Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52021PC0157

Togra le haghaidh CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE maidir leis an gComhaontú maidir le hAeriompar idir Stát Chatar, de pháirt amháin, agus an tAontas Eorpach, den pháirt eile, a shíniú, thar ceann an Aontais, agus a chur i bhfeidhm go sealadach

COM/2021/157 final

An Bhruiséil,8.4.2021

COM(2021) 157 final

2021/0083(NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir leis an gComhaontú maidir le hAeriompar idir Stát Chatar, de pháirt amháin, agus an tAontas Eorpach, den pháirt eile, a shíniú, thar ceann an Aontais, agus a chur i bhfeidhm go sealadach


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Forais agus cuspóirí an togra

Tá an Comhaontú maidir le hAeriompar idir Stát Chatar (dá ngairtear “Catar” anseo feasta) agus an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit tugtha i gcrích le hidirbheartaíocht ag an gCoimisiún de réir mar a d’údaraigh an Chomhairle an 7 Meitheamh 2016.

Tá aersheirbhísí idir an tAontas agus Catar á n‑oibriú faoi láthair ar bhonn comhaontuithe déthaobhacha idir Ballstáit aonair agus Catar agus, agus is léiriú é sin go bhfuil comhaontuithe ann cheana.

Cuid de bheartas seachtrach eitlíochta an Aontais is ea é comhaontuithe cuimsitheacha maidir le haersheirbhísí a thabhairt i gcrích le hidirbheartaíocht, i gcás inar léiríodh go mbeadh breisluach agus tairbhí eacnamaíocha ag gabháil leis na comhaontuithe sin. Tá an Comhaontú seo dírithe ar na haidhmeanna seo a leanas go háirithe:

- a áirithiú go mbeidh an iomaíocht chóir, an neamh‑idirdhealú, an trédhearcacht agus an cothrom iomaíochta ann d’oibreoirí eacnamaíocha;

‑ an margadh a oscailt de réir a chéile ó thaobh rochtain ar bhealaí agus acmhainneacht de;

‑ an nascacht a fheabhsú, rud a rachaidh chun tairbhe do thomhaltóirí agus don gheilleagar.

Comhthéacs ginearálta

Leagtar amach cuspóir ginearálta sna treoracha idirbheartaíochta, mar atá comhaontú aeriompair cuimsitheach a thabhairt i gcrích le hidirbheartaíocht chun rochtain ar an margadh a oscailt de réir a chéile agus go cómhalartach, comhar agus cóineasú rialála a fheabhsú agus a áirithiú go mbeidh iomaíocht chóir agus trédhearcacht ann.

I gcomhréir leis na treoracha idirbheartaíochta, chuir an dá pháirtí inisealacha le dréacht‑Chomhaontú le Catar an 4 Márta 2019.

Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

Príomhchuid d’fhorbairt bheartas seachtrach eitlíochta an Aontais is ea comhaontú aeriompair de chuid an Aontais a thabhairt i gcrích, de réir mar a tuairiscíodh i dteachtaireacht COM (2012) 556 final ón gCoimisiún maidir le “Beartas Seachtrach Eitlíochta an Aontais ‑ Aghaidh a Thabhairt ar Dhúshláin a Bheidh Ann” agus COM (2015) 598 final maidir le “Straitéis Eitlíochta don Eoraip”: Tá Catar ar na margaí is mó fás lasmuigh den Aontas, agus mhéadaigh ar líon na bpaisinéirí ann, go dtí breis agus 6 milliún (Eurostat 2019) . Tá rochtain tugtha ag beagnach gach Ballstát cheana trí chomhaontuithe aersheirbhísí déthaobhacha le Catar. Os a choinne sin, ní leor na forálacha atá sna comhaontuithe sin maidir le nithe is gá chun mí‑úsáid ionaid margaidh a sheachaint, nithe ar nós iomaíocht chóir, na trédhearcachta agus cúrsaí sóisialta.

Comhsheasmhacht le forálacha atá ann cheana i réimse an togra

Beidh tús áite ag forálacha an Chomhaontaithe ar fhorálacha ábhartha na gcomhaontuithe déthaobhacha aersheirbhísí atá ann cheana idir na Ballstáit agus Catar. Mar sin féin, féadfar leanúint de chearta tráchta atá ann cheana a theachtadh, ar cearta iad a thagann as na comhaontuithe déthaobhacha sin agus nach bhfuil cumhdaithe faoin gComhaontú seo, ar choinníoll nach ndéanfar aon aon idirdhealú idir na Ballstáit agus a gcuid náisiúnach.

Le Rialachán (AE) 2019/712 maidir le hiomaíocht san aeriompar a chosaint áirithítear nach mór, agus beartais á nglacadh ar a bhonn, cloí le hoibleagáidí idirnáisúnta, lena n‑áirítear oibleagáidí an Chomhaontaithe seo.

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Bunús dlí

Airteagal 100(2) mi dteannta Airteagal 218(5) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

Coimhdeacht (maidir le hinniúlacht neamheisiach)

Beidh tús áite ag forálacha an Chomhaontaithe ar fhorálacha ábhartha na socruithe a rinne Ballstáit aonair cheana. Leis an gComhaontú seo táthar ag cruthú go comhuaineach coinníollacha comhionanna aonfhoirmeacha maidir le rochtain ar an margadh a bheidh i bhfeidhm maidir le haeriompróirí uile an Aontais Eorpaigh agus ag cur ar bun socruithe nua le haghaidh comhar agus cóineasú rialála idir an tAontas Eorpach agus Catar i réimsí atá fíor‑riachtanach ó thaobh oibriú sábháilte slán éifeachtúil aersheirbhísí de. Is ar leibhéal an Aontais amháin is féidir na socruithe sin a bhaint amach.

Is le gníomhaíocht de chuid an Aontais is fearr a ghnóthófar cuspóirí an togra, ar na cúiseanna seo a leanas.

Foráiltear sa Chomhaontú gur féidir na téarmaí ann a leathnú go comhuaineach amach chuig na 27 mBallstát, agus na rialacha céanna á gcur i bhfeidhm gan idirdhealú agus le leas aeriompróirí uile an Aontais, cibé náisiúntacht atá acu. Tá forálacha cuimsitheacha ann maidir le fóirdheontais, cleachtais fhrithiomaíocha agus trédhearcacht agus sásraí láidre chun iad a fhorfheidhmiú, rud a chuideoidh cothrom iomaíochta a choinneáil ar bun le haghaidh aersheirbhísí idir an tAontas agus Catar, agus idir an tAontas agus cinn scríbe eile, san Áis mar shampla, a oibrítear trí Chatar.

Leis an gComhaontú tá daingniú breise déanta ar an rochtain atá ag aeriompróirí uile an Aontais ar dheiseanna tráchtála, ar nós na ndeiseanna a bhaineann le seirbhísí láimhseáil ar an talamh, comhroinnt cód eitilte, idirmhódúlacht, ar an deis praghsanna a shocrú gan bhac agus tá deireadh curtha leis an gceanglas atá ar aeriompróirí an Aontais a bheith ag obair le hurraitheoir áitiúil chun oifigí áitiúla a bhunú i gCatar. Lena chois sin tá forálacha maidir le cúrsaí sóisialta sa Chomhaontú atá ag teacht leis na forálacha i gcuid de chomhaontuithe trádála idirnáisiúnta an Aontais lena gceanglaítear ar na páirtithe a mbeartais shóisialta agus saothair a fheabhsú de réir na ngealltanas idirnáisiúnta atá tugtha acu, go háirithe i gcomhthéacs na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair.

Tar éis idirthréimhse, beidh aeriompróirí in ann seirbhísí paisinéirí agus lasta a oibriú gan bhac ó aon phointe san Aontas Eorpach go Catar, laistigh de chreat rialála aonair an Chomhaontaithe, rud nach bhféadann siad a dhéanamh faoi láthair. Ar a bharr sin, féadfaidh aeriompróirí roinnt seirbhísí 'lasta uile' a oibriú go seachphointí faoi réir teorainneacha geografacha agus minicíochta.

Nuair a chuirfear deireadh de réir a chéile le srianta ar rochtain ar an margadh, ní hamháin go gcuirfidh gníomhaithe nua suim sa mhargadh agus go gcruthófar deiseanna ar bheith ag oibriú chuig aerfoirt ar beag an freastal orthu, ach éascófar an comhdhlúthú idir aeriompróirí an Aontais chomh maith.

Comhréireacht

Bunófar Comhchoiste chun cúrsaí a bhaineann le cur chun feidhme an Chomhaontaithe a phlé. Cothóidh an Comhchoiste sin malartuithe ar leibhéal na saineolaithe agus féadfaidh sé dearcadh ar réimsí inar féidir tuilleadh forbartha a dhéanamh ar an gComhaontú. Is éard a bheidh sa Chomhchoiste, ionadaithe ón gCoimisiún agus ó na Ballstáit agus ionadaithe ó Chatar.

Sa bhreis air sin, leanfaidh na Ballstáit de na cúraimí riaracháin traidisiúnta a dhéanann siad i gcomhthéacs an aeriompair idirnáisiúnta, ach is faoi réir rialacha a chuirfear i bhfeidhm go haonfhoirmeach a dhéanfaidh siad sin feasta.

An rogha ionstraime

Comhaontú idirnáisiúnta.

3.TORTHAÍ Ó MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, Ó CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS Ó MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana

Neamhbhainteach.

Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

I gcomhréir le hAirteagal 218(4) CFAE, rinne an Coimisiún idirbheartaíocht i gcomhairle le coiste speisialta. Chuathas i gcomhairle le páirtithe leasmhara as gach cuid den slabhra luacha agus le comhpháirtithe sóisialta, ar a n‑áirítear ceardchumainn go háirithe, chomh maith. Cuireadh tuairimí a nochtadh le linn an phróisis sin san áireamh.

Bailiú agus úsáid saineolais

Neamhbhainteach.

Measúnú tionchair

Neamhbhainteach.

Oiriúnacht rialála agus simpliú

Neamhbhainteach.

Cearta bunúsacha

Neamhbhainteach.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Ní bheidh aon impleachtaí ag an togra i dtaca le buiséad an Aontais.

5.EILIMINTÍ EILE

Achoimre ar an gcomhaontú atá beartaithe

Is éard atá sa Chomhaontú, corp an téacs ina bhfuil na príomhphrionsabail, agus dhá Iarscríbhinn: Iarscríbhinn I maidir le forálacha idirthréimhseacha agus Iarscríbhinn II maidir le hinfheidhmeacht gheografach na gceart tráchta den chúigiú saoirse le haghaidh seirbhísí 'lasta uile'.

Ón 1 Eanáir 2021, níl feidhm ag dlí an Aontais a thuilleadh maidir leis an Ríocht Aontaithe. Dá bhrí sin, i gcomhaontú le Catar, scriosadh gach tagairt don Ríocht Aontaithe sa téacs ar cuireadh inisealacha leis agus cuireadh isteach clásal críochach caighdeánach.

 

2021/0083 (NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir leis an gComhaontú maidir le hAeriompar idir Stát Chatar, de pháirt amháin, agus an tAontas Eorpach, den pháirt eile, a shíniú, thar ceann an Aontais, agus a chur i bhfeidhm go sealadach

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 100(2) de, i dteannta Airteagal 218(5) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)An 7 Meitheamh 2016, thug an Chomhairle údarú don Choimisiún idirbheartaíocht a chur ar bhun le Stát Chatar faoi Chomhaontú maidir le hAeriompar idir Stát Chatar, de pháirt amháin, agus an tAontas Eorpach, den pháirt eile (dá ngairtear an “Comhaontú” anseo feasta). Tugadh an idirbheartaíocht i gcrích go rathúil trí inisealacha a chur leis an gComhaontú an 4 Márta 2019.

(2)Ba cheart an Comhaontú a shíniú thar ceann an Aontais, faoi réir a thabhairt i gcrích ar dháta níos déanaí.

(3)Ba cheart an Comhaontú a chur i bhfeidhm go sealadach.

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Tá sé údaraithe leis seo Comhaontú maidir le hAeriompar idir Stát Chatar, de pháirt amháin, agus an tAontas Eorpach, den pháirt eile, a shíniú, faoi réir thabhairt i gcrích an Chomhaontaithe sin.

Tá téacs an Chomhaontaithe i gceangal leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Bunóidh Ardrúnaíocht na Comhairle an ionstraim lánchumhachtaí i ndáil le síniú an Chomhaontaithe, faoi réir a thabhairt i gcrích, don duine nó do na daoine a shonróidh idirbheartaí an Chomhaontaithe.

Airteagal 3

Go dtí go dtiocfaidh sé i bhfeidhm, cuirfidh an tAontas an Comhaontú i bhfeidhm go sealadach i gcomhréir le hAirteagal 29(3) den Chomhaontú.

Airteagal 4

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá a ghlacfar é.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

   Thar ceann na Comhairle

   An tUachtarán

   

Top

An Bhruiséil,8.4.2021

COM(2021) 157 final

IARSCRÍBHINN

a ghabhann leis an

Togra le haghaidh Cinneadh ón gComhairle

maidir leis an gComhaontú maidir le hAeriompar idir Stát Chatar, de pháirt amháin, agus an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, den pháirt eile, a shíniú, thar ceann an Aontais, agus a chur i bhfeidhm go sealadach


COMHAONTÚ MAIDIR LE hAERIOMPAR
IDIR STÁT CHATAR, DE PHÁIRT AMHÁIN,

AGUS AN tAONTAS EORPACH AGUS A BHALLSTÁIT,

DEN PHÁIRT EILE,

CLÁR

AIRTEAGAL 1: Sainmhínithe

TEIDEAL I: FORÁLACHA EACNAMAÍOCHA

AIRTEAGAL 2: Cearta a bhronnadh

AIRTEAGAL 3: Údarú oibríochta

AIRTEAGAL 4: Údarú a dhiúltú, a chúlghairm, a chur ar fionraí nó a theorannú

AIRTEAGAL 5: Úinéireacht agus rialú a léirscaoileadh

AIRTEAGAL 6: Dlíthe agus rialacháin a chomhlíonadh

AIRTEAGAL 7: An iomaíocht chóir

AIRTEAGAL 8: Deiseanna tráchtála

AIRTEAGAL 9: Dleachtanna custaim

AIRTEAGAL 10: Muirir úsáideora

AIRTEAGAL 11: Táillí agus rátaí

AIRTEAGAL 12: Staidreamh

TEIDEAL II: COMHAR RIALÁLA

AIRTEAGAL 13: An tsábháilteacht eitlíochta

AIRTEAGAL 14: An tslándáil eitlíochta

AIRTEAGAL 15: Bainistiú an aerthráchta

AIRTEAGAL 16: An comhshaol

AIRTEAGAL 17: Dliteanas an aeriompróra

AIRTEAGAL 18: An tomhaltóir a chosaint

AIRTEAGAL 19: Córais áirithinte ar ríomhaire    

AIRTEAGAL 20: Gnéithe sóisialta

TEIDEAL III FORÁLACHA INSTITIÚIDEACHA

AIRTEAGAL 21: Léirmhíniú agus cur chun feidhme

AIRTEAGAL 22: An Comhchoiste

AIRTEAGAL 23: Réiteach díospóidí agus eadráin

AIRTEAGAL 24: An gaol le comhaontuithe eile

AIRTEAGAL 25: Leasuithe

AIRTEAGAL 26: Aontachas Ballstát nua den Aontas Eorpach

AIRTEAGAL 27: Foirceannadh

AIRTEAGAL 28: Clárú an Chomhaontaithe

AIRTEAGAL 29: Teacht i bhfeidhm, cur i bhfeidhm sealadach agus taiscí

IARSCRÍBHINN 1: Forálacha idirthréimhseacha

IARSCRÍBHINN 2: Infheidhmeacht gheografach na gceart tráchta den chúigiú saoirse i gcás seirbhísí ‘lasta uile’

Tá STÁT CHATAR (dá ngairtear “Catar” anseo feasta),

   de pháirt amháin;

agus

RÍOCHT NA BEILGE,

POBLACHT NA BULGÁIRE,

POBLACHT NA SEICE,

RÍOCHT NA DANMHAIRGE,

POBLACHT CHÓNAIDHME NA GEARMÁINE,

POBLACHT NA hEASTÓINE,

ÉIRE,

AN PHOBLACHT HEILLÉANACH,

RÍOCHT NA SPÁINNE,

POBLACHT NA FRAINCE,

POBLACHT NA CRÓITE,

POBLACHT NA hIODÁILE,

POBLACHT NA CIPIRE,

POBLACHT NA LAITVIA,

POBLACHT NA LIOTUÁINE,

ARD-DIÚCACHT LUCSAMBURG,

AN UNGÁIR,

MÁLTA,

RÍOCHT NA hÍSILTÍRE,

POBLACHT NA hOSTAIRE,

POBLACHT NA POLAINNE,

POBLACHT NA PORTAINGÉILE,

AN RÓMÁIN,

POBLACHT NA SLÓIVÉINE,

POBLACHT NA SLÓVAICE,

POBLACHT NA FIONLAINNE,

RÍOCHT NA SUALAINNE,

ós páirtithe iad den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (dá ngairtear, don dá cheann acu le chéile, “na Conarthaí de chuid an Aontais Eorpaigh”, anseo feasta) agus ós Ballstáit den Aontas Eorpach iad (dá ngairtear, dóibh uile le chéile, “Ballstáit an Aontais Eorpaigh”, nó do gach ceann acu as féin “Ballstát den Aontas Eorpach”, anseo feasta),

agus an tAONTAS EORPACH,

   den pháirt eile;

ós páirtithe iad den Choinbhinsiún um Eitlíocht Shibhialta Idirnáisiúnta, a osclaíodh lena shíniú in Chicago an 7 Nollaig 1944, iad Catar agus Ballstáit an Aontais Eorpaigh, in éineacht leis an Aontas Eorpach;

AGUS É DE MHIAN ACU a leasanna a chur chun cinn i leith an aeriompair chun cuidiú an caidreamh polaitiúil agus eacnamaíoch a dhlúthú idir na Páirtithe;

AG AITHINT DÓIBH a thábhachtaí agus atá an nascacht aeriompair éifeachtúil i dtaca le cur chun cinn na trádála, na turasóireachta, na hinfheistíochta agus na forbartha eacnamaíche agus sóisialta;

AGUS É DE MHIAN ACU feabhas a chur ar na haersheirbhísí agus córas eitlíochta idirnáisiúnta a chur chun cinn bunaithe ar an neamh-idirdhealú agus ar dheiseanna córa comhionanna do na haeriompróirí dul in iomaíocht le chéile;

AGUS É DE MHIAN ACU an leibhéal sábháilteachta agus slándála is airde a áirithiú san aeriompar agus ag dearbhú dóibh go bhfuil imní mhór orthu i dtaca le bearta nó bagairtí in aghaidh slándáil aerárthaí, a chuireann sábháilteacht daoine agus maoine i gcontúirt, a dhéanann dochar d’oibriú aerárthaí agus a chreimeann ar an muinín i sábháilteacht na heitlíochta sibhialta atá ag an bpobal a úsáideann an t‑aerthaisteal;

AG TABHAIRT DÁ nAIRE an Choinbhinsiúin um Eitlíocht Shibhialta Idirnáisiúnta, a osclaíodh lena shíniú in Chicago an 7 Nollaig 1944;

AGUS IAD LEAGTHA AR an tairbhe is mó a bhaint as na buntáistí ab fhéidir a bheith sa chomhar rialála;

AG AITHINT DÓIBH thábhacht na mbuntáistí ab fhéidir a thiocfadh as aersheirbhísí iomaíocha agus as tionscail aeriompair inmharthanacha;

AGUS É DE MHIAN ACU an iomaíocht chóir a chothú, ag aithint dóibh go bhféadfadh fóirdheontais áirithe dochar a dhéanamh don iomaíocht agus bunchuspóirí an Chomhaontaithe seo a chur i gcontúirt agus ag aithint dóibh go bhféadfadh sé, i gcás nach mbeadh cothrom iomaíochta ann idir aeriompróirí, nach mbainfí amach na tairbhí féideartha;

AGUS É D’INTINN ACU breis forbartha a dhéanamh ar an gcreat atá ann cheana de chomhaontuithe agus socruithe idir na Páirtithe agus é d’aidhm leis sin rochtain a oscailt ar mhargaí agus uasmhéadú a dhéanamh ar na tairbhí atá ag paisinéirí, coinsíneoirí, aeriompróirí agus aerfoirt agus a gcuid fostaithe, pobail agus ag daoine eile a fhaigheann tairbhe indíreach;

AG DEARBHÚ DÓIBH gur tábhachtach an comhshaol a chosaint le linn fhorbairt agus chur chun feidhme an bheartais eitlíochta idirnáisiúnta;

AG DEARBHÚ DÓIBH gur gá bearta a dhéanamh go práinneach chun aghaidh a thabhairt ar an athrú aeráide agus gur gá leanúint den chomhar i dtaca le laghdú na n‑astaíochtaí gáis ceaptha teasa san earnáil eitlíochta, agus é sin uile comhsheasmhach lena n‑oibleagáidí idirnáisiúnta maidir leis an ábhar seo, ar a n‑áirítear na hoibleagáidí faoi ionstraimí de chuid na hEagraíochta Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta (ICAO);

AG DEARBHÚ DÓIBH gur tábhachtach leasanna na dtomhaltóirí a chosaint agus a bheith i mbun comhair chun leibhéal ard a bhaint amach sa chosaint tomhaltóra;

AG AITHINT DÓIBH nach é atá beartaithe le breis deiseanna tráchtála an bonn a lagú faoi chaighdeáin saothair na bPáirtithe, nó faoi chaighdeáin a bhaineann leis an saothar, agus ag athdhearbhú dóibh gur tábhachtach a chur san áireamh cé na tionchair a bheidh ag an gComhaontú seo ar dhálaí saothair, fostaíochta agus oibre, agus cé na tairbhí a fhaightear nuair a chuirtear i gcumasc le chéile an gnóthachan mór eacnamaíoch as margaí oscailte agus iomaíocha, agus ardchaighdeáin saothair;

AG TABHAIRT DÁ nAIRE go bhfuil an dea-thoil ann féachaint le teacht ar dhóigheanna chun éascaíocht a dhéanamh don tionscal aeriompair i ndáil le rochtain níos fearr a bheith aige ar chaipiteal le haghaidh breis forbartha a dhéanamh ar an aeriompar;

AGUS É DE MHIAN ACU comhaontú a thabhairt i gcrích maidir leis an aeriompar, d’fhorlíonadh ar an gCoinbhinsiún;

TAR ÉIS COMHAONTÚ MAR A LEANAS:

AIRTEAGAL 1

Sainmhínithe

Chun críocha an Chomhaontaithe seo, mura luaitear a mhalairt, is mar seo a leanas a chiallaítear téarmaí:

1.    Ciallaíonn “comhaontú” an Comhaontú seo, aon Iarscríbhinn a ghabhann leis, agus aon leasú orthu sin;

2.    Ciallaíonn “aeriompar” iompar arb é atá ann paisinéirí, bagáiste, lasta agus post a iompar in aerárthaí, ar leithligh nó in éineacht, a chuirtear ar fáil mar sheirbhís don phobal ar luach saothair nó ar fruiliú, ar a n‑áirítear aersheirbhísí sceidealta agus neamhsceidealta;

3.    Ciallaíonn “cinneadh maidir le saoránacht” cinneadh, maidir le haeriompróir atá ag beartú aersheirbhísí a sholáthar faoin gComhaontú seo, go bhfuil an t‑aeriompróir sin ag comhlíonadh cheanglais Airteagal 3 den Chomhaontú seo maidir lena úinéireacht, lena rialú iarbhír, agus lena phríomháit ghnó;

4.    Ciallaíonn “údaráis inniúla” na gníomhaireachtaí rialtais nó na heintitis rialtais atá freagrach as feidhmeanna riaracháin faoin gComhaontú seo;

5.    Ciallaíonn “córas áirithinte ar ríomhaire” nó “CAR” córas ríomhairithe ar a bhfuil faisnéis maidir le, inter alia, sceidil, infhaighteacht agus táillí, a bhaineann le níos mó ná aeriompróir amháin, cibé acu a ghabhann saoráidí chun áirithintí a dhéanamh nó chun ticéid a eisiúint leo nó nach ngabhann, a mhéid a chuirtear roinnt de na seirbhísí sin nó na seirbhísí sin uile ar fáil do shuibscríobhaithe. Chun críoch an chomhaontaithe seo, maidir leis an téarma CAR, tuigfear go n‑áirítear leis an téarma sin “Córais Dhomhanda Dáileacháin” nó “CDD”, sa mhéid go n‑áirítear táirgí aeriompair iontu sin;

6.    Ciallaíonn “Coinbhinsiún” an Coinbhinsiún um Eitlíocht Shibhialta, a osclaíodh lena shíniú in Chicago an 7 Nollaig 1944, agus áirítear air sin:

(a)    aon leasú a tháinig i bhfeidhm faoi Airteagal 94(a) den Choinbhinsiún agus a dhaingnigh Catar agus an Ballstát den Aontas Eorpach nó na Ballstáit den Aontas Eorpach, iad araon nó uile, de réir mar is ábhartha sa chás i gceist; agus

(b)    aon Iarscríbhinn, nó aon leasú ar Iarscríbhinn, a glacadh faoi Airteagal 90 den Choinbhinsiún, a mhéid a bheidh éifeacht, ag aon am áirithe, ag an iarscríbhinn sin nó ag an leasú sin maidir le Catar agus leis an mBallstát den Aontas Eorpach nó leis na Ballstáit den Aontas Eorpach, iad araon nó uile, de réir mar is ábhartha sa chás i gceist;

7.    Ciallaíonn “idirdhealú” difreáil d’aon chineál nach bhfuil bonn cirt oibiachtúil léi;

8.    Ciallaíonn “táillí” na praghsanna atá le híoc le haeriompróirí nó lena ngníomhairí nó le díoltóirí eile ticéad as paisinéirí a iompar ar aersheirbhísí (ar a n‑áirítear aon mhodh iompair eile a bhaineann leis sin) agus na coinníollacha faoina bhfuil feidhm ag na praghsanna sin, ar a n‑áirítear luachanna saothair agus coinníollacha a thairgtear do ghníomhaireachtaí agus seirbhísí cúnta eile;

9.    Ciallaíonn “cinneadh maidir le hoiriúnacht” cinneadh a dhéantar maidir le haeriompróir atá ag beartú aersheirbhísí a sholáthar faoin gComhaontú seo go bhfuil acmhainn airgeadais shásúil aige maille le taithí bhainistíochta leordhóthanach chun na haersheirbhísí sin a oibriú agus go bhfuil dea-rún aige na dlíthe, na rialacháin agus na ceanglais a bhfuil oibriú na seirbhísí faoina réir a chomhlíonadh;

10.    Ciallaíonn “costas iomlán” costas na seirbhíse a sholáthraítear móide muirear réasúnta i ndáil leis an bhforchostas riaracháin;

11.    Ciallaíonn “aeriompar idirnáisiúnta” aeriompar a ghabhann tríd an aerspás os cionn críoch dhá Stát nó níos mó ná dhá Stát;

12.    Ciallaíonn “Páirtithe” Catar, ar thaobh amháin, agus an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, ar an taobh eile;

13.    Ciallaíonn “príomháit ghnó” ceannáras nó oifig chláraithe atá ag aeriompróir i gcríoch Páirtí agus ar ann a fheidhmítear príomhfheidhmeanna airgeadais agus rialú oibríochtúil an aeriompróra, ar a n‑áirítear bainistiú aeracmhainneachta leanúnaí;

14.    Ciallaíonn “rátaí” na praghsanna atá le híoc as iompar lasta ar aersheirbhísí (ar a n‑áirítear aon mhodh iompair eile a bhaineann leis sin) agus na coinníollacha faoina bhfuil feidhm ag na praghsanna sin, ar a n‑áirítear luachanna saothair agus coinníollacha a thairgtear do ghníomhaireachtaí agus seirbhísí cúnta eile;

15.    ciallaíonn “féinseirbhís láimhseála” an cás ina soláthraíonn úsáideoir aerfoirt catagóir amháin nó níos mó de sheirbhísí láimhseála ar an talamh dó féin agus nach dtugann sé aon chonradh d’aon chineál chun críche le tríú páirtí chun na seirbhísí sin a sholáthar. Chun críoch an tsainmhínithe seo, ní mheasfar gur tríú páirtithe ina measc féin iad úsáideoirí aerfoirt sna cásanna seo a leanas:

(a) i gcás ina mbeidh an tromlach ag ceann amháin acu sa cheann eile, nó

(b) i gcás ina mbeidh sealúchas tromlaigh ag comhlacht amháin i ngach ceann acu;

16.    Ciallaíonn “suaitheadh tromchúiseach i ngeilleagar Chatar nó i ngeilleagar Ballstáit den Aontas Eorpach” géarchéim eisceachtúil shealadach (bíodh sí gearrthéarmach nó fadtéarmach) shuntasach a dhéanann difear do gheilleagar iomlán Chatar nó do gheilleagar iomlán Ballstáit den Aontas Eorpach seachas do réigiún ar leith nó d’earnáil eacnamaíoch ar leith;

17.    Ciallaíonn “stad chun críoch nach críocha tráchta” tuirlingt a dhéantar chun aon chríche seachas paisinéirí, bagáiste, lasta agus/nó post a thógáil nó a chur ar talamh;

18.    Ciallaíonn “fóirdheontas” aon ranníocaíocht a dheonaíonn an rialtas nó aon chomhlacht poiblí eile ar aon leibhéal, agus áirítear mar fhóirdheontais iad seo a leanas:

I.aistriú díreach cistí agus aistriú díreach féideartha cistí nó dliteanas;

II.ioncam a ligean ar ceal nó gan é a bhailiú, ar ioncam é a bheadh dlite murach sin;

III.earraí nó seirbhísí, nach bonneagar ginearálta, a sholáthar, nó earraí nó seirbhísí a cheannach; nó

IV.íocaíochtaí a dhéanamh le sásra cistiúcháin nó ordú nó treoir a thabhairt do chomhlacht príobháideach ceann amháin nó níos mó de na feidhmeanna a luaitear faoi (i), (ii) agus (iii) a dhéanamh, feidhmeanna a leagtar ar an rialtas nó ar chomhlacht poiblí eile de ghnáth, agus é sin a dhéanamh de réir modh ar beag an difear idir é agus an modh a úsáideann rialtais de ghnáth,

agus é sin a bheith teoranta, de jurede facto, d’aeriompróirí áirithe agus go ndeonaítear tairbhe leis d’aeriompróir nó d’aeriompróirí. Ní mheasfar gurb ionann agus tairbhe a dheonú an cás ina ndéanfaidh rialtas nó comhlacht poiblí eile idirghabháil airgeadais más rud é gur idirghabháil í a dhéanfadh rannpháirtí príobháideach margaidh agus é ag gníomhú lena leas tráchtála féin;

19.    I gcás Stát Chatar, is é is ciall leis an gcríoch an chiall atá leis de réir Airteagal 2 den Choinbhinsiún. I gcás an Aontais Eorpaigh agus a Bhallstát, ciallaíonn “críoch” an chríoch thalún, na huiscí inmheánacha agus na huiscí teorann de chuid na mBallstát a bhfuil feidhm ag an gConradh ar an Aontas Eorpach agus ag an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir leo agus faoi na coinníollacha a leagtar síos sna Conarthaí sin, agus an t‑aerspás os a gcionn.

20.    Ciallaíonn “muirear úsáideora” muirear a ghearrtar ar aeriompróirí le haghaidh seirbhísí nó áiseanna aerfoirt, seirbhísí nó áiseanna i dtaca le gnéithe comhshaoil na n‑aerfort, seirbhísí nó áiseanna aerloingseoireachta, seirbhísí nó áiseanna slándála eitlíochta, agus seirbhísí nó áiseanna a bhaineann leo.

TEIDEAL I

FORÁLACHA EACNAMAÍOCHA

AIRTEAGAL 2

Cearta a bhronnadh

Sceideal bealaí

1.    Ceadóidh gach Páirtí d’aeriompróirí an Pháirtí eile a bheith ag oibriú ar na bealaí a shonraítear anseo thíos:

(a)    i gcás aeriompróirí de chuid Chatar:

Aon Phointe i gCatar – Aon Idirphointe – Aon Phointe laistigh den Aontas Eorpach – Aon Seachphointe

(b)    i gcás aeriompróirí de chuid an Aontais Eorpaigh:

Aon Phointe laistigh den Aontas Eorpach – Aon Idirphointe – Aon Phointe i gCatar – Aon Seachphointe

Chun críoch chur i bhfeidhm an sceidil bealaí thuas:

ciallóidh “Aon Phointe” pointe amháin nó níos mó;

ciallóidh “Aon Phointe laistigh den Aontas Eorpach” pointe amháin nó níos mó laistigh d’aon Bhallstát amháin den Aontas Eorpach nó laistigh de Bhallstáit éagsúla den Aontas Eorpach, gach ceann ar leithligh nó cinn acu in éineacht, in aon ord áirithe.

Cearta tráchta

2.    Bronnann gach Páirtí ar an bPáirtí eile na cearta seo a leanas i dtaca le haeriompar idirnáisiúnta a oibreoidh aeriompróirí an Pháirtí eile ar bhonn neamh-idirdhealaitheach:

   

(a)    an ceart chun eitilt thar a chríoch gan tuirlingt;

(b)    an ceart chun stadanna a dhéanamh ina chríoch chun críoch nach críocha tráchta;

(c)    an ceart chun aeriompar idirnáisiúnta sceidealta agus neamhsceidealta a oibriú i gcás seirbhísí paisinéirí, seirbhísí cumaisc nó seirbhísí ‘lasta uile’:

(i)    i gcás aeriompróirí de chuid Chatar, an ceart chun aeriompar idirnáisiúnta a sholáthar idir aon phointe laistigh de Chatar agus aon phointe laistigh den Aontas Eorpach le

(A) cearta tráchta den tríú agus den cheathrú saoirse gan aon teorannú i dtaca le bealaí, toilleadh ná/nó minicíocht; agus

(B) cearta tráchta den chúigiú saoirse i gcás seirbhísí ‘lasta uile’ idir an tAontas Eorpach agus na seachphointí a liostaítear in Iarscríbhinn 2, roinn 1, ar choinníoll nach rachaidh an mhinicíocht sheachtainiúil thar 7 in aghaidh an Bhallstáit den Aontas Eorpach le linn fheidhmiú na gceart tráchta den chúigiú saoirse;

(ii)    i gcás aeriompróirí de chuid an Aontais Eorpaigh, an ceart chun aeriompar idirnáisiúnta a sholáthar idir aon phointe laistigh den Aontas Eorpach agus aon phointe laistigh de Chatar le

(A) cearta tráchta den tríú agus den cheathrú saoirse gan aon teorannú i dtaca le bealaí, toilleadh ná/nó minicíocht; agus

(B) cearta tráchta den chúigiú saoirse i gcás seirbhísí ‘lasta uile’ idir Catar agus na seachphointí a liostaítear in Iarscríbhinn 2, roinn 2, ar choinníoll nach rachaidh an mhinicíocht sheachtainiúil thar 7 in aghaidh an Bhallstáit den Aontas Eorpach le linn fheidhmiú na gceart tráchta den chúigiú saoirse.

Beidh feidhmiú na gceart tráchta sin faoi réir na bhforálacha idirthréimhseacha in Iarscríbhinn 1 a ghabhann leis an gComhaontú seo; agus

Soiléirítear mar seo a leanas – a mhéid a bhaineann leis na Ballstáit sin den Aontas Eorpach arb é a seacht (7) nó níos lú an mhinicíocht sheachtainiúil le cearta tráchta den chúigiú saoirse i gcás seirbhísí ‘lasta uile’ atá acu sna comhaontuithe aersheirbhíse déthaobhacha nó sna socruithe aersheirbhíse déthaobhacha atá acu, ag an am, le Catar, is é a seacht (7) líon iomlán na minicíochta seachtainiúla a bheidh ag iompróirí de chuid an dá Pháirtí faoi dheireadh na hidirthréimhse.

(d)    na cearta a shonraítear ar bhealaí eile sa Chomhaontú seo.

Solúbthacht oibríochta

3.    Féadfaidh aeriompróirí de chuid gach Páirtí déanamh mar a leanas, maidir le haon eitilt nó le haon eitiltí, agus de réir a rogha féin, i gcás na mbealaí a shonraítear i mír 1 thuas:

(a)    eitiltí a dhéanamh i gceachtar den dá threo nó sa dá threo;

       

(b)    uimhreacha eitilte éagsúla a chumasc i dtaca le haon oibríocht amháin aerárthaigh;

(c)    freastal ar idirphointí agus ar sheachphointí, agus ar phointí laistigh de chríocha na bPáirtithe, de réir aon teaglaim nó aon ord de réir fhorálacha mhír 2 thuas;

(d)    gan stad ag aon phointe áirithe nó ag aon phointí áirithe;

(e)    trácht a aistriú ó aon cheann dá gcuid aerárthaí go dtí aon cheann eile dá gcuid aerárthaí ag aon phointe (athrú árthaigh);

(f)    stad briste turais a dhéanamh ag aon phointe, bíodh an pointe sin laistigh nó lasmuigh de chríoch ceachtar den dá Pháirtí;

(g)    trácht idirthurais a iompar trí chríoch an Pháirtí eile;

(h)    trácht a chumasc ar an aerárthach céanna cibé áit tionscnaimh atá ag an trácht sin; agus

(i)    freastal ar níos mó ná aon phointe amháin, laistigh d’aon Bhallstát amháin den Aontas Eorpach, nó laistigh de Chatar, mar chuid d’aon seirbhís amháin (il-chríochfortú).

An tsolúbthacht oibríochta dá bhforáiltear i bpointí (a) go (i) den mhír seo, féadfar í a fheidhmiú gan aon teorannú i dtaca le geograf ná treo eitilte agus gan dochar d’aon cheart chun trácht a iompar a cheadaítear ar aon bhealach eile faoin gComhaontú seo, ar choinníoll:

(i)    i gcás seirbhísí de chuid aeriompróirí de chuid Chatar, gur ag freastal ar phointe laistigh de Chatar a bheidh na seirbhísí sin;

(ii)    i gcás seirbhísí de chuid aeriompróirí de chuid an Aontais Eorpaigh, gur ag freastal ar phointe laistigh den Aontas Eorpach a bheidh na seirbhísí sin.

4.    Ceadóidh gach Páirtí do gach aeriompróir de chuid an Pháirtí eile minicíocht agus toilleadh an aeriompair idirnáisiúnta a chuirfidh sé ar fáil a chinneadh de réir a bhreithiúnais ar ghnéithe tráchtála an mhargaidh. I gcomhsheasmhacht leis an gceart sin, ní dhéanfaidh ceachtar den dá Pháirtí, ag gníomhú dó go haontaobhach, teorannú ar an méid tráchta, ar mhinicíocht ná ar rialtacht na seirbhíse, ar bhealaí, áit tionscnaimh ná áit cinn scríbe an tráchta, ar an gcineál aerárthaigh nó ar chineálacha na n‑aerárthaí a úsáideann aeriompróirí an Pháirtí eile, ach amháin ar chúiseanna custaim, teicniúla, oibríochtúla, ar chúiseanna a bhaineann le bainistiú sábháilteachta aerthráchta, le cosaint an chomhshaoil nó na sláinte, nó ar chúiseanna eile dá bhforáiltear ar bhealaí eile sa Chomhaontú seo.

5.    Ní mheasfar go dtugann aon ní dá bhfuil sa Chomhaontú seo d’aeriompróirí:

(a)    Chatar an ceart chun paisinéirí, bagáiste, lasta, agus/nó post a ghlacadh ar bord in aon Bhallstát den Aontas Eorpach, ar paisinéirí nó rudaí iad a bhfuiltear á n‑iompar ar son íocaíochta nó cíosa agus pointe eile sa Bhallstát céanna sin den Aontas Eorpach mar cheann scríbe acu;

(b)    an Aontais Eorpaigh an ceart chun paisinéirí, bagáiste, lasta, agus/nó post a ghlacadh ar bord i gCatar, ar paisinéirí nó rudaí iad a bhfuiltear á n‑iompar ar son íocaíochta nó cíosa agus pointe eile i gCatar mar cheann scríbe acu.

AIRTEAGAL 3

Údarú oibríochta

1.    Ar fháil iarratais ar údarú oibríochta dóibh ó aeriompróir de chuid Páirtí, bronnfaidh údaráis inniúla an Pháirtí eile na húdaruithe oibríochta agus na ceaduithe teicniúla iomchuí agus déanfaidh siad sin leis an moill is lú is féidir sa nós imeachta, ar choinníoll:

(a)    i gcás aeriompróir de chuid Chatar:

(i)    gur i gCatar atá an phríomháit ghnó ag an aeriompróir, agus go bhfuil ceadúnas oibríochta bailí aige i gcomhréir le dlí Chatar;

(ii)    gur ag Catar atá an rialú rialála iarbhír ar an aeriompróir á fheidhmiú agus á choinneáil ar bun; agus

(iii)    go bhfuil an t‑aeriompróir faoi úinéireacht dhíreach, nó faoi úinéireacht trí shealúchas tromlaigh, Chatar agus/nó a náisiúnaigh, agus gur ag Catar agus/nó ag a náisiúnaigh atá an rialú iarbhír ar an aeriompróir;

(b)    i gcás aeriompróir de chuid an Aontais Eorpaigh:

(i)    gur i gcríoch an Aontais Eorpaigh faoi na Conarthaí de chuid an Aontais Eorpaigh atá an t‑aeriompróir bunaithe agus go bhfuil ceadúnas bailí oibríochta aige i gcomhréir le dlí an Aontais Eorpaigh;

(ii)    go bhfuil an rialú rialála iarbhír ar an aeriompróir á fheidhmiú agus á choinneáil ar bun ag an mBallstát den Aontas Eorpach atá freagrach as an deimhniú aeroibreora a eisiúint agus go bhfuil aitheantas an údaráis inniúil léirithe go soiléir; agus

(iii)    go bhfuil an t‑aeriompróir faoi úinéireacht dhíreach, nó faoi úinéireacht trí shealúchas tromlaigh, Ballstáit nó Ballstát den Aontas Eorpach nó de chuid Chomhlachas Saorthrádála na hEorpa agus/nó náisiúnaigh de na Ballstáit sin, agus go bhfuil sé faoi rialú iarbhír ag Ballstát nó Ballstáit den Aontas Eorpach nó de chuid Chomhlachas Saorthrádála na hEorpa agus/nó ag náisiúnaigh de na Ballstáit sin;

(c)    go bhfuiltear ag comhlíonadh na bhforálacha a leagtar amach in Airteagail 13 agus 14 den Chomhaontú seo; agus

(d)    go bhfuil an t‑aeriompróir ag comhlíonadh na gcoinníollacha a fhorordaítear faoi na dlíthe agus na rialacháin a chuireann an Páirtí a bheidh ag meas an iarratais i bhfeidhm de ghnáth ar oibriú an aeriompair idirnáisiúnta.

2.    Agus údaruithe oibríochta agus ceaduithe teicniúla á mbronnadh ag aon Pháirtí, caithfidh sé le haeriompróirí uile an Pháirtí eile ar bhonn neamh-idirdhealaitheach.

3.    Ar fháil iarratas ar údarú oibríochta dó ó aeriompróir de chuid Páirtí, tabharfaidh an Páirtí eile aitheantas d’aon chinneadh maidir le hoiriúnacht agus/nó d’aon chinneadh maidir le saoránacht a rinne an chéad Pháirtí i leith an aeriompróra sin amhail agus dá mba iad a údaráis inniúla féin a dhéanfadh an cinneadh sin, agus ní dhéanfaidh sé aon fhiosruithe eile faoi na hábhair sin, ach amháin mar a fhoráiltear dó sin i mír 2 d’Airteagal 4 den Chomhaontú seo. Soiléirítear mar seo a leanas – ní chumhdaítear leis an mír seo aitheantas do chinntí maidir le deimhnithe nó ceadúnais sábháilteachta, maidir le socruithe slándála, ná maidir le cumhdach árachais.

   AIRTEAGAL 4    

Údarú a dhiúltú, a chúlghairm, a chur ar fionraí nó a theorannú

1.    Féadfaidh ceachtar den dá Pháirtí na húdaruithe oibríochta nó na ceaduithe teicniúla a dhiúltú, a chúlghairm, a chur ar fionraí, a theorannú nó coinníollacha a fhorchur maidir leo, nó féadfaidh sé, ar bhealaí eile, oibríochtaí aeriompróra de chuid an Pháirtí eile a dhiúltú, a chur ar fionraí, a theorannú, nó coinníollacha a fhorchur maidir leo, más rud é:

(a)    i gcás aeriompróra de chuid Chatar:

(i)    nach i gCatar atá a phríomháit ghnó ag an aeriompróir nó nach bhfuil aige ceadúnas bailí oibríochta i gcomhréir le dlí Chatar;

(ii)    nach bhfuil rialú rialála iarbhír ar an aeriompróir á fheidhmiú agus á choinneáil ar bun ag Catar; nó

(iii)    nach bhfuil an t‑aeriompróir faoi úinéireacht dhíreach, nó faoi úinéireacht trí shealúchas tromlaigh, Chatar agus/nó a náisiúnaigh, nó nach bhfuil sé faoi rialú iarbhír ag Catar agus/nó ag a náisiúnaigh;

(b)    i gcás aeriompróra de chuid an Aontais Eorpaigh:

(i)    nach i gcríoch an Aontais Eorpaigh faoi na Conarthaí de chuid an Aontais Eorpaigh atá an t‑aeriompróir bunaithe nó nach bhfuil ceadúnas bailí oibríochta aige i gcomhréir le dlí an Aontais Eorpaigh;

(ii)    nach bhfuil rialú rialála iarbhír ar an aeriompróir á fheidhmiú agus á choinneáil ar bun ag an mBallstát den Aontas Eorpach atá freagrach as an deimhniú aeroibreora a eisiúint nó nach bhfuil aitheantas an údaráis inniúil léirithe go soiléir; nó

(iii)    nach bhfuil an t‑aeriompróir faoi úinéireacht dhíreach, nó faoi úinéireacht trí shealúchas tromlaigh, Ballstáit nó Ballstát den Aontas Eorpach nó de chuid Chomhlachas Saorthrádála na hEorpa agus/nó náisiúnaigh de na Ballstáit sin, nó nach bhfuil sé faoi rialú iarbhír ag Ballstát nó Ballstáit den Aontas Eorpach nó de chuid Chomhlachas Saorthrádála na hEorpa agus/nó ag náisiúnaigh de na Ballstáit sin;

(c)    nár chomhlíon an t‑aeriompróir na dlíthe agus na rialacháin dá dtagraítear in Airteagal 6 den Chomhaontú seo agus/nó na dlíthe agus na rialacháin a chuireann an Páirtí a bheidh ag meas an iarratais i bhfeidhm de ghnáth ar oibriú an aeriompair idirnáisiúnta.

2.    I gcás ina mbeidh forais réasúnacha ag Páirtí lena chreidiúint go mbaineann aon cheann de na himthosca a leagtar síos i mír 1 le haeriompróir de chuid an Pháirtí eile, féadfaidh an Páirtí sin comhairliúchán leis an bPáirtí eile a iarraidh.

3.    Cuirfear tús leis na comhairliúcháin sin a luaithe is féidir, agus tráth nach déanaí ná tríocha (30) lá tar éis an t‑iarratais sin a fháil. I gcás nach dtagtar ar chomhaontú sásúil laistigh de thríocha (30) lá nó laistigh de thréimhse, arna aontú, ó thús na gcomhairliúchán sin, nó i gcás nach ndéantar an beart ceartaitheach ar aontaíodh air, beidh sin ina fhorais ag an bPáirtí a d’iarr na comhairliúcháin chun gníomhú chun údaruithe oibríochta nó ceaduithe teicniúla aeriompróra de chuid an Pháirtí eile a dhiúltú, a chúlghairm, a chur ar fionraí, a theorannú nó coinníollacha a fhorchur maidir leo, chun a áirithiú go gcloífear le forálacha an Airteagail seo.

4.    D’ainneoin mhír 3, a mhéid a bhaineann le mír 1(c), féadfaidh Páirtí gníomhú láithreach nó go práinneach más gá sin de dheasca éigeandála, nó chun a chinntiú nach ndéantar breis neamhchomhlíonta. Soiléirítear mar seo a leanas – sula bhféadfaí dearcadh ar neamhchomhlíonadh mar bhreis neamhchomhlíonta, níor mhór ceist an neamhchomhlíonta sin a bheith ardaithe eatarthu féin cheana ag údaráis inniúla na bPáirtithe.

AIRTEAGAL 5

Úinéireacht agus rialú a léirscaoileadh

Aithníonn na Páirtithe na tairbhí féideartha a ghabhann leis an léirscaoileadh forchéimnitheach ar úinéireacht agus ar rialú a gcuid aeriompróirí. Aontaíonn na Páirtithe air go n‑iniúchfaidh siad sa Chomhchoiste, tráth éigin is iomchuí, na féidearthachtaí maidir le húinéireacht agus rialú na n‑aeriompróirí a léirscaoileadh go comhpháirteach. De thoradh an iniúchta sin, féadfaidh an Comhchoiste leasuithe a mholadh ar an gComhaontú seo i gcomhréir le hAirteagal 25 den Chomhaontú seo.

AIRTEAGAL 6

Dlíthe agus rialacháin a chomhlíonadh

1.    Le linn dul isteach i gcríoch Páirtí amháin, nó le linn a bheith laistigh den chríoch sin nó le linn a bheith á fágáil, comhlíonfaidh aeriompróirí an Pháirtí eile na dlíthe agus na rialacháin a bhaineann le haerárthaí aeriompair idirnáisiúnta a ligean isteach ina chríoch, a ligean amach as a chríoch nó a ligean i gceann oibríochta laistigh dá chríoch.

2.    Le linn dul isteach i gcríoch Páirtí amháin, nó le linn a bheith laistigh den chríoch sin nó le linn a bheith á fágáil, comhlíonfaidh paisinéirí, criú, bagáiste, lasta agus/nó post an Pháirtí eile, nó comhlíonfar thar a gceann, na dlíthe agus na rialacháin (ar a n‑áirítear rialacháin a bhaineann le dul isteach, imréiteach, inimirce, pasanna, custaim agus coraintín, nó i gcás poist, na rialacháin phoist) a bhaineann leis na paisinéirí sin, leis an gcriú sin, leis an mbagáiste sin, leis an lasta sin agus/nó leis na haerárthaí sin a ligean isteach ina chríoch, a ligean amach as a chríoch nó a ligean i gceann oibríochta laistigh dá chríoch.

3.    Ceadóidh na Páirtithe d’aeriompróirí an Pháirtí eile bearta a dhéanamh, laistigh dá gcríoch féin faoi seach, chun a áirithiú nach n‑iomprófar ach daoine a bhfuil na doiciméid taistil ina seilbh a theastaíonn chun dul isteach i gcríoch an Pháirtí eile nó chun dul tríd an gcríoch sin ar a n‑idirthuras.

AIRTEAGAL 7

Iomaíocht chóir

1.    Aontaíonn na Páirtithe air go mbeidh deiseanna córa comhionanna ag a gcuid aeriompróirí dul in iomaíocht le chéile i soláthar seirbhísí aeriompair.

2.    Déanfaidh na Páirtithe mar a leanas:

(a)    laistigh dá ndlínse féin faoi seach agus trí bhíthin a gcuid nósanna imeachta inmheánacha agus a gcuid próiseas féin faoi seach, toirmiscfidh siad aon fhoirm den idirdhealú nó den chleachtas éagórach a dhéanfadh dochar a mhéid a bhaineann le deis chóir chomhionann a bheith ag aeriompróirí an Pháirtí eile dul in iomaíocht i soláthar aersheirbhísí agus, i gcás inar ann dá leithéid, cuirfidh siad deireadh leis an idirdhealú nó leis an gcleachtas sin;

   

(b)    ní dheonóidh siad ná ní cheadóidh siad fóirdheontais d’aon aeriompróir más rud é go ndéanfadh na fóirdheontais sin difear a mhéid a bhaineann le deis chóir chomhionann a bheith ag aeriompróirí an Pháirtí eile san iomaíocht i soláthar aersheirbhísí.

3. D’ainneoin fhomhír (b) de mhír 2, féadfar an méid seo a leanas a dheonú:

   

(a)    tacaíocht d’aeriompróirí dócmhainneacha nó d’aeriompróirí atá i gcor anásta, ar choinníoll:

(i)    go mbeidh sé de choinníoll leis an tacaíocht go bhfuil plean inchreidte athstruchtúrúcháin ann, agus é bunaithe ar thoimhdí réadúla, d’fhonn a áirithiú go mbainfidh an t‑aeriompróir dócmhainneach nó anásta sin staid inmharthanachta fadtéarmaí amach laistigh d’am réasúnta; agus

(ii)    go rannchuideoidh an t‑aeriompróir féin, a infheisteoirí nó a scairshealbhóirí, ar dhóigh shuntasach, le costais an athstruchtúrúcháin;

(b)    tacaíocht shealadach leachtachta d’aeriompróir i bhfoirm iasachta nó barántais iasachta agus an tacaíocht sin arna teorannú don mhéid is lú is gá chun an t‑aeriompróir i gceist a choinneáil i gceann gnó ar feadh an ama is gá chun teacht ar phlean athstruchtúrúcháin nó leachtúcháin;

(c)    go dteorannófar iad don mhéid is lú is gá chun go sroichfí an cuspóir a bhí lena ndeonú agus go n‑imreofar a laghad is féidir de thionchar ar sholáthar na seirbhísí aeriompair:

(i)    fóirdheontais chun damáiste de dheasca tubaistí nádúrtha a cheartú;

(ii)    i gcás Chatar, fóirdheontais chun suaitheadh tromchúiseach ina gheilleagar a leigheas; agus, i gcás an Aontais Eorpaigh agus a Bhallstát, fóirdheontais chun suaitheadh tromchúiseach i ngeilleagar ceann amháin nó níos mó de Bhallstáit an Aontais Eorpaigh a leigheas;

(d)    fóirdheontais d’aeriompróirí a bhfuil oibleagáidí seirbhíse poiblí atá sainithe go soiléir leagtha de chúram orthu, oibleagáidí a bhfuil gá leo chun riar do riachtanais iompair an phobail agus nach bhféadfadh fórsaí an mhargaidh, astu féin, riar dóibh, ar choinníoll go mbeidh na fóirdheontais sin teoranta d’íocaíocht réasúnta ar son sholáthar na haersheirbhíse lena mbaineann.

 

4.    Áiritheoidh na Páirtithe i dtaca le gach ceann dá gcuid aeriompróirí a bhíonn ag cur aersheirbhísí ar fáil faoin gComhaontú seo, go bhfoilseoidh na haeriompróirí sin, go poiblí, ar bhonn bliantúil ar a laghad, tuarascáil airgeadais agus ráiteas airgeadais ag gabháil leis agus iad sin arna n‑iniúchadh go seachtrach i gcomhréir le caighdeáin um chuntasaíocht agus um nochtadh airgeadais corparáideach atá aitheanta go hidirnáisiúnta, ar nós na gCaighdeán Idirnáisiúnta um Thuairisciú Airgeadais; agus, más rud é go ndeonóidh Páirtí fóirdheontas, go mbeidh an fóirdheontas sin sainaitheanta go sonrach sa tuarascáil airgeadais.

5.    Ar fháil iarratais dó ón bPáirtí eile, soláthróidh gach Páirtí don Pháirtí eile, laistigh de 30 lá, mura mbeidh a mhalairt comhaontaithe ag na Páirtithe, tuarascálacha airgeadais agus aon fhaisnéis eile a mbeidh teacht uirthi go réasúnta, ar a n‑áirítear faisnéis faoi na hábhair a chumhdaítear le mír 4, a mhéid a ndéanfaidh an Páirtí eile iarratas réasúnta ina leith chun a fhíorú go bhfuil forálacha an Airteagail seo á gcomhlíonadh. Más faisnéis í sin a bhfuil íogaireacht ag gabháil léi ó thaobh na tráchtála, beidh tabhairt na faisnéise sin faoi réir a láimhseála i modh rúin ag an bPáirtí is iarratasóir.

6.    Déanfaidh gach Páirtí, trí bhíthin a chuid nósanna imeachta inmheánacha agus a chuid próiseas inmheánach féin faoi seach, bearta a chur chun feidhme agus a chur i bhfeidhm a chuirfidh toirmeasc agus cosc iarbhír ar a chuid aeriompróirí:

(a)    a bheith i mbun cleachtais chomhbheartaithe de bhun comhaontú sainráite nó intuigthe idir iomaitheoirí, arb é is cuspóir nó feidhm dóibh an iomaíocht a chosc, a laghdú nó a shaobhadh. Féadfar a dhearbhú nach infheidhme an toirmeasc sin más rud é go gcuidíonn na comhaontuithe sin, na cinntí sin nó na cleachtais sin feabhas a chur ar tháirgeadh nó ar dháileadh seirbhísí nó go gcuidíonn siad le cur chun cinn an dul chun cinn theicniúil nó eacnamaíoch agus, san am ceanna, go bhfágann siad go mbeadh an tomhaltóir in ann sciar cóir a bheith aige den tairbhe a thiocfadh astu, agus más rud é: (ii) nach bhforchuirtear leo, ar na gnóthais atá i gceist, srianta nach bhfuil fíor-riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú; (ii) nach dtugtar leo, do na cuideachtaí sin, an fhéidearthacht chun deireadh a chur leis an iomaíocht i bpáirt mhór de na seirbhísí i gceist,

(b)    mí-úsáid a bhaint as suíomh ceannasachta, ar dhóigh a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do sheirbhísí aeriompair go dtí an Páirtí sin nó ón bPáirtí sin, agus

(c)    dul i gcomhchruinniú aeriompróirí ar dhóigh a chuirfeadh bac ar an iomaíocht iarbhír, go háirithe de thoradh suíomh ceannasachta a chruthú nó a neartú.

7.    Má mheasann Páirtí (dá ngairtear “an Páirtí gníomhach” anseo feasta) go bhfuil tionchar dochrach, ar na deiseanna córa comhionanna atá ag a chuid iompróirí, á imirt ag:

(a)    idirdhealú nó cleachtais éagóracha atá toirmiscthe faoi fhomhír (a) de mhír 2;

(b)    fóirdheontas atá toirmiscthe faoi fhomhír (b) de mhír 2, cé is moite díobh sin a liostaítear i mír 3;

(c)    neamhchomhlíonadh na n‑oibleagáidí trédhearcachta a leagtar síos i míreanna 4 agus 5; nó

(d)    mainneachtain an Pháirtí eile i leith chomhlíonadh na n‑oibleagáidí a leagtar síos i mír 6;

féadfaidh sé gníomhú i gcomhréir le míreanna 8 go 10.

8.    Cuirfidh an Páirtí gníomhach iarratas ar chomhairliúcháin i scríbhinn chuig an bPáirtí eile, agus cuirfidh sé in éineacht lena iarratas tuarascáil i scríbhinn ina mbeidh i a bharúlacha agus a chuid fianaise ábhartha. Cuirfear tús leis na comhairliúcháin laistigh de thríocha (30) lá ó dháta faighte an iarratais, mura mbeidh a mhalairt comhaontaithe ag na Páirtithe. Féadfar na comhairliúcháin a iarraidh trí bhíthin an Chomhchoiste.

9.    Mura n‑éirí leis an bPáirtí gníomhach agus leis an bPáirtí eile teacht ar chomhaontú faoin ábhar laistigh de sheasca (60) lá ó thús na gcomhairliúchán, nó laistigh de thréimhse eile a bheidh comhaontaithe ag na Páirtithe nó ag an gComhchoiste, féadfaidh an Páirtí gníomhach bearta a dhéanamh in aghaidh na n‑aeriompróirí a bhí ag gabháil don iompar atá á chonspóid nó a bhain tairbhe as an idirdhealú, as na cleachtais éagóracha nó as na fóirdheontais i gceist. Cúig lá dhéag (15 lá) ar a laghad roimh aon bheart acu sin a chur chun feidhme, tabharfaidh an Páirtí gníomhach fógra don Pháirtí eile, i scríbhinn, faoi na bearta atá rún aige a dhéanamh.

10.    Na bearta a dhéanfar de bhun na míre roimhe seo, beidh siad iomchuí, comhréireach agus ní rachaidh siad, i dtaca lena raon agus lena bhfad ama, thar an méid is gá go fíor, d’fhonn maolú ar an díobháil d’iompróirí an Pháirtí ghníomhaigh agus d’fhonn ceal a chur sa bhuntáiste míchuí a bheidh gnóthaithe ag na hiompróirí a mbeidh na bearta dírithe orthu.

11.    Aon ghníomhartha nó bearta a dhéanfar de bhun mhír 9, beidh siad gan dochar do cheart ceachtar den dá Pháirtí an t‑ábhar a tharchur chun an nóis imeachta um réiteach díospóidí a leagtar síos in Airteagal 23 den Chomhaontú seo.

12.    I gcás ina dtarchuirfear ábhair a bhaineann leis an Airteagal seo chun an nóis imeachta um réiteach díospóidí a leagtar síos in Airteagal 23 den Chomhaontú seo, déanfar na hamlínte a luaitear i míreanna 10, 11 agus 12 den Airteagal sin a laghdú dá leath.

13.    Ní dhéanfadh aon ní dá bhfuil sa Chomhaontú seo aon dochar, aon teorannú ná aon chontúirt, ar aon slí, don údarás ná do na cumhachtaí atá ag údaráis iomaíochta na bPáirtithe nó ag na cúirteanna a dhéanann athbhreithniú ar chinntí na n‑údarás sin. Aon bheart a dhéanfaidh Páirtí de bhun mhír 9 den Airteagal seo, beidh sé gan dochar d’aon ghníomh nó beart ab fhéidir a dhéanfadh na húdaráis agus na cúirteanna réamhluaite, ar a n‑áirítear cinn an Pháirtí ghníomhaigh. Na cinntí a dhéanfaidh na cúirteanna a dhéanann athbhreithniú ar ghníomhartha agus ar bhearta na n‑údarás inniúil, beidh siad eisiata ón sásra réitithe díospóidí a leagtar síos in Airteagal 23 den Chomhaontú seo.

AIRTEAGAL 8

Deiseanna tráchtála

Gnóthaíocht a dhéanamh

1.    Tá na Páirtithe ar aon intinn faoi gur lú na tairbhí a bhainfí amach leis an gComhaontú seo dá mbeadh tosca a chuirfeadh bacainní roimh dhéanamh gnóthaíochta ag teacht sa chosán ag oibreoirí tráchtála. Dá bhrí sin rachaidh na Páirtithe i gceann próiseas éifeachtach cómhalartach lena gcuirfear i leataobh bacainní atá roimh oibreoirí tráchtála de chuid an dá Pháirtí i dtaca le déanamh gnóthaíochta i gcás ina bhféadfadh na bacainní ciotaí a dhéanamh d’oibríochtaí tráchtála, saobhadh a dhéanamh ar an iomaíocht nó dochar a dhéanamh do chomhionannas deiseanna iomaíochta.

2.    An Comhchoiste sin dá dtagraítear in Airteagal 22 den Chomhaontú seo , ceapfaidh sé próiseas comhair maidir le déanamh gnóthaíochta agus maidir le deiseanna tráchtála.  I gcomhréir le hAirteagal 22 den Chomhaontú seo féadfaidh Páirtí cruinniú den Chomhchoiste a iarraidh chun aon cheist a bhaineann le cur i bhfeidhm an Airteagail seo a phlé.

Ionadaithe na n‑aeriompróirí

3.    Beidh sé de cheart ag aeriompróirí gach Páirtí oifigí agus saoráidí a bhunú, gan bhac, i gcríoch an Pháirtí eile, is é sin oifigí agus saoráidí a theastaíonn le haghaidh aeriompar a sholáthar agus le haghaidh an t‑aeriompar a chur chun cinn agus a dhíol agus le haghaidh gníomhaíochtaí gaolmhara ar a n‑áirítear an ceart chun ticéad agus/nó bille iompair aeir a dhíol agus a eisiúint, ar a n‑áirítear ticéid/billí iompair dá gcuid féin agus de chuid aon aeriompróra eile.

4.    Beidh aeriompróirí gach Páirtí i dteideal, i gcomhréir le dlíthe agus rialacháin an Pháirtí eile a bhaineann le dul isteach, áit chónaithe agus fostaíocht, beidh siad i dteideal foireann bhainistíochta, díolacháin, oibríochtúil, agus foireann speisialtóireachta eile, a theastaíonn chun tacú le soláthar an aeriompair, a thabhairt isteach i gcríoch an Pháirtí eile agus a choinneáil ar bun sa chríoch sin. Éascóidh agus deifreoidh an dá Pháirtí bronnadh na n‑údaruithe fostaíochta, i gcás ina dteastaíonn, le haghaidh baill foirne a bheifear a fhostú in oifigí i gcomhréir leis an mír seo, ar a n‑áirítear pearsanra ar dhualgais shealadacha nach mairfidh níos faide ná nócha (90) lá, faoi réir na ndlíthe agus na rialachán ábhartha a bheidh i bhfeidhm. Féadfaidh aeriompróirí gach Páirtí an rogha a dhéanamh, gan bhac, a bheith nó gan a bheith ag obair le gníomhaire díolacháin ginearálta i gcríoch an Pháirtí eile.

Láimhseáil ar an talamh

5. Beidh an méid seo a leanas ag gach aeriompróir i ndáil leis an láimhseáil ar an talamh i gcríoch an Pháirtí eile:

(a)    an ceart chun a chuid láimhseála ar talamh a dhéanamh é féin; nó

(b)    an ceart chun roghnú as measc soláthróirí atá in iomaíocht le chéile, ar a n‑áirítear aeriompróirí eile, a sholáthraíonn seirbhísí láimhseála ar an talamh, ina n‑iomláine nó go páirteach, i gcás ina gceadaítear do na soláthróirí sin rochtain a bheith acu ar an margadh ar bhonn dlíthe agus rialachán gach Páirtí, agus i gcás ina bhfuil na soláthróirí sin i láthair ar an margadh.

Na cearta faoi phointí (a) agus (b) den mhír seo, ní bheidh siad faoi réir aon rud ach srianta sonracha i ndáil leis an spás nó an toilleadh a bheidh le fáil, srianta a chinnfear de réir an ghá le hoibríocht an aerfoirt a choinneáil sábháilte. I gcás ina gcuirfidh na srianta sin teorannú, cosc nó bac glan ar an láimhseáil ar an talamh agus i gcás nach mbeidh aon iomaíocht iarbhír idir soláthróirí a sholáthraíonn seirbhísí láimhseála ar an talamh, áiritheoidh an Páirtí ábhartha go mbeidh na seirbhísí sin uile le fáil ar bhonn comhionann agus ar bhonn leordhóthanach do na haeriompróirí uile; Cinnfear praghsanna na seirbhísí sin i gcomhréir le critéir ábhartha, oibiachtúla, thrédhearcacha agus neamh-idirdhealaitheacha.

Sliotáin a leithroinnt ag aerfoirt

6.    Áiritheoidh gach Páirtí, i dtaca leis na rialacháin, na treoirlínte agus na nósanna imeachta atá aige i ndáil le leithroinnt sliotán ag na haerfoirt ina chríocha, go gcuirfear iad sin i bhfeidhm ar bhealach ábhartha, oibiachtúil, trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach.

Pleananna, cláir agus sceidil oibríochta

7.    Féadfaidh Páirtí a éileamh go dtabharfaí dó, chun críocha faisnéise amháin, fógra faoi phleananna, cláir agus sceidil oibríochta le haghaidh aersheirbhísí a oibrítear faoin gComhaontú seo. I dtaca leis an ualach riaracháin a ghabhfaidh leis na ceanglais agus na nósanna imeachta sin um fhógairt, má éilíonn Páirtí fógra mar sin déanfaidh sé an t‑ualach riaracháin sin chomh héadrom agus is féidir ar na hidirghabhálaithe aeriompair agus ar aeriompróirí an Pháirtí eile.

Díola, costais áitiúla agus aistriú cistí

8.    Féadfaidh aon aeriompróir de chuid aon Pháirtí seirbhís aeriompair nó seirbhísí gaolmhara a dhíol i gcríoch an Pháirtí eile, agus féadfaidh sé an díol a dhéanamh go díreach agus/nó, de réir dhiscréid an aeriompróra, trína ghníomhaire díola, trí aon idirghabhálaí arna cheapadh ag an aeriompróir nó trí bhíthin an idirlín nó aon bhealaí eile. Beidh sé de cheart ag gach aeriompróir seirbhísí aeriompair agus seirbhísí gaolmhara a dhíol, agus ní bheidh aon bhac ar aon duine na seirbhísí aeriompair agus na seirbhísí gaolmhara sin a cheannach, in airgeadra na críche sin nó in airgeadraí eile atá inmhalartaithe go héasca.

9.    Ceadófar d’aeriompróirí gach Páirtí costais áitiúla i gcíoch an Pháirtí eile, ar a n‑áirítear, i measc nithe eile, ceannacháin breosla, a íoc san airgeadra áitiúil. De réir a ndiscréide féin, féadfaidh aeriompróirí aon Pháirtí íoc as na costais sin i gcríoch an Pháirtí eile in airgeadra atá inmhalartaithe go héasca ag ráta malairte an mhargaidh.

10.    Beidh sé de cheart ag gach aeriompróir, ach é a iarraidh, ioncaim áitiúil a chomhshó in airgeadraí atá inmhalartaithe go héasca agus an t‑ioncaim sin a tharchur ag aon tráth, ar aon bhealach, as críoch an Pháirtí eile go dtí a rogha tír. Maidir le comhshó agus tarchur, ceadófar iad go pras, gan aon srian ná cáin a chur orthu, agus é sin ag ráta malairte an mhargaidh a bheidh infheidhme maidir le hidirbhearta agus tarchur reatha ar an dáta a dhéanfaidh an t‑aeriompróir a iarratas bunaidh ar aschur agus ní bheidh siad faoi réir aon mhuirear cé is moite de na muirir a a ghearrann bainc de ghnáth as comhshó agus aschur den chineál sin a chur i gcrích.

Socruithe margaíochta comhoibritheacha

11.    Agus é ag oibriú nó ag tairiscint seirbhísí faoin gComhaontú seo, féadfaidh aon aeriompróir de chuid aon Pháirtí dul i socrú margaíochta comhoibríoch, socruithe maidir le spásbhlocáil áirithintí nó comhroinnt cód eitilte mar shampla, leo seo a leanas:

(a)    aon aeriompróir nó aon aeriompróirí de chuid na bPáirtithe;

(b)    aon aeriompróir nó aon aeriompróirí de chuid tríú tír; agus/nó

(c)    aon soláthróir, de chuid aon tíre, a sholáthraíonn seirbhís iompair de mhuir agus tír;

ar choinníoll (i) go bhfuil na cearta tráchta iomchuí ag an iompróir oibríoch; (ii) go bhfuil na bealaí iomchuí sa sceideal aerbhealaí ag an iompróir margaíoch; agus (iii) go gcomhlíonfaidh na socruithe na ceanglais rialála a chuirtear i bhfeidhm de ghnáth ar shocruithe den chineál sin.

12.    Agus é ag oibriú nó ag tairiscint seirbhísí faoin gComhaontú seo, féadfaidh aon aeriompróir de chuid aon Pháirtí dul i socrú margaíochta comhoibríoch, socruithe maidir le spásbhlocáil áirithintí nó comhroinnt cód eitilte mar shampla, le haeriompróir atá ag oibriú earnála intíre, ar choinníoll (i) gur i ndáil le cuid de thuras idirnáisiúnta a dhéanfaidh sé sin agus (ii) go gcomhlíonfaidh na socruithe na ceanglais rialála a chuirtear i bhfeidhm de ghnáth ar shocruithe den chineál sin. Chun críoch na míre seo, ciallaíonn earnáil intíre, i gcás ina bhfuil an t‑aeriompróir oibríoch ina aeriompróir de chuid an Aontais Eorpaigh, bealach laistigh de chríoch Ballstáit den Aontas Eorpach; agus, i gcás ina bhfuil an t‑aeriompróir oibríoch ina aeriompróir de chuid Chatar, bealach laistigh de chríoch Chatar.

13.    Maidir le seirbhís iompair do phaisinéirí a dhíolfar ar shlí a bhainfidh feidhm as socruithe margaíochta comhoibríocha, cuirfear an ceannaitheoir ar an eolas ag an díolphointe, nó in aon chás ag an bpointe seiceála isteach, nó roimh an mbordáil i gcás nach mbíonn seiceáil isteach riachtanach le haghaidh nasceitilte, maidir le cé na soláthróirí iompair a oibreoidh earnálacha éagsúla na seirbhíse.

Seirbhísí idirmhódúla

14.    I ndáil le hiompar paisinéirí, ní bheidh soláthróirí iompair de mhuir agus tír faoi réir na ndlíthe agus na rialachán lena rialaítear an t‑aeriompar ar an mbonn amháin gur faoina ainm féin a thairgeann aeriompróir an t‑iompar de mhuir agus tír sin.

15.    D’ainneoin aon fhoráil eile de chuid an Chomhaontaithe seo, beidh sé de chead, gan aon srian, ag aeriompróirí agus soláthróirí indíreacha iompair lastais de chuid na bPáirtithe úsáid a bhaint, i dtaca le nascadh le haeriompar idirnáisiúnta, as iompar de mhuir agus tír go dtí aon phointe i gcríocha na bPáirtithe, nó i dtríú tíortha, nó ó na pointí agus na tíortha sin, ar a n‑áirítear iompar go dtí na haerfoirt uile ina bhfuil saoráidí custaim, nó ó na haerfoirt sin, agus áirítear leis sin, i gcás inarb infheidhme, an ceart chun lasta faoi bhanna a iompar faoi na dlíthe agus na rialacháin is infheidhme. Beidh rochtain ag an lasta sin, bíodh sé á iompar de mhuir agus tír nó le haeriompar, ar shaoráidí agus próiseáil custaim na n‑aerfort. Féadfadh aeriompróirí a roghnú go ndéanfaidh siad an t‑iompar de mhuir agus tír iad féin nó go gcuirfidh siad ar fáil é trí bhíthin socruithe le soláthróirí eile iompair de mhuir agus tír, ar a n‑áirítear iompar de mhuir agus tír a oibríonn aeriompróirí eile agus soláthróirí indíreacha aeriompair lastais. Féadfar seirbhísí lastais idirmhódúla den chineál sin a thairiscint ar phraghas seasta amháin ar son an aeriompair agus an iompair de mhuir agus tír le chéile, ar choinníoll nach gcuirfear coinsíneoirí ar míthreoir maidir leis na fíricí a bhaineann leis an iompar sin.

Saincheadú agus brandáil

16.    Beidh aeriompróirí gach Páirtí i dteideal comhshocruithe saincheadúnacháin nó brandála a dhéanamh le cuideachtaí, ar a n‑áirítear aeriompróirí, de chuid ceachtar den dá Pháirtí nó de chuid tríú tíortha, ar choinníoll go mbeidh an t‑údarás iomchuí ag na haeriompróirí agus go gcomhlíonann siad na coinníollacha a leagtar síos faoi na dlíthe agus na rialacháin a chuireann na Páirtithe i bhfeidhm de ghnáth ar shocruithe mar sin, go háirithe iad sin a éilíonn go nochtfar aitheantas an aeriompróra atá ag oibriú na seirbhíse.

Léasú

17.    Bronnann na Páirtithe ar aeriompróirí a chéile an ceart chun seirbhísí a sholáthar faoin gComhaontú seo trí bhíthin na modhanna seo a leanas:

(a)    trí úsáid a bhaint as aerárthaí arna léasú gan chriú ó aon léasóir;

(b)    trí úsáid a bhaint as aerárthaí ar léas le criú ó aeriompróirí eile de chuid an Pháirtí ar de an léasaí;

(c)    trí úsáid a bhaint as aerárthaí ar léas le criú ó aeriompróirí tíre nach ionann agus an Páirtí ar de an léasaí, ar choinníoll go bhfuil údar cuí leis sin ar bhonn riachtanais eisceachtúla, riachtanais toillte shéasúracha nó deacrachtaí oibríochtúla atá ag an léasaí agus fad agus nach dtéann tréimhse an léasa thar an tréimhse atá riachtanach go fíor chun na riachtanais sin a chomhlíonadh nó chun na deacrachtaí sin a shárú.

Féadfaidh na Páirtithe lena mbaineann a éileamh go mbeidh formheas a gcuid údarás inniúil ag socruithe léasaithe chun a fhíorú go bhfuiltear ag comhlíonadh na gcoinníollacha a leagtar amach sa mhír seo agus na gceanglas infheidhme sábháilteachta agus slándála. Mar sin féin, i gcás ina n‑éileoidh Páirtí an formheas sin, féachfaidh sé le breis luais a chur faoin bpróiseas formheasta agus féachfaidh sé leis an ualach riaracháin ar na hiompróirí lena mbaineann a choinneáil chomh héadrom agus is féidir. Soiléirítear mar seo a leanas – tá forálacha na míre seo gan dochar do dhlíthe agus rialacháin aon Pháirtí a mhéid a bhaineann le haerárthaí a bheith ar léas ag aeriompróirí de chuid an Pháirtí sin.

AIRTEAGAL 9

Dleachtanna custaim

1.    Ar theacht isteach i gcríoch Páirtí amháin d’aerárthaí de chuid an Pháirtí eile, ar aerárthaí iad atá á n‑oibriú san aeriompar idirnáisiúnta, beidh díolúine ag na haerárthaí sin i dtaca lena gcuid gnáth-threalaimh, lena gcuid breosla, lena gcuid bealaidh/bealaí, lena soláthairtí teicniúla sochaite, lena gcuid trealaimh talún, lena gcuid páirteanna spártha (lena n‑áirítear innill), lena stórtha aerárthaigh (lena n‑áirítear, i measc nithe eile, bia, deochanna, tobac agus táirgí eile a bhfuil sé i gceist iad a dhíol le paisinéirí nó a thabhairt dóibh i gcainníocht theoranta lena n‑úsáid le linn na heitilte) agus i dtaca le nithe eile a bhfuil sé i gceist iad a úsáid i ndáil le hoibriú nó le seirbhísiú aerárthaí atá i gceann aeriompar idirnáisiúnta, beidh díolúine ag an trealamh agus ag na soláthairtí sin, ar bhonn na cómhalartachta agus ar choinníoll go gcoinneofar an trealamh agus na soláthairtí sin ar bord an aerárthaigh, ó gach srian allmhairiúcháin, ó gach cáin ar mhaoin agus ó gach tobhach ar chaipiteal, ó gach dleacht chustaim, ó gach dleacht mháil, ó tháillí cigireachta, ó cháin bhreisluacha (CBT) nó cánacha indíreacha eile cosúil léi, agus ó gach táille agus muirear eile cosúil leo ar cinn iad:

(a)    a fhorchuirfidh údaráis náisiúnta nó áitiúla nó an tAontas Eorpach, agus

(b)    nach mbeidh bunaithe ar chostas na seirbhíse a soláthraíodh.

2.    Beidh díolúine acu seo a leanas, freisin, ar bhonn na cómhalartachta, ó na cánacha, ó na tobhaigh, ó na dleachtanna, ó na táillí agus ó na muirir dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, ach amháin i gcás muirir a bhunófar ar chostas na seirbhíse a soláthraíodh:

(a)    stórtha aerárthaigh a thabharfar isteach nó a sholáthrófar i gcríoch Páirtí agus a thabharfar ar bord, faoi réir teorainneacha réasúnta, lena n‑úsáid ar aerárthaí amach de chuid aeriompróra de chuid an Pháirtí eile atá i gceann aeriompar idirnáisiúnta, fiú i gcás ina mbeidh na stórtha sin le cur in úsáid ar feadh páirte den turas a dhéanfar thar an gcríoch sin;

(b)    trealamh talún agus páirteanna spártha (ar a n‑áirítear innill) a thabharfar isteach i gcríoch Páirtí chun seirbhísiú, cothabháil nó deisiú a dhéanamh ar aerárthach de chuid aeriompróra de chuid an Pháirtí a úsáidtear san aeriompar idirnáisiúnta;

(c)    breosla, bealadh nó bealaí, agus soláthairtí teicniúla inchaite, a thabharfar isteach nó a sholáthrófar i gcríoch Páirtí lena n‑úsáid in aerárthach de chuid aeriompróra de chuid an Pháirtí eile atá i gceann aeriompar idirnáisiúnta, fiú i gcás ina mbeidh na stórtha sin le cur in úsáid ar feadh páirte den turas a dhéanfar thar an gcríoch sin;

(d)    ábhar clóite, dá bhforáiltear i reachtaíocht chustaim na bPáirtithe, a thabharfar isteach nó a sholáthrófar i gcríoch Páirtí amháin agus a thabharfar ar bord lena úsáid ar aerárthaí amach de chuid aeriompróra de chuid an Pháirtí eile atá i gceann aeriompar idirnáisiúnta, fiú i gcás ina mbeidh an t‑ábhar sin le cur in úsáid ar feadh páirte den turas a dhéanfar thar an gcríoch sin; agus

(e)    trealamh sábháilteachta agus slándála lena úsáid ag aerfoirt nó ag críochfoirt lastais.

3.    Ní chuirfidh aon ní dá bhfuil sa Chomhaontú seo cosc ar Pháirtí cánacha, tobhaigh, táillí nó muirir a fhorchur ar bhreosla a sholáthrófar ina chríoch, ar bhonn neamh-idirdhealaitheach, lena húsáid in aerárthaí aeriompróra atá ag soláthar aersheirbhíse idir dhá phointe laistigh dá chríoch.

4.    An gnáth-threalamh a bhíonn ar bord agus an t‑aerárthach san aer, maille leis an ábhar, na soláthairtí agus na páirteanna spártha dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 den Airteagal seo a choinnítear de ghnáth ar bord aerárthaí a oibríonn aeriompróir de chuid Páirtí amháin, ní fhéadfar iad a dhíluchtú i gcríoch an Pháirtí eile ach amháin le formheas údaráis chustaim an Pháirtí sin agus féadann sé go n‑éileofar go gcoinneofar iad faoi fhormhaoirseacht nó faoi rialú na n‑údarás sin, go dtí an t‑am a ndéanfar iad a onnmhairiú nó a chur de láimh ar bhealach eile i gcomhréir leis an rialachán custaim.

5.    Na díolúintí dá bhforáiltear leis an Airteagal seo, beidh siad le fáil freisin i gcás ina mbeidh aeriompróirí Páirtí amháin dulta i gconradh le haeriompróir eile, a bhfuil díolúintí den chineál sin aige ón bPáirtí eile mar an gcéanna, le haghaidh na hitimí dá bhforáiltear i míreanna 1 agus 2 den Airteagal seo a thabhairt ar iasacht nó a aistriú i gcríoch an Pháirtí eile.

6.    Ní chuirfidh aon ní dá bhfuil sa Chomhaontú seo cosc ar cheachtar den dá Pháirtí cánacha, tobhaigh, táillí nó muirir a fhorchur ar earraí a dhíolfar, le haghaidh úsáid eile seachas lena gcaitheamh ar bord, le paisinéirí le linn cuid d’aersheirbhís idir dhá phointe laistigh dá chríoch ag a gceadaítear dul ar bord nó teacht de bhord.

7.    Bagáiste agus lasta ar idirthuras díreach trasna críche de chuid Páirtí, beidh díolúine acu ó chánacha, ó dhleachtanna custaim, ó tháillí agus ó mhuirir eile cosúil leo nach mbeidh bunaithe ar chostas na seirbhíse a soláthraíodh.

8.    Trealamh agus soláthairtí dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 den Airteagal seo, féadann sé go n‑éileofar go gcoinneofar iad faoi fhormhaoirseacht nó faoi rialú na n‑údarás inniúil.

9.    Ní dhéantar aon difear leis an gComhaontú seo d’fhorálacha na gcoinbhinsiún ábhartha faoi seach atá i bhfeidhm idir aon Bhallstát den Aontas Eorpach agus Catar chun cánachas dúbailte ar ioncaim agus ar chaipiteal a sheachaint.

AIRTEAGAL 10

Muirir úsáideora

1.    Áiritheoidh gach Páirtí, i dtaca le muirir úsáideora a fhéadfaidh a chuid údarás agus comhlacht muirir inniúil a fhorchur ar aeriompróirí an Pháirtí eile i leith úsáid an rialaithe aerloingseoireachta agus aerthráchta, gur le costas a bhainfidh na muirir sin agus go mbeidh siad neamh-idirdhealaitheach. In aon chás, agus aon mhuirir úsáideora den chineál sin á ríomh lena bhforchur ar aeriompróirí an Pháirtí eile, ní bheidh na téarmaí a chuirfear i bhfeidhm níos neamhfhabhraí ná na téarmaí is fabhraí a bheidh le fáil ag aon aeriompróir eile.

2.    Déanfaidh gach Páirtí, i dtaca le muirir úsáideora a fhéadfaidh a chuid údarás agus comhlacht muirir inniúil a fhorchur ar aeriompróirí an Pháirtí eile i leith saoráidí agus seirbhísí aerfoirt agus slándála eitlíochta, agus saoráidí agus seirbhísí a bhaineann leo sin, cé is moite de mhuirir a fhorchuirfear i leith na seirbhísí a gcuirtear síos orthu i mír 5 d’Airteagal 8 den Chomhaontú seo, a áirithiú nach mbeidh na muirir sin idirdhealaitheach ar dhóigh nach dlisteanach agus go ndéanfar iad a chionroinnt i modh cothrom idir chatagóirí úsáideoirí. Beidh na muirir sin ag freagairt don chostas iomlán a bhí ar na húdaráis nó na comhlachtaí muirir inniúla a ghabh le soláthar na saoráidí agus na seirbhísí iomchuí aerfoirt agus slándála eitlíochta ag an aerfort sin nó ag na haerfoirt a bhfuil córas muirir comhchoiteann i bhfeidhm iontu, ach ní rachaidh na muirir thar an méid sin. Féadfar toradh réasúnta ar shócmhainní, iar-dhímheas, a áireamh sna muirir sin. Saoráidí agus seirbhísí a bhforchuirfear muirir úsáideora ina leith, cuirfear ar fáil iad ar bhonn éifeachtúil tíosach. In aon chás, agus na muirir sin á gcur i bhfeidhm maidir le haeriompróirí an Pháirtí eile, ní bheidh téarmaí na muirear níos neamhfhabhraí ná na téarmaí is fabhraí a bheidh le fáil ag aon aeriompróir eile tráth a gcuirfear na muirir i bhfeidhm.

3.    Éileoidh gach Páirtí ar na húdaráis nó na comhlachtaí muirir inniúla ina chríoch agus ar na haeriompróirí a úsáideann na seirbhísí agus na saoráidí dul i gcomhairliúchán agus cibé faisnéis a thabhairt dá chéile is gá chun go bhféadfar measúnú cruinn a dhéanamh ar réasúntacht na muirear i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar amach i míreanna 1 agus 2 den Airteagal seo. Tabharfaidh na húdaráis nó na comhlachtaí muirir inniúla fógra réasúnta do na húsáideoirí faoi aon mholadh maidir le hathruithe ar mhuirir úsáideora chun deis a thabhairt do na húsáideoirí a dtuairimí a nochtadh agus tráchtanna a chur ar fáil sula ndéanfar aon athrú.

AIRTEAGAL 11

Táillí agus rátaí

1.    Tabharfaidh na Páirtithe an tsaoirse d’aeriompróirí na bPáirtithe táillí agus rátaí a shocrú gan bhac, ar bhonn na saoriomaíochta agus na hiomaíochta córa.

2.    Féadfaidh ceachtar den dá Pháirtí a éileamh, ar bhonn neamh-idirdhealaitheach, go dtabharfar fógra dá údaráis inniúla, ar bhonn simplithe agus le haghaidh críocha faisnéise amháin, faoi tháillí agus rátaí a thairgfear i leith seirbhísí, arb í a gcríoch féin a n‑áit tionscnaimh, a sholáthróidh aeriompróirí de chuid an dá Pháirtí. Ní fhéadfar a éileamh ar na haeriompróirí an fógra sin a thabhairt roimh an am a ndéanfaidh siad an tairiscint bhunaidh táille nó ráta.

AIRTEAGAL 12

Staidreamh

1.    Oibreoidh na Páirtithe i gcomhar le chéile faoi chuimsiú an Chomhchoiste chun an malartú faisnéise staitistiúla a bhaineann leis an aeriompar faoin gComhaontú seo a éascú.

2.    Ach é a iarraidh air, cuirfidh gach Páirtí ar fáil don Pháirtí eile an staidreamh neamhrúnda nach bhfuil íogair ó thaobh na tráchtála a bhaineann leis an aeriompar faoin gComhaontú seo, mar a cheanglaítear le dlíthe agus rialacháin ábhartha na bPáirtithe faoi seach, ar bhonn neamh-idirdhealaitheach, de réir mar a éileofar le réasún. 

TEIDEAL II

COMHAR RIALÁLA

AIRTEAGAL 13

An tsábháilteacht eitlíochta

1.    Athdhearbhaíonn na Páirtithe tábhacht an dlúthchomhair i réimse na sábháilteachta eitlíochta. Sa chomhthéacs sin, rachaidh na Páirtithe, mar is iomchuí, i gcomhar breise le chéile i ndáil le fiosrú tionóiscí, i ndáil le forbairt na rialála, i ndáil le malartú faisnéise sábháilteachta, i ndáil leis an bhféidearthacht go nglacfaidís páirt i ngníomhaíochtaí maoirsithe a chéile nó go ndéanfaidís gníomhaíochtaí maoirsithe i gcomhar le chéile agus i ndáil le forbairt tionscadal agus tionscnamh comhchoiteann.

2.    Deimhnithe aeracmhainneachta, deimhnithe inniúlachta agus ceadúnais a eiseoidh Páirtí amháin nó a gcinnfidh Páirtí amháin iad a bheith bailí agus a bheidh i bhfeidhm fós, déanfaidh an Páirtí eile agus na húdaráis aerloingseoireachta atá aige chun críoch aersheirbhísí a oibriú, déanfaidh siad iad a aithint mar chinn atá bailí, ar choinníoll go ndearnadh na deimhnithe agus na ceadúnais sin a eisiúint, nó go ndearnadh a chinneadh gur bhailí iad, de bhun, ar a laghad, na gcaighdeán agus na gcleachtas molta idirnáisiúnta ábhartha agus na nósanna imeachta um sheirbhísí aerloingseoireachta a bhunaítear faoin gCoinbhinsiún, agus i gcomhlíontacht leis na caighdeáin agus na cleachtais agus na nósanna imeachta sin, ar a laghad.

3.    Féadfaidh gach Páirtí, ag aon tráth, comhairliúchán a iarraidh i dtaca leis na caighdeáin agus na ceanglais sábháilteachta atá ar bun agus á riaradh ag an bPáirtí eile i réimsí a bhaineann le saoráidí aerloingseoireachta, criúnna aerárthaigh, aerárthaí agus le hoibriú aerárthaí. Rachfar i gceann na gcomhairliúchán sin laistigh de thríocha (30) lá tar éis an t‑iarratas a fháil.

4.    Más rud é, tar éis na gcomhairliúchán sin, go bhfeictear don Pháirtí is iarratasóir nach bhfuil an Páirtí eile ag coinneáil ar bun ná ag riaradh caighdeáin agus ceanglais sábháilteachta iarbhír sna réimsí dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo atá, mura mbeidh a mhalairt socraithe, ar comhleibhéal, ar a laghad, leis na caighdeáin íosta a bhunaítear de bhun an Choinbhinsiúin, tabharfar fógra don Pháirtí eile faoin méid a fheictear don Pháirtí is iarratasóir.

Cuirfidh an Páirtí eile isteach plean gníomhaíochta ceartaitheach laistigh de thríocha (30) lá agus beidh mar chuid den phlean sin amlíne maidir lena chur chun feidhme. Toileoidh na Páirtithe leis an bplean gníomhaíochta ceartaitheach, agus leis an amlíne a ghabhfaidh leis, sula gcuirfear an plean chun feidhme.

I gcás nach ndéanfaidh an Páirtí eile an beart ceartaitheach laistigh de thréimhse réasúnta ama, beidh sin ina fhorais ag an bPáirtí is iarratasóir chun na húdaruithe oibríochta nó na ceaduithe teicniúla a dhiúltú, a chúlghairm, a chur ar fionraí, a theorannú nó coinníollacha a fhorchur maidir leo, nó chun oibríochtaí aeriompróra a bhfuil a shábháilteacht faoi mhaoirseacht an Pháirtí eile a dhiúltú, a chúlghairm, a chur ar fionraí, a theorannú nó coinníollacha a fhorchur maidir leo nó iad a theorannú ar bhealaí eile.

5.    Toilíonn gach Páirtí leis, i dtaca le haon aerárthach atá á hoibriú ag aeriompróir de chuid Páirtí, nó thar ceann an oibreora sin, agus le linn an t‑aerárthach sin a bheith laistigh de chríoch an Pháirtí eile, go bhféadfaidh an t‑aerárthach sin a bheith faoi réir cigireacht rampa arna dhéanamh uirthi ag údaráis inniúla an Pháirtí eile, chun bailíocht na ndoiciméad atá ag an aerárthach ábhartha agus ag a baill criú a fhíorú agus chun an riocht ina ndealraíonn an t‑aerárthach agus a trealamh a bheith a fhíorú, ar choinníoll nach mbeidh an t‑imscrúdú sin ina chúis le moill mhíréasúnta a chur ar oibriú an aerárthaigh.

6.    Más rud é, tar éis cigireacht rampa a dhéanamh, go bhfeictear do Pháirtí nach bhfuil aerárthach nó oibriú aerárthaigh ag comhlíonadh na gcaighdeán agus na nósanna imeachta íosta um sheirbhísí aerloingseoireachta a leagtar síos de bhun an Choinbhinsiúin, tabharfaidh an Páirtí sin fógra faoin neamhchomhlíonadh sin d’oibreoir an aerárthaigh agus iarrfaidh sé air an beart ceartaitheach a dhéanamh a mheastar is cuí. I gcás inarb iomchuí, féadfar a iarraidh ar údaráis inniúla an Pháirtí eile, is é sin na húdaráis atá freagrach as an maoirseacht sábháilteachta ar an aeriompróir atá ag oibriú an aerárthaigh, a dheimhniú go bhfuil an beart ceartaitheach a rinne an t‑oibreoir aerárthaí chun a sástachta. Dá ainneoin sin, toileoidh gach Páirtí rochtain a thabhairt ar thorthaí na cigireachta rampa a dhéanfar ar oibreoirí aerárthaí atá faoi mhaoirseacht sábháilteachta an Pháirtí eile.

7.    Beidh sé de cheart ag gach Páirtí gníomhú láithreach, ar a n‑áirítear an ceart gníomhú chun údaruithe oibríochta nó ceaduithe teicniúla aeriompróra de chuid an Pháirtí eile a chúlghairm, a chur ar fionraí nó a theorannú nó oibríochtaí de chuid aeriompróra de chuid an Pháirtí a chur ar fionraí nó a theorannú ar bhealaí eile, más rud é go gcinnfidh sé go bhfuil sin riachtanach i bhfianaise bagairt láithreach ar an tsábháilteacht eitlíochta. An Páirtí a chinnfidh gníomhú amhlaidh, cuirfidh sé an Páirtí eile ar an eolas faoi agus léireoidh sé an fáth ar ghníomhaigh sé amhlaidh.

8.    Aon ghníomh a dhéanfaidh Páirtí i gcomhréir le míreanna 4, 6 nó 7 den Airteagal seo, beidh sé riachtanach agus beidh sé comhréireach leis an méid a fionnadh i ndáil leis an tsábháilteacht, agus scorfar de a luaithe nach mbeidh an bonn a bhí lena dhéanamh ann a thuilleadh.

AIRTEAGAL 14

An tslándáil eitlíochta

1.    Cuireann na Páirtithe i dtábhacht a dtiomantas maidir leis na leibhéil is airde a shroicheadh sna caighdeáin slándála eitlíochta agus féadann sé, mar is iomchuí, go rachaidh siad i gceann breis idirphlé agus comhair sa réimse sin. 

2.    Athdhearbhaíonn na Páirtithe na hoibleagáidí atá orthu dá chéile i dtaca le soláthar a dhéanamh le haghaidh shlándáil na heitlíochta sibhialta in aghaidh bearta neamhdhleathacha cur isteach, agus athdhearbhaíonn siad go háirithe na hoibleagáidí atá orthu faoin gCoinbhinsiún, faoin gCoinbhinsiún um Chionta agus Gníomhartha Áirithe Eile a dhéantar ar Bord Aerárthaí, a síníodh i dTóiceo an 14 Meán Fómhair 1963, faoin gCoinbhinsiún chun Cosc a chur le hUrghabháil Neamhdhleathach Aerárthaí, a síníodh sa Háig an 16 Nollaig 1970, faoin gCoinbhinsiún chun Cosc a chur le Gníomhartha Neamhdhleathacha in aghaidh Shábháilteacht na hEitlíochta Sibhialta, a síníodh in Montréal an 23 Meán Fómhair 1971, faoin bPrótacal maidir le Cosc a chur le Gníomhartha Neamhdhleathacha Foréigin in Aerfoirt a fhónann don Eitlíocht Shibhialta Idirnáisiúnta, a síníodh in Montréal an 24 Feabhra 1988 agus faoin gCoinbhinsiún maidir le Pléascáin Phlaisteacha a Mharcáil chun Críoch a mBraite, a síníodh in Montréal an 1 Márta 1991, a mhéid atá na Páirtithe ina bpáirtithe de na coinbhinsiúin sin, agus faoi na coinbhinsiúin agus na prótacail eile uile a bhfuil na Páirtithe ina bpáirtithe díobh a bhaineann leis an tslándáil eitlíochta sibhialta.

3.    Cuirfidh na Páirtithe, ar fháil iarratais dóibh ina leith, gach cúnamh is gá ar fáil dá chéile chun aghaidh a thabhairt ar aon bhagairt ar shlándáil na heitlíochta sibhialta, ar a n‑áirítear cosc a chur le bearta urghabhála neamhdhleathaigh aerárthaí sibhialta agus le bearta neamhdhleathacha eile in aghaidh shábháilteacht na n‑aerárthaí sin, nó ina aghaidh shábháilteacht a gcuid paisinéirí agus a gcuid criúnna, in aghaidh aerfort agus saoráidí aerloingseoireachta, agus ina aghaidh aon bhagairt eile ar shlándáil na heitlíochta sibhialta.

4.    Gníomhóidh na Páirtithe, ina gcaidreamh frithpháirteach, i gcomhréir leis na caighdeáin agus na cleachtais mholta idirnáisiúnta ábhartha a leagann an Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta síos. Éileoidh siad, i dtaca le hoibreoirí aerárthaí atá cláraithe leo, le hoibreoirí aerárthaí a bhfuil a bpríomháit ghnó nó a bpríomháit chónaithe acu ina gcríoch, agus le hoibreoirí na n‑aerfort ina gcríoch, go ngníomhóidh siad, ar a laghad, i gcomhréir leis na forálacha sin um shlándáil eitlíochta.

5.    Áiritheoidh gach Páirtí go ndéanfar bearta éifeachtacha laistigh dá chríoch chun an eitlíocht shibhialta a chosaint ar bhearta neamhdhleathacha cur isteach, ar a n‑áirítear, i measc bearta eile, scagadh slándála ar phaisinéirí agus ar a gcuid bagáiste cábáin, scagadh slándála ar bhagáiste boilg, scagadh slándála agus rialú slándála ar dhaoine nach paisinéirí, ar a n‑áirítear an criú, agus ar na hítimí a bheidh ar iompar leo, scagadh slándála agus rialú slándála ar lasta, ar phost, ar sholáthairtí ‘san eitilt’ agus ar sholáthairtí aerfoirt, agus rialú rochtana ar dhul isteach i limistéir thaobh an aeir agus i limistéir faoi shrianta slándála. Déanfar na bearta sin a choigeartú chun aghaidh a thabhairt ar aon mhéadú a thiocfaidh ar na bagairtí ar shlándáil na heitlíochta sibhialta. Toilíonn gach Páirtí leis go gcaithfear cloí leis na forálacha slándála a éileoidh an Páirtí eile agus a bhaineann le ligean isteach aerárthaí ina chríoch, le hoibríocht aerárthaí laistigh dá chríoch nó lena n‑imeacht as a chríoch.

6.    Le lánmheas agus lánurraim do fhlaitheas an Pháirtí eile, féadfaidh Páirtí bearta slándála a dhéanamh i ndáil leis an iontráil chun a chríche, maille le bearta éigeandála, chun dul i ngleic le bagairt slándála shonrach, bearta nach mór a chur in iúl don Pháirtí eile gan aon mhoill. Dearcfaidh gach Páirtí le hintinn fhabhrach ar aon iarratas a gheobhaidh sé ón bPáirtí eile i ndáil le bearta slándála speisialta réasúnta, agus cuirfidh an chéad Pháirtí san áireamh na bearta a bheidh i bhfeidhm cheana ag an bPáirtí eile agus aon bharúil a thogródh an Páirtí eile a thabhairt chomh maith leis na tionchair dhíobhálacha ab fhéidir a bheadh ar an aeriompar idir na Páirtithe. Ach amháin nuair nach féidir, de dheasca éigeandáil a bheith ann, a bheith ag súil go réasúnta go bhféadfadh sé déanamh mar a leanas, cuirfidh gach Páirtí an Páirtí eile ar an eolas roimh ré faoi aon bhearta slándála speisialta a bhfuil rún aige iad a chur ar bun, ar bearta iad a d’fhéadfadh tionchar mór airgeadais nó oibríochtúil a imirt ar na seirbhísí aeriompair a bheartaítear faoin gComhaontú seo. Féadfaidh ceachtar den dá Pháirtí a iarraidh go dtionólfar cruinniú den Chomhchoiste, ar bhonn práinne más iomchuí, chun bearta slándála mar sin a phlé, mar a fhoráiltear dó sin in Airteagal 22 den Chomhaontú seo.

7.    Aithníonn gach Páirtí, mar sin féin, nach ndéanann aon ní dá bhfuil sa Chomhaontú seo teorannú ar Pháirtí agus é ag diúltú cead iontrála chun a chríche d’aon eitilt nó eitiltí a mheasann sé a bheith ag bagairt ar shlándáil a chríche.

8.    Aon uair a dhéanfar aerárthach sibhialta a urghabháil go neamhdhleathach, nó aon uair a bheidh bagairt ann go ndéanfaí amhlaidh nó aon uair a dhéanfar bearta neamhdhleathacha eile a bheidh dírithe in aghaidh sábháilteacht aerárthaí, paisinéirí, criúnna, aerfort nó saoráidí aerloingseoireachta, tabharfaidh na Páirtithe cúnamh dá chéile trí bhíthin éascú na cumarsáide agus trí bhearta iomchuí eile a mbeidh sé i gceist leo deireadh a chur go tapa agus go sábháilte leis an teagmhas nó leis an mbagairt.

9.    Déanfaidh gach Páirtí, i dtaca le haerárthach a mbeifear tar éis í a urghabháil nó a mbeifear tar éis cur isteach uirthi trí bheart neamhdhleathach eile agus atá ar an talamh ina chríoch, gach beart is dóigh leis is indéanta dó chun a áirithiú go ndéanfar an t‑aerárthach sin a chur faoi choinneáil ar talamh ach amháin i gcás ina mbeidh sé riachtanach go n‑imeodh sí de bharr an dualgais fhorcheannasaigh atá ann beo daoine a chosaint. I gcás inarb indéanta é, déanfar na bearta sin ar bhonn idirchomhairliúchán.

10.    I gcás ina mbeidh forais réasúnta ag Páirtí lena chreidiúint go bhfuil forálacha an Airteagail seo á mbriseadh ag an bPáirtí eile, féadfaidh an Páirtí sin a iarraidh go dtiocfadh an Páirtí eile i mbun comhairliúchán leis láithreach. Cuirfear tús leis na comhairliúcháin sin laistigh de thríocha (30) lá ón uair a gheofar iarraidh mar sin nó laistigh de thréimhse níos faide ná sin a fhéadfar a shocrú trí chomhaontú. I gcás nach dtagtar ar chomhaontú sásúil laistigh de thríocha (30) lá nó laistigh de thréimhse níos faide ná sin ab fhéidir a bheadh socraithe trí chomhaontú, beidh sé sin ina fhorais ag an bPáirtí a d’iarr na comhairliúcháin chun gníomhú chun údaruithe oibríochta agus ceaduithe teicniúla aeriompróra de chuid an Pháirtí eile a dhiúltú, a chúlghairm, a chur ar fionraí, a theorannú nó coinníollacha a fhorchur maidir leo, chun a áirithiú go gcloífear le forálacha an Airteagail seo. I gcás inar gá sin de dheasca éigeandála nó chun cosc a chur le breis neamhchomhlíonta ar fhorálacha an Airteagail seo, féadfaidh Páirtí beart eatramhach a dhéanamh láithreach.

11.    Aon bheart a dhéanfar i gcomhréir leis an Airteagal seo, beidh sé riachtanach, agus beidh sé comhréireach a mhéid a bhainfidh le haghaidh a thabhairt ar bhagairt slándála, agus scorfar de a luaithe a chomhlíonfaidh an Páirtí eile forálacha an Airteagail seo nó a luaithe nach mbeidh gá a thuilleadh leis an mbeart.

AIRTEAGAL 15

Bainistiú an aerthráchta

1.    Oibreoidh na Páirtithe i gcomhar maidir le hábhair rialála a bhaineann le seirbhísí aerloingseoireachta, ar a n‑áirítear an mhaoirseacht a dhéantar orthu. Tabharfaidh siad aghaidh ar aon saincheist beartais faoin gcaoi a ndéanfar bainistiú ar an aerthrácht, d’fhonn optamú a dhéanamh ar éifeachtúlacht na n‑eitiltí, costais a laghdú, an tionchar ar an gcomhshaol a laghdú an oiread is féidir, agus feabhas a chur ar shábháilteacht agus ar acmhainn na gcóras.

2.    Spreagfaidh na Páirtithe a gcuid údarás inniúil agus soláthraithe seirbhísí aerloingseoireachta le hoibriú i gcomhar ar shaincheisteanna idir-inoibritheachta agus é de chuspóir leis sin córais an dá Pháirtí a chomhtháthú a thuilleadh, tionchar na heitlíochta ar an gcomhshaol a laghdú a thuilleadh, agus faisnéis a roinnt eatarthu i gcás inarb iomchuí.

3.    Spreagfaidh na Páirtithe an comhar idir a gcuid soláthróirí seirbhísí aerloingseoireachta agus é de chuspóir leis sin sonraí eitilte a mhalartú agus sreafaí tráchta a chomhordú ar mhaithe leis an éifeachtúlacht eitilte a optamú, d’fhonn feabhas a chur ar mhodh úsáide na n‑acmhainní agus an tuarthacht, an phoncúlacht agus an leanúnachas seirbhíse a chur ar fáil.

4.    Toilíonn na Páirtithe oibriú i gcomhar ar chláir nuachóiriúcháin, ar a n‑áirítear an fhorbairt, an soláthar agus an dea-chleachtas a mhéid a bhaineann leis an éifeachtúlacht eacnamaíoch, le bainistiú an aerthráchta agus le gnéithe ábhartha a bhaineann le haeradróim, agus toilíonn siad spreagadh a thabhairt don tras-rannpháirtíocht i ngníomhaíochtaí bailíochtúcháin agus taispeána.

AIRTEAGAL 16

An comhshaol

1.    Tugann na Páirtithe a dtacaíocht maidir leis an ngá an comhshaol a chosaint trí fhorbairt inbhuanaithe na heitlíochta a chur chun cinn. Tá sé de rún ag na Páirtithe oibriú as lámh a chéile chun na saincheisteanna a aithint a bhaineann le tionchair na heitlíochta ar an gcomhshaol.

2.    Aithníonn na Páirtithe a thábhachtaí atá sé go n‑oibreoidís le chéile chun tionchair na heitlíochta ar an gcomhshaol a mheas agus a laghdú an oiread is féidir i gcomhsheasmhacht le cuspóirí an Chomhaontaithe seo. 

3.    Aithníonn na Páirtithe a thábhachtaí atá sé aghaidh a thabhairt ar an athrú aeráide agus a thábhachtaí atá sé dá bhrí sin teorannú nó laghdú a dhéanamh ar na hastaíochtaí gáis ceaptha teasa (GCT) a bhaineann leis an aeriompar intíre agus idirnáisiúnta. Toilíonn siad oibriú i gcomhar ar na hábhair sin, d’fhonn ionstraimí a fhorbairt agus a chur chun feidhme, ar a n‑áirítear rialacha cur chun feidhme le haghaidh fhorbairt na Scéime Fritháirithe agus Laghdaithe Carbóin don Eitlíocht Idirnáisiúnta (CORSIA) agus aon ghné eile atá ábhartha go sonrach a mhéid a bhaineann le haghaidh a thabhairt ar astaíochtaí CGT san earnáil eitlíochta.

4.    Geallann na Páirtithe faisnéis a tabhairt dá chéile agus idirphlé rialta a chur á dhéanamh idir shaineolaithe chun an comhar a neartú i dtaca le haghaidh a thabhairt ar thionchair na heitlíochta ar an gcomhshaol, ar a n‑áirítear an comhar maidir leo seo a leanas:

(a)    taighde agus forbairt i réimse na teicneolaíochta eitlíochta a dhéanfaidh maitheas don chomhshaol;

(b)    an nuálaíocht i réimse an bhainistithe aerthráchta d’fhonn tionchair na heitlíochta ar an gcomhshaol a laghdú;

(c)    taighde agus forbairt ar bhreoslaí malartacha inbhuanaithe le haghaidh na heitlíochta;

(d)    malartú dearcthaí faoi shaincheisteanna faoin dóigh a ndéileáiltear le tionchair na heitlíochta ar an gcomhshaol agus faoin dóigh le cúiteamh a dhéanamh in astaíochtaí ón eitlíocht a dhéanann difear don aeráid; agus

(e)    monatóireacht torainn agus laghdú torainn, d’fhonn tionchair na heitlíochta ar an gcomhshaol a laghdú.

5.    Déanfaidh na Páirtithe, freisin, i gcomhréir leis na cearta atá acu agus na hoibleagáidí iltaobhacha atá acu i leith an chomhshaoil, feabhas a chur ar an gcomhar eatarthu, ar a n‑áirítear an comhar maidir le gnéithe airgeadais agus teicneolaíocha, i ndáil le bearta a bhfuil de chuspóir leo aghaidh a thabhairt ar astaíochtaí gáis ceaptha teasa ón eitlíocht idirnáisiúnta.

6.    Aithníonn na páirtithe conarthacha an riachtanas atá ann bearta iomchuí a dhéanamh chun tionchar na heitlíochta ar an gcomhshaol a chosc nó chun aghaidh a thabhairt orthu ar shlite eile, ar choinníoll go mbeidh na bearta sin i lán-chomhréir leis na cearta atá acu agus na hoibleagáidí atá orthu faoin dlí idirnáisiúnta.

AIRTEAGAL 17

Dliteanas an aeriompróra

Athdhearbhaíonn na Páirtithe a gcuid oibleagáidí faoin gCoinbhinsiún maidir le hAontú Rialacha Áirithe i dtaca le hIompar Idirnáisiúnta d’Aer, a rinneadh i Montréal an 28 Bealtaine 1999 (Coinbhinsiún Montréal).

AIRTEAGAL 18

An tomhaltóir a chosaint

Oibreoidh na Páirtithe i gcomhar le chéile chun leasanna na dtomhaltóirí san aeriompar a chosaint. Is é cuspóir a bheidh leis an gcomhar sin leibhéal ard a bhaint amach sa chosaint tomhaltóra. Chun críoch an chuspóra sin, rachaidh na Páirtithe i gcomhairle le chéile sa Chomhchoiste maidir le saincheisteanna a bhaineann le leas an tomhaltóra, ar a n‑áirítear na bearta atá pleanáilte acu, d’fhonn breis cóineasaithe agus comhoiriúnachta a bhaint amach sa rialáil a mhéid is féidir.

AIRTEAGAL 19

Córais áirithinte ar ríomhaire

1.    Beidh díoltóirí córas áirithinte ar ríomhaire (CAR) a bheidh ag oibriú i gcríoch Páirtí amháin i dteideal a gcuid CAR a thabhairt isteach, a choinneáil ar bun agus a chur ar fáil gan bhac do ghníomhaireachtaí agus comhlachtaí taistil arb é is príomhghnó dóibh táirgí a bhaineann leis an taisteal a dháileadh i gcríoch an Pháirtí eile, ar choinníoll go gcomhlíonfaidh an CAR aon cheanglais rialála ábhartha de chuid an Pháirtí eile.

2.    Cuirfidh na Páirtithe ar neamhní aon cheanglas atá ann cheana arbh fhéidir dóibh an rochtain gan bhac ag CAR de chuid Páirtí amháin ar mhargadh an Pháirtí eile a shrianadh nó a dhéanfadh teorannú ar shlite eile ar an iomaíocht. Ní ghlacfaidh na Páirtithe aon cheanglais den chineál sin ó seo amach.

3.    Ní fhorchuirfidh ceachtar den dá Pháirtí ná ní ligfidh sé a fhorchur, ina chríoch féin, ar dhíoltóir CAR an Pháirtí eile ceanglais i ndáil le taispeáintí CAR a bheidh éagsúil leis na ceanglais a fhorchuirfidh sé ar a chuid díoltóirí CAR féin nó ar aon CAR atá ag oibriú ar an margadh. Ní chuirfidh ceachtar den dá Pháirtí cosc le tabhairt i gcrích comhaontuithe idir díoltóirí CAR, a gcuid soláthróirí agus a gcuid suibscríobhaithe a bhaineann le malartú faisnéise faoi sheirbhísí taistil agus a ndéantar éascú leo ar thaispeáintí lenar féidir faisnéis chuimsitheach neamhchlaonta a dhíriú ar thomhaltóirí, nó ar chomhlíonadh na gceanglas rialála maidir le taispeáintí neodracha.

4.    Úinéirí agus oibreoirí CAR de chuid Páirtí amháin a bheidh i gcomhlíontacht le ceanglais rialála ábhartha de chuid an Pháirtí eile, más ann dóibh, beidh an deis chéanna acu CARanna a bheith faoin n‑úinéireacht laistigh de chríoch an Pháirtí eile agus a bheidh ag úinéirí agus oibreoirí aon CAR eile a bheidh ag oibriú i margadh an Pháirtí sin.

AIRTEAGAL 20

Gnéithe sóisialta

1.    Aithníonn na Páirtithe an tábhacht atá le tionchar an Chomhaontaithe seo ar dhálaí saothair, fostaíochta agus oibre a chur san áireamh. Toilíonn na Páirtithe oibriú i gcomhar ar ábhair saothair laistigh de raon feidhme an Chomhaontaithe seo, inter alia, i dtaca leis na tionchair ar an bhfostaíocht, ar chearta bunúsacha san obair, ar dhálaí oibre, ar an gcosaint shóisialta agus ar an idirphlé sóisialta.

2.    Aithníonn na Páirtithe ceart gach Páirtí an leibhéal is cuí leis féin a leagan síos i gcomhair na cosanta do chearta oibrithe ar leibhéal na críche baile, agus na dlíthe agus na beartais ábhartha atá aige a ghlacadh nó a mhodhnú, i gcomhsheasmhacht lena chuid oibleagáidí idirnáisiúnta. Áiritheoidh na Páirtithe nach ndéanfar aon chreimeadh ar na cearta ná ar na prionsabail atá ina ndlíthe agus ina rialacháin féin faoi seach, ach go ndéanfar iad a fhorfheidhmiú go héifeachtach.

3.    Leanfaidh gach Páirtí de bheith ag cur feabhas ar na dlíthe agus na beartais sin atá i gcomhsheasmhacht lena chuid oibleagáidí idirnáisiúnta, agus déanfaidh sé sáriarracht leibhéil arda cosanta a sholáthar agus a spreagadh do chearta oibrithe san earnáil eitlíochta. Aithníonn na Páirtithe nach féidir sáruithe ar phrionsabail bhunúsacha agus ar chearta san obair a agairt ná a úsáid ar shlite eile mar bhuntáiste comparáideach dlisteanach agus nár chóir caighdeáin saothair a úsáid chun críoch caomhnaitheachta.

4.    Athdhearbhaíonn na Páirtithe a dtiomantas, i gcomhréir leis na hoibleagáidí atá orthu de bhun na ballraíochta san Eagraíocht Idirnáisiúnta Saothair (EIS) agus de bhun Dhearbhú na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair maidir le Prionsabail Bhunúsacha agus Cearta Bunúsacha agus a leanann é, a ghlac an Chomhdháil Idirnáisiúnta ag a 86 ú Seisiún in 1998, na Prionsabail agus Cearta Bunúsacha san Obair a urramú, a chur chun cinn, agus a chur chun feidhme agus i bhfeidhm go héifeachtach.

5.    Cuirfidh na Páirtithe chun cinn na cuspóirí a áirítear i gClár Oibre um Obair Chuibhiúil EIS agus i nDearbhú EIS maidir le Ceartas Sóisialta le haghaidh an Domhandaithe Chóir na bliana 2008 a ghlac an Chomhdháil Idirnáisiúnta ag a 97ú Seisiún.

6.    Geallann gach Páirtí féachaint, chomh maith agus is féidir leis, le coinbhinsiúin bhunúsacha EIL a dhaingniú, is é sin mura bhfuil sin déanta go fóill aige. Féachfaidh na Páirtithe freisin an ndéanfadh siad na coinbhinsiúin eile de chuid EIL a dhaingniú agus dá éis sin an gcuirfeadh siad chun feidhme iarbhír na caighdeáin idirnáisiúnta chomhfhreagracha sa réimse saothair agus sóisialta atá ábhartha don earnáil eitlíochta sibhialta, agus na himthosca sna críocha baile á gcur san áireamh.

7.    Féadfaidh ceachtar den dá Pháirtí a iarraidh ar an gComhchoiste aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna saothair a bheidh aitheanta mar shaincheisteanna tábhachtacha ag an bPáirtí is iarratasóir.

TEIDEAL III

FORÁLACHA INSTITIÚIDEACHA

AIRTEAGAL 21

Léirmhíniú agus cur chun feidhme

1.    Bronnann na Páirtithe ar a chéile na cearta a leagtar síos sa Chomhaontú seo. Aon tagairt a dhéantar sa Chomhaontú seo do chearta a bhronnadh ar aeriompróirí Páirtí, déanfar iad a fhorléiriú mar thagairtí do chearta a bhronnadh ar an bPáirtí sin. Ní dhéanfar aon ní dá bhfuil sa Chomhaontú seo a fhorléiriú mar ní a bhfuil sé i gceist leis cearta a bhronnadh nó oibleagáidí a fhorchur arbh fhéidir le náisiúnaigh de Pháirtí amháin iad a éileamh os comhair chúirteanna nó bhinsí dlí an Pháirtí eile.

2.    Déanfaidh na Páirtithe gach beart is iomchuí, bídís ginearálta nó sonrach, chun a áirithiú go gcomhlíonfar na hoibleagáidí a eascraíonn ón gComhaontú seo.

3.    Agus a gcearta faoin gComhaontú seo á bhfeidhmiú acu, déanfaidh na Páirtithe bearta is iomchuí do chuspóirí na mbeart sin agus is comhréireach leo.

4.    Staonfaidh na Páirtithe ó aon bhearta a bheadh ina gcontúirt do shroicheadh chuspóirí an Chomhaontaithe seo.

5.    Beidh gach Páirtí freagrach, ina chríoch féin, as forfheidhmiú ceart an Chomhaontaithe seo.

6.    I gcás ina mbeidh imní ar cheachtar den dá Pháirtí faoi shárú ab fhéidir a dhéanfaí nó a rinneadh ar an gComhaontú seo, féadfaidh sé faisnéis agus cúnamh a iarraidh ar an bPáirtí eile. Ar fháil iarrata mar sin dó, cuirfidh an Páirtí eile an fhaisnéis agus an cúnamh uile is gá ar fáil, faoi réir a dhlíthe agus a rialachán infheidhme.

7.    Ní chuirfidh an Comhaontú seo cosc ar chomhairliúcháin ná ar phlé idir údaráis inniúla na bPáirtithe lasmuigh den Chomhchoiste, ar a n‑áirítear comhairliúcháin nó plé i réimsí fhorbairt an aeriompair, na slándála, na sábháilteachta, an chomhshaoil, an beartais shóisialta, an bhainistithe aerthráchta, an bhonneagair eitlíochta, saincheisteanna iomaíochta agus na cosanta sóisialta. Cuirfidh na Páirtithe an Comhchoiste ar an eolas faoi thoradh na gcomhairliúchán agus an phlé sin a mhéid a bhainfidh leis an tionchar ar léirmhíniú nó ar chur i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo.

8.    Áit a dtagraítear sa Chomhaontú seo don chomhar idir na Páirtithe, ar a n‑áirítear, i measc nithe eile, an comhar i réimsí na ndeiseanna tráchtála, na slándála, na sábháilteachta, an chomhshaoil, an bhainistithe aerthráchta agus chosaint an tomhaltóra, féachfaidh na Páirtithe le teacht ar dhóigh a bheidh chun sástacht a chéile chun gníomhú go comhpháirteach chun an Comhaontú seo a fhorbairt a thuilleadh agus/nó chun feabhas a chur ar mhodh a fheidhmithe sna réimsí i gceist, ar bhonn an chomhthoilithe.

AIRTEAGAL 22

An Comhchoiste

1.    Beidh Comhchoiste d’ionadaithe na bPáirtithe freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar riar an Chomhaontaithe seo agus as a áirithiú go gcuirfear chun feidhme go ceart é.

2.    Glacfaidh an Coiste rialacha nós imeachta dó féin.

3.    Tiocfaidh an Comhchoiste le chéile de réir mar is gá agus uair amháin sa bhliain ar a laghad. Féadfaidh aon Pháirtí a iarraidh tráth ar bith go dtionólfaí cruinniú den Chomhchoiste. Cruinniú a iarrfar, tionólfar é ar an dáta is luaithe is féidir, agus tráth nach déanaí ná dhá (2) mhí ón dáta a gheobhfar an t‑iarratas, mura mbeidh a mhalairt comhaontaithe ag na Páirtithe.

4.    Chun críoch chur chun feidhme ceart an Chomhaontaithe seo, déanfaidh an Comhchoiste an méid seo a leanas:

(a)    faisnéis a mhalartú, ar a n‑airítear faisnéis faoi athruithe ar an dlí, ar na rialacháin, agus ar bheartais na bPáirtithe faoi seach a d’fhéadfadh difear a dhéanamh d’aersheirbhísí, agus faisnéis staitistiúil a bhaineann leis an aeriompar;

(b)    moltaí agus cinntí a dhéanamh má tá foráil shonrach maidir leis sin sa Chomhaontú seo;

(c)    an comhar a fhorbairt, ar a n‑áirítear an comhar maidir le hábhair rialála;

(d)    comhairliúcháin a reáchtáil faoi aon cheist a bhaineann le cur i bhfeidhm nó léirmhíniú an Chomhaontaithe seo agus, freisin, i gcás inarb iomchuí, maidir le saincheisteanna aeriompair a ndéileáiltear leo in eagraíochtaí idirnáisiúnta, sa chaidreamh le tríú tíortha agus i gcomhaontuithe iltaobhacha, ar a n‑áirítear scrúdú a dhéanamh chun a chinneadh an nglacfaidh siad cur chuige comhpháirteach;

(e)    a mheas an bhfuil réimsí eile ann a bhféadfaí an Comhaontú seo a fhorbairt a thuilleadh ina leith, ar a n‑áirítear leasuithe a mholadh ar an gComhaontú seo i ndáil le haontachas tríú tíortha leis an gComhaontú.

5.    Is de chomhthoil na bPáirtithe a ghlacfar moltaí agus cinntí an Chomhchoiste. Beidh cinntí an Chomhchoiste ceangailteach ar na Páirtithe.

AIRTEAGAL 23

Réiteach díospóidí agus eadráin

1.    Gan dochar d’Airteagal 4 den Chomhaontú seo, féadfaidh na Páirtithe aon díospóid a mbeidh baint aici le cur i bhfeidhm nó léirmhíniú an Chomhaontaithe seo a tharchur chun an tsásra réitithe díospóidí dá bhforáiltear san Airteagal seo.

2.    Gan dochar d’aon chomhairliúcháin a bheidh déanta roimhe idir na Páirtithe faoin gComhaontú seo, is é a dhéanfar i gcás inar mian le Páirtí dul ar iontaoibh an tsásra réitithe díospóidí dá bhforáiltear san Airteagal seo, go dtabharfaidh an Páirtí sin fógra i scríbhinn don Pháirtí eile faoin intinn atá aige agus go n‑iarrfaidh sé cruinniú den Chomhchoiste chun críche comhairliúchán.

3.    Mura reáchtálfar cruinniú Comhchoiste laistigh de dhá (2) mhí ón uair a gheofar an t‑iarratas dá dtagraítear sa mhír roimhe seo nó faoin dáta a bheidh comhaontaithe ag na Páirtithe, nó, mura réiteoidh an Comhchoiste an díospóid laistigh de shé (6) mhí ón dáta sin, féadfaidh na Páirtithe, de chomhaontú a chéile, an díospóid a tharchur chuig duine nó comhlacht chun go ndéanfar cinneadh maidir léi. Más rud é nach féidir leis na Páirtithe teacht ar chomhaontú frithpháirteach an díospóid a tharchur chuig duine nó comhlacht chun go ndéanfar cinneadh maidir léi, cuirfear an díospóid, ach ceachtar de na Páirtithe sin a iarraidh, chun eadrána.

4.    D’ainneoin mhír 2 den Airteagal seo, más rud é gur ghníomhaigh Páirtí chun údaruithe oibríochta nó ceaduithe teicniúla aeriompróra de chuid an Pháirtí eile a dhiúltú, a chúlghairm, a chur ar fionraí, nó coinníollacha a fhorchur maidir leo, nó teorannú a dhéanamh orthu, féadfar an díospóid a tharchur láithreach chuig duine nó comhlacht chun go ndéanfar cinneadh maidir léi, nó féadfar í a chur chun eadrána.

5.    Déanfar an t‑iarratas eadrána mar a leanas: cuirfidh Páirtí (dá ngairtear “páirtí is tionscnóir” anseo feasta) an t‑iarratas i scríbhinn chuig an bPáirtí eile (dá ngairtear “páirtí is freagróir” anseo feasta). San iarratas a dhéanfaidh an páirtí is tionscnóir, cuirfidh sé i láthair na ceisteanna atá le réiteach, tabharfaidh sé tuairisc ar an mbeart atá i gceist sa díospóid, agus míneoidh sé na cúiseanna is dóigh leis a bhfuil an beart sin ar neamhréir le forálacha an Chomhaontaithe seo.

6.    Ach amháin má chomhaontaíonn an páirtí is tionscnóir agus an páirtí is freagróir a mhalairt, is bord eadrána de thriúr eadránaithe a dhéanfaidh an t‑eadránú, agus cuirfear ar bun é mar seo a leanas:

(a)    laistigh de sheasca (60) lá ón uair a gheofar an t‑iarratas eadrána, ceapfaidh an páirtí is tionscnóir agus an páirtí is freagróir, gach páirtí as féin, aon eadránaí amháin. Laistigh de thríocha (30) lá ón uair a cheapfar an dá eadránaí sin, ceapfaidh an páirtí is tionscnóir agus an páirtí is freagróir an tríú headránaí, de chomhaontú le chéile, agus is é an tríú headránaí sin a bheidh ina Uachtarán ar an mbord eadrána;

(b)    mura gceapfaidh an páirtí is tionscnóir nó an páirtí is freagróir aon eadránaí, nó más rud é nach gceapfar an tríú headránaí i gcomhréir le fomhír (a) den mhír seo, féadfaidh ceachtar den dá pháirtí, an tionscnóir nó an freagróir, a iarraidh ar Uachtarán Chomhairle na hEagraíochta Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta an t‑eadránaí nó na headránaithe a theastaíonn a cheapadh laistigh de thríocha (30) lá ón uair a gheofar an iarraidh sin. Más náisiúnach de Chatar nó de Bhallstát den Aontas Eorpach é Uachtarán Chomhairle na hEagraíochta Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta, iarrfar ar an Leas-Uachtarán is sinsearaí ar an gComhairle, fad agus nach bhfuil seisean, freisin, dícháilithe ar an mbonn céanna, an ceapachán a dhéanamh.

7.    An dáta a ghlacfaidh an duine deireanach den triúr eadránaithe lena cheapachán, is é sin dáta bunaithe an bhoird eadrána.

8.    Reáchtálfar imeachtaí an bhoird i gcomhréir leis na Rialacha Nós Imeachta a bhfuil an Comhchoiste lena nglacadh a luaithe is féidir faoi réir fhorálacha an Airteagail seo agus i gcomhréir le míreanna 4(b) agus 5 d’Airteagal 22 den Chomhaontú seo. Go dtí go mbeidh na Rialacha Nós Imeachta glactha ag an gComhchoiste, leagfaidh an bord eadrána síos rialacha um nós imeachta dó féin.

9.    Ar fháil iarratais dó ón pháirtí is tionscnóir, féadfaidh an bord eadrána, tráth ar bith sula mbeidh a rialú deiridh ar fáil, a údarú don pháirtí is tionscnóir bearta faoisimh eatramhacha a ghlacadh nó féadfaidh sé a iarraidh ar an bpáirtí is freagróir bearta faoisimh eatramhacha a ghlacadh.

10.    Eiseoidh an bord eadrána tuarascáil eatramhach chun an pháirtí is tionscnóir agus an pháirtí is freagróir agus beidh leagtha amach sa tuarascáil sin na fionntaí i leith fíoras, infheidhmeacht na bhforálacha agus an réasúnaíocht bhunúsach a bhí le fionntaí agus moltaí na tuarascála, agus eiseoidh sé í sin tráth nach déanaí ná nócha (90) lá ó dháta a bhunaithe. I gcás ina measfaidh sé nach féidir an sprioc-am sin a chomhlíonadh, tabharfaidh Uachtarán an bhoird eadrána fógra i scríbhinn don pháirtí is tionscnóir agus don pháirtí is freagróir, ina luafaidh sé cúiseanna na moille agus an dáta a bhfuil sé pleanáilte ag an mbord eadrána a thuarascáil eatramhach a eisiúint. I gcás ar bith, ní fhágfaidh an bord eadrána an tuarascáil eatramhach gan eisiúint níos faide ná céad is fiche (120) lá ó dháta a bhunaithe.

11.    Féadfaidh an páirtí is tionscnóir nó an páirtí is freagróir iarratas i scríbhinn a chur faoi bhráid an bhoird eadrána go ndéanfadh sé athbhreithniú ar ghnéithe sonracha den tuarascáil eatramhacha laistigh de cheithre lá dhéag (14 lá) ó dháta a heisiúna. Déanfaidh an bord eadrána aon trácht a dhéanfaidh an páirtí is tionscnóir nó an páirtí is freagróir ar an tuarascáil eatramhach a mheas agus dá éis sin féadfaidh an bord eadrána a thuarascáil a leasú agus féadfaidh sé, más iomchuí leis, iniúchadh breise a dhéanamh. I dteannta na bhfionntaí a dhéanfar i rialú deiridh an bhoird eadrána, beidh plé leordhóthanach ar na hargóintí a rinneadh tráth an athbhreithnithe eatramhaigh, agus tabharfar freagra soiléir ar cheisteanna agus ar bharúlacha an pháirtí is tionscnóir agus an pháirtí is freagróir.

12.    Eiseoidh an bord eadrána a rialú deiridh chun an pháirtí is tionscnóir agus an pháirtí is freagróir laistigh de chéad is fiche (120) lá ó dháta a bhunaithe. I gcás ina measfaidh sé nárbh fhéidir an sprioc-am sin a chomhlíonadh, tabharfaidh Uachtarán an bhoird eadrána fógra i scríbhinn don pháirtí is tionscnóir agus don pháirtí is freagróir, ina luafaidh sé cúiseanna na moille agus an dáta a bhfuil sé pleanáilte ag an mbord eadrána a rialú a eisiúint. I gcás ar bith, ní fhágfaidh an bord eadrána a rialú gan eisiúint níos faide ná céad is caoga (150) lá ó dháta a bhunaithe.

13.    Más rud é gur ghníomhaigh Páirtí chun údaruithe oibríochta nó ceaduithe teicniúla aeriompróra de chuid an Pháirtí eile a dhiúltú, a chúlghairm, a chur ar fionraí, nó coinníollacha a fhorchur maidir leo, nó teorannú a dhéanamh orthu, nó, ar fháil iarrata dó ón bpáirtí is tionscnóir nó ón bpáirtí is freagróir, go rialóidh an bord eadrána go bhfuil práinn leis an gcás, gearrfar de leath na hamlínte a luaitear i míreanna 10, 11 agus 12 den Airteagal seo.

14.    Laistigh de thréimhse deich (10) lá ó dháta eisiúna rialú an bhoird eadrána, féadfaidh an páirtí is tionscnóir agus an páirtí is freagróir iarrataí a chur isteach ag lorg soiléiriú ar rialú deiridh an bhoird eadrána, agus eiseofar aon soiléiriú a thabharfar laistigh de chúig lá dhéag (15) ó uair a gheofar na hiarrataí sin.

15.    Má chinneann an bord eadrána gur sáraíodh an Comhaontú seo agus mura gcomhlíona an Páirtí freagrach rialú deiridh an bhoird eadrána, nó mura dtaga sé ar chomhaontú leis an bPáirtí eile maidir le réiteach atá chun sástacht an dá Pháirtí laistigh de sheasca (60) lá ó eisiúint rialú deiridh an bhoird eadrána, féadfaidh an Páirtí eile feidhmiú na dtairbhí inchomparáide a leanann as an gComhaontú seo a chur ar fionraí go dtí go gcomhlíonfaidh an Páirtí is freagrach rialú an bhoird eadrána nó go dtí go dtiocfaidh an páirtí is tionscnóir agus an páirtí is freagróir ar chomhaontú maidir le réiteach atá chun sástacht a chéile.

16.    Seasfaidh gach Páirtí costais an eadránaí a cheapfaidh sé féin. Maidir le costais eile an bhoird, seasfaidh na Páirtithe iad sin go cothrom eatarthu.

AIRTEAGAL 24

An gaol le comhaontuithe eile

1.    Leis an an gComhaontú seo, cuirfear ar fionraí comhaontuithe agus socruithe atá tugtha i gcrích roimhe idir na Páirtithe maidir leis an ábhar céanna faoi réir mhíreanna 2 agus 7 den Airteagal seo ach amháin má fhoirceanntar an Comhaontú seo.

2.    Forálacha de chomhaontú nó de shocrú aersheirbhíse atá déanta roimhe idir Ballstát den Aontas Eorpach agus Catar a bhaineann leis na saincheisteanna a chumhdaítear le hAirteagail 2, 3, 8 agus 11 den Chomhaontú seo, leanfaidh siad de bheith infheidhme mar ábhar de chuid an Chomhaontaithe seo i gcás ina mbeidh siad níos fabhraí agus/nó níos solúbtha do na haeriompróirí i gceist. Maidir leis na cearta agus na tairbhí uile atá ag aeriompróirí an Bhallstáit den Aontas Eorpach i gceist i gcomhréir leis na forálacha sin, titfidh siad chuig iompróirí uile an Aontais Eorpaigh.

3.    Chun críocha na míre roimhe seo, agus maidir le haon díospóid idir na Páirtithe i dtaobh cé acu is fabhraí agus/nó is solúbtha, nó nach ea, na forálacha nó an chóireáil faoi chomhaontuithe nó socruithe is luaithe, déanfar aon díospóid den chineál sin a réiteach faoi chuimsiú an tsásra réitithe díospóidí dá bhforáiltear in Airteagal 23 den Chomhaontú seo.

4.    Aon cheart tráchta breise ab fhéidir a bhronnfadh Catar ar Bhallstát den Aontas Eorpach, nó vice versa, tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo, beidh sé faoi réir an Chomhaontaithe seo agus ní dhéanfar leis aon idirdhealú maidir le haeriompróirí de chuid an Aontais Eorpaigh. Tabharfar fógra faoi na socruithe sin don Chomhchoiste gan aon mhoill.

5.    Tarraingeoidh an Comhchoiste suas agus coinneoidh sé cothrom le dáta liosta faisnéiseach de na forálacha agus na socruithe maidir le cearta tráchta dá dtagraítear i míreanna 2 agus 4 den Airteagal seo.

6.    Má éiríonn na Páirtithe ina bpáirtithe de chomhaontú iltaobhach nó má fhormhuiníonn siad cinneadh arna ghlacadh ag ICAO i réimse an aeriompair a thugann aghaidh ar ábhair a chumhdaítear leis an gComhaontú seo, rachaidh siad i gcomhairliúchán sa Chomhchoiste de bhun Airteagal 22 den Chomhaontú seo chun a chinneadh ar cheart an Comhaontú seo a athbhreithniú chun na cora nua sin a chur san áireamh.

7.    Ní dhéanfaidh aon ní dá bhfuil sa Chomhaontú seo aon difear do bhailíocht agus infheidhmeacht na gcomhaontuithe atá ann cheana nó a dhéanfar amach anseo idir Ballstáit an Aontais Eorpaigh agus Catar a mhéid a bhaineann le críocha atá faoina bhflaitheas féin nach gcuimsítear sa sainmhíniú ar “críoch” in Airteagal 1 den Chomhaontú seo.

AIRTEAGAL 25

Leasuithe

Féadfaidh na páirtithe aon leasú ar an gComhaontú seo a chomhaontú tar éis comhairliúcháin a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 22 den Chomhaontú seo. Tiocfaidh na leasuithe i bhfeidhm i gcomhréir leis na téarmaí a leagtar amach in Airteagal 29 den Chomhaontú seo.

AIRTEAGAL 26

Aontachas Ballstát nua den Aontas Eorpach

1.    Beidh an Comhaontú seo ar oscailt d’aontachas Stát a éireoidh ina mBallstáit den Aontas Eorpach tar éis dháta sínithe an Chomhaontuithe.

2.    I gcás den chineál sin, déanfar aontachas an Bhallstáit sin den Aontas Eorpach leis an gComhaontú trí ionstraim aontachais a thaisceadh le hArdrúnaí Chomhairle an Aontais Eorpaigh, agus tabharfaidh an tArdrúnaí fógra do Chatar faoi thaisceadh na hionstraime aontachais agus faoi dháta a thaiscthe. Tiocfaidh aontachas an Bhallstáit sin den Aontas Eorpach i bhfeidhm an 30ú lá tar éis an dáta a thaiscfear an ionstraim aontachais.

3.    Beidh feidhm mutatis mutandis ag míreanna 1, 2, 3 agus 7 d’Airteagal 24 den Chomhaontú seo maidir leis na comhaontuithe agus na socruithe a bheidh i bhfeidhm cheana an tráth a rachaidh Ballstát den Aontas Eorpach in aontachas leis an gComhaontú.

AIRTEAGAL 27

Foirceannadh

Féadfaidh ceachtar den dá Pháirtí, tráth ar bith, fógra a thabhairt i scríbhinn, trí bhealaí taidhleoireachta, don Pháirtí eile gur chinn sé an Comhaontú seo a fhoirceannadh. Fógra a thabharfar amhlaidh, cuirfear é go comhuaineach chuig an Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta agus chuig Rúnaíocht na Náisiún Aontaithe. Tiocfaidh an Comhaontú seo chun deiridh ag meán oíche, meán-am Greenwich, ag deireadh an tséasúir tráchta, is é sin séasúr tráchta Chomhlachas Aeriompair Idirnáisiúnta (IATA), a bheidh i bhfeidhm i gceann bliain amháin (1 bhliain) tar éis dháta an fhógra foirceanta, ach amháin má tharraingítear siar an fógra roimh dheireadh na tréimhse sin de chomhaontú na bPáirtithe.

AIRTEAGAL 28

Clárú an Chomhaontaithe

Déanfar an Comhaontú seo mar aon le haon leasuithe air a chlárú leis an Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta, i gcomhréir le hAirteagal 83 den Choinbhinsiún, agus le Rúnaíocht na Náisiún Aontaithe, i gcomhréir le hAirteagal 102 de Chairt na Náisiún Aontaithe.

AIRTEAGAL 29

Teacht i bhfeidhm, cur i bhfeidhm sealadach agus taiscí

1.    Tiocfaidh an Comhaontú seo i bhfeidhm an chéad lá den dara mí tar éis na míosa ina dtabharfaidh na Páirtithe fógra dá chéile gur chuir siad i gcrích na nósanna imeachta is infheidhme ba ghá chun na críche sin.

2.    Chun críocha mhír 1, tabharfaidh Catar fógra d’Ardrúnaí Chomhairle an Aontais Eorpaigh, agus tabharfaidh Ardrúnaí Chomhairle an Aontais Eorpaigh fógra do Chatar, trí bhealaí taidhleoireachta.

3.    D’ainneoin mhír 1 den Airteagal seo, cuirfidh na Páirtithe an Comhaontú seo i bhfeidhm go sealadach i gcomhréir lena gcuid nósanna imeachta inmheánacha agus/nó le dlí a gcríche baile féin, de réir mar is infheidhme, ó dháta sínithe an Chomhaontaithe seo.

4.    Is é Ardrúnaí Chomhairle an Aontais Eorpaigh a ghníomhóidh mar thaiscí an Chomhaontaithe seo.

Á FHIANÚ SIN tá an Comhaontú seo sínithe againne a bhfuil ár síniú thíos, agus sinn údaraithe go cuí chuige sin.

Arna dhéanamh [sa ## OR i ##] an [...] sa bhliain [...], i ndúblach, sna teangacha seo a leanas: Béarla, Bulgáiris, Cróitis, Danmhairgis, Eastóinis, Fionlainnis, Fraincis, Gaeilge, Gearmáinis, Gréigis, Iodáilis, Laitvis, Liotuáinis, Máltais, Ollainnis, Polainnis, Portaingéilis, Rómáinis, Seicis, Slóivéinis, Slóvaicis, Spáinnis, Sualainnis, Ungáiris agus Araibis, agus comhúdarás ag gach téacs. I gcás ina mbeidh aon dibhéirseacht idir leaganacha teanga, is é an Comhchoiste a chinnfidh teanga an téacs a úsáidfear.

Thar ceann Stát Chatar    Thar ceann an Aontais Eorpaigh

Thar ceann Ríocht na Beilge,

                   

Thar ceann Phoblacht na Bulgáire,

                   

Thar ceann Phoblacht na Seice,

                   

Thar ceann Ríocht na Danmhairge,

Thar ceann Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine,

Thar ceann Phoblacht na hEastóine,

           

Thar ceann na hÉireann,

       

Thar ceann na Poblachta Heilléanaí,

                   

Thar ceann Ríocht na Spáinne,

                   

Thar ceann Phoblacht na Fraince,

                   

Thar ceann Phoblacht na Cróite,

                   

Thar ceann Phoblacht na hIodáile,

                   

Thar ceann Phoblacht na Cipire,

       

Thar ceann Phoblacht na Laitvia,

               

Thar ceann Phoblacht na Liotuáine,

           

Thar ceann Ard-Diúcacht Lucsamburg,

                   

Thar ceann na hUngáire,

Thar ceann Mhálta,

                   

Thar ceann na hÍsiltíre,

                   

Thar ceann Phoblacht na hOstaire,

                   

Thar ceann Phoblacht na Polainne,

                   

Thar ceann Phoblacht na Portaingéile,

                   

Thar ceann na Rómáine,

                   

Thar ceann Phoblacht na Slóivéine,

                   

Thar ceann Phoblacht na Slóvaice,

                   

Thar ceann Phoblacht na Fionlainne,

                   

Thar ceann Ríocht na Sualainne.

                   

IARSCRÍBHINN 1

FORÁLACHA IDIRTHRÉIMHSEACHA

1.D’ainneoin Airteagal 2, mír 2, den Chomhaontú seo, is faoi réir fhorálacha idirthréimhseacha na hIarscríbhinne seo a fheidhmeofar cearta tráchta den tríú agus den cheathrú saoirse le haghaidh seirbhísí paisinéirí, seirbhísí cumaisc agus seirbhísí ‘lasta uile’, agus cearta tráchta den chúigiú saoirse le haghaidh seirbhísí ‘lasta uile’ ar bhealaí sonraithe.

2.Maidir le cearta tráchta den tríú agus den cheathrú saoirse idir pointí i gCatar agus pointí sa Bheilg, sa Ghearmáin, sa Fhrainc, san Iodáil agus san Ísiltír, déanfar iad a léirscaoileadh de réir a chéile i gcomhréir le míreanna 4-8 thíos.

3.Déanfar na cearta tráchta den chúigiú saoirse do sheirbhís ‘lasta uile’ a mhéadú de réir a chéile i gcomhréir le mír 9 thíos ionas go sroichfear an teidlíocht mhinicíochta ar aontaíodh air, is é sin seacht (7) minicíocht sheachtainiúla faoi dheireadh na hidirthréimhse.

4.Maidir leis na seirbhísí chuig na Ballstáit sin den Aontas Eorpach dá dtagraítear i mír 2, agus maidir leis na seirbhísí amach ó na Ballstáit chéanna sin, beidh aeriompróirí de chuid na bPáirtithe i dteideal, ó dháta sínithe an Chomhaontaithe seo, cearta tráchta den tríú agus den cheathrú saoirse a fheidhmiú de réir na dteidlíochtaí minicíochta seachtainiúla dá ngairtear “Bunlíne” sna táblaí i míreanna 7 agus 8, agus de réir na mbealaí a bhaineann leo.

5.Na teidlíochtaí minicíochta i ndáil le seirbhísí chuig na Ballstáit sin den Aontas Eorpach dá dtagraítear i mír 2, agus na teidlíochtaí minicíochta i ndáil leis na seirbhísí amach ó na Ballstáit chéanna sin, beidh siad faoi réir na gcéimeanna dá bhforáiltear sna táblaí i míreanna 7 agus 8 thíos. Tiocfaidh “Céim1” i bhfeidhm an chéad lá de Shéasúr Geimhridh IATA 2020/2021 agus na céimeanna dá éis sin (“Céimeanna 2-5”) ar an lá céanna de Shéasúir Geimhridh IATA 2021/2022, 2022/2023, 2023/2024 agus 2024/2025 faoi seach.

6.Ón gcéad lá de Shéasúr Geimhridh IATA 2024/2025 amach (“Céim 5”), beidh aeriompróirí gach Páirtí i dteideal na cearta tráchta den tríú agus den cheathrú saoirse a bhronntar in Airteagal 2, mír 2(c) den chomhaontú seo a fheidhmiú gan teorannú ar bhealaí, ar thoilleadh ná/nó ar mhinicíocht idir pointí i gCatar agus pointí i mBallstáit uile an Aontais Eorpaigh.

7.Maidir le paisinéirí agus maidir le seirbhísí cumaisc den tríú agus den cheathrú saoirse, beidh aeriompróirí na bPáirtithe i dteideal an líon seo a leanas de mhinicíochtaí seachtainiúla a oibriú:

a.Idir pointí i gCatar agus pointí sa Bheilg agus vice versa

Bealaí

Bunlíne

Céim 1

Céim 2

Céim 3

Céim 4

Céim 5

Chuig na pointí uile/ó na pointí uile

14

19

24

29

34

Gan srian

b.Idir pointí i gCatar agus pointí sa Fhrainc agus vice versa

Bealaí

Bunlíne

Céim 1

Céim 2

Céim 3

Céim 4

Céim 5

Chuig na pointí uile i gCatar agus i bPáras/ó na pointí uile i gCatar agus i bPáras

21

24

27

30

33

Gan srian

Chuig na pointí uile i gCatar agus in Nice/ó na pointí uile i gCatar agus in Nice

7

10

14

17

21

Gan srian

Chuig na pointí uile i gCatar agus in Lyon/ó na pointí uile i gCatar agus in Lyon

7

10

14

17

21

Gan srian

Chuig gach ceann de na pointí eile uile/ó gach ceann de na pointí eile uile

7

10

14

17

21

Gan srian

c.Idir pointí i gCatar agus pointí sa Ghearmáin agus vice versa

Bealaí

Bunlíne

Céim 1

Céim 2

Céim 3

Céim 4

Céim 5

Chuig na pointí uile i gCatar agus in Frankfurt/ó na pointí uile i gCatar agus in Frankfurt

14

18

21

24

28

Gan srian

Chuig na pointí uile i gCatar agus in München/ó na pointí uile i gCatar agus in München

14

18

21

24

28

Gan srian

Chuig gach ceann de na pointí eile uile/ó gach ceann de na pointí eile uile

7

11

14

17

21

Gan srian

d.Idir pointí i gCatar agus pointí san Iodáil agus vice versa

Bealaí

Bunlíne

Céim 1

Céim 2

Céim 3

Céim 4

Céim 5

Chuig na pointí uile/ó na pointí uile

81

84

84

89

92

Gan srian

e.Idir pointí i gCatar agus pointí san Ísiltír agus vice versa

Bealaí

Bunlíne

Céim 1

Céim 2

Céim 3

Céim 4

Céim 5

Chuig na pointí uile i gCatar agus in Amstardam/ó na pointí uile i gCatar agus in Amstardam

10

12

14

14

17

Gan srian

Chuig gach ceann de na pointí eile uile/ó gach ceann de na pointí eile uile

7

7

14

17

21

Gan srian

8.Maidir le seirbhísí ‘lasta uile’ den tríú agus den cheathrú saoirse, beidh aeriompróirí na bPáirtithe i dteideal an líon seo a leanas de mhinicíochtaí seachtainiúla a oibriú:

a.Idir pointí i gCatar agus pointí sa Bheilg agus vice versa

Bealaí

Bunlíne

Céim 1

Céim 2

Céim 3

Céim 4

Céim 5

Chuig na pointí uile/ó na pointí uile

35

39

42

45

49

Gan srian

b.Idir pointí i gCatar agus pointí sa Fhrainc agus vice versa

Bealaí

Bunlíne

Céim 1

Céim 2

Céim 3

Céim 4

Céim 5

Chuig na pointí uile/ó na pointí uile

7

10

14

17

21

Gan srian

c.Idir pointí i gCatar agus pointí sa Ghearmáin agus vice versa

Bealaí

Bunlíne

Céim 1

Céim 2

Céim 3

Céim 4

Céim 5

Chuig na pointí uile/ó na pointí uile

10

14

14

17

21

Gan srian

d.Idir pointí i gCatar agus pointí san Iodáil agus vice versa

Bealaí

Bunlíne

Céim 1

Céim 2

Céim 3

Céim 4

Céim 5

Chuig na pointí uile/ó na pointí uile

19

21

21

24

28

Gan srian

e.Idir pointí i gCatar agus pointí san Ísiltír agus vice versa

Bealaí

Bunlíne

Céim 1

Céim 2

Céim 3

Céim 4

Céim 5

Chuig na pointí uile/ó na pointí uile

10

14

14

17

21

Gan srian

9.I gcás seirbhísí ‘lasta uile’ den chúigiú saoirse, beidh aeriompróirí na bPáirtithe i dteideal, ó dháta sínithe an Chomhaontaithe seo, na cearta a shonraítear in Airteagal 2, mír 2 (c) den Chomhaontú seo a fheidhmiú maidir le trí (3) mhinicíocht sheachtainiúla (“Bunlíne”) idir gach Ballstát den Aontas Eorpach agus Catar. Beidh an teidlíocht mhinicíochta sin faoi réir na gcéimeanna dá bhforáiltear sa tábla thíos, agus sin chun teidlíocht deiridh seacht (7) minicíocht sheachtainiúla san iomlán a shroicheadh. Tiocfaidh “Céim 1” i bhfeidhm an chéad lá de Shéasúr Geimhridh IATA 2020/2021 agus na céimeanna dá éis sin (“Céimeanna 2-4”) ar an lá céanna de Shéasúir Geimhridh IATA 2021/2022, 2022/2023 agus 2023/2024 faoi seach.

Bunlíne

Céim 1

Céim 2

Céim 3

Céim 4

3

4

5

6

7

10.I gcomhréir le mír 2 d’Airteagal 24 den Chomhaontú seo, i gcás nach ionann, maidir le cearta tráchta den chúigiú saoirse a bronnadh le haghaidh seirbhísí ‘lasta uile’ sular síníodh an Comhaontú, an cumhdach geografach atá ag na cearta sin agus an cumhdach a leagtar amach in Airteagal 2, mír 2, fomhír (c) den Chomhaontú seo, is féidir leanúint de bheith ag úsáid an chumhdaigh gheografaigh sin in ionad an chumhdaigh gheografaigh dá bhforáiltear in Airteagal 2, mír 2, fomhír (c) den Chomhaontú i gcás na dteidlíochtaí minicíochta a bronnadh sula síníodh an Comhaontú seo.

IARSCRÍBHINN 2

INFHEIDHMEACHT GHEOGRAFACH NA gCEART TRÁCHTA DEN CHÚIGIÚ SAOIRSE I gCÁS SEIRBHÍSÍ ‘LASTA UILE’

ROINN 1

Cuimseofar, sa raon geografach i ndáil le cur i bhfeidhm Airteagal 2, mír 2(c)(i)(B) den Chomhaontú seo, ilchríocha Mheiriceá Thuaidh agus Mheiriceá Theas ina n‑iomláine agus na hoileáin taobh leo, Beirmiúda, roinnt d’oileáin Mhuir Chairib, Oileáin Haváí (agus na hOileáin Mheánacha agus Palmyra san áireamh). Tráth sínithe an Chomhaontaithe seo, áirítear iad seo a leanas ann sin:

Meiriceá Thuaidh

Ceanada, na Stáit Aontaithe, Meicsiceo

Oileáin Mhuir Chairib agus Beirmiúda

Angaíle, Antigua agus Barbúda, na Bahámaí, Barbadós, Beirmiúda, Oileáin Cayman, Cúba, Doiminice, an Phoblacht Dhoiminiceach, Greanáda, Háítí, Iamáice, Montserrat, St. Kitts-Nevis, Saint Lucia, San Uinseann agus na Greanáidíní, Oileán na Tríonóide agus Tobága, Oileáin na dTurcach agus Caicos, Oileáin (Bhriotanacha) na Maighdean

Meiriceá Láir

An Bheilís, Cósta Ríce, an tSalvadóir, Guatamala, Hondúras, Nicearagua agus Panama

Meiriceá Theas

An Airgintín, an Bholaiv, an Bhrasaíl, an tSile, an Cholóim, Eacuadór, an Ghuáin, Paragua, Peiriú, Suranam, Uragua, Veiniséala

ROINN 2

Cuimseofar, sa raon geografach i ndáil le cur i bhfeidhm Airteagal 2, mír 2(c)(ii)(B) den Chomhaontú seo, an méid sin uile den Áise ón Iaráin soir, agus an Iaráin féin san áireamh, na hoileáin atá taobh leis sin, an Astráil, an Nua-Shéalainn agus na hoileáin taobh léi, agus roinnt d’oileáin an Aigéin Chiúin. Tráth sínithe an Chomhaontaithe seo, áirítear iad seo a leanas ann sin:

An Áise Theas

An Afganastáin, an Bhanglaidéis, an Bhútáin, an India (lena n‑áirítear Oileáin Andaman), Oileáin Mhaildíve, Neipeal, an Phacastáin, Srí Lanca

An Áise Láir

An Chasacstáin, an Chirgeastáin, an Mhongóil, an Rúis, an Táidsíceastáin, an Tuircméanastáin, an Úisbéiceastáin

An Áise Thoir

An tSín, Sainréigiún Riaracháin Hong Cong, an tSeapáin, an Chóiré Thuaidh, an Chóiré Theas, Sainréigiún Riaracháin Macao, an Téaváin

An Áise Thoir Theas

Brúiné Darasalám, an Chambóid, an Indinéis, Laos, an Mhalaeisia, Maenmar/Burma, Nua-Ghuine Phapua, na hOileáin Fhilipíneacha, Singeapór, an Téalainn, Vítneam.

Réigiún an Aigéin Chiúin den Áise 

Samó Mheiriceá, an Astráil , Oileán na Nollag, Oileáin Cocos (Keeling), Oileáin Cook, Fidsí, Guam, Cireabaití, Oileáin Marshall, an Mhicrinéis, Nárú, an Nua-Shéalainn, Niue, Oileán Norfolk, Oileáin Mariana Thuaidh, Oileáin Palau, Samó, Oileáin Sholomón, Oileáin Tonga, Tuvalu, Oileáin Vanuatú.

Top