarraidh.

AIRTEAGAL 26

TIMPEALLACHT IOMAÍOCH

1.    Laistigh de raon feidhme an Chomhaontaithe seo, beidh feidhm le forálacha Teideal VI (‘Iomaíocht, cosaint maoine intleachtúla, tionsclaíche agus tráchtála agus comhar reachtach’) an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta agus Comhair nó aon chomhaontú comharba idir an tAontas Eorpach, a Bhallstáit agus an Úcráin, seachas i gcás ina n‑áirítear rialacha níos sonraíche maidir le hiomaíocht agus státchabhair don earnáil eitlíochta sa Chomhaontú seo.

2    Admhaíonn na Páirtithe gurb é an cuspóir comhpháirteach atá acu timpeallacht chóir agus iomaíoch a bheith acu chun aersheirbhísí a oibriú inti. Aithníonn na Páirtithe gur mó an seans go dtarlóidh praghsanna córa iomaíocha ag aeriompróirí i gcás ina n‑oibríonn na haeriompróirí sin ar bhonn tráchtála go hiomlán agus nach bhfuil siad fóirdheonaithe.

3.    Níl státchabhair, a shaobhann iomaíocht nó a bhagraíonn í a shaobhadh trí fhabhar a thabhairt do chuideachtaí nó do ghnóthais áirithe nó do tháirge nó do sheirbhísí eitlíochta áirithe, comhoiriúnach le feidhmiú ceart an Chomhaontaithe seo, a mhéid a fhéadfadh sí tionchar a imirt ar thrádáil idir na Páirtithe san earnáil eitlíochta.

4.    A mhéid a bhaineann le státchabhair, déanfar measúnú ar aon chleachtais de shárú ar an Airteagal seo ar bhonn na gcritéar a eascraíonn as cur i bhfeidhm na rialacha iomaíochta is infheidhme san Aontas Eorpach agus go háirithe na rialacha sin a shonraítear in Iarscríbhinn VII a ghabhann leis an gComhaontú seo.

5.    Má aimsíonn Páirtí amháin go bhfuil dálaí i gcríoch an Pháirtí eile, go háirithe mar gheall ar fhóirdheontas, a mbeadh éifeacht dhíobhálach acu ar dheis chóir agus chothrom a n‑aeriompróirí le bheith iomaíoch, féadfaidh sé breithnithe a sheoladh isteach chuig an bPáirtí eile. Ina theannta sin, féadfaidh sé cruinniú den Chomhchoiste a iarraidh, dá bhforáiltear in Airteagal 29 (Comhchoiste) den Chomhaontú seo. Ón tráth a fhaightear an iarraidh sin, tosóidh na comhairliúcháin laistigh de 30 lá. Má theiptear teacht ar chomhaontú sásúil laistigh de 30 lá ón lá a thosaíonn na comhairliúcháin sin, is údar é sin don Pháirtí a d’iarr na comhairliúcháin chun caingean a ghlacadh chun údaruithe an aeriompróra/na n‑aeriompróirí lena mbaineann a dhiúltú, a chúlghairm, a chur ar fionraí nó a theorannú, comhsheasmhach le hAirteagal 19 (Diúltú, Cúlghairm, Fionraíocht, Teorannú Údaraithe nó Cead Teicniúil) den Chomhaontú seo.

6.    Beidh na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i mír 5 den Airteagal seo iomchuí, comhréireach agus srianta, a mhéid atá fíor-riachtanach, i ndáil le raon feidhme agus fad. Díreofar go heisiach iad ar an aeriompróir nó na haeriompróirí a bhaineann tairbhe as fóirdheontas nó na coinníollacha dá dtagraítear san Airteagal seo, agus beidh siad gan dochar do cheart aon Pháirtí caingean a ghlacadh faoi Airteagal 31 (Bearta Cosanta) den Chomhaontú seo.

7.    Féadfaidh gach Páirt, nuair a thugtar fógra don Pháirtí eile, dul chuig eintitis rialtais fhreagracha i gcríoch an Pháirtí eile lena n‑áirítear eintitis ar an leibhéal stáit, cúige nó áitiúil chun ábhair a bhaineann leis an Airteagal seo a phlé.

8.    Ní theorannóidh aon rud sa Chomhaontú seo, ná ní chuirfidh i mbaol, cumhacht údaráis iomaíochta na bPáirtithe i ngach ábhar a bhaineann le forfheidhmiú dhlí na hiomaíochta a thiteann faoina n‑inniúlacht eisiach. Beidh aon chaingean a ghlactar de bhun an Airteagail seo gan dochar do chaingne a ghlacann na húdaráis sin, a bheidh go hiomlán neamhspleách ó chaingne a ghlactar de bhun an Airteagail seo.

9.    Beidh feidhm ag forálacha an Airteagail seo gan dochar do dhlíthe agus rialacháin na bPáirtithe maidir le hoibleagáidí seirbhíse poiblí i gcríocha na bPáirtithe.

10.    Malartóidh na Páirtithe faisnéis ag tabhairt san áireamh na teorainneacha a fhorchuirtear le ceanglais na rúndachta gairmiúla agus gnó.

AIRTEAGAL 27

STAIDREAMH

1.    Soláthróidh gach Páirt staidreamh don Pháirtí eile a éilítear i ndlíthe agus i rialacháin náisiúnta agus, arna iarraidh sin , faisnéis staidrimh eile a d’fhéadfadh a bheith ag teastáil go réasúnta chun críche athbhreithniú a dhéanamh ar oibríocht na n‑aersheirbhísí.

2.    Comhoibreoidh na Páirtithe i gcreat an Chomhchoiste faoi Airteagal 29 (Comhchoiste) den Chomhaontú seo chun malartú faisnéise staidrimh a éascú eatarthu chun críche monatóireacht a dhéanamh ar fhorbairt aersheirbhísí faoin gComhaontú seo.

TEIDEAL IV

FORÁLACHA INSTITIÚIDEACHA

AIRTEAGAL 28

LÉIRMHÍNIÚ AGUS FORFHEIDHMIÚ

1.    Glacfaidh na Páirtithe gach beart is iomchuí, bíodh sé ginearálta nó sonrach, lena áirithiú go gcomhlíontar na hoibleagáidí a eascraíonn as an gComhaontú seo agus staonfaidh siad ó aon bhearta a chuirfeadh baint amach chuspóirí an Chomhaontaithe seo i mbaol.

2.    Beidh gach Páirtí freagrach, ina chríoch féin, as forfheidhmiú mar is ceart an Chomhaontaithe seo. Beidh an Úcráin freagrach chomh maith as cur chun feidhme a reachtaíochta a glacadh agus é mar aidhm léi ceanglais agus caighdeáin ghníomhartha an Aontais Eorpaigh a bhaineann leis an eitlíocht shibhialta, dá dtagraítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gComhaontú seo, a ionchorprú ina córas dlí. 

3.    Tabharfaidh gach Páirtí an fhaisnéis agus an cúnamh riachtanach ar fad don Pháirtí eile i gcás imscrúduithe ar sháruithe féideartha ar fhorálacha an Chomhaontaithe seo, a dhéanann an Páirtí eile sin faoina inniúlachtaí faoi seach dá bhforáiltear sa Chomhaontú seo.

4.    Nuair a fheidhmíonn na Páirtithe faoi na cumhachtaí a dheonaítear dóibh faoin gComhaontú seo ar ábhair ar leas suntasach ag an bPáirtí eile iad agus a bhaineann le húdaráis nó cuideachtaí nó gnóthais an Pháirtí eile, beidh údaráis inniúla an Pháirtí eile sin go hiomlán ar an eolas agus tabharfar deis dóibh trácht a dhéanamh sula nglactar cinneadh críochnaitheach.

5.    A mhéid atá forálacha an Chomhaontaithe seo agus forálacha na ngníomhartha a shonraítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gComhaontú seo díreach mar a chéile i substaint le rialacha comhfhreagracha Chonarthaí an Aontais agus le gníomhartha a ghlactar de bhun Chonarthaí an Aontais, léirmhíneofar na forálacha sin, ina bhforfheidhmiú agus ina gcur chun feidhme, i gcomhréir le rialuithe agus cinntí ábhartha Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, dá ngairtear ‘an Chúirt Bhreithiúnais’ anseo feasta, agus an Choimisiúin Eorpaigh faoi seach.

AIRTEAGAL 29

COMHCHOISTE

1.    Bunaítear Comhchoiste comhdhéanta d’ionadaithe ar na Páirtithe (dá ngairtear an Comhchoiste anseo feasta) leis seo agus beidh sé freagrach as riar an Chomhaontaithe seo agus áiritheoidh siad a fhorfheidhmiú mar is ceart. Chun na críche sin, déanfaidh sé moltaí agus glacfaidh sé cinntí i gcás ina bhforáiltear sin go sainráite sa Chomhaontú seo.

2.    Is de chomhthoil a ghlacfar cinntí an Chomhchoiste agus beidh siad ceangailteach ar na Páirtithe. Cuirfidh na Páirtithe i bhfeidhm iad, i gcomhréir lena nósanna imeachta inmheánacha. Tabharfaidh na Páirtithe faisnéis dá chéile maidir le cur i gcrích na nósanna imeachta sin agus dáta theacht i bhfeidhm na gcinntí. Cibé uair a mbíonn ceanglas i gcinneadh a ghlacann an Comhchoiste maidir le gníomhaíocht atá le glacadh ag Páirtí, glacfaidh an Páirtí na bearta riachtanacha agus cuirfidh sé an Comhchoiste ar an eolas faoin méid sin.

3.    Glacfaidh an Comhchoiste, trí chinneadh, lena rialacha nós imeachta.

4.    Tiocfaidh an Comhchoiste le chéile de réir mar a bheidh sin riachtanach arna iarraidh sin ag Páirtí.

5.    Féadfaidh Páirtí freisin cruinniú den Chomhchoiste a iarraidh chun féachaint le haon cheist a bhaineann le léirmhíniú nó cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo a réiteach. Reáchtálfar cruinniú den sórt sin ar an dáta is luaithe agus is féidir, ach tráth nach déanaí ná 2 mhí ón dáta a fhaightear an iarraidh, mura n‑aontaíonn na Páirtithe a mhalairt.

6.    Chun críche fhorfheidhmiú mar is ceart an Chomhaontaithe seo, malartóidh na Páirtithe faisnéis agus, arna iarraidh sin ag an bPáirtí eile, reáchtálfaidh siad comhairliúcháin laistigh den Chomhchoiste.

7.    Mura bhforfheidhmíonn Páirtí eile, i dtuairim ceann de na Páirtithe, cinneadh de chuid an Chomhchoiste, féadfaidh an chéad Pháirtí iarraidh a dhéanamh go bpléifeadh an Comhchoiste an tsaincheist. Murar féidir leis an gComhchoiste an tsaincheist a réiteach laistigh de 2 mhí ó uair a chuirfear faoina bhráid í, féadfaidh an Páirtí iarrthach na bearta cosanta iomchuí a ghlacadh faoi Airteagal 31 (Bearta Cosanta) den Chomhaontú seo.

8.    Gan dochar do mhír 2 den Airteagal seo, mura nglacann an Comhchoiste cinneadh ar shaincheist, a chuirfear faoina bhráid laistigh de 6 mhí ón dáta tagartha, féadfaidh na Páirtithe beart cosanta sealadacha iomchuí a ghlacadh faoi Airteagal 31 (Bearta Cosanta) den Chomhaontú seo.

9.    I gcomhréir le hAirteagal 20 (Infheistíocht in Aeriompróirí) den Chomhaontú seo, scrúdóidh an Comhchoiste ceisteanna maidir le hinfheistíochtaí déthaobhacha na húinéireachta tromlaigh, nó athruithe ar rialú éifeachtach aeriompróirí na bPáirtithe.

10.    Forbróidh an Comhchoiste freisin comhar idir na Páirtithe trí:

(a)    athbhreithniú a dhéanamh ar dhálaí margaidh a dhéanann difear d’aersheirbhísí faoin gComhaontú seo;

(b)    aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna ‘déanta gnó’ agus a mhéid is féidir réiteach éifeachtach a fháil orthu, saincheisteanna a d’fhéadfadh, inter alia, cur isteach ar rochtain ar an margadh agus oibríocht rianúil na seirbhísí a comhaontaíodh faoin gComhaontú seo mar bhealach chun cothroime iomaíochta, coinbhéirseacht rialála agus íoslaghdú ualach rialála na n‑oibreoirí tráchtála a áirithiú;

(c)    malartuithe ar leibhéal na saineolaithe a chothú maidir le tionscnaimh agus forbairtí reachtacha nó rialaitheacha nua, chomh maith le hionstraimí nua dlí eitlíochta poiblí agus príobháidí idirnáisiúnta a ghlacadh, go háirithe i réimsí na slándála, na sábháilteachta, an chomhshaoil, an bhonneagair eitlíochta (lena n‑áirítear sliotáin), aerfort, comhair thionsclaíoch, bainistíochta aerthráchta, timpeallachta iomaíche agus cosaint tomhaltóirí;

(d)    scrúdú rialta a dhéanamh ar éifeachtaí sóisialta an Chomhaontaithe seo mar a chuirtear chun feidhme é, go háirithe i réimse na fostaíochta agus freagraí iomchuí a fhorbairt i leith imní a aimsítear a bheith dlisteanach;

(e)    bhreith a dhéanamh ar réimsí féideartha le haghaidh fhorbairt bhreise an Chomhaontaithe seo, lena n‑áirítear leasuithe leis an gComhaontú seo a mholadh;

(f)    tograí, cur chuige nó doiciméid de chineál nós imeachta a bhaineann le feidhmiú an Chomhaontaithe seo a aontú ar bhonn comhthola;

(g)    cúnamh teicniúil a bhreith agus a fhorbairt sna réimsí a chumhdaítear sa Chomhaontú seo; agus

(h)    comhar a chothú i bhfóraim ábhartha idirnáisiúnta agus féachaint le poist chomhordaithe a bhunú.

AIRTEAGAL 30

RÉITEACH DÍOSPÓIDE AGUS EADRÁIN

1.    Má eascraíonn aon díospóid idir na Páirtithe a bhaineann le léirmhíniú nó cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo, déanfaidh siad iarracht ar an gcéad dul síos é a shocrú trí chomhairliúcháin fhoirmiúla laistigh den Chomhchoiste i gcomhréir le mír 5 d’Airteagal 29 (Comhchoiste) den Chomhaontú seo. I gcásanna ina nglacann an Comhchoiste cinntí faoin nós imeachta seo a bhaineann le léirmhíniú nó cur i bhfeidhm na gceanglas agus na gcaighdeán dá dtagraítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gComhaontú seo, urramófar leo sin breitheanna na Cúirte Breithiúnais a bhaineann le léirmhíniú na gceanglas agus na gcaighdeán ábhartha, chomh maith le cinntí an Choimisiúin Eorpaigh, a ghlactar faoi théarmaí na gceanglas agus na gcaighdeán comhfhreagrach.

2.    Féadfaidh ceachtar Páirtí aon díospóid a bhaineann leis an iarratas nó le léirmhíniú an Chomhaontaithe seo, nárbh fhéidir a réiteach i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo, a chur faoi bhráid painéal eadrána ina mbeidh triúr eadránaithe i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos anseo:

(a)    ceapfaidh gach Páirtí eadránaí laistigh de 60 lá ón dáta a fhaigheann an painéal eadrána an fógra ar iarraidh eadrána arna sheoladh ag an bPáirtí eile trí bhealaí taidhleoireachta; ba cheart don dá eadránaí eile an tríú headránaí a cheapadh laistigh de thréimhse 60 lá eile. Mura bhfuil eadránaí ceaptha ag ceann de na Páirtithe laistigh den tréimhse chomhaontaithe, nó mura gceaptar an tríú headránaí laistigh den tréimhse chomhaontaithe, féadfaidh gach Páirtí iarraidh ar Uachtarán Chomhairle ICAO eadránaí nó eadránaithe a cheapadh, cibé acu is infheidhme. Má tá Uachtarán na Comhairle den náisiúntacht chéanna le ceann de na Páirtithe, déanfaidh an Leas-Uachtarán is sinsearaí nach bhfuil dícháilithe ar an bhforas sin an ceapachán;

(b)    maidir leis an tríú headránaí a cheapfar faoi théarmaí mhír a) thuas, ba cheart é a bheith ina náisiúnach tríú Stát agus feidhmeoidh an duine sin mar Uachtarán ar an bpainéal eadrána;

(c)    aontóidh an painéal eadrána a rialacha nós imeachta; agus

(d)    faoi réir chinneadh críochnaitheach an phainéil eadrána, roinnfear costais tosaigh na headrána go cothrom idir na Páirtithe.

3.    Arna iarraidh sin ó Pháirtí, féadfaidh an painéal eadrána ordú don Pháirtí eile bearta faoisimh eatramhacha a chur chun feidhme ar feitheamh chinneadh críochnaitheach an phainéil.

4.    Beidh aon chinneadh sealadach nó cinneadh críochnaitheach an phainéil eadrána ceangailteach ar na Páirtithe. Déanfaidh an painéal eadrána iarracht aon chinneadh sealadach nó cinneadh críochnaitheach a ghlacadh de chomhthoil. I gcás nach féidir teacht ar chomhthoil, glacfaidh sé a chinntí trí vótáil tromlaigh.

5.    Mura ngníomhaíonn ceann de na Páirtithe i gcomhréir le cinneadh atá glactha ag an bpainéal eadrána faoi théarmaí an Airteagail seo laistigh de 30 lá ón dáta a fhaightear fógra faoin gcinneadh thuasluaite, féadfaidh an Páirtí eile, ar feadh pé achar a mhaireann an teip sin, cearta nó pribhléidí a dheonaigh sé faoi théarmaí an Chomhaontaithe seo a theorannú, a chur ar fionraí nó a chúlghairm ón bPáirtí a raibh an locht air.

AIRTEAGAL 31

BEARTA COSANTA

1.    Gan dochar d’Airteagal 7 (Sábháilteacht Eitlíochta) agus Airteagal 8 (Slándáil Eitlíochta) agus na measúnuithe sábháilteachta agus slándála a luaitear in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an gComhaontú seo, féadfaidh Páirtí beart cosanta iomchuí a ghlacadh má mheasann sé nach ndearna an Páirtí eile oibleagáid a chomhlíonadh faoin gComhaontú seo. Beidh bearta cosanta srianta maidir lena raon feidhme agus a bhfad don mhéid atá fíor-riachtanach chun an cás a réiteach nó cothromaíocht an Chomhaontaithe seo a choinneáil. Tabharfar tosaíocht do bhearta den sórt sin is lú a chuirfidh isteach ar fheidhmiú an Chomhaontaithe seo.

2.    Cuirfidh Páirtí atá ag beartú bearta cosanta a ghlacadh an Páirtí eile ar an eolas gan mhoill tríd an gComhchoiste agus soláthróidh sé an fhaisnéis ábhartha ar fad.

3.    Rachaidh na Páirtithe i mbun comhairliúchán láithreach sa Chomhchoiste d’fhonn réiteach atá inghlactha go coitianta a aimsiú.

4.    Gan dochar d’Airteagal 7 (Sábháilteacht Eitlíochta) agus Airteagal 8 (Slándáil Eitlíochta) den Chomhaontú seo, ní fhéadfaidh an Páirtí lena mbaineann tabhairt faoi bhearta cosanta go ceann míosa amháin tar éis dháta an fhógra faoi mhír 2 den Airteagal seo, mura gcuirtear an nós imeachta comhairliúcháin faoi mhír 3 den Airteagal seo i gcrích sula dtéann an teorainn ama a luaitear in éag.

5.    Cuirfidh an Páirtí lena mbaineann, gan mhoill, na bearta a glacadh in iúl don Chomhchoiste agus soláthróidh sé an fhaisnéis ábhartha ar fad.

6.    Cuirfear aon ghníomhaíocht arna glacadh faoi théarmaí an Airteagail seo ar fionraí, a luaithe a chomhlíonann an Páirtí ar a bhfuil an locht forálacha an Chomhaontaithe seo.

AIRTEAGAL 32

NOCHTADH FAISNÉISE

Cuirfear de cheanglas ar ionadaithe, toscairí agus saineolaithe na bPáirtithe, chomh maith le hoifigigh eile a fheidhmíonn faoin gComhaontú seo, fiú tar éis dá ndualgais críochnú, gan faisnéis a chumhdaíonn oibleagáid na rúndachta gairmiúla a nochtadh le tríú páirtithe, go háirithe faisnéis ábhartha slándála agus faisnéis maidir le cuideachtaí nó gnóthais, a gcaidreamh gnó nó a gcomhpháirteanna costais.

Airteagal 33

SOCRUITHE IDIRTHRÉIMHSEACHA

1.Bunaítear in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an gComhaontú seo na socruithe idirthréimhseacha agus na tréimhsí comhfhreagracha a bhfuil feidhm leo maidir leis na Páirtithe.

2.Maidir le haistriú na hÚcráine de réir a chéile chuig forfheidhmiú éifeachtach cheanglas agus chaighdeán ionstraimí an Aontais Eorpaigh a bhaineann leis an eitlíocht shibhialta dá dtagraítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gComhaontú seo agus comhlíonadh na gcoinníollacha faoi Iarscríbhinn III, beidh sé faoi réir measúnuithe a dhéanfaidh an Coimisiún Eorpach i gcomhar leis an Úcráin agus maidir le hiniúchtaí caighdeánaithe sábháilteachta eitlíochta arna ndéanamh ag EASA i gcomhréir leis na ceanglais agus na caighdeáin a shonraítear i Roinn C d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gComhaontú seo.

Nuair a bheidh an Úcráin sásta go bhfuil na ceanglais agus na caighdeáin reachtacha ábhartha ionchorpraithe agus forfheidhmithe i reachtaíocht na hÚcráine, cuirfidh sí in iúl don Choimisiún Eorpach gur cheart measúnú a dhéanamh.

3.Má chinneann an Coimisiún Eorpach go gcomhlíonann an Úcráin na ceanglais agus na caighdeáin ábhartha, cuirfidh sé an t‑ábhar faoi bhráid an Chomhchoiste a bunaíodh faoi Airteagal 29 (Comhchoiste) den Chomhaontú seo chun go ndéanfaidh sé cinneadh go gcáilíonn an Úcráin le dul chuig an gcéad idirthréimhse eile nó go gcomhlíonann sé na ceanglais seo ar fad.

4.Má chinneann an Coimisiún Eorpach nach gcomhlíonann an Úcráin na ceanglais agus na caighdeáin ábhartha, tuairisceoidh sé é sin don Chomhchoiste. Molfaidh an Coimisiún Eorpach ina dhiaidh sin feabhsúcháin shonracha don Úcráin agus cinnfidh sé, i gcomhairliúchán leis an Úcráin, tréimhse cur chun feidhme inar féidir dul i ngleic go réasúnach leis na heasnaimh ábhartha. Roimh dheireadh na tréimhse cur chun feidhme déanfar dara measúnú agus, más gá, measúnuithe breise lena chinneadh ar cuireadh chun feidhme na feabhsúcháin mholta go héifeachtach agus go sásúil.

5.Má chinneann an Coimisiún Eorpach go ndeachthas i ngleic leis na heasnaimh ábhartha, cuirfidh sé an t‑ábhar faoi bhráid an Chomhchoiste le cinneadh dá réir sin agus mar a shonraítear i mír 3 den Airteagal seo.

AIRTEAGAL 34

GAOL LE COMHAONTUITHE AGUS/NÓ SOCRUITHE EILE

1.    Beidh forlámhas ag forálacha an Chomhaontaithe seo ar fhorálacha ábhartha comhaontuithe aeriompair déthaobhacha agus/nó comhaontuithe idir na Páirtithe.

2.    D’ainneoin mhír 1 den Airteagal seo, beidh feidhm ag na forálacha a bhaineann le húinéireacht, cearta tráchta, acmhainneacht, minicíochtaí, cineál nó athrú aerárthaigh, roinnt cód agus praghsáil comhaontú nó socrú déthaobhach idir an Úcráin agus an tAontas Eorpach nó Ballstát de chuid an Aontais, idir na Páirtithe ann má bhíonn an comhaontú agus/nó an socrú déthaobhach sin níos fabhraí, i dtéarmaí saoirse le haghaidh na n‑aeriompróirí lena mbaineann, nó níos fabhraí ar bhealach eile agus ar choinníoll nach bhfuil aon idirdhealú idir Ballstáit an Aontais agus a náisiúnaigh. Is amhlaidh an méid sin freisin le haghaidh forálacha nach gcumhdaítear leis an gComhaontú seo.

3.    Má bhíonn na Páirtithe ina bpáirtithe le comhaontú déthaobhach nó má thacaíonn siad le cinneadh a ghlacfaidh ICAO nó eagraíocht idirnáisiúnta eile a thugann aghaidh ar chúrsaí a chumhdaítear sa Chomhaontú seo, rachaidh siad i gcomhairle leis an gComhchoiste lena chinneadh cibé ar cheart nó nár cheart athbhreithniú a dhéanamh ar an gComhaontú seo chun aon fhorbairtí sin a chur san áireamh.

AIRTEAGAL 35

Forálacha Airgeadais

Gan dochar d’Airteagal 5 (1) (b) (Prionsabail Ghinearálta an Chomhair Rialála) den Chomhaontú seo, leithdháilfidh na Páirtithe acmhainní airgeadais riachtanacha, lena n‑áirítear acmhainní a bhaineann leis an gComhchoiste, le haghaidh chur chun feidhme an Chomhaontaithe seo ina gcríocha féin faoi seach.

TEIDEAL V

TEACHT I bhFEIDHM, ATHBHREITHNIÚ, FOIRCEANNADH AGUS FORÁLACHA EILE

AIRTEAGAL 36

LEASUITHE

1.    Féadfaidh an Comhchoiste, ar mholadh ó Pháirtí amháin agus i gcomhréir leis an Airteagal seo, a chinneadh le comhthoil modhnú a dhéanamh ar na hIarscríbhinní a ghabhann leis an gComhaontú seo agus mar a fhoráiltear in Airteagal 15, fomhír 3(a) (Reachtaíocht Nua).

2.    Tiocfaidh leasuithe ar na hIarscríbhinní a ghabhann leis an gComhaontú seo i bhfeidhm tar éis do na Páirtithe na nósanna imeachta inmheánacha riachtanacha a chur i gcrích.

3.    Ar iarraidh aon Pháirtí agus i gcomhréir leis na nósanna imeachta ábhartha, ag tabhairt san áireamh moltaí féideartha ón gComhchoiste, athbhreithneofar an Comhaontú seo i bhfianaise chur i bhfeidhm a fhorálacha, d’fhonn breith a dhéanamh ar aon fhorbairt a bheadh riachtanach amach anseo. Aon leasú ar fhorálacha an Chomhaontaithe seo a thagann as an méid sin, tiocfaidh sé i bhfeidhm faoi mar a fhoráiltear in Airteagal 38 (Teacht i bhFeidhm agus Cur i bhFeidhm Sealadach) den Chomhaontú seo.

AIRTEAGAL 37

FOIRCEANNADH

Féadfaidh aon Pháirtí, ag aon am, fógra a thabhairt i scríbhinn trí bhealaí taidhleoireachta don Pháirtí eile maidir lena chinneadh an Comhaontú seo a fhoirceannadh. Seolfar fógra an sin go comhuaineach chuig ICAO. Tiocfaidh an Comhaontú seo chun deiridh ag meán oíche GMT ag deireadh shéasúr tráchta an Chomhlachais Aeriompair Idirnáisiúnta a bheidh i bhfeidhm bliain amháin i ndiaidh dháta an fhógra foirceannta i scríbhinn, mura n‑aistarraingítear an fógra trí chomhaontú frithpháirteach na bPáirtithe sula dtéann an tréimhse sin in éag.

AIRTEAGAL 38

TEACHT I bhFEIDHM AGUS CUR I bhFEIDHM SEALADACH

1.    Beidh an Comhaontú seo faoi réir dhaingniú nó fhormheas na sínitheoirí i gcomhréir lena nósanna imeachta féin.

2.    Tiocfaidh an Comhaontú seo i bhfeidhm mí amháin tar éis dháta an nóta deiridh i malartú nótaí taidhleoireachta idir na Páirtithe a dheimhneoidh gur cuireadh na nósanna imeachta riachtanacha ar fad le haghaidh theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo i gcrích. Chun críche an mhalartaithe seo, seachadfaidh an Úcráin chuig Ardrúnaíocht Chomhairle an Aontais Eorpaigh a nóta taidhleoireacht chuig an Aontas Eorpach agus a Bhallstáit agus seachadfaidh Ardrúnaíocht Chomhairle an Aontais Eorpaigh chuig an Úcráin an nóta taidhleoireachta ón Aontas Eorpach agus a Bhallstáit. Beidh cumarsáidí ó gach Ballstát sa nóta taidhleoireachta ón Aontas Eorpach agus a Bhallstáit a dheimhníonn gur cuireadh i gcrích na nósanna imeachta riachtanacha le haghaidh theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo.

3.    D’ainneoin mhír 2 den Airteagal seo, comhaontaíonn na Páirtithe an Comhaontú seo a chur i bhfeidhm go sealadach, i gcomhréir lena nósanna imeachta inmheánacha agus/nó reachtaíocht náisiúnta de réir mar is infheidhme, ón gcéad lá den mhí tar éis dháta an nóta is déanaí trínar chuir na Páirtithe in iúl dá chéile go bhfuil na nósanna imeachta ábhartha curtha i gcrích acu chun go mbeidh feidhm acu go sealadach nó de réir mar a bheidh chun an Comhaontú seo a chur i gcrích.

AIRTEAGAL 39

CLÁRÚ LE ICAO AGUS RÚNAÍOCHT NA NÁISIÚN AONTAITHE

Cláróidh an Úcráin an Comhaontú seo agus na leasuithe ar fad leis, tar éis dó teacht i bhfeidhm, le ICAO agus le Rúnaíocht na Náisiún Aontaithe, i gcomhréir le hAirteagal 102 de Chairt na Náisiún Aontaithe.

DÁ FHIANÚ SIN, chuir an té a bhfuil a shíniú leis seo thíos, agus iad údaraithe go cuí, a lámh leis an gComhaontú seo.

Arna dhéanamh ag … an … lá … i mbliain …, i ndúblach, i mBulgáiris,Spáinnis,Seicis, Danmhairgis, Eastóinis, Gréigis, Béarla, Fraincis, Gearmáinis, Iodáilis, Laitvis, Liotuáinis, Cróitis, Ungáiris, Máltais, Ollainnis, Polainnis, Portaingéilis, Rómáinis, Slóvaicis, Slóivéinis, Fionlainnis, Sualainnis agus Úcráinis, gach téacs den bharántúlacht chéanna.

_______________________________



IARSCRÍBHINN I

LIOSTA CEANGLAS AGUS CAIGHDEÁN IS INFHEIDHME ARNA nGLACADH AG AN AONTAS EORPACH I RÉIMSE NA hEITLÍOCHTA SIBHIALTA LE hIONCHORPRÚ I REACHTAÍOCHT NA hÚCRÁINE

Ionchorprófar ‘Ceanglais agus caighdeáin is infheidhme’ gníomhartha an Aontais Eorpaigh a leanas i reachtaíocht na hÚcráine agus measfar go mbeidh siad ina gcuid den Chomhaontú seo agus beidh feidhm acu i gcomhréir leis an gComhaontú seo agus le hIarscríbhinn III a ghabhann leis an gComhaontú seo, mura sonraítear a mhalairt ina dhiaidh sin. I gcás inar gá, leagtar amach anseo thíos oiriúnuithe sonracha le haghaidh gach gníomh aonair.

Beidh ceanglais agus caighdeáin na nGníomhartha is infheidhme dá dtagraítear san Iarscríbhinn seo ceangailteach ar na Páirtithe agus beidh siad ina gcuid dá ndlíchóras inmheánach, nó déanfar cuid den dlíchóras sin díobh, mar a leanas:

(a)    Beidh Rialacháin agus Treoracha an Aontais Eorpaigh ceangailteach ar an Aontas Eorpach agus a Bhallstáit i gcomhréir le Conarthaí an Aontais Eorpaigh;

(b)    Beidh gníomh náisiúnta de chuid na hÚcráine arna ghlacadh chun forálacha Rialacháin agus Treoracha comhfhreagracha an Aontais Eorpaigh a chur chun feidhme ceangailteach ó thaobh dlí de ar an Úcráin, cé gur faoin Úcráin féin é foirm agus modh an chur chun feidhme.

A. ROCHTAIN AR AN MARGADH AGUS SAINCHEISTEANNA COIMHDEACHA

Uimh. 1008/2008

Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meán Fómhair 2008 maidir le rialacha comhchoiteanna le haghaidh oibriú aersheirbhísí sa Chomhphobal (Athmhúnlú),

Ceanglais agus caighdeáin is infheidhme: Caibidil IV.

Uimh. 95/93

Rialachán ón gComhairle (CEE) Uimh. 95/93 an 18 Eanáir 1993 maidir le rialacha comhchoiteanna chun sliotáin a leithdháileadh ag aerfoirt Chomhphobail,

arna leasú le:

Rialachán (CE) Uimh. 894/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Bealtaine 2002 lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 95/93 ón gComhairle,

Rialachán (CE) Uimh. 1554/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Iúil 2003 lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 95/93 ón gComhairle,

Rialachán (CE) Uimh. 793/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Aibreán 2004 lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 95/93 ón gComhairle.

Ceanglais agus caighdeáin is infheidhme: Airteagail 1 go 12, 14 agus 14a (2).

A mhéid a bhaineann le cur i bhfeidhm Airteagal 12(2), cuirfear ‘an Comhchoiste’ in áit ‘an Coimisiún’.

Uimh. 96/67

Treoir 96/67/CE ón gComhairle an 15 Deireadh Fómhair 1996 maidir le rochtain ar an margadh láimhseála ar an talamh ag aerfoirt sa Chomhphobal.

Ceanglais agus caighdeáin is infheidhme: Airteagail 1 go 25 agus Iarscríbhinn.

A mhéid a bhaineann le cur i bhfeidhm Airteagal 10, cuirfear ‘Ballstáit an Aontais’ in áit ‘Ballstát’.

A mhéid a bhaineann le cur i bhfeidhm Airteagal 20(2), cuirfear ‘an Comhchoiste’ in áit ‘an Coimisiún’.

Uimh. 785/2004

Rialachán (CE) Uimh. 785/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Aibreán 2004 maidir leis na ceanglais árachais a bhaineann le haeriompróirí agus le hoibreoirí aerárthaí,

arna leasú le:

Rialachán (AE) Uimh. 285/2010 ón gCoimisiún an 6 Aibreán 2010 lena leasaítear Rialachán 785/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis na ceanglais árachais a bhaineann le haeriompróirí agus le hoibreoirí aerárthaí.

Ceanglais agus caighdeáin is infheidhme: Airteagail 1 go 8, agus Airteagal 10(2).

Uimh. 2009/12

Treoir 2009/12/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2009 maidir le muirir aerfoirt.

Ceanglais agus caighdeáin is infheidhme: seachas Airteagal 12 (1), Airteagail 13 agus 14



B. BAINISTÍOCHT AERTHRÁCHTA

Uimh. 549/2004

Rialachán (CE) Uimh. 549/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Márta 2004 lena leagtar síos an creat chun Aerspás Eorpach Aonair a chruthú (an creat‑Rialachán),

arna leasú le:

Rialachán (CE) Uimh. 1070/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 chun feidhmíocht agus inbhuanaitheacht chóras eitlíochta na hEorpa a fheabhsú.

Ceanglais agus caighdeáin is infheidhme: Airteagail 1 go 4, 6, agus 9 go 14.

Uimh. 550/2004

Rialachán (CE) Uimh. 550/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Márta 2004 maidir le soláthar seirbhísí aerloingseoireachta san aerspás Eorpach aonair (an Rialachán maidir le soláthar seirbhísí),

arna leasú le:

Rialachán (CE) Uimh. 1070/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 d’fhonn feidhmíocht agus inbhuanaitheacht chóras eitlíochta na hEorpa a fheabhsú.

Ceanglais agus caighdeáin is infheidhme: Airteagail 1 go 19, Iarscríbhinní I agus II.

Uimh. 551/2004

Rialachán (CE) Uimh. 551/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Márta 2004 maidir le heagrú agus úsáid aerspáis san aerspás Eorpach aonair (an Rialachán maidir le hAerspás),

arna leasú le:

Rialachán (CE) Uimh. 1070/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 chun feidhmíocht agus inbhuanaitheacht chóras eitlíochta na hEorpa a fheabhsú.

Ceanglais agus caighdeáin is infheidhme: Airteagail 1 go 11.



Uimh. 552/2004

Rialachán (CE) Uimh. 552/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Márta 2004 maidir le hidir-inoibritheacht an ghréasáin Eorpaigh um Bainistiú Aerthráchta (an Rialachán maidir le hidir-inoibritheacht),

arna leasú le:

Rialachán (CE) Uimh. 1070/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 chun feidhmíocht agus inbhuanaitheacht chóras eitlíochta na hEorpa a fheabhsú.

Ceanglais agus caighdeáin is infheidhme: Airteagail 1 go 12, Iarscríbhinní I go V.

Reachtaíocht Cur chun feidhme

Uimh. 691/2010

Rialachán (AE) Uimh. 691/2010 ón gCoimisiún an 29 Iúil 2010 lena leagtar síos scéim feidhmíochta le haghaidh seirbhísí aerloingseoireachta agus feidhmeanna gréasáin agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2096/2005 lena leagtar síos ceanglais chomhchoiteanna maidir le seirbhísí aerloingseoireachta a sholáthar,

arna leasú le:

Rialachán (AE) Uimh. 677/2011 ón gCoimisiún an 7 Iúil 2011 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le feidhmeanna gréasáin bainistíochta aerthráchta (BAT) a chur chun feidhme agus maidir le Rialachán (AE) Uimh. 691/2010 a leasú,

Rialachán (AE) Uimh. 1216/2011 ón gCoimisiún an 24 Samhain 2011 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 691/2010 lena leagtar síos scéim feidhmíochta le haghaidh seirbhísí aerloingseoireachta agus feidhmeanna gréasáin,

Rialachán (AE) Uimh. 390/2013 ón gCoimisiún an 3 Bealtaine 2013 lena leagtar síos scéim feidhmíochta le haghaidh seirbhísí aerloingseoireachta agus feidhmeanna gréasáin.

Ceanglais agus caighdeáin is infheidhme: Airteagail 1 go 25, Iarscríbhinn I go IV.

Uimh. 1794/2006

Rialachán (CE) Uimh. 1794/2006 ón gCoimisiún an 6 Nollaig 2006 lena leagtar síos scéim mhuirearaithe chomhchoiteann le haghaidh seirbhísí aerloingseoireachta,

arna leasú le:

Rialachán (AE) Uimh. 1191/2010 ón gCoimisiún an 16 Nollaig 2010 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1794/2006 lena leagtar síos scéim muirearaithe chomhchoiteann do sheirbhísí aerloingseoireachta

Rialachán (AE) Uimh. 391/2013 ón gCoimisiún an 3 Bealtaine 2013 lena leagtar síos comhscéim muirearaithe le haghaidh seirbhísí aerloingseoireachta agus feidhmeanna gréasáin.

Ceanglais agus caighdeáin is infheidhme: Airteagail 1 go 17, Iarscríbhinní I go VI.

Uimh. 482/2008

Rialachán (CE) Uimh. 482/2008 ón gCoimisiún an 30 Bealtaine 2008 lena mbunaítear córas ráthaíochta sábháilteachta bonneagair le cur chun feidhme ag soláthróirí seirbhíse aerloingseoireachta agus lena leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 2096/2005,

arna leasú le:

Rialachán (AE) Uimh. 1035/2011 ón gCoimisiún an 17 Deireadh Fómhair 2011 lena leagtar síos ceanglais chomhchoiteanna maidir le seirbhísí aerloingseoireachta a sholáthar agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 482/2008 (AE) Uimh. 691/2010.

Ceanglais agus caighdeáin is infheidhme: Airteagail 1 go 6, Iarscríbhinní I go II.

Uimh. 1034/2011

Rialachán (AE) Uimh. 1034/2011 ón gCoimisiún an 17 Deireadh Fómhair 2011 maidir le formhaoirseacht sábháilteachta i mbainistíocht aerthráchta agus seirbhísí aerloingseoireachta agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 691/2010.

Ceanglais agus caighdeáin is infheidhme: Airteagail 1 go 19.

Uimh. 1035/2011

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1035/2011 ón gCoimisiún an 17 Deireadh Fómhair 2011 lena leagtar síos ceanglais chomhchoiteanna maidir le seirbhísí aerloingseoireachta a sholáthar agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 482/2008 (AE) Uimh. 691/2010,

arna leasú le:

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 923/2012 ón gCoimisiún an 26 Meán Fómhair 2012 lena leagtar síos rialacha comhchoiteanna an aeir agus forálacha oibríochtúla maidir le seirbhísí agus nósanna imeachta san aerloingseoireacht agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1035/2011 agus Rialacháin (CE) Uimh. 1265/2007, (CE) Uimh. 1794/2006, (CE) Uimh. 730/2006, (CE) Uimh. 1033/2006 agus (AE) Uimh. 255/2010.

Ceanglais agus caighdeáin is infheidhme: Airteagail 1 go 14, Iarscríbhinní I go V.

Uimh. 409/2013

Rialachán (AE) Uimh. 409/2013 ón gCoimisiún an 3 Bealtaine 2013 maidir le sainmhíniú ar chomhthionscadail, ar bhunú rialachais agus dreasachtaí a thacaíonn le cur chun feidhme an Mháistirphlean BAT don Eoraip a shainaithint.

Ceanglais agus caighdeáin is infheidhme: Airteagail 1 go 15.

Uimh. 2150/2005

Rialachán (CE) Uimh. 2150/2005 ón gCoimisiún an 23 Nollaig 2005 lena leagtar síos rialacha comhchoiteanna le haghaidh úsáid sholúbtha an aerspáis.

Ceanglais agus caighdeáin is infheidhme: Airteagail 1 go 9, Iarscríbhinn.

Uimh. 730/2006

Rialachán (CE) Uimh. 730/2006 ón gCoimisiún an 11 Bealtaine 2006 maidir le haicmiú aerspáis agus rochtain eitiltí arna n‑oibriú faoi rialacha amharceitilte os cionn leibhéal eitilte 195.

Ceanglais agus caighdeáin is infheidhme: Airteagail 1 go 4.

Uimh. 255/2010

Rialachán (AE) Uimh. 255/2010 ón gCoimisiún an 25 Márta 2010 lena leagtar síos rialacha comhchoiteanna maidir le bainistíocht sreafa aerthráchta.

Ceanglais agus caighdeáin is infheidhme: Airteagail 1 go 15.

Uimh. 176/2011

Rialachán (AE) Uimh. 176/2011 ón gCoimisiún an 24 Feabhra 2011 maidir leis an bhfaisnéis atá le soláthar sula mbunaítear agus sula modhnaítear bloc feidhmiúil aerspáis.

Uimh. 923/2012

Rialachán (AE) Uimh. 923/2012 ón gCoimisiún an 26 Meán Fómhair 2012 lena leagtar síos rialacha comhchoiteanna an aeir agus forálacha oibríochtúla maidir le seirbhísí agus nósanna imeachta san aerloingseoireacht agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1035/2011 agus Rialacháin (CE) Uimh. 1265/2007, (CE) Uimh. 1794/2006, (CE) Uimh. 730/2006, (CE) Uimh. 1033/2006 agus (AE) Uimh. 255/2010.

Ceanglais agus caighdeáin is infheidhme: Airteagail 1 go 10, Iarscríbhinn.

Uimh. 1032/2006

Rialachán (CE) Uimh. 1032/2006 an 6 Iúil 2006 ón gCoimisiún lena leagtar síos na ceanglais maidir le córais uathoibríocha le haghaidh malartú uathoibríoch sonraí eitilte chun eitiltí a fhógairt, a chomhordú agus a aistriú idir aonaid rialaithe aerthráchta,

arna leasú le:

Rialachán (CE) Uimh. 30/2009 ón gCoimisiún an 16 Eanáir 2009 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1032/2006 a mhéid a bhaineann leis na ceanglais le haghaidh malartú sonraí eitilte a thacaíonn le seirbhísí nasctha sonraí.

Ceanglais agus caighdeáin is infheidhme: Airteagail 1 go 10, Iarscríbhinní I go V.

Uimh. 1033/2006

Rialachán (CE) Uimh. 1033/2006 ón gCoimisiún an 4 Iúil 2006 lena leagtar síos na ceanglais ar nósanna imeachta le haghaidh pleananna eitilte sa chéim réamheitilte le haghaidh an aerspáis Eorpaigh aonair,

arna leasú le:

Rialachán (AE) Uimh. 428/2013 ón gCoimisiún an 8 Bealtaine 2013 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1033/2006 a mhéid a bhaineann le forálacha ICAO dá dtagraítear in Airteagal 3(1).

Ceanglais agus caighdeáin is infheidhme: Airteagail 1 go 5, Iarscríbhinn.

Uimh. 633/2007

Rialachán (CE) Uimh. 633/2007 an 7 Meitheamh 2007 ón gCoimisiún lena leagtar síos na ceanglais maidir le prótacal aistrithe teachtaireachta eitilte a úsáidtear chun eitiltí a fhógairt, a chomhordú agus a aistriú idir aonaid rialaithe aerthráchta,

arna leasú le:

Rialachán (AE) Uimh. 283/2011 ón gCoimisiún an 22 Márta 2011 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 633/2007 a mhéid a bhaineann leis na socruithe idirthréimhseacha dá dtagraítear in Airteagal 7.

Ceanglais agus caighdeáin is infheidhme: Airteagail 1 go 7, an dara agus tríú habairt d’Airteagal 8, Iarscríbhinní I go IV.

Uimh. 29/2009

Rialachán (CE) Uimh. 29/2009 ón gCoimisiún an 16 Eanáir 2009 lena leagtar síos na ceanglais ar sheirbhísí nasctha sonraí le haghaidh an aerspáis Eorpaigh aonair.

Ceanglais agus caighdeáin is infheidhme: Airteagail 1 go 14, Iarscríbhinní I go VII.

Uimh. 262/2009

Rialachán (CE) Uimh. 262/2009 an 30 Márta 2009 ón gCoimisiún lena leagtar síos na ceanglais maidir le leithdháileadh comhordaithe agus úsáid cód ceistiúcháin Mhodh S le haghaidh an aerspáis Eorpaigh aonair.

Ceanglais agus caighdeáin is infheidhme: Airteagail 1 go 12, Iarscríbhinní I go VI.

Uimh. 73/2010

Rialachán (AE) Uimh. 73/2010 ón gCoimisiún an 26 Eanáir 2010 lena leagtar síos na ceanglais ar cháilíocht na sonraí aerloingseoireachta agus na faisnéise aerloingseoireachta le haghaidh an aerspáis Eorpaigh aonair.

Ceanglais agus caighdeáin is infheidhme: Airteagail 1 go 13, Iarscríbhinní I go X.



Uimh. 1206/2011

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1206/2011 ón gCoimisiún an 22 Samhain 2011 lena leagtar síos na ceanglais ar aitheantas aerárthaigh le haghaidh faireachas le haghaidh an aerspáis Eorpaigh aonair.

Ceanglais agus caighdeáin is infheidhme: Airteagail 1 go 11, Iarscríbhinní I go VII.

Uimh. 1207/2011

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1207/2011 ón gCoimisiún an 22 Samhain 2011 lena leagtar síos na ceanglais le haghaidh feidhmíocht agus idir-inoibritheacht an fhaireachais le haghaidh an aerspáis Eorpaigh aonair.

Ceanglais agus caighdeáin is infheidhme: Airteagail 1 go 14, Iarscríbhinní I go IX.

Uimh. 1079/2012

Rialachán (AE) Uimh. 1079/2012 ón gCoimisiún an 16 Samhain 2012 lena leagtar síos na ceanglais maidir le spásáil cainéal gutha le haghaidh an aerspáis Eorpaigh aonair agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1265/2007.

Ceanglais agus caighdeáin is infheidhme: Airteagail 1 go 15, Iarscríbhinní I go V.

Rialachán SESAR

Uimh. 219/2007

Rialachán (CE) Uimh. 219/2007 ón gComhairle an 27 Feabhra 2007 maidir le Comhghnóthas a bhunú chun glúin nua an chórais Eorpaigh um bainistíocht aerthráchta (SESAR) a fhorbairt,

arna leasú le:

Rialachán (CE) Uimh. 1361/2008 ón gCoimisiún an 16 Nollaig 2008 lena leasaítear Rialachán 219/2007 maidir le comhghnóthas a bhunú chun glúin nua an chórais Eorpaigh um bainistíocht aerthráchta (SESAR) a fhorbairt.

Ceanglais agus caighdeáin is infheidhme: Airteagal 1(1)-(2) agus (5)-(7), Airteagail 2 go 3, Airteagal 4(1), Iarscríbhinn.

Ceadúnais rialaitheoirí aerthráchta

Uimh. 805/2011

Rialachán (AE) Uimh. 805/2011 ón gCoimisiún an 10 Lúnasa 2011 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le ceadúnais rialaitheoirí aerthráchta agus deimhnithe áirithe de bhun Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

Ceanglais agus caighdeáin is infheidhme: Airteagail 1 go 32, Iarscríbhinní I go IV.

Cinntí ón gCoimisiúin

Uimh. 2011/121

Cinneadh ón gCoimisiún an 21 Feabhra 2011 lena leagtar síos spriocanna feidhmíochta agus tairseacha foláirimh ar fud an Aontais Eorpaigh maidir le soláthar seirbhísí aerloingseoireachta le haghaidh na mblianta 2012 go 2014 (2011/121/AE).

Ceanglais agus caighdeáin is infheidhme: Airteagail 1 go 4.

Uimh. 2011/2611 final

Cinneadh ón gCoimisiún an 20 Bealtaine 2011 maidir le díolúintí faoi Airteagal 14 de Rialachán (CE) Uimh. 29/2009 C(2011) 2611 final ón gCoimisiún.

Ceanglais agus caighdeáin is infheidhme: Airteagail 1 go 3, Iarscríbhinní I agus II.

Uimh. 2011/9074 final

Cinneadh Cur Chun Feidhme ón gCoimisiún an 9 Nollaig 2011 maidir le díolúintí faoi Airteagal 14 de Rialachán (CE) Uimh. 29/2009 - C(2011) 9074 final ón gCoimisiún.

Ceanglais agus caighdeáin is infheidhme: Airteagail 1 go 3, Iarscríbhinní I agus II.

Uimh. 2012/9604 final

Cinneadh Cur Chun Feidhme ón gCoimisiún maidir le formheas Plean Straitéise Líonra le haghaidh feidhmeanna bainistíochta aerthráchta an Aerspáis Eorpaigh Aonair don tréimhse 2012-2019 - C (2012) 9604 final.

Ceanglais agus caighdeáin is infheidhme: Airteagail 1 go 3.

C. SÁBHÁILTEACHT EITLÍOCHTA

Uimh. 216/2008 (Bun-Rialachán)

Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Feabhra 2008 maidir le rialacha comhchoiteanna i réimse na heitlíochta sibhialta agus lena mbunaítear Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta na hEorpa, agus lena n‑aisghairtear Treoir 91/670/CEE ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 1592/2002 agus Treoir 2004/36/CE,

arna leasú le:

Rialachán (CE) Uimh. 690/2009 ón gCoimisiún an 30 Iúil 2009 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le rialacha comhchoiteanna i réimse na heitlíochta sibhialta agus lena mbunaítear Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta na hEorpa, agus lena n‑aisghairtear Treoir 91/670/CEE ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 1592/2002 agus Treoir 2004/36/CE.

Rialachán (CE) Uimh. 1108/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 i réimse na n‑aeradróm, an bhainistithe aerthráchta agus na seirbhísí aerloingseoireachta agus lena n‑aisghairtear Treoir 2006/23/CE.

Rialachán (AE) Uimh. 6/2013 ón gCoimisiún an 8 Eanáir 2013 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le rialacha comhchoiteanna i réimse na heitlíochta sibhialta agus lena mbunaítear Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta na hEorpa, agus lena n‑aisghairtear Treoir 91/670/CEE ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 1592/2002 agus Treoir 2004/36/CE.

Ceanglais agus caighdeáin is infheidhme: Airteagail 1 go 11, 13 go 16, 20 go 25, 54, 55, 68 agus Iarscríbhinní I go VI.

Cuirfear Rialachán (CE) Uimh 216/2008 agus a rialacha cur chun feidhme i bhfeidhm ar an Úcráin de réir na bhforálacha a leanas:

1.    Ní tharmligeann an Úcráin aon cheann dá feidhmeanna a bhaineann le sábháilteacht do EASA mar a bheartaítear faoin gCoinbhinsiún agus a Iarscríbhinní;

2.    Beidh an Úcráin faoi réir iniúchtaí caighdeánúcháin arna ndéanamh ag EASA faoi Airteagal 54 de Rialachán (CE) Uimh. 216/2008;

3.    Cinnfidh an Comhchoiste cur i bhfeidhm Airteagal 11 de Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 maidir le deimhnithe arna n‑eisiúint ag an Úcráin, i gcomhréir le forálacha Iarscríbhinn III a ghabhann leis an gComhaontú seo;

4.    Ní bheidh feidhm ag Airteagal 11, mír 1 de Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 le maidir le deimhnithe na hÚcráine arna n‑eisiúint i réimse oibríochtaí eitilte agus aeracmhainneachta tosaigh agus leanúnaí (Rialacháin Cur Chun Feidhme (Uimh.): (AE) 965/2012, 748/2012 agus (CE) 2042/2003);

5.    Beidh na cumhachtaí ag an gCoimisiún Eorpach san Úcráin a dheonaítear dó de bhun Airteagal 11, mír 2, Airteagal 14, míreanna 5 agus 7, Airteagal 24, mír 5 agus Airteagal 25, mír 1 de Rialachán (CE) Uimh 216/2008 i réimsí ina ndearbhaíonn an Comhchoiste go bhfuil Airteagal 11, mír 1 infheidhmithe;

6.    I réimse na haeracmhainneachta, i gcás nach ndéanann EASA aon chúraimí, féadfaidh an Úcráin deimhnithe, ceadúnais nó formheasanna a eisiúint agus comhaontú nó socrú, arna chur i gcrích aici le tríú tír, á chur i bhfeidhm aici.

Uimh. 748/2012

Rialachán (AE) Uimh. 748/2012 ón gCoimisiún lena leagtar síos rialacha cur chun feidhme le haghaidh aerfhiúntais agus deimhniúchán comhshaoil d’aerárthaí agus do tháirgí gaolmhara, comhpháirteanna gaolmhara agus fearais ghaolmhara, agus le haghaidh deimhniúchán d’eagraíochtaí deartha agus táirgthe,

arna leasú le:

Rialachán (AE) Uimh. 7/2013 ón gCoimisiún lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 748/2012 ón gCoimisiún lena leagtar síos Rialacha Cur Chun Feidhme le haghaidh aeracmhainneachta agus deimhniú comhshaoil d’aerárthaigh agus do tháirgí, comhpháirteanna gaolmhara agus fearais ghaolmhara, agus le haghaidh deimhniú d’eagraíochtaí deartha agus táirgthe.

Ceanglais agus caighdeáin is infheidhme: Airteagail 1-2, 8-10 agus Iarscríbhinn.

Uimh. 2042/2003

Rialachán (CE) Uimh. 2042/2003 ón gCoimisiún an 20 Samhain 2003 maidir le haeracmhainneacht leanúnach aerárthaigh agus táirgí, páirteanna agus fearais aerloingseoireachta, agus maidir le formheas na n‑eagraíochta agus an phearsanra a bhfuil baint acu leis na tascanna sin,

arna leasú le:

Rialachán (CE) Uimh. 707/2006 ón gCoimisiún an 8 Bealtaine 2006 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2042/2003 maidir le formheasanna d’fhad teoranta agus Iarscríbhinn I agus Iarscríbhinn III;

Rialachán (CE) Uimh. 376/2007 ón gCoimisiún an 30 Márta 2007 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2042/2003 maidir le haeracmhainneacht leanúnach na n‑aerárthaí agus táirgí, páirteanna agus fearais aerloingseoireachta, agus ar cheadú eagraíochta agus pearsanra a bhfuil baint acu leis na cúraimí sin;

Rialachán (CE) Uimh. 1056/2008 ón gCoimisiún an 27 Deireadh Fómhair 2008 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2042/2003 maidir le haeracmhainneacht leanúnach na n‑aerárthaí agus táirgí, páirteanna agus fearais aerloingseoireachta, agus ar cheadú eagraíochta agus pearsanra a bhfuil baint acu leis na cúraimí sin;

Rialachán (AE) Uimh. 127/2010 ón gCoimisiún an 5 Feabhra 2010 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2042/2003 maidir le haeracmhainneacht leanúnach na n‑aerárthach agus táirgí, páirteanna agus fearais aerloingseoireachta, agus ar cheadú eagraíochta agus pearsanra a bhfuil baint acu leis na cúraimí sin;

Rialachán (AE) Uimh. 962/2010 ón gCoimisiún an 26 Deireadh Fómhair 2010 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2042/2003 maidir le haeracmhainneacht leanúnach na n‑aerárthach agus táirgí, páirteanna agus fearais aerloingseoireachta, agus ar cheadú eagraíochta agus pearsanra a bhfuil baint acu leis na cúraimí sin;

Rialachán (AE) Uimh. 1149/2011 ón gCoimisiún an 21 Deireadh Fómhair 2011 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2042/2003 maidir le haeracmhainneacht leanúnach na n‑aerárthach agus táirgí, páirteanna agus fearais aerloingseoireachta, agus ar cheadú eagraíochta agus pearsanra a bhfuil baint acu leis na cúraimí sin;

Rialachán (AE) Uimh. 593/2012 ón gCoimisiún lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2042/2003 maidir le haeracmhainneacht leanúnach na n‑aerárthach agus táirgí, páirteanna agus fearais aerloingseoireachta, agus ar fhormheas eagraíochta agus pearsanra a bhfuil baint acu leis na cúraimí sin.

Ceanglais agus caighdeáin is infheidhme: Airteagail 1 go 6, Iarscríbhinní I go IV.

Uimh. 996/2010

Rialachán (AE) Uimh. 996/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Deireadh Fómhair 2010 maidir tionóiscí agus tarluithe eitlíochta sibhialta a imscrúdú agus a chosc agus lena n‑aisghairtear Treoir 94/56/CE.

Ceanglais agus caighdeáin is infheidhme: Airteagail 1 go 26, seachas Airteagal 7(4) agus Airteagal 24.

Uimh. 2003/42

Treoir 2003/42/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meitheamh 2003 maidir le tuairisciú tarluithe in eitlíocht shibhialta.

Ceanglais agus caighdeáin is infheidhme: Airteagail 1 go 11, Iarscríbhinní I agus II.

Uimh. 1321/2007

Rialachán (CE) Uimh. 1321/2007 ón gCoimisiún an 12 Samhain 2007 lena leagtar síos rialacha cur chun feidhme chun faisnéis a bhaineann le tarluithe eitlíochta sibhialta a mhalartaítear i gcomhréir le Treoir 2003/42/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chomhtháthú i stór lárnach.

Ceanglais agus caighdeáin is infheidhme: Airteagail 1 go 4.

Uimh. 1330/2007

Rialachán (CE) Uimh. 1330/2007 ón gCoimisiún an 24 Meán Fómhair 2007 lena leagtar síos rialacha cur chun feidhme le haghaidh faisnéis maidir le tarluithe eitlíochta sibhialta a scaipeadh ar pháirtithe leasmhara dá dtagraítear in Airteagal 7(2) de Threoir 2003/42/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

Ceanglais agus caighdeáin is infheidhme: Airteagail 1 go 10, Iarscríbhinní I go II.

Uimh. 104/2004

Rialachán (CE) Uimh. 104/2004 ón gCoimisiún an 22 Eanáir 2004 ina leagtar síos rialacha maidir le heagraíocht agus comhdhéanamh Bhord Achomhairc Ghníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta na hEorpa.

Ceanglais agus caighdeáin is infheidhme: Airteagail 1 go 7 agus Iarscríbhinn.

Uimh. 628/2013

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 628/2013 an 28 Meitheamh 2013 ón gCoimisiún maidir le modhanna oibre Ghníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta na hEorpa i dtaca le cigireachtaí caighdeánúcháin a dhéanamh agus faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm rialacha Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 736/2006.

Ceanglais agus caighdeáin is infheidhme: Airteagail 1 go 27.

Uimh. 2111/2005

Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2005 maidir le liosta Comhphobail d’aeriompróirí a tharraingt suas a bheidh faoi réir toirmeasc ar a n‑oibriú laistigh den Chomhphobal agus maidir le paisinéirí aeriompair a chur ar an eolas faoi chéannacht an aeriompróra oibríochta, agus lena n‑aisghairtear Airteagal 9 de Threoir 2004/36/CE.

Ceanglais agus forálacha caighdeán is infheidhme: Airteagail 1 go 13, Iarscríbhinn.

Uimh. 473/2006

Rialachán (CE) Uimh. 473/2006 ón gCoimisiún an 22 Márta 2006 lena leagtar síos rialacha cur chun feidhme don liosta Comhphobail d’aeriompróirí atá faoi réir toirmeasc ar a n‑oibriú laistigh den Chomhphobal, dá dtagraítear i gCaibidil II de Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

Ceanglais agus forálacha caighdeán is infheidhme: Airteagail 1 go 6, Iarscríbhinní A go C.

Uimh. 474/2006

Rialachán (CE) Uimh. 474/2006 ón gCoimisiún an 22 Márta 2006 lena mbunaítear liosta Comhphobail d’aeriompróirí atá faoi réir toirmeasc ar a n‑oibriú laistigh den Chomhphobal, dá dtagraítear i gCaibidil II de Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle,

Arna leasú go deireanach le:

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 659/2013 ón gCoimisiún an 10 Iúil 2013 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 474/2006 lena mbunaítear liosta aeriompróirí Comhphobail atá faoi réir toirmeasc ar a n‑oibriú laistigh den Chomhphobal.

Ceanglais agus caighdeáin is infheidhme: Airteagail 1 go 3, Iarscríbhinní A go B (féach anseo thíos na leasuithe is deireanaí):

Uimh. 1178/2011

Rialachán (AE) Uimh. 1178/2011 ón gCoimisiún an 3 Samhain 2011 lena leagtar síos ceanglais theicniúla agus nósanna imeachta riaracháin a bhaineann le foirne eitlíochta sibhialta de bhun Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle,

arna leasú le:

Rialachán (AE) Uimh. 290/2012 ón gCoimisiún an 30 Márta 2012 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1178/2011 lena leagtar síos ceanglais theicniúla agus nósanna imeachta riaracháin a bhaineann le foirne eitlíochta sibhialta de bhun Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

Ceanglais agus caighdeáin is infheidhme: Airteagail 1 go 11, Iarscríbhinní I go VII.

Uimh. 965/2012

Rialachán (AE) Uimh. 965/2012 ón gCoimisiún an 5 Deireadh Fómhair 2012 lena leagtar síos ceanglais theicniúla agus nósanna imeachta riaracháin a bhaineann le hoibríochtaí aeir de bhun Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle,

arna leasú le:

Rialachán (AE) Uimh. 800/2013 ón gCoimisiún an 14 Lúnasa 2013 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 965/2012 lena leagtar síos ceanglais theicniúla agus nósanna imeachta riaracháin a bhaineann le hoibríochtaí aeir de bhun Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

Ceanglais agus caighdeáin is infheidhme): Airteagail 1 go 9, Iarscríbhinní I go VII.

Uimh. 1332/2011

Rialachán (AE) Uimh. 1332/2011 ón gCoimisiún an 16 Nollaig 2011 lena leagtar síos ceanglais úsáide aerspáis agus nósanna imeachta oibríochta le haghaidh seachaint imbhuailtí san aer.

Ceanglais agus caighdeáin is infheidhme: Airteagail 1 go 4, Iarscríbhinn.

D. AN COMHSHAOL

Uimh. 2003/96

Treoir 2003/96/CE ón gComhairle an 27 Deireadh Fómhair 2003 lena ndéantar athstruchtúrú ar an gcreat Comhphobail le haghaidh cáin a ghearradh ar tháirgí fuinnimh agus ar leictreachas.

Ceanglais agus caighdeáin is infheidhme: Airteagal 14(1)(b) agus (2).

Uimh. 2006/93

Treoir 2006/93/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2006 maidir le rialáil oibríocht eitleán a chumhdaítear i gCuid II, Caibidil 3, Imleabhar 1 d’Iarscríbhinn 16 a ghabhann leis an gCoinbhinsiún um Eitlíocht Shibhialta Idirnáisiúnta, an dara heagrán (1988).

Ceanglais agus caighdeáin is infheidhme: Airteagail 1 go 5.

Uimh. 2002/49

Treoir 2002/49/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Meitheamh 2002 maidir le torann timpeallachta a mheasúnú agus a bhainistiú.

Ceanglais agus caighdeáin is infheidhme: Airteagail 1 go 16, Iarscríbhinní I go VI.

Uimh. 2002/30

Treoir 2002/30/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Márta 2002 maidir le rialacha agus nósanna imeachta a bhunú i ndáil le srianta oibriúcháin atá bainteach le torann a thabhairt isteach ag aerfoirt Chomhphobail,

Ceanglais agus caighdeáin is infheidhme: Airteagail 1 go 15, Iarscríbhinní I agus II.

E. GNÉITHE SÓISIALTA

Uimh. 1989/391

Treoir 89/391/CEE ón gComhairle an 12 Meitheamh 1989 maidir le bearta a thabhairt isteach chun feabhsuithe ar shábháilteacht agus ar shláinte oibrithe ag an obair a spreagadh,

arna leasú le:

Treoir 2007/30/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2007 lena leasaítear Treoir 89/391/CE ón gComhairle, a Threoracha aonair agus Treoracha 83/477/CEE, 91/383/CEE, 92/29/CEE agus 94/33/CEE ón gComhairle d’fhonn na tuairiscí ar chur chun feidhme praiticiúil a shimpliú agus a chuíchóiriú.

Ceanglais agus caighdeáin is infheidhme: Airteagail 1 go 16, agus Airteagail 18 go 19.

Uimh. 2003/88

Treoir 2003/88/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Samhain 2003 maidir le gnéithe áirithe d’eagrú ama oibre.

Forálacha is infheidhme: Airteagail 1 go 19, 21 go 24 agus 26 go 29.

Uimh. 2000/79

Treoir 2000/79/CE ón gComhairle an 27 Samhain 2000 a bhaineann leis an gComhaontú Eorpach maidir le Comhaontú na hEorpa um Eagrú Ama Oibre na nOibrithe Taistil san Eitlíocht Shibhialta arna thabhairt i gcrích ag Cumann Aerlínte na hEorpa (AEA), Cónaidhm Oibrithe Iompair na hEorpa (ETF), Cónaidhm Chriúnna Eitilte na hEorpa (ECA), Cumann Aerlínte Réigiúin na hEorpa (ERA) agus Cumann na nAeriompróirí Idirnáisiúnta (IACA).

Ceanglais agus caighdeáin is infheidhme: Airteagail 2 go 3, Iarscríbhinn.

F. COSAINT TOMHALTÓIRÍ

Uimh. 90/314

Treoir 90/314/CEE ón gComhairle an 13 Meitheamh 1990 maidir le taisteal lánáirithe, saoire lánáirithe agus turais láneagraithe.

Forálacha is infheidhme: Airteagail 1 go 10.

Uimh. 93/13

Treoir 93/13/CEE ón gComhairle an 5 Aibreán 1993 maidir le téarmaí éagothroma i gconarthaí tomhaltóra.

Forálacha is infheidhme: Airteagail 1 go 10 agus Iarscríbhinn.

A mhéid a bhaineann le cur i bhfeidhm Airteagal 10, cuirtear ‘gach Páirtí Conarthach ECAA eile’ in áit ‘an Coimisiún’.

Uimh. 95/46

Treoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 1995 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin.

Ceanglais agus caighdeáin is infheidhme: Airteagail 1 go 34.

Uimh. 2027/97

Rialachán (CE) Uimh. 2027/97 ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 1997 maidir le dliteanas aeriompróra i gcás tionóiscí,

arna leasú le:

Rialachán (CE) Uimh. 889/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Bealtaine 2002 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2027/97 ón gComhairle.

Ceanglais agus caighdeáin is infheidhme: Airteagail 1 go 8.

Uimh. 261/2004

Rialachán (CE) Uimh. 261/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Feabhra 2004 lena mbunaítear comhrialacha maidir le cúiteamh agus cúnamh do phaisinéirí i gcás nach gceadófar dóibh bordáil agus i gcás ina gcuirfear eitiltí ar ceal nó i gcás ina gcuirfear moill fhada orthu, agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 295/91.

Ceanglais agus caighdeáin is infheidhme: Airteagail 1 go 17.

Uimh. 1107/2006

Rialachán (CE) 1107/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2006 maidir leis na cearta atá ag daoine faoi mhíchumas agus ag daoine faoi mhíchumas luaineachta agus iad ag taisteal d’aer.

Ceanglais agus caighdeáin is infheidhme: Airteagail 1 go 16, Iarscríbhinní I agus II.



G. CÓRAIS ÁIRITHINTE AR RÍOMHAIRE

Uimh. 80/2009

Rialachán (CE) Uimh. 80/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Eanáir 2009 maidir le Cód Iompraíochta i dtaca le córais áirithinte ar ríomhairí agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 2299/89 ón gComhairle.

Ceanglais agus caighdeáin is infheidhme): Airteagail 1 go 19 agus Iarscríbhinní.

H. REACHTAÍOCHT EILE

Uimh. 437/2003

Rialachán (CE) Uimh. 437/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Feabhra 2003 maidir le tuairisceáin staidrimh i leith paisinéirí, lastas agus post a iompar d’aer,

arna leasú le:

Rialachán (CE) Uimh. 1358/2003 ón gCoimisiún an 31 Iúil 2003 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 437/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

Rialachán (CE) Uimh. 546/2005 ón gCoimisiún an 8 Aibreán 2005 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 437/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le leithdháileadh cóid tír thuairiscithe agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh 1358/2003 ón gCoimisiún maidir leis an liosta aerfoirt Chomhphobail a thabhairt chun dáta.

Ceanglais agus caighdeáin is infheidhme: Airteagail 1 go 11, Iarscríbhinní I agus II.

Uimh. 1358/2003

Rialachán (CE) Uimh. 1358/2003 ón gCoimisiún an 31 Iúil 2003 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 437/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le tuairisceáin staidrimh i leith paisinéirí, lastas agus post a iompar d’aer agus lena leasaítear Iarscríbhinní I agus II leis sin,

arna leasú le:

Rialachán (CE) Uimh. 158/2007 ón gCoimisiún an 16 Feabhra 2007 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1358/2003 ón gCoimisiún maidir leis an liosta aerfoirt Chomhphobail.

Ceanglais agus caighdeáin is infheidhme: Airteagail 1 go 4, Iarscríbhinní I go III.

___________________
IARSCRÍBHINN II

SEIRBHÍSÍ COMHAONTAITHE AGUS BEALAÍ SONRAITHE

1.Deonaíonn gach Páirtí cearta ar aeriompróirí an Pháirtí eile chun seirbhísí aeriompair a sholáthar ar na bealaí a shonraítear anseo thíos:

(a)    i gcás aeriompróirí de chuid an Aontais Eorpaigh: Aon phointe san Aontas Eorpach – pointe idirthurais i gcríocha comhpháirtithe Bheartas Comharsanachta na hEorpa 2 , tíortha ECAA 3 , nó tíortha a liostaítear in Iarscríbhinn V – Aon phointe san Úcráin – pointí lastall;

(b)    i gcás aeriompróirí de chuid na hÚcráine: Aon phointe san Úcráin – pointe idirthurais i gcríocha comhpháirtithe Bheartas Comharsanachta na hEorpa, tíortha ECAA, nó tíortha a liostaítear in Iarscríbhinn V – Aon phointe san Aontas Eorpach.

Is féidir cearta atá ann cheana agus cearta nua, lena n‑áirítear cearta chun seirbhís a chur ar fáil níos faide anonn ná pointí faoi chomhaontaithe déthaobhacha nó comhaontuithe eile idir an Úcráin agus Ballstáit an Aontais Eorpaigh, nach gcumhdaítear faoin gComhaontú seo, a fheidhmiú agus a chomhaontú, ar choinníoll nach bhfuil aon idirdhealú idir aeriompróirí ar bhonn náisiúntachta;

(c)    Beidh aeriompróirí an Aontais Eorpaigh i dteideal freisin seirbhísí aeriompair a dhéanamh idir pointí san Úcráin, cibé an dtionscnaíonn nó nach dtionscnaíonn nó an gcríochnaíonn nó nach gcríochnaíonn na seirbhísí aeriompair sin laistigh den Aontas.

2.Tionscnóidh nó críochnóidh na seirbhísí a oibrítear de réir mhír 1(a) agus (b) den Iarscríbhinn seo i gcríoch na hÚcráine, le haghaidh aeriompróirí de chuid na hÚcráine, agus i gcríoch de chuid an Aontais Eorpaigh le haghaidh aeriompróirí de chuid an Aontais Eorpaigh.

3.Féadfaidh aeriompróirí an dá Pháirtí ar aon eitilt nó ar gach eitilt agus dá rogha féin:

(a)    eitiltí a oibriú i gceachtar treo nó sa dá threo;

(b)    uimhreacha eitilte éagsúla a mheascadh laistigh d’oibriú aerárthaigh amháin;

(c)    freastal ar phointí idirthurais agus lastall, mar a shonraítear i mír 1(a) agus (b) den Iarscríbhinn seo, agus pointí i gcríocha na bPáirtithe in aon mheascán agus in ord ar bith;

(d)    stadanna ag aon phointe nó pointí a fhágáil ar lár;

(e)    trácht a aistriú ó aon cheann dá chuid aerárthaí chuig aon cheann eile dá chuid aerárthaí ag aon phointe;

(f)    stadanna a dhéanamh ag aon phointí cibé an bhfuil siad laistigh nó lasmuigh de chríoch an Pháirtí eile;

(g)    trácht idirthurais a dhéanamh trí chríoch an Pháirtí eile; agus

(h)    trácht a mheascadh ar an aerárthach céanna gan beann ar áit tionscanta na tráchta sin.

4.Ceadóidh gach Páirtí do gach aeriompróir minicíocht agus inniúlacht an aeriompair idirnáisiúnta a thairgeann sé a chinneadh bunaithe ar bhreithnithe tráchtála sa mhargadh. Comhsheasmhach leis an gceart seo, ní theorannóidh ceachtar Páirtí go haontaobhach an líon tráchta, minicíocht nó rialtacht seirbhíse, ná an cineál ná na cineálacha aerárthaí arna oibriú ag aeriompróirí an Pháirtí eile, seachas ar chúiseanna custaim, teicniúla, oibríochta, comhshaoil, cosanta sláinte nó chun Airteagal 26 (Comhshaol Iomaíoch) den Chomhaontú seo a chur i bhfeidhm.

5.Féadfaidh aeriompróirí gach Páirtí freastal a dhéanamh, lena n‑áirítear laistigh de chreat na socruithe cód-roinnte, ar aon phointe atá suite i dtríú tír nach n‑áirítear ar na bealaí sonraithe, ar choinníoll nach bhfeidhmíonn siad cearta an cúigiú saoirse.

6.Tá an Iarscríbhinn seo faoi réir na socruithe idirthréimhseacha a leagtar amach in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an gComhaontú seo agus síneadh na gceart a bheartaítear ann.



IARSCRÍBHINN III

SOCRUITHE IDIRTHRÉIMHSEACHA

Roinn 1

Idirthréimhsí

1.    Is le linn dhá idirthréimhse a dhéanfar aistriú na hÚcráine i dtreo chur chun feidhme éifeachtach na bhforálacha agus na gcoinníollacha a eascraíonn as an gComhaontú seo.

2.    Beidh an t‑aistriú sin faoi réir measúnuithe agus cigireachtaí caighdeánúcháin, a dhéanfaidh an Coimisiún Eorpach agus EASA faoi seach, chomh maith le cinneadh an Chomhchoiste, dá bhforáiltear in Airteagal 33 (Socruithe Idirthréimhseacha) den Chomhaontú seo.

Roinn 2

Sonraíochtaí is infheidhme i rith na chéad idirthréimhse

1.    I rith na chéad idirthréimhse:

(a)    ceadófar d’aeriompróirí an Aontais Eorpaigh agus aeriompróirí faoi cheadúnas ag an Úcráin cearta tráchta neamhtheoranta a shaothrú idir aon phointe san Aontas Eorpach agus aon phointe san Úcráin;

(b)    faoi réir measúnú maidir le cur chun feidhme cheanglais agus chaighdeáin ábhartha an Aontais Eorpaigh san Úcráin agus tar éis an Comhchoiste a chur ar an eolas, beidh an Úcráin páirteach mar bhreathnóir in obair an Choiste arna bhunú faoi théarmaí Rialachán (CEE) Uimh. 95/93 maidir le rialacha comhchoiteanna chun sliotáin a leithdháileadh ag aerfoirt Chomhphobail; agus

(c)    ní bheidh feidhm ag forálacha Airteagal 22 (Deiseanna Tráchtála), fomhír 5(c) (láimhseáil ar an talamh d’aeriompróirí Páirtithe eile).

2.    Beidh na nithe a leanas ábhartha don Úcráin sna coinníollacha le haghaidh aistriú i dtreo an dara hidirthréimhse:

(a)    ionchorprú sa reachtaíocht náisiúnta agus cur chun feidhme cheanglais agus na chaighdeáin is infheidhme:

- Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 (maidir le rialacha comhchoiteanna i réimse na heitlíochta sibhialta agus lena mbunaítear Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta na hEorpa);

- Rialachán (AE) Uimh. 748/2012 (rialacha cur chun feidhme le haghaidh aeracmhainneacht agus deimhniú comhshaoil aerárthaigh agus táirgí, páirteanna agus fearais lena mbaineann, chomh maith le deimhniú d’eagraíochtaí deartha agus táirgeachta);

- Rialachán (CE) Uimh. 2042/2003 (maidir le haeracmhainneacht leanúnach aerárthaigh agus táirgí, páirteanna agus fearais aerloingseoireachta, agus ar cheadú eagraíochta agus pearsanra a bhfuil baint acu leis na tascanna seo) arna leasú;

- Rialachán (AE) Uimh. 965/2012 (lena leagtar síos ceanglais theicniúla agus nósanna imeachta riaracháin a bhaineann le haeroibríochtaí);

- Rialachán (AE) Uimh. 1178/2011 (lena leagtar síos ceanglais theicniúla agus nósanna imeachta riaracháin a bhaineann le haerchriú eitlíochta sibhialta);

- Rialachán (AE) Uimh. 996/2010 (maidir le tionóiscí agus tarluithe a imscrúdú agus a chosc);

- Treoir 2009/12/CE (maidir le muirir aerfoirt);

- Treoir 96/67/CE (maidir le rochtain ar an margadh láimhseála ar an talamh ag aerfoirt sa Chomhphobal);

- Rialachán (CEE) Uimh. 95/93 (maidir le rialacha comhchoiteanna le haghaidh sliotán a leithdháileadh);

- Treoir 2000/79/CE (maidir le Comhaontú na hEorpa um Eagrú Ama Oibre na nOibrithe Taistil san Eitlíocht Shibhialta);

- Caibidil IV de Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008 (maidir le hoibríocht of aersheirbhísí);

- Rialachán (CE) Uimh. 785/2004 (maidir leis na ceanglais árachais a bhaineann le haeriompróirí agus le hoibreoirí aerárthaí);

- Rialachán (CEE) Uimh. 80/2009 (maidir le córais áirithinte ar ríomhairí);

- Rialachán (CE) Uimh. 2027/97 (maidir le dliteanas aeriompróra i gcás tionóiscí);

- Rialachán (CE) Uimh. 261/2004 (comhrialacha maidir le cúiteamh agus cúnamh do phaisinéirí i gcás nach gceadófar dóibh bordáil agus i gcás ina gcuirfear eitiltí ar ceal nó i gcás ina gcuirfear moill fhada orthu);

Rialachán (CE) Uimh. 549/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Márta 2004 lena leagtar síos an creat chun Aerspás Eorpach Aonair a chruthú (an creat‑Rialachán);

- Rialachán (CE) Uimh. 550/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Márta 2004 maidir le seirbhísí aerloingseoireachta a sholáthar san aerspás Eorpach aonair (an Rialachán maidir le soláthar seirbhísí);

- Rialachán (CE) Uimh. 551/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Márta 2004 maidir le heagrú agus úsáid aerspáis san aerspás Eorpach aonair (an Rialachán maidir le hAerspás);

Rialachán (CE) Uimh. 552/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Márta 2004 maidir le hidir-inoibritheacht an ghréasáin Eorpaigh um Bainistiú Aerthráchta (an Rialachán maidir le hidir-inoibritheacht);

- Rialachán (AE) Uimh. 691/2010 ón gCoimisiún Eorpach an 29 Iúil 2010 lena leagtar síos scéim feidhmíochta le haghaidh seirbhísí aerloingseoireachta agus feidhmeanna gréasáin agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2096/2005 lena leagtar síos ceanglais chomhchoiteanna maidir le seirbhísí aerloingseoireachta a sholáthar;

- Rialachán (CE) Uimh. 1794/2006 ón gCoimisiún Eorpach an 6 Nollaig 2006 lena leagtar síos scéim mhuirearaithe le haghaidh seirbhísí aerloingseoireachta;

- Rialachán (AE) Uimh. 1034/2011 ón gCoimisiún Eorpach an 17 Deireadh Fómhair 2011 maidir le formhaoirseacht sábháilteachta i mbainistíocht aerthráchta agus seirbhísí aerloingseoireachta agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 691/2010;

- Rialachán (CE) Uimh. 2150/2005 ón gCoimisiún Eorpach an 23 Nollaig 2005 lena leagtar síos rialacha comhchoiteanna maidir le húsáid sholúbtha an aerspáis; agus

- Rialachán (AE) Uimh. 255/2010 ón gCoimisiún Eorpach an 25 Márta 2010 lena leagtar síos rialacha comhchoiteanna maidir le bainistíocht sreafa aerthráchta,

mar a shonraítear iad, lena n‑áirítear a leasuithe in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gComhaontú seo;

(b)    cur i bhfeidhm na rialacha ceadúnaithe oibríochta atá comhionann go substainteach leis na rialacha atá i gCaibidil II de Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meán Fómhair 2008 maidir le comhrialacha comhchoiteanna le haghaidh oibriú aersheirbhísí san Aontas Eorpach; agus

(c)    i ndáil le slándáil eitlíochta, cur chun feidhme Dhoiciméad 30 ECAC, Roinn II ina leasú is deireanaí is infheidhme.

Roinn 3

Sonraíochtaí is infheidhme i rith an dara hidirthréimhse

1.    Tar éis chinneadh an Chomhchoiste, dá bhforáiltear in Airteagal 33 (Socruithe Idirthréimhseacha) den Chomhaontú seo, ina dheimhneofar go gcomhlíonann an Úcráin na coinníollacha ar fad a shonraítear faoi roinn 2 (2):

(a)    aithneoidh na Ballstáit na deimhnithe ábhartha arna n‑eisiúint ag an Úcráin, mar a liostaítear in Iarscríbhinn IV, roinn 1, i gcomhréir leis na coinníollacha a bheartaítear i gcinneadh an Chomhchoiste agus de bhun Airteagal 11 de Rialachán (CE) 216/2008;

(b)    beidh feidhm ag forálacha Airteagal 22 (Deiseanna Tráchtála), fomhír 5(c) (láimhseáil ar an talamh d’aeriompróirí Páirtithe eile) den Chomhaontú seo; agus

(c)    faoi réir measúnú maidir le cur chun feidhme cheanglais agus chaighdeáin ábhartha an Aontais Eorpaigh san Úcráin agus tar éis an Comhchoiste a chur ar an eolas, beidh an Úcráin páirteach mar bhreathnóir in obair an Choiste arna bhunú faoi théarmaí Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005 maidir le bunú liosta d’iompróirí Comhphobail faoi réir cosc oibríochta laistigh den Chomhphobal.

2.    Beidh na nithe a leanas i gceist don Úcráin i dtaobh na gcoinníollacha le haghaidh aistriú chuig chur chun feidhme iomlán an Chomhaontaithe seo:

(a)    ionchorprú sa reachtaíocht náisiúnta agus cur chun feidhme na gceanglas agus na gcaighdeán ar fad is infheidhme i ngníomhartha an Aontais Eorpaigh mar a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gComhaontú seo; agus

(b)    eagrófar an t‑aerspás faoina freagracht i gcomhréir le ceanglais is infheidhme an Aontais le haghaidh FABanna a bhunú.

Roinn 4

An Comhaontú seo a chur chun feidhme go hiomlán

Tar éis chinneadh an Chomhchoiste, dá bhforáiltear in Airteagal 33 (Socruithe Idirthréimhseacha) den Chomhaontú seo, a dheimhníonn go gcomhlíonann an Úcráin na coinníollacha ar fad a shonraítear faoi alt 3 (2) den Iarscríbhinn seo, beidh feidhm ag na nithe a leanas:

1.    Anuas ar na cearta tráchta a leagtar amach in alt 2 (1) leis an Iarscríbhinn seo:

(a)    ceadófar d’aeriompróirí an Aontais Eorpaigh cearta tráchta gan srian a fheidhmiú idir pointí san Úcráin, pointí idirmheánacha i dtíortha Bheartas Comharsanachta na hEorpa agus ECAA, chomh maith le pointí i dtíortha a liostaítear in Iarscríbhinn V agus pointí níos faide anonn, ar choinníoll go bhfuil an eitilt mar chuid de sheirbhís a fhreastalaíonn ar phointe i mBallstát.

Beidh cead ag aeriompróirí an Aontais Eorpaigh freisin cearta tráchta gan srian a fheidhmiú idir pointí san Úcráin, cibé an dtionscnaíonn nó nach dtionscnaíonn nó an gcríochnaíonn nó nach gcríochnaíonn na haersheirbhísí sin laistigh den Aontas; agus

(b)    ceadófar d’aeriompróirí na hÚcráine cearta tráchta gan srian a fheidhmiú idir aon phointe san Aontas Eorpach, pointí idirmheánacha i dtíortha Bheartas Comharsanachta na hEorpa agus ECAA, agus i dtíortha a liostaítear in Iarscríbhinn V chomh maith, ar choinníoll go bhfuil an eitilt ina cuid de sheirbhís a fhreastalaíonn ar phointe san Úcráin.

2.    Aithneoidh na Ballstáit na deimhnithe ábhartha ar fad a chuimsítear in Iarscríbhinn IV, roinn 2 a ghabhann leis an gComhaontú seo arna n‑eisiúint ag an Úcráin i gcomhréir leis na coinníollacha a bheartaítear sna forálacha seo.

________________



IARSCRÍBHINN IV

LIOSTA DEIMHNITHE DÁ dTAGRAÍTEAR IN IARSCRÍBHINN III

LEIS AN gCOMHAONTÚ SEO

1. Aerchriú

Ceadúnais phíolótaí (ceadúnais a eisiúint, a choinneáil ar bun, a leasú, a theorannú, a chur ar fionraí nó a chúlghairm) (Rialachán (CE) Uimh. 216/2008, Rialachán (AE) Uimh. 1178/2011, Rialachán (AE) Uimh. 290/2012 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1178/2011).

Deimhniú daoine freagrach as oiliúint eitilte nó oiliúint ionsamhalta eitilte agus chun scileanna píolótaí a mheas (Rialachán (CE) Uimh. 216/2008, Rialachán (AE) Uimh. 1178/2011, Rialachán (AE) Uimh. 290/2012 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1178/2011).

Fianuithe foireann cábáin (fianuithe foireann cábáin a eisiúint, a choinneáil ar bun, a leasú, a theorannú, a chur ar fionraí nó a chúlghairm) (Rialachán (CE) Uimh. 216/2008, Rialachán (AE) Uimh. 1178/2011, Rialachán (AE) Uimh. 290/2012 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1178/2011).

Deimhnithe leighis le haghaidh píolótaí (eisiúint, a choinneáil ar bun, leasú, teorannú, cur ar fionraí nó cúlghairm) (Rialachán (CE) Uimh. 216/2008, Rialachán (AE) Uimh. 1178/2011, Rialachán (AE) Uimh. 290/2012 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1178/2011).

Deimhniú scrúdaitheoirí aerleighis, chomh maith leis na coinníollacha faoinar féidir le liachleachtóirí ginearálta feidhmiú mar scrúdaitheoirí aerleighis (Rialachán (CE) Uimh. 216/2008, Rialachán (AE) Uimh. 1178/2011, Rialachán (AE) Uimh. 290/2012 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1178/2011).

Measúnú aerleighis tréimhsiúil ar bhaill foirne cábáin – cáilíocht na ndaoine atá freagrach as an measúnú sin (Rialachán (CE) Uimh. 216/2008, Rialachán (AE) Uimh. 1178/2011, Rialachán (AE) Uimh. 290/2012 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1178/2011).

Coinníollacha maidir le heisiúint, a choinneáil ar bun, leasú, teorannú, cur ar fionraí nó cúlghairm deimhnithe eagraíochtaí oiliúna píolóta (Rialachán (CE) Uimh. 216/2008, Rialachán (AE) Uimh. 1178/2011, Rialachán (AE) Uimh. 290/2012 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1178/2011).

Coinníollacha maidir le heisiúint, a choinneáil ar bun, leasú, teorannú, cur ar fionraí nó cúlghairm deimhnithe lárionaid aerleighis atá páirteach i gcáilíocht agus measúnú aerleighis ar fhoireann eitlíochta sibhialta (Rialachán (CE) Uimh. 216/2008, Rialachán (AE) Uimh. 1178/2011, Rialachán (AE) Uimh. 290/2012 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1178/2011).

Deimhniú gaireas oiliúna ionsamhalta eitilte agus na ceanglais le haghaidh eagraíochtaí oibríochta agus na gairis sin a úsáid (Rialachán (CE) Uimh. 216/2008, Rialachán (AE) Uimh. 1178/2011, Rialachán (AE) Uimh. 290/2012 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1178/2011).

2. Bainistíocht Aerthráchta/Seirbhísí Aerloingseoireachta

Deimhnithe soláthróirí seirbhísí aerthráchta (Rialachán (CE) Uimh. 216/2008, Rialachán (AE) Uimh. 1034/2011, Rialachán (AE) Uimh. 1035/2011 Iarscríbhinn II Ceanglais shonracha le haghaidh soláthar seirbhísí aerthráchta).

Deimhnithe soláthróirí seirbhísí meitéareolaíocha (Rialachán (CE) Uimh. 216/2008, Rialachán (AE) Uimh. 1034/2011, Rialachán (AE) Uimh. 1035/2011 Iarscríbhinn III Ceanglais shonracha le haghaidh soláthar seirbhísí meitéareolaíocha).

Deimhnithe soláthróirí seirbhísí faisnéise aerloingseoireachta (Rialachán (CE) Uimh. 216/2008, Rialachán (AE) Uimh. 1034/2011, Rialachán (AE) Uimh. 1035/2011 Iarscríbhinn IV Ceanglais shonracha le haghaidh soláthar seirbhísí faisnéise aerloingseoireachta).

Deimhnithe soláthróirí seirbhísí cumarsáide, loingseoireachta nó faireachais (Rialachán (CE) Uimh. 216/2008, Rialachán (AE) Uimh. 1034/2011, Rialachán (AE) Uimh. 1035/2011 Iarscríbhinn V Ceanglais shonracha le haghaidh soláthar seirbhísí cumarsáide, loingseoireachta nó faireachais).

Ceadúnais rialaitheoirí aerthráchta (ATCO) agus mic léinn rialaitheoirí aerthráchta (eisiúint, fionraíocht agus cúlghairm) agus rátálacha, formhuinithe lena mbaineann (Rialachán (CE) Uimh. 216/2008, Rialachán (AE) Uimh. 805/2011).

Deimhnithe leighis rialaitheoirí aerthráchta (Rialachán (CE) Uimh. 216/2008, Rialachán (AE) Uimh. 805/2011).

Deimhnithe eagraíochtaí oiliúna le haghaidh rialaitheoirí aerthráchta (ATCO) (bailíocht, athnuachan, athdheimhniú agus úsáid) (Rialachán (AE) Uimh. 216/2008 agus Rialachán (AE) Uimh. 805/2011).



IARSCRÍBHINN V

LIOSTA STÁT EILE DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAIL 17, 19, 22

DEN CHOMHAONTÚ SEO AGUS

IARSCRÍBHINNÍ II AGUS III A GHABHANN LEIS AN gCOMHAONTÚ SEO

1.    Poblacht na hÍoslainne (faoin gComhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch);

2.    Prionsacht Lichtinstéin (faoin gComhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch);

3.    Ríocht na hIorua (faoin gComhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch); agus

4.    Cónaidhm na hEilvéise (faoin gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le hAeriompar).



IARSCRÍBHINN VI

RIALACHA NÓS IMEACHTA

Beidh an Comhaontú seo infheidhme i gcomhréir leis na rialacha nós imeachta a leagtar amach anseo thíos:

1. RANNPHÁIRTÍOCHT NA hÚCRÁINE I gCOISTÍ

Nuair atá an Úcráin rannpháirteach i gCoiste i gcomhréir leis an gComhaontú seo a bhunaítear le gníomhartha ábhartha an Aontais Eorpaigh, gheobhaidh sí stádas breathnóra agus nochtfar í chuig na pléití ábhartha ar fad agus spreagfar í le tabhairt faoi dhíospóireacht, i gcomhréir lena rialacha nós imeachta, cé go n‑ eiseofar í ó sheisiúin lena mbaineann vótáil.

Maidir le réimse na Bainistíocht Aerthráchta, d’fhonn reachtaíocht ábhartha an Aerspáis Eorpaigh Aonair a chur chun feidhme, beidh an Úcráin páirteach chomh maith i ngach comhlacht atá bunaithe ag an gCoimisiún Eorpach, amhail an Comhlacht Comhairliúcháin Tionscail (ICB) agus Bainisteoir Líonra (NM).

2. FÁIL STÁDAS BREATHNÓRA IN EASA

Tugann an stádas breathnóra in EASA teidlíocht don Úcráin páirt a ghlacadh i ngrúpaí agus comhlachtaí teicniúla EASA atá oscailte do Bhallstáit an Aontais Eorpaigh agus tíortha comhpháirtíochta eile i gcomharsanacht na hEorpa, faoi réir na gcoinníollacha bunaithe le haghaidh na rannpháirtíochta sin. Ní chumhdaíonn stádas breathnóra an ceart vótála. Ní bhfaighfear an stádas seo maidir le Bord Bainistíochta EASA.

3. COMHAR AGUS MALARTÚ FAISNÉISE

Chun cumhachtaí ábhartha údaráis inniúla na bPáirtithe a fheidhmiú, malartóidh na húdaráis sin ar iarraidh an fhaisnéis riachtanach ar fad le haghaidh fheidhmiú mar is ceart an Chomhaontaithe seo.

4. TAGAIRT DO THEANGACHA

Beidh na Páirtithe i dteideal aon teanga oifigiúil d’institiúidí an Aontais Eorpaigh nó an Úcráinis a úsáid, sna nósanna imeachta a bhunaítear i raon an Chomhaontaithe seo. Tá na Páirtithe feasach, áfach, go n‑éascaíonn úsáid an Bhéarla na nósanna imeachta sin. Má úsáidtear teanga, nach teanga oifigiúil d’institiúidí an Aontais Eorpaigh atá inti i ndoiciméad oifigiúil, seolfar isteach aistriúchán chuig teanga oifigiúil d’institiúidí an Aontais Eorpaigh go comhuaineach, ag tabhairt foráil na habairt roimhe san áireamh. Má tá sé i gceist ag Páirtí, i nós imeachta ó bhéal, teanga a úsáid nach teanga oifigiúil d’institiúidí an Aontais Eorpaigh í, áiritheoidh an Páirtí sin go mbeidh ateangaireacht chomhuaineach go Béarla ann.

IARSCRÍBHINN VII

CRITÉIR DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 26, MÍR 4

DEN CHOMHAONTÚ SEO

1.    Beidh an méid a leanas comhoiriúnach le feidhmiú mar is ceart an Chomhaontaithe seo:

(a)    cabhair a bhfuil saintréith shóisialta aige, a bhronntar ar thomhaltóirí aonair, ar choinníoll go mbronntar an chabhair sin gan idirdhealú a bhaineann le bunús na seirbhísí lena mbaineann; agus

(b)    cabhair chun an damáiste a dhéanann tubaiste nádúrtha nó tarluithe eisceachtúla a chur ina gceart.

2.    Thairis sin, d’fhéadfaí a mheas go bhfuil an méid a leanas comhoiriúnach le feidhmiú mar is ceart an Chomhaontaithe seo:

(a)    cabhair chun forbairt eacnamaíoch ceantair ina bhfuil an caighdeán maireachtála an-íseal nó ina bhfuil dífhostaíocht thromchúiseach a chur chun cinn;

(b)    cabhair chun forbairt gníomhaíochtaí eacnamaíocha áirithe nó ceantair eacnamaíocha áirithe a éascú i gcás nach mbíonn éifeacht dhíobhálach ag an gcabhair sin ar oibríochtaí aeriompróirí arb iad leas na bPáirtithe iad; agus

(c)    cabhair chun cuspóirí a bhaint amach, a cheadaítear faoi rialacháin dhíolúine bhloc cothrománach an Aontais agus rialacha státchabhrach cothrománacha agus earnála a dheonaítear i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar amach ansin.

_______________

(1)    Tá an t‑ainmniú seo gan dochar do sheasaimh maidir le stádas, agus tá sé i gcomhréir le UNSCR 1244 agus tuairim CBI maidir le Dearbhú Neamhspleáchais na Cosaive.
(2)    Tuigfear gurb iad a bheidh i ‘gComhpháirtithe i mBeartas Comharsanachta na hEorpa’ An Ailgéir , An Airméin , An Asarbaiseáin , An Bhealarúis , An Éigipt , An tSeoirsia , Iosrael , An Iordáin , An Liobáin , An Libia , Maracó , An Phalaistín, An tSiria , An Túinéis agus Poblacht na Moldóive, i.e. ní cuimseofar an Úcráin inti anseo.
(3)    Is iad na ‘tíortha ECAA’ na Páirtithe sa Chomhaontú Iltaobhach lena mbunaítear Comhlimistéar Eitlíochta Eorpach, arb iad sin: Ballstáit an Aontais Eorpaigh, Poblacht na hAlbáine, an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, Poblacht iar-Iúgslavach na Macadóine, Poblacht na hÍoslainne, Poblacht Mhontainéagró, Ríocht na hIorua, Poblacht na Seirbia agus an Chosaiv (Tá an t‑ainmniú seo gan dochar do sheasaimh maidir le stádas, agus tá sé i gcomhréir le UNSCR 1244 agus tuairim CBI maidir le Dearbhú Neamhspleáchais na Cosaive).
Top